Uimhir 62 de 1924.
ACHT DEOCHA MEISCIÚLA (GENERÁLTA), 1924.
[27adh Mí na Nodlag, 1924.]
CUID I.
TRATHANNA COISCITHE.
Leathanú ar thráthanna coiscithe.
1.—(1) O am rithte an Achta so agus dá éis sin ní bheidh sé dleathach d'éinne aon deoch mheisciúil do dhíol ná do thaisbeáint chun í dhíol, ná aon áitreabh d'oscailt ná do chimeád ar oscailt chun deocha meisciúla do dhíol, aon lá nách Satharn ná Domhnach ná Aoine an Chéasta ná Lá Nodlag ná Lá 'le Pádraig roimh a naoi a chlog ar maidin ná tar éis a deich a chlog tráthnóna, ná aon tSatharn roimh a naoi a chlog ar maidin ná tar éis leathuair tar éis a naoi a chlog tráthnóna.
Ní bhainfidh an fo-alt so le haon duine ceadúnaithe is únaer no is léasaí amharclainne no halla ceoil no aon áit eile i gcóir caitheamh-aimsire puiblí.
(2) I gcás aon ghnó seachas díol deochanna meisciúla bheith ar siúl in aon áitreabh ceadúnaithe beidh an t-áitreabh san uile dúnta ar feadh na dtráthanna ina bhfuil sé coiscithe leis an alt so deoch mheisciúil do dhíol mara mbeidh an pháirt den áitreabh san ina ndíoltar na deocha meisciúla agus an chuid eile den áitreabh deighilte óna chéile ina ndéanamh.
(3) O am rithte an Achta so agus dá éis sin ní bheidh sé dleathach d'éinne aon deoch mheisciúil do dhíol ná do thaisbeáint chun í dhíol, ná aon áitreabh d'oscailt ná do chimeád ar oscailt chun deocha meisciúla do dhíol, Lá Nodlag ná Aoine an Chéasta ná Lá 'le Pádraig. Bainfidh an fo-alt so le tithe aoidheachta ach ná hoibreoidh sé chun cosc do chur le deoch mheisciúil do dhíol le lóistéir sa tigh aoidheachta le linn béile chun í ól leis an mbéile.
(4) O am rithte an Achta so agus dá éis sin ní leigfar éinne isteach in aon amharclainn, halla ceoil ná áit eile caitheamhaimsire atá ceadúnaithe chun deocha meisciúla dhíol ann tar éis leathuair tar éis a naoi a chlog tráthnóna maran rud é—
(a) gur dhin sé roimh ré suíochán san amharclainn, sa halla ceoil no san áit caitheamh-aimsire puiblí sin do chur in áirithe, no íoc as, i gcóir an taibhdhirc no an tsiamsa bheadh ar siúl ann an uair sin; no
(b) go bhfuil sé ar fostú san amharclainn, sa halla ceoil, no san áit caitheamh-aimsire puiblí sin, no go bhfuil gnó aige le déanamh le duine ar fostú amhlaidh.
(5) O am rithte an Achta so agus dá éis sin, cé gur taistealaí bona fide duine do réir brí na Licensing (Ireland) Acts, 1833 to 1905, ní thabharfidh san teideal do chun deoch mheisciúil do cheannach no d'fháil—
(a) idir a seacht a chlog ar maidin agus a haon a chlog san iarnóin aon Domhnach, ná
(b) aon uair Lá Nodlag ná Aoine an Chéasta.
(6) Ní dhéanfidh éinní san alt so atharú na lagú ar na cirt atá ag sealbhóirí ceadúnaisí tithe aoidheachta agus tithe bidh laistigh de cheanntar Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath fén Hotels and Restaurants (Dublin) Act, 1910.
Leasú ar alt 29 den Licensing Act (Ireland), 1874.
2.—Leireofar alt 29 den Licensing Act (Ireland), 1874, agus beidh éifeacht aige, fé is dá gcuirtí i ndeire an ailt sin na focail “in any part of such house other than the part in which such sale usually takes place.”
Ceadúnaisí luath-dhúna.
3.—(1) O am rithte an Achta so agus dá éis sin, léireofar alt 2 den Licensing Act (Ireland), 1874, agus beidh éifeacht aige, fé is dá mb'é an tAcht so an Príomh-Acht dá dtagartar ann.
(2) An té a bhfuil ceadúnas luath-dhúna aige do réir brí alt 2 den Licensing Act (Ireland), 1874 (pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis sin a deonadh an ceadúnas san), déanfa sé an t-áitreabh le n-a mbaineann an céadúnas san do dhúna istoíche uair a'chluig níos luatha ná an ghnáth-uair a bhfuil sé coiscithe leis an Acht so deocha meisciúla do dhíol dá héis, agus bainfidh forálacha an Achta so leis an áitreabh san fé is dá mb'í an luath-uair sin an uair a bhfuil díol deochanna meisciúla dá héis coiscithe leis an Acht so.
Féadfidh Breitheamh Dúithche a ordú go ndéanfar áitreabh ceadúnaithe do dhúna láithreach.
4.—Tar éis iarratas scríbhte d'fháil ó Cheannphort no o Chigire don Ghárda Síochána, más deimhin le Breitheamh den Chúirt Dúithche, agus é ina shuidhe i gcóir aon cheanntair lasmuich de cheanntar Phóilíneacht Chathair Bhaile Atha Cliath, go bhfuil sé oiriúnach, chun síocháin agus ordú puiblí do chimeád, stad do chur láithreach le deocha meisciúla do dhíol in aon bhaile no sráidbhaile, féadfidh an Breitheamh den Chúirt Dúithche a ordú go ndúnfar láithreach go deire an lae sin, no go ceann pé tréimhse níos giorra ná san is dó leis is leor, gach áitreabh atá ceadúnaithe chun deocha meisciúla do dhíol ann sa bhaile no sa tsráidbhaile sin.
Pionóisí mar gheall ar oscailt le linn tráthanna coiscithe.
5.—Gach pionós atá i bhfeidhm de thurus na huaire fén Acht so no fé aon Acht eile mar gheall ar dheocha meisciúla do dhíol no do thaisbeáint chun iad do dhíol no mar gheall ar iad do cheannach no mar gheall ar aon aitreabh d'oscailt no do chimeád ar oscailt chun deocha meisciúla do dhíol no mar gheall ar bheith i láthair in aon áitreabh den tsórt san le linn aon tráthanna no amannta go gcoiscithear le haon Acht atá i bhfeidhm anois deocha meisciúla do dhíol le na linn, agus gach foráil reachtúil a bhaineann leis na pionóisí sin, dintar leis seo iad do shíne chó fada agus do chur i mbaint leis na hamannta go gcoiscithear leis an gCuid seo den Acht so no go gcoiscfar le haon ordú a déanfar fén gCuid seo den Acht so deocha meisciúla do dhíol le n-a linn.
Nithe ná bainfidh an tAcht so leo.
6.—Ní léireofar éinní sa Chuid seo den Acht so mar ní a bhaineann le deocha meisciúla do dhíol le lóistéirí, ná le deocha meisciúla do dhíol i mbáid phacáide, ná i gceantíní do réir aon Achta le n-a regleáltar an céanna, ná i gclub cláruithe mar a mínítear é leis an Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, ná ní choiscfe sé deocha meisciúla do dhíol aon uair i stáisiún traenach, ar theacht ná ar imeacht do thraenacha, le paisnéirí atá tar éis taisteal no a bhfuil ticéadaí acu a thugann dóibh teideal chun taisteal ar na traenacha san faid nách lú ná deich míle go dtí an stáisiún traenach san no uaidh, ná ní choiscfe sé (ach amháin sa chás ina bhforáltar a mhalairt go soiléir) deocha meisciúla do dhíol le taistealaithe bona fide do réir brí na Licensing (Ireland) Acts, 1833 to 1905.
CUID II.
CEADUCHAN.
Cosc ar dheocha meisciúla do dhíol gan ceadúnas.
7.—(1) O am rithte an Achta so agus dá éis sin, ní dhéanfidh éinne aon deocha meisciúla do dhíol, do thaisbeáint chun iad do dhíol, ná do chimeád chun iad do dhíol, ina mion-choda, gan bheith ceadúnuithe go cuibhe chun iad do dhíol amhlaidh, ná in aon áit ná húdaruítear do le n-a cheadúnas iad do dhíol ann.
(2) Gach éinne dhéanfidh aon deocha meisciúla do dhíol, do thaisbeáint chun iad do dhíol, no do chimeád chun iad do dhíol, ina mion-choda, gan bheith ceadúnuithe go cuibhe chun na deocha meisciúla san do dhíol amhlaidh agus gach éinne a dhéanfidh aon deocha meisciúla do dhíol, do thaisbeáint chun iad do dhíol, no do chimeád chun iad do dhíol, ina mion-choda, in aon áit ná húdaruítear do le n-a cheadúnas iad do dhíol ann, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair féadfar fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt no, mara n-íoca sé an fhíneáil sin, príosúntacht ar feadh téarma nách sia ná sé mhí do chur air.
(3) I dteanta aon phionóis eile a forchuirtar leis an alt so, éinne a ciontófar sa dara cionta no in aon chionta ina dhiaidh sin fén alt so, no a ciontuíodh i gcionta fé alt 3 den Spirits (Ireland) Act, 1854, no fé alt 3 den Licensing Act, 1872, roimh rith an Achta so agus a ciontófar fén alt so, más sealbhóir é ar aon tsaghas ceadúnais chun deocha meisciúla do mhion-díol, caillfe sé an ceadúnas san.
(4) Má ciontuítear éinne in aon chionta fén alt so féadfidh an chúirt, más oiriúnach léi é dhéanamh, a fhaisnéis go bhfuil i ngeallbhruid gach deoch mheisciúil a fuarthas ar seilbh ag an duine a ciontuíodh amhlaidh agus na hárthaí ina bhfuil an deoch san.
(5) Ní déanfar oighrí, seiceadúirí, riarthóirí ná sannaithe aon duine cheadúnuithe a gheobhaidh bás roimh dhul in éag dá cheadúnas, ná iontaobhaí aon duine cheadúnuithe ar a dtabharfar breith mar dhuine ghnó-bhriste no a ndéanfar glana-suas ar a ghnó tré shocrú roimh dhul in éag dá cheadúnas, do chur fé aon phionós fén alt so mar gheall ar aon deocha meisciúla do dhíol no do thaisbeáint chun iad do dhíol no do chimeád chun iad do dhíol más san áitreabh a luaidhtear sa cheadúnas san a déanfar an díol no an taisbeáint no an cimeád san agus go ndéanfar é roimh shuidhe do Bhreitheamh na Cúirte Duithche sa líomatáiste cúirte ina bhfuil an t-áitreabh san suidhte mar an gcéad uair tar éis ceithre lá déag o bhás an duine sin no o cheapa iontaobhaí i gcás a ghnó-bhriste no i gcás glana-suas a ghnótha tré shocrú, pe'ca aca é.
Cosc ar dhíol ar cáirde.
8.—(1) Ní bheidh sé dleathach d'aon tsealbhóir ceadúnais aon deoch mheisciúil do sholáthar chun í ól ina áitreabh ná d'éinne aon deoch mheisciúil d'ól san áitreabh in ar ceannuíodh í maran rud é—
(a) go n-íocfar as an digh mheisciúil in airgead síos sara soláthrófar í no le n-a linn sin, no
(b) go n-ordófar agus go n-ólfar an deoch mheisciúil le linn béile bheith á ordú agus á chaitheamh, agus go n-íocfar aisti nuair a beifar ag íoc as an mbéile sin.
(2) Gach sealbhóir ceadúnais a sholáthróidh agus gach éinne ólfidh aon deoch mheisciúil contrárdha don alt so beid ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a gciontú ann ar an slí achmair, féadfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur ortha má sé an chéad chionta acu é, agus fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint i gcás aon chionta ina dhiaidh sin agus, in aon chás acu, más sealbhóir ceadúnais an té a ciontófar, breacfar an ciontú ar a cheadúnas.
Díol dighe meisciúla i mbuidéil.
9.—(1) Féadfidh an tAire Dlí agus Cirt, le hordú, a rá cá mhéid a bheidh na buidéil ina bhféadfar aon deoch mheisciúil áirithe do dhíol agus má bhíonn aon ordú den tsaghas san i bhfeidhm ní bheidh sé dleathach an deoch mheisciúil a bheidh luaidhte san ordú do dhíol ná do sholáthar i mbuidéil d'aon mhéid seachas ceann de sna méideanna a bheidh ráite san ordú.
(2) Gach éinne a dhíolfidh no a sholáthróidh aon deoch mheisciúil contrárdha don alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, féadfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint i gcás aon chionta ina dhiaidh sin.
Díol dighe meisciúla le daoine óga chun í ól san áitreabh.
10.—Gach sealbhóir ceadúnais a dhéanfidh go feasach no a leigfidh d'éinne aon tsaghas dighe meisciúla do sholáthar do dhuine fé bhun ocht mblian ndéag d'aois chun go n-ólfidh an duine sin in áitreabh an tsealbhóra ceadúnais í, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, féadfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint i gcás aon chionta ina dhiaidh sin agus, in aon chás acu, breacfar an ciontú ar cheadúnas an té a ciontófar amhlaidh.
Díol dighe meisciúla le daoine óga chun í ól lasmuich den áitreabh.
11.—(1) Gach éinne atá ina shealbhóir ar aon tsaghas ceadúnais le n-a n-údaruítear do deocha meisciúla do mhion-díol chun iad d'ól lasmuich den áitreabh agus a dhéanfidh go feasach, no a leigfidh d'éinne (ach mar a luaidhtear ina dhiaidh seo anso) aon tsaghas dighe meisciúla do dhíol le héinne, no do sheachada d'éinne, fé bhun ocht mblian ndéag d'aois chun í ól lasmuich d'áitreabh an tsealbhóra ceadúnais, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus féadfar é phionósú dá réir sin.
(2) Gach éinne dhéanfidh (ach mar a luaidhtear ina dhiaidh seo anso) éinne fé bhun ocht mblian ndéag d'aois do chur go haon áit ina ndintar deocha meisciúla do dhíol, do sheachada, no do roinnt chun aon tsaghas dighe meisciúla d'fháil, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus féadfar é phionósú dá réir sin.
(3) Gach éinne a gheobhfar ciontach ar an slí achmair i gcionta fén alt so, féadfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint i gcás aon chionta ina dhiaidh sin agus, in aon chás acu, más sealbhóir ceadúnais é breacfar an ciontú ar a cheadúnas.
(4) Ní bhainfidh an t-alt so—
(a) le deocha meisciúla do sheachada in áit chomhnaithe no in áit oibre an cheannathóra, ná
(b) le duine ceadúnuithe do chur duine dá theaghlach féin no a sheirbhísigh no a phrintísigh mar theachtaire chun deocha meisciúla a bheidh in árthaí séaluithe no corcálta do sheachada, ná
(c) le deoch mheisciúil a seachadfar in árthach corcálta séaluithe nách lú ná piúnta an méid atá in ainm bheith ann do dhíol le duine os cionn cúig mblian ndéag d'aois no do sheachada dho, ná
(d) le duine os cionn cúig mblian ndéag d'aois do chur ad iarraidh dighe meisciúla, má seachadtar an deoch san don duine sin in árthach corcálta séaluithe nách lú ná piúnta an méid atá in ainm bheith ann.
(5) San alt so cialluíonn an focal “corcálta” dúnta le buaig no le stopóig, pe'ca de chorc no d'adhmad no de ghloine no d'abhar éigin eile atá sí déanta; cialluíonn an focal “séaluithe” daingnithe le haon tsubstaint nách féidir an corc, an bhuag, no an stopóg do tharrac amach gan í lot.
Fostú daoine óga.
12.—Aon tsealbhóir ceadúnais a fhostóidh—
(a) aon chailín, eadhon drifiúr, leas-drifiúr, iníon, leas-iníon, no drifiúr chéile dho, atá in éintigheas leis agus atá fé bhun sé mblian ndéag d'aois, no
(b) aon chailín eile fé bhun ocht mblian ndéag d'aois, no
(c) aon gharsún fé bhun sé mblian ndéag d'aois nách príntíseach fé dhintiúir príntíseachta a dineadh roimh an 1adh lá de mhí na Samhna, 1924,
chun aon tsaghas dighe meisciúla do dhíol chun í ól in áitreabh an tsealbhóra ceadúnais, no a leigeann d'éinne acu san é sin do dhéanamh, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, féadfar fíneáil ná raghaidh thar cúig púint do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneáil ná raghaidh thar deich bpúint i gcás aon chionta ina dhiaidh sin agus, in aon chás acu, breacfar an ciontú ar cheadúnas an tsealbhóra ceadúnais a ciontófar amhlaidh.
Ol dighe in áitreabh ná fuil ceadúnaithe ach i gcóir ól lasmuich den áitreabh.
13.—(1) Má dhineann éinne a cheannuigh aon deoch mheisciúil o shealbhóir ceadúnais le n-a mbaineann an t-alt so an deoch san d'ól san áitreabh in ar díoladh leis í no ar aon bhóthar mór, lána no cúlbhóthar atá buailte suas no in aice leis an áitreabh san, beidh an sealbhóir ceadúnais sin ciontach i gcionta fén alt so más léir gur le n-a privité no le n-a thoil a dineadh an t-ól san agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, féadfar fíneáil ná raghaidh thar céad punt do chur air má sé an chéad chionta aige é agus i gcás aon chionta ina dhiaidh sin beidh a cheadúnas i ngeallbhruid.
(2) Má dhineann éinne atá ar fostú ag sealbhóir ceadúnais le n-a mbaineann an t-alt so a cheadú no a thoiliú go ndéanfí aon deoch mheisciúil a ceannuíodh ón sealbhóir ceadúnais sin d'ól san áitreabh in ar díoladh í no ar aon bhóthar mór, lána no cúlbhóthar atá buailte suas no in aice leis an áitreabh san, no más le n-a privité a hólfar í amhlaidh, beidh an duine sin ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, féadfar fíneáil ná raghaidh thar caoga punt do chur air no, mara n-íoctar an fhíneáil sin, féadfar é chur fé phríosúntacht ar feadh téarma nách sia ná trí mhí.
(3) Gach éinne a dhéanfidh aon deoch mheisciúil, a ceannuíodh o shealbhóir ceadúnais le n-a mbaineann an t-alt so, d'ól san áitreabh in ar díoladh í, no ar aon bhóthar mór, lána no cúlbhóthar atá buailte suas no in aice leis an áitreabh san, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, féadfar fíneáil ná raghaidh thar fiche punt do chur air no, mara n-íoctar an fhíneáil sin, féadfar é chur fé phríosúntacht ar feadh téarma nách sia ná mí.
(4) Má dhineann sealbhóir ceadúnais le n-a mbaineann an t-alt so aon deoch mheisciúil do bhreith no d'iompar, no éinne eile d'fhostú no do cheadú chun í bhreith no í iompar, amach as áitreabh an tsealbhóra ceadúnais sin, no uaidh, chun go ndíolfí í thar a cheann no chun tairfe no sochair do, agus chun go ndéanfí í ól no í chaitheamh in aon tigh eile, no in aon chábán no seid, no in aon tsaghas eile foirgnimh in aon chor is leis an sealbhóir ceadúnais sin no atá ar cíos no in úsáid no ar seilbh aige, no ar no in aon áit, pe'ca tá sé dúnta isteach no ná fuil, agus pe'ca slí phuiblí í no nách ea, tuigfar gur dhin an té cheannuigh an deoch mheisciúil sin í ól in áitreabh an tsealbhóra ceadúnais sin le n-a privité agus le n-a thoil, agus féadfar an sealbhóir sin do phíonósú dá réir sin fén alt so.
In aon imeacht a bunófar fén bhfo-alt so, no le muinín as, ní bheidh sé riachtanach a chruthú go mba leis an sealbhóir ceadúnais an t-áitreabh no an áit no na háiteanna chun ar rugadh an deoch san chun í ól ná go rabhdar ar cíos no in úsáid no ar seilbh aige, má tugtar cruthúnas a chuirfidh ina luí ar an gcúirt a bheidh ag éisteacht na cúise gur chun dul o choiníollacha an cheadúnais a tugadh an deoch san ionta chun í ól ionta.
(5) San alt so folóidh an focal “áitreabh in ar díoladh í” aon áitreabh buailte suas no in aice leis an áitreabh in ar díoladh an deoch go fírinneach agus is leis an sealbhóir ceadúnais céanna no atá fé n-a chúram no a húsáidtear le n-a chead.
(6) Baineann an t-alt so le haon tsaghas ceadúnaisí le n-a n-údaruítear deocha meisciúla do mhion-díol chun iad d'ól lasmuich den áitreabh.
Buaine, léiriú agus luadh an Licensing (Ireland) Act, 1902.
14.—(1) In ainneoin éinní contrárdha dho-san atá san Acht um Dhlithe atá ag Dul in Eug, 1924, leanfidh an Licensing (Ireland) Act, 1902, mar a leasuítear é leis an alt so, i bhfeidhm, go dtí go gcinnfidh an tOireachtas a mhalairt.
(2) Nuair a bheidh an Licensing (Ireland) Act, 1902, á léiriú, tuigfar, o am rithte an Achta so agus dá éis sin, go gcialluíonn an focal “increase of population” méadú ar líon na ndaoine, do réir an áirimh dheiridh, a bheidh cúig is fiche per cent. ar a luíod os cionn an líon daoine a bhí ann do réir an áirimh a dineadh sa bhliain 1901.
(3) San Acht so agus i ngach Acht eile den Oireachtas, pe'ca roimh an Acht so no ina dhiaidh a ritheadh é, folóidh an focal “The Licensing (Ireland) Acts, 1833 to 1905” an Licensing (Ireland) Act, 1902.
Buan-chimeád ceadúnaisí áitreabhacha a scriosadh.
15.—(1) Baineann an t-alt so le gach saghas ceadúnais chun deocha meisciúla do mhion-díol (pe'ca chun iad d'ól san áitreabh no lasmuich den áitreabh é) in áitreabh—
(a) atá suidhte lasmuich de Chathair Bhaile Atha Cliath, agus
(b) a scriosadh no dar dineadh damáiste i rith na tréimhse dar thosach an 1adh lá d'Abrán, 1922, agus dar chríoch an 12adh lá de Bhealtaine, 1923, agus
(c) ar ar dineadh an scrios no dar dineadh an damáiste i rith na coinbhliochta agus mar theangmhas sa choinbhliocht idir fórsaí armtha Rialtais Shealadaigh na hÉireann no Rialtais Shaorstáit Éireann agus daoine a bhí ag cur i gcoinnibh na bhfórsaí sin le hairm, agus
(d) in ar cuireadh díol deocha meisciúla ar fionnraoi mar gheall ar an scrios no ar an damáiste sin.
(2) Tuigfar (chun crícheanna athnuachainte agus chun crícheanna aon deimhnithe is gá i gcóir athnuachainte ach ní chun aon chríche eile) gach ceadúnas le n-a mbaineann an t-alt so do bheith ag leanúint i bhfeidhm go dtí an t-am ina gcríochnófar ath-thógaint no athnuachaint an áitreibh cheadúnuithe, agus é bheith dílsithe sa té a bhfuil teideal aige do réir dlí chun seilbh an áitreibh sin.
(3) Go dtí go gcríochnófar ath-thógaint no athnuachaint an áitreibh cheadúnuithe, féadfidh an té a bhfuil ceadúnas le n-a mbaineann an t-alt so dílsithe ann aon deimhniú breithimh is gá i gcóir athnuachainte d'iarraidh, agus féadfidh an chúirt an t-iarratas san do bhreithniú bíodh nách chun na cúirte dúithche ceadúcháin bliantúla a déanfar é.
(4) Go dtí go gcríochnófar ath-thógaint no athnuachaint an áitreibh cheadúnuithe, isé a bheidh in aon deimhniú i dtaobh stiúrú an ghnótha is gá i gcóir athnuachaint ceadúnais le n-a mbaineann an t-alt so ná deimhniú i dtaobh stiúrú an ghnótha ar feadh na tréimhse idir dáta na hathnuachainte deiridh a dineadh roimh scrios no damáiste an áitreibh cheadúnuithe agus dáta an scrios no an damáiste sin.
Breacfar ciontuithe áirithe ar an gceadúnas.
16.—Má dintar sealbhóir aon tsaghas ceadúnais le n-a n-údaruítear deocha meisciúla do mhion-díol (pe'ca chun iad d'ól san áitreabh é no lasmuich de) do chiontú i gcionta in aghaidh aon achtacháin dá luaidhtear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht so no in aghaidh aon achtacháin a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh truailliú dighe, breacfar an ciontú ar cheadúnas an té a ciontófar amhlaidh.
Na forálacha reachtúla i dtaobh ciontuithe do bhreaca á gcur i mbaint le ciontuithe do bhreaca fén
17.—An fhoráil de sna Licensing (Ireland) Acts, 1833 to 1905, a bheidh i bhfeidhm de thurus na huaire i dtaobh ciontuithe do bhreaca ar cheadúnaisí, bainfe sí le gach ciontú do bhreaca ar cheadúnaisí is gá do réir an Achta so a bhreaca ar cheadúnas an duine chiontuithe.
Geallbhruide ceadúnaisí ar a mbeidh trí ciontuithe breactha.
18.—(1) Má dintar sealbhóir aon tsaghas ceadúnais chun deocha meisciúla do mhion-díol (pe'ca chun iad d'ól san áitreabh é no lasmuich de), ceadúnas ar a bhfuil dhá chiontú breactha, do chiontú i gcionta ar gá, do réir an Achta so no do réir aon Achta eile, an ciontú ann do bhreaca, no a n-ordóidh an chúirt go dleathach é bhreaca, ar cheadúnas an duine a ciontófar ann, geallbhruidfar an ceadúnas san láithreach.
(2) Einne a ngeallbhruidfar a cheadúnas fén alt so, féadfa sé, laistigh de mhí tar éis an gheallbhruidthe sin, a iarraidh ar an Ard-Chúirt ar pé slí a hordófar le rialacha cúirte, an geallbhruide sin do chur ar neamh-ní.
(3) Ar éisteacht iarratais fén bhfo-alt san roimhe seo, más deimhin leis an Ard-Chúirt go bhfuil sé ceart geallbhruide ceadúnas an iarratasóra do chur ar neamh-ní—
(a) mar gheall ar chineál na gciontaí a bhfuil na ciontuithe ionta breactha ar cheadúnas an iarratasóra agus mar gheall ar a mbaineann leo, agus
(b) mar gheall ar charachtar generálta an iarratasóra agus ar a oiriúnaí atá sé chun ceadúnas do bheith aige,
buailfidh an chúirt amach as an gceadúnas san breaca cheann de sna ciontuithe atá breactha air, pé ceann is oiriúnach leis an gcúirt.
(4) Aon ordú ón Ard-Chúirt fén bhfo-alt san roimhe seo le n-a mbuailfar breaca ciontú amach as ceadúnas, oibreoidh sé chun geallbhruide an cheadúnais sin fén alt so do chur ar neamhní o dháta an chiontuithe a dtáinig an geallbhruide dá dheascaibh.
CUID III.
CLUBANNA.
Bríonna focal a húsáidtear sa Chuid seo den Acht so.
19.—(1) Sa Chuid seo den Acht so cialluíonn an focal “cúirt” an ní céanna a chialluíonn an focal “court” sa Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, ach amháin go gciallóidh an focal “cúirt” an Chúirt Chuarda chun crícheanna iarrataisí le n-a n-iarrfar go ndeonfar deimhniú bunaidh ar chlarú club fén Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, mar a leasuítear leis an Acht so é.
(2) Na focail eile go léir a húsáidtear sa Chuid seo den Acht so agus a húsáidtear sa Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, leis, cialluíd sa Chuid seo den Acht so na nithe céanna a chialluíd fé seach san Acht san.
Tráthanna coiscithe i gclubanna.
20.—(1) Chun go mbeidh aon chlub ionchláruithe fén Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, forálfar le rialacha an chlub (i dteanta na nithe a luaidhtear in alt 4 den Acht san) ná soláthrófar aon deoch ionmháil d'éinne chun í ól in áitreabh an chlub agus ná hólfidh éinne í in áitreabh an chlub (maran ball den chlub an duine sin agus é ar lóistín in áitreabh an chlub)—
(a) roimh a naoi a chlog ar maidin ná tar éis a deich a chlog istoíche aon lá nách Satharn ná Domhnach, ná
(b) roimh a naoi a chlog ar maidin ná tar éis leathuair tar éis a naoi a chlog istoíche aon tSatharn, ná
(c) roimh a haon a chlog tráthnóna ná tar éis a deich a chlog istoíche aon Domhnach.
(2) Aon chlub atá cláruithe fén Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, le linn rithte an Achta so, ní bhainfidh an t-alt so leis go dul in eug don deimhniú ar chlárú an chlub san a bheidh i bhfeidhm i gcionn dhá mhí o am rithte an Achta so.
Deocha ionmháil do sholáthar i gclubanna cláruithe ar ócáidí speisialta.
21.—(1) Féadfidh Breitheamh den Chúirt Dúithche, ar iarratas rúnaí chlub chláruithe, a údarú don chlub san, in ainneoin na bhforálacha bheidh ina rialacha do réir na Coda so den Acht so, deocha ionmháil do sholáthar do bhaill den chlub i rith aon tréimhse áirithe a luadhfar san údarás agus nách sia ná sé huaire a'chluig, tréimhse a mbeadh an soláthar san de dheocha ionmháil coiscithe le n-a linn le rialacha an chlub.
(2) Beidh sé dleathach deocha ionmháil do sholáthar i gclub cláruithe do bhaill den chlub i rith aon tréimhse a húdarófar fén alt so agus ní tuigfar gur brise ar rialacha an chlub é.
(3) Ní deonfar níos mó ná dhá údarás déag fén alt so don aon chlub amháin aon bhliain.
Méadú ar an táille is iníoctha ag clubanna nuair a cláruítear iad.
22.—Gach club a iarfidh deimhniú bunaidh ar chlárú fén Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, no athnuachaint ar aon deimhniú den tsórt san, déanfid, mar choiníoll clárathachta, táille dhá phúnt d'íoc leis an gclárathóir.
Iarratas ag iarraidh deimhniú bunaidh ar chlárú.
23.—(1) Gach iarratas le n-a n-iarrtar go ndeonfí deimhniú bunaidh ar chlárú fén Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, leanfar d'iad a dhéanamh chun an chlárathóra do réir an Achta san mar a leasuítear leis an Acht so é, ach isí an Chúirt Chuarda a éistfidh iad agus a thabharfidh breith ortha in ionad na cúirte a horduítear leis an Acht san.
(2) Isé Breitheamh Cuarda na Cuarda ina bhfuil áitreabh an chlub suidhte a fheidhmeoidh an t-údarás a bronntar ar an gCúirt Chuarda leis an alt so agus san ar pé slí a hordófar le rialacha cúirte.
Agóidí i gcoinnibh deimhniú do dheona.
24.—(1) Ar na hagóidí i gcoinnibh deimhniú do dheona a fhéadfidh an chúirt a bhreithniú fé alt 5 den Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, beidh agóidí a déanfar ar aon scór acu so a leanas no ortha araon, sé sin le rá:—
(a) an méid clubanna cláruithe atá de shaghas an chlub atá ag iarraidh an deimhnithe agus a bhfuil áitreabhacha acu sa cheanntar ina bhfuil an club san á bheartú a áitreabh do bheith aige, gur leor iad i gcóir riachtanaisí an cheanntair sin;
(b) gur dócha gur chun deocha meisciúla do sholáthar do bhaill an chlub agus dá gcuairteoirí is mó a húsáidfar an club agus áitreabh an chlub.
(2) Ar na hagóidí i gcoinnibh deimhniú do dheona no d'athnuachaint a fhéadfidh an chúirt a bhreithniú fé alt 5 den Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, beidh agóid a déanfar ar an scór go bhfuil diúité éigin máil is iníoctha ar son an chlub gan bheith íoctha.
Féadfidh póilíní clubanna do chuardach.
25.—(1) Más dó le haon oifigeach de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath no den Ghárda Síochána, nach ísle céim ná cigire, go bhfuil cúis réasúnta chun a cheapa go ndintar aon chlub áirithe atá cláruithe fén Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, do bhainistí no do sheola i slí is go bhfuil cúis ann chun cur i gcoinnibh a dheimhniú d'athnuachaint fén Acht san, no go bhfuiltar tar éis cionta fén Acht san, mar a leasuíodh é leis an Acht so, do dhéanamh, no go bhfuiltar á dhéanamh in aon chlub den tsórt san, no go ndintar aon deoch ionmháil do dhíol no do sholáthar, no do chimeád chun í dhíol no í sholáthar, in áitreabh club ná fuil cláruithe fen Acht san, féadfa sé ordú i scríbhinn (dá ngairmtear ordú cuardaigh san alt so) do thabhairt amach d'aon tsáirsint, constábla, no gárda no d'aon tsáirsintí, constáblaí, no gárdaí atá fé n-a láimh chun áitreabh an chlub san do chuardach.
(2) Déanfar le haon ordú cuardaigh a tabharfar amach fén alt so a údarú do sna sáirsintí, na constáblaí, no na gárdaí a bheidh ainmnithe ann dul isteach sa chlub aon uair laistigh de cheithre huaire fichead a' chluig tar éis tabhairt amach an orduithe, agus san le héigean más gá é, agus áitreabh an chlub do scrúdú agus ainmneacha agus seolta aon daoine a gheobhfar ann do chur síos agus aon leabhair agus páipéirí a bhaineas le gnó an chlub do thógaint.
(3) Má dhineann aon duine no daoine a gheobhfar san áitreabh san diúltú dá n-ainmneacha agus dá seolta fé seach do thabhairt uatha nuair iarrfidh aon tsáirsint, constábla, no gárda den tsórt san ortha iad, no má thugaid ainmneacha agus seolta bréagacha, féadfar, ar a gciontú ar an slí achmair, an duine no na daoine sin a dhin amhlaidh, gach éinne fé leith acu, do chur fé fhíneáil ná raghaidh thar deich bpúint.
CUID IV.
STILLEIREACHT NEA-DHLISTINEACH.
Srian le díol agus le seilbh abhar áirithe.
26.—(1) Einne a dhíolfidh, a cheannóidh, no a mbeidh ar seilbh aige, in aon líomatáiste no áit le n-a mbaineann an t-alt so de thurus na huaire, no a thabharfidh isteach in aon líomatáiste no áit den tsórt san, no a dhíolfidh le héinne sa líomatáiste no san áit sin, aon chaindíocht d'aon abhar le n-a mbaineann an t-alt so de thurus na huaire maidir leis an líomatáiste no leis an áit sin, agus san gan cead aige chuige sin a tugadh amach fén alt so, beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus, ar a chiontú ann ar an slí achmair, féadfar fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air má sé an chéad chionta aige é agus fíneáil ná raghaidh thar céad púnt i gcás aon chionta ina dhiaidh sin.
(2) Má dhineann éinne, a mbeidh cead aige a tugadh amach do fén alt so, níos mó de sna habhair a luaidhtear sa chead ná mar a ceaduítear leis an gcead do dhíol no do cheannach, no má bhíonn san ar seilbh aige, no má dhineann sé é thabhairt isteach no é dhíol le duine, sa líomatáiste no san áit le n-a mbaineann an cead, tuigfar, chun críche an ailt seo, gur dhíol no gur cheannuig an duine sin, no go raibh ar seilbh aige, no gur thug sé isteach, sa líomatáiste no san áit sin, gan cead, an méid de sna habhair sin a bhí sa bhreis ar an méid a ceaduíodh leis an gcead.
(3) Ar chiontú éinne fén alt so féadfidh an chúirt, más oiriúnach léi é, a fhaisnéis go bhfuil fé gheallbhruide gach abhar ar dineadh an cionta ina thaobh agus na cásanna agus na hárthaí ina bhfuil an t-abhar san.
(4) Féadfidh an tAire Dlí agus Cirt ceada do thabhairt amach do dhaoine chun aon mhéid áirithe d'aon abhar le n-a mbaineann an t-alt so de thurus na huaire do dhíol, do cheannach, no do bheith ar seilbh acu, in aon líomatáiste no áit áirithe le n-a mbaineann an t-alt so de thurus na huaire no chun aon mhéid áirithe d'aon abhar den tsórt san do thabhairt isteach in aon líomatáiste no áit áirithe den tsórt san.
(5) Féadfidh an tAire Dlí agus Cirt rialacháin do dhéanamh ina leagfar amach na téarmaí agus na coiníollacha ar a dtabharfa sé ceada amach fén alt so agus féadfa sé socrú dhéanamh sna rialacháin sin chun na ceada san do thabhairt amach tré bhaill den Ghárda Síochána no (le toil an Aire Airgid) tré oifigigh máil, agus féadfa sé, leis, fé réir ceadú ón Aire Airgid, na táillí (ná raghaidh thar cúig scillinge ar gach cead) a éileoidh sé ar na ceada san do leaga amach.
(6) Bainfidh an t-alt so le pé líomatáistí agus áiteanna a cheapfidh an tAire Dlí agus Cirt le hordú o am go ham agus bainfe sé le habhair dob fhéidir a úsáid mar thráthchoda de bhiotáille a stilleofí go nea-dhlistineach, pé abhair a cheapfidh an tAire le hordú o am go ham i dtaobh aon líomatáiste no áit áirithe.
(7) Seachtain ar a luíod sar a ndéanfa sé ordú chun an t-alt so do chur i mbaint le haon líomatáiste no áit no le haon abhar maidir le haon líomatáiste no áit, foillseoidh an tAire Dlí agus Cirt fé dhó ar a luíod i ngach páipéar fé leith de dhá pháipéar a léightear sa líomatáiste no san áit sin, fógra go bhfuil sé chun an t-ordú do dhéanamh.
Leasuithe ar an Illicit Distillation (Ireland) Act, 1831.
27.—(1) Athghairmtear leis seo alt 18 den Illicit Distillation (Ireland) Act, 1831, o sna focail “and if any officer of excise having entered” go dtí deire an ailt, agus ina ionad san achtuítear leis seo ná luighfidh aon aicsean in aghaidh aon oifigigh máil ná in aghaidh aon bhaill den Ghárda Síochána ar son ná i dtaobh aon ghnímh, ní no ruda a dhin sé agus é ag déanamh aon chuardaigh den tsórt a luaidhtear san alt san 18, más rud é go mbeadh an gníomh, an ní no an rud san dleathach dá mba fé údarás barántais chuardaigh a deonfí fé alt 17 den Acht san a déanfí é.
(2) Nuair a bheidh alt 19 den Illicit Distillation (Ireland) Act, 1831, á léiriú agus á chur i mbaint, folóidh an focal “room or place,” mar a húsáidtear san alt san é, agus tuigfar gur fholuigh sé riamh, aon tsaghas foirgnimh in aon chor, agus aon chlós, gáirdín, páirc, portach no píosa eile talmhan, agus aon uaimh no áit eile fé thalamh, nádúrtha no déanta, agus aon bhád, árthach, no déanmhacht eile ar uisce no ann no fé.
(3) Má dintar sealbhóir ceadúnais i gcóir mion-díol deochanna meisciúla do chiontú i gcionta i gcoinnibh alt 22, alt 23, no alt 24 (le n-a bhforchuirtear pionóisí mar gheall ar cheilt, seilbh no díol biotáille a stilleadh go nea-dhlistineach) den Illicit Distillation (Ireland) Act, 1831, geallbhruidfar an ceadúnas san, agus beidh sealbhóir an cheadúnais mí-cháilithe go bráth chun ceadúnas i gcóir mion-díol deocha meisciúla do bheith aige.
(4) Gach éinne a ciontófar i gcionta in aghaidh alt 30 (le n-a bhforchuirtear fíneáil deich bpúnt ar dhaoine a thugann fógra do lucht gan-fhiosaíochta i dtaobh oifigigh máil a bheith ag teacht) den Illicit Distillation (Ireland) Act, 1831, féadfar fíneáil caoga púnt do chur air in ionad na fíneála a luaidhtear san alt san, ach féadfar an fhíneáil caoga púnt san do luíodú fé alt 39 den Acht san.
(5) Einne a ciontófar i gcionta in aghaidh an Illicit Distillation (Ireland) Act, 1831, féadfar, in ionad é chur fé aon phionós a forchuirtear leis an Acht san no leis an alt so, é chur fé phríosúntacht maraon le daor-obair ar feadh téarma nách sia ná sé mhí i gcás an chéad chionta no ar feadh téarma nách sia ná dhá mhí dhéag i gcás aon chionta ina dhiaidh sin.
CUID V.
ILGHNEITHEACH AGUS GENERALTA.
Srian le díol biotáille metilithe.
28.—(1) Coiscthear leis seo biotáille mhetilithe do dhíol idir a naoi a chlog istoíche Dé Sathairn agus a naoi a chlog ar maidin an Luain ina dhiaidh sin.
(2) Coiscthear leis seo biotáille mhetilithe do mhion-díol le héinne—
(a) ná fuil fios a ainme agus a sheola ag an díoltóir cheana no ná fuil deimhniú aige ortha o dhuine éigin is aithnid do cheana, no
(b) ná deir cad chuige go dteastuíonn an bhiotáille sin uaidh
(3) Déanfidh gach mion-díoltóir biotáille metilithe le linn aon mhéid den bhiotáille sin do mhion-díol do na nithe seo síos do bhreaca i leabhar a chimeádfa sé ina chóir sin—
(a) ainm agus seola an cheannathóra;
(b) na crícheanna a ndubhairt an ceannathóir gur theastuigh an bhiotáille ina gcóir;
(c) an méid biotáille a díoladh amhlaidh;
(d) dáta an díola.
(4) Féadfidh aon oifigeach máil no constábla póilíneachta aon uair scrúdú dhéanamh ar an leabhar a bheidh á chimeád ag miondíoltóir biotáille metilithe do réir an fho-ailt sin roimhe seo agus sleachta thógaint as, agus chuige sin féadfa sé dul isteach in áitreabh aon mhion-díoltóra den tsórt san.
(5) Gach éinne dhíolfidh aon bhiotáille mhetilithe—
(a) aon tráth a bhfuil sé coiscithe leis an alt so í dhíol le n-a linn, no
(b) le héinne a bhfuil sé coiscithe leis an alt so biotáille mhetilithe do dhíol leis, no
(c) gan na mion-innste a horduítear leis an alt so do bhreaca i leabhar den tsórt roimhráite,
agus gach éinne a chuirfidh bac ar aon oifigeach máil no ar aon chonstábla póilíneachta agus é ag feidhmiú na gceart atá aige chun scrúdú dhéanamh agus sleachta thógaint fén alt so, beid ciontach i gcionta fén alt so agus ar a gciontú ar an slí achmair féadfar fíneáil nách lú ná deich bpúint agus nách mó ná céad púnt do chur ortha.
(6) Má díoltar aon bhiotáille mhetilithe in áitreabh miondíoltóra biotáille metilithe tuigfar chun crícheanna an ailt seo gurb é an mion-díoltóir sin féin a dhíol í.
(7) San alt so foluíonn an focal “constábla póilíneachta” aon bhall de Phóilíneacht Chathrach Bhaile Atha Cliath agus aon bhall den Ghárda Síochána.
Pionós mar gheall ar bhiotáille mhetilithe d'ól.
29.—Gach éinne ólfidh aon bhiotáille mhetilithe beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair féadfar é chur fé phríosúntacht ar feadh aon téarma nách sia ná sé mhí.
Méadú fíneála fé Achtanna a bhaineann le ceadúchán agus le stilléireacht neadhlistineach.
30.—Gach aon fhíneáil no pionós eile airgid a forchuirtar le haon cheann de sna Licensing (Ireland) Acts, 1833 to 1905, no leis an Illicit Distillation (Ireland) Act, 1831, leis an Spirits (Ireland) Act, 1854, leis an Spirits (Ireland) Act, 1855, no leis an Spirits (Ireland) Act, 1857, no a húdaruítear le haon Acht acu san a fhorchur, beid méaduithe, ar dháta rithte an Achta so agus dá éis sin, agus méaduítear leis seo iad chun bheith chó mór fé dhó leis na méideanna a luaidhtear fé seach sna hAchtanna san.
Athghairmeanna.
31.—Dintar leis seo na hachtacháin a luaidhtear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht so d'athghairm sa mhéid adeirtar sa tríú colún den Sceideal san.
Gearr-theideal, léiriú agus luadh.
32.—(1) Féadfar an tAcht Deocha Meisciúla (Generálta), 1924, do ghairm den Acht so.
(2) Léireofar Codacha I. II. agus V. den Acht so mar éinní amháin leis na Licensing (Ireland) Acts, 1833 to 1905, agus féadfar na hAchtanna Ceadúcháin (Éirinn), 1833 go 1924, do ghairm de sna Codacha san agus de sna hAchtanna san le chéile.
(3) Léireofar Cuid III. den Acht so mar éinní amháin leis an Registration of Clubs (Ireland) Act, 1904, agus féadfar Achtanna Clárú na gClub, 1904 agus 1924, do ghairm den Chuid sin agus den Acht san le chéile.
CEAD SCEIDEAL.
CIONTAI A BREACFAR AR CHEADUNAISI.
Licensing Act, 1872.
Alt 13 (le n-a bhforchuirtar pionós ar dhaoine ceadúnuithe a lomhálann meisce).
Alt 14 (le n-a bhforchuirtar pionós ar dhaoine ceadúnuithe a mbíonn tigh mí-rialta acu).
Alt 16 (le n-a bhforchuirtar pionós ar dhaoine ceadúnuithe a thugann dídean do chonstáblaí).
Alt 17 (le n-a bhforchuirtar pionós ar dhaoine ceadúnuithe a lomhálann cearrbhachas).
Alt 78 (le n-a bhforchuirtar pionós ar dhaoine mar gheall ar dheoch do dhíol i dtráthanna coiscithe).
Licensing Act (Ireland), 1874.
Alt 16 (le n-a bhforchuirtar pionós mar gheall ar dhiúltú do chonstábla do leigint isteach).
DARA SCEIDEAL.
ACHTACHAIN A hATHGHAIRMTEAR.
Siosón agus Caibideal. | Gearr-theideal. | Méid na hAthghairme. |
7 Will. IV. & I Vic., cap. 25. | Dublin Police Act, 1842. | Alt 6. |
17 & 18 Vic., cap. 89. | Spirits (Ireland) Act, 1854. | Alt 3. |
35 & 36 Vic., cap. 94. | Licensing Act, 1872. | Ailt 3, 5, 6, 7, 83 agus 84. |
37 & 38 Vic., cap. 69 | Licensing Act (Ireland), 1874. | Ailt 21 agus 22. |
53 & 54 Vic., cap. 42. | Revenue Act, 1889. | Alt 26. |
1 Edw. VII., cap. 27. | Intoxicating Liquors (Sale to Children) Act, 1901. | An tAcht go léir. |
4 Edw. VII., cap. 9. | Registration of Clubs (Ire- land) Act, 1904. | Fo-alt (3) d'alt 2; províso le halt 4; agus alt 6. |
5 Edw. VII., cap. 3. | Licensing (Ireland) Act, 1905. | An tAcht go léir. |
6 Edw. VII., cap. 39. | The Intoxicating Liquor (Ire- land) Act, 1906. | Alt 2 o thosach an ailt go dtí an focal “building.” |
An tAcht go léir. |