[EN]

harp.jpg


Uimhir 8 de 1999


[EN]

ACHT NA gCUIDEACHTAÍ (LEASÚ), 1999

[An tiontú oifigiúil]


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Srian le halt 108 d'Acht 1990.

3.

Leasanna i scairchaipiteal iomchuí a nochtadh.

4.

Leasú ar alt 110 d'Acht 1990.

5.

Deireadh a chur le deacrachtaí.

6.

Cúlghairm.

7.

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

Rialacha Cobhsaíochta


Na hAchtanna dá dTagraítear

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

Acht na gCuideachtaí, 1990

1990, Uimh. 33

harp.jpg


Uimhir 8 de 1999


ACHT NA gCUIDEACHTAÍ (LEASÚ), 1999

[An tiontú oifigiúil]


ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ CHODANNA IV AGUS V D'ACHT NA gCUIDEACHTAÍ, 1990, DO CHEADÚ GNÍOMHAÍOCHTA COBHSAÍOCHTA I nDÁIL LE hEISIÚINT NÓ DÍOL URRÚS AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE COMHGHAOLMHARA. [19 Bealtaine, 1999]

ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

[EN]

Léiriú.

1.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1990” Acht na gCuideachtaí, 1990;

[EN]

tá le “dáta deiridh” an bhrí a shanntar leis na Rialacha Cobhsaíochta;

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht na gCuideachtaí, 1963;

[EN]

tá le “tréimhse chobhsaíochta”, i ndáil le haon ní a dhéanfar sa Stát de bhun na Rialacha Cobhsaíochta, an bhrí a shanntar leis na Rialacha Cobhsaíochta agus, i ndáil le haon ní a dhéanfar i ndlínse lasmuigh den Stát chun margadhphraghas urrús a chobhsú nó a chothabháil, ciallaíonn sé an tréimhse dar tosach—

[EN]

(a) i gcás urrúis a eisiúint nó a thairiscint lena ndíol (nach eisiúint bintiúr ná fiach-urrús eile), an dáta a dhéantar an fógra poiblí is luaithe i dtaobh na heisiúna nó na tairisceana sin ina sonraítear an praghas eisiúna nó an praghas tairisceana, de réir mar a bheidh, le haghaidh na n-urrús sin, nó

[EN]

(b) i gcás bintiúir nó fiach-urrúis eile a eisiúint, an dáta a dhéantar an fógra poiblí is luaithe i dtaobh na heisiúna sin, cibé acu a shonraítear an praghas eisiúna san fhógra sin nó nach sonraítear,

[EN]

agus dar críoch—

[EN]

(i) ar éag don lá atá 30 lá i ndiaidh an dáta deiridh, nó

[EN]

(ii) ar éag don lá a dhéanfaidh bainisteoir a bheidh ceaptha ag an eisitheoir nó, de réir mar a bheidh, ag an tairgeoir chun gníomhaíocht chobhsaíochta a sheoladh, fógra a thabhairt do stocmhalartán ar a raibh gníomhaíocht chobhsaíochta á seoladh á rá gurbh é sin an lá ar a raibh sé cinnte aige nach ndéanfadh sé aon bheart eile chun margadhphraghas na n-urrús lena mbaineann a chobhsú nó a chothabháil,

[EN]

cibé acu is túisce a tharlóidh;

[EN]

ciallaíonn “Rialacha Cobhsaíochta” na rialacha dá dtagraítear faoin ainm sin agus atá leagtha amach sa Sceideal.

[EN]

(2) San Acht seo—

[EN]

(a) aon tagairt do Chuid, d'alt nó do Sceideal is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht seo nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe,

[EN]

(b) aon tagairt d'fho-alt, do mhír, d'fhomhír, do chlásal nó d'fhochlásal is tagairt í don fho-alt, don mhír, don fhomhír, don chlásal nó don fhochlásal den fhoráil ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe, agus

[EN]

(c) aon tagairt d'achtachán is tagairt í don achtachán sin arna leasú, arna leathnú nó arna oiriúnú le haon achtachán nó faoi aon achtachán ina dhiaidh sin, lena n-áirítear an tAcht seo.

[EN]

Srian le halt 108 d'Acht 1990.

2.—Ní mheasfar alt 108 d'Acht 1990 a bheith sáraithe—

[EN]

(a) mar gheall ar aon ní a dhéanfar sa Stát chun margadhphraghas urrús a chobhsú nó a chothabháil más i gcomhréir leis na Rialacha Cobhsaíochta a dhéanfar é, ná

[EN]

(b) mar gheall ar aon bheart a dhéanfaidh duine le linn na tréimhse cobhsaíochta in aon dlínse seachas sa Stát chun margadhphraghas urrús a chobhsú nó a chothabháil, ach sin sa chás amháin go bhfuil an beart a dhéanfar ceadaithe, ar gach slí ábhartha, leis na ceanglais iomchuí go léir is infheidhme i leith beart den sórt sin sa dlínse ina ndéanfar an beart sin nó go bhfuil sé thairis sin de réir na gceanglas sin, lena n-áirítear, más rud é go bhfuil na hurrúis sin liostaithe ar stocmhalartán sa dlínse sin freisin, na rialacha nó na ceanglais rialaitheacha eile lena rialaítear an stocmhalartán sin.

[EN]

Leasanna i scairchaipiteal iomchuí a nochtadh.

3.—(1) Maidir le duine d'fháil nó do dhiúscairt leasanna i scairchaipiteal iomchuí le linn na tréimhse cobhsaíochta lena mbaineann—

[EN]

(a) ar fáil nó diúscairt í a dhéanfar chun margadhphraghas urrús a chobhsú nó a chothabháil, agus

[EN]

(b) ar fáil nó diúscairt í a dhéanfar amhlaidh i gcomhréir leis na Rialacha Cobhsaíochta nó ar fáil nó diúscairt í lena mbaineann alt 2(b),

[EN]

tabharfar neamhaird ar an bhfáil nó ar an diúscairt sin le linn na tréimhse cobhsaíochta chun críocha ailt 67 go 79 d'Acht 1990.

[EN]

(2) Maidir le haon leas i scairchaipiteal iomchuí—

[EN]

(a) a fuair duine le linn na tréimhse cobhsaíochta chun margadhphraghas urrús a chobhsú nó a chothabháil,

[EN]

(b) a fuarthas amhlaidh de réir an Achta seo, agus

[EN]

(c) a leanfaidh de bheith i seilbh an duine sin i ndeireadh na tréimhse cobhsaíochta,

[EN]

déileálfar leis, chun críocha ailt 67 go 79 d'Acht 1990, mar leas a fuair an duine sin an chéad lá tar éis dheireadh na tréimhse cobhsaíochta nach Satharn ná Domhnach ná lá saoire poiblí.

[EN]

(3) D'ainneoin fho-alt (1), oibreoidh fo-alt (4) d'alt 91 d'Acht 1990 chun na leasanna a bheidh le fógairt do Stocmhalartán na hÉireann Teoranta, agus an tslí a bheidh siad le fógairt amhlaidh, faoi fho-alt (2) den alt sin a chinneadh.

[EN]

(4) San alt seo, tá le “scairchaipiteal iomchuí” an bhrí a shanntar le halt 67(2) d'Acht 1990.

[EN]

Leasú ar alt 110 d'Acht 1990.

4.—Leasaítear leis seo alt 110 d'Acht 1990 tríd an méid seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

[EN]

“(2A) Measfar duine a bheith tar éis idirbheart lena mbaineann fo-alt (2)(b) a dhéanamh de mheon macánta, más rud é go ndéanfaidh an duine sin, de mheon macánta—

[EN]

(a) caibidlí d'fhonn comhaontú a dhéanamh lena mbainfeadh mír (b) nó (c), nó

[EN]

(b) comhaontú chun urrúis a fhrithghealladh, nó

[EN]

(c) comhaontú, sula gcuirfidh stocmhalartán aitheanta saoráidí déileála ar fáil le haghaidh urrús, chun líon sonraithe de na hurrúis sin a fháil nó chun suibscríobh lena n-aghaidh, nó

[EN]

(d) idirbheart de réir oibleagáidí an duine sin faoi chomhaontú lena mbaineann mír (b) nó (c).”.

[EN]

Deireadh a chur le deacrachtaí.

5.—(1) Más rud é go dtarlóidh aon deacracht, ar aon bhealach, i ndáil le hoibriú aon fhorála de na Rialacha Cobhsaíochta, féadfaidh an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, le rialacháin, na Rialacha Cobhsaíochta a leasú chun aon ní a dhéanamh is dealraitheach dó nó di a bheith riachtanach nó fóirsteanach chun deireadh a chur leis an deacracht sin, agus féadfar le haon rialacháin den sórt sin aon fhoráil de na Rialacha Cobhsaíochta a mhodhnú nó cur leis an gcéanna a mhéid a bheidh riachtanach nó fóirsteanach chun an Sceideal a chur in éifeacht.

[EN]

(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

[EN]

Cúlghairm.

6.—Cúlghairtear leis seo na Rialacháin um Acht na gCuideachtaí, 1990 (Déileáil Chos Istigh), 1991 (I.R. Uimh. 151 de 1991), agus na Rialacháin um Acht na gCuideachtaí, 1990 (Déileáil Chos Istigh), 1992 (I.R. Uimh. 131 de 1992).

[EN]

Gearrtheideal, comhlua, forléiriú agus tosach feidhme.

7.—(1) Féadfar Acht na gCuideachtaí (Leasú), 1999, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1999, a ghairm den Acht seo agus d'Achtanna na gCuideachtaí, 1963 go 1990, le chéile agus forléireofar le chéile iad mar aon ní amháin.

[EN]

(3) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá nó laethanta a cheapfar le hordú nó le horduithe a dhéanfaidh an tAire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, i gcoitinne nó faoi threoir aon chríche nó forála áirithe, agus féadfar laethanta éagsúla a cheapadh amhlaidh chun críoch éagsúil agus le haghaidh forálacha éagsúla den Acht seo.

[EN]

AN SCEIDEAL

Rialacha Cobhsaíochta

Alt 1(1)

Mínithe.

1. Sna Rialacha seo—

ciallaíonn “urrúis chomhlachaithe”—

(a) urrúis atá ar aon réim ar gach slí leis na hurrúis iomchuí, nó

(b) urrúis ar ar féidir na hurrúis iomchuí a mhalartú nó inar féidir iad a chomhshó, nó

(c) urrúis a bhfuil cearta ag sealbhóirí na n-urrús iomchuí, de bhua a sealbhán de na hurrúis sin, iad a fháil nó suibscríobh lena n-aghaidh, nó

(d) urrúis is admhálacha taiscí atá in ionannas do chearta maoine, nó lena dtugtar cearta maoine, i leith urrús iomchuí nó i leith urrús lena mbaineann mír (a), (b), (c)(f) nó atá in ionannas do cheart conarthach (seachas rogha), nó lena dtugtar ceart conarthach (seachas rogha), chun urrúis den sórt sin a fháil ar shlí eile seachas trí shuibscríobh; nó

(e) urrúis atá in ionannas d'aon cheart, rogha nó oibleagáid, nó lena dtugtar aon cheart, rogha nó oibleagáid, i leith innéacs a bhaineann le hurrúis iomchuí nó le hurrúis lena mbaineann mír (a), (b), (c)(d), nó

(f) urrúis atá in ionannas do cheart, nó lena dtugtar ceart, chun méid áirithe d'urrúis iomchuí nó d'aon urrúis lena mbaineann mír (a), (b), (c), (d)(e) a fháil ar dháta éigin sa todhchaí ar phraghas áirithe (“roghanna comhlachaithe ar cheannach“) nó atá in ionannas d'aon cheart, rogha nó oibleagáid, nó lena dtugtar aon cheart, rogha nó oibleagáid, ar shlí eile i leith urrús den sórt sin;

ciallaíonn “dáta deiridh”—

(a) i gcás urrúis a eisiúint, an dáta a gheobhaidh eisitheoir na n-urrús fáltais na heisiúna nó, i gcás go bhfaighidh an t-eisitheoir na fáltais sin i dtráthchodanna, an dáta a gheobhaidh sé an chéad tráthchuid; agus

(b) i gcás urrúis a thairiscint lena ndíol, an dáta a gheobhaidh an tairgeoir nó, de réir mar a bheidh, na tairgeoirí na fáltais ón tairiscint díola, nó, i gcás go bhfaighidh an tairgeoir nó, de réir mar a bheidh, na tairgeoirí na fáltais sin i dtráthchodanna, an dáta a gheobhaidh an tairgeoir nó, i gcás níos mó ná tairgeoir amháin a bheith ann, an dáta a gheobhaidh tairgeoir amháin nó níos mó de na tairgeoirí, an chéad tráthchuid;

ciallaíonn “tréimhse thionscnaimh” an tréimhse dar tosach tráth an chéad fhógra phoiblí óna bhféadfaí a thuiscint le réasún go raibh sé beartaithe go ndéanfaí an eisiúint i bhfoirm éigin agus tráth éigin, agus dar críoch tosach na tréimhse cobhsaíochta;

folaíonn “eisiúint” tairiscint díola, seachas sna mínithe ar “dáta deiridh” agus “tréimhse chobhsaíochta” agus i Riail 2, agus forléireofar “eisigh” dá réir sin;

ciallaíonn “praghas eisiúna” an praghas sonraithe ar a n-eiseofar na hurrúis iomchuí gan aon choimisiún nó lamháltas díola a asbhaint;

folaíonn “eisitheoir” tairgeoir, seachas sa mhíniú ar “dáta deiridh”;

ciallaíonn “bainisteoir” an duine dá mbeidh treoir tugtha ag eisitheoir na n-urrús chun an eisiúint a bhainistiú;

ciallaíonn “fógra poiblí” aon chumarsáid a dhéanfaidh an t-eisitheoir nó an bainisteoir nó a dhéanfar thar ceann an eisitheora nó an bhainisteora, is cumarsáid a dhéanfar in imthosca inar dócha go dtiocfaidh an pobal ar an eolas faoin gcumarsáid;

tá le “stocmhalartán aitheanta” an bhrí a shanntar le halt 107 d'Acht na gCuideachtaí, 1990;

tá le “an Clár” an bhrí a shanntar dó le Riail 5(1)(d);

ciallaíonn “lá iomchuí“—

(a) an 30ú lá tar éis an dáta deiridh nó,

(b) i gcás go mbeidh sé cinnte ag an mbainisteoir cobhsaíochta, roimh an 30ú lá tar éis an dáta deiridh, nach ndéanfadh sé nó sí aon bheart eile chun margadhphraghas na n-urrús iomchuí a chobhsú nó a chothabháil agus go mbeidh fógra dá réir sin tugtha aige nó aici do Stocmhalartán na hÉireann Teoranta de bhun Riail 8; an lá a chinn sé nó sí amhlaidh;

tá le “urrúis iomchuí” an bhrí a thugtar le Riail 2;

tá le “urrúis” an bhrí a shanntar le halt 107 d'Acht na gCuideachtaí, 1990;

ciallaíonn “beart cobhsaíochta” ceannach urrús iomchuí nó urrús comhlachaithe, nó comhaontú nó tairiscint chun urrúis iomchuí nó urrúis chomhlachaithe a cheannach, a cheadaítear a dhéanamh le Riail 3;

ciallaíonn “bainisteoir cobhsaíochta” an duine is bainisteoir nó, i gcás go bhfuil níos mó ná bainisteoir amháin ann, cibé duine amháin de na bainisteoirí a mbeidh sé socraithe eatarthu gurb é nó í an duine a sheolfaidh beart cobhsaíochta sa Stát i ndáil leis na hurrúis iomchuí a eisiúint;

ciallaíonn “tréimhse chobhsaíochta” an tréimhse dar tosach an dáta a dhéantar an fógra poiblí is luaithe i dtaobh na heisiúna nó na tairisceana díola ina sonraítear an praghas eisiúna nó an praghas tairisceana, de réir mar a bheidh, agus dar críoch an lá iomchuí, ach amháin, i ndáil le hurrúis iomchuí a eisiúint ar bintiúir nó fiach-urrúis eile iad, go gciallaíonn an tréimhse chobhsaíochta an tréimhse dar tosach an dáta a dhéantar an fógra poiblí is luaithe i dtaobh na heisiúna (cibé acu a shonraítear an praghas eisiúna san fhógra sin nó nach sonraítear) agus dar críoch an lá iomchuí;

ciallaíonn “tairiscint táthcheangail” tairiscint a dhéantar go ginearálta do shealbhóirí scaireanna i gcuideachta chun na scaireanna sin nó cion sonraithe díobh a fháil, nó do shealbhóirí aicme áirithe de na scaireanna sin chun na scaireanna den aicme sin nó cion sonraithe díobh a fháil.

Feidhm.

2. Tá feidhm ag na Rialacha seo—

(a) maidir le heisiúint urrús ar airgead tirim,

(b) maidir le tairiscint urrús ar airgead tirim, is urrúis nach bhfuil saoráidí déileála urrús curtha ar fáil ina leith cheana féin ag stocmhalartán aitheanta, agus

(c) maidir le tairiscint urrús ar airgead tirim, is urrúis a bhfuil saoráidí déileála curtha ar fáil ina leith cheana féin ag stocmhalartán aitheanta, más £15,000,000 (nó a choibhéis san airgeadra nó san aonad cuntais ina sonraítear praghas na n-urrús) ar a laghad costas iomlán na n-urrús is ábhar don tairiscint,

agus a dhéantar ar mhodh eile seachas i dtaca le tairiscint táthcheangail agus ar phraghas sonraithe agus is urrúis ar féidir déileáil iontu ar stocmhalartán aitheanta gan iarratas foirmiúil, nó a ndearnadh iarratas ar stocmhalartán aitheanta ina leith chun go ndéileálfaí sna hurrúis ar an malartán sin, agus gairtear “urrúis iomchuí” de na hurrúis sin sna Rialacha seo.

Beart cobhsaíochta ceadaithe.

3. (1) Faoi réir mhír (2) agus Rialacha 6 agus 7, féadfaidh an bainisteoir cobhsaíochta, le linn na tréimhse cobhsaíochta, aon cheann nó gach ceann de na nithe seo a leanas a dhéanamh, d'fhonn margadhphraghas na n-urrús iomchuí a chobhsú nó a chothabháil:

(a) aon urrús de na hurrúis iomchuí a cheannach, a chomhaontú iad a cheannach nó a thairiscint iad a cheannach, agus

(b) aon urrúis chomhlachaithe a cheannach, a chomhaontú iad a cheannach nó a thairiscint iad a cheannach.

(2) Ní fhéadfaidh bainisteoir cobhsaíochta beart cobhsaíochta a dhéanamh de bhun mhír (1) ach amháin más rud é go gcreideann an bainisteoir cobhsaíochta le réasún gur comhlíonadh na coinníollacha a shonraítear i Riail 5.

(3) Maidir le bainisteoir cobhsaíochta a dhéanann beart cobhsaíochta de bhun mhír (1), comhlíonfaidh sé nó sí Riail 9.

Beart ceadaithe atá coimhdeach le beart cobhsaíochta.

4. (1) Faoi réir mhír (2) agus Riail 6, féadfaidh an bainisteoir cobhsaíochta—

(a) d'fhonn bearta cobhsaíochta a dhéanamh, ceachtar de na nithe seo a leanas, nó iad araon, a dhéanamh—

(i) líon níos mó d'urrúis iomchuí a leithroinnt ná mar a eiseofar, agus

(ii) líon níos mó d'urrúis iomchuí nó d'urrúis chomhlachaithe a dhíol, nó a thairiscint iad a dhíol nó a chomhaontú iad a dhíol, ná mar atá ar fáil lena ndíol ag an mbainisteoir cobhsaíochta,

(b) urrúis iomchuí nó urrúis chomhlachaithe a dhíol, nó a thairiscint iad a dhíol nó a chomhaontú iad a dhíol, d'fhonn aon seasamh arna bhunú le bearta cobhsaíochta a fhoirceannadh nó a leachtú cibé acu a bhí na bearta sin de réir Riail 3 nó nach raibh, agus

(c) urrúis iomchuí nó urrúis chomhlachaithe a cheannach, nó a thairiscint iad a cheannach nó a chomhaontú iad a cheannach, d'fhonn aon seasamh arna bhunú de bhun chlásal (i)(ii) d'fhomhír (a) a fhoirceannadh nó a leachtú.

(2) Ní fhéadfaidh bainisteoir cobhsaíochta gníomhú de bhun mhír (1) ach amháin más rud é go gcreideann sé nó sí le réasún gur comhlíonadh na coinníollacha a shonraítear i Riail 5.

(3) Maidir le bainisteoir cobhsaíochta a ghníomhaíonn de bhun mhír (1), déanfaidh sé nó sí Riail 9 a chomhlíonadh.

(4) Féadfar idirbheart den saghas a thuairiscítear i mír (1)(c) a dhéanamh gan féachaint do na ceanglais maidir le teorainneacha praghais ceannaigh a leagtar amach i Riail 7.

Réamhbhearta roimh bheart cobhsaíochta, etc.

5. (1) Is iad seo a leanas na coinníollacha nach foláir, i dtuairim réasúnach an bhainisteora cobhsaíochta, iad a bheith comhlíonta sula bhféadfar aon bheart cobhsaíochta nó aon bheart de bhun Riail 4(1) a dhéanamh de réir na Rialacha seo:

(a) ó thosach na tréimhse tionscnaimh—

(i) maidir le haon ráiteas leictreonach scáileánbhunaithe, lena n-áirítear aon saoráid scáileáin arna cur ar fáil ag an mbainisteoir cobhsaíochta, trína gcuirtear daoine ar an eolas i dtaobh praghais díola nó praghais ceannaigh urrús, nó

(ii) maidir le haon fhógra a bheartaítear a fhoilsiú in aon nuachtán agus aon fhógra eile de chineál poiblí, nó

(iii) maidir le haon teiléacs cuiridh nó doiciméad coibhéiseach;

ina ndéantar tagairt don eisiúint lena mbaineann agus a bheidh arna dhéanamh nó arna fhoilsiú ag an eisitheoir nó ag an mbainisteoir cobhsaíochta nó thar ceann an eisitheora nó an bhainisteora cobhsaíochta, go mbeidh tagairt ann, le linn na tréimhse tionscnaimh, don réamheolaire atá le teacht nó don réamheolaire nó go mbeidh an focal “Cobhsaíocht” ann,

(b) ó thosach na tréimhse tionscnaimh, maidir le haon réamhchiorclán tairisceana, réamh-réamheolaire tairisceana, ciorclán tairisceana deiridh nó réamheolaire tairisceana deiridh a bhaineann le heisiúint na n-urrús lena mbaineann, go mbeidh an ráiteas seo a leanas nó ráiteas a mbeidh an éifeacht chéanna leis ann:

I dtaca leis an eisiúint seo féadfaidh [ainm an bhainisteora cobhsaíochta] ró-leithroinnt a dhéanamh nó idirbhearta a dhéanamh lena ndéanfar margadhphraghas [tuairisc ar urrúis iomchuí agus ar aon urrúis chomhlachaithe] a chobhsú nó a chothabháil ag leibhéal nár dhócha a bheith ann thairis sin. Má thosófar ar chobhsú den sórt sin, féadfar scor de tráth ar bith”,

agus aon tagairtí do “ráiteas nochta” sna Rialacha seo is tagairtí iad don ráiteas sin nó do ráiteas a mbeidh an éifeacht chéanna leis,

(c) más ann d'urrúis chomhlachaithe a raibh, an tráth a cinneadh praghas eisiúna na n-urrús iomchuí, a margadhphraghas ag leibhéal ní b'airde ná mar a bheadh sé thairis sin, de bharr aon ghnímh a rinne aon duine, nó de bharr aon iompair a bhí ar siúl ag aon duine, ar gníomh nó iompar é arb eol nó ar chóir le réasún gurbh eol don bhainisteoir cobhsaíochta gurbh é an toradh a bhí air tuiscint bhréagach nó mhíthreorach a chruthú sa mhargadh san urrús sin nó maidir le praghas nó luach an urrúis sin a fhéadfaidh duine eile a aslú, nó a fhéadfaidh a bheith tar éis duine eile a aslú—

(i) chun aon mhargadh nó idirbheart eile a dhéanamh, nó chun staonadh óna dhéanamh, i ndáil leis an urrús sin, nó

(ii) chun aon chearta a thugtar leis an urrús sin a fheidhmiú nó chun staonadh óna bhfeidhmiú,

gur deimhin leis an mbainisteoir cobhsaíochta nach bhfuil praghas eisiúna na n-urrús iomchuí níos airde ná mar a bheadh sé dá mba rud é nach ndearnadh an gníomh sin nó nach raibh an t-iompar sin ar siúl,

agus

(d) go mbeidh clár (dá ngairtear “an Clár” sna Rialacha seo) bunaithe ag an mbainisteoir cobhsaíochta chun na nithe a thaifeadadh a cheanglaítear a thaifeadadh le Riail 9 i ndáil le gach idirbheart a dhéantar sna hurrúis iomchuí nó sna hurrúis chomhlachaithe.

(2) (a) Maidir le haon nochtadh a cheanglaítear le mír (1)(a) a áireamh i ndoiciméad nó i gcumarsáid, nó aon ráiteas nochta a cheanglaítear le mír (1)(b) a áireamh i gciorclán nó i réamheolaire, beidh sé leagtha amach go suntasach agus i bhfoirm inléite sa doiciméad nó sa chumarsáid lena mbaineann.

(b) Féadfar an ráiteas nochta a oiriúnú nó a fhágáil ar lár chun ceanglais aon dlínse eile a chomhlíonadh ar dlínse í inar féidir, i dtaca leis an eisiúint, idirbhearta a sheoladh d'fhonn margadhphraghas urrús a chobhsú nó a chothabháil agus chun nach gá d'aon duine a cheapfar go cuí chun gníomhaíocht chobhsaíochta a sheoladh i leith dlínse seachas an Stát sárú a dhéanamh ar aon riail dhlíthiúil nó ar aon cheanglas dlíthiúil i leith aon chumarsáide nó fhógra a dhéanfar, nó i leith aon fhógráin nó doiciméid a eiseofar, sa dlínse sin.

(3) (a) Ach amháin mar a bhforáiltear le fomhíreanna (a) agus (b) de mhír (1), ní bheidh feidhm ag an Riail seo maidir le haon chumarsáid, fógrán nó doiciméad.

(b) Gan dochar do ghinearáltacht fhomhír (a), ní gá nochtadh nó ráiteas nochta a leagan amach—

(i) in aon teiléacs leithroinnte nó doiciméad dá shamhail,

(ii) in aon teiléacs praghsanna nó doiciméad dá shamhail,

(iii) in aon nóta conartha, nó

(iv) in aon fhógrán gearrfhoirme nó fógrán íomhá, lena n-áirítear aon fhógrán nuachtáin, raidió nó teilifíse atá ceaptha suim a chothú in eisiúint na n-urrús lena mbaineann, agus in aon bhróisiúr margaíochta fad is nach réamhchiorclán tairisceana ná réamhréamheolaire tairisceana é.

Srian le beart cobhsaíochta in urrúis chomhlachaithe.

6. Ní dhéanfar aon bheart cobhsaíochta in aon urrúis chomhlachaithe de chuid na n-urrús iomchuí sin is bintiúir nó fiachurrúis eile agus ar urrúis chomhlachaithe na hurrúis chomhlachaithe sin toisc—

(a) go bhféadfar na hurrúis iomchuí a mhalartú ar na hurrúis chomhlachaithe nó a chomhshó iontu, nó

(b) go bhfuil ceart ag sealbhóirí na n-urrús iomchuí suibscríobh le haghaidh na n-urrús comhlachaithe nó iad a fháil,

mura rud é go bhfuil na téarmaí ar ar féidir na hurrúis iomchuí a mhalartú ar na hurrúis chomhlachaithe nó a chomhshó iontu, nó cearta shealbhóirí na n-urrús iomchuí chun suibscríobh le haghaidh na n-urrús comhlachaithe nó iad a fháil, socruithe go críochnaitheach agus go bhfuiltear tar éis ábhar fógra phoiblí a dhéanamh díobh.

Teorainneacha le praghsanna.

7. (1) Ní dhéanfaidh an bainisteoir cobhsaíochta aon bheart cobhsaíochta ar phraghas is airde ná aon phraghas iomchuí a chinnfear de réir na Rialach seo.

(2) Is mar seo a leanas a bheidh na teorainneacha ar phraghsanna ar dá réir is féidir beart cobhsaíochta a dhéanamh:

(a) i gcás urrús iomchuí agus urrús comhlachaithe atá ar aon réim ar gach slí leis na hurrúis iomchuí (nach bintiúir ná fiach-urrúis eile)—

(i) don bheart cobhsaíochta tosaigh, an praghas eisiúna,

(ii) do bhearta ina dhiaidh sin—

(I) i gcás go ndearnadh déileáil ar phraghas atá os cionn an phraghais ar ar tharla an beart cobhsaíochta tosaigh (an “praghas cobhsaíochta tosaigh”) ar an malartán iomchuí is déileáil nach ndearna an bainisteoir cobhsaíochta nó nach ndearnadh ar threoracha uaidh nó uaithi, an praghas eisiúna nó an praghas ar a ndearnadh an déileáil sin, cibé acu is ísle, nó

(II) i gcás nach ndearnadh aon déileáil den sórt a thuairiscítear i bhfochlásal (I), an praghas eisiúna, nó an praghas cobhsaíochta tosaigh, cibé acu is ísle,

(b) i gcás urrús comhlachaithe (nach bintiúir ná fiach-urrúis eile, urrúis chomhlachaithe atá ar aon réim ar gach slí leis na hurrúis iomchuí, nó roghanna comhlachaithe ar cheannach)—

(i) don bheart cobhsaíochta tosaigh, margadhphraghas tairgthe na n-urrús comhlachaithe i dtús na tréimhse cobhsaíochta,

(ii) do bhearta ina dhiaidh sin—

(I) i gcás go ndearnadh déileáil ar phraghas atá os cionn an phraghais ar ar tharla an beart cobhsaíochta tosaigh (an “praghas cobhsaíochta tosaigh”) ar an malartán iomchuí is déileáil nach ndearna an bainisteoir cobhsaíochta nó nach ndearnadh ar threoracha uaidh nó uaithi, an margadhphraghas tairgthe i gclásal (i) nó an praghas ar a ndearnadh an déileáil sin sna hurrúis chomhlachaithe, cibé acu is ísle, nó

(II) i gcás nach ndearnadh aon déileáil den sórt a thuairiscítear i bhfochlásal (I), an margadhphraghas tairgthe de réir mar atá i gclásal (i), nó an praghas cobhsaíochta tosaigh do na hurrúis chomhlachaithe, cibé acu is ísle,

agus

(c) i gcás roghanna comhlachaithe ar cheannach—

(i) don bheart cobhsaíochta tosaigh, margadhphraghas na rogha comhlachaithe ar cheannach i dtús na tréimhse cobhsaíochta,

(ii) do bhearta ina dhiaidh sin—

(I) i gcás go ndearnadh déileáil ar phraghas atá os cionn an phraghais ar ar tharla an beart cobhsaíochta tosaigh (an “praghas cobhsaíochta tosaigh”) ar an malartán iomchuí is déileáil nach ndearna an bainisteoir cobhsaíochta nó nach ndearnadh ar threoracha uaidh nó uaithi, an margadhphraghas i gclásal (i) nó an praghas ar a ndearnadh an déileáil sin sa rogha chomhlachaithe ar cheannach, cibé acu is ísle, nó

(II) i gcás nach ndearnadh aon déileáil den sórt a thuairiscítear i bhfochlásal (I), an margadhphraghas de réir mar atá i gclásal (i), nó an praghas cobhsaíochta tosaigh don rogha chomhlachaithe ar cheannach, cibé acu is ísle.

(3) (a) Sa Riail seo ciallaíonn “malartán iomchuí” an stocmhalartán a gcreideann an bainisteoir cobhsaíochta le réasún gurb é an príomh-stocmhalartán é ar a ndéileáiltear sna hurrúis sin nó, de réir mar a bheidh, sna roghanna sin, tráth an idirbhirt.

(b) Chun críocha na Rialach seo—

(i) i gcás praghas aon urrús iomchuí nó aon urrús comhlachaithe ar an malartán iomchuí a bheith in airgeadra seachas airgeadra phraghas na n-urrús atá le cobhsú, féadfar bearta cobhsaíochta a dhéanamh ar phraghas a léireoidh aon bhogadh sa ráta malairte iomchuí, ach ní cheadófar leis sin beart cobhsaíochta faoi mhír (2)(a) ar phraghas atá os cionn choibhéis, san airgeadra eile, an phraghais eisiúna san airgeadra ar an malartán iomchuí,

(ii) maidir le haon bhanna inchomhshóite ar bintiúr nó fiach-urrús eile agus rogha chomhlachaithe ar cheannach araon é, ní dhéileálfar leis ach amháin mar bhintiúr,

(iii) i gcás nach bhfuil aon mhargadhphraghas tairgthe luaite i leith an urrúis chomhlachaithe lena mbaineann i dtús na tréimhse cobhsaíochta, is é an praghas iomchuí an praghas lua am scoir i leith na n-urrús sin an lá gnó roimhe sin mar a fhoilsítear sa liosta stocmhalartáin iomchuí.

Fógra a thabhairt maidir le beart cobhsaíochta a fhoirceannadh.

8. I gcás go gcinnfidh an bainisteoir cobhsaíochta, roimh an 30ú lá tar éis an dáta deiridh, nach ndéanfaidh sé nó sí aon bheart eile chun margadhphraghas na n-urrús iomchuí a chobhsú nó a chothabháil, déanfaidh sé nó sí fógra i dtaobh an chinnidh sin a thabhairt gan mhoill do Stocmhalartán na hÉireann Teoranta agus foilseoidh Stocmhalartán na hÉireann Teoranta an fhaisnéis sin i cibé foirm is cuí leis.

Idirbhearta cobhsaíochta a thaifeadadh.

9. (1) Déanfaidh an bainisteoir cobhsaíochta na nithe a shonraítear i bhfomhír (2) a thaifeadadh sa Chlár i ndáil le hidirbhearta a rinneadh de bhun Rialacha 3 agus 4, agus déanfar an taifead sin roimh thosach gnó an lá, nach Satharn, Domhnach ná lá saoire poiblí, díreach tar éis an lae a rinneadh an t-idirbheart agus tabharfar cóip den taifead sin do Stocmhalartán na hÉireann Teoranta roimh dheireadh an lae sin.

(2) Déanfar na nithe seo a leanas a thaifeadadh sa Chlár:

(a) ainmneacha na ndaoine ar ar leithroinneadh nó chuig ar eisíodh na hurrúis iomchuí agus, i ndáil le gach duine acu, an méid a leithroinneadh air nó uirthi nó an méid a eisíodh chuige nó chuici;

(b) tuairisc an urrúis is ábhar don idirbheart;

(c) praghas (gan aon choimisiún is iníoctha a áireamh) gach urrúis is ábhar don idirbheart;

(d) líon na n-urrús is ábhar don idirbheart;

(e) dáta agus am an idirbhirt; agus

(f) céannacht an chuntrapháirtí san idirbheart.

(3) Maidir le haon bhainisteoir cobhsaíochta a thairgeann nó a dhéanann beart cobhsaíochta ar phraghas arna chinneadh de réir fhomhír (a)(ii)(I), (b)(ii)(I)(c)(ii)(I) de Riail 7(2), déanfaidh sé nó sí mionsonraí an idirbhirt a dhéanann difear do phraghas uasta an bhirt cobhsaíochta a thaifeadadh sa Chlár.