Uimhir 8 de 2000
AN tACHT UM STÁDAS COMHIONANN, 2000
[An tiontú oifigiúil]
RIAR NA nALT
Réamhráiteach
Alt | |
1. | |
2. | |
3. | |
4. |
Idirdhealú agus Gníomhaíochtaí Gaolmhara.
5. | |
6. | |
7. | |
8. | |
9. | |
10. | |
11. | |
12. | |
13. | |
14. | |
15. | |
16. | |
17. | |
18. | |
19. |
Forfheidhmiú.
20. | |
21. | |
22. | |
23. | |
24. | |
25. | |
26. | |
27. | |
28. | |
29. | |
30. | |
31. | |
32. | |
33. | |
34. | |
35. | |
36. | |
37. | |
38. |
Údarás Comhionannais.
39. |
Ginearálta.
40. | |
41. | |
42. | |
43. | |
44. | |
45. | |
46. | |
47. | |
48. |
Leasú ar an Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1998
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
An tAcht um Chúram Leanaí, 1991 | 1991, Uimh. 17 |
Achtanna na dTithe, 1966 go 1998 | |
Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1992 | 1992, Uimh. 18 |
Na hAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1999 | |
Na hAchtanna um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais), 1968 go 1992 | |
Petty Sessions (Ireland) Act, 1851 | 14 & 15 Vict., c.9 |
Acht na nDídeanaithe, 1996 | 1996, Uimh. 17 |
Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1999 | |
Acht na mBóithre, 1993 | 1993, Uimh. 14 |
An tAcht um Chosaint Oibrithe (Fostaithe Páirtaimseartha Rialta), 1991 | 1991, Uimh. 5 |
Uimhir 8 de 2000
AN tACHT UM STÁDAS COMHIONANN, 2000
[An tiontú oifigiúil]
CUID I
Réamhráiteach
Gearrtheideal.
1.—Féadfar an tAcht um Stádas Comhionann, 2000, a ghairm den Acht seo.
Léiriú.
2.—(1) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—
ciallaíonn “Údarás” an tÚdarás Comhionannais;
ciallaíonn “Stiúrthóir” an Stiúrthóir Imscrúduithe Comhionannais arna cheapadh nó arna ceapadh faoi alt 75(1) den Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1998;
ciallaíonn “míchumas”—
(a) feidhmeanna coirp nó meabhrach duine a bheith in easnamh go hiomlán nó go páirteach, lena n-áirítear cuid de chorp duine a bheith in easnamh,
(b) orgánaigh atá nó is dóigh a bheidh ina dtrúig ghalair nó thinnis ainsealaigh a bheith sa chorp,
(c) mífheidhmiú, anchuma nó máchailiú cuid de chorp duine,
(d) riocht nó mífheidhmiú ar a bhfuil de thoradh go bhfoghlaimíonn duine ar shlí éagsúil le duine nach bhfuil an riocht nó an mífheidhmiú air nó uirthi, nó
(e) riocht, galar nó tinneas a fhearann ar phróisis smaointe duine, ar aireachtáil na réaltachta ag duine, ar mhothúcháin nó ar bhreithiúnas duine, nó a bhfuil iompar suaite de thoradh air;
ciallaíonn “idirdhealú a dhéanamh” idirdhealú a dhéanamh de réir bhrí alt 3(1) nó 4(1);
tá le “forais idirdhealaitheacha” an bhrí a thugtar le halt 3(2);
ciallaíonn “stádas teaghlaigh” a bheith torrach nó a bheith freagrach—
(a) mar thuismitheoir nó mar dhuine in loco parentis i ndáil le duine nach bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe aige nó aici, nó
(b) mar thuismitheoir nó mar an cúramóir príomha cónaitheach i ndáil le duine ag a bhfuil an aois sin nó atá os cionn na haoise sin agus atá faoi mhíchumas de chineál is cúis le cúram nó tacaíocht a bheith ag teastáil ar bhonn leanúnach, rialta nó minic,
agus, chun críocha mhír (b), is cúramóir príomha cónaitheach i ndáil le duine faoi mhíchumas é nó í cúramóir príomha má tá cónaí ar an gcúramóir príomha leis an duine atá faoin míchumas;
ciallaíonn “earraí” aon bhaill maoine sochorraithe;
ciallaíonn “stádas pósta” a bheith singil, pósta, idirscartha, colscartha nó i mbaintreachas;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt, Comhionannais agus Athchóirithe Dlí;
ciallaíonn “garghaol” céile, dírshliochtach, sinsear, deartháir nó deirfiúr;
“duine”, mar a úsáidtear an téarma sin in aon fhoráil nó i ndáil le haon fhoráil den Acht seo lena dtoirmisctear ar an duine sin idirdhealú nó aon ghníomh eile a dhéanamh nó lena gceanglaítear ar dhuine déanamh de réir forála den Acht seo nó rialachán arna ndéanamh faoin Acht seo, folaíonn sé eagraíocht, comhlacht poiblí nó eintiteas eile;
folaíonn “áitreabh” aon mhaoin dhochorraithe;
folaíonn “imeachtaí”, nuair a úsáidtear é gan cháiliú, aon tarchur, idirghabháil nó imscrúdú faoi Chuid III ach ní fholaíonn sé imeachtaí coiriúla faoin Acht seo;
ciallaíonn “iompar toirmiscthe” idirdhealú in aghaidh duine, nó gnéaschiapadh nó ciapadh ar dhuine, nó gnéaschiapadh nó ciapadh ar dhuine a cheadú, de shárú ar an Acht seo;
folaíonn “diúltú” neamhghníomh toiliúil;
folaíonn “creideamh” cúlra nó dearcadh creidimh;
ciallaíonn “seirbhís” seirbhís nó saoráid de chineál ar bith atá ar fáil don phobal i gcoitinne nó do chuid den phobal, agus, gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, folaíonn sé—
(a) rochtain ar aon áit agus úsáid aon áite,
(b) saoráidí le haghaidh na nithe seo a leanas—
(i) baincéireacht, árachas, deontais, iasachtaí, creidmheas nó maoiniú,
(ii) siamsaíocht, áineas nó úrúchán,
(iii) gníomhaíochtaí cultúir, nó
(iv) iompar nó taisteal,
(c) seirbhís nó saoráid a sholáthraíonn club (cibé acu is club é a shealbhaíonn deimhniú cláraitheachta faoi Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1999, nó nach ea) agus atá ar fáil don phobal i gcoitinne nó do chuid den phobal, ar íocaíocht nó gan íocaíocht, agus
(d) seirbhís ghairmiúil nó trádála,
ach ní fholaíonn sé cearta pinsin (de réir bhrí an Achta um Chomhionannas Fostaíochta, 1998) ná seirbhís nó saoráid a bhfuil feidhm ag an Acht sin maidir léi;
ciallaíonn “gnéaschlaonadh” claonadh heitrighnéasach, homaighnéasach nó déghnéasach;
ciallaíonn “Lucht Siúil” an pobal daoine dá ngairtear an Lucht Siúil go coitianta agus a shainaithnítear (acu féin agus ag daoine eile) mar dhaoine ag a bhfuil stair, cultúr agus traidisiúin i bpáirt, lena n-áirítear, go stairiúil, saol fánaíochta ar oileán na hÉireann.
(2) San Acht seo, mura léir a mhalairt a bheith ar intinn—
(a) aon tagairt d'alt nó do Chuid is tagairt í d'alt nó do Chuid den Acht seo,
(b) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhoroinn eile is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhoroinn den fhoráil ina bhfuil an tagairt, agus
(c) aon tagairt d'achtachán is tagairt í don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile nó faoi, lena n-áirítear an tAcht seo.
Idirdhealú (ginearálta).
3.—(1) Chun críocha an Achta seo, measfar go dtarlaíonn idirdhealú más rud é—
(a) ar aon cheann de na forais a shonraítear i bhfo-alt (2) (dá ngairtear “na forais idirdhealaitheacha” san Acht seo) atá ann faoi láthair nó a bhí ann cheana ach nach bhfuil ann a thuilleadh, nó a fhéadfaidh a bheith ann amach anseo, nó a chuirtear i leith an duine lena mbaineann, go ndéileáiltear le duine le níos lú fabhair ná mar a dhéileáiltear, mar a déileáladh nó mar a dhéileálfaí le duine eile,
(b) (i) go ndéileáiltear le duine atá bainteach le duine eile, de bhua na bainte sin, le níos lú fabhair ná mar a dhéileáiltear, mar a déileáladh nó mar a dhéileálfaí le duine eile nach bhfuil bainteach amhlaidh, agus
(ii) gurbh idirdhealú, de bhua mhír (a), déileáil dá samhail leis an duine eile sin ar aon fhoras de na forais idirdhealaitheacha,
nó
(c) (i) go bhfuil duine in earnáil daoine a bhfuil sainghné i bpáirt acu agus a bhféadfaidh idirdhealú tarlú dá barr, de bhua mhír (a), i leith na ndaoine sin,
(ii) go bhfuil oibleagáid curtha ar an duine ag soláthraí seirbhíse (de réir bhrí alt 4(6)) déanamh de réir coinníll (de chineál ceanglais, cleachtais nó ar shlí eile) ach nach bhfuil sé nó sí in ann déanamh amhlaidh,
(iii) go bhfuil i bhfad níos mó daoine lasmuigh den earnáil ná laistigh di in ann déanamh de réir an choinníll, agus
(iv) nach féidir an oibleagáid déanamh de réir an choinníll a chosaint mar ní réasúnach in imthosca uile an cháis.
(2) Amhail idir aon bheirt, is iad na forais idirdhealaitheacha (mar aon le tuairiscí na bhforas sin chun críocha an Achta seo):
(a) gur fear é duine acu agus gur bean í an duine eile (an “foras inscne”),
(b) nach ionann stádas pósta dóibh (an “foras stádais pósta”),
(c) go bhfuil stádas teaghlaigh ag duine acu agus nach bhfuil ag an duine eile nó nach ionann an stádas teaghlaigh atá ag duine amháin agus an stádas teaghlaigh atá ag an duine eile (an “foras stádais teaghlaigh”),
(d) nach ionann gnéaschlaonadh dóibh (an “foras gnéaschlaonta”),
(e) nach ionann an creideamh atá ag duine acu agus an creideamh atá ag an duine eile, nó go bhfuil creideamh ag duine acu agus nach bhfuil ag an duine eile (an “foras creidimh”),
(f) faoi réir fho-alt (3), nach ionann aois dóibh (an “foras aoise”),
(g) gur duine faoi mhíchumas duine acu agus nach amhlaidh don duine eile nó gur duine atá faoi mhíchumas eile é nó í an duine eile (an “foras míchumais”),
(h) nach ionann cine, dath, náisiúntacht nó bunadh eitneach nó náisiúnta dóibh (an “foras cine”),
(i) gur duine den Lucht Siúil duine acu agus nach amhlaidh don duine eile (an “foras Lucht Siúil”),
(j) go bhfuil duine amháin—
(i) tar éis iarratas a dhéanamh de mheon macánta ar aon chinneadh nó sásamh dá bhforáiltear i gCuid II nó III,
(ii) tar éis freastal mar fhinné os comhair an Údaráis, an Stiúrthóra nó cúirte i dtaca le haon fhiosrúchán nó imeachtaí faoin Acht seo,
(iii) tar éis fianaise a thabhairt in aon imeachtaí coiriúla faoin Acht seo,
(iv) tar éis, trí mhodhanna dleathacha, cur i gcoinne gnímh atá neamhdhleathach faoin Acht seo, nó
(v) tar éis fógra a thabhairt faoi é a bheith beartaithe aon cheann de na gníomhartha a shonraítear i bhfomhíreanna (i) go (iv) a dhéanamh,
agus nach bhfuil an duine eile tar éis déanamh amhlaidh (an “foras íospartha”).
(3) Ní mheasfar gur idirdhealú ar an bhforas aoise é má dhéileáiltear le duine nach bhfuil 18 mbliana d'aois slánaithe aige nó aici le níos lú fabhair nó le níos mó fabhair ná mar a dhéileáiltear le duine eile, is cuma cén aois atá ag an duine eile sin.
(4) Déanfaidh an tAire, tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis thosach feidhme an ailt seo, oibriú an Achta seo a athbhreithniú chun a mheasúnú an gá cur leis na forais idirdhealaitheacha a shonraítear i bhfo-alt (2).
Idirdhealú ar fhoras míchumais.
4.—(1) Chun críocha an Achta seo, folaíonn idirdhealú diúltú nó mainneachtain ag soláthraí seirbhíse gach ní réasúnach a dhéanamh chun freastal ar riachtanais duine atá faoi mhíchumas trí chóir speisialta nó trí shaoráidí speisialta a sholáthar, más rud é, d'uireasa na córa nó na saoráidí speisialta sin, nárbh fhéidir leis an duine féin nó gur rídheacair don duine féin leas a bhaint as an tseirbhís.
(2) Ní mheasfar diúltú nó mainneachtain an chóir speisialta nó na saoráidí speisialta dá dtagraíonn fo-alt (1) a sholáthar a bheith réasúnach mura dtitfeadh costas, seachas costas ainmniúil, ar sholáthraí na seirbhíse atá i gceist mar gheall ar an soláthar sin.
(3) Ní idirdhealú diúltú nó mainneachtain an chóir nó na saoráidí speisialta dá dtagraíonn fo-alt (1) a sholáthar, más rud é, de bhua forála eile den Acht seo, nárbh idirdhealú diúltú nó mainneachtain an tseirbhís atá i gceist a sholáthar don duine sin.
(4) I gcás go bhfuil duine faoi mhíchumas a d'fhéadfadh, sna himthosca, a bheith ina thrúig le dochar don duine nó do dhaoine eile, ní idirdhealú déileáil leis an duine ar bhealach éagsúil a mhéid is gá go réasúnach chun an dochar sin a chosc.
(5) Ní dochar an t-alt seo d'fhorálacha ailt 7(2)(a), 9(a) agus 15(2)(g) den Acht Oideachais, 1998, a mhéid a bhaineann siad le feidhmeanna an Aire Oideachais agus Eolaíochta, scoileanna aitheanta agus boird bhainistíochta maidir le mic léinn atá faoi mhíchumas.
(6) San alt seo—
ciallaíonn “soláthraí seirbhíse”—
(a) an duine atá ag diúscairt earraí a bhfuil feidhm ag alt 5(1) maidir leo,
(b) an duine atá freagrach as seirbhís a sholáthar a bhfuil feidhm ag alt 5(1) maidir léi,
(c) an duine atá ag diúscairt aon eastáit nó leasa in áitreabh a bhfuil feidhm ag alt 6(1)(a) maidir leis,
(d) an duine atá freagrach as soláthar cóiríochta nó aon seirbhísí nó taitneamhachtaí gaolmhara eile a bhfuil feidhm ag alt 6(1)(c) maidir leo,
(e) bunachas oideachais de réir bhrí fho-alt (1) d'alt 7 i ndáil le haon cheann de na nithe dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt sin, nó
(f) club de réir bhrí alt 8(1) maidir le ligean isteach i gcomhaltas nó le seirbhís a thairgtear dá chomhaltaí,
de réir mar a bheidh, agus déanfar “seirbhís” a fhorléiriú dá réir sin;
folaíonn “a sholáthar”, i ndáil leis an gcóir speisialta nó leis na saoráidí speisialta dá dtagraíonn fo-alt (1), socrú a dhéanamh le haghaidh na córa sin nó na saoráidí sin, nó an chóir sin nó na saoráidí sin a cheadú, agus déanfar focail ghaolmhara a fhorléiriú dá réir sin.
CUID II
Idirdhealú agus Gníomhaíochtaí Gaolmhara
Diúscairt earraí agus soláthar seirbhísí.
5.—(1) Ní dhéanfaidh duine idirdhealú maidir le diúscairt earraí don phobal i gcoitinne nó do chuid den phobal ná maidir le soláthar seirbhíse, cibé acu is ar comaoin an diúscairt nó an soláthar nó ar shlí eile agus cibé acu is féidir nó nach féidir ach le cuid den phobal leas a bhaint as an tseirbhís.
(2) Níl feidhm ag fo-alt (1)—
(a) maidir le gníomhaíocht dá dtagraítear in alt 7(2),
(b) maidir le seirbhís atá gaolmhar le ní dá bhforáiltear faoi alt 6, nó seirbhís a thairgeann club a bhfuil feidhm ag alt 8 maidir leis dá chomhaltaí,
(c) maidir le difríochtaí sa chaoi a ndéileáiltear le daoine ar an bhforas inscne i ndáil le seirbhísí de chineál aeistéitiúil, de chineál cosmaideach nó de chineál dá shamhail, i gcás go n-éilíonn na seirbhísí teagmháil fhisiceach idir an soláthraí seirbhíse agus an faighteoir,
(d) maidir le difríochtaí sa chaoi a ndéileáiltear le daoine i ndáil le blianachtaí, pinsin, polasaithe árachais nó aon nithe eile a bhaineann le measúnú a dhéanamh ar bhaol más rud é, maidir leis an déileáil—
(i) go ndéantar í faoi threoir—
(I) sonraí achtúireacha nó sonraí staidrimh a bheidh faighte ó fhoinse ar réasúnach dul ar a hiontaoibh, nó
(II) tosca iomchuí eile frithghealltanais nó tráchtála,
agus
(ii) go bhfuil sí réasúnach ag féachaint do na sonraí nó do thosca iomchuí eile,
(e) maidir le difríochtaí sa chaoi a ndéileáiltear le daoine ar an bhforas creidimh i ndáil le hearraí nó seirbhísí a sholáthraítear chun críche creidimh,
(f) maidir le difríochtaí sa chaoi a ndéileáiltear le daoine ar an bhforas inscne, aoise nó míchumais nó ar bhonn náisiúntachta nó bunaidh náisiúnta i ndáil le soláthar nó eagrú saoráide spóirt nó imeachta spóirt a mhéid atá gá go réasúnach leis na difríochtaí ag féachaint do chineál na saoráide nó an imeachta agus atá siad ábhartha i leith chuspóir na saoráide nó an imeachta,
(g) maidir le difríochtaí sa chaoi a ndéileáiltear le daoine ar an bhforas inscne i gcás gur féidir a bheith ag súil leis go réasúnach go mbeidh aiféaltas nó sárú ar phríobháideacht ina thoradh ar dhuine d'inscne eile a bheith i láthair,
(h) maidir le difríochtaí sa chaoi a ndéileáiltear le daoine in earnáil daoine maidir le seirbhísí arb é an príomhchuspóir atá lena soláthar, chun críche bona fide agus ar mhodh bona fide, leasanna speisialta daoine san earnáil sin a chur chun cinn a mhéid atá gá go réasúnach leis na difríochtaí déileála chun na leasanna speisialta sin a chur chun cinn,
(i) maidir le difríochtaí sa chaoi a ndéileáiltear le daoine ar an bhforas inscne, aoise nó míchumais nó ar an bhforas cine, a theastaíonn go réasúnach ar chúiseanna fíre, aeistéitice, traidisiúin nó nóis i dtaca le taibhiú drámaíochta nó siamsaíocht eile,
(j) maidir le ceanglas aoise i leith duine a bheith ina thuismitheoir uchtála nó altrama nó ina tuismitheoir uchtála nó altrama, i gcás go bhfuil an ceanglas réasúnach ag féachaint do riachtanais an linbh nó na leanaí lena mbaineann,
(k) maidir le diúscairt earraí le huacht nó le bronntanas, nó
(l) maidir le difríochtaí, nach bhforáiltear dóibh go sonrach ar shlí eile san alt seo, sa chaoi a ndéileáiltear le daoine maidir le diúscairt earraí, nó soláthar seirbhíse, ar féidir a mheas ina leith go réasúnach gur earraí iad nó gur seirbhís í nach n-oireann ach do riachtanais daoine áirithe.
Diúscairt áitreabh agus soláthar cóiríochta.
6.—(1) Ní dhéanfaidh duine idirdhealú le linn na nithe seo a leanas a dhéanamh—
(a) aon eastát nó leas in áitreabh a dhiúscairt,
(b) aon tionóntacht nó leas eile in áitreabh a fhoirceannadh, nó
(c) cóiríocht, nó aon seirbhísí nó taitneamhachtaí a bhaineann le cóiríocht, a sholáthar, nó scor de chóiríocht, nó d'aon seirbhísí nó taitneamhachtaí den sórt sin, a sholáthar.
(2) Níl feidhm ag fo-alt (1)—
(a) maidir le diúscairt aon eastáit nó leasa in aon áitreabh le huacht nó le bronntanas,
(b) maidir le diúscairt eastáit nó leasa den sórt sin ar shlí eile más rud é—
(i) i dtaca leis an duine atá ag déanamh na diúscartha nó duine eile a bhfuil eastát nó leas san áitreabh aige nó aici nó duine is garghaol le ceachtar acu, go mbeartaíonn sé nó sí leanúint de bheith ina chónaí nó ina cónaí, nó dul chun cónaithe sa neastodhchaí, san áitreabh nó i gcuid den áitreabh, agus
(ii) gur áitreabh beag an t-áitreabh atá i gceist,
(c) maidir le haon diúscairt eastáit nó leasa den sórt sin, nó aon soláthar cóiríochta nó aon soláthar seirbhísí nó taitneamhachtaí a bhaineann le cóiríocht, nach bhfuil ar fáil don phobal i gcoitinne nó do chuid den phobal,
(d) maidir le soláthar cóiríochta in áitreabh más rud é—
(i) i dtaca leis an duine atá ag soláthar na cóiríochta nó le duine is garghaol leis an duine sin, go mbeartaíonn sé nó sí leanúint de bheith ina chónaí nó ina cónaí, nó dul chun cónaithe sa neastodhchaí, san áitreabh nó i gcuid den áitreabh, agus
(ii) gur áitreabh beag an t-áitreabh atá i gceist,
nó
(e) maidir le soláthar cóiríochta do dhaoine d'inscne amháin i gcás gur féidir a bheith ag súil leis go réasúnach go mbeidh aiféaltas nó sárú ar phríobháideacht ina thoradh ar dhuine d'inscne eile a bheith i láthair.
(3) Aon tagairtí i bhfo-alt (2) do dhiúscairt eastáit nó leasa in áitreabh nó do sholáthar cóiríochta nó aon seirbhísí nó taitneamhachtaí a bhaineann le cóiríocht, folaíonn siad tagairtí d'fhoirceannadh aon tionóntachta nó leasa eile san áitreabh sin nó do scor de chóiríocht, seirbhísí nó taitneamhachtaí den sórt sin a sholáthar.
(4) Déileálfar le háitreabh chun críocha mhíreanna (b) agus (d) d'fho-alt (2) mar áitreabh beag más rud é—
(a) i gcás áitribh arb éard atá ann cóiríocht chónaitheach do bhreis agus teaghlach amháin, nach mbíonn cóiríocht san áitreabh go hiondúil do bhreis agus trí theaghlach, nó
(b) in aon chás eile, nach mbíonn cóiríocht chónaitheach san áitreabh go hiondúil do bhreis agus seisear i dteannta duine a luaitear sna míreanna sin agus aon daoine a chónaíonn leis an duine sin.
(5) I gcás go bhfuil aon áitreabh nó cóiríocht in áirithe le húsáid ag daoine atá in earnáil áirithe daoine chun críche creidimh nó mar dhídean, teach banaltrais, teach scoir, teach do dhaoine faoi mhíchumas nó brú do dhaoine gan chónaí nó chun críche dá samhail, ní idirdhealú, ar an gcúis sin amháin, diúltú an t-áitreabh a dhiúscairt nó an chóiríocht a sholáthar do dhuine nach bhfuil san earnáil sin.
(6) Ní dhéanfar aon ní i bhfo-alt (1) a fhorléiriú mar ní lena dtoirmisctear—
(a) ar údarás tithíochta, de bhun a fheidhmeanna faoi Achtanna na dTithe, 1966 go 1998, nó
(b) ar chomhlacht atá ceadaithe faoi alt 6 d'Acht na dTithe (Forálacha Ilghnéitheacha), 1992,
déileáil, i ndáil le cóiríocht tithíochta, ar bhealach éagsúil le daoine, bunaithe ar mhéid an teaghlaigh, stádas teaghlaigh, stádas pósta, míchumas, aois nó toisc gur den Lucht Siúil iad.
Bunachais oideachais.
7.—(1) San alt seo ciallaíonn “bunachas oideachais” seirbhís réamhscoile de réir bhrí Chuid VII den Acht um Chúram Leanaí, 1991, bunscoil nó iar-bhunscoil, foras a sholáthraíonn oideachas aosach, oideachas leanúnach nó breisoideachas, nó ollscoil nó aon fhoras tríú leibhéal nó ardleibhéil eile, cibé acu atá sé á chothú ag cistí poiblí nó nach bhfuil.
(2) Ní dhéanfaidh bunachas oideachais idirdhealú i ndáil leis na nithe seo a leanas—
(a) duine a ligean isteach sa bhunachas mar mhac léinn nó na téarmaí nó na coinníollacha a bhaineann le duine a ligean isteach sa bhunachas mar mhac léinn,
(b) rochtain mic léinn ar aon chúrsa, saoráid nó sochar a sholáthraíonn an bunachas,
(c) aon téarma nó coinníoll eile a bhaineann le páirteachas ag mac léinn sa bhunachas, nó
(d) díbirt mic léinn as an mbunachas nó aon smachtbhanna eile i gcoinne an mhic léinn.
(3) Ní dhéanann bunachas oideachais idirdhealú faoi fho-alt (2) de bhíthin amháin—
(a) i gcás nach foras oideachais tríú leibhéal an bunachas agus nach ligeann sé isteach ach mic léinn d'inscne amháin, go ndiúltaíonn sé duine nach den inscne sin a ligean isteach mar mhac léinn,
(b) i gcás gur foras an bunachas a bunaíodh chun oiliúint a sholáthar do mhinistrí creidimh agus nach ligeann sé isteach ach mic léinn d'inscne amháin nó de chreideamh amháin, go ndiúltaíonn sé duine nach den inscne sin nó den chreideamh sin a ligean isteach mar mhac léinn,
(c) i gcás gur scoil an bunachas a sholáthraíonn bunoideachas nó iar-bhunoideachas do mhic léinn agus gurb é cuspóir na scoile oideachas a sholáthar i dtimpeallacht a chuireann luachanna áirithe creidimh chun cinn, go ndéanann sé daoine de shainaicme áirithe creidimh a ligean isteach de rogha ar dhaoine eile nó go ndiúltaíonn sé duine nach den tsainaicme sin a ligean isteach mar mhac léinn agus, i gcás diúltú, go gcruthaítear go bhfuil an diúltú riachtanach chun aetas na scoile a chothú,
(d) gan dochar d'alt 3 d'Acht na nDídeanaithe, 1996, i gcás gur foras an bunachas a sholáthraíonn oideachas aosach, oideachas leanúnach nó breisoideachas nó gur ollscoil nó foras oideachais tríú leibhéal eile é—
(i) nach ionann an chóir a chuirfidh sé ar fáil—
(I) i ndáil le táillí chun daoine is náisiúnaigh de bhallstát den Aontas Eorpach agus daoine nach ea a ligean isteach nó chun go ndéanfadh daoine den sórt sin freastal air, nó
(II) i ndáil le hionaid sa bhunachas a leithroinnt ar na náisiúnaigh sin agus ar náisiúnaigh eile,
nó
(ii) go dtairgfidh sé cúnamh d'earnálacha áirithe daoine—
(I) trí urraíochtaí, scoláireachtaí, sparánachtaí nó dámhachtainí eile, ar cúnamh é atá inchosanta, ag féachaint do chúinsí traidisiúin agus staire, nó
(II) i ndáil le hionaid sa bhunachas a leithroinnt, más rud é go ndéantar an leithroinnt de bhun comhaontú a bhaineann le malartú mac léinn arna dhéanamh idir an bunachas agus foras nó údarás oideachais i ndlínse seachas an Stát,
nó
(e) i gcás gur ollscoil nó foras tríú leibhéal eile an bunachas, nach ionann an chóir a chuirfidh sé ar fáil le linn ionaid sa bhunachas a leithroinnt ar mhic léinn aibí (de réir bhrí na nAchtanna um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais), 1968 go 1992).
(4) Níl feidhm ag fo-alt (2)—
(a) maidir le difríochtaí sa chóir a chuirtear ar mhic léinn ar an bhforas inscne, aoise nó míchumais i ndáil le soláthar nó eagrú saoráidí spóirt nó imeachtaí spóirt, a mhéid atá gá go réasúnach leis na difríochtaí ag féachaint do chineál na saoráidí nó na n-imeachtaí, nó
(b) a mhéid a d'fhágfadh comhlíonadh aon cheann dá fhorálacha i ndáil le mac léinn atá faoi mhíchumas, de bhua an mhíchumais, nárbh fhéidir leis an mbunachas oideachais a sheirbhísí a sholáthar do mhic léinn eile, nó a mhéid a bheadh éifeacht thromaí chun dochair ag comhlíonadh den sórt sin ar an soláthar sin.
Clubanna idirdhealaitheacha.
8.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “deimhniú cláraitheachta”, i ndáil le club, deimhniú cláraitheachta an chlub faoi Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1999;
ciallaíonn “club” club a bhfuil iarratas déanta aige ar dheimhniú cláraitheachta nó a shealbhaíonn deimhniú cláraitheachta.
(2) Chun críocha an ailt seo—
(a) measfar gur club idirdhealaitheach club más rud é—
(i) go bhfuil aon riail, beartas nó cleachtas aige lena ndéantar idirdhealú i gcoinne comhalta nó iarratasóra ar chomhaltas, nó
(ii) go ndéanann duine atá ag gabháil do bhainistiú an chlub idirdhealú i gcoinne comhalta nó iarratasóra ar chomhaltas i ndáil le gnóthaí an chlub,
(b) gan dochar do ghinearáltacht mhír (a), aon cheann de na gníomhartha seo a leanas, má dhéanann club nó duine atá ag gabháil do bhainistiú an chlub é ar aon fhoras de na forais idirdhealaitheacha, beidh sé ina fhianaise gur club idirdhealaitheach an club:
(i) diúltú duine a ligean isteach ina chomhaltas;
(ii) téarmaí agus coinníollacha éagsúla comhaltais a sholáthar do chomhaltaí nó d'iarratasóirí ar chomhaltas;
(iii) comhaltas duine a fhoirceannadh nó comhalta a chur faoi aon smachtbhanna eile; nó
(iv) diúltú nó mainneachtain, de shárú ar alt 4(1), gach ní atá réasúnach a dhéanamh chun freastal ar riachtanais comhalta, nó iarratasóra ar chomhaltas, atá faoi mhíchumas.
(3) Féadfaidh aon duine, lena n-áirítear an tÚdarás (dá ngairtear “an t-iarratasóir” san alt seo), ar iarratas chuig an gCúirt Dúiche (dá ngairtear “an Chúirt” san alt seo), a iarraidh ar an gCúirt cinneadh a dhéanamh i dtaobh an club idirdhealaitheach club.
(4) Féadfaidh an Chúirt iarratas a dhíbhe má fhaightear amach gur de mheon mímhacánta a tugadh é nó go bhfuil sé suaibhreosach nó cráiteach nó go mbaineann sé le ní fánach.
(5) Déanfaidh an t-iarratasóir cóip den iarratas a sheirbheáil, le seirbheáil phearsanta nó leis an bpost, ar an gclub agus ar cibé comhaltaí, oifigigh agus fostaithe den chlub (más ann) agus ar cibé daoine eile (más ann) a ordóidh an Chúirt le hordú agus breithneoidh an Chúirt an t-iarratas, agus tabharfaidh sí deis réasúnach don iarratasóir, don chlub agus d'aon chomhaltaí, oifigigh, fostaithe agus daoine eile den sórt sin uiríll a dhéanamh.
(6) Tar éis di na huiríll a bhreithniú—
(a) déanfaidh an Chúirt ordú i scríbhinn ina leagfar amach a cinneadh i dtaobh an club idirdhealaitheach an club nó nach ea, agus
(b) cuirfidh an Chúirt faoi deara cóip den ordú a tharchur chuig an Aire.
(7) (a) I gcás—
(i) go ndéanfaidh an Chúirt ordú faoi fho-alt (6)(a) ina leagfar amach a cinneadh gur club idirdhealaitheach club, agus
(ii) gurb é an t-ordú an chéad ordú den sórt sin i ndáil leis an gclub,
áireoidh an Chúirt san ordú foráil lena bhfionraítear deimhniú cláraitheachta an chlub go ceann tréimhse nach faide ná 30 lá.
(b) I gcás go ndéanfaidh an Chúirt aon ordú den sórt sin ina dhiaidh sin, beidh feidhm ag alt 10 agus beidh éifeacht le halt 10 i ndáil leis.
(8) (a) Féadfaidh an t-iarratasóir, an club nó aon duine eile eile ar ar seirbheáladh cóip den iarratas faoi fho-alt (3), laistigh de 42 lá tar éis an ordaithe, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda i gcoinne an ordaithe nó forála den ordú lena bhfionraítear an deimhniú cláraitheachta.
(b) Ar achomharc i gcoinne an ordaithe féadfaidh an Chúirt Chuarda le hordú—
(i) i gcás go mbeidh an Chúirt Dúiche tar éis a chinneadh nach club idirdhealaitheach an club—
(I) an t-ordú a dhaingniú, nó
(II) an t-achomharc a cheadú, cinneadh a dhéanamh gur club idirdhealaitheach an club agus, más é an cinneadh an chéad chinneadh den sórt sin i ndáil leis an gclub, deimhniú cláraitheachta an chlub a fhionraí go ceann tréimhse nach faide ná 30 lá,
(ii) in aon chás eile—
(I) an t-ordú a dhaingniú,
(II) más rud é go bhfuil foráil lena bhfionraítear an deimhniú cláraitheachta ar áireamh san ordú, cinneadh na Cúirte Dúiche a dhaingniú ach an tréimhse fionraí a athrú, nó
(III) an t-achomharc a cheadú.
(c) Ar achomharc nach bhfuil ach i gcoinne forála den ordú lena bhfionraítear an deimhniú cláraitheachta, féadfaidh an Chúirt Chuarda le hordú an tréimhse fionraí a athrú.
(d) Cuirfidh an Chúirt Chuarda faoi deara cóip dá hordú a chur chuig an Aire.
(9) Tosóidh tréimhse fionraí deimhniú cláraitheachta dá bhforáiltear in ordú faoi fho-alt (6)(a)—
(a) mura ndéanfar achomharc ar bith i gcoinne an ordaithe nó na tréimhse fionraí, ar an 50ú lá tar éis an t-ordú a dhéanamh, nó
(b) má dhéantar achomharc den sórt sin agus má dhaingnítear an t-ordú, nó má dhéantar an tréimhse fionraí a dhaingniú nó a athrú, ar an 50ú lá tar éis an t-ordú a dhéanamh ar an achomharc,
agus críochnóidh sí—
(i) mura ndéanfar achomharc ar bith i gcoinne an ordaithe nó na tréimhse fionraí, ag deireadh na tréimhse fionraí dá bhforáiltear san ordú,
(ii) má dhéantar achomharc den sórt sin agus má dhaingnítear an t-ordú nó an tréimhse fionraí, ag deireadh na tréimhse fionraí dá bhforáiltear amhlaidh, nó
(iii) má athraítear an tréimhse fionraí ar achomharc, ag deireadh na tréimhse arna hathrú amhlaidh.
(10) I gcás nach dtionscnófar achomharc i gcoinne ordú faoi fho-alt (6)(a) (seachas ordú dá dtagraítear i bhfo-alt (7)(a)), tiocfaidh an t-ordú in éifeacht ar an 50ú lá tar éis é a dhéanamh.
(11) Aon ordú faoin alt seo lena bhfionraítear deimhniú cláraitheachta club, beidh éifeacht leis, le linn dó a bheith i bhfeidhm, chun críocha Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1999, amhail is nár deonaíodh deimhniú ar bith faoi na hAchtanna sin i leith an chlub don tréimhse fionraí.
(12) Maidir le haon fhostaí atá ag obair i gclub i rith aon tréimhse fionraí i leith dheimhniú cláraitheachta an chlub, ní bheidh sé nó sí faoi mhíbhuntáiste mar gheall ar an bhfionraí ina fhostaíocht nó ina fostaíocht i rith na tréimhse sin.
(13) Chun críocha fho-alt (12) ciallaíonn “fostaí” aon duine a oibríonn faoi chonradh fostaíochta le fostóir nó is fostaí páirtaimseartha rialta mar a mhínítear in alt 1 den Acht um Chosaint Oibrithe (Fostaithe Páirtaimseartha Rialta), 1991.
(14) Cuirfidh an tAire faoi deara sonraí d'ordú faoi fho-alt (6)(a) agus sonraí aon ordaithe a bheidh déanta ag an gCúirt Chuarda ar achomharc a fhoilsiú nó a chur ar fáil i cibé foirm agus modh is cuí leis an Aire sna himthosca—
(a) tar éis 50 lá a bheith caite ón tráth a ndéanfar an t-ordú faoi fho-alt (6)(a), nó
(b) má bhíonn achomharc déanta i gcoinne an ordaithe, tar éis an t-achomharc a bheith cinnte go críochnaitheach.
(15) Aon chlub a gcinnfidh an Chúirt Dúiche faoin alt seo gur club idirdhealaitheach é, féadfaidh sé, aon tráth, ar iarratas chuig an gCúirt sin, a iarraidh go ndéanfadh sí cinneadh i dtaobh an leanann an club de bheith ina chlub idirdhealaitheach agus, i gcás go ndéanfar iarratas, beidh feidhm ag forálacha an ailt seo ar an modh céanna agus go feadh an mhéid chéanna a bheadh feidhm leo dá mbeadh an t-iarratas déanta faoi fho-alt (3), ach amháin go seirbheálfaidh an club cóip den iarratas, mura n-ordóidh an Chúirt a mhalairt, le seirbheáil phearsanta nó leis an bpost, ar an duine arbh é nó í an t-iarratasóir bunaidh, más féidir, agus ar cibé daoine eile a ordóidh an Chúirt le hordú.
Clubanna neamhidirdhealaitheacha.
9.—(1) Chun críocha alt 8, ní mheasfar gur club idirdhealaitheach club de bhíthin amháin—
(a) más é an príomhchuspóir atá leis gan freastal ach do riachtanais—
(i) daoine d'inscne, stádas pósta, stádas teaghlaigh, gnéaschlaonadh, creideamh, aois, míchumas, náisiúntacht nó bunadh eitneach nó náisiúnta áirithe,
(ii) daoine den Lucht Siúil, nó
(iii) daoine nach bhfuil creideamh ar bith acu,
go ndiúltaíonn sé comhaltas do dhaoine eile,
(b) nach dtugann sé rochtain ar shochar nó pribhléid comhaltais ach do chomhaltaí atá laistigh d'earnáil inscne nó aoise áirithe, más rud é—
(i) nach bhfuil sé indéanta go dteachtfadh comhaltaí atá lasmuigh den earnáil an sochar nó an phribhléid i gcomhthráth le comhaltaí atá laistigh den earnáil, agus
(ii) go bhfuil socruithe déanta ag an gclub lena dtairgtear an sochar céanna nó an phribhléid chéanna nó sochar nó pribhléid atá coibhéiseach go réasúnach do chomhaltaí atá laistigh den earnáil agus do chomhaltaí atá lasmuigh den earnáil araon,
(c) go bhfuil cineálacha éagsúla comhaltais aige, agus nach bhfuil rochtain orthu bunaithe ar fhoras idirdhealaitheach ar bith,
(d) chun éifeacht aon rialach nó cleachtais de chuid an chlub a laghdú nó deireadh a chur léi (cibé acu a glacadh léi nó leis roimh thosach feidhme an ailt seo nó dá éis) lena ndéantar gan rochtain ar chineálacha áirithe comhaltais a thabhairt ach do dhaoine d'inscne áirithe go dtairgeann sé rátaí, táillí nó socruithe comhaltais lamháltais do dhaoine a bhí nó atá faoi mhíbhuntáiste le haon riail nó cleachtas den sórt sin, nó
(e) nach ionann an chóir a chuirfidh sé ar fáil do chomhaltaí in earnáil inscne, aoise, míchumais, náisiúntachta nó bunaidh eitnigh nó náisiúnta áirithe i ndáil le saoráidí nó imeachtaí spóirt agus go mbeidh an chóir nach ionann ábhartha maidir le cuspóir na saoráidí nó na n-imeachtaí agus go mbeidh gá léi go réasúnach.
(2) Chun críocha alt 8, ní mheasfar gur club idirdhealaitheach club de bhíthin amháin—
(a) go bhfuil ionad nó ionaid in áirithe ar a bhord nó ar a choiste bainistíochta do dhaoine is comhaltaí d'earnáil áirithe, agus gurb é an príomhchuspóir atá leis sin comhionannas a chur chun cinn, nó
(b) go ndéanann sé bearta eile arb é an príomhchuspóir atá leo páirteachas níos cothroime ag daoine is comhaltaí d'earnáil áirithe a thabhairt i gcrích i gcúrsaí an chlub.
Socrú breise i ndáil le clubanna idirdhealaitheacha.
10.—(1) D'ainneoin aon ní in Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1999—
(a) faoi réir mhír (b), fad a fhanfaidh in éifeacht ordú faoi alt 8 lena gcinntear gur club idirdhealaitheach club, ní dhéanfar deimhniú cláraitheachta ar bith faoi na hAchtanna sin a dheonú don chlub ná a athnuachan chun sochair an chlub, nó
(b) i gcás go mbeidh ordú faoi alt 8 déanta á chinneadh gur club idirdhealaitheach club agus go bhfuil iarratas faoi fho-alt (15) den alt sin i leith an chlub ar feitheamh, féadfar deimhniú cláraitheachta an chlub faoi na hAchtanna sin a athnuachan de réir na nAchtanna sin ach scoirfidh sé de bheith i bhfeidhm—
(i) ag deireadh bliana amháin tar éis dháta na hathnuachana, mura mbeidh cinneadh ar bith faoi alt 8 déanta laistigh den tréimhse sin i leith an chlub, nó
(ii) dáta cinnidh faoi alt 8 nach bhfuil an club tar éis scor de bheith ina chlub idirdhealaitheach,
cibé acu is túisce a tharlóidh.
(2) San alt seo, ní fholaíonn “ordú faoi alt 8” ordú faoin alt sin lena bhforáiltear d'fhionraí dheimhniú cláraitheachta an chlub lena mbaineann faoi Achtanna Clárú na gClubanna, 1904 go 1999.
Gnéaschiapadh agus ciapadh eile.
11.—(1) Ní dhéanfaidh duine duine eile (“an t-íospartach”) a ghnéaschiapadh ná a chiapadh (de réir bhrí fho-alt (4) nó (5)) más rud é, maidir leis an íospartach—
(a) go mbaineann sé féin nó sí féin leas, nó go bhféachann sé féin nó sí féin le leas a bhaint, as aon seirbhís a sholáthraíonn an duine nó go gceannaíonn sé nó sí aon earraí atá á ndiúscairt ag an duine, nó go bhféachann sé nó sí le haon earraí den sórt sin a cheannach,
(b) gurb é nó í an faighteoir beartaithe nó iarbhír ón duine ar aon áitreabh nó aon chóiríocht nó seirbhísí nó taitneamhachtaí a bhaineann le cóiríocht, nó
(c) gur mac léinn é nó í in aon bhunachas oideachais (de réir bhrí alt 7) ina bhfuil post údaráis ag an duine, go bhfuil iarratas déanta aige nó aici ar é nó í a ligean isteach i mbunachas oideachais den sórt sin, nó go mbaineann sé féin nó sí féin leas, nó go bhféachann sé féin nó sí féin le leas a bhaint, as aon seirbhís a thairgeann bunachas oideachais den sórt sin.
(2) Aon duine (“an duine freagrach”) atá freagrach as oibriú aon áite is bunachas oideachas nó ina dtairgtear earraí, seirbhísí nó saoráidí cóiríochta don phobal, ní cheadóidh sé nó sí do dhuine eile a bhfuil de cheart aige nó aici a bheith i láthair san áit nó leas a bhaint as aon saoráidí, earraí nó seirbhísí a sholáthraítear san áit sin, gnéaschiapadh ná ciapadh a fhulaingt san áit sin.
(3) Is cosaint é don duine freagrach a chruthú gur ghlac sé nó sí cibé bearta is indéanta go réasúnach chun cosc roimh ré a chur le gnéaschiapadh nó ciapadh, de réir mar a bheidh, an duine eile dá dtagraítear i bhfo-alt (2) nó earnála daoine dar di an duine eile sin.
(4) Tarlaíonn gnéaschiapadh i gcás go ndéanann duine—
(a) duine eile (“an t-íospartach”) a chur faoi réir gnímh dlúthchaidrimh fhisicigh,
(b) fabhair ghnéis a iarraidh ar an íospartach, nó
(c) an t-íospartach a chur faoi réir aon ghnímh nó iompair lena ngabhann seach-chialla gnéis lena n-áirítear focail labhartha, gothaí nó táirgeadh, taispeáint nó scaipeadh focal scríofa, pictiúr nó ábhair eile,
más rud é—
(i) gur gníomh, iarraidh nó iompar atá ann nach bhfáiltíonn an t-íospartach roimhe nó roimpi agus go bhféadfaí le réasún a mheas gur ábhar coil, uiríslithe nó imeaglaithe é nó í dó nó di, nó
(ii) go ndéileáiltear ar bhealach éagsúil leis an íospartach, nó go bhféadfaí le réasún coinne a bheith leis go ndéileálfaí amhlaidh leis an íospartach, de bhrí go ndiúltaíonn sé nó sí nó go ngéilleann sé nó sí, de réir mar a bheidh, don ghníomh, don iarraidh nó don iompar.
(5) Tarlaíonn ciapadh nuair a chuireann duine duine eile (“an t-íospartach”) faoi réir aon ghnímh, iarrata nó iompair, lena n-áirítear focail labhartha, gothaí nó táirgeadh, taispeáint nó scaipeadh focal scríofa, pictiúr nó ábhair eile, nach bhfáiltítear roimhe nó roimpi agus atá, i leith an íospartaigh, bunaithe ar aon fhoras idirdhealaitheach agus a bhféadfaí le réasún a mheas gur ábhar coil, uiríslithe nó imeaglaithe é dó nó di.
Fógraíocht thoirmiscthe.
12.—(1) Ní fhoilseoidh ná ní thaispeánfaidh duine, ná ní chuirfidh sé nó sí faoi deara go bhfoilseofar nó go dtaispeánfar, fógrán a chuirfidh in iúl go mbeartaítear gabháil d'iompar toirmiscthe nó a bhféadfaí le réasún a thuiscint uaidh go bhfuil sin beartaithe.
(2) Aon duine a dhéanann ráiteas is eol don duine a bheith bréagach d'fhonn foilsiú nó taispeáint a áirithiú de shárú ar fho-alt (1), beidh sé nó sí, ar an bhfoilsiú nó an taispeáint a dhéanamh, ciontach i gcion.
(3) I bhfo-alt (1), folaíonn “fógrán” gach foirm fógráin, cibé acu is don phobal é nó nach ea agus cibé acu i nuachtán nó i bhfoilseachán eile, ar an teilifís nó ar an raidió nó trí fhógra a thaispeáint nó ar aon mhodh eile dó, agus forléireofar dá réir sin tagairtí d'fhógráin a fhoilsiú nó a thaispeáint.
Iompar toirmiscthe a thabhairt chun críche.
13.—(1) Ní dhéanfaidh duine duine eile a aslú ná ní dhéanfaidh sé nó sí iarracht duine eile a aslú chun gabháil d'iompar toirmiscthe.
(2) Aon duine a sháróidh fo-alt (1) beidh sé nó sí ciontach i gcion.
Bearta nó gníomhaíochtaí áirithe gan a bheith toirmiscthe.
14.—Ní fhorléireofar aon ní san Acht seo mar ní a thoirmisceann—
(a) déanamh aon ghnímh a cheanglaítear—
(i) le haon achtachán nó ordú cúirte nó faoi aon achtachán nó ordú cúirte,
(ii) le haon ionstraim arna déanamh nó beart arna ghlacadh ag an Aontas Eorpach, ag na Comhphobail Eorpacha nó institiúidí dá gcuid nó ag comhlachtaí atá inniúil faoi na Conarthaí ag bunú na gComhphobal Eorpach nó faoi aon ionstraim nó beart den sórt sin, nó
(iii) le haon choinbhinsiún nó ionstraim eile lena bhforchuirtear oibleagáid idirnáisiúnta ar an Stát nó faoin gcéanna,
nó
(b) cóir fhabhrach nó déanamh beart dearfach a bhfuil sé beartaithe ar bhonn bona fide ina leith—
(i) comhionannas deiseanna a chur chun cinn do dhaoine atá, i ndáil le daoine eile, faoi mhíbhuntáiste nó nach raibh in ann nó nach dóigh dóibh a bheith in ann leas a bhaint as na deiseanna céanna a raibh nó a mbeidh na daoine eile sin in ann leas a bhaint astu, nó
(ii) freastal do riachtanais speisialta daoine, nó earnála daoine, a mbeidh de dhíth orthu, mar gheall ar a n-imthosca, saoráidí, socruithe, seirbhísí nó cúnamh nach bhfuil de dhíth ar dhaoine nach bhfuil na riachtanais speisialta sin acu.
Gníomhaíochtaí áirithe gan a bheith ina n-idirdhealú.
15.—(1) Ar mhaithe le breis cinnteachta, ní fhorléireofar aon ní san Acht seo lena dtoirmisctear idirdhealú mar ní lena gceanglaítear ar dhuine earraí nó áitreabh a dhiúscairt, nó seirbhísí nó cóiríocht, nó seirbhísí agus taitneamhachtaí a bhaineann le cóiríocht, a sholáthar do dhuine eile (“an custaiméir”) in imthosca lena dtabharfaí ar phearsa aonair réasúnach a mbeadh freagracht, eolas agus taithí an duine aige nó aici a chreidiúint, ar fhorais seachas forais idirdhealaitheacha, go mbeadh ann, de bharr diúscairt na n-earraí nó an áitribh nó soláthar na seirbhísí nó na cóiríochta nó na seirbhísí agus na dtaitneamhachtaí a bhaineann le cóiríocht, de réir mar a bheidh, don chustaiméir, baol mór iompair nó iompraíochta atá coiriúil nó easordúil nó baol mór go ndéanfaí damáiste do mhaoin san áit a lorgaítear na hearraí nó na seirbhísí nó san áit a bhfuil an t-áitreabh nó an chóiríocht nó i gcomharsanacht na háite sin.
(2) Aon ghníomh a dhéanfar de mheon macánta ag sealbhóir ceadúnais nó údaraithe eile lena gceadaítear deoch mheisciúil a dhíol nó thar ceann sealbhóra den sórt sin, d'aon toisc chun a chinntiú go ndéanfar de réir fhorálacha na nAchtanna Ceadúnúcháin, 1833 go 1999, ní idirdhealú é.
Gníomhaíochtaí neamhidirdhealaitheacha eile.
16.—(1) Maidir le táille, muirear nó ráta fabhrach réasúnach a fhorchur nó a choimeád i leith aon ní a thairgtear nó a sholáthraítear do dhaoine mar aon lena leanaí, do lánúineacha pósta, do dhaoine in aoisghrúpa sonrach nó do dhaoine atá faoi mhíchumas nó i leith daoine nó lánúineacha den sórt sin—
(a) ní idirdhealú é chun críocha alt 5 nó 6, nó
(b) ní riail, beartas ná cleachtas idirdhealaitheach é chun críocha alt 8(2)(a).
(2) Ní idirdhealú déileáil ar bhealach éagsúil le duine más rud é, maidir leis an duine—
(a) nach ndéileáiltear amhlaidh leis nó léi ach amháin i bhfeidhmiú breithiúnais chliniciúil i dtaca le tinneas a fháthmheas nó lena chóireáil mhíochaine nó lena cóireáil mhíochaine, nó
(b) go bhfuil sé nó sí neamhinniúil ar chonradh infhorfheidhmithe a dhéanamh nó ar thoiliú feasach a thabhairt agus, ar an ábhar sin, go bhfuil an déileáil réasúnach sa chás áirithe.
Rialacháin a bhaineann le trealmhú feithiclí.
17.—(1) Féadfaidh an tAire, le comhaontú an Aire Fiontar Poiblí, rialacháin a dhéanamh lena gceanglófar go mbeidh feithiclí nua paisinéirí bóthair nó iarnróid—
(a) a ndéanann oibritheoir bóthar-sheirbhíse do phaisinéirí nó oibritheoir iarnród-seirbhíse do phaisinéirí iad a cheannach nó a léasú, agus
(b) atá le húsáid chun críocha ceachtar seirbhíse acu sin,
trealmhaithe le go mbeidh siad inrochtana go réidh agus inúsáidte ag daoine atá faoi mhíchumas.
(2) Ní bheidh feidhm ag rialacháin faoi fho-alt (1) maidir le hoibritheoir a bhfuil a phríomháit ghnó nó a príomháit ghnó lasmuigh den Stát.
(3) Féadfaidh feidhm ghinearálta a bheith le rialacháin faoi fho-alt (1) nó féadfar iad a dhéanamh i leith aon earnála oibritheora nó feithicle agus féadfar na nithe seo a leanas a shonrú leo—
(a) líon nó coibhneas feithiclí oibritheora, nó aon earnála díobh, a bhfuil feidhm ag na rialacháin maidir leo,
(b) an tráth a thiocfaidh na rialacháin in éifeacht i leith feithiclí oibritheora nó aon earnála díobh, agus
(c) na téarmaí agus na coinníollacha a mbeidh oibritheoir faoina réir chun go bhfaighidh an tAire amach an bhfuil an t-oibritheoir ag déanamh de réir na rialachán.
(4) I bhfo-alt (1) ciallaíonn “oibritheoir bóthar-sheirbhíse do phaisinéirí” oibritheoir bóthar-sheirbhíse do phaisinéirí de réir bhrí alt 2 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1932, arna leasú le halt 66 den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1933, lena n-áirítear oibritheoir atá, de bhua an Achta Iompair, 1958, díolmhaithe ón gceanglas ceadúnas paisinéirí a shealbhú faoin Acht céadluaite.
Rialacháin a bhaineann le trealmhú stáisiún.
18.—(1) Féadfaidh an tAire, le comhaontú an Aire Fiontar Poiblí, rialacháin a dhéanamh lena gceanglófar ar oibritheoirí stáisiún bus agus stáisiún iarnróid saoráidí a sholáthar ag na stáisiúin sin ionas go mbeidh siad inrochtana go réidh agus inúsáidte ag daoine atá faoi mhíchumas.
(2) I bhfo-alt (1) ní fholaíonn “stáisiúin” aon áitreabh ag na stáisiúin sin nach n-úsáideann paisinéirí bus nó iarnróid de ghnáth.
(3) Féadfaidh feidhm ghinearálta a bheith le rialacháin faoin alt seo nó féadfar iad a dhéanamh i leith aon earnála oibritheora nó stáisiúin agus féadfar na nithe seo a leanas a shonrú leo—
(a) stáisiúin bhus nó iarnróid oibritheora, nó líon nó coibhneas stáisiún oibritheora nó aon earnála díobh, a bhfuil feidhm ag na rialacháin maidir leo,
(b) an tráth a thiocfaidh na rialacháin in éifeacht i leith stáisiún nó earnála stáisiún oibritheora, agus
(c) na téarmaí agus na coinníollacha a mbeidh oibritheoir faoina réir chun go bhfaighidh an tAire amach an bhfuil an t-oibritheoir ag déanamh de réir na rialachán.
Fánáin colbha, etc., a sholáthar.
19.—Más rud é go ndéanfaidh údarás bóithre, de réir bhrí alt 2 d'Acht na mBóithre, 1993, aon chosán poiblí nó aon phábháil phoiblí eile a fhoirgniú nó a athrú, nó go dtoileoidh sé aon chosán poiblí nó aon phábháil phoiblí eile a fhoirgniú nó a athrú, déanfaidh sé, chun soghluaisteacht daoine atá faoi mhíchumas a éascú, fánáin, colbhaí cuasacha nó claontáin eile a sholáthar, nó a cheangal go ndéanfar iad a sholáthar, ag áiteanna cuí ag aon trasrian coisithe nó crosbhealach a úsáideann coisithe sa chuid sin den chosán nó den phábháil arna foirgniú nó arna hathrú amhlaidh nó i gcomharsanacht an trasriain nó an chrosbhealaigh sin.
CUID III
Forfheidhmiú
Mínithe.
20.—Sa Chuid seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—
ciallaíonn “gearánach” duine dá dtagraítear in alt 21 (1);
déanfar “oifigeach idirghabhála comhionannais” agus “oifigeach comhionannais” a fhorléiriú de réir Chuid VII den Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1998;
ciallaíonn “freagróir” duine a líomhnaíonn gearánach ina leith i gcás faoi alt 21(1) gur ghabh sé nó sí d'iompar toirmiscthe.
Sásamh i leith iompair thoirmiscthe.
21.—(1) Aon duine a éilíonn go raibh iompar toirmiscthe dírithe ina choinne nó ina coinne, féadfaidh sé nó sí, faoi réir an ailt seo, sásamh a lorg tríd an gcás a tharchur chuig an Stiúrthóir.
(2) Sula lorgóidh an gearánach sásamh faoin alt seo—
(a) déanfaidh sé nó sí, laistigh de 2 mhí tar éis an dáta a líomhnaítear gur tharla an t-iompar toirmiscthe, nó, más rud é go líomhnaítear gur tharla níos mó ná teagmhas amháin d'iompar toirmiscthe, laistigh de 2 mhí tar éis an teagmhais dheireanaigh den sórt sin, fógra a thabhairt don fhreagróir i scríbhinn—
(i) i dtaobh chineál na líomhna,
(ii) i dtaobh é a bheith ar intinn ag an ngearánach, mura bhfuil sé nó sí sásta le freagra an fhreagróra ar an líomhain, sásamh a lorg tríd an gcás a tharchur chuig an Stiúrthóir,
agus
(b) féadfaidh sé nó sí san fhógra sin, d'fhonn cuidiú leis an ngearánach le linn dó nó di a chinneadh an dtarchuirfidh sé nó sí an cás chuig an Stiúrthóir, ceisteanna i scríbhinn a chur ar an bhfreagróir d'fhonn faisnéis ábhartha a fháil agus féadfaidh an freagróir, más mian leis an bhfreagróir, aon cheisteanna den sórt sin a fhreagairt.
(3) Más rud é, ar iarratas ón ngearánach, gur deimhin leis an Stiúrthóir—
(a) nárbh fhéidir, de bharr imthosca eisceachtúla, leis an ngearánach fógra a thabhairt don fhreagróir de réir fho-alt (2), agus
(b) go bhfuil sé cóir agus cothromasach, ag féachaint do chineál an iompair líomhnaithe agus d'aon imthosca iomchuí eile, gur chóir an tréimhse chun dhéanamh amhlaidh a shíneadh thar an tréimhse 2 mhí dá bhforáiltear san fho-alt sin,
féadfaidh an Stiúrthóir a ordú, i ndáil leis an gcás sin, go mbeidh éifeacht le fo-alt (2) amhail is dá ndéanfaí tagairt do cibé tréimhse nach faide ná 4 mhí a bheidh sonraithe san ordachán a chur in ionad na tagartha do 2 mhí ansin; agus i gcás go dtabharfar ordachán den sórt sin, beidh éifeacht leis an gCuid seo dá réir sin.
(4) Ní dhéanfaidh an Stiúrthóir cás a imscrúdú mura deimhin leis nó léi gur fhreagair an freagróir an fógra nó go bhfuil mí amháin ar a laghad caite tar éis é a chur chuig an bhfreagróir.
(5) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, an fhoirm atá le húsáid ag gearánach agus ag freagróir chun críocha fho-alt (2) a fhorordú.
(6) Faoi réir fho-alt (7), ní fhéadfar éileamh ar shásamh maidir le hiompar toirmiscthe a tharchur faoin alt seo i ndiaidh dheireadh na tréimhse 6 mhí ón dáta ar tharla nó, de réir mar a bheidh, ón dáta is déanaí ar tharla an t-iompar toirmiscthe lena mbaineann an cás.
(7) Más rud é, ar iarratas arna dhéanamh ag an ngearánach, gur deimhin leis an Stiúrthóir nárbh fhéidir, de dheasca imthosca eisceachtúla, cás an ghearánaigh a tharchur laistigh den teorainn ama a shonraítear i bhfo-alt (6)—
(a) féadfaidh an Stiúrthóir a ordú, i ndáil leis an gcás sin, go mbeidh éifeacht le fo-alt (6) amhail is dá ndéanfaí tagairt do cibé tréimhse nach faide ná 12 mhí a bheidh sonraithe san ordachán a chur in ionad na tagartha do thréimhse 6 mhí, agus
(b) i gcás go dtabharfar ordachán den sórt sin, beidh éifeacht leis an gCuid seo dá réir sin.
(8) Is faisnéis ábhartha faisnéis chun críocha an ailt seo más é atá inti—
(a) faisnéis maidir leis na cúiseanna atá ag an bhfreagróir le haon ghníomh iomchuí a dhéanamh nó a fhágáil gan déanamh agus maidir le haon chleachtais nó nósanna imeachta atá ábhartha maidir le haon ghníomh den sórt sin,
(b) faisnéis, seachas faisnéis faoi rún, maidir leis an gcaoi a ndéileáiltear le daoine eile atá, i ndáil leis an bhfreagróir, sa chás céanna leis an ngearánach nó i gcás dá shamhail, nó
(c) faisnéis eile nach faisnéis faoi rún agus a bhfuil sé réasúnach, in imthosca an cháis atá i gceist, go n-éileodh an gearánach í.
(9) I bhfo-alt (8) ciallaíonn “faisnéis faoi rún” aon fhaisnéis a bhaineann le pearsa aonair áirithe, ar féidir í a aithint mar fhaisnéis a bhaineann leis an bpearsa aonair sin agus nach n-aontaíonn an phearsa aonair sin lena nochtadh.
(10) Ní dochar an t-alt seo d'fhorálacha eile an Achta seo a bhaineann le faisnéis a fháil.
Éilimh a dhíbhe.
22.—Féadfaidh an Stiúrthóir éileamh a dhíbhe ag céim ar bith san imscrúdú má tá sé nó sí den tuairim gur de mheon mímhacánta a rinneadh an t-éileamh nó gur éileamh suaibhreosach nó cráiteach atá ann nó go mbaineann sé le ní fánach.
Nithe áirithe a tharchur chuig an Stiúrthóir.
23.—(1) I gás gur dealraitheach don Údarás—
(a) maidir le hiompar toirmiscthe—
(i) go bhfuil sé á dhíriú i gcoitinne i gcoinne daoine, nó
(ii) go raibh sé á dhíriú i gcoinne duine nach ndearna éileamh faoi alt 21(1) i leith an iompair thoirmiscthe agus nach bhfuil sé réasúnach a bheith ag súil go ndéanfaidh an duine amhlaidh,
nó
(b) go bhfuil alt 12(1) nó 19, nó rialacháin arna ndéanamh faoi alt 17 nó 18, sáraithe nó á sárú ag duine,
féadfaidh an tÚdarás an ní a tharchur chuig an Stiúrthóir.
(2) I gcás go ndéanfar ní a tharchur chuig an Stiúrthóir faoi fho-alt (1), déileálfar leis sa tslí chéanna agus go feadh an mhéid chéanna amhail is—
(a) dá mba éileamh arna tharchur chuig an Stiúrthóir faoi alt 21(1) a bhí ann,
(b) dá mba é an tÚdarás an gearánach agus dá mba é an duine a líomhnaítear gur ghabh sé nó sí don iompar toirmiscthe nó go ndearna sé nó sí an sárú dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b), de réir mar a bheidh, an freagróir, agus
(c) i gcás go bhfuil sárú dá dtagraítear i bhfo-alt (1)(b) i gceist leis an ní, dá mba iompar toirmiscthe an sárú.
(3) Más rud é, ar iarratas chun na hArd-Chúirte nó na Cúirte Cuarda, go sásaíonn an tUdarás an Chúirt go bhfuil cinneadh déanta ag an Stiúrthóir, de bhun alt 25(4)—
(a) gur ghabh duine d'iompar toirmiscthe, nó
(b) gur sháraigh duine alt 12(1) nó 19, nó rialacháin arna ndéanamh faoi alt 17 nó 18,
agus gur dóigh go dtarlóidh an t-iompar toirmiscthe arís nó go ndéanfaidh an duine sárú breise, féadfaidh an Chúirt urghaire nó cibé faoiseamh eile a mheasfaidh an Chúirt is gá a dheonú chun an tarlú nó an sárú breise sin a chosc.
Idirghabháil.
24.—(1) Faoi réir fho-alt (2), más rud é, tráth ar bith tar éis cás a bheith tarchurtha chuig an Stiúrthóir faoi alt 21, gur dealraitheach don Stiúrthóir gur cás é a d'fhéadfaí a réiteach trí idirghabháil, déanfaidh an Stiúrthóir an cás a tharchur chuig oifigeach idirghabhála comhionannais le haghaidh idirghabhála.
(2) Más rud é go gcuireann an gearánach nó an freagróir in aghaidh déileáil le cás trí idirghabháil, ní dhéanfaidh an Stiúrthóir a chumhachtaí nó a cumhachtaí faoin alt seo a fheidhmiú ach déileálfaidh sé nó sí leis an gcás faoi alt 25.
(3) Is go príobháideach a sheolfar idirghabháil.
(4) I gcás go ndéanfar cás arna tharchur faoi alt 21 a réiteach trí idirghabháil—
(a) ullmhóidh an t-oifigeach idirghabhála comhionannais lena mbaineann taifead i scríbhinn de théarmaí na socraíochta,
(b) síneoidh an gearánach agus an freagróir an taifead i scríbhinn de théarmaí na socraíochta,
(c) déanfaidh an t-oifigeach idirghabhála comhionannais cóip den taifead i scríbhinn, arna shíniú amhlaidh, a chur chuig an ngearánach agus chuig an bhfreagróir, agus
(d) coimeádfaidh an Stiúrthóir cóip den taifead i scríbhinn.
(5) Más rud é, tar éis cás a bheith tarchurtha chuig oifigeach idirghabhála comhionannais, gur dealraitheach don oifigeach idirghabhála comhionannais nach féidir an cás a réiteach trí idirghabháil, déanfaidh an t-oifigeach sin fógra á rá sin a eisiúint chuig an ngearánach agus chuig an bhfreagróir.
(6) Más rud é—
(a) gur eisíodh fógra faoi fho-alt (5) i leith cáis,
(b) laistigh de 28 lá ó eisiúint an fhógra sin, go ndéanfaidh an gearánach iarratas chuig an Stiúrthóir go n-athchromfaí ar éisteacht an cháis, agus
(c) go mbeidh cóip den fhógra sin ag gabháil leis an iarratas faoi mhír (b),
déileálfaidh an Stiúrthóir leis an gcás de réir alt 25.
Imscrúdú ag an Stiúrthóir.
25.—(1) Más rud é, maidir le cás a bheidh tarchurtha chuig an Stiúrthóir faoi alt 21—
(a) nach cás é a ndéileálfar leis trí idirghabháil faoi alt 24, nó
(b) gur cás é a ndéileálfar leis faoin alt seo de bhua alt 24(6),
déanfaidh an Stiúrthóir an cás a imscrúdú agus éisteacht a thabhairt do gach duine ar dealraitheach don Stiúrthóir leas a bheith acu ann agus gur mian leo éisteacht a fháil.
(2) Is go príobháideach a sheolfar imscrúdú faoin alt seo.
(3) Féadfaidh an tAire na nithe seo a leanas a shonrú le rialacháin—
(a) nósanna imeachta a leanfaidh an Stiúrthóir le linn imscrúduithe (nó imscrúdú d'aon tuairisc) a sheoladh faoin alt seo, agus
(b) teorainneacha ama is infheidhme maidir le himscrúduithe den sórt sin, lena n-áirítear nósanna imeachta chun na teorainneacha sin a fhadú in imthosca áirithe,
ach, sula ndéanfaidh sé nó sí aon rialacháin den sórt sin, rachaidh an tAire i gcomhairle leis an Stiúrthóir agus leis an Údarás.
(4) Ar imscrúdú faoin alt seo a thabhairt chun críche, tabharfaidh an Stiúrthóir breith ar an gcás agus, má tá an bhreith i bhfabhar an ghearánaigh, déanfar foráil inti do shásamh de réir alt 27.
Tátail as mainneachtain faisnéis, etc., a sholáthar.
26.—Más rud é, i gcúrsa imscrúdaithe faoi alt 25, gur dealraitheach don Stiúrthóir—
(a) nár fhreagair an freagróir fógra faoi alt 21(2)(a) nó aon cheist a chuir an gearánach faoi alt 21(2)(b),
(b) go raibh an fhaisnéis a sholáthair an freagróir, mar fhreagra ar an bhfógra nó ar aon cheist den sórt sin, bréagach nó míthreorach, nó
(c) maidir leis an bhfaisnéis a soláthraíodh mar fhreagra ar aon cheist den sórt sin, nárbh fhaisnéis í de shórt a chuideodh leis an ngearánach cinneadh a dhéanamh an dtarchuirfeadh sé nó sí an cás chuig an Stiúrthóir,
féadfaidh an Stiúrthóir cibé tátail, más ann, a mheasfaidh sé nó sí is cuí a bhaint as an mainneachtain freagra a thabhairt nó, de réir mar a bheidh, faisnéis mar a luaitear i mír (b) nó (c) a sholáthar.
Sásamh is inordaithe.
27.—(1) Faoi réir an ailt seo, is iad na cineálacha sásaimh ar féidir foráil a dhéanamh dóibh le breith ón Stiúrthóir faoi alt 25 ceachtar díobh seo a leanas, nó iad araon, de réir mar is cuí sna himthosca:
(a) ordú le haghaidh cúitimh in éifeachtaí an idirdhealaithe; nó
(b) ordú go ndéanfaidh duine nó daoine a shonrófar san ordú bearta a bheidh sonraithe amhlaidh.
(2) Is é an méid uasta a fhéadfaidh an Stiúrthóir a ordú mar chúiteamh faoi fho-alt (1)(a) an méid uasta a d'fhéadfadh Cúirt Dúiche a dhámhachtain i gcásanna sibhialta i gconradh.
Achomharc in aghaidh bhreith an Stiúrthóra.
28.—(1) Tráth nach déanaí ná 42 lá ó dháta aon bhreithe ón Stiúrthóir faoi alt 25, féadfaidh an gearánach nó an freagróir a bhfuil baint aige nó aici leis an éileamh achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda in aghaidh na breithe le fógra i scríbhinn ina sonrófar forais an achomhairc.
(2) Ina cinneadh ar an achomharc, féadfaidh an Chúirt Chuarda foráil a dhéanamh d'aon sásamh a bhféadfaí foráil a dhéanamh dó leis an mbreith a ndearnadh achomharc ina haghaidh (ach rogha na Cúirte Cuarda a chur in ionad rogha an Stiúrthóra).
(3) Níl aon ábhar achomhairc eile ann, seachas achomharc chun na hArd-Chúirte ar phonc dlí.
Foirm breithe agus na hábhair a bheidh inti.
29.—(1) Is i scríbhinn a bheidh gach breith ón Stiúrthóir faoin gCuid seo agus—
(a) más cuí leis an Stiúrthóir, nó
(b) má iarrann aon cheann de na páirtithe amhlaidh,
beidh ráiteas sa bhreith maidir leis na cúiseanna ar tháinig an Stiúrthóir ar an mbreith.
(2) Féadfaidh an Stiúrthóir, trí fhógra i scríbhinn chuig an ngearánach agus chuig an bhfreagróir, ceartú a dhéanamh ar aon dearmad (lena n-áirítear rud atá fágtha ar lár) ar dearmad focal nó dearmad foirmiúil é i mbreith faoin gCuid seo.
(3) Mura ndéanfar aon duine a bhí páirteach in imscrúdú a shainaithint i gceart sa bhreith a thig as an imscrúdú, measfar go dtagann ceartú na hearráide sin faoi réim fho-alt (2).
Breith a sholáthar agus a fhoilsiú.
30.—(1) Tabharfar cóip de gach breith ón Stiúrthóir faoin gCuid seo don ghearánach agus don fhreagróir agus déanfar gach breith den sórt sin a fhoilsiú agus cuirfear cóip di ar fáil lena hiniúchadh in oifig an Stiúrthóra.
(2) Aon tagairt san alt seo do bhreith folaíonn sí tagairt d'aon ráiteas maidir le cúiseanna a bheidh sa bhreith de réir mar a luaitear in alt 29(1).
(3) Beidh an t-ábhar a bheidh in aon doiciméad a fhoilseofar nó a chuirfear ar fáil de bhua an ailt seo faoi phribhléid iomlán.
Breitheanna agus socraíochtaí idirghabhála a fhorfheidhmiú.
31.—(1) Má mhainníonn duine atá faoi cheangal ag téarmaí breithe ón Stiúrthóir faoin gCuid seo na téarmaí sin a chomhlíonadh, ansin, ar iarratas faoin alt seo, déanfaidh an Chúirt Chuarda, faoi réir alt 32, ordú a dhéanamh á ordú don duine dá ndéantar difear an bhreith a chur i gcrích de réir théarmaí na breithe.
(2) Má mhainníonn duine is páirtí i socraíocht lena mbaineann alt 24 éifeacht a thabhairt, go hiomlán nó go páirteach, do théarmaí na socraíochta, ansin, ar iarratas faoin alt seo, féadfaidh an Chúirt Chuarda ordú a dhéanamh á ordú don duine sin na téarmaí sin nó, de réir mar a bheidh, an chuid de na téarmaí sin lena mbaineann an t-iarratas, a chur i gcrích; ach ní ordóidh an Chúirt Chuarda, de bhua an fho-ailt seo, d'aon duine aon suim a íoc nó aon ní eile a dhéanamh nach bhféadfaí foráil a dhéanamh dó (dá mbeifí tar éis déileáil leis an ní ar shlí seachas trí idirghabháil) ar mhodh sásaimh faoi alt 27.
(3) Ní fhéadfar iarratas a dhéanamh faoin alt seo laistigh de 42 lá ó dháta na breithe nó ó dháta an taifid i scríbhinn den tsocraíocht, de réir mar a bheidh.
(4) Maidir le hiarratas faoin alt seo—
(a) féadfaidh an gearánach é a dhéanamh, nó
(b) más rud é nach é an tÚdarás an gearánach agus go measann sé nach dócha go gcuirfí an bhreith nó an tsocraíocht i ngníomh mura mbeadh lámh aige féin ann, féadfaidh an tÚdarás é a dhéanamh le toiliú an ghearánaigh.
(5) Ar iarratas faoin alt seo, feidhmeoidh an Chúirt Chuarda a feidhmeanna faoi fho-alt (1) nó (2) ar í a bheith deimhin de—
(a) gurb ann don bhreith nó don tsocraíocht agus i dtaobh théarmaí an chéanna, agus
(b) gur mhainnigh an duine dá ndéantar difear na téarmaí sin a chomhlíonadh.
(6) Gan dochar do chumhacht na Cúirte Cuarda ordú a dhéanamh le haghaidh costas i bhfabhar an ghearánaigh nó an duine dá ndéantar difear, i gcás go ndéanfaidh an tÚdarás iarratas de bhua fho-alt (4), féadfaidh an Chúirt Chuarda costais an Údaráis a dhámhachtain.
Cumhachtaí breise na Cúirte Cuarda ar fhorfheidhmiú.
32.—(1) I gcás ina ndéanfaidh an Chúirt Chuarda ordú faoi alt 31(1), féadfaidh sí, más rud é sna himthosca go léir go measfaidh sí gur cuí déanamh amhlaidh, an t-ordachán breise dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a áireamh san ordú.
(2) I gcás ina mbaineann an t-ordú faoi alt 31(1) le breith lena gceanglaítear cúiteamh a íoc le haon duine, féadfaidh an t-ordú a ordú don fhreagróir lena mbaineann ús a íoc ar an gcúiteamh de réir an ráta dá dtagraítear in alt 22 d'Acht na gCúirteanna, 1981, i leith na tréimhse go léir nó aon chuid den tréimhse dar críoch dáta an ordaithe agus dar tosach—
(a) 42 lá tar éis dháta na breithe, nó
(b) más déanaí ná sin é, an dáta ar ar ceanglaíodh an cúiteamh a íoc faoin mbreith.
Cumhachtaí dul isteach in áitreabh, faisnéis a fháil, etc.
33.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “oifigeach ainmnithe” an Stiúrthóir, oifigeach comhionannais nó duine a bheidh údaraithe chuige sin ag an Stiúrthóir;
ciallaíonn “faisnéis ábhartha” faisnéis a bhfuil forais réasúnacha ag oifigeach ainmnithe chun a chreidiúint gur faisnéis iomchuí í chun na críche atá leagtha amach i bhfo-alt (2).
(2) Chun a chumasú faisnéis a fháil a theastóidh ón Stiúrthóir chun a chumasú dó nó di a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a fheidhmiú faoin gCuid seo, féadfaidh oifigeach ainmnithe aon cheann amháin nó níos mó díobh seo a leanas a dhéanamh:
(a) gach tráth réasúnach, dul isteach go síochánta in áitreabh;
(b) a cheangal ar aon duine aon taifid, leabhair, doiciméid nó nithe eile atá faoi chumhacht nó faoi rialú an duine sin, agus a bhfuil forais réasúnacha ag an oifigeach ainmnithe chun a chreidiúint go bhfuil faisnéis ábhartha iontu, a thabhairt ar aird don oifigeach ainmnithe agus cibé faisnéis agus rochtain a thabhairt don oifigeach ainmnithe a theastóidh le réasún ón oifigeach ainmnithe i ndáil lena bhfuil in aon taifid, leabhair, doiciméid nó nithe eile den sórt sin;
(c) aon taifid, leabhair, doiciméid nó nithe eile den sórt sin a iniúchadh agus a chóipeáil nó sleachta a thógáil astu;
(d) aon obair atá ar siúl ag aon áitreabh a iniúchadh.
(3) Ní dhéanfar na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (2) a fheidhmiú i leith teaghaise ná i leith aon duine, taifid, leabhair, doiciméid ná ní eile i dteaghais mura rud é go ndéanfaidh an tAire (nó oifigeach don Aire a bheidh údaraithe chuige sin ag an Aire) a dheimhniú i scríbhinn go bhfuil forais réasúnacha ann chun a chreidiúint go bhfuil faisnéis sa teaghais atá ábhartha maidir le himscrúdú cáis, nó le breithniú achomhairc, faoin gCuid seo.
(4) Más deimhin le breitheamh den Chúirt Dúiche, trí fhaisnéis faoi mhionn ó oifigeach ainmnithe, go bhfuil cúis réasúnach amhrais ann go bhfuil aon taifid, leabhair, doiciméid nó nithe eile ina bhfuil faisnéis ábhartha le fáil ag aon áitreabh, féadfaidh an breitheamh barántas cuardaigh a eisiúint faoin alt seo.
(5) Maidir le barántas cuardaigh arna eisiúint faoin alt seo beidh sé sainráite ann go n-údaraíonn sé, agus oibreoidh sé chun a údarú, d'oifigeach ainmnithe sonraithe, agus cibé daoine eile a mheasfaidh an t-oifigeach ainmnithe sonraithe is gá ina theannta nó ina teannta, aon tráth nó tráthanna laistigh de mhí amháin ó dháta eisiúna an bharántais, ar an mbarántas a thabhairt ar aird má iarrtar amhlaidh—
(a) dul isteach san áitreabh a bheidh ainmnithe sa bharántas, le forneart más gá,
(b) an t-áitreabh sin a chuardach, agus
(c) aon chumhacht den sórt a thuairiscítear i bhfo-alt (2) (b) nó (c) a fheidhmiú i ndáil le daoine agus le taifid, leabhair, doiciméid nó nithe eile a gheofar ag an áitreabh.
Ceanglas faisnéis a chur ar fáil.
34.—(1) Chun a chumasú don Stiúrthóir a fheidhmeanna nó a feidhmeanna a fheidhmiú faoin gCuid seo, féadfaidh an Stiúrthóir—
(a) a cheangal ar aon duine ag a bhfuil, i dtuairim an Stiúrthóra, aon fhaisnéis atá ábhartha maidir le feidhmiú na bhfeidhmeanna sin, nó a bhfuil an céanna faoi chumhacht nó rialú aige nó aici, an fhaisnéis sin a thabhairt don Stiúrthóir, agus
(b) a cheangal, más cuí, ar aon duine den sórt sin freastal os comhair an Stiúrthóra chun na críche sin,
agus comhlíonfaidh an duine an ceanglas dá réir sin.
(2) Féadfar, i gceanglas faoi fho-alt (1), am agus áit a shonrú ag a bhfuil faisnéis le tabhairt nó ag a bhfuil duine le freastal agus más rud é nach mbeidh am nó áit den sórt sin sonraithe sa cheanglas, déanfaidh an duine ar a mbeidh an ceanglas dírithe é a chomhlíonadh a luaithe is indéanta le réasún.
(3) Maidir le duine a gceanglófar air nó uirthi freastal os comhair an Stiúrthóra faoi fho-alt (1) (b)—
(a) freagróidh sé nó sí go hiomlán agus go fírinneach aon cheist a chuirfidh an Stiúrthóir air nó uirthi (seachas ceist a dtiocfadh dá freagra an duine a ionchoiriú), agus
(b) má iarrann an Stiúrthóir air nó uirthi amhlaidh, síneoidh sé nó sí dearbhú maidir le fírinne a fhreagraí nó a freagraí ar aon cheist den sórt sin.
Mainneachtain doiciméid, faisnéis, etc., a sholáthar.
35.—(1) Más dealraitheach don Stiúrthóir nó d'oifigeach comhionannais gur mhainnigh aon duine—
(a) ceanglas faoi alt 33(2)(b), nó
(b) ceanglas faoi alt 34(1),
a chomhlíonadh, ansin, de réir mar is gá sa chás, féadfaidh an Stiúrthóir nó an t-oifigeach comhionannais iarratas a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda ar ordú faoin alt seo.
(2) Faoi réir fho-alt (3) más rud é, ar iarratas faoin alt seo, gur deimhin leis an gCúirt Chuarda gur mhainnigh an duine lena mbaineann an ceanglas atá i gceist a chomhlíonadh, féadfaidh an Chúirt Chuarda ordú a dhéanamh á cheangal ar an duine sin an ceanglas a chomhlíonadh.
(3) Más rud é, ar iarratas faoin alt seo, gurb é tuairim na Cúirte Cuarda go n-airbheartaíonn an ceanglas atá i gceist a cheangal ar an duine lena mbaineann—
(a) aon taifead, leabhar, doiciméad nó ní eile a thabhairt ar aird, nó
(b) aon fhaisnéis a thabhairt,
a bhfuil an duine sin i dteideal pribhléid ghairmiúil dlí a éileamh ina leith, déanfaidh an Chúirt Chuarda an ceanglas a chur ar ceal.
Forálacha forlíontacha maidir le faisnéis.
36.—(1) Más rud é, i gcúrsa nó chun críocha aon imscrúdaithe, idirghabhála nó éisteachta faoin gCuid seo, nó aon fhiosrúcháin faoi Chuid V den Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1998, go nochtfaidh aon duine faisnéis don Údarás, don Stiúrthóir nó d'aon duine eile atá i dteideal í a fháil, ní thiocfaidh as an nochtadh go mbeidh aon dliteanas ann (i gconradh, i dtort nó ar shlí eile) ar thaobh an duine a bheidh á dhéanamh.
(2) Ní dhéanfar aon fhaisnéis a thabharfar don Údarás, don Stiúrthóir nó d'aon duine eile, nó a gheobhaidh siad ar shlí eile, de bhua ailt 33 go 35, nó thairis sin i gcúrsa nó chun críocha aon imscrúdaithe, idirghabhála, éisteachta nó fiosrúcháin a dúradh, a fhoilsiú ná a nochtadh ar shlí eile ach amháin—
(a) chun críocha imscrúdaithe, idirghabhála, éisteachta nó fiosrúcháin den sórt sin,
(b) ar ordú na hArd-Chúirte nó na Cúirte Cuarda,
(c) le toiliú an duine a thabharfaidh an fhaisnéis agus aon duine eile lena mbainfidh an fhaisnéis,
(d) i mbreith ón Stiúrthóir a fhoilseofar nó a chuirfear ar fáil faoi alt 30 agus a bhfuil nochtadh na faisnéise ábhartha maidir leis, nó
(e) chun críocha iarratais faoi alt 35.
(3) San alt seo, folaíonn “faisnéis” aon taifead, leabhar, doiciméad nó ní eile ina bhfuil an fhaisnéis.
(4) Aon duine a nochtfaidh faisnéis de shárú ar fho-alt (2), beidh sé nó sí ciontach i gcion.
An Stiúrthóir, etc., a chosc.
37.—(1) Aon duine—
(a) a chuirfidh cosc nó bac ar an Stiúrthóir nó oifigeach comhionannais i bhfeidhmiú cumhachtaí faoin gCuid seo, nó
(b) a mhainneoidh ceanglas de chuid an Stiúrthóra nó oifigigh comhionannais arna thabhairt faoin gCuid seo a chomhlíonadh,
beidh sé nó sí ciontach i gcion.
(2) Aon tagairt i bhfo-alt (1) d'oifigeach comhionannais folaíonn sí tagairt do dhuine a bheidh údaraithe mar a thuairiscítear sa mhíniú ar “oifigeach ainmnithe” in alt 33(1).
Cásanna nach leantar ar aghaidh leo a dhíbhe.
38.—(1) Más rud é go dtarchuirfear cás chuig an Stiúrthóir agus, aon tráth tar éis deireadh bliana amháin ó dháta an tarchurtha, gur dealraitheach don Stiúrthóir nár lean an gearánach ar aghaidh, nó gur scoir sé nó sí de leanúint ar aghaidh, leis an tarchur, féadfaidh an Stiúrthóir an tarchur a dhíbhe.
(2) A luaithe is indéanta tar éis tarchur a dhíbhe, tabharfaidh an Stiúrthóir fógra i scríbhinn faoin díbhe sin don ghearánach agus don fhreagróir.
(3) Más rud é go ndéanfar tarchur a dhíbhe faoin alt seo, ní fhéadfar aon imeachtaí eile a thionscnamh i ndáil leis an tarchur sin, ach ní choisceann aon ní san alt seo ar aon duine tarchur eile a dhéanamh i ndáil leis an ní céanna (faoi réir aon teorann ama is infheidhme).
CUID IV
Údarás Comhionannais
Feidhmeanna breise an Údaráis.
39.—Beidh ag an Údarás, i dteannta na bhfeidhmeanna a shanntar dó le haon fhoráil eile den Acht seo nó le haon Acht eile, na feidhmeanna ginearálta seo a leanas:
(a) oibriú chun deireadh a chur le hiompar toirmiscthe;
(b) comhionannas deiseanna a chur chun cinn i ndáil leis na nithe lena mbaineann an tAcht seo; agus
(c) faisnéis a chur ar fáil don phobal maidir le hoibriú an Achta seo agus oibriú an Achta seo a choinneáil faoi athbhreithniú agus, aon uair is dóigh leis an Údarás gur gá é, tograí a chur faoi bhráid an Aire chun é a leasú;
agus dá réir sin beidh feidhm ag an Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1998, agus beidh éifeacht leis, maille leis na leasuithe a shonraítear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.
CUID V
Ginearálta
Caiteachais.
40.—Déanfar aon chaiteachais a thabhófar ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais é, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
Rialacháin.
41.—(1) Féadfaidh an tAire rialacháin a dhéanamh chun éifeacht a thabhairt don Acht seo, lena n-áirítear rialacháin lena bhforordófar foirmeacha agus an fhaisnéis a bheidh in aon fhógra a bheidh le húsáid chun aon chríche faoin Acht seo.
(2) Féadfaidh an tAire le rialacháin na nithe seo a leanas a shonrú i gcásanna nach ndéantar aon socrú eile chuige sin le rialacháin faoin Acht seo nó faoin Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1998—
(a) nósanna imeachta a leanfaidh an Stiúrthóir nó, de réir mar a bheidh, an Chúirt Oibreachais le linn feidhmeanna a chur i gcrích faoin Acht seo nó faoin Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1998, agus
(b) teorainneacha ama is infheidhme maidir le feidhmeanna den sórt sin a chur i gcrích, lena n-áirítear nósanna imeachta chun na teorainneacha sin a fhadú in imthosca áirithe,
ach, sula ndéanfaidh sé nó sí aon rialacháin den sórt sin—
(i) i gcás aon rialachán den sórt sin a bhaineann le feidhmeanna na Cúirte Oibreachais, rachaidh an tAire i gcomhairle leis an Údarás agus leis an gCúirt Oibreachais agus gheobhaidh sé nó sí toiliú an Aire Fiontar, Trádála agus Fostaíochta, agus
(ii) in aon chás eile, rachaidh an tAire i gcomhairle leis an Údarás agus leis an Stiúrthóir.
(3) Gach rialachán a dhéanfar faoin Acht seo leagfar é faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is indéanta tar éis a dhéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach acu sin, laistigh den 21 lá a shuífidh an Teach sin tar éis an rialachán a leagan faoina bhráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
(4) Féadfar cibé forálacha iarmhartacha, forlíontacha agus coimhdeacha a mheasfaidh an tAire is gá nó is fóirsteanach a bheith in aon rialachán a dhéanfar faoin Acht seo.
Dliteanas ionadach.
42.—(1) Aon ní a dhéanfaidh duine i gcúrsa a fhostaíochta nó a fostaíochta, déileálfar leis chun críocha an Achta seo, in aon imeachtaí a thionscnófar faoin Acht seo, mar ní arna dhéanamh ag fostóir an duine sin freisin, cibé acu a bhí nó nach raibh a fhios ag an bhfostóir go raibh sé á dhéanamh nó cibé acu a cheadaigh nó nár cheadaigh an fostóir é.
(2) Aon ní a dhéanfaidh duine mar ghníomhaire do dhuine eile, le húdarás (cibé acu sainráite nó intuigthe agus cibé acu arna thabhairt roimh an ní a dhéanamh nó dá éis) ón duine eile sin, déileálfar leis chun críocha an Achta seo, in aon imeachtaí a thionscnófar faoin Acht seo, mar ní arna dhéanamh ag an duine eile sin freisin.
(3) In imeachtaí a thionscnófar faoin Acht seo in aghaidh fostóra i leith gnímh a líomhnaítear a bheith déanta ag fostaí de chuid an fhostóra, is cosaint don fhostóir a chruthú gur ghlac an fostóir cibé bearta ab indéanta le réasún chun an fostaí a chosc—
(a) ar an ngníomh sin a dhéanamh, nó
(b) ar ghníomhartha den tuairisc sin a dhéanamh i gcúrsa a fhostaíochta nó a fostaíochta.
Cionta i gcoitinne.
43.—(1) Maidir le haon duine atá ciontach i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo dlífear—
(a) ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £1,500 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná bliain amháin, nó iad araon, a chur air nó uirthi, nó
(b) ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £25,000 nó príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná 2 bhliain, nó iad araon, a chur air nó uirthi.
(2) Má leantar tar éis an chiontaithe den sárú ar ina leith a chiontaítear duine i gcion faoi aon fhoráil den Acht seo, beidh an duine ciontach i gcion breise ar gach lá ar a leanfar den sárú agus, in aghaidh gach ciona den sórt sin, dlífear, ar é nó í a chiontú go hachomair, fíneáil nach mó ná £250 nó, ar é nó í a chiontú ar díotáil, fíneáil nach mó ná £1,500, a chur air nó uirthi.
Forálacha a bhaineann le cion.
44.—(1) Féadfaidh an tAire nó an tÚdarás imeachtaí achoimre i leith ciona faoi aon fhoráil den Acht seo a thionscnamh.
(2) Más rud é, maidir le cion faoin Acht seo a rinne comhlacht corpraithe, go gcruthófar go ndearnadh é le toiliú nó le cúlcheadú, nó gurb inchurtha é i leith aon fhaillí ar thaobh, aon duine ar stiúrthóir, bainisteoir, rúnaí nó oifigeach eile den tsamhail sin de chuid an chomhlachta chorpraithe a bhí ann nó inti nuair a rinneadh an cion, nó duine a d'airbheartaigh a bheith ag gníomhú in aon cháil den sórt sin, beidh an duine sin, chomh maith leis an gcomhlacht corpraithe, ciontach i gcion agus dlífear imeachtaí a thionscnamh ina choinne nó ina coinne agus é nó í a phionósú amhail is dá mbeadh sé nó sí ciontach sa chion a rinne an comhlacht corpraithe.
(3) I gcás gurb iad comhaltaí comhlachta chorpraithe a bhainistíonn gnóthaí an chomhlachta sin, tá feidhm ag fo-alt (2) amhail is dá mba thagairt do chomhalta den chomhlacht corpraithe an tagairt san fho-alt sin do stiúrthóir.
(4) D'ainneoin alt 10(4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achoimre i leith ciona faoi aon fhoráil den Acht seo a thionscnamh laistigh de 12 mhí ó dháta an chiona.
Dlínse cúirte.
45.—Maidir leis an dlínse a thugtar don Chúirt Chuarda nó don Chúirt Dúiche in imeachtaí faoin Acht seo, breitheamh den Chúirt sin a bheidh sannta de thuras na huaire don chuaird nó, de réir mar a bheidh, don dúiche ina bhfuil gnáthchónaí ar an gcosantóir nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, gnó nó slí bheatha, a fheidhmeoidh í.
Feidhm an Achta.
46.—(1) Beidh feidhm ag forálacha an Achta seo, agus éifeacht leo, i leith aon loinge nó aerárthaigh atá cláraithe sa Stát agus a bheidh á hoibriú nó á oibriú ag duine a bhfuil príomháit ghnó aige nó aici sa Stát nó a bhfuil gnáthchónaí air nó uirthi sa Stát, cibé acu atá nó nach bhfuil an long nó an t-aerárthach lasmuigh den Stát.
(2) Aon ghníomh—
(a) a dhéantar ar long nó aerárthach den sórt sin, nó i leith loinge nó aerárthaigh den sórt sin, le linn di nó dó a bheith faoi réir dlínse tíre lasmuigh den Stát, agus
(b) a cheanglaítear a dhéanamh chun dlí na tíre sin a chomhlíonadh,
ní idirdhealú é chun críocha an Achta seo.
Leasú ar an Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1998.
47.—Déantar an tAcht um Chomhionannas Fostaíochta, 1998, a leasú leis seo tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 105:
“Foráil idirlinne. | 106.—(1) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le héileamh ar shásamh faoi achtachán aisghairthe— (a) a dhéanfar ar thosach feidhme Chuid VII (an ‘dáta thosach feidhme’) nó dá éis, agus (b) ar achtachán aisghairthe é (i) nach mbaineann ach le hiompar roimh an dáta thosach feidhme, nó (ii) a bhaineann le hiompar roimh an dáta sin agus dá éis. (2) San alt seo— ciallaíonn ‘dáta thosach feidhme’ an 18ú lá de Dheireadh Fómhair, 1999; ciallaíonn ‘iompar’ iompar a líomhnaítear a tharla; ciallaíonn ‘achtachán aisghairthe’ an tAcht in aghaidh Idirdhealú (Pá), 1974, nó an tAcht um Chomhionannas Fostaíochta, 1977. (3) Aon éileamh ar shásamh lena mbaineann an t-alt seo— (a) maidir le hábhar an éilimh— (i) má bhaineann an t-éileamh le hiompar roimh an dáta thosach feidhme, nó a mhéid a bhaineann sé leis, déileálfar leis amhail is nach raibh an t-achtachán lena mbaineann aisghairthe, agus (ii) a mhéid a bhainfidh an t-éileamh le hiompar i ndiaidh an dáta sin, déileálfar leis faoin Acht seo, agus (b) ar gach slí eile, déileálfar leis amhail is gurbh éileamh é faoi alt 77. (4) Chun críocha fho-alt (3)— (a) déanfar an t-éileamh lena mbaineann a tharchur nó a thabhairt chuig an Stiúrthóir, an Chúirt Oibreachais nó an Chúirt Chuarda, de réir mar is cuí, agus (b) beidh feidhm ag Cuid VII i ndáil leis, maille leis an modhnú nach mbeidh feidhm ag ailt 76 agus 82 i ndáil le cás dá dtagraítear i mír (a)(i) den fho-alt sin agus maille le haon mhodhnuithe eile is gá. (5) Aon éileamh ar shásamh faoi achtachán aisghairthe atá ar feitheamh ar an dáta thosach feidhme, déileálfar leis, má tharlaíonn an t-iompar lena mbaineann sé tar éis an dáta sin freisin, amhail is gurbh éileamh ar shásamh lena mbaineann an t-alt seo a bhí ann, agus beidh feidhm ag fo-ailt (3) agus (4) i ndáil leis dá réir sin. (6) Féadfar agus, ar iarratas ón éilitheoir, déanfar, más cuí, cinntí ar leithligh i ndáil le hiompar roimh an dáta thosach feidhme, agus dá éis, a shonrú i mbreith nó cinneadh ar éileamh ar shásamh dá dtagraítear san alt seo. (7) Féadfaidh an Stiúrthóir nó duine a cheapfar faoi alt 75(4)(a) chun bheith ina oifigeach comhionannais nó ina hoifigeach comhionannais cumhachtaí oifigigh comhionannais faoi achtachán aisghairthe a fheidhmiú. (8) Measfar gur tháinig an t-alt seo i ngníomh ar an dáta thosach feidhme.”. |
Tosach feidhme.
48.—Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a shocrófar le hordú a dhéanfaidh an tAire, agus féadfar laethanta éagsúla a shocrú amhlaidh le haghaidh forálacha éagsúla agus chun críoch éagsúil.
AN SCEIDEAL
Leasú ar an Acht um Chomhionannas Fostaíochta, 1998
Leasaítear leis seo an tAcht um Chomhionannas Fostaíochta, 1998—
(a) in alt 2(1) (léiriú), tríd an méid seo a leanas a chur isteach—
(i) i ndiaidh an mhínithe ar “míchumas”:
“folaíonn ‘idirdhealú’, i gCodanna V agus VI, iompar toirmiscthe de réir bhrí an Achta um Stádas Comhionann, 2000, agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;”, agus
(ii) i ndiaidh an mhínithe ar “ceardchumann”:
“ciallaíonn ‘Lucht Siúil’ an pobal daoine dá ngairtear sin go coitianta agus a shainaithnítear (acu féin agus ag daoine eile) mar dhaoine ag a bhfuil stair, cultúr agus traidisiúin i bpáirt, lena n-áirítear, go stairiúil, saol fánaíochta ar oileán na hÉireann;”,
(b) in alt 6 (idirdhealú), trí “Lucht Siúil” a chur in ionad “lucht siúil” sa dá áit a bhfuil sé i bhfo-alt (2)(i),
(c) in alt 12 (gairmoiliúint)—
(i) trí “Gan dochar d'alt 3 d'Acht na nDídeanaithe, 1996, ní fhágfaidh aon ní i bhfo-alt (1)” a chur in ionad “Ní fhágfaidh aon ní i bhfo-alt (1)” agus “oideachais” a chur in ionad “gairme” i bhfocail tosaigh fho-alt (7),
(ii) trí “do chúinsí traidisiúin nó staire, nó” a chur in ionad “do chúinsí traidisiúin nó staire.” i bhfo-alt (7)(b), agus
(iii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach:
“(c) i gcás, maidir le hollscoil nó foras tríú leibhéal eile, nach ionann an chóir a chuirfidh sé ar fáil le linn ionaid ar aon chúrsa den sórt sin a leithroinnt ar mhic léinn aibí (de réir bhrí na nAchtanna um Údaráis Áitiúla (Deontais Ardoideachais), 1968 go 1992).”,
(d) in alt 28 (comparadóirí), trí “Lucht Siúil” a chur in ionad “lucht siúil” sa dá áit a bhfuil sé i bhfo-alt (1)(h),
(e) in alt 33 (gníomhaíocht dhearfach a cheadú), trí “Lucht Siúil” a chur in ionad “lucht siúil” i bhfo-alt (1)(c),
(f) in alt 44 (gnáthchomhaltaí an Údaráis), trí “Lucht Siúil” a chur in ionad “lucht siúil” i bhfo-alt (1)(c),
(g) in alt 56 (cóid chleachtais)—
(i) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1):
“(a) deireadh a chur le hidirdhealú; agus
(b) comhionannas deiseanna i bhfostaíocht a chur chun cinn agus i ndáil leis na nithe lena mbaineann an tAcht um Stádas Comhionann, 2000.”, agus
(ii) trí “nó faoi Chuid III den Acht um Stádas Comhionann, 2000” a chur isteach i bhfo-alt (4), i ndiaidh “faoi Chuid VII”,
(h) in alt 59 (faisnéis etc. a fháil chun críocha fiosrúcháin), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (3):
“(b) go gcreideann an tÚdarás maidir le duine a bheidh ainmnithe i dtéarmaí tagartha an fhiosrúcháin lena mbaineann an fógra—
(i) go bhfuil idirdhealú déanta nó á dhéanamh aige nó aici,
(ii) go bhfuil alt 8(4) nó 10(1) sáraithe nó á shárú aige nó aici,
(iii) go bhfuil mainneachtain déanta nó á déanamh aige nó aici clásal comhionannais nó téarma luach saothair chomhionainn a chomhlíonadh, nó
(iv) go bhfuil alt 12(1) (fógraíocht thoirmiscthe) den Acht um Stádas Comhionann, 2000, sáraithe aige nó aici.”,
(i) in alt 61 (moltaí a éiríonn as fiosrúcháin agus tuarascálacha ar fhiosrúcháin), tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):
“(1) Tar éis dó fiosrúchán faoi alt 58 a sheoladh, nó i gcúrsa fiosrúcháin den sórt sin, féadfaidh an tÚdarás moltaí a éireoidh as an bhfiosrúchán a dhéanamh d'aon duine, lena n-áirítear an tAire, d'fhonn ceachtar d'fheidhmeanna ginearálta an Údaráis a shonraítear i míreanna (a) agus (b) d'alt 39 nó, de réir mar is cuí, i míreanna (a) agus (b) d'alt 39 den Acht um Stádas Comhionann, 2000, nó an dá fheidhm acu, a chur chun cinn.”
(j) in alt 62 (fógraí neamh-idirdhealúcháin), tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (1):
“(b) go bhfuil alt 8(4) nó 10(1) nó alt 12(1) den Acht um Stádas Comhionann, 2000, sáraithe nó á shárú aige nó aici, nó”,
(k) in alt 63 (achomharc in aghaidh fógra neamhidirdhealúcháin)—
(i) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):
“(1) Faoi réir fho-alt (6), féadfaidh duine ar ar seirbheáladh fógra neamh-idirdhealúcháin achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Oibreachais, laistigh de 42 lá ó dháta na seirbheála, in aghaidh an fhógra nó aon cheanglais de chuid an fhógra.”,
agus
(ii) trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis:
“(6) I gcás go mbaineann fógra neamhidirdhealúcháin le hiompar toirmiscthe de réir bhrí an Achta um Stádas Comhionann, 2000, nó le sárú ar alt 12(1) den Acht sin, féadfaidh an duine ar ar seirbheáladh an fógra achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche, agus chun na críche sin déanfar tagairtí san alt seo don Chúirt Oibreachais a fhorléiriú mar thagairtí don Chúirt Dúiche.
(7) Maidir le dlínse na Cúirte Dúiche faoin alt seo, is breitheamh den Chúirt sin a bheidh sannta de thuras na huaire don dúiche chúirte dúiche ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine ar ar seirbheáladh an fógra neamh-idirdhealúcháin nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, gnó nó slí bheatha, a fheidhmeoidh í.”,
(l) in alt 67 (cúnamh ón Údarás i dtaca le tarchuir áirithe), tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):
“(1) Aon duine a mheasfaidh—
(a) go bhfuil idirdhealú dírithe i gcoinne an duine ag duine eile,
(b) go ndearnadh dochar dó nó di mar thoradh ar mhainneachtain nó diúltú ag duine eile—
(i) clásal comhionannais nó téarma luach saothair chomhionainn a chomhlíonadh,
(ii) breith, ordú nó cinneadh faoin gCuid seo nó faoi Chuid III den Acht um Stádas Comhionann, 2000, a chur i ngníomh nó
(iii) socraíocht idirghabhála faoi alt 78 nó faoi alt 24 den Acht sin a chur i ngníomh,
nó
(c) gur club idirdhealaitheach de réir bhrí alt 8 den Acht sin club dá dtagraítear san alt sin,
féadfaidh sé nó sí iarraidh a dhéanamh chuig an Údarás ar chúnamh chun imeachtaí a thionscnamh a bhforáiltear do shásamh ina leith faoin Acht seo nó faoin Acht sin nó, de réir mar a bheidh, chun iarratas a dhéanamh chuig an gCúirt Dúiche faoi alt 8(3) den Acht sin.”,
(m) in alt 68 (míniú (Cuid VI)), trí “faoi alt 71(3)” a scriosadh agus “, nó ag an gCúirt Dúiche, faoi alt 71” a chur ina ionad,
(n) in alt 69 (athbhreithnithe agus pleananna gníomhaíochta comhionannais)—
(i) trí “i bhfostaíocht” a scriosadh i bhfo-alt (1)(a),
(ii) trí “an ghnó sin nó na ngnóthaí sin, atá sa ghnó sin nó sna gnóthaí sin, agus atá ábhartha maidir leis nó leo” a chur in ionad “na fostaíochta sin, atá san fhostaíocht sin agus atá ábhartha maidir léi,” agus “sa ghnó sin nó sna gnóthaí sin” a chur in ionad “san fhostaíocht sin” i bhfo-alt (1)(b),
(iii) trí “i bhfostaíocht” a scriosadh agus “sa ghnó sin nó sna gnóthaí sin” a chur in ionad “san fhostaíocht sin” i bhfo-alt (2),
(iv) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):
“(2A) In athbhreithniú comhionannais nó i bplean gníomhaíochta comhionannais a bhaineann le nithe atá faoi rialú ag an Acht seo agus ag an Acht um Stádas Comhionann, 2000, araon déileálfar ar leithligh leis na nithe sin, agus déileálfar leis na codanna ar leithligh den athbhreithniú nó den phlean, chun críocha na Coda seo, mar athbhreithniú comhionannais nó mar phlean gníomhaíochta comhionannais.”,
(v) trí “i bhfostaíocht” a scriosadh i bhfo-alt (6), agus
(vi) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7):
“(7) Chun críocha an ailt seo:
(a) folaíonn ‘gnó’—
(i) gníomhaíocht as a dtagann fostaíocht, cibé acu is sa réimse tionsclaíoch nó sa réimse tráchtála nó nach ea, agus cibé acu d'fhonn brabús a dhéanamh nó nach ea, agus
(ii) faoi réir chlásal (II) den fhomhír seo, soláthraí seirbhíse (de réir bhrí alt 4(6) den Acht um Stádas Comhionann, 2000) do sholáthar seirbhísí, agus dá réir sin beidh feidhm ag an alt seo i ndáil leis na seirbhísí sin a sholáthar maille leis na modhnuithe seo a leanas—
(I) go bhforléireofar an tagairt i bhfo-alt (1)(a) do ghnó áirithe mar thagairt a fholaíonn tagairt do sheirbhísí áirithe a sholáthar, agus
(II) go bhforléireofar na tagairtí i bhfo-ailt (4) agus (5) do ghnó mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do sholáthraí seirbhíse (de réir bhrí an ailt sin 4(6), seachas mír (f) de),
agus aon mhodhnuithe eile is gá;
(b) féadfar ‘grúpa gnóthaí’ a mhíniú faoi threoir suímh gheografaigh in ionad (nó i dteannta) é a mhíniú faoi threoir cúrsaí rialaithe nó aon toisce eile.”,
(o) in alt 70(1)(a) (cumhachtaí forfheidhmithe i leith athbhreithnithe agus pleananna gníomhaíochta comhionannais) trí “is faisnéis” a chur isteach roimh “a bheidh ag teastáil”, agus
(p) in alt 71 (achomharc in aghaidh fógra shubstaintigh)—
(i) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):
“(1) Faoi réir fho-alt (6), féadfaidh duine ar ar seirbheáladh fógra substainteach achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Oibreachais, laistigh de 42 lá ó dháta na seirbheála, in aghaidh an fhógra nó aon cheanglais de chuid an fhógra.”,
agus
(ii) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5):
“(6) I gcás go mbaineann fógra substainteach le hathbhreithniú comhionannais nó le plean gníomhaíochta comhionannais, nó le hathbhreithniú nó plean beartaithe den sórt sin, a bhaineann le nithe atá faoi rialú ag an Acht um Stádas Comhionann, 2000, féadfaidh an duine ar ar seirbheáladh an fógra achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche in aghaidh an fhógra, agus chun na críche sin déanfar tagairtí san alt seo don Chúirt Oibreachais a fhorléiriú mar thagairtí don Chúirt Dúiche.
(7) Maidir le dlínse na Cúirte Dúiche faoin alt seo, is breitheamh den Chúirt sin a bheidh sannta de thuras na huaire don dúiche chúirte dúiche ina bhfuil gnáthchónaí ar an duine ar ar seirbheáladh an fógra substainteach nó ina seolann sé nó sí aon ghairm, gnó nó slí bheatha, a fheidhmeoidh í.”.