Uimhir 30 de 1976
AN tACHT GÁIS, 1976
[An tiontú oifigiúil]
CUID I
Réamhráiteach agus Ginearálta
Gearrtheideal agus tosach feidhme.
1.—(1) Féadfar an tAcht Gáis, 1976, a ghairm den Acht seo.
(2) Tiocfaidh an tAcht seo, gan an t-alt seo ná ailt 2, 3, 6, 34, 35, 36 agus 44 a áireamh, i bhfeidhm an lá bunaithe.
Léiriú.
2.—San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1960” an tAcht um Fhorbairt Pheitriliaim agus Mianraí Eile, 1960, arna leathnú le halt 4 (2) den Acht um an Scairbh Ilchríochach, 1968;
ciallaíonn “an Bord” an comhlacht a bhunaítear le halt 7;
ciallaíonn “an Coimisiún” Coimisiún Talún na hÉireann;
ciallaíonn “an Chuideachta” Bord Gáis Éireann Teoranta;
tá le “teorainneacha claonaidh” an bhrí a shanntar dó le hAirteagal 1 den Dara Sceideal;
ciallaíonn “an lá bunaithe” an lá a cheapfaidh an tAire de bhun alt 3;
tá le “ceadúnas taiscealaíochta” an bhrí a shanntar dó le halt 8 d'Acht 1960;
ciallaíonn “urthrá” grinneall agus cladach na farraige agus gach abhann taoide agus inbhir taoide agus gach cuisle, crompáin agus cuain farraige nó aon abhann nó inbhir den sórt sin idir snáth lánmhara gnáth-thaoidí nó taoidí meadh-rabharta agus imeall dia-thrá na dtaoidí sin;
folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;
ciallaíonn “údarás cuain” údarás cuain de réir brí an Achta Cuanta, 1946;
folaíonn “talamh” cladach farraige, talamh faoi uisce agus urthrá seachas urthrá is maoin de chuid an Stáit;
ciallaíonn “údarás áitiúil” údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair agus Cumhachta;
ciallaíonn “gás nádúrtha” aon ghás a díorthaíodh ó shraitheanna aiceanta (bíodh sé nó ná bíodh sé curtha faoi bhrí leachtaithe nó aon phróise nó cóireála eile);
ciallaíonn “úinéir”, ach amháin in alt 32 (7) agus faoi réir Airteagal 12 den Dara Sceideal, i ndáil le talamh,
(a) duine, seachas morgáistí nach bhfuil i seilbh, ag a bhfuil, dá cheart féin nó mar iontaobhaí nó gníomhaire d'aon duine eile, teideal cíos forlán na talún a fháil nó, i gcás nach bhfuil an talamh ligthe ar chíos forlán, a mbeadh an teideal sin aige dá mbeadh an talamh ligthe mar sin,
(b) léasaí nó áititheoir (seachas tionónta ar feadh míosa nó ar feadh tréimhse is giorra ná mí);
tá le “léas peitriliam” an bhrí a shanntar do le halt 13 d'Acht 1960;
ciallaíonn “píoblíne” píoblíne a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid le gás a tharchur agus folaíonn sé cuid de phíoblíne, agus, ach amháin in alt 8 (3) (f), folaíonn sé aon ghaireas, trealamh nó ní eile atá coimhdeach le píoblíne den sórt sin;
ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoin Acht seo;
folaíonn “ceart thar thalamh” aon chead slí no éasúint eile nó aon profit á prendre nó aon cheart in aon talamh, ar aon talamh nó thar aon talamh;
callaíonn “imeall trá” gach trá, bruach agus aill atá tadhlach leis an urthrá agus folaíonn sé na scaineamháin agus na carraigeacha go léir atá tadhlach leis an urthrá.
An lá bunaithe.
3.—Féadfaidh an tAire, le hordú, lá a cheapadh ina lá bunaithe chun críocha an Achta seo.
Rialacháin.
4.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun aon ní a fhorordú dá dtagraítear san Acht seo mar ní forordaithe.
(2) Gach rialachán a dhéanfaidh an tAire faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoin bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
Fógraí a sheirbheáil, etc.
5.—(1) I gcás a gceanglaíonn an tAcht seo fógra a sheirbheáil ar dhuine, díreofar chuige é agus féadfar é a sheirbheáil air ar shlí éigin díobh seo a leanas:
(a) i gcás a mbeidh sé dírithe chuige faoina ainm, trína sheachadadh dó,
(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó, i gcás a mbeidh seoladh le haghadh seirbheála tugtha, ag an seoladh sin,
(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chuige ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó, i gcás a mbeidh seoladh le haghaidh seirbheála tugtha, ag an seoladh sin,
(d) i gcás nach féidir an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air a fhionnadh ó fhiosrú réasúnach agus go gceanglaítear amhlaidh an fógra nó an chóip a sheirbheáil i leith aon talún nó cirt thar thalamh, tríd an bhfógra nó an chóip a sheachadadh do dhuine éigin os cionn sé bliana déag d'aois a bheidh ina chónaí nó fostaithe ar an talamh lena mbainfidh nó tríd an gcéanna a dhaingniú in áit fheiceálach ar an talamh sin nó ina aice.
(2) I gcás a gceanglaíonn an tAcht seo fógra a sheirbheáil ar áititheoir agus nach féidir ainm an áititheora a fhionnadh ó fhiosrú réasúnach, féadfar é a dhíriú go dtí “an t-áititheoir” gan a ainm a lua.
(3) Chun críocha an ailt seo, measfar gnáthchónaí a bheith ina hoifig chláraithe ar chuideachta is cuideachta de réir brí Acht na gCuideachtaí, 1963, agus measfar gnáthchónaí a bheith ina a phríomh-oifig nó ina phríomh-áit ghnó ar gach comhlacht corpraithe eile agus ar gach comhlacht neamhchorpraithe.
Caiteachais.
6.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
CUID II
Bord Gáis Éireann
Bord Gáis Éireann.
7.—(1) Bunófar, an lá bunaithe, comhlacht dá ngairfear sa Ghaeilge Bord Gáis Éireann agus sa Bhéarla The Irish Gas Board (is comhlacht dá ngairtear “an Bord” san Acht seo) chun na feidhmeanna a shanntar dó leis an Acht seo a chomhlíonadh.
(2) Beidh éifeacht i leith an Bhoird ag forálacha an Chéad Sceidil a ghabhann leis an Acht seo.
Feidhmeanna an Bhoird.
8.—(1) Is é dualgas an Bhoird córas a fhorbairt agus a chothabháil le gás nádúrtha a riar ar córas tíosach éifeachtúil é agus ar dealraitheach don Bhord gur córas é atá riachtanach de thuras na huaire.
(2) Beidh aird ag an mBord, ag comhlíonadh na ndualgas dó a bheidh curtha air faoin Acht seo, ar na foinsí gáis nádúrtha a bheidh ar fáil de thuras na huaire ag an mBord agus ar na ceanglais sábháilteachta sin is dóigh leis an mBord is gá i ndáil leis an ngás sin a tharchur agus a dháileadh.
(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo ná d'aon fhoráil den Acht seo ar leith ón alt seo, féadfaidh an Bord—
(a) gás nádúrtha a tharchur agus a dháileadh agus, faoi réir fho-alt (7) den alt seo, gás nádúrtha a bheidh faighte aige (bíodh nó ná bíodh an gás sin ullmhaithe, próiseáilte nó cóireáilte) a dhíol agus a riar,
(b) gás nádúrtha a cheannach nó a fháil ar shlí eile ó aon fhoinse,
(c) gás nádúrtha a leachtú nó a ullmhú, a phróiseáil nó a chóireáil ar shlí eile,
(d) táillí a shocrú, a ghearradh agus a ghnóthú i ndáil le haon ghás a dhíolfaidh an Bord nó aon riar gáis, seirbhís nó saoráid a sholáthróidh an Bord nó aon ní a ghlacfaidh an Bord de láimh de bhun an ailt seo, nó ranníocaí a shocrú agus a ghlacadh i ndáil le haon seirbhís nó saoráid a sholáthrófar amhlaidh,
(e) cibé téarmaí agus coinníollacha eile is oiriúnach leis an mBord a chur ag gabháil le haon díolachán gáis nó maidir le haon riar gáis nó seirbhís nó saoráid a sholáthróidh sé,
(f) faoi réir fho-ailt (7), (8) agus (9) den alt seo, cibé píoblínte, críochfoirt, stáisiúin tuinseamh-laghdaithe, stáisiúin astógála, soithí, feithiclí, oibreacha, seirbhísí, saoráidí nó nithe eile is gá nó is fóirsteanach, nó a bheidh coimhdeach, i ndáil le soláthar, forbairt nó cothabháil córais riartha gáis, a sholáthar, a oibriú nó a chothabháil, nó a sholáthar, a oibriú agus a chothabháil, le húsáid ag an mBord nó ag duine eile seachas an Bord.
(g) aon ní is ní a luaitear i mír (f) den fho-alt seo a sholáthar, a oibriú nó a chothabháil, nó a sholáthar, a oibriú agus a chothabháil, le haghaidh nó thar ceann úinéir píoblíne a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid le gás a riar ar an mBord,
(h) aon cheann nó gach ceann de na seirbhísí agus de na saoráidí seo a leanas a bhaineann le forbairt nó le riar gáis, is é sin, comhairle nó cúnamh, seirbhísí taighde nó saoráidí taighde nó oiliúna a sholáthar d'aon duine eile,
(i) faoi réir fho-alt (5) den alt seo, airgead a ranníoc nó a ráthú do chuspóirí déirciúla nó do chuspóirí carthanúla nó le haon fhoras nó d'aon fhoras nó d'aon chuspóir poiblí, ginearálta nó fóinteach,
(j) billí malairte, nótaí gealltanais nó ionstraimí soshannta eile nó ionstraimí inaistrithe eile a tharraingt, a dhéanamh, a ghlacadh, a fhormhuiniú, a lascainiú, a shannadh nó a eisiúint,
(k) faoi réir fho-alt (6) den alt seo, bronntanas airgid, talún nó maoine eile a ghlacadh ar cibé iontaobhais agus coinníollacha (más ann) a shonróidh an duine a thabharfaidh an bronntanas.
(l) aon ghníomhaíocht a sheoladh is dealraitheach don Bhord a bheith riachtanach, tairbhiúil nó teagmhasach i ndáil le comhlíonadh aon fheidhme faoin Acht seo ag an mBord nó ar dealraitheach don Bhord go n-urasódh sí an comhlíonadh sin.
(4) D'ainneoin fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an Bord, a mhéid is dóigh leis an mBord é a bheith riachtanach, gás, seachas gás nádúrtha, a cheannach nó a fháil ar shlí eile, a mhonarú, a tharchur nó a dháileadh lena dhíol nó lena riar in ionad gáis nádúrtha.
(5) I gcás a ndéanfaidh an Bord de bhun fho-alt (3) (t) den alt seo,
(i) ranníoc is mó ná £1,000 a thabhairt nó
(ii) dhá ranníoc nó níos mó, is mó sa chomhiomlán ná £1,000, a thabhairt, aon bhliain áirithe, le haghaidh cuspóra nó forais áirithe nó don chéanna,
déanfar an ranníoc nó na ranníocaí, de réir mar is iomchuí, mar aon leis an gcuspóir nó leis an bhforas lena mbainfidh sé nó siad a shonrú sna cuntais a choimeádfaidh an Bord de bhun an Achta seo.
(6) Ní ghlacfaidh an Bord aon bhronntanas de bhun fho-alt (3) (k) den alt seo má bhíonn na hiontaobhais agus na coinníollacha a chuirfidh an deontóir ag gabháil lena ghlacadh ar neamhréir le feidhmeanna an Bhoird.
(7) Ní onnmhaireoidh an Bord gás ná ní dhéanfaidh sé píoblíne, ach amháin de bhun agus de réir toiliú ón Aire faoin bhfo-alt seo agus déanfaidh an tAire, más oiriúnach leis, nuair a bheidh toiliú den sórt sin á thabhairt aige, coinníollacha a chur ag gabháil leis an toiliú, agus i dteannta an méid sin roimhe seo, i gcás a mbainfidh an toiliú le gás a onnmhairiú, is tar éis don Aire dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála, agus ansin amháin, a thabharfaidh sé an toiliú.
(8) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (7) den alt seo, féadfaidh an tAire coinníollacha a chur ag gabháil le toiliú faoin bhfo-alt sin leis an mBord do dhéanamh píoblíne, is coinníollacha á cheangal go n-urramófar, maidir leis an bpíoblíne, cóid agus caighdeáin shonraithe sábháilteachta nó inniúlachta i ndáil le gach ceann nó aon cheann díobh seo a leanas,
(a) déanamh píoblínte,
(b) oibriú píoblínte,
(c) cothabháil píoblínte.
(9) I gcás a ndéanfaidh an Bord píoblíne déanfaidh an Bord gach beart réasúnach leis an gcomharsanacht nádúrtha a chaomhnú agus le gan díobháil a dhéanamh do thaitneamhachtaí an cheantair agus, go háirithe, agus gan dhochar do ghinearáltacht an méid sin roimhe seo, déanfaidh an Bord, le linn dó bheith ag déanamh na píoblíne, gach beart réasúnach lena áirithiú nach ndíobhálfar aon fhoirgneamh, láithreán, fásra, ainmhithe, gné ná aon ní eile is ábhar spéise áirithe ó thaobh ailtireachta, staire, seandálaíochta, geolaíochta nó nádúir, agus nuair a bheidh an Bord ag roghnú raoin don phíoblíne rachaidh sé i gcomhairle leis an gCoimisiún agus, ina theannta sin, tabharfaidh sé aird ar aon uiríolla maidir le raon na píoblíne sin a thiocfaidh chun an Bhoird ó aon údarás áitiúil a mbeadh raon beartaithe, nó aon chuid de raon den sórt sin, ina limistéar feidhmiúcháin dá ndéanfaí an phíoblíne, nó ó aon cheann acu seo a leanas a mbeadh an raon sin nó an chuid sin, sna cúinsí sin, ar a chuid talún nó ina chuid talún nó thar a chuid talún, is é sin;
(a) údarás cuain,
(b) Bord Soláthair an Leictreachais nó aon ghnóthaire leictreachais eile,
(c) Córas Iompair Éireann nó aon ghnóthaire iarnróid eile,
(d) ghnóthaire gáis (seachas an Bord).
Feidhmeanna breise a thabhairt don Bhord.
9.—(1) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus Aire na Seirbhíse Poiblí, agus tar éis dó dul i gcomhairle le cibé Aire Stáit eile (más ann) is dóigh leis an Aire baint a bheith aige leis an ábhar, le hordú, cibé feidhm a thabhairt don Bhord (i dteannta na bhfeidhmeanna a thugtar don Bhord leis an Acht seo), is feidhm a bhainfidh le soláthar gáis a chur ar fáil is dóigh leis an Aire is cuí agus a shonróidh sé san ordú, agus féadfaidh aon ordú den sórt sin a fhoráil go gcomhlíonfar an fheidhm faoi réir coinníollacha a shonrófar san ordú agus féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha forliontacha a bheith ann is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach le lán-éifeacht a thabhairt don ordú.
(2) Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais agus Aire na Seirbhíse Poiblí, ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) a chúlghairm nó a leasú, agus i gcás ar tar éis don Aire dul i gcomhairle le hAire Stáit a rinne an tAire an t-ordú a mbeifear lena leasú nó a chúlghairm le hordú faoin bhfo-alt seo, rachaidh an tAire freisin, sula ndéanfaidh sé an t-ordú faoin bhfo-alt seo, i gcomhairle leis an Aire Stáit sin.
(3) I gcás a mbeidh sé beartaithe go ndéanfaidh an tAire ordú faoin alt seo, leagfar dréacht den ordú faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go ndéanfaidh gach Teach acu sin rún a rith ag ceadú an dréachta.
Glanfaidh an Bord fiachais agus saothróidh sé brabach réasúnach ar chaipiteal.
10.—Faoi réir alt 11 den Acht seo, beidh de dhualgas ar an mBord ag comhlíonadh a fheidhmeanna dó, a áirithiú, a luaithe is féidir tar éis an lae bunaithe, gur cinnte dó, agus blianta a glacadh le chéile,
(a) nach mó a chaiteachas oibríochta, lena n-áirítear na muirir uile is inmhuirearaithe go cuí ar ioncam, ná a ioncam, agus
(b) go mbeidh sé ag saothrú brabaigh réasúnaigh ar aon chaipiteal a bheidh á oibriú aige.
Orduithe maidir le brabúis, cuspóirí airgeadais agus polasaí praghsanna an Bhoird.
11.—(1) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais cibé ordacháin ghinearálta is cuí leis a thabhairt don Bhord i ndáil le polasaí praghsanna maidir le díol nó soláthar gáis nó cuspóirí airgeadais an Bhoird.
(2) Féadfaidh an tAire, ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais a ordú go ndéanfar brabúis an Bhoird bliain a shonrófar san ordú a fheidhmiú i cibé slí (lena n-áirítear a bhfeidhmiú chun tairbhe don Státchiste) a shonrófar san ordú.
(3) Nuair a bheidh an Bord ag comhlíonadh a fheidhmeanna—
(a) déanfaidh sé de réir aon ordaithe faoin alt seo nó aon ordacháin faoin alt seo in ndáil lena pholasaí praghsanna maidir le díol nó soláthar gáis,
(a) beidh aird aige ar aon ordachán faoin alt seo i ndáil lena chuspóirí airgeadais.
(4) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a chumasaíonn don Aire aon chumhacht nó rialú a fheidhmiú i ndáil le praghas a éileoidh an Bord i gcás áirithe.
Conarthaí an Bhoird.
12.—Aon chonradh nó ionstraim nár ghá a bheith faoi shéala dá mba dhuine nár chomhlacht corpraithe a dhéanfadh nó a d'fhorghníomhódh é féadfaidh aon duine é a dhéanamh nó a fhorghníomhú thar ceann an Bhoird a bheidh údaraithe go ginearálta nó go speisialta ag an mBord chuige sin.
Comhalta den Bhord do nochtadh leasa i gconradh a cheartaítear a dhéanamh.
13.—(1) Comhalta den Bhord a bhfuil leas díreach nó indíreach aige in aon chuideachta nó gnólacht lena mbeartaíonn an Bord conradh a dhéanamh, nó in aon chonradh a bheartaíonn an Bord a dhéanamh—
(a) nochtfaidh sé don Bhord go bhfuil an leas sin aige agus cad é an leas é ag an gcruinniú den Bhord ag a mbreithneofar den chéad uair an ndéanfar an conradh sin nó, mura mbeidh leas den sórt sin aige an tráth sin, a luaithe is féidir tar éis dó an leas sin a fháil,
(b) ní ghlacfaidh sé aon pháirt in aon phlé a dhéanfaidh an Bord i ndáil leis an gconradh sin ach amháin a mhéid a cheadóidh cathaoirleach an Bhoird,
(c) ní vótálfaidh sé ar aon chinneadh i ndáil le conradh den sórt sin, ná
(d) ní áireofar é ar an gcóram a bheidh i láthair ag an gcruinniú a dhéileálfaidh le conradh den sórt sin.
(2) Taifeadfar i miontuairiscí an Bhoird nochtadh faoin alt seo.
(3) I gcás ar deimhin leis an Aire go bhfuil loicthe ag comhalta den Bhord déanamh de réir ceanglais atá i bhfo-alt (1) den alt seo féadfaidh sé, más oiriúnach leis, an comhalta sin a chur as oifig, agus má chuirtear duine as oifig de bhun an fho-ailt seo beidh sé dícháilithe feasta chun bheith ina chomhalta den Bhord.
Tuarascáil bhliantúil agus eolas don Aire.
14.—(1) Tabharfaidh an Bord, a luaithe is féidir tar éis deireadh a bhliana airgeadais, tuarascáil don Aire ar imeachtaí an Bhoird in imeacht na bliana airgeadais sin agus cuirfidh an tAire faoi deara go leagfar cóipeanna den tuarascáil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
(2) Tabharfaidh an Bord don Aire cibé eolas i ndáil le tuarascáil faoin alt seo nó i ndáil le gníomhaíochtaí an Bhoird, seachas riarachán ó lá go lá, a iarrfaidh an tAire ó am go ham.
(3) Féadfaidh an tAire ó am go ham a cheangal ar an mBord sonraí pleananna an Bhoird i ndáil le comhlíonadh feidhmeanna an Bhoird san am le teacht a ullmhú agus a chur faoi bhráid an Aire, agus déanfaidh an Bord de réir aon cheanglas a chuirfidh an tAire faoin bhfo-alt seo.
Cuntais agus iniúchadh.
15.—(1) Coimeádfaidh an Bord i cibé foirm a cheadóidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, na cuntais go léir is cuí agus is gnách ar an airgead go léir a gheobhaidh nó a chaithfidh an Bord.
(2) Déanfaidh an Bord na cuntais a choimeádfar de bhun an ailt seo a chur le hiniúchadh chuig iniúchóir a cheapfaidh an Bord, le ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, chun na cuntais a iniúchadh agus déanfaidh an Bord na cuntais sin, nuair a bheidh siad iniúchta amhlaidh, a thíolacadh don Aire agus cuirfidh seisean faoi deara cóipeanna díobh a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
(3) Íocfaidh an Bord as airgead a bheidh faoina réir aige táillí iniúchóra a cheapfaidh an Bord go cuí faoin alt seo.
(4) Tabharfaidh an Bord, má cheanglaíonn an tAire air é, cibé eolas don Aire a iarrfaidh an tAire i ndáil le haon chuntas a chuirfidh an Bord faoina bhráid faoin alt seo.
Foireann an Bhoird.
16.—(1) Ceapfaidh an Bord cibé daoine agus cibé méid daoine chun bheith ina n-oifigigh agus ina seirbhísigh don Bhord is cuí leis an mBord ó am go ham.
(2) Sealbhóidh oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a oifig nó a fhostaíocht ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an Bord ó am go ham.
(3) Íocfaidh an Bord lena oifigigh agus lena sheirbhísigh cibé luach saothair agus liúntais i leith caiteachas is oiriúnach leis an mBord agus sin, i gcás phríomh-oifigeach an Bhoird (cibé acu is Príomh-Oifigeach nó eile a thabharfar de thuairisc ar an oifigeach sin), faoi réir ceadú an Aire arna thabhairt le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.
(4) Nuair a bheidh cinneadh á dhéanamh ag an mBord ar an luach saothair nó ar na liúntais i leith caiteachas a íocfar lena oifigigh nó lena sheirbhísigh nó ar na téarmaí nó ar na coinníollacha ar faoina réir a shealbhaíonn no a shealbhóidh na hoifigigh agus na seirbhísigh sin a bhfostaíocht, beidh aird ag an mBord ar threoirlínte Rialtais, nó ar threoirlínte ar a bhfuil comhaontaithe ar bhonn náisiúnta, a bheidh ar bith de thuras na huaire, nó ar pholasaí rialtais i ndáil le luach saothair agus coinníollacha fostaíochta a bheidh ar bith amhlaidh, agus, i dteannta an méid sin roimhe seo, déanfaidh an Bord de réir aon ordacháin maidir leis an luach saothair, na liúntais, na téarmaí nó na coinníollacha sin a thabharfaidh an tAire ó am go ham don Bhord le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.
Sainchomhairleoirí agus comhairleoiri.
17.—(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, féadfaidh an Bord cibé sainchomhairleoirí nó comhairleoirí a fhruiliú ó am go ham a mheasfaidh sé is gá lena fheidhmeanna a chomhlíonadh agus íocfaidh an Bord as airgead a bheidh faoina réir aige aon táillí a bheidh dlite do shainchomhairleoir nó do chomhairleoir a fruilíodh de bhun an ailt seo.
(2) Conradh a dhéanfaidh an Bord de bhun an ailt seo ní conradh in aghaidh tréimhse is faide ná trí bliana a bheidh ann.
Aoisliúntas d'oifigigh agus do sheirbhísigh an Bhoird.
18.—(1) A luaithe is caothúil i ndiaidh an lae bunaithe, ullmhóidh an Bord, agus cuirfidh faoi bhráid an Aire lena cheadú a fháil, scéim ranníocach nó scéimeanna ranníocacha le pinsin, aiscí agus liúntais eile a dheonú ar scor nó ar éag dóibh do cibé oifigigh nó seirbhísigh, nó i leith cibé oifigigh nó seirbhísigh, de chuid an Bhoird is cuí leis an mBord.
(2) Féadfaidh an Bord, tráth ar bith, scéim do leasú nó do chúlghairm scéime faoin alt seo a ullmhú agus chur faoi bhráid an Aire.
(3) I gcás a gcuirfear scéim faoi bhráid an Aire de bhun an ailt seo, féadfaidh an tAire, le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, an scéim a cheadú.
(4) Déanfaidh an Bord scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire faoin alt seo a chur i bhfeidhm de réir a téarmaí má cheadaíonn an tAire í le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.
(5) Socróidh scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo an tráth scoir agus na coinníollacha scoir do na daoine go léir a mbeidh pinsin, aiscí, nó liúntais iníoctha leo nó ina leith faoin scéim ar scor nó ar éag dóibh, agus féadfar tráthanna éagsúla agus coinníollacha éagsúla a shocrú i leith aicmí éagsúla daoine.
(6) Má bhíonn aon díospóid ann i dtaobh éileamh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas is iníoctha de bhun scéime faoin alt seo, nó i dtaobh méid an chéanna, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chun Aire na Seirbhíse Poiblí í, agus is cinneadh críochnaitheach a bheidh ina chinneadhsan.
(7) Ní dhéanfaidh an Bord aon phinsean, aisce ná liúntas eile a dheonú ar shlí seachas de réir scéime faoin alt seo ar oifigeach nó seirbhíseach éirí as, scor nó éag.
(8) Gach scéim a chuirfear faoi bhráid an Aire agus a cheadófar faoin alt seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ceadaithe agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.
Oifigigh nó seirbhísigh an Bhoird a bheith ina gcomhaltaí de cheachtar Teach den Oireachtas.
19.—(1) I gcás a ndéanfar duine is oifigeach nó seirbhíseach don Bhord a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó le toghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas, beidh sé ar iasacht ó fhostaíocht an Bhoird agus ní íocfaidh an Bord leis ná ní bheidh sé i dteideal go bhfaighidh sé ón mBord aon luach saothair ná liúntais—
(a) i gcás a ndéanfar é a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann, in aghaidh na tréimhse dar tosach an tráth a ghlacfaidh sé leis an ainmniúchán agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin,
(b) i gcás a n-ainmneofar é le toghadh chun ceachtar Tí acu sin, in aghaidh na tréimhse dar tosach an tráth a ainmneofar é agus dar críoch an tráth a scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Teach sin nó a chinnfidh toghchán air nó a tharraingeoidh sé siar ó bheith ina iarrthóir, de réir mar is iomchuí.
(2) Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe ceachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin bheidh sé, fad a bheidh sé i dteideal amhlaidh, dícháilithe chun bheith ina fhostaí nó ina sheirbhíseach don Bhord.
Eolas a nochtadh.
20.—(1) Ní nochtfaidh aon duine, gan toiliú an Bhoird, aon eolas a fuair sé agus é ag comhlíonadh dualgas mar chomhalta den Bhord nó mar oifigeach nó seirbhíseach, nó mar shainchomhairleoir nó comhairleoir, don Bhord.
(2) Beidh duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air.
(3) Ní dhéanfaidh aon ní san fho-alt seo—
(a) cosc a chur le heolas a nochtadh i dtuarascáil chun an Bhoird nó (thar ceann an Bhoird) chun an Aire,
(b) an Bord a chosc ó eolas a nochtadh chun críche scéime taighde nó forbartha.
(4) Ní choiscfear ar chomhalta den Bhord eolas a nochtadh chun críche scéime taighde nó forbartha.
Araigh chaipitil an Bhoird.
21.—Ní rachaidh an Bord, gan ceadú ón Aire arna thabhairt le toiliú an Aire Airgeadais, faoi árach caipitil is mó de mhéid ná méid a bheidh sonraithe de thuras na huaire chun críche an ailt seo agus a bhainfidh leis an árach.
(2) Féadfaidh an tAire ó am go ham, le toiliú an Aire Airgeadais, méideanna a shonrú chun críocha an ailt seo agus féadfar méid den sórt sin a shonrú amhlaidh i ndáil le háraigh chaipitil i gcoitinne nó i ndáil le háraigh chaipitil d'aicme nó de thuairisc áirithe.
Airleacain chun an Bhoird ón Aire Airgeadais.
22.—(1) Lena chumasú don Bhord a fheidhmeanna a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh ón Aire, cibé suimeanna a iarrfaidh an Bord ó am go ham a airleacan ó am go ham chun an Bhoird as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis.
(2) Is ar cibé téarmaí maidir le haisíoc, ús agus ábhair eile a chinnfidh an tAire Airgeadais a thabharfar airleacain faoi fho-alt (1) den alt seo.
(3) Ní rachaidh comhiomlán na suimeanna a bheidh airleactha faoin alt seo agus a bheidh gan aisíoc thar £25,000,000 aon tráth áirithe.
(4) Íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste na suimeanna go léir a íocfaidh an Bord d'aisíoc airleacain faoi fho-alt (1) den alt seo nó de bhun aon téarma nó coinníll ar faoina réir a tugadh airleacan faoin alt seo.
An Bord d'fháil iasachtaí chun críocha caipitiúla.
23.—(1) Féadfaidh an Bord ó am go ham airgead, lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit, a fháil ar iasacht le caiteachas a ghlanadh a thabhaigh sé agus is inmhuirearaithe go cuí i leith caipitil.
(2) Ní rachaidh comhiomlán na n-iasachtaí faoin alt seo, nó comhiomlán na n-iasachtaí sin agus aon airleacain faoi alt 22 den Acht seo, agus a bheidh gan aisíoc, thar £25,000,000 aon tráth áirithe.
(3) Ní bhfaighidh an Bord airgead ar iasacht faoin alt seo ach amháin le toiliú roimh ré ón Aire arna thabhairt le ceadú an Aire Airgeadais.
(4) Chun méid na n-iasachtaí a ríomh faoi threoir na teorann le príomhshuim atá i bhfo-alt (2) den alt seo déanfar an méid in airgead reatha an Stáit is cóimhéid leis na hiasachtaí in airgead reatha coigríche a ríomh de réir an ráta iomlaoide a bhí i réim an tráth a fuarthas an iasacht.
An Bord d'fháil airgid ar iasacht go sealadach.
24.—Féadfaidh an Bord, le toiliú ón Aire arna thabhairt le ceadú an Aire Airgeadais, cibé suimeanna a bheidh ag teastáil uaidh le soláthar a dhéanamh do chaiteachas reatha a fháil ar iasacht go sealadach trí chomhshocraíocht le baincéirí nó ar shlí eile.
Ráthaíocht Stáit i ndáil leis an mBord d'fháil iasachtaí chun críocha caipitiúla.
25.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais ráthaíocht a thabhairt, i cibé foirm agus slí agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis, go n-aisíocfaidh an Bord go cuí príomhshuim aon airgid (lena n-áirítear airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) a gheobhaidh an Bord ar iasacht, seachas ón Aire Airgeadais faoi alt 22 den Acht seo, nó go n-íocfar ús ar an airgead sin nó go n-aisíocfar an phríomhshuim agus go n-íocfar an t-ús agus féadfaidh ráthaíocht go n-íocfar caiteachais theagmhasacha i ndáil leis na hiasachtaí sin a fháil a bheith ar áireamh in aon ráthaíocht den sórt sin.
(2) Ní dhéanfaidh an tAire Airgeadais na cumhachtaí a thugtar dó leis an alt seo a fheidhmiú ar shlí gur mó ná £25,000,000 an méid, nó an méid comhiomlán, príomhshuime a dhlífidh sé aon tráth áirithe a aisíoc ar scór aon ráthaíochta nó ráthaíochtaí faoin alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire mar aon leis an méid príomhshuime (más ann) a bheidh íoctha cheana féin ag an Aire sin ar scór aon ráthaíochta faoin alt seo agus nach mbeidh aisíoctha ag an mBord.
(3) Chun méid na n-iasachtaí a ríomh a bheidh ráthaithe ag an Aire Airgeadais faoin alt seo faoi threoir na teorann le príomhshuim atá i bhfo-alt (2) den alt seo, déanfar an méid in airgead reatha an Stáit is cóimhéid leis na hiasachtaí in airgead reatha coigríche a ríomh de réir an ráta iomlaoide a bhí i réim an tráth a tugadh an ráthaíocht.
(4) A luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana airgeadais, leagfaidh an tAire Airgeadais faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ráiteas ina mbeidh maidir le gach ráthaíocht faoin alt seo a tugadh i rith na bliana sin nó a tugadh aon tráth roimh thosach, agus a bhí i bhfeidhm i dtosach, na bliana sin—
(a) sonraí na ráthaíochta,
(b) i gcás a mbeidh aon íocaíocht déanta ag an Aire faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus an méid (más ann) a bheidh aisíoctha leis an Aire ar scór na híocaíochta.
(c) an méid príomhshuime faoi bhrí na ráthaíochta a bhí gan aisíoc i ndeireadh na bliana sin.
(5) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó as a thoradh fáis an t-airgead go léir a theastóidh ón Aire Airgeadais ó am go ham faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige faoin alt seo.
(6) Déanfaidh an Bord airgead a d'íoc an tAire Airgeadais faoi ráthaíocht faoin alt seo a aisíoc leis (mar aon le hús ar an airgead sin de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire) laistigh de dhá bhliain ó dháta an airgid a airleacan as an bPríomh-Chiste.
(7) I gcás a mbeidh an t-airgead go léir, nó aon chuid den airgead, a gceanglaíonn fo-alt (6) den alt seo é a aisíoc leis an Aire Airgeadais a bheith gan íoc de réir an fho-ailt sin, déanfar an méid a bheidh amuigh amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
(8) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (7) den alt seo chun an méid a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an Bord faoi dhliteanas don Aire Airgeadais i leith an méid sin agus déanfaidh an Bord an méid sin (mar aon le hús air de réir cibé ráta nó rátaí a cheapfaidh an tAire Airgeadais) a aisíoc leis an Aire sin cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a cheapfaidh sé agus mura n-aisíocfar an méid sin mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile beidh sé inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.
(9) Íocfar isteach sa Státchiste nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste i cibé slí is oiriúnach leis an Aire Airgeadais airgead a íocfaidh an Bord faoi fho-alt (6) nó (8) den alt seo.
(10) I ndáil le ráthaíochtaí ón Aire Airgeadais in airgead seachas airgead reatha an Stáit—
(i) glacfar le gach tagairt do phríomhshuim, le gach tagairt d'ús agus leis an tagairt do chaiteachais theagmhasacha i bhfo-alt (1) den alt seo mar thagairtí don méid in airgead reatha an Stáit is cóimhéid leis an bpríomhshuim iarbhír, leis an ús iarbhír agus leis na caiteachais theagmhasacha iarbhír, faoi seach, agus an cóimhéid sin a ríomh de réir costas na príomhshuime iarbhír, an úis iarbhír nó na gcaiteachas teagmhasach iarbhír, de réir mar is iomchuí, in airgead reatha an Stáit,
(ii) glacfar leis an tagairt do phríomhshuim i bhfo-alt (4) de alt seo mar thagairt do chóimhéid na príomhshuime iarbhír in airgead reatha an Stáit, agus an cóimhéid sin a ríomh de réir an ráta iomlaoide arb é de thuras na huaire ráta iomlaoide an airgid reatha sin agus airgid reatha an Stáit é,
(iii) glacfar le gach tagairt d'airgead i bhfo-ailt (5) go (8) den alt seo mar thagairt do chostas an airgid iarbhír in airgead reatha an Stáit.
An Bord do dhul isteach ar thalamh
26.—(1) Féadfaidh aon oifigeach don Bhord nó aon duine eile a bheidh ceaptha i scríbhinn ag an mBord ina oifigeach údaraithe chun críocha an ailt seo (is duine dá ngairtear “uine údaraithe” anseo feasta san alt seo) dul isteach aon tráth réasúnach ar aon talamh chun aon chríche nó críocha de na críocha seo a leanas, is é sin;
(a) chun cigireacht nó suirbhéireacht a dhéanamh ar an talamh agus aon fhiafraí, fiosrú nó scrúdú a dhéanamh ar an talamh d'fhonn a fhionnadh an bhfuil nó nach bhfuil an talamh, nó ceart thar an talamh, oiriúnach lena fháil ag an mBord chun críche de chuid an Achta seo,
(b) chun aon fhiosrú nó scrúdú réamhghabhálach nó teagmhasach a dhéanamh ar an talamh i ndáil leis an mBord d'fháil na talún nó aon chirt thar an talamh.
(2) Féadfaidh duine údaraithe a rachaidh isteach ar thalamh faoin alt seo gach ní a dhéanamh ann is ní coimhdeach nó ní réasúnta riachtanach chun na críche ar chuici a chuathas isteach, agus gan dochar don méid sin roimhe seo féadfaidh sé aon ní acu seo a leanas, go háirithe, a dhéanamh nó a chur á dhéanamh, is é sin, dearclíniú, druileáil, tolladh, piardáil nó tochailt, nó ithir a thástáil agus, más gá sin, ithir a asláithriú.
(3) Sula rachaidh duine údaraithe isteach faoi fho-alt (1) den alt seo ar aon talamh, gheobhaidh sé toiliú, i gcás talún áitithe, ón áititheoir, nó i gcás talún neamháitithe, ón úinéir, nó tabharfaidh sé fógra ceithre lá dhéag ar a laghad i scríbhinn don úinéir nó aon áititheoir, de réir mar a bheidh, go bhfuil beartaithe aige dul isteach ar an talamh.
(4) Duine dá mbeidh fógra tugtha faoin alt seo ag duine údaraithe go bhfuil beartaithe aige dul isteach ar thalamh féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná ceithre lá dhéag tar éis an fógra sin a bheith tugtha, iarratas a dhéanamh, ar fhógra a thabhairt don duine údaraithe sin, chun an Bhreithimh den Chúirt Dúiche ag a bhfuil dlínse sa cheantar cúirte dúiche ina bhfuil an talamh ag iarraidh ordú do thoirmeasc an dul isteach ar an talamh, agus, ar an iarratas a éisteacht, féadfaidh an Breitheamh, más cuí leis é, an dul isteach a thoirmeasc go hiomlán nó coinníollacha a shonrú a bheidh le hurramú ag an duine údaraithe a rachaidh isteach.
(5) I gcás a dtoirmiscfidh Breitheamh den Chúirt Dúiche faoin alt seo ar dhuine dul iteach ar thalamh a mbeidh beartaithe aige dul isteach air, ní dleathach d'aon duine dul isteach faoi fho-alt (1) den alt seo ar an talamh, agus i gcás a sonróidh Breitheamh den Chúirt Dúiche faoin alt seo coinníollacha a bheidh le hurramú ag daoine a rachaidh isteach ar thalamh, déanfaidh gach duine a rachaidh isteach ar thalamh faoin bhfo-alt sin (1) na coinníollacha a bheidh sonraithe amhlaidh a urramú.
Cumhachtaí an Bhoird i ndáil le déanamh, cothabháil agus deisiú píoblínte.
27.—(1) Faoi réir fho-ailt (7), (8) agus (9) d'alt 8 den Acht seo agus na bhfo-alt seo a leanas den alt seo, féadfaidh an Bord, chun aon phíoblíne (cibé acu leis an mBord nó nach leis an phíoblíne) a dhéanamh, a chothabháil nó a dheisiú, gach ní nó aon ní acu seo a leanas a dhéanamh, is é sin—
(a) aon fhoirgneamh nó aon chuid de a athrú, a dheisiú nó a scartáil,
(b) aon chlaí, fál, crann nó balla a athrú, a dheisiú, a asláithriú nó a scartáil,
(c) i gcás aon chuid de phíoblíne a bheith faoi thalamh, comharthaí a chur ar an talamh ag taispeáint go bhfuil píoblíne faoin talamh,
(d) aon bhóthar, iarnród, uiscebhealach inseolta, abhainn, sruthán nó sruthchúrsa eile, droichead, tollán, lintéir, píobán, draein nó ní eile a bhaint, a bhriseadh nó a dhúnadh go sealadach ar shlí eile, a thrasnú, a leathnú, a chlaonadh nó cur isteach air ar shlí eile nó é a athrú,
ar choinníoll nach ndéanfaidh an Bord, i ndáil le claí, fál, crann, balla nó foirgneamh atá le hais bóthair phoiblí, nó i ndáil leis an mBord do chur comhartha ar bhóthar den sórt sin nó lena ais, cumhacht faoin bhfo-alt seo a fheidhmiú ach amháin le toiliú an údaráis bhóthar lena mbainfidh, agus má bhíonn díospóid ann i dtaobh an bhfuil claí, fál, crann, balla nó foirgneamh áirithe le hais bóthair phoiblí, nó i dtaobh an mbeidh comhartha, nuair a shuífear é, i mbóthar den sórt sin nó lena ais, cuirfidh an Bord an t-ábhar faoi bhráid an Aire lena chinneadh agus is cinneadh críochnaitheach a chinneadhsan.
(2) Ní dhéanfaidh an Bord, i ndáil le ní leis an gCoimisiún, le húdarás bóthar, le duine a shonraítear nó a thuairiscítear in alt 8 (9) den Acht seo nó leis an Aire nó le haon Aire Stáit eile, cumhacht a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a fheidhmiú ach amháin le toiliú an Choimisiúin, an údaráis bhóthar, an duine nó an Aire Stáit lena mbainfidh agus féadfaidh an Coimisiún, an t-údarás, an duine nó an tAire, le linn dó an toiliú sin a thabhairt, cibé coinníollacha réasúnacha is oiriúnach leis a chur ag gabháil leis an toiliú agus i dteannta an méid sin roimhe seo,
(a) ní rachaidh an Bord isteach in aon teach cónaí, ná ní ghlacfaidh seilbh ar aon teach cónaí, i bhfeidhmiú cumhachta den sórt sin gan fógra i scríbhinn a thabhairt trí mhí roimh ré d'áititheoir an tí cónaí sin go bhfuil beartaithe aige sin a dhéanamh, agus
(b) ní rachaidh an Bord isteach, ná ní ghlacfaidh seilbh, ar aon talamh, seachas teach cónaí, gan fógra i scríbhinn a thabhairt mí roimh ré d'áititheoir na talún sin go bhfuil beartaithe aige sin a dhéanamh.
(3) Faoi réir alt 33 den Acht seo, féadfaidh an Bord nó a seirbhísigh nó a ngníomhairí nó aon chonraitheoir a bheidh fostaithe ag an mBord nó aon oibrí a bheidh fostaithe ag conraitheoir den sórt sin dul, le feithiclí nó gan feithiclí, innealra nó gaireas nó trealamh eile,
(a) le rochtain go dtí láithreán píoblíne a bheidh déanta nó á déanamh nó le déanamh ag an mBord,
(b) le rochtain go dtí píoblíne (cibé acu leis an mBord nó nach leis an mBord an phíoblíne) chun í a iniúchadh, a dheisiú, a chothabháil nó píoblíne a shuíomh ina hionad,
isteach ar thalamh aon tráth réasúnach, nó, i gcás éigeandála, aon tráth.
(4) (a) Faoi réir míreanna (b) agus (c) den fho-alt seo, fho-alt (1) den alt seo, agus alt 33 den Acht seo, féadfaidh an Bord chun aon chríche a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo droichead, bóthar nó cosán d'aon sórt a dhéanamh ar aon talamh nó thar aon talamh, agus an droichead, an bóthar nó an cosán sin a úsáid agus a chothabháil nuair a bheidh sé déanta ag an mBord.
(b) Sula bhfeidhmeoidh an Bord cumhacht déantóireachta faoin bhfo-alt seo gheobhaidh an Bord toiliú an údaráis áitiúil ar ina limistéar feidhmiúcháin a bheartaítear a bheidh an bóthar nó an cosán nó an droichead a bheartaítear a dhéanamh nó aon chuid den chéanna.
(c) I gcás a mbeartóidh an Bord droichead, bóthar nó cosán a dhéanamh faoin bhfo-alt seo ar aon talamh is leis an gCoimisiún nó is leis an Stát ar shlí eile nó atá dílsithe d'Aire Stáit, gheobhaidh an Bord ar dtús, sula bhfeidhmeoidh siad aon chumhacht dá gcuid i ndáil leis an droichead, leis an mbóthar nó leis an gcosán, toiliú—
(i) i gcás ar leis an gCoimisiún an talamh, ón gCoimisiún,
(ii) i gcás ar leis an Stát ar shlí eile an talamh, ón Aire Airgeadais, agus
(iii) i gcás a bhfuil an talamh dílsithe d'Aire Stáit, ón Aire sin,
agus is ceanglais i dteannta, agus ní ceanglais in ionad, cheanglais mhír (b) den fho-alt seo ceanglais na míre seo.
(5) Féadfaidh duine a rachaidh isteach ar thalamh faoin alt seo gach ní a dhéanamh ar an talamh sin a bheidh coimhdeach nó reasúnta riachtanach chun na críche ar chuici a chuathas isteach, agus gan dochar don méid sin roimhe seo féadfaidh an duine sin aon ní acu seo a leanas, go háirithe, a dhéanamh nó a chur á dhéanamh, is é sin, dearclíniú, druileáil, tolladh, piardáil nó tochailt, nó ithir a thástáil agus, más gá sin, ithir a asláithriú.
(6) San alt seo tá le “údarás bóthar” an bhrí chéanna atá leis in alt 2 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946.
Srian le talamh a shealbhaíonn an Bord agus cearta áirithe thar thalamh nó i leith talún a fháil go héigeantach.
28.—D'ainneoin aon ní in aon achtachán seachas an tAcht seo, ní bhfaighidh aon duine (seachas an tAire), go héigeantach, gan toiliú roimh ré ón Aire, aon talamh a bheidh i seilbh an Bhoird ná ní bhfaighidh, ní fhoirceannfaidh ná ní shrianfaidh, go héigeantach, ná ní choimhtheoidh, gan toiliú an Bhoird, aon éasúint, cead slí ná aon cheart eile ar aon chor thar aon talamh ná i leith aon talún den sórt sin ná ní bhainfidh go héigeantach ar shlí eile leis an gcéanna gan an toiliú sin ná ní bhainfidh go héigeantach le haon éasúint, cead slí ná aon cheart eile ar aon chor de chuid an Bhoird thar thalamh nó i leith talún.
Srian leis an mBord do dhiúscairt etc. cearta mianraí.
29.—(1) D'ainneoin aon ní dá mhalairt san Acht seo, ní dhéanfaidh an Bord ceadúnas ná ceart i leith aon chirt mianraí a oibriú atá dílsithe don Bhord (ar leith ó aon duine eile nó ar shlí eile) a dhíol, a ligean, a léasú ná a fhorléasú, ná a dhiúscairt ar shlí eile ná a dheonú ach amháin le toiliú an Aire arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála.
(2) San alt seo tá le “ibriú” agus “ianraí” na bríonna céanna atá leo in alt 2 agus in alt 3, faoi seach, den Acht Forbairte Minearál, 1940.
Féadfaidh an Bord fodhlíthe áirithe a dhéanamh.
30.—(1) Féadfaidh an Bord fodhlíthe a dhéanamh le córas an Bhoird chun gás a tharchur agus a dháileadh nó aon chuid den chóras sin, lena n-áirítear, go sonrach, aon phíoblíne, stáisiún tuinseamh-laghdaithe, stáisiún astógála nó críochfort, a chosaint agus a choimeád sabháilte.
(2) Cuirfear fodhlí a dhéanfaidh an Bord faoin alt seo faoi bhráid an Aire lena cheadú.
(3) Aon uair a chuirfidh an Bord fodhlí faoi bhráid an Aire lena cheadú, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:
(a) déanfaidh an Bord, a luaithe is caothúil tar éis don Bhord an fodhlí a chur faoi bhráid an Aire, fógra faoin gcurfaoi-bhráid a fhoilsiú uair amháin ar a laghad gach seachtain de dhá sheachtain chomhleanúnacha i dtrí nuachtán (ar nuachtán laethúil maidine nuachtán amháin acu ar a laghad) a léitear sa limistéar ar ann atá an córas nó cuid den chóras a bhfuil sé beartaithe go mbainfidh an fodhlí leis;
(b) inseofar san fhógra na críocha ar chucu an fodhlí, go bhfuil cóip den fhodhlí ar oscailt chun a hiniúchta ag an bpobal i bpríomh-oifig an Bhoird agus gur féidir le duine ar bith agóidí in aghaidh an fho-dhlí a cheadú a chur faoi bhráid an Aire aon tráth i rith na tréimhse seasca lá dar tosach dáta an fhodhlí a fhoilsiú den chéad uair;
(c) coimeádfaidh an Bord, i gcaitheamh na tréimhse seasca lá sin, cóip den fhodhlí ar oscailt chun a hiniúchta ag an bpobal le linn gnáth-uaire oifige i bpríomh-oifig an Bhoird;
(d) féadfaidh aon duine arb ábhar agóide leis an fodhlí a cheadú a agóidí a chur faoi bhráid an Aire i scríbhinn aon tráth i rith na tréimhse seasca lá sin;
(e) de réir mar is cuí leis an Aire, diúltóidh sé an fodhlí a cheadú, nó ceadóidh sé an fodhlí, gan mhodhnú, nó modhnóidh sé an fodhlí mar is cuí leis agus ceadóidh sé é, arna mhodhnú amhlaidh, ach má cheadaíonn sé an fodhlí (modhnaithe nó gan mhodhnú) ní cheadóidh sé amhlaidh é nó go mbeidh an tréimhse seasca lá sin caite agus breithneoidh sé na hagóidí go léir a cuireadh faoina bhráid in imeacht na tréimhse sin in aghaidh an fhodhlí a cheadú;
(f) má cheadaíonn an tAire an fodhlí, tiocfaidh an fodhlí, arna cheadú amhlaidh, i bhfeidhm láithreach.
(4) Doiciméad a airbheartóidh gur cóip é d'fhodhlíthe a rinneadh faoin alt seo, agus a mbeidh deimhniú (a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach don Bhord) formhuinithe air á rá gur fíorchóip de na fodhlíthe é agus go raibh na fodhlíthe i bhfeidhm ar dháta sonraithe, glacfar, gan cruthúnas ar shíniú an oifigigh sin nó gurbh é an t-oifigeach sin é iarbhír, mar fhianaise i ngach cúirt agus i ngach imeacht dlí ar na fodhlíthe agus go raibh siad i bhfeidhm ar an dáta sin.
(5) Beidh duine a sháróidh fodhlí a rinneadh faoin alt seo ciontach i gcion faoin alt seo agus ar é a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £50 a chur air.
CUID III
Claontaí, Orduithe Fála agus Cúiteamh
Claontaí.
31.—(1) I gcás a ndaingneoidh an tAire teorainneacha claonaidh de bhun Airteagal 9 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, le linn an phíoblíne iomchuí a sholáthar, is dleathach don Bhord in aon áit laistigh de na teorainneacha claonaidh sin, arna ndaingniú amhlaidh, gan fógra a thabhairt,
(a) an phíoblíne a dhéanamh, nó
(b) aon ní a dhéanamh a bheidh réasúnta riachtanach nó coimhdeach nó teagmhasach i ndáil leis an déanamh sin (bíodh nó ná bíodh an phíoblíne iomchuí á déanamh laistigh de na teorainneacha claonaidh sin) agus, nuair a bheidh an phíoblíne sin déanta, í a chothabháil nó í a dheisiú nó píoblíne a shuíomh ina hionad agus aon ní a dhéanamh a bheidh réasúnta riachtanach nó coimhdeach nó teagmhasach i ndáil leis an gcothabháil, leis an deisiú nó leis an suíomh sin;
ar choinníoll go mbeidh fógra faoi Airteagal 3 (2) den Dara Sceideal sin seirbheáilte ar úinéir na talún ina ndéanfar, ar a ndéanfar nó thar a ndéanfar an phíoblíne nó an ní, go dtí go mbeidh cead faoin alt seo a bhainfidh leis an talamh faighte ag an mBord.
(2) I gcás a mbeartóidh an Bord a chumhachtaí faoi fho-alt (1) den alt seo a fheidhmiú maidir le talamh agus nach mbeidh fógra faoi Airteagal 3 (2) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo seirbheáilte ar úinéir na talún sin, féadfaidh an Bord cead faoin alt seo a iarraidh i scríbhinn ar an Aire agus i gcás ar féidir ainm agus seoladh an duine arb é an t-úinéir sin é a fhionnadh ó fhiosrú réasúnach, seirbheálfaidh an Bord ar an duine fógra—
(a) go bhfuil iarratas déanta ag an mBord chun an Aire go bhfeidhmeoidh an Bord cumhachtaí an Bhoird faoi fho-alt (1) den alt seo maidir leis an talamh,
(b) go bhféadfar agóidí agus uiríolla a dhéanamh chun an Aire i dtaobh an bheartaithe (is uiríolla agus agóidí a údaraítear leis seo a dhéanamh),
(c) go bhféadfar na hagóidí nó na huiríolla sin a dhéanamh laistigh den tréimhse trí sheachtain dar tosach dáta an fhógra,
(d) go bhféadfar cóipeanna de na doiciméid iomchuí a bheidh taiscthe de bhun an Dara Sceideal sin leis an Aire a iniúchadh aon tráth réasúnach i rith na tréimhse sin, agus
(e) ag insint na háite nó na n-áiteanna a bhéadfar na doiciméid sin a iniúchadh amhlaidh.
(3) I gcás a ndéanfar iarratas ar chead faoin alt seo chun an Aire agus gurb é tuairim an Aire, ag féachaint d'aon uiríolla agus d'aon agóid a rinneadh go cuí faoin alt seo agus nár tarraingíodh siar, gur ceart géilleadh don iarratas, agus i gcás nach mbeidh fógra faoi fho-alt (2) den alt seo seirbheáilte, nach féidir leis an mBord ainm agus seoladh an duine arb é úinéir na talún iomchuí é a fhionnadh ó fhiosrú réasúnach, féadfaidh an tAire cead faoin alt seo a thabhairt agus oibreoidh an cead—
(a) lena cheadú don Bhord gan fógra a thabhairt—
(i) píoblíne a dhéanamh,
(ii) aon ní a dhéanamh a bheidh réasúnta riachtanach nó coimhdeach nó teagmhasach i ndáil leis an déanamh sin (bíodh nó ná bíodh an phíoblíne iomchuí á déanamh sa talamh sin, ar an talamh sin nó thar an talamh sin),
agus, nuair a bheidh an phíoblíne sin déanta, í a chothabháil nó í a dheisiú nó píoblíne a shuíomh ina hionad agus aon ní a dhéanamh a bheidh réasúnta riachtanach nó coimhdeach nó teagmhasach i ndáil leis an gcothabháil, leis an deisiú nó leis an suíomh sin sa talamh, ar an talamh nó thar an talamh lena mbaineann an t-iarratas, agus
(b) más gá sin, cead slí sa talamh sin, ar an talamh sin nó thar an talamh sin a thabhairt don Bhord le haghaidh na píoblíne sin.
(4) Maidir le hiarratas ar chead faoin alt seo, duine ar a seirbheálfar fógra faoin alt seo, féadfaidh sé, aon tráth réasúnach i rith na tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra, iniúchadh a dhéanamh, nó a chur faoi deara iniúchadh a dhéanamh thar a cheann, ar aon doiciméad is doiciméad dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (d) den alt seo.
Ordú fála.
32.—(1) Féadfaidh an Bord iarratas a dhéanamh chun an Aire ar ordú faoin alt seo (is ordú dá ngairtear “rdú fála” san Acht seo) le go bhfaighidh an Bord go héigeantach aon talamh nó ceart thar thalamh,
(a) a bheidh ag teastáil ón mBord le haon fheidhm de chuid an Bhoird a fheidhmiú nó i ndáil leis an bhfeidhmiú sin,
(b) a bheidh ag teastáil i ndáil le duine, seachas an Bord, do sholáthar píoblíne a mbeartaítear gás nádúrtha a riar léi ar an mBord,
(c) a bheidh ag teastáil i ndáil leis an mBord do sholáthar píoblíne do dhuine eile is píoblíne a mbeartaítear gás nádúrtha a riar léi, seachas ag an mBord, ar an duine sin agus ar an duine sin amháin,
agus, faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo, féadfaidh an tAire ordú fála a dhéanamh i ndáil leis an talamh nó le ceart thar thalamh.
(2) Beidh éifeacht le forálacha an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo maidir le hordú fála agus maidir le haon iarratas ar ordú den sórt sin.
(3) Sula ndéanfaidh an tAire ordú fála rachaidh sé i gcomhairle leis an Aire Tailte agus leis an gCoimisiún agus freisin le cibé Aire Stáit eile, más ann, ar dealraitheach don Aire baint a bheith aige leis an ábhar.
(4) I gcás a ndéanfaidh an tAire ordú fála beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:
(a) i gcás ar i ndáil le talamh a mbeidh an Bord chun é a fháil a dhéanfar an t-ordú, faoi réir cibé sriantachtaí agus cibé téarmaí agus coinníollacha eile (más ann) a shonróidh an tAire de bhun Airteagal 8 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, dílseoidh an t-ordú, gan a thuilleadh forcinntithe, don Bhord an t-eastát nó an leas a bheidh sonraithe san ordú sa talamh sin saor ó gach ceart (lena n-áirítear aon cheart poiblí seachas ceart slí poiblí) muirear, ualach nó eire nó leas eile agus ó éilimh gach duine ag a bhfuil leas san eastát sin nó leas sa talamh, cibé acu i leith eirí nó leasanna sa chéanna nó ar aon slí eile ar aon chor é, seachas—
(i) i gcás an talamh a bheith faoi réir blianachta Stáit agus a bheith dílsithe i bhfeo simplí leis an ordú don Bhord, an bhlianacht Stáit sin,
(ii) cibé ualaí (más ann) a bheidh sonraithe san ordú,
(b) i gcás ar i ndáil le ceart thar thalamh seachas ceart slí poiblí a dhéanfar an t-ordú, oibreoidh an t-ordú, faoi réir cibé sriantachtaí agus forálacha (más ann) a shonróidh an tAire amhlaidh, chun an ceart, nó leas i gceart den sórt sin, a bheidh sonraithe san ordú, a thabhairt don Bhord nó a aistriú chun an Bhoird saor ó gach éileamh agus ó gach ceart eile de chuid aon daoine ag a bhfuil leas sa leas sin,
(c) i gcás ar i ndáil le ceart slí poiblí a dhéanfar an t-ordú, oibreoidh an t-ordú chun an ceart slí poiblí a mhúchadh.
(5) I dteannta ceanglais fho-alt (3) den alt seo a chomhlíonadh, comhlíonfaidh an tAire, sula ndéanfaidh sé ordú fála, na ceanglais seo a leanas, is é sin;
(a) i gcás a mbeidh socrú in ordú fála le go bhfaighidh an Bord talamh atá ar teachtadh ag údarás áitiúil, ag gnóthaire iarnróid seachas Córas Iompair Éireann, ag gnóthaire gáis seachas an Bord, ag údarás cuain, nó ag gnóthaire leictreachais seachas Bord Soláthair an Leictreachais, ní dhéanfar an t-ordú amhlaidh ach amháin más deimhin leis an Aire gurb é leas an phobail an t-ordú a dhéanamh,
(b) i gcás a mbeidh socrú san ordú le ceart slí poiblí a mhúchadh, ní dhéanfar an t-ordú amhlaidh go dtí go mbeidh curtha faoi deara ag an Aire éisteacht ó bhéal a sheoladh faoin múchadh a bheidh beartaithe agus go mbeidh breithniú déanta aige ar aon agóidí nó uiríolla a rinneadh go cuí in aghaidh an mhúchta bheartaithe agus nár tarraingíodh siar agus ar thuarascáil an duine a sheol an éisteacht.
(6) I gcás a ndílseoidh ordú fála talamh don Bhord,
(a) oibreoidh an t-ordú, amhail ar dháta agus ó dháta an ordaithe, chun na heastáit, na hiontaobhais agus na heirí uile a bhí ar marthain i leith leas an duine sa talamh díreach roimh dháta an ordaithe a aistriú agus a astú go feadh an méid a d'íoc an Bord le duine mar chúiteamh, agus
(b) seasfaidh an méid sin, maidir le haon chearta nó éilimh a bhí ann díreach roimh dháta an ordaithe, i leith nó in aghaidh an leasa sin, in ionannas don leas sin chun gach críche.
(7) I gcás a dtiocfaidh talamh a mbeidh a úinéireacht cláraithe faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964, chun bheith dílsithe don Bhord i bhfeo simplí de bhua ordaithe fála, déanfaidh an t-údarás clárúcháin faoin Acht sin, ar chóip den ordú faoi shéala oifigiúil an Aire a thabhairt ar aird, an Bord a chlárú, sa chlár iomchuí a chothabháiltear faoin Acht sin, mar úinéir (de réir brí an Achta sin) na talún agus, ina theannta sin, cuirfidh an t-údarás faoi deara cibé athruithe eile (más aon athrú é) a dhéanamh sa chlár iomchuí sin is iomchuí ag féachaint do théarmaí an ordaithe.
(8) Beidh ag gabháil le hordú fála léarscáil nó plean a thaispeánfaidh an talamh lena mbaineann an t-ordú (léarscáil nó plean ar cuid den ordú é nó í nuair a bheidh sé nó sí ag gabháil leis an ordú).
(9) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú fála a leasú agus déanfar aon tagairtí d'ordú fála san alt seo, ar leith ón bhfo-alt seo, nó sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'ordú faoin bhfo-alt seo.
(10) San alt seo folaíonn “píoblíne” críochfort píoblíne.
Cúiteamh.
33.—(1) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, beidh feidhmiú aon chumhachta faoi alt 26, 27, 31, 32 nó 34 den Acht seo faoi réir cúiteamh a íoc—
(a) i leith aon chirt thar thalamh nó aon eastáit nó leasa eile i dtalamh nó i gceart thar thalamh, a fuarthas de bhua ordaithe fála,
(b) i leith aon laghdaithe ar luach aon chirt thar thalamh nó aon eastáit nó leasa eile de chuid aon duine in aon talamh, nó in aon cheart thar thalamh, de dhroim an chumhacht a fheidhmiú,
(c) i leith aon chaillteanais eile a tabhaíodh nó aon damáiste a rinneadh de dhroim an fheidhmithe sin,
agus faoi réir alt 35 (5) den Acht seo, is é a íocfaidh an cúiteamh, mar aon le haon ús is iníoctha air de bhua fho-alt (2) den alt seo.
(d) i gcás ar faoin alt sin 34 a fheidhmeofar an chumhacht, an Chuideachta, agus
(e) in aon chás eile, an Bord.
(2) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, i gcás arb iníoctha cúiteamh le duine faoin alt seo i leith cumhacht a fheidhmiú faoi alt 26, 27, 31 nó 34 den Acht seo, íocfar, de réir fho-alt (1) den alt seo, ús ar mhéid an chúitimh is iníoctha leis an duine, de réir cibé ráta a chinnfidh an tAire Airgeadais ó am go ham chun críocha an ailt seo, ón dáta,
(i) i gcás ar i leith cumhacht a fheidhmiú faoi mhír (a), (b) nó (d) d'alt 27 (1), faoi alt 27 (3), faoi mhír (a) d'alt 27 (4) nó faoi alt 31 den Acht seo is iníoctha an cúiteamh, arb é an dáta é a feidhmíodh an chumhacht, nó
(ii) in aon chás eile, arb é an dáta é ar ar éilíodh cúiteamh,
go dtí go n-íocfar an cúiteamh sin.
(b) Más rud é—
(i) go ndéanfaidh an Bord nó an Chuideachta aon suim a thairiscint gan choinníoll i scríbhinn mar chúiteamh do dhuine lenarb iníoctha cúiteamh faoin alt seo, agus
(ii) nach nglacfaidh an duine leis an tairiscint, agus
(iii) nach mó an tsuim a dhámhfaidh an t-eadránaí oifigiúil don duine sin ná an tsuim a bheidh tairgthe amhlaidh,
ní bheidh aon ús iníoctha ar an gcúiteamh sin.
(3) Déanfar éileamh faoin alt seo ar chúiteamh a íoc a chinneadh, cheal comhaontú, trí eadráin faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, arna leasú le haon achtachán ina dhiaidh sin, díreach ar gach slí ionann is dá mba i ndáil le talamh a fháil go héigeantach a d'éirigh an t-éileamh sin, agus measfar chun na críche sin gur údarás poiblí de réir brí an Achta sin an Bord nó an Chuideachta, de réir mar is iomchuí, agus déanfar an tagairt in alt 69 (1) den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963, d'údarás pleanála a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don Bhord nó don Chuideachta, de réir mar is iomchuí.
(4) Déanfar éileamh ar chúiteamh faoin alt seo—
(a) i gcás ar mionaoiseach nó duine mímheabhrach an duine atá i dteideal an chúitimh, laistigh de thréimhse sé bliana ón dáta ar a scoirfidh an duine sin de bheith faoin míchumas sin nó ar a n-éagfaidh sé, cibé teagmhas acu sin is túisce, ach nach faide ná tríocha bliain tar éis an chumhacht iomchuí faoin Acht seo a fheidhmiú,
(b) in aon chás eile, laistigh de thréimhse sé bliana ó dháta cumhacht den sórt sin a fheidhmiú.
(5) Faoi réir míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (4) den alt seo, féadfar cúiteamh faoin alt seo a íoc le hionadaí pearsanta duine a bheidh i dteideal an chuitimh sin.
CUID IV
Bord Gáis Éireann Teoranta
An Chuideachta do dhul isteach ar thalamh.
34.—(1) Féadfaidh aon duine a bheidh ceaptha i scríbhinn ag an gCuideachta ina dhuine údaraithe chun críocha an ailt seo (is duine dá ngairtear duine údaraithe anseo feasta san alt seo) dul isteach, aon tráth réasúnach i rith na tréimhse dar tosach dáta an Achta seo a rith agus dar críoch an lá roimh an lá bunaithe, ar aon talamh chun aon chríche nó críocha díobh seo a leanas, is é sin;
(a) chun cigireacht agus suirbhéireacht a dhéanamh ar an talamh agus aon fhiafraí, fiosrú nó scrúdú a dhéanamh ansin lena fhionnadh an bhfuil nó nach bhfuil an talamh, nó ceart thar an talamh oiriúnach lena fháil le haghaidh cuspóra de chuid na Cuideachta,
(b) chun cigireacht agus suirbhéireacht a dhéanamh ar an talamh agus aon fhiosrú nó scrúdú a dhéanamh ansin is fiosrú nó scrúdú réamhghabhálach nó teagmhasach i ndáil leis an gCuideachta d'fháil na talún nó aon chirt thar an talamh le haghaidh an chuspóra sin,
(c) chun aon phíoblíne nó gaireas coimhdeach, trealamh nó ní leis an gCuideachta a iniúchadh, a chothabháil nó a dheisiú, nó a rochtain.
(2) Beidh ag duine údaraithe a rachaidh isteach ar an talamh faoin alt seo na cumhachtaí atá ag duine, is duine údaraithe chun críocha alt 26 den Acht seo, faoi fho-alt (2) den alt sin.
(3) Beidh feidhm ag fo-ailt (3), (4) agus (5) d'alt 26 den Acht seo i ndáil le dul isteach ar thalamh faoin alt seo mar atá feidhm acu i ndáil le dul isteach ar thalamh faoin alt sin 26 agus, chun éifeacht a thabhairt don méid sin roimhe seo,—
(a) déanfar gach tagairt sna fo-ailt sin do dhuine údaraithe a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do dhuine atá údaraithe chun críche an ailt seo, agus
(b) forléireofar gach fo-alt díobh sin faoi réir cibé modhnuithe eile is gá chun na críche sin.
An Chuideachta a dhísceaoileadh agus a maoin a aistriú, etc.
1895, c. 16.
35.—(1) Beidh an Chuideachta, an lá bunaithe, arna díscaoileadh de bhua an ailt seo.
(2) An mhaoin go léir, réadach nó pearsanta (lena n-áirítear ábhair i gcaingean), a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, dílsithe don Chuideachta nó dá cuid féin aici nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha don Chuideachta agus na cearta, na cumhachtaí agus na pribhléidí go léir a bhaineann nó a ghabhann le haon mhaoin den sórt sin, tiocfaidh siad chun bheith agus beidh siad, an lá bunaithe, gan aon tíolacadh ná sannadh ach faoi réir a n-aistrithe i gcás ar gá sin i leabhair aon bhainc nó corparáide nó cuideachta, dílsithe don Bhord nó dá chuid féin aige nó ar teachtadh ar iontaobhas nó faoi réir coinníollacha (de réir mar is gá sa chás) don Bhord.
(3) An mhaoin go léir a aistrítear leis an alt seo agus a bhí, díreach roimh an lá bunaithe, i leabhair aon bhainc nó a bhí cláraithe i leabhair aon bhainc, corparáide nó cuideachta in ainm na Cuideachta, aistreoidh an banc, an chorparáid nó an chuideachta í sna leabhair sin chun ainm an Bhoird ar iarratas a dhéanfaidh an Bord aon tráth an lá bunaithe nó dá éis.
(4) Gach ábhar i gcaingean a aistrítear leis an alt seo féadfaidh an Bord, an lá bunaithe nó dá éis, agairt ina leith, é a ghnóthú nó é a fheidhmiú ina ainm féin agus ní gá don Bhord fógra faoin aistriú a dhéantar leis an alt seo a thabhairt don duine a bheidh faoi cheangal ag aon ábhar i gcaingean den sórt sin.
(5) Gach fiach agus gach dliteanas eile (lena n-áirítear éileamh in aghaidh na Cuideachta ar chúiteamh faoi alt 33 den Acht seo, agus dliteanais neamhleachtaithe de dhroim tortanna nó sárú conartha) a bheidh, díreach roimh an lá bunaithe, dlite den Chuideachta agus gan íoc aici nó tabhaithe agus gan ghlanadh ag an gCuideachta tiocfaidh sé, an lá bunaithe, chun bheith agus beidh sé ina fhiach nó ina dhliteanas ar an mBord agus íocfaidh nó glanfaidh an Bord é, agus féadfar é a ghnóthú ón mBord agus a fheidhmiú in aghaidh an Bhoird dá réir sin.
(6) Gach conradh a rinneadh agus a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá bunaithe idir an Chuideachta agus aon duine leanfaidh sé i bhfeidhm an lá bunaithe agus dá éis, ach forléireofar é agus beidh éifeacht leis ionann is dá gcuirfí an Bord ann in ionad na Cuideachta agus beidh sé infheidhmithe ag an mBord nó ina aghaidh dá réir sin.
(7) I gcás a mbeidh, díreach roimh an lá bunaithe, aon imeachtaí dlí ar feitheamh ar páirtí iontu an Chuideachta, cuirfear ainm an Bhoird in ionad ainm na Cuideachta, agus ní laghdóidh na himeachtaí mar gheall ar an gcur in ionad sin.
(8) Ní bhainfidh alt 12 den Finance Act, 1895, leis an maoin nó na cearta a aistrítear leis an alt seo a dhílsiú don Bhord.
CUID V
Ilghnéitheach
An tAire Tionscail agus Tráchtála do dhul i gcomhairle leis an Aire maidir le hiarratais áirithe chuige faoi cheadúnais agus léasanna áirithe.
36.—I gcás a dtarlóidh—
(a) de bhun téarmaí agus coinníollacha ar a ndeonóidh an tAire Tionscail agus Tráchtála ceadúnas taiscealaíochta, nó
(b) de bhun coinníollacha nó comhaontú foghabhálach i léas peitriliam,
go n-iarrfar ar an Aire Tionscail agus Tráchtála pleananna a cheadú le foslach gáis nádúrtha a fhorbairt nó a shaothrú, rachaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála, sula gcinnfidh sé an t-iarratas, i gcomhairle leis an Aire.
Tairgfear gás áirithe a dhíol leis an mBord.
37.—(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, tairgfear an gás nádúrtha go léir a thabharfaidh ceadúnaí faoi cheadúnas taiscealaíochta nó léasaí léasa peitriliam i dtír sa Stát nó a gheobhaidh ceadúnaí nó léasaí den sórt sin laistigh de dhlínse an Stáit le tomhailt sa Stát a thairiscint a dhíol leis an mBord ar théarmaí réasúnacha agus déanfaidh an Bord aon ghás a thairgfear de bhun an ailt seo agus a cheannóidh an Bord a dhiúscairt lena thomhailt sa Stát mura dtabharfaidh an tAire toiliú faoi alt 8 (7) den Acht seo.
(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le gás nádúrtha a ndéanfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála—
(a) de bhun téarmaí agus coinníollacha ar a mbeidh ceadúnas taiscealaíochta deonaithe aige, nó
(b) de bhun coinníollacha nó fochomhaontú a bheidh i léas peitriliam,
a chur de cheangal, agus é ag ceadú plean le foslach gáis nádúrtha a fhorbairt nó a shaothrú, a thairiscint a dhíol le duine, seachas an Bord, chun críche tionscail a bheidh sonraithe sa cheanglas.
(3) Má bhíonn aon díospóid ann faoi réasúnacht téarmaí ar a dtairgfear gás nádúrtha a dhíol leis an mBord, de bhun ceanglais fho-alt (1) den alt seo, cinnfear an díospóid sin trí eadráin de bhun an Achta Eadrána, 1954, agus le linn díospóid den sórt sin a bheith á cinneadh ag an eadránaí ní chuirfidh sé i gcuntas costais seachas na costais gheolaíochta, geoifisiceacha nó druileála, nó costais taiscealaíochta eile is cuí a chur i leith fionnadh, dreachadh nó forbairt an fhoslaigh as a bhfaighfear an gás nádúrtha iomchuí.
Rialacháin sábháilteachta.
38.—(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dul dó i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil agus leis an mBord, cibé rialacháin is oiriúnach leis a dhéanamh lena áirithiú go mbeidh an pobal agus talamh nó maoin eile cosanta, a mhéid is féidir é, ar dhíobháil, tine, pléascadh nó contúirt eile ó ghás nádúrtha nó gás eile a tharchur ag an mBord nó ó úsáid aon gháis eile den sórt sin a riar an Bord.
(2) Aon duine a sháróidh nó nach gcomhlíonfaidh, trí ghníomh nó neamhghníomh, rialacháin faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £200 a chur air.
Ceart slí poiblí a mhúchadh.
39.—(1) Féadfaidh an Bord, le ceadú an Aire arna thabhairt tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúil, ceart slí poiblí a mhúchadh le hordú, ach déanfar ordú faoin alt seo a fhoilsiú mar a shonrófar i rialacháin a dhéanfaidh an tAire agus ní cheadóidh an tAire an t-ordú—
(a) mura mbeidh curtha faoi deara aige éisteacht ó bhéal a sheoladh agus tar éis breithniú a dhéanamh ar aon agóidí a rinneadh go cuí in aghaidh an ordaithe laistigh den tréimhse a bheidh forordaithe chun críocha an fho-ailt seo agus nár tarraingíodh siar agus ar thuarascáil an duine a sheol an éisteacht, agus
(b) mura deimhin leis gur gá an múchadh chun píoblíne nó críochfort píoblíne a dhéanamh, a chothabháil, a dheisiú nó a choimeád sábháilte nó chun píoblíne nó críochfort píoblíne a shuíomh in ionad an chéanna.
(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) den alt seo le ceart slí poiblí thar thalamh a gheobhaidh an Bord go héigeantach.
Srian le daoine seachas an Bord do dhéanamh agus d'oibriú píoblínte.
40.—(1) Ní dhéanfaidh ná ní oibreoidh duine, seachas an Bord, gan fógra réasúnach a thabhairt roimh ré don Aire, píoblíne ar thalamh, thar thalamh ná faoi dhromchla talún.
(2) I gcás a bhfaighidh an tAire fógra de bhun fho-alt (1) den alt seo, ceanglóidh an tAire an phíoblíne iomchuí a dhéanamh nó a oibriú, de réir mar is iomchuí, de réir cibé coinníollacha den sórt a luaitear in alt 8 (8) den Acht seo nó de réir coinníollacha ar aonchineál le gach ceanglas nó le haon cheanglas atá in alt 8 (9) den Acht seo, mar a mheasfaidh sé is iomchuí.
(3) I gcás a ndéanfaidh an tAire ceanglas faoi fho-alt (2) den alt seo, comhlíonfaidh an duine a dhéanfaidh nó a oibreoidh, de réir mar is iomchuí, an phíoblíne iomchuí an ceanglas.
Cosaint.
41.—(1) Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a chumasaíonn don Bhord baint in aon slí, gan toiliú an Aire Tionscail agus Tráchtála, le mianraí Stáit de réir brí an Achta Forbairte Minearál, 1940, seachas gaineamh, gairbhéal nó cré.
(2) Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a dhéanann difear d'oibriú Acht 1960 nó an Achta um an Scairbh Ilchríochach, 1968, nó a údaraíonn don Bhord gan aird a thabhairt ar aon achtachán eile nó ar aon riail dlí.
CUID VI
Leasuithe
Ní bhainfidh alt 89 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963, le píoblínte áirithe.
42.—(1) Ní bheidh feidhm ag alt 89 den Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963, maidir le déanamh nó cothabháil píoblíne lena mbaineann an t-alt seo.
(2) Baineann an t-alt seo le haon phíoblíne—
(a) a bheidh soláthraithe ag an mBord (lena húsáid ag an mBord nó ag duine eile), nó
(b) is píoblíne a mbeidh ceanglas déanta ag an Aire maidir léi faoi alt 40 (2) den Acht seo.
Leasú ar alt 72 den Acht um Chlárú Teidil, 1964.
43.—(1) Leasaítear leis seo alt 72 den Acht um Chlárú Teidil, 1964—
(a) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (h) d'fho-alt (1);
“(hh) aon chead slí is cead slí lena mbaineann an t-alt seo;”, agus
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):
“(4) Baineann an t-alt seo le haon chead slí ar thalamh, thar thalamh nó faoi dhromchla talún—
(a) a bheidh, de bhun comhaontú i scríbhinn, deonaithe do Bhord Gáis Éireann nó ag Bord Gáis Éireann, nó a bheidh, de bhun ordú fála de réir brí an Achta Gáis, 1976, deonaithe don Bhord sin, agus
(b) a mbeidh beartaithe é a úsáid, nó a úsáidtear, ag soláthar píoblíne le gás a tharchur, agus
(c) i gcás a mbeidh an cead slí deonaithe faoi chomhaontú den sórt sin, a bheidh, faoin gcomhaontú, infheidhmithe in aghaidh daoine a dhíorthaíonn teideal chun na talún faoi pháirtí sa chomhaontú.”
Leasú ar alt 1 den Acht um Breoslaí (Soláthairtí a Rialú), 1971.
44.—Leasaítear leis seo an míniú ar “breoslaí” in alt 1 den Acht um Breoslaí (Soláthairtí a Rialú), 1971, trí “ás nádúrtha,” a chur isteach roimh “ás baile,” agus tá an míniú sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TABLA |
folaíonn “reoslaí” olaí peitriliam, gual, móin, gás nádúrtha, gás baile, leictreachas agus connadh. |
AN CHEAD SCEIDEAL
BORD GAIS éIREANN
1. Beidh an Bord ina chomhlacht corpraithe agus comharbas suthain aige agus beidh cumhacht agartha aige agus beidh sé inagartha ina ainm corpraithe agus beidh cumhacht aige talamh nó cearta thar thalamh a fháil, a shealbhú agus a dhiúscairt.
2. Is iad a bheidh ar an mBord cathaoirleach agus cibé líon comhaltaí eile, nach mó ná seisear, a chinnfidh an tAire le toiliú an Aire Airgeadais.
3. Duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal faoi Bhuan-Orduithe cheachtar Tí den Oireachtas suí sa Teach sin beidh sé dícháilithe chun bheith ina chomhalta den Bhord.
4. (1) Déanfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, comhalta den Bhord a cheapadh, ó am go ham de réir mar is gá, chun bheith ina chathaoirleach ar an mBord.
(2) Beidh cathaoirleach an Bhoird i seilbh oifige go dtiocfaidh deireadh lena théarma oifige mar chomhalta den Bhord mura túisce a éagfaidh sé, a éireoidh sé as oifig an chathaoirligh nó a scoirfidh sé de bheith ina chathaoirleach faoi mhír (4) den Airteagal seo.
(3) Féadfaidh cathaoirleach an Bhoird éirí as a oifig mar chathaoirleach aon tráth trí litir a sheolfar chuig an Aire, agus glacfaidh an t-éirí-as éifeacht mura dtarraingeofar siar roimhe sin é i scríbhinn, i dtosach an chéad chruinnithe eile den Bhord a thionólfar tar éis don Aire an t-éirí-as a chur in iúl don Bhord.
(4) I gcás a scoirfidh cathaoirleach an Bhoird, i rith a théarma oifige mar chathaoirleach, de bheith ina chomhalta den Bhord, scoirfidh sé ansin freisin de bheith ina chathaoirleach ar an mBord.
(5) Is é an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a cheapfaidh gach comhalta den Bhord agus nuair a bheidh an tAire ag ceapadh comhalta den sórt sin socróidh sé téarma oifige an chomhalta sin is téarma nach faide ná cúig bliana agus, faoi réir an méid sin roimhe seo agus Airteagail 7 agus 9 (2) den Sceideal seo, sealbhóidh an comhalta sin a oifig ar cibé téarmaí agus coinníollacha a chinnfidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.
6. Íocfaidh an Bord, as airgead a bheidh faoina réir aige, le comhalta den Bhord cibé luach saothair (más ann) agus liúntais i leith caiteachais a chinnfidh an tAire le toiliú Aire na Seirbhíse Poiblí.
7. Féadfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, aon chomhalta den Bhord a chur as oifig a bheidh éirithe éagumasach, mar gheall ar easláinte, ar a dhualgais a chomhlíonadh go héifeachtach, nó a mhí-iompair é féin mar a bheidh sonraithe, nó ar dóigh leis an Aire gur gá é a chur as oifig le gur éifeachtaí a chomhlíonfaidh an Bord feidhmeanna an Bhoird.
8. Féadfaidh comhalta den Bhord éirí as a oifig mar chomhalta den sórt sin trí litir a dhíreofar chun an Aire agus glacfaidh an t-éirí-as éifeacht amhail ar an agus ón dáta a gheobhaidh an tAire an litir.
9. (1) I gcás a ndéanfar comhalta den Bhord a ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó le toghadh chun ceachtar Tí den Oireachtas, scoirfidh sé de bheith ina chomhalta den Bhord ar é do ghlacadh lena ainmniú mar chomhalta de Sheanad Éireann nó ar é a ainmniú le toghadh amhlaidh, de réir mar a bheidh.
(2) I gcás maidir le comhalta den Bhord—
(a) go mbreithneofar ina fhéimheach é nó go ndéanfaidh sé imshocraíocht nó comhshocraíocht lena chreidiúnaithe nó
(b) go scoirfidh sé de ghnáthchónaí a bheith air sa Stát, nó
(c) go dtabharfaidh cúirt dlínse inniúla breith phríosúnachta ar feadh téarma air,
scoirfidh sé air sin de bheith ina chomhalta den sórt sin.
10. Féadfar duine is cathaoirleach ar an mBord nó is comhalta den Bhord a n-éagfaidh a théarma oifige trí imeacht aimsire a athcheapadh.
11. I gcás a dtarlóidh corrfholúntas i measc comhaltaí an Bhoird, déanfaidh an tAire cibé bearta is gá chun an folúntas a líonadh a luaithe is féidir.
12. Tionólfaidh an Bord cibé cruinnithe agus cibé méid cruinnithe is gá chun a fheidhmeanna a chomhlíonadh.
13. Socróidh an tAire dáta, tráth agus ionad chéad-chruinniú an Bhoird.
14. Is é cathaoirleach an Bhoird, má bhíonn sé i láthair, a bheidh ina chathaoirleach ar chruinniú den Bhord, ach mura mbeidh cathaoirleach an Bhoird i láthair ag cruinniú nó má bhíonn oifig an chathaoirligh sin folamh, ansin déanfaidh na comhaltaí den Bhord a bheidh i láthair ag an gcruinniú duine dá líon a roghnú chun bheith ina chathaoirleach ar an gcruinniú.
15. Triúr nó cibé líon eile (nach lú ná triúr) a chinnfidh an Bord ó am go ham is córam do chruinniú den Bhord.
16. Beidh vóta ag cathaoirleach an Bhoird agus ag gach gnáthchomhalta den Bhord ag cruinniú den Bhord.
17. Is le tromlach vótaí na gcomhaltaí a bheidh i láthair a chinnfear gach ceist ag cruinniú den Bhord agus, i gcás na vótaí a bheith roinnte go cothrom, beidh vóta réitigh ag an gcathaoirleach.
18. Faoi réir Airteagal 15 den Sceideal seo, féadfaidh an Bord gníomhú d'ainneoin folúntas i measc a chomhaltaí.
19. Faoi réir forálacha an Achta seo, rialálfaidh an Bord a nós imeachta agus a ghnó.
20. Féadfaidh an Bord aon fheidhm dá chuid a chomhlíonadh trí aon duine dá chomhaltaí a bheidh údaraithe go cuí ag an mBord chuige sin.
21. Féadfaidh an Bord aon fheidhm dá chuid a chomhlíonadh trí aon duine dá oifigigh nó dá sheirbhísigh nó aon duine eile a bheidh údaraithe go cuí chuige sin ag an mBord, ach ní fhorléireofar aon ní san Airteagal seo mar ní a chumasaíonn d'aon duine aon doiciméad a fhorghníomhú faoi shéala thar ceann an Bhoird.
22. Soláthróidh an Bord, a luaithe is féidir tar éis a bhunaithe, séala dó féin.
23. Fíordheimhneofar séala an Bhoird le síniú chathaoirleach an Bhoird, nó le síniú comhalta éigin eile den Bhord a bheidh údaraithe ag an mBord gníomhú chuige sin, agus le síniú oifigigh don Bhord a bheidh údaraithe ag an mBord gníomhú chuige sin.
24. Tabharfar aird bhreithiúnach ar shéala an Bhoird agus glacfar i bhfianaise gach doiciméad a airbheartóidh gur ionstraim é a rinne an Bord agus a bheith séalaithe le séala (a airbheartóidh a bheith fíordheimhnithe de réir Airteagal 23 den Sceideal seo) an Bhoird agus measfar gurb é an ionstraim sin é gan chruthúnas, mura suífear a mhalairt.
25. (1) Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, scéim a dhéanamh chun pinsin, aiscí nó liúntais eile a dheonú do chathaoirleach agus do chomhaltaí eile an Bhoird nó ina leith, is comhaltaí ar dualgais lánaimsire a ndualgais sa cháil sin, ar scor dóibh d'oifig a shealbhú, seachas daoine ar féidir dámhachtain a dhéanamh ina leith faoi na hAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963.
(2) Féadfaidh scéim faoin Airteagal seo a fhoráil nach gcuirfidh ceapadh chathaoirleach an Bhoird nó comhalta den Bhord a fhoirceannadh i rith téarma oifige an duine sin cosc le pinsean, aisce nó liúntas eile a dhámhadh dó faoin scéim.
(3) Féadfaidh an tAire, le comhthoiliú Aire na Seirbhíse Poiblí, scéim a rinne sé faoin Airteagal seo a leasú.
(4) Má tharlaíonn aon díospóid i dtaobh éileamh aon duine ar aon phinsean, aisce nó liúntas is iníoctha de bhun scéim faoin Airteagal seo nó i dtaobh méid an chéanna, cuirfear an díospóid sin faoi bhráid an Aire agus tarchuirfidh seisean chun Aire na Seirbhíse Poiblí í agus is cinneadh críochnaitheach a chinneadhsan.
(5) Cuirfidh an Bord scéim faoin Airteagal seo i gcrích de réir a téarmaí.
(6) Gach scéim a dhéanfaidh an tAire faoin Airteagal seo leagfar í faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a déanta agus má dhéanann ceachtar Teach, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an scéim a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú na scéime, beidh an scéim ar neamhní dá réir sin, ach sin gach dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin scéim.
(7) I gcás a n-aistreofar státseirbhíseach bunaithe go cinntitheach chun an Bhoird mar chomhalta den Bhord, déanfar na sochair aoisliúntais a bheidh le deonú dó a ríomh, má ordaíonn Aire na Seirbhíse Poiblí é dá rogha féin, de réir forálacha na nAchtanna Aoisliúntas, 1834 go 1963, ionann is dá mba amhlaidh, ar feadh tréimhse a sheirbhíse mar chomhalta lánaimsire den Bhord tar éis a aistrithe, gur státseirbhíseach bunaithe é agus gur íocadh é ar feadh na tréimhse sin as airgead a sholáthraigh an tOireachtas de réir brí alt 17 den Superannuation Act, 1859.
AN DARA SCEIDEAL
ORDUITHE FALA
1. Beidh ag gabháil le gach iarratas ón mBord ar ordú fála—
(a) dréacht den ordú a bheifear a iarraidh.
(b) plean nó pleananna, sonraíochtaí agus doiciméid eile de shórt a thaispeánfaidh go soiléir suíomh agus achar na talún lena mbainfidh an t-ordú a iarrtar, cibé acu i ndáil le ceart thar an talamh nó i ndáil le haon eastát nó leas eile sa talamh é, agus i gcás a mbeartaítear an ceart sin thar an talamh nó an leas sin sa talamh nó in aon chuid de a fháil le go bhféadfar píoblíne a leagan, beidh feidhm ag na forálacha breise seo a leanas, is é sin;
(i) féadfaidh na doiciméid sin stráice talún (dá ngairtear “an mhuinchinn” san Airteagal seo) a thaispeáint a mbeartaíonn an Bord an phíoblíne a dhéanamh ann, air nó thairis,
(ii) féadfaidh na doiciméid sin na teorainneacha (dá ngairtear na “teorainneacha claonaidh” san Acht seo) a thaispeáint agus a shonrú ar leithligh agus a dhreachadh a measann an Bord gurbh fhéidir gur ghá, le linn an phíoblíne sin a sholáthar laistigh díobh í a dhéanamh lasmuigh den mhuinchinn nó oibreacha a dhéanamh lasmuigh den mhuinchinn,
(c) ráiteas a inseoidh cad é an sórt eastát nó leas sa talamh nó an ceart thar thalamh atá an Bord ag iarraidh a fháil de bhua an ordaithe, agus
(d) leabhar tagartha a shonróidh—
(i) i gcás a mbeartóidh an Bord ceart thar thalamh nó leas i gceart den sórt sin a fháil, an duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal an ceart a theachtadh, más féidir leis an mBord, ó fhiosrú réasúnach, an duine sin a fhionnadh,
(ii) i gcás a mbeartóidh an Bord aon leas i dtalamh a fháil, seachas ceart nó leas a luaitear i bhfomhír (i) den mhír seo, an duine arb é úinéir na talún é más féidir an duine sin a fhionnadh ó fhiosrú den sórt sin, agus
(iii) má bhíonn talamh sonraithe ar leithligh agus dreachta de bhun mhír (b) den Airteagal seo, an duine arb é úinéir na talún nó aon choda den talamh laistigh de na teorainneacha claonaidh é más féidir an duine sin a fhionnadh ó fhiosrú den sórt sin.
2. I gcás a ndéanfaidh an Bord iarratas ar ordú fála, féadfaidh an tAire cibé orduithe is oiriúnach leis a thabhairt maidir le foirm an phlean, leis an tsonraíocht agus leis an leabhar tagartha dá mbeidh tagairt san iarratas.
3. (1) I gcás a ndéanfaidh an Bord iarratas chun an Aire ar ordú fála, déanfaidh an Bord mar a leanas:
(a) taiscfidh sé agus coimeádfaidh sé i dtaisce, san áit nó i ngach áit de na háiteanna a cheapfaidh an tAire i ndáil leis an iarratas go ceann cibé tréimhse (is tréimhse nach giorra ná trí sheachtain) a ordóidh an tAire, cóip den dréacht-ordú, den phlean nó de na pleananna, den tsonraíocht agus den leabhar tagartha a bhí ag gabháil leis an iarratas agus a chomhlíonann aon orduithe ón Aire faoi Airteagal 2 den Sceideal seo,
(b) foilseoidh sé i cibé nuachtán nó nuachtáin a ordóidh an tAire fógra faoin iarratas a dhéanamh a inseoidh an áit nó na háiteanna a bhféadfar an t-iarratas agus na doiciméid a bheidh ag gabháil leis a iniúchadh de bhun an Sceidil seo in imeacht tréimhse a shonrófar san fhógra (arb í tréimhse í an tréimhse a ordófar amhlaidh) agus a déarfaidh freisin go bhféadfar uiríolla agus agóidí i ndáil leis an ordú fála beartaithe a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire i rith na tréimhse sin (is uiríolla agus agóidí a údaraítear leis seo a dhéanamh),
(c) tráth nach déanaí ná dhá sheachtain roimh éag don tréimhse a ordófar amhlaidh, fógra i scríbhinn ina mbeidh na sonraí a luaitear i mír (3) den Airteagal seo agus a chomhlíonann ceanglais na míre sin a sheirbheáil ar aon duine a mbeidh a ainm sonraithe sa leabhar tagartha iomchuí, seachas úinéir talún laistigh de na teorainneacha claonaidh, agus ar féidir leis an mBord a sheoladh arb é an seoladh é ag a bhfuil gnáthchónaí air, a fhionnadh ó fhiosrú reasúnach agus—
(i) i gcás a mbeartóidh an Bord ceart thar thalamh nó leas i gceart den sórt sin a fháil de bhua an ordaithe, a bhfuil teideal aige de thuras na huaire an ceart nó an leas sin a theachtadh nó arb eisean úinéir na talún a chuimsíonn an fothionóntán,
(ii) i gcás a mbeartóidh an Bord leas i dtalamh a fháil amhlaidh seachas ceart nó leas a luaitear i bhfomhír (i) den mhír seo, arb é úinéir na talún é,
(d) cuirfidh sé, tráth nach déanaí ná dhá sheachtain tar éis an éaga sin, chuig Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, chuig an Aire Tailte, chuig an Aire Rialtais Áitiúil, chuig an gCoimisiún, chuig an mBord Pleanála agus chuig aon údarás áitiúil ar ina limistéar feidhmiúchain atá an talamh lena mbaineann an t-iarratas nó atá aon chuid den talamh sin, agus chuig aon duine eile (más ann) a shonróidh an tAire maidir leis an iarratas, cóip den dréacht-ordú fála agus d'aon phlean agus d'aon doiciméad eile a cuireadh chuig an Aire i dteannta an iarratais.
(2) I gcás a mbeidh talamh sonraithe ar leithligh agus dreachta de bhun Airteagal 1 (b) den Sceideal seo, féadfaidh an Bord fógra i scríbhinn ina mbeidh na sonraí a luaitear i mír (3) den Airteagal seo agus a chomhlíonann ceanglais na míre sin a sheirbheáil, laistigh den tréimhse a luaitear i mír (1) (a) den Airteagal seo, ar aon duine dá dtagraítear sa leabhar tagartha iomchuí i ndáil leis an talamh sin.
(3) Déarfar i bhfógra dá dtagraítear i mír 1 (c) nó i mír (2) den Airteagal seo—
(a) go bhfuil iarratas déanta chun an Aire,
(i) ag iarraidh ordú fála, i gcás fógra dá dtagraítear sa mhír sin (1) (c),
(ii) á iarraidh go ndaingneofaí teorainneacha claonaidh, i gcás fógra dá dtagraítear sa mhír sin (2),
(b) go bhféadfar agóidí agus uiríolla a dhéanamh i scríbhinn chun an Aire i ndáil leis an iarratas (is agóidí agus uiríolla a údaraítear leis seo a dhéanamh),
(c) an tréimhse ar laistigh di a fhéadfar agóidí agus uiríolla den sórt sin a dhéanamh amhlaidh, agus
(d) an áit nó na háiteanna a bhféadfar, agus an tréimhse ar féidir lena linn, na doiciméid a bheidh ag gabháil leis an iarratas a iniúchadh de bhun Airteagal 4 den Sceideal seo,
agus inseoidh an fógra cá bhfuil an talamh lena mbainfeadh an dreacht-ordú dá ndéanfaí é agus lena bhfuil baint ag an duine ar a seirbheálfar an fógra.
4. I gcás a ndéanfaidh an Bord iarratas chun an Aire ar ordú fála, féadfaidh duine aon doiciméad a taisceadh de bhun Airteagal 3 (1) (a) den Sceideal seo i dteannta an iarratais a iniúchadh aon tráth réasúnach i rith na tréimhse a shonrófar i bhfógra a foilsíodh de bhun Airteagal 3 (1) (b) den Sceideal seo.
5. (1) Déanfar cibé táille (más ann) a shocróidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc leis an Aire ar gach iarratas ar ordú fála.
(2) Is in airgead a bhaileofar na táillí is iníoctha faoin Airteagal seo agus glacfar iad i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais ó am go ham, agus íocfar isteach sa Státchiste iad nó cuirfear chun tairbhe don Státchiste iad mar a ordóidh an tAire sin, agus ní bheidh feidhm ag an Public Offices Fees Act, 1879, maidir leis na táillí sin.
6. Ní foras agóid in aghaidh ordú fála a dhéanamh díospóid nó conspóid faoi mhéid an chúitimh is iníoctha ag an mBord faoin Acht seo.
7. (1) (a) I gcás a ndéanfaidh an Bord iarratas chun an Aire ar ordú fála agus i gcás a bhfaighfear agóid, ordóidh an tAire, ar an agóideoir á iarraidh air, nó féadfaidh sé a ordú gan aon duine á iarraidh air, go seolfar éisteacht ó bhéal i ndáil leis an iarratas mura dóigh leis gur agóid shuaibhreosach nó agóid chráiteach í nó gur de shórt í ar shlí eile gur féidir an t-iarratas a bhreithniú go cuí gan éisteacht den sórt sin.
(b) I gcás a n-ordóidh an tAire éisteacht ó bhéal a sheoladh i ndáil le hiarratas ón mBord ar ordú fála éigeantach, ceapfaidh sé duine chun an éisteacht sin a sheoladh agus tuarascáil a thabhairt don Aire faoin éisteacht agus beidh teideal ag an mBord agus ag gach duine a dhéanfaidh agóid nó uiríoll in aghaidh an iarratais nó i ndáil leis bheith i láthair ag an éisteacht agus éisteacht a fháil.
(2) Ní bhainfidh mír (1) den Airteagal seo le hiarratas ón mBord ar an Aire ag iarraidh ordú fála le ceart slí poiblí a mhúchadh.
(3) (a) Féadfaidh an duine a cheapfar le héisteacht faoin Airteagal seo a sheoladh finnéithe a thoghairm le láithriú ag an éisteacht agus a cheangal ar aon fhinné den sórt sin aon doiciméad i gcumhacht nó faoi rialú an fhinné sin a thabhairt ar aird ag an éisteacht.
(b) An fhianaise a thabharfar os comhair duine a cheapfar le héisteacht faoin Airteagal seo a sheoladh is faoi mhionn (agus tugtar leis seo cumhacht don duine sin daoine a chur faoi mhionn) a thabharfar í má cheanglaíonn an duine sin é agus beidh aon duine a thabharfaidh fianaise éithigh os comhair an duine sin ciontach i mionnú éithigh agus beidh sé inphionósaithe dá réir sin.
(c) Is é an duine a bheidh ceaptha le héisteacht faoin Airteagal seo a sheoladh a shíneoidh toghairm chuig finné láithriú ag an éisteacht.
(d) Beidh finné a bheidh i láthair os comhair éisteachta faoin Airteagal seo i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna a mbeadh teideal aige chucu dá mb'fhinné os comhair na hArd-Chúirte é.
(e) Má tharlaíonn i gcás aon duine—
(i) ar é a bheith toghairthe go cuí os comhair éisteachta faoin Airteagal seo agus a mhainneoidh bheith i láthair, nó
(ii) ar bheith i láthair os comhair éisteachta den sórt sin, go ndiúltóidh sé mionn a ghlacadh a cheanglófar air go dlíthiúil a ghlacadh, nó aon doiciméad ina chumhacht nó faoina rialú a thabhairt ar aird a cheanglófar air go dlíthiúil a thabhairt ar aird, nó aon cheist a fhreagairt a dhéanfaidh an duine a bheidh ag seoladh na héisteachta a cheangal air go dlíthiúil a fhreagairt, nó
(iii) a dhéanfaidh aon ní arbh éard é, dá mb'imeachtaí os comhair cúirte breithiúnais ag a mbeadh cumhacht cimithe mar gheall ar dhíspeagadh cúirte na himeachtaí, díspeagadh ar an gcúirt sin,
beidh an duine sin ciontach i gcion agus ar é chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná £100 a chur air.
8. (1) Faoi réir mhír (2) den Airteagal seo, i gcás arb amhlaidh don Aire, tar éis dó na cinn sin de na ceanglais seo a leanas is iomchuí a chomhlíonadh, is é sin, ceanglais alt 32 (5) (b) den Acht seo agus ceanglais Airteagal 7 den Sceideal seo, agus tar éis dó breithniú a dhéanamh ar aon tuarascáil a tugadh dó faoin Airteagal sin 7, nó i gcás nár tugadh aon tuarascáil den sórt sin, ar aon uiríolla a rinneadh nó ar aon agóidí nár tarraingíodh siar, gurb é a thuairim gur ceart géilleadh, go hiomlán nó go páirteach, d'iarratas ón mBord ar ordú fála, déanfaidh sé, faoi réir aon athruithe nó leasuithe is cuí leis a dhéanamh ar an iarratas, ordú fála maidir leis an gceart thar thalamh nó aon eastát nó leas eile i dtalamh a bheidh sonraithe san iarratas, nó san iarratas arna athrú nó arna leasú amhlaidh ag an Aire, agus, ach amháin a mhéid a bhaineann sé le ceart slí poiblí, déanfar an t-ordú fála—
(a) faoi réir cibé sriantachtaí (más ann) is cuí leis an Aire agus a shonróidh sé san ordú, agus
(b) faoi réir cibé téarmaí agus coinníollacha eile (más ann) is cuí leis an Aire agus a shonróidh sé amhlaidh.
(2) Ní bhainfidh an tAirteagal seo le haon talamh laistigh de na teorainneacha claonaidh ná le haon cheart thar an talamh sin.
9. I gcás arb é tuairim an Aire, tar éis dó ceanglais Airteagal 7 den Sceideal seo a chomhlíonadh agus breithniú a dhéanamh ar aon tuarascáil a tugadh dó faoin Airteagal sin 7, nó i gcás nár tugadh aon tuarascáil den sórt sin, ar aon uiríolla a rinneadh nó ar aon agóidí nár tarraingíodh siar, gur cheart na teorainneacha claonaidh a bheidh imlínithe i ndoiciméid a taisceadh faoin Sceideal seo a dhaingniú go hiomlán nó go páirteach, déanfaidh sé, faoi réir aon athruithe nó leasuithe is dóigh leis is cuí a dhéanamh ar na teorainneacha sin, na teorainneacha claonaidh a dhaingniú amhlaidh.
10. (1) Má tharlaíonn maidir le leabhar tagartha go mbeidh úinéir talún (lena n-áirítear talamh a chuimsíonn fothionóntán) nó duine a bheidh i dteideal ceart thar thalamh a theachtadh a dhlitear a bheith sa leabhar tagartha gan tagairt dó sa leabhar sin nó go bhfuil an t-ainm atá sa leabhar sin mar úinéir nó mar dhuine ag a bhfuil an teideal sin mícheart, nó go bhfuil aon talamh, nó ceart thar thalamh, a ndlitear tagairt dó a bheith sa leabhar sin gan tagairt dó sa leabhar sin nó gur tuairisc mhícheart an tuairisc atá tugtha ar aon talamh dá dtagraítear sa leabhar sin, féadfaidh an Bord a iarraidh i scríbhinn ar an Aire an leabhar tagartha a cheartú nó a leasú.
(2) I gcás a ndéanfaidh an Bord iarratas chuig an Aire faoin Airteagal seo, seirbheálfaidh an Bord ar úinéir na talún (nó, i gcás arb iomchuí é, na talún a chuimsíonn fothionóntán) nó ar an duine atá i dteideal an ceart thar thalamh a theachtadh, arb é an talamh é lena mbaineann an t-iarratas, fógra a inseoidh—
(a) go bhfuil iarratas déanta chuig an Aire faoin Airteagal seo,
(b) an ceartú nó an leasú a iarrann an Bord a dhéanfaí,
(c) go bhféadfaidh an duine, laistigh den tréimhse trí sheachtain dar tosach an lá a sheirbheálfar an fógra, uiríolla nó agóid a dhéanamh i scríbhinn chuig an Aire maidir leis an iarratas (is uiríolla nó agóid a n-údaraítear leis seo don duine sin a dhéanamh).
(3) I gcás ar deimhin leis an Aire, tar éis dó breithniú a dhéanamh aon aon uiríolla nó agóid a rinneadh go cuí faoin Airteagal seo agus nár tarraingíodh siar, gur dearmad nó neamart de chuid an Bhoird ba chúis leis an neamhthagairt, leis an míthuairisc nó leis an dearmad eile a bhí mar bhonn leis an iarratas, féadfaidh sé an leabhar tagartha lena mbaineann an t-iarratas a cheartú nó a leasú mar a iarrfaidh an Bord nó i cibé slí eile is iomchuí leis.
(4) I gcás a gceartóidh nó a leasóidh an tAire leabhar tagartha faoin Airteagal seo, ní foras ar arb incheistithe, in aon imeachtaí dlí, bailíocht an leabhair thagartha iomchuí an neamhthagairt, an mhíthuairisc nó an dearmad eile a bhí mar bhonn leis an iarratas a rinneadh faoin Airteagal seo.
11. Beidh éifeacht i ndáil le hordú fála leis na forálacha seo a leanas, is é sin;
(a) beidh san ordú cibé forálacha is dóigh leis an Aire is gá nó is fóirsteanach chun críche an ordaithe agus le héifeacht a thabhairt don ordú,
(b) gan dochar do ghinearáltacht mhír (a) den Airteagal seo féadfaidh forálacha uile Achtanna na gClásal Talún, seachas Airteagail 1, 2, 3 agus 6 den Dara Sceideal a ghabhann leis an Housing of the Working Classes Act, 1890, a bheith san ordú agus chun críche na fomhíre seo—
(i) measfar chun críocha Achtanna na gClásal Talún gurb é an Bord an Tionscnóir agus measfar gurb é an t-ordú an tAcht Speisialta, agus
(ii) chun críocha an Dara Sceideal a ghabhann leis an Housing of the Working Classes Act, 1890, measfar gurb é an Bord an t-údarás áitiúil, measfar gurb é an tAire an t-údarás daingniúcháin agus measfar gurb é an t-ordú an tAcht daingniúcháin,
(c) ní bheidh aon ábhar caingne ó thaobh dlí ná ó thaobh cothromais in aghaidh an Bhoird ná in aghaidh aon chonraitheora, oifigigh nó seirbhísigh don Bhord ar scór nó mar gheall ar aon ghníomh, ábhar nó ní arb iníoctha cúiteamh ina leith de bhua an Achta seo,
(d) féadfaidh an t-ordú a fhoráil go mbeidh an Bord, i gcás a ngníomhóidh an Bord contrártha (trí ghníomh nó neamhghníomh) d'aon fhoráil shonraithe den ordú, ciontach i gcion faoin ordú agus go ndlífear ar é a chiontú go hachomair sa chion sin cibé fíneáil (nach mó ná £100) a shonrófar san ordú i leith an chiona agus, i gcás ciona leanúnaigh, cibé fíneáil bhreise (nach mó ná £20) a shonrófar san ordú i leith an chiona in aghaidh gach lae a leanfar den chion tar éis é a chiontú ann a chur air,
(e) féadfaidh aon fhoráil (lena n-áirítear pianfhorálacha) atá in aon achtachán a bhaineann le gnóthairí gáis nó le gnóthais gháis, oiriúnaithe agus modhnaithe mar is cuí leis an Aire, a bheith san ordú,
(f) féadfaidh forálacha a bheith san ordú dá údarú don Bhord, aon tráth sula ndéanfar talamh nó ceart thar thalamh a bheidh an Bord a fháil faoin ordú a thíolacadh nó a phraghas nó cúiteamh ina leith a fhionnadh, dul isteach agus seilbh a ghlacadh ar an talamh sin agus an talamh sin a úsáid nó an ceart sin a fheidhmiú i bhfeidhmiú na gcumhachtaí a bheidh tugtha don Bhord faoin Acht seo agus, i gcás a mbeidh na forálacha sin san Ordú, beidh ann, freisin, forálacha—
(i) á cheangal ar an mBord, má théann sé isteach agus go nglacfaidh seilbh ar an talamh amhlaidh nó má fheidhmíonn sé an ceart sin, ús a íoc, de réir cibé ráta a cheapfaidh an tAire Airgeadais ó am go ham ó dháta na cumhachta sin a fheidhmiú go dtí go n-íocfar, ar mhéid an phraghais nó an chúitimh is iníoctha faoin Acht seo,
(ii) á cheangal, má bhíonn aon suim tairgthe gan coinníoll i scríbhinn ag an mBord mar chúiteamh den sórt sin don duine lenarb iníoctha an cúiteamh faoin Acht seo, agus nach nglacfaidh an duine sin leis an tairiscint, agus nach mó ná an tsuim a bheidh tairgthe amhlaidh an tsuim a dhámhfaidh an t-eadránaí maoine mar chúiteamh don duine sin, ansin nach mbeidh aon ús iníoctha ar an gcúiteamh sin in aghaidh aon tréimhse tar éis dáta na tairisceana,
(iii) á cheangal ar an mBord, má théann sé isteach agus go nglacfaidh seilbh amhlaidh ar an talamh nó má fheidhmíonn sé amhlaidh aon cheart thar thalamh, fógra i scríbhinn a thabhairt, mí ar a laghad roimh ré d'áititheoir na talún nó trí mhí ar a laghad roimh ré i gcás teach cónaí áitithe, go bhfuil sé chun dul isteach nó seilbh a ghlacadh amhlaidh ar aon talamh nó aon cheart a fheidhmiú amhlaidh,
(iv) á údarú don Bhord an fógra réamhráite a sheirbheáil ar dhuine trína chur leis an bpost réamhíoctha i gclúdach a bheidh dírithe chuig an duine ag a ghnáth-sheoladh nó ag an seoladh is déanaí is eol a bheith aige agus a mheas gur seirbheáladh an fógra ar an duine an tráth a sheachadfaí an clúdach i ngnáth-chúrsa an phoist agus nuair nach féidir seoladh an duine a fhionnadh ó fhiosrú réasúnach, á údarú don Bhord an fógra a sheirbheáil trína dhaingniú in áit fheiceálach ar an talamh, nó in aice na talún, lena mbainfidh sé agus á údarú an clúdach a dhíriú chuig an duine dá mbeidh sé beartaithe i gcás nach féidir a ainm a fhionnadh ó fhiosrú réasúnach trína dhíriú go dtí “an t-úinéir” nó “n t-áititheoir” (de réir mar is gá sa chás) gan a ainm a lua,
(g) forálfaidh an t-ordú gurb amhlaidh a bheidh, aon uair a tharlóidh faoin ordú go bhfaighidh an Bord aon talamh nó go rachaidh sé isteach agus go nglacfaidh seilbh ar aon talamh a bheidh, go haonraic nó i dteannta talún eile, faoi réir blianachta ceannaigh nó blianachta athinmheachain, íocaíochta in ionad cíosa nó suime eile is iníoctha go tréimhsiúil (nach é a bheidh ann cíos faoi chonradh tionóntachta) is iníoctha leis an gCoimisiún nó le Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn—
(i) go dtiocfaidh an Bord agus go mbeidh sé, amhail ón dáta ar a bhfaighidh sé an talamh nó a rachaidh sé isteach agus a ghlacfaidh seilbh ar an talamh, cibé dáta acu is luaithe, faoi dhliteanas cibé suim thréimhsiúil, nó cibé cuid di a chionroinnfidh an Coimisiún nó na Coimisinéirí sin (de réir mar a bheidh) ar an talamh a íoc leis an gCoimisiún nó leis na Coimisinéirí sin (de réir mar a bheidh), ionann is dá mbeadh úinéir na talún tar éis an talamh a aistriú chun an Bhoird ar an dáta sin,
(ii) go mbeidh an Bord i dteideal, más oiriúnach leis, an tsuim thréimhsiúil réamhráite sin nó an chuid réamhráite sin di a fhuascailt, agus
(iii) go mbeidh d'oibleagáid ar an mBord, má cheanglaíonn an Coimisiún nó na Coimisinéirí sin (de réir mar a bheidh) air sin a dhéanamh, an tsuim thréimhsiúil réamhráite sin nó an chuid réamhráite sin di a fhuascailt,
(h) féadfaidh an t-ordú a fhoráil go bhféadfaidh an Bord, lena chumasú dó úinéireacht aon talún a fhionnadh, fógra san fhoirm fhorordaithe a thabhairt d'aon duine arb é áititheoir na talún é, nó a fhaigheann, go díreach nó go hindíreach, cíos i leith na talún á cheangal air an sórt leas atá aige féin sa chéanna a insint i scríbhinn mar aon le hainm agus seoladh aon duine eile ar feasach dó leas a bheith aige sa chéanna, mar úinéir i bhfeo simplí, mar mhorgáistí, mar léasaí nó eile, agus a fhoráil go mbeidh aon duine a mbeidh ceangailte air ag an mBord le fógra i scríbhinn a tugadh de bhun na forála seo aon eolas a thabhairt dóibh agus a mhainneoidh an t-eolas a thabhairt nó a thabharfaidh aon eolas is feasach dó a bheith bréagach i bponc ábhartha nó a thabharfaidh go meargánta eolas a bheidh bréagach amhlaidh go mbeidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus go ndlífear, ar é a chiontú ann go hachomair, fíneáil nach mó ná £25 a chur air.
(i) féadfaidh foráil a bheith san ordú chun aon cheisteanna sonraithe a éireoidh faoi a chinneadh trí eadráin,
(j) féadfaidh cibé forálacha a bheith san ordú ar forálacha coimhdeacha nó teagmhasacha iad i ndáil le haon cheann de na hábhair réamhráite agus ar dóigh leis an Aire gur gá agus gur cuí iad.
12. An míniú ar “úinéir” in alt 2 den Acht seo beidh, maidir leis an Sceideal seo, feidhm aige faoi réir an mhodhnaithe seo a leanas, is é sin, forléireofar é agus beidh éifeacht leis i ndáil le talamh a chuimsíonn fothionóntán ionann is dá mbeadh mír (b) de scriosta.