Uimhir 40 de 1979
AN tACHT UM ÍOC PÁ, 1979
[An tiontú oifigiúil]
Léiriú.
1.—(1) San Acht seo—
folaíonn “cuntas” cuntas reatha agus cuntas taisce (cibé acu is faoin ainm sin nó mar thaisce nó in aon slí eile a thuairiscítear é);
ciallaíonn “Acht 1831” an Truck Act, 1831;
ciallaíonn “Acht 1874” an Hosiery Manufacture (Wages) Act, 1874;
ciallaíonn “Acht 1887” an Truck Amendment Act, 1887;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Saothair;
tá le “ceardchumann” an bhrí chéanna atá leis sna hAchtanna Ceardchumann, 1871 go 1975;
ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, ciallaíonn “pá”, seachas in alt 5 agus faoi réir fho-alt (2) den alt seo, aon mhéid ar pá é de réir bhrí agus chun críocha Acht 1831 nó Acht 1874.
(2) Beidh an éifeacht chéanna chun críocha an Achta seo le halt 10 d'Acht 1887 (a chuireann forálacha Acht 1831 agus an Achta chéadluaite chun feidhme maidir le heachtar-oibrithe nach bhfuil fostaithe go díreach) is atá leis chun críocha na nAchtanna sin, agus déanfar tagairtí san Acht seo do fhostaí, do fhostóirí agus do phá a fhorléiriú dá réir sin.
(3) Déanfar na tagairtí san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairtí don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán eile nó faoi.
Feidhmiú.
2.—Ní bhaineann an tAcht seo, seachas ailt 5 agus 8 (4), ach le fostaithe a mbaineann forálacha Acht 1831, nó forálacha an Achta sin arna leathnú le halt 10 d'Acht 1887, nó forálacha Acht 1874, le híoc a bpá.
Pá a íoc ar shlí seachas in airgead tirim.
3.—(1) D'ainneoin aon ní in aon achtachán eile, féadfaidh fostóir aon ionstraim nó modh íoca lena mbaineann an t-alt seo a úsáid chun pá a íoc le fostaí lena mbaineann an t-alt seo más rud é—
(a) (i) go ndéanfaidh an fostóir, agus—
(I) an fostaí, nó
(II) duine éigin eile a bheidh údaraithe i scríbhinn ag an bhfostaí síniú thar a cheann,
doiciméad a shíniú á shonrú gurb é an modh sin an modh íoca pá a úsáidfear, agus
(ii) go gcuirfidh an doiciméad in iúl go scoirfear den mhodh íoca sonraithe a úsáid—
(I) cibé uair a chinnfidh an fostóir agus an fostaí air sin, nó
(II) cibé am a shonrófar i bhfógra i scríbhinn a thabharfaidh ceachtar díobh don duine eile díobh nó, i gcás an doiciméad a bheith sínithe ag duine atá údaraithe faoin mír seo, a thabharfaidh an duine sin, nó duine éigin eile a bheidh ainmnithe i scríbhinn chun críocha an chlásail seo ag an bhfostaí lena mbaineann, don fhostóir, nó a thabharfaidh an fostóir don duine sin nó don duine eile sin, ach sin tráth nach lú ná ceithre sheachtain tar éis an lae ar a bhfaighfear an fógra,
nó
(b) (i) go mbeidh idir an fostóir nó eagraíocht fostóirí nó comhlacht eile daoine atá ionadaitheach d'fhostóirí (ar comhalta de an fostóir) agus aon cheardchumann nó aon chomhlacht eile daoine atá aitheanta chun críocha caibidlí comhargántaíochta ag an bhfostóir (agus ar comhalta de, i gceachtar cás, an fostaí) comhaontú i scríbhinn (cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis a rinneadh é) á fhoráil gurb é an modh sin a úsáidfidh an fostóir, nó, i gcás a mbeidh an comhaontú déanta thar ceann fostóirí is comhaltaí d'eagraíocht den sórt sin, nó de chomhlacht eile atá ionadaitheach amhlaidh, a úsáidfidh gach fostóir den sórt sin, chun pá a íoc lena fhostaithe is comhaltaí den cheardchumann nó den chomhlacht eile atá aitheanta amhlaidh, de réir mar a bheidh, agus
(ii) mura mbeidh foráil ann lena athbhreithniú go tréimhsiúil, go bhforálann an comhaontú go bhféadfaidh ceachtar páirtí ann deireadh a chur leis ach fógra i scríbhinn a thabhairt don pháirtí eile ann, agus
(iii) go mbeidh tréimhse an fhógra sin sonraithe sa chomhaontú agus gur tréimhse í nach lú ná ceithre sheachtain,
agus féadfar leanúint den mhodh íoca a úsáid a bheidh sonraithe i ndoiciméad faoin bhfo-alt seo nó i gcomhaontú den sórt sin go dtí go gcuirfear deireadh lena úsáid de réir fhomhír (ii) de mhír (a) den fho-alt seo nó faoi réim agus de réir an chomhaontaithe, de réir mar is iomchuí.
(2) Más rud é, díreach roimh dháta an Achta seo a rith, go raibh ionstraim nó modh íoca lena mbaineann an t-alt seo á úsáid chun pá a íoc, ansin, chun go bhféadfar leanúint de phá a íoc amhlaidh, measfar, más gá, doiciméad a chomhlíonann ceanglais fho-alt (1) den alt seo a bheith sínithe ag an bhfostóir agus ag an bhfostaí lena mbaineann i ndáil leis an modh íoca sin, agus i gcás a measfar faoin bhfo-alt seo doiciméad den sórt sin a bheith sínithe, féadfar leanúint sa chás áirithe den mhodh íoca a bhí á úsáid roimh dháta an Achta seo a rith a úsáid go dtí go gcuirfear deireadh lena úsáid ar shlí a shonraítear i gclásal (I) nó (II) d'fho-alt (1) (a) (ii) den alt seo.
(3) Baineann an t-alt seo leis na hionstraimí agus na modhanna íoca seo a leanas, is é sin le rá—
(a) seic, dréacht nó bille malairte eile de réir bhrí an Bills of Exchange Act, 1882;
(b) aon doiciméad arna eisiúint ag duine a choinníonn cuntas le Banc Ceannais na hÉireann nó ag sealbhóir cheadúnas arb é is aidhm dó, cé nach bille malairte den sórt sin é, a chur ar chumas duine íoc na suime a bheidh luaite sa doiciméad a fháil ón mbanc sin nó ón sealbhóir sin;
(c) aon dréacht is iníoctha ar éileamh arna tharraingt ag sealbhóir ceadúnais air féin, cibé acu is i bpríomh-oifig a bhainc nó in oifig éigin eile dá bhanc atá sé iníoctha;
(d) aon ordú poist nó ordú airgid arna eisiúint ag an Aire Poist agus Telegrafa nó aon doiciméad arna eisiúint ag oifigeach poiblí arb é is aidhm dó a chur ar chumas duine íoc na suime a bheidh luaite sa doiciméad a fháil ó Aire de chuid an Rialtais;
(e) aon doiciméad arna eisiúint ag duine a choinníonn cuntas le banc taisce iontaobhais arb é is aidhm dó íoc na suime a bheidh luaite sa doiciméad a fháil ón mbanc;
(f) aistriú creidmheasa;
(g) cibé ionstraim nó modh íoca eile a bheidh sonraithe de thuras na huaire i rialacháin arna ndéanamh ag an Aire tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire Airgeadais.
(4) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
(5) San alt seo—
ciallaíonn “caibidlí comhargántaíochta” caibidlí idir aon fhostóir, eagraíocht fostóirí nó comhlacht eile daoine atá ionadaitheach d'fhostóirí de thaobh amhain agus aon eagraíocht nó comhlacht eile daoine atá ionadaitheach d'fhostaithe den taobh eile, ar caibidlí iad a bhaineann le luach saothair fostaithe nó lena dtéarmaí nó lena gcoinníollacha eile fostaíochta, nó lena ndálaí oibre;
ciallaíonn “ceadúnas” ceadúnas arna dheonú ag Banc Ceannais na hÉireann faoi alt 9 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971;
ciallaíonn “banc taisce iontaobhais” banc taisce iontaobhais arna dheimhniú faoi na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1979.
Forálacha breise i dtaobh pá a íoc ar shlí seachas in airgead tirim.
4.—(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, i gcás a gceanglófar ar fhostaí lena mbaineann an t-alt seo oibriú in áit seachas a ghnáth-áit fostaíochta nó i gcás a mbeidh sé as láthair ón obair ar saoire nó le toiliú a fhostóra nó mar gheall ar bhreoiteacht, féadfar ionstraim nó modh íoca lena mbaineann alt 3 den Acht seo a úsáid chun pá an fhostaí a íoc d'ainneoin nár síníodh doiciméad de réir alt 3 (1) den Acht seo, nó nach bhfuil comhaontú i bhfeidhm den sórt dá dtagraítear san alt sin 3 (1) agus a bhaineann leis an gcás áirithe, de réir mar is iomchuí.
(2) (a) Féadfaidh fostaí lena mbaineann an t-alt seo, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt dá fhostóir, a cheangal ar an bhfostóir, fad a bheidh an fostaí—
(i) faoi cheangal oibriú in áit seachas a ghnáth-áit fostaíochta, nó
(ii) as láthair ón obair ar saoire nó le toiliú a fhostóra nó mar gheall ar bhreoiteacht,
a phá a íoc leis, nó a chur faoi deara é a íoc leis, in airgead tirim, agus i gcás fógra faoin bhfo-alt seo a bheith i bhfeidhm de thuras na huaire, ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo i ndáil leis an bhfostaí.
(b) Fanfaidh fógra faoi mhír (a) den fho-alt seo i bhfeidhm—
(i) go dtí go dtarraingeofar siar é trí fhógra i scríbhinn arna thabhairt don fhostóir lena mbaineann ag an bhfostaí lena mbaineann, nó
(ii) go dtí go scoirfidh an fostaí lena mbaineann de bheith fostaithe ag an bhfostóir lena mbaineann.
Ráitis áirithe a thabhairt d'fhostaithe i dtaobh tuarastail nó pá.
5.—(1) I gcás a ndéanfaidh fostóir suim a bhaint as méid aon íocaíochta tuarastail nó pá a thugann sé d'fhostaí, tabharfaidh sé, nó cuirfidh sé faoi deara go dtabharfar, don fhostaí ráiteas i scríbhinn a inseoidh méid comhlán an tuarastail nó an phá is iníoctha agus cineál agus méid na hasbhainte, agus i gcás a dtabharfar ráiteas den sórt sin amhlaidh, déanfaidh an fostóir áirithe cibé bearta réasúnacha is gá chun a áirithiú go ndéanfar an t-ábhar lena mbaineann an ráiteas, agus an ráiteas sula dtabharfar don fhostaí é, a choimeád faoi rún.
(2) Tabharfar ráiteas faoin alt seo don fhostaí lena mbaineann—
(a) más trí aistriú creidmheasa, nó ar aon mhodh íoca eile trína gcuirtear méid chun creidmheasa chuntas a bheidh sonraithe ag an bhfostaí, a thabharfar an íocaíocht iomchuí, a luaithe is féidir,
(b) más ar aon mhodh íoca eile a thabharfar an íocaíocht sin, tráth na híocaíochta a thabhairt.
(3) Is forálacha de bhreis ar ailt 2 (2) (b), 3 (2) (b) agus 6 (3) den Truck Act, 1896, agus ní forálacha in ionad na n-alt sin, na forálacha sin roimhe seo den alt seo.
(4) I gcás a dtabharfar ráiteas d'fhostaí ina bhfuil earráid nó easnamh sna sonraí a éilítear leis an alt seo, measfar go gcomhlíonann an ráiteas ceanglais an ailt seo má shuitear gur dearmad cléireachais ba chúis leis an earráid nó leis an easnamh nó gur de thionóisc agus de mheon macánta ar shlí eile a rinneadh an céanna.
(5) Tiocfaidh an t-alt seo i bhfeidhm cibé lá a shocróidh an tAire le hordú.
Toirmeasc ar asbhaintí áirithe.
6.—Ní dleathach d'fhostóir aon suim a bhaint as aon phá a íoctar le fostaí lena mbaineann an t-alt seo de bhíthin amháin gur ar shlí seachas in airgead tirim a íoctar é.
Téarmaí nó coinníollacha áirithe a bheith ar neamhní.
7.—Aon téarma nó coinníoll de chuid comhaontaithe lena gceanglaítear ar dhuine—
(a) chun críocha alt 3 den Acht seo, doiciméad dá dtagraítear san alt sin 3 a shíniú nó a údarú do dhuine eile é a shíniú thar a cheann,
(b) gan deireadh a chur le húsáid ionstraime nó modha íoca pá is ionstraim nó modh íoca a shonraítear san alt sin agus atá á úsáid chun pá a íoc le fostaí lena mbaineann an t-alt sin,
beidh sé ar neamhní.
Cosaint.
8.—(1) I gcás a ndéanfar ionstraim nó modh íoca lena mbaineann alt 3 den Acht seo a úsáid mar mhodh chun pá a íoc le fostaí lena mbaineann an t-alt seo, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:
(a) ní bhainfidh aon cheann de na hachtacháin seo a leanas le pá ar de réir an mhodha sin a íoctar é, eadhon, an Truck Act, 1743, alt 20 den County Works (Ireland) Act, 1846, nó alt 1 d'Acht 1874,
(b) ní dhéanfar aon chaingean ná imeachtaí eile dlí a thionscnamh faoi alt 4 d'Acht 1831 i leith pá ar de réir an mhodha sin a íoctar é ná i leith asbhaint dlíthiúil a chuirtear i gcuntas le linn an íocaíocht sin a bheith á ríomh,
(c) ní dhéanfar aon imeachtaí le haghaidh pionóis i leith íoc pá a dhéantar ar an modh sin a thionscnamh faoi alt 9 d'Acht 1831 ná faoi alt 3 d'Acht 1874.
(2) Chun críocha alt 9 d'Acht 1831 (faoinar cion é aon chonradh a dhéanamh nó aon íocaíocht a thabhairt a dhearbhaíonn an tAcht sin a bheith neamhdhleathach) beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:
(a) ní mheasfar—
(i) maidir le híocaíocht a thabharfar de bhun an Achta seo trí bhíthin ionstraim nó modh íoca lena mbaineann an tAcht seo, ná
(ii) maidir le doiciméad a shíniú de bhun alt 3 den Acht seo,
gur conradh nó íocaíocht iad a dearbhaíodh a bheith neamhdhleathach amhlaidh,
ná,
(b) ní mheasfar, maidir le conradh lena mbaineann alt 1 d'Acht 1831, gur conradh é a dearbhaíodh a bheith neamhdhleathach amhlaidh de bhíthin amháin go gcorpraíonn sé nó go bhfolaíonn sé ar dhóigh eile gach ceann nó aon cheann de na téarmaí atá i gcomhaontú dá dtagraítear in alt 3 (1) den Acht seo.
(3) (a) Fad a bheidh comhshocraíocht a thuairiscítear i bhfo-alt (1) d'alt 3 den Acht seo i bhfeidhm, nó, ag féachaint d'fho-alt (2) den alt sin, fad a bheidh sé intuigthe go bhfuil sí ann, nó
(b) fad a bheidh fógra faoi alt 4 den Acht seo i bhfeidhm,
ní bheidh éifeacht le halt 1 d'Acht 1874 maidir le haon íocaíocht pá, cibé acu is de bhun na comhshocraíochta nó nach ea a thabharfar í, a thabharfaidh an fostóir áirithe don fhostaí áirithe.
(4) Ní fhorléireofar aon ní in aon reacht dá dtagraítear san Acht seo mar ní a thoirmisceann, nó a thoirmisc riamh, ar fhostóir suim a bhaint as aon phá i gcás ina ndéanfar nó ina ndearnadh an asbhaint le toiliú an duine a mbeidh nó a raibh an pá iníoctha leis.
(5) In aon imeachtaí faoi alt 4 nó 9 d'Acht 1831 nó faoi alt 3 d'Acht 1874 is cosaint mhaith don chosantóir a chruthú gur chreid sé le réasún gur ionstraim nó modh íoca lena mbaineann alt 3 den Acht seo an modh a úsáideadh chun pá lena mbaineann na himeachtaí a íoc.
Gearrtheideal.
9.—Féadfar an tAcht um Íoc Pá, 1979, a ghairm den Acht seo.
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Bills of Exchange Act, 1882 | 1882, c. 61. |
County Works (Ireland) Act, 1846 | 1846, c. 2. |
Hosiery Manufacture (Wages) Act, 1874 | 1874, c. 48. |
Na hAchtanna Ceardchumann, 1871 go 1975 | |
Na hAchtanna um Bainc Thaisce Iontaobhais, 1863 go 1979 | |
Truck Act, 1743 | 1743, c. 8. |
Truck Act, 1831 | 1831, c. 37. |
Truck Amendment Act, 1887 | 1887, c. 46. |
Truck Act, 1896 | 1896, c. 44. |