Uimhir 7 de 1999
AN tACHT UM THOGHCHÁIN ÁITIÚLA (SÍNTIÚIS AGUS CAITEACHAS A NOCHTADH), 1999
[An tiontú oifigiúil]
RIAR NA nALT
Réamhráiteach agus Ginearálta
Alt | |
1. | |
2. | |
3. | |
4. | |
5. |
Caiteachais Toghcháin agus Daoine Cuntasacha.
6. | |
7. | |
8. | |
9. |
Conarthaí agus Éilimh.
10. | |
11. | An tréimhse chun éilimh a dhéanamh maidir le caiteachais toghcháin. |
12. |
Ráitis agus Faisnéis
13. | |
14. | Sonraí faoi na ráitis, etc. atá le tabhairt do chomhaltaí údaráis áitiúil. |
15. | |
16. | |
17. | |
18. | |
19. |
Dícháilíochtaí, Ionchúisimh agus Leasuithe Ilghnéitheacha
20. | |
21. | |
22. | |
23. | |
24. |
Taighde ar Thoghcháin Áitiúla agus ar Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa
25. | Taighde ar mhodhanna leictreonacha chun vótaí a thaifeadadh agus a chomhaireamh. |
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
An tAcht Toghcháin, 1992 | 1992, Uimh. 23 |
An tAcht Toghcháin, 1997 | 1997, Uimh. 25 |
Na hAchtanna Toghcháin, 1992 go 1998 | |
An tAcht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997 | 1997, Uimh. 2 |
Na hAchtanna um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1992 go 1997 | |
Na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla, 1974 go 1998 | |
An tAcht um Thoghcháin Áitiúla (Achainíocha agus Dícháilíochtaí), 1974 | |
An tAcht Rialtais Áitiúil, 1994 | 1994, Uimh. 8 |
Na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1998 | |
An tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) (Leasú), 1994 | 1994, Uimh. 21 |
Petty Sessions (Ireland) Act, 1851 | 14 & 15 Vict., c.93 |
Uimhir 7 de 1999
AN tACHT UM THOGHCHÁIN ÁITIÚLA (SÍNTIÚIS AGUS CAITEACHAS A NOCHTADH), 1999
[An tiontú oifigiúil]
ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE NOCHTADH SÍNTIÚS AGUS CAITEACHAIS I LEITH TOGHCHÁN ÁITIÚIL AGUS THAIRIS SIN DO LEASÚ NA nACHTANNA UM THOGHCHÁIN ÁITIÚLA, 1974 GO 1998, DO DHÉANAMH SOCRÚ MAIDIR LE PÁIPÉIR BHALLÓIDE A ÚSÁID LE hAGHAIDH TAIGHDE AR MHODHANNA LEICTREONACHA CHUN VÓTAÍ I dTOGHCHÁIN ÁITIÚLA AGUS I dTOGHCHÁIN DO PHARLAIMINT NA hEORPA A DHÉANFAR SA BHLIAIN 1999 A THAIFEADADH AGUS A CHOMHAIREAMH AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE COMHGHAOLMHARA. [18 Bealtaine, 1999]
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:
CUID I
Réamhráiteach agus Ginearálta
Gearrtheideal agus comhlua.
1.—(1) Féadfar an tAcht um Thoghcháin Áitiúla (Síntiúis agus Caiteachas a Nochtadh), 1999, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna Toghcháin, 1992 go 1999, a ghairm de na hAchtanna Toghcháin, 1992 go 1998, agus den Acht seo le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.
(3) Féadfar na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla, 1974 go 1999, a ghairm de na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla, 1974 go 1998, agus den Acht seo (seachas fo-alt (4) agus cibé méid d'alt 25 a bhaineann leis na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa) le chéile, agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.
(4) Féadfar na hAchtanna um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1992 go 1999, a ghairm le chéile de na hAchtanna um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1992 go 1997, den fho-alt seo agus de cibé méid d'ailt 2 agus 25 a bhaineann leis na toghcháin do Pharlaimint na hEorpa, agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.
Léiriú.
2.—(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—
ciallaíonn “Acht 1992” an tAcht Toghcháin, 1992;
ciallaíonn “Acht 1997” an tAcht Toghcháin, 1997;
ciallaíonn “Acht 1998” an tAcht Toghcháin (Leasú), 1998;
tá le “an t-oifigeach cuí” an bhrí a shanntar dó in alt 71 d'Acht 1997;
ciallaíonn “iarrthóir” iarrthóir i dtoghchán áitiúil;
ciallaíonn “cléireach”, i ndáil le bardas contaebhuirge nó buirge eile, comhairle ceantair uirbigh nó coimisinéirí baile, an cléireach baile;
tá le “praghas tráchtála”, i ndáil le maoin, earraí nó seirbhísí a sholáthar agus maoin nó earraí a thabhairt ar iasacht, an bhrí a shanntar dó in alt 2(1) d'Acht 1997;
tá le “duine ainmnithe” an bhrí a shanntar dó in alt 8;
ciallaíonn “síntiús” aon ranníoc arna thabhairt chun críoch polaitíochta ag aon duine, cibé acu is comhalta de pháirtí polaitíochta nó nach ea, d'iarrthóir i dtoghchán ar ranníoc é a nglacann an duine sin leis nó a nglactar leis go cuí thar ceann an duine sin, go hiomlán nó go páirteach, agus folaíonn sé—
(a) aon síntiús airgid,
(b) aon síntiús maoine nó earraí,
(c) ceart a thabhairt ar aon slí chun aon mhaoin nó earraí a úsáid, gan íocaíocht nó comaoin eile, gan teorainn ama nó ar feadh tréimhse sonraithe ama,
(d) seirbhísí a sholáthar ar aon slí gan íocaíocht nó comaoin eile ina leith,
(e) aon difríocht idir an praghas tráchtála agus an praghas a mhuirearaítear ar cheannach, ar fháil nó ar úsáid maoine nó earraí nó ar sholáthar aon seirbhíse i gcás inar lú an praghas, an táille nó an chomaoin eile ná an praghas tráchtála, agus
(f) i gcás aon ranníoca a thugann duine i dtaca le hócáid a eagraítear chun cistí a chruinniú d'iarrthóir i dtoghchán, aon chion den bhrabús glan, más ann, is inchurtha síos don ranníoc sin agus a thig ón ócáid,
ach ní fholaíonn sé aon íocaíocht—
(i) a bhaineann le haon cheann de na nithe dá dtagraítear i bhfomhíreanna (i) go (ix) d'alt 6(1)(b), nó
(ii) a bhaineann le haon chaiteachais toghcháin arna dtabhú ag páirtí polaitíochta nó thar ceann páirtí polaitíochta ag gníomhaire náisiúnta nó ag duine ainmnithe, de réir mar a bheidh, thar ceann iarrthóra agus arna bhfíordheimhniú ag an bpáirtí polaitíochta i dtoghchán, seachas síntiús airgid;
ciallaíonn “toghchán”, seachas i gCuid VI, toghchán áitiúil agus i gCuid VI ciallaíonn sé toghchán áitiúil nó an toghchán do Pharlaimint na hEorpa, de réir mar is cuí;
ciallaíonn “toghlimistéar” an limistéar ar faoina threoir a dhéantar toghchán áitiúil de réir alt 24 (6) den Acht Rialtais Áitiúil, 1994;
ciallaíonn “údarás áitiúil” comhairle contae, bardas contaebhuirge nó buirge eile, comhairle ceantair uirbigh nó coimisinéirí baile;
ciallaíonn “údarás áitiúil lena mbaineann” an t-údarás áitiúil a dtéann nó a ndeachaigh iarrthóir ar aghaidh lena thoghadh nó lena toghadh mar chomhalta de;
ciallaíonn “toghlimistéar áitiúil” an limistéar ar faoina threoir a dhéantar toghchán áitiúil de réir alt 24 (1) den Acht Rialtais Áitiúil, 1994;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Comhshaoil agus Rialtais Áitiúil;
tá le “leibhéal náisiúnta”, i ndáil le caiteachais nó caiteachas toghcháin, an bhrí a shanntar dó le halt 6(4)(a);
tá le “gníomhaire náisiúnta” an bhrí a shanntar dó le halt 7;
folaíonn “duine” pearsa aonair, comhlacht corpraithe agus comhlacht neamhchorpraithe daoine agus measfar gur duine amháin comhlacht corpraithe agus aon fhochomhlacht dá chuid;
ciallaíonn “páirtí polaitíochta” páirtí arna chlárú i gClár na bPáirtithe Polaitíochta de réir alt 25 d'Acht 1992 mar pháirtí atá eagraithe chun bheith san iomaidh i dtoghchán áitiúil;
ciallaíonn “lá vótaíochta” an lá a cheapfar le hordú ón Aire le bheith ina lá vótaíochta i dtoghchán áitiúil;
tá le “forordaithe” an bhrí a shanntar le halt 3;
ciallaíonn “maoin” maoin réadach agus phearsanta;
ciallaíonn “ceann comhairimh” ceann comhairimh i dtoghchán áitiúil;
ciallaíonn “rúnaí”, i ndáil le comhairle contae, an rúnaí contae nó an t-oifigeach dá ndílsítear feidhmeanna an rúnaí contae;
ciallaíonn “údarás áitiúil sonraithe” an t-údarás áitiúil a shonraítear le hordú ón Aire in alt 6;
tá le “fo-eagraíocht” an bhrí a shanntar dó le halt 22(1) d'Acht 1997.
(2) San Acht seo—
(a) aon tagairt do Chuid nó d'alt is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe;
(b) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe;
(c) déanfar tagairt d'aon achtachán a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú, arna oiriúnú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin nó faoi, lena n-áirítear an tAcht seo.
Rialacháin.
3.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh lena bhforordófar aon ní nó rud, dá dtagraítear san Acht seo mar ní nó rud atá forordaithe.
(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
Caiteachais an Aire.
4.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Aisghairm.
5.—Aisghairtear leis seo ailt 72 agus 75 den Acht Toghcháin, 1997.
CUID II
Caiteachais Toghcháin agus Daoine Cuntasacha
Caiteachais agus íocaíochtaí i dtoghchán.
6.—(1) (a) Faoi réir mhír (b), ciallaíonn “caiteachais toghcháin” an caiteachas go léir chun críoch toghcháin a thabhófar ar mhaoin, earraí nó seirbhísí a sholáthar lena húsáid nó lena n-úsáid i dtoghchán i rith na tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (3) d'fhonn na nithe seo a leanas a dhéanamh—
(i) leasanna páirtí polaitíochta a chur chun cinn, go díreach nó go neamhdhíreach, nó cur ina gcoinne, go díreach nó go neamhdhíreach, nó beartais nó beartas áirithe de chuid páirtí polaitíochta nó tráchtaí páirtí polaitíochta maidir le beartas nó beartais de chuid páirtí polaitíochta eile nó de chuid iarrthóir amháin nó nó níos mó sa toghchán a chur i láthair, nó
(ii) toghadh iarrthóra sa toghchán a chur chun cinn, go díreach nó go neamhdhíreach, nó cur i gcoinne toghadh iarrthóra, go díreach nó go neamhdhíreach, nó vótaí a shireadh ar son nó i gcoinne iarrthóra nó beartais nó beartas áirithe de chuid iarrthóra nó tuairimí iarrthóra maidir le haon ní i dtaca leis an toghchán nó tráchtaí iarrthóra maidir le beartas nó beartais de chuid páirtí polaitíochta nó de chuid aon iarrthóra eile sa toghchán a chur i láthair, nó
(iii) tionchar a imirt ar thoradh an toghcháin ar shlí eile,
agus measfar go bhfolaíonn sé gach caiteachas a thabhófar ar phobalbhrath nó suirbhé eile dá samhail maidir le toghchán a thógáil laistigh den tréimhse 60 lá roimh an lá vótaíochta sa toghchán ag páirtí polaitíochta nó thar ceann páirtí polaitíochta nó ag iarrthóir amháin nó níos mó sa toghchán nó thar ceann iarrthóir amháin nó níos mó sa toghchán.
(b) Measfar nach caiteachais toghcháin an méid seo a leanas—
(i) íoc na héarlaise ag iarrthóir nó thar ceann iarrthóra faoi airteagal 15 de na Rialacháin um Thoghcháin Áitiúla, 1995 (I.R. Uimh. 297 de 1995);
(ii) caiteachas ar chóipeanna de chlár na dtoghthóirí nó de chodanna den chlár sin a cheannach;
(iii) caiteachais mhaireachtála réasúnacha iarrthóra nó aon duine nó daoine a oibríonn thar ceann an iarrthóra ar bhonn deonach;
(iv) aon suim arna heisíoc ag aon phearsa aonair as acmhainní na pearsan aonair féin le haghaidh aon mhionchaiteachas a thabhaítear go dleathach i ndáil leis an toghchán mura n-aisíoctar an tsuim sin leis an duine;
(v) aon íocaíocht, seirbhís nó saoráid a sholáthraítear do dhuine as cistí poiblí nó as airgead a sholáthraíonn institiúid de na Comhphobail Eorpacha nó eagraíocht idir-rialtasach eile ar páirtí inti an Stát de bhua gurb é atá sa duine ná—
(I) comhalta de cheachtar Teach den Oireachtas,
(II) sealbhóir ar oifig cháilitheach de réir bhrí na nAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1998,
(III) sealbhóir ar phost dá dtagraítear san Acht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) (Leasú), 1994,
(IV) ionadaí i bParlaimint na hEorpa,
(V) páirtí polaitíochta,
(VI) grúpa polaitíochta nó aon ghrúpa comhaltaí de Dháil Éireann,
(VII) sealbhóir ar oifig thoghaí nó ar oifig phoiblí eile,
(VIII) comhalta de chomhlacht, toscaire chuig comhlacht nó ionadaí i gcomhlacht arna bhunú le comhaontú nó comhshocraíocht inar páirtí an Stát nó faoi chomhaontú nó faoi chomhshocraíocht den sórt sin, nó
(IX) comhalta d'údarás áitiúil;
(vi) sochair a gheofar—
(I) as seirbhís a thabharfaidh pearsa aonair, lena n-áirítear mótarfheithicil na pearsan aonair a úsáid, thar ceann páirtí polaitíochta nó iarrthóra i dtoghchán i gcás an tseirbhís sin a bheith in aisce agus—
(A) nach cuid í d'obair na pearsan aonair sin arna déanamh faoi chonradh fostaíochta, nó
(B) i gcás an phearsa aonair a bheith féinfhostaithe, nach dtabharfar í i gcúrsa ghnó na pearsan aonair nó i gcleachtadh ghairm na pearsan aonair,
nó
(II) as seirbhís arna tabhairt i dtoghchán ag pearsa aonair atá ar fostú ag páirtí polaitíochta, (cibé acu a thugtar a luach saothair as acmhainní an pháirtí féin nó as cistí poiblí), lena n-áirítear mótarfheithicil na pearsan aonair a úsáid thar ceann iarrthóra de chuid an pháirtí sin i dtoghchán i gcás nach bhfuil an phearsa aonair ag fáil aon luaíochta nó sochar comhchineáil seachas an gnáthluach saothair a fhaigheann sé nó sí i gcomaoin na seirbhíse sin;
(vii) nuacht, tuarascálacha, ailt, gné-ailt, tráchtaí eagarfhocail nó tráchtaí eile a fhoilsiú, lena n-áirítear litreacha chuig an eagarthóir a fhoilsiú, i nuachtán, in iris nó i bhfoilseachán tréimhsiúil eile nó na nithe sin a chraoladh ar an raidió nó ar an teilifís, i gcás ina ndéantar an foilsiú nó an craoladh sin sa tslí chéanna le hábhar eile a bhaineann le saincheisteanna ar díol spéise nó imní poiblí iad, agus i gcás nach bhfoilsítear an nuachtán, an iris nó an foilseachán tréimhsiúil eile chun leasanna páirtí polaitíochta nó iarrthóra i dtoghchán a chur chun cinn;
(viii) craoladh a tharchur ar an raidió nó ar an teilifís thar ceann páirtí polaitíochta nó iarrthóra i dtoghchán;
(ix) caiteachais arna dtabhú maidir le maoin, earraí nó seirbhísí a úsáidtear i dtoghchán a sholáthar i gcás inar soláthraíodh an mhaoin, na hearraí nó na seirbhísí sin i leith toghcháin Uachtaráin, toghcháin Dála, toghcháin Eorpaigh nó toghcháin áitiúil roimhe sin agus go raibh an costas a ghabh le soláthar na maoine, na n-earraí nó na seirbhísí sin san áireamh sa ráiteas caiteachas toghcháin a thug gníomhaire náisiúnta an pháirtí polaitíochta, an gníomhaire toghcháin, an duine ainmnithe nó an t-iarrthóir, de réir mar a bheidh, don Choimisiún um Oifigí Poiblí nó d'údarás áitiúil i ndáil leis an toghchán roimhe sin a dúradh.
(2) Más rud é go ndéanfar maoin, earraí nó seirbhísí a sholáthar do pháirtí polaitíochta nó d'iarrthóir i dtoghchán gan íocaíocht nó comaoin eile a thabhairt ina leith nó ar phraghas is lú ná an praghas tráchtála, measfar gur caiteachas toghcháin soláthar na maoine, na n-earraí nó na seirbhísí agus measfar gur soláthraíodh an mhaoin, na hearraí nó na seirbhísí ar an bpraghas tráchtála agus tabharfar cuntas ina leith dá réir sin sna ráitis atá le tabhairt faoi alt 13 don údarás áitiúil sonraithe nó don údarás áitiúil lena mbaineann.
(3) Áireofar an méid seo a leanas sa ráiteas atá le tabhairt don údarás áitiúil sonraithe nó don údarás áitiúil lena mbaineann faoi alt 13:
(a) na caiteachais toghcháin go léir arna dtabhú ag páirtí polaitíochta nó iarrthóir nó thar ceann páirtí polaitíochta nó iarrthóra aon tráth i rith na tréimhse dar tosach dáta an ordaithe, arna dhéanamh faoi alt 21 den Acht Rialtais Áitiúil, 1994, lena gceaptar an lá vótaíochta agus dar críoch an lá vótaíochta sa toghchán;
(b) faoi réir fho-alt (1) (b) (ix), na caiteachais toghcháin go léir arna dtabhú ag páirtí polaitíochta nó iarrthóir nó thar ceann páirtí polaitíochta nó iarrthóra aon tráth roimh thosach na tréimhse iomchuí dá dtagraítear i mír (a) chun maoin, earraí nó seirbhísí a sholáthar lena húsáid nó lena n-úsáid sa toghchán i rith na tréimhse dá dtagraítear i mír (a);
(c) na híocaíochtaí go léir a thugtar i leith na gcaiteachas toghcháin dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b).
(4) Is iad na daoine seo a leanas amháin a thabhóidh caiteachais toghcháin i dtoghchán agus a thabharfaidh aon íocaíocht, airleacan nó éarlais le haghaidh caiteachas toghcháin den sórt sin—
(a) thar ceann páirtí polaitíochta i leith limistéir seachas toghlimistéar áitiúil nó toghlimistéar (dá ngairtear “leibhéal náisiúnta” san Acht seo), gníomhaire náisiúnta an pháirtí sin,
(b) thar ceann páirtí polaitíochta i leith toghlimistéir áitiúil nó toghlimistéir, an duine ainmnithe, agus
(c) thar ceann iarrthóra, an t-iarrthóir.
(5) I bhfo-alt (4), forléireofar “gníomhaire náisiúnta”, “duine ainmnithe” agus “iarrthóir” mar abairtí a fholaíonn duine nó daoine a bheidh údaraithe chun críche fho-alt (4) ag an ngníomhaire náisiúnta sin, ag an duine ainmnithe sin, nó ag an iarrthóir sin, de réir mar a bheidh, agus déanfaidh an gníomhaire náisiúnta, an duine ainmnithe nó an t-iarrthóir aon chaiteachas a thabhóidh, nó aon íocaíocht a thabharfaidh, an duine nó na daoine sin a nochtadh sa ráiteas atá le soláthar faoi alt 13.
(6) I gcás ina dtabhóidh comhlacht aon chaiteachais toghcháin i dtoghchán ar comhlacht é—
(a) a bhunaigh páirtí polaitíochta nó iarrthóir nó a bunaíodh thar ceann páirtí polaitíochta nó iarrthóra chun caiteachais toghcháin a thabhú nó íocaíochtaí a thabhairt i leith caiteachas den sórt sin nó chun aon cheann de na críocha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a), nó
(b) is comhalta nó brainse nó fo-eagraíocht de chuid páirtí polaitíochta, nó
(c) atá faoi rialú le fírinne ag páirtí polaitíochta nó ag iarrthóir nó atá nó a dhealraíonn a bheith chomh bainteach nó chomh gaolmhar le páirtí polaitíochta nó le hiarrthóir go gcreidfeadh duine réasúnach go bhfuil sé faoi rialú nó faoi thionchar substainteach an pháirtí polaitíochta nó an iarrthóra sin,
ansin measfar gur tabhaíodh na caiteachais sin thar ceann an pháirtí nó an iarrthóra lena mbaineann agus tabharfaidh an gníomhaire náisiúnta, an duine ainmnithe nó an t-iarrthóir cuntas cuí ina leith.
(7) Sula ndéanfaidh sé nó sí aon chaiteachais a thabhú i dtoghchán, déanfaidh duine (seachas gníomhaire náisiúnta páirtí polaitíochta nó duine ainmnithe nó an t-iarrthóir nó duine a bheidh údaraithe ag aon ghníomhaire, duine nó iarrthóir den sórt sin chun críche fho-alt (4)) a bheartaíonn caiteachais toghcháin a thabhú, na nithe seo a leanas a thabhairt i scríbhinn don údarás áitiúil sonraithe i gcás caiteachais ag leibhéal náisiúnta nó don údarás áitiúil lena mbaineann in aon chás eile—
(a) ainm, seoladh agus tuairisc an duine a bheartaíonn na caiteachais a thabhú,
(b) ráiteas maidir le cineál, cuspóir agus méid measta na gcaiteachas sin, agus
(c) léiriú ar an mbaint, más ann, atá ag an duine le haon pháirtí nó iarrthóir sa toghchán.
(8) Más rud é, d'ainneoin ailt 7 agus 8, go dtabhóidh páirtí polaitíochta caiteachais toghcháin, nó go dtabhófar caiteachais toghcháin thar ceann páirtí polaitíochta, i dtoghchán sula gceapfaidh an páirtí gníomhaire náisiúnta nó duine ainmnithe, déanfaidh an páirtí polaitíochta sonraí faoi na caiteachais sin, agus gach dearbhán iomchuí, a thabhairt don ghníomhaire nó don duine ainmnithe iomchuí, agus measfar gur caiteachais arna dtabhú ag an ngníomhaire náisiúnta nó ag an duine ainmnithe na caiteachais toghcháin sin.
(9) Ní dhéanfaidh foilsitheoir nuachtáin, irise nó foilseacháin thréimhsiúil eile aon fhógrán nó fógra a fhoilsiú i ndáil le toghchán a airbheartaíonn leasanna páirtí polaitíochta nó iarrthóra sa toghchán sin a chur chun cinn, go díreach nó go neamhdhíreach, nó cur i gcoinne leasanna den sórt sin, go díreach nó go neamhdhíreach, ar iarraidh ó aon duine seachas gníomhaire náisiúnta páirtí polaitíochta, an duine ainmnithe nó duine a bheidh údaraithe i scríbhinn ag an ngníomhaire nó ag an duine ainmnithe sin, nó iarrthóir sa toghchán nó duine a bheidh údaraithe i scríbhinn ag iarrthóir den sórt sin, mura rud é go ndéanfaidh an duine deimhniú ón údarás áitiúil sonraithe nó ón údarás áitiúil lena mbaineann a thabhairt ar aird don fhoilsitheoir sin á rá gur chomhlíon an duine sin forálacha fho-alt (7) i ndáil leis an toghchán sin.
(10) Ní fhorléireofar an t-alt seo ar shlí a choiscfidh nó a shrianfaidh foilsiú dleathach aon ní i ndáil le toghchán i nuachtán nó i bhfoilseachán eile nó craoladh an ní sin ar an raidió nó ar an teilifís nó aon duine do chur tuairime in iúl go dleathach maidir le haon ní ar díol spéise poiblí é.
(11) Féadfaidh an tAire le hordú údarás áitiúil a shonrú mar “údarás áitiúil sonraithe” chun críocha an Achta seo.
Gníomhaire náisiúnta a cheapadh.
7.—(1) (a) Sula dtabhóidh siad aon chaiteachais toghcháin i dtoghchán, déanfaidh gach páirtí polaitíochta, seachas páirtí nach bhfuil cláraithe chun bheith san iomaidh i dtoghchán ach amháin i gcuid den Stát, a fhíordheimhneoidh iarrthóireacht iarrthóra sa toghchán gníomhaire (dá ngairtear “gníomhaire náisiúnta” san Acht seo) a cheapadh chun críocha an Achta seo.
(b) Tráth nach déanaí ná an lá deireanach chun ainmniúcháin a ghlacadh le haghaidh toghcháin, déanfaidh gach páirtí polaitíochta ar a gceanglaítear gníomhaire náisiúnta a cheapadh de bhua mhír (a), ainm a ghníomhaire náisiúnta agus seoladh a oifige nó a hoifige a chur in iúl i scríbhinn don údarás áitiúil sonraithe.
(c) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a thoirmiscfidh ar pháirtí polaitíochta iarrthóir i dtoghchán a cheapadh mar ghníomhaire náisiúnta.
(2) Más rud é, roimh an tráth is déanaí chun iarrthóireacht i dtoghchán a tharraingt siar, nach mbeidh ainm an ghníomhaire náisiúnta agus seoladh oifig an ghníomhaire curtha in iúl don údarás áitiúil sonraithe ag páirtí polaitíochta dá dtagraítear i bhfo-alt (1), measfar gurb é nó gurb í an t-oifigeach cuí a ceapadh, nó a mheasfar a bheith ceaptha, faoi alt 71 d'Acht 1997, gníomhaire náisiúnta an pháirtí, measfar go bhfuil an páirtí tar éis ceapachán aon duine eile mar ghníomhaire náisiúnta a chúlghairm agus beidh feidhm ag forálacha an Achta seo maidir leis an oifigeach sin sa tslí chéanna a bheidh feidhm acu maidir le gníomhaire náisiúnta.
(3) Féadfaidh páirtí polaitíochta, aon tráth, ceapachán gníomhaire náisiúnta a bheidh déanta aige faoin alt seo, nó a mheasfar a bheith ainmnithe aige de bhua fho-alt (2), a chúlghairm.
(4) (a) Más rud é, sula mbeidh an ráiteas iomchuí caiteachas toghcháin tugtha d'údarás áitiúil sonraithe de réir alt 13, go gcúlghairfear ceapachán gníomhaire náisiúnta, nó go bhfaighidh duine a ceapadh mar ghníomhaire náisiúnta den sórt sin bás, go n-éireoidh sé nó sí as oifig nó nach mbeidh sé nó sí, ar shlí eile, in ann gníomhú, déanfaidh an páirtí polaitíochta lena mbaineann gníomhaire náisiúnta eile a cheapadh láithreach.
(b) Beidh éifeacht le forálacha an ailt seo i ndáil le ceapachán faoin bhfo-alt seo agus beidh gníomhaire náisiúnta a cheapfar amhlaidh faoi réir fhorálacha an Achta seo sa tslí chéanna le gníomhaire náisiúnta a cheapfar ar shlí eile faoin alt seo.
(5) A luaithe is féidir tar éis fógra a fháil faoi ghníomhaire náisiúnta a bheith ceaptha ag páirtí polaitíochta, de bhun fho-alt (1) nó (4) nó más rud é, d'éagmais fógra den sórt sin, go measfar ceapachán a bheith déanta, déanfaidh an t-údarás áitiúil sonraithe ainm an ghníomhaire náisiúnta a cheapfar nó a mheasfar a bheith ceaptha, de réir mar a bheidh, faoin alt seo, ainm an pháirtí polaitíochta a mbeidh an gníomhaire náisiúnta ceaptha aige, nó a mheasfar é nó í a bheith ceaptha aige, agus seoladh oifig an ghníomhaire náisiúnta a fhoilsiú san Iris Oifigiúil.
Duine ainmnithe a cheapadh.
8.—(1) (a) Sula dtabhóidh sé aon chaiteachais toghcháin i dtoghchán i dtoghlimistéar áitiúil nó i dtoghlimistéar thar ceann iarrthóra, déanfaidh páirtí polaitíochta, chun críocha an Achta seo, duine (dá ngairtear an “duine ainmnithe” san Acht seo) a cheapadh agus beidh an duine sin freagrach i ráiteas caiteachas toghcháin a thabhairt faoi alt 13.
(b) Tráth nach déanaí ná an lá deireanach chun ainmniúcháin a ghlacadh le haghaidh toghcháin, déanfaidh páirtí polaitíochta ar a gceanglaítear duine ainmnithe a cheapadh de bhua mhír (a) ainm an duine sin agus seoladh a oifige nó a hoifige a chur in iúl i scríbhinn don údarás áitiúil lena mbaineann.
(c) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a thoirmiscfidh ar pháirtí polaitíochta iarrthóir i dtoghchán a cheapadh mar an duine ainmnithe.
(2) Más rud é, roimh an tráth is déanaí chun iarrthóireacht i dtoghchán a tharraingt siar, nach mbeidh ainm an duine ainmnithe agus seoladh oifig an duine curtha in iúl don údarás áitiúil lena mbaineann ag páirtí polaitíochta dá dtagraítear i bhfo-alt (1), measfar gurb é nó gurb í an t-oifigeach cuí a ceapadh, nó a mheasfar a bheith ceaptha, faoi alt 71 d'Acht 1997, duine ainmnithe an pháirtí, measfar go bhfuil an páirtí tar éis ceapachán aon duine eile mar an duine ainmnithe a chúlghairm agus beidh feidhm ag forálacha an Achta seo maidir leis an oifigeach sin sa tslí chéanna a bheidh feidhm acu maidir le duine ainmnithe.
(3) Féadfaidh páirtí polaitíochta, aon tráth, ceapachán duine ainmnithe a bheidh déanta aige faoin alt seo, nó a mheasfar a bheith ainmnithe aige de bhua fho-alt (2), a chúlghairm.
(4) (a) Más rud é, sula mbeidh an ráiteas caiteachas toghcháin tugtha don údarás áitiúil iomchuí de réir alt 13, go gcúlghairfear ceapachán an duine ainmnithe, nó go bhfaighidh duine a ceapadh sa cháil sin bás, go n-éireoidh sé nó sí as oifig nó nach mbeidh sé nó sí, ar shlí eile, in ann gníomhú, déanfaidh an páirtí polaitíochta lena mbaineann duine ainmnithe eile a cheapadh láithreach.
(b) Beidh éifeacht le forálacha an ailt seo i ndáil le ceapachán faoin bhfo-alt seo agus beidh duine ainmnithe a cheapfar amhlaidh faoi réir fhorálacha an Achta seo sa tslí chéanna le duine ainmnithe a cheapfar ar shlí eile faoin alt seo.
(5) A luaithe is féidir tar éis fógra a fháil faoi dhuine ainmnithe a bheith ceaptha ag páirtí polaitíochta, de bhun fho-alt (1) nó (4), déanfaidh an t-údarás áitiúil lena mbaineann ainm an duine ainmnithe a cheapfar faoin alt seo, ainm an pháirtí polaitíochta a mbeidh an duine ainmnithe ceaptha aige, agus seoladh oifig an duine ainmnithe, a fhoilsiú i nuachtán a scaiptear i limistéar feidhme an údaráis áitiúil.
Oifig an ghníomhaire agus an duine ainmnithe.
9.—(1) Beidh ag gníomhaire náisiúnta páirtí polaitíochta agus ag duine ainmnithe a cheapfar faoi ailt 7 agus 8, faoi seach, oifig nó áit sa Stát a bhféadfar éilimh, fógraí, eascairí, toghairmeacha agus doiciméid eile a chur chuici.
(2) Aon éileamh, fógra, eascaire, toghairm nó doiciméad a sheachadfar ag oifig nó áit gníomhaire náisiúnta páirtí polaitíochta nó an duine ainmnithe agus a bheidh dírithe chuig an ngníomhaire nó chuig an duine sin, measfar gur seirbheáladh an céanna ar an ngníomhaire nó ar an duine agus beidh gach gníomhaire náisiúnta nó duine den sórt sin inagartha i leith aon ní i dtaca leis an toghchán in aon chúirt ag a bhfuil dlínse inniúil san áit ina bhfuil oifig an ghníomhaire nó an duine suite.
CUID III
Conarthaí agus Éilimh
Conarthaí a dhéanamh.
10.—Is é nó is í gníomhaire náisiúnta páirtí polaitíochta nó an duine ainmnithe lena mbaineann nó an t-iarrthóir a dhéanfaidh conradh (lena n-áirítear conradh fostaíochta agus cibé acu i scríbhinn nó ar shlí eile) trína dtabhóidh an páirtí polaitíochta aon chaiteachais toghcháin i dtoghchán ar mó a luach ná £500, nó trína dtabhófar caiteachais den sórt sin thar ceann páirtí polaitíochta nó trína dtabhóidh iarrthóir caiteachais den sórt sin, nó trína dtabhófar caiteachais den sórt sin thar ceann iarrthóra, agus ní bheidh sé infhorfheidhmithe in aghaidh aon duine acu mura ndéanfar amhlaidh é.
An tréimhse chun éilimh a dhéanamh maidir le caiteachais toghcháin.
11.—D'ainneoin aon ní atá in aon achtachán eile, maidir le gach éileamh i leith caiteachas toghcháin in aghaidh gníomhaire náisiúnta páirtí polaitíochta, duine ainmnithe nó iarrthóra nó duine dá dtagraítear in alt 6(7) ar éileamh é nach seachadfar ar an ngníomhaire náisiúnta, ar an duine ainmnithe, ar an iarrthóir nó ar an duine sin ar an gcúigiú lá is daichead tar éis an lae vótaíochta sa toghchán, nó roimhe, ní íocfar é agus ní bheidh sé infhorfheidhmithe in aghaidh an ghníomhaire sin, an duine ainmnithe sin, an iarrthóra sin nó an duine sin.
Éilimh dhíospóidithe maidir le caiteachais toghcháin.
12.—Má dhíospóideann gníomhaire náisiúnta páirtí polaitíochta, duine ainmnithe, iarrthóir nó duine lena mbaineann alt 6(7) aon éileamh a sheachadfar ar an ngníomhaire sin, ar an duine ainmnithe sin, ar an iarrthóir sin nó ar an duine sin laistigh den tréimhse a cheadaítear chun na héilimh sin a sheachadadh faoi alt 11, féadfaidh an duine a dhéanfaidh an t-éileamh iarratas a dhéanamh chuig cúirt dlínse inniúla ar ordú chun an t-éileamh a íoc agus féadfaidh an chúirt, ar bheith deimhin di gur ceart an t-éileamh a íoc, ordú a dhéanamh go n-íocfar é agus an méid is iníoctha a shonrú.
CUID IV
Ráitis agus Faisnéis
Ráiteas síntiús agus caiteachas toghcháin.
13.—(1) (a) (i) Déanfaidh gníomhaire náisiúnta páirtí polaitíochta nó duine a thabhóidh caiteachais toghcháin faoi alt 6 (7) ag leibhéal náisiúnta ráiteas i scríbhinn a thabhairt go pearsanta don údarás áitiúil sonraithe laistigh de 90 lá díreach tar éis an lae vótaíochta i dtoghchán, ar ráiteas é ar na caiteachais toghcháin go léir (cibé acu a íocadh nó nár íocadh iad) a thabhaigh an gníomhaire nó an duine sin i ndáil leis an toghchán agus ar na nithe éagsúla lena mbaineann na caiteachais sin.
(ii) Déanfaidh duine ainmnithe nó duine a thabhóidh caiteachais toghcháin faoi alt 6 (7) i leith toghlimistéir áitiúil nó toghlimistéir i ndáil le páirtí polaitíochta nó ar shlí eile ráiteas i scríbhinn a thabhairt go pearsanta don údarás áitiúil lena mbaineann laistigh de 90 lá díreach tar éis an lae vótaíochta i dtoghchán, ar ráiteas é ar na caiteachais toghcháin go léir (cibé acu a íocadh nó nár íocadh iad) a thabhaigh an duine ainmnithe nó an duine sin i ndáil leis an toghchán agus ar na nithe éagsúla lena mbaineann na caiteachais sin.
(iii) Déanfaidh iarrthóir, laistigh de 90 lá tar éis an lae vótaíochta i dtoghchán, ráiteas i scríbhinn a thabhairt go pearsanta don údarás áitiúil lena mbaineann ar na caiteachais toghcháin go léir (cibé acu a íocadh nó nár íocadh iad) a thabhaigh an t-iarrthóir sin i ndáil leis an toghchán, ar na nithe éagsúla lena mbaineann na caiteachais sin agus ar shonraí na síntiús dá dtagraítear i mír (c).
(b) Déanfaidh gníomhaire náisiúnta páirtí polaitíochta, duine ainmnithe nó duine lena mbaineann alt 6 (7) sonraí i dtaobh na gcaiteachas toghcháin a thabhaigh sé nó sí a chur san áireamh sa ráiteas caiteachas toghcháin a thabharfaidh sé nó sí faoi fhomhír (i) nó (ii) de mhír (a). Beidh an ráiteas san fhoirm fhorordaithe agus beidh ag gabháil leis dearbhú reachtúil arna dhéanamh ag an ngníomhaire náisiúnta, ag an duine ainmnithe nó ag an duine lena mbaineann alt 6 (7) a thabharfaidh an ráiteas, á rá go bhfuil an ráiteas ceart i ngach ponc ábhartha, de réir mar is fearr is eol dó nó di agus mar a chreideann sé nó sí, agus go bhfuil gach gníomh réasúnach déanta aige nó aici chun bheith deimhin de go bhfuil an ráiteas cruinn.
(c) (i) Déanfaidh iarrthóir i dtoghchán sonraí i dtaobh na gcaiteachas toghcháin a thabhaigh sé nó sí de bhun alt 6 agus foinse an ioncaim, lena n-áirítear sonraí i dtaobh gach síntiúis os cionn £500, faoi chomhair na gcaiteachas sin, a chur san áireamh sa ráiteas síntiús agus caiteachas toghcháin a thabharfaidh sé nó sí faoi mhír (a) (iii).
(ii) Más rud é go dtabharfaidh duine níos mó ná síntiús amháin d'iarrthóir i ndáil leis an toghchán céanna, déanfar, chun críocha fhomhír (i), na síntiúis sin go léir a chomhiomlánú agus a áireamh mar shíntiús amháin.
(iii) Beidh dearbhú reachtúil, arna dhéanamh ag an iarrthóir a thabharfaidh an ráiteas, ag gabháil leis an ráiteas, á rá go bhfuil an ráiteas ceart i ngach ponc ábhartha, de réir mar is fearr is eol dó nó di agus mar a chreideann sé nó sí, agus go bhfuil gach gníomh réasúnach déanta aige nó aici chun bheith deimhin de go bhfuil an ráiteas cruinn.
(d) Beidh sonraí i dtaobh na n-éileamh díospóidithe go léir, más ann, agus i dtaobh na n-éileamh go léir, más ann, a gheofar tar éis an lae dá dtagraítear in alt 11 san áireamh i ngach ráiteas a thabharfar faoin bhfo-alt seo.
(2) Más rud é, tar éis ráiteas a thabhairt faoi fho-alt (1), go ndéanfaidh cúirt ordú faoi alt 12 chun éileamh a íoc, déanfaidh an gníomhaire náisiúnta, an duine ainmnithe, an t-iarrthóir nó an duine dá dtagraítear in alt 6 (7), de réir mar a bheidh, tráth nach déanaí ná 7 lá tar éis dháta ordú na cúirte, cóip den ordú sin mar aon le ráiteas ar an tsuim is iníoctha faoin ordú a thabhairt don údarás áitiúil sonraithe nó don údarás áitiúil lena mbaineann.
(3) Is é dualgas gach gníomhaire náisiúnta, gach duine ainmnithe, gach iarrthóra nó gach duine eile ar a gceanglaítear leis an alt seo ráiteas a thabhairt agus dearbhú reachtúil a dhéanamh cibé fiosrúcháin a dhéanamh agus cibé taifid a choimeád is gá chun an ráiteas a thabhairt agus an dearbhú a dhéanamh.
(4) Más rud é go bhfaighidh iarrthóir a bheidh arna ainmniú nó arna hainmniú i dtoghchán bás—
(a) in aon cheann de na himthosca dá dtagraítear i bhfo-airteagal (1), (2) nó (3) d'airteagal 28 de na Rialacháin um Thoghcháin Áitiúla, 1995, nó
(b) tar éis chríochnú na vótaíochta sa toghchán agus sula mbeidh ráiteas a cheanglaítear a thabhairt faoi fho-alt (1) (a) (iii) tugtha don údarás áitiúil lena mbaineann i leith an iarrthóra sin,
ní bheidh gá leis an ráiteas sin a thabhairt don údarás áitiúil lena mbaineann.
(5) Más rud é go bhfaighidh duine lena mbaineann alt 6 (7) bás roimh dheireadh na tréimhse chun ráiteas a thabhairt faoi fho-alt (1), ní bheidh gá leis an ráiteas sin a thabhairt don údarás áitiúil lena mbaineann.
Sonraí faoi na ráitis, etc. atá le tabhairt do chomhaltaí údaráis áitiúil.
14.—(1) Faoi réir fho-alt (2), a luaithe is féidir tar éis ráiteas agus dearbhú reachtúil arna dtabhairt de bhun fhomhír (ii) nó (iii) d'alt 13 (1) (a) a fháil déanfaidh cléireach nó rúnaí an údaráis áitiúil lena mbaineann cóip den ráiteas agus den dearbhú, maille le cóip d'aon orduithe cúirte iomchuí, a thabhairt do chomhaltaí an údaráis áitiúil sin.
(2) I gcás ina ndéanfar earráid nó easnamh atá i ráiteas arna thabhairt de bhun fhomhír (ii) nó (iii) d'alt 13 (1) (a) a cheartú nó a shlánú, de réir mar a bheidh, de réir alt 18(2), déanfaidh cléireach nó rúnaí an údaráis áitiúil lena mbaineann cóip den ráiteas arna cheartú amhlaidh a thabhairt do chomhaltaí an údaráis áitiúil sin.
Saoradh maidir le neamhchomhlíonadh.
15.—(1) Más rud é, in aon imeachtaí dlí—
(a) go mainneoidh gníomhaire náisiúnta páirtí polaitíochta ráiteas caiteachas toghcháin nó aon chuid de ráiteas den sórt sin nó dearbhú reachtúil a bhí le tabhairt aige nó aici faoi alt 13 (1) (a) (i) a thabhairt don údarás áitiúil sonraithe nó go bhfuil earráid, easnamh nó ráiteas bréagach nó míthreorach sa chéanna, nó
(b) go mainneoidh an duine ainmnithe ráiteas caiteachas toghcháin nó aon chuid de ráiteas den sórt sin nó dearbhú reachtúil a bhí le tabhairt aige nó aici faoi alt 13 (1) (a) (ii) a thabhairt don údarás áitiúil lena mbaineann nó go bhfuil earráid, easnamh nó ráiteas bréagach nó míthreorach sa chéanna, nó
(c) go mainneoidh iarrthóir i dtoghchán ráiteas síntiús agus caiteachas toghcháin nó aon chuid de ráiteas den sórt sin nó dearbhú reachtúil a bhí le tabhairt aige nó aici faoi alt 13 (1) (a) (iii) a thabhairt don údarás áitiúil lena mbaineann nó go bhfuil earráid, easnamh nó ráiteas bréagach nó míthreorach sa chéanna, nó
(d) go mainneoidh duine dá dtagraítear in alt 6 (7) ráiteas caiteachas toghcháin nó aon chuid de ráiteas den sórt sin nó dearbhú reachtúil a bhí le tabhairt aige nó aici faoi fhomhír (i) nó (ii) d'alt 13(1) (a) a thabhairt don údarás áitiúil sonraithe nó don údarás áitiúil lena mbaineann nó go bhfuil earráid, easnamh nó ráiteas bréagach nó míthreorach sa chéanna,
beidh feidhm ag na forálacha sin ina dhiaidh seo den alt seo.
(2) I gcás ina suífear don Chúirt Chuarda gur tharla an mhainneachtain, an earráid, an t-easnamh nó an ráiteas bréagach nó míthreorach—
(a) mar gheall ar pháirtí sna himeachtaí a bheith breoite,
(b) má tá gníomhaire náisiúnta ina pháirtí nó ina páirtí sna himeachtaí, mar gheall ar bhás, breoiteacht, asláithreacht nó mí-iompar aon fhostaí nó iarfhostaí de chuid an ghníomhaire sin,
(c) má tá duine ainmnithe ina pháirtí nó ina páirtí sna himeachtaí, mar gheall ar bhás, breoiteacht, asláithreacht nó mí-iompar aon fhostaí nó iarfhostaí de chuid an duine sin,
(d) má tá iarrthóir ina pháirtí nó ina páirtí sna himeachtaí, mar gheall ar bhás, breoiteacht, asláithreacht nó mí-iompar aon fhostaí nó iarfhostaí de chuid an iarrthóra sin,
(e) má tá duine dá dtagraítear in alt 6 (7) ina pháirtí nó ina páirtí sna himeachtaí, mar gheall ar bhás, breoiteacht, asláithreacht nó mí-iompar aon fhostaí nó iarfhostaí de chuid an duine sin, nó
(f) mar gheall ar neamhaire nó ar chúis réasúnach eile nach bhfuil faillí ar thaobh an pháirtí sin sna himeachtaí, nó sárú feasach ag an bpáirtí sin ar fhorálacha an Achta seo, ag gabháil léi,
agus nár tharla an céanna mar gheall ar aon easpa bona fides ar thaobh an pháirtí sin sna himeachtaí agus i gcás na himeachtaí a bheith bunaithe go hiomlán nó go páirteach ar fhorais mí-iompair ar thaobh aon duine, gan an mí-iompar sin a bheith ceadaithe ag an bpáirtí sin sna himeachtaí nó gan eolas a bheith aige nó aici ina leith agus go ndearna an páirtí sin gach gníomh réasúnach chun an mí-iompar sin a chosc, ansin, féadfaidh an Chúirt Chuarda, ar iarratas chuici ón bpáirtí sin, ar a bheith deimhin di gur cuí déanamh amhlaidh, cibé ordú a dhéanamh, a mheasfaidh sí a bheith réasúnach, chun saoradh a thabhairt i leith na mainneachtana, na hearráide, an easnaimh nó an ráitis bhréagaigh nó míthreorach is ábhar do na himeachtaí.
(3) Maidir le hordú arna dhéanamh de bhua fho-alt (2)—
(a) déanfar an gníomhaire náisiúnta, an duine ainmnithe, an t-iarrthóir, nó an duine, de réir mar a bheidh, is ábhar do na himeachtaí, a shaoradh leis ó aon dliteanas nó iarmhairtí faoin Acht seo, agus
(b) féadfar a chur faoi deara leis go dtabharfar an saoradh ar an gcoinníoll gur i bhfoirm mhodhnaithe nó laistigh de thréimhse fhadaithe ama agus faoi réir cibé coinníollacha eile a chomhlíonadh is dealraitheach don chúirt a bheith cuí chun éifeacht a thabhairt don Acht seo a thabharfar ráiteas a cheanglaítear a thabhairt faoi alt 13.
(4) Chun críocha an ailt seo, is í an Chúirt Chuarda iomchuí an chúirt sin a shuíonn i leith an chontae ina bhfuil príomhoifig an údaráis áitiúil chun a ndearnadh toghchán suite.
Cumhacht na cúirte faisnéis a éileamh.
16.—(1) Más rud é, le linn a bheith ag déileáil le himeachtaí dlí dá dtagraítear in alt 15, gur dealraitheach don Chúirt Chuarda gur dhiúltaigh nó gur mhainnigh aon duine ar gníomhaire náisiúnta páirtí polaitíochta, duine ainmnithe nó iarrthóir i dtoghchán nó duine lena mbaineann alt 6 (7) atá nó a bhí ann nó inti ráiteas a thabhairt de bhun alt 13, nó na sonraí a thabhairt is gá chun comhlíonadh fhorálacha an Achta seo a chumasú i ndáil le ráiteas den sórt sin a thabhairt, féadfaidh an Chúirt Chuarda, sula ndéanfaidh sí ordú faoi alt 15, a ordú don duine sin freastal os a comhair.
(2) Mura rud é go suífidh duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) cúis dá mhalairt, féadfaidh an Chúirt Chuarda a ordú don duine sin—
(a) an ráiteas a éilítear faoi alt 13 a thabhairt don údarás áitiúil sonraithe nó don údarás áitiúil lena mbaineann, nó
(b) cibé sonraí is cuí leis an gCúirt Chuarda a thabhairt laistigh de cibé tréimhse, do cibé duine agus i cibé slí a ordóidh sí, is sonraí atá ar seilbh nó ar fáil ag an duine sin agus is gá chun ráiteas den sórt sin a thabhairt, agus féadfaidh sí a cheangal ar an duine sin cibé míniú a sholáthar ar na sonraí sin a ordóidh an Chúirt Chuarda.
(3) Chun críocha an ailt seo, is í an Chúirt Chuarda iomchuí an chúirt sin a shuíonn i leith an chontae ina bhfuil príomhoifig an údaráis áitiúil chun a ndearnadh toghchán suite.
Ráitis agus toghchán úr.
17.—Más rud é go ndéanfar toghchán úr i dtoghlimistéar áitiúil nó i dtoghlimistéar faoi airteagal 28, 70 nó 71 de na Rialacháin um Thoghcháin Áitiúla, 1995, measfar gur toghchán chun críocha an Achta seo an toghchán bunaidh agus an toghchán úr agus déanfaidh an gníomhaire náisiúnta, an duine ainmnithe, an t-iarrthóir nó an duine dá dtagraítear in alt 6 (7) de réir mar is cuí forálacha an Achta seo, lena n-áirítear alt 13, a chomhlíonadh dá réir sin.
Athbhreithniú ag údarás áitiúil.
18.—(1) Déanfaidh cléireach nó rúnaí údaráis áitiúil gach ráiteas a thabharfar d'údarás áitiúil de bhun alt 13 a chlárú agus tabharfaidh sé nó sí, leis an bpost nó ar shlí eile, fógra i scríbhinn don duine a thabharfaidh an ráiteas sin á rá go bhfuarthas an ráiteas.
(2) Más rud é go n-aimseoidh an t-údarás áitiúil mionearráid nó mioneasnamh sa ráiteas, tabharfaidh an t-údarás áitiúil sonraí maidir leis an earráid nó an easnamh, de réir mar a bheidh, don iarrthóir nár éirigh leis nó léi, don chomhalta tofa, don duine ainmnithe, don ghníomhaire náisiúnta nó don duine eile lena mbaineann, de réir mar a bheidh, a thug an ráiteas agus cuirfidh an t-údarás áitiúil in iúl don duine sin go bhféadfaidh sé nó sí an earráid a cheartú nó an t-easnamh a shlánú laistigh den tréimhse 14 lá ón dáta a eiseofar an fógra chuig an duine sin.
(3) (a) Más rud é go bhfaighidh an t-údarás áitiúil gearán nó tuarascáil i scríbhinn, i ndáil le ráiteas a thabharfar dó de bhun alt 13, agus gurb é a thuairim go bhféadfadh sé go ndearnadh sárú ar an Acht seo, déanfaidh cléireach nó rúnaí an údaráis áitiúil sonraí faoin sárú a d'fhéadfadh a bheith déanta a thabhairt don duine a mbeidh an ráiteas tugtha aige nó aici agus cuirfidh cléireach nó rúnaí an údaráis áitiúil in iúl don duine sin go bhféadfaidh sé nó sí tráchtaí a thabhairt don údarás áitiúil maidir leis an ní laistigh de 14 lá ón dáta a eiseofar an fógra chuig an duine sin agus go mbreithneoidh an t-údarás áitiúil aon tráchtaí den sórt sin roimh an ní a bhreithniú tuilleadh.
(b) Más rud é go ndéanfaidh duine a n-eiseofar fógra chuige nó chuici faoi mhír (a) a thráchtaí nó a tráchtaí ar an ní dá dtagraítear san fhógra a thabhairt don údarás áitiúil laistigh den tréimhse dá dtagraítear i mír (a), tabharfaidh an t-údarás áitiúil aird ar na tráchtaí sin.
(c) Más rud é, tar éis breithniú a dhéanamh ar aon tráchtaí a dhéanfaidh duine a n-eiseofar fógra chuige nó chuici faoi mhír (a), nó i gcás ina mainneoidh an duine sin aon tráchtaí den sórt sin a dhéanamh, go leanfaidh an t-údarás áitiúil de bheith den tuairim go bhféadfadh sé go ndearnadh sárú ar fhorálacha an Achta seo, féadfaidh an t-údarás áitiúil imeachtaí achoimre a thionscnamh i gcoinne an duine lena mbaineann nó tuarascáil i scríbhinn maidir leis an ní (mar aon le haon doiciméad iomchuí nó aon rud eile a bheidh ina sheilbh) a thabhairt don Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí.
(4) D'ainneoin fhorálacha alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith ciona faoin Acht seo a thosú—
(a) aon tráth laistigh de 12 mhí ón dáta a rinneadh an cion,
(b) aon tráth laistigh de 6 mhí ón dáta a thiocfaidh fianaise is leor, i dtuairim an údaráis áitiúil a thionscnaíonn na himeachtaí, chun na himeachtaí a fhírinniú, ar iúl an údaráis sin,
cibé acu is déanaí, ach ní thionscnófar aon imeachtaí den sórt sin níos déanaí ná 5 bliana ón dáta a rinneadh an cion lena mbaineann.
(5) Féadfaidh údarás áitiúil cibé fiosrúcháin a dhéanamh is cuí leis agus féadfaidh sé a cheangal ar aon duine aon fhaisnéis, doiciméad nó rud a thabhairt atá ar seilbh nó ar fáil ag an duine agus a éileoidh an t-údarás áitiúil chun críocha a dhualgas faoin Acht seo.
(6) Maidir le húdarás áitiúil—
(a) déanfaidh sé, ó am go ham, treoirlínte a dhréachtú agus a fhoilsiú chuig daoine lena mbaineann foráil den Acht seo ar treoirlínte iad a bhaineann leis na bearta atá le déanamh ag na daoine sin chun a chinntiú go gcomhlíonfaidh siad an tAcht seo i gcoitinne, agus
(b) féadfaidh sé, ar iarraidh a fháil ó dhuine lena mbaineann foráil den Acht seo, comhairle a thabhairt don duine i ndáil le haon fhoráil den Acht seo nó i dtaobh fheidhm aon fhorála den sórt sin, in aon chás áirithe.
(7) Más rud é go ndéanfar iarraidh faoi fho-alt (6) (b) i ndáil le cás áirithe, ní bheidh feidhm, maidir leis an duine a rinne an iarraidh, ag forálacha alt 13 i ndáil leis an gcás sin i rith na tréimhse ó thráth déanta na hiarrata go dtí an uair a thugann an t-údarás áitiúil comhairle i ndáil leis an gcás nó a dhiúltaíonn an t-údarás áitiúil comhairle den sórt sin a thabhairt.
(8) Déanfaidh an t-údarás áitiúil, laistigh de 21 lá ón tráth a gheobhaidh sé iarraidh ar chomhairle faoi fho-alt (6) (b), an chomhairle a thabhairt don duine lena mbaineann nó fógra a thabhairt don duine faoina chinneadh diúltú déanamh amhlaidh.
Doiciméid a iniúchadh.
19.—(1) Déanfaidh údarás áitiúil na nithe seo a leanas a choinneáil ar feadh tréimhse dar críoch 3 bliana ar a laghad ón dáta is déanaí chun ráitis dá dtagraítear in alt 13 a thabhairt—
(a) gach ráiteas agus dearbhú arna thabhairt dó de bhun alt 13,
(b) cóip d'aon ordú cúirte arna dhéanamh de bhun alt 15 nó 16 agus a bhaineann leis an údarás áitiúil, agus
(c) cóip d'aon fhógra arna fhoilsiú de bhun fho-alt (2).
(2) Déanfaidh údarás áitiúil, laistigh de 14 lá tar éis an dáta is déanaí chun na ráitis dá dtagraítear in alt 13 a fháil, fógra a fhoilsiú i nuachtán a scaiptear ina limistéar feidhme—
(a) maidir leis an am agus leis an áit a bhféadfar na ráitis a iniúchadh, agus
(b) maidir le hainmneacha iarrthóirí nár éirigh leo, comhaltaí tofa, daoine ainmnithe, gníomhairí náisiúnta agus daoine dá dtagraítear in alt 6 (7) agus nár thug ráitis de réir alt 13.
(3) Ceadóidh údarás áitiúil d'aon duine aon doiciméid lena mbaineann an t-alt seo a iniúchadh, saor in aisce, agus cóip díobh nó sliocht astu a thógáil ar tháille a íoc nach mó ná an costas réasúnach cóipeála, cibé amanna agus faoi réir cibé coinníollacha a mheasfaidh an t-údarás is cuí.
CUID V
Dícháilíochtaí, Ionchúisimh agus Leasuithe Ilghnéitheacha
Díchailíochtaí.
20.—(1) Más rud é go mainneoidh iarrthóir nach n-éireoidh leis nó léi i dtoghchán ráiteas síntiús agus caiteachas toghcháin nó dearbhú reachtúil a thabhairt de bhun alt 13 (1) (a) (iii) don údarás áitiúil lena mbaineann, laistigh den tréimhse atá sonraithe chuige sin, beidh an duine, ar éag don tréimhse shonraithe sin, dícháilithe le haghaidh comhaltais d'aon údarás áitiúil ar feadh an chuid eile de théarma oifige chomhaltaí an údaráis áitiúil lena mbaineann.
(2) Más rud é go mainneoidh comhalta d'údarás áitiúil a thoghfar sa toghchán ráiteas síntiús agus caiteachas toghcháin nó dearbhú reachtúil a thabhairt de bhun alt 13 (1) (a) (iii) don údarás áitiúil lena mbaineann, laistigh den tréimhse atá sonraithe chuige sin, déanfar an comhalta a chur ar fionraí ó chomhaltas an údaráis ar feadh thréimhse 7 lá dar tosach deireadh na tréimhse atá sonraithe chuige sin, nó ar feadh tréimhse is lú dar críoch an tráth a chomhlíonfaidh an comhalta ceanglais alt 13, agus más rud é ag deireadh na tréimhse sin nach mbeidh ceanglais alt 13 comhlíonta ag an gcomhalta, beidh an comhalta dícháilithe le haghaidh comhaltais d'aon údarás áitiúil.
(3) Tiocfaidh dícháilíocht a éireoidh de bhun fho-alt (2) in éifeacht ar an ochtú lá tar éis an lae dheireanaigh chun ceanglais alt 13 a chomhlíonadh agus beidh feidhm ag an dícháilíocht, agus beidh éifeacht léi, ar feadh an chuid eile de théarma oifige chomhaltaí an údaráis áitiúil lena mbaineann.
(4) Más rud é go ndéanfaidh iarrthóir nach n-éireoidh leis nó léi nó comhalta tofa d'údarás áitiúil ráiteas síntiús agus caiteachas toghcháin a thabhairt don údarás áitiúil lena mbaineann ar ráiteas é is eol don duine a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, féadfaidh an t-údarás áitiúil lena mbaineann imeachtaí achoimre a thionscnamh i gcoinne an iarrthóra nach n-éireoidh leis nó léi nó i gcoinne an chomhalta thofa mar gheall ar dhearbhú reachtúil bréagach nó míthreorach a dhéanamh faoin Acht i dtaobh Dearbhuithe Reachtúla, 1938.
(5) Más rud é go gciontóidh cúirt duine i gcion tar éis imeachtaí arna dtionscnamh faoi fho-alt (4), beidh an duine, i dteannta aon phionóis a fhorchuirfidh an chúirt air nó uirthi, dícháilithe le haghaidh comhaltais d'aon údarás áitiúil agus beidh feidhm ag an dícháilíocht, agus beidh éifeacht léi, ar feadh an chuid eile de théarma oifige chomhaltaí an údaráis áitiúil lena mbaineann.
(6) Más rud é go dtiocfaidh comhalta d'údarás áitiúil chun bheith dícháilithe le haghaidh comhaltais d'údarás áitiúil de bhun fho-alt (2) nó (5), scoirfidh an duine sin, láithreach tar éis dó sin tarlú, de bheith ina chomhalta nó ina comhalta den sórt sin agus beidh folúntas ann dá réir sin i gcomhaltas an údaráis áitiúil.
(7) Duine a scoirfidh de bheith ina chomhalta nó ina comhalta d'údarás áitiúil de bhun an ailt seo scoirfidh sé nó sí freisin, ar an scor sin, de bheith ina chomhalta nó ina comhalta d'aon chomhlacht ar thogh, ar ainmnigh nó ar cheap údarás áitiúil an duine sin chuige nó ar comhalta de an duine de bhua a bheith ina chomhalta nó ina comhalta d'údarás áitiúil; ach ní fhorléireofar aon ní san fho-alt seo chun difear a dhéanamh do bhailíocht aon ní a rinne an duine sin roimhe sin le linn dó nó di a bheith ina chomhalta nó ina comhalta den chomhlacht sin.
Cionta agus pionóis.
21.—(1) Beidh gníomhaire náisiúnta páirtí polaitíochta ciontach i gcion más rud é i dtoghchán—
(a) go mainneoidh sé nó sí ráiteas caiteachas toghcháin nó dearbhú reachtúil a thabhairt de bhun alt 13 (1) (a) (i) don údarás áitiúil sonraithe laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe chuige sin, nó
(b) go dtabharfaidh sé nó sí ráiteas caiteachas toghcháin don údarás áitiúil sonraithe ar ráiteas é is eol don ghníomhaire a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, nó
(c) go mainneoidh sé nó sí ar shlí eile forálacha alt 13 a chomhlíonadh.
(2) Beidh duine ainmnithe ciontach i gcion más rud é i dtoghchán—
(a) go mainneoidh sé nó sí ráiteas caiteachas toghcháin nó dearbhú reachtúil a thabhairt de bhun alt 13 (1) (a) (ii) don údarás áitiúil lena mbaineann laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe chuige sin, nó
(b) go dtabharfaidh sé nó sí don údarás áitiúil lena mbaineann ráiteas caiteachas toghcháin is eol don duine a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, nó
(c) go mainneoidh sé nó sí ar shlí eile forálacha alt 13 a chomhlíonadh.
(3) Beidh duine lena mbaineann alt 6 (7) ciontach i gcion más rud é i dtoghchán—
(a) go mainneoidh sé nó sí fógra a thabhairt don údarás áitiúil sonraithe nó don údarás áitiúil lena mbaineann de réir an fho-ailt sin á rá go bhfuil ar intinn aige nó aici caiteachais toghcháin a thabhú, nó
(b) go mainneoidh sé nó sí ráiteas caiteachas toghcháin nó dearbhú reachtúil a thabhairt de bhun fhomhír (i) nó (ii) d'alt 13 (1) (a) don údarás áitiúil iomchuí laistigh den tréimhse a bheidh sonraithe chuige sin, nó
(c) go dtabharfaidh sé nó sí don údarás áitiúil iomchuí ráiteas caiteachas toghcháin is eol don duine a bheith bréagach nó míthreorach i bponc ábhartha, nó
(d) go mainneoidh sé nó sí ar shlí eile forálacha alt 13 a chomhlíonadh.
(4) Beidh duine ciontach i gcion má dhéanann sé nó sí aon fhógrán nó fógra i ndáil le toghchán a airbheartaíonn leasanna páirtí polaitíochta nó iarrthóra sa toghchán sin a chur chun cinn, nó cur i gcoinne leasanna den sórt sin, a fhoilsiú i nuachtán, in iris nó i bhfoilseachán tréimhsiúil eile arb é nó í is foilsitheoir air nó uirthi ar iarraidh ó aon duine seachas gníomhaire náisiúnta nó duine ainmnithe de chuid páirtí polaitíochta, nó duine a bheidh údaraithe i scríbhinn ag an ngníomhaire nó ag an duine sin, nó iarrthóir sa toghchán nó duine a bheidh údaraithe i scríbhinn ag iarrthóir den sórt sin, mura rud é go ndéanfaidh an duine sin deimhniú ó údarás áitiúil dá dtagraítear in alt 6 (9) a thabhairt ar aird don fhoilsitheoir sin.
(5) (a) Más rud é go mbeidh duine ciontach i gcion faoin alt seo—
(i) dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 a chur air nó uirthi,
(ii) más rud é gur cion é an cion lena mbaineann fo-alt (1) (b), (2)(b) nó (3) (c), dlífear, ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £20,000 nó, de rogha na cúirte, príosúnacht ar feadh tréimhse nach faide ná 3 bliana nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air nó uirthi.
(b) Más rud é go mbainfidh ciontú le mainneachtain ráiteas caiteachas toghcháin a thabhairt faoi alt 13, beidh an duine lena mbaineann ciontach i gcion breise ar gach lá a leanfar den mhainneachtain tar éis ciontú den sórt sin agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £100 a chur ar an duine lena mbaineann, in aghaidh gach ciona den sórt sin.
(6) Ní dhéanfar imeachtaí i leith ciona faoin alt seo a thionscnamh ach amháin ag an Stiúrthóir Ionchúiseamh Poiblí nó le toiliú uaidh nó uaithi.
Costas ionchúiseamh.
22.—I gcás ina gciontófar duine i gcion in imeachtaí arna dtionscnamh ag údarás áitiúil faoin Acht seo, déanfaidh an chúirt, mura deimhin léi go bhfuil cúiseanna speisialta agus substaintiúla ann gan déanamh amhlaidh, a ordú don duine na costais agus na caiteachais, arna dtomhas ag an gcúirt, a thabhaigh an t-údarás áitiúil i ndáil leis an gcion a imscrúdú, a bhrath agus a ionchúiseamh agus i leith luach saothair agus caiteachas eile fostaithe, sainchomhairleoirí agus comhairleoirí, de réir mar a bheidh, a íoc leis an údarás áitiúil.
Achainí toghcháin áitiúil.
23.—Leasaítear leis seo an tAcht um Thoghcháin Áitiúla (Achainíocha agus Dícháilíochtaí), 1974:
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3) d'alt 4:
“(3A) I gcás ina líomhnófar in achainí go raibh neamhrialtacht ann nó nár comhlíonadh aon fhoráil den Acht um Thoghcháin Áitiúla (Síntiúis agus Caiteachas a Nochtadh), 1999, cibé acu roimh thoradh an toghcháin áitiúil a fhógairt ag an gceann comhairimh nó dá éis, d'ainneoin go mb'fhéidir gur tíolacadh nó gur triaileadh roimhe sin achainí eile maidir leis an toghchán céanna, féadfar an achainí a thíolacadh laistigh den ocht lá is fiche tar éis d'údarás áitiúil fógra a fhoilsiú faoi alt 19 (2).”,
(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1) d'alt 5:
“(1A) Ní dhearbhófar toghchán áitiúil a bheith neamhbhailí mar gheall ar aon fhoráil den Acht um Thoghcháin Áitiúla (Síntiúis agus Caiteachas a Nochtadh), 1999, a bheith gan chomhlíonadh, nó mar gheall ar dhearmad in úsáid foirmeacha dá bhforáiltear i rialacháin arna ndéanamh faoin Acht sin, más dealraitheach don chúirt gur chomhlíon iarrthóir, gníomhaire náisiúnta, duine ainmnithe (de réir bhrí an Achta sin) nó duine lena mbaineann alt 6 (7) den Acht sin, de réir mar a bheidh, na prionsabail atá leagtha síos san Acht sin arna nglacadh ina n-iomláine agus nach ndearna an neamhchomhlíonadh nó an dearmad sin difear ábhartha do thoradh an toghcháin.”.
Leasú ar alt 6 den Acht Rialtais Áitiúil, 1994.
24.—Leasaítear leis seo alt 6 den Acht Rialtais Áitiúil, 1994, trí fho-ailt (1) (g) agus (3) a scriosadh.
CUID VI
Taighde ar Thoghcháin Áitiúla agus ar Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa.
Taighde ar mhodhanna leictreonacha chun vótaí a thaifeadadh agus a chomhaireamh.
25.—(1) (a) Chun críche taighde a bhaineann le modhanna leictreonacha a thabhairt isteach le haghaidh taifeadadh vótaí ag toghthóirí ar pháipéir bhallóide agus le haghaidh chomhaireamh na vótaí sin agus d'ainneoin aon ní dá mhalairt—
(i) atá in alt 20 (1) den Acht um Thoghcháin do Pharlaimint na hEorpa, 1997, agus i gCuid XII den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, nó
(ii) atá i gCuid XIV de na Rialacháin um Thoghcháin Áitiúla, 1995 (I.R. Uimh. 297 de 1995),
féadfaidh an tAire, i leith aon toghcháin a dhéanfar sa bhliain 1999 chun daoine a thoghadh mar chomhaltaí de Pharlaimint na hEorpa nó d'údarás áitiúil, foráil a dhéanamh le hordú i dtaobh iniúchadh a dhéanamh ar pháipéir bhallóide a mbeidh comhaireamh déanta orthu agus, dá réir sin, aon tagairtí sa Chuid XII sin nó sa Chuid XIV sin—
(I) a bhaineann le páipéir bhallóide a choinneáil sa tslí a fhoráiltear, ní bheidh feidhm acu go feadh an méid a ndéanfaidh an tAire foráil ina leith le hordú faoin bhfo-alt seo, agus
(II) a bhaineann le páipéir bhallóide a scriosadh ag deireadh na tréimhse a bheidh luaite sna forálacha sin, beidh feidhm acu faoi réir cibé tréimhse is faide a ndéanfaidh an tAire foráil ina leith le hordú faoin bhfo-alt seo.
(b) Faoi réir fho-alt (2), féadfaidh an tAire, maidir le cibé aicme nó aicmí daoine a shonraítear san ordú faoin bhfo-alt seo—
(i) a údarú di nó dóibh taighde a dhéanamh chun críocha an ailt seo, nó
(ii) a údarú faisnéis nó cuid shonraithe d'fhaisnéis a nochtadh di nó dóibh.
(c) Féadfaidh cibé nithe eile a mheasfaidh an tAire a leanann as críocha an fho-ailt seo nó atá riachtanach dóibh a bheith in ordú faoin bhfo-alt seo.
(d) Féadfaidh an tAire le hordú ordú faoin bhfo-alt seo a leasú nó a chúlghairm.
(2) Maidir le taighde a dhéantar de bhua fho-alt (1) déanfar é ar shlí a chinnteoidh nach nochtfar, de dhroim an taighde sin a dhéanamh, an tslí inar vótáil aon vótálaí.
(3) Ní dhéanfar aon taighde de bhua fho-alt (1) i dtaca le haon toghlach, toghlimistéar nó toghlimistéar áitiúil go dtí deireadh na tréimhse atá sonraithe chun achainí a thíolacadh ina ndéantar an toghchán do Pharlaimint na hEorpa nó an toghchán áitiúil a thabhairt faoi cheist nó, má thaisctear achainí toghcháin sa chúirt i dtaca le haon toghlach, toghlimistéar nó toghlimistéar áitiúil den sórt sin, go dtí go ndéanfaidh an chúirt ordú lena gcinntear an ní atá faoi shaincheist san achainí nó i gcás achomhairc ar cheist dlí in aghaidh na breithe ón gcúirt, go dtí go gcinnfear an ní go críochnaitheach.
(4) Aon duine a bheidh ag gabháil in aon cháil don taighde dá dtagraítear i bhfo-alt (1) agus a dhéanfaidh aon fhaisnéis a fhaightear le linn an taighde sin a chur in iúl d'aon duine gan údarú dleathach, beidh sé nó sí ciontach i gcion agus dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 a chur air nó uirthi.
(5) San alt seo ciallaíonn “údarú dleathach” údarú atá de réir ordaithe arna dhéanamh faoi fho-alt (1) agus nach sáraíonn fo-alt (2).