[EN]

Uimhir 32 de 1949.


[EN]

AN tACHT MAOINE TIONSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA (COSAINT) (LEASÚ), 1949.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT D'ATHGHAIRM FORÁL ÁIRITHE DEN ACHT MAOINE TIONSCAIL AGUS TRÁCHTÁLA (COSAINT), 1927. [21ú Nollaig, 1949.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Forála áirithe den Acht Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927, d'athghairm.

1.—Déantar leis seo na forála seo a leanas den Acht Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 (Uimh. 16 de 1927), d'athghairm—

[EN]

(a) i bhfo-alt (1) d'alt 9, ó na focail “ach san i slí” go dtí deireadh an fho-ailt, agus

[EN]

(b) an Dara Sceideal.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

2.—(1) Féadfar an tAcht Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint) (Leasú), 1949, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchta Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 go 1949, a ghairm de na hAchta Maoine Tionscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 go 1947, agus den Acht seo le chéile.