[EN]

Uimhir 40 de 1980


[EN]

AN tACHT TOGHCHÁIN (LEASÚ) (UIMH. 2), 1980

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ ALT 14 DEN ACHT TOGHCHÁIN, 1963.

[23 Nollaig, 1980]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Leasú ar alt 14 den Acht Toghcháin, 1963.

1.—Leasaítear leis seo alt 14 den Acht Toghcháin, 1963

[EN]

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (1):

[EN]

“(b) má thagann athmheas dáilcheantar i bhfeidhm ar an Dáil a lánscor—

[EN]

(i) i gcás a mbeidh dáilcheantar nua ann ar athmheas den sórt sin a dhéanamh arb éard é nó ar cuid de an dáilcheantar dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo, don dáilcheantar nua sin,

[EN]

(ii) i gcás nach mbeidh dáilcheantar nua den sórt sin ann ar athmheas den sórt sin a dhéanamh, don dáilcheantar a bheidh sonraithe de thuras na huaire i ndearbhú faoin alt seo.”; agus

[EN]

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

[EN]

“(1A)  (a)  Más rud é, de bharr athmheas dáilcheantar a thiocfaidh i bhfeidhm ar an lánscor ar an Dáil is túisce a tharlóidh tar éis an athmheasa, nach féidir a mheas faoi fho-alt (1) den alt seo go bhfuil Cathaoirleach Dháil Éireann tofa don dáilcheantar dar comhalta den Dáil é ná do dháilcheantar nua a thuairiscítear i bhfomhír (i) d'fho-alt (1) (b) den alt seo, déanfaidh sé chun críocha an ailt seo dearbhú a shonróidh dáilcheantar.

[EN]

(b) Dáilcheantar a bheidh sonraithe i ndearbhú a dhéanfar faoin alt seo is dáilcheantar é a bheidh sonraithe san Acht lena bhforáiltear don athmheas agus a bhfolófar ann cuid den dáilcheantar dar comhalta den Dáil an duine a dhéanfaidh an dearbhú an tráth a dhéanfar an dearbhú.

[EN]

(c) Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le dearbhú a dhéanfar faoin alt seo:

[EN]

(i) beidh an dearbhú, a bheidh i scríbhinn, dírithe chuig Cléireach Dháil Éireann,

[EN]

(ii) cuirfidh Cathaoirleach Dháil Éireann, a dhéanfaidh an dearbhú, an dearbhú i bhfios do na comhaltaí den Dáil i cibé slí is cuí leis sna himthosca áirithe,

[EN]

(iii) déanfar an dearbhú,

[EN]

(I) i gcás ar Cathaoirleach ar Dháil Éireann an tráth a achtófar an tAcht chun athmheas a dhéanamh ar dháilcheantair an duine a dhéanfaidh é, a luaithe is féidir tar éis an achtaithe sin,

[EN]

(II) i gcás an duine a dhéanfaidh é a theacht chun bheith ina Chathaoirleach ar Dháil Éireann tar éis an tAcht sin a achtú, a luaithe is féidir tar éis dó teacht chun bheith ina Chathaoirleach ar Dháil Éireann, agus

[EN]

(iv) i gcás an duine a dhéanfaidh an dearbhú do scor de bheith ina Chathaoirleach ar Dháil Éireann roimh lánscor na Dála, scoirfidh an dearbhú d'éifeacht a bheith leis.”.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

2.—(1) Féadfar an tAcht Toghcháin (Leasú) (Uimh. 2), 1980, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Folóidh an comhlua “na hAchtanna Toghcháin, 1923 go 1980” an tAcht seo.


An tAcht dá dTagraítear

An tAcht Toghcháin, 1963

1963, Uimh. 19