Uimhir 38 de 1976
AN tACHT CUMANN FOIRGNÍOCHTA, 1976
[An tiontú oifigiúil]
CUID I
Réamhráiteach agus Ginearálta
Gearrtheideal.
1.—Féadfar an tAcht Cumann Foirgníochta, 1976, a ghairm den Acht seo.
Léiriú.
2.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1954” an tAcht Eadrána, 1954;
ciallaíonn “Acht 1963” Acht na gCuideachtaí, 1963;
ciallaíonn “Acht 1971” Acht an Bhainc Ceannais, 1971;
folaíonn “athrú”, i ndáil le rialacha cumainn, aon bhreis a chuirfear leis na rialacha agus folaíonn sé freisin cealú na rialacha go léir nó aon chuid díobh, cibé acu a chuirfear nó nach gcuirfear riail amháin nó níos mó in ionad aon rialacha a cealaíodh, agus forléireofar focaii ghaolmhara dá réir sin;
ciallaíonn “banc” sealbhóir ceadúnais faoi alt 9 d'Acht 1971;
ciallaíonn “bord stiúrthóirí”, i ndáil le cumann faoi bhainistí coiste bainistíochta, an coiste sin;
ciallaíonn “Banc Ceannais” Banc Ceannais na hÉireann;
folaíonn “coimisiún” aon bhronntanas, bónas, táille, íocaíocht nó sochar eile;
ciallaíonn “Cúirt” an Ard-Chúirt, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt;
folaíonn “stiúrthóir” comhalta de choiste bainistíochta agus aon duine eile ag a bhfuil post stiúrthóra, cibé ainm a thugtar air;
tá le “comhalta”, i ndáil le cumann, an bhrí a shanntar dó le halt 17;
ciallaíonn “duine de theaghlach”, i ndáil le duine, céile an duine sin nó mac, iníon, leasmhac, leasiníon, mac uchtaithe nó iníon uchtaithe leis an duine sin;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil;
folaíonn “morgáiste” muirear;
folaíonn “oifigeach”, i ndáil le cumann, stiúrthóir, príomhfheidhmeannach nó rúnaí, agus i gCuid V folaíonn sé iniúchóir freisin;
ciallaíonn “forordaithe” forordaithe le rialacháin faoin Acht seo;
tá le “Cláraitheoir” an bhrí a shanntar dó le halt 85;
ciallaíonn “cumann” cumann foirgníochta arna bhunú faoin Acht seo chun cistí a chruinniú (trí shuibscríobhanna ó na comhaltaí, agus trí thaiscí agus iasachtaí a ghlacadh), de réir an Achta seo, chun iasachtaí a thabhairt do chomhaltaí ar urrús trí eastát nó leas, ruílse nó léasach, a mhorgáistiú;
folaíonn “taiscí nó suibscríobhanna le haghaidh scaireanna a shireadh” aon ábhar ag sireadh taiscí nó suibscríobhanna le haghaidh scaireanna a fhoilsiú nó a thaispeáint trí fhógra, ciorclán, fótagraf, scannán, fuaimchraoladh, teilifís, canbhasáil phearsanta nó eile;
tá le “rún speisialta” an bhrí a shanntar dó le halt 56.
(2) Aon tagairt san Acht seo do Chuid nó d'alt is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.
(3) Aon tagairt san Acht seo d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.
Tosach feidhme.
3.—Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a shocrófar le hordú nó le horduithe ón Aire, go ginearálta nó faoi threoir críche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú chun críocha éagsúla agus forálacha éagsúla den Acht seo.
Seirbheáil fógraí.
4.—I gcás a gceanglaítear leis an Acht seo fógra a sheirbheáil ar dhuine, díreofar chuige é, mura sonrófar a mhalairt san Acht seo, agus seirbheálfar air é nó tabharfar dó é ar mhodh amháin díobh seo a leanas—
(a) i gcás é a bheith dírithe chuige faoina ainm, trína sheachadadh dó;
(b) trína fhágáil ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó, i gcás seoladh le haghaidh seirbheála a bheith tugtha, ag an seoladh sin;
(c) trína chur chuige leis an ngnáthphost réamhíoctha agus é dírithe chuige ag an seoladh ag a bhfuil gnáthchónaí air nó, i gcás seoladh le haghaidh seirbheála a bheith tugtha, ag an seoladh sin.
Rialacháin.
5.—(1) (a) Faoi réir mhír (b), féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh d'fhorordú aon ábhar nó ní dá dtagraítear san Acht seo mar ábhar nó ní atá forordaithe nó le forordú.
(b) Chun críocha Chuid IV, féadfaidh an tAire Airgeadais rialacháin a dhéanamh d'fhorordú aon ábhar nó ní dá dtagraítear sa Chuid sin mar ábhar nó ní atá forordaithe nó le forordú.
(2) Féadfaidh feidhm a bheith ag rialacháin faoin Acht seo go ginearálta nó faoi threoir aon aicme nó aicmí sonraithe cumann, iasachtaí, rialacha nó cibé ábhair eile is iomchuí leis an Aire a dhéanfaidh na rialacháin.
(3) Gan dochar d'aon chumhacht eile a thugtar leis an Acht seo, féadfaidh cibé forálacha teagmhasacha, iarmhartacha, eatramhacha nó forlíontacha a bheith i rialacháin faoin Acht seo ar dóigh leis an Aire a dhéanfaidh na rialacháin gur gá nó gur cuí iad chun aon chríche de chuid an Achta seo nó de dhroim aon fhorála de chuid an Achta seo nó chun lán-éifeacht a thabhairt d'aon fhoráil den Acht seo.
(4) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo (seachas rialachán faoi alt 76) leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
Aisghairm.
6.—Déantar leis seo na hachtacháin a shonraítear i gcolún (2) den Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal.
Caiteachais.
7.—(1) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
(2) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire Airgeadais ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
(3) Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire Tionscail agus Tráchtála ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
CUID II
Bunú, Rialacha, Cumhachtaí etc. Cumann
Cumann a bhunú.
8.—Féadfaidh aon deichniúr daoine nó níos mó nach bhfuil dícháilithe faoin Acht seo cumann a bhunú trí chomhaontú ar rialacha chun an cumann a rialú a chomhlíonfaidh alt 10 agus trí cheanglais alt 11 (1) a chomhlíonadh.
Focail áirithe a úsáid.
9.—(1) Beidh na focail “building society” nó na focail “cumann foirgníochta” in ainm cumainn.
(2) Ní dhéanfaidh duine seachas cumann nó seachas cumann fóntais phoiblí a bheidh ann ar dháta thosach feidhme an ailt seo ainm, teideal ná abairt tuairisce ina mbeidh na focail “building society” nó na focail “cumann foirgníochta” ná aon aistriú, malairt nó díorthaíoch ó na focail sin a úsáid i ndáil leis féin.
Rialacha.
10.—(1) Sonróidh rialacha gach cumainn—
(a) ainm an chumainn;
(b) an dóigh a gcruinneofar cistí an chumainn;
(c) na téarmaí ar a ndéanfar scaireanna a eisiúint agus a aisíoc;
(d) an n-eiseofar scaireanna tosaíochta agus, má eisítear, na teorainneacha a bheidh leo;
(e) i gcás cumann arna chorprú ar dháta thosach feidhme an ailt seo nó dá éis, socrú chun scaireanna a eisiúint do chomhlíonadh alt 18;
(f) an mbeartaíonn an cumann airgead a fháil ar iasacht agus, má bheartaíonn, na teorainneacha a bheidh leis sin;
(g) an nglacfar taiscí agus, má ghlactar, na téarmaí ar an nglacfar iad;
(h) na críocha chun a n-úsáidfear cistí an chumainn agus an dóigh a n-infheisteofar iad;
(i) an dóigh a dtabharfar agus a n-aisíocfar iasachtaí, aon asbhaintí i leith préimheanna, agus na coinníollacha ar a bhféadfaidh iasachtaí an méid a bheidh dlite de a fhuascailt roimh dheireadh na tréimhse ar ina haghaidh a tugadh an iasacht;
(j) socrú chun na gníomhais mhorgáiste agus urrúis eile de chuid an chumainn a choimeád;
(k) an dóigh a bhfionnfar caillteanais agus a ndéanfar soláthar dóibh;
(l) cumhachtaí agus dualgais an bhord stiúrthóirí agus na n-oifigeach eile;
(m) an dóigh a ndéanfar an bord stiúrthóirí agus oifigigh eile a cheapadh, a íoc agus a chur as oifig (lena n-áirítear corrfholúntais a líonadh), agus an dóigh a n-íocfar iniúchóirí;
(n) socrú i dtaobh séala an chumainn a úsáid;
(o) ceart na gcomhaltaí cruinnithe a fhoréileamh, foirm an fhógra le cruinnithe a thionól agus an dóigh a seirbheálfar an fógra;
(p) an dóigh a dtabharfar fógra do chomhaltaí maidir le haon rún (lena n-áirítear rún speisialta) a thairgfear ag cruinnithe;
(q) an nós imeachta a bheidh i bhfeidhm ag cruinnithe;
(r) cearta vótála comhaltaí, ceart comhalta seachvótálaí a cheapadh agus vótaíocht a éileamh agus an dóigh a dtógfar vótaíocht;
(s) an ndéanfar díospóidí idir an cumann agus aon chomhalta dá chuid, nó aon duine a dhéanfaidh éileamh trí aon chomhalta nó faoi na rialacha, a shocrú trína dtarchur chun cúirte, chun an Chláraitheora nó chun eadrána;
(t) aon fhíneálacha agus forghéilltí a chuirfear ar chomhaltaí an chumainn;
(u) an dóigh a mbeidh deireadh le comhaltas sa chumann;
(v) an dóigh a bhféadfar an cumann a fhoirceannadh.
(2) (a) Beidh rialacha an chumainn ina gceangal ar gach duine de chomhaltaí agus d'oifigigh an chumainn agus ar gach duine a dhéanfaidh éileamh thar ceann comhalta nó faoi na rialacha, agus measfar eolas iomlán i dtaobh na rialacha a bheith ag gach comhalta, oifigeach agus duine den sórt sin.
(b) Tabharfaidh an cumann cóip dá rialacha d'aon duine a iarrfaidh í agus féadfaidh an cumann cibé táille a shocróidh an Cláraitheoir ó am go ham a bhaint amach ar an gcóip.
(3) Féadfaidh an tAire rialacha a fhorordú maidir le hábhar dá dtagraítear i bhfo-alt (1), go ginearálta nó faoi threoir aicme nó aicmí sonraithe rialacha nó cumann, arna sonrú faoi threoir cibé ábhair is oiriúnach leis an Aire.
(4) (a) I gcás rialacha d'aicme shonraithe nó d'aicmí sonraithe a bheith forordaithe faoi fho-alt (3) agus nach mbeidh rialacha chumann a bunaíodh roimh thosach feidhme rialachán faoin bhfo-alt sin ar comhréir go substaintiúil, i dtuairim an Chláraitheora, leis na rialacha a bheidh forordaithe amhlaidh, cuirfidh an Cláraitheoir a thuairim in iúl don chumann laistigh de shé mhí tar éis tosach feidhme na rialachán, agus i gcás den sórt sin measfar gurb iad na rialacha forordaithe (le héifeacht ó dháta, arna shonrú ag an gCláraitheoir, nach luaithe ná bliain ó thosach feidhme na rialachán) rialacha an chumainn in ionad na rialacha a bhí i bhfeidhm ar dháta na rialachán a dhéanamh.
(b) Féadfaidh cumann, laistigh de thréimhse trí mhí dar tosach an dáta a gheofar tuairim an Chláraitheora faoin bhfo-alt seo, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte in aghaidh na tuairime.
(c) I gcás a n-éireoidh le hachomharc faoin bhfo-alt seo féadfaidh rialacha an chumainn fanacht i ngníomh.
(d) I gcás nach n-éireoidh le hachomharc faoin bhfo-alt seo measfar gurb iad na rialacha forordaithe (le héifeacht ó dháta nach luaithe ná bliain ó thosach feidhme na rialachán nó sé mhí tar éis don Chúirt an t-achomharc a chinneadh, cibé dáta acu is déanaí) rialacha an chumainn in ionad na rialacha a bhí i bhfeidhm ar dháta na rialachán a dhéanamh.
Rialacha a chlárú agus cumann a chorprú.
11.—(1) I gcás a n-aontóidh deichniúr daoine nó níos mó nach bhfuil dícháilithe faoin Acht seo ar rialacha chun cumann a bhunú déanfaidh siad dhá chóip de na rialacha, a bheidh sínithe ag deichniúr ar a laghad de na daoine, a sheachadadh don Chláraitheoir.
(2) I gcás a ndéanfar cóipeanna de rialacha a sheachadadh don Chláraitheoir de réir fho-alt (1), féadfaidh an Cláraitheoir, más rogha leis é, ach faoi réir an ailt seo na rialacha a chlárú nó diúltú iad a chlárú.
(3) Más deimhin leis an gCláraitheoir go gcomhlíonann na rialacha ceanglais iomchuí an Achta seo, ní dhiúltóidh sé rialacha a seachadadh dó faoi fho-alt (1) a chlárú murab é a thuairim nach bhfuil na rialacha ar comhréir go substaintiúil le haon rialacha a fhorordaítear faoi alt 10 (3) nó gur ainm neamh-inmhianaithe ainm an chumainn atá beartaithe nó gur ainm é atá chomh cosúil sin le hainm cumainn eile nó le hainm duine a sheolann sa Stát gnó baincéireachta de réir brí Acht 1971 gur dóigh dó meabhlú, nó nárbh é leas gnó cumann foirgníochta a rialáil go hordúil cuí clárú.
(4) Aon uair a chinnfidh an Cláraitheoir diúltú rialacha a seachadadh dó faoi fho-alt (1) a chlárú, déanfaidh sé, laistigh de shé mhí ó dháta an tseachadta sin, fógra a thabhairt do shínitheoirí na rialacha faoina chinneadh agus a chúiseanna leis, agus féadfaidh líon nach lú ná deichniúr de na daoine sin achomharc a dhéanamh chun na Cúirte in aghaidh an chinnte.
(5) I gcás a seachadfar cóipeanna de rialacha don Chláraitheoir faoi fho-alt (1) agus nach gcinnfidh sé diúltú na rialacha a chlárú, coimeádfaidh agus cláróidh sé cóip amháin, tabharfaidh sé an chóip eile ar ais don chumann, mar aon le deimhniú, san fhoirm fhorordaithe, ar chorprú an chumainn, agus tabharfaidh sé scéala faoin gclárú don Aire, don Aire Airgeadais agus don Bhanc Ceannais.
(6) Ó dháta a chorpraithe is comhlacht corpraithe cumann (faoin ainm a bheidh sna rialacha) ag a mbeidh comharbas suthain agus gnáthshéala.
(7) Beidh deimhniú corpraithe a thabharfaidh an Cláraitheoir faoin alt seo ina fhianaise leordhóthanach nó go suífear a mhalairt gur comhlíonadh ceanglais uile an Achta seo i ndáil le clárú rialacha agus le réamhábhair agus ábhair theagmhasacha i ndáil le clárú rialacha agus gur cumann atá údaraithe a chorprú agus a corpraíodh go cuí faoin Acht seo an cumann.
Rialacha a athrú.
12.—(1) Féadfaidh cumann a rialacha a athrú le rún speisialta.
(2) Cuirfidh cumann a athróidh a rialacha go dtí an Cláraitheoir dhá chóip den athrú (nó, i gcás cealaithe, dhá chóip den rún), a bheidh sínithe ag triúr comhalta agus ag an rúnaí, mar aon le litir a bheidh sínithe ag an rúnaí á dhaingniú gur ritheadh rún speisialta i ndáil leis an athrú.
(3) I gcás a gcuirfear cóipeanna go dtí an Cláraitheoir de réir fho-alt (2) agus go gcinnfidh sé gur athrú de réir an Achta seo an t-athrú, tabharfaidh sé ceann de na cóipeanna ar ais don rúnaí mar aon le deimhniú cláraitheachta i bhfoirm fhorordaithe, agus coimeádfaidh agus cláróidh sé an chóip eile.
(4) Ní bheidh éifeacht le hathrú faoin alt seo go dtí go gclárófar é faoi fho-alt (3).
(5) Foráil ar neamhní aon fhoráil i rialacha cumainn gur féidir na rialacha a athrú gan rún speisialta a rith.
(6) I gcás a ndiúltóidh an Cláraitheoir cóip d'athrú nó de rún a cuireadh chuige faoi fho-alt (2) a chlárú faoi fho-alt (3), déanfaidh sé, laistigh de dhá mhí tar éis dó na cóipeanna a fháil, fógra a thabhairt don chumann faoina chinneadh agus a chúiseanna leis, agus féadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte in aghaidh an chinnte.
(7) Ní bhaineann an t-alt seo le riail de chuid cumainn a dhéanann socrú i dtaobh ainm an chumainn.
Ainm a athrú.
13.—(1) Féadfaidh cumann a ainm a athrú le rún speisialta.
(2) Cuirfidh an cumann go dtí an Cláraitheoir fógra i dtaobh athrú ar ainm faoin alt seo mar aon le dhá chóip den rún (a bheidh sínithe ag triúr comhalta agus ag an rúnaí) agus litir a bheidh sínithe ag an rúnaí á dhaingniú gur ritheadh an rún mar rún speisialta.
(3) Faoi réir fho-alt (4), cláróidh an Cláraitheoir an t-athrú ainm agus cuirfidh sé deimhniú ar an gclárú sin i bhfoirm fhorordaithe go dtí an rúnaí.
(4) Ní dhiúltóidh an Cláraitheoir athrú ainm ag cumann a cuireadh chuige faoi fho-alt (2) a chlárú murab é a thuairim gur ainm neamhinmhianaithe an t-ainm beartaithe nó go bhfuil sé chomh cosúil sin le hainm cumainn eile nó le hainm duine a sheolann sa Stát gnó baincéireachta de réir brí Acht 1971 gur dóigh dó meabhlú, nó nárbh é leas gnó cumann foirgníochta a rialáil go hordúil cuí clárú.
(5) I gcás a ndiúltóidh an Cláraitheoir athrú ainm a cuireadh chuige faoi fho-alt (2) a chlárú faoi fho-alt (3), déanfaidh sé, laistigh de dhá mhí tar éis fógra a fháil faoin athrú ainm, fógra a thabhairt don chumann faoina chinneadh agus a chúiseanna leis, agus féadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte in aghaidh an chinnte.
(6) Ní dhéanfaidh athrú ainm difear d'aon cheart nó oibleagáid de chuid cumainn nó de chuid aon chomhalta nó daoine eile lena mbainfidh, ná ní dhéanfaidh sé lochtach aon imeachtaí dlí ag an gcumann nó ina aghaidh, agus aon imeachtaí dlí a tionscnaíodh ina aghaidh faoina shean-ainm féadfar leanúint díobh ina aghaidh faoina ainm nua.
(7) (a) I gcás lena mbaineann an fo-alt seo, féadfaidh an Cláraitheoir a cheangal ar chumann ainm an chumainn a athrú trí fhógra sa chéill sin a thabhairt dó.
(b) Baineann an fo-alt seo leis na cásanna seo a leanas—
(i) i gcás arb é tuairim an Chláraitheora go bhfuil cumann a corpraíodh roimh thosach feidhme an ailt seo cláraithe faoi ainm is ainm neamh-inmhianaithe nó ainm atá chomh cosúil le hainm cumainn eile nó le hainm duine a sheolann sa Stát gnó baincéireachta de réir brí Acht 1971 gur dóigh dó meabhlú,
(ii) i gcás a mbeidh cumann, ar é a chéad-chlárú nó ar é a chlárú faoi ainm nua, cláraithe (trí neamart nó eile) faoi ainm arb é tuairim an Chláraitheora gur ainm neamh-inmhianaithe é nó gur ainm é atá chomhcosúil le hainm cumainn eile nó le hainm duine a sheolann sa Stát gnó baincéireachta de réir brí Acht 1971 gur dóigh dó meabhlú.
(8) I gcás a dtabharfar fógra faoi fho-alt (7) do chumann ceadófar dó cibé tréimhse a ordóidh an Cláraitheoir le déanamh de réir an fhógra agus, má mhainníonn an cumann déanamh de réir an fhógra sa tréimhse sin, féadfaidh an Cláraitheoir dul i mbun clárú an chumainn a fhionraí faoi alt 94.
(9) Féadfaidh cumann achomharc a dhéanamh chun na Cúirte in aghaidh fógra ón gCláraitheoir faoi fho-alt (7).
Príomh-oifig.
14.—(1) Beidh ag cumann, amhail ón lá a thosóidh sé ag seoladh gnó nó an ceathrú lá déag tar éis dáta a chorpraithe, cibé lá acu is luaithe, oifig sa Stát (dá ngairfear a phríomh-oifig) a bhféadfar an comhfheagras agus na fógraí go léir a bhírú chuici.
(2) Tabharfaidh cumann fógra i dtaobh láthair na príomh-oifige agus i dtaobh aon athrú ar an gcéanna don Chláraitheoir Iaistigh de 14 lá tar éis dáta an chumainn a chorprú nó dáta an athraithe (de réir mar is iomchuí), agus cláróidh an Cláraitheoir an t-eolas agus tabharfaidh sé don chumann deimhniú ar an gclárú sin i bhfoirm fhorordaithe.
Ainm cláraithe a úsáid.
15.—(1) Ní úsáidfidh cumann aon ainm ná teideal seachas a ainm cláraithe.
(2) Beidh ar chumann—
(a) a ainm a bheith péinteáilte nó daingnithe in áit fheiceálach, i litreacha so-léite, ar an taobh amuigh de gach ceann dá oifigí nó dá áiteanna gnó,
(b) a ainm a bheith greanta aige i litreacha inléite ar a shéala,
(c) a ainm a bheith luaite i ngach fógra, litir, seic, admháil nó doiciméad eile a airbheartaítear a bheith arna n-eisiúint nó arna gcur amach aige nó thar a cheann,
(d) sonraí ar áit a chorpraithe, an uimhir faoina bhfuil sé cláraithe agus seoladh a phríomh-oifige a bheith ina litreacha go léir.
(3) Ní sárú ar fhorálacha an ailt seo an cumann d'úsáid, i dteannta ainm cláraithe an chumainn, leagan giorraithe ar an ainm sin.
Talamh agus foirgnimh.
16.—(1) Beidh de chumhacht ag cumann talamh a theachtadh agus a dhíol a mhéid is gá sin chun na críche dar bunaíodh an cumann.
(2) Féadfaidh cumann foirgneamh lena ghnó a sheoladh a cheannach, a thógáil, a fhruiliú nó a ghlacadh ar léas agus foirgneamh den sórt sin a oiriúnú, a mhéadú agus a throscánú.
(3) Féadfaidh cumann aon talamh a cheannach nó a theachtadh ar léas d'aontoisc chun foirgneamh lena ghnó a sheoladh a thógáil air.
(4) Féadfaidh cumann iomlán aon fhoirgnimh nó talún a luaitear i bhfo-alt (2) nó (3), nó aon chuid den chéanna, a dhíol, a mhalartú nó a ligean.
(5) Déanfar aon talamh nó foirgneamh a bhfaighidh cumann teideal iomlán chuige, trí ghéilleadh nó trí mhúchadh eile ar cheart fuascailte, a dhíol nó a chomshó in airgead, a luaithe is féidir.
Comhaltas.
17.—(1) Is comhalta de chumann gach duine ag a bhfuil scair nó scaireanna sa chumann.
(2) Féadfaidh cumann, faoi réir a rialacha, a cheadú do dhuine a mbeidh iasacht á thabhairt dó nó tugtha dó bheith ina chomhalta gan scair a bheith aige sa chumann, agus ní mó dliteanas comhalta den sórt sin ná a dhliteanas dá measfaí faoi na rialacha scair a bheith aige sa chumann de bharr an iasacht a thabhairt.
(3) Féadfaidh beirt daoine nó níos mó scaireanna a chomhshealbhú i gcumann.
(4) An dliteanas a bheidh ar chomhalta de chumann maidir le haon scair sa chumann nár tugadh iasacht ina leith beidh an méid a íocadh iarbhír agus a bheidh i riaráiste ar an scair de theorainn leis agus maidir le haon scair ar tugadh iasacht ina leith, beidh an méid is iníoctha uirthi faoi aon mhorgáiste nó urrús eile, nó faoi rialacha an chumainn, de theorainn leis.
(5) Féadfar duine faoi bhun bliain agus fiche d'aois a ghlacadh mar chomhalta d'aon chumann nach dtoirmisceann a rialacha glacadh den sórt sin agus féadfaidh sé gach admháil riachtanach a thabhairt ach ní beidh sé i dteideal, faoin aois sin dó, oifig a shealbhú.
(6) (a) I gcás a gcomhshealbhóidh beirt daoine nó níos mó scaireanna i gcumann beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:—
(i) is é an duine arb é a ainm an chéad ainm i dtaifid an chumainn i ndáil le scaireanna i gcomhsheilbh an comhshealbhóir sinsearach;
(ii) ach amháin i gcás a bhforálann rialacha cumainn a mhalairt, measfar aon fhógra nó doiciméad eile a cheanglaíonn an tAcht seo ar chumann a chur chuig sealbhóirí scaireanna an chumainn a bheidh curtha chuig na comhshealbhóirí má cuireadh chuig an gcomhshealbhóir sinsearach é;
(iii) i gcás ar féidir faoin Acht seo le comhalta cumainn freastal agus vótáil ag cruinniú de bhua gur sealbhóir scaireanna sa chumann é, agus gur comhbhealbhóir ar na scaireanna sin an duine sin, is é an comhshealbhóir sinsearach a bheidh i dteideal na cearta a thugtar le hailt 52, 53 agus 54 a fheidhmiú, d'ainneoin aon ní sna hailt sin;
(iv) measfar ceanglais alt 75 a bheith comhlíonta ag cumann i gcás ainm an chomhshealbhóra shinsearaigh a bheith taifeadta sa chlár a cheanglaítear a choimeád faoin alt sin;
(v) chun críocha ailt 25 agus 26, measfar gurb é an comhshealbhóir sinsearach amháin a shealbhaíonn na scaireanna agus ní mheasfar gur comhalta den chumann chun críocha na n-alt sin comhshealbhóir na scaireanna (seachas an comhshealbhóir sinsearach);
(vi) beidh ag an gcomhshealbhóir sinsearach, ach ní bheidh ag na comhshealbhóirí eile, ceart uamadh chun iarratas a dhéanamh faoi alt 29, agus déanfar aon tagairt san alt sin don chomhaltas iomlán a fhorléiriú dá réir sin.
(b) Ní oibreoidh mír (a) (ii) lena chosc ar aon duine de na comhshealbhóirí cóip de chlár comhardaithe nó de thuairisceán bliantúil an chumainn a fháil ón gcumann ar í a iarraidh.
(c) Beidh na comhshealbhóirí i dteideal an t-ord ina n-ainmneofar iad i dtaifid an chumainn a roghnú.
Srianta le gnó a thosú.
18.—(1) Ní chruinneoidh cumann aon chistí faoi alt 22 tar éis tosach feidhme an ailt seo mura rud é—
(a) go mbeidh fianaise scríofa tugtha ar aird don Chláraitheoir á dheimhniú dó gur eisíodh scaireanna sa chumann, nach 1ú a luach ná cibé suim a bheidh forordaithe ag an Aire tar éis dó comhairle a ghlacadh leis an Aire Airgeadais, chun líon nach 1ú na deichniúr de na daoine iomchuí (nó i gcás ar 1ú ná deichniúr a líon, chuig gach uile dhuine díobh), agus nach 1ú luach iomlán na scaireanna sin ná cibé suim a bheidh forordaithe ag an Aire tar éis dó comhairle a ghlacadh amhlaidh,
(b) go mbeidh fianaise scríofa tugtha ar aird don Chláraitheoir á dheimhniú dó gur íoc na daoine iomchuí na suimeanna forordaithe in airgead leis an gcumann ar na scaireanna sin,
(c) go mbeidh fianaise scríofa tugtha ar aird don Chláraitheoir á dheimhniú dó gur chomhlíon an cumann alt 20, agus
(d) go mbeidh deimhnithe ag an gCláraitheoir gur tugadh ar aird an fhianaise dá dtagraítear i míreanna (a) go (c).
(2) Chun críocha fho-alt (1) is iad na daoine iomchuí—
(a) i gcás cumann a corpraíodh an 5ú lá de Nollaig, 1975, nó dá éis, na daoine a bhunaigh an cumann, agus
(b) i gcás aon chumainn eile, stiúrthóirí an chumainn.
(3) (a) Maidir leis na téarmaí is infheidhmithe ar na scaireanna dá dtagraíonn fo-alt (1) (a), ní bheidh siad, tráth na scaireanna a eisiúint nó aon tráth roimh dheireadh cúig bliana ó dháta deimhniú an Chláraitheora dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (d) a eisiúint, níos fabhraí ar dhóigh ar bith ná na téarmaí is infheidhmithe i leith aon scaireanna eile a bheidh eisithe ag an gcumann.
(b) Ní thabharfaidh cumann éifeacht, ná aitheantas, laistigh den tréimhse cúig bliana dá dtagraítear i mír (a), d'aon aistriú scaireanna dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a) seachas aistriú trí oibriú dlí.
(c) Chun críocha mhír (a) folóidh “téarmaí” ráta úis, díbhinn nó bónas, dliteanas ranníoc i leith caillteanas, cearta ar ghealltanais de chuid an chumainn a aistriú nó ar an gcumann a fhoirceannadh nó a nascadh le cumann eile.
(4) Ní aisíocfaidh cumann, laistigh den tréimhse cúig bliana dá dtagraítear i bhfo-alt (3), an tsuim (ná aon chuid den tsuim) a suibscríobhadh i leith na scaireanna dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a) mura rud é, i rith na tréimhse sin, go ndéanfar an cumann a fhoirceannadh faoi alt 95 nó go ndearna an Cláraitheoir gealltanais an chumainn a aistriú faoi alt 26 nó 27 go dtí cumann eile nó go dtiocfaidh duine a shuibscríobh i leith na scaireanna sin a bheith dícháilithe faoin Acht seo go bhfaighidh sé bás.
(5) I gcás duine dá dtagraítear i bhfo-alt (4) teacht chun bheith dícháilithe nó d'fháil bháis—
(a) íocfaidh an chuid eile de na daoine a shuibscríobh i leith na scaireanna dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a) leis an gcumann, laistigh den tréimhse 30 lá tar éis an dícháilithe nó an bháis, suimeanna airgid ar cóimhéid a n-iomlán leis an tsuim a shuibscríobh an duine a tháinig chun bheith dícháilithe nó a fuair bás, agus eiseofar chucu scaireanna sa chumann ar comhluach leis an tsuim a suibscríobhadh amhlaidh, nó
(b) féadfaidh aon duine eile nach bhfuil dícháilithe faoin Acht seo suibscríobh in airgead i leith scaireanna sa chumann, agus eiseofar chuige iad, go feadh luach nach lú ná an tsuim a shuibscríobh an duine a tháinig chun bheith dícháilithe nó a fuair bás,
agus bainfidh forálacha fho-alt (3) le scaireanna a eiseofar faoin bhfo-alt seo.
(6) Tabharfar an fhianaise dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ar aird don Chláraitheoir—
(a) i gcás cumann a chorprófar ar dháta thosach feidhme an ailt seo nó dá éis, laistigh de thrí mhí ó dháta a chorpraithe;
(b) i gcás aon chumainn eile, laistigh de thrí mhí ó dháta thosach feidhme an ailt seo.
(7) I gcás a mainneoidh cumann an fhianaise dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a thabhairt ar aird don Chláraitheoir sa tréimhse iomchuí a shonraítear i bhfo-alt (6)—
(a) i gcás cumann a chorprófar ar dháta thosach feidhme an ailt seo nó dá éis, féadfaidh an Cláraitheoir clárú an chumainn a chealú faoi alt 94;
(b) i gcás aon chumainn eile, féadfaidh an Cláraitheoir iarratas a dhéanamh chun na Cúirte faoi alt 95 chun an cumann a fhoirceannadh.
(8) Má chruinníonn cumann lena mbaineann an t-alt seo aon chistí contrártha don alt seo, nó má bhíonn aon fhoráil i bhfo-alt (3) nó i bhfo-alt (4) gan chomhlíonadh, aon tráth sa tréimhse cúig bliana dá dtagraítear i bhfo-alt (3), féadfaidh an Cláraitheoir iarratas a dhéanamh chun na Cúirte faoi alt 95 chun an cumann a fhoirceannadh.
(9) Measfar, chun críocha an ailt seo, nach scaireanna a eisíodh faoi alt 22 na scaireanna dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a).
(10) Ní bhainfidh an t-alt seo—
(a) le haon chumann a corpraíodh an 5ú lá de Nollaig, 1973, nó roimh an lá sin, agus a rinne, in imeacht na tréimhse dhá bhliain dar chríoch an 5ú lá de Nollaig, 1975, cistí a chruinniú agus iasachtaí a thabhairt do chomhaltaí ar urrús eastáit ruílse nó eastáit léasaigh,
(b) le haon chumann a corpraíodh sa tréimhse dhá bhliain dar chríoch an 4ú lá de Nollaig, 1975, agus a raibh ar an dáta sin £20,000 ar a laghad de shócmhainní aige.
Cead fógraíochta.
19.—(1) Ní dhéanfaidh cumann a corpraíodh an 5ú lá de Nollaig, 1975, nó dá éis, fógraíocht ná sireadh ar dhóigh ar bith eile ag iarraidh taiscí nó suibscríobhanna le haghaidh scaireanna tar éis tosach feidhme an ailt seo gan cead roimh ré i scríbhinn ón gCláraitheoir.
(2) Ní dhéanfaidh cumann ar 1ú na £1,000,000 na sócmhainní go léir a bhí aige an 5ú lá de Nollaig, 1975, fógraíocht ná sireadh ar dhóigh ar bith eile ag iarraidh taiscí nó suibscríobhanna le haghaidh scaireanna ar dháta thosach feidhme an ailt seo nó dá éis gan cead roimh ré i scríbhinn ón gCláraitheoir.
(3) Féadfaidh sé a bheith sainráite i gcead fógraíochta a thabharfar faoin alt seo gur bailí dó go ceann tréimhse sonraithe, agus, i gcás den sórt sin, ní dhéanfaidh cumann fógraíocht ná sireadh ar dhóigh ar bith eile ag iarraidh taiscí nó suibscríobhanna le haghaidh scaireanna tar éis deireadh na tréimhse sonraithe gan cead eile i scríbhinn ón gCláraitheoir.
(4) Féadfaidh an Cláraitheoir, dá rogha féin, a cheangal ar chumann a dhéanfaidh fógraíocht nó sireadh ar dhóigh ar bith eile ag iarraidh taiscí nó suibscríobhanna le haghaidh scaireanna ar dháta thosach feidhme an ailt seo nó dá éis ar dhóigh seachas de réir cead a tugadh faoin alt seo fianaise a thabhairt dó a dheimhneoidh dó nár lú sócmhainní uile an chumainn ar an dáta a shonraítear i bhfo-alt (2) ná an tsuim a cheanglaítear faoin bhfo-alt sin.
(5) Ní thabharfaidh an Cláraitheoir cead faoin alt seo mura deimhin leis—
(a) gur sheol an cumann gnó ar feadh cuid den tréimhse, nó ar feadh iomlán na tréimhse, dhá bhliain dar chríoch dáta an cheada sin a iarraidh ar dhóigh nár dhochar do ghnó oumann foirgníochta a rialáil go hordúil cuí;
(b) gur chomhlíon an cumann ceanglais alt 18, má bhaineann an t-alt sin leis, agus ceanglais alt 20;
(c) nach ainm neamh-inmhianaithe ainm an chumainn ná nach ainm é atá chomh cosúil sin le hainm cumainn eile nó le hainm duine a sheolann sa Stát gnó baincéireachta de réir brí Acht 1971 gur dóigh dó meabhlú;
(d) go gcomhlíonann an cumann cibé coinníollacha i ndáil le leachtaíocht, cúlchistí agus ábhair eile de chineál airgeadais a fhorordóidh an tAire Airgeadais faoi Chuid IV;
(e) go bhfuil an cumann in ann freastal dá oibleagáidí i leith a chreidiúnaithe, nach bhfuil aon íocaíochtaí fionraithe aige atá dlite de agus nach bhfuil aon riaráiste úis air atá dlite ar scaireanna nó ar thaiscí sa chumann; agus
(f) nach bhfuil aon chuid d'iasacht gan íoc ar dháta cead a iarraidh faoin alt seo is iasacht a raibh nó a bhfuil ceangal ann faoi alt 43 (1) sonraí ina leith a bheith i dtuairisceán bliantúil chuig an gCláraitheoir.
(6) Ní iarrfar cead faoin alt seo sula mbeidh tuairisceán bliantúil amháin ar a laghad curtha ag cumann chuig an gCláraitheoir faoi alt 70 do bhliain airgeadais a bhaineann le tréimhse dhá mhí dhéag ar a laghad nó, in aon bhliain airgeadais, sula mbeidh an tuairisceán bliantúil don bhliain airgeadais roimhe sin curtha chuig an gCláraitheoir.
(7) I gcás a ndiúltóidh an Cláraitheoir cead a thabhairt faoin alt seo, tabharfaidh sé laistigh de shé mhí tar éis an t-iarratas ar chead a fháil, fógra don chumann faoina chinneadh agus a chúiseanna leis, agus féadfar achomarc a dhéanamh chun na Cúirte in aghaidh an chinnte.
Taisce sa Bhanc Ceannais.
20.—(1) Ní sheolfaidh cumann gnó ná ní fheidhmeoidh sé aon chumhacht faoi alt 22 mura mbeidh cibé méid a chinnfear de réir an ailt seo i dtaisce aige sa Bhanc Ceannais.
(2) (a) Is é méid a bheidh i dtaisce faoin alt seo cibé méid nó cibé cionúireacht den méid iomlán a bheidh dlite do scairshealbhóirí agus do thaisceoirí a fhordóidh an tAire, tar éis dó comhairle a ghlacadh leis an Aire Airgeadais, ach ní lú ná £20,000 ná ní mó ná £500,000 é.
(b) Féadfar méideanna éagsúla nó cionúireachtaí éagsúla a fhorordú i ndáil le haicmí éagsúla cumann, a shonrófar faoi threoir cibé ábhair is cuí leis an Aire tar éis dó comhairle a ghlacadh leis an Aire Airgeadais.
(3) Ríomhfaidh an Banc Ceannais méid aon taisce faoin alt seo dhá uair sa bhliain (i gceann tréimhsí, is tréimhsí comhfhada, a mhéid is féidir sin), de réir fho-alt (2) agus faoi threoir tuairisceáin a thabharfaidh an cumann ar iarratas ón mBanc Ceannais, agus i gcás cumann a chorprófar tar éis tosach feidhme an ailt seo ríomhfaidh an Banc Ceannais méid aon taisce faoin alt seo a luaithe is féidir tar éis don Chláraitheoir a chur in iúl dó gur corpraíodh an cumann faoi alt 11.
(4) Déanfar méid aon taisce faoin alt seo a mhéadú, i gcás ar gá sin, go dtí an méid iomchuí arna ríomh faoi fho-alt (3), tráth nach déanaí ná seacht lá tar éis an dáta a gheobhaidh an cumann fógra ón mBanc Ceannais faoin méid is gá chun an méadú a dhéanamh.
(5) Féadfaidh an Banc Ceannais méid taisce faoin alt seo a shocrú ag an iolrú ar chéad punt is gaire.
(6) Béarfaidh taisce faoin alt seo ús de réir cibé ráta (nach lú ná an ráta is iníochta ó am go ham ag an mBanc Ceannais ar thaiscí sa Bhanc Ceannais de bhun alt 7 d'Acht 1971) agus a bheidh iníoctha ar cibé dóigh agus cibé tráthanna a chinnfidh an Banc Ceannais ó am go ham.
(7) Beidh aon mhuirear a airbheartaítear a bheith arna bhunú ar thaisce faoin alt seo ar neamhní.
(8) Ní bheidh taisce faoin alt seo faoi réir forfheidhmiú d'aon sórt do shásamh aon éilimh ó aon chreidiúnaí cumainn, nó do shásamh aon bhreithiúnais, ordaithe nó foraithne de chuid aon chúirte sa Stát i bhfabhar aon chreidiúnaí den sórt sin ar shlí seachas faoi réim agus de réir forálacha an Achta seo.
(9) Féadfaidh an Cláraitheoir a cheangal ar chumann deimhniú ón mBanc Ceannais a thabhairt ar aird go gcomhlíonann an cumann ceanglais an ailt seo.
(10) (a) I gcás cumann lena mbaineann alt 18, déanfaidh an Banc Ceannais an ríomh tosaigh ar mhéid na taisce chun críocha an ailt seo nó a luaithe is féidir tar éis tosach feidhme an ailt seo nó a luaithe is féidir tar éis don Chláraitheoir fógra a thabhairt i dtaobh corpraithe faoi alt 11, cibé acu is déanaí.
(b) I gcás aon chumainn eile ní bheidh feidhm ag an alt seo in imeacht na tréimhse trí mhí dar tosach dáta thosach feidhme an ailt seo.
(11) Chun críocha an ailt seo is ar an gcumann a bheidh sé a chruthú don Chláraitheoir go bhfuil tosaithe ag an gcumann ar ghnó a sheoladh.
Forálacha d'fhorlionadh alt 20.
21.—(1) Aon uair a gheobhaidh duine breithiúnas, ordú nó foraithne in aon chúirt sa Stát in aghaidh cumainn go n-íocfar taisce atá aige nó dó sa chumann, nó a thionscnóidh sé imeachtaí in aghaidh an chumainn ag éileamh go ndéanfar íoc den sórt sin, ansin, an duine nó aon duine eile a mbeidh taisce aige sa chumann—
(a) féadfaidh sé, trí fhoriarratas ex parte, ordú faoi fho-alt (2) a iarraidh ar an gCúirt, agus
(b) beidh sé, ar é do dheimhniú do chláraitheoir nó do chléireach na cúirte ina bhfuarthas an breithiúnas, an t-ordú nó an fhoraithne, nó inar tionscnaíodh na himeachtaí, go mbeartaíonn sé iarratas a dhéanamh faoin alt seo, i dteideal deimhniú a fháil a bheidh sínithe ag an gcláraitheoir nó ag an gcléireach agus a déarfaidh go bhfuarthas an breithiúnas, an t-ordú nó an fhoraithne nó gur tionscnaíodh na himeachtaí (de réir mar a bheidh), agus beidh an deimhniú ina fhianaise ar na fíorais a bheidh sonraithe amhlaidh.
(2) I gcás iarratas a dhéanamh faoi fho-alt (1)—
(a) féadfaidh an Chúirt, le hordú, a ordú nach ndéanfar an taisce ná aon chuid den taisce a bheidh, faoi alt 20, sa Bhanc Ceannais ag an gcumann lena mbaineann an t-iarratas a scaoileadh le linn cibé tréimhse is cuí leis an gCúirt agus a shonróidh sí san ordú, agus
(b) má bhíonn breithiúnas, ordú nó foraithne faighte in aghaidh an chumainn ag an duine a rinne an t-iarratas agus gur dealraitheach don Chúirt, tar éis di cibé fiosrú is cuí léi a dhéanamh—
(i) nach dóigh go ndéanfar aon éilimh eile in aghaidh na taisce i ndáil le suimeanna a bheidh dlite den chumann an tráth sin, nó
(ii) gur leor an taisce, má dhéantar éilimh den sórt sin, chun freastal iomlán a dhéanamh dóibh,
féadfaidh an Chúirt, le hordú, a ordú go ndéanfar an tsuim a shonraítear sa bhreithiúnas, san ordú nó san fhoraithne, i dteannta nó d'éagmais costais an iarratais, a íoc leis an duine as an taisce.
(3) I gcás a ndéanfar ordú faoi fho-alt (2) (a), féadfaidh an Chúirt ordú a dhéanamh freisin á ordú—
(a) nach ndéanfaidh banc, ach amháin faoi réir cibé coinníollacha nó i cibé imthosca a shonrófar san ordú, aon íocaíocht as aon chuntas baincéireachta in ainm an chumainn a ndearnadh an t-ordú ina aghaidh, nó
(b) nach ndéanfaidh banc sonraithe, ach amháin faoi réir cibé coinníollacha agus i cibé imthosca a shonrófar san ordú, aon íocaíocht as aon chuntas baincéireachta ná as cuntas baincéireachta sonraithe ná as cineál cuntais bhaincéireachta a bheidh á choimeád ag an mbanc sonraithe in ainm an chumainn a ndearnadh an t-ordú ina aghaidh.
(4) I gcás—
(a) a ndéanfar, ar bhreithiúnas, ordú nó foraithne den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a bheith faighte in aghaidh cumainn, ordú faoi fho-alt (2) (a) ar iarratas ón duine a fuair an breithiúnas, an t-ordú nó an fhoraithne, nó
(b) a ndéanfar ordú faoi fho-alt (3),
measfar chun críocha alt 95 nach bhfuil an cumann in ann a fhiacha a íoc.
(5) Má thionscnaítear achomharc sa Chúirt Uachtarach—
(a) in aghaidh ordú ón gCúirt a rinneadh faoi fho-alt (2) (a) nó (3) ar iarratas ó dhuine a fuair breithiúnas, ordú nó foraithne den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1), nó
(b) in aghaidh ordú ón gCúirt a rinneadh faoi fho-alt (3) ar iarratas ó dhuine a thionscain imeachtaí den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1),
beidh feidhm ag fo-alt (6) agus, más iomchuí, ag fo-alt (7).
(6) Féadfaidh an Chúirt Uachtarach nó an Chúirt, le hordú, feidhmiú fho-alt (4) a chur siar go ceann cibé tréimhse agus (faoi réir fho-alt (7) i gcás achomharc dá dtagraítear i bhfo-alt (5) (a)) ar cibé téarmaí a shocróidh an chúirt áirithe agus a shonróidh sí san ordú.
(7) Má dhéanann an Chúirt Uachtarach nó an Chúirt ordú faoi fho-alt (6) i gcás achomharc dá dtagraítear i bhfo-alt (5) (a), féadfaidh an chúirt áirithe a cheangal ar an gcumann lena mbaineann an t-ordú cóimhéid an airgid go léir a bheidh dlite faoin mbreithiúnas, faoin ordú nó faoin bhforaithne (nó cibé méid is lú ná sin a ordóidh an chúirt) a thaisceadh leis an gcúirt nó d'eile, de réir mar is cuí leis an gcúirt, cibé urrús a thabhairt a ordóidh an chúirt go n-íocfar an t-airgead sin go léir, agus, i gceachtar cás, cibé suim eile nó urrús eile i leith costais an achomhairc a mheasfaidh an chúirt is cóir.
(8) Féadfaidh an Chúirt nó an Chúirt Uachtarach, de réir mar a bheidh, ordú faoi fho-alt (2) (a), (3) nó (6) a chúlghairm nó a athrú.
(9) Féadfar imeachtaí nó aon chuid d'imeachtaí faoin alt seo nó achomharc nó aon chuid d'achomharc i ndáil le himeachtaí den sórt sin a sin a éisteacht i ndlísheomraí.
Cumhacht cistí a chruinniú agus airgead a fháil ar iasacht.
22.—(1) Féadfaidh cumann ó am go ham cistí a chruinniú chun críche an chumainn trí scaireanna d'ainmníocht amháin nó níos mó a eisiúint, le hús carnach nó dá éagmais, agus féadfaidh sé na cistí sin a aisíoc nuair nach mbeidh siad ag teastáil a thuilleadh chun na críche sin.
(2) Féadfar aisíoc cistí faoi fho-alt (1) a dhéanamh i ndáil leis na scairshealbhóirí go léir nó le haicme nó le haicmí sonraithe de na scairshealbhóirí (arna sonrú faoi threoir cibé ábhair is cuí leis an gcumann), ach ní cead an t-aisíoc sin a dhéanamh le scairshealbhóir (seachas ar iarratas uaidh) idir an dáta a chuir sé in iúl go raibh beartaithe aige rún nó rún speisialta a chur ar aghaidh (nó tacú le hainmniúchán) ag cruinniú den chumann agus dáta an chruinnithe.
(3) Féadfaidh cumann airgead a fháil ar iasacht agus, chun na críche sin, féadfaidh sé taiscí nó iasachtaí a ghlacadh ar ús, lena n-úsáid chun críche an chumainn.
(4) Ní ghlacfaidh cumann aon taisce ach amháin ar théarmaí a chuirfidh ar chumas an chumainn fógra nach giorra ná mí a éileamh roimh aisíoc nó aistarraingt a dhéanamh.
(5) Chun críocha an ailt seo measfar gur airgead a fuair an cumann ar iasacht aon airgead a taisceadh leis an gcumann mar urrús i leith iasacht a thug an cumann do chomhalta, nó mar urrús i leith ráthaíocht a tugadh maidir le hiasacht den sórt sin.
(6) Ní dhéanfaidh duine seachas cumann aon chumhacht a thugtar le fo-alt (1) a fheidhmiú.
(7) (a) Faoi réir mhír (b), ní eiseoidh cumann scaireanna faoi fho-alt (1) nach mbeidh cearta vótála ag gabháil leo.
(b) Ní bhainfidh mír (a) le cumann a d'eisigh, an 5ú lá de Nollaig, 1975, nó roimh an lá sin, scaireanna den sórt sin nach raibh cearta vótála ag gabháil leo.
Forálacha d'fhorlíonadh alt 22.
23.—(1) Ní mór cibé faisnéis a cheanglóidh an Cláraitheoir ó am go ham a bheith scríofa i ngach leabhar taisce, admháil nó urrús d'aon sórt a thabharfaidh an cumann i leith taisce nó iasachta.
(2) Duine a shuibscríobhfaidh i leith scaireanna i gcumann nó a thaiscfidh airgead le cumann beidh sé i dteideal, ar theacht dó chun bheith ina scairshealbhóir nó ina thaisceoir den chéad uair, cóip den ráiteas a bheidh ar taispeáint an tráth sin ag an gcumann faoi alt 61 a fháil in aisce ón gcumann.
(3) (a) I gcás comhalta de chumann nó taisceoir i gcumann a bhfuil aige i gcistí an chumainn suim airgid nach mó ná cibé suim a bheidh ceaptha ag an gCláraitheoir ó am go ham chun críche an fho-ailt seo, d'fháil bháis ina dhíthiomnóir, féadfar an méid a bheidh dlite do eastát an chomhalta nó an taisceora a íoc leis an duine a mheasfaidh stiúrthóirí an chumainn a bheith i dteideal é a fháil, gan an duine sin d'fháil litreacha riaracháin, ar an gcumann d'fháil fianaise shásúil faoin mbás mar aon le dearbhú reachtúil gur éag an comhalta nó an taisceoir ina dhíthiomnóir, agus go bhfuil an teideal sin ag an duine atá ag éileamh amhlaidh.
(b) I gcás a n-íocfaidh cumann aon suim a bheidh dlite do dhuine a measadh teideal a bheith aige chun earraí an duine éagtha, beidh an íocaíocht bailí éifeachtúil maidir le haon éileamh in aghaidh cistí an chumainn ó aon duine eile a éileoidh mar neasghaol nó mar ionadaí dleathach an chomhalta nó an taisceora éagtha, ach beidh a leigheas ag an neasghaol nó ag an ionadaí sin i leith méid na híocaíochta in aghaidh an duine a fuair í.
Iasachtaí ó chumann do chumann eile.
24.—(1) D'ainneoin aon ní san Acht seo nó i rialacha cumainn, féadfaidh cumann airgead a thabhairt ar iasacht do chumann eile i gcás a n-údaróidh an Cláraitheoir é, le toiliú an Aire Airgeadais.
(2) Measfar na cumachtaí a thugtar le fo-alt (1) d'údarú iasachtaí a thug cumann, ón lú lá d'Iúil, 1974, do chumann ab ábhar, de bhun alt 2 den Acht Cumann Foirgníochta, 1974, d'iarratas chun an Chláraitheora lena ghealltanais a aistriú chun an chumainn chéadluaite.
Aontú cumann.
25.—(1) Faoi réir alt 28 a chomhlíonadh, féadfaidh dhá chumann nó níos mó aontú agus cumann amháin a dhéanamh díobh, cibé acu a dhíscaoilfear nó nach ndíscaoilfear ceann amháin nó níos mó de na cumainn nó a roinnfear nó nach roinnfear cistí ceann amháin nó níos mó de na cumainn, más rud é—
(a) go gceadófar togra an aontaithe le rún speisialta ó gach cumann, agus
(b) (i) go dtabharfaidh sealbhóirí dhá thrian ar a laghad de luach iomlán na scaireanna i ngach cumann toiliú i scríbhinn leis an togra, nó
(ii) go ndaingneofar an t-aontú faoi alt 27.
(2) I gcás a n-aontóidh dhá chumann nó níos mó faoi mhíreanna (a) agus (b) (i) d'fho-alt (1), cuirfidh an cumann aontaithe fógra i dtaobh an aontaithe chuig an gCláraitheoir agus cláróidh seisean go cuí é agus cuirfidh sé deimhniú ar an gclárú sin i bhfoirm fhorordaithe chuig an gcumann sin.
(3) Ní bhainfidh ailt 18 agus 19 le cumann a fhoirmeofar trí aontú faoin alt seo murar bhain an dá alt sin, nó ceachtar díobh, roimh an aontú, le ceann amháin ar a laghad de na cumainn dá mbeidh an t-aontú comhdhéanta.
Aistriú agus comhalladh gealltanas.
26.—(1) Faoi réir alt 28 a chomhlíonadh, féadfaídh cumann a ghealltanais a aistriú chuig cumann eile nó a ghealladh go gcomhallfaidh sé gealltanais cumainn eile más rud é—
(a) go gceadófar togra maidir le haistriú nó gealladh faoin alt seo le rún speisialta ó gach cumann nó, i gcás cumann a bheartaíonn a ghealladh gealltanais cumainn eile a chomhalladh, le rún ó chruinniú ginearálta de chuid an chumainn nó ó chruinniú de bhord stiúrthóirí an chumainn a bheartaíonn amhlaidh má thoilíonn an Cláraitheoir le ceachtar de na cruinnithe sin a thionól chun an rún a rith, agus
(b) (i) go dtabharfaidh sealbhóirí dhá thrian ar a laghad de luach iomlán na scaireanna i ngach cumann toiliú i scríbhinn leis an togra, nó
(ii) go ndaingneofar an t-aistriú nó an gealladh faoi alt 27.
(2) I gcás a ndéanfar aistriú faoi mhíreanna (a) agus (b) (i) d'fho-alt (1), cuirfidh an cumann a gheallfaidh na gealltanais a chomhalladh fógra i dtaobh an aistrithe chuig an gCláraitheoir agus cláróidh seisean go cuí é, agus cuirfidh sé deimhniú ar an gclárú sin i bhfoirm fhorordaithe chuig an gcumann sin.
Aontú faoi alt 25 nó aistriú nó gealladh faoi alt 26 a dhaingniú agus a chlárú.
27.—(1) I gcás a gceadófar go cuí togra dá dtagraítear in alt 25 nó 26, féadfaidh aon chumann a bhfuil baint aige leis an togra a iarraidh ar an gCláraitheoir an t-aontú, an t-aistriú nó an gealladh a dhaingniú.
(2) (a) I gcás a ndéanfaidh cumann iarratas faoi fho-alt (1), cuirfidh sé faoi deara, laistigh de sheacht lá tar éis dáta an iarratais, go bhfoilseofar san Iris Oifigiúil agus i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a fhoilsítear sa Stát agus a léitear sna limistéir ina bhfuil príomh-oifigí na gcumann a bhfuil baint acu leis an togra, fógra ina mbeidh sonraí an iarratais agus a déarfaidh go bhféadfar agóidí nó uiríolla i ndáil leis a dhéanamh i scríbhinn chun an Chláraitheora laistigh de cibé tréimhse (nach giorra ná 21 lá tar éis dáta an fhógra a fhoilsiú) a shonrófar san fhógra.
(b) Is i cibé foirm a ordóidh an Cláraitheoir a bheidh fógra faoin bhfo-alt seo agus déarfar ann go bhféadfar cóip den ráiteas a ullmhaíodh faoi alt 28 a fháil ar é a iarraidh i bpríomh-oifig an chumainn le linn gnáthuaire oifige an chumainn.
(3) Féadfar agóidí agus uiríolla i ndáil le hiarratas faoi fho-alt (1) a dhéanamh chun an Chláraitheora laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra iomchuí a fhoilseofar faoi fho-alt (2).
(4) Tar éis don Chláraitheoir iarratas faoi fho-alt (1) agus aon agóid nó uiríoll faoi fho-alt (3) a bhreithniú—
(a) daingneoidh sé an t-aontú, an t-aistriú nó an gealladh, nó
(b) i gcás nach deimhin leis gur comhlíonadh alt 28, nó ar dóigh leis nárbh é leas an phobail nó nárbh é leas gnó cumann foirgníochta a rialáil go hordúil cuí daingniú, diúltóidh sé an t-aontú, an t-aistriú nó an gealladh a dhaingniú.
(5) I gcás a ndiúltóidh an Cláraitheoir aontú, aistriú nó gealladh a dhaingniú, tabharfaidh sé, laistigh de dhá mhí tar éis dó an t-iarratas ar an daingniú sin a fháil, fógra don iarratasóir faoina chinneadh agus a chúiseanna leis, agus féadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte in aghaidh an chinnte.
(6) (a) I gcás a ndaingneoidh an Cláraitheoir aontú, aistriú nó gealladh, cláróidh an Cláraitheoir an t-aontú, an t-aistriú nó an gealladh, agus amhail ó dháta an chláraithe sin beidh éifeacht leis de réir téarmaí an togra iomchuí.
(b) Cuirfidh an Cláraitheoir deimhniú ar an gclárú faoi mhír (a) i bhfoirm fhorordaithe chuig iarratasóir faoi fho-alt (1).
(7) Faoi réir fho-alt (6), oibreoidh clárú aontaithe nó aistrithe faoin Acht seo chun cistí, maoin agus sócmhainní chumainn an aontaithe a aistriú chuig an gcumann aontaithe, nó chun cistí, maoin agus sócmhainní an chumainn a aistreoidh a ghealltanais chuig an gcumann chun a n-aistreofar iad, mar thíolacadh, aistriú nó sannadh éifeachtúil, ar dháta an chláraithe, gan aon tíolacadh, aistriú ná sannadh foirmiúil, ach ní dhéanfaidh aon aontú ná aistriú den sórt sin difear do chearta aon chreidiúnaí de chuid aon chumainn a aontóidh nó a aistreoidh amhlaidh.
Ráiteas do chomhaltaí i ndáil le togra faoi alt 25 nó 26.
28.—(1) Cumann a bheartaíonn aontú le cumann nó cumainn eile nó a ghealltanais a aistriú chuig cumann eile nó a ghealladh gealltanais cumainn eile a chomhalladh cuirfidh sé faoi deara go n-ullmhófar, le cur sa timpeall agus go gcuirfear chuig daoine a bheidh i láthair ag an gcruinniú a bheartaítear a thionól faoi alt 25 (1) (a) nó 26 (1) (a) agus, i gcás a gceanglóidh an Cláraitheoir é, seolfaidh sé chuig gach comhalta dá chuid, ráiteas, i cibé foirm a ordóidh an Cláraitheoir, a thaispeánfaidh—
(a) staid airgeadais gach cumainn a bhfuil baint aige leis an aontú, leis an aistriú nó leis an ngealladh atá beartaithe,
(b) leas stiúrthóirí gach cumainn lena mbaineann san aontú, san aistriú nó sa ghealladh atá beartaithe,
(c) aon chúiteamh a bheartaítear a íoc le stiúrthóirí nó le hoifigigh eile gach cumainn lena mbaineann nó aon chomaoin a bheartaítear a thabhairt dóibh,
(d) sonraí aon íocaíochtaí a bheartaítear a thabhairt do chomhaltaí gach cumainn lena mbaineann i gcomaoin an aontaithe, an aistrithe nó an gheallaidh atá beartaithe, agus
(e) sonraí na gcomshocraíochtaí atá beartaithe i ndáil le fostaithe an chumainn.
(2) I gcás a gceanglóidh an Cláraitheoir ráiteas a sheoladh chuig gach comhalta de chumann faoi fho-alt (1), seolfar amhlaidh é ionas go bhfaighidh gach comhalta den chumann é tráth nach déanaí ná an dáta a gheobhaidh sé fógra faoi aon rún a bheidh le tairiscint ag cruinniú den chumann i bhfabhar an togra, agus i gcás a n-iarrfaidh cumann ar a chomhaltaí a dtoiliú i scríbhinn a thabhairt faoi alt 25 (1) (b) nó 26 (1) (b) seolfar an ráiteas amhlaidh ionas go bhfaighidh gach comhalta é tráth nach déanaí ná an dáta a gheobhaidh sé an t-iarratas ar a thoiliú.
CUID III
Rialú Cumann ag an gCláraitheoir
Cumhacht an Chláraitheora cigire a cheapadh nó cruinniú speisialta a ghairm.
29.—(1) Más rud é—
(a) i gcás cumann ina bhfuil níos mó ná 1,000 comhalta, go ndéanfaidh líon nach lú ná 100 comhalta díobh, agus in aon chás eile, go ndéanfaidh líon nach lú ná an deichiú cuid de líon iomlán comhaltaí an chumainn, iarratas chun an Chláraitheora, nó
(b) gurb é tuairim an Chláraitheora gur chóir imscrúdú a dhéanamh i dtaobh gnóthaí cumainn nó gur call go mbreithneofaí na gnóthaí ag cruinniú de chomhaltaí an chumainn,
féadfaidh an Cláraitheoir cigire nó cigirí a cheapadh chun gnóthaí an chumainn a imscrúdú agus tuairisc a thabhairt orthu i cibé slí a ordóidh sé, nó féadfaidh sé cruinniú speisialta den chumann a ghairm.
(2) Féadfaidh an Cláraitheoir, ar an ócáid chéanna nó ar ócáidí éagsúla, cigire a cheapadh agus cruinniú a ghairm faoi fho-alt (1).
(3) (a) Beidh de thaca le hiarratas faoin alt seo cibé fianaise a ordóidh an Cláraitheoir lena thaispeáint go bhfuil cúis mhaith ag na hiarratasóirí lena n-éileamh go ndéanfaí an t-imscrúdú nó go ngairfí an cruinniú agus lena thaispeáint nach le rún mailíse a rinne siad an t-iarratas.
(b) Tabharfaidh an Cláraitheoir fógra don chumann go bhfuair sé an t-iarratas.
(c) Déanfar an caiteachas go léir a ghabhfaidh nó a bhainfidh leis an imscrúdú nó leis an gcruinniú a íoc (cibé acu is iad na hiarratasóirí nó comhaltaí nó oifigigh an chumainn nó iarchomhaltaí nó iaroifigigh den chumann a íocfaidh é nó as cistí an chumainn a íocfar é) mar a ordóidh an Cláraitheoir, agus sula gceapfaidh an Cláraitheoir cigire nó sula ngairfidh sé cruinniú féadfaidh sé a cheangal ar na hiarratasóirí urrús ina mbeidh cibé méid is dóigh leis a bheith réasúnach a thabhairt go n-íocfar costas an imscrúdaithe nó an chruinnithe.
(4) (a) Féadfaidh an Cláraitheoir cibé orduithe is oiriúnach leis a thabhairt i ndáil le gairm, tionól agus seoladh chruinniú a thionólfar faoin alt seo (lena n-áirítear am agus ionad an chruinnithe agus na hábhair a bheidh le plé agus le cinneadh ag an gcruinniú).
(b) Féadfaidh an Cláraitheoir duine a cheapadh le bheith ina chathaoirleach ar chruinniú a thionólfar faoin alt seo.
(c) Beidh cumhacht chruinniú a thionólfar faoin alt seo a chathaoirleach féin a cheapadh infheidhmithe má mhainníonn an Cláraitheoir ceapachán den sórt sin a dhéanamh.
(d) Beidh ag cruinniú a thionólfar faoin alt seo cumhachtaí uile chruinniú a gaireadh de réir rialacha an chumainn.
(e) Beidh éifeacht leis an bhfo-alt seo d'ainneoin aon ní i rialacha an chumainn.
(5) Sula gceapfaidh an Cláraitheoir cigire nó sula ngairfidh sé cruinniú faoin alt seo féadfaidh sé, más dóigh leis nár dhochar do leas na gcomhaltaí nó na gcreidiúnaithe é, fógra i scríbhinn a thabhairt don chumann faoin rud atá beartaithe aige a dhéanamh agus na forais ar a bhfuil beartaithe aige sin a dhéanamh agus, i gcás den sórt sin, beidh an cumann i dteideal, laistigh de 14 lá tar éis dó an fógra a fháil, ráiteas míniúcháin a thabhairt don Chláraitheoir i scríbhinn.
(6) I gcás ar dóigh le cigire a ceapadh faoin alt seo chun gnóthaí cumainn a imscrúdú gur gá chun críocha a imscrúdaithe gnóthaí aon chumainn eile nó aon chomhlachta chorpraithe a bhfuil nó a raibh aon tráth ábhartha baint aige leis an gcumann chéadluaite a imscrúdú freisin, beidh de chumacht aige, le toiliú an Chláraitheora, sin a dhéanamh, agus tabharfaidh sé tuarascáil ar ghnóthaí an chumainn nó an chomhlachta chorpraithe eile a mhéid is dóigh leis is iomchuí torthaí a imscrúdaithe ar an gcéanna i ndáil le gnóthaí an chumainn chéadluaite a imscrúdú.
Forálacha d'fhorlíonadh alt 29.
30.—(1) Is é dualgas oifigigh, comhaltaí agus gníomhairí uile chumann a bhfuil a ghnóthaí á n-imscrúdú faoi alt 29 gach leabhar, cuntas, taifead, gníomhas nó doiciméad eile de chuid an chumainn, nó a bhaineann leis an gcumann, atá ina gcumhacht, ina seilbh nó ar fáil acu a thabhairt ar aird don chigire agus fairis sin an cúnamh go léir a thabhairt dó i ndáil leis an imscrúdú is féidir leo le réasún a thabhairt, agus féadfaidh an cigire oifigigh, comhaltaí agus gníomhairí an chumainn a cheistiú faoi mhionn i ndáil le gnóthaí an chumainn agus féadfaidh sé chun na críche sin duine a chur faoi mhionn.
(2) Má dhiúltaíonn aon oifigeach, comhalta nó gníomhaire de chuid an chumainn aon leabhar nó doiciméad a thabhairt ar aird don chigire atá de dhualgas air faoin alt seo a thabhairt ar aird nó má dhiúltaíonn sé aon cheist a chuirfidh an cigire chuige maidir le gnóthaí an chumainn a fhreagairt, féadfaidh an cigire an diúltú sin a dheimhniú faoina láimh don Chúirt agus air sin féadfaidh an Chúirt an cás a fhiosrú agus, tar éis éisteacht le haon fhinnéithe a thabharfar ar aird in aghaidh nó thar ceann an chiontóra líomhnaithe agus tar éis éisteacht le haon ráiteas a dhéanfar mar chosaint, féadfaidh sí an ciontóir a phionósú mar a dhéanfaí dá mbeadh sé ciontach i ndíspeagadh cúirte.
(3) Faoi réir fho-alt (4), más dóigh leis an gcigire gur gá chun críche a imscrúdaithe go gceisteofar faoi mhionn duine nach bhfuil cumhacht ar bith aige é a cheistiú faoi mhionn, féadfaidh sé iarratas a dhéanamh chun na Cúirte agus, más cuí leis an gCúirt é, féadfaidh sí a ordú don duine sin freastal agus dul faoi cheistiú faoi mhionn os a comhair maidir le haon ábhar a bhaineann leis an imscrúdú, agus le linn aon cheistiú den sórt sin—
(a) féadfaidh an cigire bheith páirteach ann trí aturnae nó abhcóide;
(b) féadfaidh an Chúirt cibé ceisteanna is cuí léi a chur chun an duine a bheidh á cheistiú;
(c) tabharfaidh an duine a bheidh á cheistiú freagra ar na ceisteanna go léir a chuirfidh an Chúirt chuige nó a cheadóidh an Chúirt a chur chuige ach féadfaidh sé ar a chostas féin aturnae a fhostú (le habhchóide nó gan abhcóide) a mbeidh de cheart aige cibé ceisteanna is cuí leis an gCúirt a chur chuige lena chumasú dó aon fhreagraí a thug sé a mhíniú nó a fhorlíonadh;
agus déanfar nótaí i scríbhinn den cheistiú, agus léifear iad don duine a bheidh á cheistiú nó léifidh sé féin iad, agus síneoidh sé iad agus féadfar iad a úsáid dá éis sin mar fhianaise ina aghaidh.
(4) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (3) (c), féadfaidh an Chúirt cibé costais is cuí léi dá rogha féin a lamháil don duine faoi cheistiú agus íocfar mar chuid de chaiteachas an imscrúdaithe aon chostais a lamhálfar amhlaidh.
(5) Tabharfaidh cigire a cheapfar faoi alt 29 tuarascáil don Chláraitheoir.
(6) Déanfaidh an Chláraitheoir—
(a) cóip d'aon tuarascáil ó chigire faoin alt seo a chur chuig an Aire, chuig an Aire Airgeadais, chuig an Aire Tionscail agus Tráchtála agus chuig príomh-oifig an chumainn;
(b) más cuí leis, cóip den tuarascáil sin a thabhairt ar í a bheith iarrtha agus ar cibé táille a shocróidh sé a bheith íoctha, d'aon duine eile is comhalta den chumann nó d'aon chomhlacht corpraithe eile ar déileáladh leis sa tuarascáil de bhua alt 29 (6) nó a ndealraíonn sé don Chláraitheoir difear a bheith déanta dá leasanna mar chreidiúnaí de chuid an chumainn nó de chuid aon chomhlachta chorpraithe eile den sórt sin;
(c) cóip a thabhairt ar cibé táille a shocróidh sé d'iarratasóirí an imscrúdaithe ar iad d'iarraidh cóipe;
(d) cóip a thabhairt don Chúirt i gcás a ndéanfar iarratas chun na Cúirte faoi fho-alt (3).
(7) Cuirfidh an Cláraitheoir faoi deara, más cuí leis é, an tuarascáil a chló agus a fhoilsiú.
(8) Féadfaidh an tAire an tuarascáil faoi fho-alt (6) a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus bainfidh pribhléid leis an bhfoilsiú sin.
(9) (a) I gcás ar dealraitheach don Chláraitheoir go bhfuil aon duine, i ndáil leis an gcumann ar imscrúdaíodh a ghnóthaí faoi alt 29, ciontach in aon chion a bhfuil sé faoi dhliteanas coiriúil ina leith, cuirfidh an Cláraitheoir an t-ábhar faoi bhráid an Stiúrthóra Ionchúiseamh Poiblí.
(b) I gcás a dtionscnaíodh an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí imeachtaí de dhroim tuarascáil faoi mhír (a) a fháil, beidh de dhualgas ar gach oifigeach, comhalta agus gníomhaire de chuid an chumainn (seachas na cosantóirí sna himeachtaí) gach cúnamh is féidir leis le réasún a thabhairt dó i ndáil leis an ionchúiseamh.
(10) I gcás ar dealraitheach don Chláraitheoir tar éis tuarascáil an chigire faoi fho-alt (5) a bhreithniú, gur fóirsteanach é, féadfaidh sé, mura bhfuil an cumann á fhoirceannadh ag an gCúirt, ordú chun an cumann a fhoirceannadh faoi alt 95 a achainí ar an gCúirt faoin alt sin.
(11) (a) I gcás ar dealraitheach don Chláraitheoir, tar éis tuarascáil cigire faoi fho-alt (5) a bhreithniú, gur chóir don chumann, ar mhaithe le leas an phobail, imeachtaí a thionscnamh le haghaidh damáistí maidir le haon chalaois, míghníomh nó mí-iompar eile i ndáil le fothú nó foirmiú an chumainn, chun aon mhaoin a cuireadh chun mífheidhme nó a coimeádadh go mícheart a aisghabháil, féadfaidh an Cláraitheoir féin imeachtaí a thionscnamh chun na críche sin in ainm an chumainn,
(b) Féadfaidh an tAire an cumann a shlánú in aghaidh aon chostais nó caiteachais a thabhaigh an cumann in aon imeachtaí nó i ndáil le haon imeachtaí a tionscnaíodh faoi mhír (a).
(12) Beidh cóip d'aon tuarascáil ó chigire a ceapadh faoi alt 29 inghlactha in aon imeachtaí dlí mar fhianaise ar thuairim an chigire i ndáil le haon ábhar sa tuarascáil.
(13) Ní chuirfidh aon ní san alt seo de cheangal—
(a) go ndéanfadh aturnae aon chumarsáid phribhléide a rinneadh leis ina cháil mar aturnae, ná
(b) go ndéanfadh baincéirí aon fhaisnéis maidir le gnóthaí aon chustaiméirí dá gcuid seachas an cumann a bhfuil a ghnóthaí á n-imscrúdú
a nochtadh don Chláraitheoir nó do chigire a bheidh ceaptha aige.
(14) (a) San alt seo folaíonn aon tagairt d'oifigigh nó do ghníomhairí de chuid cumainn oifigigh agus gníomhairí dá chuid san am a caitheadh agus san am i láthair agus, chun críocha an ailt seo, folóidh “gníomhairí” baincéirí, aturnaetha agus iniúchóirí an chumainn.
(b) I gcás a ndéanfaidh cigire gnóthaí aon chumainn eile nó aon chomhlachta chorpraithe a imscrúdú faoi alt 29 (6), déanfar aon tagairt san alt seo d'oifigigh nó do ghníomhairí de chuid cumainn a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'oifigigh nó do ghníomhairí de chuid an chumainn eile sin nó de chuid an chomhlachta chorpraithe.
Cumhacht an Chláraitheora cruinniú cistí, etc., a fhionraí.
31.—(1) I gcás arb é tuairim an Chláraitheoira go bhfuil cumann éirithe neamhábalta nó gur dóigh dó éirí neamhábalta freastal dá oibleagáidí i leith a chreidiúnaithe, nó má mheasann sé gur fóirsteanach ar mhaithe le comhaltaí an chumainn nó le gnó cumann foirgníochta a rialáil go hordúil cuí nó má bhíonn an cumann á imscrúdú faoi alt 29, féadfaidh an Cláraitheoir a ordú i scríbhinn do chumann ceann nó an dá cheann acu seo a leanas a fhionraí go ceann cibé tréimhse, nach faide ná dhá mhí, a shonrófar san ordú:—
(a) aon suibscríobhanna le haghaidh scaireanna (seachas suibscríobhanna a bhí dlite ach nár íocadh roimh dháta an ordaithe) nó aon taiscí nó iasachtaí a ghlacadh; nó
(b) íocaíochtaí nár údaraigh an Cláraitheoir.
(2) Beidh éifeacht le hordú faoin alt seo de réir a théarmaí ach, d'ainneoin ordú a eisiúint, féadfaidh cumann airgead a fháil ar iasacht ó bhanc nó ó oifigeach de chuid an chumainn má thoilíonn an Cláraitheoir i scríbhinn leis an iasacht sin a fháil.
(3) I gcás a measfaidh an Cláraitheoir nár dhochar é do na comhaltaí ná do na creidiúnaithe ná do ghnó cumann foirgníochta a rialáil go hordúil cuí, féadfaidh sé fógra 14 lá ar a laghad a thabhairt don chumann agus do gach stiúrthóir ar an gcumann go bhfuil ar intinn aige ordú a eisiúint faoi fho-alt (1) agus sonróidh aon fhógra den sórt sin na cúinsí ar faoina dtreoir a mheasann sé gur gá ordú a eisiúint.
(4) I gcás a dtabharfar fógra i dtaobh é a bheith ar intinn ordú a thabhairt faoi fho-alt (3), breithneoidh an Cláraitheoir aon uiríolla a dhéanfar chuige i ndáil leis an ordú beartaithe laistigh de cibé tréimhse (nach giorra ná 7 lá) a shonróidh sé ó dháta an fhógra a thabhairt.
(5) Sonrófar in ordú faoin alt seo ón gCláraitheoir do chumann na cúinsí (is cúinsí a bheidh sonraithe i bhfógra faoi fho-alt (3)) ar faoina dtreoir a mheas sé gur ghá an t-ordú a eisiúint.
(6) Féadfar fógra faoin alt seo a sheirbheáil ar stiúrthóir cumainn trína chur leis an bpost go dtí a sheoladh mar a bheidh curtha in iúl don Chláraitheoir, ach ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht ordaithe faoin alt seo gan fógra den sórt sin a sheirbheáil.
(7) Féadfaidh an Cláraitheoir ordú a chúlghairm tráth ar bith.
(8) Cuirfidh an Cláraitheoir faoi deara go bhfoilseofar san Iris Oifigiúil, agus i cibé slí eile is dealraitheach dó a bheith fóirsteanach chun eolas a thabhairt don phobal, fógra i dtaobh ordú a eisiúint agus i dtaobh é a chúlghairm.
(9) I gcás a mbeidh comhalta de chumann faoi oibleagáid, an tráth a thabharfaidh an Cláraitheoir ordú don chumann tráthchodanna a íoc leis an gcumann ar mhodh suibscríobhanna le haghaidh scaireanna, beidh an oibleagáid na tráthchodanna sin a íoc ar fionraí go ceann na tréimhse a bheidh an t-ordú i bhfeidhm agus, dá réir sin, má chúlghairtear an t-ordú, beidh na suibscríobhanna iníoctha arís ina dtráthchodanna.
(10) (a) Tá feidhm ag an bhfo-alt seo i gcás ordú a bheith déanta ag an gCláraitheoir faoin alt seo agus nach mbeidh an t-ordú cúlghairthe.
(b) Is é dualgas an chumainn comhshocraíochtaí réasúnacha a dhéanamh chun cistí an chumainn a úsáid le freastal d'iarratais ó thaisceoirí nó scairshealbhóirí de chuid an chumainn (is iarratais a bheidh déanta go cuí de réir rialacha an chumainn) go n-aisíocfaí an t-airgead a thaisc nó a shuibscríobh siad.
(c) I gcás ar dealraitheach don Chláraitheoir cion míchuí de chistí an chumainn a bheith á bhfeidhmiú ag an gcumann ag tabhairt iasachtaí i dtosaíocht ar fhreastal d'iarratais den sórt a luaitear i mír (b), féadfaidh sé, tar éis fógra a thabhairt don chumann agus caoi a thabhairt dó uiríolla a dhéanamh, ordú chun an cumann a fhoirceannadh faoi alt 95 a achainí ar an gCúirt faoin alt sin.
(11) Ní fholóidh tagairt san alt seo don méid atá dlite mar shuibscríobhanna i leith scaire i gcumann méideanna atá dlite i leith scaire is ionannas d'ús ar airleacan a tugadh do shealbhóir na scaire nó d'aisíoc airleacain den sórt sin.
Cumhacht an Chláraitheora fógraíocht a fhionraí.
32.—(1) I gcás arb é tuairim an Chláraitheora go bhfuil cumann éirithe neamhábalta nó gur dóigh dó éirí neamhábalta freastal dá oibleagáidí i leith a chreidiúnaithe, nó má mheasann sé gur fóirsteanach ar mhaithe le comhaltaí an chumainn nó le gnó cumann foirgníochta a rialáil go hordúil cuí nó i gcás cumann a bheith á imscrúdú faoi alt 29, féadfaidh an Cláraitheoir ordú a eisiúint chun an chumainn—
(a) i ndáil leis an bhfaisnéis is cuid den fhaisnéis a chuirfidh an cumann in aon fhógra a bheidh le foilsiú aige nó thar a cheann nó in aon ráiteas chun an phobail a bheidh le déanamh aige nó thar a cheann, nó
(b) gan fógraíocht ná aon sireadh eile a dhéanamh ag iarraidh taiscí nó suibscríobhanna le haghaidh scaireanna, nó
(c) gan fógrán de shórt a bheidh sonraithe san ordú ná fógrán a bhfuil mórchosúlacht aige leis an sórt sin fógrán a eisiúint, nó
(d) gach beart a dhéanamh is féidir a dhéanamh le haon fhógra, ciorclán, fótagraf nó scannán a tharraingt siar a úsáidtear nó a d'fhéadfaí a úsáid le fógraíocht nó aon sireadh eile a dhéanamh ag iarraidh taiscí nó suibscríobhanna le haghaidh scaireanna.
(2) Féadfaidh baint a bheith ag ordú faoin alt seo le hábhar nó ábhair dá dtagraítear i míreanna (a) go (d) d'fho alt (1).
(3) I gcás a measfaidh an Cláraitheoir nár dhochar é do na comhaltaí ná do na creidiúnaithe ná do ghnó cumann foirgníochta a rialáil go hordúil cuí, féadfaidh sé fógra 14 lá ar a laghad a thabhairt do chumann agus do gach stiúrthóir ar an gcumann go bhfuil ar intinn aige ordú a eisiúint faoin alt seo, agus sonróidh aon fhógra den sórt sin na cúinsí ar faoina dtreoir a mheasann sé gur gá ordú a eisiúint.
(4) I gcás a dtabharfar fógra i dtaobh é a bheith ar intinn ordú a thabhairt faoi fho-alt (3), breithneoidh an Cláraitheoir aon uiríolla a dhéanfar chuige i ndáil leis an ordú beartaithe laistigh de cibé tréimhse (nach giorra ná 7 lá) a shonróidh sé ó dháta an fhógra a thabhairt.
(5) Sonrófar in ordú faoin alt seo ón gCláraitheoir do chumann na cúinsí (is cúinsí a bheidh sonraithe i bhfógra faoi fho-alt (3)) ar faoina dtreoir a mheas sé gur ghá an t-ordú a eisiúint.
(6) Féadfar fógra faoin alt seo a sheirbheáil ar stiúrthóir cumainn trína chur leis an bpost go dtí a sheoladh mar a bheidh curtha in iúl don Chláraitheoir, ach ní dhéanfaidh sé difear do bhailíocht ordaithe faoin alt seo gan fógra den sórt sin a chur ar aghaidh.
(7) Féadfaidh an Cláraitheoir ordú faoin alt seo a athrú nó a chúlghairm tráth ar bith.
Ordú ón gCúirt maidir le hordú faoi alt 31 nó 32.
33.—(1) Féadfaidh cumann dá dtabharfar ordú faoi alt 31 nó 32 ordú a iarraidh ar an gCúirt an t-ordú a chur do leataobh agus féadfaidh an Chúirt ordú den sórt sin a thabhairt.
(2) Féadfaidh an Cláraitheoir a iarraidh ar an gCúirt ordú a thabhairt do dhaingniú ordaithe faoi alt 31 nó 32 nó ordú a thabhairt do dhaingniú agus d'fhadú tréimhse feidhme ordaithe faoi alt 31 go ceann cibé tréimhse is cuí leis an gCúirt ag féachaint do na himthosca go léir, agus féadfaidh an Chúirt ordú den sórt sin a thabhairt.
(3) Féadfaidh an Chúirt, i dteannta nó in ionad ordú a dhéanamh faoi fho-alt (2), cibé ordú eile is dealraitheach di is gá a dhéanamh i ndáil leis an ábhar.
(4) I gcás ordú a dhéanamh faoi fho-alt (2) ag daingniú nó ag fadú tréimhse feidhme ordaithe faoi alt 31, measfar chun críocha alt 95 nach bhfuil an cumann in ann a fhiacha a íoc.
(5) Féadfar imeachtaí nó aon chuid d'imeachtaí faoin alt seo nó achomharc nó aon chuid d'achomharc i ndáil le himeachtaí den sórt sin a éisteacht i ndlísheomraí.
Cumhacht doiciméid, etc. a iniúchadh agus a fháil.
34.—(1) Féadfaidh an Cláraitheoir fógra a sheirbheáil tráth ar bith ar chumann nó ar aon duine a bhfuil aon leabhair, cuntais, gníomhais, taifid nó doiciméid eile a bhaineann le gnó cumainn ina chumhacht, ina sheilbh nó ar fáil aige, nó atá nó a bhí ina oifigeach, ina sheirbhíseach, ina iniúchóir nó ina ghníomhaire do chumann, á cheangal go dtabharfar ar aird don Chláraitheoir cibé doiciméid, nó go dtabharfar dó cibé faisnéis, i ndáil le gnó an chumainn a mheasfaidh sé is gá chun críocha a chumhachtaí faoi ailt 31 agus 32.
(2) Ní fhéadfaidh fógra faoi fho-alt (1) a cheangal ar dhuine, seachas duine atá nó a bhí ina oifigeach, ina sheirbhíseach, ina iniúchóir nó ina ghníomhaire don chumann, doiciméad nach leis an gcumann a thabhairt ar aird, mura doiciméad teidil a bhaineann le maoin atá morgáistithe chun an chumainn an doiciméad.
(3) (a) Féadfaidh an Cláraitheoir nó duine a bheidh údaraithe go cuí chuige sin i scríbhinn ag an gCláraitheoir, le go gcomhlíonfadh an Cláraitheoir a fheidhmeanna faoin Acht seo agus ar a údarás a thabhairt ar aird má iarrtar sin air, dul isteach gach tráth réasúnach in áitreabh agus leabhair agus taifid cumainn a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu.
(b) Duine a bhfuil aon leabhair agus taifid dá dtagraítear i mír (a) ina chumhacht, ina sheilbh nó ar fáil aige tabharfaidh sé ar aird iad ar iarratas ón gCláraitheoir nó ó dhuine a bheidh údaraithe go cuí faoin alt seo agus ceadóidh sé don duine iad a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu agus tabharfaidh sé aon fhaisnéis dó a iarrfaidh sé le réasún maidir le haon iontrálacha iontu.
(4) Duine nach ndéanfaidh de réir fógra nó iarratais faoin alt seo, nó a bhacfaidh duine a bheidh ag gníomhú i gcúrsa a dhualgas faoi fho-alt (3), a dhiúltóidh cead a thabhairt cóipeanna nó sleachta a thógáil faoin alt seo nó a dhiúltóidh faisnéis a thabhairt a iarrfar faoin alt seo beidh sé ciontach i gcion agus ar é a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach nó ná £200 a chur air, agus i gcás ciona leanúnaigh dlífear fíneáil bhreise £10 a chur air in aghaidh gach lae a leanfar den chion.
Fógraíocht a rialú.
35.—(1) (a) Féadfaidh an Cláraitheoir orduithe a thabhairt i ndáil le hábhar agus foirm aon fhógrán nó aon mheán eile do shireadh taiscí nó suibscríobhanna le haghaidh scaireanna i gcumann, agus féadfaidh sé a ordú do chumann gach beart a dhéanamh is féidir chun fógrán a tharraingt siar.
(b) Sonróidh ordú faoin alt seo na cúinsí ar faoina dtreoir a mheas an Cláraitheoir gur ghá an t-ordú a eisiúint.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh ordú faoin alt seo a cheangal go mbeidh in aon fhógráin nó in aon mheán eile do shireadh taiscí nó suibscríobhanna le haghaidh scaireanna i gcumann ráiteas i dtaobh staid airgeadais an chumainn nó aon fhaisnéis ar leith a bhaineann leis an gcumann.
(3) Féadfaidh ordú faoin alt seo baint le gach cumann nó le haicme nó le haicmí sonraithe cumann (arna sonrú faoi threoir cibé ábhair is cuí leis an gCláraitheoir) agus leis an bhfógraíocht go léir nó le gach meán eile do shireadh taiscí nó suibscríobhanna le haghaidh scaireanna i gcumann nó le haicme nó le haicmí sonraithe (arna sonrú amhlaidh) fógraíochta nó meáin eile do shireadh taiscí nó suibscríobhanna le haghaidh scaireanna i gcumann.
Foirmeacha agus táillí.
36.—(1) Féadfaidh an Cláraitheoir foirm aon iarratais, fógra nó doiciméid eile a shocrú a dhéanfar nó a chuirfear chuige faoin Acht seo nó a cheanglaítear a dhéanamh nó a chur chuige amhlaidh.
(2) Gan dochar d'aon chumhacht eile a thugtar leis an Acht seo, féadfaidh an Cláraitheoir, le toiliú an Aire Airgeadais, táillí a shocrú a bheidh le híoc as aon doiciméad a scrúdú nó as aon chóipeanna ina sheilbh a thabhairt nó i ndáil le é do chomhlíonadh aon fheidhmeanna dá chuid faoin Acht seo, agus íocfar isteach sa Státchiste aon airgead a gheobhaidh sé faoin bhfo-alt seo.
CUID IV
Coibhneasa agus Infheistíochtaí
Coibhneasa idir sócmhainní agus dliteanais a rialú.
37.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire, leis an gCláraitheoir agus leis an mBanc Ceannais, a cheangal ar chumann—
(a) coibhneas nach mó ná coibhneas sonraithe, nó
(b) coibhneas nach lú ná coibhneas sonraithe,
a choimeád idir a shócmhainní agus a dhliteanais, agus féadfar an coibhneas sonraithe a lua mar chéatadán de na sócmhainní nó de na dliteanais áirithe.
(2) Déarfar i gceanglas faoin alt seo go bhfuil feidhm aige i ndáil leo seo a leanas—
(a) gach cumann,
(b) aicme shonraithe nó aicmí sonraithe cumann (arna sonrú faoi threoir cibé ábhar is cuí leis an Aire Airgeadais),
(c) sócmhainní iomlána nó dliteanais iomlána, nó
(d) aicme shonraithe nó aicmí sonraithe sócmhainní nó dliteanas (arna sonrú faoi threoir cibé ábhar is cuí leis an Aire Airgeadais).
(3) Beidh éifeacht de réir a théarmaí le ceanglas faoin alt seo agus féadfaidh an tAire Airgeadais é a athrú nó a chúlghairm tar éis dó comhairle a ghlacadh leis an Aire, leis an gCláraitheoir agus leis an mBanc Ceannais.
Cistí barrachais a infheistiú.
38.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dó comhairle a ghlacadh leis an Aire agus leis an mBanc Ceannais na hinfheistíochtaí a fhorordú ina bhféadfaidh cumann an chuid sin dá chistí a infheistiú nach dteasaíonn uaidh láithreach chun críocha an chumainn.
(2) Féadfaidh cumann, a mhéid nach mbeidh a chistí barrachais infheistithe de réir fho-alt (1), na cistí sin a choimeád in airgead faoi choimeád oifigigh de chuid an chumainn nó i gcuntas reatha, nó ar taisce leis an mBanc Ceannais, le banc, le Banc Taisce an Phoist, le banc taisce iontaobhais a bheidh deimhnithe faoi na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1965, le Corparáid an Chairde Talmhaíochta Teoranta nó le Cuideachta an Chairde Tionscail Teoranta.
(3) Féadfaidh an Cláraitheoir, tar éis dó comhairle a ghlacadh leis an Aire, leis an Aire Airgeadais agus leis an mBanc Ceannais, teorainneacha a shocrú (faoi threoir méideanna nó cionúireacht d'infheistíochtaí iomlána nó eile) maidir le hinfheistíochtaí ag cumann in urrúis nó in aicme shonraithe nó in aicmí sonraithe urrús (arna sonrú faoi threoir cibé ábhair is cuí leis an gCláraitheoir), agus féadfar teorainneacha éagsúla a shocrú d'aicmí éagsúla cumann.
(4) Féadfaidh, le toiliú an Bhanc Ceannais, Bannaí Cúlchiste Banc Ceannais a bheith ar áireamh na n-infheistíochtaí a fhorordóidh an tAire Airgeadais faoi fho-alt (1) agus i gcás den sórt sin bainfidh alt 48 d'Acht 1971, d'ainneoin fho-alt (3) den alt sin, le cumann ionann is dá mba bhanc é.
(5) I gcás cistí barrachais cumainn a bheith infheistithe ar mhodh a údaraíodh faoi achtachán a aisghairtear leis an Acht seo nó faoi fho-alt (1) ach, ar leith ón alt seo, a bhfuil scortha acu de bheith údaraithe amhlaidh, tugtar údarás leis seo leanúint de na cistí a choimeád infheistithe ar an modh sin.
CUID V
Bainistí agus Riaradh Cumann
Oifigeach do thabhairt urrúis agus cuntais in airgead.
39.—(1) Gach oifigeach do chumann a bheidh ag glacadh nó i bhfeighil airgid leis an gcumann tabharfaidh sé cibé urrús a cheanglóidh an cumann agus é de choinníoll ann go dtabharfaidh sé cuntas fíorcheart ar an airgead go léir a bheith faighte agus íoctha aige ar chuntas an chumainn agus go n-íocfaidh sé na suimeanna airgid go léir a bheidh dlite de don chumann, agus chun na críche sin rachaidh sé faoi cheangal leorurra amháin ar a laghad i mbanna i cibé foirm agus i leith cibé méid a cheanglóidh an Cláraitheoir nó déanfaidh sé comhshocraíochtaí i modh árachais ráthaíochta dílseachta nó tabharfaidh sé cibé urrús eile a ordóidh an cumann agus ina mbeidh cibé suim a cheanglóidh an cumann.
(2) Déanfaidh gach oifigeach do chumann nó déanfaidh a sheiceadóirí nó a riarthóirí, ar éileamh a bheith déanta nó ar fhógra i scríbhinn a bheith tugtha nó a bheith fágtha ag an áit chónaí dheiridh a bhí aige nó ag a ghnáth-áit chónaí, cuntas a thabhairt mar a cheanglóidh stiúrthóirí an chumainn, lena scrúdú agus lena cheadú nó lena dhícheadú acu, agus, ar éileamh nó fógra den tsamhail chéanna a bheith déanta nó tugtha, íocfaidh sé an t-airgead go léir de chuid an chumainn a bheidh fós ina lámha agus seachadfaidh sé do cibé duine a cheapfaidh an cumann na hurrúis agus na hearraí, na leabhair, na páipéir agus an mhaoin go léir de chuid an chumainn a bheidh ina lámha nó ar coinneáil aige, agus má fhaillítear nó má dhiúltaítear an fo-alt seo a chomhlíonadh féadfaidh an cumann agairt ar an mbanna nó i leith aon urrúis eile nó iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda agus féadfaidh an Chúirt sin cibé ordú a dhéanamh is cuí léi.
Stiúrthóirí.
40.—(1) Beidh triúr stiúrthóirí ar a laghad ar chumann.
(2) Ní bheidh comhlacht corpraithe mar stiúrthóir ar chumann.
Stiúrthóir do nochtadh leasa.
41.—(1) Stiúrthóir cumainn a bhfuil aon leas aige, díreach nó neamhdhíreach, i gconradh, nó i gconradh beartaithe, leis an gcumann, dearbhóidh sé ag cruinniú den bhord stiúrthóirí cad é an cineál leasa a leas—
(a) i gcás conartha bheartaithe, ag an gcruinniú de na stiúrthóirí ag a bpléifear den chéad uair an cheist faoin gconradh a dhéanamh nó, mura raibh leas sa conradh beartaithe ag an stiúrthóir ar dháta an chruinnithe sin, ag an gcéad chruinniú eile de na stiúrthóirí a thionólfar tar éis dó teacht chun leas den sórt sin a bheith aige, nó, mura conradh é a phléifear ag cruinniú de na stiúrthóirí, a luaithe is féidir, agus
(b) i gcás an stiúrthóir teacht chun leas a bheith aige i gconradh tar éis a dhéanta, ag an gcéad chruinniú de na stiúrthóirí a thionólfar tar éis dó teacht chun leas a bheith aige sa chonradh.
(2) Faoi réir fho-alt (3), measfar gur dearbhú leordhóthanach chun críocha fho-alt (1) fógra ginearálta chuig stiúrthóirí cumainn ó stiúrthóir á chur in iúl gur comhalta é de chuideachta shonraithe nó de ghnólacht sonraithe agus go bhfuil sé le meas leas a bheith aige in aon chonradh a dhéanfar, tar éis dáta an fhógra, leis an gcuideachta sin nó leis an ngnólacht sin.
(3) Ní bheidh éifeacht le fógra faoi fho-alt (2) mura dtabharfar é ag cruinniú de na stiúrthóirí nó mura ndéanfaidh an stiúrthóir bearta réasúnacha chun a áirithiú go dtabharfar faoi chaibidil é agus go léifear é ag an gcéad chruinniú eile de na stiúrthóirí tar éis é a thabhairt.
(4) Déanfar cóip de gach dearbhú a rinneadh agus de gach fógra a tugadh faoin alt seo a thaifeadadh, laistigh de thrí lá tar éis an céanna a dhéanamh nó a thabhairt, i leabhar a choimeádfar chun na críche sin agus féadfaidh aon oifigeach, iniúchóir nó comhalta de chuid an chumainn an leabhar sin a iniúchadh in aisce i bpríomh-oifig an chumainn agus beidh fáil air ag gach cruinniú ginearálta den chumann agus ag aon chruinniú de na stiúrthóirí má iarrann stiúrthóir ar bith é luath go leor le go mbeidh an leabhar ar fáil ag an gcruinniú sin.
(5) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d'oibriú aon riail dlí a shrianann stiúrthóirí cumainn ó aon leas a bheith acu i gconarthaí leis an gcumann.
Toirmeasc ar fhéimhigh agus ar dhaoine eile.
42.—(1) Duine is féimheach agus a maireann a fhéimheacht nó a ciontaíodh ar díotáil in aon chion lenar ghabh calaois nó mí-ionracas—
(a) ní duine é a bhunóidh cumann,
(b) ní ghníomhóidh sé mar stiúrthóir ar chumann,
(c) ní bheidh baint ná páirt, díreach ná neamhdhíreach, aige le bainistí cumainn, ná
(d) ní cheadóidh sé a ainm a chur ar aghaidh chun a thofa nó a cheaptha chun aon oifig dá dtagraítear i mír (b) nó (c).
(2) Aon uair a tharlóidh do dhuine a bheidh i seilbh oifige dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b) nó (1) (c) a bheith neamhcháilithe de bhua an fho-ailt sin chun bheith i seilbh oifige, scoirfidh sé láithreach den oifig sin a shealbhú agus measfar gur corrfholúntas an folúntas agus féadfar é a líonadh mar a fhoráiltear d'fholúntas den sórt sin i rialacha an chumainn.
Iasachtaí do stiúrthóirí, etc.
43.—(1) Beidh i ngach tuairisceán bliantúil ó chumann chuig an gCláraitheoir faoi alt 70 sonraí ag taispeáint méid aon iasachta a thug an cumann i rith na bliana airgeadais lena mbaineann an tuairisceán—
(a) d'aon stiúrthóir de chuid an chumainn,
(b) d'aon duine a tháinig, tar éis an iasacht a thabhairt, chun bheith, i rith na bliana airgeadais sin, ina stiúrthóir ar an gcumann,
(c) d'aon duine de theaghlach oifigigh i gcás nach fostaí lánaimsire de chuid an chumainn an duine sin, agus
(d) d'aon chomhlacht corpraithe a raibh i ndáil leis, an tráth a tugadh an iasacht nó aon tráth dá éis sin an bhliain airgeadais sin, oifigeach don chumann nó duine dá theaghlach—
(i) i seilbh, go díreach nó trí ainmní, scaireanna ar mhó a n-ainmluach ná 20 faoin gcéad de scaireanna an chomhlachta chorpraithe, nó
(ii) ina stiúrthóir, ina bhainisteoir nó ina rúnaí ar an gcomhlacht corpraithe,
agus ag tabhairt sonraí i dtaobh a scairshealbhaíochta sa chomhlacht corpraithe.
(2) Beidh sna cuntais a cheanglaítear faoi alt 60 a leagan faoi bhráid chruinniú ginearálta bliantúil de chumann sonraí ina dtaispeánfar méid aon iasachta a tugadh i rith na bliana airgeadais lena mbaineann na cuntais d'aon oifigeach nó do dhuine de theaghlach oifigigh i gcás nach fostaí lánaimsire de chuid an chumainn an duine sin—
(a) ar mó a méid ná méid a shocróidh an Cláraitheoir chun críocha an ailt seo, nó
(b) chun aon chríche seachas críoch arna ceadú ag an gCláraitheoir chun críocha an ailt seo.
(3) (a) I gcás a gceadóidh cumann iasacht i bhfabhar duine de theaghlach oifigigh agus nach fostaí lánaimsire de chuid an chumainn an duine sin, ní bheidh na téarmaí a bhainfidh leis an iasacht níos fabhraí ar dhóigh ar bíth ná na téarmaí a bhaineann le hiasachtaí eile a cóimhéid a thabharfaidh an cumann chun críche den sórt céanna an tráth a íocfar an iasacht chéadluaite.
(b) San fho-alt seo ciallaíonn “téarmaí” an ráta úis a bhaineann leis an iasacht, an céatadán arb ionannas dó an iasacht de luach measta na maoine a morgáistíodh mar urrús don iasacht agus tréimhse aisíoctha na hiasachta.
(4) Is é dualgas gach oifigigh de chuid cumainn fógra scríofa a thabhairt a luaithe is féidir don chumann i dtaobh na n-ábhar sin a bhaineann leis féin agus na daoine dá theaghlach mar is gá a thabhairt chun críocha an ailt seo agus alt 44.
(5) I gcás a dtabharfar fógra faoi fho-alt (4) ar dhóigh seachas ag cruinniú stiúrthóirí, déanfaidh an t-oifigeach a thabharfaidh é gach beart réasúnach lena áirithiú go dtabharfar faoi chaibidil é agus go léifear é ag an gcéad chruinniú eile de na stiúrthóirí tar éis a thabhairt.
(6) In aon imeachtaí in aghaidh oifigigh i ndáil le cion faoin alt seo, is cosaint é a chruthú nárbh eol dó tráth an chiona líomhnaithe gur thug an cumann an iasacht áirithe don duine eile nó don chomhlacht corpraithe eile lena mbaineann agus go raibh an tráth sin socruithe réasúnacha i bhfeidhm le fios a thabhairt dó faoi iasacht de chineál dá dtagraítear i bhfo-ailt (1) go (3).
(7) I gcás nach gcomhlíonfar ceanglais an ailt seo, is é dualgas iniúchóir an chumainn nóta faoin neamhchomhlíonadh sin a chur ina thuarascáil ar an tuairisceán bliantúil nó ar na cuntais bhliantúla (cibé acu é) agus, a mhéid is féidir leis le réasún, ráiteas ina mbeidh na sonraí iomchuí a cheanglaítear leis an alt seo.
Iocaíochtaí le stiúrthóir.
44.—(1) Taispeánfaidh cuntais cumainn méid comhlán díolaíochtaí na stiúrthóirí, pinsin na stiúrthóirí nó na n-iarstiúrthóirí agus aon chúiteamh do stiúrthóirí nó d'iarstiúrthóirí mar gheall ar oifig a chailleadh.
(2) Na díolaíochtaí a thaispeánfar faoin alt seo—
(a) áireofar iontu aon suimeanna a íocadh le haon duine nó ab infhaighte ag aon duine i leith a sheirbhísí mar stiúrthóir ar chumann nó i leith a sheirbhísí le linn dó bheith ina stiúrthóir ar chumann i ndáil le bainistí gnóthaí an chumainn,
(b) déanfar idirdhealú iontu idir díolaíochtaí i leith seirbhísí mar stiúrthóir agus díolaíochtaí eile, agus
(c) áireofar iontu táillí agus céatadáin, suimeanna ar mhodh liúntais chaiteachas, a mhéid a mhuirearaítear cáin ioncaim ar na suimeanna sin, aon ranníoc a d'íoc an cumann ina leith faoi aon scéim pinsin agus an luach airgid a mheastar d'aon sochair eile a fuarthas seachas in airgead, a mhéid a mhuirearaítear cáin ioncaim orthu.
(3) Na pinsin a thaispeánfar faoin alt seo—
(a) ní áireofar iontu aon phinsean a íocadh nó ab infhaighte faoi scéim pinsin más leor go substaintiúil na ranníocaí faoin scéim lena cothabháil, ach thairis sin áireofar iontu aon phinsean a íocadh nó ab infhaighte i leith na seirbhísí sin ag stiúrthóir nó ag iarstiúrthóir de chuid an chumainn mar a luaitear i bhfo-alt (2) leis nó aige nó, ar ainmniú aige nó de bhua cleithiúnais air nó de bhua aon bhaint eile leis, le haon duine nó ag aon duine, agus
(b) déanfar idirdhealú iontu idir pinsin i leith seirbhísí mar stiúrthóir agus pinsin eile.
(4) An cúiteamh mar gheall ar oifig a chailleadh a thaispeánfar faoin alt seo—
(a) áireofar ann aon suimeanna a íocadh le stiúrthóir nó le hiarstiúrthóir nó ab infhaighte aige ar mhodh cúiteamh mar gheall ar oifig a chailleadh mar stiúrthóir ar an gcumann nó mar gheall ar é do chailleadh aon oifige eile i ndáil le bainistí gnóthaí an chumainn le linn dó bheith ina stiúrthóir ar an gcumann nó ar é scor nó i ndáil lena scor de bheith ina stiúrthóir ar an gcumann,
(b) déanfar idirdhealú ann idir cúiteamh i leith oifig stiúrthóra agus cúiteamh i leith oifigí eile, agus
(c) áireofar ann suimeanna a íocadh mar chomaoin maidir le, nó i ndáil le, duine éirí as oifig.
(5) Is iad na méideanna a thaispeánfar faoin alt seo in aghaidh aon bhliana airgeadais na méideanna ab infhaighte i leith na bliana sin cibé uair a íoctar iad nó, i gcás suimeanna nárbh infhaighte i leith tréimhse, na suimeanna a íocadh i rith na bliana sin, i slí go ndéanfar, i gcás cáin ioncaim a mhuirearú tar éis deireadh na bliana airgeadais iomchuí ar aon suimeanna a íocadh ar mhodh liúntais chaiteachas, na suimeanna sin a thaispeáint ar leithligh, go feadh an méid a muirearaíodh amhlaidh iad, sna chéad chuntais inar féidir iad a thaispeáint.
(6) I gcás ar gá é chun aon idirdhealú a dhéanamh a cheanglaítear leis an alt seo a dhéanamh in aon chuntas a bheidh le taispeáint faoin alt seo, féadfaidh na stiúrthóirí aon íocaíocht a chionroinnt idir na hábhair ar ina leith a íocadh nó is infhaighte iad mar is iomchuí leo.
(7) I gcás ceanglais an ailt seo a bheith gan chomhlíonadh, is é dualgas an iniúchóra a scrúdaigh na cuntais ráiteas ina mbeidh na sonraí a cheanglaítear a chur, a mhéid is féidir leis le réasún sin a dhéanamh, ina thuarascáil ar na cuntais sin.
(8) San alt seo—
folaíonn “pinsean” aon aoisliúntas, aois-aisce nó íocaíocht dá samhail;
ciallaíonn “scéim pinsin” scéim le pinsin a sholáthar i ndáil le seirbhísí mar stiúrthóir nó eile agus a chothabháiltear go hiomlán nó go páirteach le ranníocaí;
ciallaíonn “ranníoc”, i ndáil le scéim pinsin, aon íocaíocht (lena n-áirítear préimh árachais) a íoctar chun críocha na scéime ag daoine nó i leith daoine a dhéanann seirbhísí a mbeidh nó a dtiocfadh go mbeidh pinsin iníoctha ina leith faoin scéim, ach ní fholaíonn sé aon íocaíocht i leith beirt daoine nó níos mó murab infhionnta an méid a íocadh i leith gach duine díobh.
Toirmisctear íocaíocht saor ó cháin a thabhairt do stiúrthóirí.
45.—(1) Ní dleathach do chumann luach saothair a íoc le stiúrthóir (mar stiúrthóir nó eile) saor ó cháin ioncaim nó a ríomhfar ar dhóigh eile faoi threoir méid, nó a athróidh de réir méid, a chánach ioncaim nó faoi threoir an ráta, nó a athróidh de réir an ráta, cánach ioncaim, ach amháin faoi chonradh a bhí i bhfeidhm an 5ú lá de Nollaig, 1975, agus a fhorálann go sainráite (agus ní go heisiatach faoi threoir rialacha an chumainn) go n-íocfaí an luach saothair sin.
(2) Beidh le haon fhoráil i rialacha cumainn, nó in aon chonradh seachas conradh dá dtagraítear i bhfo-alt (1), nó in aon rún ó chumann nó ó stiúrthóirí cumainn, go n-íocfaí luach saothair mar a dúradh le stiúrthóir, éifeacht ionann is dá bhforálfadh sí go n-íocfaí, mar shuim chomhlán, faoi réir cánach ioncaim, an ghlansuim dá bhforálann sí iarbhír.
(3) Ní bhainfidh an t-alt seo le luach saothair a bheidh dlite roimh thosach feidhme, ná i leith tréimhse roimh thosach feidhme, an ailt seo.
(4) San alt seo folaíonn “luach saothair” díolaíochtaí a shonraítear in alt 44 (2).
Ainmneacha stiúrthóirí ar litreacha gnó, etc.
46.—(1) I ngach litir ghnó a mbeidh ainm cumainn uirthi nó inti agus a chuirfidh an cumann go dtí aon duine cuirfidh an cumann síos i litreacha inléite, i ndáil le gach stiúrthóir, a shloinne láithreach agus a thúsainm láithreach (nó túslitreacha an túsainm sin) agus aon ainm nó sloinne a bhíodh air.
(2) I gcás imthosca speisialta a bheith ann a thabharfaidh gur fóirsteanach, i dtuairim an Chláraitheora, díolúine dá shórt a thabhairt, féadfaidh an Cláraitheoir, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis, díolúine a thabhairt ó na hoibleagáidí a fhorchuirtear leis an alt seo.
Forálacha ginearálta i ndáil le díospóidí.
47.—(1) Baineann ailt 48 go 50—
(a) le haon díospóid idir cumann agus comhalta den chumann ina cháil mar chomhalta, nó ionadaí do chomhalta den sórt sin ina cháil mar chomhalta, maidir le haon ábhar seachas forléiriú nó éifeacht gníomhais mhorgáiste nó aon chonradh eile is cuid de dhoiciméad nó atá bunaithe ar dhoiciméad seachas rialacha an chumainn, agus
(b) le haon díospóid nó aon chineál díospóide eile a gcuireann rialacha an chumainn na hailt sin chun feidhme go sainráite ina leith,
agus, dá réir sin, sna hailt sin ciallaíonn “díospóid” díospóid lena mbaineann na hailt sin.
(2) Ní choiscfidh aon ní in ailt 48 go 50 ar chumann, ar chomhalta de chumann ná ar aon duine ag éileamh trí chomhalta nó faoi, aon leigheas a fháil i ngáthchúrsa an dlí a bhfuil an cumann, an comhalta nó an duine ina theideal de réir dlí maidir le haon mhorgáiste nó aon chonradh eile seachas rialacha cumainn.
(3) Déanfar aon tagairt i rialacha cumainn do dhíospóid a fhorléiriú, ach amháin a mhéid a fhorálann na rialacha a mhalairt go sainráite, mar thagairt do dhíospóid lena mbaineann ailt 48 go 50 agus do dhíospóid den sórt sin amháin.
Díospóidí a chinneadh trí eadráin.
48.—(1) Faoi réir an ailt seo, bainfidh Acht 1954, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, le díospóid i gcás a bhforálann rialacha cumainn gur trí eadráin a chinnfear an díospóid.
(2) I gcás a bhforálann rialacha cumainn gur trí eadráin a chinnfear díospóid, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:—
(a) measfar, chun críocha fho-alt (1), gur comhaontú eadrána de réir brí Acht 1954 na rialacha;
(b) ainmneofar agus roghnófar eadránaithe de réir na rialacha nó, mura mbeidh aon fhoráil mar sin iontu, ainmneoidh an bord stiúrthóirí eadránaí amháin agus ainmneoidh an comhalta eadránaí eile;
(c) ní bheidh leas tairbhiúil, díreach ná neamhdhíreach, ag eadránaí i gcistí an chumainn;
(d) déanfar ainmneacha eadránaithe a cheapfaidh an cumann a thaifeadadh go cuí i gclár a choimeádfaidh an cumann chun na críche sin.
An Cláraitheoir do chinneadh díospóidí.
49.—(1) Faoi réir an ailt seo, bainfidh Acht 1954, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, le díospóid i gcás a bhforálann rialacha cumainn gurb é an Cláraitheoir a chinnfidh díospóid den sórt sin.
(2) I gcás a bhforálann rialacha cumainn gurb é an Cláraitheoir a chinnfidh díospóid, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:—
(a) measfar, chun críocha fho-alt (1), gur comhaontú eadrána de réir brí Acht 1954 na rialacha;
(b) measfar gur eadránaí aonair chun críocha an Achta sin an Cláraitheoir agus ní bheidh feidhm ag aon fhoráil ann i dtaobh eadránaithe agus moltóirí breise a cheapadh.
An Chúirt Chuarda do chinneadh díospóidí.
50.—(1) Féadfaidh an Chúirt Chuarda díospóid lena mbaineann alt 47 a éisteacht agus a chinneadh i gcás a bhforálann rialacha cumainn é.
(2) Is cinneadh críochnaitheach cinneadh díospóide ag an gCúirt Chuarda agus beidh sé de cheangal ar na páirtithe agus ar aon daoine a bheidh ag éileamh fúthu, ní fhéadfar achomharc a dhéanamh ina choinne ná ní aistreofar isteach in aon chúirt eile é ná ní dhéanfar é a shrianadh le hurghaire ó aon chúirt eile.
(3) Féadfaidh an Chúirt Chuarda, ar pháirtí sa díospóid á iarraidh, cás a shonrú don Ard-Chúirt ar phointe dlí.
Fógra faoi chruinniú.
51.—(1) Is foráil ar neamhní aon fhoráil i rialacha cumainn le cruinniú den chumann (seachas cruinniú atrátha) a ghairm trí fhógra is giorra ná fógra 21 lá.
(2) Measfar gur cruinniú a gaireadh go cuí cruinniú de chumann a gaireadh trí fhógra ba ghiorra ná fógra 21 lá má chomhaontaíonn iniúchóir an chumainn agus an Cláraitheoir air sin ar iarratas i scríbhinn a bheith déanta chuige ag an gcumann.
(3) Ní thabharfar fógra faoi chruinniú cumainn do chomhaltaí an chumainn tráth is luaithe ná 42 lá roimh dháta an chruinnithe.
(4) Tabharfaidh cumann fógra faoi chruinniú den chumann—
(a) trí fhógra i cibé foirm a ordóidh an Cláraitheoir a chur chuig gach duine atá i dteideal freastal ar an gcruinniú, nó
(b) le toiliú an Chláraitheora, trí fhógra i cibé foirm a ordóidh an Cláraitheoir a fhoilsiú i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a fhoilsítear sa Stát agus a léitear sa limistéar ina bhfuil príomh-oifig an chumainn.
(5) Sonrófar san fhógra, i gcás cruinniú de chumann ag a mbeartaítear rún a mholadh mar rún speisialta, go mbeartaítear rún den sórt sin a mholadh.
(6) Ní bheidh imeachtaí chruinniú de chumann ó bhail toisc gur mainníodh de neamart fógra faoin gcruinniú a thabhairt do dhuine a bhí i dteideal fógra faoin gcruinniú a fháil nó toisc nach bhfuair duine den sórt sin fógra faoi chruinniú den sórt sin.
Ceart freastal ar chruinnithe.
52.—(1) Is iad na daoine a bheidh i dteideal freastal ar chruinniú de chumann na comhaltaí go léir a shealbhaigh, i ndeireadh na bliana airgeadais is deireanaí roimh dháta an chruinnithe, scaireanna lenar ghabh cearta vótála a d'eisigh an cumann faoi alt 22 (1) agus a raibh na scaireanna sin ina seilbh fós ar dháta an chruinnithe.
(2) Féadfaidh rialacha cumainn ceart freastal ar chruinniú den chumann a thabhairt do dhuine seachas duine atá i dteideal freastal ar chruinniú den sórt sin faoi fho-alt (1).
Vótáil ag cruinniú.
53.—(1) Faoi réir fho-alt (2), is iad na daoine a bheidh i dteideal vótáil ag cruinniú de chumann na comhaltaí go léir a shealbhaigh, i ndeireadh na bliana airgeadais is deireanaí roimh dháta an chruinnithe, scaireanna lenar ghabh cearta vótála agus a d'eisigh an cumann faoi alt 22 (1) agus nár lú ná £10 a luach, agus a raibh na scaireanna sin ina seilbh fós ar dháta an chruinnithe.
(2) Ní bheidh duine faoi bhun ocht mbliana déag d'aois i dteideal vótáil ag cruinniú.
Seachvótálaithe.
54.—(1) Aon chomhalta de chumann atá i dteideal freastal agus vótáil ag cruinniú den chumann, beidh sé i dteideal duine eile a cheapadh mar sheachvótálaí dó chun freastal agus vótáil ina ionad, agus beidh an ceart céanna ag an seachvótálaí a cheapfar amhlaidh is atá ag an gcomhalta chun labhairt ag an gcruinniú agus vótáil ag vótaíocht.
(2) Beidh i ngach fógra ag gairm cruinniú de chumann ráiteas réasúnta feiceálach go bhfuil comhalta atá i dteideal freastal agus vótáil i dteideal seachvótálaí a cheapadh le freastal, le labhairt agus le vótáil ina ionad agus nach gá gur comhalta den chumann seachvótálaí.
(3) Is foráil ar neamhní aon fhoráil i rialacha cumainn a mbeadh d'éifeacht léi go mbeadh an ionstraim ag ceapadh seachvótálaí (nó aon doiciméad eile ba ghá chun bailíocht ceapadh seachvótálaí, nó a bhainfeadh ar shlí eile le ceapadh seachvótálaí, a shuíomh) faighte ag an gcumann nó ag aon duine eile tráth ba luaithe ná 48 n-uaire a chloig roimh chruinniú nó roimh chruinniú atrátha ionas go mbeadh éifeacht leis an gceapadh ag an gcruinniú.
(4) Is i cibé foirm a ordóidh an Cláraitheoir a bheidh ionstraim cheaptha seachvótálaí.
(5) Faoi réir fho-alt (6), i gcás a ndéanfar, chun críocha aon chruinnithe de chumann, cuirí chun duine, nó chun duine de líon daoine, a bheidh sonraithe sna cuirí, a cheapadh mar sheachvótálaí, a eisiúint ar chostas an chumainn chuig cuid agus gan ach chuig cuid de na comhaltaí a bheidh i dteideal freastal ar an gcruinniú agus vótáil ag an gcruinniú, trí sheachvótálaí, beidh gach oifigeach de chuid an chumainn a d'údaraigh nó a cheadaigh go feasach toiliúil an eisiúint sin ciontach i gcion agus ar é a chiontú ar díotáil dlífear fíneáil nach mó ná £300 a chur air.
(6) Ní bheidh oifigeach faoi dhliteanas faoi fho-alt (5) de bhíthin amháin gur eisigh sé chuig comhalta, ar é á iarraidh i scríbhinn, foirm cheapacháin ag ainmniú an tseachvótálaí nó liosta de na daoine a thoiligh gníomhú mar sheachvótálaí, má bhíonn an fhoirm nó an liosta ar fáil, ar é a iarraidh i scríbhinn, ag gach comhalta a bheidh i dteideal vótáil ag an gcruinniú trí sheachvótálaí.
Ceart vótaíocht a éileamh.
55.—(1) Is foráil ar neamhní aon fhoráil i rialacha cumainn—
(a) a shéanfadh an ceart vótaíocht a éileamh ag cruinniú den chumann ar aon cheist seachas toghadh chathaoirleach an chruinnithe nó atráthú an chruinnithe, nó
(b) a chuirfeadh ó éifeacht éileamh ag iarraidh vótaíochta ar aon cheist den sórt sin a dhéanfaidh líon comhaltaí nach lú ná deichniúr a bhfuil ceart vótáil acu ag an gcruinniú.
(2) Measfar go dtugann an ionstraim ag ceapadh seachvótálaí le vótáil ag cruinniú de chumann údarás freisin vótaíocht a éileamh nó uamadh chun vótaíocht a éileamh, agus is ionann, chun críocha fho-alt (1), éileamh ó dhuine mar sheachvótálaí do chomhalta agus éileamh ón gcomhalta.
Rún speisialta.
56.—(1) Is rún speisialta rún de chuid cumainn nuair a bheidh sé rite ag tromlach de na comhaltaí sin den chumann a dhéanfaidh, agus teideal acu, vótáil i bpearsa nó trí sheachvótálaí ar vótaíocht ar an rún ag cruinniú den chumann ar tugadh go cuí i ndáil leis fógra á shonrú go raibh beartaithe an rún a mholadh mar rún speisialta.
(2) D'ainneoin aon ní i rialacha cumainn, féadfaidh aon rún a bheidh le rith mar rún speisialta bheith ina chuid den ghnó a ndéileálfar leis ag aon chruinniú den chumann.
(3) Féadfar téarmaí aon rún speisialta a bheidh os comhair cruinniú de chumann a leasú le ghnáthrún a mholfar ag an gcruinniú más amhlaidh i gcónaí do théarmaí an rúin arna leasú gur féidir a mheas gur tugadh fógra leordhóthanach go raibh sé beartaithe an rún a rith.
Rún speisialta ó chomhaltaí.
57.—(1) I gcás a ndéanfaidh comhalta de chumann atá, faoi alt 53, i dteideal vótáil ar rún speisialta, iarratas i scríbhinn chun an chumainn le rún a mholadh (a mbeidh a théacs san iarratas) mar rún speisialta ag cruinniú den chumann, is é dualgas an chumainn, faoi réir fho-alt (2), fógra á shonrú go mbeartaítear an rún sin a mholadh mar rún speisialta ag an gcruinniú a chur san fhógra faoin gcruinniú.
(2) I gcás arb é tuairim bord stiúrthóirí cumainn maidir le hábhar rúin is ábhar d'iarratas faoi fho-alt (1)—
(a) go bhfuil sé cráiteach nó suaibhreosach,
(b) gur faoi ábhar é nach mbaineann le gnóthaí an chumainn, nó
(c) gurb amhlaidh dó, dá rithfí an rún, go bhféadfadh an cumann bheith ag gabháil do ghníomhaíochtaí ar dhóigh dóibh a bheith ultra vires,
féadfaidh an cumann, laistigh de dheich lá ó dháta an iarratais a fháil, scéala a thabhairt don chomhalta go bhfuil diúltaithe ag an gcumann fógra a thabhairt faoin rún agus ag insint na bhforas atá leis an diúltú.
(3) I gcás a ndiúltóidh cumann, faoi fho-alt (2), fógra a thabhairt faoi rún speisialta a bheith beartaithe ag comhalta, féadfaidh an comhalta a cheangal go ndéileálfar leis an ábhar mar dhíospóid idir é féin agus an cumann chun críocha ailt 47 go 50.
(4) I gcás nach sonrófar in iarratas faoi fho-alt (1) an cruinniú ag a bhfuil sé beartaithe ag an gcomhalta an rún a mholadh, nó má shonraítear ann cruinniú a thionólfar 42 lá nó níos lú tar éis don chumann an fógra a fháil agus mura bhfeidhmeoidh an cumann a chumhachtaí faoi fho-alt (2), toimhdeoidh an cumann go mbeartaíonn an comhalta an rún a mholadh ag an gcéad chruinniú den chumann a thionólfar breis agus 42 lá tar éis dáta an iarratais.
Cruinniú ginearálta bliantúil.
58.—(1) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), déanfaidh gach cumann sna chéad cheithre mhí de gach bliain airgeadais cruinniú a thionól sa Stát mar a chruinniú ginearálta bliantúil i dteannta aon chruinnithe eile a thionólfar an bhliain sin, agus tabharfaidh sé an cruinniú ginearálta bliantúil de thuairisc ar an gcruinniú sin sna fógraí á ghairm.
(2) Ní gá do chumann cruinniú ginearálta bliantúil a thionól bliain a chorpraithe.
(3) Féadfaidh an Cláraitheoir, dá rogha féin, ar iarratas a bheith déanta chuige i scríbhinn, tréimhse is faide ná ceithre mhí a shocrú chun críocha fho-alt (1) i ndáil le cumann nó le haicme nó le haicmí áirithe cumann nó le gach cumann.
(4) I gcás a mainneofar fo-alt (1) a chomhlíonadh, féadfaidh an Cláraitheoir cruinniú ginearálta a ghairm nó a ordú cruinniú ginearálta a ghairm agus féadfaidh sé cibé orduithe coimhdeacha nó iarmhartacha is dóigh leis a bheith fóirsteanach, lena n-áirítear orduithe ag modhnú nó ag forlíonadh oibriú rialacha an chumainn, a thabhairt i ndáil le gairm, tionól agus seoladh an chruinnithe.
Leabhair chuntais a choimeád, etc.
59.—(1) Cuirfidh gach cumann faoi deara leabhair chuntais chuí a choimeád i ndáil leis na suimeanna airgid go léir a fuair sé agus a chaith sé, leis na hábhair lenar bhain an t-ioncam agus an caiteachas agus le sócmhainní agus le dliteanais uile an chumainn.
(2) Déanfaidh gach cumann córas rialaithe agus iniúchta a bhunú agus a chothabháil dá leabhair chuntais agus córas chun maoirsiú a dhéanamh ar a shealúchais airgid agus ar a fháltais agus ar a sheoltáin go léir.
(3) Chun críocha fho-alt (1), ní mheasfar leabhair chuntais chuí a bheith á gcoimeád i ndáil leis na hábhair a luaitear san fho-alt sin ach amháin i gcás a gcoimeádtar na leabhair sin is gá le léargas fíorcheart a thabhairt ar staid gnóthaí an chumainn agus lena idirbhearta a mhíniú.
(4) Déanfaidh gach cumann córas a bhunú agus a chothabháil lena áirithiú go gcoimeádfar slán doiciméid teidil uile an chumainn agus na gníomhais a bhaineann le maoin a bheidh morgáistithe chun an chumainn.
(5) Chun críocha fho-alt (4), measfar nach bhfuil córas ceart bunaithe ag cumann mura mbeidh ceangal ann gur gá toiliú an bhord stiúrthóirí (nó toiliú duine a bheidh údaraithe amhlaidh ag an mbord stiúrthóirí) gach ócáid a scaoilfear doiciméad teidil nó gníomhas as coimeád oifigigh an chumainn.
(6) Coimeádfar leabhair chuntais cumainn i bpríomh-oifig an chumainn nó cibé áit eile is cuí leis na stiúrthóirí agus féadfaidh na stiúrthóirí iad a iniúchadh gach tráth réasúnach.
(7) Déanfaidh an cumann gach taifead (seachas doiciméad nó gníomhas dá dtagraítear i bhfo-alt (4)) a cheanglaítear a choimeád faoin alt seo a choimeád slán go ceann sé bliana ar a laghad tar éis an dáta lena mbaineann sé.
(8) (a) I gcás a mainneoidh stiúrthóir cumainn gach beart réasúnach a dhéanamh d'áirithiú go gcomhlíonfaidh an cumann an t-alt seo nó i gcás é bheith ina chúis, mar gheall ar ghníomh toiliúil aige féin, le haon mhainneachtain ag an gcumann faoin alt seo, beidh sé, maidir le gach mainneachtain nó gníomh den sórt sin, ciontach i gcion agus, ar é a chiontú ar díotáil, dlífear fíneáil nach mó ná £300 a chur air.
(b) In aon imeachtaí faoin bhfo-alt seo mar gheall ar chion ar mainneachtain é gach beart réasúnach a dhéanamh go gcomhlíonfaí an t-alt seo, is cosaint é a chruthú go raibh foras réasúnach ag an gcosantóir chun a chreidiúint gur cuireadh de chúram ar dhuine inniúil iontaofa a áirithiú go gcomhlíonfaí an t-alt sin agus go raibh sé ar a dheis ag an duine sin an dualgas sin a chomhlíonadh.
Cuntais bhliantúla.
60.—(1) Cuirfidh stiúrthóirí cumainn faoi deara go leagfar faoi bhráid cruinniú ginearálta bliantúil an chumainn cuntas ioncaim agus caiteachais don tréimhse, i gcás arb é an chéad chuntas é, ó corpraíodh an cumann agus, in aon chás eile, ón gcuntas roimhe sin, arna dhéanamh amach i ngach cás go dtí deireadh na bliana airgeadais roimhe sin.
(2) Cuirfidh stiúrthóirí cumainn faoi deara go n-ullmhófar agus go leagfar faoi bhráid cruinniú ginearálta bliantúil den chumann clár comhardaithe amhail mar a bhí i ndeireadh na bliana airgeadais roimhe sin.
(3) Tabharfaidh gach cuntas ioncaim agus caiteachais cumainn léargas fíorcheart ar ioncam agus ar chaiteachas an chumainn don tréimhse iomchuí, agus tabharfaidh gach clár comhardaithe léargas fíorcheart ar staid gnóthaí an chumainn mar a bhí i ndeireadh na tréimhse iomchuí.
(4) (a) I gcás a mainneoidh stiúrthóir cumainn gach beart réasúnach a dhéanamh d'áirithiú go gcomhlíonfar an t-alt seo, beidh sé ciontach i gcion maidir leis an mainneachtain sin agus dlífear ar é a chiontú ar díotáil fíneáil nach mó ná £300 a chur air.
(b) In aon imeachtaí in aghaidh duine mar gheall ar chion faoin alt seo, is cosaint é a chruthú go raibh foras réasúnach aige chun a chreidiúint gur cuireadh de chúram ar dhuine inniúil iontaofa a áirithiú go gcomhlíonfaí an t-alt seo agus go raibh sé ar a dheis ag an duine sin an dualgas sin a chomhlíonadh.
Ráiteas a thaispeáint.
61.—(1) Taispeánfaidh cumann agus coimeádfaidh sé ar taispeáint i gcónaí in áit fheiceálach i ngach oifig, brainse nó ionad gnó eile de chuid an chumainn ráiteas i ndáil leis an ngnó a sheolann sé.
(2) Is i cibé foirm a ordóidh an Cláraitheoir a bheidh an ráiteas a cheanglaíonn an t-alt seo a thaispeáint.
Foirm na gcuntas.
62.—(1) Is i cibé foirm a ordóidh an Cláraitheoir a bheidh cuntas ioncaim agus caiteachais agus clár comhardaithe cumainn, agus beidh iontu cibé sonraí a ordóidh an Cláraitheoir, go ginearálta nó maidir le haicme shonraithe nó le haicmí sonraithe cumann, arna sonrú faoi threoir cibé ábhair is cuí leis an gCláraitheoir.
(2) Mura n-ordóidh an Cláraitheoir a mhalairt, beidh i gcuntas ioncaim agus caiteachais agus i gclár comhardaithe cumainn d'aon bhliain airgeadais na sonraí comhréire don bhliain airgeadais roimhe sin.
Siniú an chláir chomhardaithe.
63.—(1) Déanfaidh beirt de stiúrthóirí cumainn agus rúnaí an chumainn, nó oifigeach eile de chuid an chumainn, gach clár comhardaithe leis an gcumann a shíniú thar ceann an bhord stiúrthóirí.
(2) Cuirfear an cuntas ioncaim agus caiteachais i gceangal le gach clár comhardaithe de chuid cumainn agus cuirfear tuarascáil an iniúchóra ag gabháil leis, agus déanfaidh an bord stiúrthóirí aon chuntas a bheidh curtha i gceangal amhlaidh a cheadú sula síneofar an clár comhardaithe thar a gceann.
Tuarascáil stiúrthóirí.
64.—(1) Cuirfear ag gabháil le gach clár comhardaithe a leagfar faoi bhráid cruinniú ginearálta bliantúil cumainn tuarascáil ó na stiúrthóirí (arna síniú ag beirt stiúrthóir thar a gceann) maidir le staid gnóthaí an chumainn.
(2) Beidh sa tuarascáil a cheanglaítear leis an alt seo cibé sonraí, is iomchuí maidir le gnóthaí an chumainn, a ordóidh an Cláraitheoir i ndáil le gach cumann nó le haicme shonraithe nó le haicmí sonraithe cumann.
Forálacha a bhaineann le doiciméid áirithe.
65.—(1) Déanfar cóip de gach clár comhardaithe (lena n-áirítear gach doiciméad a cheanglaítear faoin Acht seo a bheith i gceangal leis) a bheidh le leagan faoi bhráid cruinniú ginearálta bliantúil cumainn, mar aon le cóip de thuarascáil an iniúchóra agus de thuarascáil na stiúrthóirí, a chur chuig an gCláraitheoir tráth nach déanaí ná 21 lá tar éis dáta an chruinnithe.
(2) Déanfar cóip den chlár comhardaithe de chuid cumainn is déanaí a bheidh ar fáil (lena n-áirítear gach doiciméad a cheanglaítear faoin Acht seo a chur i gceangal leis) mar aon le cóip de thuarascáil an iniúchóra agus de thuarascáil na stiúrthóirí a thabhairt ar í a éileamh do gach comhalta de chumann agus do gach taisceoir i gcumann ar cibé táille a íoc a shocróidh an Cláraitheoir chun na críche sin.
(3) Beidh na doiciméid dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ar fáil chun a n-iniúchta ag aon chomhalta i bpríomh-oifig cumainn le linn uaire oifige an chumainn.
(4) Féadfaidh an Cláraitheoir, más oiriúnach leis, a cheangal ar chumann cóip de dhoiciméad dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a chur chuig gach duine atá i dteideal freastal ar chruinnithe an chumainn.
Iniúchóir a cheapadh.
66.—(1) Ceapfaidh cumann ag gach cruinniú ginearálta bliantúil iniúchóir a shealbhóidh oifig ó dheireach an chruinnithe sin go dtí deireadh an chéad chruinnithe ghinearálta bhliantúil eile.
(2) Faoi réir fho-alt (3), déanfar, ag aon chruinniú ginearálta bliantúil, iniúchóir a bheidh ag éirí as oifig, cibé slí ar ceapadh é, a athcheapadh gan rún a rith, mura rud é—
(a) nach mbeidh sé cáilithe faoi alt 68 chun a athcheaptha, nó
(b) gur ritheadh rún ag an gcruinniú sin ag ceapadh duine éigin eile ina ionad nó á fhoráil go sainráite nach n-athcheapfaí é, nó
(c) go mbeidh fógra i scríbhinn tugtha aige don chumann á rá nach toil leis go n-athcheapfaí é.
(3) I gcás a dtabharfar fógra faoi rún a bheith beartaithe chun duine nó daoine eile a cheapadh in ionad iniúchóra a bheidh ag éirí as oifig agus nach féidir, mar gheall ar bhás, éagumas nó dícháilíocht an duine sin nó na ndaoine sin go léir (de réir mar a bheidh) dul ar aghaidh leis an rún, ní dhéanfar an t-iniúchóir a bheidh ag éirí as oifig a athcheapadh d'aontoisc de bhua fho-alt (2).
(4) Féadfaidh na stiúrthóirí chéad-iniúchóir cumainn a cheapadh tráth ar bith roimh an gcéad chruinniú ginearálta bliantúil, agus beidh iniúchóir a cheapfar amhlaidh i seilbh oifige go dtí deireadh an chruinnithe sin.
(5) Féadfaidh cumann ag cruinniú ginearálta iniúchóir a ceapadh faoi fho-alt (4) a chur as oifig agus aon duine eile a cheapadh ina ionad a bheidh ainmnithe chun a cheaptha ag aon chomhalta den chumann agus a mbeidh fógra faoina ainmniú tugtha do chomhaltaí an chumainn 14 lá ar a laghad roimh dháta an chruinnithe.
(6) (a) I gcás a mainneoidh na stiúrthóirí a gcumhachtaí faoi fho-alt (4) a fheidhmiú, féadfaidh cumann ag a chéad chruinniú ginearálta bliantúil an chéad iniúchóir a cheapadh.
(b) I gcás nach ndéanfar iniúchóir a cheapadh nó a athcheapadh ag cruinniú ginearálta bliantúil, féadfaidh an Cláraitheoir duine a cheapadh leis an bhfolúntas a líonadh.
(c) Déanfaidh cumann, laistigh de sheachtain ón tráth a bheidh cumhachtaí an Chláraitheora faoi mhír (b) infheidhmithe, fógra ina thaobh sin a thabhairt don Chláraitheoir.
(7) Féadfaidh stiúrthóirí cumainn aon chorfholúntas a líonadh in oifig an iniúchóra ach, fad a bheidh aon fholúntas den sórt sin ann, féadfaidh aon iniúchóir nó iniúchóirí, marthanach nó leanúnach. gníomhú.
(8) I gcás gnólacht a cheapadh faoi ainm an ghnólachta mar iniúchóir do chumann measfar gurb é ceapadh na ndaoine sin é arb iad, ó am go ham le linn tréimhse an cheaptha, na comhpháirtithe sa ghnólacht sin mar a bheidh sé comhdhéanta ó am go ham agus iad cáilithe le bheith ina n-iniúchóir don chumann.
Rúin a bhaineann le ceapadh agus díchur iniúchóra.
67.—(1) Faoi réir fho-alt (2), ní bheidh éifeacht le rún ag cruinniú ginearálta bliantúil cumainn ag ceapadh mar iniúchóir duine seachas iniúchóir a bheidh ag éirí as oifig nó á fhoráil go sainráite nach n-athcheapfar iniúchóir a bheidh ag éirí as oifig, mura mbeidh fógra go mbeartaítear an rún a thairiscint tugtha don chumann 28 lá ar a laghad roimh an gcruinniú ag a dtairgfear é.
(2) I gcás a ndéanfar, tar éis fógra a bheith tugtha don chumann go mbeartaítear rún den sórt sin a thairiscint, cruinniú ginearálta bliantúil den chumann a ghairm do dháta níos luaithe ná 28 lá tar éis an fógra a thabhairt, measfar an fógra a bheith tugtha go cuí chun críocha fho-alt (1) cé nár tugadh é laistigh den am a cheanglaítear leis an bhfo-alt sin.
(3) Déanfaidh cumann fógra i dtaobh aon rún den sórt sin a bheidh beartaithe a thabhairt dá chomhaltaí an tráth céanna agus ar an dóigh chéanna a dthabharfaidh sé fógra faoin gcruinniú nó, murab indéanta sin, déanfaidh sé fógra lá is fiche ar a laghad i dtaobh an rún a bheidh beartaithe a thabhairt dóibh trí fhógrán i nuachtán laethúil a fhoilsítear sa Stát agus a léitear sa limistéar ina bhfuil príomh-oifig an chumainn nó ar dhóigh ar bith eile a cheadaíonn rialacha an chumainn.
(4) Ar fhógra a fháil i dtaobh rún den sórt sin a bheidh beartaithe, cuirfidh cumann cóip den fhógra láithreach chuig aon iniúchóir a bheidh ag éirí as oifig.
(5) Faoi réir fho-alt (6), i gcás a dtabharfar fógra i dtaobh rún den sórt sin a bheidh beartaithe agus go ndéanfaidh an t-iniúchóir a bheidh ag éirí as oifig uiríolla i scríbhinn i ndáil leis chuig an gcumann (nach mbeidh thar fhad réasúnach iontu) agus go n-iarrfaidh sé na huiríolla sin a chur in iúl do chomhaltaí an chumainn, déanfaidh an cumann mar a leanas, mura tráth ró-mhall aige lena dhéanamh an tráth a gheobhaidh sé na huiríolla—
(a) déarfaidh sé in aon fhógra i dtaobh an rúin bheartaithe a thabharfar do chomhaltaí an chumainn go ndearnadh na huiríolla, agus
(b) cuirfidh sé cóip de na huiríolla chuig gach comhalta den chumann atá i dteideal freastal agus vótáil ag cruinniú den chumann,
agus mura gcuirfear cóip de na huiríolla chuig gach comhalta mar a dúradh toisc iad a fháil ró-mhall nó mar gheall ar mhainneachtain ag an gcumann, féadfaidh an t-iniúchóir (gan dochar dá cheart éisteacht le briathra béil uaidh) a cheangal go léifear a uiríolla ag an gcruinniú.
(6) Ní gá cóipeanna de na huiríolla a chur amach amhlaidh ná ní gá na huiríolla a léamh ag an gcruinniú más rud é, ar iarratas ón gcumann nó ó aon duine a éilíonn ábhar éagóra a bheith aige, gur deimhin leis an gCúirt go bhfuil mí-úsáid, nó gur dóigh go mbeidh mí-úsáid, á bhaint as na cearta a thugtar leis an alt seo le poiblíocht gan riachtanas a fháil d'ábhar clúmhillteach, agus féadfaidh an Chúirt a ordú go ndéanfaidh an t-iniúchóir costais an chumainn ar iarratas faoin alt seo a íoc go hiomlán nó go páirteach, d'ainneoin nach páirtí san iarratas é.
(7) Beidh feidhm ag fo-ailt (5) agus (6) maidir le rún chun an chéad iniúchóir a ceapadh de bhua alt 66 (4) a chur as oifig mar atá feidhm acu i ndáil le rún nach n-athcheapfar iniúchóir a bheidh ag éirí as oifig.
Cáilíochtaí duine chun a cheaptha mar iniúchóir.
68.—(1) Ní bheidh duine cáilithe chun a cheaptha mar iniúchóir cumainn mura comhalta é de chomhlacht cuntasóirí atá aitheanta de thuras na huaire ag an Aire Tionscail agus Tráchtála chun críocha alt 162 (1) (a) d'Acht 1963 nó atá údaraithe de thuras na huaire ag an Aire Tionscail agus Tráchtála faoi alt 162 (1) (b) den Acht sin chun a cheaptha mar iniúchóir cuideachta.
(2) I gcás iniúchóir cumainn a chiontú i gcion coiriúil i ndáil le comhlíonadh a dhualgas aige nó a iompar mar iniúchóir, ní bheidh sé cáilithe chun a cheaptha mar iniúchóir cumainn gan cead ón gCúirt.
(3) Ní bheidh aon duine díobh seo a leanas cáilithe chun a cheaptha mar iniúchóir cumainn:
(a) oifigeach nó seirbhíseach de chuid an chumainn (seachas iniúchóir);
(b) duine is comhpháirtí le hoifigeach nó seirbhíseach de chuid an chumainn (seachas iniúchóir) nó atá ar fostú ag duine den sórt sin nó a bhfuil duine den sórt sin ar fostú aige;
(c) comhlacht corpraithe.
Tuarascáil an iniúchóra, a cheart teacht ar leabhair agus freastal ar chruinnithe, etc.
69.—(1) Tabharfaidh iniúchóir cumainn tuarascáil do na comhaltaí ar na cuntais a scrúdaigh sé agus ar gach clár comhardaithe agus gach cuntas ioncaim agus caiteachais a leagfar faoi bhráid an chumainn ag cruinniú ginearálta bliantúil le linn a théarma oifige.
(2) Léifear tuarascáil an iniúchóra ag cruinniú ginearálta bliantúil an chumainn agus féadfaidh aon chomhalta den chumann í a scrúdú.
(3) Déarfaidh tuarascáil an iniúchóra—
(a) an bhfuair sé an fhaisnéis agus na mínithe go léir ba ghá, chomh fada agus ab eol dó agus a chreid sé, chun críocha a iniúchta,
(b) ar choimeád an cumann, de réir a thuairime, leabhair chuí chuntais, a mhéid is dealraitheach sin ó na leabhair sin a scrúdú aige, agus an bhfuarthas tuairisceáin chuí a bhí leordhóthanach chun críocha a iniúchta ó bhrainsí nár thug sé cuairt orthu,
(c) an bhfuil an clár comhardaithe agus an cuntas ioncaim agus caiteachais i gcomhréir le leabhair chuntais agus le taifid an chumainn, agus
(d) an ndéanann clár comhardaithe agus cuntas ioncaim agus caiteachais an chumainn, de réir a thuairime agus chomh fada agus is eol dó agus de réir na mínithe a tugadh dó, an fhaisnéis a cheanglaítear leis an Acht seo a thabhairt ar an modh a cheanglaítear amhlaidh agus léargas fíorcheart a thabhairt—
(i) i gcás an chláir chomhardaithe, ar staid gnóthaí an chumainn amhail mar a bhí i ndeireadh a bhliana airgeadais, agus
(ii) i gcás an chuntais ioncaim agus caiteachais, ar ioncam agus ar chaiteachas an chumainn in aghaidh a bhliana airgeadais.
(4) Is é dualgas an iniúchóra le linn dó bheith ag ullmhú a thuarascála faoin alt seo cibé imscrúdú a dhéanamh a chuirfidh ar a chumas teacht ar thuairim—
(a) ar choimeád an cumann leabhair chuntais agus taifid chuí, agus
(b) ar choimeád an cumann córas sásúil do rialú a idirbhearta agus a thaifead agus, go háirithe, ar comhlíonadh fo-ailt (2) agus (4) d'alt 59;
agus, i gcás arb é tuairim an iniúchóra gur mhainnigh an cumann leabhair chuntais agus taifid chuí a choimeád nó córas sásúil do rialú a idirbhearta agus a thaifead a chothabháil, déarfaidh sé sin ina thuarascáil.
(5) Beidh fáil gach tráth réasúnach ag gach iniúchóir cumainn ar leabhair, cuntais, taifid agus dearbháin an chumainn agus ar gach doiciméad eile a bhaineann le gnóthaí an chumainn (lena n-áirítear gníomhais a bhaineann le maoin a morgáistíodh chun an chumainn), agus beidh sé i dteideal a cheangal ar oifigigh an chumainn cibé faisnéis agus mínithe a thabhairt dó is dóigh leis is gá chun dualgais an iniúchóra a chomhlíonadh.
(6) Beidh iniúchóir cumainn i dteideal bheith i láthair ag aon chruinniú ginearálta den chumann, fógra 21 lá ar a laghad a fháil faoi aon chruinniú den sórt sin a thionól (mar aon le haon chumarsáidí i ndáil leis an gcruinniú sin a gheobhaidh aon chomhalta den chumann) agus éisteacht a fháil ag aon chruinniú a mbeidh sé i láthair aige maidir le haon chuid de ghnó an chruinnithe a bhaineann leis mar iniúchóir.
Tuairisceáin agus faisnéis a chur isteach.
70.—(1) Cuirfidh gach cumann tuairisceán bliantúil isteach chuig an gCláraitheoir laistigh de 21 lá tar éis dáta an chruinnithe ghinearálta bhliantúil i cibé foirm a ordóidh an Cláraitheoir agus cuirfidh sé isteach cibé faisnéis agus tuairisceáin eile laistigh de cibé tréimhse a cheanglóidh an tAire nó an Cláraitheoir ó am go ham.
(2) Déanfaidh beirt stiúrthóir agus rúnaí an chumainn nó oifigeach eile de chuid an chumainn an tuairisceán bliantúil a shíniú.
(3) Féadfaidh an Cláraitheoir, dá rogha féin, ar iarratas a bheith déanta chuige i scríbhinn, tréimhse seachas an tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a shocrú chun an tuairisceán bliantúil i ndáil le cumann nó le haicme nó le haicmí áirithe cumann nó le gach cumann a chur isteach.
(4) Tabharfaidh iniúchóir cumainn tuarascáil ar an tuairisceán bliantúil, agus cuirfear cóip den tuarascáil ag gabháil leis an tuairisceán a chuirfear chuig an gCláraitheoir faoin alt seo.
(5) Beidh an méid seo a leanas i dtuarascáil an iniúchóra ar an tuairisceán bliantúil—
(a) an bhfuil, de réir a thuairime, an tuairisceán bliantúil tarraingthe suas go cuí de réir cheanglais an Achta seo agus aon rialachán faoin Acht seo,
(b) an dtugann an tuairisceán léargas fíorcheart ar na hábhair a ndéileáiltear leo ann, agus
(c) an bhfuil an tuairisceán i gcomhréir le cuntais agus taifid an chumainn.
(6) Déanfar cóip den tuairisceán bliantúil is déanaí a bheidh ar fáil (mar aon le tuarascáil an iniúchóra air) a thabhairt ar í a éileamh do gach comhalta de chumann agus do gach taisceoir i gcumann ar cibé táille a íoc a shocróidh an Cláraitheoir chun na críche sin.
(7) Cuirfidh gach cumann isteach chuig an gCláraitheoir, i dteannta an tuairisceáin bhliantúil a cheanglaítear faoi fho-alt (1), tuairisceán—
(a) maidir le gach maoin a dhíol an cumann, i rith na bliana airgeadais lena mbaineann an tuairisceán, i bhfeidhmiú a chumhachtaí mar mhorgáistí, agus
(b) maidir le gach morgáiste a d'aistrigh an cumann i rith na bliana airgeadais sin.
(8) Duine a bhunaigh morgáiste i bhfabhar cumainn, agus aon duine ar aistrigh chuige (trí oibriú dlí nó eile) aon cheann de na cearta nó de na dliteanais faoi mhorgáiste den sórt sin de chuid an duine a bhunaigh é beidh sé i dteideal go dtabharfaidh an cumann dó cóip den méid sin d'aon tuairisceán a tugadh faoi fho-alt (7) agus a bhaineann leis an morgáiste sin.
Dliteanas oifigigh.
71.—(1) Is foráil ar neamhní, faoi réir fho-alt (2), aon fhoráil (i rialacha cumainn nó in aon chonradh le cumann nó ar dhóigh ar bith eile) chun oifigeach cumainn a dhíolmhú ó aon dliteanas, nó a shlánú in aghaidh aon dliteanas, a bheadh air ar dhóigh eile de bhua aon riail dlí maidir le haon fhaillí, mainneachtain, sárú dualgais nó sárú iontaobhais a bhféadfaidh sé a bheith ciontach ann i ndáil leis an gcumann.
(2) (a) Ní oibreoidh aon ní san alt seo le go mbainfear d'aon duine aon díolúine nó ceart slánaithe maidir le haon ní a rinne sé nó a d'fhág sé gan déanamh roimh thosach feidhme an ailt seo.
(b) Féadfaidh cumann oifigeach den sórt sin a shlánú in aghaidh aon dliteanas a thabhaigh sé ag cosaint imeachtaí, sibhialta nó coiriúil, inar tugadh breithiúnas ina fhabhar nó inar éigiontaíodh é, nó i ndáil le haon iarratas faoi alt 72 ina dtabharfar faoiseamh dó.
Cumhacht cúirte faoiseamh a thabhairt d'oifigeach cumainn.
72.—(1) Más rud é, in aon imeachtaí mar gheall ar fhaillí, mainneachtain, sárú dualgais nó sárú iontaobhais in aghaidh oifigeach cumainn gur dealraitheach don chúirt a bheidh ag éisteacht an cháis go bhfuil an t-oifigeach, nó go bhféadfadh sé a bheith, faoi dhliteanas maidir leis an bhfaillí, leis an mainneachtain, leis an sárú dualgais nó leis an sárú iontaobhais, ach gur go hionraic agus go réasúnach a ghníomhaigh sé agus gur den chóir é, ag féachaint d'imthosca uile an cháis (lena n-áirítear imthosca a cheaptha), maitheamh dó maidir leis an bhfaillí, leis an mainneachtain, leis an sárú dualgais nó leis an sárú iontaobhais, féadfaidh an chúirt sin faoiseamh (iomlán nó páirteach) a thabhairt dó óna dhliteanas ar cibé téarmaí is oiriúnach leis an gcúirt.
(2) I gcás oifigeach cumainn a bheith imníoch go ndéanfar, nó go bhféadfadh go ndéanfaí, éileamh ina aghaidh maidir le haon fhaillí, mainneachtain, sárú dualgais nó sárú iontaobhais, féadfaidh sé faoiseamh a iarraidh ar an gCúirt, agus beidh ag an gCúirt, ar aon iarratas den sórt sin a fháil, an chumhacht chéanna faoiseamh a thabhairt dó a bheadh aici faoin alt seo dá mba í an chúirt í ar tionscnaíodh imeachtaí in aghaidh an duine sin os a comhair mar gheall ar an bhfaillí, ar an mainneachtain, ar an sárú dualgais nó ar an sárú iontaobhais sin.
(3) I gcás aon chás lena mbaineann fo-alt (1) a bheith á thriail ag breitheamh mar aon le giúiré, féadfaidh an breitheamh, tar éis an fhianaise a éisteacht agus más deimhin leis gur chóir faoin bhfo-alt sin faoiseamh, iomlán nó páirteach, a thabhairt don chosantóir ón dliteanas a bheifear a iarraidh a fheidhmiú ina choinne, an cás a tharraingt siar go hiomlán nó go páirteach ón ngiuiré agus a ordú breithiúnas a thaifeadadh i bhfabhar an chosantóra ar cibé téarmaí i leith costas nó eile is cuí leis an mbreitheamh.
Clár comhaltaí.
73.—(1) Coimeádfaidh gach cumann clár d'ainmneacha agus de sheoltaí a chomhaltaí.
(2) Coimeádfar an clár i bpríomh-oifig an chumainn nó, le toiliú i scríbhinn ón gCláraitheoir, in oifig nó in oifigí de chuid an chumainn seachas a phríomh-oifig.
(3) Déanfaidh gach cumann ina bhfuil breis agus caoga comhalta, murab innéacs is foirm don chlár, innéacs d'ainmneacha comhaltaí an chumainn a choimeád agus déanfaidh sé, laistigh de 14 lá tar éis an dáta a ndéanfar aon athrú i gclár na gcomhaltaí, aon athrú is gá a dhéanamh ar an innéacs, agus coimeádfar an t-innéacs i gcónaí san áit chéanna a mbeidh clár na gcomhaltaí á choimeád.
(4) (a) Féadfaidh comhalta cumainn, d'fhonn dul i gcumarsáid le comhaltaí eile maidir le hábhar a bhaineann le gnóthaí an chumainn, a iarraidh ar an rúnaí cibé faisnéis a chur chuig na comhaltaí eile sin a iarrfaidh sé agus i gcás ar deimhin leis an rúnaí, ag féachaint do leas na gcomhaltaí go léir agus d'aon imthosca iomchuí eile, gur de mheon macánta a rinneadh an t-iarratas, déanfaidh sé mar a iarradh.
(b) I gcás rúnaí cumainn déanamh de réir iarraidh faoi mhír (a) beidh an t-iarratasóir faoi dhliteanas maidir le haon chostais a thabhaigh an cumann ag déanamh de réir na hiarrata agus féadfaidh an cumann a cheangal ar an iarratasóir urrús a thabhairt go n-íocfar costais.
(5) I gcás a ndiúltóidh cumann déanamh de réir iarraidh faoi fho-alt (4), cuirfidh rúnaí an chumainn foras an diúltaithe sin in iúl don chomhalta a rinne an iarraidh agus féadfaidh an comhalta an diúltú a tharchur chun an Chláraitheora.
(6) Déanfar cinneadh ar iarraidh faoi fho-alt (4) a chur in iúl, laistigh de mhí ón lá a fuair an cumann an iarraidh, don chomhalta a rinne an iarraidh.
(7) I gcás a dtarchuirfidh iarratasóir diúltú chun an Chláraitheora faoi fho-alt (5), féadfaidh an Cláraitheoir a ordú don chumann, tar éis aon uiríolla ón gcumann a éisteacht, déanamh de réir na hiarrata faoi réir cibé teorainneacha nó coinníollacha (lena n-áirítear coinníollacha i ndáil leis an gcineál faisnéise a thabharfar, agus i ndáil le socruithe chun costais a íoc) is oiriúnach leis an gCláraitheoir.
Clár de na stiúrthóirí agus den rúnaí.
74.—(1) Coimeádfaidh gach cumann ina phríomh-oifig nó (le toiliú i scríbhinn ón gCláraitheoir) in oifig nó in oifigí de chuid an chumainn seachas a phríomh-oifig clár ina mbeidh na sonraí seo a leanas i ndáil le gach stiúrthóir agus le rúnaí an chumainn—
(a) a shloinne láithreach agus a thúsainmneacha láithreacha agus aon ainm nó sloinne a bhíodh air; agus
(b) seoladh a áite cónaí faoi láthair.
(2) Beidh na sonraí seo a leanas freisin i ndáil le gach stiúrthóir cumainn i gclár faoin alt seo—
(a) a ghairm ghnó (más ann); agus
(b) aon stiúrthóireachtaí eile atá aige i gcomhlachtaí corpraithe atá corpraithe sa Stát.
(3) (a) Cuirfidh cumann, laistigh den tréimhse iomchuí dá dtagraítear i mír (b), chuig an gCláraitheoir tuairisceán i cibé foirm a éileoidh sé ina mbeidh na sonraí atá i gclár faoin alt seo agus fógra faoi aon athrú maidir le stiúrthóir nó rúnaí cumainn, mar aon le dáta an athraithe sin.
(b) Is iad na tréimhsí a luaitear i mír (a)—
(i) i gcás an tuairisceáin, 14 lá ó thosach feidhme an ailt i gcás cumann a bheith corpraithe roimh an tosach feidhme sin, agus 14 lá ó lá ceaptha na gcéad stiúrthóirí i gcás cumann a chorprú tar éis an tosach feidhme sin,
(ii) i gcás athrú, 14 lá ó dháta an athraithe.
(4) Féadfaidh aon chomhalta de chumann nó aon duine eile cóip den chlár, nó d'aon chuid de, a iarraidh ar cibé suim a íoc a shocróidh an Chláraitheoir, agus cuirfidh an cumann faoi deara go gcuirfear aon chóip a iarrfar amhlaidh chuig an duine laistigh de dheich lá ón lá a gheobhaidh an cumann an t-iarratas ar an gcóip.
(5) Beidh clár faoin alt seo ar oscailt lena scrúdú ag aon chomhalta in aisce agus ag aon duine eile ar cibé suim a íoc a shocróidh an Cláraitheoir faoi réir cibé sriantachtaí réasúnacha a fhorchuirfidh an cumann áirithe ag cruinniú ginearálta, ach sin ar shlí go lamhálfar dhá uair a chloig ar a laghad gach lá le haghaidh scrúdaithe.
Coimisiún, árachas, etc.
75.—(1) Ní thabharfaidh cumann aon choimisiún i gcomaoin gnó morgáiste a thabhairt chun an chumainn nó i ndáil leis sin, ná i gcomaoin gealltanas gnó den sórt sin a thabhairt chuige nó i ndáil leis sin.
(2) Ní dhéanfaidh cumann comhshocraíocht le duine a mbeidh leas airgeadais aige i ndiúscairt eastáit (ná le haon duine a bheidh ag gníomhú thar a cheann) faoina bhfaighidh, nó arb é is éifeacht di go bhfaighidh, an cumann coimisiún i gcomaoin iasachta i leith an eastáit, nó i ndáil le hiasacht den sórt sin a thabhairt, nó i ndáil le cinneadh nó gealltanas iasacht den sórt sin a thabhairt.
(3) Ní ghlacfaidh duine aon choimisiún i gcomaoin gnó morgáiste a thabhairt chun cumainn nó i ndáil leis sin, ná i gcomaoin gealltanas an gnó sin a thabhairt chuige nó i ndáil leis sin.
(4) Ní ghlacfaidh oifigeach, aturnae nó suirbhéir de chuid cumainn aon choimisiún, de bhreis ar an luach saothair a údaraítear le rialacha an chumainn, as aon iasacht nó i ndáil le haon iasacht a thug an cumann nó a bheartaíonn an cumann a thabhairt.
(5) Ní ghlacfaidh stiúrthóir cumainn, is ceantálaí freisin, aon choimisiún ina cháil mar cheantálaí as idirbheart nó i ndáil le hidirbheart a bhaineann le maoin ar thug an cumann iasacht ina leith nó a bheartaíonn an cumann iasacht a thabhairt ina leith.
(6) Ní ghlacfaidh oifigeach, aturnae nó suirbhéir de chuid cumainn aon choimisiún i ndáil le polasaí árachais (lena n-áirítear polasaí árachais saoil) a chur i gcrích, i gcás—
(a) a dtabharfar muirear ar an bpolasaí mar urrús breise as iasacht a thug an cumann nó a bheartaíonn sé a thabhairt,
(b) a dtabharfaidh an cumann suim i dteannta iasachta le go bhféadfar préimh ar an bpolasaí a íoc, nó
(c) a mbainfear an polasaí amach chun na téarmaí a chomhlíonadh ar ar thug an cumann iasacht nó ar a mbeartaíonn sé iasacht a thabhairt.
(7) Ní cheanglóidh cumann ar iasachtaí polasaí árachais saoil a bhaint amach, i gcomaoin iasacht a thabhairt nó i ndáil le hiasacht a thabhairt, ach amháin polasaí a fhorálann, i gcás an t-iasachtaí d'fháil bháis sula mbeidh an iasacht aisíoctha, go n-íocfar suim nach mó ná an méid a bheidh amuigh an tráth sin ar an iasacht nó polasaí a baineadh amach chun urrús breise a sholáthar faoi alt 78 (2).
(8) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (7) i ndáil le hiasacht a ndéanfar ina leith, faoi théarmaí an mhorgáiste, an tsuim a airleacadh a aisíoc as fáltais polasaí árachais saoil a baineadh amach an tráth a tugadh an iasacht ar shaol an mhorgáisteora.
(9) Beidh duine ciontach i gcion a thabharfaidh aon choimisiún a dtoirmisctear le fo-alt (3), (4), (5) nó (6) é a ghlacadh.
Rialacháin a bhaineann le bainistí cumainn.
76.—(1) Féadfaidh an tAire, ar mholadh ón gCláraitheoir agus tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire Airgeadais agus le Coiste Comhairleach na gCumann Foirgníochta, cibé rialacháin a dhéanamh i ndáil le bainistí cumann a mheasfaidh sé is gá nó is fóirsteanach chun bainistí chuí éifeachtach na gcumann sin a áirithiú nó chun neartú le gnó cumann foirgníochta a rialáil go hordúil cuí.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh foráil a bheith a rialacháin faoin alt seo—
(a) do theorainneacha (arna ríomh faoi threoir méideanna, céatadán nó eile) leis an gcaiteachas a thabhóidh cumann lena oibriú agus lena bhainistí nó a bheidh ann dá bharr sin,
(b) do chód cleachtais i ndáil le cumainn, a ndéanfaidh cumainn gach ar féidir lena chomhlíonadh.
(3) Féadfaidh rialacháin faoin alt seo baint le gach uile chumann nó le haicme shonraithe nó le haicmí sonraithe cumann, agus leis an gcaiteachas go léir den chineál dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (a) nó le haicme shonraithe nó le haicmí sonraithe den chaiteachas sin, agus féadfaidh teorainneacha éagsúla agus forálacha éagsúla de chód cleachtais baint le haicme shonraithe nó le haicmí sonraithe cumann, agus féadfar aicme nó aicmí cumann a shonrú amhlaidh faoi threoir cibé ábhar a mheasfaidh an tAire, ar mholadh ón gCláraitheoir, is iomchuí.
(4) I gcás a mbeartaítear rialacháin a dhéanamh faoin alt seo, leagfar dréacht de na rialacháin bheartaithe faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar na rialacháin go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach díobh.
CUID VI
Iasachtaí
Méideanna iasachtaí agus a gcuspóirí.
77.—(1) Aon uair is fóirsteanach leis an Aire é, ar mhaithe le gnó cumann foirgníochta a rialáil go hordúil cuí agus ag féachaint don éileamh ar iasachtaí chun tithe a cheannach, féadfaidh sé, faoi réir toiliú an Aire Airgeadais agus tar éis comhairle a ghlacadh leis an gCláraitheoir, rialacháin a dhéanamh i ndáil le cuspóirí na n-iasachtaí agus méideanna na n-iasachtaí ó chumainn.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), féadfaidh foráil a bheith i rialacháin faoin alt seo maidir le gach ní nó aon ní nó nithe díobh seo a leanas—
(a) an méid is mó a fhéadfaidh cumann a thabhairt ar iasacht;
(b) na cuspóirí a bhféadfaidh nó nach bhféadfaidh cumann iasachtaí a thabhairt lena n-aghaidh; agus
(c) an méid is mó a fhéadfaidh cumann a thabhairt ar iasacht do chomhlacht corpraithe agus méid iomlán iasachtaí den sórt sin.
(3) Féadfaidh sé a bheith sainráite i rialacháin faoin alt seo go mbainfidh siad le gach cumann nó le gach iasacht nó le haicme shonraithe nó le haicmí sonraithe cumann agus iasachtaí (a shonrófar faoi threoir cibé ábhair a mheasfaidh an tAire, le toiliú an Aire Airgeadais, is iomchuí), agus féadfaidh foráil a bheith iontu i dtaobh teorainneacha faoi threoir méideanna nó céatadán nó eile agus i dtaobh teorainneacha sonraithe a fheidhmiú ar aicme shonraithe nó ar aicmí sonraithe cumann agus iasachtaí (a shonrófar faoi threoir cibé ábhair a mheasfaidh an tAire, leis an toiliú sin, a bheith iomchuí).
(4) Ní thabharfaidh cumann iasacht do chomhlacht corpraithe laistigh de dhá bhliain tar éis an cumann a chorprú ná tar éis cead fógraíochta a thabhairt dó faoi alt 19, cibé acu is déanaí.
Urrús d'iasachtaí.
78.—(1) Ní mó an iasacht a thabharfaidh cumann ná an méid arb é, de réir alt 79, luacháil an eastáit ruílse nó an eastáit léasaigh a bheidh tairgthe mar urrús don iasacht.
(2) Le linn méid iasachta a bheith á chinneadh féadfaidh cumann luach aon urrúis bhreise, seachas eastát ruílse nó eastát léasach, atá ar fáil i leith na hiasachta, a chur san áireamh.
(3) Féadfaidh an Cláraitheoir ordú a thabhairt i ndáil leis na haicmí urrúis (seachas eastát ruílse nó eastát léasach) a fhéadfaidh cumann a áireamh le linn méid iasachta a bheith á chinneadh, agus féadfaidh sé chun na críche sin na coinníollacha nó ná comhshocraíochtaí a ordú a bhainfidh le haicme shonraithe nó le haicmí sonraithe urrús breise a chur san áireamh.
(4) I gcás a n-iarrfar iasacht chun praghas ceannaigh eastáit a íoc agus go gcuirfear urrús (seachas eastát ruílse nó eastát léasach) san áireamh le linn méid na hiasachta a bheith á chinneadh, ní bheidh méid na hiasachta níos mó ná an praghas ceannaigh sin ná níos mó de mhéid is mó ná 25 faoin gcéad ná an méid uasta a mheasfadh an cumann ba chuí a airleacan ar urrús an eastáit dá mbeadh an cumann gan aon urrús eile a thógáil.
Luacháil urrúis i ndáil le hiasachtaí.
79.—(1) Is é dualgas gach stiúrthóir cumainn a dheimhniú dó féin maidir leis na comhshocraíochtaí le leordhóthanacht an urrúis a mheasúnú a thógfar i leith iasachtaí a thabharfaidh an cumann gur réasúnach a mheas go n-áirithíonn siad—
(a) go measúnóidh na stiúrthóirí nó stiúrthóir nó oifigeach eile nach mbeidh curtha ó theideal ag an alt seo an mheasúnacht a dhéanamh leordhóthanacht an urrúis a thógfar, agus
(b) go mbeidh ar fáil ag gach duine a mbeidh air leordhóthanacht an urrúis a thógfar amhlaidh a mheasúnú tuarascáil scríofa arna hullmhú agus arna síniú ag duine inniúil (nach oifigeach don chumann) a mbeidh taithí aige ar ábhair a bhaineann le cinneadh luach an urrúis, agus
(c) go mbainfidh an tuarascáil le luach aon eastáit ruílse nó eastáit léasaigh san urrús agus le haon ábhar eile ar dóigh dó difear a dhéanamh do luach an urrúis.
(2) Ní ghlacfaidh an duine nó na daoine a bheidh ag measúnú leordhóthanacht urrúis, mar thuarascáil chun críocha fho-alt (1) (b), le tuarascáil ó dhuine a bhfuil leas airgeadais aige i ndiúscairt eastát a mbeidh an cumann le hiasacht i ndáil leis a thabhairt.
(3) Duine a bheidh ag measúnú leordhóthanacht urrúis i leith iasacht ó chumann, ní duine é a mbeidh leas airgeadais aige i ndiúscairt an eastáit a mbeidh an iasacht le tabhairt i ndáil leis ná ní duine é a bheidh i dteideal aon choimisiún a fháil mar gheall ar na páirtithe san idirbheart lena mbaineann an diúscairt a chur in aithne dá chéile.
Iasacht ar an dara morgáiste.
80.—Ní thabharfaidh cumann iasacht ar urrús aon eastát ruílse nó eastát léasach atá faoi réir morgáiste tosaíochta mura morgáiste i bhfabhar chumann tabhartha na hiasachta an morgáiste tosaíochta.
Toirmeasc ar vótáil le haghaidh iasachtaí.
81.—Ní chuirfidh cumann faoi deara ná ní cheadóidh sé do lucht iarrtha iasachtaí vótáil le haghaidh tosaíochta ná ní cheadóidh sé ar dhóigh ar bith go mbeidh tabhairt iasachta ag brath ar amas nó ar chrannchur.
Maoin mhorgáistithe a dhíol.
82.—(1) I gcás a ndéanfar eastát a bheidh morgáistithe chun cumainn a dhíol i bhfeidhmiú cumhacht a thugann an morgáiste, íocfaidh an cumann leis an morgáisteoir suim ar cóimhéid le luach an leasa san eastát a bheidh ar a dhiúscairt ag an gcumann, tar éis an méid den iasacht a bheidh gan aisíoc an tráth sin a asbhaint agus ina theannta sin aon suim a bheidh dlite i leith úis agus na costais go léir a thabhaigh an cumann ag gnóthú agus ag diúscairt an eastáit.
(2) (a) Le linn do chumann bheith ag feidhmiú aon chumhacht díola faoi mhorgáiste áiritheoidh sé a mhéid is féidir sin le réasún go ndíolfar an t-eastát ar an bpraghas is fearr is féidir a fháil le réasún.
(b) Is comhaontú ar neamhní aon chomhaontú a mhéid a thugann sé faoiseamh (nó a bhféadfadh d'éifeacht a bheith leis faoiseamh a thabhairt) do chumann nó d'aon duine ón oibleagáid a fhorchuireann mír (a).
(3) (a) I gcás a ndíolfar eastát faoi fho-alt (1), déanfaidh an cumann, laistigh de 21 lá tar éis an díol a bheith críochnaithe, fógra ina mbeidh sonraí i dtaobh an díola i cibé foirm a cheanglóidh an Cláraitheoir a chur leis an bpost cláraithe chuig an morgáisteoir ag an seoladh is déanaí is eol a bheith aige.
(b) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d'oibriú aon riail dlí a bhaineann le dualgas morgáistí cuntas a thabhairt do mhorgáisteoir.
(4) San alt seo ciallaíonn “morgáisteoir” duine dá mbeidh iasacht tugtha ag cumann, agus folaíonn sé comharba i dteideal duine den sórt sin.
Taifid iasachtaí.
83.—(1) Cuirfidh gach cumann faoi deara taifid a choimeád ina dtaispeánfar, i ndáil le gach iasacht, méid na hiasachta, an cuspóir ar lena aghaidh a tugadh í, an luach a measadh don eastát ruílse nó don eastát léasach, ainm an duine a thug an tuarascáil faoi alt 79 (1) agus sonraí aon urrúis bhreise a thóg an cumann.
(2) Beidh sna taifid a cheanglaítear le fo-alt (1) cibé faisnéis eile i ndáil le hiasachtaí a thug an cumann a ordóidh an Cláraitheoir ó am go ham.
Urscaoileadh morgáiste.
1707, c. 2.
1832, c. 87.
84.—(1) Más rud é, i ndáil le talamh neamhchláraithe de réir brí an Achta um Chlárú Teidil, 1964, go mbeidh an t-airgead go léir a bheartaítear a urrú le morgáiste nó le muirear breise a tugadh do chumann íoctha nó urscaoilte go hiomlán, féadfaidh an cumann atíolacadh na maoine mhorgáistithe chun an duine is úinéir an tráth sin ar chothromas na fuascailte (nó chun cibé daoine agus le haghaidh cibé úsáidí a ordóidh sé) nó admháil faoi shéala an chumainn a fhormhuiniú ar an morgáiste nó ar an muirear breise nó a cheangal den chéanna.
(2) Oibreoidh admháil faoin alt seo chun an morgáiste nó an muirear breise a dhíchur agus, gan aon atíolacadh ná athghéilleadh, dílseoidh sé eastát na maoine, agus an eastát sa mhaoin, a bheidh cuimsithe sa mhorgáiste nó sa mhuirear breise don duine a bheidh de thuras na huaire i dteideal chothromas na fuascailte.
(3) (a) I gcás morgáiste nó muirear breise a tugadh do chumann a bheith cláraithe i gClárlann na nGníomhas a bunaíodh leis an Acht um Chlárú Gníomhas, 1707, déanfaidh an Cláraitheoir faoin Acht sin, ar admháil faoi fho-alt (1) a thabhairt ar aird, iontráil a chur isteach os coinne iontráil an mhorgáiste nó an mhuirir á rá go bhfuil an morgáiste nó an muirear sásaithe, agus tabharfaidh sé deimhniú (ar an morgáiste nó ar an muirear nó ar leithligh) sa chéill sin.
(b) Beidh ar áireamh na cumhachta a thugtar don Aire Dlí agus Cirt le halt 35 den Registry of Deeds (Ireland) Act, 1832, arna oiriúnú leis an Ordú um an Registry of Deeds (Ireland) Act, 1832 (Oiriúnú), 1956 (I.R. Uimh. 281 de 1956), táillí a shocrú, cumhacht táillí a shocrú a bheidh le híoc as an iontráil a chur isteach agus an deimhniú a thabhairt faoin bhfo-alt seo, agus íocfar isteach sa Státchiste aon airgead a gheofar faoin bhfo-alt seo.
(4) Glacfar i bhfianaise i ngach cúirt agus imeacht, gan aon chruthúnas eile, deimhniú faoi fho-alt (3) agus beidh d'éifeacht le hiontráil faoin bhfo-alt sin an morgáiste iomchuí a ghlanadh as an gclár nó as an taifead.
(5) Más rud é, i ndáil le talamh cláraithe de réir brí an Achta um Chlárú Teidil, 1964, go mbeidh an t-airgead go léir a beartaíodh a urrú le morgáiste a tugadh do chumann íoctha nó urscaoilte go hiomlán, féadfaidh an cumann admháil faoi shéala an chumainn a thabhairt d'úinéir cláraithe an eastáit ar leor í, chun críocha alt 65 den Acht sin, mar chruthú ar an morgáiste a bheith sásaithe.
CUID VII
Ilghnéitheach
Cláraitheoir na gCumann Foirgníochta.
85.—(1) Is é, chun críocha an Achta seo, Cláraitheoir na gCara-Chumann Cláraitheoir na gCumann Foirgníochta (dá ngairtear an Cláraitheoir san Acht seo).
(2) Beidh, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, ar áireamh aon chumhacht a thugtar leis an Acht seo don Chláraítheoir orduithe a thabhairt agus táillí a shocrú cumhacht orduithe den sórt sin a athrú nó a chúlghairm agus táillí den sórt sin a athrú.
Tuarascáil bhliantúil ón gCláraitheoir.
86.—Déanfaidh an Cláraitheoir tuarascáil bhliantúil faoi fheidhmiú a fheidhmeanna faoin Acht seo aige a chur faoi bhráid an Aire, an Aire Airgeadais agus an Aire Tionscail agus Tráchtála, agus leagfar cóip den tuarascáil faoi bhráid gach Tí den Oireachtas.
An tAire Airgeadais do ráthú iasachtaí a gheobhaidh cumainn.
87.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, más oiriúnach leis é, a ráthú i cibé foirm agus modh agus ar cibé téarmaí agus coinníollacha is oiriúnach leis, go n-aisíocfaidh cumann go cuí príomhshuim aon airgid a gheobhaidh an cumann ar iasacht (seachas taiscí a ghlacfar faoi alt 22 (3)), nó go n-íocfar ús ar an airgead sin, nó go n-aisíocfar an phríomhshuim agus go n-íocfar an t-ús, mar aon le haon chostais theagmhasacha i ndáil leis an airgead sin a fháil ar iasacht.
(2) Ní rachaidh iomlán na príomhshuime a bheidh gan aisíoc d'aon airgead a ndéanfar a aisíoc a ráthú faoin alt seo thar £20,000,000.
(3) I gcás ráthaíocht faoin alt seo a bheith i bhfeidhm, déanfaidh an cumann ar ina leith a tugadh í cibé urrús a shonrófar san iarratas a thabhairt don Aire Airgeadais, má iarrann sé é, chun a áirithiú don Aire Airgeadais go n-aisíocfar leis aon airgead a dhlífidh sé a íoc nó a bheidh íoctha aige faoin ráthaíocht.
(4) Déanfaidh an tAire Airgeadais, a luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana, ráiteas a leagan faoi bhráid gach Tí den Oireachtas ina mbeidh na nithe seo a leanas sonraithe maidir le gach ráthaíocht faoin alt seo a tugadh i rith na bliana sin nó a tugadh tráth ar bith roimh thosach na bliana sin agus a bhí i bhfeidhm i dtosach na bliana sin—
(a) sonraí na ráthaíochta,
(b) i gcás a mbeidh aon íocaíocht déanta ag an Aire Airgeadais faoin ráthaíocht roimh dheireadh na bliana sin, méid na híocaíochta agus aon mhéid a aisíocadh leis ar scór na híocaíochta,
(c) an méid príomhshuime lenar bhain an ráthaíocht agus a bhí gan aisíoc i ndeireadh na bliana sin.
(5) Déanfar an t-airgead go léir a theastóidh ó am go ham ón Aire Airgeadais faoi chomhair suimeanna a thiocfaidh chun bheith iníoctha aige faoin alt seo a airleacan as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.
(6) Féadfaidh an tAire Airgeadais, d'fhonn soláthar a dhéanamh le haghaidh airleacan suimeanna as an bPríomh-Chiste faoin alt seo, aon suimeanna is gá chun na críche sin a fháil ar iasacht ar urrús an Phríomh-Chiste nó a thoradh fáis agus, chun an céanna a fháil ar iasacht, féadfaidh sé urrúis a bhunú agus a eisiúint agus iad faoi réir cibé ráta úis agus faoi réir coinníollacha i dtaobh aisíoca nó fuascailte nó eile mar is oiriúnach leis, agus íocfaidh sé isteach sa Státchiste an t-airgead go léir a gheofar ar iasacht amhlaidh.
(7) Is ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc príomhshuine agus úis na n-urrús uile a eiseofar faoi fho-alt (6) agus na gcostas a thabhófar i ndáil leis na hurrúis sin a eisiúint.
(8) Aon airgead a íocfaidh an tAire Airgeadais faoi ráthaíocht faoin alt seo déanfaidh an cumann ar ina leith a tugadh an ráthaíocht é a aisíoc leis (mar aon le hús air de réir cibé ráta nó rataí a chinnfidh sé) laistigh de dhá bhliain ón dáta a airleacadh an t-airgead as an bPríomh-Chiste.
(9) I gcás a mbeidh an t-airgead uile nó aon chuid den airgead is gá de réir fho-alt (8) den alt seo a aisíoc leis an Aire Airgeadais gan íoc de réir an fho-alt sin, déanfar an méid a bheidh gan aisíoc amhlaidh a aisíoc leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
(10) D'ainneoin airgead a sholáthar faoi fho-alt (9) chun an méid a aisíoc leis an bPríomh-Chiste, leanfaidh an cumann lena mbainfidh de bheith faoi dhliteanas don Aire Airgeadais i leith an méid sin agus déanfaidh an cumann an méid sin (mar aon le hús air de réir cibé ráta nó rátaí a chinnfidh an tAire Airgeadais) a aisíoc leis an Aire Airgeadais cibé tráthanna agus i cibé tráthchodanna a chinnfidh sé agus, mura ndéanfar aisíoc mar a dúradh agus gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, beidh sé inghnóthaithe ón gcumann lena mbainfidh mar fhiach conartha shimplí i gcúirt dlínse inniúla.
(11) Déanfar airgead a íocfaidh cumann faoi fho-alt (8) nó (10) a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí is oiriúnach leis an Aire Airgeadais.
(12) Measfar go n-údaraíonn na cumhachtaí a thugtar le fo-ailt (1) agus (2) an tAire Airgeadais do ráthú aon airgead a fuair cumann ar iasacht ó bhanc ón 18ú lá de Dheireadh Fómhair, 1973.
Bliain airgeadais cumainn.
88.—Cumann nach gcríochnaíonn a bhliain airgeadais an 31ú lá de Nollaig, déanfaidh sé, a luaithe is féidir tar éis tosach feidhme an ailt seo, a bhliain airgeadais a athrú go dtí an bhliain dar críoch an dáta sin trína chuntais a dhéanamh amach in aghaidh tréimhse amháin is faide ná sé mhí agus nach faide ná 18 mí dar críoch an 31ú lá de Nollaig.
Forálacha maidir le fianaise.
89.—(1) Deimhniú corpraíochta nó cláraitheachta nó doiciméad eile a bhaineann le cumann agus a airbheartóidh a bheith sínithe ag an gCláraitheoir measfar, cheal fianaise dá mhalairt, gurb é an Cláraitheoir a shínigh é agus glacfar dá réir sin leis i bhfianaise.
(2) Doiciméad clóite a airbheartóidh gur cóip é de rialacha cumainn agus a mbeidh deimhnithe ag oifigeach don chumann gur cóip dhílis é de rialacha an chumainn, measfar, cheal fianaise dá mhalairt, gur cóip dhílis é de rialacha an chumainn agus glacfar dá réir sin leis i bhfianaise.
Foirm clár, taifead agus leabhar cuntais.
90.—(1) Aon chlár, taifead nó leabhar cuntais a cheanglaíonn an tAcht seo ar chumann nó ar an gCláraitheoir a choimeád, féadfar é a choimeád trí iontrálacha a chur i leabhair cheangailte nó trí na hábhair áirithe a thaifeadadh in aon slí eile.
(2) I gcás nach trí iontrálacha a chur i leabhar ceangailte ach gur ar shlí éigin eile a choimeádtar aon chlár, taifead nó leabhar cuntais a cheanglaítear ar chumann a choimeád, glacfaidh an duine ar a mbeidh sé de cheangal an clár, an taifead nó an leabhar a choimeád leorchúram in aghaidh falsaithe agus le fionnadh aon fhalsaithe den sórt sin a éascú.
Díolúine ó dhleacht stampa.
91.—Ní bheidh dleacht stampa iníoctha ar aon ionstraim díobh seo a leanas—
(a) aon aistriú scaire i gcumann;
(b) aon bhanna nó urrús eile (seachas morgáiste) a bheidh le tabhairt do chumann nó ar cuntas cumainn nó ag oifigeach de chuid cumainn;
(c) aon ordú d'oifigeach de chuid cumainn airgead a íoc le comhalta;
(d) aon ionstraim ag ceapadh gníomhaire cumainn nó ag cúlghairm ceapadh den sórt sin;
(e) aon ionstraim nó doiciméad eile seachas morgáiste a cheanglaítear nó a údaraítear a thabhairt, a eisiúint, a shíniú, a dhéanamh nó a thabhairt ar aird de bhun an Achta seo, nó de bhun rialacha cumainn.
Cionta.
92.—(1) Duine nó cumann a sháróidh ceanglas de chuid an Achta seo nó a mhainneoidh ceanglas de chuid an Achta seo a chomhlíonadh, lena n-áirítear, i gceachtar cás, ceanglas i rialacháin faoin Acht seo agus lena n-áirítear aon ordú ón gCláraitheoir de bhun a chumhachtaí faoin Acht seo ach gan aon cheanglas a áireamh a bhforáiltear ina leith gur cion a mhainniú an ceanglas a chomhlíonadh, beidh an duine nó an cumann sin ciontach i gcion agus dlífear—
(a) ar é a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100 a chur air; nó
(b) ar é a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £5,000 a chur air,
agus má leantar tar éis an chiontaithe den sárú nó den mhainneachtain inar ciontaíodh é beidh an duine nó an cumann ciontach i gcion breise agus ar é a chiontú ar díotáil dlífear fíneáil nach mó ná £250 a chur air in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den sárú nó den mhainneachtain.
(2) I gcás a ndéanfaidh cumann nó duine a airbheartóidh a bheith ag gníomhú thar ceann cumainn cion faoin Acht seo agus go gcruthófar go ndearnadh an cion amhlaidh le toiliú nó le ceadú, nó gur urasaíodh a dhéanamh trí aon fhaillí thoiliúil ar thaobh, aon duine is oifigeach don chumann, beidh an duine sin freisin ciontach sa chion.
(3) I gcás a dtabharfar iasacht contrártha d'aon cheanglas de chuid an Achta seo nó faoin Acht seo (lena n-áirítear ceanglas in aon rialacháin faoin Acht seo), beidh stiúrthóirí an chumainn a d'údaraigh an iasacht faoi dhliteanas i gcomhpháirt agus go leithleach maidir le haon chaillteanas don chumann de bharr na hiasachta.
Forálacha i ndáil le breithiúnais in aghaidh cumainn.
93.—(1) Aon uair a gheobhaidh duine (dá ngairtear creidiúnaí breithiúnais san alt seo), in aon chúirt sa Stát, breithiúnas, ordú nó foraithne in aghaidh cumainn chun suim airgid a bheidh dlite don chreidiúnaí breithiúnais den chumann a íoc, cuirfidh cláraitheoir nó cléireach na cúirte áirithe an breithiúnas, an t-ordú nó an fhoraithne agus téarmaí an chéanna agus aon achomharc in aghaidh an bhreithiúnais, an ordaithe nó na foraithne agus toradh an achomhairc sin i bhfios don Chláraitheoir a luaithe is féidir.
(2) Faoi réir fho-alt (3), mura ndéanfaidh an cumann, laistigh den tréimhse lá is fiche dar tosach dáta an bhreithiúnais, an ordaithe nó na foraithne, an t-airgead go léir a bheidh dlite a íoc (nó, i gcás costas, de rogha an chumainn, urrús a thabhairt ina leith in ionad iad a íoc) nó na héilimh go léir faoin mbreithiúnas, faoin ordú nó faoin bhforaithne a shásamh, measfar an cumann a bheith éagumasach ar fhreastal dá oibleagáidí dá chreidiúnaithe agus a bheith, chun críocha alt 95, éagumasach ar a chuid fiacha a íoc.
(3) Má thionscnaítear achomharc in aon chúirt in aghaidh an bhreithiúnais, an ordaithe nó na foraithne, féadfaidh an chúirt sin nó an chúirt a thug an breithiúnas, an t-ordú nó an fhoraithne feidhmiú fho-alt (2) a chur siar, le hordú, go ceann cibé tréimhse agus, faoi réir fho-alt (4), ar cibé téarmaí, a shocróidh an chúirt áirithe agus a shonróidh sí san ordú.
(4) Má dhéanann cúirt ordú faoi fho-alt (3), féadfaidh sí a cheangal ar an gcumann lena mbaineann an t-ordú, de réir mar is cuí leis an gcúirt sin, suim ar cóimhéid leis an airgead go léir a bheidh dlite faoin mbreithiúnas, faoin ordú nó faoin bhforaithne (nó cibé suim is lú ná sin a ordóidh an chúirt) a thaisceadh sa chúirt nó cibé urrús a thabhairt a chinnfidh an chúirt go n-íocfar leis an gcreidiúnaí breithiúnais an t-airgead sin go léir, agus, ina theannta sin, i gceachtar cás, cibé suim nó urrús sa bhreis i leith costais an achomhairc a mheasfaidh an chúirt is cóir.
(5) Féadfaidh cúirt ordú a rinne sí faoi fho-alt (3) nó a dtabharfar achomharc os a comhair i ndáil leis a athrú nó a chúlghairm.
Clárú a fhionraí agus a chealú.
94.—(1) (a) I gcás ar deimhin leis an gCláraitheoir go ndearna cumann go toiliúil agus tar éis fógra a fháil ón gCláraitheoir aon fhoráil de chuid an Achta seo a shárú nó ceanglas de chuid an Achta seo nó faoin Acht seo a fhágáil gan chomhlíonadh, féadfaidh sé clárú an chumainn a fhionraí go ceann tréimhse nach faide ná trí mhí agus féadfaidh sé fad a chur leis an bhfionraí ó am go ham de thréimhse nach faide ná trí mhí ar gach ócáid.
(b) I gcás ar deimhin leis an gCláraitheoir go bhfuil scortha ag cumann de bheith ag feidhmiú, féadfaidh sé clárú an chumainn a chealú.
(2) A luaithe is féidir tar éis do chealú nó d'fhionraí faoin alt seo éifeacht a ghlacadh, cuirfidh an Cláraitheoir faoi deara fógra faoin gcealú nó faoin bhfionraí a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus i nuachtán laethúil amháin ar a laghad a fhoilsítear sa Stát agus a léitear sa limistéar ina bhfuil príomh-oifig an chumainn.
(3) A luaithe is féidir tar éis cealú nó fionraí a dhéanamh faoin alt seo, cuirfidh an Cláraitheoir an cealú nó an fhionraí in iúl don Bhanc Ceannais.
(4) I gcás a ndéanfar clárú cumainn a chealú nó a fhionraí faoin alt seo, féadfaidh an cumann, laistigh de dhá mhí dar tosach an dáta a bhfuarthas cinneadh an Chláraitheora, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte agus féadfaidh an Chúirt, más cuí léi, an cealú nó an fhionraí a chur do leataobh.
(5) Gan dochar d'aon fhoráil eile de chuid an ailt seo, féadfaidh an Cláraitheoir clárú cumainn a chealú ar iarratas ón gcumann agus sin fianaithe i cibé slí a ordóidh sé.
(6) I gcás clárú cumainn a chealú nó a fhionraí faoin alt seo, scoirfidh an cumann, faoi réir fho-alt (4), ó theacht in éifeacht don chealú nó don fhionraí (agus, i gcás fionraí, fad a mhairfidh an fhionraí) de phribhléidí cumainn a theachtadh.
(7) Beidh éifeacht le fo-alt (6) gan dochar d'aon dliteanas a thabhaigh an cumann iarbhír agus féadfar aon dliteanas den sórt sin a chur i bhfeidhm in aghaidh an chumainn ionann is dá mba nár tharla an cealú nó an fhionraí.
Foirceannadh.
95.—(1) Faoi réir an ailt seo, féadfar cumann a fhoirceannadh de réir Chuid VI d'Acht 1963, agus dá réir sin beidh feidhm ag an gCuid sin den Acht sin, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, ionann is dá mba chuideachta an cumann.
(2) D'ainneoin alt 213 d'Acht 1963, féadfaidh an Chúirt cumann a fhoirceannadh faoin alt seo más rud é—
(a) go mbeidh beartaithe ag an gcumann le rún speisialta go ndéanfaidh an Chúirt an cumann a fhoirceannadh;
(b) nach mbeidh tosaithe ag an gcumann ar a ghnó laistigh de bhliain óna chorprú nó go mbeidh a ghnó curtha ar fionraí aige go ceann tréimhse dhá mhí dhéag;
(c) go mbeidh an cumann éagumasach ar a fhiacha a íoc;
(d) gurb é tuairim na Cúirte gur cheart agus gur chóir an cumann a fhoirceannadh.
(3) (a) D'ainneoin aon ní in alt 215 (arna chur chun feidhme leis an alt seo) d'Acht 1963, féadfaidh an Cláraitheoir iarratas a dhéanamh faoin alt sin go ndéanfar an cumann a fhoirceannadh.
(b) Ní bhainfidh alt 215 (d) d'Acht 1963 le foirceannadh cumainn.
(4) Ní bheidh foirceannadh cumainn ina urchosc ar cheart an Chláraitheora go ndéanfadh an Chúirt é a fhoirceannadh.
(5) Ní bhainfidh Cuid X d'Acht 1963 le cumann agus, d'ainneoin aon ní san Acht sin nó in aon Acht eile, ní féidir cumann a fhoirceannadh ach amháin de réir an ailt seo.
(6) I gcás cumann a bheith á fhoirceannadh, ní dhlífidh duine a fuair iasacht ón gcumann faoi mhorgáiste nó urrús eile an méid is iníoctha i leith na hiasachta a íoc ach amháin an tráth nó na tráthanna agus faoi réir (de réir mar is iomchuí) na gcoinníollacha a bheidh leagtha amach sa mhorgáiste nó san urrús eile.
(7) I gcás cumann a bheith á fhoirceannadh faoin alt seo féadfaidh an Chúirt, ar iarratas ó leachtaitheoir an chumainn, a ordú go ndéanfar an tsuim a bheidh taiscthe ag an gcumann faoi alt 20 leis an mBanc Ceannais, mar aon le haon ús a bheidh faibhrithe ar an gcéanna, a dhílsiú don leachtaitheoir faoina ainm oifigiúil, agus air sin dílseoidh an tsuim sin agus an t-ús sin dá réir sin.
(8) Íocfaidh an leachtaitheoir as an méid a bheidh dílsithe dó faoi fho-alt (7) leis na daoine a mbeidh taiscí acu sa chumann méid gach taisce (lena n-áirítear ús a bheidh creidiúnaithe do na daoine sin) a bheidh dlite fós den chumann do na daoine sin nó, mura leor chun na críche sin an méid a bheidh dílsithe dó amhlaidh, dáilfidh sé é ar na daoine sin i gcomhréir le méid gach taisce a bheidh dlite fós amhlaidh, agus, sula ndéanfaidh an leachtaitheoir na híocaíochtaí nó an dáileadh sin, íocfaidh sé nó coimeádfaidh sé as an méid a bheidh dílsithe dó amhlaidh—
(a) aon chostais agus caiteachais de chuid an leachtaitheora i ndáil leis an méid réamhráite agus leis an méid a íocadh leis na daoine sin nó leis an dáileadh orthu a cheadóidh an Chúirt,
(b) aon suim a shásóidh aon éileamh i ndáil le hús is iníoctha ag an gcumann trí chomhaontú ar mhéideanna a taisceadh leis an gcumann,
agus áireofar ar shócmhainní an chumainn, chun críche an fhoirceanta, aon mhéid a bheidh fágtha tar éis an iarmhéid sin a úsáid amhlaidh.
(9) Mura leor an méid iomlán a bheidh dílsithe amhlaidh don leachtaitheoir le héilimh na ndaoine a gceanglaíonn fo-alt (8) air é a dháileadh orthu a íoc, féadfaidh na daoine sin éileamh a dhéanamh mar ghnáthchreidiúnaithe de chuid an chumainn i leith na coda dá n-éilimh a bheidh gan sásamh.
(10) I gcás a dtosófar ar chumann a fhoirceannadh laistigh de bhliain tar éis don chumann a ainm a athrú, beidh an seanainm agus an t-ainm láithreach i ngach fógra agus fógrán a bhainfidh leis an bhfoirceannadh.
(11) San alt seo tá le “cuideachta” an bhrí chéanna atá leis in Acht 1963.
Coiste Comhairleach na gCumann Foirgníochta.
96.—(1) Féadfaidh an tAire comhlacht a cheapadh dá ngairfear Coiste Comhairleach na gCumann Foirgníochta agus dá ngairtear an Coiste san alt seo.
(2) Féadfaidh an Coiste comhairle a thabhairt don Aire i ndáil le haon ábhar a bhaineann le hoibriú gnó cumann foirgníochta agus le haon ábhar a bhaineann le cumainn fhoirgníochta a chuirfidh an tAire faoina bhráid.
(3) Beidh ar an gCoiste cibé líon daoine, nach mó ná naonúr, a bheidh ionadaitheach don Roinn Rialtais Áitiúil, don Roinn Airgeadais, don Chláraitheoir, don Bhanc Ceannais, do Chomhlachas Chumainn Fhoirgníochta na hÉireann agus do cibé comhlachtaí eile a mheasfaidh sé ó am go ham is iomchuí, agus a cheapfar go ceann cibé tréimhse is oiriúnach leis an Aire.
(4) Ainmneoidh an tAire ó am go ham comhalta den Choiste chun gníomhú mar chathaoirleach ar an gCoiste.
(5) Féadfaidh an tAire tráth ar bith aon chomhalta den Choiste (lena n-áirítear an cathaoirleach) a chur as oifig.
Cosaint, etc.
97.—(1) A mhéid a bhféadfaí aon ordú, rialachán, riail, comhaontú, achomharc, iarratas, tíolacadh, cinneadh, íocaíocht nó tarchur a rinneadh, nó aon léas, iasacht, morgáiste, ceadú, toiliú nó ordú a tugadh, aon cheanglas a forchuireadh, aon deimhniú nó ionstraim a eisíodh nó aon chlár a coimeádadh, aon rún a ritheadh, aon fhógra a seirbheáladh, nó aon ní eile a rinneadh faoi aon achtachán a aisghairtear leis an Acht seo a dhéanamh, a thabhairt, a fhorchur, a eisiúint, a choimeád, a rith nó a sheirbheáil faoi fhoráil chomhréire den Acht seo, ní chuirfidh aon aisghairm a dhéantar leis an Acht seo ó bhail é ach, má bhí sé i bhfeidhm díreach sular aisghaireadh an t-achtachán sin amhlaidh, beidh éifeacht leis ionann is dá mba faoi fhoráil chomhréire den Acht seo a rinneadh, a tugadh, a forchuireadh, a eisíodh, a coimeádadh, a ritheadh nó a seirbheáladh é (cibé acu é).
(2) Ní dhéanfaidh an aisghairm a dhéantar leis an Acht seo difear do chlárú nó do chorprú aon chumainn a cláraíodh nó a corpraíodh faoi achtachán a aisghairtear amhlaidh, agus measfar gur clárú nó corprú faoin Acht seo aon chlárú nó corprú den sórt sin.
(3) I gcás ar cion faoi achtachán a aisghairtear leis an Acht seo aon ghníomh nó neamhghníomh, agus go bhforálann an t-achtachán sin pionós mar gheall ar leanúint den chion, is cion faoin bhforáil den Acht seo atá ar comhréir leis an bhforáil den achtachán aisghairthe a bhunaigh an cion leanúint den ghníomh nó den neamhghníomh tar éis tosach feidhme an ailt seo.
(4) Más rud é, ina fheidhm maidir le cumann foirgníochta áirithe, go mbeidh tréimhse ama atá sonraithe i bhforáil (dá ngairtear an fhoráil aisghairthe) d'achtachán a aisghairtear leis an Acht seo gan chaitheamh tráth thosach feidhme na forála (dá ngairtear an fhoráil chomhréire) den Acht seo atá ar comhréir leis an bhforáil aisghairthe, beidh éifeacht leis an bhforáil chomhréire ionann is dá mba go raibh sé i ngníomh i dtosach na tréimhse.
(5) Déanfar tagairt in aon doiciméad d'achtachán a aisghairtear leis an Acht seo a fhorléiriú, mura n-éileoidh an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don fhoráil chomhréire den Acht seo.
(6) I gcás ar deimhin leis an gCláraitheoir, tar éis dó comhairle a ghlacadh leis an Aire agus leis an Aire Airgeadais, go mba é leas an phobail nó leas gnó cumann foirgníochta a rialáil go hordúil cuí é sin a dhéanamh, féadfaidh sé a dhearbhú gur cumann lena mbaineann an fo-alt seo cumann.
(7) Ní fhéadfaidh an Cláraitheoir a dhearbhú gur cumann lena mbaineann fo-alt (6) cumann mura mbeidh fianaise scríofa tugtha ar aird a dheimhníonn dó—
(a) go bhfuil oifigigh agus comhaltaí an chumainn nasctha dá chéile trí cheird, gairm nó fostaíocht in aon ghnóthas amháin,
(b) gur go heisiatach lena chumasú do chomhaltaí tithe a fháil le iad féin á n-áitiú a úsáidtear cistí an chumainn.
(c) nach n-íoctar aon táille, díolaíocht ná luach saothair eile le haon oifigeach de chuid an chumainn (seachas iniúchóir) as cistí an chumainn,
(d) go raibh an cumann corpraithe an 5ú lá de Nollaig, 1965, nó roimhe sin agus go raibh tosaithe aige ar ghnó a sheoladh ar an dáta sin nó roimhe,
(e) nach ndearna an cumann, ón 5ú lá de Nollaig, 1965, fógraíocht ná sireadh ar dhóigh ar bith eile ag iarraidh taiscí nó suibscríobhanna le haghaidh scaireanna seachas ar dhaoine i dtrádáil, i ngairm nó i bhfostaíocht sa ghnóthas dá dtagraítear i mír (a), agus
(f) go bhfuil ar chumas an chumainn freastal dá oibleagáidí i leith a chreidiúnaithe, nach bhfuil aon íocaíochtaí atá dlite de go dleathach fionraithe aige agus nach bhfuil sé i riaráiste maidir le haon ús atá dlite ar scaireanna nó ar thaiscí sa chumann.
(8) I gcás a ndearbhóidh an Cláraitheoir faoi fho-alt (6) gur cumann lena mbaineann an fo-alt sin cumann, ní bhainfidh cibé ceanglais d'ailt 20, 37 agus 38 a shonróidh sé sa dearbhú leis an gcumann.
(9) I gcás arb é tuairim an Chláraitheora nach mbaineann na hábhair go léir a shonraítear i bhfo-alt (7) leis an gcumann a thuilleadh, féadfaidh sé dearbhú faoi fho-alt (6) i ndáil leis an gcumann sin a chealú agus air sin bainfidh forálacha uile ailt 20, 37 agus 38 leis an gcumann sin.
(10) Féadfaidh an Cláraitheoir tar éis dó comhairle a ghlacadh leis an Aire agus leis an Aire Airgeadais dearbhú faoi fho-alt (6) a athrú.
(11) San Acht seo, folóidh “faoin Acht seo”, i gcás a n-éilíonn an comhthéacs é, aon Acht a aisghairtear leis an Acht seo nó an fhoráil chomhréire d'Acht aisghairthe den sórt sin, agus forléireofar focail agus abairtí gaolmhara dá réir sin.
AN SCEIDEAL
Achtacháin a Aisghairtear
Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
(1) | (2) | (3) |
37 & 38 Vict., c. 42. | The Building Societies Act, 1874. | An tAcht go léir. |
38 Vict., c. 9. | The Building Societies Act, 1875. | An tAcht go léir. |
40 & 41 Vict., c. 63. | The Building Societies Act, 1877. | An tAcht go léir. |
47 & 48 Vict., c. 41. | The Building Societies Act, 1884. | An tAcht go léir. |
57 & 58 Vict., c. 47. | The Building Societies Act, 1894. | An tAcht go léir. |
An tAcht um Chlárlann na gCara-Chumann, 1936. | Ailt 2 (1) (a) agus 5(2); in alt 2(2) (a) na focail “sna Building Societies Acts, 1874 to 1894, nó”. | |
An tAcht go léir. | ||
An tAcht go léir. |