Uimhir 40 de 1960.
AN tACHT RIALTAIS ÁITIÚIL (Uimh. 2), 1960.
[An tiontú oifigiúil.]
CUID I.
Réamhraiteach agus Ginearálta.
Gearrtheideal, comhlua agus forléiriú.
1.—(1) Féadfar an tAcht Rialtais Áitiúil (Uimh. 2), 1960, a ghairm den Acht seo.
(2) Folóidh an comhlua “na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1960” an tAcht seo.
(3) Forléireofar le chéile mar aon Acht amháin na hAchtanna Rialtais Áitiúil, 1925 go 1960.
Léiriú.
2.—(1) San Acht seo ciallaíonn “an tAire iomchuí”—
(a) má bhaineann an fáil ar iasacht, an tabhairt ar iasacht nó an tógáil a bheidh i gceist le nithe a bhfuil na feidhmeanna Aire maidir leo dílsithe san aon Aire amháin seachas an tAire Rialtais Áitiúil—an tAire sin,
(b) má bhaineann sé le nithe a bhfuil na feidhmeanna Aire maidir leo dílsithe i mbeirt Airí nó níos mó (nach é an tAire Rialtais Áitiúil ceachtar acu nó aon Aire acu)— cibé Aire de na hAirí sin is mó a mbaineann na nithe sin leis, agus
(c) i ngach uile chás eile—an tAire Rialtais Áitiúil.
(2) Má éiríonn amhras ar bith, maidir le mír (b) den fho-alt roimhe seo, i dtaobh cé acu Aire de bheirt Airí nó níos mó ar mó a mbaineann na nithe sin leis, cinnfidh an tAire Rialtais Áitiúil an t-amhras.
(3) San Acht seo folaíonn “talamh” uisce agus aon eastát nó leas i dtalamh nó in uisce agus aon éasúint nó ceart i dtalamh nó in uisce nó chun talún nó uisce nó thar talamh nó uisce.
(4) Na tagairtí atá san Acht seo d'airgead a fháil iasacht folaíonn siad tagairtí d'airgead a fháil ar athiasacht.
Rialacháin a leagan faoi bhráid Thithe an Oireachtais.
3.—Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
CUID II.
Airgead a Fháil agus a Thabhairt ar Iasacht.
Airgead a fháil ar iasacht.
4.—(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo agus aon rialachán faoi fho-alt (3) den alt seo—
(a) féadfaidh údarás áitiúil airgead a fháil ar iasacht,
(b) féadfar airgead a fháil ar iasacht ar mhodh ar bith is oiriúnach leis an údarás áitiúil, lena n-áirítear, go sonrach, é a fháil ar iasacht trí mhorgáiste, billí malairte a tharraingí, stoc nó bannaí a eisiúint, iasacht sealadach nó rótharraingt,
(c) féadfar an iasacht agus an t-ús nó na díbhinní uirthi a urrú ar ioncam, cistí nó maoin an údaráis áitiúil,
(2) (a) Ní bhfaighfear airgead ar iasacht faoin alt seo, seachas iasacht eiscthe, ach amháin le ceadú an Aire iomchuí.
(b) Féadfaidh an tAire iomchuí, le treorú, aon iasacht a eisceadh ón mír sin roimhe seo, agus forléireofar an tagairt sa mhír sin d'iasacht eiscthe mar thagairt d'iasacht a bheidh eiscthe amhlaidh.
(3) Féadfaidh an tAire Rialtais Áitiúil, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais, rialacháin a dhéanamh maidir le húdaráis áitiúla d'fháil airgid ar iasacht agus féadfaidh, go sonrach, foráil a bheith sna rialacháin sin maidir le gach ní nó aon ní acu seo a leanas:
(a) foinsí iasachtaí,
(b) na tréimhsí chun iasachtaí a aisíoc,
(c) iasachtaí a mhuirearú agus urrús ina leith,
(d) i gcás morgáistí, a bhfoirm, na cláir a bheidh le coimeád maidir leo, a n-aistriú agus foirm na n-aistrithe sin, agus ceapadh agus cumhachtaí glacadóirí.
Iasacht a thabhairt d'údarás áitiúil eile.
1946, Uimh 24.
5.—(1) Féadfaidh údarás áitiúil, faoi réir cheadú an Aire iomchuí, airgead a thabhairt ar iasacht, ar cibé téarmaí maidir le haisíoc agus le nithe eile is oiriúnach leo, d'údarás áitiúil eile.
(2) Má bhíonn suim, arb é a bheidh inti cuid d'iasacht a thug comhairle contae de bhun an ailt seo do choimisinéirí baile nach ceantar uirbeach agus atá sa chontae, nó ús ar aon iasacht den sórt sin, gan chur isteach san éileamh iomchuí faoi fho-alt (1) d'alt 26 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946, measfar í a bheith curtha isteach san éileamh agus beidh éifeacht dá réir sin ag fo-alt (4) d'alt 10 den Acht sin.
(3) Is feidhm fhorcoimeádta iasacht a thabhairt faoin alt seo.
Stoc a eisiúint.
6.—(1) I gcás údarás áitiúil d'fháil airgid ar iasacht trí eisiúint stoic, cruthófar, eiseofar, aistreofar, fuasclófar agus múchfar an stoc agus déileálfar leis i cibé slí, ar cibé téarmaí agus de réir cibé forálacha a bheidh forordaithe ag an Aire Rialtais Áitiúil le rialacháin.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh foráil a bheith i rialacháin faoin alt seo i dtaobh aon ní acu seo a leanas:
(a) urscaoileadh aon iasachta a chruinneofar tríd an stoc a eiseofar de réir na rialachán,
(b) i gcás fiach a chomhdhlúthú, chun na tréimhsí ar laistigh díobh a fhéadfar iasachtaí a urscaoileadh, a shíneadh nó a athrú,
(c) toiliú úinéirí teoranta,
(d) feidhm na nAchtanna a bhaineann le dleachtanna stampa agus le seiceanna,
(e) díbhinní nach n-éileofar a dhiúscairt.
(3) Gach rialachán a choimeádtar i bhfeidhm le fo-alt (6) d'alt 87 den Acht Rialtais Áitiúil, 1946, déileálfar leis, gan dochar d'fhorálacha an fho-ailt sin, mar rialacháin faoin alt seo, agus féadfar, dá réir sin, é a leasú nó a chúlghairm le rialacháin faoin alt seo.
Eisiúintí as ciste na n-iasachtaí áitiúla.
7.—Féadfar airgead a gheofar ar iasacht de bhun na Coda seo den Acht seo a thabhairt ar iasacht trí eisiúint as ciste na n-iasachtaí áitiúla ionann is dá mba iasacht áitiúil de réir bhrí Achtanna Ciste na nIasacht Áitiúla, 1935 go 1957, an iasacht sin agus go raibh sí údaraithe le hAcht ón Oireachtas.
Ranníocaí i leith muirear iasachta a íoc leis an iasachtóir.
8.—I gcás ina ndéanfaidh Aire ranníoc i leith na muirear iasachta maidir le hiasacht a gheobhaidh údarás áitiúil, féadfaidh sé, más cuí leis é agus faoi réir thoiliú an iasachtóra, aon ranníocaí den sórt sin a dhéanamh díreach leis an iasachtóir agus déileálfar leo ansin ionann agus dá mba íocaíochtaí muirear iasachta comhréire iad ón údarás áitiúil.
Srian ginearálta.
9.—Aon údarás áitiúil
(a) ní bhfaighidh siad airgead ar iasacht, ná
(b) ní thabharfaidh siad airgead ar iasacht d'údarás áitiúil eile,
ach amháin de bhun na Coda seo den Acht seo.
CUID III.
Ilghnéitheach.
Leathnú ar an gcumhacht chun talamh a thógáil go héigeantach faoi Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1958.
10.—(1) I gcás—
(a) ina mbeartóidh údarás áitiúil aon talamh, cibé acu laistigh nó lasmuigh dá limistéar feidhmiúcháin dó, a thógáil go héigeantach le haghaidh críocha ar féidir a n-údarú le dlí talamh a thógáil go héigeantach lena n-aghaidh,
(b) gur críocha seachas críocha Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1958, na críocha sin nó gur críocha iad nach críocha de chuid na nAchtanna sin ach cuid acu, agus
(c) gur dóigh leis an údarás áitiúil gurbh áisiúil an tógáil a dhéanamh faoi na hAchtanna sin,
féadfaidh an t-údarás áitiúil a chinneadh an tógáil a dhéanamh amhlaidh.
(2) I gcás—
(a) inar dóigh le húdarás áitiúil go mbeadh aon talamh áirithe, cibé acu laistigh nó lasmuigh dá límistéar feidhmiúcháin dó, oiriúnach, dá dtógfadh siad é, chun hallaí, foirgnimh agus oifigí a chur ar fáil don údarás áitiúil, agus
(b) gur dóigh leis an údarás áitiúil gurbh áisiúil an tógáil a dhéanamh faoi Achtanna Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1958,
féadfaidh an t-údarás áitiúil a chinneadh an tógáil a dhéanamh amhlaidh.
(3) (a) I gcás ina ndéanfaidh údarás áitiúil cinneadh faoi fho-alt (1) nó (2) den alt seo, féadfar a údarú dóibh an talamh a cheannach go héigeantach trí ordú ceannaigh éigeantach dá bhforáiltear le halt 37 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931, agus le Codanna I agus II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, arna leasú le hailt 24 agus 25 d'Acht na dTithe (Leasú), 1958.
(b) Chun críocha na míre roimhe seo déanfar tagairtí don Aire, gach áit ina bhfuil an focal sin in alt 37 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931, agus i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin agus in ailt 24 agus 25 d'Acht na dTithe (Leasú), 1958, a fhorléiriú mar thagairtí don Aire iomchuí.
(4) (a) Beidh feidhm ag forálacha alt 17 (arna leasú le fo-alt (2) d'alt 23 d'Acht na dTithe (Forálacha Airgid agus Forálacha Ilghnéitheacha), 1932) agus fho-alt (1) d'alt 41 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931, maidir le hordú arna dhéanamh de bhua an ailt seo agus déanfar tagairtí don Aire, gach áit ina bhfuil an focal sin san alt sin 17 arna fheidhmiú amhlaidh, a fhorléiriú mar thagairt don Aire iomchuí.
(b) Déantar leis seo forálacha ailt 30, 36, 45 agus 49 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931, agus forálacha alt 50 den Acht sin, arna modhnú le halt 18 d'Acht na dTithe (Leasú), 1954, a leathnú chun go mbeidh éifeacht acu chun críocha an ailt seo, agus déanfar tagairtí don Aire, gach áit ina bhfuil an focal sin i bhfo-ailt (2) agus (3) den alt sin 45 arna leathnú amhlaidh, a fhorléiriú mar thagairtí don Aire iomchuí.
(c) Beidh feidhm ag forálacha fho-alt (2) d'alt 18 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931, arna leasú le halt 20 d'Acht na dTithe (Leasú), 1958, maidir le talamh a thógfar trí ordú a dhéanfar de bhua an ailt seo.
(5) Beidh feidhm ag forálacha alt 32 d'Acht na dTithe (Leasú), 1948, maidir leis na costais is iníoctha ag údarás áitiúil maidir le talamh a thógáil trí ordú a dhéanfar de bhua an ailt seo.
(6) (a) I gcás—
(i) ina ndéanfar ordú de bhua an ailt seo, agus
(ii) go mbeidh ceart slí poiblí thar an talamh, nó thar aon chuid den talamh, lena mbainfidh an t-ordú,
féadfaidh an t-ordú a údarú don údarás áitiúil, trí ordú a dhéanfaidh siad tar éis dóibh an talamh sin nó an chuid sin de a thógáil, an ceart slí sin a mhúchadh.
(b) I gcás—
(i) ina n-údaróidh ordú a dhéanfar de bhua an ailt seo ceart slí poiblí a mhúchadh, agus
(ii) mura mbeadh an mhír seo, nach mbeadh d'oibleagáid ar an Aire a chur faoi deara fiosrúchán áitiúil poiblí a dhéanamh de bhun Chuid I den Dara Sceideal a ghabhann le hAcht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1931,
beidh d'oibleagáid ar an Aire a chur faoi deara an fiosrúchán a dhéanamh ach amháin nuair is cuí leis gan an t-ordú a dhaingniú.
(7) Féadfar a údarú d'údarás áitiúil, i gcás ina mbeidh cinneadh déanta acu faoi fho-alt (1) den alt seo, talamh a cheannach go héigeantach trí aon ordú amháin a dhéanfar de bhua an ailt seo, is cuma cad é an méid críocha chun a mbeidh an talamh ag teastáil.
(8) I gcás ina mbeartóidh údarás áitiúil ordú a dhéanamh de bhua an ailt seo agus gur lasmuigh dá limistéar feidhmiúcháin don talamh, ní gá dóibh an toiliú dá bhforáiltear in alt 29 d'Acht na dTithe (Leasú), 1952, a fháil.
Leasú ar alt 10 den Local Government (Ireland) Act, 1898.
11.—(1) I bhfo-alt (1) d'alt 10 den Local Government (Ireland) Act, 1898—
(a) forléireofar “A county council” mar thagairt d'aon údarás áitiúil,
(b) forléireofar “county”, sa dá áit ina bhfuil an focal sin gan cháiliú, mar thagairt do limistéar feidhmiúcháin an údaráis áitiúil a bheidh i gceist, agus
(c) forléireofar “powers and duties” mar thagairt do na cumhachtaí, na feidhmeanna agus na dualgais uile is infheidhmithe nó is inchomhlíonta, aon tráth ábhartha, ag an údarás áitiúil sin.
(2) I bhfo-alt (2) den alt sin 10, forléireofar “A county council” mar thagairt d'aon údarás áitiúil.
Leathnú ar ídarái áirithe.
1955, No. 9.
12.—I gcás—
(a) cumhacht, feidhm nó dualgas a theacht chun bheith infheidhmithe nó inchomhlíonta ag údarás áitiúil de dhroim comhaontaithe faoi alt 59 den Acht Rialtais Áitiúil, 1955, agus
(b) go mbeadh an comhlacht, arb é an páirtí eile sa chomhaontú é, údaraithe le dlí, dá bhfeidhmeodh siad nó dá gcomhlíonfadh siad an chumhacht, an fheidhm nó an dualgas, aon ghníomh nó rud a dhéanamh maidir leis an bhfeidhmiú nó an comhlíonadh sin,
beidh údarás ag an údarás áitiúil, ionann is dá mba iad an comhlacht sin iad, an gníomh nó an rud sin a dhéanamh maidir le feidhmiú nó comhlíonadh na cumhachta, na feidhme nó an dualgais.
Cumhacht údaráis áitiúil chun talamh a iniúchadh.
13.—(1) Aon oifigeach nó gníomhaire d'údarás áitiúil a bheidh údaraithe go cuí chuige sin ag an údarás, féadfaidh sé, faoi réir fhorálacha an ailt seo, dul isteach ar aon talamh gach tráth réasúnach idir 9 a.m. agus 6 p.m. chun a fháil amach cé acu atá nó nach bhfuil an talamh oiriúnach lena thógáil ag an údarás.
(2) Aon duine a rachaidh isteach ar thalamh faoin alt seo féadfaidh sé gach ní a dhéanamh ann is gá chun na críche is cúis leis an dul isteach agus, go háirithe, féadfaidh sé suirbhéireacht a dhéanamh, pleananna a dhéanamh, leibhéil a thógáil, tochailt a dhéanamh agus doimhneas na fo-ithreach a scrúdú agus a fháil amach cén saghas í.
(3) Sula dté duine isteach ar aon talamh faoin alt seo, déanfaidh an t-údarás áitiúil arb ar a n-údarás a bheartófar dul isteach toiliú an áititheora (i gcás talamh áitithe) nó (i gcás talamh gan áititheoir) toiliú an úinéara a fháil, nó tabharfaidh siad don úinéir nó don áititheoir (de réir mar a bheidh) fógra ceithre lá déag ar a laghad i scríbhinn i dtaobh é a bheith ar intinn dul isteach.
(4) Aon duine dá mbeidh fógra faoin alt seo tugtha ag údarás áitiúil i dtaobh é a bheith ar intinn dul isteach ar thalamh féadfaidh sé, ceithre lá déag ar a dhéanaí tar éis an fógra sin a thabhairt, a iarraidh, tar éis fógra a thabhairt don údarás áitiúil sin, ar an mbreitheamh den Chúirt Dúiche ag a mbeidh dlínse sa cheantar ina bhfuil an talamh ordú a dhéanamh ag toirmeasc an dul isteach, agus, ar an iarratas a éisteacht, féadfaidh an breitheamh, más cuí leis sin, an dul isteach a thoirmeasc ar fad nó coinníollacha a shonrú a dhlífidh an duine a rachaidh isteach déanamh dá réir.
(5) I gcás ina dtoirmiscfidh breitheamh den Chúirt Dúiche faoin alt seo dul isteach ar thalamh a bheidh beartaithe, ní dleathach do dhuine ar bith dul isteach ar an talamh sin faoin alt seo, agus i gcás ina sonróidh breitheamh den Chúirt Dúiche coinníollacha a dhlífidh daoine a rachaidh isteach ar an talamh déanamh dá réir déanfaidh gach duine a rachaidh isteach ar an talamh faoin alt seo de réir na gcoinníollacha a shonrófar amhlaidh.
(6) Aon duine a fhulaingeoidh damáiste trí aon ní a dhéanfar faoin alt seo ar aon talamh agus a dhéanfaidh éileamh, laistigh de shé mhí tar éis an rud sin a dhéanamh, ar chúiteamh i leith an damáiste chun an údaráis áitiúil ar faoina n-údarás a chuathas isteach ar an talamh faoin alt seo, beidh teideal aige go n-íocfaidh an t-údarás leis cúiteamh réasúnach sa damáiste agus, mura n-íocfar an cúiteamh sin leis i gcás comhaontú nó cinneadh a bheith déanta faoin alt seo i dtaobh a mhéid, féadfar é a ghnóthú ón údarás in aon chúirt dlínse inniúla mar fhiach conartha shimplí.
(7) Mura ndéantar comhaontú, déanfar méid aon chúitimh is iníoctha ag údarás áitiúil faoin alt seo a chinneadh, muran mó ná caoga punt an méid a éileofar ina leith, ag an gCúirt Dúiche nó, in aon chás eile, cinnfear é trí eadráin faoin Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919 (arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin) ionann agus dá mba luach talún a tógadh go héigeantach an cúiteamh sin.
(8) Gach duine a dhéanfaidh, trí ghníomh nó neamhghníomh, oifigeach nó gníomhaire d'údarás áitiúil a bhac agus é ag feidhmiú go dleathach na gcumhachtaí a thugtar leis an alt seo, beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig phunt a chur air maraon le fineáil bhreise, i gcás ciona leanúnaigh, nach mó ná punt in aghaidh gach lae a leanfar den chion.
Ranníocaí bliantúla le Comhchomhairle na gComhairlí Contae.
14.—(1) Féadfaidh comhairle contae, faoi réir cibé teorainneacha a shocróidh an tAire Rialtais Áitiúil ó am go ham, ranníocaí bliantúla a dhéanamh le cistí Chomhchomhairle na gComhairlí Contae.
(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 1ú lá d'Aibreán, 1961, agus ní dhéanfar íocaíocht ar bith i modh ranníoca tar éis an lae sin faoi alt 16 den Local Government (Ireland) Act, 1902, arna leasú le halt 78 den Acht Rialtais Áitiúil, 1925.