[EN]

Uimhir 33 de 1926.


[EN]

ACHT IASACHTAÍ TRÁDÁLA (URRAÍOCHT) (LEASÚ), 1926.


ACHT CHUN LEATHNÚ DO DHÉANAMH AR AN TEORA AMA A FORCHUIRTEAR TRÍD AN ACHT IASACHTAÍ TRÁDÁLA (URRAÍOCHT) (LEASÚ), 1925, LE TABHAIRT URRAÍOCHTAÍ AGUS IASACHTAÍ FÉN ACHT IASACHTAÍ TRÁDÁLA (URRAÍOCHT), 1924, AGUS CHUN ATHARÚ DO DHÉANAMH MAIDIR LE MÉID IOMLÁN NA SUIMEANNA CAIPITIÚLA GUR FÉIDIR URRAÍOCHTAÍ DO THABHAIRT INA dTAOBH FÉN ACHT DEIRIDH SIN A LUAIDHTEAR AGUS LE MÉID IOMLÁN SUIMEANNA CAIPITIÚLA NA nIASACHTAÍ IS FÉIDIR A THABHAIRT AMACH FÉN ACHT SAN.

[17adh Iúl, 1926.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

An Príomh-Acht.

1.—San Acht so cialluíonn an focal “an Príomh-Acht” an tAcht Iasachtaí Trádála (Urraíocht), 1924 (Uimh. 41 de 1924).

[EN]

Leathnú ama d'urraíochtaí fén bPríomh-Acht.

2.—(1) Athghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 2 den Acht Iasachtaí Trádála (Urraíocht) (Leasú), 1925 (Uimh. 19 de 1925) agus ina ionad san achtuítear leis seo ná tabharfar aon urraíocht fé alt 1 den Phríomh-Acht tar éis an 31adh lá d'Iúl, 1927.

[EN]

(2) Athghairmtear leis seo fo-alt (2) d'alt 2 den Acht Iasachtaí Trádála (Urraíocht) (Leasú), 1925, adubhradh, agus ina ionad san achtuítear leis seo ná deonfar aon iasacht agus ná tabharfar aon urraíocht fé alt 2 den Phríomh-Acht tar éis an 31adh lá d'Iúl, 1927.

[EN]

Leasuithe ar an bPríomh-Acht maidir leis na suimeanna iomlána i gcás urraíochtaí agus iasachtaí.

3.—Léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá ndintí—

[EN]

(a) fo-alt (2) d'alt 1 de do leasú mar leanas, sé sin le rá, trid na focail “seacht gcéad agus caoga” do scriosa amach agus na focail “naoi gcéad” do chur isteach in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh, agus

[EN]

(b) fo-alt (2) d'alt 2 dhe do leasú mar leanas, sé sin le rá, tríd na focail “dhá chéad agus caoga” do scriosa amach agus an focal “céad” do chur isteach in ionad na bhfocal a scriostar amach amhlaidh.

[EN]

Gearr-theideal agus luadh.

4.—(1) Féadfar an tAcht Iasachtaí Trádála (Urraíocht) (Leasú), 1926, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Iasachtaí Trádála (Urraíocht), 1924 go 1926, do ghairm den Phríomh-Acht, den Acht Iasachtaí Trádála (Urraíocht) (Leasú), 1925, agus den Acht so le chéile.