Off On Dualscroll

Help

Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.

[EN]

Uimhir 12 de 1960.


[EN]

AN tACHT UM AN OIREACHTAS (LIÚNTAIS DO CHOMHALTAÍ) AGUS OIFIGÍ AIREACHTA AGUS PARLAIMINTE (LEASÚ), 1960.

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ ACHTANNA AN OIREACHTAIS (LIÚNTAIS DO CHOMHALTAÍ), 1938 AGUS 1947, AGUS NA nACHTANNA UM OIFIGÍ AIREACHTA AGUS PARLAIMINTE, 1938 GO 1952.   [12 Aibreán, 1960.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Réamhráiteach.

[EN]

Gearrtheideal.

1.—Féadfar an tAcht um an Oireachtas (Liúntais do Chomhaltaí) agus Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1960, a ghairm den Acht seo.

[EN]

Tosach feidhme.

2.—Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.

[EN]

CUID II.

Achtanna an Oireachtais (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 agus 1947, a Leasú.

[EN]

Léiriú agus comhlua.

1938, Uimh. 34.

3.—(1) Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht an Oireachtais (Liúntais do Chomhaltaí), 1938.

[EN]

(2) Féadfar Achtanna an Oireachtais (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 go 1960, a ghairm d'Achtanna an Oireachtais (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 agus 1947, agus den Chuid seo den Acht seo le chéile.

[EN]

Alt 3 den Phríomh-Acht a leasú.

4.—Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 3 den Phríomh-Acht:

[EN]

“(1) Is é liúntas a bheidh le n-íoc le gach comhalta de Dháil Éireann faoin Acht seo liúntas de réir £1,000 sa bhliain is iníoctha go míosúil.

[EN]

(2) Is é liúntas a bheidh le n-íoc le gach comhalta de Sheanad Éireann faoin Acht seo liúntas de réir £750 sa bhliain is iníoctha go míosúil.

[EN]

(3) I gcás comhalta den Oireachtas a bheith i seilbh oifig an Ard-Aighne, measfar an liúntas is iníoctha leis faoin Acht seo a bheith ar áireamh an tuarastail is iníoctha leis de thuras na huaire de bhua é do shealbhú na hoifige sin, agus dá réir sin ní bheidh teideal aige, an fad a bheidh tuarastal á fháil aige i leith na hoifige sin, chun aon liúntais eile faoin Acht seo.

[EN]

(4) Aon fhoráil atá in aon reacht Breataineach nó in aon reacht de chuid Shaorstát Éireann nó in aon Acht ón Oireachtas (cibé acu roimh an Acht seo a rith a ritheadh, nó dá éis sin a rithfear, é) trína ndlitear aon phinsean is iníoctha as an bPríomh-Chiste nó as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas a fhionraí nó a laghdú, go hiomlán nó go páirteach, i gcás an pinsinéir a bheith ag fáil íocaíochtaí (cibé ainm a thugtar orthu sa reacht nó san Acht sin) as airgead a sholáthraigh nó a sholáthróidh an tOireachtas, ní oibreoidh sí, mura mbeidh a mhalairt reachtaithe go sainráite inti, mar fhoráil á cheangal aon phinsean den sórt sin a fhionraí nó a laghdú faoi threoir liúntais is iníoctha faoin Acht seo.”

[EN]

Asbhaintí i leith scéim pinsean ranníocach.

5.—Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur isteach sa Phríomh-Acht i ndiaidh ailt 6:

[EN]

“6A. (1) Baineann an t-alt seo le scéim le haghaidh pinsean do chomhaltaí an Oireachtais agus ar scéim í a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas:

[EN]

(a) gur scéim í a rinne comhchoiste de dhá Theach an Oireachtais,

[EN]

(b) gur ceadaíodh an scéim le rún ó gach Teach den Oireachtas,

[EN]

(c) go ndéanann an scéim socrú le haghaidh na bpinsean fúithi a íoc as ciste a bheidh ar teachtadh ag iontaobhaithe agus a chothabhálfar le ranníocaí a íocfaidh comhaltaí uile an Oireachtais.

[EN]

(2) Aon scéim lena mbainfidh an t-alt seo beidh éifeacht aici de réir a téarmaí agus déanfaidh an tAire, de réir rialachán, suimeanna a bhaint as na liúntais a íocfar faoin Acht seo le comhaltaí an Oireachtais agus na suimeanna sin a íoc isteach sa chiste a bheidh á chothabháil de bhun na scéime.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire rialacháin chun críocha an ailt seo a dhéanamh agus leagfar na rialacháin faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta.”

[EN]

Aisghairm.

1947, Uimh. 23.

6.—Aisghairtear leis seo alt 3 d'Acht an Oireachtais (Liúntais do Chomhaltaí) (Leasú), 1947.

[EN]

CUID III.

Na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1952, a Leasú.

[EN]

Léiriú agus comhlua.

1938, Uimh. 38.

1949, Uimh. 21.

1952, Uimh. 19.

7.—(1) Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938.

[EN]

(2) Féadfar na hAchtanna um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938 go 1960, a ghairm den Acht um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte, 1938, den Acht um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1949, den Acht um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1952, agus den Chuid seo den Acht seo le chéile.

[EN]

Alt 3 den Phríomh-Acht a leasú.

8.—Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-alt (1) d'alt 3 den Phríomh-Acht:

[EN]

“(1) Íocfar mar thuarastal leis an Taoiseach suim bhliantúil nach mó ná £3,000 agus íocfar mar thuarastal le gach comhalta eile den Rialtas suim bhliantúil nach mó ná suim £2,000.”

[EN]

Alt 4 den Phríomh-Acht a leasú.

9.—Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 4 den Phríomh-Acht:

[EN]

“4. Íocfar mar thuarastal leis an Ard-Aighne suim bhliantúil nach mó ná suim £3,500.”

[EN]

Alt 5 den Phríomh-Acht a leasú.

10.—Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-alt (1) d'alt 5 den Phríomh-Acht:

[EN]

“(1) Íocfar mar thuarastal le Cathaoirleach Dháil Éireann suim bhliantúil nach mó ná suim £2,000, agus íocfar mar thuarastal le Leas-Chathaoirleach Dháil Éireann suim bhliantúil nach mó ná suim £850.”

[EN]

Alt 6 den Phríomh-Acht a leasú.

11.—Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-alt (1) d'alt 6 den Phríomh-Acht:

[EN]

“(1) Íocfar mar thuarastal le Cathaoirleach Sheanad Éireann suim bhliantúil nach mó ná suim £1,250, agus íocfar mar thuarastal le Leas-Chathaoirleach Sheanad Éireann suim bhliantúil nach mó ná suim £500.”

[EN]

Alt 9 den Phríomh-Acht a leasú.

12.—Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 9 den Phríomh-Acht:

[EN]

“9. (1) Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “Páirtí cáilithe” Páirtí i nDáil Éireann, seachas Páirtí an Rialtais, a bhfuil na coinníollacha seo a leanas comhlíonta maidir leis:

[EN]

(a) go ndearna sé an t-olltoghchán deiridh roimhe sin do chomhaltaí de Dháil Éireann a chomhrac mar pháirtí comheagraithe, agus

[EN]

(b) go ndearnadh seachtar comhaltaí ar a laghad den Pháirtí a thoghadh san olltoghchán sin.

[EN]

(2) I gcás inar ionann an líon de chomhaltaí i nDáil Éireann a bheidh ag dhá Pháirtí nó níos mó i nDáil Éireann—

[EN]

(a) is é Cathaoirleach Dháil Éireann a chinnfidh cé acu de na Páirtithe sin a mbeidh sé le meas chun críocha an Achta seo gurb é an Páirtí is mó líon i nDáil Éireann é,

[EN]

(b) is i scríbhinn a thabharfar an cinneadh agus beidh an cinneadh, chun críocha an Achta seo, ina chinneadh críochnaitheach dochloíte agus ina cheangal ar gach aon duine agus ar gach aon bhinse,

[EN]

(c) tabharfaidh Cathaoirleach Dháil Éireann, le linn dó an cinneadh a thabhairt, aird ar na líonta de na Páirtithe sin a toghadh chun Dáil Éireann in olltoghcháin a bhí ann roimh an olltoghchán deiridh roimhe sin do chomhaltaí de Dháil Éireann.”

[EN]

Alt 10 den Phríomh-Acht a leasú.

1938, Uimh. 34.

13.—Déantar leis seo na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (1) go (4) d'alt 10 den Phríomh-Acht:

[EN]

“(1) I gcás a mbeidh Páirtí cáilithe amháin, agus nach mbeidh níos mó ná sin, ann, íocfar mar liúntas le haghaidh costas le Treoraí an Pháirtí sin suim bhliantúil de £4,500.

[EN]

(2) I gcás a mbeidh dhá Pháirtí cáilithe, agus nach mbeidh níos mó ná sin, ann—

[EN]

(a) íocfar mar liúntas le haghaidh costas le Treoraí an chinn sin is mó líon i nDáil Éireann de na Páirtithe cáilithe suim bhliantúil de £3,000, agus

[EN]

(b) íocfar mar liúntas le haghaidh costas le Treoraí an Pháirtí cháilithe eile suim bhliantúil de £1,500, agus

[EN]

(3) I gcás a mbeidh trí Pháirtí cáilithe nó níos mó ann—

[EN]

(a) íocfar mar liúntas le haghaidh costas le Treoraí an chinn sin is mó líon i nDáil Éireann de na Páirtithe cáilithe suim bhliantúil de £2,250,

[EN]

(b) íocfar mar liúntas le haghaidh costas le gach duine de Threoraithe na bPáirtithe cáilithe eile suim bhliantúil de £2,250 arna roinnt ar an uimhir páirtithe cáilithe eile.

[EN]

(4) Aon liúntas is iníoctha le duine faoin alt seo is liúntas é i dteannta an liúntais is iníoctha leis faoi Acht an Oireachtais (Liúntais do Chomhaltaí), 1938, agus ní bheidh sé iníoctha leis ach amháin in aghaidh tréimhse ar iníoctha leis ina haghaidh an liúntas sin is déanaí a luaitear.”

[EN]

Alt 11 den Phríomh-Acht a leasú.

14.—Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 11 den Phríomh-Acht:

[EN]

“11. Beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas maidir le liúntas dá bhforáiltear le mír (b) d'fho-alt (2) nó le mír (b) d'fho-alt (3) den alt deiridh roimhe seo:

[EN]

(a) ní íocfar an liúntas muran seachtar ar a laghad an líon comhaltaí a bheidh ag an bPáirtí i nDáil Éireann;

[EN]

(b) scoirfear den liúntas a íoc má thiteann an líon comhaltaí i nDáil Éireann a bheidh ag an bPáirtí lena mbainfidh faoi bhun seachtar tráth ar bith;

[EN]

(c) má thiteann an líon comhaltaí i nDáil Éireann a bheidh ag an bPáirtí faoi bhun seachtar mar gheall ar chomhalta nó comhaltaí den Phairtí sin d'éag, d'éirí as nó a theacht faoi dhícháilíocht, measfar, chun críocha an ailt seo, nach lú ná seachtar líon comhaltaí an Pháirtí sin go dtí go líonfar an folúntas nó gach ceann de na folúntais a bheidh i nDáil Éireann mar gheall ar an éag, an t-éirí as nó an teacht faoi dhícháilíocht sin.”

[EN]

Alt 14 den Phríomh-Acht a leasú.

15.—Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-alt (3) d'alt 14 den Phríomh-Acht:

[EN]

“(3) Is de réir na rátaí seo a leanas a bheidh pinsean aireachta, is é sin le rá:

[EN]

an fad is trí bliana tréimhse sheirbhíse inphinsin an duine a bheidh ina theideal, trí chéad punt sa bhliain,

[EN]

más ceithre bliana agus an fad is ceithre bliana tréimhse sheirbhíse inphinsin an duine sin, trí chéad agus caoga punt sa bhliain,

[EN]

más cúig bliana agus an fad is cúig bliana tréimhse sheirbhíse inphinsin an duine sin, ceithre chéad agus caoga punt sa bhliain,

[EN]

más sé bliana agus an fad is sé bliana tréimhse sheirbhíse inphinsin an duine sin, cúig chéad agus caoga punt sa bhliain,

[EN]

más seacht mbliana agus an fad is seacht mbliana tréimhse sheirbhíse inphinsin an duine sin, sé chéad agus caoga punt sa bhliain,

[EN]

i gcás gur ocht mbliana nó níos mó tréimhse sheirbhíse inphinsin an duine sin, seacht gcéad agus caoga punt sa bhliain.”

[EN]

Alt 16 den Phríomh-Acht a leasú.

16.—Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-alt (3) d'alt 16 den Phríomh-Acht:

[EN]

“(3) Is de réir na rátaí seo a leanas a bheidh pinsean rúnaíochta, is é sin le rá:

[EN]

an fad is trí bliana tréimhse sheirbhíse inphinsin an duine a bheidh ina theideal, dhá chéad agus caoga punt sa bhliain,

[EN]

más ceithre bliana agus an fad is ceithre bliana tréimhse sheirbhíse inphinsin an duine sin, trí chéad punt sa bhliain,

[EN]

más cúig bliana agus an fad is cúig bliana tréimhse sheirbhíse inphinsin an duine sin, trí chéad agus caoga punt sa bhliain,

[EN]

más sé bliana agus an fad is sé bliana tréimhse sheirbhíse inphinsin an duine sin, ceithre chéad punt sa bhliain,

[EN]

más seacht mbliana agus an fad is seacht mbliana tréimhse sheirbhíse inphinsin an duine sin, ceithre chéad agus caoga punt sa bhliain,

[EN]

i gcás gur ocht mbliana nó níos mó tréimhse sheirbhíse inphinsin an duine sin, cúig chéad punt sa bhliain.”

[EN]

Alt 18 den hríomh-Acht a leasú.

17.—Déantar leis seo an mhír seo a leanas a chur in ionad mír (b) d'alt 18den P hríomh-Acht:

[EN]

“(b) nó—

[EN]

(i) i gcás a mbeidh Páirtí cáilithe amháin de réir bhrí Coda III den Acht seo agus gan ach sin i nDáil Éireann, Treoraí an Pháirtí sin, nó

[EN]

(ii) i gcás a mbeidh dhá Pháirtí cáilithe de réir na brí sin nó níos mó agus gan ach sin i nDáil Éireann, Treoraí an chinn sin de na Páirtithe sin is mó líon comhaltaí i nDáil Éireann, nó

[EN]

(iii) i gcás a mbeidh trí Pháirtí cáilithe nó níos mó den sórt sin i nDáil Éireann, Treoraí an chinn sin de na Páirtithe sin is mó líon comhaltaí i nDáil Éireann,

[EN]

nó duine a ainmneoidh an Treoraí sin,”.

[EN]

Alt 23 den Phríomh-Acht a leasú.

18.—(1) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (1) agus (2) d'alt 23 den Phríomh-Acht:

[EN]

“(1) Más rud é—

[EN]

(a) go mbeidh duine, lena mbeidh pinsean faoi Chuid IV iníoctha de thuras na huaire, ag fáil aon íocaíochta amach as airgead poiblí, agus

[EN]

(b) gur mó ná míle punt comhiomlán méid bhliantúil an phinsin agus méid bhliantúil na híocaíochta amach as airgead poiblí,

[EN]

déanfar méid bliantúil an phinsin faoi Chuid IV a laghdú méid na breise sin.”

[EN]

(2) Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 23 den Phríomh-Acht tríd an bhfocal agus an mhír seo a leanas a chur ag deireadh an mhínithe ar “íocaíocht amach as airgead poiblí”:

[EN]

“ná

[EN]

(g) liúntas faoi Acht an Oireachtais (Liúntais do Chomhaltaí), 1938 (Uimh. 34 de 1938).”

[EN]

Aisghairm.

1947, Uimh. 24.

19.—Aisghairtear leis seo an tAcht um Oifigí Aireachta agus Parlaiminte (Leasú), 1947.

[GA]

harp.jpg


Number 12 of 1960.


[GA]

OIREACHTAS (ALLOWANCES TO MEMBERS) AND MINISTERIAL AND PARLIAMENTARY OFFICES (AMENDMENT) ACT, 1960.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

PART I.

Preliminary.

Section

1.

Short title.

2.

Commencement.

PART II.

Amendment of Oireachtas (Allowances to Members) Acts, 1938 and 1947.

3.

Interpretation and collective citation.

4.

Amendment of section 3 of Principal Act.

5.

Deductions for contributory pensions scheme.

6.

Repeal.

PART III.

Amendment of Ministerial and Parliamentary offices Acts, 1938 to 1952

7.

Interpretation and collective citation.

8.

Amendment of section 3 of Principal Act.

9.

Amendment of section 4 of Principal Act.

10.

Amendment of section 5 of Principal Act.

11.

Amendment of section 6 of Principal Act.

12.

Amendment of section 9 of Principal Act.

13.

Amendment of section 10 of Principal Act.

14.

Amendment of section 11 of Principal Act.

15.

Amendment of section 14 of Principal Act.

16.

Amendment of section 16 of Principal Act.

17.

Amendment of section 18 of Principal Act.

18.

Amendment of section 23 of Principal Act.

19.

Repeal.


Acts Referred to

Oireachtas (Allowances to Members) Act, 1938

1938, No. 34

Oireachtas (Allowances to Members) (Amendment) Act, 1947

1947, No. 23

Ministerial and Parliamentary Offices Act, 1938

1938, No. 38

Ministerial and Parliamentary Offices (Amendment) Act, 1949

1949, No. 21

Ministerial and Parliamentary Offices (Amendment) Act, 1952

1952, No. 19

Ministerial and Parliamentary Offices (Amendment) Act, 1947

1947, No. 24

harp.jpg


Number 12 of 1960.


OIREACHTAS (ALLOWANCES TO MEMBERS) AND MINISTERIAL AND PARLIAMENTARY OFFICES (AMENDMENT) ACT, 1960.


AN ACT TO AMEND THE OIREACHTAS (ALLOWANCES TO MEMBERS) ACTS, 1938 AND 1947, AND THE MINISTERIAL AND PARLIAMENTARY OFFICES ACTS, 1938 TO 1952. [12th April, 1960.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS AS FOLLOWS:— [GA][GA]

PART I.

Preliminary.

[GA]

Short title.

1.—This Act may be cited as the Oireachtas (Allowances to Members) and Ministerial and Parliamentary Offices (Amendment) Act, 1960.

[GA]

Commencement.

2.—This Act shall come into operation on such day as the Minister for Finance appoints by order.

[GA][GA]

PART II

Amendment of Oireachtas (Allowances to Members) Acts, 1938 and 1947.

[GA]

Interpretation and collective citation.

3.—(1) In this Part of this Act “the Principal Act” means the Oireachtas (Allowances to Members) Act, 1938.

[GA]

(2) The Oireachtas (Allowances to Members) Acts, 1938 and 1947, and this Part of this Act may be cited together as the Oireachtas (Allowances to Members) Acts, 1938 to 1960.

[GA]

Amendment of section 3 of Principal Act.

4.—The following section is hereby substituted for section 3 of the Principal Act:

[GA]

“(1) The allowance to be paid to each member of Dáil Éireann under this Act shall be an allowance at the rate of £1,000 per annum payable monthly.

[GA]

(2) The allowance to be paid to each member of Seanad Éireann under this Act shall be an allowance at the rate of £750 per annum payable monthly.

[GA]

(3) Where a member of the Oireachtas holds the office of Attorney General, the salary for the time being payable to him by virtue of his holding that office shall be deemed to include the allowance payable to him under this Act, and accordingly he shall not, while he is in receipt of a salary in respect of that office, be entitled to any further allowance under this Act.

[GA]

(4) No provision in any British statute or in any Saorstát Éireann statute or in any Act of the Oireachtas (whether passed before or after the passing of this Act) whereby any pension payable out of the Central Fund or moneys provided by the Oireachtas is liable to be suspended or abated, wholly or in part, in the event of the pensioner being in receipt of payments (by whatever name called in such statute or Act) out of moneys provided or to be provided by the Oireachtas shall, unless the contrary is expressly enacted therein, operate so as to require suspension or abatement of any such pension by reference to an allowance payable under this Act.”

[GA]

Deductions for contributory pensions scheme.

5.—The following section is hereby inserted in the Principal Act after section 6:

[GA]

“6A. (1) This section applies to a scheme for pensions for members of the Oireachtas which complies with the following conditions:

[GA]

(a) the scheme has been made by a joint committee of both Houses of the Oireachtas,

[GA]

(b) the scheme has been approved of by resolution of each House of the Oireachtas,

[GA]

(c) the scheme provides for the pensions thereunder being paid out of a fund to be held by trustees and maintained by means of contributions paid by all members of the Oireachtas.

[GA]

(2) A scheme to which this section applies shall have effect in accordance with its terms and the Minister shall, in accordance with regulations, make deductions from the allowances paid under this Act to members of the Oireachtas and pay the deductions into the fund maintained pursuant to the scheme.

[GA]

(3) The Minister may make regulations for the purposes of this section and the regulations shall be laid before each House of the Oireachtas as soon as may be after they are made.”

[GA]

Repeal.

6.Section 3 of the Oireachtas (Allowances to Members) (Amendment) Act, 1947, is hereby repealed.

[GA][GA]

PART III

Amendment of Ministerial and Parliamentary Offices Acts, 1938 to 1952.

[GA]

Interpretation and collective citation.

7.—(1) In this Part of this Act “the Principal Act” means the Ministerial and Parliamentary Offices Act, 1938.

[GA]

(2) The Ministerial and Parliamentary Offices Act, 1938, the Ministerial and Parliamentary Offices (Amendment) Act, 1949, the Ministerial and Parliamentary Offices (Amendment) Act, 1952, and this Part of this Act may be cited together as the Ministerial and Parliamentary Offices Acts, 1938 to 1960.

[GA]

Amendment of section 3 of Principal Act.

8.—The following subsection is hereby substituted for subsection (1) of section 3 of the Principal Act:

[GA]

“(1) There shall be paid to the Taoiseach an annual sum by way of salary not exceeding £3,000 and to each other member of the Government an annual sum by way of salary not exceeding the sum of £2,000.”

[GA]

Amendment of section 4 of Principal Act.

9.—The following section is hereby substituted for section 4 of the Principal Act:

[GA]

“4. There shall be paid to the Attorney General an annual sum by way of salary not exceeding the sum of £3,500.”

[GA]

Amendment of section 5 of Principal Act.

10.—The following subsection is hereby substituted for subsection (1) of section 5 of the Principal Act:

[GA]

“(1) There shall be paid to the Chairman of Dáil Éireann an annual sum by way of salary not exceeding the sum of £2,000, and to the Deputy Chairman of Dáil Éireann an annual sum by way of salary not exceeding the sum of £850.”

[GA]

Amendment of section 6 of Principal Act.

11.—The following subsection is hereby substituted for subsection (1) of section 6 of the Principal Act:

[GA]

“(1) There shall be paid to the Chairman of Seanad Éireann an annual sum by way of salary not exceeding the sum of £1,250, and to the Deputy Chairman of Seanad Éireann an annual sum by way of salary not exceeding the sum of £500.”

[GA]

Amendment of section 9 of Principal Act.

12.—The following section is hereby substituted for section 9 of the Principal Act:

[GA]

“9. (1) In this Part of this Act “qualified Party” means a Party in Dáil Éireann, other than the Government Party, in respect of which the following conditions are complied with:

[GA]

(a) that it contested the then next preceding general election for members of Dáil Éireann as an organised party, and

[GA]

(b) that not less than seven members of the Party were elected at such general election.

[GA]

(2) Where two or more Parties in Dáil Éireann are of equal numerical strength in Dáil Éireann—

[GA]

(a) the question as to which of them is to be regarded for the purposes of this Act as that one of those Parties which is of the greater or greatest numerical strength in Dáil Éireann shall be decided by the Chairman of Dáil Éireann,

[GA]

(b) the decision shall be given in writing and shall for the purposes of this Act be final and conclusive and binding on all persons and tribunals whatsoever,

[GA]

(c) the Chairman of Dáil Éireann shall, in giving the decision, have regard to the relative numbers in which such Parties were returned to Dáil Éireann at general elections held prior to the then next preceding general election for members of Dáil Éireann.”

[GA]

Amendment of section 10 of Principal Act.

13.—The following subsections are hereby substituted for subsections (1) to (4) of section 10 of the Principal Act:

[GA]

“(1) Where there is one qualified Party and not more, there shall be paid to the Leader of that Party an annual sum by way of allowance for expenses of £4,500.

[GA]

(2) Where there are two qualified Parties and not more—

[GA]

(a) there shall be paid to the Leader of that one of the qualified Parties which is of the greater numerical strength in Dáil Éireann an annual sum by way of allowance for expenses of £3,000, and

[GA]

(b) there shall be paid to the Leader of the other qualified Party an annual sum by way of allowance for expenses of £1,500.

[GA]

(3) Where there are three or more qualified Parties—

[GA]

(a) there shall be paid to the Leader of that one of the qualified Parties which is of the greatest numerical strength in Dáil Éireann an annual sum by way of allowance for expenses of £2,250,

[GA]

(b) there shall be paid to each of the Leaders of the other qualified Parties an annual sum by way of allowance for expenses of £2,250 divided by the number of the other qualified Parties.

[GA]

(4) An allowance payable to a person under this section shall be in addition to the allowance payable to him under the Oireachtas (Allowances to Members) Act, 1938, and shall not be payable save in respect of a period in respect of which the last-mentioned allowance is payable to him.”

[GA]

Amendment of section 11 of Principal Act.

14.—The following section is hereby substituted for section 11 of the Principal Act:

[GA]

“11. The following provisions shall apply in relation to an allowance provided for by paragraph (b) of subsection (2) or paragraph (b) of subsection (3) of the next preceding section:

[GA]

(a) the allowance shall not be paid unless the numerical strength in Dáil Éireann of the Party concerned is not less than seven;

[GA]

(b) the allowance shall cease to be paid if the numerical strength in Dáil Éireann of the Party concerned at any time falls below seven;

[GA]

(c) if the numerical strength in Dáil Éireann of the Party concerned falls below seven by reason of the death, resignation or disqualification of a member or members of said Party, the numerical strength thereof shall, for the purposes of this section, be deemed to be not less than seven until the vacancy or each of the vacancies in Dáil Éireann caused by such death, resignation or disqualification is filled.”

[GA]

Amendment of section 14 of Principal Act.

15.—The following subsection is hereby substituted for subsection (3) of section 14 of the Principal Act:

[GA]

“(3) A ministerial pension shall be at the following rates, that is to say:

[GA]

so long as the pensionable service of the person entitled thereto is three years, three hundred pounds per annum,

[GA]

if and so long as such person's pensionable service is four years, three hundred and fifty pounds per annum,

[GA]

if and so long as such person's pensionable service is five years, four hundred and fifty pounds per annum,

[GA]

if and so long as such person's pensionable service is six years, five hundred and fifty pounds per annum,

[GA]

if and so long as such person's pensionable service is seven years, six hundred and fifty pounds per annum,

[GA]

in case such person's pensionable service is eight or more years, seven hundred and fifty pounds per annum.”

[GA]

Amendment of section 16 of Principal Act.

16.—The following subsection is hereby substituted for subsection (3) of section 16 of the Principal Act:

[GA]

“(3) A secretarial pension shall be at the following rates, that is to say:

[GA]

so long as the pensionable service of the person entitled thereto is three years, two hundred and fifty pounds per annum,

[GA]

if and so long as such person's pensionable service is four years, three hundred pounds per annum,

[GA]

if and so long as such person's pensionable service, is five years, three hundred and fifty pounds per annum,

[GA]

if and so long as such person's pensionable service is six years, four hundred pounds per annum,

[GA]

if and so long as such person's pensionable service is seven years, four hundred and fifty pounds per annum,

[GA]

in case such person's pensionable service is eight or more years, five hundred pounds per annum.”

[GA]

Amendment of section 18 of Principal Act.

17.—The following paragraph is hereby substituted for paragraph (b) of section 18 of the Principal Act:

[GA]

“(b) either—

[GA]

(i) where there is in Dáil Éireann one qualified Party within the meaning of Part III of this Act and not more, the Leader of that Party, or

[GA]

(ii) where there are in Dáil Éireann two or more qualified Parties within that meaning and not more, the Leader of that one of those Parties which is of the greater numerical strength in Dáil Éireann, or

[GA]

(iii) where there are in Dáil Éireann three or more such qualified Parties, the Leader of that one of those Parties which is of the greatest numerical strength in Dáil Éireann,

[GA]

or a person nominated by such Leader,”.

[GA]

Amendment of section 23 of Principal Act.

18.—(1) The following subsection is hereby substituted for subsections (1) and (2) of section 23 of the Principal Act:

[GA]

“(1) Where—

[GA]

(a) a person to whom a pension under Part IV is for the time being payable is in receipt of any payment out of public moneys, and

[GA]

(b) the aggregate of the annual amount of the pension and the annual amount of the payment out of public moneys exceeds one thousand pounds,

[GA]

the annual amount of the pension under Part IV shall be reduced by the amount of the said excess.”

[GA]

(2) Subsection (3) of section 23 of the Principal Act is hereby amended by the addition at the end of the definition of “payment out of public moneys” of the following word and paragraph:

[GA]

“or

[GA]

(g) an allowance under the Oireachtas (Allowances to Members) Act, 1938 (No. 34 of 1938).”

[GA]

Repeal.

19.—The Ministerial and Parliamentary Offices (Amendment) Act, 1947, is hereby repealed.