[EN]

harp.jpg


Uimhir 36 de 1986


[EN]

AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA (LEASÚ), 1986


RIAR NA nALT

Alt

1.

Mínithe.

2.

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

3.

Cumhacht an Aire chun críocha a dtabharfar iasacht ina leith a fhorordú.

4.

Rátaí úis srathacha.

5.

Cearta comhalta i gcás go muirearaítear ráta úis srathach air.

6.

Cumhachtaí breise an Aire chun rialacha a fhorordú.

7.

Rialacha a bhaineann le bord stiúrthóirí a cheapadh, etc.

8.

Comhairle Chomhchomhairleach na gCumann Foirgníochta.

9.

Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht.

10.

Leasú ar alt 22 den Phríomh-Acht.

11.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Cumann Foirgníochta, 1976

1976, Uimh. 38

Na hAchtanna Cumann Foirgníochta, 1976 go 1983

harp.jpg


Uimhir 36 de 1986


AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA (LEASÚ), 1986

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA CUMANN FOIRGNÍOCHTA, 1976 GO 1983.

[22 Nollaig, 1986]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Mínithe.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “na hAchtanna” na hAchtanna Cumann Foirgníochta, 1976 go 1983;

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht Cumann Foirgníochta, 1976.

[EN]

Leasú ar alt 2 den Phríomh-Acht.

2.—Leasaítear leis seo alt 2 den Phríomh-Acht tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “cumann” i bhfo-alt (1):

[EN]

“ciallaíonn ‘cumann’ cumann foirgníochta arna bhunú faoin Acht seo chun cistí a chruinniú (trí shuibscríobhanna ó na comhaltaí, trí thaiscí a ghlacadh agus trí iasachtaí), de réir an Achta seo, chun iasachtaí a thabhairt do chomhaltaí—

[EN]

(a) ar urrús trí eastát nó leas, ruílse nó léasach, a mhorgáistiú; nó

[EN]

(b) le hurrús nó gan urrús agus de réir aon rialachán a dhéanfaidh an tAire faoi alt 3 den Acht Cumann Foirgníochta (Leasú), 1986;”.

[EN]

Cumhacht an Aire chun críocha a dtabharfar iasacht ina leith a fhorordú.

3.—(1) D'ainneoin aon fhorála de na hAchtanna agus d'aon ionstraim reachtúil a dhéanfar fúthu, féadfaidh cumann, i dteannta aon iasachta eile a thabharfaidh sé faoi na hAchtanna, iasachtaí a thabhairt do chomhaltaí, le hurrús nó gan urrús de réir mar a bheidh forordaithe ag an Aire, le toiliú an Aire Airgeadais agus tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCláraitheoir, chun cibé críocha agus faoi réir cibé coinníollacha (seachas coinníollacha i ndáil leis an ráta úis is inmhuirearaithe ar iasacht) a fhorordóidh an tAire amhlaidh, agus féadfar coinníollacha éagsúla a fhorordú i ndáil le haicmí éagsúla iasachtaí.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh a fhorálfaidh d'aon mhodhnú, oiriúnú, leasú, aisghairm, cúlghairm nó foirceannadh ar aon fhorálacha de na hAchtanna is gá nó is cuí go réasúnach chun críocha fho-alt (1) den alt seo nó chun lánéifeacht a thabhairt d'aon fhorálacha d'fho-alt (1) den alt seo nó d'aon rialacháin a dhéanfar faoi.

[EN]

(3) I gcás go mbeartaítear rialacháin a dhéanamh faoi fho-alt (2) den alt seo, déanfar dréacht de na rialacháin atá beartaithe a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go ndéanfaidh gach Teach díobh sin rún a rith ag ceadú an dréachta.

[EN]

(4) Féadfaidh an Cláraitheoir, aon uair a mheasann sé—

[EN]

(a) go bhfuil sé fóirsteanach ar mhaithe le gnó cumann foirgníochta a rialáil go hordúil cuí, nó

[EN]

(b) go bhfuil cumann tar éis gnó a sheoladh ar dhóigh atá dochrach don rialáil sin,

[EN]

ordú a eisiúint chuig aon chumann nó, de réir mar a bheidh, chuig an gcumann sin, á thoirmeasc nó á shrianadh air, de réir mar is cuí leis, iasachtaí a thabhairt do chomhaltaí de bhun fho-alt (1) den alt seo agus beidh éifeacht le haon ordú den sórt seo de réir a chuid téarmaí.

[EN]

(5) Féadfaidh an Cláraitheoir tráth ar bith de réir mar is gá sna himthosca, ordú faoi fho-alt (4) den alt seo a chúlghairm.

[EN]

Rátaí úis srathacha.

4.—(1) Ní mhuirearóidh cumann ráta úis srathach ar iasacht a tugadh do chomhalta—

[EN]

(a) más roimh an 1ú lá de Lúnasa, 1986, a bunaíodh an morgáiste i leith na hiasachta agus

[EN]

(b) mura raibh ráta úis srathach á mhuirearú i leith na hiasachta an lá sin.

[EN]

(2) (a) Ní dhéanfaidh cumann ráta úis srathach a mhuirearú ar iasacht a tugadh do chomhalta más ar an 23ú lá de Dheireadh Fómhair, 1986, nó dá éis, a bunaíodh an morgáiste i leith na hiasachta.

[EN]

(b) Beidh éifeacht leis an bhfo-alt seo ón gcéad lá den mhí tar éis do thréimhse sé mhí a bheith caite ag tosú ar dháta rite an Achta seo.

[EN]

(3) San alt seo agus in alt 5 den Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “iasacht” iasacht a thugann cumann do chomhalta ar an urrús a thig ó eastát nó ó leas, ruílse nó léasach, i dteaghais a mhorgáistiú;

[EN]

ciallaíonn “ráta úis srathach” an ráta úis ar iasacht i gcás—

[EN]

(a) go gcinntear an ráta sin faoi threoir mhéid na hiasachta a thugtar nó de réir an méid a bheidh gan íoc tráth ar bith de bhun na hiasachta, nó de réir ioncam an chomhalta dá dtugtar an iasacht, de réir mar a bheidh, agus

[EN]

(b) gur mó an ráta sin ná an ráta úis is lú is infheidhme ag an am maidir le hiasachtaí a thugann an cumann do chomhaltaí go ginearálta.

[EN]

Cearta comhalta i gcás go muirearaítear ráta úis srathach air.

5.—Má mhuirearaíonn cumann ráta úis srathach de shárú ar alt 4 den Acht seo ar chomhalta den chumann ar tugadh iasacht dó, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas, eadhon—

[EN]

(a) Ní sárú ar théarmaí mhorgáiste an chomhalta a bheidh ann mura n-íocfaidh sé leis an gcumann an méid ar mó aon íocaíocht a bheidh dlite de bhun an ráta úis shrathaigh ná aon mhéid a bheidh dlite de bhun an ráta úis is ísle is infheidhme an tráth sin maidir le hiasachtaí a thugann an cumann do chomhaltaí go ginearálta agus ní bheidh an cumann i dteideal, de bhíthin amháin nár íoc an comhalta an méid sin, aon leigheas a fheidhmiú in aghaidh an mhorgáisteora a thugtar don chumann le dlí thairis sin, agus

[EN]

(b) beidh an comhalta i dteideal aon bharrachas den sórt sin a d'íoc sé a ghnóthú ón gcumann mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.

[EN]

Cumhachtaí breise an Aire chun rialacha a fhorordú.

6.—(1) Féadfaidh an tAire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an gCláraitheoir, rialacha a fhorordú maidir le haon ní amháin nó níos mó de na nithe seo a leanas, go ginearálta nó faoi threoir aicme nó aicmí sonraithe rialacha nó cumann, is nithe a shonrófar faoi threoir cibé nithe is cuí leis an Aire:

[EN]

(a) muirearú táillí fuascailte a thoirmeasc nó a shrianadh;

[EN]

(b) an tuarascáil a rinneadh faoi alt 79 (1) (b) den Phríomh-Acht maidir le luach aon urrúis le haghaidh iasachta a bheidh le tabhairt do chomhalta, a chur ar fáil don chomhalta sin;

[EN]

(c) deireadh nó srianadh a chur leis an gceart atá ag cumann a cheangal ar chomhalta árachas a chur i bhfeidhm ar aon urrús le haghaidh iasachta le hárachóir a ordóidh an cumann, nó trí ghníomhaireacht an chumainn nó aon idirghabhálaí a ordóidh an cumann;

[EN]

(d) cumann a chosc nó a shrianadh ó cheangal a chur ar chomhalta costais an chumainn i ndáil le himscrúdú dlíthiúil ar theideal chun aon urrúis den sórt sin a íoc; agus

[EN]

(e) cumann do shocrú árachas cosanta morgáiste a chur ar fáil trí árachóir nó trí idirghabhálaí a bheidh ainmnithe aige.

[EN]

(2) I gcás gur forordaíodh rialacha le rialacháin i ndáil le haon cheann de na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo, beidh na rialacha sin, le héifeacht ó mhí amháin tar éis thosach feidhme na rialachán, mar chuid de rialacha aon chumainn a ndearbhaítear iad a bheith infheidhme ina leith leis na rialacháin lenar forordaíodh na rialacha sin, d'ainneoin aon fhorála de na hAchtanna nó de rialacha an chumainn.

[EN]

(3) San alt seo ciallaíonn “táille fuascailte”, i ndáil le hiasacht, aon suim i dteannta príomhshuime agus aon úis a dhlitear ar an bpríomhshuim sin (gan féachaint don fhíoras maidir le fuascailt na hiasachta) tráth fuascailte na hiasachta go hiomlán nó go páirteach.

[EN]

Rialacha a bhaineann le bord stiúrthóirí a cheapadh, etc.

7.—(1) D'ainneoin fhorálacha na nAchtanna nó rialacha cumainn, cibé uair a fhorordóidh an tAire rialacha, de bhun alt 10 (3) den Phríomh-Acht, is rialacha lena mbaineann an t-alt seo, i gcás go sonraíonn na rialacháin lena bhforordaítear na rialacha sin amhlaidh, a bheidh sna rialacha sin, a mhéid a bhaineann siad le ceapachán, luach saothair agus cur as oifig bord stiúrthóirí cumann.

[EN]

(2) I gcás gur forordaíodh rialacha lena mbaineann an t-alt seo agus, maidir le rialacha cumainn a ndearbhaítear leis na rialacháin lenar forordaíodh na rialacha sin iad a bheith infheidhme i ndáil leo, nach bhfuil siad, i dtuairim an Chláraitheora, go substaintiúil de réir na rialacha arna bhforordú amhlaidh, cuirfidh an Cláraitheoir a thuairim in iúl don chumann laistigh de mhí amháin tar éis thosach feidhme na rialachán, agus i gcás den sórt sin, beidh na rialacha forordaithe, le héifeacht ó thrí mhí tar éis thosach feidhme na rialachán, mar chuid de rialacha an chumainn agus beidh éifeacht leo d'ainneoin aon fhorála láithrí i rialacha an chumainn.

[EN]

(3) (a) Féadfaidh cumann, roimh dheireadh na tréimhse trí mhí a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte in aghaidh thuairim an Chláraitheora.

[EN]

(b) I gcás go n-éireoidh le hachomharc faoin bhfo-alt seo, féadfaidh rialacha an chumainn fanacht i ngníomh.

[EN]

(c) I gcás go dteipfidh ar achomharc faoin bhfo-alt seo beidh na rialacha forordaithe, le héifeacht ó mhí amháin tar éis don Chúirt an t-achomharc a chinneadh, mar chuid de rialacha an chumainn agus beidh éifeacht leo d'ainneoin aon fhorála láithrí i rialacha an chumainn.

[EN]

Comhairle Chomhchomhairleach na gCumann Foirgníochta.

8.—(1) Féadfaidh an tAire comhlacht a cheapadh dá ngairfear Comhairle Chomhchomhairleach na gCumann Foirgníochta agus dá ngairtear “an Chomhairle” san alt seo.

[EN]

(2) Maidir leis an gComhairle—

[EN]

(a) féadfaidh sí comhairle a thabhairt don Aire maidir le haon ábhar a bhaineann le hoibriú gnó cumann foirgníochta, agus

[EN]

(b) tabharfaidh sí comhairle don Aire maidir le haon ábhar a bhaineann le cumainn foirgníochta a chuirfidh an tAire faoina bráid.

[EN]

(3) Beidh ar an gComhairle an oiread daoine a cheapfaidh an tAire agus beidh aon duine a cheapfar amhlaidh i seilbh oifige ar feadh cibé tréimhse a shonróidh an tAire.

[EN]

(4) Ainmneoidh an tAire, ó am go ham, comhalta amháin den Chomhairle chun gníomhú mar chathaoirleach ar an gComhairle.

[EN]

(5) Féadfaidh an tAire tráth ar bith aon chomhalta (lena n-áirítear an Cathaoirleach) a chur as oifig.

[EN]

(6) Forléireofar mar thagairt don Chomhairle an tagairt in alt 76 den Phríomh-Acht do Choiste Comhairleach na gCumann Foirgníochta.

[EN]

(7) Aisghairtear leis seo alt 96 den Phríomh-Acht.

[EN]

Leasú ar alt 12 den Phríomh-Acht.

9.—Leasaítear leis seo alt 12 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

[EN]

“(3) I gcás go gcuirfear cóipeanna go dtí an Cláraitheoir de réir fho-alt (2) agus gur deimhin leis—

[EN]

(a) gur athrú de réir an Achta seo an t-athrú agus go bhfuil sé go substaintiúil de réir rialacha a bheidh forordaithe faoi alt 10 (3), agus

[EN]

(b) nach ndéanfadh clárú dochar do ghnó cumann foirgníochta a rialáil go hordúil cuí,

tabharfaidh sé ceann de na cóipeanna ar ais don rúnaí mar aon le deimhniú cláraitheachta san fhoirm fhorordaithe agus coimeádfaidh agus cláróidh sé an chóip eile.”.

[EN]

Leasú ar alt 22 den Phríomh-Acht.

10.—Leasaítear leis seo alt 22 den Phríomh-Acht tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

[EN]

“(3) Féadfaidh cumann airgead a fháil ar iasacht (lena n-áirítear, má údaraíonn an Cláraitheoir le toiliú an Aire Airgeadais amhlaidh, airgead in airgead reatha seachas airgead reatha an Stáit) agus, chun na críche sin, féadfaidh sé taiscí nó iasachtaí a ghlacadh ar ús, lena n-úsáid chun críche an chumainn.”.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

11.—(1) Féadfar an tAcht Cumann Foirgníochta (Leasú), 1986, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna Cumann Foirgníochta, 1976 go 1986, a ghairm de na hAchtanna Cumann Foirgníochta, 1976 go 1983, agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon Acht amháin.