Uimhir 5 de 1977
ACHT NA gCOMHPHOBAL EORPACH (LEASÚ), 1977
[An tiontú oifigiúil]
[29 Márta, 1977]
Leasú ar Acht na gComhphobal Eorpach, 1972.
1.—Leasaítear leis seo Acht na gComhphobal Eorpach, 1972, tríd an méid seo a leanas a chur isteach, sa mhíniú ar “na conarthaí a rialaíonn na Comhphobail Eorpacha” in alt 1 (1), i ndiaidh “a ndátaí tosach feidhme”—
“, agus
(i) an Conradh a leasaíonn forálacha airgeadais áirithe de na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach agus den Chonradh ag bunú Comhairle aonair agus Coimisiún aonair de na Comhphobail Eorpacha, a síníodh sa Bhruiséil an 22ú lá d'Iúil, 1975”.
Gearrtheideal agus tosach feidhme, etc.
2.—(1) Féadfar Acht na gComhphobal Eorpach (Leasú), 1977, a ghairm den Acht seo.
(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an lá céanna a thiocfaidh an Conradh dá dtagraítear in alt 1 den Acht seo i bhfeidhm.
(3) Cuirfidh an tAire Gnóthaí Eachtracha faoi deara go bhfoilseofar san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir fógra ag sonrú an lae dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo agus á shonrú gur tháinig an tAcht seo i ngníomh an lá sin.
An tAcht dá dTagraítear | |