Uimhir 38 de 1934.
ACHT LEICTREACHAIS (SOLÁTHAR) (LEASÚ) (UIMH. 2), 1934.
[13adh Meán Fhómhair, 1934.]
CUID I.
Roimhraiteach agus Generalta.
Gearr-theideal agus luadh.
1.—(1) Féadfar an tAcht Leictreachais (Soláthar) (Leasú) (Uimh. 2), 1934, do ghairm den Acht so.
(2) Chun crícheanna có-luaidhte folóidh an abairt “na hAchtanna Leictreachais (Soláthar), 1927 go 1934” an tAcht so.
Mínithe agus léiriú.
2.—(1) San Acht so cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Leictreachais (Soláthar), 1927 (Uimh. 27 de 1927).
(2) Déanfar an Príomh-Acht agus an tAcht so do léigheamh agus do léiriú mar aon Acht amháin agus, dá réir sin, tá le habairtí agus le focail a húsáidtear san Acht so agus a húsáidtear freisin sa Phríomh-Acht, tá leo san Acht so na bríonna céanna atá leo fé seach sa Phríomh-Acht.
Costaisí an Aire.
3.—Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas fé n-a, raghaidh an tAire chun an Achta so do chur i bhfeidhm.
CUID II.
Oibreacha Breise do Dheanamh.
Na hoibreacha sceidealta do dhéanamh
4.—(1) D'fhonn forbairt bhreise do dhéanamh ar luchtmhaireacht taiscthe uisce Loch Deirg-dheirc, Loch Ríbh, agus Loch Aillinne ar Abhainn na Sionainne, féadfaidh an Bord na hoibreacha (dá ngairmtear na hoibreacha sceidealta san Acht so) a tuairiscítear go generálta sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so do ghabháil de láimh agus do dhéanamh agus d'oibriú, agus féadfaidh an Bord, chun críche na gabhála de láimh agus an déanta agus an oibrithe sin, na nithe sin uile do dhéanamh is gá no is ceart do réir réasúin chun na críche sin no ghabhann leis an gcéanna.
(2) Féadfaidh an Bord connradh do dhéanamh le duine ar bith chun na hoibreacha uile no aon oibreacha do dhéanamh go n-údaruítear don Bhord leis an alt so iad do ghabháil de láimh agus do dhéanamh, agus féadfaidh an Bord, chuige sin, connartha do dhéanamh.
(3) Pé uair a dhéanfaidh an Bord aon chonnradh fén alt so chun aon cheann de sna hoibreacha sceidealta do dhéanamh féadfaidh an Bord, leis an gconnradh san, ceart do bhronnadh ar an gconnarthóir chun pé cinn de sna hoibreacha sceidealta san do dhéanamh is dóich leis an mBord is cóir agus a luadhfaid sa chonnradh san, agus leis sin beidh ceart ag an gconnarthóir sin (i gcó-réim leis an mBord) chun gach ní no éinní luaidhtear amhlaidh do dhéanamh agus san chó hiomlán is dá mba leis an Acht so do bronnfaí an ceart san air, ach san sa mhéid gur gá é chun an chonnartha san d'fheidhmiú go cuibhe agus sa mhéid sin amháin.
Féadfaidh an Bord talamh, etc., do thógaint go héigeanta.
5.—(1) Chun gach ceann no aon cheann de sna hoibreacha sceidealta do dhéanamh (pe'ca dhéanfaidh an Bord féin na hoibreacha san no dhéanfaid tré chonnarthóir iad) féadfaidh an Bord gach ní no éinní acu so leanas do dhéanamh, sé sin le rá:—
(a) aon tailte no áitreabh do thógaint go héigeanta (pe'ca go buan no go sealadach é);
(b) aon éasáid, cead slí, ceart uisce, ceart iascaigh, no ceart eile ar aon tailte, áitreabh, no uisce, no maidir leis an gcéanna, do thógaint go héigeanta (pe'ca go buan no go sealadach é);
(c) aon éasáid, cead slí, ceart uisce, ceart iascaigh, no ceart eile atá ar bith ar aon tailte, áitreabh, no uisce, no maidir leis an gcéanna, do chríochnú no do shrianadh, no cur isteach do dhéanamh air in aon tslí eile, go héigeanta (pe'ca go buan no go sealadach é);
(d) aon bhóthar, slí no droichead, puiblí no príobháideach, no aon chanáil no bealach uisce saordha eile no aon chúrsa uisce saordha do chasadh, do dhúnadh no d'aistriú, no cur isteach do dhéanamh air in aon tslí eile, go héigeanta (pe'ca go buan no go sealadach é);
(e) cur isteach do dhéanamh go héigeanta ar aon tailte no áitreabh.
(2) Aon uair tar éis an Achta so do rith agus roimh leithliú do dhéanamh no an praghas no an cúiteamh d'fháil amach, ach fé réir fógra mí ar a laighead roimh ré no, i gcás tighe chomhnaithe ina gcomhnuítear, fógra trí mí ar a laighead roimh ré do thabhairt i scríbhinn do shealbhaire na dtailte no an áitreibh no d'únaer na héasáide no na maoine no an chirt eile le n-a mbaineann an scéal, féadfaidh an Bord (agus gach connarthóir go n-údarás chuige sin ón mBord) dul isteach agus seilbh do thógaint ar aon tailte no áitreabh no aon cheart d'fheidhmiú a húdaruítear don Bhord, leis an alt so, a thógaint go héigeanta, no, aon éasáid no maoin no ceart eile go n-údaruítear don Bhord leis an alt so é chríochnú no é shrianadh no cur isteach do dhéanamh air go héigeanta, féadfaid é chríochnú no é shrianadh no cur isteach do dhéanamh air in aon tslí eile, no, aon bhóthar, slí, droichead, bealach uisce, no cúrsa uisce go n-údaruítear don Bhord leis an alt so é chasadh, é dhúnadh, é aistriú, no cur isteach do dhéanamh air go héigeanta, féadfaid é chasadh, é dhúnadh, é aistriú, no cur isteach do dhéanamh air in aon tslí eile.
(3) Pé uair is dóich leis an mBord ná béadh sé economiciúil no go mbeadh sé neamh-oiriúnach toisc aon chúise eile cúiteamh d'íoc as tailte no áitreabh ar bith do chur fé uisce no as cur isteach do dhéanamh ortha ar shlí eile fén alt so, féadfaidh an Bord na tailte no an t-áitreabh san do thógaint go buan fén alt so agus san go héigeanta no tré chó-aontú.
Praghas no cúiteamh d'fháil amach.
6.—(1) Mara gcó-aontuítear ina thaobh, is fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act 1919, agus dá réir a socrófar méid an phraghais no an chúitimh a bheidh le n'íoc ag an mBord, as tailte agus as áitreabh a thógfaid go héigeanta (pe'ca go buan no go sealadach é) fén Acht so, leis na daoine uile agus fé seach go bhfuil teideal acu chúcha no go bhfuil estáit no leasanna acu ionta, no, as éasáidí ceadanna slí, ceartanna uisce, ceartanna iascaigh agus ceartanna eile a thógfaid go héigeanta (pe'ca go buan no go sealadach é), no ar a scór san, le húnaer an chéanna, no leis na daoine uile agus fé seach go bhfuil teideal acu chun na dtailte agus an áitreibh, no go bhfuil estáit no leasanna acu sna tailte agus san áitreabh, gur ortha no maidir leo tógfar na ceartanna san amhlaidh.
(2) Mara gcó-aontuítear ina thaobh, is fén Acquisition of Land (Assessment of Compensation) Act, 1919, agus dá réir, agus fé is dá mba phraghas tailimh a tógfaí go héigeanta é, a socrófar méid an chúitimh a bheidh le n'íoc ag an mBord mar gheall ar aon éasáid, ceart uisce, ceart iascaigh, no ceart eile atá ar bith ar aon tailte, áitreabh, no uisce, no maidir leis an gcéanna, do chríochnú no do shrianadh, no mar gheall ar chur isteach do dhéanamh air i slí eile, go héigeanta (pe'ca go buan no go sealadach é) fén Acht so, no mar gheall ar aon bhóthar, slí no droichead príobháideach, no aon chanáil no bealach uisce saordha eile, no aon chúrsa uisce saordha eile, do chasadh, do dhúnadh, no d'aistriú, no cur isteach do dhéanamh air i slí eile go héigeanta (pe'ca go buan no go sealadach é) fén Acht so, no mar gheall ar chur isteach do dhéanamh go héigeanta fén Acht so ar thailte no ar áitreabh ar bith.
(3) Nuair a bheidh aon phraghas no cúiteamh á mheas do réir an ailt seo maidir le haon mhaoin, corpardha no nea-chorpardha, go bhfuiltear á sealbhú no ag baint úsáide no tairbhe aisti in éineacht le haon mhaoin eile, no atá ina cuid d'aon mhaoin eile, bhéarfar aire d'aon tsochar i bhfuirm dréineála no feabhsú ar sholáthar uisce nách miste do réir réasúin súil a bheith le n-a theacht don mhaoin sin de bharr aon oibreacha bheidh déanta ag an mBord no bheidh á déanamh acu no bheid ar tí a dhéanamh fén Acht so.
(4) Gach éileamh ar an bpraghas no ar chúiteamh a bheidh á iarraidh maidir le haon talamh, áitreabh, no ceart a bheidh tógtha go héigeanta, no maidir le haon tailte, áitreabh, ceart, slí, no maoin eile go mbeidh curtha isteach air go héigeanta fén Acht so, déanfar é laistigh de bhliain tar éis don Bhord no do chonnarthóir dul isteach no feidhmiú no cur isteach do dhéanamh, ar na tailte, ar an áitreabh, ar an gceart, ar an slí, no ar an maoin sin mar an gcéad uair fén Acht so, ach amháin go bhféadfar, i gcás curisteach buan ar cheart iascaigh, an t-éileamh do dhéanamh aon uair laistigh de dheich mbliana tar éis críochnú na n-oibreacha le n-a gcuirtear isteach ar an gceart iascaigh amhlaidh.
(5) Bainfidh ailt 69 go 83 den Lands Clauses Consolidation Act, 1845, le haon phraghas no cúiteamh is iníoctha ag an mBord fén alt so agus leis an leithliú chun an Bhúird a déanfar ar mhaoin, corpardha no nea-chorpardha, a thógfaid go héigeanta fén Acht so, agus chun na críche sin tuigfear gurb é an Bord bunathóir an ghnótha.
(6) Ní luighfidh aon aicsean, do réir dlí ná cothruim, i gcoinnibh an Bhúird ná aon chonnarthóra ná i gcoinnibh aon oifigigh ná seirbhísigh don Bhord no d'aon chonnarthóir alos ná i dtaobh aon ghnímh, ní, ná ruda go mbeidh cúiteamh iníoctha mar gheall air de bhuadh an ailt seo.
Oibreacha do dhéanamh in ionad cúitimh.
7.—(1) I gcás duine do bheith i dteideal cúitimh, láithreach no ar ball, maidir le héinní dhéanfaidh an Bord no bheid ar intinn a dhéanamh go dleathach fén Acht so, féadfaidh an Bord pé oibreacha do dhéanamh ar mhaithe leis an duine sin is dóich leis an mBord is ceart agus aontóidh an duine sin a ghlacadh mar shásamh no mar shásamh leathrannach ina éileamh ar an gcúiteamh san.
(2) Féadfaidh an Bord téarmaí agus coinníollacha do chur ag gabháil le hoibreacha do dhéanamh fén alt so, pé téarmaí agus coinníollacha (ar a n-áirmhítear téarmaí maidir le húnaereacht, le seilbh, agus le cúram na n-oibreacha san) ar a gcó-aontóidh an Bord agus an duine gur ar mhaithe leis a déanfar na hoibreacha amhlaidh.
(3) Féadfaidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, tar éis do dul i gcomhairle leis an mBord, a dhearbhú aon oibreacha áirithe déanfar fén alt so do bheith saor, go buan no go ceann tréimhse teoranta, o ráta dealbhais do chur ortha agus fós o aon ráta eile do chur ortha ghearrfaidh údarás áitiúil, agus pé uair a déanfar ordú ar bith den tsórt san beidh na hoibreacha le n-a mbainfidh an t-ordú san saor o rátaí do réir an orduithe sin.
Pleananna, etc., do lóisteáil.
8.—(1) Chó luath agus is féidir é tar éis an Achta so do rith agus ar dháta nách déanaí ná mí roimh thosnú ar aon chuid áirithe de sna hoibreacha sceidealta, no roimh dhul isteach ar aon tailte no áitreabh no roimh fheidhmiú aon chirt no roimh chur isteach ar aon mhaoin, corpardha no nea-chorpardha, fén Acht so chun na críche sin, cuirfidh an Bord fé ndeár mapaí, pleananna, agus leabhra eolais i dtaobh na n-oibreacha san do lóisteáil mar a luaidhtear anso ina dhiaidh seo.
(2) Na mapaí agus na pleananna lóisteálfar fén alt so, ní foláir dóibh bheith líonmhar a ndóthain agus de shaghas is leor chun méid na n-oibreacha sceidealta le n-a mbainfid do thaisbeáint ar scálaí is leor, maraon le gach claonadh agus atharú bheidh beartuithe, agus fós gach maoin, corpardha agus (san áit ina mbeidh san oiriúnach) nea-chorpardha, a bheidh beartuithe a thógaint go héigeanta chun críche na n-oibreacha san agus fós gach cur-isteach (sa mhéid gur féidir a thaisbeáint ar tharraiceoireacht) a bheidh beartuithe a dhéanamh go héigeanta chun na críche sin ar aon mhaoin, corpardha no nea-chorpardha, no ar aon bhóthar no droichead.
(3) Beidh sna leabhra eolais a lóisteálfar fén alt so ainmneacha na ndaoine is únaerí no is únaerí tuairimithe, na ndaoine is léasaithe no is léasaithe tuairimithe, agus na ndaoine is sealbhairí ar gach talamh agus áitreabh go mbeidh beartuithe iad do thógaint no baint leo ar shlí eile go héigeanta fén Acht so chun críche na n-oibreacha sceidealta go lóisteálfar na leabhra eolais sin ina dtaobh agus ar gach maoin, corpardha no nea-chorpardha (maraon le bóithre agus droichid), go mbeidh beartuithe cur isteach ortha in aon tslí go héigeanta fén Acht so chun críche na n-oibreacha san.
(4) Na mapaí, na pleananna agus na leabhra eolais a lóisteálfar fén alt so is i bpríomh-oifig an Bhúird i gCathair Bhaile Atha Cliath a lóisteálfar iad agus fós, i gcás mapaí, pleananna, agus leabhra eolais a bhainfidh le haon cheann de sna hoibreacha sceidealta no le maoin ar bith laisteas den droichead atá ar Abha na Sionainne ag an gceann thuaidh de Loch Deirg-dheirc agus dá ngairmtear Droichead Phort Omna, is in oifig an Bhúird no in áit chaothúil eile i gCathair Luimnigh a lóisteálfar iad, agus i gcás mapaí pleananna, agus leabhra eolais a bhainfidh le haon cheann de sna hoibreacha sceidealta no le maoin ar bith lastuaidh den droichead san, is in áit chaothúil i mbaile Phort Omna a lóisteálfar iad, no i pé áit no áiteanna eile cheapfaidh an Bord le haontú an Aire, agus fanfaidh na mapaí, na pleananna agus na leabhra eolais sin uile ar lóisteáil amhlaidh go dtí go gcríochnófar na hoibreacha sceidealta le n-a mbainfid, agus faid a bheid ar lóisteáil amhlaidh beid ar nochtadh chun a n-iniúchta ag éinne in aisce in áit na lóisteála idir a deich a chlog ar maidin agus a ceathair a chlog um thráthnóna gach lae ach Sathairn, Domhntaí agus laetheanta saoire bainc.
(5) Chó luath agus is féidir é tar éis aon mhapaí, pleananna, no leabhra eolais do bheith lóisteálta in aon chathair no baile do réir an ailt seo, bhéarfaidh an Bord fógra puiblí i dtaobh na lóisteála san le fógrán a foillseofar fé dhó i ngach ceann de dhá pháipéar nuachta no níos mó a léightear sa chathair no sa bhaile sin, agus déarfaid i ngach fógra den tsórt san go bhfuil na mapaí, na pleananna, agus na leabhra eolais sin ar nochtadh chun a n-iniúchta ag an bpuiblíocht do réir an ailt seo.
Seirbhísí puist agus telegrafa do chaomhaint.
9.—Ní dhéanfidh an Bord ná aon chonnarthóir a bheidh ag déanamh oibreacha fén Acht so, ní dhéanfaid, de bhuadh an Achta so, aon tailte, áitreabh, foirgintí, oibreacha, gléasra, abhair, ná maoin eile leis an Aire Puist agus Telegrafa do thógaint ná d'aistriú, ná dul isteach ortha ná cur isteach ortha ar aon tslí eile ná aon oibreacha do chur suas, ná éinní ná aon rud eile do dhéanamh is dóich leis an Aire Puist agus Telegrafa do bhacfadh, do mhoilleodh, do choiscfeadh no do dhíobhálfadh ar aon tslí eile cólíonadh cuibhe seirbhísí puiblí na Roinne Puist agus Telegrafa.
Beidh na hoibreacha sceidealta saor o rátaí.
10.—(1) Faid a bheidh na hoibreacha sceidealta in aon-tseilbh agus fé aon-stiúradh an Bhúird, beid saor o ráta dealbhais agus fós o aon ráta eile ghearrfaidh údarás áitiúil do chur ortha.
(2) San alt so foluíonn an abairt “údarás áitiúil” (i dteanta an bhrí chuireann an Príomh-Acht léi) aon chólucht daoine go gcomhacht acu fé Acht de Pháirlimint na hÉireann no fé aon Acht áitiúil no pearsanta de Pháirlimint na Ríochta Aontuithe no aon Acht Príobháideach den Oireachtas ráta do chur agus do ghearradh ar thalamh no ar dhaoine alos a mbeith i seilbh thailimh.
Bóithre agus droichid phuiblí do chaomhaint.
11.—Más gá agus nuair is gá, de dhruim aon cheann de sna hoibreacha sceidealta do dhéanamh fén Acht so, aon bhóthar no droichead puiblí do chasadh no d'aistriú no cur isteach air ar shlí eile beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—
(a) i gcás gur gá an bóthar no an droichead do dhúnadh in aghaidh tráchta de dhruim na hoibreacha sceidealta do dhéanamh, déanfaidh an Bord, sa tsuidheamh chéanna no i suidheamh éigin eile caothúil, agus coinneoid i dtreo, faid a bheidh an bóthar no an droichead san dúnta amhlaidh in aghaidh tráchta, bóthar no droichead sealadach is leor chun an méid agus an saghas céanna tráchta d'iompar a théigheann ar an mbóthar no ar an droichead san do ghnáth;
(b) ar chríochnú na n-oibreacha sceidealta no roimhe sin cuirfidh an Bord an bóthar no an droichead sa riocht ina raibh sé no, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí, déanfaid, sa tsuidheamh chéanna no i suidheamh éigin eile caothúil, buan-bhóthar no buan-droichead nua is leor chun an tráchta chéanna (chó fada le méid agus saghas) d'iompar d'fhéadadh an seana-bhóthar no an seana-dhroichead d'iompar, agus gan é puinn níos neamh-oiriúnaí fána agus lúb ná an seana-bhóthar no an seana-dhroichead san;
(c) má dheineann an Bord buan-droichead nua agus gur mó de chuid mhaith na buntáistí bheireann an droichead san do phuiblíocht aon chontae no bailecheanntair ná an seana-dhroichead, tré shlí chonbharsáide níos fearr do thabhairt dóibh no ar aon tslí eile, deimhneoidh an Bord costas an droichid nua san agus deimhneoidh an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí cadé an chuid den chostas san is dóich leis ba chóir, do réir réasúin, do bheith ar chomhairle na contae no an bhailecheanntair sin, agus leis sin déanfaidh an chomhairle sin suim is có-ionann leis an gcuid do deimhníodh amhlaidh den chostas san do chruinniú mar chuid de chostaisí bóithre contae no bailecheanntair (pe'ca aca é) do choinneáil i dtreo, agus íocfaidh an chomhairle sin leis an mBord í;
(d) má eiríonn aon amhrus, aighneas no ceist i dtaobh ce'ca do chólíon no nár chólíon an Bord forálacha an ailt seo agus aon bhóthar no droichead, sealadach no buan, á dhéanamh no á choinneáil i dtreo no á chur ina sheanariocht acu do réir an ailt seo, no i dtaobh ce'ca is mó no nách mó de chuid mhaith na buntáistí atá ag puiblíocht aon chontae no bailecheanntair o bhuandroichead nua do rinne an Bord ná ón seanadhroichead, isé an tAire Rialtais Áitiúla agus Sláinte Puiblí do bhéarfaidh breith ar an amhrus no ar an aighneas no ar an gceist sin agus ní bheidh dul thar an mbreith sin.
Roimh-íocanna ón bPrímh-Chiste leis an mBord.
12.—(1) Féadfaidh an tAire Airgid, fé réir na dteorann a forchuirtear leis an alt so, roimh-íoc do dhéanamh amach as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis leis an mBord fé mar iarrfaidh agus nuair iarrfaidh an Bord air é sna suimeanna san uile (nách mó san iomlán ná an méid a luaidhtear anso ina dhiadh seo) a dheimhneoidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála o am go ham do bheith ag teastáil do réir réasúin agus cirt ón mBord chun críche ar bith eireoidh fén gCuid seo den Acht so.
(2) Ní raghaidh méid iomlán na roimh-íocanna bheidh le n'íoc leis an mBord fén alt so amach as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis thar suim chúig céad agus triocha míle púnt.
(3) Chun soláthar do dhéanamh chun suimeanna do roimh-íoc amach as an bPrímh-Chiste fén alt so, no chun na suimeanna uile roimh-íocfar amhlaidh no aon chuid díobh d'aisíoc isteach sa Chiste sin, no chun aon urrúsanna do bhéarfar amach fén alt so d'íoc sa mhéid ná beidh aon tsoláthar eile déanta chun a n-íoctha, féadfaidh an tAire Airgid airgead d'fháil ar iasacht tré pé urrúsanna do thabhairt amach is dóich leis is ceart, agus íocfar isteach sa Stát-Chiste gach suim do gheobhfar ar iasacht amhlaidh.
(4) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear agus íoc cholann agus ús gach urrúis do bhéarfar amach fén alt so.
(5) Is chun críche na n-oibreacha sceidealta no chun éinní do dhéanamh a húdaruítear don Bhord leis an gCuid seo den Acht so do dhéanamh, agus chuige sin amháin, a chaithfidh an Bord na suimeanna roimh-íocfar fén alt so.
Us d'íoc ar roimh-íocanna as an bPrímh-Chiste.
13.—(1) Íocfaidh an Bord leis an Aire Airgid, ar gach suim a roimh-íocfar leis an mBord amach as an bPrímh-Chiste fén Acht so, ús o dháta roimh-íoctha na suime sin go dtí n-a haisíoc do réir pé ráta cheapfaidh an tAire Airgid agus íocfar an t-ús san amhlaidh tré íocaíochtaí leath-bhliantúla có-ionanna ar pé laetheanta i ngach bliain a cheapfaidh an tAire Airgid o am go ham.
(2) Má theipeann ar an mBord aon ús áirithe is iníoctha acu fén alt so d'íoc leis an Aire Airgid an t-am a bheidh ceaptha chuige sin fén alt so, íocfaidh an Bord leis an Aire sin ús do réir an ráta bheidh ceaptha ag an Aire sin, ar an ús a bheidh gan íoc amhlaidh, ón am a bheidh ceaptha mar adubhradh go dtí go ndéanfar an céanna d'íoc.
(3) An t-ús uile íocfaidh an Bord leis an Aire Airgid fén alt so íocfar isteach sa Stát-Chiste é ar pé slí ordóidh an tAire sin o am go ham.
(4) Féadfaidh an tAire Airgid o am go ham atharú do dhéanamh ar an ráta gur dá réir a híocfar ús is iníoctha fén alt so.
Roimh-íocanna as an bPrímh-Chiste d'aisíoc.
14.—(1) Chun soláthar do dhéanamh chun an Bord d'aisíoc na roimh-íoc a híocfar leo amach as an bPrímh-Chiste fén Acht so, íocfaidh an Bord leis an Aire Airgid íocaíochtaí leath-bhliantúla ag tosnú ar pé dáta cheapfaidh an tAire sin tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire agus ag leanúint ar feadh pé méid blian agus iad de pé suimeanna agus iníoctha pé tráthanna cheapfaidh an tAire sin tar éis do dul i gcomhairle mar adubhradh, agus féadfar dátaí deifriúla, méideanna deifriúla de bhlianta, suimeanna deifriúla, agus tráthanna deifriúla do cheapadh amhlaidh in aghaidh codacha deifriúla de sna roimh-íocanna san.
(2) Na híocaíochtaí leath-bhliantúla uile agus fé seach íocfaidh an Bord leis an Aire Airgid fén alt so déanfaidh an tAire sin iad do chur mar chistí fiach-laigheaduithe chun aisíoctha na gcodanna uile agus fé seach de sna roimh-íocanna 'na ndéanfar na híocaíochtaí leath-bhliantúla san ina n-aghaidh agus nuair a bheidh lán-líon na n-íocaíocht leath-bhliantúil a ceapfar fén alt so in aghaidh aon chuid de sna roimh-íocanna san (maraon le haon ús a thiocfaidh chun bheith iníoctha fén alt so ar aon cheann de sna híocaíochtaí leath-bhliantúla san) íoctha ag an mBord leis an Aire sin, tuigfear an chuid sin de sna roimh-íocanna san do bheith aisíoctha go hiomlán ag an mBord gan dochar d'fhiachas an Bhúird i leith aon úis a bheidh gan íce ansan ar an gcuid sin de sna roimh-íocanna san.
(3) Má theipeann ar an mBord aon íocaíocht leath-bhliantúil no cuid d'íocaíocht leath-bhliantúil is iníoctha acu leis an Aire Airgid fén alt so d'íoc leis an Aire sin an t-am a bheidh ceaptha chuige sin fén alt so, íocfaidh an Bord leis an Aire sin ús do réir an ráta bheidh ceaptha ag an Aire sin, ar an íocaíocht leathbhliantúil sin no ar an gcuid sin d'íocaíocht leath-bhliantúil, ón am a bheidh ceaptha mar adubhradh go dtí go ndéanfar an céanna d'íoc.
(4) Féadfaidh an tAire Airgid o am go ham atharú do dhéanamh ar an ráta gur dá réir a híocfar ús is iníoctha fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo den alt so.
(5) An t-airgead uile íocfaidh an Bord leis an Aire Airgid fén alt so déanfar é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire sin o am go ham.
Muirir ar na hoibreacha sceidealta.
15.—(1) Gach suim a roimh-íocfar leis an mBord amach as an bPrímh-Chiste fén Acht so agus an t-ús uile agus gach íocaíocht leath-bhliantúil is iníochta ag an mBord fén Acht so ar an suim sin no ina haghaidh agus an t-ús uile is iníoctha ag an mBord fén Acht so ar aon ús no ar aon íocaíocht leath-bhliantúil den tsórt san, tiocfaid chun bheith agus beid—
(a) ina gcéad-mhuirear ar na hoibreacha sceidealta, agus
(b) ina muirear ar oibreacha na Sionainne ná beidh tosach air ach ag na muirir ar na hoibreacha san do cruthnuíodh le halt 16 den Phríomh-Acht, agus
(c) ina muirear so-ghluaiste (ná beidh tosach air ach ag na muirir sho-ghluaiste do cruthnuíodh le halt 16 den Phríomh-Acht) ar gach maoin, de shaghas ar bith (ach amháin oibreacha na Sionainne no na hoibreacha sceidealta) a bheidh dílsithe sa Bhord no ar únaeracht acu o am go ham, ach an muirear so-ghluaiste cruthnuítear leis seo ní oibreoidh chun cosc no srian do chur leis an mBord d'aistriú aon choda den mhaoin sin uatha no do dheighleáil léi ar shlí eile i bhfeidhmiú ceart cuibhe na gcomhacht no i gcólíonadh ceart cuibhe na ndualgaisí bronntar no cuirtear ar an mBord le dlí no bronnfar no cuirfear ar an mBord ina dhiaidh seo.
(2) Na muirir a cruthnuítear leis an alt so beid dílsithe san Aire Airgid agus féadfaidh an tAire sin iad do chur i bhfeidhm do réir fuirme cuibhe na dlí pé uair is dóich leis is ceart san do dhéanamh agus pe'ca bheidh aon ús no íocaíocht leath-bhliantúil a bheidh urruithe le muirear den tsórt san dlite agus gan íoc no ná beidh agus an t-airgead uile bainfear amach de bhuadh aon mhuirir den tsórt san íocfar isteach sa Stát-Chiste é ar pé slí ordóidh an tAire sin.
Deontaisí ón Aire Airgid.
16.—(1) Féadfaidh an tAire Airgid, fé mar iarrfaidh agus nuair iarrfaidh an Bord san air, deontaisí do dheonadh don Bhord, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas, de pé suimeanna (nách mó san iomlán ná an méid iomlán a luaidhtear anso ina dhiaidh seo) a dheimhneoidh an tAire Tionnscail agus Tráchtála o am go ham do bheith ag teastáil do réir réasúin agus cirt ón mBord chun aon chríche áirithe chun ar féidir na deontaisí sin do chur fén alt so.
(2) Ní raghaidh méid iomlán na ndeontas a féadfar do dheonadh don Bhord fén alt so thar suim thrí mhíle nóchad púnt.
(3) Gach deontas a dheonfaidh an tAire Airgid fén alt so cuirfidh an Bord é chun pé crícheanna acu so leanas a bheidh luaidhte sa deimhniú san ón Aire Tionnscail agus Tráchtála bhainfidh leis an gcás, sé sin le rá, chun na n-oibreacha sceidealta do dhéanamh no chun éinní eile do dhéanamh a húdaruítear don Bhord leis an gCuid seo den Acht so do dhéanamh.
CUID III.
An tAcht Leictreachais (Solathar), 1927, do Leasu.
Alt 45 den Phríomh-Acht do leasú.
17.—(1) Deintear leis seo fo-alt (5) d'alt 45 den Phríomh-Acht do leasú tré sna focail “no leis an alt so” do chur isteach i ndeireadh míre (b) den fho-alt san, agus léireofar an fo-alt san agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
(2) Pé uair a dhéanfaidh an Bord ordú speisialta fé alt 45 den Phríomh-Acht féadfaidh an Bord dul isteach agus seilbh do thógaint ar aon tailte, no aon cheart d'fheidhmiú, is abhar don crdú speisialta san roimh leithliú do dhéanamh no an praghas no an cúiteamh d'fháil amach (ach san fé réir fógra mí ar a laighead no, i gcás tighe chomhnaithe ina gcomhnuítear, fógra trí mí ar a laighead roimh ré do thabhairt i scríbhinn do shealbhaire na dtailte, no d'únaer na héasáide no an chirt eile, a bheidh beartuithe do thógaint fén ordú san no dá mbeidh beartuithe deifir do dhéanamh leis an ordú san).
(3) Pé uair a raghaidh an Bord isteach agus a thogfaid seilbh ar aon tailte no fheidhmeoid aon cheart (pe'ca aca é fén alt so roimh an bpraghas no an cúiteamh d'íoc, íocfaidh an Bord le sealbhaire na dtailte no le húnaer na héasáide no an chirt eile (pe'ca aca é) a bheidh i gceist ús ar mhéid an phraghais no an chúitimh sin, ar bheith ceaptha dho, do réir cheithre púint per cent. per annum ón dáta ar a raghaid isteach no ar a dtógfaid seilbh amhlaidh no ar a bhfeidhmeoid an ceart san (pe'ca aca é) go dtí dáta an leithlithe ón sealbhaire no ón únaer san don Bhord.
An Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht do leasú.
18.—(1) Deintear leis seo mír 8 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an bPríomh-Acht do leasú tré sna focail “no i gceachtar de sna fórsaí bhí i gcoinnibh a chéile le linn an imreasáin chathardha sna blianta 1922, 1923, 1924, no i gcoinneáil no i bpríosún de dheascaibh na seirbhíse sin” do chur isteach i ndiaidh na bhfocal “Aer-Fhórsa Bhriotáinigh,” agus léireofar alt 61 den Acht san agus an Chéad Sceideal san agus beidh éifeacht acu dá réir sin.
(2) Beidh an t-alt so mar bheadh éifeacht aige agus tuigfear éifeacht do bheith aige o thosach feidhme an Phríomh-Achta.
Toirmeasc ar fhoirgintí do thógáil fé shreanganna tiormarnaíochta.
19.—(1) Pé uair is deimhin leis an Aire, ar iarratas d'fháil ón mBord, go dtiocfadh as foirgintí no cineál áirithe no cineálacha áirithe foirgintí do thógáil fé aon tsreanganna tiomarnaíochta no i ngiorracht faide áirithe dhóibh go mbeadh contabhairt ann go ndéanfaí díobháil don phuiblíocht no do sna foirgintí sin no do shealbhairí na bhfoirgintí sin agus go mbainfeadh costas míréasúnta no roinnt mhaith duaidh theicniúla leis na sreanganna tiomarnaíochta san d'aistriú go dtí ionad eile, féadfaidh an tAire, más oiriúnach leis é, le hordú (dá ngairmtear ordú toirmeasctha tógála san Acht so), a ordú gan aon fhoirgint in aon chor no gan aon fhoirgint de chineál no de chineálacha áirithe do thógáil fé sna sreanganna tiomarnaíochta san no i ngiorracht faide áirithe dhóibh.
(2) Féadfaidh an tAire aon uair, más oiriúnach leis é, leasú no ceiliúradh do dhéanamh, le hordú, ar ordú toirmeasctha tógála ar iarratas an Bhúird no ar iarratas duine ar bith go ndeineann an t-ordú toirmeasctha tógála san deifir dá chuid tailimh.
(3) Pé uair a bheidh an tAire ar aigne ordú toirmeasctha tógála do dhéanamh no ordú do dhéanamh ag leasú no ag ceiliúradh ordú toirmeasctha tógála foillseoidh an tAire, i pé slí is dóich leis is oiriúnaí sa chás, fógra i dtaobh é bheith chun breithnithe do dhéanamh féachaint an ceart an t-ordú san do dhéanamh agus i dtaobh an ama agus na slí ina bhféadfar agóidí i gcoinnibh an orduithe sin agus aithris chúise ina thaobh do chur chuige.
(4) Pé uair a bheidh an tAire ar aigne ordú toirmeasctha tógála do dhéanamh no ordú do dhéanamh ag leasú no ag ceiliúradh ordú toirmeasctha tógála féadfaidh an tAire, más oriúnach leis é, a chur fé ndeár fiosrúchán puiblí do dhéanamh i dtaobh an orduithe sin do dhéanamh.
(5) Ní oibreoidh aon ordú toirmeasctha tógála chun é do dhéanamh nea-dhleathach aon fhoirgint do chríochnú gur tosnuíodh ar í do thógáil roimh dháta déanta an orduithe sin, agus aon ordú le n-a leasófar ordú toirmeasctha tógála ní oibreoidh chun é do dhéanamh nea-dhleathach aon fhoirgint do chríochnú gur tosnuíodh go dleathach ar í do thógáil roimh dháta déanta an orduithe leasúcháin sin.
(6) Má eiríonn aon amhrus, ceist no aighneas i dtaobh ce'ca tosnuíodh no nár tosnuíodh, do réir bhrí an fho-ailt deiridh sin roimhe seo den alt so, ar fhoirgint do thógáil roimh dháta déanta aon orduithe áirithe fén alt so, isé an tAire bhéarfaidh breith ar an amhrus no ar an gceist no ar an aighneas san agus beidh an bhreith sin ina breith dheiridh gan aon dul tháirsí.
(7) Gach duine thógfaidh foirgint ar bith contrárdha d'ordú toirmeasctha tógála, no thosnóidh ar san do dhéanamh no thabharfaidh fé, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar céad púnt do chur air maraon le fíneáil bhreise ná raghaidh thar deich bpúint in aghaidh gach lae fhanfaidh an fhoirgint sin no aon chuid di tógtha amhlaidh.
(8) Na forálacha atá sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so beidh éifeacht acu maidir le gach fiosrúchán puiblí chuirfidh an tAire fé ndeár a dhéanamh do réir an ailt seo.
(9) Gach ordú toirmeasctha tógála, agus gach ordú fén alt so le n-a leasófar no le n-a gceiliúrfar ordú toirmeasctha tógála, foillseofar é san Iris Oifigiúil chó luath agus bheidh caoi ann chuige sin tar éis a dhéanta.
(10) San alt so cialluíonn an abairt “sreanganna tiomarnaíochta” sreanganna no línte iompruíonn leictreachas os cionn tailimh agus is cuid den chórus tiomarnaíochta no den chórus roinneacháin.
Fógra go bhfuiltear chun foirginte do thógáil.
20.—(1) Ní thógfaidh ná ní dhéanfaidh duine ar bith aon fhoirgint ná déanmhas 'na raghaidh aon chuid de laistigh de ghar-achar aon tsreinge tiomarnaíochta no os a chionn, no 'na mbeidh aon chuid de amhlaidh ar bheith críochnuithe dho, ná ní thosnóidh ar san do thógáil ná do dhéanamh mara mbeidh fógra i scríbhinn tugtha aige don Bhord dhá mhí ar a laighead roimh thosnú dho ar an tógáil no ar an déanamh san á rá é bheith chun an fhoirgint no an déanmhas san do thógáil no do dhéanamh agus ag tabhairt gach eolais oiriúnaigh i dtaobh na foirginte no an déanmhais sin.
(2) Gach duine thógfaidh no dhéanfaidh aon fhoirgint no déanmhas contrárdha don alt so, no thosnóidh ar san do dhéanamh, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air maraon le fíneáil bhreise ná raghaidh thar púnt in aghaidh gach lae leanfaidh an fhoirgint no an déanmhas san no aon chuid de de bheith laistigh de ghar-achar aon tsreinge tiomarnaíochta no os a chionn.
(3) San alt so cialluíonn an abairt “gar-achar aon tsreinge tiomarnaíochta” an t-achar i ngiorracht chúig slata fichead, ar aon taobh, don líne dhíreach a cheanglann dá chéile láir fothaí aon dá cheann i ndiaidh a chéile de phostaí no de phiolóirí no de thógála eile iompruíonn an tsreang thiomarnaíochta san, agus cialluíonn “sreang thiomarnaíochta” sreang no líne iompruíonn leictreachas os cionn tailimh agus is cuid den chórus tiomarnaíochta no den chórus roinneacháin.
Íocaíochtaí áirithe ón mBord.
21.—(1) Pé uair a dhiúltóidh aon údarás áitiúil, ba ghnóthaire údaruithe gur thóg an Bord a ghnó fén bPríomh-Acht, d'íoc do dhéanamh, le duine ar bith do bhí ar fostú aon uair ag an údarás áitiúil sin chun crícheanna an ghnótha san no le hionadaí pearsanta dhuine ar bith den tsórt san, in iomlán aon tuarastail, páigh no luach saothair no in aon chuid d'aon tuarastal, págh no luach saothair d'fhéadfadh an t-údarás áitiúil sin d'íoc go dleathach fé fho-alt (1) d'alt 7 den Acht Rialtais Áitiúla, 1933 (Uimh. 5 de 1933), féadfaidh an Bord, fé réir forálacha an ailt sin 7 (sa mhéid go mbaineann na forálacha san leis an gcás) agus an ailt seo aon tuarastal, págh no luach saothair den tsórt san san no aon chuid de (fé mar is gá sa chás) d'íoc le duine no le hionadaí pearsanta ar bith den tsórt san.
(2) Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas chun crícheanna an fho-ailt sin roimhe seo den alt so, sé sin le rá:—
(a) féadfar íoc do dhéanamh le duine fén bhfo-alt san pe'ca oifigeach no seirbhíseach don Bhord é le linn an íoca san do dhéanamh no nách eadh;
(b) isé an tAire bhéarfaidh breith ar gach amhrus, no ceist no aighneas eireoidh le linn an ailt seo do chur in éifeacht agus ní bheidh dul thar an mbreith sin.
(3) Gach údarás áitiúil ba ghnóthaire údaruithe gur thóg an Bord a ghnó fén bPríomh-Acht, bhéarfaid don Bhord, ar an mBord dá iarraidh sin ortha, gach eolas a bheidh ar seilbh no fé n-a n-urláimh no ar fáil ag an údarás áitiúil sin i dtaobh gach duine le n-a bhféadfadh an t-údarás áitiúil sin an t-íoc san do dhéanamh go dleathach fén bhfo-alt san (1) d'alt 7 den Acht Rialtais Áitiúla, 1933 (Uimh. 5 de 1933).
CEAD SCEIDEAL.
Oibreacha A hUdaruitear do Ghabhail de Laimh.
1. Socrú do dhéanamh chun leibhéil an uisce i Loch Deirgdheirc do rialú idir na teoranta 110 (céad agus deich) dtroithe D.O. agus 112 throigh (céad agus dhá throigh dhéag) D.O., agus chuige sin na coraí ag Parteen Villa agus ag Míliuc d'atharú, na bancánachtaí idir Parteen Villa agus Loch Deirg-dheirc agus idir Loch Deirg-dheirc agus Míliuc d'árdú agus do leathnú, na hoibreacha caomhanta don líne bhóthair iarainn ag Cill Dálua do leathnú, agus oibreacha iomdha eile do dhéanamh.
2. Leibhéal Loch Ríbh d'ísliú go dtí leibhéal minimum de 121 troigh (céad agus aon troigh fhichead) D.O., agus chuige sin oibreacha iomdha do dhéanamh.
3. Socrú do dhéanamh chun leibhéil an uisce i Loch Aillinn do rialú idir na teoranta 168 dtroithe (céad agus ocht dtroithe seascad) D.O. agus 154 troithe (céad agus ceithre troithe caogad) D.O., agus chuige sin cainéil nua do dhreidireacht agus cainéil atá ann cheana do dhoimhniú, an chora ag béal an Locha san d'aistriú agus d'ath-dhéanamh, droichid áirithe d'ath-dhéanamh, agus oibreacha iomdha eile do dhéanamh.
4. Céibheanna, cuain, stáitsí calaíochta, bád-thithe, bóithre agus droichid agus oibreacha iomdha eile atá ann cheana d'atharú no iad d'aistriú agus d'ath-dhéanamh.
5. Gach obair eile de shaghas ar bith do dhéanamh is obair a bhaineann le gach ní no éinní do dhéanamh dá luaidhtear sna míreanna uile agus fé seach roimhe seo den Sceideal so no a leanann as san no is gá dá dhruim.
DARA SCEIDEAL.
Fiosruchain Phuibli.
1. Isé dhéanfaidh an fiosrúchán ná pé duine cheapfaidh an tAire agus déanfar é pé am agus i pé áit a cheapfaidh an tAire.
2. Cuirfidh an Bord fé ndeár fógra do thabhairt, i pé slí ordóidh an tAire, don phuiblíocht agus do pé daoine áirithe luadhfaidh an tAire, i dtaobh an fhiosrúcháin do dhéanamh.
3. Beidh ag neach déanta an fhiosrúcháin, chun a chur fhiachaint ar fhínnithe teacht i láthair agus chun a gceistnithe fé mhionn (agus údaruítear leis seo don duine sin fínnithe do chur fén mionn san) no ar aon tslí eile agus chun a chur fhiachaint ar dhaoine scríbhinní do thabhairt i láthair, beidh aige gach comhacht, ceart agus príbhléid atá dílsithe san Ard-Chúirt no i mBreitheamh den Ard-Chúirt maidir le triail aicsin, agus beidh gairm fé láimh an duine sin ar aon dul agus ar aon éifeacht le próiseas fuirmeálta do bhéarfadh an Ard-Chúirt amach chun a chur fhiachaint ar fhínnithe teacht i láthair agus a chur fhiachaint ar dhaoine scríbhinní do thabhairt i láthair, pe'ca aca é.
4. Má thárlann d'éinne—
(a) faillí do thabhairt i dteacht i láthair ag an bhfiosrúchán agus é gairmthe go cuibhe chun teacht i láthair mar fhínné, no
(b) ar bheith i láthair do mar fhínné, diúltú do mhionn do thabhairt a cheanglóidh neach déanta an fhiosrúcháin air go dlíthiúil a thabhairt, no d'aon scríbhinn do thabhairt i láthair a cheanglóidh neach déanta an fhiosrúcháin air go dlíthiúil a thabhairt i láthair, no d'aon cheist do fhreagairt a cheanglóidh neach déanta an fhiosrúcháin air go dlithiúil a fhreagairt, no
(c) éinní eile do dhéanamh ba dhísbeagadh cúirte dá mba Chúirt Bhreithiúnais neach déanta an fhiosrúcháin agus comhacht aige chun daoine do chur i bpríosún mar gheall ar dhísbeagadh cúirte,
féadfaidh neach déanta an fhiosrúcháin cionta an duine sin do dheimhniú fé n-a láimh do Ard-Chúirt agus féadfaidh an Chúirt sin, tar éis pé fiosrú is oiriúnach léi do dhéanamh, an duine sin do phionósú no pé ní do dhéanamh is gá chun é do phionósú díreach fé is dá mbeadh sé ciontach sa Chúirt sin do dhísbeagadh.
5. Beidh teideal ag fínné i láthair fiosrúcháin a déanfar fén Acht so chun na saoirsí agus na bpríbhléidí céanna chun a mbeadh teideal aige dá mb'fhínné i láthair na hArd-Chúirte é.
6. Íocfaidh an Bord leis an Aire na costaisí uile fé n-a raghaidh an tAire chun an fhiosrúcháin do dhéanamh, agus isé an tAire shocróidh méid na gcostaisí sin agus ar é do bheith socruithe amhlaidh féadfaidh an tAire é do bhaint den Bhord mar fhiacha síbhialta in aon chúirt dlighinse inniúla.