Off On Dualscroll

Help

Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.

[GA]

harp.jpg


Number 13 of 1987


[GA]

EXPORT PROMOTION (AMENDMENT) ACT, 1987


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Interpretation.

2.

Licensing of Special Trading Houses.

3.

Increase of non-repayable grants to Córas Tráchtála.

4.

Short title, construction and collective citation.


Acts Referred to

Export Promotion Act, 1959

1959, No. 2

Export Promotion (Amendment) Act, 1963

1963, No. 2

Export Promotion Acts, 1959 to 1983

Finance Act, 1980

1980, No. 14

Finance Act, 1987

1987, No. 10

harp.jpg


Number 13 of 1987


EXPORT PROMOTION (AMENDMENT) ACT, 1987


AN ACT TO ENABLE THE MINISTER FOR INDUSTRY AND COMMERCE TO ISSUE LICENCES TO SPECIAL TRADING HOUSES AND TO AMEND AND EXTEND THE EXPORT PROMOTION ACTS, 1959 TO 1983. [18th July, 1987] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS AS FOLLOWS: [GA]

Interpretation.

1.—In this Act—

[GA]

export goods” and “Special Trading House” have the meanings assigned to them, respectively, in subsection (ICC2) (inserted by the Finance Act, 1987) of section 39 of the Finance Act, 1980;

[GA]

the Minister” means the Minister for Industry and Commerce.

[GA]

Licensing of Special Trading Houses.

2.—(1) Subject to the provisions of this section, the Minister may grant a licence in respect of a Special Trading House.

[GA]

(2) Every application for a licence in respect of a Special Trading House shall be in such form as may be approved of by the Minister.

[GA]

(3) The Minister may require an applicant for a licence in respect of a Special Trading House to furnish to him, within such time as may be specified, such further information in relation to the application as the Minister considers to be necessary or desirable.

[GA]

(4) If an applicant for a licence in respect of a Special Trading House fails or refuses, within the time specified, to furnish the Minister with such further information as the Minister may, pursuant to subsection (3) of this section, require, the Minister shall not consider the application.

[GA]

(5) The Minister shall not grant a licence in respect of a Special Trading House unless he is satisfied that the applicant for the licence has the structure, organisation and marketing ability to undertake successfully the sale of export goods.

[GA]

(6) Whenever the Minister decides to refuse an application for the grant of a licence in respect of a Special Trading House, he shall, by notice in writing, notify the applicant for the licence of his decision and of the reasons therefor.

[GA]

(7) Whenever the Minister refuses to grant a licence in respect of a Special Trading House, the applicant for the licence, may, within28 days after the service of the notice under subsection (6) of this section, appeal to the Circuit Court against such refusal and the decision of the Circuit Court on an appeal under this subsection shall be final save that, by leave of that Court, an appeal shall lie to the Supreme Court on a point of law.

[GA]

Increase of non-repayable grants to Córas Tráchtála.

3.—The aggregate amount of the sums which the Minister for Industry and Commerce, with the consent of the Minister for Finance, may pay to Córas Tráchtála for the purpose of enabling it to exercise or perform its functions (excluding any sum paid to it under section 4 of the Export Promotion (Amendment) Act, 1963) shall not exceed £260,000,000 and, accordingly, section 16 (1) of the Export Promotion Act, 1959, shall be construed as if that sum were substituted for the sum mentioned therein.

[GA]

Short title, construction and collective citation.

4.—(1) This Act may be cited as the Export Promotion (Amendment) Act, 1987.

[GA]

(2) This Act and the Export Promotion Acts, 1959 to 1983, shall be construed as one Act.

[GA]

(3) The Export Promotion Acts, 1959 to 1983, and this Act may be cited together as the Export Promotion Acts, 1959 to 1987.

[EN]

harp.jpg


Uimhir 13 de 1987


[EN]

AN tACHT UM ONNMHAIRIÚ A SPREAGADH (LEASÚ), 1987


RIAR NA nALT

Alt

1.

Léiriú.

2.

Tithe Trádála Speisialta a cheadúnú.

3.

Méadú ar dheontais neamh-inaisíoctha do Chóras Tráchtála.

4.

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959

1959, Uimh. 20

An tAcht um Onnmhairiú a Spreagadh (Leasú), 1963

1963, Uimh. 20

Na hAchtanna um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 go 1983

An tAcht Airgeadais, 1980

1980, Uimh 14

An tAcht Airgeadais, 1987

1987, Uimh. 10

harp.jpg


Uimhir 13 de 1987


AN tACHT UM ONNMHAIRIÚ A SPREAGADH (LEASÚ), 1987

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DÁ CHUMASÚ DON AIRE TIONSCAIL AGUS TRÁCH-TÁLA CEADÚNAIS A EISIÚINT CHUIG TITHE TRÁD-ÁLA SPEISIALTA AGUS DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHTANNA UM ONNMHAIRIÚ A SPREAGADH, 1959 GO 1983. [18 Iúil, 1987] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

Léiriú.

1.—San Acht seo—

[EN]

tá le “earraí onnmhairiúcháin” agus le “Teach Trádála Speisialta” na bríonna a shanntar dóibh, faoi seach, i bhfo-alt (ICC2) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1987) d'alt 39 den Acht Airgeadais, 1980;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Tionscail agus Tráchtála.

[EN]

Tithe Trádála Speisialta a cheadúnú.

2.—(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, féadfaidh an tAire ceadúnas a thabhairt maidir le Teach Trádála Speisialta.

[EN]

(2) Beidh gach iarratas ar cheadúnas maidir le Teach Trádála Speisialta i cibé foirm a cheadóidh an tAire.

[EN]

(3) Féadfaidh an tAire a cheangal ar iarratasóir ar cheadúnas maidir le Teach Trádála Speisialta cibé faisnéis bhreise i ndáil leis an iarratas a mheasfaidh an tAire a bheith riachtanach nó inmhianaithe, a thabhairt dó laistigh de cibé tráth a shonrófar.

[EN]

(4) Má mhainníonn nó má dhiúltaíonn iarratasóir ar cheadúnas maidir le Teach Trádála Speisialta, laistigh den tráth a bheidh sonraithe, cibé faisnéis bhreise a éileoidh an tAire de bhun fho-alt (3) den alt seo a thabhairt don Aire, ní bhreithneoidh an tAire an t-iarratas.

[EN]

(5) Ní thabharfaidh an tAire ceadúnas maidir le Teach Trádála Speisialta mura deimhin leis go mbeidh an déanmhas, an eagraíocht agus an cumas margaíochta ag an iarratasóir ar an gceadúnas chun díol earraí onnmhairiúcháin a ghabháil de láimh go héifeachtúil.

[EN]

(6) Aon uair a chinnfidh an tAire diúltú d'iarratas ar cheadúnas a thabhairt maidir le Teach Trádála Speisialta, déanfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn, a chinneadh agus na fáthanna a bhí leis a chur in iúl don iarratasóir ar an gceadúnas.

[EN]

(7) Aon uair a dhiúltóidh an tAire ceadúnas a thabhairt maidir le Teach Trádála Speisialta, féadfaidh an t-iarratasóir ar an gceadúnas, laistigh de 28 lá tar éis an fógra a sheirbheáil faoi fho-alt (6) den alt seo, achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Cuarda in aghaidh an diúltaithe sin agus is cinneadh críochnaitheach cinneadh na Cúirte Cuarda ar achomharc faoin bhfo-alt seo ach amháin go mbeidh, le cead na Cúirte sin, ábhar achomhairc ann chun na Cúirte Uachtaraí ar phonc dlí.

[EN]

Méadú ar dheontais neamh-inaisíoctha do Chóras Tráchtála.

3.—Ní mó ná £260,000,000 comhiomlán na suimeanna a fhéadfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála, le toiliú an Aire Airgeadais, a íoc le Córas Tráchtála chun a chumasú do Chóras Tráchtála a fheidhmeanna a fheidhmiú nó a chomhlíonadh (gan aon suim a íocadh le Córas Tráchtála faoi alt 4 den Acht um Onnmhairiú a Spreagadh (Leasú), 1963 a áireamh), agus, dá réir sin, forléireofar alt 16 (1) den Acht um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959, ionann is dá gcuirfí an tsuim sin in ionad na suime atá luaite ann.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.

4.—(1) Féadfar an tAcht um Onnmhairiú a Spreagadh (Leasú), 1987, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Déanfar an tAcht seo agus na hAchtanna um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 go 1983, a fhorléiriú mar aon Acht amháin.

[EN]

(3) Féadfar na hAchtanna um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 go 1987, a ghairm de na hAchtanna um Onnmhairiú a Spreagadh, 1959 go 1983, agus den Acht seo le chéile.