[EN]

Uimhir 5 de 1982


[EN]

AN tACHT CHUN DROCH-BHEARTA TOGHCHÁIN A CHOSC, 1982

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO LEASÚ AN ACHTA CHUN DROCH-BHEARTA TOGHACHÁIN DO CHOSC, 1923. [19 Bealtaine, 1982] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Leasú ar an Acht chun Droch-bhearta Toghacháin do Chosc, 1923.

1.—Leasaítear leis seo an tAcht chun Droch-bhearta Toghacháin do Chosc, 1923, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 3:

“Míniú ar phearsanaíocht.

3.—Aon duine a dhéanfaidh—

(a) i dtoghchán, páipéar ballóide a iarraidh in ainm duine éigin eile, cibé acu is ainm duine bheo nó ainm duine mhairbh nó ainm duine bhréige an t-ainm sin, nó

(b) tar éis páipéar ballóide a fháil uair amháin i dtoghchán, páipéar ballóide a iarraidh ina ainm féin sa toghchán céanna (seachas faoi Riail 26 de Chuid I den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Timpeal Toghachán, 1923),

beidh sé ciontach i gcion pearsanaíochta.”.

[EN]

Gearrtheideal.

2.—Féadfar an tAcht chun Droch-Bhearta Toghcháin a Chosc, 1982, a ghairm den Acht seo.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht chun Droch-bhearta Toghacháin do Chosc, 1923

1923, Uimh. 38

An tAcht Timpeal Toghachán, 1923

1923, Uimh. 12