Uimhir 9 de 1965.
AN tACHT FORBARTHA MÓNA, 1965
[An tiontú oifigiúil]
Airleacain don Bhord as an bPríomh-Chiste.
1.—(1) Déantar leis seo alt 53 den Acht Forbartha Móna, 1946, a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) (a cuireadh isteach ann le fo-alt (1) d'alt 1 den Acht Forbartha Móna, 1961):
“(1) Chun a chumasú don Bhord a fheidhmeanna a fheidhmiú nó a chomhlíonadh, féadfaidh an tAire Airgeadais, faoin alt seo agus ar mholadh an Aire, cibé suimeanna (nach mó san iomlán ná fiche is ocht milliún punt) a iarrfaidh an Bord ó am go ham a airleacan don Bhord ó am go ham as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis.”
(2) Aisghairtear leis seo alt 1 den Acht Forbartha Móna, 1961.
Leasú ar alt 1 den Acht Forbartha Móna, 1957.
2.—Déantar leis seo alt 1 den Acht Forbartha Móna, 1957 (a bhaineann le cumhachtaí áirithe de chuid an Bhoird chun airgead a fháil ar iasacht) a leasú trí “fiche is ocht milliún punt” a chur in ionad “ceithre mhilliún is fiche punt” (a cuireadh isteach ann le halt 2 den Acht Forbartha Móna, 1961).
Aisghairm ar at 14 den Acht Forbartha Móna, 1953.
3.—Aisghairtear leis seo alt 4 den Acht Forbartha Móna, 1953.
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.
4.—(1) Féadfar an tAcht Forbartha Móna, 1965, a ghairm den Acht seo.
(2) Déanfar na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1961, agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin agus féadar na hAchtanna Forbartha Móna, 1946 go 1965, a ghairm díobh le chéile.