Uimhir 8 de 1957.
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1957.
[An tiontó oifigiúil.]
Méadú ar rátaí pinsean sean-aoise.
1.—(1) Déantar leis seo gach ceann ar leith de na rátaí 24s. 0d., 19s. 0d., 14s. 0d., agus 9s. 0d. atá leagtha amach sa Táible a ghabhas le fo-alt (2) d'alt 77 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952 (Uimh. 11 de 1952), de bhuaidh ailt 1 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1955 (Uimh. 11 de 1955), a mhéadú 1s. 0d.
(2) Measfar fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh an 17 Bealtaine, 1957.
Méadú ar rátaí cúnaimh dhífhostaíochta.
2.—(1) San Acht um Chúnamh Dhíomhaointis, 1933 (Uimh. 46 de 1933), déantar leis seo an méid seo a leanas a chur in ionad an Sceidil a cuireadh isteach mar Sceideal an Achta sin le fo-alt (1) d'alt 97 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952 (Uimh. 11 de 1952):—
“AN SCEIDEAL
Na Rátaí Cúnaimh Dhífhostaíochta.
Na haicmí daoine lena mbaineann na rátaí cúnaimh dhífhostaíochta atá leagtha amach sa Sceideal seo | An rata cúnaimh dhífhostaíochta a bhaineas le daoine atá ina gcónaí in aon límistéir uirbeach | An ráta cúnaimh dhífhostaíochta a bhaineas le daoine atá ina gcónaí in aon áit eile | ||
sa tseachtain | sa tseachtain | |||
s. | d. | s. | d. | |
Duine gan cleithiúnaí ... ... | 19 | 0 | 13 | 0 |
Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe ... ... ... | 30 | 0 | 22 | 0 |
Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus aon leanbh cleithiúnach amháin ... | 36 | 0 | 27 | 0 |
Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus beirt leanaí cleithiúnacha nó níos mó ... | 41 | 0 | 31 | 0 |
Duine ag a bhfuil aon leanbh cleithiúnach amháin ... | 25 | 0 | 18 | 0 |
Duine ag a bhfuil beirt leanaí cleithiúnacha nó níos mó ... | 30 | 0 | 22 | 0 |
”
(2) Measfar fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh an 15ú lá de Bhealtaine, 1957.
Méadú ar rátaí pinsean (neamhranníocach) baintreach.
3.—(1) I dTáible B a ghabhas le halt 20 den Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935 (Uimh. 29 de 1935), is é sin, an t-alt a cuireadh isteach le halt 105 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952 (Uimh. 11 de 1952), cuirtear, leis seo, na rátaí atá leagtha amach sa Táible a ghabhas leis an bhfo-alt seo in ionad na rátaí atá, de bhuaidh fo-ailt (1) d'alt 2 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1955 (Uimh. 11 de 1955), leagtha amach sa Táible sin B.
AN TÁIBLE.
Rátaí Seachtainiúla Pinsean (Neamhranníocach) Baintreach.
Acmhainn na Baintrí | Rátaí Seachtainiúla | ||||||||||
Baintreach, gan aon leanbh cáilithe | Baintreach, leanbh cáilithe amháin | Baintreach, beirt leanaí cáilithe nó níos mó | |||||||||
(1) | (2) | (3) | (4) | ||||||||
s. | d. | s. | d. | s. | d. | ||||||
Má bhíonn acmhainn bhliantúil na baintrí arna ríomh go cuí— | |||||||||||
gan bheith níos mó ná £52 10s. | ... | 23 | 6 | 31 | 6 | 38 | 6 | ||||
níos mó ná | £52 | 10s. | gan bheith níos | ||||||||
mó ná | £65 | 10s. | 18 | 6 | 26 | 6 | 33 | 6 | |||
,, ,, ,, | £65 | 10s. | ,, ,, | £78 | 10s. | 13 | 6 | 21 | 6 | 28 | 6 |
,, ,, ,, | £78 | 10s. | ,, ,, | £104 | 15s. | 8 | 6 | 16 | 6 | 23 | 6 |
,, ,, ,, | £104 | 15s. | ,, ,, | £117 | 15s. | Neamhní | 8 | 0 | 15 | 0 | |
,, ,, ,, | £117 | 15s. | ,, ,, | £130 | 15s. | Neamhní | Neamhní | 7 | 0 | ||
,, ,, ,, | £130 | 15s. | ... | ... | ... | Neamhní | Neamhní | Neamhní |
(2) Measfar fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh an 17 Bealtaine, 1957.
Gearrtheideal agus comhlua.
4.—(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1957, a ghairm den Acht seo.
(2) Féadfar Achta na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1957, a ghairm d'Achta na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1955, agus d'alt 1 den Acht seo le chéile.
(3) Féadfar na hAchta um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1957, a ghairm de na hAchta um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1952, agus d'alt 2 den Acht seo le chéile.
(4) Féadfar na hAchta um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1957, a ghairm de na hAchta um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1955, agus d'alt 3 den Acht seo le chéile.