Uimhir 28 de 1963.
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (PLEANÁIL AGUS FORBAIRT), 1963
[An tiontú oifigiúil.]
[7 Lúnasa, 1963.]
CUID I.
Réamhráiteach agus Ginearálta.
Gearrtheideal agus tosach feidhme.
1.—(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963, a ghairm den Acht seo.
(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh mar a leanas:
(a) tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh ar an Acht seo a rith,
(b) tiocfaidh ailt 86, 87 agus 88 agus fo-alt (5) d'alt 92 i ngníomh an lá a shocróidh an tAire Rialtais Áitiúil chuige sin le hordú,
(c) má dhéantar ordú faoi mhír (a) d'fho-alt (3) den alt seo, tiocfaidh an chuid eile den Acht seo i ngníomh an lá a cheapfar leis an ordú sin,
(d) mura ndéanfar ordú faoi mhír (a) d'fho-alt (3) den alt seo, tiocfaidh an chuid eile den Acht seo i ngníomh i limistéar an lá a cheapfar maidir leis an limistéar sin le hordú faoi mhír (b) den fho-alt sin.
(3) Féadfaidh an tAire Rialtais Áitiúil—
(a) lá a cheapadh le hordú mar an lá a cheapfar faoin Acht seo, nó
(b) le horduithe dhá lá éagsúla nó níos mó a cheapadh mar na laethanta a cheapfar faoin Acht seo maidir le limistéir éagsúla faoi seach.
Léiriú.
1919, c. 57.
1854, c. 103.
2.—(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—
ciallaíonn “Acht 1919” an Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919;
ciallaíonn “Acht 1934” an tAcht um Bailte agus Líomatáistí do Shíneadh Amach, 1934 (a aisghairtear leis an Acht seo);
ciallaíonn “fógrán” aon fhocal, litir, múnla, balún, eitleog, póstaer, fógra, feiste nó samhlachas a úsáidtear chun fógraíochta, craolta nó treoraithe;
ciallaíonn “déanmhas fógraíochta” aon déanmhas is clárlach, scafall, fráma, cleith, cuaille, feiste nó comhartha (soilsithe nó gan soilsiú) a úsáidtear nó a bheartaítear a úsáid chun fógráin a thaispeáint;
folaíonn “talmhaíocht” gairneoireacht, fás torthaí, fás síolta, feirmeoireacht, déiríocht, eallach stoic (lena n-áirítear aon ainmhí a choimeádtar chun bia, olann, craicne nó fionnadh a tháirgeadh, nó chun é a úsáid ag saothrú talún) a phórú agus a choimeád, talamh a úsáid mar thalamh féaraigh, mar thalamh móinéir, mar thalamh sailí, mar gharraithe margaidh agus garraithe altran, talamh a úsáid chun móna, agus talamh a úsáid mar thalamh coille nuair a ghabhann an úsáid sin le talamh a shaothrú chun críocha eile a bhaineann le talmhaíocht;
folaíonn “athrú” aon phláistéireacht nó péinteáil a dhéanann athrú ábhartha ar dhreach imeachtrach déanmhais a thugann don dreach sin a bhéith ar neamhréir le gné an déanmhais nó le gné déanmhas ina chomharsanacht;
ciallaíonn “lá ceaptha”—
(a) má cheaptar lá faoi mhír (a) d'fho-alt (3) d'alt 1 den Acht seo, an lá sin, agus
(b) mura gceapfar lá faoin mír sin, an lá a cheapfar faoi mhír (b) den fho-alt sin maidir leis an limistéar iomchuí;
tá le “rialacháin foirgníochta” an bhrí a shanntar dó le halt 86;
tá le “carrloc” an bhrí chéanna atá leis in alt 101 den Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961;
tá le “forbairt” an bhrí a shanntar dó le halt 3;
tá le “plean forbartha” an bhrí is iomchuí de réir fho-alt (9) d'alt 19;
tá le “forbairt dhíolmhaithe” an bhrí a shonraítear in alt 4;
folaíonn an briathar “taispeáint”, maidir le fógrán, greamú, inscríobh, clóbhualadh, péinteáil agus líniú ar shlí eile;
folaíonn “fál” clárlach nó déanmhas dá shamhail;
folaíonn “feidhmeanna” cumhachtaí agus dualgais;
folaíonn “talamh” aon déanmhas agus aon talamh faoi uisce (cibé acu is uisce intíre nó uisce cósta é) agus, maidir le talamh a thógáil, folaíonn sé aon leas nó ceart i dtlaamh nó thar talamh (lena n-áirítear leas nó ceart a thug an t-údarás, nó atá ar teachtadh ón údarás, a thóg an talamh);
ciallaíonn “údarás áitiúil” údarás áitiúil chun críocha an Achta Rialtais Áitiúil, 1941;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil;
ciallaíonn “baile mór neamhbhardasach” áit (nach contaebhuirg, buirg, ceantar uirbeach ná baile mór ina bhfuil an Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, i ngníomh) ar a dtugtar baile mór i dtuarascáil an daonáirimh a rinneadh sa bhliain 1956;
ciallaíonn “limistéar neamhfhóinteach” limistéar arb é atá ann talamh (dá ngairtear an príomh-thalamh sa mhíniú seo) arb é tuairim an údaráis phleanála go bhfuil sé leagtha amach go holc nó arb é a dtuairim go bhfuil an fhorbairt air éirithe neamhfhóinteach, maraon le cibé talamh eile atá teorantach leis nó in aice leis, is gá, i dtuairim an údaráis phleanála, chun an príomh-thalamh a fhorbairt nó a úsáid go sásúil;
ciallaíonn “úinéir”, maidir le talamh, duine, seachas morgáistí nach bhfuil i seilbh, a bhfuil teideal aige, ina cheart féin nó mar iontaobhaí nó gníomhaire do dhuine éigin eile, cíos forlán na talún a ghlacadh nó, mura bhfuil an talamh ligthe ar chíos forlán, a mbeadh an teideal sin aige dá mbeadh an talamh ligthe amhlaidh;
ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin a rinne an tAire;
ciallaíonn “áit phoiblí” aon sráid, bóthar, trá mhara nó áit eile a bhfuil rochtain ag an bpobal chuige de cheart nó de chead agus ar íocaíocht nó in aisce;
tá le “bóthar poiblí” an bhrí chéanna atá leis san Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961;
ciallaíonn “an clár” an clár a choimeádfar faoi alt 8;
ciallaíonn “feidhm fhorcoimeádta”—
(a) maidir le comhairle contae nó comhlacht toghaí chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1955, feidhm fhorcoimeádta chun críocha na nAchtanna um Bainistí Chontae, 1940 go 1955,
(b) maidir le bardas contae-bhuirge, feidhm fhorcoimeádta chun críocha na nAchtanna a bhaineann le bainistí na contae-bhuirge;
tá le “bóthar” an bhrí chéanna atá leis san Acht um Thrácht ar Bhóithre, 1961;
ciallaíonn “baile mór sceidealta”—
(a) aon bhaile mór a shonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, nó
(b) aon bhaile mór neamhbhardasach a shonraítear i gCuid II den Sceideal sin;
tá le “trá mhara” an bhrí atá le “tráigh mhara” san Acht Imeall Trágha, 1933.
ciallaíonn “ordú um limistéar taitneamhachta speisialta” ordú arna dhaingniú faoi alt 43;
ciallaíonn “gnóthaire reachtúil” duine atá údaraithe le reacht Briotanach nó le reacht de chuid Shaorstát Éireann nó le hAcht ón Oireachtas nó le hordú ag a bhfuil feidhm reachtúil chun iarnród, cánáil, uiscebhealach intíre, duga, cuan, gás, leictreachas, nó aon ghnóthas poiblí eile a dhéanamh, a oibriú nó a sheoladh;
ciallaíonn “déanmhas” aon fhoirgneamh, tógáil, déanmhas, tochailt nó ní eile atá foirgnithe, tógtha, nó déanta ar, in nó faoi aon talamh, nó aon chuid de dhéanmhas arna mhíniú amhlaidh, agus, i gcás ina gceadaíonn an comhthéacs é, folaíonn sé an talamh ar a bhfuil, ina bhfuil nó faoina bhfuil an déanmhas;
ciallaíonn “déanmhas neamhúdaraithe”—
(a) maidir le déanmhas i limistéar ar ritheadh rún faoi alt 26 d'Acht 1934 maidir leis, déanmhas seachas—
(i) déanmhas a bhí ann nuair a ritheadh an rún sin,
(ii) déanmhas a raibh cead ginearálta nó cead speisialta ann chuige faoin Acht sin, is cead nár cúlghaireadh,
(iii) déanmhas arbh ábhar cead forbartha a tugadh faoi alt 26 den Acht seo a fhoirgniú, a thógáil nó a dhéanamh, is cead nár cúlghaireadh, nó atá ann de dhroim forbairt dhíolmhaithe a dhéanamh an lá ceaptha nó dá éis,
(iv) déanmhas ar tugadh cead faoi alt 27 den Acht seo é a choinneáil, is cead nár cúlghaireadh.
(v) déanmhas a raibh, díreach roimh an lá ceaptha, an chosaint aige a thugann alt 15 d'Acht 1934, nó
(b) maidir le déanmhas in aon limistéar eile, déanmhas seachas—
(i) déanmhas a bhí ann i dtús an lae cheaptha, nó
(ii) déanmhas arbh ábhar cead forbartha a tugadh faoi alt 26 den Acht seo a fhoirgniú, a thógáil nó a dhéanamh, is cead nár cúlghaireadh, nó atá ann de dhroim forbairt dhíolmhaithe a dhéanamh an lá ceaptha nó dá éis;
ciallaíonn “úsáid neamhúdaraithe”, maidir le talamh, úsáid ar ar tosaíodh an lá ceaptha nó dá éis, arb athrú ábhartha an t-athrú úsáide agus ar forbairt í seachas forbairt is ábhar ceada a tugadh faoi alt 26 den Acht seo nó forbairt dhíolmhaithe;
ní fholaíonn “úsáid”, maidir le talamh, an talamh a úsáid trí aon oibreacha a dhéanamh air;
folaíonn “oibreacha” aon ghníomh nó oibríocht fhoirgníochta, tochailte, scartála, méadaithe, athraithe, deisithe nó athnuachana.
(2) San Acht seo, ciallaíonn “údarás pleanála”—
(a) i gcás contae, gan aon cheantar buirge ná ceantar uirbeach ann a áireamh, comhairle an chontae,
(b) i gcás contae-bhuirge nó buirge eile, bardas na buirge, agus
(c) i gcás ceantair uirbigh, comhairle an cheantair,
agus forléireofar dá réir sin tagairtí do limistéar an údaráis phleanála.
(3) Aon tagairt atá san Acht seo d'fhoráil a shárú folaíonn sí, nuair is iomchuí sin, tagairt do dhiúltú nó do mhainneachtain déanamh de réir na forála sin.
(4) Aon tagairt atá san Acht seo d'fheidhmeanna a chomhlíonadh, folaíonn sí, maidir le cumhachtaí, tagairt do chumhachtaí a fheidhmiú.
(5) Aon tagairt atá san Acht seo d'aon achtachán eile, déanfar, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, í a fhorléiriú mar thagairt don achtachán eile sin arna leasú le haon achtachán, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi.
(6) (a) Aon bhaile mór a shonraítear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo measfar, chun críocha an Achta seo, gurb éard atá ann an limistéar a mbeidh comhairle an chontae ina bhfuil an baile mór tar éis a dhearbhú gurb é atá ann chun na gcríocha sin.
(b) Is feidhm fhorcoimeádta aon limistéar den sórt sin a dhearbhú.
(7) I bhfo-alt (1) d'alt 22, i bhfo-alt (1) d'alt 26, i bhfo-alt (1) d'alt 27, i bhfo-alt (2) d'alt 30, i bhfo-alt (2) d'alt 31, i bhfo-alt (2) d'alt 32, i bhfo-alt (2) d'alt 33, i bhfo-alt (2) d'alt 35, i bhfo-alt (3) d'alt 36 agus i bhfo-alt (3) d'alt 37 den Acht seo—
(a) déanfar na tagairtí d'fhorálacha an phlean fhorbartha a fhorléiriú, go dtí go ndéanfar an plean sin, mar thagairtí do na forálacha is dóigh leis an údarás pleanála a bheidh sa phlean sin;
(b) déanfar na tagairtí d'fhorálacha aon ordaithe um limistéar taitneamhachta speisialta a bhaineann le limistéar an údaráis phleanála a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'aon fhorálacha is dóigh leis an údarás pleanála a bheidh in ordú um limistéar taitneamhachta speisialta a bhainfidh lena limistéar.
(8) Féadfaidh an tAire, le hordú, an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a athfhoirmiú trí chur leis nó scriosadh as, ach, i gcás ina mbeartófar aon ordú den sórt sin a dhéanamh, leagfar dréacht de faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach acu sin.
Forbairt.
3.—(1) Ciallaíonn “forbairt” san Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, aon oibreacha a dhéanamh ar thalamh, i dtalamh nó faoi thalamh nó aon éagsúlú ábhartha a dhéanamh ar úsáid aon déanmhas nó talún eile.
(2) Chun críocha fho-alt (1) den alt seo agus gan dochar dá ghinearáltacht—
(a) má dhéantar aon déanmhas nó talamh eile nó aon chrann nó ní eile ar thalamh a úsáid chun fógráin a thaispeáint, nó
(b) má úsáidtear talamh chun aon chríche acu seo a leanas:
(i) chun aon veaineanna, pubaill, nó nithe eile, bíodh siad inaistrithe nó ná bíodh agus bíodh siad infhillte nó ná bíodh, a shuíomh nó a choimeád ann chun carbhánachta nó campála nó chun earraí a dhíol,
(ii) chun carbháin nó pubaill a stóráil,
(iii) chun cabhla nó coda eile d'fheithiclí, sean-mhiotal, fuíoll tionscail, fuíoll foirgneora nó bruscar a chur ann,
measfar éagsúlú ábhartha a bheith déanta ar úsáid na talún.
(3) Chun amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo go measfar chun críocha an ailt seo i gcás úsáid mar dhá theaghais nó níos mó a dhéanamh d'aon déanmhas a úsáideadh roimhe sin mar theaghais amháin gurb ionann an úsáid sin agus éagsúlú ábhartha ar úsáid an déanmhais agus gach coda de a úsáidtear amhlaidh.
Forbairt dhíolmhaithe.
4.—(1) Is forbairtí díolmhaithe chun críocha an Achta seo na forbairtí seo a leanas:
(a) forbairt arb éard í aon talamh a úsáid chun críocha talmhaíochta nó foraoiseachta (lena n-áirítear foraoiseoireacht), agus forbairt arb éard í úsáid a dhéanamh chun aon chríche acu sin d'aon fhoirgneamh a áitítear i dteannta aon talún a úsáidtear amhlaidh;
(b) forbairt ag comhairle contae sa cheantar sláinte contae;
(c) forbairt ag bardas contae-bhuirge nó buirge eile sa bhuirg sin;
(d) forbairt ag comhairle cheantair uirbigh sa cheantar sin;
(e) forbairt arb éard í aon oibreacha a dhéanamh ag bardas contae-bhuirge nó buirge eile nó ag comhairle contae nó ceantair uirbigh is gá chun bóthar nua a dhéanamh nó bóthar a chothabháil nó a fheabhsú;
(f) forbairt arb éard í aon oibreacha a dhéanamh ag aon údarás áitiúil nó gnóthaire reachtúil chun aon séaracha, mórphíopaí, píopaí, cáblaí, iarnsreanga lasnairde, nó gaireas eile a iniúchadh, a dheisiú, a athnuachan, a athrú nó a dhíchur, lena n-áirítear aon sráid nó talamh eile a bhriseadh chun na críche sin;
(g) forbairt arb éard í oibreacha a dhéanamh chun aon déanmhas a chothabháil, a fheabhsú nó a athrú i slí eile, is oibreacha nach ndéanann difear ach don taobh istigh den déanmhas nó nach ndéanann difear ábhartha do dhreach imeachtrach an déanmhais ar shlí a thugann don dreach sin a bheith ar neamhréir le gné an déanmhais nó le gné déanmhas ina chomharsanacht;
(h) forbairt arb éard í úsáid aon déanmhais nó talún eile laistigh de chuirtealáiste tí chónaithe chun aon chríche a bhaineann le sealúchas an tí chónaithe mar theach cónaithe;
(i) forbairt arb éard í aon cheann de na hoibreacha dá dtagraítear san Acht um Míntíriú Talún, 1949, a dhéanamh.
(2) (a) Féadfaidh an tAire foráil a dhéanamh le rialacháin chun go mbeidh aon aicme áirithe forbartha ina forbairt dhíolmhaithe chun críocha an Achta seo agus féadfaidh an fhoráil sin a bheith d'éagmais nó faoi réir coinníollacha agus féadfaidh gur foráil ghinearálta í nó foráil nach mbainfidh ach le limistéar áirithe nó áit áirithe.
(b) Féadfar, go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht na míre sin roimhe seo, foráil a dhéanamh i rialacháin faoin bhfo-alt seo, i gcás déanmhais nó talamh eile a úsáidtear chun críche aon aicme sonraithe, chun úsáid an chéanna chun aon chríche eile a bheith ina forbairt dhíolmhaithe chun críocha an Achta seo.
(3) Déanfar na tagairtí atá san Acht seo d'fhorbairt dhíolmhaithe a fhorléiriú mar thagairtí d'fhorbairt arb éard í—
(a) aon cheann de na forbairtí a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, nó
(b) forbairt ar forbairt dhíolmhaithe chun críocha an Achta seo í ag féachaint d'aon rialacháin faoi fho-alt (2) den alt seo.
Tarchur chun an Aire.
5.—(1) Má éiríonn aon cheist in aon chás áirithe i dtaobh cad is forbairt nó forbairt dhíolmhaithe ann nó nach ea, tarchuirfear an cheist chun an Aire agus cinnfidh sé í.
(2) I gcás ina dtabharfar cinneadh faoin alt seo, féadfar achomharc in aghaidh an chinnte a dhéanamh chun na hArd-Chúirte tráth ar bith laistigh den tréimhse trí mhí tar éis an cinneadh a thabhairt nó cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an Ard-Chúirt in aon chás áirithe.
Cumhachtaí scrúdaithe, fiosraithe agussuirbhéireachta.
6.—(1) Beidh ag údarás pleanála na cumhachtaí sin uile maidir le scrúdú, fiosrú agus suirbhéireacht is gá le haghaidh comhlíonadh a bhfeidhmeanna maidir leis an Acht seo nó maidir le haon Acht eile faoina bhfuil acu feidhmeanna dá ndéantar difear trína bhfeidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh.
(2) Go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, forléireofar an fo-alt sin mar fho-alt a thugann cumhachtaí—
(a) chun scrúdú a dhéanamh ar acmhainneacht, ar spéisiúlacht agus ar riachtanas ó thaobh cuartaíochta;
(b) chun suirbhéireachtaí a dhéanamh ar úsáid talún,
(c) chun suirbhéireachtaí tráchta, socheolaíochta agus daoneolaíochta a dhéanamh.
Fógraí, etc., a sheirbheáil.
7.—(1) I gcás ina gceanglaítear nó ina n-údaraítear leis an Acht sin fógra i dtaobh ordaithe nó cóip d'ordú a sheirbheáil ar dhuine nó a thabhairt dó, díreofar an fógra sin chun an duine sin, agus seirbheálfar ar an duine sin é, nó tabharfar dó é, i slí éigin acu seo a leanas:
(a) i gcás ina mbeidh sé dírithe chun an duine sin faoina ainm, trína sheachadadh dó:
(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó, i gcás ina mbeidh seoladh chun seirbheála tugtha, ag an seoladh sin;
(c) trína chur leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a bheidh dírithe chuige ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó, i gcás ina mbeidh seoladh chun seirbheála tugtha, ag an seoladh sin;
(d) i gcás nach féidir a fháil amach, ó fhiosrú réasúnach, an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air agus más i dtaobh aon talún nó áitribh a cheanglaítear an fógra nó an chóip sin a thabhairt, trína sheachadadh do dhuine éigin os cionn sé bliana déag d'aois atá ina chónaí nó ar fostú ar an talamh sin nó san áitreabh sin nó trína ghreamú in áit shofheicse ar an talamh sin nó san áitreabh sin nó in aice leis.
(2) I gcás ina gceanglaítear leis an Acht seo nó le haon ordú nó rialachán arna dhéanamh faoi fógra i dtaobh ordú nó cóip d'ordú a sheirbheáil ar úinéir nó ar áititheoir aon talún nó áitribh nó a thabhairt dó agus nach féidir ainm an úinéara nó an áititheora (de réir mar a bheidh) a fháil amach ó fhiosrú réasúnach, féadfar é a dhíriú go dtí “an t-úinéir” nó “an t-áititheoir” (de réir mar is gá sa chás) gan é a ainmniú.
(3) Chun críocha an ailt seo, measfar cuideachta a cláraíodh faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1908 go 1959, a bheith ina gnáthchónaí ina hoifig chláraithe, agus measfar gach comhlacht corpraithe eile agus gach comhlacht neamhchorpraithe a bheith ina ghnáthchónaí ina phríomh-oifig nó ina phríomh-áit ghnó.
(4) I gcás ina ndéanfar fógra i dtaobh ordú nó cóip d'ordú a sheirbheáil ar dhuine nó a thabhairt dó trína ghreamú faoi mhír (d) d'fho-alt (1) den alt seo, déanfar cóip den fhógra nó den ordú a fhoilsiú laistigh de dhá sheachtain ina dhiaidh sin i nuachtán amháin ar a laghad a léitear sa limistéar deiridh arb eol cónaí a bheith ar an duine ann.
(5) Aon duine a dhéanfaidh, tráth ar bith i rith na tréimhse trí mhí tar éis fógra a ghreamú faoi mhír (d) d'fho-alt (1) den alt seo an fógra a dhíchur, a dhamáistiú nó a aghlot gan údarás dleathach, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.
(6) I gcás inar deimhin leis an Aire cúiseanna réasúnacha a bheith ann chun seirbheáil nó tabhairt fógra i dtaobh ordú nó cóip d'ordú faoin Acht seo nó faoi aon ordú nó rialachán arna dhéanamh faoi a ligean thar ceal agus nach mbeidh seirbheáil nó tabhairt an fhógra nó na cóipe a ligean thar ceal ina chúis díobhála ná éagóra féadfaidh sé seirbheáil nó tabhairt an fhógra nó na cóipe a ligean thar ceal agus beidh éifeacht de réir a bhrí ag gach ligean thar ceal den sórt sin.
(7) Féadfar ligean thar ceal faoin bhfo-alt sin roimhe seo a dhéanamh roimh an tráth nó tar éis an trátha a bheadh sé de cheangal, mura mbeadh an ligean thar ceal, an fógra nó an chóip a sheirbheáil nó a thabhairt agus roimh nó tar éis déanamh aon ghnímh a mbeadh, mura mbeadh an ligean thar ceal, seirbheáil nó tabhairt an fhógra nó na cóipe sula ndéanfaí é ag gabháil mar choinníoll lena dhéanamh.
An clár.
8.—(1) Coimeádfaidh údarás pleanála clár (dá ngairtear an clár san Acht seo) chun críocha an Achta seo maidir leis an talamh go léir laistigh dá limistéar lena mbainfidh an tAcht seo, agus déanfaidh ann na taifid agus na ceartaithe sin go léir a bheidh oiriúnach ó am go ham de réir an Achta seo agus aon rialachán arna ndéanamh faoi.
(2) Beidh sa chlár léarscáil chun a chumasú do dhuine teacht ar aon taifead sa chlár.
(3) Coimeádfar an clár in oifigí an údaráis phleanála agus beidh sé ar fáil chun a iniúchta i rith uaireanta oifige.
(4) (a) Aon doiciméad a airbheartóidh gur cóip é de thaifead sa chlár agus a mbeidh deimhnithe ag oifigeach don údarás pleanála gur cóip cheart é beidh sé ina fhianaise prima facie ar an taifead agus ní gá síniú an oifigigh sin a chruthú ná a chruthú gurbh oifigeach den sórt sin é iarbhír.
(b) Féadfar fianaise i dtaobh taifid sa chlár a thabhairt trí chóip de a bheidh deimhnithe de bhun an fho-ailt seo a thabhairt ar aird agus ní gá an clár féin a thabhairt ar aird.
(c) I gcás ina ndéanfar iarratas chun údaráis phleanála ag iarraidh cóipe faoin alt seo, eiseofar an chóip chun an iarratasóra ar é d'íoc táille deich scilling leis an údarás pleanála i leith gach taifid.
É a bheith d'oibleagáid eolas a thabhairt d'údarás pleanála.
9.—(1) Féadfaidh údarás pleanála, chun aon chríche a éireoidh maidir lena bhfeidhmeanna faoin Acht seo, trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar áititheoir aon déanmhais nó talún eile nó ar aon duine a ghlacann, dó féin nó do dhuine eile, cíos ó aon déanmhas nó talamh eile sonraí an eastáit, an leasa nó an chirt ar dá bhua a áitíonn sé an déanmhas nó an talamh eile sin nó a ghlacann sé an cíos sin (de réir mar a bheidh) agus ainm agus seoladh (chomh fada agus is eol dó iad) gach duine arb eol dó aon eastát nó leas a bheith aige sa déanmhas nó sa talamh eile sin nó aon cheart a bheith aige thar an déanmhas nó an talamh eile sin nó ina leith a chur in iúl i scríbhinn don údarás sin laistigh de thréimhse shonraithe nach giorra ná ceithre lá dhéag tar éis é sin a cheangal air.
(2) Gach duine ar a gceanglófar faoin alt seo aon ábhar nó ní a chur in iúl i scríbhinn d'údarás pleanála agus a mhainneoidh an t-ábhar nó an ní a chur in iúl laistigh den tréimhse a bheidh ceaptha faoin alt seo nó má dhéanann sé, nuair a bheidh aon ábhar nó ní den sórt sin á chur in iúl aige amhlaidh, aon ráiteas i scríbhinn is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.
Rialacháin i gcoitinne.
10.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh i dtaobh aon ábhar dá dtagraítear san Acht seo mar ábhar atá forordaithe nó le forordú nó maidir le haon ábhar dá dtagraítear san Acht seo mar ábhar do rialacháin.
(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
Aisghairm.
11.—Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.
CUID II.
Forálacha Airgeadais.
Caiteachas riaracháin an Aire.
12.—Déanfar an caiteachas faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Muirearú caiteachas údaráis phleanála is comhairle contae.
13.—Déanfar an caiteachas a bheidh faoin Acht seo ar údarás pleanála ar comhairle contae iad a mhuirearú ar an gcontae (lasmuigh de gach ceantar buirge agus ceantar uirbeach ann).
Cúnamh ó údarás pleanála i gcásanna áirithe.
14.—(1) Féadfaidh údarás pleanála cúnamh a thabhairt d'aon cheann de na comhlachtaí agus de na daoine a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo trí chúnamh in airgead nó cúnamh in earraí a thabhairt don chomhlacht nó don duine agus trí sheirbhísí nó saoráidí (lena n-áirítear seirbhísí foirne) a chur ar fáil.
(2) Is iad na comhlachtaí agus na daoine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo:
(a) comhlachas forbartha áitiúil,
(b) cuideachta faoi Achtanna na gCuideachtaí, 1908 go 1959, ar ceann dá chuspóirí taitneamhachtaí agus saoráidí a chur ar fáil in ionaid chuartaíochta agus trácht cuartaíochta sna hionaid sin nó chucu a fhorbairt,
(c) comhlacht nó duine ag a bhfuil baint, maidir le limistéar an údaráis phleanála, le saoráidí a shlánchoimeád nó a fhorbairt (lena n-áirítear fásra agus ainmhithe, foirgnimh, uachaisí, láithreáin, airíona agus nithe is ábhair spéise ó thaobh ealaíne, ailtireachta, seandálaíochta, geolaíochta nó staire a shlánchoimeád) nó le hoibreacha feabhsúcháin áitiúla (lena n-áirítear ionaid loctha) a dhéanamh nó taitneamhachtaí a chothabháil,
(d) i gcás inar comhairle contae an t-údarás pleanála, coimisinéirí baile sa chontae ina bhfuil coimisinéirí.
(3) Is feidhm fhorcoimeádta cúnamh a thabhairt faoin alt seo.
Ranníoc le haghaidh tréineála agus taighde.
15.—(1) Féadfaidh údarás pleanála, laistigh de cibé teorainneacha agus ar cibé coinníollacha a shocróidh an tAire ó am go ham, ranníoc a dhéanamh le cistí aon chomhlachta a dhéanann socrú le haghaidh tréineála agus taighde maidir le bailte móra agus réigiúin a phleanáil.
(2) Is feidhm fhorcoimeádta ranníoc a dhéanamh faoin alt seo.
Comhchaiteachais a chionroinnt.
16.—(1) Féadfaidh dhá údarás phleanála nó níos mó comhaontú, chun an costas a roinnt a bhainfidh le comhlíonadh a bhfeidhmeanna uile nó aon choda dá bhfeidhmeanna faoin Acht seo, a dhéanamh agus déanamh dá réir agus, nuair a bheidh comhaontú déanta faoin bhfo-alt seo, féadfaidh na húdaráis phleanála lena mbainfidh é a fhoirceannadh tráth ar bith má chomhaontaíonn siad air sin a dhéanamh.
(2) I gcás inar deimhin leis an Aire go mbeartaíonn údarás pleanála feidhm faoin Acht seo a chomhlíonadh ina limistéir go hiomlán nó go páirteach ar mhaithe le limistéar údaráis phleanála eile (is údarás pleanála a bhfuil a limistéar teorantach le limistéar an údarás phleanála chéadluaite) nó ar iarraidh uathu, íocfaidh an t-údarás pleanála eile costas na feidhme a chomhlíonadh a mhéid ar a gcomhaontófar idir na húdaráis nó, cheal comhaontú, mar a chinnfidh an tAire.
(3) Is feidhm fhorcoimeádta comhaontú a dhéanamh faoin alt seo.
Cumhacht chun fritháirimh.
17.—I gcás ina mbeidh suim dlite faoin Acht seo d'aon duine ó údarás pleanála agus, san am céanna, go mbeidh suim eile faoin Acht seo dlite ón duine sin don údarás sin, féadfar an chéad suim a fhritháireamh i gcoinne an dara suim go hiomlán nó go páirteach, de réir mar is iomchuí.
Suim a íoc leis an achomharcóir nó é d'íoc suime.
18.—(1) I gcás ina ndéanfar achomharc chun an Aire faoin Acht seo nó faoi aon ordú faoin Acht seo i gcoinne cinneadh ó údarás pleanála—
(a) féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis agus ar neamhspleidh le toradh an achomhairc, a ordú don údarás pleanála—
(i) cibé suim a íoc leis an achomharcóir a shonróidh an tAire, dá rogha féin, mar chúiteamh don achomharcóir sa chaiteacas a bhain dó maidir leis an achomharc.
(ii) cibé suim a íoc leis an Aire a shonróidh an tAire, dá rogha féin, mar chúiteamh dó sa chaiteachas a bhain dó maidir leis an achomharc a éisteacht;
(b) má theipeann ar an achomharc agus sa chás sin amháin féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis, a ordú don achomharcóir—
(i) cibé suim a íoc leis an údarás pleanála, a shonróidh an tAire dá rogha féin, mar chúiteamh don údarás pleanála sa chaiteachas a bhain dóibh maidir leis an achomharc,
(ii) cibé suim a íoc leis an Aire, a shonróidh an tAire dá rogha féin, mar chúiteamh dó sa chaiteachas a bhain dó maidir leis an achomharc a éisteacht.
(2) Aon suim a ordófar faoin alt seo a íoc féadfar, mura n-íocfar é, í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.
CUID III.
Pleananna Forbartha.
É a bheith d'oibleagáid plean forbartha a dhéanamh, agus a mbeidh sa phlean.
19.—(1) Déanfaidh gach údarás pleanála, laistigh den tréimhse trí bliana dar tosach an lá ceaptha (nó cibé tréimhse níos faide ná sin a cheadóidh an tAire in aon chás áirithe) plean ag sonrú cuspóirí forbartha dá limistéar.
(2) Is éard a bheidh i bplean forbartha ráiteas scríofa agus plean ag sonrú na gcuspóirí forbartha sa limistéar a bheidh i gceist, lena n-áirítear aidhmeanna—
(a) maidir le contae-bhuirgí, buirgí, ceantair uirbeacha agus bailte sceidealta—
(i) chun limistéir áirithe a úsáid go haonaránach nó go príomha (de réir mar a shonrófar sa phlean forbartha) chun críocha áirithe (cibé acu críocha cónaithe, críocha tráchtála, críocha tionscail, críocha talmhaíochta nó eile iad),
(ii) chun áis agus sábháilteacht níos fearr a áirithiú d'úsáidirí bóthair agus do choisithe trí ionaid loctha nó feabhsuithe bóthair nó eile a chur ar fáil,
(iii) chun limistéar mífhóinteach a fhorbairt agus a athnuachan,
(iv) chun taitneamhachtaí a shlánchoimeád, a fheabhsú agus a mhéadú;
(b) maidir le limistéir eile—
(i) chun limistéir mhífhóinteacha a fhorbairt agus a athnuachan,
(ii) chun taitneamhachtaí a shlánchoimeád, a fheabhsú agus a mhéadú,
(iii) chun soláthairtí uisce agus seirbhísí séarachta nua a sholáthar agus soláthairtí agus seirbhísí den sórt sin atá ann faoi láthair a mhéadú.
(3) Gan dochar don fho-alt sin roimhe seo ná d'fho-alt (5) den alt seo, féadfar na cuspóirí i leith aon cheann de na críocha a luaitear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a thaispeáint i bplean forbartha agus freisin, maidir le limistéir seachas contae-bhuirgí, buirgí, ceantair uirbeacha agus bailte sceidealta, cuspóirí chun limistéir áirithe a úsáid go haonaránach nó go príomha (de réir mar a thaispeánfar sa phlean forbartha) chun críocha áirithe (cibé acu críocha cónaithe, tráchtála, tionscail, talmhaíochta nó eile iad).
(4) I gcás ina mbeartóidh údarás pleanála aon chuspóir forbartha a chur i bplean forbartha arb ar údarás áitiúil eile a thitfeadh an fhreagracht é a chur i gcrích, ní chuirfidh an t-údarás pleanála an aidhm sin sa phlean ach amháin tar éis dul i gcomhairle leis an údarás áitiúil eile.
(5) Féadfaidh údarás pleanála—
(a) plean forbartha amháin a dhéanamh, is plean a bhainfidh le hiomlán a limistéir agus leis na fomhíreanna uile i mír (a), agus, i gcás inar iomchuí sin, le mír (b) d'fho-alt (2) den alt seo, nó
(b) dhá phlean forbartha nó níos mó a dhéanamh, arb é a bheidh i ngach ceann acu plean maidir le hiomlán a limistéir agus le ceann amháin nó níos mó de na fomhíreanna sin nó le cuid dá limistéar agus leis na fomhíreanna sin uile nó le ceann éigin amháin nó níos mó acu.
(6) (a) Is feidhm fhorcoimeádta iarratas a dhéanamh chun an Aire tréimhse níos faide den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a cheadú.
(b) I gcás ina mbeidh údarás pleanála tar éis a iarraidh ar an Aire tréimhse níos faide den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a cheadú, cuirfidh siad faoi deara fógra i dtaobh an iarratais a fhoilsiú i nuachtán amháin ar a laghad a léitear ina limistéar agus san Iris Oifigiúil.
(c) I bhfógra faoin mír sin roimhe seo—
(i) sonrófar an tréimhse níos faide a bheifear a iarraidh, agus
(ii) déarfar go ndéanfar agóidí a dhéanfar chun an Aire maidir leis an iarratas laistigh de thréimhse shonraithe nach giorra ná mí a bhreithniú sula ngéillfear don iarratas (agus breithneofar na hagóidí sin dá réir sin).
(7) Is feidhm fhorcoimeádta plean forbartha a dhéanamh nó aon athfhoirmithe a dhéanamh ar aon phlean den sórt sin.
(8) Féadfaidh forálacha a bheith i rialacháin maidir le cóipeanna clóite de phleananna forbartha agus sleachta astu a chur ar fáil lena gceannach ag an bpobal.
(9) (a) Forléireofar aon tagairt atá san Acht seo do phlean forbartha mar thagairt do phlean faoi fho-alt (1) den alt seo (faoi réir aon athfhoirmiú air).
(b) San Acht seo, ciallaíonn “an plean forbartha” an plean nó na pleananna faoi fho-alt (1) den alt seo de chuid an údaráis phleanála iomchuí (faoi réir aon athfhoirmithe air nó orthu).
É a bheith d'oibleagáid plean forbartha agus athfhoirmithe ar an bplean a athscrúdú.
20.—(1) I gcás ina mbeidh údarás pleanála tar éis plean forbartha a dhéanamh, déanfaidh siad, ó am go ham de réir mar is gá agus uair amháin ar a laghad gach cúig bliana i ndiaidh dáta déanta an phlean, an plean a athscrúdú agus aon athfhoirmithe (trí athrú, cur leis nó scriosadh as) is cuí leo a dhéanamh air.
(2) I gcás a mbeidh a n-oibleagáidí faoi alt 19 den Acht seo comhlíonta ag údarás pleanála trí dhá phlean nó níos mó a dhéanamh mar a fhoráiltear le mír (b) d'fho-alt (5) den alt sin, tosóidh na tréimhsí cúig bliana dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo ag rith ó dháta déanta an phlean dheiridh de na pleananna sin.
Fógraí i dtaobh pleananna, etc., a fhoilsiú.
21.—(1) I gcás ina mbeidh údarás pleanála tar éis dréacht de phlean forbartha beartaithe nó d'athfhoirmithe beartaithe ar phlean forbartha a ullmhú—
(a) cuirfidh siad cóipeanna de na doiciméid fhorordaithe go dtí na húdaráis fhorordaithe,
(b) cuirfidh siad faoi deara fógra i dtaobh ullmhú an dréachta a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán amháin ar a laghad a léitear ina limistéar,
(c) i gcás ina mbeidh sa dréacht aon fhoráil maidir le haon déanmhas a mbeartaítear é a shlánchoimeád mar gheall ar a spéisiúlacht ó thaobh ealaíne, staire nó ailtireachta, déanfaidh siad fógra (ina mbeidh sonraí na forála) a sheirbheáil ar úinéir agus ar áititheoir an déanmhais,
(d) i gcás ina mbeidh sa dréacht aon fhoráil maidir le ceart slí poiblí a shlánchoimeád, déanfaidh siad fógra (ina mbeidh sonraí na forála agus léarscáil ag taispeáint an chirt slí) i dtaobh ullmhú an dréachta a sheirbheáil ar úinéir agus ar áititheoir na talún.
(2) Déarfar i bhfógra faoin bhfo-alt sin roimhe seo—
(a) go bhféadfar cóip den dréacht a iniúchadh in áit a luafar agus tráthanna a luafar i rith tréimhse a luafar agus nach giorra ná trí mhí (agus coimeádfar an chóip ar fáil chun a hiniúchta dá réir sin), agus
(b) go ndéanfar agóidí nó uiríolla maidir leis an dréacht a dhéanfar chun an údaráis phleanála laistigh den tréimhse sin a bhreithniú sula ndéanfar an plean sin nó na hathfhoirmithe sin (agus déanfar aon agóidí nó uiríolla den sórt sin a bhreithniú dá réir sin), agus
(c) go bhféadfaidh aon rátíocóir a dhéanfaidh agóid maidir leis an dréacht iarratas a chur ina agóid go dtabharfar deis dó a chás a shonrú os comhair duine nó daoine arna gceapadh ag an údarás pleanála (agus tabharfar an deis sin don agóideoir sin agus breithneofar a ráiteas i dteannta a agóide),
agus i gcás fógra a sheirbheálfar de bhun mhír (d) d'fho-alt (1) den alt seo, déarfar san fhógra freisin go bhfuil foráil sa dréacht a bhaineann leis an gceart slí poiblí a shlánchoimeád agus go bhfuil ceart achomhairc chun na Cúirte Cuarda ann maidir leis an bhforáil sin.
(3) Féadfaidh duine ar bith, roimh dheireadh an lá agus fiche díreach i ndiaidh na tréimhse a déarfar de bhun mhír (a) d'fho-alt (2) den alt seo, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda i gcoinne aon fhoráil de shórt dá dtagraítear i mír (d) d'fho-alt (1) den alt seo a bheith sa phlean nó sna hathfhoirmithe a bheidh beartaithe, agus, más deimhin leis an gCúirt nach bhfuil aon cheart slí poiblí ann, dearbhóidh sí sin agus, dá réir sin, ní chuirfear isteach an fhoráil sin.
(4) I gcás ina ndéanfaidh údarás pleanála plean forbartha nó athfhoirmithe ar aon phlean den sórt sin cuirfidh siad faoi deara fógra i dtaobh sin a dhéanamh a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán amháin ar a laghad a léitear ina limistéar.
(5) Déarfar i bhfógra faoin bhfo-alt sin roimhe seo go bhfuil cóip den phlean nó de na hathfhoirmithe ar fáil chun a hiniúchta in áit a luafar agus tráthanna a luafar (agus coimeádfar an chóip ar fáil chun a hiniúchta dá réir sin).
(6) (a) Aon doiciméad a airbheartóidh gur cóip é den phlean forbartha nó de chuid de agus a mbeidh deimhnithe ag oifigeach d'údarás pleanála gur chóip cheart é, beidh sé ina fhianaise prima facie ar an bplean nó ar an gcuid, agus ní gá síniú an oifigigh sin a chruthú ná a chruthú gurbh oifigeach den sórt sin é iarbhír.
(b) Féadfar fianaise i dtaobh plean forbartha nó i dtaobh aon choda de a thabhairt trí chóip de a bheidh deimhnithe de bhun an fho-ailt seo a thabhairt ar aird agus ní gá an plean féin a thabhairt ar aird.
(c) I gcás ina ndéanfar iarratas chun údaráis phleanála ag iarraidh cóipe faoin alt seo, eiseofar an chóip chun an iarratasóra ar é d'íoc cibé táille leis an údarás pleanála a shocróidh siad agus nach mó ná an costas réasúnach a bhainfidh leis an gcóip a dhéanamh.
Dualgas ginearálta údaráis phleanála.
22.—(1) Beidh sé de dhualgas ar údarás pleanála cibé bearta a dhéanamh is gá chun na cuspóirí a bheidh i bhforálacha an phlean fhorbartha a bhaint amach.
(2) Féadfaidh an tAire a cheangal go ndéanfar pleananna forbartha dhá údarás phleanála nó níos mó a chomhoirdniú maidir le nithe agus i modh a shonróidh sé agus air sin—
(a) déanfaidh na húdaráis de réir an cheanglais, agus
(b) cinnfidh an tAire aon díospóid a éireoidh eatarthu de dhroim aon nithe a cuireadh nó a bheidh le cur i bplean forbartha.
(3) Féadfaidh an tAire a cheangal ar údarás pleanála an plean forbartha a athfhoirmiú maidir le hábhair agus i modh a shonróidh sé agus air sin beidh sé de dhualgas ar an údarás déanamh de réir an cheanglais.
(4) Beidh éifeacht ag fo-alt (3) den alt seo faoi réir an choinníll, i gcás ina ndéanfaidh an t-údarás pleanála, de thoradh aon agóid nó uiríoll a bhreithniú de bhun mhír (b) d'fho-alt (2) d'alt 21 den Acht seo, a chinneadh, le toiliú an Aire, go n-athrófar ar aon slí na hathfhoirmithe a bheidh beartaithe, féadfaidh siad na hathfhoirmithe a dhéanamh faoi réir an athraithe sin.
Foirmeacha samplacha de phleananna forbartha a ullmhú agus a fhoilsiú.
23.—Féadfaidh an tAire, de réir mar is oiriúnach leis agus nuair is oiriúnach leis, treoracha ginearálta maidir le pleananna forbartha, maraon le foirmeacha samplacha de phleananna forbartha agus d'fhorálacha agus de chlásail a chuirfear isteach de ghnáth i bpleananna den sórt sin, a ullmhú agus a fhoilsiú le haghaidh úsáide údarás pleanála agus daoine leasmhara eile agus mar threoir dóibh.
CUID IV.
Forbairt a Rialú, agus Déanmhais, etc., Áirithe a Choinneáil.
Oibleagáid ginearálta ann ceadanna a fháil.
24.—(1) Faoi réir fhorálacha an Achta seo, is gá cead a fháil faoin gCuid seo den Acht seo—
(a) i leith aon fhorbairt talún nach forbairt dhíolmhaithe ná forbairt ar ar tosaíodh roimh an lá ceaptha, agus
(b) i gcás déanmhas a bhí ann díreach roimh an lá ceaptha agus ar déanmhas neamhúdaraithe é i dtús an lae sin, chun an déanmhas a choinneáil.
(2) Ní dhéanfaidh aon duine aon fhorbairt ar gá cead a fháil lena haghaidh de réir fho-alt (1) den alt seo ach amháin faoi réim agus de réir ceada arna thabhairt faoin gCuid seo den Acht seo.
(3) Aon duine a sháróidh fo-alt (2) den alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air; agus, i gcás ciona leanúnaigh, má leantar den sárú tar éis ciontú beidh sé ciontach i gcion breise agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air in aghaidh gach lae a leanfar den sárú amhlaidh.
(4) In ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo—
(a) ní gá don ionchúiseamh a shuíomh, agus toimhdeofar go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, nárbh fhorbairt dhíolmhaithe ná forbairt ar ar tosaíodh roimh an lá ceaptha an fhorbairt a bheidh i gceist,
(b) is cosaint mhaith é má thugann an cosantóir cead ar aird a tugadh de bhun fho-alt (1) d'alt 28 den Acht seo i leith na forbartha faoina mbeifear ag gearán.
Rialacháin cheada.
25—(1) Déanfaidh an tAire le rialacháin (dá ngairtear rialacháin cheada san Acht seo) foráil i dtaobh—
(a) ceadanna a thabhairt chun talamh a fhorbairt, agus
(b) ceadanna a thabhairt chun déanmhais a bhí ann díreach roimh an lá ceaptha agus is déanmhais neamhúdaraithe an lá sin a choinneáil,
agus féadfar na ceadanna sin a thabhairt ar iarratas á iarraidh sin a dhéanfar chun an údaráis phleanála de réir fhorálacha na rialachán agus faoi réir an t-iarratasóir do chomhlíonadh aon cheanglais a bheidh sna rialacháin nó a dhéanfar dá mbun.
(2) Go sonrach agus gan dochar do ghinearáltacht an fho-ailt sin roimhe seo, féadfaidh foráil a bheith i rialacháin faoin alt seo—
(a) i dtaobh iarratas, a déarfaidh gur iarratais sracléaráide iad, ag iarraidh ceadanna forbartha faoi réir ceadú ina dhiaidh sin ag an údarás pleanála,
(b) á cheangal ar aon iarratasóirí aon fhógraí a shonrófar maidir lena n-iarratais a fhoilsiú,
(c) á cheangal ar aon iarratasóirí aon eolas a shonrófar maidir lena n-iarratais a thabhairt don Aire agus d'aon daoine eile a shonrófar,
(d) á cheangal ar aon iarratasóirí aon eolas eile a thabhairt a bhainfidh lena n-iarratais (lena n-áirítear aon eolas maidir le haon eastát nó leas i dtalamh nó aon cheart thar talamh),
(e) á cheangal go dtabharfar ar aird aon fhianaise chun aon sonraí eolais a bheidh tugtha ag aon iarratasóirí a fhíorú,
(f) á cheangal ar údaráis phleanála aon eolas a shonrófar maidir le haon iarratais agus leis an modh inar déileáladh leo a thabhairt don Aire agus do dhaoine ar bith eile a shonrófar,
(g) á cheangal ar údaráis phleanála aon fhógraí a shonrófar a fhoilsiú maidir le haon iarratais nó le haon chinnte i dtaobh iarratas.
Cead forbartha.
26.—(1) I gcás—
(a) ina ndéanfar iarratas chun údaráis phleanála de réir rialacháin cheada ag iarraidh cead chun talamh a fhorbairt nó ag iarraidh ceadú is gá faoi na rialacháin sin, agus
(b) ina gcomhlíonfar aon cheanglais a bhaineann le feidhmiú na rialachán sin nó a rinneadh fúthu,
féadfaidh an t-údarás a chinneadh an cead nó an ceadú a thabhairt faoi réir nó d'éagmais coinníollacha nó diúltú é a thabhairt; agus nuair a bheidh siad ag déileáil le haon iarratas den sórt sin ní bhreithneoidh an t-údarás pleanála ach pleanáil agus forbairt cheart limistéar an údaráis (lena n-áirítear a thaitneamhachtaí a shlánchoimeád agus a fheabhsú) agus beidh aird acu ar fhorálacha an phlean fhorbartha, ar fhorálacha aon ordaithe um limistéar taitneamhachta speisialta a bhaineann leis an limistéar sin agus ar na hábhair dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh gach coinníoll nó aon choinníoll acu seo a leanas a bheith ar na coinníollacha faoin bhfo-alt sin:
(a) coinníollacha chun rialú a dhéanamh ar fhorbairt nó úsáid aon talún atá tadhlach leis, ag teagmháil leis, nó in aice leis, an talamh atá le forbairt, agus atá ar urláimh an iarratasóra, a mhéid a fheictear don údarás pleanála gur fóirsteanach sin chun críocha na forbartha a údaraítear leis an gcead, nó maidir leis an bhforbairt sin,
(b) coinníollacha chun a cheangal go ndéanfar oibreacha (lena n-áirítear carrlocanna a chur ar fáil) is dóigh leis an údarás pleanála is gá chun críocha na forbartha a údaraítear leis an gcead,
(c) coinníollacha chun a cheangal go gcuirfear spásanna oscailte ar fáil,
(d) coinníollacha chun a cheangal go gcuirfear crainn, toir nó plandaí eile nó go ndéanfar déanmhais nó talamh eile a thírdhreachú,
(e) coinníollacha chun a cheangal go dtabharfar urrús go gcríochnófar go sásúil an fhorbairt bheartaithe (lena n-áirítear bóithre, spásanna oscailte, carrlocanna, séaracha, mórphíopaí uisce nó draenacha a chothabháil go dtí go nglacfaidh an t-údarás áitiúil iomchui faoina gcúram iad),
(f) coinníollacha chun a cheangal go soláthrófar bóithre, spásanna oscailte, carrlocanna, séaracha, mórphíopaí uisce nó draenacha de bhreis ar an méid is gá faoi láthair le haghaidh na forbartha beartaithe,
(g) coinníollacha chun a cheangal go ndéanfar ranníoc (in aon suim amháin nó ina thráthchodanna) i leith aon chaiteachais (lena n-áirítear caiteachas ag tógáil talún agus caiteachas arb éard é íocaíocht faoi fho-alt (7) den alt seo) faoina ndeachaigh aon údarás áitiúil i leith oibreacha (lena n-áirítear spásanna oscailte a chur ar fáil) a d'urasaigh an fhorbairt bheartaithe, is oibreacha a tosaíodh tráth nach luaithe ná an lú lá de Lúnasa, 1962, nó nár luaithe ná seacht mbliana roimh chead a thabhairt le haghaidh na forbartha.
(h) coinníollacha chun a cheangal go ndéanfar ranníoc (in aon suim amháin nó ina thráthchodanna) i leith aon chaiteachais (lena n-áirítear caiteachas ag tógáil talún) a bhfuil beartaithe go rachaidh aon údarás áitiúil faoi maidir le hoibreacha (lena n-áirítear spásanna oscailte a chur ar fáil) a urasóidh an fhorbairt bheartaithe, faoi réir coinníollacha ina mbeidh foráil—
(i) má tharlaíonn, laistigh de thréimhse shonraithe, go mbeifear gan tosú ar na hoibreacha beartaithe, chun go n-aisíocfar an ranníoc nó na tráthchodanna de a íocadh i rith na tréimhse sin (de réir mar is iomchuí),
(ii) má tharlaíonn, laistigh den tréimhse a dúradh, nach mbeidh ach cuid de na hoibreacha beartaithe déanta nó gur ar mhodh a bheidh siad déanta gur lú mar urasaíonn siad an fhorbairt bheartaithe, chun go n-aisíocfar cuid chomhréireach den ranníoc nó de na tráthchodanna de a íocadh i rith na tréimhse sin (de réir mar is iomchuí), agus
(iii) chun ús a íoc ar an ranníoc nó ar aon tráthchodanna de a bheidh íoctha (de réir mar is iomchuí) an fad agus sa mhéid a bheidh sé nó siad coinnithe siar gan chaitheamh ag an údarás áitiúil,
(i) coinníollacha chun a cheangal go gcomhlíonfar maidir leis an talamh aon rialacha a dhéanfaidh an t-údarás pleanála faoi fho-alt (6) den alt seo,
(j) coinníollacha chun a cheangal go ndíchuirfear aon déanmhas a údaraíodh leis an gcead, nó go scoirfear den talamh a úsáid ar aon slí a údaraíodh amhlaidh, i ndeireadh tréimhse sonraithe, agus go ndéanfar aon oibreacha is gá chun talamh a chur ina cheart arís i ndeireadh na tréimhse sin.
(3) (a) Ní chinnfidh údarás pleanála, i gcás ina ndéanfadh an fhorbairt a bheadh i gceist sárú ábhartha ar an bplean forbartha nó ar aon ordú um limistéar taitneamhachta speisialta a bhainfidh lena limistéar, cead a thabhairt faoin alt seo ach amháin le toiliu an Aire.
(b) I gcás ina ndéanfar iarratas chun an Aire ag iarraidh toiliú faoin bhfo-alt seo, féadfaidh duine ar bith a agóidí i gcoinne tabhairt an toilithe a thabhairt don Aire i scríbhinn agus, sula dtabharfaidh an tAire an toiliú, breithneoidh sé aon agóidí den sórt sin a gheobhaidh sé laistigh de lá is fiche tar éis an t-iarratas a fháil.
(4) (a) I gcás—
(i) ina ndéanfar iarratas chun údaráis phleanála de réir rialacháin cheada ag iarraidh ceada faoin alt seo nó ag iarraidh ceadaithe is gá de réir na rialachán sin,
(ii) ina gcomhlíonfar aon cheanglais a bhaineann le feidhmiú na rialachán sin nó a rinneadh fúthu, agus
(iii) nach dtabharfaidh an t-údarás pleanála fógra don iarratasóir i dtaobh a gcinnte laistigh den tréimhse iomchuí,
measfar gur chinn an t-údarás pleanála an lá deiridh den tréimhse sin an cead nó an ceadú a thabhairt.
(b) I mír (a) den fho-alt seo ciallaíonn “an tréimhse iomchuí”—
(i) i gcás an t-údarás pleanála a bheith tar éis aon fhógra nó fógraí á cheangal ar an iarratasóir aon fhógra a fhoilsiú, tuilleadh eolais a thabhairt nó fianaise a thabhairt ar aird i dtaobh an iarratais a sheirbheáil de bhun rialacháin cheada laistigh den tréimhse dhá mhí dar tosach an lá a fuair an t-údarás pleanála an t-iarratas—laistigh den tréimhse dhá mhí dar tosach an lá a rinneadh de réir an fhógra nó na bhfógraí,
(ii) i gcás ina ndéanfar iarratas chun an Aire ag iarraidh ceada faoi fho-alt (3) den alt seo— laistigh den tréimhse seacht lá dar tosach an lá a fuair an t-údarás pleanála fógra i dtaobh cinneadh an Aire,
(iii) in aon chás eile—laistigh den tréimhse dhá mhí dar tosach an lá a fuair an t-údarás pleanála an t-iarratas.
(5) (a) Féadfaidh duine ar bith, tráth ar bith roimh dheireadh na tréimhse iomchuí, achomharc a dhéanamh chun an Aire i gcoinne cinneadh údaráis phleanála faoin alt seo.
(b) I gcás ina ndéanfar achomharc faoin bhfo-alt seo i gcoinne cinneadh údaráis phleanála agus nach dtarraingeofar siar é, cinnfidh an tAire an t-iarratas ionann agus dá mba chuige féin a rinneadh é sa chéad ásc agus oibreoidh a chinneadh chun cinneadh an údaráis phleanála a neamhniú amhail ón tráth a tugadh é; agus beidh feidhm ag forálacha fho-ailt (1) agus (2) den alt seo, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, maidir leis an Aire do chinneadh iarratais ar achomharc faoin bhfo-alt seo mar atá feidhm acu maidir le húdarás pleanála do chinneadh iarratais faoin alt seo.
(c) I mír (a) den fho-alt seo ciallaíonn “an tréimhse iomchuí”—
(i) i gcás inarb é an t-achomharcóir an t-iarratasóir —an tréimhse míosa dar tosach an lá a fuair sé an cinneadh,
(ii) in aon chás eile—an tréimhse lá agus fiche dar tosach an lá a tugadh an cinneadh.
(6) Féadfaidh údarás pleanála rialacha a dhéanamh chun rialú a dhéanamh ar an modh ina ndaingneofar déanmhais fógraíochta de dhéanmhais nó de thalamh eile.
(7) I gcás ina mbeidh coinníoll dá dtagraítear i mír (f) d'fho-alt (2) den Acht seo ag gabháil le haon chead no ceadú a thabharfar faoin alt seo, déanfaidh an t-údarás áitiúil a bheidh freagrach ina gcothabháil ranníoc i leith an mhéid de an bóithre, de na spásanna oscailte, de na carrlocanna, de na séaracha, de na mórphíopaí uisce nó de na draenacha iomchuí a dhéanfar, agus is é ranníoc é cibé ranníoc ar a gcomhaontófar idir an t-údarás áitiúil sin agus an duine a dhéanfaidh na hoibreacha nó, cheal comhaontú, ranníoc a chinnfidh an tAire.
(8) Aon chinneadh a thabharfar faoin alt seo (cibé acu ar an iarratas bunaidh é nó ar achomharc) trína ndiúltófar aon chead nó ceadú a thabhairt nó trína dtabharfar cead nó ceadú faoi réir coinníollacha beidh ráiteas ann, agus san fhógra ag insint an chinnte sin, ag sonrú na gcúiseanna a bheidh leis an diúltú nó leis na coinníollacha a fhorchur.
(9) (a) Más rud é go gcinnfidh an t-údarás pleanála faoin alt seo cead nó ceadú a thabhairt—
(i) i gcás nach ndéanfar aon achomharc i gcoinne an chinnte, tabharfaidh siad an cead nó an ceadú a luaithe is féidir tar éis deireadh na tréimhse chun an t-iarratasóir do dhéanamh achomharc, nó, i gcás lena mbainfidh fo-alt (4) den alt seo, deireadh na tréimhse chun duine seachas an t-iarratasóir do dhéanamh achomhairc,
(ii) i gcás ina ndéanfar achomharc nó achomhairc i gcoinne an chinnte, ní thabharfaidh siad an cead nó an ceadú mura dtarraingeofar siar an t-achomharc nó na hachomhairc agus, sa chás sin, tabharfaidh siad an cead nó an ceadú a luaithe is féidir tar éis an tarraingt siar.
(b) I gcás ina gcinnfidh an tAire ar achomharc faoin alt seo cead nó ceadú a thabhairt, tabharfaidh sé an cead nó an ceadú a luaithe is féidir tar éis an chinnte.
(10) (a) I gcás ina dtabharfar cead nó ceadú faoin alt seo faoi réir aon cheann amháin nó níos mó de na coinníollacha dá dtagraítear i míreanna (e), (g) agus (h) d'fho-alt (2) den alt seo, ní bheidh aon éifeacht ag an gcead nó ag an gceadú agus déanfar neamhshuim de go dtí go gcomhlíonfar an coinníoll nó na coinníollacha.
(b) Ní bheidh feidhm ag mír (a) den alt seo i gcás ina gceanglóidh coinníoll dá dtagraítear i mír (g) nó (h) d'fho-alt (2) den alt seo an ranníoc a íoc ina thráthchodanna ach amháin i gcás forbairt is ábhar don chead nó don cheadú agus a dhéanfar tar éis mainneachtain maidir le tráthchuid den ranníoc a íoc.
(11) Ní bheidh teideal ag duine chun aon fhorbairt a dhéanamh de dhroim amháin cead nó ceadú faoin alt seo.
Cead chun déanmhais a choinneáil.
27.—(1) I gcás ina dtarlóidh, maidir le déanmhas a bhí ann díreach roimh an lá ceaptha agus ar déanmhas neamhúdaraithe é i dtús an lae sin—
(a) go ndéanfar iarratas chun an údaráis phleanála de réir rialacháin cheada ag iarraidh cead an déanmhas a choinneáil, agus
(b) go ndéanfar aon cheanglais a bhaineann le feidhmiú na rialachán sin nó a rinneadh fúthu a chomhlíonadh.
féadfaidh an t-údarás a chinneadh an cead a thabhairt faoi réir nó d'éagmais coinníollacha nó diúltú é a thabhairt; agus nuair a bheidh siad ag déileáil le haon iarratas den sórt sin ní bhreithneoidh an t-údarás pleanála ach pleanáil agus forbairt cheart limistéar an údaráis (lena n-áirítear a thaitneamhachtaí a shlánchoimeád agus a fheabhsú) agus beidh aird acu ar fhorálacha an phlean fhorbartha agus ar fhorálacha aon ordaithe um limistéar taitneamhachta speisialta a bhaineann leis an limistéar sin.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh gach cionníoll nó aon choinníoll acu seo a leanas a bheith ar na coinníollacha faoin bhfo-alt sin:
(a) coinníollacha chun rialú a dhéanamh ar fhorbairt nó úsáid aon talún atá tadhlach leis, ag teagmháil leis, nó in aice leis, an déanmhas, agus atá ar urláimh an iarratasóra, a mhéid a fheictear don údarás pleanála gur fóirsteanach sin chun an déanmhas a slánchoimeád nó maidir leis an slánchoimeád sin,
(b) coinníollacha chun a cheangal go ndéanfar oibreacha (lena n-áirítear carrlocanna a chur ar fáil) is dóigh leis an údarás pleanála is gá má táthar chun a cheadú an déanmhas a choinneáil,
(c) coinníollacha chun a cheangal go soláthrófar spás timpeall an déanmhais,
(d) coinníollacha chun a cheangal go gcuirfear crainn, toir nó plandaí eile nó go ndéanfar an déanmhas nó talamh eile a thírdhreachú,
(e) coinníollacha chun a cheangal go gcomhlíonfar maidir leis an déanmhas aon rialacha a dhéanfaidh an t-údarás pleanála faoi fho-alt (6) d'alt 26 den Acht seo,
(f) coinníollacha chun a cheangal go dtabharfar an déanmhas chun siúil i ndeireadh tréimhse sonraithe, agus go ndéanfar aon oibreacha is gá chun an talamh a chur ina cheart arís i ndeireadh na tréimhse sin.
(3) (a) I gcás—
(i) ina ndéanfar iarratas chun údaráis phleanála de réir rialacháin cheada ag iarraidh ceada faoin alt seo,
(ii) ina gcomhlíonfar aon cheanglais a bhaineann le feidhmiú na rialachán sin nó a rinneadh fúthu, agus
(iii) nach dtabharfaidh an t-údarás pleanála fógra don iarratasóir i dtaobh a gcinnte laistigh den tréimhse iomchuí,
measfar gur chinn an t-údarás pleanála an lá deiridh den tréimhse sin an cead a thabhairt.
(b) I mír (a) den fho-alt seo ciallaíonn “an tréimhse iomchuí”—
(i) i gcás an t-údarás pleanála a bheith tar éis aon fhógra nó fógraí á cheangal ar an iarratasóir aon fhógra a fhoilsiú, tuilleadh eolais a thabhairt nó fianaise a thabhairt ar aird i dtaobh an iarratais a sheirbheáil de bhun rialacháin cheada laistigh den tréimhse dhá mhí dar tosach an lá a fuair an t-údarás pleanála an t-iarratas—laistigh den tréimhse dhá mhí dar tosach an lá a rinneadh de réir an fhógra nó na bhfógraí,
(ii) in aon chás eile—laistigh den tréimhse dhá mhí dar tosach an lá a fuair an t-údarás pleanála an t-iarratas.
(4) (a) Féadfaidh duine ar bith, tráth ar bith roimh dheireadh na tréimhse iomchuí, achomharc a dhéanamh chun an Aire i gcoinne cinneadh údaráis phleanála faoin alt seo,
(b) I gcás ina ndéanfar achomharc faoin alt seo i gcoinne cinneadh údaráis phleanála agus nach dtarraingeofar siar é, cinnfidh an tAire an t-iarratas ionann agus dá mba chuige féin a rinneadh é sa chéad ásc agus oibreoidh a chinneadh chun cinneadh an údaráis phleanála a neamhniú amhail ón tráth a tugadh é; agus beidh feidhm ag forálacha fho-ailt (1) agus (2) den alt seo, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, maidir leis an Aire do chinneadh iarratais ar achomharc faoin bhfo-alt seo, mar atá feidhm acu maidir le húdarás pleanála do chinneadh iarratais faoin alt seo.
(c) I mír (a) den fho-alt seo ciallaíonn “an tréimhse iomchuí”—
(i) i gcás inarb é an t-achomharcóir an t-iarratasóir— an tréimhse míosa dar tosach an lá a fuair sé an cinneadh,
(ii) in aon chás eile—an tréimhse lá agus fiche dar tosach an lá a tugadh an cinneadh.
(5) Aon chinneadh a thabharfar faoin alt seo (cibé acu ar an iarratas bunaidh é nó ar achomharc) trína ndiúltófar cead a thabhairt nó trína dtabharfar é faoi réir coinníollacha, beidh ráiteas ann agus san fhógra ag insint an chinnte sin, ag sonrú na gcúiseanna a bheidh leis an diúltú nó leis na coinníollacha a fhorchur.
(6) (a) Más rud é go gcinnfidh an t-údarás pleanála faoin alt seo cead a thabhairt—
(i) i gcás nach ndéanfar aon achomharc i gcoinne an chinnte, tabharfaidh siad an cead a luaithe is féidir tar éis deireadh na tréimhse chun an t-iarratasóir do dhéanamh achomhairc, nó, i gcás lena mbainfidh fo-alt (3) den alt seo, deireadh na tréimhse chun duine seachas an t-iarratasóir do dhéanamh achomhairc,
(ii) i gcás ina ndéanfar achomharc nó achomhairc i gcoinne an chinnte, ní thabharfaidh siad an cead mura dtarraingeofar siar an t-achomharc nó na hachomhairc agus, sa chás sin, tabharfaidh siad an cead a luaithe is féidir tar éis an tarraingt siar.
(b) I gcás ina gcinnfidh an tAire ar achomharc faoin alt seo cead a thabhairt tabharfaidh sé an cead a luaithe is féidir tar éis an chinnte.
(7) Ní bheidh teideal ag duine chun aon déanmhas a choinneáil de dhroim amháin cead faoin alt seo.
Forálacha forlíontacha maidir le cead a thabhairt.
28.—(1) Folóidh an chumhacht chun cead a thabhairt chun talamh a fhorbairt faoin gCuid seo den Acht seo cumhacht chun cead a thabhairt aon déanmhais a choinneáil ar thalamh a foirgníodh, a tógadh nó a rinneadh ar an talamh nó ann nó faoi an lá ceaptha nó dá éis agus roimh dháta an iarratais, nó chun leanúint d'aon úsáid a dhéanamh de thalamh a tionscnaíodh an lá ceaptha nó dá éis agus roimh dháta an iarratais (d'éagmais ceada a tugadh faoin gCuid seo den Acht seo nó de réir cead a tugadh amhlaidh in aghaidh tréimhse teoranta amháin); agus forléireofar dá réir sin tagairtí sa Chuid seo den Acht seo do chead chun talamh a fhorbairt nó chun aon fhorbairt talún a dhéanamh agus d'iarratais ag iarraidh an cheada sin.
(2) Féadfar aon chead de shórt a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo a thabhairt ionas go mbeidh éifeacht aige amhail ón dáta a foirgníodh, a tógadh nó a rinneadh na déanmhais, nó a tionscnaíodh an úsáid, nó ó dheireadh na tréimhse sin, de réir mar a bheidh.
(3) I gcás ina mbeidh cead tugtha de bhua fho-alt (1) den alt seo chun aon déanmhais a choinneáil ar thalamh nó chun leanúint d'úsáid talún, faoi réir aon choinníll, folaíonn na tagairtí i bhfo-ailt (1) agus (3) d'alt 31 den Acht seo d'aon choinníollacha ar faoina réir a tugadh cead i leith aon fhorbartha tagairtí d'aon choinníoll den sórt sin.
(4) An chumhacht a thugtar le fo-alt (1) den alt seo is infheidhmithe í ní hé amháin i gcás ina mbeidh forbairt déanta gan chead nó inarb in aghaidh tréimhse teoranta a bheidh cead tugtha roimh ré, ach freisin chun a cheadú déanmhais a choinneáil nó leanúint d'aon úsáid a dhéanamh de thalamh gan coinníoll éigin a chomhlíonadh ar faoina réir a tugadh cead roimh ré faoin gCuid seo den Acht seo.
(5) I gcás ina dtabharfar cead faoin gCuid seo den Acht seo chun talamh a fhorbairt nó chun déanmhas a choinneáil, ansin, ach amháin a mhéid a fhorálfaidh an cead a mhalairt, rachaidh tabhairt an cheada chun tairbhe don talamh nó don déanmhas agus do gach aon duine ag a mbeidh leas ann de thuras na huaire, ach gan dochar d'fhorálacha na Coda seo den Acht seo maidir le ceadanna a tugadh fúithi a chúlghairm agus a mhodhnú.
(6) I gcás ina dtabharfar cead faoin gCuid seo den Acht seo chun déanmhas a fhoirgniú, a thógáil nó a dhéanamh, féadfaidh tabhairt an cheada na críocha a shonrú chun a bhféadfar an déanmhas a úsáid; agus mura sonrófar aon chríoch amhlaidh, forléireofar an cead mar chead a fholaíonn cead chun an déanmhas a úsáid chun na críche chun a mbeidh sé ceaptha.
(7) (a) I gcás inarb in aghaidh tréimhse teoranta amháin a thabharfar cead faoin gCuid seo den Acht seo chun talamh a fhorbairt, ní fhorléireofar aon ní sa Chuid seo den Acht seo mar ní a cheanglaíonn cead a fháil
chun atosú, i ndeireadh na tréimhse sin, ar an talamh a úsáid chun na críche chun a n-úsáidtí de ghnáth é sular tugadh an cead.
(b) Nuair a bheifear á chinneadh chun críocha an fho-ailt seo cad iad na críocha chun a n-úsáidtí talamh de ghnáth sular tugadh cead, ní thabharfar aon aird ar aon úsáid a rinneadh den talamh a tosaíodh contrártha d'fhorálacha na Coda seo den Acht seo.
É a bheith d'oibleagáid talamh a cheannach nuair a dhiúltaítear cead a thabhairt i gcásanna áirithe.
29.—(1) Má tharlaíonn, i gcás arna chinneadh ar achomharc faoin gCuid seo den Acht seo, gur diúltaíodh cead a thabhairt aon talamh a fhorbairt nó gur tugadh é faoi réir coinníollacha, ansin, má éilíonn úinéir na talún—
(a) nach féidir an talamh a úsáid go réasúnta tairbhiúil sa staid ina bhfuil sé, agus
(b) nach féidir an talamh a chur ar staid inar féidir é a úsáid go réasúnta tairbhiúil trí aon fhorbairt eile a dhéanamh a bhfuil cead tugtha ina leith faoin gCuid seo den Acht seo, nó a bhfuil geallta ag an údarás pleanala cead den sórt sin a thabhairt ina leith, agus
(c) i gcás ina ndearnadh cead chun an talamh a fhorbairt a thabhairt mar dúradh faoi réir coinníollacha, nach féidir an talamh a chur ar staid inar féidir é a úsáid go réasúnta tairbhiúil tríd an bhforbairt cheadaithe a dhéanamh de réir na gcoinníollacha sin,
féadfaidh sé, tráth ar bith laistigh den tréimhse sé mhí tar éis an chinnte (nó cibé tréimhse níos faide ná sin a cheadóidh an tAire), fógra (dá ngairtear fógra ceannaigh san alt seo) a sheirbheáil ar an údarás pleanála á cheangal ar an údarás pleanála a leas sa talamh a cheannach de réir fhorálacha an ailt seo.
(2) Déanfaidh an t-údarás pleanála ar a seirbheálfar fógra ceannaigh faoin alt seo, roimh dheireadh na tréimhse trí mhí dar tosach an dáta a seirbheáladh an fógra sin, fógra a sheirbheáil ar an úinéir a sheirbheáil an fógra ceannaigh á rá—
(a) go bhfuil an t-údarás toilteanach déanamh de réir an fhógra cheannaigh, nó
(b) nach bhfuil an t-údarás toilteanach, ar chúiseanna a shonrófar san fhógra faoin bhfo-alt seo, déanamh de réir an fhógra cheannaigh agus go bfhuil siad tar éis cóip den fhógra ceannaigh agus cóip den fhógra faoin bhfo-alt seo a chur chun an Aire.
(3) I gcás ina mbeidh an t-údarás pleanála ar ar seirbheáladh fógra ceannaigh faoin alt seo tar éis fógra de réir mhír (a) d'fho-alt (2) den alt seo a sheirbheáil ar an úinéir a sheirbheáil an fógra ceannaigh, beidh de dhualgas ar an údarás leas an úinéara a thógáil agus, chun na críche sin, beidh an éifeacht chéanna ag an bhfógra is deireanaí a luaitear a bheadh aige dá mba ordú ceannaigh éigeantach é i leith an leasa sin a rinneadh agus a daingníodh go cuí de réir cinneadh ag an údarás pleanála de bhun fho-alt (1) d'alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil (Uimh. 2), 1960.
(4) I gcás ina seirbheálfar fógra ceannaigh ar údarás pleanála faoin alt seo agus go mbeartóidh an t-údarás fógra de réir mhír (b) d'fho-alt (2) den alt seo a sheirbheáil ar an úinéir, cuirfidh siad cóip den fhógra sin agus cóip den fhógra ceannaigh chun an Aire, agus, faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo, déanfaidh an tAire, más deimhin leis gur comhlíonadh na coinníollacha a shonraítear i míreanna (a) go (c) nó i míreanna (a) agus (b) (de réir mar is iomchuí) d'fho-alt (1) den alt seo, an fógra ceannaigh a dhaingniú, agus air sin beidh de dhualgas ar an údarás pleanála leas an úinéara a thógáil, agus chun na críche sin—
(a) seirbheálfaidh an t-údarás pleanála fógra ar an úinéir á rá go bhfuil beartaithe acu déanamh de réir an fhógra cheannaigh,
(b) beidh an éifeacht chéanna ag an bhfógra a sheirbheálfar amhlaidh a bheadh aige dá mba ordú ceannaigh éigeantach i leith an leasa sin é a rinneadh agus a daingníodh go cuí de dhroim cinneadh ag an údarás pleanála de bhun fho-alt (1) d'alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil (Uimh. 2), 1960:
Ar choinníoll—
(i) má fheictear don Aire gur fóirsteanach sin a dhéanamh, go bhféadfaidh sé, in ionad an fógra ceannaigh a dhaingniú, cead a thabhairt le haghaidh na forbartha ar ina leith a rinneadh an t-iarratas nó, i gcás inar tugadh cead maidir leis an bhforbairt sin faoi réir coinníollacha, na coinníollacha a chúlghairm nó a leasú a mhéid is dóigh leis is gá chun go bhféadfar an talamh a chur ar staid ina bhféadfaí é a úsáid go réasúnta tairbhiúil tríd an bhforbairt sin a dhéanamh;
(ii) má fheictear don Aire go bhféadfaí an talamh nó aon chuid den talamh a chur ar staid ina bhféadfaí é a úsáid go réasúnta tairbhiúil laistigh d'am réasúnach trí aon fhorbairt eile ar cheart cead a thabhairt é a dhéanamh, go bhféadfaidh sé, in ionad an fógra a dhaingniú nó in ionad é a dhaingniú chomh fada agus a bhaineann sé leis an gcuid sin den talamh, de réir mar a bheidh, a ordú go dtabharfar an cead sin, faoi réir fhorálacha an Achta seo, má dhéantar iarratas chuige sin.
(5) Má tharlaíonn, laistigh den tréimhse sé mhí ó dheireadh na tréimhse a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, nó an dáta a chuirfear cóip den fhógra ceannaigh chun an Aire, cibé acu is luaithe, nach mbeidh an tAire tar éis an fógra a dhaingniú nó aon ghníomh eile a dhéanamh dá luaitear i mír (i) nó i mír (ii) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (4) den alt seo ná tar éis a chur in iúl don úinéir a sheirbheáil an fógra nach bhfuil beartaithe aige an fógra a dhaingniú, measfar an fógra a bheith daingnithe i ndeireadh na tréimhse sin, agus beidh de dhualgas ar an údarás pleanála ar ar seirbheáladh an fógra leas an úinéara a thógáil agus, chun na críche sin—
(a) seirbheálfaidh an t-údarás pleanála fógra ar an úinéir á rá go bhfuil beartaithe acu déanamh de réir an fhógra cheannaigh,
(b) beidh an éifeacht chéanna ag an bhfógra a sheirbheálfar amhlaidh a bheadh aige dá mba ordú ceannaigh éigeantach i leith an leasa sin é a rinneadh agus a daingníodh go cuí de dhroim cinneadh ag an údarás pleanála de bhun fho-alt (1) d'alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil (Uimh. 2), 1960.
(6) Má tharlaíonn, d'fhonn a chinneadh an bhfuil na coinníollacha a shonraítear i míreanna (a) go (c) nó míreanna (a) agus (b) (de réir mar is iomchuí) d'fho-alt (1) den alt seo comhlíonta maidir le haon talamh áirithe, go n-éireoidh aon cheist i dtaobh cad is úsáid réasúnta tairbhiúil ann, nó cad is úsáid réasúnta tairbhiúil ann in aon chúinsí áirithe, maidir leis an talamh sin, ansin, nuair a bheifear ag cinneadh na ceiste sin chun na críche sin, ní áireofar in aon chor aon úsáid ionchasach maidir leis an talamh sin lena ngabhfadh forbairt a dhéanamh d'aon saghas nach forbairt dhíolmhaithe.
Cead a chúlghairm agus a mhodhnú.
30.—(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, má chinneann an t-údarás pleanála gur fóirsteanach aon chead chun talamh a fhorbairt a tugadh faoin gCuid seo den Acht seo a chúlghairm nó a mhodhnú, féadfaidh siad, trí fhógra a sheirbheálfar ar úinéir agus ar áititheoir na talún a bheidh i gceist agus ar aon duine eile lena mbainfidh an chúlghairm nó an modhnú, dar leo, an cead a chúlghairm nó a mhodhnú.
(2) Nuair a bheidh an t-údarás pleanála á chinneadh, de bhun an ailt seo, ar fóirsteanach fógra a sheirbheáil faoin alt seo, ní bhreithneoidh an t-údarás pleanála ach amháin pleanáil agus forbairt cheart limistéar an údaráis (lena n-áirítear a thaitneamhachtaí a shlánchoimeád agus a fheabhsú), agus beidh aird acu ar fhorálacha an phlean fhorbartha, agus ar fhorálacha aon ordú um limistéar taitneamhachta speisialta a bhaineann leis an limistéar sin.
(3) Aon duine ar a seirbheálfar fógra faoin alt seo, féadfaidh sé, tráth ar bith roimh an lá (nach luaithe ná mí tar éis na seirbheála sin) a shonrófar chuige sin san fhógra, achomharc a dhéanamh chun an Aire i gcoinne an fhógra.
(4) I gcás ina ndéanfar achomharc faoin alt seo i gcoinne fógra, féadfaidh an tAire an fógra a dhaingniú arna mhodhnú nó gan mhodhnú nó an fógra a neamhniú, agus beidh feidhm ag forálacha fho-alt (2) den alt seo, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, maidir leis an Aire do chinneadh achomhairc faoin bhfo-alt seo mar atá feidhm acu maidir le húdarás pleanála do dhéanamh cinnte.
(5) An chumhacht a thugtar leis an alt seo chun cúlghairm nó modhnú a dhéanamh ar chead chun talamh a fhorbairt féadfar í a fheidhmiú—
(a) i gcás ina mbaineann an cead le hoibreacha a dhéanamh, tráth ar bith sula mbeifear tosaithe ar na hoibreacha sin nó, i gcás oibreacha ar a mbeifear tosaithe agus is oibreacha a dhéanann, de dhroim plean forbartha a athfhoirmiú, sárú ar an bplean sin, tráth ar bith sula mbeidh na hoibreacha sin críochnaithe,
(b) i gcás ina mbaineann an cead le hathrú ar úsáid aon talún áirithe, tráth ar bith sula mbeidh an t-athrú déanta,
ach ní bhainfidh cúlghairm nó modhnú an cheada chun oibreacha a dhéanamh leis an méid de na hoibreacha a bheidh déanta cheana féin.
(6) Beidh feidhm ag forálacha alt 29 den Acht seo maidir le fógra faoin alt seo ag cúlghairm cead chun talamh a fhorbairt nó ag modhnú aon cheada den sórt sin trí choinníollacha a fhorchur agus a dhaingneofar ar achomharc (arna mhodhnú nó gan mhodhnú) mar atá feidhm acu maidir le diúltú d'iarratas ar an gcead sin nó le géilleadh d'iarratas den sórt sin faoi réir coinníollacha, agus in aon chás den sórt sin beidh éifeacht ag an alt sin 29 faoi réir na modhnuithe seo a leanas:
(i) i mír (c) d'fho-alt (1), cuirfear “i gcás inar modhnaíodh an cead trí choinníollacha a fhorchur” in ionad “i gcás ina ndearnadh cead chun an talamh a fhorbairt a thabhairt mar a dúradh faoi réir coinníollacha”;
(ii) cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (i) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (4):
“(i) má fheictear don Aire gur fóirsteanach sin a dhéanamh, go bhféadfaidh sé, in ionad an fógra ceannaigh a dhaingniú, an fógra ag cúlghairm an cheada a chealú nó, i gcás ina ndearna an fógra modhnú ar an gcead trí choinníollacha a fhorchur, na coinníollacha sin a chúlghairm nó a leasú a mhéid is dóigh leis is gá chun go bhféadfar an talamh a chur ar staid ina bhféadfaí é a úsáid go réasúnta tairbhiúil tríd an bhforbairt ar ina leith a tugadh an cead a dhéanamh.”
(7) Luafar i bhfógra faoin alt seo na cúiseanna atá lena thabhairt agus taifeadfar sonraí ina thaobh sa chlár.
(8) Is feidhm fhorchoimeádta cead a chúlghairm nó a mhodhnú faoin alt seo.
Rialú pleanála (forbairt) a chur i bhfeidhm.
31.—(1) (a) I gcás aon fhorbairt talún nach forbairt dhíolmhaithe í ná forbairt ar ar tosaíodh roimh an lá ceaptha a dhéanamh tar éis an lae cheaptha gan an cead a bheith tugtha is gá chuige sin faoin gCuid seo den Acht seo, nó aon choinníoll a bheith gan chomhlíonadh ar faoina réir a tugadh an cead sin i leith aon fhorbartha, féadfaidh an t-údarás pleanála, laistigh de chúig bliana ón am a dhéanfar an fhorbairt sin, nó, i gcás coinníoll a bheith gan chomhlíonadh, laistigh de chúig bliana tar éis an dáta iomchuí, má chinneann siad gur fóirsteanach sin a dhéanamh, féadfaidh siad, agus déanfaidh siad má ordaíonn an tAire dóibh é, fógra faoin alt seo a sheirbheáil ar úinéir agus ar áititheoir na talún.
(b) Sa mhír sin roimhe seo ciallaíonn “an dáta iomchuí,” maidir le coinníoll, an dáta a sonraítear sa choinníoll (nó, mura sonraítear é sa choinníoll, a sonraítear trí fhógra arna sheirbheáil ag an údarás pleanála ar úinéir agus ar áititheoir na talún) gurb é an dáta is deireanaí é chun an coinníoll a chomhlíonadh.
(2) Ní bhreithneoidh an t-údarás pleanála agus iad á chinneadh ar fóirsteanach fógra a sheirbheáil faoi mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo, agus ní bhreithneoidh an tAire agus é á chinneadh a n-ordóidh sé don údarás pleanála fógra den sórt sin a sheirbheáil, ach amháin pleanáil agus forbairt cheart limistéar an údaráis (lena n-áirítear a thaitneamhachtaí a shlánchoimeád agus a fheabhsú) agus beidh aird ar fhorálacha an phlean fhorbartha, ar fhorálacha aon ordú um limistéar taitneamhachta speisialta a bhaineann leis an limistéar sin agus, i gcás neamhchomhlíonadh coinníll, ar théarmaí an cheada.
(3) Sonróidh aon fhógra a sheirbheálfar faoi mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo (dá ngairtear fógra forfheidhmiúcháin ina dhiaidh seo san alt seo) an fhorbairt a líomhnaítear a rinneadh gan an cead den sórt a dúradh a bheith tugtha nó, de réir mar a bheidh, na hábhair a líomhnaítear nár comhlíonadh ina dtaobh aon choinníoll den sórt sin a dúradh, agus féadfaidh sé a cheangal go ndéanfar cibé bearta a shonrófar san fhógra mar bhearta nach foláir a dhéanamh laistigh de cibé tréimhse a shonrófar amhlaidh chun an talamh a chur ar ais sa staid ina raibh sé sula ndearnadh an fhorbairt nó chun a áirithiú go gcomhlíonfar an coinníoll, de réir mar a bheidh; agus, go háirithe, féadfaidh aon fhógra den sórt sin a cheangal, chun na críche a dúradh, aon déanmhais a dhíchur nó a athrú nó scor de thalamh a úsáid ar aon slí, nó aon oibreacha a dhéanamh ar thalamh.
(4) Glacfaidh fógra forfheidhmiúcháin éifeacht i ndeireadh cibé tréimhse (nach giorra ná mí tar éis an fógra a sheirbheáil) a shonrófar san fhógra.
(5) Más rud é nach mbeifear, laistigh den tréimhse a sonraíodh i bhfógra forfheidhmiúcháin, nó laistigh de cibé tréimhse fhadaithe a cheadaigh an t-údarás pleanála, tar éis aon bhearta a dhéanamh a ceanglaíodh leis an bhfógra seachas scor d'aon úsáid áirithe a dhéanamh de thalamh), féadfaidh an t-údarás pleanála dul isteach ar an talamh agus na bearta sin a dhéanamh, agus féadfaidh siad aon chaiteachais faoina rachaidh siad le reasún chuige sin a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ón duine arb é úinéir na talún é an tráth sin.
(6) Aon chaiteachas faoina mbeidh úinéir nó áititheoir aon talún tar éis dul chun déanamh de réir fógra fhorfheidhmiúcháin maidir le haon fhorbairt agus aon suimeanna a bheidh úinéir aon talún tar éis a íoc faoin bhfo-alt sin roimhe seo i leith caiteachais an údaráis phleanála maidir le bearta a dhéanamh a cheangail fógra den sórt sin a dhéanamh measfar go ndeachthas fúthu nó gur íocadh iad chun úsáide agus ar iarratas an duine a rinne an fhorbairt.
(7) Féadfar fógra forfheidhmiúcháin a sheirbheáil is cuma cé acu bhí nó nach raibh ionchúiseamh ann faoi alt 24 den Acht seo maidir leis an bhforbairt iomchuí.
(8) I gcás ina bhfuil, de bhua fógra fhorfheidhmiúcháin, ceangal ann scor d'aon úsáid a dhéanamh de thalamh nó ceangal ann aon choinníoll a chomhlíonadh maidir le haon úsáid a dhéanamh de thalamh nó maidir le haon oibreacha a dhéanamh ar thalamh, ansin mura mbeidh cead chuige tugtha faoin gCuid seo den Acht seo, má dhéanann aon duine, nó má chuireann sé faoi deara nó má cheadaíonn sé, an talamh a úsáid, nó má dhéanann sé na hoibreacha sin, nó má chuireann sé faoi deara nó má cheadaíonn sé na hoibreacha sin a dhéanamh, contrártha don fhógra bheidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fineáil nach mó ná céad punt a chur air, agus má leantar den úsáid nó de dhéanamh na n-oibreacha, contrártha don fhógra, tar éis an chiontaithe, beidh sé ciontach i gcion breise agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air in aghaidh gach lae a leanfar den úsáid sin nó de na hoibreacha sin a dhéanamh.
(9) Ní fhorléireofar aon ní sa Chuid seo den Acht seo mar ní a cheanglaíonn go bhfaighfear cead fúithi chun aon talamh a úsáid ar shlí inar dhleathach é a úsáid faoin gCuid seo den Acht seo mura mbeadh go ndearnadh an fhorbairt ar ina leith a sheirbheálfar fógra forfheidhmiúcháin.
(10) Taifeadfar sa chlár sonraí fógra fhorfheidhmiúcháin.
Rialú pleanála (déanmhas a choinneáil) a chur i bhfeidhm.
32.—(1) (a) I gcás aon choinníoll ar faoina réir a tugadh aon chead chun déanmhas a choinneáil, a bheith gan chomhlíonadh féadfaidh an t-údarás pleanála, laistigh de chúig bliana tar éis an dáta iomchuí, má chinneann siad gur fóirsteanach sin a dhéanamh, fógra faoin alt seo a sheirbheáil ar úinéir agus ar áititheoir an déanmhais.
(b) Sa mhír sin roimhe seo ciallaíonn “an dáta iomchuí,” maidir le coinníoll, an dáta a sonraítear sa choinníoll (nó, mura sonraítear é sa choinníoll, a sonraítear trí fhógra arna sheirbheáil ag an údarás pleanála ar úinéir agus ar áititheoir an déanmhais) gurb é an dáta is deireanaí é chun an coinníoll a chomhlíonadh.
(2) Nuair a bheidh an t-údarás á chinneadh, de bhun an ailt seo, ar fóirsteanach fógra a sheirbheáil faoi mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo, ní bhreithneoidh siad ach amháin pleanáil agus forbairt cheart limistéar an údaráis (lena n-áirítear a thaitneamhachtaí a shlánchoimeád agus a fheabhsú) beidh aird acu ar fhorálacha an phlean fhorbartha, ar fhorálacha aon ordú um limistéar taitneamhachta speisialta a bhaineann leis an limistéar sin agus ar théarmaí aon cheada a tugadh.
(3) Sonróidh aon fhógra a sheirbheálfar faoi mhír (a) d'fho-alt (1) den alt seo (dá ngairtear fógra forfheidhmiúcháin ina dhiaidh seo san alt seo) na hábhair a líomhnaítear nár comhlíonadh ina dtaobh aon choinníoll den sórt a dúradh, agus féadfaidh sé a cheangal go ndéanfar cibé bearta a shonrófar san fhógra mar bhearta nach foláir a dhéanamh laistigh de cibé tréimhse a shonrófar chun déanamh de réir an choinníll; agus, go háirithe, féadfaidh aon fhógra den sórt sin, chun na críche a dúradh, a cheangal go ndíchuirfear an déanmhas nó a cheangal go ndéanfar gach ní nó aon ní acu seo a leanas:
(a) an déanmhas a athrú,
(b) oibreacha (lena n-áirítear carrlocanna a chur ar fáil) a dhéanamh is dóigh leis an údarás pleanála is gá má táthar chun a cheadú an déanmhas a choinneáil,
(c) spás a chur ar fáil timpeall an déanmhais,
(d) crainn, toir nó plandaí eile a chur nó an déanmhas nó an talamh eile a thírdhreachú.
(4) Glacfaidh fógra forfheidhmiúcháin éifeacht i ndeireadh cibé tréimhse (nach giorra ná mí tar éis an fógra a sheirbheáil) a shonrófar san fhógra.
(5) Más rud é nach mbeifear, laistigh den tréimhse a shonrófar i bhfógra forfheidhmiúcháin, nó laistigh de cibé tréimhse fhadaithe a cheadóidh an t-údarás pleanála, tar éis aon bhearta a dhéanamh is gá de réir an fhógra a dhéanamh, féadfaidh an t-údarás pleanála dul isteach ar an déanmhas agus na bearta sin a dhéanamh, agus féadfaidh siad aon chaiteachas faoina rachaidh siad le réasún chuige sin a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ón duine arb é úinéir an déanmhais é an tráth sin.
(6) Taifeadfar sa chlár sonraí fógra fhorfheidhmiúcháin.
Rialú pleanála (déanmhas is déanmhas neamhúdaraithe i dtús an lae cheaptha) a chur i bhfeidhm.
33.—(1) I gcás déanmhas a bhí ann díreach roimh an lá ceaptha agus ar déanmhas neamhúdaraithe é i dtús an lae sin, féadfaidh an t-údarás pleanála, tráth ar bith laistigh de chúig bliana tar éis an lae cheaptha (faoi réir an déanmhas a bheith fós féin an uair sin ina dhéanmhas neamhúdaraithe), má chinneann siad gur fóirsteanach sin a dhéanamh, agus, faoi réir fho-alt (9) den alt seo déanfaidh siad, má ordaíonn an tAire dóibh é, fógra faoi nalt seo a sheirbheáil ar úinéir agus ar áititheoir an déanmhais.
(2) Nuair a bheidh an t-údarás pleanála á chinneadh de bhun an ailt seo, ar fóirsteanach fógra a sheirbheáil faoin alt seo ní bhreithneoidh siad, agus nuair a bheidh an tAire á chinneadh a n-ordóidh sé don údarás pleanála fógra den sórt sin a sheirbheáil ní bhreithneoidh sé, ach amháin pleanáil agus forbairt cheart limistéar an údaráis (lena n-áirítear a thaitneamhachtaí a shlánchoimeád nó a fheabhsú) agus beidh aird ar fhorálacha an phlean fhorbartha agus ar fhorálacha aon ordú um limistéar taitneamhachta speisialta a bhaineann leis an limistéar sin.
(3) Féadfaidh aon fhógra a sheirbheálfar faoin alt seo (dá ngairtear fógra forfheidhmiúcháin ina dhiaidh seo san alt seo) a cheangal go ndíchuirfear an déanmhas nó go ndéanfar gach ní nó aon ní acu seo a leanas:
(a) an déanmhas a athrú,
(b) oibreacha (lena n-áirítear carrlocanna a chur ar fáil) a dhéanamh is dóigh leis an údarás pleanála is gá má táthar chun a cheadú an déanmhas a choinneáil,
(c) spás a chur ar fáil timpeall an déanmhais,
(d) crainn, toir nó plandaí eile a chur nó an déanmhas nó an talamh eile a thírdhreachú.
(4) I gcás ina seirbheálfar fógra forfheidhmiúcháin, féadfaidh duine ar bith, tráth ar bith roimh an lá (nach luaithe ná mí tar éis an fógra sin a sheirbheáil) a shonrófar chuige sin san fhógra, achomharc a dhéanamh chun an Aire i gcoinne an fhógra.
(5) I gcás ina ndéanfar achomharc faoin alt seo i gcoinne fógra, féadfaidh an tAire an fógra a dhaingniú arna mhodhnú nó gan mhodhnú nó an fógra a neamhniú, agus beidh feidhm ag forálacha fho-alt (2) den alt seo, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, maidir leis an Aire do chinneadh achomhairc faoin bhfo-alt seo mar atá feidhm acu maidir le húdarás pleanála do dhéanamh cinnte.
(6) Glacfaidh fógra faoin alt seo (seachas fógra a neamhneofar) éifeacht—
(a) mura ndéanfar aon achomharc ina choinne nó má tharraingítear siar gach achomharc ina choinne roimh éag don tréimhse chun achomharc a dhéanamh—ar éag don tréimhse chun achomharc a dhéanamh,
(b) má dhéantar achomharc nó achomhairc ina choinne agus nach dtarraingeofar siar an t-achomharc nó na hachomhairc i rith na tréimhse chun achomharc a dhéanamh—nuair a bheidh gach achomharc nach dtarraingeofar siar amhlaidh tarraingthe siar nó arna chinneadh.
(7) Más rud é nach mbeifear, laistigh den tréimhse a shonrófar i bhfógra forfheidhmiúcháin, nó de cibé tréimhse fhadaithe a cheadóidh an t-údarás pleanála, tar éis aon bhearta a dhéanamh a ceanglaíodh leis an bhfógra, féadfaidh an t-údarás pleanála dul isteach ar aon déanmhas agus na bearta sin a dhéanamh, agus féadfaidh siad aon chaiteachas faoina rachaidh siad le réasún chuige sin a ghnóthú mar fhiach chonartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ón duine arb é úinéir an déanmhais é an tráth sin.
(8) Taifeadfar sonraí fógra fhorfheidhmiúcháin sa chlár.
(9) I gcás ina mbeartóidh an tAire aon ordú den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, a thabhairt, leagfar dréacht den ordú sin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní thabharfar an t-ordú go dtí go rithfidh gach Teach acu sin rún ag ceadú an dréachta.
Dliteanas ar úinéir talún má mhainnítear ceanglais fógra fhorfheidhmiúcháin, seachas scor d'úsáid a dhéanamh de thalamh, a chomhlíonadh.
34.—(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, i gcás ina mbeifear tar éis fógra forfheidhmiúcháin (seachas fógra a neamhníodh) a sheirbheáil faoi aon cheann de na trí alt sin roimhe seo ar an duine arbh é, nuair a seirbheáladh an fógra air, úinéir na talún é lena mbaineann an fógra forfheidhmiúcháin agus go mbeifear, laistigh den tréimhse a sonraíodh san fhógra forfheidhmiúcháin nó de cibé tréimhse fhadaithe a cheadóidh an t-údarás pleanála, tar éis aon bhearta a fhágáil gan déanamh a ceanglaíodh leis an bhfógra forfheidhmiúcháin (seachas scor de thalamh a úsáid ar aon slí), beidh an duine sin ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.
(2) Má scoir duine a dtionscnófar imeachtaí ina choinne faoin alt seo tráth éigin roimh dheireadh na tréimhse sin a sonraíodh san fhógra forfheidhmiúcháin chun déanamh de réir an fhógra (nó deireadh cibé tréimhse fhadaithe a cheadóidh an t-údarás pleanála chun déanamh de réir an fhógra) de bheith ina úinéir ar an talamh, beidh aige, ar é do dhéanamh gearáin go cuí, agus ar fhógra trí lá glan ar a laghad a thabhairt don ionchúiseamh, ag insint go bhfuil sin ar a intinn aige, teideal chun a chur faoi deara an duine a ndearna úinéir na talún de an tráth sin a thabhairt os comhair na cúirte sna himeachtaí.
(3) Más rud é, tar éis é a bheith cruthaithe nach ndearnadh mar a dúradh aon bhearta áirithe a ceanglaíodh leis an bhfógra forfheidhmiúcháin, go gcruthóidh an cosantóir bunaidh gurb é mainneachtain an duine eile sin ba chúis go hiomlán nó go páirteach nach ndearnadh na bearta sin, féadfar an duine eile sin a chiontú sa chion agus, má chruthaíonn an cosantóir bunaidh freisin go ndearna sé gach beart réasúnach chun a áirithiú go ndéanfaí de réir an fhógra fhorfheidhmiúcháin, éigiontófar é maidir leis an gcion.
(4) Chun críocha fho-ailt (1) agus (2) den alt seo, maidir le duine arbh é, mura mbeadh an fo-alt seo, úinéir talún é de dhroim cíos a ghlacadh, measfar, más mar ghníomhaire do dhuine eile a ghlacann sé an cíos, nach úinéir den sórt sin é.
(5) Más rud é, tar éis duine a chiontú faoi na forálacha sin roimhe seo den alt seo, nach ndéanfaidh sé, a luaithe is indéanta sin, gach rud ar a chumas chun a áirithiú go ndéanfar de réir an fhógra fhorfheidhmiúcháin, beidh sé ciontach i gcion breise agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air in aghaidh gach lae i ndiaidh a chéadchiontaithe a bheidh aon cheann de cheanglais an fhógra fhorfheidhmiúcháin (seachas scor d'aon úsáid a dhéanamh de thalamh) gan chomhlíonadh.
(6) Má chuirtear bac nó cosc ar úinéir aon talún maidir le bearta a dhéanamh aige is gá a dhéanamh de réir fógra fhorfheidhmiúcháin faoi aon cheann de na trí alt díreach roimhe seo, beidh an duine a dhéanfaidh an bac nó an cosc ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air; agus, má leantar, i gcás ciona leanúnaigh, den bhac nó den chosc tar éis an chiontaithe, beidh sé ciontach i gcion breise agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air in aghaidh gach lae a leanfar den bhac nó den chosc.
(7) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (6) den alt seo más é áititheoir na talún an duine a dhéanfaidh an bac nó an cosc mura mbeidh an t-úinéir tar éis fógra ceithre lá dhéag ar a laghad i scríbhinn a thabhairt dó i dtaobh é a bheith ar intinn aige na bearta sin a dhéanamh.
Rialú pleanála forbairt ar ar tosaíodh agus nach bhfuil á dhéanamh de réir an cheada) a chur i bhfeidhm.
35.—(1) I gcás aon fhorbairt a údaraíodh le cead a tugadh faoin gCuid seo den Acht seo a bheith tosaithe ach nach ndearnadh í nó nach bhfuil sí á déanamh de réir an cheada sin, féadfaidh an t-údarás pleanála, más dóigh leo gur fóirsteanach sin a dhéanamh, agus déanfaidh siad má ordaíonn an tAire dóibh é, fógra a sheirbheáil faoin alt seo.
(2) Nuair a bheidh an t-údarás pleanála á chinneadh an fóirsteanach fógra a sheirbheáil faoin alt seo, ní bhreithneoidh siad, agus nuair a bheidh an tAire á chinneadh a n-ordóidh sé don údarás pleanála fógra den sórt sin a sheirbheáil ní bhreithneoidh sé, ach amháin pleanáil agus forbairt cheart limistéar an údaráis (lena n-áirítear a thaitneamhachtaí a shlánchoimeád nó a fheabhsú) agus beidh aird ar fhorálacha an phlean fhorbartha, ar fhorálacha aon ordú um limistéar taitneamhachta speisialta a bhaineann leis an limistéar sin agus ar théarmaí aon cheada a tugadh.
(3) Féadfar fógra faoin alt seo a sheirbheáil—
(a) ar an duine a thosaigh an fhorbairt, nó
(b) ar aon duine eile a rinne forbairt a údaraíodh leis an gcead nó a bhfuil forbairt den sórt sin á dhéanamh aige,
de réir mar a chinnfidh an t-údarás pleanála.
(4) Féadfaidh aon fhógra a sheirbheálfar faoin alt seo (dá ngairtear fógra forfheidhmiúcháin ina dhiaidh seo san alt seo) a cheangal go ndéanfar cibé bearta a shonrófar san fhógra laistigh de cibé tréimhse a shonrófar amhlaidh chun a áirithiú go ndéanfar an fhorbairt de réir an cheada agus, go háirithe, féadfaidh aon fhógra den sórt sin a cheangal chun na críche sin a dúradh, go ndíchuirfear nó go n-athrófar aon déanmhais, go scoirfear d'aon úsáid a dhéanamh de thalamh nó d'aon oibreacha a dhéanamh ar thalamh.
(5) Glacfaidh fógra forfheidhmiúcháin éifeacht i ndeireadh cibé tréimhse (nach lú ná mí tar éis a sheirbheála) a shonrófar san fhógra.
(6) Más rud é nach mbeifear, laistigh den tréimhse a shonrófar i bhfógra forfheidhmiúcháin nó laistigh de cibé tréimhse fhadaithe a cheadóidh an t-údarás pleanála, tar éis aon bhearta a dhéanamh a ceanglaíodh leis an bhfógra, féadfaidh an t-údarás pleanála dul isteach ar an talamh agus na bearta sin a dhéanamh, agus féadfaidh siad aon chaiteachas faoina rachaidh siad le réasún chuige sin a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ón duine ar ar seirbheáladh an fógra.
(7) I gcás ina mbeifear tar éis fógra forfheidhmiúcháin a sheirbheáil ar dhuine, agus nach mbeifear, laistigh den tréimhse a shonrófar ann, nó laistigh de cibé tréimhse fhadaithe a cheadóidh an t-údarás pleanála, tar éis aon bhearta a dhéanamh a ceanglaíodh leis an bhfógra, beidh an duine sin ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air.
(8) Más rud é, tar éis duine a chiontú faoin alt seo nach ndéanfaidh sé, a luaithe is indéanta sin, gach rud ar a chumas chun a áirithiú go ndéanfar de réir an fhógra fhorfheidhmiúcháin, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air in aghaidh gach lae tar éis a chéadchiontaithe a bheidh aon cheann de cheanglais an fhógra fhorfheidhmiúcháin gan chomhlíonadh.
(9) Taifeadfar sonraí fógra fhorfheidhmiúcháin sa chlár.
Ceanglas á cheangal déanmhas a dhíchur nó a athrú.
36.—(1) Má chinneann an t-údarás pleanála gur ceart aon déanmhas a dhíchur nó a athrú, féadfaidh an t-údarás pleanála fógra á cheangal an díchur nó an t-athrú sin, agus, i gcás díchuir, aon aischur, a dhéanamh a fheicfear don údarás pleanála a bheith oiriúnach a sheirbheáil ar úinéir agus ar áititheoir an déanmhais agus ar aon duine eile arb é a dtuairim go ndéanann an fógra difear dó.
(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le déanmhas neamhúdaraithe mura rud é—
(a) gur déanmhas é a bhí ann díreach roimh an lá ceaptha agus gur dhéanmhas neamhúdaraithe é i dtús an lae sin agus gur tar éis cúig bliana ón lá ceaptha a sheirbheálfar an fógra faoin alt seo, nó
(b) gur déanmhas é a foirgníodh, a tógadh nó a rinneadh an lá ceaptha nó dá éis agus gur tar éis cúig bliana ó dháta a fhoirgnithe, a thógtha nó a dhéanta a sheirbheálfar an fógra faoin alt seo.
(3) Nuair a bheidh an t-údarás pleanála á chinneadh de bhun an ailt seo gur ceart déanmhas a dhíchur nó a athrú, ní bhreithneoidh siad ach pleanáil agus forbairt cheart limistéar an údaráis (lena n-áirítear a thaitneamhachtaí a shlánchoimeád nó a fheabhsú) agus beidh aird acu ar fhorálacha an phlean fhorbartha agus ar fhorálacha aon ordú um limistéar taitneamhachta speisialta a bhaineann leis an limistéar.
(4) I gcás ina seirbheálfar fógra faoin alt seo, féadfaidh duine ar bith tráth ar bith roimh an lá (nach luaithe ná mí tar éis an fógra sin a sheirbheáil) a shonrófar chuige sin san fhógra, achomharc a dhéanamh chun an Aire i gcoinne an fhógra.
(5) I gcás ina ndéanfar achomharc faoin alt seo i gcoinne fógra, féadfaidh an tAire an fógra a dhaingniú arna mhodhnú nó gan mhodhnú nó an fógra a neamhniú agus beidh feidhm ag forálacha fho-alt (2) den alt seo, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, maidir leis an Aire do chinneadh achomhairc faoin bhfo-alt seo, mar atá feidhm acu maidir le húdarás pleanála do dhéanamh cinnte.
(6) Glacfaidh fógra faoin alt seo (seachas fógra a neamhníodh) éifeacht—
(a) mura ndéanfar aon achomharc ina choinne nó má tharraingítear siar gach achomharc ina choinne roimh éag don tréimhse chun achomharc a dhéanamh—ar éag don tréimhse chun achomharc a dhéanamh,
(b) má dhéantar achomharc nó achomhairc ina choinne agus nach dtarraingeofar siar an t-achomharc nó na hachomhairc i rith na tréimhse chun achomharc a dhéanamh—nuair a bheidh gach achomharc nach dtarraingeofar siar amhlaidh tarraingthe siar nó arna chinneadh.
(7) Más rud é nach mbeifear, laistigh den tréimhse a shonrófar i bhfógra faoin alt seo, nó de cibé tréimhse fhadaithe a cheadóidh an t-údarás pleanála, tar éis an díchur nó an t-athrú a dhéanamh a ceanglaíodh leis an bhfógra, féadfaidh an t-údarás pleanála dul isteach ar an déanmhas agus an díchur nó an t-athrú sin agus aon aischur a bheidh sonraithe san fhógra a dhéanamh.
(8) I gcás ina ndéanfar de réir fógra faoin alt seo, íocfaidh an t-údarás pleanála leis an duine a dhéanfaidh de réir an fhógra an caiteachas faoina rachaidh sé le réasún ag déanamh an díchuir nó an athraithe agus aon aischuir a bheidh sonraithe san fhógra, lúide luach aon ábhar intarrthála.
(9) Beidh feidhm ag forálacha alt 29 den Acht seo maidir le fógra a sheirbheálfar faoin alt seo agus a dhaingneofar ar achomharc (arna mhodhnú nó gan mhodhnú) mar a bhaineann siad le diúltú d'iarratas ar chead chun talamh a fhorbairt, agus in aon chás den sórt sin beidh éifeacht ag an alt sin 29 faoi réir na modhnuithe seo a leanas:
(i) déanfar neamhshuim de mhír (c) d'fho-alt (1);
(ii) cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (i) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (4):
“(i) má fheictear don Aire gur fóirsteanach sin a dhéanamh, go bhféadfaidh sé, in ionad an fógra ceannaigh a dhaingniú, an fógra á cheangal go ndéanfar díchur nó athrú a chealú.”
(10) Taifeadfar sa chlár sonraí fógra a sheirbheálfar faoin alt seo.
A cheangal go scoirfear d'úsáid.
37.—(1) Má chinneann an t-údarás pleanála, maidir le haon úsáid a dhéanamh de thalamh—
(a) gur ceart scor den úsáid, nó
(b) gur ceart aon choinníollacha a fhorchur maidir le leanúint den úsáid,
féadfaidh an t-údarás pleanála fógra a sheirbheáil á cheangal go scoirfear den úsáid sin nó ag forchur na gcoinníollacha sin ar úinéir agus ar áititheoir na talún agus ar aon duine eile arb é a dtuairim go ndéanann an fógra difear dó.
(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le húsáid neamhúdaraithe murab úsáid í ar ar tosaíodh tar éis an lae cheaptha agus go seirbheálfar an fógra faoin alt seo tar éis cúig bliana a bheith caite tar éis tosú ar an úsáid.
(3) Nuair a bheidh an t-údarás pleanála á chinneadh de bhun an ailt seo gur ceart scor d'aon úsáid nó gur ceart aon choinníollacha a fhorchur ní bhreithneoidh siad ach pleanáil agus forbairt cheart limistéar an údaráis (lena n-áirítear a thaitneamhachtaí a shlánchoimeád nó a fheabhsú) agus beidh aird acu ar fhorálacha an phlean fhorbartha agus ar fhorálacha aon ordú um limistéar taitneamhachta speisialta a bhaineann leis an limistéar sin.
(4) I gcás ina seirbheálfar fógra faoin alt seo, féadfaidh duine ar bith tráth ar bith roimh an lá (nach luaithe ná mí tar éis an fógra sin a sheirbheáil) a shonrófar chuige sin san fhógra, achomharc a dhéanamh chun an Aire i gcoinne an fhógra.
(5) I gcás ina ndéanfar achomharc faoin alt seo i gcoinne fógra, féadfaidh an tAire an fógra a dhaingniú, arna mhodhnú nó gan mhodhnú, nó an fógra a chealú, agus beidh feidhm ag forálacha fho-alt (3) den alt seo, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, maidir leis an Aire do chinneadh achomhairc faoin bhfo-alt seo, mar atá feidhm acu maidir leis an údarás pleanála do dhéanamh cinnte.
(6) Glacfaidh fógra faoin alt seo (seachas fógra a neamhníodh) éifeacht—
(a) mura ndéanfar aon achomharc ina choinne nó má tharraingítear siar gach achomharc ina choinne roimh éag don tréimhse chun achomharc a dhéanamh— ar éag don tréimhse chun achomharc a dhéanamh,
(b) má dhéantar aon achomharc nó achomhairc ina choinne agus nach dtarraingeofar siar an t-achomharc nó na hachomhairc i rith na tréimhse chun achomharc a dhéanamh—nuair a bheidh gach achomharc nach dtarraingeofar siar amhlaidh tarraingthe siar nó arna chinneadh.
(7) I gcás ina bhfuil, de bhua fógra faoin alt seo, ceanglas ann go scoirfear de thalamh a úsáid chun aon chríche áirithe nó go bhforchuirfear aon choinníollacha maidir le leanúint den úsáid sin, ansin, má úsáideann aon duine an talamh chun na críche sin nó, de réir mar a bheidh, má úsáideann sé an talamh chun na críche sin contrártha do na coinníollacha sin, nó má chuireann sé faoi deara nó má cheadaíonn sé an talamh a úsáid amhlaidh, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air agus, má leantar den úsáid sin tar éis an chiontaithe, beidh sé ciontach i gcion breise agus ar a chiontú go hachomair dlífear fineáil nach mó ná fiche punt a chur air in aghaidh gach lae a leanfar den úsáid sin amhlaidh.
(8) Beidh feidhm ag forálacha alt 29 den Acht seo maidir le fógra arna sheirbheáil faoin alt seo á cheangal go scoirfear de thalamh a úsáid nó ag forchur coinníollacha ar an úsáid sin, a dhaingneofar ar achomharc (arna mhodhnú nó gan mhodhnú) mar a bhaineann siad le diúltú d'iarratas ar chead chun talamh a úsáid nó leis an gcead sin a thabhairt faoi réir coinníollacha, agus in aon chás den sórt sin beidh éifeacht ag an alt sin 29 faoi réir na modhnuithe seo a leanas:
(i) cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (a) d'fho-alt (1):
“(a) nach féidir an talamh a úsáid go réasúnta tairbhiúil toisc an scor a cuireadh mar cheanglas nó na gcoinníollacha a forchuireadh (de réir mar a bheidh)”;
(ii) déanfar neamhshuim de mhír (c) d'fho-alt (1);
(iii) cuirfear an mhír seo in ionad mhír (i) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (4):
“(i) má fheictear don Aire gur fóirsteanach sin a dhéanamh, go bhféadfaidh sé, in ionad an fógra ceannaigh a dhaingniú, an fógra á cheangal go scoirfear den úsáid nó ag forchur coinníollacha a chealú.
(9) Taifeadfar sa chlár sonraí fógra a sheirbheálfar faoin alt seo.
Comhaontuithe ag rialú forbairt nó úsáid talún.
38.—(1) Féadfaidh údarás pleanála comhaontú a dhéanamh le haon duine ag á mbeidh leas i dtalamh ina limistéar chun forbairt nó úsáid na talún a shrianadh nó a rialú, go buan nó i gcaitheamh cibé tréimhse a shonrófar leis an gcomhaontú, agus féadfaidh cibé forálacha comhghabhálacha agus forálacha iarmartacha (lena n-áirítear forálacha a bhainfidh le hairgeadas) a fheicfear don údarás pleanála a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun críocha an chomhaontaithe a bheith sa chomhaontú.
(2) Féadfaidh an t-údarás pleanála comhaontú a dhéanfar faoin alt seo le haon duine ag a mbeidh leas i dtalamh a chur i bhfeidhm i gcoinne daoine a ghabhann teideal faoin duine sin maidir leis an talamh sin ionann agus dá mbeadh talamh tadhlach leis ag an údarás pleanála agus go ndéarfaí sa chomhaontú gur comhaontú ar mhaithe leis an talamh sin é.
(3) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo ná in aon chomhaontú faoi mar ní a shrianann an tAire nó an t-údarás pleanála ó aon chumhachtaí is infheidhmithe acu faoin Acht seo a fheidhmiú maidir le talamh is ábhar d'aon chomhaontú den sórt sin, an fad agus nach bhfeidhmeofar na cumhachtaí sin ar shlí a dhéanfaidh sárú ábhartha ar fhorálacha an phlean fhorbartha, nó ar shlí a cheanglóidh aon chumhachtaí den sórt sin a fheidhmiú ar shlí a dhéanfadh sárú ábhartha ar na forálacha sin.
(4) Taifeadfar sa chlár sonraí comhaontú a dhéanfar faoin alt seo.
Srianta le húdaráis áitiúla áirithe.
39.—(1) Ní dhéanfaidh comhairle contae aon fhorbairt ina gceantar sláinte contae a dhéanfaidh sárú ábhartha ar an bplean forbartha.
(2) Ní dhéanfaidh bardas contae-bhuirge nó buirge eile aon fhorbairt sa bhuirg sin a dhéanfaidh sárú ábhartha ar an bplean forbartha.
(3) Ní dhéanfaidh bardas ceantair uirbigh aon fhorbairt sa cheantar sin a dhéanfaidh sárú ábhartha ar an bplean forbartha.
Ní gá cead i gcásanna áirithe.
40.—D'ainneoin aon ní sa Chuid seo den Acht seo, ní gá cead faoin gCuid seo den Acht seo—
(a) i gcás talamh a bheidh, an lá ceaptha, á úsáid go sealadach chun críche seachas an chríoch chun a n-úsáidtear de ghnáth é, chun tosú athuair ar an talamh a úsáid chun na críche sin is deireanaí a luaitear,
(b) i gcás talamh a bheidh, an lá ceaptha, á ghnáth-úsáid chun aon chríche amháin agus a úsáidtear freisin ar ócáidí, cibé acu go tráthrialta é nó nach ea, chun aon chríche eile, maidir le húsáid na talún chun na críche eile sin ar ócáidí dá samhail tar éis an lae cheaptha;
(c) maidir le forbairt a cheanglófar le fógra faoi alt 31, 32, 33, 35 nó 36 den Acht seo (gan forbairt a bhfuil cead ann iarbhír lena haghaidh faoin gCuid seo den Acht seo a áireamh).
Iarratais a chlárú.
41.—(1) Taifeadfaidh údarás pleanála sa chlár:
(a) sonraí aon iarratais a dhéanfar chucu faoin gCuid seo den Acht seo ag iarraidh cead forbartha nó cead chun déanmhais a choinneáil, lena n-áirítear ainm agus seoladh an iarratasóra, an dáta a fuarthas an t-iarratas agus na sonraí gearra i dtaobh na forbartha nó na coinneála is ábhar don iarratas,
(b) sonraí aon iarratais a dhéanfar chucu faoin gCuid seo den Acht seo ag iarraidh ceadaithe is gá de réir rialacháin cheada, lena n-áirítear ainm agus seoladh an iarratasóra, an dáta a fuarthas an t-iarratas agus sonraí gearra i dtaobh na nithe is ábhar don iarratas,
(c) cinneadh an údaráis phleanála maidir leis an iarratas sin agus dáta an chinnte,
(d) dáta agus éifeacht aon chinneadh a rinne an tAire ar achomharc maidir leis an iarratas sin,
(e) sonraí aon iarratais a dhéanfaidh siad faoi fho-alt (3) d'alt 26 den Acht seo, lena n-áirítear an t-iarratas a chur chun siúil agus sonraí gearra i dtaobh na forbartha a bheidh i gceist.
(2) Gach taifead den sórt sin arb é a bheidh ann sonraí iarratais déanfar é laistigh den tréimhse seacht lá dar tosach an lá a gheofar an t-iarratas.
(3) Gach taifead den sórt sin ar cinneadh i dtaobh iarratais a bheidh ann déanfar é laistigh den tréimhse seacht lá dar tosach an lá a dhéanfar an cinneadh.
CUID V.
Taitneamhachtaí.
Limistéar taitneamhachta speisialta.
42.—(1) Má fheictear don údarás pleanála gur limistéar taitneamhachta speisialta limistéar áirithe—
(a) mar gheall ar a áilleacht nádúrtha, nó
(b) mar gheall ar thaitneamhachtaí a radharcanna nó a thaitneamhachtaí eile (lena n-áirítear áirge chun caithimh aimsire, ag féachaint d'oscailteacht an limistéir agus a shuíomh maidir le hionaid daonra nó le hionaid forbartha tionscail nó forbartha tráchtála),
féadfaidh siad le hordú foráil a dhéanamh maidir le forbairt nach forbairt dhíolmhaithe—
(i) chun nach ndéanfar aon fhorbairt den sórt sin, nó nach ndéanfar ach forbairt shonraithe den sórt sin, a cheadú faoin Acht seo sa limistéar nó in aon chuid shonraithe den limistéar, nó
(ii) i gcás arb éard í an fhorbairt sin déanmhais a cheadófar faoin Acht seo, i dtaobh an uimhir uasta déanmhas d'aon chineál sonraithe a fhéadfar a thógáil nó a dhéanamh in aon chuid shonraithe den limistéar.
(2) Tiocfaidh ordú faoin alt seo i ngníomh ar é a dhaingniú, arna mhodhnú nó gan mhodhnú, faoin gcéad alt ina dhiaidh seo.
(3) Má bhíonn limistéir fheidhmiúcháin dhá údarás phleanála teorantach le chéile, féadfaidh ceachtar údarás, le toiliú an údaráis eile, ordú a dhéanamh faoin alt seo maidir le limistéar atá, nó a bhfuil cuid de, i limistéar feidhmiúcháin an údaráis eile.
(4) Féadfar aon ordú faoin alt seo a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire a chúlghairm nó a athrú le hordú ina dhiaidh sin faoin alt seo.
(5) Déanfaidh údarás pleanála, ó am go ham agus uair amháin ar a laghad i ngach tréimhse chúig bliana, aon ordú a bheidh déanta acu faoin alt seo agus a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire (ach amháin ordú nach ndéanann ach ordú roimhe sin a chúlghairm) a athbhreithniú chun a chinneadh arb inmholta an t-ordú a chúlghairm nó a leasú.
(6) Is feidhm fhorcoimeádta ordú faoin alt seo a dhéanamh.
Ordú faoi alt 42 den Acht seo a dhaingniú.
43.—(1) A luaithe is féidir tar éis dóibh ordú faoi alt 42 den Acht seo a dhéanamh, foilseoidh údarás pleanála fógra i nuachtán amháin nó níos mó a léitear sa limistéar—
(a) ag insint go ndearnadh an t-ordú agus ag tabhairt tuairisc an limistéir lena mbaineann sé,
(b) ag ainmniú na háite inar féidir cóip den ordú agus d'aon léarscáil dá mbeidh tagairt ann a fheiceáil i rith uaireanta oifige,
(c) ag sonrú na tréimhse (nach lú ná mí) ar laistigh di a fhéadfar, agus an mhodha ina bhféadfar, agóidí i gcoinne an orduithe a dhéanamh chun an údaráis phleanála,
(d) á sonrú gur gá go ndaingneodh an tAire an t-ordú agus, i gcás ina ndéanfar aon agóidí go cuí i gcoinne an ordaithe agus nach dtarraingeofar siar iad, go ndéanfar fiosrú poiblí áitiúil agus go mbreithneofar na hagóidí sula ndaingneofar an t-ordú.
(2) A luaithe is féidir tar éis éag don tréimhse sin chun agóidí a dhéanamh, féadfaidh an t-údarás pleanála an t-ordú a rinneadh faoi alt 42 den Acht seo a chur faoi bhráid an Aire lena dhaingniú, agus, nuair a chuirfidh siad ordú den sórt sin faoi bhráid an Aire amhlaidh, cuirfidh siad faoi bhráid an Aire freisin aon agóidí i gcoinne an ordaithe a rinneadh go cuí agus nár tarraingíodh siar.
(3) Mura ndéanfar go cuí aon agóid den sórt sin a dúradh nó má tharraingítear siar na hagóidí uile a dhéanfar amhlaidh, féadfaidh an tAire, le hordú, an t-ordú a rinneadh faoi alt 42 den Acht seo a dhaingniú, arna mhodhnú nó gan mhodhnú, nó diúltú é a dhaingniú; ach in aon chás eile, cuirfidh sé faoi deara, sula ndaingneoidh sé é, fiosrú poiblí áitiúil a dhéanamh agus breith neoidh sé aon agóidí nach mbeidh tarraingthe siar agus tuarascáil an duine a rinne an fiosrú agus féadfaidh sé ansin, le hordú, an t-ordú, arna mhodhnú nó gan mhodhnú, a dhaingniú nó diúltú é a dhaingniú.
(4) Gach ordú a dhéanfaidh an tAire faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.
(5) Déanfar aon tagairt san Acht seo d'ordú um limistéar taitneamhachta speisialta a fhorléiriú mar thagairt d'ordú arna dhaingniú faoin alt seo.
Ceanglas á cheangal fál a dhíchur nó a athrú.
44.—(1) Má fheictear don údarás pleanála gur fóirsteanach, ar mhaithe le taitneamhacht, aon fhál a dhíchur nó a athrú, féadfaidh an t-údarás pleanála fógra a sheirbheáil ar úinéir agus ar áititheoir na talún ar a mbeidh an fál, á cheangal go ndéanfar cibé díchur nó athrú, agus, i gcás díchuir, aon aischur a fheicfear don údarás pleanála a bheith oiriúnach.
(2) I gcás ina seirbheálfar fógra faoin alt seo, féadfaidh duine ar bith, tráth ar bith roimh an lá (nach luaithe ná mí tar éis an fógra sin a sheirbheáil) a shonrófar chuige sin san fhógra, achomharc a dhéanamh chun an Aire i gcoinne an fhógra.
(3) I gcás ina ndéanfar achomharc faoin alt seo i gcoinne fógra, féadfaidh an tAire an fógra, arna mhodhnú nó gan mhodhnú, a dhaingniú nó an fógra a neamhniú.
(4) Glacfaidh fógra faoin alt seo (seachas fógra a neamhníodh) éifeacht—
(a) mura ndéanfar aon achomharc ina choinne nó má tharraingítear siar gach achomharc ina choinne roimh éag don tréimhse chun achomharc a dhéanamh—ar éag don tréimhse chun achomharc a dhéanamh,
(b) má dhéantar aon achomharc nó achomhairc ina choinne agus nach dtarraingeofar siar an t-achomharc nó na hachomhairc i rith na tréimhse chun achomharc a dhéanamh—nuair a bheidh gach achomharc nár tarraingíodh siar amhlaidh tarraingthe siar nó arna chinneadh.
(5) Más rud é nach mbeifear, laistigh den tréimhse a luafar i bhfógra faoin alt seo nó laistigh de cibé tréimhse fhadaithe a cheadóidh an t-údarás pleanála, tar éis an díchur nó an t-athrú a dhéanamh a ceanglaíodh leis an bhfógra a dhéanamh, féadfaidh an t-údarás pleanála dul isteach ar an talamh ar a mbeidh an fál agus an díchur nó an t-athrú sin a dhéanamh agus aon aischur a dhéanamh a sonraíodh san fhógra.
(6) I gcás ina ndéanfar de réir fógra faoin alt seo íocfaidh an t-údarás pleanála leis an duine a rinne de réir an fhógra na caiteachais faoina rachaidh sé le réasún ag déanamh an díchuir nó an athraithe agus aon aischuir a sonraíodh san fhógra.
(7) Taifeadfar sa chlár sonraí fógra a sheirbheálfar faoin alt seo.
Orduithe slánchoimeádta crann.
45.—(1) Má fheictear don údarás pleanála gur fóirsteanach, ar mhaithe le taitneamhacht, foráil a dhéanamh chun aon chrann, crainn, garrán crann nó tailte coille a shlánchoimeád, féadfaidh siad, chun na críche sin, ordú a dhéanamh maidir le haon chrann, crainn, garrán crann nó tailte coille a shonrófar san ordú; agus, go sonrach, féadfaidh siad foráil a dhéanamh le haon ordú den sórt sin—
(a) chun a thoirmeasc (faoi réir aon díolmhaithe dá ndéanfar foráil san ordú) crainn a leagan, a bharrscothadh, a ghéagscothadh nó a dhíthiú go toiliúil ach amháin le toiliú an údaráis phleanála, agus chun a chumasú don údarás sin a dtoiliú a thabhairt faoi réir coinníollacha;
(b) chun feidhmiú a dhéanamh, maidir le haon toiliú, agus maidir le hiarratais ar aon toiliú, faoin ordú, ar fhorálacha Chuid IV den Acht seo a bhaineann le cead, agus le hiarratais ar chead, chun talamh a fhorbairt, faoi réir cibé oiriúnuithe agus modhnuithe a shonrófar san ordú.
(2) Aon duine dá mbeidh damáiste déanta de dheasca gur diúltaíodh aon toiliú a thabhairt ba ghá faoi ordú faoin alt seo nó gur tugadh aon toiliú den sórt sin faoi réir coinníollacha, beidh sé i dteideal, má dhéanann sé éileamh ar an údarás pleanála laistigh den am agus sa mhodh a shonrófar leis an ordú, cúiteamh a ghnóthú ón údarás i leith an damáiste, ach—
(a) i gcás ina ndearbhóidh an t-ordú, maidir le haon chrann, crainn nó garrán crann nach ar thailte coille atá, go bhfuil fiúntas speisialta taitneamhachta nó spéisiúlacht speisialta ag gabháil leis an gcrann, leis na crainn nó leis an ngarrán, ní bheidh aon chúiteamh iníoctha maidir leis an gcrann, leis nacrainn nó leis an ngarrán,
(b) i gcás ina ndearbhóidh an t-ordú, maidir le haon chrainn ar thailte coille, gur coinníoll is riachtanach a chur, ar mhaithe le taitneamhacht, ag gabháil le haon toiliú a thabharfar faoin ordú coinníoll ina mbeidh ceanglas go ndéanfar athphlandáil, ní bheidh aon chúiteamh iníoctha maidir le coinníoll den sórt sin a bheidh ag gabháil le haon toiliú den sórt sin.
(3) Féadfar aon ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a athrú le hordú ina dhiaidh sin faoin alt seo.
(4) I gcás ina ndéanfaidh údarás pleanála ordú faoin alt seo, seirbheálfaidh siad fógra go ndearnadh an t-ordú agus cóip den ordú ar gach duine is úinéir nó áititheoir ar aon talamh dá ndéanann an t-ordú difear agus ar aon duine eile arb eol dóibh an uair sin teideal a bheith aige chun aon chrann, crainn, garrán crann nó tailte coille lena mbaineann an t-ordú a leagan.
(5) Féadfaidh aon duine ar a seirbheálfar fógra agus cóip d'ordú faoin alt seo, tráth ar bith roimh an lá a shonrófar chuige sin san fhógra (nach luaithe ná mí tar éis an fógra sin a sheirbheáil) achomharc i gcoinne an ordaithe a dhéanamh chun an Aire.
(6) I gcás ina ndéanfar achomharc faoin alt seo i gcoinne ordaithe, féadfaidh an tAire an t-ordú, arna mhodhnú nó gan mhodhnú, a dhaingniú nó an t-ordú a neamhniú.
(7) Gan dochar d'aon díolúine eile dá ndéanfar foráil le hordú faoin alt seo, ní bhainfidh aon ordú den sórt sin le crainn atá ag fáil bháis nó atá marbh nó contúirteach a leagan, a bharrscothadh nó a ghéagscothadh nó aon chrainn a leagan, a bharrscothadh nó a ghéagscothadh de réir aon oibleagáide a fhorchuirtear le haon reacht nó faoi nó a mhéid is gá chun núis a chosc nó a laghdú.
(8) Má sháraíonn aon duine forálacha ordaithe faoin alt seo (seachas ordú a neamhníodh), beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná dhá chéad punt a chur air.
(9) Taifeadfar sa chlár sonraí ordaithe faoin alt seo.
(10) Déanfar aon tagairt atá san Acht seo d'ordú slánchoimeádta crann a fhorléiriú mar thagairt d'ordú faoin alt seo (seachas ordú a neamhníodh).
Orduithe caomhnaithe.
46.—(1) Má fheictear don údarás pleanála, tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis fhorordaithe, gur fóirsteanach, ar mhaithe le taitneamhacht, foráil a dhéanamh chun aon saghas tearc fásra nó ainmhithe in aon limistéar a chosaint nó chun aon saghas fásra nó ainmhithe in aon limistéar a shlánchoimeád ó dhul in éag, féadfaidh siad chun na críche sin ordú a dhéanamh maidir leis an bhfásra nó leis na hainmhithe sin; agus, go háirithe, féadfar foráil a dhéanamh le haon ordú den sórt sin—
(a) chun a thoirmeasc (faoi réir aon díolúintí dá ndéanfar foráil leis an ordú) fásra nó ainmhithe a ghabháil, a mharú, nó a dhíthiú ach amháin le toiliú an údaráis phleanála, agus chun a chumasú don údarás sin a dtoiliú a thabhairt faoi réir coinníollacha;
(b) chun feidhmiú a dhéanamh, maidir le haon toiliú, agus maidir le hiarratais ar thoiliú, faoin ordú, ar fhorálacha Chuid IV den Acht seo a bhaineann le cead, agus le hiarratais ar chead, chun talamh a fhorbairt, faoi réir cibé oiriúnuithe agus modhnuithe a shonrófar san ordú.
(2) Aon duine dá mbeidh damáiste déanta de dheasca gur diúltaíodh aon toiliú a thabhairt ba ghá faoi ordú faoin alt seo nó gur tugadh aon toiliú den sórt sin faoi réir coinníollacha, beidh sé i dteideal, má dhéanann sé éileamh ar údarás pleanála, laistigh den am agus sa mhodh a shonrófar leis an ordú, cúiteamh a ghnóthú ón údarás pleanála i leith an damáiste, ach, i gcás ina ndearbhóidh an t-ordú maidir le haon fhásra nó ainmhithe go bhfuil fiúntas speisialta taitneamhachta nó spéisiúlacht speisialta ag gabháil leo, ní bheidh aon chúiteamh iníoctha maidir leo.
(3) Féadfar aon ordú faoin alt seo a chúlghairm nó a athrú le hordú ina dhiaidh sin faoin alt seo.
(4) I gcás ina ndéanfaidh údarás pleanála ordú faoin alt seo, cuirfidh siad faoi deara fógra ina luafar éifeacht an ordaithe agus ina luafar an ceart achomhairc faoin gcéad fho-alt eile ina dhiaidh seo a fhoilsiú i nuachtán amháin ar a laghad a léitear sa limistéar lena mbainfidh an t-ordú.
(5) Féadfaidh duine ar bith, tráth ar bith laistigh de mhí tar éis fógra faoin bhfo-alt sin roimhe seo a fhoilsiú, achomharc a dhéanamh chun an Aire i gcoinne an ordaithe lena mbainfidh an fógra.
(6) I gcás ina ndéanfar achomharc faoin alt seo i gcoinne ordaithe, féadfaidh an tAire an t-ordú, arna mhodhnú nó gan mhodhnú, a dhaingniú nó an t-ordú a neamhniú.
(7) Ní dhéanfar cinneadh ar thoiliú a thabhairt faoi ordú faoin alt seo ach amháin tar éis dul i gcomhairle leis na húdaráis fhorordaithe.
(8) Má sháraíonn aon duine forálacha ordaithe faoin alt seo (seachas ordú a neamhníodh) beidh sé ciontach i gcion.
(9) Taifeadfar sa chlár sonraí ordaithe faoin alt seo.
(10) Is feidhm fhorcoimeádta ordú a dhéanamh faoin alt seo agus aon ordú den sórt sin a chúlghairm nó a athrú.
(11) Déanfar aon tagairt atá san Acht seo d'ordú caomhnaithe a fhorléiriú mar thagairt d'ordú faoin alt seo (seachas ordú a neamhníodh).
Cearta slí poiblí a bhunú de bhun comhaontaithe.
47.—(1) Féadfaidh údarás pleanála comhaontú a dhéanamh le duine ar bith ag a mbeidh an chumhacht riachtanach chuige sin, chun ceart slí poiblí thar talamh a bhunú tríd an duine sin á thoirbhirt.
(2) Beidh comhaontú faoin alt seo faoi réir cibé téarmaí maidir le híoc nó eile a shonrófar sa chomhaontú agus, má chomhaontaítear air sin, féadfar a fhoráil ann go mbeidh srianta nó coinníollacha ag baint leis an gceart slí poiblí.
(3) I gcás ina mbeifear tar éis comhaontú a dhéanamh faoin alt seo beidh de dhualgas ar an údarás pleanála gach beart riachtanach a dhéanamh chun a áirithiú go mbunófar an ceart slí poiblí de réir an chomhaontaithe.
(4) Taifeadfar sa chlár sonraí comhaontú a dhéanfar faoin alt seo.
Cumhachtaí éigeantacha chun cearta slí poiblí a bhunú.
48.—(1) I gcás ina bhfeicfear don údarás pleanála gá a bheith le ceart slí poiblí thar aon talamh, féadfaidh an t-údarás pleanála, le hordú, ceart slí poiblí thar an talamh sin a bhunú.
(2) I gcás ina ndéanfaidh údarás pleanála ordú faoin alt seo, seirbheálfaidh siad fógra go ndearnadh an t-ordú agus cóip den ordú ar gach duine is úinéir nó áititheoir ar aon talamh thar a mbunóidh an t-ordú ceart slí poiblí agus ar aon duine eile arb é a dtuairim go ndéanfaidh bunú an chirt slí phoiblí difear dó.
(3) Féadfaidh aon duine ar a seirbheálfar fógra agus cóip d'ordú faoin alt seo, tráth ar bith roimh an lá a shonrófar chuige sin san fhógra (nach luaithe ná mí tar éis an fógra sin a sheirbheáil) achomharc i gcoinne an ordaithe a dhéanamh chun an Aire.
(4) I gcás ina ndéanfar achomharc faoin alt seo i gcoinne ordaithe, féadfaidh an tAire an t-ordú, arna mhodhnú nó gan mhodhnú, a dhaingniú nó an t-ordú a neamhniú.
(5) Glacfaidh ordú faoin alt seo (seachas ordú a neamhníodh) éifeacht—
(a) mura ndéanfar aon achomharc ina choinne nó má tharraingítear siar gach achomharc ina choinne roimh éag don tréimhse chun achomharc a dhéanamh—ar éag don tréimhse chun achomharc a dhéanamh,
(b) má dhéantar achomhairc nó achomhairc ina choinne agus nach dtarraingeofar siar an t-achomharc nó na hachomhairc i rith na tréimhse chun achomharc a dhéanamh—nuair a bheidh gach achomharc nár tarraingíodh siar amhlaidh tarraingthe siar nó arna chinneadh.
(6) Taifeadfar sa chlár sonraí cirt slí a bhunófar faoin alt seo.
Forálacha forlíontacha maidir le cearta slí poiblí.
49.—(1) I gcás ina mbunófar ceart slí poiblí de bhun an Achta seo nó ina mbeidh foráil i dtaobh a slánchoimeádta i bplean forbartha, cothabhálfaidh an t-údarás pleanála an tslí.
(2) (a) I gcás ina gceanglaítear leis an alt seo ceart slí a chothabháil ag an údarás pleanála, ní dhéanfaidh aon duine an tslí a dhamáistiú ná a bhac, ná feidhmiú an chirt slí a bhac ná a chosc.
(b) Aon duine a sháróidh an fo-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air; agus, má leantar den sárú tar éis an chiontaithe, beidh sé ciontach i gcion breise agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den sárú.
(c) In ionchúiseamh i leith ciona faoin bhfo-alt seo maidir le ceart slí, a mbeidh foráil chun é a shlánchoimeád sa phlean forbartha, ní gá don ionchúiseamh a shuíomh, agus measfar go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, go bhfuil an ceart slí ann.
(3) Más rud é, i gcás ceart slí a gceanglaíonn an t-alt seo ar an údarás pleanála í a chothabháil, go ndéanfaidh aon duine an tslí a dhamáistiú, nó a bhac, féadfaidh an t-údarás pleanála a chothabhálann an ceart slí an damáiste a shlánú nó an bhacainn a dhíchur, agus íocfaidh an duine sin leo an caiteachas faoina rachaidh siad leis an slánú nó leis an díchur agus, mura n-íocfar amhlaidh é, beidh an caiteachas sin inghnóthaithe uaidh mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.
(4) Féadfaidh údarás pleanála, chun a ndualgais faoi fho-ailt (1) agus (3) den alt seo a chomhlíonadh, dul isteach ar thalamh gach tráth réasúnach.
Crainn, toir agus plandaí eile a chur.
50.—(1) D'fhonn taitneamhachtaí nó áilleacht nádúrtha aon talún a shlánchoimeád nó a mhéadú, féadfaidh an t-údarás pleanála—
(a) crainn, toir nó plandaí eile a chur sa talamh,
(b) cabhrú le haon duine nó comhlacht a bheartóidh crainn, toir nó plandaí eile a chur sa talamh trí chrainn, toir nó plandaí a sholáthar nó deontas airgid a thabhairt.
(2) Déanfaidh údarás na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú ar thalamh dá gcuid féin nó, le toiliú na ndaoine uile ag a mbeidh leas san ábhar, ar thalamh eile; agus maidir leis an talamh eile sin folóidh na cumhachtaí sin cumhacht chun socruithe a dhéanamh trína ndéanfar an cur nó an obair, ar cibé téarmaí dá bhforálfar faoi na socruithe, ag duine seachas an t-údarás.
(3) I gcás ina bhfeidhmeoidh an t-údarás pleanála a gcumhachtaí faoi na forálacha sin roimhe seo den alt seo ar thalamh nach talamh leis an údarás, féadfaidh an t-údarás nó duine ag a mbeidh leas sa talamh, de réir mar a chomhaontófar idir an t-údarás agus na daoine ag a mbeidh leas amhlaidh, bainistí na talún, a mhéid a bhaineann sé le haon ní a dhéanfaidh an t-údarás, a ghlacadh de láimh, agus ar cibé téarmaí ar a gcomhaontófar amhlaidh.
(4) Is feidhm fhorcoimeádta cabhrú faoin alt seo trí dheontas airgid a thabhairt.
(5) Taifeadfar sa chlár sonraí comhaontaithe a dhéanfar faoi fho-alt (3) den alt seo.
Torann agus tonnchrith.
51.—(1) Ní dhéanfaidh aon duine ná ní chuirfidh faoi deara go ndéanfar—
(a) in aon áit phoiblí nó maidir le haon áitreabh atá láimh le haon áit phoiblí agus a ligtear an pobal isteach ann, ná
(b) in aon áitreabh eile—
(i) trí aon chraolachán, callaire, teilifís, gramafón, aimplitheoir, nó gléas dá samhail, nó aon inneall nó fearas eile a oibriú, nó a chur faoi deara nó a cheadú a leithéid a oibriú, nó
(ii) trí mheán ar bith eile,
aon torann nó tonnchrith a bheidh chomh mór, chomh leanúnach nó chomh minic nó chomh fada sin nó chomh hard sin nó tráthanna gur cúis réasúnach crá é do dhaoine in aon áitreabh sa chomharsanacht nó do dhaoine a úsáideann aon áit phoiblí go dleathach.
(2) Ní bhainfidh mír (a) d'fho-alt (1) den alt seo le haon chruinniú poiblí.
(3) Ní bhunófar imeachtaí i gcoinne aon duine i leith aon chion faoin alt seo maidir le háitreabh dá dtagraítear i mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo mura leanfar den chrá níos faide ná seacht lá tar éis dáta fógra ag líomhnú crá, arna shíniú ag triúr ar a laghad a chónaíonn nó a dhéanann gnó laistigh den limistéar ina gcloistear an torann nó ina mothaítear an tonnchrith a sheirbheáil ar an duine sin.
(4) Aon duine a sháróidh an t-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.
(5) Ní bhainfidh aon ní san alt seo le torann nó tonnchrith arb é is cúis leis—
(a) aerárthach, nó
(b) aon ghnóthairí reachtúla agus iad ag feidhmiú cumhachtaí a thugtar dóibh le haon reacht nó ordú nó ionstraim eile a rinneadh faoi reacht.
(6) In imeachtaí a thionscnófar de bhun an ailt seo i leith torann nó tonnchrith a rinneadh i gcúrsa trádála nó gnó nó ag comhlíonadh aon fheidhmeanna reachtúla, is cosaint mhaith don chosantóir a chruthú gur úsáideadh na meáin phraiticiúla ab fhearr chun an torann nó an tonnchrith a chosc agus a chur ar neamhbhrí.
Bruscar.
52.—(1) Ní dhéanfaidh aon duine, in aon áit phoiblí—
(a) aon bhruscar bia, craiceann oráiste ná craiceann banana ná ábhar orgánach eile (cibé acu iarmhar nó ainmhí marbh é), ná
(b) aon chonamar, seanmhiotal, gloine, poirceallán, earra cré, stán, cártán, páipéar, giobail nó dramh eile,
a chaitheamh amach, a chur nó a fhágáil in aon áit phoiblí ná ar áit phoiblí ar shlí a dhéanfadh, nó is dócha a dhéanfadh, bruscar.
(2) Ní fhorléireofar aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo mar ní a thoirmisceann—
(a) aon duine do chur aon cheann de na hábhair a luaitear san fho-alt sin in aon ghabhadán chun bruscar a chur ann,
(b) aon ghabhadán ina mbeidh cosamar tí nó cosamar eile chun a bhailithe ag údarás áitiúil a chur in aon áit phoiblí, nó
(c) aon ní a dhéanfar faoi réim agus de réir ceada chun talamh a fhorbairt a tugadh faoi Chuid IV den Acht seo.
(3) Aon duine a sháróidh an t-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air.
Fógráin a thaispeáint ar dhéanmhais áirithe, etc.
53.—(1) I gcás aon déanmhas nó aon talamh eile, doras, geata, fuinneog, crann nó cuaille atá in aon áit phoiblí nó ina thosach, ní dhéanfaidh aon duine nach é úinéir, áititheoir nó an duine atá i bhfeighil an chéanna é—
(a) aon fhógrán a thaispeáint air ná a chur faoi deara aon fhógrán a thaispeáint air, ná
(b) aon aghlot a dhéanamh air ná a chur faoi deara aon aghlot a dhéanamh air trí scríbhneoireacht nó marcanna eile,
mura mbeidh údarás aige chun sin a dhéanamh ón úinéir, ón áititheoir nó ón duine sin i bhfeighil, nó le haon achtachán.
(2) Aon duine a sháróidh an t-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.
(3) In ionchúiseamh i leith ciona faoin alt seo, ní gá don ionchúiseamh a shuíomh, agus toimhdeofar go dtí go suífidh an cosantóir a mhalairt, nárbh é an cosantóir úinéir, áititheoir ná an duine i bhfeighil an déanmhais nó na talún eile, an dorais, an gheata, na fuinneoige, an chrainn nó an chuaille, agus nach raibh sé údaraithe mar atá i dtrácht i bhfo-alt (1) den alt seo.
Déanmhais fógráin agus fógráin a dheisiú agus a dhéanamh slachtmhar.
54.—(1) Má fheictear don údarás pleanála, ag féachaint do shlándáil an phobail nó don taitneamhacht, gur ceart déanmhas fógráin nó fógrán ina limistéar a dheisiú nó a dhéanamh slachtmhar, féadfaidh an t-údarás pleanála fógra a sheirbheáil ar an duine ag a mbeidh urláimh an déanmhais fógráin nó an fhógráin á cheangal ar an duine sin an déanmhas fógráin nó an fógrán a dheisiú nó a dhéanamh slachtmhar laistigh de thréimhse shonraithe.
(2) Más rud é, laistigh den tréimhse a shonrófar i bhfógra faoin alt seo, nach ndeiseofar an déanmhas fógráin nó an fógrán nó nach ndéanfar slachtmhar é, féadfaidh an t-údarás pleanála dul isteach ar an talamh ar a bhfuil an déanmhas nó an fógrán ar taispeáint agus an déanmhas nó an fógrán a dheisiú nó a dhéanamh slachtmhar agus féadfaidh siad aon chaiteachas faoina rachaidh siad le réasún chuige sin a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla ón duine ag a mbeidh urláimh ar an déanmhas nó ar an bhfógra.
CUID VI.
Cúiteamh.
Cúiteamh (diúltú cead a thabhairt nó cead a thabhairt faoi réir coinníollacha).
55.—(1) Más rud é, ar éileamh a dhéanamh chun an údaráis phleanála, go suífear go bhfuil, de bharr cinneadh faoi Chuid IV den Acht seo dá dtáinig gur diúltaíodh cead a thabhairt chun talamh a fhorbairt nó an cead sin a thabhairt faoi réir coinníollacha (seachas aon choinníoll de chineál dá dtagraítear i mír (e), mír (g) nó mír (h) d'fho-alt (2) d'alt 26 den Acht seo) luach an leasa a bhí ag aon duine sa talamh lenar bhain an cinneadh an tráth a rinneadh an cinneadh laghdaithe, beidh teideal ag an duine sin, faoi réir forálacha na Coda seo den Acht seo, go n-íocfaidh an t-údarás pleanála leis mar chúiteamh méid an laghdaithe sin ar an luach agus, i gcás áititheoir na talún, méid an damáiste (más aon damáiste) dá thrádáil, dá ghnó nó dá ghairm a dhéantar ar an talamh.
(2) Nuair a bheifear ag cinneadh laghdú luacha chun críocha an ailt seo, tabharfar aird—
(a) ar aon chead faoin Acht seo chun an talamh a fhorbairt a bhí ann tráth an chinnte,
(b) ar aon ghealltanas a bheidh tugtha go dtabharfar cead chun an talamh a fhorbairt má dhéantar iarratas faoin Acht seo sa chéill sin, agus
(c) ar an bhfíoras go bhféadfar forbairt dhíolmhaithe a dhéanamh ar an talamh,
agus, i gcás inar diúltaíodh cead a thabhairt déanfar ríomh ar an bhforas, go ndéanfaí, dá dtabharfaí an cead, aon choinníollacha a d'fhéadfaí a fhorchur le réasún maidir le nithe dá dtagraítear i míreanna (e), (g), agus (h) d'fho-alt (2) d'alt 26 agus i mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 56 den Acht seo (ach ní haon choinníollacha eile) a fhorchur.
(3) Nuair a bheifear ag cinneadh laghdú luacha chun críocha an ailt seo i gcás ina ndearnadh cinneadh dá dtaínig gur diúltaíodh cead a thabhairt, toimhdeofar nach ndéanfaí, tar éis an chinnte, agus ar leithligh ó aon ghealltanas den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, cead faoin Acht seo a thabhairt le haghaidh aon fhorbartha.
(4) I gcás ina bhfuil sé faoi alt 29 den Acht seo, de dhualgas ar údaráis phleanála leas i dtalamh a thógáil ní bheidh cúiteamh i leith an leasa sin iníoctha de bhun an ailt seo.
(5) San alt seo maidir le tagairt don tráth a rinneadh cinneadh, measfar, i gcás inar cinneadh ón Aire ar achomharc an cinneadh a bheidh i gceist, gur tagairt í don tráth a rinneadh an cinneadh a ndearnadh achomharc ina choinne.
(6) Déanfar éileamh faoin alt seo laistigh den tréimhse seo a leanas (ach ní ina dhiaidh sin)—
(a) sé mhí i ndiaidh an t-údarás pleanála nó an tAire (de réir mar a bheidh) do chur in iúl go ndearnadh an cinneadh, nó
(b) cibé tréimhse níos faide ná sin a cheadóidh an Chúirt Chuarda má fheictear don Chúirt go bhfuil forais réasúnacha ann chun tréimhse níos faide a bheith ag teastáil agus go mbeadh sé ceart agus réasúnach an tréimhse a fhadú.
Cúiteamh gan bheith iníoctha i leith ábhar áirithe.
56.—(1) Ní bheidh cúiteamh faoi alt 55 den Acht seo iníoctha—
(a) maidir le diúltú cead a thabhairt le haghaidh aon fhorbairt arb éard í nó a fholaíonn athrú ábhartha ar úsáid aon déanmhas nó talún eile,
(b) i leith diúltú cead a thabhairt chun talamh a fhorbairt más é is cúis nó ceann de na cúiseanna leis an diúltú gurb é a bheadh i bhforbairt den chineál a bheartaítear a dhéanamh forbairt réamhionúch—
(i) i bhfianaise aon easnaimh láithrigh ar sholáthar soláthairtí uisce nó saoráidí séarachais agus na tréimhse ar réasúnach súil a bheith le slánú a dhéanamh ar aon easnamh den sórt sin lena linn, nó
(ii) mar gheall ar leagan amach bóithre don limistéar nó do chuid de a bheith gan a thaispeáint sa phlean forbartha nó gan a cheadú ag an údarás pleanála nó ag an Aire ar achomharc,
(c) i leith forchur aon choinníll a bhainfidh le haon ábhar acu seo a leanas, ar chead chun talamh a fhorbairt a thabhairt:
(i) na hábhair atá leagtha amach i míreanna 1, 2, 3, 4 agus 6 de Chuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo,
(ii) na hábhair atá leagtha amach i mír 5 den Chuid sin II a mhéid a bhaineann an mhír sin le déanmhais neamhúdaraithe,
(iii) na hábhair atá leagtha amach i míreanna 1 agus 3 de Chuid III den Sceideal sin,
(iv) na hábhair atá leagtha amach i mír 2, i mír 6, i mír 7, i bhfomhír (b) de mhír 8 agus i míreanna 9, 10, 11 agus 13 de Chuid IV den Sceideal sin,
(v) ábhar a bhféadfaí ceanglas a fhorchur ina leith faoi aon Acht eile, nó faoi aon ordú, rialachán, riail nó fodhlí arna dhéanamh faoi aon Acht eile, gan dliteanas i leith cúitimh,
(d) i leith forchur aon choinníll, ar chead a thabhairt chun talamh a fhorbairt, is coinníoll faoi mhír (j) d'fho-alt (2) d'alt 26 den Acht seo chun a cheangal déanmhas fógráin a dhíchur nó coinníoll faoin mír sin i gcás ina mbaineann an t-iarratas iomchuí ag iarraidh ceada le déanmhas sealadach,
(e) i leith diúltú cead forbartha a thabhairt más é is cúis nó ceann de na cúiseanna leis an diúltú gur chontúirt do shlándáil an phobail an fhorbairt bheartaithe mar gheall ar bhaol tráchta nó úsáidirí bóthair a bhac nó eile,
(f) i leith diúltú cead a thabhairt chun aon déanmhas fógráin a thógáil nó chun talamh a úsáid chun aon fhógrán a thaispeáint,
(g) i leith diúltú cead forbartha a thabhairt más é is cúis nó ceann de na cúiseanna leis an diúltú gur gá aon radharc nó amharc a bhfuil fiúntas speisialta taitneamhachta nó spéisiúlacht speisialta ag gabháil leis a shlánchoimeád,
(h) i leith diúltú cead a thabhairt le haghaidh forbartha i limistéar lena mbaineann ordú um limistéar taitneamhachta i bhfianaise gur limistéar taitneamhachta speisialta an limistéar sin mar gheall ar a áilleacht nádúrtha (seachas aon fhorbairt a ndéanann an t-ordú um limistéar taitneamhachta speisialta foráil chun a cheadaithe faoin Acht seo),
(i) i leith diúltú cead a thabhairt chun forbairt a dhéanamh a bhaineann le haon déanmhas nó le haon bhreis a chur le méadú a dhéanamh air más é is cúis nó ceann de na cúiseanna leis an diúltú gurbh amhlaidh don déanmhas, don bhreis nó don mhéadú—
(i) go mbrisfeadh sé líne fhoirgníochta láithreach nó, i gcás nach bhfuil a leithéid ann, líne fhoirgníochta arna chinneadh ag an údarás pleanála nó ag an Aire,
(ii) go mbeadh sé faoi bhóthar poiblí,
(iii) go ndéanfadh sé díobháil mhór do na taitneamhachtaí, nó go laghdódh sé luach maoine sa chomharsanacht,
(iv) gur dhócha dó a bheith ina chúis le haon bhrú mór tráchta,
(v) gur bhaol é do shláinte nó do shlándáil daoine a bheadh ag áitiú nó ar fostú sa déanmhas nó in aon déanmhas in aice leis, nó
(vi) go mbeadh sé dochrach do shláinte an phobail,
(j) i leith diúltú cead forbartha a thabhairt más é is cúis nó ceann de na cúiseanna leis an diúltú go sáródh an fhorbairt go hábhartha coinníoll atá ag gabháil le cead forbartha láithreach.
(2) Ní thoirmiscfidh aon ní atá i bhfo-alt (1) den alt seo cúiteamh a íoc—
(a) i gcás ina mbeifear tár éis diúltú cead a thabhairt chun déanmhas nua a thógáil a ghlacfadh go substaintiúil ionad déanmhais (seachas déanmhas neamhúdaraithe) a scartáladh nó a scriosadh le tine nó eile laistigh den dá bhliain díreach roimh dháta an iarratais ar chead nó ina mbeifear tar éis coinníoll a fhorchur nach bhféadfaí dá dheasca an déanmhas nua sin a úsáid chun na críche chun ar úsáideadh go deiridh an déanmhas a scartáladh nó a scriosadh, nó
(b) i gcás ina mbeifear tar éis coinníoll a fhorchur a bhfuil an déanmhas nua dá dtagraítear sa mhír sin roimhe seo nó a thosach, nó tosach déanmhais láithrigh (seachas déanmhas neamhúdaraithe) a tógadh anuas chun é a atógáil nó a athrú, curtha siar nó curtha chun tosaigh dá bharr.
(3) Is é an tAire a chinnfidh gach díospóid agus ceist i dtaobh cé acu a nglacfadh nó a nglacann déanmhas nua go substaintiúil de réir bhrí an fho-ailt sin roimhe seo ionad déanmhais a scartáladh nó a scriosadh.
Ní hiníoctha cúiteamh má cheadaítear forbairt áirithe eile nó má íocadh cúiteamh cheana féin.
57.—(1) Ní bheidh cúiteamh faoi alt 55 den Acht seo iníoctha i leith cinneadh trína ndiúltaítear cead chun talamh a fhorbairt, má bhíonn, d'ainneoin an diúltú sin, cead forbartha lena mbaineann an t-alt seo ar fáil maidir leis an talamh sin nó má bhíonn cúiteamh íoctha cheana féin faoi alt 55 den Acht seo faoi threoir cinneadh roimhe sin faoi Chuid IV den Acht seo dá dtáinig gur diúltaíodh cead a thabhairt.
(2) I gcás nach mbeidh cead forbartha lena mbaineann san alt seo ar fáil ach i leith coda den talamh, ní bheidh éifeacht ag an alt seo ach amháin a mhéid gur sa chuid sin atá an leas ar substaineadh.
(3) I gcás ina ndéanfar éileamh ar chúiteamh faoin gcuid seo den Acht seo maidir le haon leas i dtalamh, measfar chun críocha an ailt seo go bhfuil cead forbartha lena mbaineann an t-alt seo ar fáil maidir leis an talamh sin nó le cuid de má bhíonn i bhfeidhm maidir leis an talamh sin nó leis an gcuid sin cead a tugadh, nó gealltanas go dtabharfaí cead, faoin Acht seo i leith forbartha éigin den sórt sin, agus gan é sin faoi réir coinníollacha ar bith seachas coinníollacha maidir le ábhair dá dtagraítear i míreanna (e), (g) agus (h) d'fho-alt (2) d'alt 26 agus i mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 56 den Acht seo.
(4) Baineann an t-alt seo le haon fhorbairt de chineál cónaithe, tráchtála nó tionscalach, más é atá ar fad nó go formhór san fhorbairt tithe, árasáin, siopaí nó áitribh oifige, óstáin, garáistí agus stáisiúin peitril, amharclanna nó déanmhais le haghaidh siamsa, nó forignimh tionscail (lena n-áirítear stórais), nó aon chónascadh díobh sin.
Srian le hailt 56 agus 57.
58.—(1) Más rud é, i gcás a cinneadh ar achomharc faoi Chuid IV den Acht seo, gur diúltaíodh cead chun aon talamh a thabhairt ach amháin i gcás dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo nó gur tugadh cead den sórt sin faoi réir aon choinníll a bhaineann le haon cheann de na hábhair atá leagtha amach i míreanna 3 agus 4 de Chuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, ní thoirmiscfidh aon ní atá i bhfo-alt (1) d'alt 56 nó in alt 57 den Acht seo cúiteamh a íoc, más rud é, tar éis iarratas sa chéill sin a bheith déanta laistigh de dhá mhí tar éis an tAire do chur an chinnte in iúl (ach ní ina dhiaidh sin), go ndéanfaidh an tAire ordú á dhearbhú gur deimhin leis nach mbeadh sé cothrom ná réasúnach, sna cúinsí áirithe sin, go dtoirmiscfí le forálacha fho-alt (1) d'alt 56 nó alt 57 den Acht seo cúiteamh a íoc.
(2) Níl feidhm ag fo-alt (1) den alt seo—
(a) i gcás inar diúltaíodh cead a thabhairt chun aon déanmhas fógráin a thógáil nó chun aon talamh a úsáid chun aon fhógrán a thaispeáint,
(b) i gcás inar diúltaíodh cead a thabhairt chun forbairt a dhéanamh a bhaineann le haon déanmhas nó le haon bhreis a chur le déanmhas nó aon mhéadú a dhéanamh ar dhéanmhas más é is cúis nó ceann de na cúiseanna leis an diúltú gurbh amhlaidh don déanmhas, don bhreis nó don mhéadú—
(i) go mbrisfeadh sé líne fhoirgníochta láithreach nó, i gcás nach bhfuil a leithéid ann, líne fhoirgníochta arna chinneadh ag an údarás pleanála nó ag an Aire,
(ii) go mbeadh sé faoi bhóthar poiblí,
(iii) gur bhaol é do shláinte nó do shlándáil daoine a bheadh ag áitiú nó ar fostú sa déanmhas nó in aon déanmhas in aice leis, nó
(iv) go mbeadh sé dochrach do shláinte an phobail.
Cúiteamh (cead a chúlghairm nó a mhodhnú).
59.—(1) I gcás ina mbeifear tar éis cead chun talamh a fhorbairt a chúlghairm nó a mhodhnú le fógra faoi alt 30 den Acht seo—
(a) más rud é, ar éileamh a dhéanamh chun an údaráis phleanála, go suífear go bhfuil aon duine ag a bhfuil leas sa talamh tar éis dul faoi chaiteachas ag déanamh oibreacha atá curtha ó chrích ag an gcúlghairm nó an modhnú, íocfaidh an t-údarás sin leis an duine sin cúiteamh i leith an chaiteachais sin.
(b) beidh feidhm ag forálacha fho-ailt (1) go (4) d'alt 55 agus ailt 56 agus 57 den Acht seo maidir leis an bhfógra i gcás inar chúlghair sé an cead nó ina modhnaíonn sé é trí choinníollacha a fhorchur—
(i) i gcás inar chúlghair sé an cead, mar atá feidhm acu maidir le diúltú cead a thabhairt chun talamh a fhorbairt, agus
(ii) i gcás ina modhnaíonn sé an cead trí choinníollacha a fhorchur, mar atá feidhm acu maidir le cead a thabhairt chun talamh a fhorbairt faoi réir coinníollacha,
faoi réir na modhnuithe seo a leanas, is é sin, go ndéanfar, i bhfo-ailt (1) agus (2) den alt sin 55, tagairt don tráth a ghlacfaidh an fógra éifeacht a chur in ionad aon tagartha do thráth aon chinnte agus, i bhfo-alt (4) de, go bhforléireofar an tagairt d'alt 29 den Acht seo mar thagairt don alt sin arna chur chun feidhme le halt 30 den Acht seo.
(2) Aon éileamh faoin alt seo nó faoi alt 55 den Acht seo arna chur chun feidhme leis an alt seo déanfar é i rith (ach ní tar éis)—
(a) sé mhí tar éis an trátha a ghlacfaidh an fógra éifeacht, nó
(b) cibé tréimhse níos faide ná sin a cheadóidh an Chúirt Chuarda má fheictear don Chúirt go bhfuil forais réasúnacha ann chun tréimhse níos faide a bheith ag teastáil, agus go mbeadh sé ceart agus réasúnach an tréimhse a fhadú.
(3) Chun críocha an ailt seo, aon chaiteachas faoina rachfar le réasún ag ullmhú pleananna chun críocha aon oibreacha nó le hábhair eile dá shamhail sin ag ullmhú chucu sin measfar é bheith ar áireamh sa chaiteachas faoina rachfar ag déanamh na n-oibreacha sin ach, lasmuigh dá bhfuil ráite anseo roimhe seo, ní íocfar cúiteamh ar bith de bhua an ailt seo i leith aon oibreacha a rinneadh sular tugadh an cead a bheidh cúlghairthe nó modhnaithe, ná i leith aon chaillteanais nó damáiste eile de bharr aon ní a rinneadh nó a fágadh gan déanamh sular tugadh an cead sin.
Cúiteamh maidir le halt 36.
60.—(1) Más rud é, ar éileamh a dhéanamh chun an údaráis phleanála, go suífear gur bhain damáiste de dheasca aon déanmhas a dhíchur nó a athrú de dhroim fógra faoi alt 36 den Acht seo, do dhuine ar bith trí laghdú a theacht ar luach aon leasa sa déanmha a bhfuil sé ina theideal nó sealúchas an déanmhais aige a dhíshocrú, beidh teideal ag an duine sin, faoi réir forálacha na Coda seo den Acht seo, go n-íocfadh an t-údarás pleanála méid an damáiste sin leis mar chúiteamh.
(2) Déanfar éileamh faoin alt seo i rith (ach ní tar éis)—
(a) sé mhí tar éis an déanmhas a dhíchur nó a athrú, nó
(b) cibé tréimhse níos faide ná sin a cheadóidh an Chúirt Chuarda má fheictear don Chúirt go bhfuil forais réasúnacha ann chun tréimhse níos faide a bheith ag teastáil agus go mbeadh sé ceart agus réasúnach an tréimhse a fhadú.
(3) I gcás dualgas a bheith, faoi alt 29 den Acht seo arna chur chun feidhme le fo-alt (9) d'alt 36 den Acht seo, ar an údarás pleanála leas i dtalamh a thógáil, ní bheidh cúiteamh maidir leis an leas sin iníoctha de bhun an ailt seo.
(4) Ní bheidh feidhm ag Riail (12) de na Rialacha atá leagtha amach in alt 2 d'Acht 1919 maidir le haon chás ina ndéanfar éileamh faoin alt seo.
Cúiteamh maidir le halt 37.
61.—(1) Más rud é, ar éileamh a dhéanamh chun an údaráis phleanála, go suífear gur bhain damáiste, de dheasca scor d'aon úsáid a dhéanamh de thalamh, nó de dheasca gur comhlíonadh aon choinníollacha maidir le leanúint d'aon úsáid a dhéanamh de talamh, de dhroim fógra faoi alt 37 den Acht seo, d'aon duine trí laghdú ar luach aon leasa sa talamh a bhfuil teideal aige chuige nó trí shealúchas na talún aige a dhíshocrú, beidh teideal ag an duine sin, faoi réir fhorálacha na Coda seo den Acht seo, go n-íocfaidh an t-údarás pleanála méid an damáiste sin leis mar chúiteamh.
(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo i gcás ar úsáid chun fógrán a thaispeáint úsáid talún—
(a) mura raibh an fógrán ann díreach roimh an lá ceaptha agus go scoirfear den úsáid, nó go gcomhlíonfar coinníollacha a bhaineann le leanúint den úsáid, i rith na tréimhse cúig bliana dar tosach an lá ceaptha, nó
(b) mura raibh an fógrán ina áit le cúig bliana ar a laghad tráth an scortha nó an chomhlíonta sin.
(3) Déanfar éileamh faoin alt seo i rith (ach ní tar éis)—
(a) sé mhí tar éis an scortha nó an chomhlíonta, nó
(b) cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an Chúirt Chuarda má fheictear don Chúirt go bhfuil forais réasúnacha ann chun tréimhse níos faide a bheith ag teastáil agus go mbeadh sé ceart agus réasúnach an tréimhse a fhadú.
(4) I gcás dualgas a bheith faoi alt 29 den Acht seo, arna chur chun feidhme le fo-alt (8) d'alt 37 den Acht seo, ar an údarás pleanála leas i dtalamh a thógáil, ní bheidh cúiteamh maidir leis an leas sin iníoctha de bhun an ailt seo.
(5) Ní bheidh feidhm ag Riail (12) de na Rialacha atá leagtha amach in alt 2 d'Acht 1919 maidir le haon chás ina ndéanfar éileamh faoin alt seo.
Cúiteamh maidir le halt 44.
62.—(1) Más rud é, ar éileamh a dhéanamh chun an údaráis phleanála, go suífear gur bhain damáiste, de dheasca fál a dhíchur nó a athrú de dhroim fógra faoi alt 44 den Acht seo, d'aon duine trí laghdú ar luach aon leasa a bhfuil teideal aige chuige sa talamh ar a bhfuil an fál nó sealúchas na talún sin aige a dhíshocrú beidh teideal ag an duine sin, faoi réir fhorálacha na Coda seo den Acht seo, go n-íocfaidh an t-údarás pleanála méid an damáiste sin leis mar chúiteamh.
(2) Déanfar éileamh faoin alt seo i rith (ach ní tar éis)—
(a) sé mhí tar éis an fál a dhíchur nó a athrú, nó
(b) cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an Chúirt Chuarda má fheictear don Chúirt go bhfuil forais réasúnacha ann chun tréimhse níos faide a bheith ag teastáil agus go mbeadh sé ceart agus réasúnach an tréimhse a fhadú.
Cúiteamh maidir le hait 48.
63.—(1) Más rud é, ar éileamh a dhéanamh chun an údaráis phleanála, go suífear go bhfuil laghdú tagtha ar luach leasa aon duine i dtalamh, is talamh ar bunaíodh ceart slí poiblí thairis le hordú faoi alt 48 den Acht seo a rinne an t-údarás sin, nó gur bhain damáiste d'aon duine ag a bhfuil leas sa talamh sin trí shealúchas na talún aige a dhíshocrú, de dhroim an ceart slí poiblí a bhunú, íocfaidh an t-údarás sin leis an duine sin cúiteamh comhionann leis an méid a chuaigh an luach sin i laghad nó le méid an damáiste.
(2) Déanfar éileamh faoin alt seo i rith (ach ní tar éis)—
(a) sé mhí tar éis an trátha a thosóidh ordú bunaithe an chirt slí phoiblí ag glacadh éifeachta, nó
(b) cibé tréimhse níos faide ná sin a cheadóidh an Chúirt Chuarda má fheictear don Chúirt go bhfuil forais réasúnacha ann chun tréimhse níos faide a bheith ag teastáil agus go mbeadh sé ceart agus réasúnach an tréimhse a fhadú.
Cúiteamh maidir le halt 83.
64.—(1) Más rud é, ar éileamh a dhéanamh chun an údaráis phleanála, go suífear gur bhain damáiste, de dheasca aon ní a rinneadh faoi alt 83 den Acht seo d'aon duine beidh teideal ag an duine sin, faoi réir fhorálacha na Coda seo den Acht seo, go n-íocfaidh an t-údarás pleanála méid an damáiste sin leis mar chúiteamh.
(2) Déanfar éileamh faoin alt seo i rith (ach ní tar éis)—
(a) sé mhí tar éis an damáiste do bhaint don duine sin, nó
(b) cibé tréimhse níos faide, ná sin a cheadóidh an Chúirt Chuarda má fheictear don Chúirt go bhfuil forais réasúnacha ann chun tréimhse níos faide a bheith ag teastáil agus go mbeadh sé cóir agus réasúnach an tréimhse a fhadú.
Cúiteamh maidir le halt 85.
65.—(1) Más rud é, ar éileamh a dhéanamh chun an údaráis phleanála, go suífear gur bhain damáiste, de dheasca gníomh a rinne an t-údarás sin de bhun alt 85 den Acht seo trí aon chábla, sreang nó píplíne a shuíomh, a athnuachan nó a dhíchur, trí aon bhrac nó daingneán a dhaingniú, nó aon fhógrán a ghreamú, d'aon duine trí laghdú ar luach aon leasa sa talamh nó sa déanmhas iomchuí a bhfuil teideal aige chuige, nó trí shealúchas na talún nó an déanmhais sin aige a dhíshocrú, beidh teideal ag an duine sin, faoi réir fhorálacha na Coda seo den Acht seo, go n-íocfaidh an t-údarás pleanála méid an damáiste leis mar chúiteamh.
(2) Déanfar éileamh faoin alt seo i rith (ach ní tar éis)—
(a) sé mhí tar éis gníomh an údaráis phleanála, nó
(b) cibé tréimhse níos faide ná sin a cheadóidh an Chúirt Chuarda má fheictear don Chúirt go bhfuil forais réasúnacha ann chun tréimhse níos faide a bheith ag teastáil agus go mbeadh sé ceart agus réasúnach an tréimhse a fhadú.
Cúiteamh maidir le treoir faoi Acht 1934.
66.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “treoir eatramhach” treoir, chun aon ghníomh a dhéanamh nó staonadh ó aon ghníomh a dhéanamh, a tugadh faoi Acht 1934, go díreach nó trí intuiscint, trína dhiúltú cead ginearálta nó cead speisialta a thabhairt, trí chead ginearálta nó cead speisialta a thabhairt faoi réir coinníollacha, nó trí thoirmeasc speisialta a dhéanamh faoi réir coinníollacha nó gan a bheith faoi réir coinníollacha, nach treoir a ndearnadh ordú maidir leis faoi alt 14 den Acht um Bailte agus Líomatáistí a Shíneadh Amach (Leasú), 1939;
tá le “cead ginearálta”, “cead speisialta”, “toirmeasc speisialta”, “scéim phleanála” agus “obair” na bríonna céanna faoi seach a bhí leis na habairtí sin in Acht 1934.
(2) (a) I gcás inar tugadh treoir eatramhach maidir le haon mhaoin—
(i) aon duine a raibh, an lá roimh an lá ceaptha, aon eastát nó leas aige i maoin den sórt sin nó ceart aige thairsti nó ina leith, beidh teideal aige, ar éileamh a dhéanamh chun an údaráis phleanála laistigh den tréimhse dhá mhí dhéag dar tosach an lá ceaptha, go n-íocfaidh an túdarás sin cúiteamh leis mura gcinnfidh siad nach mbeadh cúiteamh iníoctha leis de bhua Acht 1934 ar an mbonn tuisceana gur tháinig an scéim phleanála iomchuí i ngníomh an lá roimh an lá ceaptha agus foráil ann ar comhéifeacht leis an treoir eatramhach agus ar an mbonn tuisceana go raibh iarratas ar chúiteamh déanta go cuí faoi alt 61 d'Acht 1934,
(ii) is é méid an chúitimh an méid céanna ab iomchuí, ar na boinn tuisceana sin, a íoc de réir Acht 1934.
(b) I gcás ina ndéanfar cinneadh faoin mír sin roimhe seo, féadfaidh an t-iarratasóir, laistigh de mhí tar éis an cinneadh a chur in iúl dó, achomharc a dhéanamh chun an Aire, agus diúltóidh an tAire don achomharc nó cealóidh sé an cinneadh sin.
(c) Nuair a bheidh achomharc á chinneadh aige faoin bhfo-alt seo, beidh aird, go sonrach, ag an Aire ar fho-alt (2) d'alt 30 d'Acht 1934 agus, chun na críche sin, féadfaidh sé aon chinneadh dá dtagraítear i bhfo-alt (3) den alt sin a dhéanamh de réir an fho-ailt sin.
(3) (a) I gcás—
(i) ina mbeidh aon duine tar éis staonadh ó aon obair áirithe a dhéanamh mar gheall ar threoir eatramhach de dhroim gur diúltaíodh cead speisialta a thabhairt nó go ndearnadh toirmeasc speisialta, agus
(ii) gur bhain caillteanas dó trí staonadh amhlaidh,
beidh teideal ag an duine sin, ar éileamh a dhéanamh chun an údaráis phleanála laistigh den tréimhse dhá mhí dhéag dar tosach an lá ceaptha, go n-íocfaidh an t-údarás sin leis mar chúiteamh méid an chaillteanais sin mura gcinnfidh an t-údarás pleanála go ndéanfadh déanamh an hoibre áirithe sin dochar do dhéanamh éifeachtúil eacnamúil na scéime pleanála iomchuí ar an mbonn tuisceana gur tháinig an scéim sin i ngníomh.
(b) I gcás—
(i) inar chomhlíon aon duine, agus aon obair áirithe á déanamh aige, coinníoll a bhí ag gabháil le cead speisialta nó a bhí i dtoirmeasc speisialta, agus
(ii) gur bhain caillteanas dó (seachas caillteanas de bharr laghdú ar luach aon mhaoine) toisc gur chomhlíon sé an coinníoll sin,
beidh teideal ag an duine sin, ar éileamh a dhéanamh chun an údaráis phleanála laistigh den tréimhse dhá mhí dhéag dar tosach an lá ceaptha, go n-íocfaidh an t-údarás sin leis mar chúiteamh méid an chaillteanais sin, mura gcinnfidh an t-údarás pleanála go ndéanfadh déanamh na hoibre áirithe sin, gan an coinníoll sin a chomhlíonadh, dochar do dhéanamh éifeachtúil eacnamúil na scéime pleanála iomchuí ar an mbonn tuisceana gur tháinig an scéim sin i ngníomh.
(c) I gcás ina ndéanfar cinneadh faoi cheachtar de na míreanna sin roimhe seo, féadfaidh an t-iarratasóir, laistigh de mhí tar éis an cinneadh a chur in iúl dó, achomharc a dhéanamh chun an Aire agus diúltóidh an tAire don achomharc nó cealóidh sé an cinneadh sin.
(4) Ní áireofar an leasú ar Acht 1919 a dhéantar leis an Acht seo i gcás aon chúiteamh a chinneadh faoin alt seo.
Rialacháin maidir le cúiteamh.
67.—Féadfar foráil a dhéanamh i rialacháin maidir leis na nithe seo a leanas:
(a) an fhoirm ina ndéanfar éilimh ar chúiteamh,
(b) éilitheoir do sholáthar fianaise i dtaca lena éileamh agus eolais maidir lena leas sa talamh lena mbaineann an t-éileamh,
(c) éilitheoir do dhéanamh ráitis ag insint ainmneacha agus seolta na ndaoine uile sin (a mhéid a bheidh sin ar eolas aige) a bhfuil leas acu sa talamh lena mbaineann an t-éileamh, agus, mura dtarraingeofar siar an t-éileamh, an t-údarás pleanála nó an t-éilitheoir do thabhairt fógra i dtaobh gach duine (más aon duine) eile ar dóigh leo nó leis leas a bheith aige sa talamh,
(d) an t-eolas agus na doiciméid a bheidh le cur ag gabháil le hiarratas ar ordú faoi alt 58 den Acht seo,
(e) an t-eolas agus na doiciméid a bheidh ar údarás pleanála a thabhairt maidir le hiarratas ar ordú faoi alt 58 den Acht seo.
Éileamh go n-íocfaí cúiteamh a chinneadh.
68.—I gcás nach gcomhaontófar ina thaobh, déanfar éileamh faoin Acht seo ar chúiteamh a íoc a chinneadh trí eadrán faoi Acht 1919 ar an modh céanna i ngach slí agus dá mba maidir le talamh a thógáil go héigeantach a d'éirigh an t-éileamh, ach faoi réir an choinníll go mbeidh dlínse ag an eadránaí dámhadh nil a dhéanamh.
Leasú ar alt 2 d'Acht 1919.
69.—(1) Leasaítear leis seo alt 2 d'Acht 1919, i gcásanna ina mbeidh aon chúiteamh a mheasúnófar iníoctha ag údarás pleanála nó ag údarás áitiúil eile trí na Rialacha atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur isteach i ndiaidh Riail 6.
(2) Leasaítear leis seo fomhír (b) de mhír 1 de Chuid 1 den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931, trí “agus tríd an Acht um Luachanna Maoine (Eadránacha agus Achomhairc), 1960, agus an Acht Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963,” a chur isteach i ndeireadh na fomhíre.
Toirmeasc ar chúiteamh dúbailte.
70.—I gcás ina mbeadh teideal ag duine, mura mbeadh an t-alt seo, chun cúitimh faoin Acht seo maidir le haon ábhar nó ní agus chun cúitimh freisin faoi aon achtachán eile maidir leis an ábhar nó an ní céanna, ní bheidh teideal aige chun cúitimh maidir leis an ábhar nó an ní sin faoin Acht seo agus faoin achtachán eile freisin, agus ní bheidh teideal aige chun níos mó cúitimh faoin Acht seo maidir leis an ábhar nó an ní sin ná méid an chúitimh a mbeadh sé ina theideal faoin achtachán eile maidir leis an ábhar nó an ní sin.
Cúiteamh a ghnóthú ó údarás pleanála.
1845, c. 19.
1890, c. 70.
71.—(1) An cúiteamh uile is iníoctha faoin gCuid seo den Acht seo ag an údarás pleanála beidh sé, nuair a bheidh a mhéid arna chinneadh le comhaontú nó trí eadráin de réir an Achta seo, inghnóthaithe ón údarás pleanála sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla, agus na costais agus na caiteachais go léir a bhainfidh do pháirtithe in eadráin chun méid aon chúitimh den sórt sin a chinneadh beidh siad, a mhéid is iníoctha na costais agus na caiteachais sin ag an údarás pleanála, inghnóthaithe mar an gcéanna ón údarás sin mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.
(2) Beidh feidhm ag ailt 69 go 79 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, arna leasú nó arna oiriúnú leis an Dara Sceideal a ghabhann leis an Housing of the Working Classes Act, 1890, nó faoi, nó le haon Acht eile nó faoi maidir le hairgead a dhéantar leis an alt seo, inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí ionann agus dá mba phraghas nó cúiteamh faoin Acht sin arna leasú nó arna oiriúnú amhlaidh an t-airgead sin.
(3) I gcás ina n-íocfaidh an t-údarás pleanála airgead isteach sa Chúirt faoi alt 69 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, arna chur chun feidhme leis an alt seo, ní bheidh aon chostais iníoctha ag an údarás sin le duine ar bith maidir le haon imeachtaí chun an t-airgead sin a infheistiú, chun ioncam ón airgead sin a íoc nó caipiteal an airgid sin a íoc.
Cúiteamh a chlárú.
72.—(1) Más rud é, ar éileamh ar chúiteamh faoi alt 55 den Acht seo, faoin alt sin arna chur chun feidhme le halt 59 den Acht seo nó faoi fho-alt (2) d'alt 66 den alt seo, go mbeidh suim is mó ná fiche punt iníoctha, ullmhóidh agus coimeádfaidh an t-údarás pleanála ráiteas á lua sin, ina sonrófar gur diúltaíodh cead a thabhairt nó gur tugadh cead faoi réir coinníollacha, gur cúlghaireadh nó gur modhnaíodh cead nó treoir eatramhach (de réir mar a bheidh), an talamh lena mbaineann an t-éileamh ar chúiteamh, agus méid an chúitimh.
(2) (a) Taifeadfaidh údarás pleanála sa chlár sonraí na ráiteas a ullmhóidh siad faoin alt seo.
(b) Déanfar gach taifead den sórt sin laistigh den tréimhse ceithre lá dhéag dar tosach an lá a ullmhófar an ráiteas.
Údarás pleanála do ghnóthú cúitimh ar fhorbairt ina dhiaidh sin.
73.—(1) Ní dhéanfaidh aon duine aon fhorbairt lena mbaineann an t-alt seo ar thalamh a mbeidh ráiteas ina thaobh (dá ngairtear ráiteas cúitimh san alt seo) cláraithe faoin alt deiridh roimhe seo ar feadh níos lú ná ceithre bliana déag, go dtí go mbeidh cibé méid (más aon mhéid é) is inghnóthaithe faoin alt seo maidir leis an gcúiteamh a shonrófar sa ráiteas íoctha nó urraithe chun sástachta an údaráis phleanála.
(2) Baineann an t-alt seo le haon fhorbairt (seachas forbairt eiscthe) is forbairt—
(a) lena mbaineann alt 57 den Acht seo, nó
(b) arb é tuairim an Aire, ag féachaint do luach dóchúil na forbartha, gur rud réasúnach go mbainfeadh an t-alt seo léi:
Ar choinníoll—
(i) nach mbainfidh an t-alt seo le haon fhorbairt de bhua mhír (b) den fho-alt seo, má bhíonn an tAire ariarratas a dhéanamh chuige chun na críche sin, tar éis a dheimhniú nach é a thuairim, ag féachaint do luach dóchúil na forbartha, gur rud réasúnach go mbainfeadh an t-alt seo léi, agus
(ii) i gcás an cúiteamh a bheidh sonraithe sa ráiteas a bheith iníoctha de dhroim coinníollacha a fhorchur ar chead a thabhairt chun talamh a fhorbairt, ní bhainfidh an t-alt seo leis an bhforbairt ar lena haghaidh a tugadh an cead sin.
(3) Faoi réir an dá fho-alt díreach ina dhiaidh seo, is é an méid is inghnóthaithe faoin alt seo i leith an chúitimh a bheidh sonraithe i ráiteas cúitimh—
(a) más ionann an talamh ar a mbeifear chun an fhorbairt a dhéanamh (dá ngairtear an limistéar forbartha san fho-alt seo) agus iomlán na talún a bheith i dtrácht sa ráiteas cúitimh, nó má fholaíonn sé (maraon le talamh eile) iomlán na talún sin, an méid cúitimh a bheidh sonraithe sa ráiteas sin;
(b) más cuid den talamh a bheidh i dtrácht sa ráiteas cúitimh an limistéar forbartha, nó má fholaíonn an limistéar forbartha cuid den talamh sin maraon le talamh eile nach bhfuil i dtrácht sa ráiteas sin, an oiread den mhéid cúitimh a bheidh sonraithe sa ráiteas sin agus is inchurtha i leith talún a bheidh i dtrácht sa ráiteas sin agus a bheidh laistigh den limistéar forbartha.
(4) Chun críocha mhír (b) d'fho-alt (3) den alt seo, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:
(a) déanfaidh an t-údarás pleanála (más dóigh leo gur praiticiúil sin a dhéanamh) méid an chúitimh a chionroinnt idir na codanna éagsúla den talamh de réir mar is dóigh leo difríocht éagsúil a bheith déanta do na codanna sin trína dhiúltú cead a thabhairt nó cead a thabhairt faoi réir coinníollacha;
(b) mura ndéanfar aon chionroinnt, áireofar méid an chúitimh a bheith dáilte go rátúil de réir achair thar an talamh lena mbainfidh an ráiteas;
(c) má dhéantar cionroinnt, áireofar an cúiteamh a bheith dáilte de réir na cionroinnte sin amhail idir na codanna éagsúla den talamh ar faoina réim a dhéanfar an chionroinnt, agus áireofar an oiread den chúiteamh agus a chuirfear i leith chuid den talamh bheith dáilte go rátúil de réir achair thar an gcuid sin den talamh;
(d) má chuireann duine ar bith i ndíospóid cionroinnt faoin bhfo-alt seo, cuirfear an díospóid faoi bhráid eadránaí maoine agus cinnfidh sé í.
(5) Más rud é, i gcás aon talamh a mbeidh ráiteas cúitimh cláraithe ina leith, gur deimhin leis an Aire, ag féachaint do luach dóchúil aon fhorbartha cuí ar an talamh, nach dócha go ndéanfar aon fhorbairt den sórt sin mura bhfeidhmeoidh sé a chumhachtaí faoin bhfo-alt seo, féadfaidh sé, i gcás aon fhorbartha áirithe, an t-iomlán nó cuid d'aon suim ab inghnóthaithe faoin alt seo mura mbeadh sin a mhaitheamh; agus i gcás nach mbeidh maite ach cuid d'aon suim den sórt sin, cuirfidh sé faoi deara an ráiteas cúitimh a leasú trí shonrú na suime a bheidh maite faoin bhfo-alt seo a chur in ionad sonrú méid an chúitimh a mhéid is inchurtha sin i leith na talún sin.
(6) Má tharlaíonn, maidir le forbairt aon talún, go mbeidh suim inghnóthaithe faoin alt seo i leith an chúitimh a bheidh sonraithe i ráiteas cúitimh, ansin, ach amháin i gcás ina mbeidh, agus a mhéid a bheidh, íoc na suime sin maite faoin bhfo-alt deiridh roimhe seo, ní bheidh suim ar bith inghnóthaithe, a mhéid is inchurtha i leith na talún sin í, maidir le haon fhorbairt a dhéanfar air ina dhiaidh sin.
(7) Aon suim a bheidh inghnóthaithe faoin alt seo i leith aon chúitimh beidh sí iníoctha leis an údarás pleanála, agus
(a) beidh sí iníoctha amhlaidh in aon íocaíocht chaipitil amháin nó ina sraith de thráthchodanna caipitil agus úis le chéile, nó mar shraith d'íocaíochtaí bliantúla nó tréimhsiúla eile, a mbeidh cibé méid iontu, agus a bheidh iníoctha cibé tráthanna, a ordóidh an t-údarás pleanála, tar éis dóibh breithniú ar a dhéanamh ar aon uiríolla ón duine a bheidh chun an fhorbairt a dbéanamh, agus
(b) ach amháin i gcás inar in aon íocaíocht chaipitil amháin is iníoctha an tsuim sin, urróidh an duine sin í ar cibé modh (trí mhorgáiste, trí chúnant nó ar shlí eile) a ordóidh an t-údarás pleanála.
(8) Má thionscnaíonn aon duine aon fhorbairt lena mbaineann an t-alt seo contrártha d'fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an t-údarás pleanála fógra a sheirbheáil air, ag sonrú na suime ar dóigh leo gurb í an tsuim í is inghnóthaithe faoin alt seo i leith an chúitimh a bheidh i gceist, agus á cheangal air an tsuim sin a íoc leo laistigh de cibé tréimhse, nach giorra ná trí mhí tar éis an fógra a sheirbheáil, a shonrófar san fhógra, agus, mura n-íocfar an tsuim sin leis an údarás pleanála laistigh den tréimhse a shonrófar san fhógra, féadfar í a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.
CUID VII.
Talamh a Thógáil, etc.
Talamh a leithreasú chun críocha feidhmeanna faoin Acht seo.
74.—(1) I gcás—
(a) ina mbeidh talamh dílsithe d'údarás pleanála ar shlí seachas chun críocha a bhfeidhmeanna faoin Acht seo, agus
(b) gur deimhin leis an údarás pleanála gur ceart an talamh a chur ar fáil chun na gcríocha sin,
féadfaidh an t-údarás pleanála, le toiliú an Aire iomchuí, an talamh a leithreasú chun aon cheann de na críocha sin.
(2) I bhfo-alt (1) den alt seo ciallaíonn “an tAire iomchuí”—
(a) más d'Aire amháin seachas an tAire atá na feidhmeanna Aire a bhaineann leis an talamh atá i gceist dílsithe— an tAire sin,
(b) má tá na feidhmeanna sin dílsithe do bheirt Aire nó níos mó (nach aon duine acu an tAire)—an tAire acu is mó a bhfuil baint aige leis an talamh,
(c) i ngach cás eile—an tAire.
(3) Má éiríonn aon amhras maidir le mír (b) den fho-alt sin roimhe seo i dtaobh cé acu de bheirt Aire nó níos mó is mó a bhfuil baint aige le talamh áirithe, cinnfidh an tAire an t-ambras.
Údarás pleanála do dhiúscairt talún.
75.—(1) Féadfar aon talamh a thógfaidh údarás pleanála chun críocha an Achta seo nó a leithreasóidh siad faoin Acht seo a dhíol, a léasú, nó a mhalartú, faoi réir cibé coinníollacha is dóigh leo is gá chun go n-úsáidfear sa tslí is fearr is féidir an talamh sin nó talamh eile, agus fós aon déanmhais nó oibreacha a foirgníodh, a cuireadh suas nó a rinneadh, nó atáthar chun a fhoirgniú a chur suas nó a dhéanamh, ar an talamh sin nó ann nó faoi nó ar thalamh eile nó ann nó faoi nó chun a áirithiú go bhfoirgneofar, go gcuirfear suas nó go ndéanfar aon déanmhais nó oibreacha is dóigh leo is gá chun a limistéar a phleanáil agus a fhorbairt mar is cuí.
(2) Beidh riachtanas ann go dtoileoidh an tAire le haon díol, léasú nó malartú faoi fho-alt (1) den alt seo—
(a) i gcás nach é an praghas nó an cíos, nó an rud a gheobhaidh an t-údarás pleanála den mhalartú, an praghas, an cíos nó an rud is fearr a d'fhéadfaí, le réasún, a fháil, nó
(b) i gcás ina ndéanfadh an fhorbairt a bheidh beartaithe le haghaidh na talún sárú ábhartha ar an bplean forbartha,
ach, ní bheidh riachtanas leis ach amháin mar adúradh, d'ainneoin forálacha aon achtacháin eile.
(3) Aon airgead caipitil a éireoidh ó thalamh a dhiúscairt faoi fho-alt (1) den alt seo cuirfear é chun críche caipitiúla chun ar féidir airgead caipitil a chur go cuí.
(4) (a) Más rud é, maidir le haon talamh a thógfaidh údarás pleanála chun críocha an Achta seo nó a leithreasóidh siad faoin Acht seo, go measfaidh an t-údarás nach mbeidh úsáid na talún ag teastáil le haghaidh aon cheann dá bhfeidhmeanna i gcaitheamh tréimhse áirithe, féadfaidh an t-údarás léas ar an talamh a dheonú ar feadh na tréimhse sin nó aon tréimhse is lú ná sin, agus déarfaidh an léas sin gur léas é arna dheonú chun críocha an fho-ailt seo.
(b) Ní bheidh feidhm ag na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1931 agus 1958, ná ag an Acht Srianta Cíosa, 1960, maidir le léas arna dheonú mar a dúradh chun críocha an fho-ailt seo.
Ceart slí poiblí a mhúchadh.
76.—(1) Féadfaidh údarás pleanála, le ceadú an Aire, ceart slí poiblí a mhúchadh le hordú, ach foilseofar sa tslí fhorordaithe ordú a dhéanfar faoin bhfo-alt seo, agus ní cheadóidh an tAire an t-ordú go dtí go mbeidh sé tar éis a chur faoi deara fiosrúchán áitiúil poiblí a sheoladh agus go mbeidh sé tar éis breithniú a dhéanamh ar aon agóidí i gcoinne an ordaithe nach mbeidh tarraingthe siar agus ar thuarascáil an duine a sheol an fiosrúchán.
(2) Ní bhaineann fo-alt (1) den alt seo le ceart slí poiblí thar thalamh a thóg údarás pleanála go héigeantach chun críocha an Achta seo má d'údaraigh an t-ordú a d'údaraigh an tógáil éigeantach an ceart slí sin a mhúchadh.
Forbairt ag údarás pleanála, etc.
77.—(1) Féadfaidh údarás pleanála talamh a fhorbairt nó a áirithiú go ndéanfar é a fhorbairt, agus, go háirithe agus gan dochar do ghinearáltacht na méide sin roimhe seo, féadfaidh siad—
(a) feabhsú cholbha aon bhóthair phoiblí a áirithiú, a urasú agus a rialú trí leathnú, oscailt, méadú nó feabhsú ar shlí eile,
(b) aon talamh i gcomharsanacht aon bhóthair nó droichid a fhorbairt, a mbeartaítear é a fheabhsú nó a fhoirgniú,
(c) bóithre agus cibé seirbhísí agus oibreacha a bheidh ag teastáil le haghaidh forbartha a chur ar fáil i limistéir,
(d) limistéir chuí-chrutha a chur ar fáil le haghaidh forbartha,
(e) maidir le limistéir neamhfhóinteacha, iad a fhorbairt nó a athnuachan, nó a bhforbairt nó a n-athnuachan a áirithiú, agus spásanna oscailte a chur ar fáil iontu,
(f) a áirithiú go slánchoimeádfar aon radharc nó amharc, aon déanmhas nó aon airí nádúrtha ábhartha, aon chrainn is ábhar d'ordú slánchoimeádta crann, aon ionad is ábhar spéise ó thaobh na geolaíochta, na haeceolaíochta, nó na seandálaíochta nó aon ainmhithe nó fásra is ábhar d'ordú caomhnaithe.
(2) Féadfaidh údarás pleanála iad seo a leanas a chur ar fáil—
(a) láithreáin chun tionscail agus gnóthaí (lena n-áirítear óstáin, mótar-liosanna agus tithe aíochta), tithe cónaithe, oifigí, siopaí, scoileanna, eaglaisí agus áiseanna eile don phobal, agus foirgnimh, áitribh cónaithe, páirceanna agus teaghaisí, den sórt dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo a bhunú nó a athionadú iontu,
(b) foirgnimh mhonarchan, áitribh oifige, áitribh siopa, tithe cónaithe, páirceanna siamsa agus déanmhais chun siamsaíochta, carabháin-locanna, foirgnimh chun cóiríocht, béilí agus bia agus deoch a sholáthar, foirgnimh chun seirbhísí trádála agus gairmiúla a sholáthar agus déanmhais fógráin,
(c) aon seirbhísí is dóigh leo a bheith cúntach le haon ní dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b) den fho-alt seo agus a bheidh curtha ar fáil acu,
agus féadfaidh siad aon láithreán, foirgneamh, áitreabh, teaghais, páirc, déanmhas nó seirbhís den sórt sin a chothabháil agus féadfaidh siad aon táillí a bhaint amach is dóigh leo a bheith réasúnach maidir leis sin a chur ar fáil, a chothabháil nó a bhainistí.
(3) Féadfaidh údarás pleanála, maidir le haon cheann dá bhfeidhmeanna faoin Acht seo, comhshocraíochtaí a dhéanamh le haon duine nó comhlacht chun talamh a fhorbairt nó a bhainistí agus na comhshocraíochtaí sin a chur i gcrích.
(4) Chun amhras a sheachaint dearbhaítear leis seo maidir leis na cumhachtaí a fhéadfaidh údarás pleanála a fheidhmiú de bhun alt 10 den Acht Rialtais Áitiúil (Uimh. 2), 1960, i ndáil le tógáil éigeantach chun críocha aon cheann dá bhfeidhmeanna faoin Acht seo go bhfuil feidhm acu maidir le haon ní a shonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 2 den Acht seo mar ní atá folaithe i “talamh”.
Fógra poiblí i dtaobh forbairt a bheartóidh údaráis áitiúla áirithe a dhéanamh.
78.—Féadfaidh rialacháin a dhéanfar maidir le haon chásanna nó cineál cásanna forbartha a bheartóidh údaráis áitiúla is údaráis phleanála a dhéanamh—
(a) a cheangal ar an údarás fógra poiblí a thabhairt, ar aon mhodh a shonrófar, i dtaobh forbairt a bheartaíonn siad a dhéanamh,
(b) a cheangal go gcuirfear in aon fhógra den sórt sin cuireadh chun daoine leasmhara agóidí a dhéanamh i gcoinne na forbartha a bheidh beartaithe,
(c) i gcásanna ina ndéanfar aon agóid den sórt sin agus nach dtarraingeofar siar í, a cheangal ar an údarás toiliú an Aire a fháil sula ndéanfaidh siad an fhorbairt a bheidh beartaithe.
Leasú ar na hAchtanna um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí, 1931 agus 1958.
79.—(1) Folóidh “gnó” san Acht um Thiarnaí Tighe agus Tionóntaithe, 1931, comhlíonadh aon cheann dá bhfeidhmeanna ag údarás pleanála.
(2) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 22 den Acht um Thiarnaí Tighe agus Tionóntaithe 1931, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):
“(bb) gurb amhlaidh, agus an tiarna tí sin ina údarás pleanála de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963, gurb é áit a bhfuil an tionóntán sin nó aon chuid de i limistéar a dtaispeánann an plean forbartha de réir bhrí an Achta sin ina leith cuspóirí chun é a fhorbairt nó a athnuachtan mar limistéar neamhfhóinteach, nó”.
(3) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 15 den Acht um Thiarnaí Talún agus Tionóntaí (Léasanna Frithdhílse), 1958, trí “nó, d'eile, agus é ina údarás pleanála de réir bhrí an Achta Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963, go gcruthóidh sé don Chúirt, i gcás inarbh léas ar iomlán na talún an léas frithdhílse, gurb é áit a bhfuil an talamh nó aon chuid den talamh i limistéar a dtaispeánann an plean forbartha de réir bhrí an Achta sin ina leith cuspóirí chun é a fhorbairt nó a athnuachan mar limistéar neamhfhóinteach nó, i gcás inarbh léas ar chuid den talamh é an léas frithdhílse, gurb é áit a bhfuil an chuid sin nó aon chuid den chuid sin i limistéar den sórt sin,” a chur leis.
CUID VIII.
Ilghnéitheach.
Údarás pleanála do dhéanamh ionchúiseamh i leith conta.
80.—(1) I gcás cion faoin Acht seo féadfaidh an t-údarás pleanála arbh ina limistéar a rinneadh an cion ionchúiseamh a dhéanamh ina leith.
(2) Ní dhéanfaidh údarás pleanála ionchúiseamh i gcás ina líomhnófar go ndearnadh cion faoi alt 53 den Acht seo maidir le fógrán murar forbairt eiscthe é an fógrán agus go mbeidh siad tar éis a chinneadh go ndéanfadh an fógrán dochar do thaitneamhachtaí a limistéir agus, i gcás fógrán ag fógairt cruinniú poiblí, mura mbeidh an fógrán ina áit le seacht lá nó níos mó ódháta an chruinnithe.
(3) I gcás ina líomhnófar—
(a) go ndearnadh cion faoi alt 46 nó alt 52 den Acht seo, nó
(b) go ndearnadh cion faoi alt 53 den Acht seo arbh é a bhí ann aon déanmhas, doras, geata, fuinneog, crann nó cuaille a aghlot,
féadfaidh aon oifigeach don údarás pleanála, a bheidh údaraithe go cuí acu i scríbhinn agus a thabharfaidh ar aird a údarás má éilítear sin air, ainm agus seoladh a éileamh ar aon duine a chreidfidh sé le réasún a bheith ciontach sa chion.
(4) Aon duine ar a mbeifear tar éis a ainm agus a sheoladh a éileamh faoin bhfo-alt sin roimhe seo agus a mhainneoidh déanamh de réir an éilimh beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air.
Srian le cumhacht údaráis phleanála chun dul isteach agus dul isteach ceadaithe a bhac.
81.—(1) Má dhiúltaíonn an t-áititheoir (i gcás talún áirithe nó an t-úinéir (i gcás thalamh neamháitithe) a cheadú cumhacht chun dul isteach a thugtar leis an Acht seo d'údarás pleanála a fheidhmiú, ní fheidhmeoidh an t-údarás an chumhacht ach amháin de bhun ordú ón gCúirt Dúiche ag ceadú dul isteach.
(2) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le hiarratas ar ordú faoin alt seo:
(a) déanfar an t-iarratas, ar fhógra a thabhairt don duine a dhiúltaigh a cheadú an chumhacht chun dul isteach a fheidhmiú, chun an bhreithimh den Chúirt Dúiche ag a bhfuil dlínse sa cheantar cúirte dúiche ina bhfuil an talamh nó an chuid den talamh,
(b) géillfear don iarratas más isteach ar dhéanmhas a bheartaítear dul de bhun alt 31, 32 nó 33 den Acht seo agus go gcruthóidh an duine sin don chúirt, i gcás neamhchomhlíonadh coinníll, gur comhlíonadh an coinníoll, nó, in aon chás eile, nach déanmhas neamhúdaraithe an déanmhas,
(c) féadfaidh ordú a dhéanfar ar an iarratas a cheangal nach rachfar isteach i rith tréimhse sonraithe seachtain nó níos lú dar tosach dáta an ordaithe.
(3) Aon duine a bhacfaidh trí ghníomh nó mainneachtain dul isteach a ceadaíodh le hordú faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt is fiche a chur air; agus más rud é i gcás ciona leanúnaigh go leanfar den bhac tar éis a chiontaithe, beidh sé ciontach i gcion breise agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den bhac.
Forálacha forlíontacha maidir le tarchur agus achomhairc.
82.—(1) Féadfar foráil a chur i rialacháin i dtaobh aon ábhair a bhaineann le nós imeachta maidir le tarchur nó achomhairc.
(2) Déanfar rialacháin faoin alt seo a fhoráil—
(a) chun go n-éistfear ó bhéal aon tarchur nó achomharc a n-iarrfaidh aon pháirtí go n-éistfí ó bhéal é,
(b) chun aon éisteacht ó bhéal den sórt sin a sheoladh ag duine a cheapfaidh an tAire chun na críche sin.
(c) chun aon duine a cheapfar amhlaidh do thabhairt tuarascála don Aire ar an éisteacht ó bhéal agus chun an tAire do bhreithniú na tuarascála sula ndéanfaidh sé a chinneadh.
(3) I gcás ina n-éireoidh ceist dlí ar aon tarchur nó achomharc—
(a) féadfaidh an tAire an cheist a tharchur chun an Ard-Chúirt do thabhairt breithe uirthi;
(b) féadfar achomharc a dhéanamh chun na hArd-Chúirte ar an gceist agus féadfar í a dhéanamh tráth ar bith laistigh den tréimhse trí mhí tar éis an cinneadh a dhéanamh nó cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh an Ard-Chúirt in aon chás áirithe.
(4) Aon duine a mbeidh éisteacht ó bhéal aon tarchuir nó achomhairc á sheoladh aige féadfaidh sé a cheangal ar aon oifigeach d'údarás pleanála aon eolas maidir leis an tarchur nó leis an achomharc a thabhairt dó a theastóidh uaidh le réasún chun críocha an tarchuir nó an achomhairc, agus is é dualgas an oifigigh déanamh de réir an cheanglais.
(5) (a) Aon duine a mbeidh éisteacht ó bhéal aon tarchuir nó achomhairc á sheoladh aige féadfaidh sé cuairt a thabhairt agus iniúchadh a dhéanamh ar aon talamh lena mbaineann an tarchur nó an t-achomharc.
(b) Aon duine a bhacfaidh feidhmiú na cumhachta a thugtar leis an bhfo-alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air.
(6) Aon duine a mbeidh éisteacht ó bhéal aon tarchuir nó achomhairc á sheoladh aige féadfaidh sé fianaise a ghlacadh faoi mhionn agus chun na críche sin féadfaidh sé daoine a chur faoi mhionn, agus beidh aon duine a thabharfaidh fianaise ag aon éisteacht den sórt sin i dteideal na ndíolúintí agus na bpribhléidí céanna a bheadh aige agus dá mba fhinné os comhair na hArd-Chúirte é.
(7) (a) Faoi réir na míre ina dhiaidh seo, féadfaidh duine a mbeidh éisteacht ó bhéal aon tarchuir nó achomhairc sheoladh aige, trí fhógra sa chéill sin a thabhairt i scríbhinn do dhuine ar bith, a cheangal ar an duine sin láithriú cibé tráth agus áit a shonrófar san fhógra chun fianaise a thabhairt maidir le haon ábhar a bheidh i gceist ag an éisteacht, nó aon leabhair, gníomhais, conarthaí, cuntais, deimhnithe, léarscáileanna, pleananna nó doiciméid eile a bheidh ina sheilbh, ar coimeád nó ar urláimh aige agus a bhainfidh le haon ábhar den sórt sin a thabhairt ar aird.
(b) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas chun críocha na míre sin roimhe seo:
(i) ní gá do dhuine láithriú de réir mar iarrfar i bhfógra in áit is faide ná deich míle óna ghnátháit chónaithe mura mbeifear tar éis cibé suim a ghlanfadh costais réasúnacha riachtanacha an láithrithe a íoc leis nó a thairiscint dó;
(ii) déanfaidh an t-údarás pleanála, ar iarratas ón duine a mbeidh an éisteacht ó bhéal á sheoladh aige, cibé suim is dóigh leis an duine a mbeidh an éisteacht á sheoladh aige a ghlanfadh caiteachas réasúnach riachtanach an láithrithe a íoc le haon duine nó a thairiscint d'aon duine, a gceanglófar air láithriú;
(iii) aon duine a láthrigh in aon áit de réir mar iarradh i bhfógra, déanfaidh an t-údarás pleanála, ach amháin a mhéid a bheidh caiteachas réasúnach riachtanach an láithrithe íoctha leis cheana féin, an caiteachas sin a íoc leis, agus, mura n-íocfar amhlaidh an caiteachas sin, beidh sé, ach amháin mar a dúradh, inghnóthaithe mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla;
(iv) gach duine dá mbeidh fógra tugtha agus a dhiúltóidh nó a mhainneoidh go toiliúil, láithriú de réir an fhógra nó a dhéanfaidh go toiliúil aon doiciméad lena mbainfidh an fógra a athrú, a shochtadh, a cheilt nó a dhíthiú nó, ar láithriú dó amhlaidh, a dhiúltóidh fianaise a thabhairt nó a dhiúltóidh nó a mhainneoidh go toiliúil aon doiciméad lena mbainfidh an fógra a thabhairt ar aird beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná fiche punt a chur air.
(8) San alt seo—
ciallaíonn “tarchur” tarchur faoi alt 5 den Acht seo,
ciallaíonn “achomharc”, ach amháin i mír (b) d'fho-alt (3), achomharc chun an Aire faoin Acht seo nó faoi aon ordú arna dhéanamh faoin Acht seo.
Cumhacht duine údaraithe chun dul isteach ar thalamh.
83.—(1) Féadfaidh duine údaraithe, faoi réir fhorálacha an ailt seo, dul isteach ar aon talamh gach tráth réasúnach idir 9 a.m. agus 6 p.m. chun aon chríche a bhaineann leis an Acht seo.
(2) Aon duine údaraithe a rachaidh isteach ar thalamh faoin alt seo féadfaidh sé gach ní a dhéanamh ann is gá le réasún chun na críche chun a ndeachthas isteach agus, go háirithe, féadfaidh sé suirbhéireacht agus pleananna a dhéanamh, leibhéil a ghlacadh, tochailt a dhéanamh agus scrúdú a dhéanamh féachaint cén doimhneas an fho-ithir agus cén cineál fo-ithreach í.
(3) Sula rachaidh duine údaraithe isteach ar aon talamh faoin alt seo, gheobhaidh an t-údarás iomchuí toiliú an áititheora (i gcás talún áitithe) nó an úinéara (i gcás talún neamháitithe) nó déanfaidh siad fógra ceithre lá dhéag ar a laghad i scríbhinn, á rá go bhfuiltear ar intinn dul isteach a thabhairt don úinéir nó don áititheoir (de réir mar a bheidh).
(4) Aon duine a mbeidh an t-údarás iomchuí tar éis fógra a thabhairt dó faoin alt seo á rá go bhfuiltear ar intinn dul isteach ar thalamh, féadfaidh sé, tráth nach déanaí ná ceithre lá dhéag tar éis an fógra sin a thabhairt, iarratas a dhéanamh, ar fhógra a thabhairt don údarás sin, chun an bhreithimh den Chúirt Dúiche ag a bhfuil dlínse sa cheantar cúirte dúiche ina bhfuil an talamh nó cuid den talamh ag iarraidh ordú á thoirmeasc dul isteach, agus, ar an iarratas a éisteacht, féadfaidh an breitheamh, más cuí leis, an dul isteach a thoirmeasc go hiomlán nó coinníollacha a shonrú a bheidh le comhlíonadh ag an duine a rachaidh isteach.
(5) I gcás ina dtoirmiscfidh breitheamh den Chúirt Dúiche faoin alt seo dul isteach a bheidh beartaithe a dhéanamh ar thalamh, ní dleathach do dhuine dul isteach faoin alt seo ar an talamh, agus i gcás ina ndéanfaidh breitheamh den Chúirt Dúiche coinníollacha a shonrú faoin alt seo a bheidh le comhlíonadh ag daoine a rachaidh isteach ar thalamh, comhlíonfaidh gach duine a rachaidh isteach ar thalamh faoin alt seo na coinníollacha a shonrófar amhlaidh.
(6) Ní bhainfidh fo-ailt (3), (4) agus (5) den alt seo le dul isteach chun críocha Chuid IV den Acht seo agus, i gcás ina mbeidh aon dul isteach mar sin beartaithe, má dhiúltaíonn an t-áititheoir (i gcás talún áitithe) nó an t-úinéir (i gcás talún neamháitithe) cead a thabhairt dul isteach—
(a) ní rachfar isteach mura mbeidh sé sin údaraithe le hordú ón mbreitheamh den Chúirt Dúiche ag a bhfuil dlínse sa cheantar cúirte dúiche ina bhfuil an talamh nó cuid den talamh agus, i gcás talún áitithe, ach amháin tar éis fógra cheithre huaire is fiche a chloig ar a laghad a thabhairt don áititheoir i dtaobh é a bheith ar intinn dul isteach agus i dtaobh an chuspóra a bhainfidh le dul isteach,
(b) déanfar iarratas ag iarraidh ordú den sórt sin ar fhógra (i gcás talún áitithe) a thabhairt don áititheoir, nó don úinéir (i gcás talún neamháitithe).
(7) Gach duine a bhacfaidh, trí ghníomh nó neamhghníomh, duine údaraithe agus é go dleathach ag feidhmiú na gcumhachtaí a thugtar leis an alt seo beidh sé ciontach i gcion agus, ar a chiontú go hachomair, dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air; agus más rud é, i gcás ciona leanúnaigh, go leanfar den bhac tar éis a chiontaithe, beidh sé ciontach i gcion breise agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air in aghaidh gach lae a leanfar den bhac amhlaidh.
(8) San alt seo—
ciallaíonn “duine údaraithe” duine arna cheapadh ag an údarás pleanála nó ag an Aire chun bheith ina dhuine údaraithe chun críocha an ailt seo.
ciallaíonn “údarás iomchuí”—
(a) i gcás inar údaráis pleanála a cheap an duine údaraithe —an t-údarás sin, agus
(b) i gcás inarb é an tAire a cheap an duine údaraithe—an tAire.
Údaráis Stáit do dhul i gcomhairle.
84.—(1) Sula nglacfaidh údarás Stáit de láimh aon fhoirgneamh (nach foirgneamh a bheifear chun a fhoirgniú nó a mhéadú i ndáil le foraoiseacht ag an Stát) a fhoirgniú nó a mhéadú, déanfaidh an t-údarás sin mar a leanas—
(a) rachaidh siad i gcomhairle leis an údarás pleanála a mhéid a chinnfidh an tAire, agus
(b) má bhíonn aon agóidí a dhéanfaidh an t-údarás pleanála gan socrú rachaidh an t-údarás Stáit i gcomhairle leis an Aire i dtaobh na n-agóidí (ach amháin nuair is é an tAire a bheidh ag glacadh an fhoirgnithe nó an mhéadaithe de láimh).
(2) San alt seo, ciallaíonn “údarás Stáit” aon údarás acu seo a leanas—
(a) comhalta den Rialtas,
(b) Coimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn, nó
(c) Coimisiún Talún na hÉireann.
Cáblaí, sreanga agus píplínte.
85.—(1) Féadfaidh údarás pleanála, le toiliú úinéara agus áititheora aon talún nach cuid de bhóthar poiblí, cáblaí, sreanga, agus píplínte (seachas píopaí uisce, séaracha agus silteáin), agus aon fhearas a ghabhann leis na cáblaí, na sreanga agus na píplínte sin, a shuíomh, a chur suas nó a dhéanamh ar an talamh sin nó faoi nó thairis, agus féadfaidh siad ó am go ham aon cháblaí, sreanga nó píplínte a suíodh, a cuireadh suas nó a rinneadh faoin alt seo a iniúchadh, a dheisiú, a athrú nó a athnuachan, nó a dhíchur tráth ar bith.
(2) Féadfaidh údarás pleanála, le toiliú úinéara agus áititheora aon déanmhais, aon bhrac nó daingneán eile a dhaingniú den déanmhas sin is gá chun aon chábla, sreang nó píplíne a shuífear, a chuirfear suas nó a dhéanfar faoin alt seo a iompar nó a choinneáil ina áit.
(3) Féadfaidh údarás pleanála fógraí a chur suas agus a chothabháil á thaispeáint cá bhfuil cáblaí, sreanga nó píplínte a suíodh, a cuireadh suas nó a rinneadh faoin alt seo agus féadfaidh siad, le toiliú úinéara agus áititheora aon déanmhais, fógra den sórt sin a dhaingniú den déanmhas sin.
(4) Beidh éifeacht ag na fo-ailt sin roimhe seo den alt seo faoi réir an choinníll—
(a) nach gcoimeádfar siar go míréasúnach toiliú chun críche aon fho-ailt acu,
(b) más dóigh leis an údarás pleanála gur coimeádadh toiliú den sórt sin siar go míréasúnach, go bhféadfaidh siad achomharc a dhéanamh chun an Aire.
(c) má chinneann an tAire gur coimeádadh siar go míréasúnach toiliú den sórt sin, go measfar gur tugadh an toiliú.
(5) Féadfaidh an t-údarás pleanála a cheadú go n-úsáidfear aon cháblaí, sreanga nó píplínte a suíodh, a cuireadh suas nó a rinneadh faoin alt seo agus aon fhearas a ghabhann leis na cáblaí, na sreanga agus na píplínte sin, faoi réir cibé coinníollacha agus muirear is oiriúnach leo.
Rialacháin foirgníochta.
1878, c. 52.
1890, c. 59.
86.—(1) Féadfaidh na tAire rialacháin a dhéanamh i dtaobh gach ceann nó aon cheann de na hábhair atá leagtha amach in alt 41 den Public Health (Ireland) Act, 1878, agus in alt 23 den Public Health Acts Amendment Act, 1890 (seachas mír (1) den alt sin 41 agus an mhír dheiridh d'fho-alt (1) den alt sin 23), agus, dá réir sin, ní dhéanfar a thuilleadh fodhlíthe faoi na hailt sin i dtaobh aon cheann de na hábhair sin.
Tabharfar rialacháin foirgníochta ar rialacháin a dhéanfar faoin alt seo agus is é sin a ghairtear díobh san Acht seo.
(2) Féadfar le rialacháin foirgníochta caighdeáin (a luafar i dtéarmaí a mbeidh le comhlíonadh, na cineálacha ábhair, modhanna foirgneoireachta, nó eile) a fhorordú maidir le gach ceann nó le haon cheann de na hábhair a shonraítear sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus féadfar caighdeáin éagsúla a fhorordú iontu d'fhoirgnimh de shaghsanna éagsúla.
(3) Féadfar foráil a chur i rialacháin foirgníochta—
(a) maidir le silteáin agus séaracha a thástáil,
(b) maidir le samplaí a thógáil d'ábhair a bheifear chun a úsáid ag foirgniú foirgneamh, nó ag déanamh oibreacha eile.
(4) (a) Féadfar rialacháin foirgníochta a dhéanamh i dtaobh—
(i) athruithe ar dhéanmhais nó méadaithe ar fhoirgnimh, agus foirgnimh a mhéid a dhéanann athruithe nó méaduithe difear dóibh,
(ii) foirgnimh nó codanna d'fhoirgnimh i gcásanna ina dtarlóidh aon athrú ábhartha sna críocha chun a n-úsáidtear foirgneamh nó, de réir mar a bheidh, cuid d'fhoirgneamh, agus a mhéid a bhainfidh siad leis na hábhair a luaitear san fho-alt seo, féadfar feidhm a thabhairt dóibh maidir le foirgnimh a tógadh roimh an dáta a tháinig na rialacháin i bhfeidhm, ach ní bhainfidh siad, ach amháin mar a dúradh, le foirgnimh a tógadh roimh an dáta sin.
(b) Chun críocha an fho-ailt seo, measfar athrú ábhartha a bheith tagtha ar an gcríoch ar chuici a úsáidtear foirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh más rud é—
(i) go ndéanfar foirgneamh, nó cuid d'fhoirgneamh, is foirgneamh nó cuid nach chun a áitithe mar theach, a foirgníodh é ar dtús, nó a foirgníodh amhlaidh agus atá leithreasaithe chun críocha eile, a úsáid mar theach,
(ii) go ndéanfar foirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh is foirgneamh nó cuid ar chun a áitithe mar theach ag teaghlach amháin a foirgníodh é ar dtús, a áitiú ag dhá theaghlach nó níos mó, nó
(iii) i gcás ina mbeidh i rialacháin forálacha speisialta maidir le foirgnimh a úsáidtear chun aon chríche áirithe, go ndéanfar foirgneamh, nó cuid d'fhoirgneamh, is foirgneamh nó cuid nár úsáideadh roimhe chun na críche sin, a úsáid amhlaidh.
(5) Aon fhoráil a bheidh i rialacháin foirgníochta féadfar í a dhéanamh chun go mbeidh feidhm aici i gcoitinne, nó i limistéar a shonrófar sna rialacháin, agus féadfaidh forálacha éagsúla i leith limistéir éagsúla a bheith sna rialacháin.
(6) Beidh ag údaráis phleanála maidir le rialacháin foirgníochta na feidhmeanna sin uile faoin Public Health (Ireland) Act, 1878 (lena n-áirítear go háirithe, alt 42 de) a fhoráileann an tAcht sin dóibh mar údaráis sláintíochta maidir le fodhlíthe faoi alt 41 den Acht sin.
(7) Féadfaidh cibé forálacha forlíontacha agus teagmhasacha is dóigh leis an Aire a bheith fóirsteanach a bheith i rialacháin foirgníochta.
(8) Má sháraíonn aon duine aon fhoráil atá i rialacháin foirgníochta, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air; agus i gcás ciona leanúnaigh má leantar den sárú tar éis a chiontaithe, beidh sé ciontach i gcion breise agus dlífear fíneáil bhreise nach mó ná fiche punt a chur air in aghaidh gach lae a leanfar den sárú amhlaidh.
(9) Féadfaidh foráil a bheith i rialacháin foirgníochta chun—
(a) aon iarratas a mbeidh ceanglas nó údarás ann faoi na rialacháin é a dhéanamh, agus
(b) aon iarratas ar chead forbartha faoi Chuid IV den Acht seo
a chónascadh san aon doiciméad amháin, agus go ndéanfar na hiarratais chónasctha sin i cibé foirm agus modh a shonrófar sna rialacháin.
(10) Beidh éifeacht ag alt 41 den Public Health Ireland Act, 1878, agus ag alt 23 den Public Health Acts Amendment Act, 1890, amhail agus dá mbeadh—
(a) in ionad a oiread sin díobh ina bhfuil foráil chun fodhlíthe a dhéanamh i leith na n-ábhar a shonraítear san alt sin 41 (seachas mír (1) de) agus san alt sin 23 (seachas an mhír dheiridh d'fho-alt (1) de), foráil chun an tAire do dhéanamh, faoi réir forálacha an Achta Rialtais Áitiúil (Pleanáil agus Forbairt), 1963, rialachán i dtaobh na n-ábhar sin, agus
(b) go bhfágfaí na focail “Provided that no bye-law made under this section shall affect any building erected before the passing of this Act” ar lár as an alt sin 41.
(11) In ionad aon tagartha d'fhodhlíthe faoi alt 41 den Public Health (Ireland) Act, 1878, maidir le hábhair atá leagtha amach san alt sin (seachas mír (1) de) nó i bhfo-alt (1) d'alt 23 den Public Health Acts Amendment Act, 1890 (seachas an mhír dheiridh de), nó d'fhodhlíthe faoi fho-alt (4) den alt sin 23, atá in aon Acht nó in aon ionstraim ag a bhfuil éifeacht faoi aon Acht, cuirfear isteach, ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, tagairt do rialacháin foirgníochta.
Rialacháin foirgníochta a mhaolú.
87.—(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, más dóigh leis an Aire, ar iarratas a bheith déanta de réir fhorálacha an ailt seo gur mhíréasúnach aon cheanglas i rialacháin foirgníochta gníomhú maidir leis an gcás áirithe lena mbainfidh an t-iarratas, féadfaidh sé, tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás pleanála, ordú a thabhairt ag ligean an cheanglais sin thar ceal nó á mhaolú.
(2) Má fhoráiltear i rialacháin foirgníochta amhlaidh maidir le haon cheanglas sna rialacháin, beidh an chumhacht chun an ceanglas sin a ligean thar ceal nó a mhaolú faoi fho-alt (1) den alt seo infheidhmithe ag an údarás pleanála (in ionad a bheith infheidhmithe ag an Aire tar éis dó dul i gcomhairle leis an údarás pleanála), ach déanfaidh aon fhorálacha a bheidh, de bhua an fho-ailt seo, i rialacháin foirgníochta eisceacht d'iarratais ó údaráis áitiúla agus féadfaidh siad eisceacht a dhéanamh d'iarratais d'aon sórt eile.
(3) Féadfar a fhoráil le rialacháin foirgníochta maidir le haon cheanglais sna rialacháin nach mbeidh feidhm ag na fo-ailt sin roimhe seo den alt seo.
(4) Is i cibé foirm a bheidh forordaithe le rialacháin foirgníochta a bheidh iarratas faoin alt seo agus beidh ann cibé sonraí a fhorordófar amhlaidh.
(5) Déanfar an t-iarratas chun an údaráis phleanála agus, ach amháin i gcás ina bhfuil cumhacht ag an údarás pleanála an t-ordú a thabhairt, tarchuirfidh an t-údarás pleanála an t-iarratas chun an Aire láithreach agus tabharfaidh fógra don iarratasóir gur tarchuireadh amhlaidh é.
(6) Má tharlaíonn, laistigh de thréimhse dhá mhí dar tosach dáta iarratais (is iarratas a bhfuil cumhacht ag an údarás pleanála an t-ordú a thabhairt ina thaobh) nó de cibé tréimhse níos faide ná sin ar a gcomhaontófar i scríbhinn idir an t-iarratasóir agus an t-údarás pleanála nach gcuirfidh an t-údarás pleanála a gcinneadh ar an iarratas in iúl don iarratasóir measfar gur chinn an t-údarás pleanála an lá deiridh den tréimhse sin géilleadh don iarratas.
(7) Is chun an Aire a dhéanfar iarratas ó údarás áitiúil.
Achomharc i gcoinne údarás pleanála do dhiúltú rialacháin foirgníochta a mhaolú.
88.—(1) Má dhiúltaíonn údarás pleanála d'iarratas aon cheanglas i rialacháin foirgníochta a ligean thar ceal nó a mhaolú, féadfaidh an t-iarratasóir, trí fhógra i scríbhinn, achomharc a dhéanamh chun an Aire laistigh de mhí ón dáta a chuirfidh an t-údarás pleanála a ndiúltú in iúl don iarratasóir.
(2) I gcás ina ngéillfear d'achomharc faoin alt seo, tabharfaidh an tAire cibé orduithe is iomchuí maidir le rialacháin foirgníochta a ligean thar ceal nó a mhaolú, agus déanfaidh an t-údarás pleanála dá réir.
Caidéil pheitril, etc., ar bhóithre poiblí.
89.—(1) Féadfaidh an t-údarás pleanála ceadúnas a dheonú do dhuine ar bith chun aon ní acu seo a leanas a thógáil, a dhéanamh, a shuíomh agus a chothabháil—
(a) caidéal peitril, caidéal ola, caidéal aeir nó gaireas eile chun fónamh d'fheithiclí,
(b) inneall díola,
(c) léarscáil de bhaile nó de thírdhreach chun treonna nó áiteanna a thaispeáint,
(d) clárlach, fál nó scafall,
(e) déanmhas fógráin,
(f) cábla, sreang nó píplíne,
(g) aon ghaireas nó déanmhas eile a bheidh sonraithe ag an Aire le rialacháin mar ghaireas nó déanmhas oiriúnach lena cheadúnú faoin alt seo
ar, faoi nó thar bhóthar poiblí, nó ar feadh bóthair phoiblí.
(2) Aon duine a iarrfaidh ceadúnas faoin alt seo tabharfaidh sé don údarás pleanála cibé pleananna agus eolas eile maidir le suíomh, dearadh agus acmhainneacht an ghairis nó an déanmhais a éileoidh an t-údarás.
(3) Féadfaidh an t-údarás pleanála ceadúnas a thabhairt faoin alt seo in aghaidh cibé tréimhse agus ar cibé coinníollacha a shonróidh an t-údarás; agus i gcás inarb é tuairim an údaráis phleanála toisc an trácht ar an mbóthar a bheith méadaithe nó athraithe nó toisc an bóthar a leathnú nó ó aon fheabhsú ar an mbóthar nó ina leith, gur bacainn nó contúirt an gaireas nó an déanmhas, féadfaidh an t-údarás, trí fhógra i scríbhinn, an ceadúnas a tharraingt siar agus a cheangal ar an gceadúnaí an gaireas nó an déanmhas sin a dhíchur ar a chostas féin.
(4) (a) Féadfaidh aon duine, maidir le ceadúnas faoin alt seo a thabhairt, nó diúltú é a thabhairt, a tharraingt siar nó a leanúint i bhfeidhm, nó maidir leis na coinníollacha a shonróidh an t-údarás pleanála do cheadúnas den sórt sin, achomharc a dhéanamh chun an Aire,
(b) I gcás ina ngéillfear achomharc faoin alt seo, tabharfaidh an tAire cibé orduithe is iomchuí maidir le ceadúnas faoin alt seo a tharraingt siar, a thabhairt nó a athrú, agus déanfaidh an t-údarás pleanála dá réir.
(5) (a) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh ag forordú méid na táille a bheidh le híoc leis an údarás pleanála as ceadúnas faoin alt seo a thabhairt, agus cuirfidh an t-údarás pleanála aon táillí den sórt sin i gcrích mar a ordóidh na rialacháin.
(b) Féadfar táillí éagsúla a fhorordú faoin bhfo-alt seo i leith gairis éagsúla agus déanmhais éagsúla.
(6) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a dhéanann difear maidir leis na rialacháin a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire i dtaobh stóráil nó díol biotáille gluaisteáin a chur chun feidhme maidir le caidéil pheitril nó chun a údarú caidéal peitril a úsáid ar shlí seachas de réir na rialachán sin.
(7) Ní bheidh teideal ag duine de bhrí amháin ceadúnas a bheith aige faoin alt seo chun aon ghaireas nó déanmhas a thógáil, a fhoirgniú, a shuíomh nó a chothabháil ar, faoi nó thar bhóthar poiblí nó ar feadh bóthair phoiblí.
(8) Faoi réir fho-alt (9) den alt seo, aon duine a dhéanfaidh—
(a) gaireas nó déanmhas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a thógáil, a fhoirgniú, a shuíomh nó a chothabháil ar, faoi nó thar bhóthar poiblí nó ar feadh bóthair phoiblí gan ceadúnas faoin alt seo a bheith aige chun sin a dhéanamh, nó
(b) gaireas nó déanmhas den sórt sin a thógáil, a fhoirgniú, a shuíomh nó a chothabháil ar, faoi nó thar bhóthar poiblí nó ar feadh bóthair phoiblí ar shlí seachas de réir cheadúnas faoin alt seo, nó
(c) sárú ar aon choinníoll ar faoina réir a tugadh ceadúnas faoin alt seo dó,
beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná deich bpunt a chur air; agus más rud é i gcás ciona leanúnaigh go léanfar den sárú tar éis a chiontaithe beidh sé ciontach i gcion breise agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná dhá phunt a chur air in aghaidh gach lae a leanfar den chion amhlaidh.
(9) (a) Féadfaidh údarás pleanála, de bhua an fho-ailt seo, aon ghaireas nó déanmhas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a shuíomh nó a chothabháil ar, faoi nó thar bhóthar poiblí nó ar feadh bóthair phoiblí, agus ní gá dóibh ceadúnas faoin alt seo a bheith acu.
(b) Ní mheasfar go dtugann aon ní san fho-alt seo cumhacht d'údarás pleanála bac a chur le húsáid réasúnach a dhéanamh de bhóthar poiblí ag an bpobal nó aon duine a bhfuil teideal aige é a úsáid nó a chumasaíonn d'údarás pleanála núis a dhéanamh ar úinéir nó ar áititheoir áitribh láimh leis an mbóthar poiblí.
(10) I gcás nach iad an t-údarás pleanála an t-údarás bóthar chun críocha príomhbhóithre ina limistéar, ní dhéanfaidh siad, de bhun an ailt seo, ceadúnas a thabhairt i leith aon ghairis nó déanmhais ar, faoi nó thar bhóthar poiblí ná ar feadh bóthair phoiblí ná aon ghaireas ná déanmhas a thógáil, a fhoirgniú ná a shuíomh ar, faoi nó thar bhóthar poiblí ná ar feadh bóthair phoiblí ach amháin tar éis dul i gcomhairle leis an údarás arb iad an t-údarás bóthar iad chun na gcríocha sin.
Cosaint do shéad-chomharthaí náisiúnta.
90.—Ní shrianfaidh ná ní dhochróidh aon ní san Acht seo feidhmeanna, ná ní dhéanfaidh difear d'fheidhmeanna, an Aire Airgeadais nó Choimisinéirí na nOibreacha Poiblí in Éirinn faoi Achtanna na Séadchomharthaí Náisiúnta, 1930 agus 1954, maidir le séadchomharthaí náisiúnta mar a mhínítear iad leis na hAchtanna sin nó le haon séadchomharthaí áirithe den sórt sin.
Leasú ar Alt 42 den Public Health (Ireland) Act, 1878.
91.—Leasaítear leis seo alt 42 den Public Health (Ireland) Act, 1878, trí “two months” a chur in ionad “one month” agus “such two months” a chur in ionad “such month”.
Idirlinn.
1878, c. 52.
31& 32 Vic., c. xxxiii.
53 & 54 Vic., c. ccxlvi.
92.—(1) Aon iarratas ar chead speisialta faoi Acht 1934 a bhí á bhreithniú ag údarás pleanála díreach roimh an lá ceaptha déileálfar leis chun críocha an Achta seo mar iarratas ar chead faoi alt 26 den Acht seo.
(2) Aon chead ginearálta nó cead speisialta a tugadh faoi Acht 1934 déileálfar leis chun críocha an Achta seo (lena n-áirítear go háirithe ailt 30, 31 agus 35) mar chead a tugadh faoi alt 26 den Acht seo, agus cuirfear taifead i dtaobh an cheada sin sa chlár.
(3) Aon achomharc faoi alt 59 d'Acht 1934 maidir le cead speisialta nó cead ginearálta a thabhairt nó diúltú é a thabhairt a bhí ar feitheamh díreach roimh an lá ceaptha déileálfar leis chun críocha an Achta seo mar achomharc faoi alt 26 den Acht seo, ach amháin nach dtabharfar ordú maidir leis an achomharc faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 18 den Acht seo.
(4) Maidir le hordú a rinneadh faoi alt 14 den Acht chun Bailte agus Líomatáistí a Shíneadh Amach (Leasú), 1939, roimh an lá ceaptha, áireofar an tAcht sin agus Acht 1934 do leanúint i bhfeidhm chun go bhféadfar éifeacht a thabhairt maidir leis an ordú do na forálacha atá san alt sin 14.
(5) (a) Aon fhodhlithe a bheidh i bhfeidhm díreach roimh an lá feidhme faoi alt 41 den Public Health (Ireland) Act, 1878, i leith aon ábhar seachas na hábhair atá leagtha amach i mír (1) den alt sin, leanfaidh siad, an lá sin agus dá éis, d'fheidhm a bheith acu—
(i) maidir le pleananna a taisceadh, de réir na bhfodhlíthe sin, roimh an lá feidhme, agus
(ii) maidir le hobair a rinneadh de réir pleananna a taisceadh roimh an lá feidhme, cibé acu a imíodh nó a claonadh ó na pleananna sin nó nach ndearnadh amhlaidh, agus
(iii) maidir le hoibreacha a bheidh déanta agus críochnaithe roimh an lá feidhme.
(b) Ach amháin mar a fhoráiltear leis an mír sin roimhe seo, beidh na fodhlíthe uile a bhí i bhfeidhm díreach roimh an lá feidhme faoi alt 41 den Public Health (Ireland) Act, 1878, i leith aon ábhar seachas na hábhair atá leagtha amach i mír (1) den alt sin arna n-aisghairm an lá feidhme, ach beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) d'alt 21 den Acht Léiriúcháin, 1937, maidir leis an aisghairm a dhéantar leis an mír seo mar atá feidhm acu maidir le haisghairm aon fhorála in Acht den Oireachtas.
(c) An leasú a dhéantar le fo-alt (11) d'alt 86 den Acht seo ar aon achtachán ní bheidh feidhm aige ar shlí a d'eisiafadh ón achtachán sin aon tagairt d'fhodhlíthe arna ndéanamh faoi alt 41 den Public Health (Ireland) Act, 1878, mar a bhí siad i bhfeidhm roimh an lá feidhme, nó mar a choimeádtar i bhfeidhm iad leis an bhfo-alt seo.
(d) San fho-alt seo ciallaíonn “an lá feidhme” an lá ar a dtiocfaidh an fo-alt seo i ngníomh.
(6) (a) Aon cheadúnas faoi alt 137 den Cork Improvement Act, 1868, faoi alt 47 den Dublin Corporation Act, 1890, nó faoi alt 35 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925, a bhí i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha, déileálfar leis chun críocha an Achta seo mar cheadúnas faoi alt 89 den Acht seo.
(b) Aon achomharc faoi alt 35 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925, a bhí ar feitheamh díreach roimh an lá ceaptha, déileálfar leis chun críocha an Achta seo mar achomharc faoi alt 89 den Acht seo.
(c) Aon rialacháin a bhí i bhfeidhm díreach roimh an lá ceaptha faoi alt 35 den Acht Rialtais Áitiúla, 1925, leanfaidh siad i bhfeidhm ionann agus dá mba rialacháin faoi alt 89 den Acht seo iad agus féadfar iad a leasú nó a chúlghairm dá réir sin.
(d) Ní bheidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt 89 den Acht seo maidir le gaireas nó déanmhas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt sin (seachas clárlach, fál nó scafall i gcontae-bhuirg Bhaile Átha Cliath nó i gcontaebhuirg Chorcaí nó caidéal peitril) roimh dheireadh na tréimhse sé mhí dar tosach an lá ceaptha.
AN CHEAD SCEIDEAL.
Bailte Móra.
Cuid I.
Baile Átha Fhirdiadh
Baile Brigín
Béal Átha Beithe
Béal Átha Seanaidh
Droichead na Bandan
Beanntraí
Béal Tairbirt
Mainistir na Búille
Calainn
Muinchille
Droichead Nua
Éadan Doire
Fiodh Ard i gContae Thiobraid Arann an Trian Theas
Guaire
Gránard
Cill Chaoidhe
Lios Mór
Baile Locha Riach
Móinteach Mílic
Muine Bheag
Muileann Cearr
An Caisleán Nua
An Pasáiste
Portlaoise
Ráth Caola
Ros Comáin
An Trá Mhór
Tuaim
CUID II.
Mainistir na Féile
Mainistir Laoise
Baile Átha an Rí
Coill an Chollaigh
Bealach an Doirín
Baile an Róba
Bealach Féich
Baile an Bhuinneánaigh
Béal Átha hAmhnais
Beannchar
Baile Bhlainséir
An Bhlarna
An Chathair
Cathair Saidhbhín
Carn Domhnaigh
Cora Droma Rúisc
Caisleán an Chumair—Dún an Ghaill
Oileán Chiarraighe
An Caisleán Riabhach
Cill Droichid
Clárach
Clár Clainne Muiris
An Clochán
Cluain Dolcáin
An Daingean
Dún na nGall
Dún Mánmhaí
Inis Díomáin
An Gort
Gráig na Manach—Tigh na hInse
An Chloch Liath—Deilgne
Ceann Toirc
Neidín
Cill Dara
Cill Orglan
Na Cealla Beaga
Cill Mocheallóg
Leamhcán-Doddsborough
Mullach Íde
Má Nuat
Sráid an Mhuilinn
Baile an Mhistéalaigh
Móta
Mainistir Eimhin
Móin Rátha
Bun an Phobail
Cúil an tSúdaire
Port Lách
Ráth Droma
Ráth Loirc
Ros Cré
Ros Eo
Sceirí
Béal Átha na Muice
Sord
Tamhlacht
Baile Mhic Andáin
Tulach Ó bhFeidhlim
AN DARA SCEIDEAL.
Aisghairm.
Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
10 & 11 Vic., c. 34 | Towns Improvement Clauses Act, 1847. | Ailt 6 go 72 agus 110 agus 111. |
14 &15 Vic., c. 92. | Summary Jurisdiction (Ire- land) Act, 1851. | Fo-alt (2) d'alt 9. |
17 & 18 Vic., c. 103. | Towns Improvement (Ire- land) Act, 1854. | In alt 38 na focail “and also so much thereof as relates to improving the line of the streets and removing obstructions”; alt 44. |
24 & 25 Vic., c. 26. | Dublin Improvement Act Amendment Act, 1861. | Alt 9. |
31 & 32 Vic., c. xxxiii. | Cork Improvement Act, 1868. | Ailt 132 go 135 agus 137 agus 146. |
41 & 42 Vic., c. 52. | Public Health (Ireland) Act, 1878. | Ailt 39 agus 40. |
53 & 54 Vic., c. ccxlvi. | Dublin Corporation Act, 1890. | Ailt 39, 47 agus 48. |
7 Edw. 7, c. 27. | Advertisements Regulation Act, 1907. | An tAcht iomlán. |
7 Edw. 7, c. 53. | Public Health Acts Amendmend Act, 1907. | Ailt 27 agus 91. |
Alt 35. | ||
An tAcht um Bailte agus Líomatáistí a Shíneadh Amach, 1934. | An tAcht iomlán. | |
An tAcht um Bailte agus Líomatáistí a Shíneadh Amach (Leasú) 1939. | An tAcht iomlán. |
AN TRIU SCEIDEAL
Na Críocha chun ar féidir Cuspóirí a thaispeáint i bPlean Forbartha.
CUID I.
Bóithre agus Trácht.
1. Áis agus sábháilteacht níos fearr a áirithiú d'úsáidirí bóthair agus do choisithe.
2. Talamh a chur in áirithe le haghaidh bóithre agus ionaid loctha.
3. Cearta slí poiblí a bhunú.
4. Bóithre nua a dhéanamh agus bóithre láithreacha a athrú.
5. Bóithre láithreacha a dhúnadh nó a chlaonadh.
6. Cearta slí poiblí agus cearta slí príobháideacha a mhúchadh.
7. Na nithe seo a leanas a chinntiú maidir le bóithre nua agus láithreacha:—
(a) a líne, a leithead, a leibhéal agus a ndéanamh,
(b) na bealaí chucu agus uathu, agus
(c) a méid agus a gcarachtar i gcoitinne.
8. Socrú a dhéanamh le haghaidh oibreacha a bhaineann le haon bhóthar a dhéanamh, a fheabhsú nó a thírdhreachú, lena n-áirítear droichid, tolláin agus fobhealaí agus scáthláin, soilsiú saorga agus suíocháin a chur ar fáil agus féar, crainn agus toir a chur ar an mbóthar sin nó in aice leis.
Cuid II.
Déanmhais.
1. Gach ábhar nó aon ábhar acu seo a leanas a rialáil agus a rialú, i gcoitinne nó i limistéir áirithe—
(a) méid, airde, achar urláir agus carachtar déanmhas;
(b) línte tógála, fairsingeacht, agus an spás timpeall teaghaisí agus déanmhas eile;
(c) méid na n-ionad loctha a mbeidh gá leo i ndéanmhais de chineál nó de mhéid áirithe nó orthu nó fúthu nó seirbhísí nó áiseanna chun feithiclí a locadh, a luchtú, a dhíluchtú nó a bhreoslú;
(d) na rudaí is cead a dhaingniú de dhéanmhais;
(e) na críocha chun a bhféadfar agus an modh ar a bhféadfar déanmhais a úsáid nó a áitiú, lena n-áirítear, i gcás teaghaisí, iad a ligean ina dtionóntáin ar leithligh.
2. Dearadh agus dathanna déanmhas agus na hábhair dá ndéanfar iad a rialáil agus a rialú.
3. Aon talamh áirithe, nó an talamh uile in aon limistéar áirithe, a chur in áirithe nó a dháileadh le haghaidh déanmhas de chineál nó de chineálacha sonraithe, nó tógáil, foirgniú nó déanamh aon chineál nó cineálacha áirithe déanmhas ar thalamh sonraithe a thoirmeasc nó a shrianadh go buan nó go sealadach.
4. Teorainn a chur leis an méid déanmhas, nó an méid déanmhas de chineál sonraithe, a fhéadfar a fhoirgniú, a thógáil nó a dhéanamh ar, in nó faoi aon limistéar.
5. Déanmhais ar neamhréir leis an bplean forbartha a dhíchur nó a athrú.
6. Rialáil agus rialú a dhéanamh ar an méid seo a leanas—
(a) eagar nó leagan amach déanmhas nó déanmhas d'aon chineál sonraithe (lena n-áirítear dóthain réasúnach spáis oscailte a chur in áirithe i gcomhréir le líon, cineál agus carachtar na ndéanmhas a bheidh i dtrácht in aon togra áirithe i dtaobh forbartha);
(b) an modh ar a ndéanfar aon talamh a leagan amach chun críocha forbartha, lena n-áirítear ceanglais maidir le leagan amach bóithre, tírdhreachú, plandáil;
(c) soláthairtí uisce, séaracha, silteáin agus soilsiú poiblí a chur ar fáil;
(d) bóithre seirbhíse a chur ar fáil agus dearadh bealaí go dtí bóithre;
(e) saoráidí a chur ar fáil chun feithiclí a locadh, a dhíluchtú, a luchtú agus a bhreoslú ar aon talamh.
Cuid III.
Pobal-Phleanáil.
1. Leagan amach limistéar a rialú, lena n-áirítear tiús, spásáil, grúpáil agus treo-shuíomh déanmhas i ndáil le bóithre, spásanna oscailte agus déanmhais eile.
2. Soláthar agus suíomh scoileanna, eaglaisí, hallaí cruinnithe agus áiseanna pobail eile a chinneadh.
3. Soláthar agus suíomh seirbhísí sláintíochta agus saoráidí caitheamh aimsire a chinneadh.
Cuid IV.
Taitneamhachtaí.
1. Tailte a chur in áirithe—
(a) mar spásanna oscailte, poiblí nó príobháideach (seachas mar spásanna oscailte a chuirfear in áirithe faoi Chuid II den Sceideal seo nó faoin gcéad mhír eile ina dhiaidh seo),
(b) mar láithreáin le haghaidh carabhán nó campála.
2. Talamh a chur in áirithe mar pháirc phoiblí, mar ghairdín poiblí nó mar spás chaitheamh aimsire poiblí, ar talamh é a úsáidtear mar sin de ghnáth.
3. Talamh a chur in áirithe le haghaidh reiligí.
4. Talamh a chur in áirithe le haghaidh tearmann do ghéim agus d'éin.
5. Foirgnimh is ábhar spéise ó thaobh ealaíona, seandálaíochta nó staire a shlánchoimeád.
6. Uaimheanna, láithreáin, gnéithe agus rudaí eile is ábhar spéise ó thaobh seandálaíochta, geolaíochta nó staire a shlánchoimeád.
7. Amhairc agus radharcanna agus taitneamhachtaí áiteanna agus gnéithe áilleachta nádúrtha nó spéisiúlachta a shlánchoimeád.
8. (a) Coillte a shlánchoimeád agus a chosaint.
(b) Crainn, toir, plandaí agus bláthanna a shlánchoimeád agus a chosaint.
9. Toirmeasc, srianadh nó rialú a dhéanamh, i gcoitinne nó in áiteanna áirithe nó laistigh d'fhad sonraithe ó lárlíne gach bóthair nó aon bhóthair shonraithe, ar thógáil gach saghas nó aon saghsanna áirithe déanmhais fógráin nó ar thaispeáint gach saghas nó aon saghsanna áirithe fógráin.
10. Díobháil do thaitneamhachtaí a chosc, a leigheas nó a dhíchur ar díobháil í de bharr aon déanmhas a bheith ligthe i léig nó cuma na faillí a bheith air nó de bharr cuma mhíthaitneamhach nó cuma na faillí a bheith ar aon talamh atá ag gabháil le déanmhas nó tadhlach le haon bhóthar poiblí nó atá i limistéar tithe cónaithe.
11. Cur nó diúscairt iarmhair agus cosamair, diúscairt séarachais agus truailliú aibhneacha, lochanna, linnte, lintéar agus trá mhara a thoirmeasc, a rialáil nó a rialú.
12. Saoráidí, mar atá carrlocanna, suíocháin, saoráidí cluichíochta, cúirteanna leadóige, scáthláin, leithris agus cluichemhánna a chur ar fáil ar láithreáin tréigthe nó ar thalamh eile.
13. Aon cheart slí poiblí láithreach a shlánchoimeád a thugann bealach chun farraige, chun sléibhe, go bruach locha nó abhann, nó chun áite eile a ngabhann áilleacht nádúrtha leis nó atá áirgiúil chun caithimh aimsire.
AN CEATHRU SCEIDEAL
Rialacha a chuirtear isteach in Alt 2 den Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919.
(7) In the case of a compulsory acquisition of buildings, the reference in Rule (5) to the reasonable cost of equivalent reinstatement shall be taken as a reference to that cost not exceeding the estimated cost of buildings such as would be capable of serving an equivalent purpose over the same period of time as the buildings compulsorily acquired would have done, having regard to any structural depreciation in those buildings.
(8) The value of the land shall be calculated with due regard to any restrictive covenant entered into by the acquirer when the land is compulsorily acquired.
(9) Regard shall be had to any restriction on the development of the land in respect of which compensation has been paid under the Local Government (Planning and Development) Act, 1963.
(10) Regard shall be had to any restriction on the development of the land which could, without conferring a right to compensation, be imposed under any Act or under any order, regulation, rule or bye-law made under any Act.
(11) Regard shall not be had to any depreciation or increase in value attributable to—
(a) the land, or any land in the vicinity thereof, being reserved for any particular purpose in a development plan, or
(b) inclusion of the land in a special amenity area order.
(12) No account shall be taken of any value attributable to any unauthorised structure or unauthorised use.
(13) No account shall be taken of—
(a) the existence of proposals for development of the land or any other land by a local authority, or
(b) the possibility or probability of the land or other land becoming subject to a scheme of development undertaken by a local authority.
(14) Regard shall be had to any contribution which a planning authority would have required as a condition precedent to the development of the land.
(15) In Rules (9), (10), (11), (12), (13) and (14) “development,” “development plan,” “special amenity area order,” “unauthorised structure,” “unauthorised use,” “local authority” and “the appointed day” have the same meanings respectively as in the Local Government (Planning and Development) Act, 1963.
(16) In the case of land incapable of reasonably beneficial use which is purchased by a planning authority under section 29 of the Local Government (Planning and Development) Act, 1963, the compensation shall be the value of the land exclusive of any allowance for disturbance or severance.
AN CUIGIU SCEIDEAL.
Ábhair dar féidir Caighdeáin a Fhorordú i Rialacháin Foirgníochta.
1. Láithreáin a ullmhú.
2. Neart agus cobhsaíocht.
3. Réamhchúraimí in aghaidh tóiteáin (lena n-áirítear friotaíocht an déanmhais in aghaidh an tóiteáin a bhriseadh amach agus a leathadh, áititheoirí a chosaint agus slite éalaithe má tharlaíonn tóiteán).
4. Friotaíocht in aghaidh taisligh.
5. Friotaíocht in aghaidh teas a tharchur.
6. Friotaíocht in aghaidh fuaim a tharchur.
7. Buaine.
8. Friotaíocht in aghaidh foircthe.
9. Silt.
10. Aerú (lena n-áirítear spás oscailte a chur ar fáil lena aghaidh).
11. Solas lae (lena n-áirítear spás oscailte a chur ar fáil lena aghaidh).
12. Téamh agus soilsiú saorga.
13. Seirbhísí, suiteálacha agus trealamh cúnta (lena n-áirítear seirbhísí, suiteálacha agus trealamh cúnta chun gás nó leictreachas a sholáthar nó a úsáid, agus cibé socruithe a chur ar fáil chun téimh agus cócaireachta a mheasfar a choiscfidh nó a shrianfaidh an oiread agus is féidir, deatach nó gásanna díobhálacha ó a bheith ag sceitheadh amach.
14. Cóiríocht agus trealamh cúnta.
15. Bealach isteach.
16. Contúirt agus bac a chosc.