Uimhir 34 de 1925.
ACHT TOGHACHÁIN (TOGHACHÁIN AN TSEANAID), 1925.
An ainm-liost d'iarrthóirí docheapa.
1.—(1) Roimh gach toghachán Seanaid ceapfidh an tUachtarán le hordú lá oiriúnach mar lá deiridh ar a bhféadfidh daoine ba bhaill de Sheanad Éireann aon uair a chur in úil do réir Airtiogal 33 den Bhunreacht gur mian leo go gcuirfí iad ar an ainm-liost d'iarrthóirí don toghachán san, agus i ndeire an lae a ceapadh amhlaidh tuigfar ceapa an ainm-liosta san do bheith críochnuithe.
(2) Gach ordú a dhéanfidh an tUachtarán fén alt so foillseofar é san Iris Oifigiúil chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta.
Laetheanta do cheapa do thoghachán an tSeanaid.
2.—Athghairmtear leis seo fo-alt (2) d'alt 46 den Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) agus ina ionad san achtuítear leis seo go ndéanfidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, le furógra, laistigh de choicíos tar éis ceapa an ainm-liosta d'iarrthóirí do thoghachán Seanaid do bheith críochnuithe, an lá ar a mbeidh an toghachán Seanaid sin do cheapa, agus an lá a ceapfar amhlaidh ní bheidh sé níos luatha ná seacht lá tar éis dáta an fhurógra san ná níos déanaí ná sé seachtaine tar éis ceapa an ainm-liosta d'iarrthóirí do bheith críochnuithe.
Fuirm na bpáipéirí ballóide.
3.—Ní bheidh sé riachtanach ainmneacha na n-iarrthóirí i dtoghachán Seanaid do chlóbhuala ar na páipéirí ballóide in aon cholún leanúnach amháin, agus ina ionad san, ach gan dul ón ord aibítre a horduítear leis an Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923), féadfar na hainmneacha san do shocrú ar na páipéirí ballóide i pé slí is dó leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí is fearr a chabhródh le marcáil agus le comhreamh.
Iarrthóir d'fháil bháis tar éis ceapa an ainm-liosta.
4.—(1) I gcomhreamh na vótanna a tugadh i dtoghachán Seanaid, gheobhfar thar gach rogha a breacadh d'iarrthóir a fuair bás tar éis ceapa an ainm-liosta agus roimh oscailt na vótaíochta agus ina ionad san tabharfar aire do sna céad roghna eile ar fáil.
(2) I gcomhreamh na vótanna a tugadh i dtoghachán Seanaid, tabharfar aire chuibhe do sna roghna a breacadh d'iarrthóirí a gheobhaidh bás tar éis oscailt na vótaíochta agus sara mbeidh comhreamh na vótanna san críochnuithe ag Ceann Comhrimh an tSeanaid agus, más gá é agus sa mhéid gur gá é do réir na roghna san, tuigfar na hiarrthóirí sin do bheith tofa do réir brí an Tríú Sceidil a ghabhann leis an Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923) ach ní níos mó ná san ná in aon tslí eile.
(3) Leanfar de sna vótanna a tugadh i dtoghachán Seanaid do chomhreamh go dtí gur có-ionann leis an méid folúntaisí atá le líona an méid iarrthóirí a tuigfar a bheith tofa, do réir brí an Tríú Sceidil a ghabhann leis an Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923), tar éis na hiarrthóirí sin (más ann dóibh) a fuair bás mar a luaidhtear sa bhfo-alt san roimhe seo do ghearra amach, agus na hiarrthóirí sin a tuigfar amhlaidh a bheith tofa agus ná fuair bás amhlaidh isiad amháin a bheidh tofa agus a tuairisceofar a bheith tofa agus is ina n-ord ceart féin, gan na hiarrthóirí a fuair bás amhlaidh do bhac, a bheid tofa amhlaidh agus a tuairisceofar iad amhlaidh.
Rialacha chun ord toghacháin do dhéanamh amach.
5.—Na hiarrthóirí a fuarthas a bheith tofa tar éis comhreamh na vótanna i dtoghachán Seanaid, is san ord a déanfar amach do réir na rialacha so a leanas a bheid tofa agus a tuairisceofar iad do bheith tofa, sé sin le rá:—
(a) iarrthóirí gurb ionann agus an quota no gur mó ná an quota an méid vótanna a cuireadh ina leith beid tofa san ord in ar haistríodh a mbarrachaisí fé seach no ina n-aistreofaí iad mara mbeadh clás (5) de riail 6 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923);
(b) iarrthóir gurb ionann agus an quota agus nách mó ná an quota an méid vótanna a cuireadh ina leith tuigfar an barrachas ba lú do bheith aige sa chomhreamh ina bhfuair sé a quota;
(c) más ionann barrachaisí beirt iarrthóirí no níos mó agus nách gá fén Tríú Sceideal san iad d'aistriú, tuigfar gurb é barrachas an iarrthóra is mó gur cuireadh bunvótanna ina leith an barrachas is mó;
(d) i gcásanna le n-a mbaineann an chéad riail sin roimhe seo má bhíonn ionannas bun-vótanna idir bheirt iarrthóirí no níos mó tabharfar aire don líon iomlán de vótanna a cuireadh i leith na n-iarrthóirí sin fé seach sa chéad chomhreamh ina raibh neamh-ionannas vótanna eatorra agus tuigfar gurb é barrachas an iarrthóra ba mhó vótanna sa chomhreamh san an barrachas is mó, agus i gcás ionannas vótanna do bheith curtha i leith na n-iarrthóirí sin i ngach comhreamh cinnfidh Ceann Comhrimh an tSeanaid le chrannchur cadé an t-ord ina bhfuil na hiarrthóirí sin tofa;
(e) i gcás iarrthóirí a tuigfar a bheith tofa fé fhorálacha riail 9 den Tríú Sceideal san isé is ord toghacháin dóibh ná ord méid na vótanna a cuireadh ina leith fé seach, ag tosnú leis an méid is mó, agus i gcás ionannas idir aon mhéideanna den tsórt san socrófar an t-ord idir na hiarrthóirí sin fé sna rialacha san roimhe seo fé is dá mba bharrachaisí na méideanna san;
(f) ní bhainfidh clás (3) de riail 9 den Tríú Sceideal san le comhreamh na vótanna i dtoghachán Seanaid;
(g) bainfidh riail 12 den Tríú Sceideal san leis na rialacha san roimhe seo fé mar a bhaineann sí leis na rialacha atá sa sceideal san.
Gearr-theideal agus léiriú.
6.—(1) Féadfar an tAcht Toghacháin (Toghacháin an tSeanaid), 1925, do ghairm den Acht so.
(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis an Acht Timpeal Toghachán, 1923 (Uimh. 12 de 1923).