[EN]

Uimhir 4 de 1953.


[EN]

AN tACHT UM NA CONNAUGHT RANGERS (PINSIN), 1953.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ NA nACHT UM NA CONNAUGHT RANGERS (PINSIN), 1936 AGUS 1948. [18ú Márta, 1953.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS :— [EN]

An Príomh-Acht.

1.—San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 (Uimh. 37 de 1936).

[EN]

Pinsin seirbhíse agus pinsin mhíchumais a mhéadú.

2.—(1) Déanfar pinsean lena mbaineann an t-alt seo a mhéadú caoga faoin gcéad.

[EN]

(2) Tosnóidh méadú faoin alt seo amhail ón lú lá d'Eanáir, 1953.

[EN]

(3) Baineann an t-alt seo—

[EN]

(a) le pinsean seirbhíse is iníoctha faoin bPríomh-Acht, agus

[EN]

(b) le pinsean míchumais is iníoctha amhlaidh.

[EN]

Fionraí d'fhorceannadh.

3.—(1) Athghairmtear leis seo fo-alt (1) d'alt 18 den Phríomh-Acht.

[EN]

(2) Beidh éifeacht ag an alt seo amhail ar an lú lá d'Eanáir, 1953, agus ón lá sin amach.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

4.—(1) Féadfar an tAcht um na Connaught Rangers (Pinsin), 1953, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchta um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 go 1953, a ghairm den na hAchta um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 agus 1948, agus den Acht seo le chéile.