Uimhir 35 de 1980
AN tACHT GÁIS (LEASÚ), 1980
[An tiontú oifigiúil]
Leasú ar alt 23 den Acht Gáis, 1976.
1.—Leasaítear leis seo alt 23 (a bhaineann le cumhachtaí áirithe an Bhoird iasachtaí a fháil) den Acht Gáis, 1976, trí “£30,000,000” a chur in ionad “£25,000,000” i bhfo-alt (2) agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA |
(2) Ní rachaidh comhiomlán na n-iasachtaí faoin alt seo, nó comhiomlán na n-iasachtaí sin agus aon airleacain faoi alt 22 den Acht seo, agus a bheidh gan aisíoc, thar £30,000,000 aon tráth áirithe. |
Leasú ar alt 25 den Acht Gáis, 1976.
2.—Leasaítear leis seo alt 25 (a bhaineann le ráthaíochtaí i ndáil leis an mBord d'fháil iasachtaí) den Acht Gáis, 1976, trí “£30,000,000” a chur in ionad “£25,000,000” i bhfo-alt (2) agus tá an fo-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TÁBLA |
(2) Ní dhéanfaidh an tAire Airgeadais na cumhachtaí a thugtar dó leis an alt seo a fheidhmiú ar shlí gur mó ná £30,000,000 an méid, nó an méid comhiomlán, príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a aisíoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire, mar aon leis an méid príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha cheana féin ag an Aire sin ar scór aon ráthaíochta faoin alt seo agus nach mbeidh aisíoctha ag an mBord. |
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.
3.—(1) Féadfar an tAcht Gáis (Leasú), 1980, a ghairm den Acht seo.
(2) Forléireofar an tAcht Gáis, 1976, agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin agus féadfar na hAchtanna Gáis, 1976 agus 1980, a ghairm díobh le chéile.
An tAcht dá dTagraítear | |