Uimhir 32 de 1931.
ACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ), 1931
[31adh Iúl, 1931.]
Míniú.
1.—San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Leictreachais (Soláthar), 1927 (Uimh. 27 de 1927).
An Príomh-Acht agus an tAcht so do léiriú.
2.—Is mar aon Acht amháin a léighfear agus a léireofar an Príomh-Acht agus an tAcht so agus dá réir sin abairtí agus focail a húsáidtear san Acht so agus do húsáideadh sa Phríomh-Acht freisin tá na brigheanna céanna leo san Acht so atá leo fé seach sa Phríomh-Acht.
Roimh-iocanna breise leis an mBord.
3.—(1) I dteanta na suimeanna cheanglann alt 12 den Phríomh-Acht ar an Aire Airgid do roimh-íoc leis mBord, féadfaidh an tAire sin (fé réir na teorann a forchuirtear leis an alt so), fé mar iarrfaidh agus nuair iarrfaidh an Bord air é, gach suim a dheimhneoidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála o am go ham do bheith ag teastáil go cóir réasúnta ón mBord chun aon chríche bhainfidh le feidhmiú a chuid feidhmeanna fé sna hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1930, do roimh-íoc leis an mBord amach as an bPrímh-Chiste no as a thora fáis.
(2) Ní raghaidh méid iomlán na suimeanna roimh-íocfar leis an mBord fén alt so thar suim dhá mhilleon punt.
(3) Beidh feidhm ag fo-ailt (4) agus (5) d'alt 12 den Phríomh-Acht maidir le roimh-íocanna a híocfar leis an mBord fén alt so fé is dá mba fén alt san 12 do híocfaí na roimh-íocanna san.
(4) Gach roimh-íoc a híocfar leis an mBord fén alt so tuigfear, chun crícheanna altanna 13,14, agus 16 den Phríomh-Acht mar a leasuíodh iad le haon achtachán ina dhiaidh sin, gur fén bPríomh-Acht do híocadh é agus beidh feidhm ag na haltanna san, agus iad leasuithe amhlaidh, maidir leis na roimh-íocanna san dá réir sin.
Iocaíocht le seana-bhall den Bhord.
4.—Chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith, íocfaidh an Bord suim dhá mhíle punt le Tomás Mac Lochlainn ba bhall den Bhord le déanaí.
Gearr-theideal agus luadh.
5.—(1) Féadfar an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú), 1931, do ghairm den Acht so.
(2) Féadfar na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1931, do ghairm de sna hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1930, agus den Acht so le chéile.