[EN]

Uimhir 46 de 1933.


[EN]

ACHT UM CHONGNAMH DHÍOMHAOINTIS, 1933.


ACHT CHUN SOCRUITHE DO DHÉANAMH CHUN FÓIRTHNE AR DHAOINE DÍOMHAOINE AGUS CHUN NA SOCRÚ AIRGEADAIS AGUS EILE IS GÁ CHUIGE SIN DO DHÉANAMH. [16adh Mí na Samhna, 1933.] ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Roimhraiteach agus Generalta.

[EN]

Gearr-theideal.

1.—Féadfar an tAcht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933, do ghairm den Acht so.

[EN]

Mínithe.

2.—(1) San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an tAire” an tAire Tionnscail agus Tráchtála;

[EN]

cialluíonn an focal “orduithe” orduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.

[EN]

(2) Is baile-líomatáiste chun crícheanna an Achta so gach líomatáiste fé leith acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) gach contae-bhuirg,

[EN]

(b) buirg Dhún Laoghaire,

[EN]

(c) gach bailecheanntar go líon daoine (do réir an mhóráirimh dhaoine bheidh ina mhór-áireamh is déanaí den tsórt san de thurus na huaire) is mó ná seacht míle.

[EN]

Tosach feidhme.

3.—(1) Tiocfaidh an tAcht so (ach amháin an méid sin de údaruíonn do dhaoine deimhnithe cáilíochta d'iarraidh no congnamh díomhaointis d'iarraidh) i bhfeidhm díreach ar é do rith.

[EN]

(2) An méid sin den Acht so údaruíonn do dhaoine deimhnithe cáilíochta d'iarraidh tiocfa sé i bhfeidhm, maidir le gach bailelíomatáiste, pé lá ceapfar alos an líomatáiste sin le hordú ón Aire fén bhfo-alt so, agus féadfar laetheanta deifriúla do cheapadh amhlaidh maidir le baile-líomatáistí deifriúla no maidir le cuid de sna líomatáistí sin.

[EN]

(3) An méid sin den Acht so údaruíonn do dhaoine deimhnithe cáilíochta d'iarraidh tiocfa sé i bhfeidhm, maidir le gach páirt de Shaorstát Éireann nách cuid d'aon bhaile-líomatáiste, pé lá ceapfar le hordú ón Aire fén bhfo-alt so.

[EN]

(4) An méid sin den Acht so údaruíonn do dhaoine congnamh díomhaointis d'iarraidh tiocfa sé i bhfeidhm, maidir le gach bailelíomatáiste, pé lá ceapfar alos an líomatáiste sin le hordú ón Aire fén bhfo-alt so, agus féadfar laetheanta deifriúla do cheapadh amhlaidh maidir le baile-líomatáistí deifriúla no maidir le cuid de sna líomatáistí sin.

[EN]

(5) An méid sin den Acht so údaruíonn do dhaoine congnamh díomhaointis d'iarraidh tiocfa sé i bhfeidhm, maidir le gach páirt de Shaorstát Éireann nách cuid d'aon bhaile-líomatáiste, pé lá ceapfar le hordú ón Aire fén bhfo-alt so.

[EN]

(6) Is le haontú an Aire Airgid a déanfar gach ordú dhéanfaidh an tAire fén alt so.

[EN]

Míniú ar dhíomhaointeas.

4.—(1) Ní tuigfear duine do bheith díomhaoin do réir bhrí an Achta so—

[EN]

(a) aon lá oibríonn sé ar págh no ar luach saothair eile, pe'ca in airgead no in earraí no i slí eile ar bith a híocfar san, ná

[EN]

(b) i rith aon tréimhse is tréimhse fostaíochta do réir bhrí an ailt seo maidir leis an duine sin.

[EN]

(2) Chun crícheanna an Achta so déanfar dhá thréimhse dhíomhaointis nách giorra ná dhá lá an ceann, 'na mbeidh tréimhse eatorra nách sia ná dhá lá agus gur ceithre huaire fichead ar a mhéid a bheidh duine ar fostú le n-a linn, déanfar san d'áireamh mar thréimhse leanúnach dhíomhaointis maidir leis an duine sin, agus beidh brí dá réir sin leis an abairt “díomhaoin go leanúnach.”

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire, le rialacháin ar n-a ndéanamh aige fén Acht so, a ordú, go generálta no alos aon aicme no aicmí áirithe daoine no alos aon cheanntair no ceanntar áirithe, tréimhse ar bith do bheith ina tréimhse fostaíochta, agus dá réir sin ní déanfar duine ar bith den acime sin no bheidh ina chomhnaí sa cheanntar san d'áireamh, le linn na tréimhse fostaíochta san, mar dhuine díomhaoin do réir bhrí an Achta so.

[EN]

Cleithiúnaithe.

5.—Chun crícheanna an Achta so isiad na daoine seo leanas agus ní haon daoine eile is cleithiúnaithe aon duine áirithe, sé sin le rá:—

[EN]

(a) bean chéile an duine sin, i gcás í do bheith in éin-tigheas leis an duine sin agus gan í bheith ag obair (ar shlí seachas bheith ag gabháil dá gnáth-dhualgaisí tighe) de ghnáth ar págh no ar luach saothair eile agus sa chás san amháin, agus

[EN]

(b) fear céile an duine sin, i gcás é do bheith in éin-tigheas leis an duine sin agus á chothú ag an duine sin agus nách féidir do de dheascaibh laige cuirp no aigne é féin do chothú agus sa chás san amháin, agus

[EN]

(c) clann díomhaoin an duine sin (ar a n-áirmhítear leaschlann agus clann go ndearna sé no sí é féin no í féin do chur i loco parentis dóibh) ná fuil ocht mbliana déag slán acu agus gurb é an duine sin a dheineann iad do chothú ar fad no nách mór ar fad, agus

[EN]

(d) máthair an duine sin, i gcás an duine sin do ghabháil air féin a bheith freagarthach ina cothú agus gan seachtó blian do bheith slán aice ach gur baintreach í agus nách féidir di de dheascaibh laige cuirp no aigne í féin do chothú no gur breoiteacháin í féin agus a fear céile agus nách féidir dóibh de dheascaibh laige cuirp no aigne iad féin do chothú agus sa chás san amháin, agus

[EN]

(e) athair an duine sin, i gcás an duine sin do ghabháil air féin bheith freagarthach ina chothú agus gan seachtó blian do bheith slán aige ach gur breoiteachán é agus nách féidir do de dheascaibh laige cuirp no aigne é féin do chothú agus sa chás san amháin, agus

[EN]

(f) driotháracha agus driofúracha an duine sin atá ina ndílleachtaithe agus ná fuil ocht mbliana déag slán acu agus gurb é an duine sin a dheineann de ghnáth iad do chothú no go bhfuil ocht mbliana déag slán acu agus ná fuil seachtó blian slán acu ach nách féidir dóibh, de dheascaibh laige cuirp no aigne, iad féin do chothú agus gurb é an duine sin a dheineann de ghnáth iad do chothú.

[EN]

Oifigigh um chongnamh dhíomhaointis.

6.—(1) Féadfaidh an tAire, le ceadú an Aire Airgid, pé daoine agus pé méid daoine is dóich leis is ceart do cheapadh chun bheith ina n-oifigigh um chongnamh dhíomhaointis chun crícheanna an Achta so, agus beidh gach duine ceapfar amhlaidh i seilbh a oifige mar oifigeach den tsórt san ar pé téarmaí agus coinníollacha, agus ar pé luach saothair, a chinnfidh an tAire le ceadú an Aire Airgid.

[EN]

(2) Féadfar, le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so, a ordú, fé réir forálacha an Achta so, cadé an cleachta agus an nós-imeachta gur dá réir a dhéanfaidh oifigigh um chongnamh dhíomhaointis feidhmiú ar a bhfeidhmeanna fén Acht so.

[EN]

(3) San Acht so cialluíonn an abairt “oifigeach um chongnamh dhíomhaointis” oifigeach um chongnamh dhíomhaointis ar n-a cheapadh fén alt so.

[EN]

Rialacháin.

7.—(1) Féadfaidh an tAire le hordú rialacháin do dhéanamh ag ordú éinní no aon ruda dá dtagartar san Acht so mar ní no mar rud atá orduithe no le hordú no ag ordú éinní no aon ruda a húdaruítear go soiléir leis an Acht so a ordú le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so.

[EN]

(2) Féadfar, le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén alt so ag ordú fuirme iarratais chun críche ar bith fén Acht so, a cheangal ar an iarratasóir na ráitisí uile no aon cheann de sna ráitisí dhéanfaidh sa bhfuirm sin d'fhíorú le dearbhú reachtúil.

[EN]

(3) Gach rialachán a déanfar fén Acht so leagfar é fé bhráid gach Tighe den Oireachtas chó luath agus is féidir é tar éis a dhéanta, agus má dheineann ceachtar Tigh den Oireachtas, laistigh den lá is fiche shuidhfidh an Tigh sin tar éis an rialacháin sin do leagadh fé n-a bhráid, rún do rith ag cur an rialacháin sin ar nea-mbrí, beidh an rialachán san curtha ar nea-mbrí dá réir sin, ach beidh san gan dochar do dhleathacht éinní do rinneadh roimhe sin fén rialachán san.

[EN]

Oifigigh um chongnamh dhíomhaointis, etc., do thógaint dearbhú reachtúil.

8.—Má dheineann aon rialacháin a déanfar fén alt deiridh sin roimhe seo a cheangal ar an iarratasóir fíorú do dhéanamh le dearbhú reachtúil ar na ráitisí uile no ar aon cheann de sna ráitisí dhéanfaidh i bhfuirm iarratais a bheidh orduithe leis na rialacháin sin chun críche ar bith fén Acht so, féadfaidh oifigeach um chongnamh dhíomhaointis no aon oifigeach eile don Aire go n-údarás ón Aire chuige sin an dearbhú reachtúil sin do thógaint agus do ghlacadh.

CUID II.

Deimhnithe Cailiochta.

[EN]

An Coiste Athchomharc Díomhaointis.

9.—(1) Chó luath agus bheidh caoi ann chuige sin tar éis an Achta so do rith bunóidh an tAire Coiste Athchomharc Díomhaointis chun crícheanna na Coda so den Acht so.

[EN]

(2) Beidh ar an gCoiste Athchomharc Díomhaointis pé daoine agus pé méid daoine is rogha leis an Aire o am go ham a cheapadh chun bheith ina mbaill de.

[EN]

(3) Féadfar, le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so, a ordú cadé an tsealbhuíocht agus an ré oifige bheidh ag baill den Choiste Athchomharc Díomhaointis agus cadé an cleachta agus an nós-imeachta gur dá réir a dhéanfaidh an Coiste sin feidhmiú ar a bhfeidhmeanna fén Acht so.

[EN]

Deimhnithe cáilíochta.

10.—(1) Féadfaidh duine ar bith, fé réir forálacha an ailt so, deimhniú cáilíochta d'iarraidh sa tslí orduithe.

[EN]

(2) Má iarrann duine deimhniú cáilíochta go cuibhe agus é de thurus na huaire i dteideal fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo san d'iarraidh agus má thaisbeánann an duine sin sa tslí orduithe go bhfuil sé do réir na gcoinníollacha, sa mhéid go mbainid leis an gcás, a luaidhtear sa chéad fho-alt ina dhiaidh seo den alt so beidh an duine sin i dteideal deimhnithe d'fháil (dá ngairmtear deimhniú cáilíochta san Acht so) á dheimhniú é do bheith do réir na gcoinníollacha san.

[EN]

(3) Isiad na coinníollacha dá dtagartar sa bhfo-alt san roimhe seo den alt so mar na coinníollacha nách foláir do dhuine bheith dá réir agus é ag iarraidh deimhnithe cháilíochta ná:—

[EN]

(a) gur náisiúnach de Shaorstát Éireann é;

[EN]

(b) go bhfuil ocht mbliana déag slán aige ach ná fuil seachtó blian slán aige;

[EN]

(c) ná fuil a acfuinn, ar n-a háireamh do réir an Achta so, níos mó, i gcás gur i gcontae-bhuirg no i mbuirg Dhún Laoghaire atá comhnaí air, ná dhá phúnt chaogad no, i gcás gur in aon áit eile i Saorstát Éireann atá comhnaí air, naoi bpúnt triochad sa bhliain;

[EN]

(d) i gcás mná pósta—

[EN]

(i) go bhfuil a fear céile mar chleithiúnaí dhi, no

[EN]

(ii) ná fuil sí féin na a fear céile mar chleithiúnaí don duine eile agus go bhfuil cleithiúnaí no níos mó aice sin:

[EN]

(e) i gcás baintrighe no mná single, go bhfuil cleithiúnaí no níos mó aice;

[EN]

(f) i gcás baintrighe no mná single ná fuil aon chleithiúnaí aice, nách lugha ná dhá shíntiús chaogad a híocadh ina taobh, fé sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1930, mar a leasuítear san le haon achtachán ina dhiaidh sin, i rith na tréimhse de cheithre bliana díreach roimh dháta an iarratais.

[EN]

(4) Is sa bhfuirm orduithe bheidh gach deimhniú cáilíochta agus luadhfar ann cad is ráta seachtainiúil, do réir an ráta bhliantúla ar n-a áireamh san do réir an Achta so, d'acfuinn an duine le n-a mbaineann an deimhniú san.

[EN]

(5) Ní dhéanfaidh duine ar bith aon deimhniú cáilíochta d'iarraidh mara dtagaidh an méid sin den Acht so, údaruíonn do dhaoine deimhnithe cáilíochta d'iarraidh, mara dtagaidh ná go dtí go dtiocfaidh an méid sin i bhfeidhm maidir leis an líomatáiste gur laistigh de chomhnuíonn an duine sin.

[EN]

(6) Chun crícheanna an ailt seo is náisiúnach de Shaorstát Éireann gach duine acu so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) duine do rugadh i Saorstát Éireann no sa líomatáiste gurb é Saorstát Éireann anois é;

[EN]

(b) duine do rugadh lasmuich de Shaorstát Éireann no den líomatáiste gurb é Saorstát Éireann anois é ach gur i Saorstát Éireann no sa líomatáiste sin do bhí gnáthchomhnaí ar a mháthair nuair do rugadh an duine sin;

[EN]

(c) duine bheidh ina ghnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann le linn an ama bhaineann leis an gcás agus a bheidh tar éis bheith ina ghnáth-chomhnaí i Saorstát Éireann ar feadh cúig mblian ar a laighead as a chéile díreach roimh an am san.

[EN]

Breith do thabhairt ar iarrataisí ar dheimhnithe cáilíochta.

11.—(1) Isé dhéanfaidh gach iarratas ar dheimhniú cáilíochta do ghlacadh agus do bhreithniú, agus isé bhéarfaidh breith ar gach iarratas den tsórt san agus ar gach ceist eireoidh ina thaobh, ná oifigeach um chongnamh dhíomhaointis, agus gach ceist eireoidh maidir le deimhniú cáilíochta tar éis an deimhnithe sin do thabhairt amach is oifigeach um chongnamh dhíomhaointis do bhéarfaidh breith uirthi sin freisin.

[EN]

(2) Féadfaidh oifigeach um chongnamh dhíomhaointis, más dóich leis san do bheith ceart, aon iarratas no ceist a thiocfaidh fé n-a bhráid chun breithe do thabhairt air fén alt so do chur ar aghaidh chun an Choiste Athchomharc Díomhaointis sa tslí orduithe in ionad é féin do thabhairt breithe air.

[EN]

(3) Einne ar a ngoillfe sé oifigeach um chongnamh dhíomhaointis do dhiúltú do ghéilleadh d'iarratas ón duine sin ar dheimhniú cáilíochta no ar a ngoillfidh an bhreith do bhéarfaidh oifigeach um chongnamh dhíomhaointis fén alt so ar aon chúrsa, féadfaidh, laistigh de lá is fiche tar éis an diúltuithe sin do dhéanamh no na breithe sin do thabhairt no laistigh de pé am breise (más ann do) a lomhálfaidh an tAire i gcás an duine sin, agus sa tslí orduithe, a cheangal ar an oifigeach san an diúltú no an bhreith sin do thuairisciú don Choiste Athchomharc Díomhaointis agus leis sin déanfaidh an t-oifigeach san an diúltú no an bhreith sin do thuairisciú don Choiste sin sa tslí orduithe.

[EN]

(4) Déanfaidh an Coiste Athchomharc Díomhaointis gach iarratas, ceist agus breith a cuirfear ar aghaidh chúcha no tuairisceofar dóibh fén alt so do bhreithniú sa tslí orduithe agus cinneadh ina thaobh agus beidh cinneadh an Choiste sin, maidir le haon iarratas, ceist no breith den tsórt san, ina chinneadh dheiridh gan aon dul thairis.

[EN]

Deimhnithe cáilíochta do cheiliúradh agus do leasú.

12.—(1) Pé uair a scuirfidh duine is sealbhóir ar dheimhniú cáilíochta de bheith do réir na gcoinníollacha luaidhtear sa deimhniú san, beidh éifeacht ag na forálacha so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) déanfaidh an sealbhóir sin laistigh de sheacht lá tar éis an scurtha san an scur san agus an chúis do bhí leis do chur in úil d'oifigeach um chongnamh dhíomhaointis;

[EN]

(b) má thárlann don tsealbhóir sin go dteipfidh air no go dtabharfaidh faillí maidir le déanamh do réir forálacha na míre deiridh sin roimhe seo beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fineáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air agus, i gcás cionta leanúnaigh, fíneáil bhreise ná raghaidh thar dhá phúnt in aghaidh gach lae leanfar den chionta.

[EN]

(2) Pé uair is deimhin le hoifigeach um chongnamh dhíomhaointis go bhfuil duine is sealbhóir ar dheimhniú cáilíochta tar éis scur de bheith do réir na gcoinníollacha luaidhtear sa deimhniú san, déanfaidh an deimhniú san do cheiliúradh agus beidh éifeacht ag an gceiliúradh san o dháta an scurtha san.

[EN]

(3) Pé uair is deimhin le hoifigeach um chongnamh dhíomhtaointis—

[EN]

(a) gur tré chalaois no tré chamthuairisc chalaoisigh do fuarthas deimhniú cáilíochta, no

[EN]

(b) gur tré aon chamthuairisc neamh-urchóidigh no dearmhad bona fide eile do fuarthas no do tugadh amach deimhniú cáilíochta,

[EN]

déanfaidh an t-oifigeach san um chongnamh dhíomhaointis an deimhniú san do cheiliúradh agus beidh éifeacht ag an gceiliúradh san o dháta an deimhnithe sin do thabhairt amach i gcás an deimhnithe sin d'fháil tré chalaois no tré chamthuairisc chalaoisigh no o dháta an cheiliúrtha in aon chás eile.

[EN]

(4) Pé uair is deimhin le hoifigeach um chongnamh dhíomhaointis go bhfuil méid acfuinne duine is sealbhóir ar dheimhniú cáilíochta tar éis atharú o tugadh amach an deimhniú san, ach ná fuil an acfuinn sin níos mó, i gcás gur i gcontae-bhuirg no i mbuirg Dhún Laoghaire atá comhnaí ar an duine sin, ná dhá phúnt chaogad no, i gcás gur in aon áit eile i Saorstát Éireann atá comhnaí ar an duine sin, naoi bpúnt triochad sa bhliain, féadfaidh an t-oifigeach san um chongnamh dhíomhaointis an deimhniú san do leasú i pé slí is gá.

[EN]

(5) Pé uair a déanfar deimhniú cáilíochta do cheiliúradh fén alt so de bhithin an deimhnithe sin d'fháil tré chalaois no tré chamthuairisc chalaoisigh beidh an duine dar tugadh amach an deimhniú san dí-cháilithe, go ceann sé mhí tar éis an cheiliúrtha san, chun deimhnithe cháilíochta d'fháil no do shealbhú.

[EN]

(6) Pé uair a dhéanfaidh oifigeach um chongnamh dhíomhaointis deimhniú cáilíochta do cheiliúradh no do leasú fén alt so, ansan, an duine ba shealbhóir ar an deimhniú san díreach roimh an gceiliúradh san no le linn an leasuithe sin féadfaidh, laistigh de lá is fiche tar éis an cheiliúrtha no an leasuithe sin no laistigh de pé am breise (más ann do) a lomhálfaidh an tAire i gcás an duine sin, agus sa tslí orduithe, a cheangal ar an oifigeach san an ceiliúradh san no an leasú san (pe'ca aca é) do thuairisciú don Choiste Athchomharc Díomhaointis, agus leis sin tuairisceoidh an t-oifigeach san an ceiliúradh san no an leasú san don Choiste sin sa tslí orduithe agus breithneoidh an Coiste sin an céanna.

[EN]

(7) Déanfaidh an Coiste Athchomharc Díomhaointis gach ceiliúradh no leasú tuairisceofar dóibh fén alt so do bhreithniú sa tslí orduithe, agus féadfaid, do réir mar is dóich leo is ceart, aon cheiliúradh den tsórt san do dhaingniú, no é do chur ar neambrí agus féadfaid, do réir mar is dóich leo is ceart, aon leasú den tsórt san do dhaingniú, no é do chur ar nea-mbrí, no é d'atharú, agus i ngach cás den tsórt san beidh breith an Choiste sin ina breith dheiridh gan aon dul tháirsi.

[EN]

(8) Má ceiliúrtar deimhniú cáilíochta déanfaidh sealbhóir an deimhnithe sin, ar n-a éileamh san air d'oifigeach um chongnamh dhíomhaointis, an deimhniú san do sheachadadh láithreach don oifigeach san agus coimeádfaidh seisean é.

[EN]

(9) Gach duine dá dtárlóidh, ar oifigeach um chongnamh dhíomhaointis d'éileamh air fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo a dheimhniú cáilíochta do sheachadadh, é do theip air an deimhniú san do sheachadadh láithreach don oifigeach san beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar fiche púnt do chur air.

[EN]

(10) Má ciontuítear duine i gcionta fén alt so féadfaidh an chúirt a chiontóidh é, más gá san sa chás, pé ordú do dhéanamh, is ceart dar leis an gcúirt, chun a chur in áirithe go ndéanfar an deimhniú cáilíochta gur ina thaobh do rinneadh an cionta san do sheachadadh d'oifigeach um chongnamh dhíomhaointis.

[EN]

Acfuinn daoine d'áireamh.

13.—(1) Nuair a bheidh acfuinn duine á háireamh chun crícheanna an Achta so isiad na nithe seo leanas agus ní haon nithe eile tuigfear is acfuinn an duine sin, sé sin le rá:—

[EN]

(a) luach bliantúil, ar n-a dhéanamh amach sa tslí orduithe, na maoine uile is leis an duine sin (nách maoin a bhíonn á húsáid aige féin) agus a bheidh suncálta no curtha chun tairbhe ar shlí eile no is féidir do shuncáil no do chur chun tairbhe ach ná beidh san déanta léi;

[EN]

(b) gach ioncum go bhféadfaidh an duine sin go réasúnta súil a bheith aige le n-a fháil in airgead i rith na bliana ina dhiaidh sin, agus áireamhófar air sin méid no méid mheasta aon ioncuim go bhféadfaidh an duine sin go réasúnta súil a bheith aige le n-a fháil i rith na bliana san ina dhiaidh sin mar cheann an teaghlaigh, pe'ca i bhfuirm síntiúisí mar chabhair in aghaidh caiteachaisí an teaghlaigh no ar shlí eile é, ach fágfar gan áireamh—

[EN]

(i) aon ioncum no airgead le n-a mbaineann aon mhír eile den fho-alt so,

[EN]

(ii) an t-airgead uile bheidh á thuilleamh ag an duine sin alos fostaíochta pearsanta i láthair na huaire fé chonnradh seirbhíse,

[EN]

(iii) aon airgead do gheobhfar i bhfuirm sochair fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1933,

[EN]

(iv) aon airgead do gheobhfar i bhfuirm sochair dhíomhaointis fé sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1930,

[EN]

(v) aon airgead do gheobhfar i bhfuirm chongnaimh dhíomhaointis fén Acht so,

[EN]

(vi) aon airgead do gheobhfar i bhfuirm chongnaimh theaghlaigh;

[EN]

(c) luach bliantúil, ar n-a dhéanamh amach sa tslí orduithe, aon bhuntáiste bhíonn ag an duine sin as úsáid mhaoine (seachas troscán agus áirnéis phearsanta) bhíonn á húsáid aige féin;

[EN]

(d) gach ioncum maraon le luach bliantúil, ar n-a dhéanamh amach sa tslí orduithe, na maoine uile le n-ar scar an duine sin go díreach no go nea-dhíreach chun go mbeadh sé cáilithe chun congnaimh dhíomhaointis d'fháil;

[EN]

(e) luach bliantúil aon tsochair no príbhléide bhíonn ag an duine sin.

[EN]

(2) Chun crícheanna míre (b) den fho-alt deiridh sin roimhe seo tuigfear, i gcás nách féidir ioncum duine do dhéanamh amach i slí eile, gurb é is ioncum an duine sin ná an t-ioncum do fuarthas i rith na bliana díreach roimh dháta an áirimh.

CUID III.

Congnamh Diomhaointis.

[EN]

Ceart chun congnaimh dhíomhaointis d'fháil.

14.—(1) Duine ar bith is sealbhóir ar dheimhniú cáilíochta feadfaidh, fé réir forálacha an ailt seo, congnamh díomhaointis d'iarraidh sa tslí orduithe.

[EN]

(2) Má dheineann duine congnamh díomhaointis d'iarraidh go cuibhe agus an duine sin i dteideal de thurus na huaire, fén bhfo-alt deiridh sin roimhe seo, san d'iarraidh, agus má dheineann an duine sin a dheimhniú cáilíochta do sheachadadh d'oifigeach um chongnamh dhíomhaointis agus a chur ina luighe ar an oifigeach san sa tslí orduithe go bhfuil sé do réir ná gcoinníollacha reachtúla, beidh an duine sin, faid a leanfa sé de bheith do réir na gcionníollacha reachtúla agus ná beidh sé dí-cháilithe fén Acht so chun congnaimh dhíomhaointis d'fháil, i dteideal, fé réir forálacha an Achta so, íocaíochtaí (dá ngairmtear congnamh díomhaointis san Acht so) d'fháil sna tráthanna, sa tslí agus do réir an ráta ceaptar leis an Acht so no ceapfar fé.

[EN]

(3) Ní dhéanfaidh duine ar bith aon chongnamh díomhaointis d'iarraidh mara dtagaidh an méid sin den Acht so, údaruíonn do dhaoine congnamh díomhaointis d'iarraidh, mara dtagaidh ná go dtí go dtiocfaidh an méid sin i bhfeidhm maidir leis an líomatáiste gur laistigh de chomhnuíonn an duine sin.

[EN]

(4) Nuair a bheidh duine ag fáil chongnaimh dhíomhaointis de thurus na huaire déanfar deimhniú cáilíochta an duine sin do choimeád, ar feadh an ama orduithe agus sa tslí orduithe, san áit orduithe.

[EN]

Na coinníollacha reachtúla.

15.—(1) Gairmtear na coinníollacha reachtúla san Acht so de sna coinníollacha so leanas, coinníollacha bheidh, fé réir forálacha an Achta so (ar a n-áirmhítear an t-alt so), mar na coinníollacha nách foláir do shealbhóir ar dheimhniú cáilíochta bheith dá réir d'fhonn bheith i dteideal congnaimh dhíomhaointis d'fháil, sé sin le rá:—

[EN]

(a) gur duine é an sealbhóir sin a chruthuíonn sa tslí orduithe go raibh sé díomhaoin ar feadh na haimsire go léir ón dáta ar ar iarr sé congnamh díomhaointis;

[EN]

(b) gur duine é an sealbhóir sin atá ábalta ar obair do dhéanamh agus atá ar fáil i gcóir fostaíochta do bheadh oiriúnach do, ag féachaint dá aois, dá inscin, dá neart cuirp, dá oideachas, dá ghnáth-shlí bheatha, dá áit chomhnaithe agus do chúrsaí a líntighe, agus atá ag lorg fostaíochta den tsaghas san dáiríribh ach atá gan bheith ábalta ar a leithéid d'fháil;

[EN]

(c) o tugadh amach a dheimhniú cáilíochta don duine sin ná dearna sé aon rud agus nár thárla aon atharú i gcúrsaí a cháis ná aon teagmhas eile do dhéanfadh an deimhniú san nea-dhleathach no do chuirfeadh an duine sin o theideal chun an deimhnithe sin do shealbhú;

[EN]

(d) más duine é ar ar cheangal oifigeach um chongnamh dhíomhaointis go cuibhe cúrsa teagaisc d'fhreastal a bhí ceaptha no ceaduithe le rialacháin ar n-a ndéanamh fén gCuid seo den Acht so, go mbeidh sé tar éis an chúrsa san d'fhreastal go cuibhe do réir an cheangail sin;

[EN]

(e) i gcás duine bheidh ag iarraidh congnaimh dhíomhaointis i mbaile-líomatáiste gur duine é do bhí ina ghnáthchomhnaí sa bhaile-líomatáiste sin ar feadh bliana ar a laighead roimh dháta an iarratais is déanaí uaidh ar chongnamh dhíomhaointis no do bhí ag obair ar feadh trí mhí ar a laighead sa bhaile-líomatáiste sin laistigh de bhliain roimh dháta an iarratais sin is déanaí;

[EN]

(f) i gcás baintrighe no mná single ná fuil aon chleithiúnaí aice, gur duine í nár híocadh níos lugha ná dhá shintiús chaogad ina taobh fé sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1930, mar a leasuítear san le haon achtachán ina dhiaidh sin, i rith na tréimhse de cheithre bliana díreach roimh dháta a hiarratais ar chongnamh dhíomhaointis.

[EN]

(2) Ní tuigfear é do theip ar dhuine bheith do réir na gcoinníollacha reachtúla de bhithin é do dhiúltú do thairiscint fhostaíochta do ghlacadh i bpost do bhí folamh mar gheall ar stopadh oibre toisc aighnis chéirde agus de bhithin an diúltuithe sin amháin.

[EN]

Dí-cháilíochtaí maidir le congnamh díomhaointis d'fháil.

16.—(1) Beidh duine dí-cháilithe chun congnaimh dhíomhaointis d'fháil—

[EN]

(a) faid a bheidh sé ina chomhnaí, pe'ca go sealadach no go buan é, lasmuich de Shaorstát Éireann, agus

[EN]

(b) faid a bheidh sé fé phríosúntacht no fé choinneáil in aon phríosún no áit choinneála eile coimeádtar suas ar fad no go leathrannach as cistí puiblí, agus

[EN]

(c) faid a bheidh sé ina iostaí in aon fhundúireacht a coimeádtar suas ar fad no go leathrannach as airgead puiblí no as airgead údaráis áitiúla, agus

[EN]

(d) faid a bheidh sé ag fáil no i dteideal pinsin fé alt 6 d'Acht na bPinsean Sean-Aoise, 1932 (Uimh. 18 de 1932), no aon liúntais bhreoiteachta no mhí-ábaltachta fé sna hAchtanna um Arachas Sláinte Náisiúnta, 1911 go 1933, no sochair dhíomhaointis fé sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1930, no aon tsochair fé scéim speisialta fé alt 18 den Unemployment Insurance Act, 1920, no fé alt 19 den Acht san no fé scéim bhreise fé alt 20 den Acht san.

[EN]

(2) Má chailleann duine a fhostaíocht tré n-a mhí-iompar féin no má fhágann sé a fhostaíocht dá dheoin féin gan cúis chóir, ansan—

[EN]

(a) i gcás an duine sin do bheith ina shíntiúsaire fé árachas fé sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1930, agus é do bheith i dteideal sochair dhíomhaointis ar dhul in éag don tréimhse dhí-cháilíochta chun sochair dhíomhaointis d'fháil a socruítear le fo-alt (2) d'alt 8 den Unemployment Insurance Act, 1920, beidh an duine sin dí-cháilithe chun congnaimh dhíomhaointis d'fháil ar feadh na tréimhse gur le n-a linn a bheidh sé dí-cháilithe chun sochair dhíomhaointis d'fháil agus fós ar feadh na tréimhse de shé seachtaine o dháta dhul in éag dá cheart chun sochair dhíomhaointis d'fháil, agus

[EN]

(b) in aon chás eile, beidh an duine sin dí-cháilithe chun congnaimh dhíomhaointis d'fháil ar feadh na tréimhse de thrí mhí ón dáta ar ar chaill sé a fhostaíocht no ar ar fhág sé amhlaidh í.

[EN]

(3) Má ciontuítear duine in aon chionta fé alt ar bith den Acht so, beidh an duine sin dí-cháilithe chun congnaimh dhíomhaointis d'fháil ar feadh na tréimhse de thrí mhí, no ar feadh pé tréimhse is giorra ná san (nách giorra ná sé seachtaine) a hordófar, o dháta a chiontuithe amhlaidh.

[EN]

(4) Má ciontuítear duine in aon choir no in aon chionta (seachas cionta fé alt den Acht so) agus má deintear, ar a chiontú amhlaidh, príosúntacht ar feadh aon téarma nách giorra ná coicís do ghearradh air, beidh an duine sin dí-cháilithe chun congnaimh dhíomhaointis d'fháil ar feadh na tréimhse de thrí mhí o dháta a chiontuithe amhlaidh no ar feadh tréimhse a phríosúntachta, pe'ca tréimhse acu san is sia.

[EN]

(5) Duine chaillfidh fostaíocht de dheascaibh stopadh oibre toisc aighnis chéirde sa mhonarchain, sa siopa oibre no san áitreabh eile ina mbeidh sé ar fostú, beidh sé dí-cháilithe chun congnaimh dhíomhaointis d'fháil faid a leanfaidh an stopadh oibre ach amháin i gcás ina dtiocfa sé, le linn an stopadh oibre, chun bheith ar fostú bona fide in áit eile sa tslí bheatha leanann sé de ghnáth no ina dtiocfa sé chun bheith ag gabháil de ghnáth d'obair éigin eile.

[EN]

Má bhíonn brainsí oibre ar leithligh, is gnáth do bheith ar siúl mar ghnóthaí ar leithligh in áitreibh ar leithligh, má bhíd, in aon chás, ar siúl i ranna ar leithligh den áitreabh chéanna tuigfear, chun crícheanna an fho-ailt seo, gach roinn acu san do bheith ina monarchain no ina siopa oibre ar leithligh no ina háitreabh ar leithligh, do réir mar bheidh.

[EN]

(6) San alt so foluíonn an focal “príosúntacht” piantseirbhís.

[EN]

Rátaí congnaimh dhíomhaointis.

17.—(1) San alt so cialluíonn an abairt “ráta sceidealta” an ráta congnaimh dhíomhaointis a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so agus a bhaineann, toisc cúrsaí an cháis de thurus na huaire, leis an duine gur ina thaobh a húsáidtear an abairt.

[EN]

(2) Pé uair a bheidh duine i dteideal, fén Acht so, congnaimh dhíomhaointis d'fháil bhéarfar an congnamh san do i bhfuirm íocaíochta airgid do réir pé ráta acu so leanas a bhaineann leis an gcás, sé sin le rá:—

[EN]

(a) má bhíonn sé gan acfuinn ar bith no má bhíonn acfuinn aige nách mó ná dhá scilling sa tseachtain, do réir an ráta sceidealta; agus

[EN]

(b) má bhíonn acfuinn aige is mó ná dhá scilling sa tseachtain, do réir ráta is có-ionann leis an ráta sceidealta ar n-a laigheadú scilling sa tseachtain in aghaidh gach scillinge no coda de scilling gur mó ná dhá scilling sa tseachtain acfuinn an duine sin.

[EN]

(3) Pé uair, agus an ráta á áireamh gur dá réir a bheidh congnamh díomhaointis iníoctha le duine, a bheidh an méid seachtainiúil a bheidh an ráta sceidealta le laigheadú có-ionann le méid seachtainiúil an ráta sceidealta no níos mó ná an méid sin, ní bheidh aon chongnamh díomhaointis iníoctha leis an duine sin.

[EN]

(4) Tuigfear gurb í is acfuinn duine ar bith chun críche an ailt seo ná acfuinn an duine sin fé mar bheidh san luaidhte sa deimhniú cáilíochta bheidh aige de thurus na huaire.

[EN]

Na rátaí congnaimh dhíomhaointis d'atharú.

18.—Féadfaidh an tAire, le haontú an Aire Airgid, laigheadú do dhéanamh le hordú, aon tráth no tráthanna, ar gach ceann no ar aon cheann de sna rátaí congnaimh dhíomhaointis a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so no bheidh laigheaduithe cheana fén alt so, agus má deintear aon ordú den tsórt san amhlaidh déanfar gach tagairt san Acht so do sna rátaí congnaimh dhíomhaointis a luaidhtear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so do léiriú mar thagairt do sna rátaí sin go sna laigheaduithe agus fé réir na laigheaduithe ar na rátaí sin fén alt so bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire.

[EN]

Congnamh díomhaointis d'íoc.

19.—Beidh éifeacht ag na forálacha so leanas maidir le congnamh díomhaointis d'íoc, sé sin le rá:—

[EN]

(a) ní bheidh aon chongnamh díomhaointis iníoctha alos na sé lá tosaigh de dhíomhaointeas leanúnach in aon tréimhse leanúnaigh dhíomhaointis;

[EN]

(b) ní híocfar aon chongnamh díomhaointis in aghaidh aon tréimhse is giorra ná lá;

[EN]

(c) chun crícheanna na Coda so den Acht so ní déanfar aon am, roimh dhéanamh iarratais ar chongnamh dhíomhaointis alos tréimhse áirithe díomhaointis, d'áireamh mar thréimhse dhíomhaointis ná mar chuid de thréimhse dhíomhaointis;

[EN]

(d) ní déanfar aon am, go mbeidh duine dí-cháilithe ar a feadh chun congnaimh dhíomhaointis d'fháil, d'áireamh nuair a bheidh aon tréimhse bhí an duine sin díomhaoin á déanamh amach;

[EN]

(e) fé réir forálacha an Achta so (ar a n-áirmhítear an t-alt so) is ar na tráthanna orduithe agus sa tslí orduithe a híocfar congnamh díomhaointis.

[EN]

Breith do thabhairt ar iarrataisí ar chongnamh dhíomhaointis.

20.—(1) Isé dhéanfaidh gach iarratas ar chongnamh dhíomhaointis do ghlacadh agus do bhreithniú ná oifigeach um chongnamh dhíomhaointis, agus gach iarratas den tsórt san agus gach ceist eireoidh ina thaobh no maidir leis (le n-a n-áirmhítear go sonnrách an cheist sin, an rabhthas do réir na gcoinníollacha reachtúla no an bhfuiltear ag leanúint de bheith dá réir, agus an cheist sin, an bhfuil duine dí-cháilithe chun congnaimh dhíomhaointis d'fháil no ná fuil) is oifigeach um chongnamh dhíomhaointis do bhéarfaidh breith air agus, fé réir forálacha an ailt seo, ní bheidh dul thar breith sin an oifigigh sin.

[EN]

(2) Féadfaidh oifigeach um chongnamh dhíomhaointis, más dóich leis san do bheith ceart, aon iarratas no ceist a thiocfaidh fé n-a bhráid chun breithe do thabhairt air fén alt so do chur ar aghaidh chun cúirte réiteoirí in ionad é féin do thabhairt breithe air.

[EN]

(3) Éinne ar a ngoillfe sé oifigeach um chongnamh dhíomhaointis do dhiúltú do ghéilleadh d'iarratas ón duine sin ar chongnamh dhíomhaointis no aon oifigeach den tsórt san de lomháil chongnaimh dhíomhaointis don duine sin do réir ráta is lugha ná an ráta d'éilimh sé no aon oifigeach den tsórt san do stop congnaimh dhíomhaointis do híocadh go dtí san leis an duine sin no do laigheadú ráta an chongnaimh dhíomhaointis sin féadfaidh, laistigh de lá is fiche tar éis an diúltuithe no na lomhála no an stopadh no an laigheaduithe sin do dhéanamh no laistigh de pé am breise (más ann do) a lomhálfaidh an tAire i gcás an duine sin, agus sa tslí orduithe, a cheangal ar an oifigeach san an diúltú, an lomháil, an stopadh, no an laigheadú san do thuairisciú do chúirt réiteoirí agus leis sin tuairisceoidh an t-oifigeach san sa tslí orduithe do réir an cheangail sin.

[EN]

(4) Breithneoidh gach cúirt réiteoirí gach ní cuirfear ar aghaidh chúcha no tuairisceofar dóibh fén alt so, agus cuirfid chun an oifigigh um chongnamh dhíomhaointis le n-a mbaineann pé molta i dtaobh an ní sin is dóich leo is ceart, agus leis sin cuirfidh an t-oifigeach san na molta san in éifeacht maran rud é ná haontóidh sé leo.

[EN]

(5) Mara n-aontuighidh oifigeach um chongnamh dhíomhaointis le moladh chuirfidh cúirt réiteoirí chuige fén alt so, déanfaidh an t-oifigeach san an ní do chur ar aghaidh chun an Mholtóra sa tslí orduithe má iarrann an chúirt réiteoirí air san do dhéanamh.

[EN]

(6) I gcás cúirte réiteoirí do chur molta chun oifigigh um chongnamh dhíomhaointis fén alt so féadfaidh aon chomhlachas de dhaoine fostaithe gur ball de an duine le n-a mbaineann an moladh san no (le cead na cúirte réiteoirí) féadfaidh an duine sin féin, laistigh de lá is fiche tar éis an mholta san no laistigh de pé am breise (más ann do) a lomhálfaidh an tAire i gcás an duine sin, a cheangal ar an oifigeach san an ní do chur ar aghaidh chun an Mholtóra, agus leis sin cuirfidh an t-oifigeach san an ní sin ar aghaidh chun an Mholtóra sa tslí orduithe.

[EN]

(7) Bhéarfaidh an Moltóir breith ar gach ní cuirfear ar aghaidh chuige fén alt so agus beidh an bhreith do bhéarfaidh seisean air ina breith dheiridh gan aon dul tháirsi.

[EN]

(8) Féadfaidh oifigeach um chongnamh dhíomhaointis, tráth ar bith, toisc fianaise nua do chur fé n-a bhráid no toisc fíora nua do chur in úil do, aon bhreith bheidh tugtha roimhe sin aige fén alt so do chlaochló no d'athscrúdú, agus na forálacha den alt so i dtaobh nithe do chur ar aghaidh no do thuairisciú chun cúirte réiteoirí no chun an Mholtóra beidh feidhm acu maidir leis an gclaochló no leis an athscrúdú san fé mar do bhí feidhm acu maidir leis an mbreith bhunaidh.

[EN]

(9) Féadfaidh an Moltóir, tráth ar bith, toisc fianaise nua do chur fé n-a bhráid, aon bhreith bheidh tugtha roimhe sin aige fén alt so do chlaochló no d'athscrúdú.

[EN]

(10) Gach gníomh a dhéanfaidh oifigeach um chongnamh dhíomhaointis do réir molta chuirfidh cúirt réiteoirí chuige, agus gach breith bhéarfaidh an Moltóir, agus gach claochló no athscrúdú dhéanfaidh aon oifigeach den tsórt san no an Moltóir ar bhreith bheidh tugtha roimhe sin beidh aige, má thagann as an ngníomh, as an mbreith, as an gclaochló no as an athscrúdú san congnamh díomhaointis do lomháil dar diúltuíodh roimhe sin no congnamh díomhaointis do lomháladh roimhe sin do mhéadú, éifeacht ón dáta ar ar thug an t-oifigeach um chongnamh dhíomhaointis an bhreith bhunaidh no o pé dáta is déanaí ná san (más ann do) a shocróidh an Moltóir, i gcás breithe do thug no claochló no athscrúduithe do rinne an Moltóir, no shocróidh an t-oifigeach um chongnamh dhíomhaointis in aon chás eile.

[EN]

Cúirteanna réiteoirí agus an Moltóir.

21.—(1) Gach cúirt réiteoirí bheidh ar bith de thurus na huaire fén Unemployment Insurance Act, 1920, agus chun crícheanna an Achta san, fé mar a bheidh san leasuithe no leathnuithe le hachtacháin ina dhiaidh sin, beidh sí ina cúirt réiteoirí chun crícheanna an Achta so, agus dá réir sin cialluíonn an abairt “cúirt réiteoirí” san Acht so cúirt réiteoirí bheidh ar bith amhlaidh.

[EN]

(2) Isé an Moltóir a bheidh ceaptha agus ag gníomhú de thurus na huaire fén Unemployment Insurance Act, 1920, agus chun crícheanna an Achta san, fé mar a bheidh san leasuithe no leathnuithe le hachtacháin ina dhiaidh sin, a bheidh mar Mholtóir chun crícheanna an Achta so, agus dá réir sin cialluíonn an abairt “an Moltóir” san Acht so an Moltóir a bheidh ceaptha agus ag gníomhú amhlaidh.

[EN]

(3) Féadfar, le rialacháin ar n-a ndéanamh ag an Aire fén Acht so, an cleachta agus an nós-imeachta d'ordú gur dá réir a dhéanfaidh cúirteanna réiteoirí agus an Moltóir fé seach feidhmiú ar a bhfeidhmeanna fé seach fén Acht so, agus féadfar, leis na rialacháin sin, gach ceann no aon cheann de sna forálacha, den Common Law Procedure Amendment Act (Ireland), 1856, a bhaineann le eadrascán, do chur i mbaint le himeachta os cóir cúirte réiteoirí no os cóir an Mholtóra.

[EN]

Rialacháin maidir le cúrsaí teagaisc.

22.—Féadfaidh an tAire, le rialacháin ar n-a ndéanamh aige fén alt so tar éis do dul i gcomhairle leis an Aire Oideachais, socrú do dhéanamh chun daoine díomhaoine d'fhreastal cúrsaí teagaisc do réir mar a cheanglóidh oifigigh um chongnamh dhíomhaointis san ortha agus féadfaidh, leis na rialacháin sin, cúrsaí teagaisc chun na críche sin do cheapadh no do cheadú.

[EN]

Congnamh díomhaointis do bheith neamhionai strithe.

23.—Fé réir forálacha an Achta so, beidh gach sannadh a déanfar no muirear a cuirfear ar chongnamh dhíomhaointis, agus fós gach co-aontú chun sannadh do dhéanamh no chun muirir do chur ar chongnamh dhíomhaointis, beidh san gan bhrí, agus ar ghnó-bhriseadh do thárlachtaint do dhuine ar bith bheidh i dteideal congnaimh dhíomhaointis ní raghaidh an ceart chun an chongnaimh dhíomhaointis sin, ní ragha sé chun aon iontaobhaí ná chun éinne eile bheidh ag gníomhú thar ceann a fhiach-éilitheoirí.

[EN]

CUID IV.

Foralacha Airgeadais.

[EN]

Costaisí.

24.—(1) Is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar an congnamh díomhaointis uile bheidh iníoctha fén Acht so.

[EN]

(2) Sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgid é, is amach as airgead a sholáthróidh an tOireachtas a híocfar gach costas eile fé n-a raghfar chun an Achta so do chur i bhfeidhm.

[EN]

Iocaíochtaí don Aire amach as an gCiste Díomhaointis.

25.—Déanfar, i ngach bliain airgeadais a thosnóidh tar éis an 31adh lá de Mhárta, 1934, suim de £250,000 (dhá chéad agus caoga míle púnt) d'aistriú chun an Aire amach as an gCiste Díomhaointis atá bunuithe agus á choinneáil suas fé sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1930, fé mar atáid san leasuithe le haon achtachán ina dhiaidh sin.

[EN]

Údaráis áitiúla d'íoc suimeanna leis an Aire.

26.—(1) Íocfar leis an Aire gach bliain airgeadais a thosnóidh tar éis an 31adh lá de Mhárta, 1934, i pé slí ordóidh an tAire, na suimeanna so leanas, sé sin le rá:—

[EN]

(a) íocfaidh comhairle gach contae-bhuirge agus comhairle buirge Dhún Laoghaire suim a bheidh có-ionann le méid ráta scillinge agus reul an púnt ar luach ionrátuithe na contae-bhuirge sin no buirge Dhún Laoghaire, do réir mar bheidh, i dtosach na bliana airgeadais díreach roimhe sin;

[EN]

(b) íocfaidh comhairle gach baile-líomatáiste (seachas bailelíomatáiste is contae-bhuirg no is buirg Dhún Laoghaire) suim a bheidh có-ionann le méid ráta naoi bpingne an púnt ar luach ionrátuithe an bhaile-líomatáiste sin i dtosach na bliana airgeadais díreach roimhe sin.

[EN]

(2) Beidh sé de dhualgas ar gach comhairle ag á mbeidh airgead iníoctha leis an Aire fén alt so i mbliain airgeadais an t-airgead san d'íoc leis an Aire ina cheithre tráth-choda cothroma, an 30adh lá de Mheitheamh, an 30adh lá de Mheán Fhómhair, an 31adh lá de Mhí na Nodlag, agus an 31adh lá de Mhárta an bhliain sin.

[EN]

(3) Déanfar aon airgead a bheidh iníoctha ag comhairle leis an Aire fén alt so do chruinniú tríd an ráta cathardha, i gcás comhairle contae-bhuirge Bhaile Atha Cliath agus comhairle buirge Dhún Laoghaire, ach mar ítim ar leithligh den ráta san, no tríd an ráta dealbhais, i gcás aon chomhairle eile, ach mar ítim ar leithligh den ráta san.

[EN]

(4) I gcás aon tsuime airgid do bheith iníoctha ag comhairle leis an Aire fén alt so, féadfar, mara n-íocfaidh an chomhairle sin an t-airgead san, méid an airgid sin do bhaint de shuimeanna is iníoctha go díreach no go nea-dhíreach leis an gcomhairle sin amach as Cuntas an Chánachais Áitiúla (Éirinn), agus an méid sin d'íoc leis an Aire i nglanadh na suime sin.

[EN]

(5) San alt so cialluíonn an abairt “luach ionrátuithe”—

[EN]

(a) maidir le contae-bhuirg Bhaile Atha Cliath, an luacháil fé sna hAchtanna Luachála, mar a tuigtear an luacháil sin do bheith laigheaduithe tré alt 69 den Acht Rialtais Áitiúla (Baile Atha Cliath), 1930 (Uimh. 27 de 1930), atá ar na hionoighreachtaí agus ar na tionóntacháin sa chontae-bhuirg sin is ionrátuithe chun an ráta chathardha;

[EN]

(b) maidir le buirg Dhún Laoghaire, an luacháil fé sna hAchtanna Luachála, mar a tuigtear an luacháil sin do bheith laigheaduithe tríd an alt san 69, atá ar na hionoighreachtaí agus ar na tionóntacháin sa bhuirg sin is ionrátuithe chun an ráta chathardha;

[EN]

(c) maidir le haon bhaile-líomatáiste eile, an luacháil fé sna hAchtanna Luachála atá ar na hionoighreachtaí agus ar na tionóntacháin sa líomatáiste sin is ionrátuithe chun an ráta dhealbhais.

[EN]

Airgead a haistreofar chun an Aire no a híocfar leis do chur chun críche.

27.—Aon airgead a haistreofar chun an Aire no a híocfar leis fén dá alt deiridh sin roimhe seo déanfar é d'íoc isteach sa Stát-Chiste no é do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

[EN]

CUID V.

Ilghneitheach.

[EN]

Congnamh díomhaointis do gheobhfar go nea-cheart d'aisíoc.

28.—(1) Gach íocaíocht chongnaimh dhíomhaointis do gheobhaidh duine ar bith faid a bheidh sé dí-cháilithe chun congnaimh dhíomhaointis d'fháil no faid a bheidh sé gan bheith do réir na gcoinníollacha reachtúla no ná beidh teideal aige, toise cúise éigin eile, chun í d'fháil, beidh sí in-aisíoctha ag an duine sin leis an Aire ar n-a éileamh san d'oifigeach um chongnamh dhíomhaointis agus, mara n-aisíoctar í amhlaidh, féadfaidh an tAire í do bhaint amach mar fhiacha gnáth-chonnartha in aon chúirt dlighinse inniúla no tré í do bhaint as aon íocaíocht no íocaíochtaí congnaimh dhíomhaointis chun a mbeidh teideal ag an duine sin ina dhiaidh sin.

[EN]

(2) Gach suim a haisíocfar leis an Aire no bhainfe sé amach fén alt so déanfar í d'íoc isteach sa Stát-Chiste no í do chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí ordóidh an tAire Airgid.

[EN]

Pionós mar gheall ar ráitisí bréagacha, etc.

29.—Má dheineann duine ar bith, d'fhonn deimhniú cáilíochta no aon íocaíocht congnaimh dhíomhaointis d'fháil do féin no d'éinne eile no d'fhonn é féin no éinne eile do dhul o aon aisíoc d'íoc fén Acht so, má dheineann aon ráiteas no plé cúise (pe'ca tré scríbhinn no tré bhréithre béil é) is eol do do bheith bréagach no mí-threorach in aon phonc táchtach, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén Acht so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar cúig phúint fhichead do chur air no, más rogha leis an gCúirt é, príosúntacht ar feadh aon téarma nach sia ná trí mhí.

[EN]

Cúisimh.

30.—(1) Ní hionbhunuithe d'imeachta i dtaobh cionta fé alt ar bith den Acht so ach amháin ag an Aire no le toiliú an Aire.

[EN]

(2) Féadfar cúiseamh i dtaobh cionta fé alt ar bith den Acht so do bhunú ar agra an Aire.

[EN]

(3) Féadfar cúiseamh i dtaobh cionta fé alt ar bith den Acht so do bhunú aon tráth laistigh de pé tréimhse acu so leanas is déanaí raghaidh in éag, sé sin le rá:—

[EN]

(a) trí mhí ón dáta ar a ndeimhneofar i scríbhinn fé shéala oifigiúil an Aire gur tháinig fianaise i seilbh an Aire, no chun bheith ar fáil aige, is leor chun a dhéanamh cóir an cúiseamh san do bhunú, no

[EN]

(b) sé mhí o am an chionta do dhéanamh.

[EN]

Deimhnithe beireatais, pósta agus báis.

31.—I gcás inar gá, chun críche an Achta so, aois, pósadh no bás duine ar bith do chruthú tré dheimhniú beireatais, pósta no báis do thabhairt i láthair beidh duine ar bith, ar iarratas i scríbhinn do thíolacadh sa bhfuirm sin a bheidh orduithe agus ina mbeidh na mion-innste sin a bheidh orduithe agus ar tháille de shé pingne d'íoc i gcás deimhnithe bheireatais, agus de scilling i gcás deimhnithe phósta no bháis, beidh sé i dteideal cóip dheimhnithe d'iontráil beireatais, pósta, no báis (pe'ca aca é) an duine sin i gclár na mbeireatas, na bpostaíocha no na mbásanna (pe'ca aca é) d'fháil agus an chóip sin fé láimh an chlárathóra no fé láimh an cheann-chlárathóra no fé láimh dhuine eile ar a mbeidh cúram an chláir sin, agus déanfaidh gach clárathóir beireatas agus básanna, agus gach ceann-chlárathóir no duine eile ar a mbeidh cúram an chláir, fuirmeacha i gcóir an iarratais sin do chur ar fáil in aisce má hiarrtar iad.

[EN]

Saoirse o dhiúité stampa.

32.—Ní bheidh diúité stampa inéilithe ar aon tseic, págh-ordú no scríbhinn eile tré n-a n-íocfar íocaíocht chongnaimh dhíomhaointis, ná ar aon admháil do bhéarfar ar aon íocaíocht den tsórt san, ná fós ar aon dearbhú reachtúil a déanfar fén Acht so agus chun crícheanna an Achta so.

SCEIDEAL.

Rátaí Congnaimh Dhíomhaointis.

Aicmí daoine le n-a mbaineann na rátaí congnaimh dhíomhaointis atá leagtha amach sa Sceideal so

Ráta congnaimh dhíomhaointis a bhaineann le daoine atá ina gcomhnaí in aon chontaebhuirg no i mbuirg Dhún Laoghaire

Ráta congnaimh dhíomhaointis a bhaineann le daoine atá ina gcomhnaí in aon bhaílelíomatáiste (nách contaebhuirg ná buirg Dhún Laoghaire)

Ráta congnaimh dhíomhaointis a bhaineann le daoine atá ina gcomhnaí in aon áit eile i Saorstát Éireann

sa tseachtain

sa tseachtain

sa tseachtain

s.

d.

s.

d.

s.

d.

Fear gan aon chleithúnaithe

9

0

7

0

6

0

Fear go bean chéile ina chleithiúnas agus gan aon chleithiúnaí eile     ..

13

0

10

0

9

0

Fear go bean chéile ina chleithiúnas agus cleithiúnaí amháin eile     ..

14

6

11

6

10

0

Fear go bean chéile ina chleithiúnas agus beirt chleithiúnaithe eile     ..

16

0

12

6

11

0

Fear go bean chéile ina chleithiúnas agus triúr cleithiúnaithe eile     ..

17

6

13

6

12

0

Fear go bean chéile ina chleithiúnas agus ceathrar cleithiúnaithe eile     ..

19

0

14

6

12

6

Fear go bean chéile ina chleithiúnas agus cúigear cleithiúnaithe eile no níos mó

20

0

15

0

12

6

Einne is—

(a) fear pósta agus nách cleithiúnaí a bhean chéile;

(b) baintreach fir; no

(c) fear singil

agus ag á bhfuil cleithiúnaí amháin

12

0

9

0

7

6

ag á bhfuil beirt chleithiúnaithe     ..     ..     ..

13

6

10

0

8

6

ag á bhfuil triúr cleithiúnaithe     ..     ..     ..

15

0

11

0

9

6

ag á bhfuil ceathrar cleithiúnaithe no níos mó     ..

16

6

12

0

10

6

Bean phósta go fear céile ina cleithiúnas agus gan aon chleithúnaí eile      ..     ..     ..     ..

11

0

8

6

7

0

Bean phósta go fear céile ina cleithiúnas agus cleithiúnaí amháin eile

12

6

9

6

8

0

Bean phósta go fear céile ina cleithiúnas agus beirt chleithiúnaithe eile

14

0

10

6

9

0

Bean phósta go fear céile ina cleithiúnas agus triúr cleithiúnaithe eile     ..     ..     ..     ..     ..

15

6

11

6

10

0

Bean phósta go fear céile ina cleithiúnas agus ceathrar cleithiúnaithe eile     ..     ..     ..     ..     ..

17

0

12

6

11

0

Bean phósta go fear céile ina cleithiúnas agus cúigear cleithiúnaithe eile no níos mó     ..     ..     ..

18

0

13

6

12

0

Duine is éinne acu so leanas:

(a) bean singil;

(b) baintreach mná;

(c) bean phósta ná fuil i geleithiúnas a fir chéile agus nách cleithiúnaí a fear céile,

agus ag á bhfuil cleithiúnaí amháin

11

0

8

6

7

0

ag á bhfuil beirt chleithiúnaithe     ..     ..     ..

12

6

9

6

8

0

ag á bhfuil triúr cleithiúnaithe     ..     ..     ..

14

0

10

6

9

0

ag á bhfuil ceathrar cleithiúnaithe no níos mó     ..

15

6

11

6

10

0

Duine is baintreach mná no bean singil gan cleithiúnaí     ..     ..

7

6

6

0

5

0