Uimhir 33 de 1932.
ACHT CHUN PRAGHSANNA DO RIALÚ, 1932.
CUID I.
Roimhraiteach agus Generalta.
Gearr-theideal.
1.—Féadfar an tAcht chun Praghsanna do Rialú, 1932, do ghairm den Acht so.
Mínithe.
2.—San Acht so—
cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;
cialluíonn an abairt “earra fé chosaint” carra do bheadh, dá n-iomportáltaí isteach i Saorstát Éireann í, ionchurtha fé dhiúité chustum ar í d'iomportáil no carra go ndeintear do réir dlí toirmeasc no srian do chur le hí d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann;
nuair a húsáidtear an focal “áireamhacht” maidir le haon carra cialluíonn sé an mion-eolas san i dtaobh na hearra san is gá d'fhonn an earra san d'aithint chun a luach d'fháil amach;
cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so;
cialluíonn an focal “cigire” duine go n-údarás i scríbhinn ón Aire chun na gcomhacht d'fheidhmiú a bronntar ar chigire leis an Acht so.
Earraí sceidealta.
3.—(1) Is earra sceidealta chun crícheanna an Achta so gach earra acu so leanas, sé sin le rá:—
(a) na hearraí uile agus fé seach a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so;
(b) aon earra eile dearbhuítear, le hordú ar n-a dhéanamh ag an Ard-Chomhairle fén alt so, do bheith ina hearra sceidealta chun crícheanna an Achta so.
(2) Féadfaidh an Ard-Chomhairle, le hordú fén alt so, a dhearbhú aon earra a húsáidtear go coitianta do bheith ina hearra sceidealta chun crícheanna an Achta so.
(3) Gach ordú déanfar fén alt so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta agus má dheineann ceachtar Tigh acu san, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an orduithe sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an orduithe sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú san curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú san.
Abairtí áirithe do léiriú.
4.—(1) Déanfar tagairtí san Acht so don phraghas mhór-dhíola atá á éileamh no le héileamh ar earra sceidealta do léiriú mar thagairtí don phraghas ar a bhfuil an earra san á díol no le díol ina mór-choda le duine bhíonn ag díol na hearra san ina mionchoda.
(2) San Acht so cialluíonn an abairt “earra sceidealta do dhíol no do thairiscint chun a díolta ina mór-choda” an earra san do dhíol ina mór-choda le duine no do thairiscint chun a díolta ina mór-choda le duine bhíonn ag díol na hearra san ina mionchoda, agus is dá réir sin a léireofar abairtí atá gaolmhar di.
Cúisimh ag an Aire.
5.—Lasmuich de chás dá bhforáltar a mhalairt go soiléir leis an Acht so, féadfaidh an tAire no féadfar ar agra an Aire mar chúisitheoir aon chionta fé aon alt den Acht so do chúiseamh.
Rialacháin ghenerálta.
6.—Féadfaidh an tAire, le hordú, rialacháin do dhéanamh maidir le héinní no le haon rud dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú.
Orduithe agus rialacháin do leagadh fé bhráid Tithe an Oireachtais.
7.—Gach ordú agus rialachán a dhéanfaidh an tAire fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin ina dhiaidh sin, rún do rith ag cur an orduithe no an rialacháin sin ar nea-mbrí beidh an t-ordú no an rialachán san (pe'ca aca é) curtha ar nea-mbrí dá réir sin ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén ordú no fén rialachán san.
Costaisí.
8.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas a bhainfidh leis an Acht so do chur i bhfeidhm.
CUID II.
Coimisiun Praghsanna agus Rialuitheoir Praghsanna.
Coimisiún Praghsanna do bhunú.
9.—(1) Chó luath tar éis an Achta so do rith agus a bheidh caoi ann chuige sin, bunófar Coimisiún (dá ngairmtear an Coimisiún san Acht so) ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an Coimisiún Praghsanna, chun na bhfeidhmeanna ceaptar don Choimisiún leis an Acht so do chólíonadh.
(2) Fé réir forálacha an Achta so, beidh ar an gCoimisiún cúigear ball (dá ngairmtear gnáth-bhaill san Acht so) agus beidh ar an gcúigear san beirt bhan ar a laighead agus ní mór ball den chúigear san, fear no bean, do bheith ina dhuine ionaduíonn leasanna talmhaíochta.
(3) An gnáth-bhall nách mór do bheith ina dhuine ionaduíonn leasanna talmhaíochta isé an tAire, tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta, ainmneoidh é agus isé an tAire ainmneoidh na gnáth-bhaill eile.
(4) Beidh gach gnáth-bhall, maran éag, eirghe as no teacht fé dhí-cháilíocht roimhe sin do, i seilbh oifige ar feadh pé tréimhse, nách sia ná cúig bliana, a shocróidh an tAire le linn é d'ainmniú ach beidh sé ion-ath-ainmnithe.
(5) Má thárlann agus pé uair a thárlóidh do ghnáth-bhall a thabhairt mar bhreith air é do bheith gnó-bhriste, no go ndéanfa sé socrú no réiteach le n-a fhiach-éilitheoirí, no go ndaorfaidh cúirt údaráis inniúla chun príosúntachta no chun pian-tseirbhíse é, no go scuirfe sé de bheith ina ghnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann, no go mbeidh sé as láthair o gach suidhe den Choimisiún ar feadh tréimhse thrí mhí gan cead ón Aire, beidh sé dí-cháilithe chun bheith i seilbh oifige gnáth-bhaill.
(6) Pé uair a chífear don Aire ná beidh ar chumas gnáthbhaill den Choimisiún a dhualgaisí mar bhall den tsórt san do chólíonadh go ceann tamaill de dheascaibh breoiteachta no mar gheall ar leor-réasún eile, féadfaidh an tAire duine do cheapadh chun gníomhú mar ghnáth-bhall ar feadh pé tréimhse (nách sia ná faid an mhí-chumais sin) is oiriúnach leis agus gach duine ceapfar amhlaidh chun gníomhú mar ghnáth-bhall den Choimisiún beidh sé, ar feadh na tréimhse dá mbeidh sé ceaptha amhlaidh, ina ghnáth-bhall den Choimisiún in ionad an ghnáth-bhaill sin a céad-luaidhtear.
Baill bhreise den Choimisiún.
10.—(1) Féadfaidh an tAire o am go ham, chun crícheanna aon fhiosrúcháin ar leith a bheidh le déanamh ag an gCoimisiún, pé daoine agus pé méid daoine (nách gnáth-bhaill) is oiriúnach leis do cheapadh chun gníomhú mar bhaill bhreise den Choimisiún.
(2) Gach ball breisc ceapfar amhlaidh beidh sé ina bhall den Choimisiún chun crícheanna an fhiosrúcháin dá gceapfar é.
Cathaoirleach an Choimisiúin.
11.—(1) Ceapfaidh an tAire duine de sna gnáth-bhaill chun bheith mar Chathaoirleach ar an gCoimisiún agus beidh an gnáthbhall a ceapfar amhlaidh i seilbh oifige mar Chathaoirleach den tsórt san faid is toil leis an Aire é.
(2) Má bhíonn Cathaoirleach an Choimisiúin as láthair o aon tsuidhe den Choimisiún, ceapfaidh na baill den Choimisiún a bheidh i láthair ag an suidhe sin duine de sna baill sin chun gníomhú mar Chathaoirleach den tsórt san ag an suidhe sin.
Luach saothair an Choimisiúin.
12.—Féadfar, má orduíonn an tAire Airgid amhlaidh, pé luach saothair agus liúntaisí ar a gcinnfidh an tAire sin d'íoc le haon bhall den Choimisiún.
Srian le duine ag á bhfuil leas gníomhú mar bhall.
13.—Pé uair a bheidh fiosrúchán á dhéanamh fén Acht so ag an gCoimisiún i dtaobh praghais earra áirithe, agus a bheidh leas phearsanta ag aon bhall den Choimisiún in aon ghnó ina mbíonn an earra san á díol, cuirfidh an ball san in úil don Aire cad is saghas agus cad is méid dá leas agus, mara n-údaruighidh an tAire dho san do dhéanamh, ní gníomhóidh sé mar bhall den Choimisiún chun crícheanna an fhiosrúcháin sin.
Dleathacht imeachta an Choimisiúin.
14.—Ní bheidh imeachta an Choimisiúin nea-dhleathach de dheascaibh aon fholúntais do bheith imeasc na mball ná de dheascaibh aon lochta do bheith ag baint le ceapadh aon bhaill.
Rialuitheoir Praghsanna.
15.—(1) Chó luath tar éis an Achta so do rith agus a bheidh caoi ann chuige sin, ceapfaidh an tAire duine (dá ngairmtear an Rialuitheoir san Acht so) ar a dtabharfar mar ainm agus mar theideal an Rialuitheoir Praghsanna.
(2) Gníomhóidh an Rialuitheoir mar rúnaí don Choimisiún agus feidhmeoidh na feidhmeanna eile ceaptar do leis an Acht so.
(3) Beidh an Rialuitheoir i seilbh oifige ar pé téarmaí agus bhéarfar luach saothair do do réir pé rátaí agus ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.
Fuireann an Choimisiúin.
16.—Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgid, pé daoine agus pé méid daoine is gá dar leis do cheapadh chun bheith ina n-oifigigh don Choimisiún, agus beidh na daoine sin i seilbh oifige ar pé téarmaí agus bhéarfar luach saothair dóibh do réir pé rátaí agus ar pé slí ordóidh an tAire Airgid.
Rialacháin i gcóir imeachta an Choimisiúin.
17.—(1) Déanfaidh an Coimisiún rialacháin chun a n-imeachta do rialú agus féadfaid, leis na rialacháin sin, socrú do dhéanamh i gcóir gach ní no éinní acu so leanas, sé sin le rá:—
(a) an quorum ag aon suidhe den Choimisiún;
(b) amanta agus áiteanna suidheanna an Choimisiúin;
(c) na daoine dá dtabharfar fógra i dtaobh suidheanna an Choimisiúin;
(d) an fhuirm agus an tslí ina gcuirfear nithe fé bhráid an Choimisiúin agus ina dtabharfar fianaise dhóibh agus. go sonnrách, ce'ca viva voce no i scríbhinn a cuirfear na nithe sin fé n-a mbráid agus a tabharfar an fhianaise sin dóibh;
(e) daoine chuir nithe fé bhráid an Choimisiúin, no thug fianaise don Choimisiún, i scríbhinn do theacht i láthair chun a gceistnithe no a gcros-cheistnithe viva voce;
(f) éinne do leigint isteach chun suidheanna an Choimisiúin no do dhúnadh amach uatha;
(g) pé nithe chífear don Choimisiún do bheith riachtanach no oiriúnach chun a ngnótha do dhéanamh sa cheart.
(2) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ar bith ag rialacháin a déanfar fén alt so mara n-aontuighidh ná go dtí go n-aontóidh an tAire leo.
Comhachta an Choimisiúin.
18.—(1) Chun a chur fhiachaint ar fhínnithe teacht i láthair agus chun a gceistnithe fé mhionn (agus údaruítear leis seo d'aon bhall den Choimisiún fínnithe do chur fén mionn san) no ar aon tslí eile agus chun a chur fhiachaint ar dhaoine scríbhinní do thabhairt i láthair beidh ag an gCoimisiún gach comhacht, ceart, agus príbhléid atá dílsithe san Ard-Chúirt no i mBreitheamh den Ard-Chúirt maidir le triail aicsin, agus beidh gairm ar n-a sighniú ag duine no níos mó de bhaill an Choimisiúin ar aon dul agus ar aon éifeacht le próiseas fuirmeálta a thabharfadh an Ard-Chúirt amach chun a chur fhiachaint ar fhínnithe teacht i láthair agus chun a chur fhiachaint ar dhaoine scríbhinní do thabhairt i láthair.
(2) Má thárlann d'éinne—
(a) faillí do thabhairt i dteacht i láthair an Choimisiúin agus é gairmthe go cuibhe chun teacht ina láthair mar fhínné, no
(b) ar bheith i láthair do mar fhínné, diúltú do mhionn do thabhairt a cheanglóidh an Coimisiún air do réir dlí a thabhairt no d'aon scríbhinn fé n-a chomhacht agus fé n-a chúram do thabhairt i láthair a cheanglóidh an Coimisiún air do réir dlí a thabhairt i láthair no d'aon cheist d'fhreagairt 'na bhféadfaidh an Coimisiún a cheangal air do réir dlí í d'fhreagairt, no
(c) éinní eile do dhéanamh ba dhísbeagadh cúirte dá mba Chúirt Bhreithiúnais an Coimisiún agus comhacht aige chun daoine do chur i bpríosún mar gheall ar dhísbeagadh cúirte,
féadfaidh an Coimisiún cionta an duine sin do dheimhniú fé n-a lámhaibh don Ard-Chúirt agus féadfaidh an Chúirt sin, tar éis pé fiosrú is oiriúnach léi do dhéanamh, an duine sin do phionósú no pé ní do dhéanamh is gá chun é do phionósú díreach fé is dá mbeadh sé ciontach sa chúirt sin do dhísbeagadh.
(3) Beidh teideal ag fínné i láthair an Choimisiúin chun na saoirsí agus na bpríbhléidí céanna chun a mbeadh teideal aige dá mb'fhínné i láthair na hArd-Chúirte é.
Fógra i dtaobh fiosrúchán a dhéanfaidh an Coimisiún agus nithe chuirfidh daoine ag á bhfuil leas fé bhráid an Choimisiúin.
19.—(1) Pé uair is gá don Choimisiún do réir an Achta so fiosrúchán do dhéanamh cuirfidh an Coimisiún fé ndeár go bhfoillseofar san Iris Oifigiúil agus i pé slí eile is dóich leis an gCoimisiún do bheith oiriúnach fógra á rá go bhfuiltear chun an fhiosrúcháin sin do dhéanamh.
(2) Ar fhógra d'fhoillsiú fén fho-alt san roimhe seo féadfaidh éinne, ar a shon féin no mar ionadaí, ní do chur fé bhráid an Choimisiúin maidir le habhar an fhiosrúcháin le n-a mbaineann an fógra san.
Suidheanna príobháideacha den Choimisiún.
20.—Féadfaidh an Coimisiún, más rogha leo féin é, aon tsuidhe no cuid de shuidhe do bheith acu go príobháideach agus déanfar an tagairt sa chéad alt ina dhiaidh seo do shuidhe phríobháideach den Choimisiún do léiriú mar thagairt do shuidhe no do chuid de shuidhe den Choimisiún a bheidh acu go príobháideach.
Toirmeasc ar eolas do nochtadh.
21.—(1) Fé réir forálacha an ailt seo ní bheidh sé dleathach d'éinne is ball den Choimisiún no is oifigeach don Choimisiún aon eolas ná beidh ar fáil aige ach amháin de bhuadh na gcomhacht chun eolais d'fháil a bronntar ar an gCoimisiún no ar chigire leis an Acht so do nochtadh d'éinne scachas ball den Choimisiún no oifigeach don Choimisiún o n-a dteastóidh an t-eolas san chun crícheanna a dhualgas.
(2) Ní bheidh sé dleathach d'éinne (seachas ball den Choimisiún no oifigeach don Choimisiún) a bheidh i láthair ag suidhe príobháideach den Choimisiún aon eolas a gheobha sé tré bheith i láthair ag an suidhe sin agus is colas ná fuil ar fáil ach amháin de bhuadh na gcomhacht chun eolais d'fháil a bronntar ar an gCoimisiún no ar chigire fén Acht so do nochtadh do dhuine ar bith.
(3) Má dheineann duine ar bith éinní is sárú ar an alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air no príosúntacht ar feadh tréimhse sé mhí no más rogha leis an gCúirt é an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.
(4) Ní bhainfidh éinní i bhfo-alt (1) den alt so le haon colas do nochtadh—
(a) don Aire i dtuarasgabháil (nách tuarasgabháil bhliantúil) no i gconbharsáid eile ón gCoimisiún, no
(b) chun crícheanna imeachta dlí bheidh bunuithe no beifear ar aigne do bhunú fén Acht so.
Tuarasgabhála bliantúla ón gCoimisiún.
22.—Déanfaidh an Coimisiún, chó luath agus is féidir é tar éis deireadh gach bliana, tuarasgabháil ghenerálta ar imeachta an Choimisiúin fén Acht so do thabhairt don Aire, agus cuirfidh an tAire fé ndeár gach tuarasgabháil ghenerálta den tsórt san a gheobha sé do leagadh láithreach fé bhráid gach Tighe den Oireachtas.
An Coimisiún do cheapadh chun fiosrú do dhéanamh fé alt 17 d'Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932.
23.—Féadfaidh an tAire an Coimisiún do cheapadh chun fiosruithe phuiblí do dhéanamh chun crícheanna ailt 17 d'Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha). 1932 (Uimh. 19 de 1932), agus pé uair a cheapfaidh an tAire an Coimisiún amhlaidh chun aon fhiosruithe den tsórt san do dhéanamh beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) déanfaidh an Coimisiún an fiosrú san:
(b) ní bheidh feidhm, maidir leis an bhfiosrú san, ag na forálacha den Chuid seo den Acht so bhaineann leis na nithe seo leanas, sé sin le rá, rialacháin i gcóir imeachta an Choimisiúin, comhachta an Choimisiúin, fógraí i dtaobh fiosrúchán a dhéanfaidh an Coimisiún agus nithe chuirfidh daoine ag á bhfuil leas fé bhráid an Choimisiúin, suidheanna príobháideacha den Choimisiún, toirmeasc ar eolas do nochtadh agus tuarasgabhála bliantúla ón gCoimisiún.
CUID III.
Praghsanna Mion-Diola agus Mor-Dhiola.
Fiosrúcháin i dtaobh praghas mion-díola agus mór-dhíola earraí sceidealta.
24.—(1) Má chuireann an tAire iarratas chun an Choimisiúin chun a fhiosrú an bhfuil praghsanna mion-díola no praghsanna mór-dhíola (do réir mar a bheidh luaidhte san iarratas san) atá ró-árd á n-éileamh ar fuaid Shaorstáit Éireann no in aon chuid áirithe dhe ar aon carra sceidealta atá do réir na háireamhachta leagtar amach san iarratas san, déanfaidh an Coimisiún fiosrúchán (dá ngairmtear fiosrúchán praghais sa Chuid seo den Acht so), chó luath agus is féidir é, i dtaobh na bpraghas mion-díola agus mór-dhíola a héilítear ar an earra san sa líomatáiste luaidhtear san iarratas san i gcás an iarratais sin do bhaint le praghsanna mion-díola no i dtaobh na bpraghas mór-dhíola a héilítear ar an carra san sa líomatáiste sin i gcás an iarratais sin do bhaint le praghsanna mór-dhíola.
(2) Sara ndeinidh an tAire, fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, iarratas do chur chun an Choimisiúin á iarraidh ortha fiosrúchán do dhéanamh i dtaobh praghais ime (pe'ca praghas mion-díola no praghas mór-dhíola é) raghaidh i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta ar dtúis.
(3) Má chuireann éinne (seachas an tAire) scéala uaidh sa bhfuirm orduithe, agus an t-eolas orduithe ann, á rá go bhfuil praghsanna mion-díola no praghsanna mór-dhíola (do réir mar a bheidh luaidhte sa scéala san) atá ró-árd á n-éileamh ar fuaid Shaorstáit Éireann no in aon chuid áirithe dhe ar aon earra sceidealta atá do réir na háireamhachta leagtar amach sa scéala san, déanfaidh an Coimisiún, má sé a dtuairim gur cheart ar mhaithe leis an bpuiblíocht fiosrúchán do dhéanamh agus sa chás san amháin, déanfaid, fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, fiosrúchán (dá ngairmtear fiosrúchán praghais freisin sa Chuid seo den Acht so), chó luath agus is féidir é, i dtaobh na bpraghas mion-díola agus mór-dhíola a héilítear ar an earra san sa líomatáiste luaidhtear sa scéala san i gcás an scéala san do bhaint le praghsanna mion-díola no i dtaobh na bpraghas mórdhíola a héilítear ar an earra san sa líomatáiste sin i gcás an scéala san do bhaint le praghsanna mór-dhíola.
(4) Más le praghas ime (pe'ca praghas mion-díola no praghas mór-dhíola é) a bhainfidh scéala fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo cuirfidh an Coimisiún an scéala san fé bhráid an Aire Talmhaíochta agus ní dhéanfaid aon fhiosrúchán i dtaobh abhair an scéala san ach amháin le toiliú an Aire sin.
Imeachta de dhruim fiosrúcháin phraghais.
25.—(1) Má sé tuairim an Choimisiúin, tar éis dóibh fiosrúchán praghais do chríochnú, ná fuil na praghsanna dob abhar don fhiosrúchán san ró-árd bhéarfaidh an Coimisiún tuarasgabháil dá réir sin don Aire.
(2) Má sé tuairim an Choimisiúin, tar éis dóibh fiosrúchán praghais i dtaobh na bpraghas mion-díola agus mór-dhíola a héilítear ar earra do chríochnú, go bhfuil praghsanna miondíola atá ró-árd á n-éileamh ar an earra san ach ná fuil na praghsanna mór-dhíola atá á n-éileamh ar an earra san ró-árd, bhéarfaidh an Coimisiún fógra puiblí, ach ní luadhfar ann ainmneacha na ndaoine atá ag éileamh na bpraghas mion-díola san atá ró-árd, sa tslí is oiriúnaighe dar leo chun na tuairme sin do chur in úil do sna daoine sin agus luadhfar sa bhfógra san an praghas chun ar cheart na praghsanna san do laigheadú, dar leis an gCoimisiún, agus cuirfear mar cheangal leis an bhfógra san an laigheadú san do dhéanamh laistigh d'am a luadhfar ann.
(3) Má sé tuairim an Choimisiúin, tar éis dóibh fiosrúchán praghais i dtaobh na bpraghas mion-díola agus mór-dhíola a héilítear ar earra do chríochnú, go bhfuil an dá phraghas san ró-árd bhéarfaidh an Coimisiún fógra puiblí, ach ní luadhfar ann ainmneacha na ndaoine atá ag éileamh na bpraghas san, sa tslí is oiriúnaighe dar leo chun na tuairme sin do chur in úil do sna daoine sin agus luadhfar sa bhfógra san na praghsanna chun ar cheart na praghsanna san do laigheadú fé seach, dar leis an gCoimisiún, agus cuirfear mar cheangal leis an bhfógra san na laigheaduithe sin do dhéanamh laistigh d'am a luadhfar ann.
(4) Má sé tuairim an Choimisiúin, tar éis dóibh fiosrúchán praghais i dtaobh na bpraghas mion-díola agus mór-dhíola a héilítear ar earra do chríochnú, go bhfuil praghsanna mór-dhíola atá ró-árd á n-éileamh ar an earra san ach ná fuil na praghsanna mion-díola atá á n-éileamh ar an earra san ró-árd, no má sé tuairim an Choimisiúin, tar éis dóibh fiosrúchán praghais i dtaobh na bpraghas mór-dhíola a héilítear ar earra do chríochnú, go bhfuil praghsanna mór-dhíola atá ró-árd á n-éileamh ar an earra san, bhéarfaidh an Coimisiún fógra puiblí, ach ní luadhfar ann ainmneacha na ndaoine atá ag éileamh na bpraghas mórdhíola san atá ró-árd, sa tslí is oiriúnaighe dar leo chun na tuairme sin do chur in úil do sna daoine sin agus luadhfar sa bhfógra san an praghas chun ar cheart na praghasnna san do laigheadú, dar leis an gCoimisiún, agus cuirfear mar cheangal leis an bhfógra san an laigheadú san do dhéanamh laistigh d'am a luadhfar ann.
(5) Más rud é, de bharr fógra fén alt so, go ndéanfar, laistigh den am a luaidhtear sa bhfógra san, an laigheadú no na laigheaduithe fé seach a cuirtear mar cheangal leis an bhfógra san, bhéarfaidh an Coimisiún tuarasgabháil dá réir sin don Aire.
(6) Más rud é, d'ainneoin fógra fén alt so, ná déanfar, laistigh den am a luaidhtear sa bhfógra san, aon laigheadú a cuirtear mar cheangal leis an bhfógra san, bhéarfaidh an Coimisiún tuarasgabháil don Aire ina luadhfar—
(i) na fáthanna atá le n-a dtuairim i dtaobh na bpraghas no na bpraghas fé seach, is gá do réir an fhógra san do laigheadú, do bheith ró-árd,
(ii) an é a dtuairim go bhfuil aon bhaint leis na praghsanna san ag aon chó-aontú no cur-le-chéile chun cur isteach ar iomaíocht thrádála,
(iii) a dtuairim maidir leis an bpraghas no leis na praghsanna fé seach chun ar cheart na praghsanna san do laigheadú agus fáthanna na tuairime sin,
(iv) a dtuairim maidir leis na slite is fearr chun an laigheaduithe no na laigheadú fé seach, is gá do réir an fhógra san, do chur i bhfeidhm,
(v) má sé tuairim an Choimisiúin gur cheart don Aire ordú no orduithe do dhéanamh fén gcéad alt ina dhiaidh seo, an líomatáiste no na líomatáistí fé seach le n-ar cheart baint do bheith ag an ordú no ag na horduithe sin.
(7) Gach tuarasgabháil a bhéarfaidh an Coimisiún uatha fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo leagfaidh an tAire fé bhráid gach Tighe den Oireachtas í marab é tuairim an Aire ná raghadh sé chun leasa na puiblíochta san do dhéanamh.
Orduithe praghais.
26.—(1) Má mholann an Coimisiún, maidir le haon earra sceidealta, gur cheart don Aire ordú do dhéanamh fén bhfo-alt so ag socrú praghais mhaximum mhion-díola don earra san, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é agus fé réir forálacha an ailt seo, ordú (dá ngairmtear ordú praghais (mion-díol) san Acht so) do dhéanamh ag socrú pé praghais is oiriúnach leis mar praghas mhaximum mhion-díola don earra san.
(2) Má mholann an Coimisiún, maidir le haon earra sceidealta, gur cheart don Aire ordú do dhéanamh fén bhfo-alt so ag socrú praghais mhaximum mhór-dhíola don earra san, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é agus fé réir forálacha an ailt seo, ordú (dá ngairmtear ordú praghais (mór-dhíol) san Acht so) do dhéanamh ag socrú pé praghais is oiriúnach leis mar phraghas mhaximum mhór-dhíola don earra san.
(3) San Acht so déanfar an abairt “ordú praghais” do léiriú mar abairt is có-ionann leis an abairt “ordú praghais (miondíol) no ordú praghais (mór-dhíol).”
(4) Déanfar gach ordú praghais d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil.
(5) Luadhfar i ngach ordú praghais na nithe seo leanas, sé sin le rá:—
(a) an dáta (ná beidh níos luaithe ná dáta foillsithe an orduithe sin san Iris Oifigiúil) ar a mbeidh an t-ordú san le teacht i bhfeidhm;
(b) ré an orduithe sin;
(c) an líomatáiste le n-a mbainfidh an t-ordú san.
(6) Sara ndeinidh an tAire ordú praghais i dtaobh ime raghaidh i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta ar dtúis.
Dleathacht ordú praghais.
27.—Má deintear ordú praghais beidh a dhéanamh ina fhianaise prima facie ar an ordú san do bheith déanta go dleathach ar gach slí.
Orduithe praghais do cheiliúradh agus do leasú.
28.—(1) Féadfaidh an tAire, le hordú fén alt so, ordú praghais do cheiliúradh no do leasú.
(2) Déanfar gach ordú fén alt so d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil.
(3) Luadhfar i ngach ordú fén alt so an dáta (ná beidh níos luaithe ná dáta foillsithe an orduithe sin san Iris Oifigiúil) ar a mbeidh an t-ordú san le teacht i bhfeidhm.
(4) Sara ndeinidh an tAire ordú fén alt so, ag ceiliúradh no ag leasú ordú praghais i dtaobh ime, raghaidh i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta ar dtúis.
Iarratas ar orduithe praghais (miondíol) do leasú.
29.—Pé uair a bheidh ordú praghais (mion-díol) i dtaobh earra áirithe i bhfeidhm agus a dhéanfaidh duine bhíonn ag díol na hearra san ina mion-choda sa líomatáiste le n-a mbaineann an t-ordú san iarratas sa bhfuirm orduithe agus na mion-innste orduithe ann do chur chun an Aire á iarraidh air an t-ordú san do leasú tríd an bpraghas maximum a luaidhtear san ordú san do mhéadú de bhithin praghais mhór-dhíola na hearra san do bheith imithe i méid o rinneadh an t-ordú san déanfaidh an tAire, mara gceiliúraidh no mara leasuighidh an t-ordú san do réir an iarratais sin, a iarraidh láithreach ar an gCoimisiún fiosrúchán do dhéanamh i dtaobh an iarratais sin, agus déanfaidh an Coimisiún an fiosrúchán san, agus bhéarfaidh tuarasgabháil ar a thoradh san don Aire, chó luath agus is féidir é.
Ciontaí maidir le horduithe praghais.
30.—(1) Pé uair a bheidh ordú praghais (mion-díol) i bhfeidhm i dtaobh aon earra sceidealta, ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith go mbíonn aon ghnó i bhfuirm trádála no chun sochair d'fháil as ar siúl aige aon earra le n-a mbaineann an t-ordú san do dhíol ina mion-choda ná do thairiscint chun a díolta ina mion-choda i gcúrsa an ghnótha san ná mar chuid den ghnó san, ar phraghas is mó ná an praghas maximum a bheidh socair leis an ordú san, in aon áit sa líomatáiste le n-a mbaineann an t-ordú san.
(2) Pé uair a bheidh ordú praghais (mór-dhíol) i bhfeidhm i dtaobh aon earra sceidealta, ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith go mbíonn aon ghnó i bhfuirm trádála no chun sochair d'fháil as ar siúl aige aon earra le n-a mbaineann an t-ordú san do dhíol ina mór-choda ná do thairiscint chun a díolta ina mórchoda i gcúrsa an ghnótha san ná mar chuid den ghnó san, ar phraghas is mó ná an praghas maximum a bheidh socair leis an ordú san, in aon áit sa líomatáiste le n-a mbaineann an t-ordú san.
(3) Má dheineann duine ar bith éinní is sárú ar an alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air, má sé an chéad chionta aige é, agus má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.
CUID IV.
An Iomarca D'Eileamh ar Earrai na Baineann Orduithe Praghais Leo.
Srian le himeachta fé Chuid IV.
31.—Ní dhéanfaidh an Rialuitheoir ní ná rud ar bith ná ní dhéanfaidh deimhniú amach fén gCuid seo den Acht so maidir le praghas ime (pe'ca praghas mór-dhíola no praghas mion-díola é) mara n-údaruighidh an tAire Talmhaíochta dho i scríbhinn an ní no an rud san do dhéanamh no an deimhniú san do dhéanamh amach.
Mion-innste ar earraí ceannófar.
32.—(1) Má dheineann duine go mbíonn gnó i bhfuirm trádála no chun sochair d'fháil as ar siúl aige earra sceidealta, gur mó ná dhá scilling a praghas, do dhíol i gcúrsa an ghnótha san no mar chuid den ghnó san, ansan, má cheanglann an ceannuitheoir san air uair an díola, seachadfaidh an duine sin ar an láthair sin don cheannuitheoir ráiteas i scríbhinn ina mbeidh na mion-innste seo leanas alos na hearra san, sé sin le rá:—
(a) tuairisc ar an earra;
(b) más do réir meáchainte no tuise do díoladh an earra, a meáchaint no a tuise ghlan, do réir mar bheidh;
(c) más do réir lín do díoladh an earra, an líon;
(d) an tsuim do héilíodh ar an earra.
(2) Má theipeann ar dhuine ar bith no má thugann sé faillí no má dheineann sé diúltadh maidir le déanamh do réir an ailt seo, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar dhá phúnt do chur air.
Gearáin i dtaobh an iomarca d'éileamh.
33.—(1) Féadfaidh éinne gearán (dá ngairmtear gearán sa Chuid seo den Acht so) do dhéanamh i scríbhinn leis an Rialuitheoir a rá go ndearna duine go mbíonn gnó i bhfuirm trádála no chun sochair d'fháil as ar siúl aige earra sceidealta do dhíol leis no do thairiscint chun a díolta leis ar phraghas ró-árd i gcúrsa an ghnótha san no mar chuid den ghnó san.
(2) Cuirfear i ngach gearán—
(a) ainm agus seoladh an ghearánaí;
(b) ainm agus seoladh an duine adeirtear a dhíol no a thairg chun a díolta an earra le n-a mbaineann an gearán;
(c) dáta an díola no na tairiscinte chun díolta adeirtear a rinneadh;
(d) saghas an ghnótha (pe'ca mór-dhíol no mion-díol é) adeirtear a rinneadh;
(e) an áit adeirtear a rinneadh an gnó;
(f) an praghas adeirtear do héilíodh no do hiarradh ar an earra san;
(g) áireamhacht ar an earra san.
(3) Má chuireann éinne in aon ghearán aon ráiteas a bheidh bréagach no mí-threorach in aon phone táchtach, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air.
Gearáin do chur fé bhráid chigirí chun fiosrúcháin do dhéanamh ina dtaobh.
34.—Ar fháil gearáin don Rialuitheoir cuirfe sé an gearán san fé bhráid chigire chun fiosrúcháin do dhéanamh ina thaobh fén gCuid seo den Acht so maran rud é—
(a) gurb é a thuairim gur gearán suaibhreosach an gearán san, no
(b) go mbeadh na nithe uile agus fé seach adeirtear sa ghearán san, go mbeidís, dá gcruthuítí iad, ina gcionta fé sna forálacha den Acht so bhaineann le ciontaí i dtaobh ordú praghais.
Cigirí do dhéanamh fiosrúcháin i dtaobh gearán.
35.—(1) Pé uair a cuirfear gearán fé bhráid chigire fén alt deiridh sin roimhe seo, déanfaidh an cigire sin fiosrúchán i dtaobh an ghearáin sin agus ar a fhiosrúchán do bheith críochnuithe aige bhéarfaidh tuarasgabháil ar a thoradh san don Rialuitheoir.
(2) Chun crícheanna fiosrúcháin i dtaobh gearáin féadfaidh cigire, ar a údarás chun gníomhú mar chigire do thaisbeáint, a chur mar cheangal—
(a) ar an duine do rinne an gearán is abhar don bhfiosrúchán san colas i dtaobh an ghearáin do thabhairt do, pé eolas a theastóidh uaidh do réir réasúin agus atá ag an duine sin no atá ar chumas an duine sin d'fháil gan dul fé chostas nea-réasúnta;
(b) ar an díoltóir a luaidhtear sa ghearán san eolas i dtaobh an ghearáin do thabhairt do; pé eolas a theastóidh uaidh do réir réasúin agus atá ag an díoltóir sin no atá ar chumas an díoltóra san d'fháil gan dul fé chostas nea-réasúnta.
(3) Má dhiúltann duine ar bith no má thugann sé faillí maidir le haon eolas do thabhairt do chigire éileoidh sé do réir dlí fén alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air.
Imeachta de dhruim tuarasgabhála cigire, agus deimhnithe praghais.
36.—(1) Má bheireann cigire tuarasgabháil don Rialuitheoir maidir le gearán do cuireadh fé n-a bhráid chun fiosrúcháin do dhéanamh ina thaobh agus má sé tuairim an Rialuitheora, tar éis na tuarasgabhála san do bhreithniú, go bhfuil cúis mhaith leis an ngearán san, agus má sé a thuairim, freisin, go raghadh sé chun leasa na puiblíochta an Coimisiún do dhéanamh fiosrúcháin, i gcás an ghearáin sin do bhaint le praghas mion-díola, i dtaobh na bpraghas mion-díola no, i gcás an ghearáin sin do bhaint le praghas mór-dhíola, i dtaobh na bpraghas mór-dhíola a héilítear ar an earra le n-a mbaineann an gearán san sa líomatáiste ina mbíonn gnó ar siúl ag an díoltóir a luaidhtear sa ghearán san, ní dhéanfaidh an Rialuitheoir rud ar bith fén gcéad fho-alt ina dhiaidh seo ach cuirfidh an scéal fé bhráid an Choimisiúin agus déanfaidh an Coimisiún láithreach, i gcás an ghearáin sin do bhaint le praghas mion-díola, fiosrúchán i dtaobh na bpraghas mion-díola agus mór-dhíola a héilítear ar an earra san i pé líomatáiste (le n-a n-áirmhítear an líomatáiste ina mbíonn gnó ar siúl ag an díoltóir sin) is oiriúnach leis an gCoimisiún no, i gcás an ghearáin sin do bhaint le praghas mór-dhíola, fiosrúchán i dtaobh na bpraghas mór-dhíola a héilítear ar an earra san i pé líomatáiste (le n-a n-áirmhítear an líomatáiste ina mbíonn gnó ar siúl ag an díoltóir sin) is oiriúnach leis an gCoimisiún, agus tuigfear gur fiosrúchán praghais do réir bhrí Choda III den Acht so an fiosrúchán san, agus na forálacha den Chuid sin a bhaineann leis na nithe seo leanas, sé sin le rá, imeachta de dhruim fiosrúcháin phraghais, orduithe praghais, dleathacht ordú praghais, orduithe praghais do cheiliúradh agus do leasú, agus ciontaí maidir le horduithe praghais, beidh feidhm acu dá réir sin.
(2) Fé réir forálacha an fho-ailt deiridh sin roimhe seo, má bheireann cigire tuarasgabháil don Rialuitheoir maidir le gearán a cuireadh fé n-a bhráid chun fiosrúcháin do dhéanamh ina thaobh agus má sé tuairim an Rialuitheora, tar éis na tuarasgabhála san do bhreithniú, go bhfuil cúis mhaith leis an ngearán san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) seirbheálfaidh an Rialuitheoir ar an díoltóir a luaidhtear sa ghearán san fógra sa bhfuirm orduithe—
(i) ina luadhfar cad é saghas an ghearáin, agus
(ii) ina luadhfar gurb é tuairim an Rialuitheora go bhfuil cúis mhaith leis an ngearán san, agus
(iii) i gcás an ghearáin sin do bhaint le díol no le tairiscint chun díolta i mion-choda, ina luadhfar an praghas is praghas mion-díola réasúnta dar leis an Rialuitheoir ar an earra gurb é a praghas mion-díola dob abhar don ghearán san, agus
(iv) i gcás an ghearáin sin do bhaint le díol no le tairiscint chun díolta i mór-choda, ina luadhfar an praghas is praghas mór-dhíola réasúnta dar leis an Rialuitheoir ar an earra gurb é a praghas mór-dhíola dob abhar don ghearán san, agus
(v) á cheangal ar an díoltóir sin a gheallúint don Rialuitheoir i scríbhinn, laistigh de dheich lá tar éis an fhógra san do sheirbheáil, praghas réasúnta d'éileamh feasta ar an earra luaidhtear sa bhfógra san, agus
(vi) i gcás an ghearáin sin do bhaint le díol, á cheangal ar an díoltóir sin an deifríocht idir an praghas dob abhar don ghearán san agus an praghas a luaidhtear sa bhfógra san mar phraghas réasúnta d'íoc leis an ngearánaí laistigh de dheich lá tar éis an fhógra san do sheirbheáil;
(b) má dheineann an díoltóir sin do réir a n-éilítear leis an bhfógra san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(i) ní dhéanfaidh an Rialuitheoir a thuilleadh i dtaobh an ghearáin sin (dá ngairmtear sa mhír seo an gearán do fiosruíodh),
(ii) má deintear gearán eile maidir le díol no le tairiscint chun díolta, pe'ca mion-díol no mór-dhíol é, do rinne an díoltóir sin ar dháta roimh an dáta le n-a mbaineann an gearán do fiosruíodh ní bhunóidh an Rialuitheoir aon imeachta fén gCuid seo den Acht so maidir leis an ngearán eile sin;
(c) mara ndeinidh an díoltóir sin do réir a n-éilítear leis an bhfógra san agus más le díol no le tairiscint chun díolta i mion-choda bhaineann an gearán san, déanfaidh an Rialuitheoir, fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, na nithe seo leanas, sé sin le rá:—
(i) déanfaidh deimhniú amach (dá ngairmtear deimhniú praghais (mion-díol) sa Chuid seo den Acht so) sa bhfuirm orduithe agus na mion-innste orduithe ann ag deimhniú an phraghais is praghas mion-díola réasúnta, dar leis an Rialuitheoir, le héileamh ag daoine dhíolann an earra san,
(ii) seirbheálfaidh cóip den deimhniú san ar an díoltóir sin,
(iii) foillseoidh cóip den deimhniú san i bpáipéar no i bpáipéirí nuachta léightear sa cheanntar inar díoladh no inar tairgeadh chun a díolta an earra gurb é a praghas dob abhar don ghearán san;
(d) mara ndeinidh an díoltóir sin do réir a n-éilítear leis an bhfógra san agus más le díol no le tairiscint chun díolta i mór-choda bhaineann an gearán san, déanfaidh an Rialuitheoir, fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, na nithe seo leanas, sé sin le rá:—
(i) déanfaidh deimhniú amach (dá ngairmtear deimhniú praghais (mór-dhíol) sa Chuid seo den Acht so) sa bhfuirm orduithe agus na mioninnste orduithe ann ag deimhniú an phraghais is praghas mór-dhíola réasúnta, dar leis an Rialuitheoir, le héileamh ag daoine dhíolann an earra san,
(ii) seirbheálfaidh cóip den deimhniú san ar an díoltóir sin,
(iii) foillseoidh cóip den deimhniú san i bpáipéar no i bpáipéirí nuachta léightear sa cheanntar inar díoladh no inar tairgeadh chun a díolta an earra gurb é a praghas dob abhar don ghearán san.
(3) Déanfaidh an Rialuitheoir, roimh dheimhniú praghais (mion-díol) no deimhniú praghais (mór-dhíol) i dtaobh earra do dhéanamh amach, do sheirbheáil, no d'fhoillsiú, fógra sa bhfuirm orduithe do sheirbheáil ar an díoltóir le n-a mbainfeadh an deimhniú san dá ndeintí é, á rá go bhfuil ar aigne aige an deimhniú praghais sin do dhéanamh amach, do sheirbheáil agus d'fhoillsiú, agus pé uair a seirbheálfar aon fhógra den tsórt san ar éinne beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) ní dhéanfaidh an Rialuitheoir amach ná ní sheirbheálfaidh ná ní fhoillseoidh aon deimhniú den tsórt san maidir leis an duine sin in aon chás go dtí go mbeidh ceithre lá déag caithte o dháta seirbheálta an fhógra san;
(b) má dheineann an duine sin, sara mbeidh na ceithre lá déag san caithte, a iarraidh sa tslí orduithe ar an gCoimisiún, i gcás an deimhnithe sin, dá ndeintí é, do bhaint le praghas mion-díola, fiosrúchán do dhéanamh i dtaobh na bpraghas mion-díola no, i gcás an deimhnithe sin, dá ndeintí é, do bhaint le praghas mór-dhíola, fiosrúchán do dhéanamh i dtaobh na bpraghas mór-dhíola a héilítear ar an earra san sa líomatáiste ina mbíonn gnó ar siúl ag an duine sin agus má luadhann sé san iarratas san cad is foras do, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(i) déanfaidh an Coimisiún roimh-fhiosrú láithreach i dtaobh an iarratais sin, agus
(ii) ní dhéanfaidh an Rialuitheoir amach ná ní sheirbheálfaidh ná ní fhoillseoidh an deimhniú san in aon chás go dtí go mbeidh an fiosrú san críochnuithe ag an gCoimisiún, agus
(iii) más deimhin leis an gCoimisiún, de bharr an fhiosruithe sin, gur go bona fide do rinneadh an t-iarratas san agus go raghadh sé chun leasa na puiblíochta an fiosrúchán san do dhéanamh, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá, ní dhéanfaidh an Rialuitheoir amach ná ní sheirbheálfaidh ná ní fhoillseoidh an deimhniú praghais sin, agus déanfaidh an Coimisiún láithreach, i gcás an deimhnithe sin, dá ndeintí é, do bhaint le praghas mion-díola, fiosrúchán i dtaobh na bpraghas mion-díola agus mór-dhíola a héilítear ar an earra san i pé líomatáiste (le n-a n-áirmhítear an líomatáiste ina mbíonn gnó ar siúl ag an duine sin) is oiriúnach leis an gCoimisiún no, i gcás an deimhnithe sin, dá ndeintí é, do bhaint le praghas mór-dhíola, fiosrúchán i dtaobh na bpraghas mórdhíola a héilítear ar an earra san i pé líomatáiste (le n-a n-áirmhítear an líomatáiste ina mbíonn gnó ar siúl ag an duine sin) is oiriúnach leis an gCoimisiún, agus tuigfear gur fiosrúchán praghais do réir bhrí Choda III den Acht so an fiosrúchán san, agus na forálacha den Chuid sin a bhaineann leis na nithe seo leanas, sé sin le rá, imeachta de dhruim fiosrúcháin phraghais, orduithe praghais, dleathacht ordú praghais, orduithe praghais do cheiliúradh agus do leasú, agus ciontaí maidir le horduithe praghais, beidh feidhm aca dá réir sin, agus
(iv) maran deimhin amhlaidh leis an gCoimisiún, de bharr an fhiosruithe sin, déanfaidh an Rialuitheoir amach agus seirbheálfaidh agus foillseoidh an deimhniú praghais sin ar an bhfiosrú san do bheith críochnuithe.
(4) Luadhfar i ngach deimhniú fén alt so an tréimhse gur ar a feadh a bheidh an deimhniú san le leanúint i bhfeidhm, agus, fé réir forálacha an ailt seo, leanfaidh gach deimhniú den tsórt san i bhfeidhm ar feadh na tréimhse luadhfar amhlaidh.
(5) Luadhfar i ngach deimhniú fén alt so na nithe seo leanas, sé sin le rá:—
(a) an dáta (ná beidh níos luaithe ná dáta foillsithe an deimhnithe sin do réir fho-ailt (1) den alt so) ar a mbeidh an deimhniú san le teacht i bhfeidhm, agus
(b) an líomatáiste le n-a mbainfidh an deimhniú san.
(6) Ní luadhfar in aon deimhniú fén alt so ainm an díoltóra ar a mbeidh an deimhniú san le seirbheáil.
(7) Féadfaidh an Rialuitheoir agus, más deimhin leis an praghas mór-dhíola bhaineann leis an gcás do bheith imithe i méid go mór o rinneadh an deimhniú san, déanfaidh deimhniú fén alt so do cheiliúradh agus leis sin scuirfidh an deimhniú san de bheith i bhfeidhm.
(8) Pé uair a déanfar ordú praghais (mion-díol) i dtaobh earra, ansan, gach deimhniú praghais (mion-díol) maidir leis an earra san a bheidh i bhfeidhm in aon áit le n-a mbaineann an t-ordú san scuirfe sé de bheith i bhfeidhm.
(9) Pé uair a déanfar ordú praghais (mór-dhíol) i dtaobh earra, ansan, gach deimhniú praghais (mór-dhíol) maidir leis an earra san a bheidh i bhfeidhm in aon áit le n-a mbaineann an t-ordú san scuirfe sé de bheith i bhfeidhm.
(10) Aon fhógra no deimhniú is gá do réir an ailt seo do sheirbheáil ar dhuine ar bith, féadfar é do sheirbheáil tré n-a sheachadadh don duine sin san áitreabh ina mbíonn gnó ar siúl aige no tré n-a chur tríd an bpost cláruithe chun an duine sin fé sheoladh an áitreibh sin.
Ciontaí maidir le deimhnithe praghais.
37.—(1) Pé uair a déanfar deimhniú praghais (mion-díol) a bheidh i bhfeidhm i dtaobh earra sceidealta do sheirbheáil go cuibhe ar dhuine ar bith go mbíonn aon ghnó i bhfuirm trádála no chun sochair d'fháil as ar siúl aige, ní bheidh sé dleathach don duine sin aon earra le n-a mbaineann an deimhniú san do dhíol ina mion-choda ná do thairiscint chun a díolta ina mion-choda i gcúrsa an ghnótha san ná mar chuid den ghnó san, ar phraghas is mó ná an praghas a deimhnítear sa deimhniú san, in aon áit sa líomatáiste le n-a mbaineann an deimhniú san.
(2) Pé uair a déanfar deimhniú praghais (mór-dhíol) a bheidh i bhfeidhm i dtaobh earra sceidealta do sheirbheáil go cuibhe ar dhuine ar bith go mbíonn aon ghnó i bhfuirm trádála no chun sochair d'fháil as ar siúl aige, ní bheidh sé dleathach don duine sin aon earra le n-a mbaineann an deimhniú san do dhíol ina mór-choda ná do thairiscint chun a díolta ina mór-choda i gcúrsa an ghnótha san ná mar chuid den ghnó san, ar phraghas is mó ná an praghas a deimhnítear sa deimhniú san, in aon áit sa líomatáiste le n-a mbaineann an deimhniú san.
(3) Má dheineann duine ar bith éinní is sárú ar an alt so, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air, má sé an chéad chionta aige é, agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.
(4) Má deintear, in aon imeachta mar gheall ar chionta fén alt so, deimhniú praghais (mion-díol) no deimhniú praghais (mórdhíol) do thabhairt i láthair a thugann le tuiscint é bheith fé láimh an Rialuitheora beidh san ina fhianaise prima facie ar an deimhniú san do bheith déanta go dleathach ar gach slí agus ar é bheith fé láimh an Rialuitheora.
(5) Ní dhéanfaidh éinne seachas an Rialuitheoir imeachta mar gheall ar chionta fén alt so do bhunú.
CUID V.
Liostai de Phraghsanna Mion-Diola do Thaisbeaint i Siopai Mion-Diola.
Molta maidir le liostaí de phraghsanna do thaisbeáint i siopaí mion-díola.
38.—(1) Féadfaidh an Coimisiún tuarasgabháil (dá ngairmtear tuarasgabháil i dtaobh liosta de phraghsanna sa Chuid seo den Acht so) do thabhairt don Aire a rá gurb é a dtuairim go raghadh sé chun leasa na puiblíochta an tAire do dhéanamh orduithe fén gCuid seo den Acht so á cheangal ar gach duine bhíonn ag díol aon earra no earraí sceidealta ina mion-choda in aon áit i Saorstát Éireann no in áiteanna áirithe i Saorstát Éireann (fé mar a luadhfar sa tuarasgabháil sin) liost ar a mbeidh praghas miondíola na hearra san no na n-earraí sin do thaisbeáint san áitreabh ina mbíonn an gnó san ar siúl ag an duine sin.
(2) Luadhfar i ngach tuarasgabháil fén alt so—
(a) na fáthanna atá le tuairim an Choimisiúin go raghadh sé chun leasa na puiblíochta an t-ordú is abhar don tuarasgabháil do dhéanamh;
(b) áireamhacht ar gach earra le n-ar cheart baint do bheith ag an ordú beartuithe;
(c) an dáta mholann an Coimisiún chun an orduithe bheartuithe do theacht i bhfeidhm, agus ré an orduithe sin;
(d) an líomatáiste mholann an Coimisiún gur cheart an t-ordú beartuithe do bhaint leis;
(e) an tslí mholann an Coimisiún is ceart a chur mar cheangal leis an ordú beartuithe liost praghais gach earra den tsórt san do thaisbeáint.
Ordú i dtaobh taisbeána praghas miondíola.
39.—(1) Má dheineann an Coimisiún tuarasgabháil i dtaobh liosta de phraghsanna féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, ordú (dá ngairmtear sa Chuid seo den Acht so ordú i dtaobh taisbeána praghas mion-díola) do dhéanamh, maidir le gach duine bhíonn, in aon líomatáiste le n-a mbaineann an t-ordú san, ag díol ina mion-choda, i gcás na tuarasgabhála do bhaint le haon earra sceidealta amháin, na hearra sceidealta san, no, i gcás na tuarasgabhála do bhaint le roinnt earraí sceidealta, na hearra sceidealta no na n-earraí sceidealta acu san is oiriúnach dar leis an Aire agus a luadhfa sé san ordú san, á cheangal ar gach duine den tsórt san liost ina luadhfar praghas mion-díola gach earra sceidealta le n-a mbaineann an t-ordú san do thaisbeáint sa tslí a héilítear leis an ordú san in aon áitreabh, feithicil, stalla, both, no seasán eile ina mbíonn an gnó san ar siúl aige sa líomatáiste sin.
(2) Féadfaidh an tAire, le hordú fén bhfo-alt so, ordú i dtaobh taisbeána praghas mion-díola do cheiliúradh no do leasú.
(3) Déanfar gach ordú fén alt so d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil agus luadhfar i ngach ordú den tsórt san an dáta (ná beidh níos luaithe ná deich lá tar éis dáta foillsithe an orduithe sin san Iris Oifigiúil) ar a mbeidh an t-ordú san le teacht i bhfeidhm.
(4) Má deintear ordú i dtaobh taisbeána praghas mion-díola beidh a dhéanamh ina fhianaise prima facie ar an ordú san do bheith déanta go dleathach ar gach slí.
Ciontaí maidir le hordú i dtaobh taisbeána praghas miondíola.
40.—Má dheineann duine ar bith éinní is sárú ar ordú i dtaobh taisbeána praghas mion-díola a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire no má theipeann air déanamh no má thugann sé faillí i ndéanamh do réir orduithe den tsórt san, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fineáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air. má sé an chéad chionta aige é, agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná trí mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.
CUID VI.
Praghsanna Deantora ar Earra fe Chosaint.
Fiosrúchán i dtaobh praghas déantóra.
41.—(1) Féadfaidh an tAire, fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo, iarratas do chur o am go ham chun an Choimisiúin á cheangal ar an gCoimisiún fiosrúchán do dhéanamh i dtaobh na bpraghas atá á n-éileamh, ar aon earra fé chosaint atá do réir na háireamhachta leagtar amach san iarratas san, ag daoine dheineann no shaothruíonn an earra san i Saorstát Éireann, agus ar fháil an iarratais sin don Choimisiún déanfaid fiosrúchán (dá ngairmtear sa Chuid seo den Acht so fiosrúchán i dtaobh praghas déantóra) do réir an iarratais sin.
(2) Sara ndeinidh an tAire, fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, iarratas do chur chun an Choimisiúin á iarraidh ortha fiosrúchán do dhéanamh i dtaobh praghais ime raghaidh i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta ar dtúis.
(3) Fé réir forálacha an chéad fho-ailt ina dhiaidh seo déanfaidh an Coimisiún uatha féin, o am go ham, do réir mar a cheadóidh gnó eile an Choimisiúin é, earra do thoghadh as earraí fé chosaint a deintear no saothruítear i Saorstát Éireann, agus déanfaid fiosrúchán (dá ngairmtear freisin sa Chuid seo den Acht so fiosrúchán i dtaobh praghas déantóra) i dtaobh na bpraghas atá á n-éileamh ar an earra san ag lucht déanta no saothruithe na hearra san i Saorstát Éireann.
(4) Ní dhéanfaidh an Coimisiún fiosrúchán fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo i dtaobh praghais ime ach amháin le toiliú an Aire Talmhaíochta.
Tuarasgabhála don Aire i dtaobh fiosrúcháin i dtaobh praghas déantóra.
42.—(1) Ar bheith críochnuithe d'fhiosrúchán i dtaobh praghas déantóra maidir le hearra fé chosaint bhéarfaidh an Coimisiún tuarasgabháil (dá ngairmtear sa Chuid seo den Acht so tuarasgabháil i dtaobh praghas déantóra) don Aire ina gcuirfear síos—
(a) áireamhacht ar an earra san;
(b) gluaiseachtaí praghas na hearra san ar feadh tréimhse áirithe;
(c) ce'ca tá no ná fuil na praghsanna san ró-árd, dar leis an gCoimisiún, agus na fáthanna atá acu leis an tuairim sin;
(d) an é a dtuairim go bhfuil aon bhaint leis na praghsanna san ag aon chó-aontú no cur-le-chéile chun cur isteach ar shaor-iomaíocht;
(e) má sé tuairim an Choimisiúin go bhfuil na praghsanna san ró-árd—
(i) tuairim an Choimisiúin ar cad ba phraghas réasúnta don earra san,
(ii) a dtuairim maidir leis na slite is fearr chun a chur in áirithe go laigheadófar na praghsanna san go dtí praghas réasúnta,
(iii) má sé a dtuairim gur cheart praghas maximum do shocrú le hordú ón Aire fén gCuid seo den Acht so, an líomatáiste le n-ar cheart baint do bheith ag an ordú san,
(iv) i gcás gur earra an earra san do bheadh, dá n-iomportáltaí isteach i Saorstát Éireann í, ionchurtha fé dhiúité custum ar í d'iomportáil, an praghas do bhéarfadh iomportálaí, dar leis an gCoimisiún, ar an earra san dá ndeintí í d'iomportáil díreach ón té do rinne no do shaothruigh í agus í do sheachadadh i mbanna, agus an luach fartha agus an t-árachas íoctha uirthi, in áit áirithe iomportála i Saorstát Éireann,
(v) i gcás gur earra an earra san go gcuirtear toirmeasc no srian do réir dlí le hí d'iomportáil isteach i Saorstát Éireann, an praghas do bhéarfadh iomportálaí, dar leis an gCoimisiún, ar an earra san dá mba ná beadh toirmeasc ná srian amhlaidh leis an earra san d'iomportáil, agus dá ndeintí an earra san d'iomportáil díreach ón té do rinne no do shaothruigh í agus í do sheachadadh, agus an luach fartha agus an t-árachas íoctha uirthi, in áit áirithe iomportála i Saorstát Éireann.
(2) Déanfaidh an tAire gach tuarasgabháil i dtaobh praghas déantóra do leagadh fé bhráid gach Tighe den Oireachtas marab é tuairim an Aire ná raghadh sé chun leasa na puiblíochta san do dhéanamh.
Ordú i dtaobh praghais dhéantóra.
43.—(1) Ar an Aire d'fháil tuarasgabhála i dtaobh praghas déantóra maidir le hearra fé chosaint féadfaidh, más oiriúnach leis é agus fé réir forálacha an ailt seo, ordú (dá ngairmtear sa Chuid seo den Acht so ordú i dtaobh praghais dhéantóra) do dhéanamh ag socrú pé praghais is oiriúnach leis mar phraghas mhaximum don earra san.
(2) Déanfar gach ordú i dtaobh praghais dhéantóra d'fhoillsiú san Iris Oifigiúil.
(3) Luadhfar i ngach ordú i dtaobh praghais dhéantóra na nithe seo leanas, sé sin le rá:—
(a) an dáta (ná beidh níos luaithe ná dáta foillsithe an orduithe sin san Iris Oifigiúil) ar a mbeidh an t-ordú san le teacht i bhfeidhm;
(b) ré an orduithe sin;
(c) an líomatáiste le n-a mbainfidh an t-ordú san.
(4) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú i dtaobh praghais dhéantóra do cheiliúradh no do leasú.
(5) Sara ndeinidh an tAire ordú i dtaobh praghais dhéantóra maidir le him no ordú chun aon orduithe i dtaobh praghais dhéantóra maidir le him do cheiliúradh no do leasú, raghaidh i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta ar dtúis.
Dleathacht orduithe i dtaobh praghais dhéantóra.
44.—Má deintear ordú i dtaobh praghais dhéantóra beidh a dhéanamh ina fhianaise prima facie ar an ordú san do bheith déanta go dleathach ar gach slí.
Ciontaí maidir le horduithe i dtaobh praghais dhéantóra.
45.—(1) Pé uair a bheidh ordú i dtaobh praghais dhéantóra maidir le haon earra fé chosaint i bhfeidhm, ní bheidh sé dleathach do dhuine ar bith a dheineann no shaothruíonn an earra san i líomatáiste le n-a mbaineann an t-ordú san aon earra den tsórt san do dhíol ar phraghas is mó ná an praghas maximum a socruítear leis an ordú san.
(2) Má dheineann duine ar bith éinní is sárú ar an alt so beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so, agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint do chur air, má sé an chéad chionta aige é, agus, má sé an dara cionta aige é no aon chionta ina dhiaidh sin, fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt no, más rogha leis an gcúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí no an fhíneáil sin agus an phríosúntacht san le chéile.
CUID VII.
Foralacha mar Bhreis ar Choda III, IV agus VI.
Cosnaimh reachtúla.
46.—(1) Má deintear duine is fostóir no is príomhaire do chúiseamh i gcionta do dhéanamh fé sna forálacha den Acht so bhaineann le ciontaí maidir le horduithe praghais no le ciontaí maidir le horduithe i dtaobh praghais dhéantóra, beidh sé ina chosnamh mhaith don duine sin ar an gcúiseamh san a chruthú—
(a) go ndearna sé dícheall cuibhe chun déanamh na nithe adeirtear is cionta ann do chosc; agus
(b) nách é féin a rinne na nithe adeirtear isiad an cionta san ann; agus
(c) nách le n-a chead féin ná tré n-a fhaillí thoiliúil ná tré é dá scaoileadh thairis a rinneadh na nithe sin; agus
(d) ar an ngairm do sheirbheáil air go dtug sé don chúisitheoir gach eolas a bhí ar a chumas i dtaobh an duine do rinne na nithe sin.
(2) Má deintear duine is seirbhíseach no is fostaí do chúiseamh i gcionta do dhéanamh fé sna forálacha den Acht so bhaineann le ciontaí maidir le horduithe praghais no le ciontaí maidir le horduithe i dtaobh praghais dhéantóra beidh sé ina chosnamh mhaith don duine sin ar an gcúiseamh san a chruthú—
(a) go raibh sé ar fostaíocht ag duine eile (dá ngairmtear an fostóir sa bhfo-alt so); agus
(b) gur i gcúrsa agus chun crícheanna na fostaíochta san a rinne sé na nithe adeirtear isiad an cionta san ann; agus
(c) ná raibh sé ach ag géilleadh d'orduithe soiléire an fhostóra nuair a rinne sé na nithe sin; agus
(d) ar an ngairm do sheirbheáil air go dtug sé uaidh gach colas a bhí ar a chumas i dtaobh na nithe luaidhtear sna míreanna san roimhe seo.
Eifeacht ordú fé Choda III agus VI agus éifeacht deimhniú fé Chuid IV maidir le connartha atá ann cheana.
47.—(1) I gcás connartha chun earra ar bith do dhíol le n-a mbaineann ordú praghais no deimhniú praghais do dhéanamh roimh dháta an orduithe no an deimhnithe sin do theacht i bhfeidhm agus gur tar éis an dáta san a bheidh an connradh san go léir no aon chuid de le cólíonadh, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) ní dhéanfaidh éinní atá i gCuid III, i gCuid IV, ná i gCuid VI den Acht so deifir don chonnradh san ná d'aon cheann de théarmaí an chonnartha san;
(b) éinní déanfar fén gconnradh san tuigfear, chun crícheanna Coda III, Coda IV, no Coda VI den Acht so, ach ní chun aon chríche eile, gur roimh an dáta san do rinneadh é.
(2) I gcás tairiscinte chun earra ar bith do chur ar fáil ar phraghsanna áirithe i rith tréimhse áirithe do ghlacadh roimh dháta orduithe phraghais no deimhnithe phraghais a bhaineann leis an earra san do theacht i bhfeidhm agus é bheith ceangailte do réir dlí, fé réir forálacha na tairiscinte sin, ar neach déanta na tairiscinte sin pé caindíochta den earra san a chur ar fáil a hordófar uaidh o am go ham i rith na tréimhse sin, tuigfear gach connradh a déanfar tré ordú i gcóir na hearra san i rith na tréimhse sin agus tar éis an dáta san, tuigfear chun crícheanna fo-ailt (1) den alt so gur roimh an dáta san do rinneadh é.
(3) San alt so—
cialluíonn an abairt “ordú praghais” aon ordú ar n-a dhéanamh ag an Aire fé Chuid III no fé Chuid VI den Acht so, agus
cialluíonn an abairt “deimhniú praghais” aon deimhniú ar n-a dhéanamh ag an Rialuitheoir fé Chuid IV den Acht so.
SCEIDEAL.
Gach earra, seachas druganna agus uisce, úsáideann an duine mar bhia no deoch.
Gach earra a húsáidtear mar éadach, mar abhar éadaigh no mar abhar teine.