Uimhir 8 de 1974
AN tACHT UM THOGHCHÁIN ÁITIÚLA (ACHAINÍOCHA AGUS DÍCHAILÍOCHTAÍ), 1974
[An tiontú oifigiúil]
Léiriú.
1.—(1) San Acht seo—
ciallaíonn “Acht 1941” an tAcht Rialtais Áitiúil, 1941;
ciallaíonn “Acht 1963” an tAcht Toghcháin, 1963;
ciallaíonn “cléireach” an cléireach baile do bhardas contaebhuirge nó buirge eile, do chomhairle ceantair uirbigh nó do choimisinéirí baile;
folaíonn “costais” muirir agus caiteachais;
folaíonn “contae” contae-bhuirg ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt;
ciallaíonn “cionta toghcháin” cionta faoi aon reacht nó ionstraim reachtúil a bhaineann le toghcháin áitiúla;
ciallaíonn “údarás áitiúil” comhairle contae, bardas contaebhuirge nó buirge eile, comhairle ceantair uirbigh nó coimisinéirí baile;
ciallaíonn “toghchán áitiúil” toghchán de bhun alt 81 d'Acht 1963 nó toghchán nua de réir brí Chuid IV d'Acht 1941;
ciallaíonn “toghlimistéar áitiúil” an limistéar nó aon cheann de na limistéir (de réir mar is cuí) ar dá réir a dhéantar toghchán áitiúil;
folaíonn “comhalta” ardmhéara, méara, cathaoirleach, leaschathaoirleach, seanóir, comhairleoir agus coimisinéir baile;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Rialtais Áitiúil ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt;
ciallaíonn “achainí” achainí arna tíolacadh faoin Acht seo;
ciallaíonn “ceann comhairimh” rúnaí nó cléireach údaráis áitiúil agus folaíonn sé duine arna cheapadh ag an rúnaí nó ag an gcléireach sin le gníomhú mar leascheann comhairimh chun comhaltaí an údaráis sin a thoghadh;
ciallaíonn “rúnaí” rúnaí comhairle contae.
(2) Ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, déanfar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna chur chun feidhme le haon achtachán eile (lena n-áirítear an tAcht seo) nó faoi.
(3) Déanfar aon tagairt san Acht seo do chruinniú nó do chomhalta údaráis áitiúil a fhorléiriú, i gcás gur bardas contaebhuirge nó buirge eile an t-údarás áitiúil atá i dtrácht, mar thagairt do chruinniú nó do chomhalta den chomhairle atá bunaithe le dlí i leith na contae-bhuirge nó na buirge eile sin.
(4) Déanfar aon tagairt san Acht seo d'oifigeach áirithe a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon duine atá ceaptha go cuí mar ionadaí don oifigeach sin nó le gníomhú in ionad an oifigigh sin le linn dó bheith as láthair nó faoi éagumas nó le linn folúntas a bheith ina oifig.
Toghchán áitiúil a thabhairt faoi cheist.
2.—(1) Féadfar toghchán áitiúil a thabhairt faoi cheist trí achainí chun na Cúirte Cuarda agus is mar sin amháin a fhéadfar é a thabhairt faoi cheist.
(2) Má dhealraíonn sé don Ard-Aighne difear a bheith déanta do thoghchán áitiúil de bharr cionta toghcháin, féadfaidh sé an toghchán a thabhairt faoi cheist de bhun fho-alt (1) den alt seo.
Urrús i leith costas.
3.—(1) Ní ghlacfar le hachainí, seachas achainí arna tíolacadh ag an Ard-Aighne, lena taisceadh sa chúirt mura dtaiscfidh an t-achainíoch, i dteannta na hachainí, urrús i leith na gcostas a thiocfadh chun bheith iníoctha aige.
(2) Suim trí chéad punt méid an urrúis a cheanglaíonn fo-alt (1) den alt seo a thabhairt agus tabharfar é trí chúirtbhannaí faoina rachaidh aon líon nach mó ná ceithre cinn d'urraithe lena nglacfaidh an chúirt nó trí airgead a thaisceadh, nó go páirteach ar shlí amháin agus go páirteach ar an tslí eile.
Achainí a thíolacadh.
4.—(1) Féadfaidh aon duine a bhfuil ocht mbliana déag d'aois slán aige achainí a thíolacadh agus tíolacfar í trína taisceadh in oifig an chláraitheora contae don chontae ina bhfuil príomh-oifig an údaráis áitiúil lena mbaineann an achainí.
(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, ní thíolacfar achainí ach amháin laistigh den ocht lá is fiche tar éis toradh an toghcháin a dhearbhú.
(3) Faoi réir alt 19 den Acht seo, i gcás ina líomhnófar in achainí go ndearnadh breabaireacht agus ina líomhnófar go sonrach gur tugadh nó gur ghluais íocaíocht nó comaoin eile tar éis toradh an toghcháin áitiúil a dhearbhú, ansin, d'ainneoin go mb'fhéidir gur tíolacadh nó gur triaileadh roimhe sin achainí eile maidir leis an toghchán céanna, féadfar an achainí a thíolacadh laistigh den ocht lá is fiche tar éis an lae a líomhnaítear a tugadh nó a ghluais an íocaíocht nó an chomaoin sin.
(4) I gcás achainí a bheith taiscthe leis an gcúirt, déanfaidh an t-achainíoch, a luaithe is féidir, cóip den achainí a thabhairt—
(a) d'aon duine a mbaineann an achainí lena thoghadh,
(b) don Aire,
(c) do rúnaí nó do chléireach an údaráis áitiúil iomchuí, agus
(d) ach amháin i gcás achainí arna tíolacadh ag an Ard-Aighne, don Ard-Aighne.
Forais achainí.
5.—(1) Faoi réir alt 82 (6) d'Acht 1963, féadfar toghchán áitiúil a thabhairt faoi cheist ar fhoras díth cáilíochta, seoladh an toghcháin a bhac nó a chosc nó a thoirmeasc ar aon bhealach eile, nó dearmad nó mírialacht eile ar dhóigh dóibh, dá gcruthófaí iad, difear a dhéanamh do thoradh an toghcháin agus gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, féadfar aon fhoras acu seo a leanas a shonrú in achainí:
(a) bhain earráid don toghchán áitiúil nó níor críochnaigh an ceann comhairimh é nó ní dhearna sé, ar shlí eile, é a sheoladh de réir dlí,
(b) bhain cionta toghcháin le toghchán áitiúil,
(c) bhí duine i dtoghchán áitiúil gan bheith cáilithe, ar dháta a ainmnithe, le bheith ina chomhalta den údarás áitiúil iomchuí.
(2) D'ainneoin aon fhorála eile den Acht seo, ní dhíbheofar achainí mar gheall ar aon neamhfhoirmiúlacht inti nach ndéanann difear ábhartha dá brí.
Sonraí in achainí.
6.—Sonróidh achainí—
(a) an toghchán áitiúil lena mbaineann sí,
(b) na forais atá léi,
(c) an leigheas a iarrann sí, agus
(d) ainm agus seoladh an achainígh agus a aturnae nó a ghníomhaire, más ann,
agus beidh sí sínithe ag an achainíoch.
Achainí a thriail.
7.—(1) Is é a thriailfidh achainí Breitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh sannta de thuras na huaire don chuaird ina bhfuil príomhoifig an údaráis áitiúil lena mbaineann an achainí agus, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, déanfar tagairtí san Acht seo don chúirt a fhorléiriú mar thagairtí don Chúirt Chuarda.
(2) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le hachainí a thriail:
(a) nuair a bheidh dáta na trialach á shocrú agus an triail á seoladh, déileálfaidh an chúirt leis an ábhar a luaithe is féidir le réasún;
(b) is sa chontae ina bhfuil príomh-oifig an údaráis áitiúil lena mbaineann an achainí a bheidh an triail;
(c) d'ainneoin aon duine a mbaineann achainí lena thoghadh d'fháil bháis, nó d'éirí as oifig mar chomhalta den údarás áitiúil iomchuí nó do scor ar dhóigh éigin eile de bheith ina chomhalta den sórt sin, leanfar den triail go dtí go gcinnfear a toradh;
(d) féadfaidh an tArd-Aighne ionadaí uaidh a bheith ag an triail agus bheith páirteach inti mar pháirtí, ar aon chéim di, ar fhoriarratas uaidh féin nó ar iarratas ón gcúirt;
(e) beidh an ceann comhairimh don toghchán áitiúil iomchuí, ar an gcúirt á iarraidh sin, i láthair ag an triail agus tabharfaidh sé cibé cúnamh a iarrfaidh an chúirt air, ach sin gan dochar do é a bheith ina pháirtí sna himeachtaí ná d'aon pháirtí den sórt sin glaoch air mar fhinné.
(3) Féadfaidh aon pháirtí in achainí achomharc a dhéanamh ar cheist dlí chun na Cúirte Uachtaraí in aghaidh cinneadh ón gcúirt ar an achainí agus faoi réir an mhéid sin roimhe seo is cinneadh críochnaitheach neamhinachomhairc an cinneadh.
(4) Chun críocha alt 22 d'Acht na gCúirteanna (Forálacha Forlíontacha), 1961, is caingean de réir brí Chuid III den Acht sin achainí.
Vótaí a chomhaireamh as an nua.
8.—(1) Féadfaidh an chúirt, chun críocha achainí a thriail, a ordú, más cuí léi—
(a) go ndéanfar na vótaí go léir a caitheadh sa toghchán a chomhaireamh as an nua,
(b) go ndéanfar na vótaí go léir a caitheadh amhlaidh i dtoghlimistéar áirithe a chomhaireamh amhlaidh, nó
(c) go ndéanfar na vótaí go léir a caitheadh amhlaidh agus a bheidh taifeadta ar na páipéir bhallóide i mbeartán áirithe a chomhaireamh amhlaidh,
agus má ordaíonn an chúirt amhlaidh, beidh éifeacht ag forálacha na bhfo-alt seo a leanas.
(2) Déanfar vótaí lena mbaineann ordú faoin alt seo a chomhaireamh as an nua faoi stiúradh na cúirte agus, faoi réir fho-ailt (3) agus (4) den alt seo agus cibé modhnuithe (más ann) a mheasfaidh an chúirt a bheith riachtanach, beidh feidhm maidir leis an gcomhaireamh sin ag forálacha aon rialacháin arna ndéanamh ag an Aire faoi alt 82 d'Acht 1963 a bhaineann le comhaireamh vótaí i dtoghchán áitiúil.
(3) I gcás vótaí a chomhaireamh as an nua de bhun ordú faoin alt seo, cuirfidh an chúirt faoi deara neamhshuim a dhéanamh díobh seo a leanas:
(a) vótaí roghna a taifeadadh ar pháipéir bhallóide atá neamhbhailí de bhua rialacháin arna ndéanamh ag an Aire de bhun alt 82 d'Acht 1963,
(b) vótaí roghna a taifeadadh ar pháipéir bhallóide bhrionnaithe nó ghóchumtha, agus
(c) vótaí roghna a taifeadadh d'aon duine a gcinnfidh an chúirt, maidir leis an toghchán iomchuí, nach raibh sé cáilithe le bheith ina chomhalta den údarás áitiúil.
(4) Beidh cumhacht ag an gcúirt aon chinneadh a rinne ceann comhairimh le linn an chomhairimh thosaigh a fhreaschur.
(5) Is é an t-údarás áitiúil lena mbaineann a íocfaidh na costais a ghabhfaidh le éifeacht a thabhairt d'ordú faoin alt seo.
Achainí a tharraingt siar.
9.—(1) Ní tharraingeofar achainí siar gan cead ón gcúirt agus le linn don chúirt bheith ag tabhairt an cheada sin ní mór di a bheith sásta gurbh fhógra réasúnach an fógra a thug an t-achainíoch de bhun fho-ailt (3) agus (4) den alt seo, agus i dteannta an mhéid sin roimhe seo, i gcás gur líon is mó ná duine amháin a thíolaic achainí, ní mór don chúirt, sula dtabharfaidh sí an cead sin, a bheith sásta go dtoilíonn na hachainígh go léir leis an tarraingt siar.
(2) Ach amháin i gcás achainí arna tíolacadh ag an Ard-Aighne, cuirfidh an t-achainíoch, nuair a bheidh cead á iarraidh aige an achainí a tharraingt siar, faoi bhráid na cúirte mionnscríbhinn a inseoidh:
(a) na cúiseanna leis an tarraingt siar atá beartaithe, agus
(b) nach ndearnadh ná nár tugadh, de réir mar is fearr is eol don achainíoch agus mar a chreideann sé, comhaontú ná gealltanas maidir leis an achainí a tharraingt siar i gcomaoin aon íocaíochta nó scor de chomhaltas údaráis áitiúil nó ar aon chúis mhór eile nach luaitear sa mhionnscríbhinn.
(3) Tabharfaidh an t-achainíoch fógra go bhfuil ar intinn aige cead a iarraidh achainí a tharraingt siar trí fhógra sa chéill sin a fhoilsiú in dhá nuachtán ar a laghad a léitear sa toghlimistéar áitiúil lena mbaineann an achainí agus luafaidh an fógra freisin an tráth agus an áit a n-éistfear an t-iarratas agus gur féidir le haon duine a iarraidh ar an gcúirt é féin a chur in ionad an achainígh.
(4) Ach amháin i gcás achainí arna tíolacadh ag an Ard-Aighne, tabharfaidh an t-achainíoch don Ard-Aighne cóip den mhionnscríbhinn a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo mar aon le fógra faoin tráth agus faoin áit a n-éistfear an t-iarratas agus féadfaidh an tArd-Aighne ionadaí uaidh a bheith i láthair le linn an iarratais agus féadfaidh sé, más cuí leis, cur i gcoinne an iarratais.
(5) I gcás gur líon is mó ná duine amháin a thíolaic an achainí, ní mór do na hachainígh go léir an mhionnscríbhinn a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo a dhéanamh mura n-ordóidh an chúirt a mhalairt.
(6) Ní dhéanfaidh achainí a tharraingt siar de bhun an ailt seo difear do dhliteanas aon duine (nó a eastáit) costais a tabhaíodh roimhe sin a íoc.
Pionós mar gheall ar achainí a tharraingt siar go héillitheach.
10.—Beidh aon duine ciontach i gcion a dhéanfaidh aon chomhaontú nó a thabharfaidh aon ghealltanas maidir le hachainí a tharraingt siar i gcomaoin aon íocaíochta nó scor de chomhaltas údaráis áitiúil nó ar aon chúis mhór eile nach mbeidh luaite sa mhionnscríbhinn dá dtagraítear in alt 9 (2) den Acht seo agus, ar é a chiontú ar díotáil, dlífear príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó fíneáil nach mó ná trí chéad punt nó, de rogha na cúirte a chiontaigh é, an fhíneáil agus an phríosúnacht sin le chéile a chur air.
Achainíoch nua nuair a tharraingítear siar.
11.—(1) Ar iarratas a éisteacht ag iarraidh cead achainí a tharraingt siar, féadfaidh aon duine a iarraidh ar an gcúirt é féin a cheapadh mar achainíoch ionaid, agus féadfaidh an chúirt, más cuí léi, é a cheapadh amhlaidh.
(2) I gcás ina gceapfaidh an chúirt achainíoch ionaid faoi fho-alt (1) den alt seo agus gur dóigh léi gur de thoradh aon chomhaontú nó gealltanas a ndearbhaítear le halt 10 den Acht seo gur cion é a dhéanamh nó a thabhairt a rinneadh an t-iarratas ar chead chun an achainí a tharraingt siar, féadfaidh an chúirt ordú a thabhairt go bhfanfaidh an t-urrús i leith costas a thug an t-achainíoch tosaigh mar urrús i leith na gcostas a thabhóidh an t-achainíoch ionaid agus go ndlífidh an t-achainíoch tosaigh agus a urraithe, más ann, costais an achainígh ionaid a íoc go feadh méid na suime a bheidh luaite san urrús.
Achainígh ionaid.
12.—(1) Faoi réir alt 11 (2) den Acht seo, beidh achainíoch ionaid, a mhéid is féidir é, ar aon staid agus faoi réir na ndliteanas céanna leis an achainíoch tosaigh.
(2) I gcás ina gceapfaidh an chúirt achainíoch ionaid faoi alt 11 den Acht seo agus nach dtabharfaidh sí ordú faoi fho-alt (2) den alt sin, nó i gcás ina gceapfaidh an chúirt achainíoch ionaid faoi alt 13 den Acht seo, tabharfaidh an t-achainíoch ionaid an t-urrús a cheanglaítear le halt 3 den Acht seo i gcás achainí nua agus faoi réir na gcoinníollacha céanna, agus i gcás nach dtabharfar an t-urrús sin amhlaidh ní bheidh aon imeachtaí eile ann ar an achainí agus rachaidh an achainí ar ceal, ach ní dhéanfaidh an cealú difear do dhliteanas aon duine (nó a eastáit) costais a tabhaíodh roimhe sin a íoc.
Achainí do dhul ar ceal.
13.—(1) Rachaidh achainí ar ceal ar éag d'achainíoch aonair nó do mharthanóir achainíoch iomaí.
(2) Ní dhéanfaidh cealú achainí de bhua fho-alt (1) den alt seo difear do dhliteanas an achainígh nó aon duine eile (nó a eastáit) costais a tabhaíodh roimhe sin a íoc.
(3) Tráth ar bith laistigh den cheithre lá dhéag tar éis lá aon chealaithe den sórt sin, féadfaidh aon duine a iarraidh ar an gcúirt é a cheapadh mar achainíoch ionaid agus féadfaidh an chúirt, más cuí léi, é a cheapadh mar achainíoch ionaid dá réir sin, agus i gcás ina ndéanfaidh an chúirt ordú faoin alt seo tiocfaidh feidhm san achainí arís.
Ábhair a bhaineann le hordú críochnaitheach ar achainí a thriail.
14.—(1) Nuair a bheifear ag triail achainí nach ndíbhfidh an chúirt, cinnfidh an chúirt an t-ábhar atá i saincheist san achainí agus beidh ina hordú ag cinneadh na hachainí—
(a) dearbhú ar thoradh ceart an toghcháin áitiúil, nó
(b) má mheasann sí nach féidir léi toradh ceart an toghcháin a chinneadh, dearbhú go raibh an toghchán go léir nó cuid shonraithe den toghchán neamhfheidhmiúil maille le ráiteas ag insint na gcúiseanna leis an dearbhú a dhéanamh.
(2) Beidh de chumhacht ag an gcúirt cibé leasuithe a mheasfaidh sí is gá de dhroim a breithe ar achainí a dhéanamh ar an bhfreagra faoi dhaoine a toghadh a thug ceann comhairimh d'údarás áitiúil.
(3) Déanfaidh an chúirt cóip den ordú do chinneadh na hachainí a thabhairt láithreach do gach n-aon díobh seo a leanas, is é sin, aon duine a mbaineann an t-ordú lena thoghadh, an tAire, rúnaí nó cléireach an údaráis áitiúil iomchuí agus an tArd-Aighne.
Éifeacht dearbhuithe áirithe ón gcúirt.
15.—(1) Má dhearbhaítear san ordú ón gcúirt i dtaobh achainí nár toghadh duine go cuí mar chomhalta d'údarás áitiúil nó nach raibh sé cáilithe le bheith ina chomhalta d'údarás áitiúil nó go raibh an toghchán go léir nó cuid de neamhfheidhmiúil, scoirfidh an duine lena mbainfidh an dearbhú, nó aon duine a toghadh sa toghchán neamhfheidhmiúil sin nó sa chuid neamhfheidhmiúil sin de thogchán (de réir mar a bheidh) de bheith ina chomhalta den údarás áitiúil an lá (ach ní roimh an lá) díreach i ndiaidh an lae a gheobhaidh rúnaí nó cléireach an údaráis áitiúil cóip den ordú ón gcúirt arna thabhairt de bhun alt 14 den Acht seo agus, faoi réir alt 16 den Acht seo agus fho-alt (2) den alt seo, beidh folúntas ann dá réir sin.
(2) Má dhearbhaíonn ordú a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo gur fionnadh, in áit aon duine áirithe a ndearbhaíonn an t-ordú nár toghadh go cuí é nó nach raibh sé cáilithe le bheith ina chomhalta d'údarás áitiúil, duine sonraithe eile seachas é a bheith tofa, beidh an duine eile sin arna thoghadh mar chomhalta den údarás áitiúil an lá (ach ní roimh an lá) díreach i ndiaidh an lae a gheobhaidh rúnaí nó cléireach an údaráis áitiúil cóip den ordú mar a dúradh.
(3) Faoi réir alt 16 den Acht seo, má bhíonn ordú ón gcúirt ag cinneadh achainí gan an dearbhú a thuairiscítear i bhfo-alt (2) den alt seo a bheith ann, áireofar agus líonfar mar chorrfholúntais na folúntais a tharlóidh de thoradh an ordaithe i gcomhaltas an údaráis áitiúil lena mbaineann.
(4) Déanfaidh an rúnaí nó an cléireach, a luaithe is féidir tar éis cóip d'ordú a bheith tugtha dó de bhun alt 14 den Acht seo, fógra a thabhairt do gach comhalta den údarás áitiúil ag insint téarmaí an ordaithe.
(5) I gcás freagra a bheith tugtha gur toghadh duine ina chomhalta d'údarás áitiúil agus, tar éis an freagra sin a bheith tugtha faoi, go suífidh an duine, go vótálfaidh sé nó go mbeidh sé páirteach ar dhóigh éigin eile mar chomhalta i ngnó an údaráis nó go n-airbheartóidh sé aon ní a dhéanamh de bhua bheith ina chomhalta den údarás agus go ndearbhóidh an chúirt freisin nár toghadh go cuí é chun fónamh mar chomhalta den údarás nó nach raibh sé cáilithe le bheith ina chomhalta den údarás, ansin, d'fhonn amhras a sheachaint, dearbhaítear leis seo gur ní bailí éifeachtúil, d'ainneoin an ordaithe, aon ní a rinne an duine sin le linn dó bheith páirteach amhlaidh agus aon ní a airbheartaíonn go ndearnadh amhlaidh é, an lá, nó roimh an lá, a gheobhaidh rúnaí nó cléireach an údaráis áitiúil cóip den ordú sin mar a dúradh.
(6) I gcás ina ndícháileoidh ordú faoin alt seo duine ó bheith ina chomhalta d'údarás áitiúil, scoirfidh sé de bheith ina chomhalta d'aon chomhlacht eile chun ar ceapadh é mar ionadaí don údarás áitiúil sin.
Ábhair a leanann as achainí.
16.—Más rud é, de thoradh achainí a chinneadh ag cúirt, go ndearbhófar toghchán a bheith neamhfheidhmiúil, nó gur lú ná an córam is gá le haghaidh cruinnithe den údarás áitiúil an líon daoine a toghadh go bailí ina gcomhaltaí den údarás, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:
(a) measfar nach ndearnadh an toghchán lena mbaineann an achainí agus measfar nár tháinig na daoine a toghadh sa toghchán sin in oifig,
(b) gach gníomh a rinneadh tar éis an toghchán sin a chríochnú agus ar an lá nó roimh an lá a fuair rúnaí nó cléireach an údaráis áitiúil cóip den ordú ag cinneadh na hachainí ar gníomh é a rinne na daoine nó duine amháin nó níos mó de na daoine a dearbhaíodh a bheith tofa sa toghchán sin agus a d'airbheartaigh gur gníomh é a rinne an t-údarás áitiúil, beidh an gníomh sin chomh bailí éifeachtúil agus dá mbeadh na daoine go léir a dearbhaíodh a bheith tofa sa toghchán sin tofa go bailí agus cáilithe chun gníomhú mar chomhaltaí den údarás áitiúil,
(c) gach gníomh den sórt sin a rinne duine aonair a dearbhaíodh a bheith tofa sa toghchán sin agus a toghadh dá éis sin chun oifige mar chathaoirleach, leas-chathaoirleach, ardmhéara nó méara an údaráis áitiúil agus a d'airbheartaigh gur gníomh é a rinneadh de bhua na hoifige sin, beidh an gníomh sin chomh bailí éifeachtúil agus dá mbeadh na daoine go léir a dearbhaíodh a bheith tofa sa toghchán sin tofa go bailí agus cáilithe chun gníomhú mar chomhaltaí den údarás áitiúil agus gur toghadh an duine aonair sin go bailí chun na hoifige sin, agus
(d) faoi réir na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo, beidh éifeacht ag Cuid IV d'Acht 1941 maidir leis an údarás áitiúil amhail is dá mba gur cuireadh comhaltaí an údaráis áitiúil sin as oifig faoin gCuid sin díreach tar éis dóibh teacht in oifig nó, má ba thoghchán nua de réir brí na Coda sin an toghchán sin, amhail is dá mba gur cuireadh na comhaltaí sin as oifig amhlaidh arís faoin gCuid sin.
Toghchán nua i gcásanna áirithe.
17.—Má tharlaíonn de thoradh ordú ó chúirt gur lú líon na ndaoine a toghadh go bailí i dtoghlimistéar ná tromlach na gcomhaltaí sin measfar nach raibh an toghchán sin ann agus beidh toghchán nua sa toghlimistéar sin faoi Chuid IV den Acht Rialtais Áitiúil, 1941.
Ní dhéanfar beart in imthosca áirithe chun folúntas in údarás áitiúil a líonadh.
18.—Ní dhéanfar, ach amháin comhaltaí uile údaráis áitiúil a thoghadh, aon bheart chun folúntas a líonadh a tharla i gcomhaltas údaráis áitiúil de bharr duine a bhí ina chomhalta de d'fháil bháis nó d'éirí as oifig nó do scor ar shlí eile de bheith ina chomhalta de le linn triail achainí a bhain leis a bheith ar feitheamh nó ar siúl.
Bailíocht toghcháin áitiúil.
19.—Mura ndéanfar toghchán áitiúil a thabhairt faoi cheist trí achainí sa tréimhse dhá mhí dhéag dar tosach an lá a dhearbhófar an toradh, ní dhéanfar, amhail ar éag agus ó éag na tréimhse sin, an toghchán a thabhairt faoi cheist ar aon fhoras agus measfar an toghchán a bheith bailí chun gach críche.
Finnéithe.
20.—(1) Beidh an chúirt i dteideal dá rogha féin ordú a thabhairt, aon tráth le linn achainí a bheith á triail, duine áirithe a thabhairt os comhair na cúirte agus go dtabharfaidh sé fianaise ag an triail, agus i gcás ina dtabharfaidh an chúirt ordú den sórt sin áireofar mar chuid de chostais na hachainí na costais a thabhófar ag tabhairt an duine sin os comhair na cúirte (lena n-áirítear aon airgead is iníoctha leis mar chaiteachas finné).
(2) Faoi réir fho-alt (3) den alt seo, aon duine a nglaofar air mar fhinné le linn achainí a bheith á triail ní shaorfar é ó aon cheist a fhreagairt maidir le haon chion sa toghchán áitiúil iomchuí nó i ndáil leis an toghchán sin ar an bhforas go ndéanfadh nó go bhféadfadh freagairt na ceiste sin é a inchoiriú nó ar fhoras pribhléide; ach sin ar an gcoinníoll—
(a) go mbeidh finné a shásóidh an chúirt gur fhreagair sé go fírinneach na ceisteanna go léir a cheangail an chúirt air a fhreagairt i dteideal deimhniú a fháil ón gcúirt á rá gur fhreagair an finné amhlaidh, agus
(b) nach mbeidh freagra ó fhinné a fuair deimhniú den sórt sin ar cheist a cuireadh le linn achainí a bheith á triail nach mbeidh sé, ach amháin i gcás aon imeachta coiriúla mar gheall ar mhionnú éithigh i leith na fianaise, in aon imeacht, sibhialta nó coiriúil, inghlactha i bhfianaise ina choinne.
(3) Ní cheanglófar ar dhuine, le linn achainí a bheith á triail, a rá conas a vótáil sé ná cé dó ar vótáil sé.
(4) Ní fhorléireofar aon ní san alt seo mar ní a dhéanann difear do cheart aon pháirtí in achainí aon duine a ghairm mar fhinné.
Costais achainí.
21.—(1) Is de réir mar is rogha leis an gcúirt a shocrófar na costais go léir, seachas na costais a bhaineann le vótaí a chomhaireamh as an nua faoi alt 8 den Acht seo, a bhaineann nó a ghabhann le hachainí agus beidh de chumhacht ag an gcúirt a ordú go mbeidh na costais sin nó aon chuid de na costais sin a thabhaigh aon pháirtí san achainí le híoc ag páirtí éigin eile dá shórt, agus, i gcás ina n-ordófar go mbeidh na costais nó aon chuid de na costais a thabhaigh aon pháirtí den sórt sin le híoc ag an achainíoch, déanfaidh an chúirt socruithe, más gá, le go n-íocfar na costais sin, go feadh méid na suime a bheidh ainmnithe san urrús a thug an t-achainíoch, amach as an urrús sin nó tríd.
(2) Gan dochar d'fho-alt (1) den alt seo, más léir leis an gcúirt ar achainí a thriail, go ndearna aon duine nó daoine cionta toghcháin i ndáil leis an toghchán iomchuí, féadfaidh an chúirt, tar éis di caoi a thabhairt don duine nó do na daoine sin éisteacht a fháil chun cúis a shuíomh nach ndéanfaí an t-ordú, a ordú, más cuí léi, go n-íocfaidh an duine sin nó na daoine sin nó aon duine nó daoine díobh na costais go léir nó cuid de na costais a bhain leis an achainí seachas na costais a bhain le comhaireamh vótaí as an nua faoi alt 8 den Acht seo, agus féadfaidh sí a ordú, i gcás nach féidir na costais sin a ghnóthú go hiomlán ón duine nó ó na daoine, go n-íocfaidh duine nó daoine eile de na daoine sin na costais sin.
Costais a dámhadh in aghaidh ceann comhairimh.
22.—(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, is é an t-údarás áitiúil lena mbaineann a íocfaidh na costais a dhámhfar in aghaidh ceann comhairimh ar achainí a thriail.
(2) Más deimhin leis an gcúirt go raibh an ceann comhairimh mórfhaillíoch ag comhlíonadh a dhualgas, féadfaidh an chúirt a ordú go ndlífidh sé aon chostais a dhámh an chúirt ina aghaidh a íoc.
(3) I gcás ordú a dhéanamh faoin bhfo-alt sin roimhe seo beidh aon chostais a dhámhfar in aghaidh oifigigh agus a íocfar as airgead arna sholáthar ag an údarás áitiúil lena mbaineann ina fhiach ar an oifigeach ag an údarás, agus mura n-íocfar an fiach sin féadfar é a ghnóthú mar fhiach conartha shimplí in aon chúirt dlínse inniúla.
Cás a shonrú don Chúirt Uachtarach.
23.—(1) Ag aon chéim de thriail achainí féadfaidh an chúirt, más cuí léi, uaithi féin nó ar iarratas ó aon pháirtí san achainí, cás a shonrú le tuairim na Cúirte Uachtaraí a fháil ar aon cheist dlí a éireoidh ag an triail.
(2) D'ainneoin aon ní san Acht seo, i gcás ina sonrófar cás faoin alt seo ní dhéanfaidh an chúirt cinneadh faoin achainí go dtí go mbeidh a breith tugtha ag an gCúirt Uachtarach agus féadfaidh sí an triail nó aon chuid den triail a chur ar athló go dtí go mbeidh an bhreith sin tugtha.
(3) Déanfar na costais a tabhaíodh maidir le cás a sonraíodh faoin alt seo a áireamh chun gach críche mar chuid de na costais a tabhaíodh i ndáil leis an achainí.
Dícháilíochtaí áirithe maidir le comhaltas in údaráis áitiúla agus i gcomhlachtaí gaolmhara áirithe a chealú.
1840, c. 108.
1898, c. 37.
24.—Cuirtear gach ceann de na dícháilíochtaí seo a leanas ar ceal leis seo, is é sin,
(a) an dícháilíocht chun bheith ina chomhalta d'údarás áitiúil i gcás eachtrannaigh, duine in ord beannaithe nó duine is ministir d'aon sainaicme creidimh nó duine a bhfuil oifig luach saothair nó ionad sochair aige faoi údarás áitiúil, agus
(b) an dícháilíocht chun bheith ina chomhalta de choiste gairmoideachais nó de choiste talmhaíochta i gcás eachtrannaigh nó duine ag a bhfuil oifig luach saothair nó ionad sochair aige faoin gcoiste,
agus dá réir sin,
(i) scoirfidh alt 58 den Municipal Corporations (Ireland) Act, 1840, alt 94 (1) den Local Government (Ireland) Act, 1898, d'éifeacht a bheith acu,
(ii) déanfar mír (a) d'Airteagal 12 (4) den Sceideal a ghabhann leis an Local Government (Application of Enactments) Order, 1898, a fhorléiriú agus beidh éifeacht aici amhail is dá mba gur scriosadh “or an alien”,
(iii) scoirfidh mír (d) den Airteagal sin 12 (4) d'éifeacht a bheith aici, agus
(iv) beidh éifeacht ag alt 3 den Acht Talmhaíochta (Leasú), 1944, agus ag alt 2 den Acht Gairm-Oideachais (Leasú), 1944 (ailt a chuireann an tAirteagal sin 12 (4) chun feidhme maidir le coistí talmhaíochta agus coistí gairmoideachais, faoi seach), amhail is dá mba éard iad na tagairtí sna hailt sin d'Airteagal 12 den Sceideal sin arna leasú le haon achtachán dá éis sin tagairtí don Airteagal sin 12 arna leasú le haon achtachán dá éis sin lena n-áirítear an t-alt seo.
Modhnú an tsrianta ar oifig a shealbhú nó a bheith ar fostú faoi údaráis áitiúla agus comhlachtaí gaolmhara áirithe.
25.—(1) (a) Féadfaidh an tAire, le hordú, aicme, tuairisc nó grád oifigí nó fostaíochtaí a ainmniú chun críche mhír (b) den fho-alt seo.
(b) Fad a bheidh ordú faoin bhfo-alt seo i bhfeidhm ní bheidh feidhm maidir le hoifig nó fostaíocht d'aicme, de thuairisc nó de ghrád a bheidh ainmnithe leis an ordú ag alt 21 (1) den Acht Rialtais Áitiúil, 1955.
(2) (a) Féadfaidh an tAire Oideachais, le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, aicme, tuairisc nó grád oifigí nó fostaíochtaí a ainmniú chun críche mhír (b) den fho-alt seo.
(b) Fad a bheidh ordú faoin bhfo-alt seo i bhfeidhm ní bheidh feidhm maidir le hoifig nó fostaíocht d'aicme, de thuairisc nó de ghrád a bheidh ainmnithe leis an ordú ag alt 70 (1) den Acht Rialtais Áitiúla, 1925, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 26 den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930.
(3) (a) Féadfaidh an tAire Talmhaíochta agus Iascaigh, le hordú, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire, aicme, tuairisc nó grád oifigí nó fostaíochtaí a ainmniú chun críche mhír (b) den fho-alt seo.
(b) Fad a bheidh ordú faoin bhfo-alt seo i bhfeidhm ní bheidh feidhm maidir le hoifig nó fostaíocht d'aicme, de thuairisc nó de ghrád a bheidh ainmnithe leis an ordú ag alt 70 (1) den Acht Rialtais Áitiúla, 1925, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 20 den Acht Talmhaíochta, 1931.
(4) Féadfaidh an tAire Stáit a dhéanfaidh ordú faoin alt seo (lena n-áirítear ordú faoin bhfo-alt seo) an t-ordú a leasú nó a chúlghairm le hordú; ar an gcoinníoll, murab é an tAire an tAire Stáit lena mbainfidh, nach ndéanfar ordú faoin bhfo-alt seo ach amháin tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire.
(5) Gach ordú a dhéanfar roimh an lú lá d'Iúil, 1975, faoin alt seo, leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta, agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis an t-ordú a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an ordaithe, beidh an t-ordú ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin ordú.
(6) Beidh éifeacht ag alt 70 (1) den Acht Rialtais Áitiúla, 1925, mar a chuirtear chun feidhme é le halt 26 den Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930, nó le halt 20 den Acht Talmhaíochta, 1931, ionann is dá mba gur scriosadh “, ná laistigh de dhá mhí dhéag tar éis do scur de bheith,”.
(7) Má bheartaítear ordú faoin alt seo a dhéanamh an lú lá d'Iúil, 1975, nó dá éis, leagfar dréacht de faoi bhráid gach Tí den Oireachtas agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag gach Teach den Oireachtas.
Seirbheáil doiciméad.
26.—I gcás ina gceanglaíonn an tAcht seo cóip d'ordú, d'achainí nó de dhoiciméad eile a thabhairt do dhuine, beidh sí dírithe chuige agus tabharfar dó í ar dhóigh éigin díobh seo a leanas:
(a) trína seachadadh dó;
(b) trína fágáil ag an seoladh ag a gcónaíonn sé de ghnáth nó, i gcás seoladh le haghaidh seirbheála a bheith tugtha, ag an seoladh sin;
(c) trína cur chuige leis an bpost i litir chláraithe réamhíoctha a dhíreofar chuige ag an seoladh ag a gcónaíonn sé de ghnáth, nó i gcás seoladh le haghaidh seirbheála a bheith tugtha, ag an seoladh sin.
Aisghairm.
27.—Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a luaitear sa tríú colún den Sceideal sin.
Gearrtheideal agus comhlua.
28.—(1) Féadfar an tAcht um Thoghcháin Áitiúla (Achainíocha agus Dícháilíochtaí), 1974, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla, 1963 go 1974, a ghairm de na hAchtanna um Thoghcháin Áitiúla, 1963 go 1973, agus den Acht seo le chéile.
AN SCEIDEAL
Achtacháin a Aisghairtear
Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
41 agus 42 Vict., c. 52 | Public Health (Ireland) Act, 1878. | In alt 270, na focail go léir ó “; and if any member of any such authority or board shall so act,” go dtí deireadh an ailt. |
45 agus 46 Vict., c. 50 | Municipal Corporations Act, 1882. | An méid den Acht a bhaineann le hachainíocha toghcháin. |
47 agus 48 Vict., c. 70 | Municipal Elections (Corrupt and Illegal Practices) Act, 1884. | An méid den Acht a bhaineann le hachainíocha toghcháin. |
Ailt 4 agus 5. | ||
Alt 46. | ||
Alt 21 (3). |