[EN]

Uimhir 14 de 1980


[EN]

AN tACHT AIRGEADAIS, 1980

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO MHUIREARÚ AGUS D'FHORCHUR DLEACHT-ANNA ÁIRITHE CUSTAM AGUS IONCAIM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL), DO LEASÚ AN DLÍ A BHAIN-EANN LE CUSTAIM AGUS IONCAM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL) AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH FORÁLACHA I dTAOBH AIRGEADAIS. [25 Meitheamh, 1980] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:

CUID I

Cáin Ioncaim, Forcháin, Cáin Acmhainne, Cáin Chorparáide agus Cáin Ghnóchan CAIPITIÚIL

Caibidil I

Cáin Ioncaim

[EN]

Díolúine ó cháin ioncaim.

1.—(1) Más rud é, maidir leis an mbliain 1980-81, nó aon bhliain mheasúnachta dá éis sin—

[EN]

(a) go ndéanfaidh pearsa aonair éileamh chuige sin, go dtabharfaidh sé tuairisceán san fhoirm fhorordaithe ar a ioncam iomlán don bhliain sin agus go gcruthóidh sé nach mó é ná an méid sonraithe, beidh teideal aige chun díolúine ó cháin ioncaim, nó

[EN]

(b) go ndéanfaidh pearsa aonair éileamh chuige sin, go dtabharfaidh sé tuairisceán san fhoirm fhorordaithe ar a ioncam iomlán don bhliain sin agus go gcruthóidh sé nach mó é ná £5,000, beidh teideal aige go ndéanfaí an méid cánach ioncaim is iníoctha i leith a ioncaim iomláin don bhliain sin dá mba mhó an méid sin, mura mbeadh forálacha an fho-ailt seo, ná suim is ionann agus 60 faoin gcéad den mhéid ar mó a ioncam iomlán ná an méid sonraithe, a laghdú go dtí an tsuim sin.

[EN]

(2) San alt seo ciallaíonn “an méid sonraithe”—

[EN]

(a) i gcás ina mbeadh teideal ag an bpearsa aonair, ar leith ón alt seo, chun asbhainte a shonraítear in alt 138 (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, £3,400, agus

[EN]

(b) in aon chás eile, £1,700.

[EN]

Díolúine aoise.

2.—(1) Baineann an t-alt seo, don bhliain 1980-81 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, le pearsa aonair a dhéanfaidh éileamh chuige sin, a thabharfaidh tuairisceán san fhoirm fhorordaithe ar a ioncam iomlán don bhliain sin agus a chruthóidh go raibh sé féin nó, i gcás a mbeadh an phearsa aonair, ar leith ón alt seo, i dteideal asbhainte a shonraítear in alt 138 (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a chéile, tráth éigin i rith na bliana measúnachta, cúig bliana is seasca d'aois nó os a chionn.

[EN]

(2) I gcás ina gcruthóidh pearsa aonair lena mbaineann an t-alt seo nach mó a ioncam iomlán do bhliain mheasúnachta lena mbaineann an t-alt seo ná an méid sonraithe, beidh teideal aige chun díolúine ó cháin ioncaim don bhliain sin.

[EN]

(3) I gcás ina gcruthóidh pearsa aonair lena mbaineann an t-alt seo nach mó ná £10,000 a ioncam iomlán do bhliain mheasúnachta lena mbaineann an t-alt seo, beidh teideal aige go ndéanfaí an méid cánach ioncaim is iníoctha i leith a ioncaim iomláin don bhliain sin, dá mba mhó an méid sin, mura mbeadh forálacha an fho-ailt seo, ná suim is ionann agus 60 faoin gcéad den mhéid ar mó a ioncam iomlán ná an méid sonraithe, a laghdú go dtí an tsuim sin.

[EN]

(4) Beidh feidhm i ndáil le díolúine ó cháin, nó le haon laghdú ar cháin, faoin alt seo nó faoi alt 1 ag na forálacha sin go léir de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhfuil feidhm acu i ndáil leis na hasbhaintí a shonraítear in ailt 138 go 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

[EN]

(5) Ní bheidh feidhm ná éifeacht le halt 7 den Acht Airgeadais, 1977, i ndáil leis an mbliain 1980-81 ná le haon bhliain mheasúnachta dá éis sin.

[EN]

(6) San alt seo ciallaíonn “an méid sonraithe”—

[EN]

(a) i gcás ina mbeadh teideal ag an bpearsa aonair, ar leith ón alt seo, chun asbhainte a shonraítear i mír (a) den alt sin 138, £4,000:

[EN]

Ar choinníoll, má bhí an phearsa aonair nó a chéile cúig bliana is seachtó d'aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, go gciallaíonn “an méid sonraithe” £5,000;

[EN]

(b) in aon chás eile, £2,000:

[EN]

Ar choinníoll, má bhí an phearsa aonair cúig bliana is seachtó d'aois nó os a chionn tráth ar bith i rith na bliana measúnachta, go gciallaíonn “an méid sonraithe” £2,500.

[EN]

(7) San alt seo agus in alt 1 tá le “ioncam iomlán” an bhrí chéanna atá leis in alt 1 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ach folaíonn sé ioncam a eascraíonn lasmuigh den Stát nach bhfuil inchurtha faoi cháin.

[EN]

Leasú ar Chuid VI (idirdhealú agus céimniú cánach trí fhaoisimh) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

3.—Maidir leis an mbliain 1980-81 agus blianta measúnachta dá éis sin, leasaítear leis seo Cuid VI den Acht Cánach Ioncaim, 1967, trí na hailt seo a leanas a chur in ionad ailt 138 agus 138A:

[EN]“Liúntais phearsanta.

138.—Is iad na hasbhaintí a shonraítear san alt seo chun méid ioncaim inchánach (de réir bhrí alt 137) pearsan aonair do bhliain mheasúnachta a fhionnadh—

[EN]

(a) i gcás ar fearchéile an t-éilitheoir—

[EN]

(i) a mheasúnaítear i leith cánach don bhliain mheasúnachta de réir fhorálacha alt 194, nó

[EN]

(ii) a chruthóidh nach gcónaíonn a bhanchéile leis ach go bhfuil sí á cothabháil go hiomlán nó go formhór aige don bhliain mheasúnachta agus nach bhfuil sé i dteideal, le linn a ioncam a ríomh chun críocha cánach don bhliain sin, aon asbhaint a dhéanamh i leith na suimeanna a d'íoc sé chun a bhanchéile a chothabháil,

[EN]

asbhaint £2,230:

[EN]

Ar choinníoll, dá mbeadh an fearchéile i dteideal, mura mbeadh an coinníoll seo, asbhaint £2,230 faoin bhforáil sin roimhe seo, go mbeidh teideal aige, má chruthaíonn sé gur sa bhliain mheasúnachta sin a pósadh é, chun asbhaint £2,345 in ionad asbhaint £2,230,

[EN]

(b) i gcás arb éard é an t-éilitheoir sa bhliain mheasúnachta—

[EN]

(i) baintreach fir nó mná, asbhaint £1,185, nó

[EN]

(ii) baintreach mná ar sa bhliain mheasúnachta sin a d'éag a fearchéile, asbhaint £2,230, agus

[EN]

(c) in aon chás eile, asbhaint £1,115.

[EN]Liúntas breise do bhaintreacha agus do dhaoine eile maidir le leanaí.

138A.—Má chruthaíonn an t-éilitheoir maidir le haon bhliain mheasúnachta—

[EN]

(a) gur duine é nach bhfuil teideal aige chun asbhainte a luaitear i mír (a) nó i mír (b) (ii) d'alt 138, agus

[EN]

(b) go bhfuil teideal aige, don bhliain mheasúnachta sin, chun asbhainte faoi alt 141 maidir le leanbh a chónaíonn leis,

[EN]

beidh sé i dteideal asbhaint £500:

[EN]

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an alt seo maidir le haon bhliain mheasúnachta i gcás fearchéile nó banchéile má chónaíonn an banchéile lena fearchéile.

[EN]Liúntas fostaí.

138B.—(1) Más rud é, maidir le haon bhliain mheasúnachta, go gcruthóidh an t-éilitheoir gur díolaíochtaí a ioncam iomlán don bhliain nó gur cuid den ioncam sin díolaíochtaí (lena n-áiritear, i gcás ar fearchéile an t-éilitheoir a mheasúnaítear i leith cánach de réir fhorálacha alt 194, aon díolaíochtaí de chuid a bhanchéile a meastar leis an alt sin gur ioncam dá chuidsean iad chun na gcríocha dá dtagraítear san alt sin)—

[EN]

(a) déanfar asbhaint £400 as an méid sin, más ann, de na díolaíochtaí (ach, i gcás ar fearchéile an t-éilitheoir a mheasúnaítear mar a dúradh, gan díolaíochtaí, más ann, de chuid a bhanchéile a áireamh) a eascraíonn chuig an éilitheoir, agus

[EN]

(b) i gcás ar fearchéile an t-éilitheoir a mheasúnaítear mar a dúradh, déanfar asbhaint £400 as an méid sin, más ann, de na díolaíochtaí a eascraíonn chuig a bhanchéile.

[EN]

(2) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “díolaíochtaí” díolaíochtaí lena mbaineann Caibidil IV de Chuid V, nó a gcuirtear an Chaibidil sin IV i mbaint leo, ach ní fholaíonn sé—

[EN]

(a) díolaíochtaí a íocadh, go díreach nó go neamhdhíreach, ag comhlacht corpraithe (nó ag aon duine a measfaí baint a bheith aige le comhlacht corpraithe chun críocha Chuid IV den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968) le stiúrthóir dílseánach an chomhlachta chorpraithe nó le céile stiúrthóra dhílseánaigh den sórt sin nó le leanbh dá chuid, agus

[EN]

(b) díolaíochtaí a íocadh, go díreach nó go neamhdhíreach, ag pearsa aonair (nó ag comhpháirtíocht ar páirtí inti an phearsa aonair) le céile na pearsan aonair nó le leanbh dá chuid;

tá le “stiúrthóir dílseánach” an bhrí a shanntar dó le halt 226 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.”.

[EN]

Faoisimh phearsanta.

4.—(1) I gcás ina mbeidh asbhaint le déanamh as ioncam iomlán pearsan aonair don bhliain 1980-81 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin i leith faoiseamh a mbeidh an phearsa aonair ina theideal faoi fhoráil a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo agus gur mhéid a shonraítear i gcolún (2) den Tábla sin méid na hasbhainte mura mbeadh an t-alt seo, is é méid na hasbhainte, in ionad an mhéid a shonraítear sa cholún sin (2), an méid a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin os coinne lua an mhéid sin sa cholún sin (2).

AN TÁBLA

An fhoráil reachtúil

An méid a bheidh le baint as ioncam iomlán do 1979-80

An méid a bheidh le baint as ioncam iomlán do 1980-81 agus do bhlianta dá éis sin.

(1)

(2)

(3)

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967:

alt 138A

£

£

(liúntas breise do bhaintreacha agus do dhaoine eile maidir le leanaí)

250

500

alt 141

 

 

(leanbh)

...

...

...

218

195

(leanbh éagumasaithe)

320

390

An tAcht Airgeadais, 1969:

 

 

alt 3

 

 

(bean tí ag tabhairt aire do

 

 

dhuine éagumasaithe)

...

165

330

An tAcht Airgeadais, 1971:

 

 

alt 11

 

 

(dall)

...

...

...

165

330

(an dá chéile dall)

...

330

660

[EN]

(2) Beidh éifeacht le halt 6 den Acht Airgeadais, 1974, agus le halt 3 den Acht Airgeadais, 1979, faoi réir fhorálacha an ailt seo.

[EN]

(3) Beidh éifeacht le Cuid I den Chéad Sceideal chun fo-alt (1) a fhorlíonadh.

[EN]

Leasú ar na forálacha a bhaineann le faoiseamh do dhaill.

5.—Leasaítear leis seo alt 11 den Acht Airgeadais, 1971

[EN]

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2) agus (3):

[EN]

“(2) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, aon phearsa aonair a dhéanfaidh éileamh chuige sin, a thabharfaidh tuairisceán san fhoirm fhorordaithe ar a ioncam iomlán agus a chruthóidh, sa tslí a fhorordaítear leis na hAchtanna Cánach Ioncaim—

[EN]

(a) gur dhall é an bhliain mheasúnachta go léir nó aon chuid di, nó

[EN]

(b) go measúnaítear é i leith cánach don bhliain de réir fhorálacha alt 194 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus gur dhall a bhanchéile an bhliain go léir nó aon chuid di,

[EN]

beidh sé, le linn méid a ioncaim inchánach a bheith á ríomh, i dteideal go ndéanfaí asbhaint £330 as a ioncam iomlán:

[EN]

Ar choinníoll, i gcás ina mbeidh feidhm ag mír (b) agus go gcruthóidh an t-éilitheoir thairis sin gur dhall é an bhliain sin go léir nó aon chuid di, go mbeidh sé i dteideal asbhaint £660 in ionad asbhaint £330.”,

[EN]

agus

(b) trí fho-ailt (6) agus (8) a scriosadh.

[EN]

Faoiseamh i leith préimheanna árachais saoil agus íocaíochtaí áirithe eile.

6.—(1) Leasaítear leis seo alt 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967:

[EN]

(a) trí “a chéile” a chur in ionad “a bhanchéile” i mír (b) d'fho-alt (2),

[EN]

(b) trí “, i gcás ina measúnaítear an fearchéile i leith cánach de réir fhorálacha alt 194,” a chur isteach i ndiaidh “an asbhaint chéanna” i bhfo-alt (6),

[EN]

agus tá an mhír sin (b) agus an fo-alt sin (6), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(b) gur ar shaol an éilitheora nó ar shaol a chéile atá an t-árachas, nó, cibé acu é, an bhlianacht iarchurtha, tógtha amach; agus

[EN]

(6) I gcás ina n-íocfaidh banchéile préimh as a hioncam féin ar leithligh i leith árachais ar a saol féin nó ar shaol a fearchéile, nó i leith conartha le haghaidh blianachta iarchurtha ar a saol féin nó ar shaol a fearchéile, déanfar an asbhaint chéanna, i gcás ina measúnaítear an fearchéile i leith cánach de réir fhorálacha alt 194, agus dhéanfaí dá mba é a bhí sa phréimh, préimh a d'íoc a fearchéile i leith árachais ar a shaol féin nó i leith conartha le haghaidh blianachta iarchurtha ar a shaol féin, agus beidh éifeacht dá réir sin ag an alt seo.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 152 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur leis:

[EN]

“Ar choinníoll freisin, i gcás ar fearchéile an t-éilitheoir a mheasúnaítear i leith cánach de réir fhorálacha alt 194, go mbeidh éifeacht leis an bhfo-alt seo ionann is dá gcuirfí ‘£2,000’ in ionad ‘£1,000’.”.

[EN]

Leasú ar na forálacha a bhaineann le faoiseamh i leith úis.

7.—(1) Leasaítear leis seo alt 496 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

[EN]

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

[EN]

“(2A) I ndáil le haon ús a íocfar i leith aon tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis, d'ainneoin fhorálacha fho-alt (1), ní dhéanfar aon aisíoc cánach faoin alt seo in aghaidh aon bhliain mheasúnachta—

[EN]

(a) i gcás fearchéile, a mheasúnaítear i leith cánach don bhliain mheasúnachta de réir fhorálacha alt 194, ar bhreis an úis ar £4,800,

[EN]

(b) i gcás baintreach fir nó mná, ar bhreis an úis ar £3,500, nó

[EN]

(c) in aon chás eile, ar bhreis an úis ar £2,400.”;

[EN]

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

[EN]

“(3A) I gcás, maidir le hús a íocadh i leith aon tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis, ina n-éileoidh duine faoiseamh de bhua breis agus foráil amháin díobh seo a leanas, is é sin le rá, an t-alt seo, alt 76 (1) (c) agus mír 1 (2) de Chuid III de Sceideal 6, ní thabharfar faoiseamh don duine sin i leith na coda (más ann) de mhéid comhiomlán an úis a d'íoc sé is mó ná an méid iomchuí a shonraítear i bhfo-alt (2A) i ndáil leis an mbliain mheasúnachta 1980-81 agus blianta measúnachta dá éis sin.”:

[EN]

agus

[EN]

(c) i bhfo-alt (4), trí “fho-ailt (2) agus (2A)” a chur in ionad “fho-ailt (2)”.

[EN]

(2) Maidir le hús bliantúil i leith aon tréimhse dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis, ní bheidh feidhm ag alt 76 (1) (c) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ná ag mír 1 (2) de Chuid III de Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht sin, d'aon bhliain mheasúnachta—

[EN]

(a) i gcás fearchéile a mheasúnaítear i leith cánach don bhliain mheasúnachta sin de réir fhorálacha alt 194 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, maidir le breis an úis ar an méid a shonraítear i mír (a) d'alt 496 (2A) den Acht sin,

[EN]

(b) i gcás baintreach fir nó mná, maidir le breis an úis ar an méid a shonraítear i mír (b) den alt sin 496 (2A), nó

[EN]

(c) in aon chás eile, maidir le breis an úis ar an méid a shonraítear i mír (c) den alt sin 496 (2A).

[EN]

(3)  (a) Leasaítear leis seo alt 38 den Acht Airgeadais, 1974

[EN]

(i) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

[EN]

“(1) Maidir le daoine bainteacha, glacfar gurb é atá sa tagairt in alt 496 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus in ailt 44 agus 52 d'aon suim, tagairt i gcás gach duine den sórt sin, don chomhréir den tsuim sin atá idir an t-ús a d'íoc an duine sin agus comhiomlán an úis a d'íoc na daoine bainteacha go léir.”

[EN]

agus

[EN]

(ii) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad “1968.” i bhfo-alt (2):

[EN]

“1968:

[EN]

Ar choinníoll, i gcás ina measúnaítear fearchéile agus banchéile i leith cánach ioncaim do bhliain mheasúnachta de réir fhorálacha alt 193 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nach daoine bainteacha iad chun críocha an fho-ailt seo don bhliain mheasúnachta sin.”.

[EN]

(b) Beidh éifeacht le halt 9 den Acht Airgeadais, 1979, don bhliain 1980-81 agus do bhlianta measúnachta dá éis sin ionann is dá scriosfaí mír (b) sa Tábla.

[EN]

(4) Leasaítear leis seo alt 10 den Acht Airgeadais, 1979, maidir leis an mbliain 1980-81 agus le blianta measúnachta dá éis sin, tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “A” i bhfo-alt (2):

[EN]

“arb é A—

[EN]

(i)  i gcás fearchéile a mheasúnaítear i leith cánach de réir fhorálacha alt 194 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, £4,800,

[EN]

(ii)  i gcás baintreach fir nó mná, £3,500, nó

[EN]

(iii) in aon chás eile, £2,400.”.

[EN]

Cáin ioncaim a mhuirearú don bhliain 1980-81 agus blianta dá éis sin.

8.—I gcás inar pearsa aonair (seachas pearsa aonair a bheidh ag gníomhú i gcáil mhuiníneach nó ionadaíoch) duine ar a muirearófar cáin ioncaim don bhliain 1980-81 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, déanfar, d'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach Ioncaim ach faoi réir alt 5 (3) den Acht Airgeadais, 1974, cáin a mhuirearú air ar a ioncam inchánach—

[EN]

(a) i gcás ina measúnaítear é i leith cánach seachas de réir fhorálacha alt 194 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, de réir na rátaí a shonraítear i gCuid I den Tábla a ghabhann leis an alt seo, nó

[EN]

(b) i gcás ina measúnaítear é i leith cánach de réir fhorálacha alt 194, de réir na rátaí a shonraítear i gCuid II den Tábla sin,

[EN]

agus tabharfar, faoi seach,

[EN]

(i) ar gach ceann den chéad dá ráta i ngach Cuid den Tábla sin, agus

[EN]

(ii) ar na rátaí eile i ngach Cuid den Tábla sin an tuairisc a shonraítear i gcolún (3), i ngach Cuid den Tábla os coinne lua an ráta nó na rátaí, de réir mar bheidh, i gcolún (2) den Chuid sin.

[EN]

AN TÁBLA

[EN]

CUID I

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad £1,000

...

...

...

25 faoin gcéad

an ráta laghdaithe

An chéad £4,000 eile

...

...

35 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An chéad £2,000 eile

...

...

45 faoin gcéad

na hard-rátaí

An chéad £2,000 eile

...

...

55 faoin gcéad

An fuílleach

...

...

...

60 faoin gcéad

[EN]

CUID II

An chuid den ioncam inchánach

An ráta cánach

Tuairisc an ráta

(1)

(2)

(3)

An chéad £2,000

...

...

...

25 faoin gcéad

an ráta laghdaithe

An chéad £8,000 eile

...

...

35 faoin gcéad

an ráta caighdeánach

An chéad £4,000 eile

...

...

45 faoin gcéad

na hard-rátaí

An chéad £4,000 eile

...

...

55 faoin gcéad

An fuílleach

...

...

...

60 faoin gcéad

[EN]

Leasú ar alt 3 (“na hAchtanna Cánach Ioncaim”) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

9.—Leasaítear leis seo alt 3 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, trí “San Acht seo agus in achtachán ar bith” a chur in ionad “In achtachán ar bith” agus tá an t-alt sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

3. San Acht seo agus in achtachán ar bith a rithfear tar éis an Achta seo ciallóidh “na hAchtanna Cánach Ioncaim” an tAcht seo agus gach achtachán eile a bhaineann le cáin ioncaim.

[EN]

Leasú ar alt 115 (díolúintí agus faoisimh i leith cánach ar íocaíochtaí áirithe ar dhuine d'éirí, nó a dhíchur, as oifig nó fostaíocht) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

10.—(1) Leasaítear leis seo alt 115 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

[EN]

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionád fho-alt (2):

[EN]

“(2) Ní mhuirearófar cáin de bhua alt 114 i leith íocaíochta i leith oifige nó fostaíochta inar fholaigh seirbhís an tsealbhóra seirbhís choigríche má b’éard í an tseirbhís choigríche—

[EN]

(a) in aon chás, trí cheathrú cuid den tréimhse iomlán seirbhíse anuas go dtí an dáta iomchuí, nó

[EN]

(b) i gcás inar mhó ná deich mbliana an tréimhse seirbhíse anuas go dtí an dáta iomchuí, iomlán na ndeich mbliana deiridh, nó

[EN]

(c) i gcás inar mhó ná fiche bliain an tréimhse seirbhíse anuas go dtí an dáta iomchuí, leath na tréimhse sin lena n-áirítear aon deich gcinn den fhiche bliain deiridh.”,

[EN]

(b) trí “£,6000” a chur in ionad “£3,000” sa dá áit ina bhfuil sé i bhfo-alt (3),

[EN]

(c) trí “, ‘íocaíocht chúitimh mar gheall ar chailliúint oifige”’ i bhfo-alt (7) a scriosadh,

[EN]

agus tá na fo-ailt sin (3) agus (7), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

[EN]

(2) Cuirfear an Sceideal atá leagtha amach i gCuid II den Chéad Sceideal in ionad Sceideal 3 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967.

AN TÁBLA

(3) Ní mhuirearófar cáin de bhua alt 114 i leith íocaíocht nach mó ná £6,000, agus i gcás íocaíochta de bhreis ar an méid sin ní mhuirearófar í ach i leith na breise:

Ar choinníoll, i gcás ina ndéanfar dhá íocaíocht nó níos mó a mbeidh cáin inmhuirir ina leith de bhua an ailt seo, nó a mbeadh cáin inmhuirir ina leith ar leithligh ó na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo, leis an duine céanna nó i leith an duine chéanna i leith na hoifige nó na fostaíochta céanna, nó i leith oifigí nó fostaíochtaí éagsúla faoin bhfostóir céanna nó faoi fhostóirí comhpháirte, go mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo amhail agus dá mba aon íocaíocht amháin de mhéid ab ionann agus an méid comhiomlán sin na híocaíochtaí sin; agus go ndéanfar méid aon íocaíochta ar leith ar arb inmhuirir cáin a chinneadh mar a leanas, is é sin le rá—

(a) i gcás ina n-áireofar na híocaíochtaí mar ioncam do bhlianta measúnachta éagsúla, bainfear an tsuim sin £6,000 as íocaíocht a áirítear mar ioncam bliana roimhe sin i dtosaíocht ar aon íocaíocht a áiríodh mar ioncam bliana níos déanaí, agus

(b) faoi réir na nithe a dúradh, déanfar an tsuim sin a asbhaint go rátúil as na híocaíochtaí de réir a méideanna faoi seach.

(7) San alt seo tá le “an dáta iomchuí” agus “seirbhís choigríche” na bríonna céanna atá leo i Sceideal 3, agus folaíonn tagairtí d'fhostóir nó do dhuine a rialaíonn fostóir nó a rialaítear ag fostóir tagairtí dá chomharbaí.

[EN]

Leasú ar alt 336 (ceardchumainn) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

11.—Leasaítear leis seo alt 336 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, maidir leis an mbliain 1980-81 agus blianta measúnachta dá éis sin, trí “£2,000” a chur in ionad “£600” agus trí “£750” a chur in ionad “£450” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973), agus tá an t-alt sin (ar leith ón dara mír), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

336. Aon cheardchumann cláraithe atá coiscthe, le reacht nó ag a rialacha, ó shuim níos mó ná £2,000 mar shuim chomhlán, nó £750 sa bhliain ar mhodh blianachta, a árachú do dhuine ar bith, beidh sé i dteideal díolúine ó cháin faoi Sceideal C, D agus F i leith an úis agus na ndíbhinní dá chuid is infheidhmithe agus a fheidhmítear chun críche sochair choigiltis agus chuige sin amháin.

[EN]

Leasú ar alt 340 (pinsin mhíleata, agus pinsin, aiscí agus liúntais eile) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

12.—Leasaítear leis seo alt 340 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (f):

[EN]

“(ff) pinsean nó liúntas is iníoctha faoi aon cheann de na hAchtanna seo a leanas:

[EN]

Acht na bPinsean Seirbhíse Mileata, 1924

[EN]

Acht na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1934

[EN]

An tAcht um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936

[EN]

An tAcht Arm-Phinsean, 1971, arna leathnú le halt 11 den Acht Arm-Phinsean, 1973.”.

[EN]

Leasú ar alt 344 (díolúine i leith úis ar thaiscí áirithe) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

13.—Maidir leis an mbliain 1980-81 agus blianta measúnachta dá éis sin, leasaítear leis seo alt 344 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):

[EN]

“(1) Má bhíonn, nó más rud é go mbeadh mura mbeadh an t-alt seo, ar áireamh ioncam iomlán pearsan aonair don bhliain mheasúnachta, aon suimeanna (dá ngairtear ‘na suimeanna sin’ san alt seo) a íocadh nó a creidiúnaíodh i leith úis—

[EN]

(a) ar airgead a taisceadh i mbanc taisce iontaobhais nó i mBanc Taisce an Phoist, nó

[EN]

(b) ar airgead a taisceadh in aon cheann de na bainc thráchtála,

[EN]

déanfar neamhshuim de na suimeanna sin chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim mura mó, nó sa mhéid nach mó, na suimeanna sin—

[EN]

(i) i gcás suimeanna in ionannas úis ar thaiscí a luaitear i mír (a), ná £150, nó

[EN]

(ii) i gcás suimeanna in ionannas úis ar thaiscí a luaitear i mír (b), ná £70:

[EN]

Ar choinníoll nach mó ná £150 na suimeanna iomlána a ndéanfar neamhshuim díobh amhlaidh:

[EN]

Ar choinníoll freisin go mbeidh feidhm ag forálacha an Achta seo maidir le pearsa aonair do thabhairt tuairisceáin ar a ioncam iomlán ionann is dá mba nár achtaíodh an t-alt seo.

[EN]

(2) Chun críocha fho-alt (1), maidir leis an gceist ar mó nó cá mhéid is mó ná £150 nó £70, cibé acu é, na suimeanna sin, déanfar, i gcás ina measfar, de bhua alt 194, gur ioncam de chuid a fearchéile ioncam mná, í a chinneadh ar leithligh maidir leis an bpáirt dá ioncam is ioncam dá chuid de bhua an ailt sin agus an pháirt is ioncam dá chuid ar leith ón alt sin.”.

[EN]

Leasú ar alt 477 (am le cáin a íoc) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus ar alt 20 (ús ar cháin ioncaim agus ar fhorcháin i gcásanna calaoise nó faillí) den Acht Airgeadais, 1971.

14.—(1) Leasaítear leis seo alt 477 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, maidir leis an mbliain 1980-81 agus blianta measúnachta dá éis sin, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1), (2), (2A) agus (2B):

[EN]

“(1) Faoi réir fhorálacha an ailt seo, aon cháin a bheidh ar áireamh i measúnacht d'aon bhliain mheasúnachta beidh sí iníoctha an 1ú lá nó roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair an bhliain sin, ach amháin go measfar, i gcás cáin a bheidh ar áireamh i measúnacht d'aon bhliain mheasúnachta a dhéanfar an 1ú lá nó tar éis an 1ú lá de Dheireadh Fómhair an bhliain sin, go mbeidh an cháin sin dlite agus iníoctha an chéad lá tar éis an lae a dhéanfar an mheasúnacht.

[EN]

(2)  (a)  Baineann an fo-alt seo, maidir le measúnachtaí don bhliain 1980-81, le cáin is iomchuí do na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht de réir bhrí Chaibidil II den Acht Airgeadais, 1974, a bheidh in aon mheasúnacht den sórt sin a dhéanfar ar phearsa aonair seachas pearsa aonair lena mbaineann alt 16 den Acht sin.

[EN]

(b) Beidh cáin lena mbaineann an fo-alt seo, in ionad í a bheith iníoctha an 1ú lá nó roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1980, nó cibé dáta eile a shonraítear i bhfo-alt (1), iníoctha i dhá thráthchuid chomhionanna, an chéad tráthchuid an 1ú lá nó roimh an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1980, nó cibé dáta eile atá ráite agus an dara tráthchuid an 1ú lá nó roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1981, agus beidh feidhm ag forálacha an Achta seo i dtaobh gnóthú cánach maidir le gach tráthchuid den cháin mar atá feidhm acu maidir le méid iomlán na cánach:

[EN]

Ar choinníoll, i gcás nach ndéanfar an mheasúnacht go dtí tar éis an 1ú lá d'Eanáir, 1981, nach mbeidh éifeacht leis an bhfo-alt seo agus go mbeidh an cháin dlite agus iníoctha mar a fhoráiltear i bhfo-alt (1).”.

[EN]

(2) Beidh éifeacht le halt 20 (2) den Acht Airgeadais, 1971, i ndáil le haon mheasúnacht i leith cánach don bhliain 1980-81 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis sin ionann is dá gcuirfí “de Dheireadh Fómhair” in ionad “d'Eanáir”.

[EN]

Leasú ar alt 7 (faoiseamh in aghaidh caiteachais áirithe ar áitreabh cónaithe) den Acht Airgeadais, 1979.

15.—Beidh éifeacht le halt 7 den Acht Airgeadais, 1979, agus leis an Dara Sceideal a ghabhann leis an Achta sin, chun méid an ioncaim a fhionnadh a mbeidh cáin ioncaim le muirearú ar dhuine ina leith don bhliain 1980-81, ionann is dá ndéanfaí—

[EN]

(a) “1980-81” a chur in ionad “1979-80” i bhfo-alt (1) agus an coinníoll seo a leanas a chur leis an bhfo-alt sin,

[EN]

“Ar choinníoll freisin, i gcás ar fearchéile an t-éilitheoir a mheasúnaítear i leith cánach de réir fhorálacha alt 194 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, go mbeidh éifeacht leis an bhfo-alt seo ionann is dá gcuirfí ‘£900’ in ionad ‘£450’”, agus

[EN]

(b)  (i)  “an tréimhse dar thosach an 6ú lá d'Aibreán, 1980, agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1981” a chur in ionad “an tréimhse dar thosach an 6ú lá d'Aibreán, 1979, agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1980” sa mhíniú ar “tréimhse cháilitheach” i mír 1 den Sceideal sin, agus

[EN]

(ii) “1980-81” a chur in ionad “1979-80” i mír 4 (1) den Sceideal sin.

[EN]

Alt 11 (mar a dhéileálfar chun críocha cánach le sochair áirithe is iníoctha faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1979, agus faoi na hAchtanna Árachais (Breac-Dhífhostaíocht), 1942 go 1978) den Acht Airgeadais, 1979, do scor.

16.—Ní bheidh feidhm ná éifeacht le halt 11 den Acht Airgeadais, 1979, i ndáil leis an mbliain 1980-81 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis sin.

[EN]

Leasú ar fhorálacha a bhaineann le teorainneacha ama áirithe.

17.—(1) Beidh éifeacht le halt 296 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, maidir leis an mbliain 1980-81 agus blianta measúnachta dá éis sin ionann is dá gcuirfí “dhá bhliain ar a dhéanaí tar éis deireadh na bliana measúnachta” in ionad “bliain ar a dhéanaí tar éis deireadh na bliana measúnachta” sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (1).

[EN]

(2) Beidh éifeacht leis na forálacha a shonraítear i gCuid I den Tábla a ghabhann leis an alt seo, maidir leis an mbliain 1980-81 agus blianta measúnachta dá éis sin, ionann is dá gcuirfí “cheithre mhí is fiche” in ionad “dhá mhí dhéag” gach áit a bhfuil sé.

[EN]

(3) Beidh éifeacht leis na forálacha a shonraítear i gCuid II den Tábla a ghabhann leis an alt seo, maidir le tréimhse inmhuirearaithe dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis, ionann is dá gcuirfí “cheithre mhí is fiche” in ionad “dhá mhí dhéag” gach áit a bhfuil sé.

AN TÁBLA

CUID I

(a) Fo-ailt (3) agus (4) d'alt 58 (foras measúnachta, Cásanna I agus II de Sceideal D) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

(b) Fo-alt (7) (b) d'alt 72 (liúntais chaipitiúla agus muirir chothromaíochta i gcásanna comhpháirtíochta) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

(c) Mír (ii) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 77 (bonn measúnachta, Cás III de Sceideal D) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

CUID II

(a) Fo-alt (5) d'alt 241 (caitheamh agus cuimilt innealra, ghléasra, etc.,) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

(b) Fomhíreanna (i) agus (ii) d'fho-alt (3) (d) d'alt 244 (liúntas i leith taighde eolaíochta) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

(c) Fo-alt (4) d'alt 245 (liúntas i leith forbartha mianadóireachta) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

Caibidil II

Cánachas ar Dhaoine Pósta

[EN]

Leasú ar Chuid IX den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

18.—Maidir le measúnachtaí i leith cánach ioncaim don bhliain 1980-81 agus d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, leasaítear leis seo Cuid IX den Acht Cánach Ioncaim, 1967, tríd an gcaibidil seo a leanas a chur in ionad Chaibidil I:

[EN]

“Caibidil I

[EN]

Forálacha Speisialta maidir le Daoine Pósta

[EN]Léiriú (Caibidil I).

192.—(1) Chun críocha cánach ioncaim measfar banchéile a bheith ina cónaí lena fearchéile mura rud é—

[EN]

(a) go bhfuil siad idirscartha faoi ordú ó chúirt dlínse inniúla nó le gníomhas idirscartha, nó

[EN]

(b) go bhfuil siad idirscartha iarbhír in imthosca inar dóigh don idirscaradh a bheith buan.

[EN]

(2)  (a)  Sa Chaibidil seo folaíonn tagairtí d'ioncam banchéile tagairtí d'aon suim a bheadh, ar leith ón gCaibidil seo, le háireamh le linn a hioncam iomlán a bheith á ríomh, agus beidh éifeacht le forálacha na Caibidle seo i ndáil le haon suim den sórt sin d'ainneoin go gceanglaíonn achtachán éigin (lena n-áirítear, ach amháin a mhéid a fhoráiltear a mhalairt go sainráite, achtachán a rithfear tar éis an tAcht seo a rith) nach n-áireofaí an tsuim mar ioncam de chuid aon duine seachas ise.

[EN]

(b) Sna hAchtanna Cánach Ioncaim aon tagairt do dhuine a rinne rogha go cuí go ndéanfaí é a mheasúnú i leith cánach de réir fhorálacha ailt áirithe folaíonn sí tagairt do dhuine a mheastar a rinne rogha go ndéanfaí é a mheasúnú i leith cánach de réir fhorálacha an ailt sin agus aon tagairt d'fhearchéile a mheasúnaítear i leith cánach de réir fhorálacha alt 194 do bhliain mheasúnachta folaíonn sí tagairt do chás ina ndéantar é féin agus a bhanchéile a mheasúnú i leith cánach, don bhliain sin, de réir fhorálacha alt 197.

[EN]

(3) Sa Chaibidil seo ciallaíonn ‘an cigire’, i ndáil le fógra, aon chigire a bhféadfadh an duine a bheadh ag tabhairt an fhógra a mheas le réasún gur dóigh dó baint a bheith aige le hábhar an fhógra nó a dhearbhóidh go bhfuil sé ullamh ar an bhfógra a ghlacadh.

[EN]

(4) Aon fhógra a cheanglaítear a sheirbheáil faoi aon alt sa Chaibidil seo, féadfar é a sheirbheáil leis an bpost.

[EN]Measúnú mar dhaoine singile.

193.—In aon chás ina measfar banchéile a bheith ina cónaí lena fearchéile, déanfar cáin ioncaim a mheasúnú, a mhuirearú agus a ghnóthú, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis na hAchtanna Cánach Ioncaim, ar ioncam an fhearchéile agus ar ioncam an bhanchéile faoi is dá mbeadh siad gan a bheith pósta:

[EN]

Ar choinníoll, i gcás éifeacht a bheith le rogha faoi alt 195 i ndáil le fearchéile agus banchéile do bhliain mheasúnachta, nach mbeidh éifeacht leis an alt seo i ndáil leis an bhfearchéile sin agus leis an mbanchéile sin don bhliain mheasúnachta sin.

[EN]Measúnacht ar fhearchéile i leith ioncam an dá chéile.

194.—(1) Más rud é, i gcás fearchéile agus banchéile, go mbeidh éifeacht maidir le bliain mheasúnachta le rogha faoi alt 195 go measúnófaí i leith cánach iad de réir fhorálacha an ailt seo—

[EN]

(a) déanfar an fearchéile a mheasúnú agus a mhuirearú i leith cánach, ní amháin i leith a ioncam iomlán (más ann) don bhliain sin, ach freisin i leith ioncam iomlán a bhanchéile (más ann) d'aon chuid den bhliain mheasúnachta sin a mbeidh sí ina cónaí leis lena linn, agus, chun na críche sin agus chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, measfar gur ioncam dá chuidsean an t-ioncam deiridh sin a luadh;

[EN]

(b) ní dhéanfaidh forálacha an ailt seo difear don cheist i dtaobh cé acu a bheidh aon ioncam de chuid an bhanchéile inchurtha faoi cháin d'aon bhliain mheasúnachta agus, má bhíonn, cad a mheastar is méid dó chun críocha cánach; agus

[EN]

(c) aon cháin a bheidh le measúnú i leith aon ioncam a meastar, faoin alt seo, gur ioncam é de chuid fhearchéile mná, beidh sí, in ionad í a bheith inmheasúnaithe uirthise, nó ar a hiontaobhaithe, a caomhnóir nó a cúramaí, nó ar a seiceadóirí nó ar a riarthóirí, inmheasúnaithe airsean nó, sna cásanna iomchuí, ar a sheiceadóirí nó ar a riarthóirí.

[EN]

(2) Aon fhaoiseamh ó cháin ioncaim a údaraítear, le haon fhoráil de na hAchtanna Cánach Ioncaim, a dheonú d'fhearchéile faoi threoir ioncam nó brabúis nó gnóchain nó caillteanais a bhanchéile nó faoi threoir aon íocaíocht a rinne sí, ní dheonófar d'fhearchéile é maidir le bliain mheasúnachta ach amháin i gcás é a bheith measúnaithe i leith cánach don bhliain sin de réir fhorálacha an ailt seo.

[EN]Rogha go ndéanfaí measúnú faoi alt 194.

195.—(1) Féadfaidh fearchéile agus a bhanchéile, i gcás an banchéile a bheith ina cónaí leis an bhfearchéile, aon tráth le linn bliana measúnachta, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire, rogha a dhéanamh go comhpháirteach go ndéanfaí iad a mheasúnú i leith cánach don bhliain mheasúnachta sin de réir fhorálacha alt 194, agus i gcás ina ndéanfar rogha den sórt sin déanfar ioncam an fhearchéile agus ioncam an bhanchéile a mheasúnú i leith cánach don bhliain sin de réir na bhforálacha sin.

[EN]

(2) I gcás ina ndéanfar rogha faoi fho-alt (1) maidir le bliain mheasúnachta, beidh éifeacht leis an rogha maidir leis an mbliain sin agus le gach bliain mheasúnachta dá éis sin.

[EN]

(3) D'ainneoin fho-ailt (1) agus (2), féadfaidh an fearchéile nó an banchéile, i ndáil le bliain mheasúnachta, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire roimh dheireadh na bliana, an rogha a tharraingt siar i leith na bliana sin agus, air sin, ní bheidh éifeacht leis an rogha maidir leis an mbliain sin ná le haon bhliain mheasúnachta dá éis sin.

[EN]

(4)  (a) Measfar rogha a bheith déanta go cuí ag fearchéile agus ag a bhanchéile, i gcás an banchéile a bheith ina cónaí lena fearchéile agus i gcás nach mbeidh rogha faoi fho-alt (1) déanta acu maidir le bliain mheasúnachta (ná le haon bhliain mheasúnachta roimhe sin) go ndéanfaí iad a mheasúnú i leith cánach de réir fhorálacha alt 194 don bhliain sin mura rud é, roimh dheireadh na bliana sin, go dtabharfaidh ceachtar díobh fógra i scríbhinn don chigire gur mian leis nó léi go ndéanfaí iad a mheasúnú i leith cánach don bhliain sin mar dhuine singil de réir fhorálacha alt 193.

[EN]

(b) I gcás fógra faoi mhír (a) a bheith tugtha go cuí ag fearchéile nó ag a bhanchéile, ní bheidh éifeacht leis an mír sin i ndáil leis an bhfearchéile agus leis an mbanchéile sin maidir leis an mbliain mheasúnachta ar tugadh an fógra ina leith ná le haon bhliain mheasúnachta dá éis sin go dtí an bhliain mheasúnachta ina ndéanfaidh an duine a thug an fógra é a tharraingt siar trí fhógra eile i scríbhinn a thabhairt don chigire.

[EN]Forálacha speisialta maidir le cáin ar ioncam banchéile.

196.—(1) I gcás—

[EN]

(a) measúnacht i leith cánach ioncaim (dá ngairtear ‘an mheasúnacht bhunaidh’ san alt seo) a bheith déanta d'aon bhliain mheasúnachta ar fhear, nó ar iontaobhaí, caomhnóir nó cúramaí fir, nó ar sheiceadóirí nó riarthóirí fir,

[EN]

(b) arb é tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, dá mba go raibh iarratas ar mheasúnacht ar leithligh faoi alt 197 i bhfeidhm i leith na bliana measúnachta sin, go mbeadh measúnacht i leith an ioncaim chéanna nó i leith coda de le déanamh ar bhean arb í banchéile an fhir sin í nó arbh í a bhanchéile í an bhliain mheasúnachta sin nó ar iontaobhaí, ar chaomhnóir nó ar chúramaí na mná sin, nó ar sheiceadóirí nó ar riarthóirí na mná sin, agus

[EN]

(c) an méid go léir nó cuid den mhéid is iníoctha faoin measúnacht bhunaidh a bheith fós gan íoc ar ocht lá is fiche a bheith caite ón am a raibh sé dlite.

[EN]

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fógra a thabhairt di, nó, i gcás í a bheith marbh, dá seiceadóirí nó dá riarthóirí, nó, i gcás ina bhféadfaí measúnacht den sórt dá dtagraítear i mír (b) a dhéanamh, sna himthosca dá dtagraítear sa mhír sin, ar a hiontaobhaí, ar a caomhnóir nó ar a cúramaí, féadfaidh siad fógra a thabhairt di-se nó dá hiontaobhaí, dá caomhnóir nó dá cúramaí, is fógra—

[EN]

(i) ina luafar sonraí na measúnachta bunaidh agus sonraí faoin méid a fágadh gan íoc faoin measúnacht sin, agus

[EN]

(ii) ina luafar sonraí na measúnachta, de réir mar is fearr a mheasann siad, a bheadh le déanamh mar a dúradh,

[EN]

agus á cheangal ar an duine dá dtabharfar an fógra an méid a íoc a bheadh le híoc faoin measúnacht is deireanaí atá luaite dá mbeadh sé de réir na sonraí sin, nó an méid a íoc a fágadh gan íoc faoin measúnacht bhunaidh, cibé méid díobh is lú.

[EN]

(2) Leanfaidh na hiarmhairtí céanna maidir leis na nithe seo a leanas—

[EN]

(a) forchur dliteanais chun cáin, le hús nó gan ús, a íoc agus a ghnóthú,

[EN]

(b) tosaíocht don cháin i bhféimheacht nó le linn eastát duine éagtha a bheith á riar,

[EN]

(c) achomhairc chun na gCoimisinéirí Achomhairc, athéiseacht na n-achomharc sin agus sonrú cásanna chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil, agus

[EN]

(d) titim an dliteanais a forchuireadh, faoi dheoidh,

[EN]

as fógra a thabhairt faoi fho-alt (1) do bhean, nó dá hiontaobhaí, dá caomhnóir, nó dá cúramaí, nó dá seiceadóirí nó dá riarthóirí, is a leanfadh as measúnacht den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) (b) a dhéanamh uirthi, nó ar a hiontaobhaí, ar a caomhnóir nó ar a cúramaí, nó ar a seiceadóirí nó a riarthóirí, de réir mar bheidh, ar measúnacht í—

[EN]

(i) a rinneadh an lá a tugadh an fógra,

[EN]

(ii) a mhuirearaigh an méid céanna cánach a ceanglaíodh leis an bhfógra a íoc,

[EN]

(iii) a bhí le déanamh ag an údarás, agus a rinne an t-údarás, a rinne an mheasúnacht bhunaidh, agus

[EN]

(iv) a rinne an t-údarás sin de réir mar is fearr a mheas sé nó siad,

[EN]

agus beidh éifeacht dá réir sin, fara cibé oiriúnuithe is gá, leis na forálacha den Acht seo a bhaineann leis na nithe a shonraítear i míreanna (a) go (d).

[EN]

(3) I gcás ina dtabharfar fógra faoi fho-alt (1), scoirfidh cáin go feadh an méid a cheanglaítear a íoc leis an bhfógra de bheith inghnóthaithe faoin measúnacht bhunaidh agus, i gcás ús a bheith ag gabháil leis an gcáin a muirearaiodh leis an measúnacht bhunaidh faoi alt 550, déanfar cibé coigeartú ar an méid is iníoctha faoin alt sin i ndáil leis an measúnacht sin, agus déanfar cibé méideanna a íocadh roimhe sin faoin alt sin ina leith sin a aisíoc, is gá chun a áirithiú gur mar a chéile don tsuim iomlán, más ann, a íocadh nó is iníoctha faoin alt sin i ndáil leis an measúnacht agus don tsuim a bheadh ann dá mba rud é nár muirearaíodh riamh an méid a scoirfidh de bheith inghnóthaithe.

[EN]

(4) I gcás ina laghdófar an méid is iníoctha faoi fhógra faoi fho-alt (1) mar thoradh ar achomharc nó ar chás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil—

[EN]

(a) cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim faoi deara, más rud é, ag féachaint don toradh sin, gur deimhin leo go raibh an mheasúnacht bhunaidh iomarcach, cibé faoiseamh a thabhairt i modh aisíoca nó eile a mheasfaidh siad a bheith cóir; ach

[EN]

(b) faoi réir aon fhaoiseamh a thabharfar amhlaidh, beidh suim is ionann agus an laghdú ar an méid is iníoctha faoin bhfógra inghnóthaithe arís faoin measúnacht bhunaidh.

[EN]

(5) Beidh ag na Coimisinéirí Ioncaim agus ag an gcigire nó ag an oifigeach cuí eile na cumhachtaí céanna chun faisnéis a fháil d'fhonn fógra faoi fho-alt (1) a thabhairt, agus chun críocha eile i ndáil le fógra den sórt sin, a bheadh acu d'fhonn measúnacht a dhéanamh den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) (b) agus chun críocha eile i ndáil le measúnacht den sórt sin, dá mba rud é gur comhlíonadh na coinníollacha a bhí riachtanach chun an mheasúnacht sin a dhéanamh.

[EN]

(6) I gcás bean d'fháil bháis ar bhanchéile í a bhí, aon tráth roimh a bás, ina cónaí lena fearchéile, féadfaidh seisean, nó i gcás é a bheith marbh, féadfaidh a sheiceadóirí nó a riarthóirí, tráth nach déanaí ná dhá mhí tar éis an dáta ar a ndeonófar probháid nó litreacha riaracháin i leith a heastáit nó, le toiliú a seiceadóirí nó a riarthóirí, aon dáta is déanaí ná sin, fógra i scríbhinn a thabhairt dá seiceadóirí nó dá riarthóirí agus don chigire á dhearbhú, a mhéid a cheadaíonn an t-alt seo é, go séanann seisean nó siadsan freagracht maidir le cáin ioncaim neamhíoctha i leith gach uile ioncam dá cuidse d'aon bhliain mheasúnachta nó d'aon chuid de bhliain mheasúnachta, arb éard í bliain mheasúnachta nó cuid de bhliain mheasúnachta ar measadh ina leith gur ioncam dá chuidsean aon ioncam dá cuidse agus ar measúnaíodh i leith cánach faoi alt 194 i ndáil leis an ioncam sin é.

[EN]

(7) Ní mheasfar gur fógra bailí fógra a thabharfar de bhun fho-alt (6) don chigire mura sonróidh sé ainmneacha agus seoltaí seiceadóirí nó riarthóirí na mná..

[EN]

(8) I gcás fógra faoi fho-alt (6) a bheith tugtha do sheiceadóirí nó do riarthóirí mná agus don chigire—

[EN]

(a) is é dualgas na gCoimisinéirí Ioncaim agus na gCoimisinéirí Achomhairc cibé cumhachtaí a fheidhmiú a bheidh siad i dteideal a fheidhmiú an tráth sin nó tráth dá éis sin faoi fho-ailt (1) go (5) i ndáil le haon mheasúnacht a rinneadh ar an dáta nó roimh an dáta a mbeidh críoch le tabhairt an fhógra sin, ar measúnacht í i leith aon chuid den ioncam lena mbaineann an fógra sin, agus

[EN]

(b) na measúnachtaí (más ann) i leith cánach, a dhéanfar tar éis an dáta sin, is é a bheidh iontu, i ngach slí agus go háirithe maidir leis na daoine is inmheasúnaithe agus leis an gcáin is iníoctha, na measúnachtaí sin a bheadh le déanamh dá mba rud é—

[EN]

(i) go raibh iarratas ar mheasúnacht ar leithligh faoi alt 197 i bhfeidhm i leith na bliana measúnachta atá i gceist, agus

[EN]

(ii) gur dá réir sin a rinneadh gach uile mheasúnacht a rinneadh roimhe sin.

[EN]Iarratas ar mheasúnachtaí ar leithligh.

197.—(1) I gcás éifeacht i ndáil le bliain mheasúnachta a bheith le rogha ag fearchéile agus ag banchéile go ndéanfaí iad a mheasúnú i leith cánach de réir fhorálacha alt 194, agus, i ndáil leis an mbliain mheasúnachta sin, go ndéanfaidh an fearchéile nó an banchéile iarratas chun na críche faoin alt seo i cibé slí agus foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim, déanfar cáin ioncaim don bhliain sin a mheasúnú, a mhuirearú agus a ghnóthú ar ioncam an fhearchéile agus ar ioncam an bhanchéile ionann is dá mba nach raibh siad pósta agus beidh feidhm, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo, ag forálacha uile an Achta seo maidir leis an méasúnú, leis an muirearú agus leis an ngnóthú cánach, ionann is dá mba nach raibh siad pósta ach amháin—

[EN]

(a) gurb ionann na hasbhaintí iomlána as ioncam iomlán a lamháiltear don fhearchéile agus don bhanchéile mar fhaoisimh phearsanta agus na hasbhaintí a dhéanfaí dá mbeadh an t-iarratas gan éifeacht a bheith leis maidir leis an mbliain sin,

[EN]

(b) gurb ionann an cháin iomlán is iníoctha ag an bhfearchéile agus ag an mbanchéile don bhliain sin agus an cháin iomlán a bheadh iníoctha acu dá mbeadh an t-iarratas gan éifeacht a bheith leis maidir leis an mbliain sin, agus

[EN]

(c) go mbeidh éifeacht leis na forálacha atá leagtha amach in alt 198.

[EN]

(2) Féadfar iarratas faoin alt seo maidir le bliain mheasúnachta a dhéanamh—

[EN]

(a) i gcás daoine a phósfaidh i rith na bliana sin, roimh an 6ú lá d'Iúil an bhliain dar gcionn, agus

[EN]

(b) in aon chás eile, laistigh de 6 mhí roimh an 6ú lá d'Iúil an bhliain sin.

[EN]

(3) I gcás ina ndéanfar iarratas faoi fho-alt (1), beidh éifeacht leis an bhfo-alt sin ní amháin maidir leis an mbliain mheasúnachta a ndéanfar an t-iarratas ina leith, ach freisin maidir le gach bliain mheasúnachta dá éis sin:

[EN]

Ar choinníoll, i ndáil le bliain mheasúnachta dá éis sin, go bhféadfaidh an duine a rinne an t-iarratas, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire roimh an 6ú lá d'Iúil an bhliain sin, an rogha sin a tharraingt siar, agus, air sin, ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) maidir leis an mbliain mheasúnachta ar i ndáil léi a tugadh an fógra ná le haon bhliain mheasúnachta dá éis sin.

[EN]

(4) Féadfaidh an fearchéile nó an banchéile tuairisceán a thabhairt, chun críocha an ailt seo, ar ioncaim iomlána an fhear chéile agus an bhanchéile ach, mura mbeidh aon tuairisceán den sórt sin chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, féadfaidh siad a cheangal ar an mbanchéile nó ar an bhfearchéile, de réir mar bheidh, tuairisceán a thabhairt.

[EN]

(5) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le fógra a cheangal go dtabharfar tuairisceáin chun críocha an ailt seo tráth ar bith.

[EN]

(6) San alt seo agus in alt 198 ciallaíonn ‘faoisimh phearsanta’ faoiseamh:

[EN]

(a) faoi ailt 138 go 145 agus 151 agus 152,

[EN]

(b) faoi alt 12 den Acht Airgeadais, 1967,

[EN]

(c) faoi alt 3 den Acht Airgeadais, 1969,

[EN]

(d) faoi alt 11 den Acht Airgeadais, 1971,

[EN]

(e) faoi alt 8 den Acht Airgeadais, 1974, agus

[EN]

(f) faoi alt 7 den Acht Airgeadais, 1979.

[EN]An modh chun faoisimh a chionroinnt agus cáin a mhuirearú i gcásanna measúnachtaí ar leithligh.

198.—(1) Más rud é, de bhun iarratas faoi alt 197, go measúnófar fearchéile agus banchéile i leith cánach do bhliain mheasúnachta de réir fhorálacha an ailt sin—

[EN]

(a) faoi réir fho-alt (2), féadfar an sochar ó na faoisimh phearsanta a thabhairt mar laghdú ar an méid cánach a bheidh le híoc, nó trí aon bhreis chánach a íocadh a aisíoc, nó ar an dá mhodh sin, de réir mar is gá sa chás, agus leithroinnfear é ar an bhfearchéile agus ar an mbanchéile—

[EN]

(i) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi ailt 138 agus 141 (seachas fo-alt (2)), faoi alt 11 den Acht Airgeadais, 1971, agus faoi alt 8 den Acht Airgeadais, 1974, sa chomhréir leath má leath,

[EN]

(ii) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 138B, ar an bhfearchéile nó ar an mbanchéile de réir mar is díolaíochtaí de chuid an fhearchéile nó de chuid an bhanchéile na díolaíochtaí as a ndearnadh an asbhaint faoin alt sin,

[EN]

(iii) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó i leith leanbh faoi alt 141 (2) nó faoiseamh i leith gaol cleithiúnach faoi alt 142, ar an bhfearchéile nó ar an mbanchéile de réir mar a dhéanann seisean nó sise an leanbh nó an gaol a chothabháil,

[EN]

(iv) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi ailt 143, 145, 151 agus 152, ar an bhfearchéile nó ar an mbanchéile de réir mar is eisean nó ise a rinne an íocaíocht ar dá bharr an faoiseamh,

[EN]

(v) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 12 den Acht Airgeadais, 1967, sa chomhréir inar íoc siad an caiteachas ar dá bharr an faoiseamh,

[EN]

(vi) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 3 den Acht Airgeadais, 1969, sa chomhréir ina n-íocann siad an costas a bhaineann le fostú an duine a dtugtar an faoiseamh ina leith,

[EN]

(vii) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 7 den Acht Airgeadais, 1979, sa chomhréir inar thabhaigh siad an caiteachas ar dá bharr an faoiseamh,

[EN]

(b) faoi réir fho-alt (3), beidh feidhm ag alt 8 den Acht Airgeadais, 1980, maidir leis an mbliain sin, i ndáil le gach duine de na céilí lena mbaineann, ionann is dá mba éard í an chuid den ioncam inchánach a shonraítear i gCuid II den Tábla a ghabhann leis an alt sin agus atá le muirearú i leith cánach de réir aon cheann de na rátaí a shonraítear ann (seachas an ráta a shainítear a bheith inmhuirearaithe ar fhuílleach an ioncaim inchánach) leath den chuid a shonraítear amhlaidh.

[EN]

(2) I gcás inar mó méid an fhaoisimh a leithroinnfear ar an bhfearchéile faoi fho-alt (1) (a) ná an cháin ioncaim is inmhuirearaithe ar ioncam an fhearchéile don bhliain mheasúnachta, úsáidfear an t-iarmhéid chun an cháin ioncaim is inmhuirearaithe ar ioncam an bhanchéile don bhliain sin a laghdú, agus i gcás inar mó méid an fhaoisimh a leithroinnfear ar an mbanchéile faoin mír sin ná an cháin ioncaim is inmhuirearaithe ar a hioncam don bhliain mheasúnachta, úsáidfear an t-iarmhéid chun an cháin ioncaim is inmhuirearaithe ar ioncam an fhearchéile don bhliain sin a laghdú.

[EN]

(3) I gcás inar lú an chuid d'ioncam inchánach céile is inmhuirearaithe i leith cánach de réir fho-alt (1) (b) de réir ráta áirithe a shonraítear i gCuid II den Tábla a ghabhann le halt 8 den Acht Airgeadais, 1980, ná an chuid d'ioncam inchánach an chéile eile agus inar lú í ná an chuid d'ioncam inchánach a shonraítear i gcolún (1) den Chuid sin (dá ngairtear ‘an chuid iomchuí’ dó anseo ina dhiaidh seo) a bhfuil an céile céadluaite inchurtha faoi mhuirear cánach amhlaidh ina leith de réir an ráta sin, déanfar an chuid d'ioncam inchánach an chéile eile atá, de bhua an fho-ailt sin, le cur faoi mhuirear cánach de réir an ráta sin a mhéadú an méid ar lú ná an chuid iomchuí ioncam inchánach an chéile chéadluaite is inchurtha faoi mhuirear cánach de réir an ráta sin.”.

[EN]

Leasuithe iarmhartacha.

19.—Beidh éifeacht le Cuid III den Chéad Sceideal, maidir leis an mbliain 1980-81 agus blianta measúnachta dá éis sin, chun an Chaibidil seo a fhorlíonadh.

[EN]

Toirmeasc ar aisíocaíochtaí cánach áirithe do 1979-80 agus do bhlianta roimhe sin.

20.—(1) San alt seo ciallaíonn “bliain iomchuí” an bhliain 1979-80 nó aon bhliain mheasúnachta roimhe sin.

[EN]

(2) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach Ioncaim, sna rialacháin fúthu nó in aon mheasúnacht arna déanamh (roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis) de réir na nAchtanna sin nó na rialachán sin, ní dhéanfar aon aisíoc cánach le duine ná ní lamhálfar aon chreidmheas dó maidir le haon ró-íocaíocht cánach (a íocadh trí asbhaint nó ar dhóigh eile) a d'fhulaing sé maidir le haon bhliain iomchuí, ar ró-íocaíocht í a tharla de bhua ioncam an duine sin agus ioncam a chéile a chomhshuimiú, mura rud é, roimh thosach na bliana iomchuí sin, go raibh imeachtaí dlí tionscanta aige chun a dhearbhú gurbh fhorálacha míbhunreachtúla na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a airbheartaíonn an comhshuimiú sin a údarú.

[EN]

Measúnachtaí do 1979-80 agus do bhlianta roimhe sin arna ndéanamh tar éis dáta an Achta a rith.

21.—(1) San alt seo—

[EN]

folaíonn “measúnacht” measúnacht bhreise;

[EN]

ciallaíonn “measúnacht lena mbaineann an t-alt seo” measúnacht i leith cánach a dhéanfar, ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis, ar phearsa aonair do bhliain iomchuí;

[EN]

ciallaíonn “bliain iomchuí” an bhliain 1979-80 nó aon bhliain mheasúnachta roimhe sin;

[EN]

ciallaíonn “an ráta iomchuí”, maidir le haon cheann de na blianta 1974-75 go 1979-80, an ráta is airde de na hard-rátaí a bhí i bhfeidhm don bhliain mheasúnachta sin agus, maidir le haon bhliain iomchuí eile, an ráta ar cóimhéid le comhshuim an ráta chaighdeánaigh cánach ioncaim don bhliain sin agus an ráta is airde ar dá réir a bhí forcháin inmhuirearaithe don bhliain sin;

[EN]

ciallaíonn “an cháin iomchuí”, i ndáil le pearsa aonair, an méid cánach do bhliain iomchuí—

[EN]

(a) ab iníoctha ag an bpearsa aonair don bhliain sin, nó

[EN]

(b) i gcás ar banchéile an phearsa aonair ar measadh go raibh sí ina cónaí lena fearchéile an bhliain sin, ab iníoctha don bhliain sin ag fearchéile na pearsan aonair,

[EN]

dá mba rud é go raibh measúnacht maidir le hioncam iomlán na pearsan aonair agus a chéile don bhliain sin déanta an 6ú lá de Dheireadh Fómhair an bhliain sin ar an bpearsa aonair nó ar fhearchéile na pearsan aonair, de réir mar a bheidh, ar measúnacht í a rinneadh ar fhoras agus de réir an chleachtais a bhí i bhfeidhm an tráth sin;

[EN]

ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim nó forcháin nó cáin ioncaim agus forcháin de réir mar a éilíonn an comhthéacs.

[EN]

(2) Más rud é, maidir le bliain iomchuí, go mbeidh measúnacht lena mbaineann an t-alt seo le déanamh ar phearsa aonair (is fearchéile ar measadh go raibh a bhanchéile ina cónaí leis an bhliain iomchuí nó is banchéile ar measadh go raibh sí ina cónaí lena fearchéile an bhliain sin) agus, dá dhroim sin, gur lú comhshuim na cánach, ab iníoctha don bhliain iomchuí sin ag an bpearsa aonair agus ag céile na pearsan aonair, ná méid na cánach iomchuí i ndáil leis an bpearsa aonair don bhliain iomchuí sin, beidh feidhm ag forálacha fho-alt (3) i ndáil leis an measúnacht sin.

[EN]

(3) I gcás feidhm a bheith ag forálacha an fho-ailt seo i ndáil le measúnacht do bhliain iomchuí, ansin, d'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach Ioncaim ach faoi réir fhorálacha fho-alt (4)—

[EN]

(a) déanfar méid an ioncaim a mbeidh cáin le muirearú ar an bpearsa aonair ina leith a fhionnadh ar an bhforas nach raibh alt 138 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, i bhfeidhm agus nach raibh éifeacht leis don bhliain sin.

[EN]

(b) déanfar an mheasúnacht ar an bhforas go mbeidh cáin le muirearú ar an bpearsa aonair i leith a ioncaim inchánach don bhliain de réir an ráta iomchuí, agus

[EN]

(c) i gcás ar duine pósta an phearsa aonair ar a mbeidh an mheasúnacht le déanamh, déanfar an mheasúnacht ar an bhforas nach bhfuil sé pósta agus déanfar cibé measúnachtaí nó cibé coigeartuithe ar mheasúnachtaí is gá chun a áirithiú go muirearófar cáin ar an bpearsa aonair agus ar a chéile don bhliain iomchuí ar gach slí faoi is dá mba nach raibh siad pósta:

[EN]

Ar choinníoll nach n-áireofar gur ioncam de chuid aon duine eile aon ioncam i measúnacht arna déanamh ar fhearchéile ar measadh, roimh an 12ú lá de Dheireadh Fómhair, 1979, de réir an chleachtais a bhí i bhfeidhm tráth na measúnachta a dhéanamh, gurbh ioncam dá chuidsean é.

[EN]

(4) I gcás feidhm a bheith ag forálacha fho-alt (3) i ndáil le haon mheasúnacht ar phearsa aonair do bhliain iomchuí, tabharfar cibé faoiseamh, más ann, ó cháin is gá chun a áirithiú nach mó méid comhiomlán na cánach is iníoctha ag an bpearsa aonair agus ag a chéile don bhliain sin ná an cháin iomchuí don bhliain sin, agus, i gcás measúnachtaí lena mbaineann an t-alt seo a bheith arna ndéanamh ar an bhfearchéile agus ar a chéile, déanfar an faoiseamh a bheidh le tabhairt faoin bhfo-alt seo a chionroinnt eatarthu ar cibé slí a bheidh cóir réasúnach.

Caibidil III

Cánachas ar Bhrabúis Feirmeoireachta

[EN]

Leathnú ar an muirear cánach ar bhrabúis feirmeoireachta.

22.—Maidir leis an mbliain 1980-81 agus blianta measúnachta dá éis sin—

[EN]

(a) leasaítear leis seo alt 15 (brabúis feirmeoireachta le muirearú faoi Sceideal D) den Acht Airgeadais, 1974, trí “£40” a chur in ionad “£50” i bhfo-alt (3), agus

[EN]

(b) leasaítear leis seo alt 19 (teorainn leis an méid cánach a mhuirearófar i gcásanna áirithe) den Acht sin a dúradh (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978)—

[EN]

(i) trí “£39” a chur in ionad “£49” sa mhíniú ar V i bhfo-alt (1), agus

[EN]

(ii) trí “£49” a chur in ionad “£59” i bhfo-alt (2),

[EN]

agus tá an fo-alt sin (3) (ar leith ón gcoinníoll), an míniú sin agus an fo-alt sin (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1), maidir le haon bhliain mheasúnachta, i gcás pearsa aonair a shuífidh nár £40 nó níos mó luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta go léir a bhí ar áitiú aige aon tráth i rith na bliana measúnachta sin.

Arb é V 1 nó, más mó ná sin é, an uimhir is ionann agus an méid ar mó luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a bhí ar áitiú aige an bhliain sin ná £39.

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt seo in aon chás inar mó ná £49 luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a áitíonn an phearsa aonair aon tráth le linn na bliana measúnachta.

[EN]

Feidhm alt 20A (bonn roghnach measúnachta) den Acht Airgeadais, 1974, maidir le 1980-81.

23.—Beidh éifeacht maidir leis an mbliain 1980-81 le halt 20A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978) den Acht Airgeadais, 1974, ionann is dá gcuirfí—

[EN]

(a) “1980-81” in ionad “1978-79” gach áit a bhfuil sé,

[EN]

(b) “alt 22 den Acht Airgeadais, 1980” in ionad “alt 13 den Acht Airgeadais, 1978” i mír (a) (ii), agus

[EN]

(c) “1980” in ionad “1978” i mír (a) (II).

[EN]

Ailt 20 (bonn measúnachta) agus 21 (bonn barúlach measúnachta) den Acht Airgeadais, 1974, do scor.

24.—Ní bheidh feidhm ná éifeacht le hailt 20 agus 21 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978) den Acht Airgeadais, 1974, i ndáil leis an mbliain 1980-81 ná le haon bhliain mheasúnachta dá éis sin.

[EN]

Feidhm alt 28 (brabúis feirmeoireachta: srian le liúntais phearsanta) den Acht Airgeadais, 1974.

25.—(1) In aon chás ina mbeidh feidhm ag alt 28 den Acht Airgeadais, 1974, maidir le haon bhliain mheasúnachta i ndáil le pearsa aonair—

[EN]

(a) más é atá, de réir bhrí an ailt sin, san ioncam eile de chuid na pearsan aonair ioncam de chuid a chéile, measúnófar an phearsa aonair agus a chéile i leith cánach don bhliain sin de réir fhorálacha alt 193 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus ní bheidh éifeacht leis an gcoinníoll a ghabhann leis an alt sin 193,

[EN]

(b) má dhéanann an phearsa aonair éileamh maidir leis an mbliain mheasúnachta faoi alt 1 nó 2 den Acht Airgeadais, 1980, forléireofar “an méid sonraithe” i ngach ceann de na hailt sin, i ndáil leis an bpearsa aonair don bhliain mheasúnachta sin, mar ní a chiallaíonn an méid a bheidh sonraithe amhlaidh arna laghdú an méid a laghdófaí é de bhua an ailt sin 28 dá mba éard é an méid sonraithe méid comhiomlán na n-asbhaintí a bheadh le déanamh as ioncam iomlán na pearsan aonair lena mbaineann maidir le faoisimh phearsanta a d'éiligh sé don bhliain mheasúnachta sin.

[EN]

(2) San alt seo tá an chiall chéanna le “faoisimh phearsanta” atá leis in alt 197 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

[EN]

Feirmeoireacht: foráil a bhaineann le liúntais chaipitiúla.

26.—(1) San alt seo—

[EN]

tá an bhrí chéanna le “feirmeoireacht” atá leis i gCaibidil II de Chuid I den Acht Airgeadais, 1974;

[EN]

ciallaíonn “innealra nó gléasra sonraithe” innealra nó gléasra atá á úsáid nó a bheartaítear a úsáid chun críocha trádáil feirmeoireachta ach ní fholaíonn sé innealra fosaidh agus gléasra fosaidh atá deartha lena úsáid go heisiatach i bhfoirgneamh feirme agus atá á úsáid nó a bheartaítear a úsáid i bhfoirgneamh den sórt sin;

[EN]

ciallaíonn “forálacha sonraithe” alt 251 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, alt 11 den Acht Airgeadais, 1967, agus alt 26 den Acht Airgeadais, 1971.

[EN]

(2) Nuair a bheifear á chinneadh cad ina na liúntais chaipitiúla a bheidh le tabhairt do dhuine d'aon tréimhse inmhuirearaithe dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis, le linn trádáil feirmeoireachta a bheith á cur faoi cháin—

[EN]

(a) i gcás ina mbeidh comhiomlán na liúntas caipitiúil a bheadh le tabhairt don duine maidir leis an tréimhse inmhuirearaithe dá mbeadh na forálacha sonraithe gan feidhm ná éifeacht a bheith leo maidir leis an tréimhse inmhuirearaithe sin i ndáil le hinnealra nó gléasra sonraithe, nó i ndáil leis an gcaiteachas ar iad a sholáthar ar cóimhéid le 30 faoin gcéad, nó os cionn 30 faoin gcéad, de mhéid na mbrabús nó na ngnóchan ó fheirmeoireacht ar a bhfuil an duine inchurtha faoi cháin maidir leis an tréimhse inmhuirearaithe sin, ní bheidh feidhm ná éifeacht, don tréimhse inmhuirearaithe sin, leis na forálacha sonraithe sin i gcás an duine sin i ndáil le hinnealra nó gléasra sonraithe, agus

[EN]

(b) in aon chás eile ní rachaidh méid nó méid comhiomlán—

[EN]

(i) aon liúntas caipitiúil nó liúntais chaipitiúla a thabharfar faoi aon cheann de na forálacha sonraithe, agus

[EN]

(ii) aon mhéid nó méideanna a dhéanfar aon liúntas caipitiúil nó liúntais chaipitiúla a mhéadú faoi aon cheann de na forálacha sonraithe, thar an méid uasta a áiritheoidh nach mbeidh comhiomlán na liúntas caipitiúil a bheidh le tabhairt don duine maidir leis an tréimhse inmhuirearaithe le linn an trádáil feirmeoireachta a bheith á cur faoi cháin níos mó ná 30 faoin gcéad de na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht ar a mbeidh an duine inchurtha faoi cháin maidir leis an tréimhse inmhuirearaithe.

[EN]

Feirmeoireacht: liúntais maidir le caiteachas caipitiúil ag déanamh foirgneamh agus oibreacha eile.

27.—Maidir le caiteachas a tabhaíodh an 6ú lá d'Aibreán, 1980, nó dá éis, leasaítear leis seo alt 22 (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976) den Acht Airgeadais, 1974, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

[EN]

“(2) I gcás a dtabhóidh duine lena mbaineann an t-alt seo, le trádáil a sheoladh ag feirmeoireacht ar thalamh atá ar áitiú aige, aon chaiteachas caipitiúil ag déanamh tithe feirme, foirgnimh feirme, iostáin, fálta nó oibreacha eile, tabharfar dó le linn tréimhse síos-scríofa deich mbliana dar tosach an tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an gcaiteachas sin, liúntais síosscríofa (dá ngairtear ‘liúntais foirgneamh feirme’ san alt seo) i leith an chaiteachais sin agus tabharfar na liúntais sin le linn an trádáil a bheith á cur faoi cháin:

[EN]

Ar choinníoll—

[EN]

(a)  go ndéanfar, faoi réir mhír (b), an liúntas foirgneamh feirme a bheidh le deonú in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe a mhéadú cibé méid a shonróidh an duine a bhfuil an liúntas le tabhairt dó le linn a éileamh ar an liúntas a bheith á dhéanamh aige agus, i ndáil le cás ina raibh éifeacht leis an gcoinníoll seo, forléireofar aon tagairt sna hAchtanna Cánach do liúntas foirgneamh feirme a tugadh faoin alt seo mar thagairt don liúntas sin arna mhéadú faoin gcoinníoll seo, agus

[EN]

(b)  nach rachaidh an liúntas foirgneamh feirme uasta a bheidh le thabhairt faoin alt seo in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe thar thrí dheichiú cuid den chaiteachas caipitiúil lena mbaineann an liúntas foirgneamh feirme sin.”.

[EN]

Feirmeoireacht: foráil a bhaineann le faoiseamh maidir le méadú ar luachanna stoic.

28.—(1) Más rud é, le linn brabúis ón trádáil feirmeoireachta a bheith á ríomh, go mbeidh éifeacht maidir leis an mbliain 1980-81 le hasbhaint a lamháiltear de bhua alt 12 den Acht Airgeadais, 1976

[EN]

(a) beidh feidhm ag alt 31 (4) (a) den Acht Airgeadais, 1975 (arna fheidhmiú le halt 12 (2) (a) den Acht Airgeadais, 1976) agus beidh éifeacht leis ionann is dá mba thagairt do 10 faoin gcéad an tagairt do 20 faoin gcéad, agus

[EN]

(b) beidh éifeacht leis an alt sin 12 ionann is dá mba nár achtaíodh fo-alt (2) (c) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979).

[EN]

(2) I gcás asbhaint a bheith le déanamh faoi alt 31 A (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976) den Acht Airgeadais, 1975, i ndáil leis an trádáil feirmeoireachta, beidh éifeacht leis an alt sin 31A maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1979, nó aon lá dá éis, ionann is—

[EN]

(i) dá mba thagairt do 10 faoin gcéad an tagairt do 20 faoin gcéad i bhfo-alt (4) (a), agus

[EN]

(ii) dá mba nár achtaíodh mír (iii) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979) den choinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin (4) (a).

[EN]

(3)  (a) San fho-alt seo—

[EN]

tá le “tréimhse chuntasaíochta” an bhrí chéanna atá leis in alt 12 den Acht Airgeadais, 1976;

[EN]

tá le “feirmeoireacht” an bhrí chéanna atá leis i gCaibidil II de Chuid I den Acht Airgeadais, 1974;

[EN]

tá le “duine” an bhrí chéanna atá leis in alt 12 den Acht Airgeadais, 1976;

[EN]

ciallaíonn “stoc lena mbaineann an fo-alt seo” beostoc is cuid de stoc trádála thrádáil feirmeoireachta a dhiúscraítear go héigeantach faoi aon reacht a bhaineann le galair i mbeostoc a scriosadh nó a rialú;

[EN]

tá le “stoc trádála” an bhrí chéanna atá leis in alt 31 den Acht Airgeadais, 1975.

[EN]

(b) Más rud é—

[EN]

(i) go ndéanfaidh aon duine a sheolann trádáil feirmeoireachta aon stoc lena mbaineann an fo-alt seo a dhiúscairt i dtréimhse chuntasaíochta, agus

[EN]

(ii) ar leith ó fhóralacha an fho-ailt seo, gur mó luach stoc trádála na trádála feirmeoireachta sin i dtosach na tréimhse cuntasaíochta ná luach an stoic thrádála i ndeireadh na tréimhse cuntasaíochta, feadfaidh an duine a roghnú trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire tráth nach déanaí ná bliain tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta, go ndéanfar, chun críche alt 31 den Acht Airgeadais, 1975, agus an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, agus alt 12 den Acht Airgeadais, 1976

[EN]

(I) luach stoc trádála na trádála feirmeoireachta i ndeireadh na tréimhse cuntasaíochta, agus

[EN]

(II) luach an stoic thrádála sin i dtosach na tréimhse cuntasaíochta díreach ina dhiaidh sin,

[EN]

a ríomh ionann is dá mba rud é nár diúscraíodh an stoc sin lena mbaineann an fo-alt seo:

[EN]

Ar choinníoll—

[EN]

(A) nach bhforléireofar an fo-alt seo mar ní a chumasódh gur mhó luach stoic thrádála i ndeireadh tréimhse chuntasaíochta nó i dtosach tréimhse chuntasaíochta díreach ina dhiaidh sin ná luach an stoic thrádála i dtosach na tréimhse cuntasaíochta céadluaite.

[EN]

(B) nach ndéanfaidh aon ní san fho-alt seo difear d'fhorálacha alt 12 (8) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977) den Acht Airgeadais, 1976, agus

[EN]

(C) nach mbeidh éifeacht leis an bhfo-alt seo i ndáil le haon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain 1980-81.

[EN]

Leasú ar na forálacha a bhaineann le talamh feirmeoireachta a bheith ar áitiú ag pearsana aonair agus talamh feirmeoireachta a mheas a bheith ar áitiú amhlaidh.

29.—Maidir leis an mbliain 1980-81 agus blianta measúnachta dá éis sin, leasaítear leis seo alt 17 den Acht Airgeadais, 1974

[EN]

(a) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur le fo-alt (1):

[EN]

“Ar choinníoll nach measfar talamh feirmeoireachta a bheith ar áitiú ag pearsa aonair toisc gur talamh feirmeoireachta é arb í a bhanchéile an t-úinéir tairbhiúil air, má bhíonn an phearsa aonair sin gan úsáid na talún feirmeoireachta sin a bheith aige agus gurb amhlaidh dá bhanchéile—

[EN]

(i) go bhfuil úsáid na talún feirmeoireachta sin aici, nó

[EN]

(ii) go bhfuil sí inchurtha faoi cháin faoi Chás V de Sceideal D ar íocaíochtaí a fuarthas maidir le háitiú na talún feirmeoireachta sin agus nach lú na híocaíochtaí sin ná na híocaíochtaí a d'fhéadfaí a fháil, ag féachaint do luachanna na huaire, maidir leis an talamh sin ar an bhforas gur ar neamhthuilleamaí a rinneadh na caibidlí le haghaidh na n-íocaíochtaí.”

[EN]

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

[EN]

“(8) Le linn bheith á chinneadh chun críocha alt 15 (3) agus alt 30 (1) den Acht Airgeadais, 1980, maidir le luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta go léir a bhí ar áitiú ag pearsa aonair, an raibh sí, aon tráth le linn bliana measúnachta, ar cóimhéid le méid áirithe nó ar mhó ná an méid sin í i gcás talamh feirmeoireachta a bheith ar úinéireacht go tairbhiúil ag pearsa aonair i gcomhpháirt le haon duine nó daoine eile, measfar, i ndáil leis an talamh feirmeoireachta a bhí ar úinéireacht amhlaidh, d'ainneoin na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo, an phearsa aonair a bheith ag áitiú talamh feirmeoireachta arb é a luacháil inrátaithe cóimhéid luacháil inrátaithe iomlán na talún feirmeoireachta a bhí ar úinéireacht amhlaidh.”.

Caibidil IV

Cáin Acmhainne

[EN]

Cáin acmhainne a mhuirearú.

30.—(1) Baineann an t-alt seo le haon duine (seachas comhlacht daoine, nó iontaobhas, a bunaíodh chun críocha carthanúla amháin) a áitíonn nó a mheastar a áitíonn, tráth ar bith le linn bliana measúnachta (arb í an bhliain 1980-81 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis sin í) talamh feirmeoireachta arb é a luacháil inrátaithe £70 nó níos mó.

[EN]

(2) Muirearófar cáin, ar a dtabharfar cáin acmhainne, ar aon duine lena mbaineann an t-alt seo maidir le haon bhliain mheasúnachta, agus muirearófar í de réir £3.50 in aghaidh gach £1 de luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a áitíonn an duine sin an bhliain sin.

[EN]

Faoiseamh marghanach.

31.—(1) Más rud é, maidir le haon bhliain mheasúnachta, go mbeidh cáin acmhainne inmhuirearaithe ar thalamh feirmeoireachta a áitíonn duine, ní mó méid na cánach acmhainne is inmhuirearaithe amhlaidh ná an méid a chinnfear de réir na foirmle—

T  ×  

V

__

10

 

[EN]

i gcás—

[EN]

arb é T méid na cánach acmhainne a bheadh, mura mbeadh forálacha an ailt seo, iníoctha ag an duine maidir leis an mbliain mheasúnachta sin, agus

[EN]

arb é V 1 nó, más mó ná sin é, an uimhir is ionann agus an méid ar mó luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a áitíonn an duine an bhliain mheasúnachta ná £69.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt seo in aon chás inar mó ná £79 luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a áitíonn duine aon tráth le linn na bliana measúnachta.

[EN]

Cáin acmhainne a dhílamháil chun críocha na nAchtanna Cánach.

32.—Ní lamhálfar cáin acmhainne le linn aon ioncam, brabúis nó gnóchain a bheith á ríomh chun aon cheann de chríocha na nAchtanna Cánach.

[EN]

An dáta chun cáin acmhainne a íoc.

33.—Cáin acmhainne a bheidh i measúnacht d'aon bhliain mheasúnachta beidh sí iníoctha an lú lá nó roimh an lú lá de Dheireadh Fómhair an bhliain sin ach amháin go measfar maidir le cáin acmhainne a áirítear i measúnacht d'aon bhliain a dhéanfar an lú lá de Dheireadh Fómhair nó tar éis an lae sin go mbeidh sí dlite agus iníoctha an lá díreach tar éis an lae ar a ndéanfar an mheasúnacht.

[EN]

Cáin acmhainne a mheasúnú agus a bhailiú.

34.—(1) Is cigirí cánach a cheapfar faoi alt 161 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó cibé oifigigh eile a bheidh ceaptha ag na Coimisinéirí Ioncaim chuige sin a dhéanfaidh measúnachtaí faoin gCaibidil seo.

[EN]

(2) Baileoidh agus toibheoidh an tArd-Bhailitheoir a bheidh ceaptha de thuras na huaire faoi alt 162 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cáin acmhainne a mhuirearófar ó am go ham sna measúnachtaí go léir a dhéanfar faoi fhorálacha na Caibidle seo.

[EN]

Forálacha cánach ioncaim a fheidhmiú maidir le cáin acmhainne agus cumhacht chun tuairisceáin, etc., a chomhcheangal.

35.—(1) Na forálacha go léir de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le cáin ioncaim a mheasúnú, a bhailiú agus a ghnóthú, le hachomhairc in aghaidh measúnachtaí agus le cásanna a bheidh le sonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil, beidh feidhm acu, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le cáin acmhainne mar atá feidhm acu i ndáil le cáin ioncaim is inmhuirearaithe faoi Sceideal D.

[EN]

(2) Féadfar aon tuairisceán nó measúnacht nó doiciméad eile a bhaineann le cáin acmhainne a chomhcheangal le haon tuairisceán, measúnacht nó doiciméad a bhaineann le hioncam nó le cáin ioncaim nó le cáin chorparáide.

[EN]

Áitiú talún feirmeoireachta chun críocha cánach acmhainne.

36.—Chun críocha na Coda seo déanfar aon cheist i dtaobh luacháil inrátaithe thalamh feirmeoireachta a bheidh ar áitiú ag duine aon tráth áirithe nó i dtaobh luacháil inrátaithe thalamh feirmeoireachta a bheidh ar áitiú ag duine ar feadh bliana measúnachta a chinneadh ar an modh céanna agus ar an bhforas céanna ar a gcinnfí í i gcás pearsan aonair chun críocha Chaibidil II de Chuid I den Acht Airgeadais, 1974, agus sa Chuid seo beidh le “talamh feirmeoireachta” an bhrí a shanntar dó leis an gCaibidil sin agus forléireofar “áitiú” de réir an bhrí a shanntar dó leis an gCaibidil sin:

[EN]

Ar choinníoll, le linn méid an mhuirir chánach a bheith á chinneadh in aon chás d'aon bhliain mheasúnachta faoi alt 30 (2)—

[EN]

(a) más rud é—

[EN]

(i) maidir leis an mbliain mheasúnachta sin go mbeidh duine inchurtha faoi cháin ioncaim nó faoi cháin chorparáide faoi Chás V de Sceideal D i leith brabúis nó gnóchain ó aon chíos nó aon fháltais i leith aon éasúint i ndáil le haon chuid den talamh feirmeoireachta atá ar áitiú aige, agus

[EN]

(ii) nach lú an cíos sin nó na fáltais sin, ag féachaint do luachanna na huaire, ná an méid a d'fhéadfaí a fháil ar an bhforas gur ar neamhthuilleamaí a rinneadh na caibidlí le haghaidh an chíosa nó na bhfáltas,

[EN]

nach mbeidh feidhm ag an alt sin 30 (2) don bhliain mheasúnachta sin maidir le luacháil inrátaithe na coda den talamh feirmeoireachta as a n-eascraíonn na brabúis nó na gnóchain sin is inmhuirearaithe amhlaidh faoi Chás V de Sceideal D,

[EN]

(b) i ndáil le haon talamh feirmeoireachta atá, nó a mheastar a bheith, ar áitiú ag duine i gcomhpháirt le haon duine nó daoine eile, nach gcuirfear san áireamh don bhliain mheasúnachta sin ach an chuid sin de luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta atá ar áitiú amhlaidh i gcomhpháirt a mbeidh idir í agus an luacháil inrátaithe sin an chomhréir chéanna atá idir a scairsean de bhrabúis nó de chaillteanais na comhpháirtíochta, ar iad a chionroinnt de réir théarmaí an chomhaontaithe i dtaobh pháirtiú na mbrabús nó na gcaillteanas sin, agus brabúis nó caillteanais sin na comhpháirtíochta.

Caibidil V

Cáin Chorparáide

[EN]

Leasú ar Chaibidil IV (cuideachtaí monaraíochta) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1977.

37.—(1) Leasaítear leis seo Caibidil IV de Chuid I den Acht Airgeadais, 1977

[EN]

(a) in alt 20—

[EN]

(i) trí “1980” a chur in ionad “1979” sa mhíniú ar “tréimhse iomchuí”, agus

[EN]

(ii) trí “, do 1979 nó do 1980” a chur in ionad “nó do 1979” agus trí “, 1979 nó 1980” a chur ionad “nó 1979” sa mhíniú ar “tréimhse de chuid 1977”,

[EN]

agus tá na mínithe sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TÁBLA

ciallaíonn “tréimhse iomchuí” tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta ar sa tréimhse ón lú lá d'Eanáir, 1977, go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1980, di;

ciallaíonn “tréimhse de chuid 1977” tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta ar sa bhliain airgeadais 1977 di agus ciallaíonn aon abairt chomhréire ina bhfuil tagairt do 1978, do 1979 nó do 1980 agus na focail “tréimhse de chuid” roimpi tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta ar sa bhliain 1978, 1979 nó 1980, cibé acu é, di;

(b) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 23 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978):

“An chuid chomhréire de bhliain chaighdeánach.

23.—I gcás ar giorra ná dhá mhí dhéag tréimhse de chuid 1977, tréimhse de chuid 1978, tréimhse de chuid 1979 nó tréimhse de chuid 1980, is í an chuid chomhréire den bhliain chaighdeánach i ndáil le trádáil shonraithe an chuid dar tosach tráth dhá mhí dhéag, ceithre mhí is fiche, sé mhí is tríocha nó ocht mí is daichead, de réir mar a bheidh, roimh an dáta dar tosach an tréimhse sin agus dar críoch tráth dhá mhí dhéag, ceithre mhí is fiche, sé mhí is tríocha nó ocht mí is daichead, de réir mar a bheidh, roimh an dáta dar críoch an tréimhse sin.”,

[EN]

(c) in alt 24 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978)—

[EN]

(i) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

[EN]

“(3) Beidh feidhm ag forálacha fho-alt (2), ach amháin mír (c) de, faoi réir fhorálacha fho-ailt (4), (5), (6) agus (7), i ndáil le tréimhse de chuid 1978, tréimhse de chuid 1979 agus tréimhse de chuid 1980 mar atá feidhm acu i ndáil le tréimhse de chuid 1977.”,

[EN]

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (4) i ndiaidh mhír (b):

[EN]

“(c) I ndáil le tréimhse de chuid 1980—

[EN]

(i) forléireofar gach tagairt i bhfo-alt (2) do 1977 mar thagairt do 1980, agus

[EN]

(ii) forléireofar an tagairt i bhfo-alt (2) (d) do 103 faoin gcéad mar thagairt do 112 faoin gcéad.”, agus

[EN]

(iii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (6):

[EN]

“(7) I ndáil le tréimhse de chuid 1980, féadfaidh cuideachta a roghnú, i ndáil leis an trádáil shonraithe a sheolann sí—

[EN]

(a) go ndéileálfar leis an mbliain airgeadais 1977 mar an mbliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil sin chun críocha fho-alt (2) (d), nó

[EN]

(b) go ndéileálfar amhlaidh leis an mbliain airgeadais 1978, nó

[EN]

(c) go ndéileálfar amhlaidh leis an mbliain airgeadais 1979,

[EN]

agus

[EN]

(i)  i gcás a ndéanfar an roghnú dá dtagraítear i mír (a), bainfidh forálacha fho-alt (4) (c) (ii) leis an gcuideachta ionann is dá mba thagairt do 109 faoin gcéad an tagairt do 112 faoin gcéad,

[EN]

(ii)  i gcás a ndéanfar an roghnú dá dtagraítear i mír (b), bainfidh forálacha fho-alt (4) (c) (ii) leis an gcuideachta ionann is dá mba thagairt do 106 faoin gcéad an tagairt do 112 faoin gcéad,

[EN]

(iii) i gcás a ndéanfar an roghnú dá dtagraítear i mír (c), ní bhainfidh forálacha fho-alt (4) (c) (ii) leis an gcuideachta.”,

[EN]

(d) in alt 24A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978), tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

[EN]

“(4) I ndáil le tréimhse de chuid 1980 de chuid cuideachta lena mbaineann an t-alt seo—

[EN]

(a) beidh feidhm ag forálacha alt 24 (2), ach amháin mír (c) de, mar atá feidhm acu i ndáil le tréimhse de chuid 1977 de chuid cuideachta lena mbaineann alt 24 ach sin fara na modhnuithe—

[EN]

(i) go bhforléireofar gach tagairt in alt 24 (2) do 1977 mar thagairt do 1980, agus

[EN]

(ii) go bhforléireofar an tagairt in alt 24 (2) (d) do 103 faoin gcéad mar thagairt do 112 faoin gcéad más í an bhliain airgeadais 1976 an bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil shonraithe a sheolann an chuideachta, go bhforléireofar í mar thagairt do 109 faoin gcéad más í an bhliain airgeadais 1977 an bhliain chaighdeánach sin i ndáil leis an trádáil sin agus go bhforléireofar í mar thagairt do 106 faoin gcéad más í an bhliain airgeadais 1978 an bhliain chaighdeánach sin i ndáil leis an trádáil sin,

[EN]

(b) más rud é, mura mbeadh an mhír seo, gurbh í an bhliain airgeadais 1976 an bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil shonraithe a sheolann an chuideachta, féadfaidh an chuideachta a roghnú go ndéileálfar leis an mbliain airgeadais 1977, leis an mbliain airgeadais 1978 nó leis an mbliain airgeadais 1979 mar an mbliain chaighdeánach chun críocha an ailt sin 24 (2) (d) i ndáil leis an trádáil sin,

[EN]

(c) más rud é, mura mbeadh an mhír seo, gurbh í an bhliain airgeadais 1977 an bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil shonraithe a sheolann an chuideachta, féadfaidh an chuideachta a roghnú go ndéileálfar leis an mbliain airgeadais 1978 nó leis an mbliain airgeadais 1979 mar an mbliain chaighdeánach chun críocha an ailt sin 24 (2) (d) i ndáil leis an trádáil sin, agus

[EN]

(d) más rud é, mura mbeadh an mhír seo, gurbh í an bhliain airgeadais 1978 an bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil shonraithe a sheolann an chuideachta, féadaidh an chuideachta a roghnú go ndéileálfar leis an mbliain airgeadais 1979 mar an mbliain chaighdeánach chun críocha an ailt sin 24 (2) (d) i ndáil leis an trádáil sin.”,

[EN]

(e) in alt 24B (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978), tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):

[EN]

“(3) I ndáil le tréimhse de chuid 1980 de chuid cuideachta lena mbaineann an t-alt seo—

[EN]

(a) beidh feidhm ag forálacha alt 24 (2), ach amháin mír (c) de, mar atá feidhm acu i ndáil le tréimhse de chuid 1977 de chuid cuideachta lena mbaineann forálacha alt 24 ach sin fara na modhnuithe a shonraítear in alt 24A (4) (a), agus

[EN]

(b) beidh feidhm ag míreanna (b), (c) agus (d) d'alt 24A (4) chun críocha an ailt seo mar atá feidhm acu chun críocha an ailt sin.”,

[EN]

(f) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 24B:

“An ráta cánach corparáide do chuideachtaí monaraíochta áirithe a thosóidh ag trádáil i 1979.

24C.—(1) Baineann an t-alt seo le cuideachta—

(a) a thosóidh ag seoladh trádála sa bhliain airgeadais 1979, agus

(b) nach cuideachta í lena mbaineann forálacha alt 24, 24A nó 24B.

(2)  (a) Beidh feidhm ag forálacha alt 24 (2), ach amháin mír (c) de, i ndáil le tréimhse de chuid 1980 de chuid cuideachta lena mbaineann forálacha an ailt seo mar atá feidhm acu i ndáil le tréimhse de chuid 1977 de chuid cuideachta lena mbaineann forálacha alt 24 ach sin fara na modhnuithe a shonraítear in alt 24A (4) (a).

(b) Beidh feidhm ag míreanna (b), (c) agus (d) d'alt 24A (4) chun críocha an ailt seo mar atá feidhm acu chun críocha an ailt sin.”,

[EN]

agus

[EN]

(g) i bhfo-alt (3) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978) d'alt 29—

[EN]

(i) trí “, leis an tréimhse de chuid 1979 ná leis an tréimhse de chuid 1980” a chur in ionad “ná leis an tréimhse de chuid 1979” i mír (a) agus trí “, leis an tréimhse de chuid 1979 nó leis an tréimhse de chuid 1980” a chur in ionad “nó leis an tréimhse de chuid 1979” i mír (b), agus

[EN]

(ii) trí “1980-81” a chur in ionad “1979-80” i mír (b),

[EN]

agus tá an fo-alt sin (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TÁBLA

(3) I gcás cáin chorparáide a mhuirearú, maidir le tréimhse chuntasaíochta, de réir 25 faoin gcéad ar ioncam cuideachta nó ar chuid dá hioncam—

(a) ní bheidh éifeacht le forálacha alt 28 den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir leis an tréimhse de chuid 1977, leis an tréimhse de chuid 1978, leis an tréimhse de chuid 1979 ná leis an tréimhse de chuid 1980 atá comhthráthach leis an tréimhse chuntasaíochta sin, nó a fholaíonn an tréimhse chuntasaíochta sin, agus

(b) beidh éifeacht le hailt 182 (3) agus 184 (3) den Acht sin maidir leis an tréimhse de chuid 1977, leis an tréimhse de chuid 1978, leis an tréimhse de chuid 1979 nó leis an tréimhse de chuid 1980 atá comhthráthach leis an tréimhse chuntasaíochta sin, nó a fholaíonn an tréimhse chuntasaíochta sin, ionann is dá mba 25 faoin gcéad an ráta caighdeánach do gach ceann de na blianta ó 1976-77 go 1980-81.

[EN]

(2) An tagairt atá in alt 30 den Acht Airgeadais, 1977, d'alt 24 den Acht sin—

[EN]

(a) folaíonn sí tagairt d'alt 24C den Acht sin, agus

[EN]

(b) chun críocha aon éilimh a dhéanfar an 6ú lá de Bhealtaine, 1980, nó dá éis, faoi alt 24A nó 24B den Acht sin, folaíonn sí, agus measfar gur fholaigh sí riamh, tagairtí do na hailt sin 24A agus 24B.

Caibidil VI

Cáin Chorparáide: Faoiseamh i ndáil le hIoncam Áirithe de chuid Cuideachtaí Monaraíochta

[EN]

Mínithe.

38.—Sa Chaibidil seo—

[EN]

ciallaíonn “marsantas” earraí seachas earraí de réir bhrí alt 39;

[EN]

ciallaíonn “tréimhse chuntasaíochta iomchuí” tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta ar sa tréimhse ón 1ú lá d'Eanáir, 1981, go dtí an 31ú lá de Nollaig, 2000, di;

[EN]

ciallaíonn “faoiseamh faoin gCaibidil seo” an laghdú ar cháin chorparáide dá bhforáiltear in alt 41(2).

[EN]

An bhrí atá le “earraí”.

39.—(1) Sa Chaibidil seo ciallaíonn “earraí” earraí a mhonaraigh an chuideachta sa Stát i gcúrsa trádála, arb í an chuideachta í a éilíonn, i ndáil leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, faoiseamh faoin gCaibidil seo i ndáil leis an trádáil:

[EN]

Ar choinníoll—

[EN]

(a) i gcás dhá chuideachta a bheith ann a ndéanann ceann acu earraí a mhonarú agus an ceann eile iad a dhíol i gcúrsa a trádála, agus

[EN]

(b) gur fochuideachta 90 faoin gcéad ceann de na cuideachtaí den chuideachta eile nó gur fochuideachtaí 90 faoin gcéad iad araon de thríú cuideachta,

[EN]

ansin, maidir le haon earraí a mhonaraigh ceann de na cuideachtaí sa Stát, go measfar, ar an gcuideachta eile dá ndíol i gcúrsa a trádála, gur mhonaraigh an chuideachta eile sin iad sa Stát.

[EN]

(2) I gcás cuideachta a bheith ag seoladh trádála arb éard í nó ar a n-áirítear seirbhísí a dhéanamh do dhuine eile trí thráchtearraí nó ábhair de chuid an duine sin a chur faoi aon phróis mhonaraíochta, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas chun críche faoiseamh faoin gCaibidil seo—

[EN]

(a) measfar gur monarú earraí sa Stát na seirbhísí sin a dhéanamh sa Stát,

[EN]

(b) measfar gur méid is infhaighte ó dhíol earraí aon mhéid is infhaighte mar íocaíocht as seirbhísí a rinneadh amhlaidh, agus

[EN]

(c) féadfaidh an cigire, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar chuideachta a mbeidh faoiseamh ó cháin á éileamh aici de bhua an fho-ailt seo cibé faisnéis nó sonraí a thabhairt dó is gá chun éifeacht a thabhairt don fho-alt seo, agus beidh éifeacht le halt 41(2) ionann is dá mbeadh an fhaisnéis nó na sonraí a bheidh sonraithe i bhfógra faoin bhfo-alt seo ar áireamh na n-ábhar a gceanglaítear leis an bhfo-alt sin cruthúnas a thabhairt ina dtaobh.

[EN]

(3)  (a) Ní fholóidh an míniú ar “earraí” i bhfo-alt (1) earraí a dhíolfar leis an ngníomhaireacht idirghabhála agus, chun críocha an eisiata sin, measfar, maidir le díol earraí le duine seachas an ghníomhaireacht idirghabhála, gur díol leis an ngníomhaireacht idirghabhála é má dhíoltar, agus a mhéid a dhíolfar, na hearraí sin faoi dheoidh leis an ngníomhaireacht idirghabhála.

[EN]

(b) I mír (a) ciallaíonn “an ghníomhaireacht idirghabhála” an tAire Talmhaíochta le linn dó bheith ag feidhmiú nó ag comhlíonadh aon chumhacht nó aon fheidhm a thugtar dó le Rialachán 3 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Comhbheartas Talmhaíochta) (Idirghabháil Mhargaidh), 1973 (I.R. Uimh. 24 de 1973), agus aon duine eile le linn dó bheith ag feidhmiú nó ag comhlíonadh aon chumhacht nó aon fheidhm den sórt céanna in aon Bhallstát de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa.

[EN]

(4) Ní fholóidh an míniú ar “earraí” i bhfo-alt (1) earraí a bhíonn á miondíol ag an gcuideachta a bhfuil faoiseamh á éileamh aici faoin gCaibidil seo:

[EN]

Ar choinníoll go measfar, chun críocha an eisiata seo, nach ar miondíol a dhíoltar earraí má dhíoltar iad—

[EN]

(a) le duine a sheolann trádáil ag díol earraí den aicme lena mbaineann na hearraí a dhíoltar leis amhlaidh, nó

[EN]

(b) le duine a úsáideann earraí den aicme sin chun críocha thrádáil a sheolann sé, nó

[EN]

(c) le duine, seachas pearsa aonair, a úsáideann earraí den aicme sin chun críocha ghnóthas a sheolann sé.

[EN]

Cionroinnt.

40.—Chun críocha na Caibidle seo, i gcás nach bhfuil i dtréimhse chuntasaíochta iomchuí ach cuid de thréimhse chuntasaíochta cuideachta, déanfar na méideanna go léir is inchurtha i leith na tréimhse cuntasaíochta a chionroinnt, ar fhoras na comhréire atá idir fad na tréimhse cuntasaíochta iomchuí agus fad tréimhse chuntasaíochta na cuideachta, d'fhonn aon mhéid a fhionnadh a cheanglaítear a chur san áireamh maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí.

[EN]

Bonn faoisimh ó cháin chorparáide.

41.—(1) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “cáin chorparáide iomchuí” an cháin chorparáide a bheadh, ar leith ón alt seo agus ailt 58, 182 agus 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976, inmhuirearaithe maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí gan an cháin chorparáide a áireamh is inmhuirearaithe ar an gcuid de bhrabúis na cuideachta is inchurtha i leith gnóchain inmhuirearaithe don tréimhse sin; agus glacfar gurb í an chuid sin an méid a tugadh isteach i mbrabúis na cuideachta don tréimhse sin chun críocha cánach corparáide i leith gnóchain inmhuirearaithe roimh aon asbhaint a dhéanamh maidir le muirir ar ioncam, caiteachais bhainistí nó méideanna eile a fhéadfar a bhaint as brabúis lena ngabhann breis agus tuairisc amháin nó a fhéadfar a fhritháireamh ina gcoinne nó a mheas go laghdaíonn siad na brabúis sin.

[EN]

(2) I gcás ina n-éileoidh cuideachta a sheolann trádáil arb éard í nó ar cuid di earraí a mhonarú agus go gcruthóidh sí, maidir le tréimhse chuntasaíochta iomchuí, go raibh, i gcaitheamh na tréimhse sin, aon mhéid infhaighte i leith díol earraí i gcúrsa na trádála, déanfar cáin chorparáide is iníoctha ag an gcuideachta don tréimhse sin, a mhéid is inchurtha í i leith an ioncaim ó dhíol na n-earraí sin, a laghdú seacht naoú; agus is é a bheidh sa cháin chorparáide is inchurtha i leith an ioncaim ó dhíol na n-earraí sin an méid a mbeidh idir é agus an cháin chorparáide iomchuí an chomhréir chéanna a bheidh idir an t-ioncam ó dhíol na n-earraí sin agus an t-ioncam iomlán a cuireadh faoi mhuirear cánach corparáide maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí.

[EN]

(3) Chun críocha fho-alt (2) glacfar gurb éard é “an t-ioncam ó dhíol na n-earraí sin” an tsuim sin a mbeidh idir í agus méid ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta iomchuí ó earraí agus marsantas a dhíol i gcúrsa na trádála a luaitear san fho-alt sin an chomhréir chéanna a bheidh idir an méid is infhaighte ag an gcuideachta sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí ó earraí a dhíol i gcúrsa na trádála agus an méid iomlán is infhaighte ag an gcuideachta sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí ó earraí agus marsantas a dhíol i gcúrsa na trádála.

[EN]

(4) Chun críocha fho-alt (3) is é a bheidh in “ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta iomchuí ó earraí agus marsantas a dhíol i gcúrsa na trádála a luaitear san fho-alt sin”, i gcás gur ó dhíolacháin earraí agus marsantais amháin a dhíorthaíonn an t-ioncam ón trádáil, méid ioncam na cuideachta ón trádáil nó, in aon chás eile, cibé méid den ioncam ón trádáil is dealraitheach don chigire nó, ar achomharc, do na Coimisinéirí Achomhairc, a bheith cóir réasúnach.

[EN]

(5)  (a)  Chun críocha na Caibidle seo, an méid is infhaighte ag cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta iomchuí ó earraí nó marsantas a dhíol—

[EN]

(i) measfar é a bheith arna laghdú méid aon dleachta a d'íoc an chuideachta nó is iníoctha aici i leith na n-earraí nó an mharsantais nó i leith na n-ábhar a úsáideadh á monarú, agus

[EN]

(ii) ní áireofar ann aon mhéid i leith cáin bhreisluacha is inmhuirearaithe ar na hearraí nó an marsantas a dhíol.

[EN]

(b) Féadfaidh an cigire, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar chuideachta a mbeidh faoiseamh faoin gCaibidil seo á éileamh aici cibé faisnéis nó sonraí a thabhairt dó is gá chun éifeacht a thabhairt don fho-alt seo, agus beidh éifeacht le fo-alt (2) ionann is dá mbeadh an fhaisnéis nó na sonraí a bheidh sonraithe i bhfógra faoin bhfo-alt seo ar áireamh na n-ábhar a gceanglaítear leis an bhfo-alt sin cruthúnas a thabhairt ina dtaobh.

[EN]

(6) I ndáil le cás ar oibríochtaí trádála díolmhaithe de réir bhrí Chuid V den Acht Cánach Corparáide, 1976, cuid den trádáil a luaitear i bhfo-alt (2)—

[EN]

(a) beidh éifeacht le halt 71 den Acht sin ionann is dá bhfolódh na tagairtí ann don “Acht seo” tagairtí don Chaibidil seo, agus

[EN]

(b) ní thabharfar aird chun críocha na Caibidle seo ar na méideanna go léir is infhaighte ó earraí nó marsantas a dhíol i gcúrsa na n-oibríochtaí trádála díolmhaithe sin.

[EN]

(7) I ndáil le cás ina mbeidh an trádáil a luaitear i bhfo-alt (2) á seoladh ag cumann talmhaíochta nó cumann iascaigh de réir bhrí alt 18 den Acht Airgeadais, 1978, ní thabharfar aird chun críocha na Caibidle seo ar na méideanna go léir is infhaighte ag an gcumann ó earraí nó marsantas a dhíol, ar méideanna iad is infhaighte amhlaidh de bhua idirbhearta díolmhaithe de réir bhrí an ailt sin.

[EN]

(8) Ní bheidh cuideachta i dteideal faoiseamh faoin gCaibidil seo i ndáil le trádáil maidir le tréimhse chuntasaíochta iomchuí mura ndéanfaidh sí faoiseamh a éileamh faoi fho-alt (2) roimh an dáta a thiocfaidh an mheasúnacht don tréimhse chuntasaíochta atá comhthráthach leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, nó ar cuid di an tréimhse sin, chun bheith ina measúnacht chríochnaitheach dhochlóite.

[EN]

Forálacha a bhaineann le faoiseamh faoi Chuid IV (brabúis ó earraí áirithe a onnmhairiú) den Acht Cánach Corparáide, 1976.

42.—(1) Ach amháin mar a fhoráiltear i bhfo-ailt (2) agus (3) ní thabharfar faoiseamh ó cháin chorparáide faoi Chuid IV den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir le haon tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta ar tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1980, di.

[EN]

(2)  (a)  Faoi réir fho-alt (4), ní choiscfidh forálacha fho-alt (1) faoiseamh a thabhairt faoi Chuid IV den Acht Cánach Corparáide, 1976, do chuideachta i ndáil le trádáil a sheolann sí i gcás ina ndearna an chuideachta, i gcúrsa na trádála, aon earraí de réir bhrí Chuid IV den Acht Cánach Corparáide, 1976, a onnmhairiú as an Stát aon tráth roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1981.

[EN]

(b)  Faoi réir fho-alt (4), i gcás—

[EN]

(i)  a dtiocfaidh cuideachta (dá ngairtear “an chuideachta chomharbais” ina dhiaidh seo sa mhír seo) i gcomharbas ar thrádáil nó ar chuid de thrádáil a bhí, an 1ú lá d'Eanáir, 1981, nó dá éis, á seoladh ag cuideachta eile (dá ngairtear “an chuideachta bhunaidh” ina dhiaidh seo sa mhír seo),

[EN]

(ii)  go ndearna an chuideachta bhunaidh éileamh, nó go bhféadfadh sí éileamh a dhéanamh, ar fhaoiseamh, de bhua mhír (a) nó fho-alt (3), i ndáil leis an trádáil nó leis an gcuid den trádáil faoi Chuid IV den Acht Cánach Corparáide, 1976, agus

[EN]

(iii) nach raibh scortha ag an gcuideachta bhunaidh de bhua fho-alt (4) de bheith i dteideal faoiseamh a éileamh faoin gCuid sin IV i ndáil leis an trádáil nó leis an gcuid den trádáil,

[EN]

ansin, bainfidh forálacha na Coda sin IV leis an gcuideachta chomharbais ionann is dá mba éard iad an chuideachta bhunaidh agus an chuideachta chomharbais an chuideachta bhunaidh agus an chuideachta chomharbais, faoi seach, de réir bhrí alt 62 (3) den Acht sin.

[EN]

(c) I gcás—

[EN]

(i) a dtiocfaidh cuideachta eile (dá ngairtear “an dara cuideachta chomharbais” ina dhiaidh seo sa mhír seo), tar éis an chomharbais a thuairiscítear i mír (b) (I), i gcomharbas ar thrádáil nó ar chuid de thrádáil de chuid na cuideachta dá ngairtear “an chuideachta chomharbais” sa mhír sin (b) agus dá ngairtear “an chéad chuideachta chomharbais” ina dhiaidh seo sa mhír seo, agus

[EN]

(ii) gurb éard í an trádáil sin nó an chuid sin de thrádáil trádáil nó cuid de thrádáil lenar bhain an mhír sin (b),

[EN]

ansin, beidh feidhm ag an mír sin (b) fara aon mhodhnuithe is gá ionann is dá mba í an chéad chuideachta chomharbais an chuideachta dá ngairtear “an chuideachta bhunaidh” sa mhír sin (b), agus ionann is dá mba í an dara cuideachta chomharbais an chuideachta dá ngairtear “an chuideachta chomharbais” sa mhír sin (b), agus mar sin de maidir le haon chomharbais eile den sórt sin ina dhiaidh sin.

[EN]

(3) Faoi réir fho-alt (4), ní bhainfidh forálacha fho-alt (1) le cuideachta, i ndáil le trádáil a sheolann sí nach mbaineann fo-alt (2) léi, más rud é, maidir leis an trádáil, go mbeidh forchinntiú i scríbhinn tugtha ag duine a bheidh údaraithe go cuí ag an Aire Airgeadais chun bheith ina ghníomhaire dó chun na críche sin á rá go mbainfeadh forálacha na nAchtanna Cánach, lena n-áirítear Cuid IV den Acht Cánach Corparáide, 1976, leis an trádáil ionann is dá mba nár achtaíodh fo-alt (1):

[EN]

Ar choinníoll—

[EN]

(a) nach dtabharfar aon fhorchinntiú den sórt sin mura deimhin leis an Aire Airgeadais, nó lena ghníomhaire cuí-údaraithe a dúradh, go dtugann, nó go dtabharfadh, an trádáil a sheolann nó a sheolfaidh an chuideachta cabhair thathagach i ndáil le forbairt réigiúnach nó forbairt náisiúnta,

[EN]

(b) go dtabharfar aon fhorchinntiú den sórt sin i cibé foirm agus modh agus faoi réir cibé coinníollacha a ordóidh an tAire Airgeadais,

[EN]

(c) nach dtabharfar aon fhorchinntiú den sórt sin ar dháta is déanaí ná an 31ú lá de Nollaig, 1980, agus

[EN]

(d) i gcás forchinntiú i scríbhinn a bheith tugtha ar dháta nach déanaí ná an 31ú lá de Nollaig, 1980, ag duine a bheidh údaraithe go cuí ag an Rialtas chun bheith ina ghníomhaire dóibh chun na críche sin agus gurb ionann éifeacht don fhorchinntiú sin agus don fhorchinntiú a chéadluaitear san fho-alt seo, go mbeidh éifeacht leis an bhfo-alt seo ionann is dá mba éard é an forchinntiú a tugadh amhlaidh an forchinntiú a céadluadh amhlaidh agus ionann is dá mba gur comhlíonadh ar gach dóigh na forálacha den fho-alt seo a bhaineann le forchinntithe a thabhairt.

[EN]

(4) Cuideachta a éileoidh faoiseamh faoin gCaibidil seo i ndáil le trádáil a bhaineann le tréimhse chuntasaíochta iomchuí ní bheidh sé i dteideal de bhua fho-alt (2) nó (3) faoiseamh a éileamh i ndáil leis an trádáil faoi Chuid IV den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir le haon tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta ar tar éis an lae díreach roimh dháta tosaigh na tréimhse chuntasaíochta iomchuí sin di.

[EN]

(5)  (a) Leasaítear leis seo alt 58 den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 1ú lá d'Eanáir, 1981, nó aon lá dá éis, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (10):

[EN]

“(10) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn ‘cáin chorparáide iomchuí’ an cháin chorparáide a bheadh, ar leith ón alt seo, ailt 182 (faoiseamh maidir le caillteanais neamhfhaoisimh agus liúntais chaipitiúla a tugadh ar aghaidh ón mbliain 1975-76) agus 184 (faoiseamh i leith caillteanas cánach brabús corparáide) agus alt 41 den Acht Airgeadais, 1980, inmhuirearaithe don tréimhse chuntasaíochta iomchuí gan an cháin chorparáide is inmhuirearaithe ar an gcuid de bhrabúis na cuideachta is inchurtha i leith gnóchain inmhuirearaithe don tréimhse sin a áireamh; agus glacfar gurb í an chuid sin an méid a tugadh isteach i mbrabúis na cuideachta don tréimhse sin chun críocha cánach corparáide i leith gnóchain inmhuirearaithe roimh aon asbhaint a dhéanamh maidir le muirir ar ioncam, caiteachais bhainistí nó méideanna eile a fhéadfar a bhaint as brabúis lena ngabhann breis agus tuairisc amháin nó a fhéadfar a fhritháireamh ina gcoinne nó a mheas go laghdaíonn siad na brabúis sin.”.

[EN]

(b) Beidh feidhm ag mír (a) i ndáil le haon éileamh a dhéanfar an 6ú lá de Bhealtaine, 1980, nó dá éis, ar fhaoiseamh ó cháin chorparáide faoi Chuid IV den Acht Cánach Corp aráide, 1976, maidir le haon tréimhse chuntasaíochta iomchuí de réir bhrí na Coda sin dar críoch aon lá roimh an lú lá d'Eanáir, 1981, mar atá feidhm aici maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an dáta sin nó dáta dá éis, fara an modhnú go mbeidh, i ndáil le cásanna ina mbeidh éifeacht le halt 186 den Acht sin maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí a bhfuil an t-éileamh á dhéanamh ina leith, éifeacht le fo-alt (10) (a cuireadh isteach le mír (a)) d'alt 58 den Acht sin ionann is dá bhfolódh na tagairtí ann d'ailt 182 agus 184 den Acht sin tagairt don alt sin 186.

[EN]

(6) Leasaítear leis seo alt 64 den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an lú lá d'Eanáir, 1981, nó aon lá dá éis—

[EN]

(a) i bhfo-alt (2), sa mhíniú ar A, trí “(seachas a hioncam ó dhíol earraí de réir bhrí alt 41 den Acht Airgeadais, 1980)” a chur isteach i ndiaidh “ar dhliteanas na cuideachta i leith cánach corparáide ar a hioncam” agus tá an míniú sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TÁBLA

arb é A méid a dhéanfar amach tríd an gcodán

D

_____

100-D

a fheidhmiú ar mhéid ioncaim indáilte na

[EN]

cuideachta don tréimhse chuntasaíochta, gan dáiltí a fuair an chuideachta sa tréimhse sin a áireamh, i gcás arb é D an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain mheasúnachta ina ndearnadh an dáileadh iomchuí arna laghdú i gcomhréir leis an laghdú faoi alt 58 ar dhliteanas na cuideachta i leith cánach corparáide ar a hioncam (seachas a hioncam ó dhíol earraí de réir bhrí alt 41 den Acht Airgeadais, 1980) don tréimhse chuntasaíochta, faoi réir mhír (c) den choinníoll a ghabhann le halt 182 (3) (faoiseamh eatramhach do chaillteanais chánach ioncaim, etc.) agus mhír (iii) den choinníoll a ghabhann le halt 184 (3) (faoiseamh i leith caillteanas cánach brabús corparáide),

[EN]

agus

[EN]

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4):

[EN]

“(4A) I gcás ioncam indáilte cuideachta do thréimhse chuntasaíochta a bheith le cinneadh chun críocha an ailt seo i ndáil le dáileadh a rinne an chuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin (dá ngairtear ‘an dáileadh céadluaite’ san fho-alt seo) bainfear as an gcomhiomlán a luaitear i bhfo-alt (4) comhiomlán na méideanna seo a leanas—

[EN]

(a) méid ioncam na cuideachta a bheidh, i ndáil leis an dáileadh céadluaite, le cur i gcuntas sa mhíniú ar A in alt 45 (1) den Acht Airgeadais, 1980 (roimh aon laghdú faoi alt 47 (2) (i) nó 48 (2) (i) den Acht sin), mar ioncam de chuid na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta iomchuí (de réir bhrí Chaibidil VI de Chuid I den Acht sin) atá comhthráthach leis an tréimhse chuntasaíochta sin nó ar cuid den tréimhse sin í lúide méid na cánach corparáide a bheidh le cur i gcuntas sa mhíniú ar B san alt sin 45 (1) maidir leis an méid sin d'ioncam na cuideachta, agus

[EN]

(b) méid is ionann agus na dáiltí a fuair an chuideachta sa tréimhse chuntasaíochta ar dáiltí iomchuí iad de réir bhrí alt 45 den Acht Airgeadais, 1980, agus a bheidh le háireamh sa mhíniú ar E i bhfo-alt (1) den alt sin i ndáil leis an dáileadh céadluaite.”.

[EN]

Foralacha a bhaineann le hoibríochtaí trádála díolmhaithe faoi Chuid V (brabúis ó thrádáil in Aerfort na Sionna) den Acht Cánach Corparáide, 1976.

43.—(1) Ach amháin mar a fhoráiltear i bhfo-ailt (2) agus (3), ní oibríocht trádála dhíolmhaithe chun críocha Chuid V den Acht Cánach Corparáide, 1976, aon oibríocht trádála de chuid aon chuideachta a sheolfar an lú lá d'Eanáir, 1981, nó dá éis.

[EN]

(2) Faoi réir fho-alt (4), más rud é, de bhua deimhniú a tugadh faoi alt 70 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976, nó deimhniú a bhfuil éifeacht leis ionann is dá mba gur tugadh é amhlaidh, gur oibríochtaí trádála díolmhaithe de réir bhrí an ailt sin, an 31ú lá de Nollaig, 1980, aon oibríochtaí trádála de chuid cuideachta, ansin ní chuirfidh forálacha fho-alt (1) cosc le feidhm a bheith ag an gCuid sin V den Acht sin ar na hoibríochtaí trádála sin.

[EN]

(3) I gcás aon oibríochtaí trádála de chuid cuideachta do thosú an 1ú lá d'Eanáir, 1981, nó dá éis, agus, mura mbeadh forálacha fho-alt (1), go dtabharfaí deimhniú faoi alt 70 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976, á dheimhniú gur oibríochtaí trádála díolmhaithe chun críocha Chuid V den Acht sin na hoibríochtaí trádála sin, ansin féadfaidh an tAire Airgeadais deimhniú den sórt dá bhforáiltear san alt sin a thabhairt i ndáil leis na hoibríochtaí trádála sin má bhíonn, maidir leis na hoibríochtaí trádála sin, forchinntiú i scríbhinn tugtha ag duine arna údarú go cuí ag an Aire Airgeadais chun bheith ina ghníomhaire dó chun na críche sin á rá go mbainfeadh forálacha na nAchtanna Cánach, lena n-áirítear Cuid V den Acht Cánach Corparáide, 1976, leis na hoibríochtaí trádála sin ionann is dá mba nár achtaíodh fo-alt (1); agus, faoi réir fho-alt (4), i gcás deimhniú den sórt sin a thabhairt, ní chuirfidh forálacha fho-alt (1) cosc le feidhm a bheith ag an gCuid sin V ar na hoibríochtaí trádála sin:

[EN]

Ar choinníoll—

[EN]

(a) nach dtabharfar aon fhorchinntiú den sórt sin mura deimhin leis an Aire Airgeadais, nó lena ghníomhaire cuí-údaraithe a dúradh, go dtugann, nó go dtabharfadh, na hoibríochtaí trádála cabhair thathagach i ndáil le forbairt réigiúnach nó forbairt náisiúnta,

[EN]

(b) go dtabharfar aon fhorchinntiú den sórt sin i cibé foirm agus modh agus faoi réir cibé coinníollacha a ordóidh an tAire Airgeadais, agus

[EN]

(c) nach dtabharfar aon fhorchinntiú den sórt sin ar dháta is déanaí ná an 31ú lá de Nollaig, 1980.

[EN]

(4) I gcás ina n-éileoidh cuideachta faoiseamh faoin gCaibidil seo i ndáil le trádáil maidir le tréimhse chuntasaíochta iomchuí arb é a bhí sa trádáil lena linn oibríochtaí trádála díolmhaithe a shonraítear i ndeimhniú a luaitear i bhfo-alt (2) nó (3), ansin, scoirfidh na hoibríochtaí trádála sin de bheith ina n-oibríochtaí trádála díolmhaithe chun críocha Chuid V den Acht Cánach Corparáide, 1976, a mhéid a sheoltar iad an chéad lá den tréimhse chuntasaíochta iomchuí sin nó dá éis.

[EN]

Idirbhearta idir daoine comhlachaithe.

44.—(1) I gcás cuideachta a mbeidh éileamh ar fhaoiseamh faoin gCaibidil seo á dhéanamh aici (dá ngairtear “an ceannaitheoir” ina dhiaidh seo san fho-alt seo) do dhéanamh ceannach ó dhuine eile (dá ngairtear “an díoltóir” ina dhiaidh seo san fho-alt seo), agus

[EN]

(a) go mbeidh rialú ag an díoltóir ar an gceannaitheoir nó, i gcás ar comhlacht corpraithe nó comhpháirtíocht an díoltóir, go mbeidh rialú ag an gceannaitheoir ar an díoltóir nó go mbeidh rialú ag duine éigin eile ar an díoltóir agus ar an gceannaitheoir araon, agus

[EN]

(b) gur lú an praghas san idirbheart ná an praghas ba dhóigh a gheofaí dá mba pháirtithe neamhspleácha ag déileáil ar neamhthuilleamaí na páirtithe san idirbheart,

[EN]

ansin, déanfar ioncam nó caillteanais an cheannaitheora agus an díoltóra a ríomh, chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach, ionann is dá mba éard é an praghas san idirbheart an praghas a gheofaí dá mba idirbheart idir daoine neamhspleácha ag déileáil mar a dúradh an t-idirbheart.

[EN]

(2) I gcás cuideachta a mbeidh éileamh ar fhaoiseamh faoin gCaibidil seo á dhéanamh aici (dá ngairtear “an díoltóir” ina dhiaidh seo san fho-alt seo) do dhíol earraí le duine eile (dá ngairtear “an ceannaitheoir” ina dhiaidh seo san fho-alt seo) agus—

[EN]

(a) go mbeidh rialú ag an gceannaitheoir ar an díoltóir nó, i gcás ar comhlacht corpraithe nó comhphairtíocht an ceannaitheoir, go mbeidh rialú ag an díoltóir ar an gceannaitheoir nó go mbeidh rialú ag duine éigin eile ar an díoltóir agus ar an gceannaitheoir araon, agus

[EN]

(b) gur mó an praghas ar a ndíolfar na hearraí ná an praghas ba dhóigh a gheofaí orthu dá mba pháirtithe neamhspleácha ag déileáil ar neamhthuilleamaí na páirtithe san idirbheart,

[EN]

ansin, déanfar ioncam nó caillteanais an cheannaitheora agus an díoltóra a ríomh, chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach, ionann is dá ndíolfadh an díoltóir na hearraí leis an gceannaitheoir ar an bpraghas a gheofaí orthu dá mba idirbheart idir daoine neamhspleácha ag déileáil mar a dúradh an t-idirbheart.

[EN]

(3) Chun críocha fho-alt (2) measfar cuideachta do dhíol earraí i gcás a n-áireofar agus a mhéid a áireofar, chun críocha na Caibidle seo, gur méid is infhaighte ó earraí a dhíol aon mhéid is infhaighte aici mar íocaíocht as aon ghníomhaíocht trádála agus forléireofar “díoltóir” agus “ceannaitheoir” dá réir sin.

[EN]

(4) San alt seo tá le “rialú” an bhrí a shanntar dó le halt 158 den Acht Cánach Corparáide, 1976.

[EN]

(5) Féadfaidh an cigire, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar chuideachta a mbeidh faoiseamh faoin gCaibidil seo á éileamh aici, cibé faisnéis nó sonraí a thabhairt dó is gá chun críocha an ailt seo, agus beidh éifeacht le halt 41 (2) ionann is dá mbeadh an fhaisnéis nó na sonraí a bheidh sonraithe i bhfógra faoin alt seo ar áireamh na n-ábhar a gceanglaítear leis an bhfo-alt sin cruthúnas a thabhairt ina dtaobh.

[EN]

Dáiltí.

45.—(1) Chun críocha an ailt seo is dáileadh iomchuí dáileadh a dhéanfaidh cuideachta más é an 1ú lá d'Eanáir, 1981, nó aon lá dá éis (dá ngairtear “an lá iomchuí” ina dhiaidh seo san alt seo) a dhéanfar é, agus mura mó méid iomlán na ndáiltí a dhéanfaidh an chuideachta an lá sin ná méid (dá ngairtear “méid an bhunchiste” ina dhiaidh seo san alt seo) a chinnfear de réir na foirmle

[EN]

(A - B) + (C - D) + E - F

[EN]

i gcás, faoi réir ailt 46 go 49—

[EN]

arb é A an méid d'ioncam na cuideachta a mbeidh an cháin chorparáide ina leith laghdaithe faoi alt 41 don tréimhse chuntasaíochta iomchuí dheiridh de chuid na cuideachta a chríochnaigh roimh an lá iomchuí:

[EN]

Ar choinníoll, i gcás nach dáileadh a dhearbhaigh an chuideachta ag cruinniú ginearálta a tionóladh mar chruinniú ginearálta bliantúil an dáileadh, go mbeidh éifeacht leis an míniú seo ionann is dá mba thagairt do thréimhse chuntasaíochta iomchuí na cuideachta ina ndearnadh an dáileadh an tagairt atá ann don tréimhse chuntasaíochta iomchuí dheiridh a chríochnaigh roimh an lá iomchuí,

[EN]

arb é B méid na cánach corparáide arna laghdú faoi alt 41, i leith an méid ioncaim a luaitear sa mhíniú ar A,

[EN]

arb é C comhiomlán na méideanna d'ioncam na cuideachta a mbeidh an cháin chorparáide ina leith laghdaithe faoi alt 41 do thréimhsí cuntasaíochta iomchuí uile na cuideachta roimh an tréimhse chuntasaíochta iomchuí atá le cur i gcuntas sa mhíniú ar A,

[EN]

arb é D comhiomlán na méideanna den cháin chorparáide, arna laghdú faoi alt 41, i leith na méideanna ioncaim a áirítear sa mhéid comhiomlán a ríomhtar de réir an mhínithe ar C,

[EN]

arb é E méid comhiomlán na ndáiltí iomchuí a fuair an chuideachta aon uair roimh an lá iomchuí:

[EN]

Ar choinníoll nach n-áireofar dáileadh iomchuí sa mhíniú seo más éard é an dáileadh, mar aon leis an gcreidmheas cánach a mbeidh teideal chuige ag an gcuideachta ina leith, ioncam infheistíochta frainceáilte a dtugtar faoiseamh ina aghaidh faoi alt 15 (4), 25 nó 26 den Acht Cánach Corparáide, 1976, agus ar faoiseamh é nár tarraingíodh siar dá éis sin faoi fhorálacha na n-alt sin, agus

[EN]

arb é F méid comhiomlán na ndáiltí iomchuí a rinne an chuideachta aon lá is luaithe ná an lá iomchuí.

[EN]

(2) Más rud é i ndáil le cuideachta gur mó ná nialas méid an bhunchiste ach gur lú é ná méid iomlán na ndáiltí a rinne an chuideachta an lá iomchuí, déileálfar le dáileadh a rinne an chuideachta an lá sin ionann is dá mba dhá dháileadh a bhí ann, is é sin le rá,

[EN]

(a) dáileadh iomchuí is ionann agus cibé méid a mbeidh idir é agus méid iomlán an dáilte an chomhréir chéanna atá idir méid an bhunchiste agus méid iomlán na ndáiltí a rinneadh amhlaidh an lá sin, agus

[EN]

(b) dáileadh ar leith nach dáileadh iomchuí agus arb éard é iarmhéid an dáilte.

[EN]

(3) Is é a bheidh sa chreidmheas cánach a mbeidh teideal chuige ag faighteoir dáilte iomchuí ina leith, d'ainneoin alt 88 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976, méid is ionann agus an t-ochtú cuid déag de mhéid an dáilte iomchuí.

[EN]

(4) I ndáil le dáileadh iomchuí, beidh éifeacht le halt 83 (4) (a) den Acht Cánach Corparáide, 1976, ionann is dá gcuirfí “leis an naoú cuid déag den mhéid sin,” in ionad “leis an gcáin ioncaim de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain sin ar an méid sin,”.

[EN]

(5) Déanfar an creidmheas cánach (más ann) a mbeidh teideal chuige ag faighteoir dáilte lena mbaineann fo-alt (2) (b) i leith an dáilte a ríomh de réir fhorálacha na nAchtanna Cánach Corparáide seachas fo-alt (3).

[EN]

(6) I ndáil le dáileadh iomchuí (lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear leis faoi fho-alt (2) mar dháileadh iomchuí) a rinne cuideachta, bainfidh ailt 5 agus 83 (5) den Acht Cánach Corparáide, 1976, leis an gcuideachta ionas go dtaispeánfaidh na ráitis dá bhforáiltear leis na hailt sin, maidir le gach dáileadh den sórt sin, i dteannta na sonraí a cheanglaítear a thabhairt ar leith on bhfo-alt seo. gur dáileadh iomchuí de réir bhrí an ailt seo an dáileadh.

[EN]

(7) Más rud é, ar chuideachta d'éileamh faoisimh faoin gCaibidil seo i ndáil le trádáil d'aon tréimhse chuntasaíochta iomchuí, gur dealraitheach don chigire, nó, ar achomharc, do na Coimisinéirí Achomhairc, nuair a chuirtear an faoiseamh sin i gcuntas, gurb amhlaidh do mhéid an bhunchiste i ndáil le haon dáileadh (lena n-áirítear cuid de dháileadh lena mbaineann fo-alt 2 (b)) a rinne an chuideachta lá iomchuí gur mó méid an chreidmheasa chánach ar taispeánadh faighteoir an dáilte a bheith ina theideal sa ráiteas a bhí i gceangal nó ag gabháil le haon bharántas nó seic nó ordú eile a luaitear in alt 5 den Acht Cánach Corparáide, 1976, nó in aon ráiteas a luaitear in alt 83 (5) den Acht sin, ná méid an chreidmheasa cánach a bhfuil teideal chuige ag an bhfaighteoir sin faoi fhorálacha an ailt seo, ansin déanfar aon fhaoiseamh faoin gCaibidil seo a mbeadh teideal chuige ag an gcuideachta ar dhóigh eile i leith na trádála don tréimhse chuntasaíochta iomchuí a laghdú de mhéid na breise a bheidh ag an gcreidmheas cánach ar taispeánadh amhlaidh an faighteoir a bheith ina theideal ar an méid a mbeidh sé ina theideal faoi fhorálacha an ailt seo, agus déanfar cibé measúnachtaí breise nó coigeartuithe ar mheasúnachtaí a bheidh ag teastáil in aon chás chun éifeacht a thabhairt don fho-alt seo:

[EN]

Ar choinníoll—

[EN]

(a) nach dtabharfar aon aird ar an laghdú faoisimh faoin gCaibidil seo de bhua an fho-ailt seo le linn aon mhéid a bheidh le cur i gcuntas a bheith á chinneadh—

[EN]

(i)  sa mhíniú ar B nó D i bhfo-alt (1),

[EN]

(ii)  i mír (b) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (3) d'alt 182 den Acht Cánach Corparáide, 1976, nó

[EN]

(iii) i mír (iiA) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (3) (b) d'alt 184 den Acht sin, agus

[EN]

(b) nach mbeidh feidhm ag forálacha an fho-ailt seo más deimhin leis an gcigire, nó ar achomharc, leis na Coimisinéirí Achomhairc, go mbeadh sé cóir réasúnach, mar gheall ar an gcuideachta do cheartú an ráitis a bhí i gceangal nó ag gabháil leis an mbarántas nó an seic nó an ordú iomchuí eile a luaitear in alt 5 den Acht Cánach Corparáide, 1976, nó an ráitis a luaitear in alt 83 (5) den Acht sin, nó ar aon chúis leormhaith eile, nach mbeadh feidhm acu.

[EN]

(8) Féadfaidh an cigire trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar chuideachta cibé faisnéis nó sonraí a thabhairt dó is gá chun críocha an ailt seo agus mura gcomhlíonfaidh an chuideachta ceanglais an fhógra dlífear pionós £100 a chur uirthi.

[EN]

Mar a dhéileálfar le hasbhaintí áirithe i ndáil le dáiltí iomchuí.

46.—(1) San alt seo ciallaíonn “asbhaint iomchuí”, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta iomchuí de chuid cuideachta, aon mhéid a lamhálfar mar asbhaint in aghaidh brábúis iomlána na cuideachta sa tréimhse sin maidir le—

[EN]

(a) muirir ar ioncam.

[EN]

(b) grúp-fhaoiseamh.

[EN]

(c) aon liúntas maidir le caiteachas caipitiúil dá dtugar éifeacht don tréimhse sin faoi alt 14 (6) den Acht Cánach Corparáide, 1976.

[EN]

(d) aon chaillteanas a ndéileáiltear leis na brabúis don tréimhse sin ina leith mar bhrabúis atá arna laghdú faoi alt 16 (2) den Acht sin, nó

[EN]

(e) méideanna eile a fhéadfar, faoi na hAchtanna Cánach Corparáide, a bhaint as brabúis lena ngabhann breis agus tuairisc amháin nó a fhéadfar a fhritháireamh ina gcoinne nó a mheas go laghdaíonn siad na brabúis sin.

[EN]

(2) Más rud é, maidir le haon tréimhse chuntasaíochta iomchuí de chuid cuideachta—

[EN]

(a) go mbeidh an cháin chorparáide is inchurtha i leith ioncam na cuideachta ó dhíol earraí le laghdú faoi alt 41, agus

[EN]

(b) gur lamháladh asbhaint iomchuí in aghaidh na mbrabús iomlán le linn an cháin chorparáide is inmhuirearaithe a bheith á ríomh.

[EN]

ansin, déanfar an méid d'ioncam na cuideachta a bheidh le cur i gcuntas sa mhíniú ar A nó C in alt 45 (1) maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí sin a laghdú méid is ionann agus an chuid sin den asbhaint iomchuí a mbeidh idir í agus an t-iomlán an chomhréir chéanna atá idir méid ioncam na cuideachta as earraí a dhíol agus an t-ioncam iomlán a cuireadh faoi mhuirear cánach corparáide don tréimhse chuntasaíochta iomchuí.

[EN]

Forálacha maidir le faoiseamh i leith caillteanas áirithe agus liúntais chaipitiúla a tugadh anall ó 1975-76.

47.—(1) Leasaítear leis seo alt 182 den Acht Cánach Corparáide, 1976

[EN]

(a) tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “cáin chorparáide iomchuí” i bhfo-alt (1):

[EN]

“tá le ‘cáin chorparáide iomchuí’, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta, an bhrí a shanntar dó i bhfo-alt (10) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980) d'alt 58 ach ‘don tréimhse chuntasaíochta’ a chur in ionad ‘don tréimhse chuntasaíochta iomchuí’.”,

[EN]

agus

[EN]

(b) sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (3), tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (b):

[EN]

“(bb) i gcás a ndéanfar an cháin chorparáide is iníoctha ag an gcuideachta do thréimhse chuntasaíochta a laghdú de bhua éileamh faoi alt 41 (2) (bonn faoisimh ó cháin chorparáide: cuideachtaí monaraíochta) den Acht Airgeadais, 1980, go ndéanfar an faoiseamh a bheidh le tabhairt faoin alt seo i leith na tréimhse cuntasaíochta a laghdú ar aon-choibhneas leis an laghdú a dhéanfar amhlaidh ar an gcáin chorparáide is iníochtha ag an gcuideachta i leith na tréimhse cuntasaíochta a mhéid is inchurtha í i leith an ioncaim ón trádáil; agus gurb í an cháin chorparáide is inchurtha i leith an ioncaim ón trádáil an méid a luaitear i mír (b);”.

[EN]

(2) Más rud é, maidir le haon tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta atá comhthráthach le tréimhse chuntasaíochta iomchuí nó ar cuid di tréimhse chuntasaíochta iomchuí—

[EN]

(a) go mbeidh an cháin chorparáide is inchurtha i leith ioncam na cuideachta ó dhíol earraí i gcúrsa trádála don tréimhse chuntasaíochta iomchuí le laghdú faoi alt 41, agus

[EN]

(b) go lamháiltear faoiseamh laghdaithe faoi alt 182 den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir leis an tréimhse chuntasaíochta de réir fhorálacha mhír (b) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (3) den alt sin 182.

[EN]

ansin—

[EN]

(i) déanfar an méid d'ioncam na cuideachta a bheidh, ar leith ón mír seo, le cur i gcuntas sa mhíniú ar A nó C in alt 45 (1) maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí a laghdú méid a chinnfear de réir na foirmle

G ×

9

__

7

×

 H

__

J

[EN]

i gcás—

[EN]

arb é G méid an laghdaithe san fhaoiseamh maidir leis an trádáil don tréimhse chuntasaíochta faoi fhorálacha na míre sin (b) den choinníoll sin,

[EN]

arb é H ioncam na tréimhse cuntasaíochta de réir bhrí alt 28 (8) den Acht Cánach Corparáide, 1976, agus

[EN]

arb é J an cháin chorparáide iomchuí don tréimhse chuntasaíochta de réir bhrí an ailt sin 182,

[EN]

agus

[EN]

(ii) déanfar méid na cánach corparáide (arna laghdú faoi alt 41) a bheidh, ar leith ón mír seo, le cur i gcuntas sa mhíniú ar B nó D in alt 45 (1) maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí a laghdú méid a chinnfear de réir na foirmle

G ×

2

__

7

[EN]

i gcás an míniú céanna a bheith le G atá leis i mír (i).

[EN]

Forálacha a bhaineann le faoiseamh i leith caillteanas cánach brabús corparáide áirithe.

48.—(1) Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976

[EN]

(a) i mír (b), trí na mínithe seo a leanas a chur in ionad na mínithe ar A agus B:

[EN]

“arb é A an bhreis a bheidh ag méid na cánach corparáide is inmhuirearaithe, ar leith ó ailt 58 (foras faoisimh ó cháin chorparáide do bhrabúis onnmhairí), agus 182, ón alt seo agus ó alt 41 den Acht Airgeadais, 1980, don tréimhse chuntasaíochta ar mhéid arna ríomh trí ráta is ionann agus an ráta caighdeánach don bhliain mheasúnachta inar chríochnaigh an tréimhse chuntasaíochta a fheidhmiú ar mhéid ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta, agus

[EN]

arb é B an bhreis a bheidh ag méid na cánach corparáide ab inmhuirearaithe, ar leith ó ailt 58 agus 182, ón alt seo agus ó alt 41 den Acht Airgeadais, 1980, don tréimhse chuntasaíochta dá ndéanfaí méid ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta a laghdú an méid iomchuí ar mhéid arna ríomh trí ráta is ionann agus an ráta caighdeánach don bhliain mheasúnachta inar chríochnaigh an tréimhse chuntasaíochta a fheidhmiú ar mhéid ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta arna laghdú an méid iomchuí:”,

[EN]

agus

[EN]

(b) sa choinníoll a ghabhann le mír (b), trí “agus” a scriosadh i mír (ii) agus tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (iii) agus na míre díreach ina diaidh:

[EN]

“(iiA) i gcás a ndéanfar an cháin chorparáide is iníoctha ag cuideachta do thréimhse chuntasaíochta a laghdú de bhua éileamh faoi alt 41 (2) den Acht Airgeadais, 1980, go ndéanfar an méid faoisimh a bheidh le lamháil faoi na forálacha sin roimhe seo den alt seo a laghdú sa choibhneas céanna atá idir an méid a laghdaítear amhlaidh an cháin chorparáide is inchurtha i leith an ioncaim as earraí a dhíol (de réir bhrí an ailt sin 41) don tréimhse chuntasaíochta sin agus an cháin chorparáide iomchuí; agus

[EN]

(iii) go measfar, chun críocha alt 64, maidir le méid aon laghdú a dhéanfar do thréimhse chuntasaíochta faoi mhír (i) nó (ii) den choinníoll seo, gur laghdú é ar an méid faoisimh a lamháiltear faoi alt 58,

[EN]

agus chun críocha an choinníll seo—

[EN]

(I) tá le ‘cáin chorparáide is inchurtha i leith an ioncaim is inchurtha síos don bhreis’ agus le ‘cáin chorparáide is inchurtha i leith an ioncaim ó dhíol earraí a onnmhairíodh’ na bríonna a shanntar dóibh in alt 58, agus

[EN]

(II) tá le ‘cáin chorparáide iomchuí’ an bhrí a shanntar dó in alt 182.”.

[EN]

(2) Más rud é, maidir le haon tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta atá comhthráthach le tréimhse chuntasaíochta iomchuí nó ar cuid di tréimhse chuntasaíochta iomchuí—

[EN]

(a) go mbeidh an cháin chorparáide is inchurtha i leith ioncam na cuideachta ó dhíol earraí i gcúrsa na trádála don tréimhse chuntasaíochta iomchuí le laghdu faoi alt 41, agus

[EN]

(b) go lamhálfar faoiseamh laghdaithe faoi alt 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir leis an tréimhse chuntasaíochta de réir fhorálacha mhír (iiA) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (3) (b) den alt sin 184,

[EN]

ansin—

[EN]

(i) déanfar an méid d'ioncam na cuideachta a bheidh, ar leith ón mír seo, le cur i gcuntas sa mhíniú ar A nó C in alt 45(1) maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí a laghdú méid a chinnfear de réir na foirmle

K  ×  

L

__

M

  ×  

N

__

 P

[EN]

i gcás—

[EN]

arb é K méid an fhaoisimh don tréimhse chuntasaíochta faoin alt sin 184 roimh aon laghdú san fhaoiseamh sin faoi fhorálacha an choinníll a ghabhann le fo-alt (3) (b) den alt sin,

[EN]

arb é L ioncam na tréimhse cuntasaíochta de réir bhrí alt 28 (8) den Acht Cánach Corparáide, 1976,

[EN]

arb é M an cháin chorparáide iomchuí de réir bhrí alt 182 den Acht Cánach Corparáide, 1976, i ndáil leis an tréimhse chuntasaíochta,

[EN]

arb é N an t-ioncam ó dhíol earraí, de réir bhrí alt 41, don tréimhse chuntasaíochta iomchuí, agus

[EN]

arb é P an t-ioncam iomlán a cuireadh faoi mhuirear cánach corparáide don tréimhse chuntasaíochta,

[EN]

agus

[EN]

(ii) déanfar méid na cánach corparáide (arna laghdú faoi alt 41) a bheidh, ar leith ón mír seo, le cur i gcuntas sa mhíniú ar B nó D in alt 45 (1) maidir leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí a laghdú méid a chinnfear de réir na foirmle

Q  ×  

  2

__

  7

[EN]

i gcás arb é Q méid an laghdaithe san fhaoiseamh don tréimhse chuntasaíochta faoi fhorálacha na míre sin (iiA) den choinníoll sin.

[EN]

Díbhinní agus dáiltí eile de réir ráta chomhláin nó de mhéid comhlán.

49.—(1) I gcás ina ndéanfaidh cuideachta dáileadh iomchuí de réir bhrí alt 45, lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear leis faoi alt 45 (2) mar dháileadh iomchuí, maidir le haon cheart nó oibleagáid lena mbaineann alt 178 den Acht Cánach Corparáide, 1976, déanfaidh an chuideachta dáileadh forlíontach ar cóimhéid leis an mbreis atá ag méid an chreidmheasa cánach ag a mbeadh feidhm maidir leis an dáileadh iomchuí dá mba nár achtaíodh alt 45 (3) ar mhéid an chreidmheasa cánach a bhaineann, de réir an ailt sin 45 (3), leis an dáileadh iomchuí.

[EN]

(2) I gcás gur dáileadh iomchuí de réir bhrí fho-alt (1) nó (2) (a) d'alt 45 dáileadh forlíontach iomlán, nó cuid de dháileadh forlíontach, faoi fho-alt (1) agus gur cuideachta faighteoir an dáilte iomchuí sin, ansin, d'fhonn a chinneadh cé acu agus cá mhéid is dáileadh iomchuí dáileadh a rinne an chuideachta sin, is é a bheidh sa dháileadh forlíontach iomlán nó sa chuid de dháileadh forlíontach (cibé acu é) méid a bheidh le cur i gcuntas faoin míniú ar E san fhoirmle san alt sin i ndáil leis an dáileadh sin a rinne an chuideachta sin.

[EN]

(3) D'ainneoin fhorálacha alt 88 den Acht Cánach Corparáide, 1976, ní bheidh faighteoir dáilte fhorlíontaigh faoi fho-alt (1) i dteideal creidmheasa cánach ina leith.

[EN]

(4) I ndáil le haon dáileadh forlíontach de réir bhrí fho-alt (1), bainfidh alt 5 den Acht Cánach Corparáide, 1976, leis an gcuideachta ionas go dtaispeánfaidh an ráiteas a cheanglaítear leis an alt sin, i dteanna na sonraí a cheanglaítear a thabhairt ar leith ón alt seo, méid leithleach an dáilte fhorlíontaigh sin.

[EN]

Oibríochtaí mianadóireachta agus foirgníochta a eisiamh.

50.—(1) Chun críocha faoisimh faoin gCaibidil seo ní fholóidh ioncam ó dhíol earraí ioncam—

[EN]

(a) ó aon oibríochtaí mianadóireachta chun aon mhianra sceidealta, cumasc mianrúil nó substaint mhianrúil de réir bhrí alt 2 den Acht Forbairte Minearál, 1940, a fháil, cibé acu trí oibriú faoi thalamh nó ar uachtar na talún, nó

[EN]

(b) ó aon oibríochtaí foirgníochta de réir bhrí alt 17 den Acht Airgeadais, 1970 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976).

[EN]

(2) I gcás cuideachta a bheith ag seoladh trádála arb éard í nó ar cuid di monarú earraí agus go seolfaidh sí, i gcúrsa na trádála, aon oibríochtaí mianadóireachta de réir bhrí fho-alt (1) (a) óna bhfaigheann sí aon mhianra sceidealta, cumasc mianrúil nó substaint mhianrúil den chineál dá dtagraítear san fho-alt sin agus i gcás nach ndíolann an chuideachta aon mhianra, cumasc nó substaint den sórt sin i gcúrsa na trádála ach gurb éard iad na hábhair go léir nó cuid de na hábhair a úsáidtear ag monarú na n-earraí sin nó go gcorpraítear oiread ar bith iad sna hearraí i gcúrsa a monaraithe, ansin, maidir le cuid den ioncam a bheadh, ar leith ón bhfo-alt seo, ina ioncam ó dhíol earraí chun críocha alt 41, measfar, chun críocha fho-alt (1), gur ioncam é ó na hoibríochtaí mianadóireachta sin, agus is é a bheidh sa chuid sin, chun críocha an fho-ailt sin, cibé méid is dealraitheach don chigire nó, ar achomharc, do na Coimisinéirí Achomhairc, a bheith cóir réasúnach.

[EN]

(3) I gcás ina bhfolóidh an méid is infhaighte ó dhíol earraí comaoin as aon oibríochtaí foirgníochta mar a shainítear i bhfo-alt (1) (b) a chur i gcrích i ndáil leis na hearraí sin, ansin, maidir le cuid den ioncam a bheadh, ar leith ón bhfo-alt seo, ina ioncam ó dhíol earraí chun críocha alt 41, measfar, chun críocha fho-alt (1), gur ioncam é ó na hoibríochtaí foirgníochta sin, agus is é a bheidh sa chuid sin, chun críocha an fho-ailt sin, cibé méid is dealraitheach don chigire nó, ar achomharc, do na Coimisinéirí Achomhairc, a bheith cóir réasúnach.

[EN]

Achomhairc.

51.—Féadfar achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc ar aon cheist faoin gCaibidil seo sa tslí chéanna ina bhféadfaí achomharc a dhéanamh in aghaidh measúnachta cánach corparáide agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin leis na forálacha de na hAchtanna Cánach a bhaineann le hachomhairc.

Caibidil VII

Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide

[EN]

Leasú ar alt 40 (feidhm alt 31 (cumainn fhoirgníochta) den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir le blianta measúnachta áirithe) den Acht Airgeadais, 1977.

52.—Leasaítear leis seo alt 40 den Acht Airgeadais, 1977, trí “na sé bliana measúnachta” a chur in ionad “na gceithre bliana measúnachta” agus “na sé bliana sin” a chur in ionad “na gceithre bliana sin” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978) i bhfo-alt (1), agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(1) D'ainneoin an choinníll a ghabhann le halt 31 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976, aon chomhshocraíochtaí a rinne na Coimisinéirí Ioncaim agus aon chumann foirgníochta maidir leis an mbliain mheasúnachta 1975-76, a mhéid a fhorálann siad go n-íocfaí méid in ionannas cánach ioncaim arna ríomh go páirteach de réir an ráta chaighdeánaigh agus go páirteach de réir ráta laghdaithe, féadfar, fara aon mhodhnuithe is gá, iad a bhuanú go ceann na sé bliana measúnachta díreach dá éis sin chun an méid in ionannas cánach ioncaim dá dtagraítear i mír (a) den alt sin 31 (1) a chinneadh i ndáil leis an gcumann foirgníochta sin, agus beidh éifeacht leis an alt sin i ndáil le haon chomhshocraíochtaí a bheidh buanaithe amhlaidh go ceann na sé bliana sin.

[EN]

Leasú ar na forálacha a bhaineann le faoiseamh i leith méadú ar stocluachanna.

53.—(1) Leasaítear leis seo alt 31A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976) den Acht Airgeadais, 1975, trí “1980” a chur in ionad “1979”—

[EN]

(a) i mír (iv) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979) den choinníoll (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977) a ghabhann le fo-alt (4) (a),

[EN]

(b) i bhfo-alt (7) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977), agus.

[EN]

(c) i bhfo-alt (9) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977) gach áit a bhfuil sé,

[EN]

agus tá an mhír sin, an fo-alt sin (7) (seachas an coinníoll) agus an fo-alt sin (9) (seachas an coinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(iv) nach lamhálfar asbhaint faoi fhorálacha an ailt seo le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis.

[EN]

(7) I gcás ar mó, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta, stocluach oscailte cuideachta ná a stocluach dúnta, déanfar, más ar dháta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1980, do dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, méid na breise (dá ngairtear “laghdú ar stocluach” na cuideachta san alt seo) a áireamh, le linn ioncam trádála na cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin:

[EN]

(9) Le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis, a mbeidh laghdú ar stocluach, áireofar mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C

[EN]

i gcás—

[EN]

arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis,

[EN]

arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis, agus

[EN]

arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar, faoin bhfo-alt seo, mar fháltais trádála de chuid thrádáil na cuideachta do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin:

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Airgeadais, 1976

[EN]

(a) trí “nó 1980-81” a chur isteach i ndiaidh “1979-80” i mír (c) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979) d'fho-alt (2),

[EN]

(b) trí “1980-81” a chur in ionad “1979-80” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979) i bhfo-alt (3), agus

[EN]

(c) trí “1980” a chur in ionad “1979” gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (5) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1978) agus i bhfo-alt (6) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977),

[EN]

agus tá an mhír sin, an fo-alt sin (3), an fo-alt sin (5) (seachas an coinníoll) agus an fo-alt sin (6) (seachas an coinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TÁBLA

(c) I gcás a mbeidh éifeacht don bhliain 1979-80 nó 1980-81 le hasbhaint a cheadaítear de bhua an ailt seo le linn brabúis trádála duine ó thrádáil a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta, is é méid na hasbhainte, d'ainneoin aon fhoráil dá mhalairt, trí cheathrú den méid arbh é, ar leith ón alt seo, méid na hasbhainte don tréimhse chuntasaíochta sin é.

[EN]

(3) Aon asbhaint a lamhálfar de bhua an ailt seo le linn brabúis trádála duine do thréimhse chuntasaíochta a bheith á ríomh, ní bheidh éifeacht léi chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain 1974-75 nó tar éis na bliana 1980-81.

[EN]

(5) Le linn ioncam trádála duine a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch dáta sa tréimhse ón 6ú lá d'Aibreán, 1976, go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1980, áireofar méid an laghdaithe sin mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin:

[EN]

(6) Le linn ioncam trádála duine a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis, áireofar mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C

[EN]

i gcás—

[EN]

arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis,

[EN]

arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis, agus

[EN]

arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar mar fháltais trádála de chuid thrádáil an duine do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis:

[EN]

Leasú ar na forálacha a bhaineann le hachomhairc.

54.—(1) Beidh éifeacht le halt 416 (5) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ionann is dá gcuirfí “leis an gCuid seo” in ionad “le fo-ailt (7) agus (8)”.

[EN]

(2) Beidh éifeacht le halt 421 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus, maidir le mír (b), measfar go raibh éifeacht léi riamh, ionann is—

[EN]

(a) dá gcuirfí an coinníoll seo a leanas le fo-alt (2):

[EN]

“Ar choinníoll go gceadóidh na Coimisinéirí d'aon duine eile a bheidh ag feidhmiú ar son an achomharcóra pléideáil os a gcomhair i gcás ar deimhin leo gur chóir an cead sin a thabhairt.”,

[EN]

(b) dá gcuirfí na fo-ailt seo a leanas leis:

[EN]

“(5) Mura gceanglóidh imthosca an cháis a mhalairt—

[EN]

(a) i gcás ar dóigh leis na Coimisinéirí, ar achomharc i gcoinne mheasúnacht lenar measúnaíodh méid is inchurtha faoi cháin, go ndearnadh an t-achomharcóir a ró-mhuirearú leis an measúnacht féadfaidh siad, nuair a bheidh an t-achomharc á chinneadh acu, gan ach an méid is inchurtha faoi cháin a laghdú,

[EN]

(b) i gcás ar dóigh leis na Coimisinéirí, ar achomharc den sórt a dúradh, go bhfuil an t-achomharcóir muirearaithe go ceart leis an measúnacht, féadfaidh siad, nuair a bheidh an t-achomharc á chinneadh acu, a ordú go seasfaidh an méid is inchurtha faoi cháin, agus

[EN]

(c) i gcás ar dóigh leis na Coimisinéirí, ar achomharc den sórt a dúradh, gur chóir méid is mó ná an méid sa mheasúnacht a mhuirearú ar an achomharcóir, féadfaidh siad an bhreis a mhuirearú tríd an méid is inchurtha faoi cháin, agus an méid sin amháin, a mhéadú.

[EN]

(6) I gcás ina gcinnfidh na Coimisinéirí aon achomharc, tabharfaidh an cigire nó an t-oifigeach eile éifeacht do chinneadh na gCoimisinéirí agus air sin, más é an cinneadh go seasfaidh an mheasúnacht mar atá nó go bhfuil sí le leasú, beidh an fheidhm agus an éifeacht chéanna leis an measúnacht nó leis an measúnacht leasaithe de réir mar a bheidh, is a bheadh léi dá mba mheasúnacht í nár tugadh aon fhógra achomhairc ina leith.”.

[EN]

Leasú ar na forálacha a bhaineann le cáin ioncaim a mhuirearú faoi na Sceidil.

55.—Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 4 den Acht Cánach Ioncaim, 1967:

[EN]

“4.—I gcás ina n-achtaíonn aon Acht go muirearófar cáin ioncaim d'aon bhliain de réir aon ráta nó rátaí áirithe, déanfar, faoi réir fhorálacha an Achta seo agus an Achta Cánach Corparáide, 1976, cáin de réir an ráta sin nó na rátaí sin, de réir mar is iomchuí, a mhuirearú don bhliain sin maidir leis an maoin, na brabúis nó na gnóchain go léir a thuairiscítear nó a áirítear faoi seach sna Sceidil atá sna hailt a dtugtar a n-uimhreacha thíos, is é sin le rá—

[EN]

Sceideal C—Alt 47;

[EN]

Sceideal D—Alt 52;

[EN]

Sceideal E—Alt 109; agus

[EN]

Sceideal F—Alt 83 den Acht Cánach Corparáide, 1976,

[EN]

agus de réir na bhforálacha den Acht seo agus den Acht Cánach Corparáide, 1976, is infheidhme faoi seach maidir leis na Sceidil sin.”.

[EN]

Leasú ar alt 24 (caiteachais fialachta gnó) den Acht Airgeadais, 1973.

56.—Leasaítear leis seo alt 24 den Acht Airgeadais, 1973

[EN]

(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1)—

[EN]

“(1A) Maidir le haon chaiteachais a tabhaíodh nó a thabhófar an 27ú lá d'Fheabhra, 1980, nó dá éis, ag soláthar fialachta gnó, ní dhéanfar aon suim—

[EN]

(a) a asbhaint le linn méid na mbrabús nó na ngnóchan is inchurtha faoi cháin faoi Sceideal D a bheith á ríomh, ná

[EN]

(b) a áireamh le linn aon chostais bhainistí a bheith á ríomh a bhféadfar asbhaint a éileamh ina leith faoi alt 15 nó 33 den Acht Cánach Corparáide, 1976,

[EN]

is mó ná 50 faoin gcéad den tsuim a dhéanfaí, mura mbeadh an fo-alt seo, a asbhaint amhlaidh nó a áireamh amhlaidh.”,

[EN]

(b) maidir leis an mbliain 1980-81 agus blianta measúnachta dá éis sin agus maidir le haon tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3)—

[EN]

“(3)  (a) I gcás sócmhainn a úsáid nó a bheith curtha ar fáil lena húsáid, go hiomlán nó go páirteach, chun fialacht ghnó a sholáthar—

[EN]

(i) más rud é nach go hiomlán, go heisiatach agus de riachtanas chun críocha trádála a leagadh amach nó a caitheadh nó a leagfar amach nó a chaithfear na caiteachais a tabhaíodh nó a thabhófar maidir leis an bhfialacht ghnó sin a sholáthar, ní cheadófar aon liúntas faoi na forálacha sonraithe maidir le húsáid na sócmhainne nó maidir leis an gcaiteachas a tabhaíodh ag soláthar na sócmhainne a mhéid is chun críocha na fialachta gnó sin a úsáidtear nó a úsáidfear í,

[EN]

(ii) más rud é gur go hiomlán, go heisiatach agus de riachtanas chun críocha trádála a tabhaíodh nó a thabhófar na caiteachais a tabhaíodh nó a thabhófar maidir leis an bhfialacht ghnó a sholáthar, ní cheadófar aon liúntas faoi na forálacha sonraithe maidir le húsáid na sócmhainne nó maidir leis an gcaiteachas a tabhaíodh ag soláthar na sócmhainne a mhéid is gur chun críocha na fialachta gnó sin a úsáidtear nó a úsáidfear í ach amháin go feadh 50 faoin gcéad den liúntas a cheadófaí ar leith ón bhfomhír seo.

[EN]

(b) San fho-alt seo ciallaíonn ‘forálacha sonraithe’ alt 241, Caibidil III de Chuid XIV, Caibidlí I agus III de Chuid XV agus Caibidlí II agus V de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus alt 22 den Acht Airgeadais, 1971.”,

[EN]

agus

[EN]

(c) trí “lena mbaineann fo-ailt (1) agus (1A)” a chur in ionad “lena mbaineann fo-alt (1)” i bhfo-alt (4).

[EN]

Deimhnithe a úsáid in imeachtaí chun cáin nó pionóis a ghnóthú.

57.—(1) Leasaítear leis seo alt 488 (5) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, tríd an bhfomhír seo a leanas a chur isteach i mír (a) i ndiaidh fhomhír (i):

[EN]

“(ia) faoi fhorálacha alt 429 (4) (a cuireadh isteach le halt 19 den Acht Airgeadais, 1971), nó”.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 500 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

[EN]

“(4) In imeachtaí chun pionós a tabhaíodh faoin alt seo nó faoi alt 501 a ghnóthú—

[EN]

(i) deimhniú a bheidh sínithe ag oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim á dheimhniú gur scrúdaigh sé a thaifid iomchuí agus go ndealraíonn sé uathu gur tugadh fógra nó proiceacht sainráite go cuí don chosantóir ar lá sainráite, is fianaise é nó go gcruthófar a mhalairt go bhfuair an duine sin an fógra nó an proiceacht sin sa ghnáth-chúrsa,

[EN]

(ii) deimhniú a bheidh sínithe ag oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim á dheimhniú gur scrúdaigh sé a thaifid iomchuí agus go ndealraíonn sé uathu nach ndearna an cosantóir, le linn tréimhse sainráite, fógra nó proiceacht sainráite a chomhlíonadh, is fianaise é nó go gcruthófar a mhalairt nach ndearna an cosantóir, le linn na tréimhse sin, an fógra nó an proiceacht sin a chomhlíonadh,

[EN]

(iii) deimhniú a bheidh sínithe ag oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim á dheimhniú gur scrúdaigh sé a thaifid iomchuí agus go ndealraíonn sé uathu gur mhainnigh an cosantóir, le linn tréimhse sainráite, gníomh sainráite a dhéanamh, sonraí sainráite a thabhairt nó cuntas sainráite a sheachadadh de réir aon cheann de na forálacha a shonraítear i gcolún 3 de Sceideal 15, is fianaise é nó go gcruthófar a mhalairt gur mhainnigh an cosantóir amhlaidh,

[EN]

(iv) deimhniú a dhéanann deimhniú mar a fhoráiltear i bhfomhír (i), (ii) nó (iii) agus a airbheartaíonn a bheith sínithe ag oifigeach de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim, féadfar é a thabhairt i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar, nó go gcruthófar a mhalairt, gur shínigh an t-oifigeach sin é.”.

[EN]

Leasú ar alt 265 (liúntais chothromaíochta agus muirir chothromaíochta) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

58.—Leasaítear leis seo alt 265 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, trí “iomlán na tréimhse iomchuí:

[EN]

Ar choinníoll, i gcás ina dtabharfaí, mura mbeadh alt 264 (4) nó an coinníoll a ghabhann le mír 1 (5) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Corparáide, 1976, liúntas síos-scríofa do dhuine i leith aon tréimhse inmhuirearaithe, go measfar, chun críocha an fho-ailt seo, an chuid den tréimhse iomchuí a áirítear sa tréimhse inmhuirearaithe sin nó ina bonn-tréimhse a bheith ar áireamh i dtréimhse inmhuirearaithe ar tugadh liúntas síos-scríofa do dhuine ina leith.”

a chur in ionad “iomlán na tréimhse iomchuí.”.

Caibidil VIII

Frithimghabháil

[EN]

Leasú ar alt 516 (pionós mar gheall ar ráiteas bréagach chun liúntas a fháil) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

59.—I ndáil le cionta a dhéanfar tar éis an tAcht seo a rith, cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 516 den Acht Cánach Ioncaim, 1967:

[EN]

“516.—Duine—

[EN]

(a) a dhéanfaidh go feasach aon ráiteas bréagach nó uiríoll breágach—

[EN]

(i) in aon tuairisceán nó ráiteas maidir le cáin, nó

[EN]

(ii) chun aon liúntas, laghdú, lacáiste nó aisíoc cánach a fháil dó féin nó d'aon duine eile,

[EN]

[EN]

(b) a chabhróidh agus a neartóidh nó a chuideoidh le duine eile, nó a ghríosóidh nó a aslóidh duine eile, go feasach agus go toiliúil—

[EN]

(i) chun cuntas, tuairisceán, liosta, dearbhú nó ráiteas a bheidh bréagach nó calaoiseach a dhéanamh nó a sheachadadh maidir le maoin, brabúis nó gnóchain nó maidir le cáin, nó

[EN]

(ii) chun dliteanas cánach a sheachaint go neamhdhleathach trí gan méid iomlán a ioncaim ó gach bunadh a nochtadh,

[EN]

beidh sé ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú go hachomair, príosúnacht ar feadh téarma nach faide ná sé mhí a chur air.”.

[EN]

Leasú ar alt 34 (doiciméid agus taifid a iniúchadh) den Acht Airgeadais, 1976.

60.—Leasaítear leis seo alt 34 den Acht Airgeadais, 1976, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

[EN]

“(2)  (a) Féadfaidh oifigeach údaraithe, gach tráth réasúnach, dul isteach in aon áitreabh nó áit ina seoltar aon trádáil nó ina gcleachtar aon ghairm nó ina ndéantar aon ní i ndáil leis an trádáil nó leis an ngairm agus—

[EN]

(i) féadfaidh sé a cheangal ar an duine a sheolann an trádáil nó a chleachtann an ghairm, nó ar aon duine san áitreabh nó san áit sin atá fostaithe ag an duine a sheolann an trádáil nó a chleachtann an ghairm, aon leabhair, taifid, cuntais nó doicméid eile a bhaineann leis an trádáil nó leis an ngairm a thabhairt ar aird agus féadfaidh sé aon leabhair, taifid, cuntais nó doiciméid eile den sórt sin a bhaineann leis an trádáil nó leis an ngairm a thabhairt as agus a choimeád go ceann cibé tréimhse is réasúnach lena scrúdú,

[EN]

(ii) féadfaidh sé aon leabhair, taifid, cuntais nó doiciméid eile den sórt sin a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh de na leabhair, de na taifid, de na cuntais nó de na doiciméid eile sin nó sleachta a thógáil astu,

[EN]

(iii) féadfaidh sé scrúdú a dhéanamh ar aon mhaoin a bheidh ar liosta in aon chláir chomhardaithe nó cláir stoic nó in aon ráitis eile den sórt sin,

[EN]

(iv) féadfaidh sé a cheangal ar an duine a sheolann an trádáil nó a chleachtann an ghairm, nó ar aon duine san áitreabh nó san áit sin atá fostaithe ag an duine a sheolann an trádáil nó a chleachtann an ghairm, gach cúnamh réasúnach a thabhairt don oifigeach údaraithe.

[EN]

(b) Ní fhorléireofar aon ní san fho-alt seo mar ní a cheanglaíonn ar aon duine a chleachtann gairm, nó ar aon duine atá fostaithe ag duine a chleachtann gairm, aon doiciméid a bhaineann le cliant a thabhairt ar aird d'oifigeach údaraithe, seachas cibé doiciméid—

[EN]

(i) a bhaineann le táillí a íoc leis an duine a chleachtann an ghairm nó le hidirbhearta airgeadais eile de chuid an duine a chleachtann an ghairm, nó

[EN]

(ii) a bhaineann ar dhóigh eile go hábhartha le dliteanas cánach an duine a chleachtann an ghairm,

[EN]

agus, go háirithe, ní cheanglófar air aon fhaisnéis nó comhairle ghairmiúil de ghné rúnda a tugadh do chliant a nochtadh.”.

Caibidil IX

Cáin Ghnóchan Caipitiúil

[EN]

Leasú ar na forálacha a bhaineann le daoine pósta san Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975.

61.—Leasaítear leis seo an tAcht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, maidir leis an mbliain 1980-81 agus blianta measúnachta dá éis sin—

[EN]

(a) in alt 2, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

[EN]

“(3)  (a) Déanfar tagairtí san Acht seo do bhean phósta a chónaíonn lena fearchéile a fhorléiriú de réir fho-alt (1) d'alt 192 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980) den Acht Cánach Ioncaim, 1967,

[EN]

(b) Chun críocha mhír (a), forléireofar an tagairt san fho-alt sin (1) a dúradh do bhanchéile mar thagairt do bhean phósta.”,

[EN]

(b) in alt 13, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4):

[EN]

“(4) Más rud é, ar leith ó fho-alt (1), gur lú ná £500 an méid ar a mbeidh pearsa aonair inchurtha faoi cháin ghnóchan caipitiúil ina leith faoi alt 5 (1) do bhliain mheasúnachta (dá ngairtear “an méid céadluaite” ina dhiaidh seo san fho-alt seo), agus go bhfuil céile na pearsan aonair (ar bean phósta í a chónaíonn lena fearchéile, nó arb é an fearchéile sin é, aon tráth le linn na bliana measúnachta sin), ar leith ó fho-alt (1), inchurtha faoi cháin ghnóchan caipitiúil ar aon mhéid don bhliain sin, beidh éifeacht le halt 16 (1) i ndáil leis an gcéile ionann is dá ndéanfaí an tsuim £500 a luaitear ann a mhéadú méid is ionann agus an difríocht idir an méid céadluaite agus £500.”,

[EN]

(c) in alt 25 (9A) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979), tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur in ionad an choinníll a ghabhann le mír (b):

[EN]

“Ar choinníoll nach bhféadfaidh níos mó ná teach cónaí (nó cuid de theach cónaí) amháin cáiliú le haghaidh faoisimh mar gur áit chónaí gaoil chleithiúnaigh de chuid an éilitheora é aon tráth áirithe.”, agus

[EN]

(d) i mír 10 de Sceideal 4, tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (2):

[EN]

“(2) Beidh feidhm ag alt 196 (forálacha speisialta maidir le cáin ar ioncam banchéile) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1980) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le cáin ghnóchan caipitiúil mar atá feidhm aige i ndáil le cáin ioncaim.”.

[EN]

Tagairtí do sterling san Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, a scriosadh.

62.—Leasaítear leis seo an tAcht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, maidir leis an mbliain 1980-81 agus blianta measúnachta dá éis sin—

[EN]

(a) in alt 7 (1), trí “agus sterling” a scriosadh i mír (b), agus

[EN]

(b) in alt 46, trí “ná i sterling” i bhfo-alt (6) a scriosadh,

[EN]

agus tá an mhír sin (b) agus an fo-alt sin (6), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(b) aon airgead reatha, seachas airgead reatha na hÉireann, agus

(6) Ní bhainfidh an t-alt seo le fiach a bheidh dlite de bhanc i gcás nach in airgead reatha na hÉireann don fhiach sin agus arb ionannas dó suim chun creidmheasa duine i gcuntas sa bhanc murab ionannas é d'airgead reatha a fuair an sealbhóir le haghaidh caiteachais phearsanta lasmuigh den Stát aige féin nó ag a theaghlach nó ag a chleithiúnaithe (lena n-áirítear caiteachas ag cothabháil aon áite cónaí lasmuigh den Stát).

CUID II

Custaim agus Mál

[EN]

Léiriú (Cuid II).

63.—Sa Chuid seo ciallaíonn “Ordú 1975” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 221) (Dleachtanna Máil), 1975 (I.R. Uimh. 307 de 1975).

[EN]

Beoir.

64.—(1) Déanfar an dleacht máil ar bheoir a fhorchuirtear le mír 7 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, de réir £90.121, i gcás na beorach go léir arna grúdú sa Stát, ar gach 36 ghalún foirte de shaindlús 1,055 chéim, agus, i gcás na beorach go léir arna hallmhairiú, ar gach 36 ghalún beorach a raibh saindlús 1,055 chéim ina foirt roimh ghiosáil, in ionad an ráta a luaitear in alt 39 (1) den Acht Airgeadais, 1979.

[EN]

(2) Faoi réir mhír 4 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 246) (Beoir), 1980 (I.R. Uimh. 49 de 1980), déanfar an aistarraingt ar bheoir dá bhforáiltear i mír 7 (3) d'Ordú 1975, a ríomh, maidir le beoir a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur íocadh dleacht uirthi de réir an ráta a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, de réir shaindlús bunaidh na beorach, de réir £90.121 ar gach 36 ghalún beorach ar 1,055 chéim a saindlús bunaidh in ionad an ráta a luaitear in alt 39 (2) den Acht Airgeadais, 1979.

[EN]

Biotáille.

65.—(1) Déanfar an dleacht máil ar bhiotáille a fhorchuirtear le mír 4 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa dara colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 244) (Dleachtanna Máil ar Bhiotáille, Beoir agus Olaí Hidreacarbóin), 1979 (I.R. Uimh. 415 de 1979).

[EN]

(2) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun faoiseamh a thabhairt ón dleacht máil bhreise i leith biotáille neamhaibí a fhorchuirtear le mír 4 (2) d'Ordú 1975 agus a mhuirearaítear, a thoibhítear agus a íoctar de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa tríú colún den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 244) (Dleachtanna Máil ar Bhiotáille, Beoir agus Olaí Hidreacarbóin), 1979, ná chun dochar ná difear a dhéanamh don chéanna.

[EN]

(3) Leasaítear leis seo mír 4 (3) d'Ordú 1975, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, trí na clásail seo a leanas a chur in ionad chlásail (b) agus (c) di:

[EN]

“(b) I gcás biotáille lena mbaineann an fhomhír seo a sheachadadh ó bhannastóras, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir cibé coinníollacha a chomhlíonadh is cuí leo a fhorchur chun a áirithiú go n-íocfar an dleacht, a cheadú íoc na ndleachtanna sin a chur siar go dtí lá—

[EN]

(i) nach déanaí, i gcás gur ar lá i mí na Nollag aon bhliain suas go dtí an 20ú lá den mhí sin agus an lá sin a áireamh a dhéantar an bhiotáille a sheachadadh amhlaidh, ná an lá deiridh den mhí sin an bhliain chéanna, nó

[EN]

(ii) nach déanaí, i gcás ar bith eile, ná an lá deiridh den mhí i ndiaidh na míosa ina seachadtar an bhiotáille amhlaidh.

[EN]

(c) I gcás biotáille lena mbaineann an fhomhír seo a sheachadadh ó bhannastóras an 21ú lá nó tar éis an 21ú lá i mí na Nollag aon bhliain, ní lamhálfar i leith na biotáille aon iarchur ar íoc na dleachta mar a fhoráiltear san fhomhír seo.”

[EN]

(4) Sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ciallaíonn “alcól” alcól eitileach íon.

[EN]

Tairgí Tobac.

66.—(1) San alt seo agus sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1977” an tAcht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977;

[EN]

tá le “toitíní”, “todóga”, “cavendish nó negrohead”, “tobac cruafháiscthe”, “tobac píopa eile”, “tobac chun a chaite ina dheatach”, “tobac chun a choganta” agus “táirgí tobac” an bhrí chéanna atá leo in Acht 1977 arna leasú le hOrdú 1979;

[EN]

ciallaíonn “Ordú 1979” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 243) (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1979 (I.R. Uimh. 296 de 1979).

[EN]

(2) Déanfar an dleacht máil ar tháirgí tobac a fhorchuirtear le halt 2 d'Acht 1977 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1979 agus in Ordú 1979.

[EN]

Fíon agus fíon déanta.

67.—(1) Déanfar an dleacht máil ar fhíon a fhorchuirtear le mír 5 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 245) (Dleachtanna Máil ar Fhíon agus ar Fhíon Déanta), 1979 (I.R. Uimh. 416 de 1979).

[EN]

(2) Déanfar an dleacht máil ar fhíon déanta a fhorchuirtear le mír 6 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear i gCuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 245) (Dleachtanna Máil ar Fhíon agus ar Fhíon Déanta), 1979.

[EN]

(3) Sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “an neart alcólach iarbhír de réir toirte” an líon toirteanna d'alcól íon atá, ag teocht 20°C, i 100 toirt den táirge ag an teocht sin;

[EN]

ciallaíonn “% toirte” an neart alcólach de réir toirte.

[EN]

Leann úll agus leann piorraí.

68.—(1) Déanfar an dleacht máil ar leann úll agus ar leann piorraí a fhorchuirtear le mír 8 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí a shonraítear sa Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1979.

[EN]

(2) Sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “an neart alcólach iarbhír de réir toirte” an líon toirteanna d'alcól íon atá, ag teocht 20°C, i 100 toirt den táirge ag an teocht sin;

[EN]

ciallaíonn “% toirte” an neart alcólach de réir toirte.

[EN]

Uiscí boird.

69.—(1) Déanfar an dleacht máil ar uiscí boird a fhorchuirtear le mír 9 (2) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, de réir £0.372 an galún in ionad an ráta a shonraítear sa mhír sin 9 (2).

[EN]

(2) Ní lamhálfar an lacáiste sa dleacht máil dá bhforáiltear le halt 15 den Acht Airgeadais, 1960, d'aon mhonaróir uiscí boird i leith uiscí boird arna monarú aige an 1ú lá de Mhárta, 1980, nó dá éis.

[EN]

(3)  (a) Faoi réir na míreanna ina dhiaidh seo den fho-alt seo, lamhálfar, an 1ú lá de Mhárta, 1980, agus dá éis, do gach monaróir uiscí boird a íocfaidh an dleacht máil orthu a fhorchuirtear le mír 9 (2) d'Ordú 1975 lacáiste sa dleacht mar a leanas i ndáil le gach áitreabh ina monaraíonn sé na huiscí boird:

An Ráta Lacáiste

Más í cainníocht a mhonaraigh sé san áitreabh agus ar ar íoc sé an dleacht aon bhliain dar tosach an 1ú lá de Mhárta, cainníocht nach mó ná 20,000 galún        ...

£0.124 an galún ar gach galún de.

is mó ná 20,000 galún agus is lú ná 100,000 galún      ...

£0.124 an galún ar gach galún den chéad 20,000 galún agus £0.062 an galún ar gach galún eile.

is 100,000 galún nó níos mó     ...     ...     ...     ...

£0.124 an galún ar gach galún den chéad 20,000 galún agus £0.062 an galún ar gach galún den chéad 80,000 galún ina dhiaidh sin.

[EN]

(b) I gcás ina mbeadh, ar leith ón mír seo, lacáiste faoi mhír (a) den fho-alt seo le lamháil do mhonaróir i leith dhá áitreabh nó níos mó sa chontae-bhuirg nó sa bhuirg eile, sa cheantar uirbeach nó sa bhaile céanna, ní lamhálfar an lacáiste ach i leith ceann amháin de na háitribh.

[EN]

(c) I gcás beirt daoine nó níos mó do mhonarú, duine i ndiaidh an duine eile, uiscí boird in aon áitreabh aon bhliain dar tosach an 1ú lá de Mhárta, ansin, maidir le gach duine de na daoine sin ach amháin an chéad duine—

[EN]

(i) i gcás méid an lacáiste ab inlamháilte faoi mhír (a) den fho-alt seo ar chainníocht chomhiomlán na n-uiscí boird a monaraíodh san áitreabh an bhliain sin aige féin agus a réamhtheachtaí nó a réamhtheachtaithe sa ghnó an bhliain sin, á chur i gcás gur aon duine amháin a mhonaraigh na huiscí boird sin, a bheith níos mó ná méid comhiomlán an lacáiste ab inlamháilte don réamhtheachtaí nó do na réamhtheachtaithe sin i leith uiscí boird a monaraíodh san áitreabh an bhliain sin, ní lamhálfar dó, mar lacáiste faoi mhír (a) den fho-alt seo i leith uiscí boird a mhonaraigh sé san áitreabh an bhliain sin, suim is mó ná an bhreis, agus

[EN]

(ii) in aon chás eile ní lamhálfar aon lacáiste den sórt sin dó.

[EN]

(d)  (i) I mír (b) den fho-alt seo ciallaíonn “baile” baile ar a bhfuil coimisinéirí faoin Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, nó aon áit áta ainmnithe mar bhaile sa daonáireamh arb é an daonáireamh den sórt sin is deireannaí a foilsíodh é.

[EN]

(ii) Má éiríonn ceist ar bith i dtaobh cad é an daonáireamh iomchuí aon tráth áirithe chun críocha na míre seo, féadfaidh an tAire Airgeadais é a dheimhniú dá réir sin, agus is deimhniú críochnaitheach an deimhniú.

[EN]

(e) I gcás nach mbeadh feidhm ag mír (c) den fho-alt seo, ar leith ón mír seo, díreach toisc tréimhse a bheith idir tréimhsí monaraithe uiscí boird, beidh feidhm ag an mír sin.

[EN]

Hidreacarbóin.

70.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1976” an tAcht Airgeadais, 1976;

[EN]

ciallaíonn “Ordú 1978” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 234) (Dleachtanna Máil ar Olaí Hidreacarbóin agus ar Bheoir), 1978 (I.R. Uimh. 2 de 1978).

[EN]

(2) Déanfar an dleacht máil ar ola éadrom hidreacarbóin mhianrach a fhorchuirtear le mír 11 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, de réir £13.54 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear i mír 3 d'Ordú 1978.

[EN]

(3) Déanfar an dleacht máil ar ola hidreacarbóin a fhorchuirtear le mír 12 (1) d'Ordú 1975 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, de réir £7.89 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear i mír 5 d'Ordú 1978.

[EN]

(4) D'ainneoin chlásal (b) nó (c) de mhír 11 (5) d'Ordú 1975, déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear leis an mír sin 11 (1) a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir £1.53 an heictilítear, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, ar ola éadrom hidreacarbóin mhianrach lena mbaineann an clásal sin (b) nó (c), in ionad an ráta a shonraítear in alt 40 (2) (a) d'Acht 1976, arna leasú le mír 4 d'Ordú 1978.

[EN]

(5) D'ainneoin fhomhír (6) de mhír 12 d'Ordú 1975, déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le fomhír (1) den mhír sin 12 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir £1.53 an heictilítear, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, ar ola hidreacarbóin lena mbaineann an fhomhír sin (6), in ionad an ráta a shonraítear in alt 40 (2) (b) d'Acht 1976 arna leasú le mír 4 d'Ordú 1978.

[EN]

(6) Déanfar mír 11 (7) d'Ordú 1975, arna leasú le halt 40 (3) d'Acht 1976 agus le mír 4 d'Ordú 1978, a leasú, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, trí “£1.53” a chur in ionad “£0.44”.

[EN]

(7) Aon údarú a eisíodh roimh an 28ú lá d'Fheabhra, 1980, faoi fhorálacha mhír 11 (7) d'Ordú 1975, i ndáil le hearraí ar ar inmhuirearaithe an dleacht a forchuireadh le mír 11 (1) d'Ordú 1975 a allmhairiú nó a sheachadadh ó áitreabh scagaire ola hidreacarbóin nó ó bhannastóras, ar dhleacht máil de réir £0.44 an heictilítear is iníoctha faoi alt 40 (4) d'Acht 1976, arna leasú le mír 4 d'Ordú 1978, a íoc, measfar, a mhéid a bhaineann sé le hearraí arna n-allmhairiú nó arna seachadadh ar an dáta sin nó dá éis, go n-údaraíonn sé earraí den sórt sin a allmhairiú nó a sheachadadh ar dhleacht máil de réir £1.53 an heictilítear a íoc in ionad an dleacht máil réamhráite sin a íoc.

[EN]

(8) Is de réir an ráta dleachta a íocadh lúide £1.53 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear in alt 40 (5) d'Acht 1976, arna leasú le mír 4 d'Ordú 1978, a bheidh na haisíocaíochtaí dleachta máil dá bhforáiltear i míreanna 11 (10) agus 12 (10) d'Ordú 1975, i gcás an dleacht a bheith inmhuirearaithe agus arna híoc tar éis an 27ú lá d'Fheabhra, 1980.

[EN]

(9) Déanfar mír 12 (1) d'Ordú 1975, arna leasú le halt 40 (7) d'Acht 1976 agus le mír 5 d'Ordú 1978, a leasú amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur in ionad an choinníll a ghabhann léi:

[EN]

“Ar choinníoll, áfach, go ndéanfar an dleacht máil sin a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir £1.53 an heictilítear ar ola throm hidreacarbóin mhianrach de réir bhrí alt 7 (6) den Acht Airgid, 1933, arna cur amach nó arna hallmhairiú amhlaidh an 28ú lá d'Fheabhra, 1980, nó dá éis, in ionad an ráta is inmhuirearaithe faoin bhfomhír seo.”.

[EN]

(10) Is é méid aon lacáiste a lamhálfar faoi mhír 12 (3) d'Ordú 1975, maidir le haon ola hidreacarbóin arna hallmhairiú nó arna seachadadh an 28ú lá d'Fheabhra, 1980, nó dá éis, méid na dleachta máil is inmhuirearaithe lúide méid arna ríomh de réir £1.53 an heictilítear in ionad an ráta a shonraítear in alt 40 (8) d'Acht 1976 arna leasú le mír 4 d'Ordú 1978.

[EN]

(11) Is é méid aon aisíoca a lamhálfar faoi mhír 4 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 232) (Olaí Hidreacarbóin), 1977 (I.R. Uimh. 279 de 1977), maidir le haon ola hidreacarbóin arna hallmhairiú nó arna seachadadh ó áitreabh scagaire ola hidreacarbóin nó ó bhannastóras an 28ú lá d'Fheabhra, 1980, nó dá éis, méid na dleachta máil a íocadh lúide méid arna ríomh de réir £0.44 an heictilítear.

[EN]

(12) Déanfar míreanna 11 (1) agus 12 (1) d'Ordú 1975 agus alt 41 (1) d'Acht 1976 a leasú trí “a tháirgtear nó a mhonaraítear sa Stát” a chur in ionad “a dhéantar sa Stát” mar a bhfuil an abairt sin sna míreanna sin agus san alt sin, agus sna míreanna sin agus san alt sin forléireofar “monaróir” mar fhocal a fholaíonn táirgeoir.

[EN]

(13) Amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, is é ráta aon aisíoca a lamhálfar faoi mhír 12 (11) d'Ordú 1975, arna leasú le mír 6 d'Ordú 1978, maidir le hola hidreacarbóin ar a bhfuil an t-aisíoc sin inlamháilte agus ar ar íocadh an dleacht máil a luaitear i bhfo-alt (3) den alt seo de réir £7.89 an heictilítear, £6.10 an heictilítear in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 28ú lá d'Fheabhra, 1980.

[EN]

(14) Déanfar an dleacht máil ar hidreacarbóin ghásacha i bhfoirm leachtach a fhorchuirtear le halt 41 (1) d'Acht 1976 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, de réir £0.30 an galún in ionad an ráta a shonraítear i bhfo-alt (b) den alt sin 41 (1).

[EN]

(15) Leasófar alt 42 (2) d'Acht 1976, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, trí “£0.07” a chur in ionad “£0.02”.

[EN]

Mótarfheithiclí.

71.—Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le mír 4 (1) den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 236) (Dleachtanna Máil ar Mhótarfheithiclí, Teilifíseáin agus Ceirníní Gramafóin), 1979 (I.R. Uimh. 57 de 1979), ar mhótarfheithiclí earnáil A, de réir bhrí mhír 3 (a) den Ordú sin, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, de réir ráta is ionann agus 40 faoin gcéad den luach inmhuirearaithe, in ionad an ráta a shonraítear i bhfomhír 4 (3) (a) den Ordú sin.

[EN]

Teilifíseáin.

72.—Déanfar an dleacht máil ar theilfíseáin a fhorchuirtear le mír 5 (1) den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 236) (Dleachtanna Máil ar Mhótarfheithiclí, Teilifíseáin agus Ceirníní Gramafóin), 1979 (I.R. Uimh. 57 de 1979), a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, de réir na rátaí leithleacha a shonraítear sa Séú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear sa Tábla i mír 5 (2) den Ordú sin.

[EN]

Ceirníní gramafóin.

73.—Déanfar an dleacht máil ar cheirníní gramafóin a fhorchuirtear le mír 5 (1) den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 236) (Dleachtanna Máil ar Mhótarfheithiclí, Teilifíseáin agus Ceirníní Gramafóin), 1979 (I.R. Uimh. 57 de 1979), a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, de réir ráta is ionann agus 40 faoin gcéad den luach inmhuirearaithe in ionad an ráta a shonraítear i mír 5 (2) (b) den Ordú sin.

[EN]

Ceadúnais mheaisín cearrbhachais.

74.—(1) In ionad na dleachta máil a fhorchuirtear le halt 43 (6) den Acht Airgeadais, 1975, déanfar, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, ar cheadúnas meaisín cearrbhachais a dheonú, dleacht máil a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir cibé ráta díobh seo a leanas is iomchuí ag féachaint don tréimhse a mbeidh an ceadúnas le fanacht i bhfeidhm ar a feadh, is é sin le rá, i gcás an tréimhse a mbeidh an ceadúnas le fanacht i bhfeidhm ar a feadh—

[EN]

(a) gan a bheith níos faide ná trí mhí, £25 ar gach meaisín cearrbhachais lena mbaineann an ceadúnas,

[EN]

(b) a bheith níos faide ná trí mhí ach gan a bheith níos faide ná sé mhí, £50 ar gach meaisín cearrbhachais lena mbaineann an ceadúnas,

[EN]

(c) a bheith níos faide ná sé mhí ach gan a bheith níos faide ná naoi mí, £75 ar gach meaisín cearrbhachais lena mbaineann an ceadúnas,

[EN]

(d) a bheith níos faide ná naoi mí, £100 ar gach meaisín cearrbhachais lena mbaineann an ceadúnas.

[EN]

(2) Leasófar alt 43 den Acht Airgeadais, 1975, sin a dúradh, trí na míreanna seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a) d'fho-alt (7):

[EN]

“(aa) Féadfaidh ceadúnas meaisín cearrbhachais arna dheonú an 28ú lá d'Fheabhra, 1980, nó dá éis, é a bheith sainráite ann, de bhun iarraidh san iarratas ar an gceadúnas sin, nach mbainfidh sé ach le Sathairn, Domhnaigh agus laethanta saoire sa tréimhse a bheidh sonraithe sa cheadúnas agus a mbeidh sé le fanacht i bhfeidhm ar a feadh agus, i gcás ina mbeidh sin sainráite i gceadúnas—

[EN]

(i) déanfar, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (6) den alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an gceadúnas a dheonú de réir cibé ceann de na rátaí seo a leanas is iomchuí ag féachaint don tréimhse a mbeidh an ceadúnas le fanacht i bhfeidhm ar a feadh, is é sin le rá, i gcás an tréimhse a mbeidh an ceadúnas le fanacht i bhfeidhm ar a feadh—

[EN]

(A) gan a bheith níos faide ná trí mhí, £16.50 ar gach meaisín cearrbhachais lena mbaineann an ceadúnas,

[EN]

(B) a bheith níos faide ná trí mhí ach gan a bheith níos faide ná sé mhí, £33 ar gach meaisín cearrbhachais lena mbaineann an ceadúnas,

[EN]

(C) a bheith níos faide ná sé mhí ach gan a bheith níos faide ná naoi mí, £49.50 ar gach meaisín cearrbhachais lena mbaineann an ceadúnas,

[EN]

(D) a bheith níos faide ná naoi mí, £66 ar gach meaisín cearrbhachais lena mbaineann an ceadúnas,

[EN]

(ii) measfar, chun críocha fho-ailt (3) agus (10) (b) den alt seo, nach mbeidh an ceadúnas i bhfeidhm laethanta sa tréimhse réamhráite seachas Sathairn, Domhnaigh agus laethanta saoire.

[EN]

(aaa) Ní bheidh feidhm ná éifeacht le mír (a) den fho-alt seo i ndáil le ceadúnais mheaisín cearrbhachais arna ndeonú an 28ú lá d'Fheabhra, 1980, nó dá éis.”.

[EN]

Lastóirí meicniúla.

75.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “lastóir meicniúil” aon earra meicniúil, ceimiceach nó leictreach, nó aon earra dá shamhail, atá iniompair agus atá iomlán nó beagnach iomlán ann féin agus atá ceaptha chun modh adhainte a chur ar fáil le drithle nó le lasair nó ar dhóigh eile;

[EN]

ciallaíonn “monaróir ceadúnaithe” monaróir is sealbhóir ar cheadúnas a bhfuil feidhm aige de thuras na huaire faoi fho-alt (5) (a) den alt seo;

[EN]

ciallaíonn “monarú” lastóirí meicniúla a dhéanamh nó a chóimeáil sa Stát agus forléireofar “monaróir” dá réir sin.

[EN]

(2)  (a) Déanfar, amhail ar an agus ón 28ú lá d'Fheabhra, 1980, dleacht máil a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar lastóirí meicniúla a mhonaraítear sa Stát agus a chuirtear amach ó áitreabh monaróra agus ar lastóirí meicniúla a allmhairítear isteach sa Stát, de réir £0.20 ar gach lastóir.

[EN]

(b) Ní dhéanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le mír (a) den fho-alt seo a mhuirearú, a thobhach ná a íoc ar aon lastóir meicniúil a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur d'aontoisc a rinneadh é chun gás a adhaint chun úsáide tís.

[EN]

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir cibé coinníollacha a chomhlíonadh is cuí leo a fhorchur lena áirithiú go n-íocfar an dleacht, a cheadú íoc na dleachta a fhorchuirtear leis an alt seo a chur siar go dtí lá nach déanaí ná an cúigiú lá déag den mhí i ndiaidh na míosa ina muirearaítear an dleacht sin.

[EN]

(4) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir cibé coinníollacha a chomhlíonadh is cuí leo a fhorchur—

[EN]

(a) an dleacht a fhorchuirtear leis an alt seo ar lastóirí meicniúla a aisíoc nó a loghadh i gcás ina suífear chun a sástachta—

[EN]

(i) gur milleadh iad nó gur fágadh iad sa riocht nárbh fhéidir iad a úsáid mar gheall ar thionóisc dhosheachanta a tharla sular aistríodh iad as áitreabh monaróra cheadúnaithe, nó

[EN]

(ii) go bhfuarthas ar ais iad, sular úsáideadh iad, san áit ar monaraíodh iad, mar go raibh siad lochtach, nó go bhfuarthas ar ais iad, tar éis iad a úsáid, san áit ar monaraíodh iad lena ndeisiú, agus go ndéanfar dá éis sin, i gceachtar cás, iad a athsheachadadh, a onnmhairiú nó a mhilleadh faoi chomhshocraíochtaí a cheadóidh siad,

[EN]

(b) a údarú go ndéanfar lastóirí meicniúla a aistriú as áitreabh monaróra cheadúnaithe gan dleacht máil a íoc lena n-onnmhairiú nó lena loingsiú mar stórais nó lena stórasú lena n-onnmhairiú nó lena loingsiú mar stórais.

[EN]

(5)  (a) Ní mhonaróidh duine lastóirí meicniúla mura duine é a shealbhaíonn ceadúnas a eisíodh faoin bhfo-alt seo agus go mbeidh an t-áitreabh lena mbaineann an ceadúnas taifeadta aige faoi mhír (b) den fho-alt seo.

[EN]

(b) Déanfaidh monaróir ceadúnaithe gach áitreabh atá beartaithe aige a úsáid ag seoladh a ghnó mar mhonaróir a thaifeadadh go cuí leis an oifigeach cuí Custam agus Máil de réir fhorálacha rialacháin faoi fho-alt (6) den alt seo.

[EN]

(c) Féadfaidh oifigeach Custam agus Máil, gach tráth réasúnach, dul isteach in áitreabh a gcreidfidh an t-oifig each le réasún go bhfuil lastóirí meicniúla á monarú ann agus féadfaidh sé, san áitreabh sin, cibé cuardach agus imscrúdú a dhéanamh agus cibé samplaí a thógáil de lastóirí meicniúla agus de lastóirí meicniúla páirt-mhonaraithe is cuí leis an oifigeach, agus féadfaidh sé leabhair nó doiciméid eile a gheofar ann agus a gcreidfidh an t-oifigeach le réasún go mbaineann siad le monarú lastóirí meicniúla a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu.

[EN]

(d) Aon duine a chomhracfaidh, a bhacfaidh nó a choiscfidh oifigeach Custam agus Máil agus é ag feidhmiú aon chumhachta a thugtar dó leis an bhfo-alt seo, beidh sé ciontach i gcion agus dlífear ar é a chiontú pionós máil £500 a chur air.

[EN]

(6)  (a) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh chun lánéifeacht a thabhairt d'fhorálacha an ailt seo.

[EN]

(b) Féadfar, go sonrach, ach gan dochar do ghinearáltacht mhír (a) den fho-alt seo, le rialacháin faoin bhfo-alt seo—

[EN]

(i) rialú a dhéanamh maidir le lastóirí meicniúla a allmhairiú, a mhonarú, a stóráil agus a aistriú as stóras,

[EN]

(ii) an modh a fhorordú ar a ndéanfar an dleacht a fhorchuirtear leis an alt seo a mhuirearú, a urrú agus a bhailiú,

[EN]

(iii) foráil a dhéanamh i ndáil leis an bhfoirm a bheidh ar cheadúnais faoi fho-alt (5) den alt seo agus i ndáil lena ndeonú, lena ré agus lena gcúlghairm,

[EN]

(iv) socrú a dhéanamh maidir leis an modh ar a ndéanfar taifeadadh leis an oifigeach cuí Custam agus Máil faoi fho-alt (5) (b) den alt seo,

[EN]

(v) a cheangal ar mhonaróir ceadúnaithe cibé cuntais agus taifid a shonrófar i dtaobh lastóirí meicniúla nó páirteanna díobh a cheannaigh sé, a fuair sé, a dhíol sé, a dhiúscair sé nó a mhonaraigh sé a choinneáil ar mhodh sonraithe, agus a choimeád go ceann tréimhse sonraithe, agus aon leabhair nó doiciméid eile i dtaobh aon cheann de na nithe réamhráite a choimeád go ceann tréimhse sonraithe agus a cheadú d'oifigeach Custam agus Máil na cuntais agus na taifid sin a iniúchadh agus cóipeanna a dhéanamh díobh sin agus d'aon leabhair nó doiciméid eile a bheidh á gcoinneáil aige agus a bhaineann le haon cheann de na nithe réamhráite,

[EN]

(vi) a cheangal ar mhonaróir ceadúnaithe tuairisceáin i ndáil le cibé ábhair a shonrófar a thabhairt cibé tráthanna agus i cibé foirm a shonrófar,

[EN]

(vii) a shocrú go n-aistreofar chuig monaróirí ceadúnaithe agus go nglacfaidh na monaróirí ceadúnaithe lastóirí meicniúla a allmhairíodh isteach sa Stát nó a monaraíodh sa Stát gan an dleacht máil is inmhuirearaithe orthu a íoc.

[EN]

(7) I gcás ina bhfaighidh oifigeach Custam agus Máil amach gur lú an líon de lastóirí meicniúla atá i stoc nó i seilbh monaróra cheadúnaithe ná an líon a taifeadadh agus a ba chóir, de réir na dtaifead nó na ndoiciméad eile a cheanglaítear air a choimeád de bhun rialacháin faoi fho-alt (6) den alt seo, a bheith ina stoc nó ina sheilbh aige, ansin, ach amháin a mhéid a thabharfar míniú ar an easnamh chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, measfar comhlíon an easnaimh de lastóirí meicniúla a bheith curtha amach le haghaidh úsáide baile as áitreabh an mhonaróra cheadúnaithe an lá a tháinig an t-easnamh i gcéaduair ar iúl an oifigigh.

[EN]

(8) Aon duine a sháróidh nó nach gcomhlíonfaidh aon cheann d'fhorálacha an ailt seo nó de rialacháin faoi fho-alt (6) den alt seo, beidh sé, gan dochar d'aon phionós eile a dhlífear a chur air, ciontach i gcion agus dlífear, ar é a chiontú, pionós, faoin dlí a bhaineann le custaim nó faoin dlí a bhaineann le mál (de réir mar a bheidh), £500 a chur air agus dlífear aon earraí a ndearnadh an cion ina leith a fhorghéilleadh.

[EN]

(9)  (a) Beidh ag forálacha na nAchtanna Custam agus ag forálacha aon ionstraim a bhaineann le dleachtanna custam agus a rinneadh faoi reacht, feidhm, modhnaithe mar is gá, i ndáil leis an dleacht a fhorchuirtear leis an alt seo ar lastóirí meicniúla a allmhairítear isteach sa Stát mar atá feidhm acu i ndáil le dleachtanna custam.

[EN]

(b) Beidh ag forálacha na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin agus ag forálacha aon ionstraim a bhaineann le dleachtanna máil agus a rinneadh faoi reacht, feidhm, modhnaithe mar is gá, i ndáil leis an dleacht a fhorchuirtear leis an alt seo ar lastóirí meicniúla a monaraíodh sa Stát mar atá feidhm acu maidir le dleachtanna máil.

[EN]

(c) Más rud é i ndáil leis an dleacht máil a fhorchuirtear leis an alt seo go mbeidh foráil san alt seo ag freagairt d'fhoráil de na hAchtanna Custam nó d'fhoráil aon ionstraim a bhaineann le dleachtanna custam agus a rinneadh faoi reacht (a mhéid is earraí a allmhairíodh atá i gceist) nó ag freagairt d'fhoráil de na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil nó d'fhoráil aon ionstraim a bhaineann leis na dleachtanna máil agus a rinneadh faoi reacht (a mhéid is earraí a monaraíodh sa Stát atá i gceist), ní bheidh feidhm ag na forálacha deiridh sin i ndáil leis an dleacht máil a fhorchuirtear leis an alt seo.

[EN]

(10) Déantar leis seo an dleacht máil a fhorchuirtear leis an alt seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

[EN]

(11) Déanfar an t-alt seo, a mhéid a bhaineann sé leis an dleacht máil a fhorchuirtear leis an alt seo ar earraí indleachta a allmhaireofar isteach sa Stát, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus, a mhéid a bhaineann sé leis an dleacht máil a fhorchuirtear leis an alt seo ar earraí indleachta a monaraíodh sa Stát, a fhorléiriú i dteanna na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

[EN]

Méadú ar na dleachtanna ar cheadúnais deochanna meisciúla áirithe.

76.—(1) Na dleachtanna máil a fhorchuirtear le halt 43 den Finance (1909-10) Act, 1910, ar na ceadúnais chun deochanna meisciúla a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin a mhonarú nó a dhíol agus an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 10 (3) den Acht Airgeadais, 1940, ar cheadúnas a dhéanann gach duine a dhéanann leann úll nó leann piorraí lena dhíol a bhaint amach in aghaidh na bliana, déanfar, maidir le haon cheadúnas den sórt sin a dheonófar an 1ú lá d'Iúil, 1980, nó dá éis, i leith tréimhsí a rachaidh in éag ar laethanta tar éis an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1980, iad a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar gach ceadúnas den sórt sin de réir an ráta a shonraítear i gcolún (4) de Chuid I den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag an uimhir thagartha ag a bhfuil an ceadúnas sin luaite i gcolún (2) den Sceideal sin in ionad an ráta a shonraítear san achtachán a luaitear i gcolún (3) den Chuid sin I ag an uimhir thagartha sin; agus ní lamhálfar ná ní dhéanfar aon laghdú, logha, lacáiste ná aisíoc maidir le haon cheadúnas den sórt sin ach féadfar aon dleacht a íocadh i ndearmad ar aon cheadúnas den sórt sin a aisíoc.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 48 den Finance (1909-10) Act, 1910, trí na coinníollacha seo a leanas a chur in ionad na gcoinníollacha a ghabhann le fo-alt (1) (a cuireadh isteach le halt 17(5) den Acht Airgeadais, 1960):

[EN]

“Provided that the duty payable in pursuance of this subsection shall not exceed £50 as respects any statement of purchases during the calendar year 1980, or any subsequent calendar year, or, in the case of a club which is discontinued on or after the date of the passing of this Act, as respects the statement of purchases up to the day of discontinuance, and

[EN]

Provided also that the secretary of a club shall be deemed to have complied with the provisions of this section with regard to any particular period as aforesaid if he pays the sum of £50 to the proper officer of Customs and Excise in respect of that period”.

[EN]

(3) Aisghairtear leis seo alt 10 den Acht Deocha Meisciúla, 1927, maidir le ceadúnais dá dtagraítear san alt sin a bhainfear amach nó a dheonófar tar éis dáta an Achta seo a rith i leith tréimhsí a rachaidh in éag ar laethanta tar éis an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1980.

[EN]

Méadú ar na dleachtanna ar cheadúnais áirithe eile.

77.—(1) San alt seo agus i gCuid IV den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, forléireofar “ceadúnas” mar ní a fholaíonn cead agus deimhniú.

[EN]

(2) Déanfar an dleacht máil ar dheimhniú arm tine a fhorchuirtear le halt 18 (2) den Acht Airgeadais, 1964, i gcás aon deimhniú den sórt sin do theacht i bhfeidhm trí dheonú nó athnuachan, an 1ú lá de Lúnasa, 1980, nó dá éis, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir na rátaí a shonraítear i gCuid II den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí a shonraítear sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1966, arna leasú leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 199) (Dleachtanna Máil) (Deimhnithe Airm Tine), 1972 (I.R. Uimh. 162 de 1972).

[EN]

(3) Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 17 den Acht Airgeadais, 1956, ar cheadúnais chearrbhachais faoi alt 19 den Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar cheadúnais den sórt sin a eiseofar ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis de réir na rátaí a shonraítear i gCuid III den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí a shonraítear in alt 42 (2) den Acht Airgeadais, 1975.

[EN]

(4) Déanfar an dleacht máil maidir le ceadúnas a luaitear i gcolún (2) de Chuid IV den Seachtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha a fhorchuirtear leis an achtachán a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin IV ag an uimhir thagartha sin a mhuirearú, a thobhach agus a íoc amhail ar an agus ón dáta a shonraítear i gcolún (4) den Chuid sin IV ag an uimhir thagartha sin de réir an ráta a shonraítear i gcolún (5) den Chuid sin IV ag an uimhir thagartha sin in ionad an ráta a shonraítear san achtachán sin.

[EN]

(5) Déanfar an dleacht máil ar cheadúnais Tithe Úrúcháin, a fhorchuirtear le halt 1 den Refreshment Houses (Ireland) Act, 1860, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón lú lá d'Aibreán, 1981, de réir £50 in ionad na rátaí leithleacha a shonraítear in alt 9 den Revenue (No. 2) Act, 1861.

[EN]

(6) Ní lamhálfar ná ní dhéanfar aon laghdú, logha, lacáiste ná aisíoc dleachta maidir le haon cheadúnas lena mbaineann an t-alt seo nó alt 74 den Acht seo ach féadfar aon dleacht a íocadh i ndearmad a aisíoc.

[EN]

Dleacht máil ar cheadúnas rince phoiblí, ar cheadúnas ócáideach, ar ordú díolúine speisialta agus ar údarás do chlub.

78.—(1) San alt seo folaíonn “ceadúnas” ordú agus údarú.

[EN]

(2) Muirearófar, toibheofar agus íocfar ar gach ceadúnas rince phoiblí a dheonófar faoi alt 2 den Acht um Hallaí Rinnce Puiblí, 1935, dleacht máil—

i gcás gur do thréimhse shonraithe nach faide ná

mí an ceadúnas

...

...

...

...

...

£15

in aon chás eile

...

...

...

...

...

£100

[EN]

(3) Muirearófar, toibheofar agus íocfar ar gach ceadúnas ócáideach a dheonófar faoi alt 11 nó 13 den Acht Deochanna Meisciúla, 1962, dleacht máil £25.

[EN]

(4) Muirearófar, toibheofar agus íocfar ar gach ordú díolúine speisialta a dheonófar faoi alt 5 den Acht Deocha Meisciúla, 1927, nó faoi alt 13 den Acht Deochanna Meisciúla, 1962, dleacht máil £25.

[EN]

(5) Muireofar, toibheofar agus íocfar ar gach údarú a dheonófar do chlub faoi alt 21 den Acht Deocha Meisciúla (Generálta), 1924, nó faoi alt 14 den Acht Deochanna Meisciúla, 1962, dleacht máil £25.

[EN]

(6) Déanfar an dleacht a fhorchuirtear leis an alt seo ar cheadúnas a íoc agus a bhailiú trí stampaí ar comhluach le méid na dleachta sin a bheidh múnlaithe ar fhógra scríofa an iarratais ar cheadúnas a tugadh don Chléireach Cúirte Dúiche iomchuí nó greamaithe den fhógra sin agus bainfidh an Stamp Duties Management Act, 1891, leis an dleacht sin agus leis na stampaí sin.

[EN]

(7) D'ainneoin aon ní dá mhalairt in aon Acht, ní dheonófar ceadúnas a dhlitear a chur faoi dhleacht a fhorchuirtear leis an alt seo mura mbeidh an fógra i scríbhinn dá dtagraítear i bhfo-alt (6) den alt seo i ndáil leis an iarratas ar an gceadúnas stampáilte go cuí de réir an fho-ailt sin.

[EN]

(8) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim aon mhéid a íocadh i leith dleacht máil faoin alt seo i ndáil le ceadúnas a áisíoc—

[EN]

(a) má tharraingítear siar an t-iarratas ar an gceadúnas sula gcinnfear na himeachtaí cúirte i ndáil leis,

[EN]

(b) mura ndeonófar an ceadúnas, nó

[EN]

(c) más i ndearmad a íocadh an méid.

[EN]

(9) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le ceadúnais a dheonófar ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis i leith dátaí tar éis an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1980.

[EN]

Orduithe a dhaingniú.

79.—Daingnítear leis seo na hOrduithe a luaitear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo—

AN TÁBLA

I.R. Uimh. 57 de 1979

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 236) (Dleachtanna Máil ar Mhótarfheithiclí, Teilifíseáin agus Ceirníní Gramafóin), 1979.

I.R. Uimh. 67 de 1979

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 237) (Beoir), 1979.

I.R. Uimh. 152 de 1979

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 239) (Táirge Talmhaíochta) (Bólacht agus Bainne), 1979.

I.R. Uimh. 153 de 1979

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 240) (Táirge Talmhaíochta) (Gránaigh agus Biatas Siúcra), 1979.

I.R. Uimh. 250 de 1979

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 242) (Táirge Talmhaíochta) (Leasú), 1979.

I.R. Uimh. 296 de 1979

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 243) (Dleachtanna Máil ar Tháirgí Tobac), 1979.

I.R. Uimh. 415 de 1979

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 244) (Dleachtanna Máil ar Bhiotáille, Beoir agus Olaí Hidreacarbóin), 1979.

I.R. Uimh. 416 de 1979

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 245) (Dleachtanna Máil ar Fhíon agus ar Fhíon Déanta), 1979.

CUID III

Cáin Bhreisluacha

[EN]

Méadú ar an ráta cánach ar earraí agus seirbhísí áirithe.

80.—Maidir le hearraí a sholáthrófar nó a allmhaireofar, nó seirbhísí a sholáthrófar, an 1ú lá de Bhealtaine, 1980, nó dá éis—

[EN]

(a) beidh éifeacht le halt 11 (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Breisluacha (Leasú), 1978) den Acht Cánach Breisluacha, 1972, ionann is dá gcuirfí an mhír seo a leanas in ionad mhír (c):

[EN]

“(c) 25 faoin gcéad den mhéid ar ar inmhuirearaithe cáin i ndáil le soláthar aon earraí nó seirbhísí seachas earraí nó seirbhísí ar ar inmhuirearaithe cáin de réir cheachtar de na rátaí a shonraítear i míreanna (a) agus (b) nó atá luaite sa Chéad Sceideal, ach lena n-áirítear gléasanna glacadóireachta raidió ar de chineál tís nó de chineál iniompair iad nó ar de chineál iad atá oiriúnach lena n-úsáid i bhfeithiclí bóthair agus ar ghramafóin, radaghramafóin agus seinnteoirí ceirníní.”, agus

[EN]

(b) beidh éifeacht le halt 49 den Acht Airgeadais, 1979, ionann is dá ndéanfaí na focail “an ráta cánach breisluacha ar ghléasanna glacadóireachta raidió ar de chineál tís nó de chineál iniompair iad nó ar de chineál iad atá oiriúnach lena n-úsáid i bhfeithiclí bóthair, agus ar ghramafóin, radaghramafóin agus seinnteoirí ceirníní, a mhéadú ó 10 faoin gcéad den méid nó den luach, cibé acu é, ar inmhuirearaithe cáin ar na hearraí sin ina leith go dtí 20 faoin gcéad den méid nó den luach sin agus, dá réir sin,” a scriosadh agus na focail “an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Breisluacha, 1972, a leasú” a chur in ionad na bhfocal “leasófar an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Breisluacha, 1972

[EN]

Leasú ar alt 8 den Acht Cánach Breisluacha, 1972.

81.—Déantar leis seo, le héifeacht amhail ar an agus ón 1ú lá de Bhealtaine, 1980, alt 8 den Acht Cánach Breisluacha, 1972 (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Breisluacha (Leasú), 1978), a leasú—

[EN]

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (e) d'fho-alt (3):

[EN]

“(e) duine, seachas duine lena mbaineann mír (a), (b), (c) nó (d), nach ndeachaigh, agus nach dóigh go rachaidh, an chomaoin iomlán i leith earraí agus seirbhísí inchánach arna soláthar aige thar £3,000 in aon tréimhse arb éard í 6 thréimhse inchánach chomhleanúnacha”, agus

[EN]

(b) trí “, (3) (e)” a chur isteach i ndiaidh “(3) (b) (iii)” agus trí “aon cheann” a chur in ionad “ceachtar” i bhfo-alt (4) mar a bhfuil an focal sin san fho-alt sin agus tá an fo-alt, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TÁBLA

(4) Más rud é, de bhua fho-alt (3) nó (6), nach raibh duine ina dhuine inchánach, agus go dtarlóidh athrú imthosca a leanfaidh thar dheireadh na tréimhse inchánach díreach i ndiaidh na tréimhse inchánach nó na tréimhse dá dtagraítear i bhfo-alt (3) (b) (iii), 3 (e) nó (9), cibé acu é, ina dtarlóidh an t-athrú sin agus gurb é a thiocfaidh de nach féidir a mheas a thuilleadh, chun críocha an Achta seo, nach duine inchánach é de bhua aon cheann de na fo-ailt sin, measfar, chun na gcríocha sin, gur duine inchánach é díreach tar éis deireadh na tréimhse inchánach sin is túisce a luaitear.

[EN]

Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Breisluacha, 1972.

82.—Leasaítear leis seo, le héifeacht amhail ar an agus ón 1ú lá d'Iúil, 1980, an Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Breisluacha, 1972 (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Breisluacha (Leasú), 1978) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (xv):

[EN]

“(xv) glacadh geallta atá faoi réir na dleachta máil a forchuireadh le halt 24 den Acht Airgid, 1926, agus geallta i gcás inar rás capall nó rás cúnna an beart atá faoi réir an ghill agus gur ag an gcruinniú ag a mbeidh an rás sin ar siúl agus san áit ina mbeidh an cruinniú sin ar siúl a chuirfear an geall;”.

CUID IV

Cáin Fháltas Caipitiúil

[EN]

Leasú ar alt 19 den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976.

83.—Beidh éifeacht le halt 19 den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, maidir le bronntanas nó oidhreacht arna ghlacadh an 1ú lá d'Aibreán, 1980, nó dá éis, ionann is dá gcuirfí “£150,000” in ionad “£100,000” gach áit a bhfuil sé.

[EN]

Leasú ar alt 35 den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976.

84.—Beidh éifeacht le halt 35 den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, maidir le bronntanas arna ghlacadh an 28ú lá d'Fheabhra, 1974, nó dá éis, nó le hoidhreacht arna glacadh an 1ú lá d'Aibreán, 1975, nó dá éis, ionann is dá gcuirfí an méid seo a leanas isteach i ndiaidh “sa cháin” i bhfo-alt (7) “mura rud é—

[EN]

(a) gurb é an duine deiridh sin an deontaí nó an comharba dá dtagraítear i mír (a) d'fho-alt (1) agus gur leas teoranta an leas atá glactha aige, nó

[EN]

(b) sa chás dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt sin (1), gurb é an duine deiridh sin an t-aistrí agus gur leas teoranta an leas atá glactha ag an bhfuíollaí”.

CUID V

Dleachtanna Stampa

[EN]

Tíolacadh nó aistriú ar dhíol—teorainn le dleacht stampa i leith idirbhearta áirithe idir comhlachtaí corpraithe.

85.—(1) Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 19 den Acht Airgeadais, 1952:

[EN]

“19.—(1) Ní rachaidh dleacht stampa is inmhuirearaithe faoi réim nó faoi threoir an cheannteidil ‘Conveyance or Transfer on sale’ sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, ar aon ionstraim lena mbaineann an t-alt seo thar chaoga pingin.

[EN]

(2) Baineann an t-alt seo le haon ionstraim a suífear ina leith chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gurbh é ab éifeacht di leas tairbhiúil i maoin a thíolacadh nó a aistriú ó chomhlacht corpraithe amháin go dtí comhlacht corpraithe eile, agus go raibh na comhlachtaí sin i gcomhlachas lena chéile an tráth a forghníomhaíodh an ionstraim, is é sin le rá, go raibh ceann acu ina úinéir tairbhiúil ar nócha faoin gcéad ar a laghad de scairchaipiteal eisithe an chinn eile, nó go raibh tríú comhlacht den sórt sin ina úinéir tairbhiúil ar nócha faoin gcéad ar a laghad de scairchaipiteal eisithe gach ceann díobh agus gurbh éard í an úinéireacht sin úinéireacht go díreach nó trí chomhlacht corpraithe eile nó trí chomhlachtaí corpraithe eile, nó i bpáirt go díreach agus i bpáirt trí chomhlacht corpraithe eile nó trí chomhlachtaí corpraithe eile, agus beidh feidhm ag fo-ailt (5) go (10) d'alt 156 den Acht Cánach Corparáide, 1976, chun críocha an ailt seo ach—

[EN]

(a) tagairtí do chomhlacht corpraithe a chur in ionad tagairtí do chuideachta,

[EN]

(b) tagairtí do chomhlachtaí corpraithe a chur in ionad tagairtí do chuideachtaí, agus

[EN]

(c) tagairtí do scairchaipiteal eisithe a chur in ionad tagairtí do ghnáth-scairchaipiteal.

[EN]

(3) Ní bhainfidh an t-alt seo le hionstraim den sórt a dúradh mura suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim nár forghníomhaíodh an ionstraim de bhun comhshocraíochta nó i ndáil le comhshocraíocht—

[EN]

(a) faoina mbeadh an chomaoin, nó aon chuid den chomaoin, i leith an tíolactha nó an aistrithe le soláthar nó le glacadh, go díreach nó go neamhdhíreach ag duine, seachas comhlacht corpraithe a bhí, tráth na hionstraime a fhorghníomhú, i gcomhlachas de réir bhrí fho-alt (2) den alt seo leis an aistreoir nó leis an aistrí (rud a chiallaíonn, faoi seach, san alt seo, an comhlacht óna ndearnadh, agus an comhlacht chun a ndearnadh, an leas tairbhiúil a thíolacadh nó a aistriú), nó

[EN]

(b) faoina ndearna duine den sórt sin an leas sin a thíolacadh nó a aistriú roimhe sin, go díreach nó go neamhdhíreach, nó

[EN]

(c) faoina raibh an t-aistreoir agus an t-aistrí le scor de bheith i gcomhlachas lena chéile de réir bhrí fho-alt (2) den alt seo de bharr athrú sa chéatadán den scairchaipiteal eisithe de chuid an aistrí in úinéireacht thairbhiúil, de réir bhrí an fho-ailt sin, an aistreora nó tríú comhlacht corpraithe,

[EN]

agus, gan dochar do ghinearáltacht mhír (a) den fho-alt seo, déileálfar le comhshocraíocht mar chomhshocraíocht atá faoi réim na míre sin más comhshocraíocht í faoina gcuirfí ar chumas an aistreora nó an aistrí, nó ar chumas comhlacht corpraithe i gcomhlachas le ceachtar díobh sin mar a luaitear ansin, aon chuid den chomaoin a sholáthar, nó scaradh le haon chuid den chom aoin, trí bhíthin nó de dhroim idirbheart nó idirbhearta a chur i gcrích a chuimseodh, nó a gcuimseodh aon cheann díobh, íocaíocht nó diúscairt eile ag duine seachas comhlacht corpraithe i gcomhlachas amhlaidh.

[EN]

(4) Ionstraim lena mbaineann an t-alt seo agus a bhfuil méid dleachta stampáilte uirthi is lú ná an méid a bheadh, mura mbeadh forálacha an ailt seo, inmhuirearaithe uirthi, ní mheasfar í a bheith stampáilte go cuí mura mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim tar éis a dtuairim a chur in iúl ina leith de réir alt 12 den Stamp Act, 1891.

[EN]

(5)  (a) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, chun críocha an ailt seo, a chur faoi deara go seachadfar chucu dearbhú reachtúil i cibé foirm a ordóidh siad, is dearbhú a dhéanfar, de réir mar a ordóidh siad, ag oifigeach freagrach de chuid comhlachta corpraithe nó ag aturnae de chuid na gCúirteanna Breithiúnais nó acu araon mar aon le cibé fianaise bhreise, más ann, a éileoidh siad.

[EN]

(b) Na cumhachtaí a thugtar do na Coimisinéirí Ioncaim le mír (a) den fho-alt seo, is cumhachtaí iad i dteannta agus ní cumhachtaí iad in ionad na gcumhachtaí a thugtar dóibh le halt 12 den Stamp Act, 1891.

[EN]

(6) Más rud é—

[EN]

(a) i gcás aon éileamh ar fhaoiseamh ó dhleacht faoin alt seo a bheith ceadaithe, go bhfaighfear amach dá éis sin go raibh aon dearbhú nó fianaise eile a tugadh i dtacaíocht leis an éileamh neamhfhírinneach in aon phonc ábhartha, nó

[EN]

(b) go mbeidh scortha ag an aistreoir agus ag an aistrí de bheith i gcomhlachas lena chéile de réir bhrí fho-alt (2) den alt seo laistigh de dhá bhliain ó dháta an tíolacais nó an aistrithe,

[EN]

ansin, d'ainneoin go bhféadfadh an ionstraim a bheith stampáilte cheana féin agus cibé acu a bheidh nó nach mbeidh sí stampáilte le stampa áirithe á thaispeáint go bhfuil sí stampáilte go cuí de réir fho-alt (4) den alt seo, tiocfaidh sí athuair chun bheith inmhuirearaithe le dleacht stampa de réir an ráta ab inmhuirearaithe ar an gcéad ásc dá mba nár bhain an t-alt seo leis an ionstraim agus beidh cóimhéid na dleachta is inmhuirearaithe amhlaidh athuair ina fhiach láithreach a bheidh dlite den aistreoir agus den aistrí, i gcomhpháirt agus go leithleach, don Aire Airgeadais chun tairbhe don Phríomh-Chiste agus beidh sé iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim agus beidh an méid sin a dúradh inghnóthaithe in aon chúirt dlínse inniúla agus beidh feidhm ag fo-alt (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1979) d'alt 69 den Acht Airgeadais, 1973, amhail is dá mba éard é an dleacht an dleacht stampa dá dtagraítear san fho-alt sin agus gurbh é dáta an tíolacais dáta mí amháin tar éis dáta an idirbhirt dá dtagraítear san fho-alt sin, agus é sin fara aon mhodhnuithe eile is gá.”.

[EN]

(2) Ní bheidh éifeacht leis an alt seo maidir le haon ionstraim a forghníomhaíodh roimh dháta an Achta seo a rith.

[EN]

Dleachtanna stampa ar gheallta cúrsa.

86.—(1) San alt seo ciallaíonn “ráithe” tréimhse trí mhí dar críoch an 31ú lá de Mhárta, an 30ú lá de Mheitheamh, an 30ú lá de Mheán Fómhair nó an 31ú lá de Nollaig.

[EN]

(2)  (a) (i) Déanfaidh an Bord Rásaíochta, laistigh de 30 lá ó dheireadh na ráithe dar críoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1980, agus laistigh de 30 lá ó dheireadh gach ráithe dá éis sin, ráiteas a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim ina dtaispeánfar an méid a fionnadh nuair a baineadh as méid comhiomlán na ngeallta cúrsa a rinneadh le linn na ráithe sin méid comhiomlán na ngeallta cúrsa ar tugadh aisíoc nó logha ina leith le linn na ráithe sin faoi alt 27 (3) den Acht um Bord Rásaíochta agus Rás-Chúrsaí, 1945.

[EN]

(ii) Sa mhír seo tá le “geall cúrsa” an bhrí chéanna atá leis san Acht um Bord Rásaíochta agus Rás-Chúrsaí, 1945, agus déanfar aon tagairt do mhéid gill chúrsa a fhorléiriú mar thagairt do mhéid an ghill sin mar a mhínítear sin le halt 27 (2) den Acht sin.

[EN]

(b)  (i) Déanfaidh Bord na gCon, laistigh de 30 lá ó dheireadh na ráithe dar críoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1980, agus laistigh de 30 lá ó dheireadh gach ráithe dá éis sin, ráiteas a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim ina dtaispeánfar an méid a fionnadh nuair a baineadh as méid comhiomlán na ngeallta cúrsa a rinneadh le linn na ráithe sin méid comhiomlán na ngeallta cúrsa ar tugadh aisíoc nó logha ina leith le linn na ráithe sin faoi alt 32 (3) d'Acht Tionscail na gCon, 1958.

[EN]

(ii) Sa mhír seo tá le “geall cúrsa” an bhrí chéanna atá le “cúrsa-gheall” in Acht Tionscail na gCon, 1958, agus déanfar aon tagairt do mhéid gill chúrsa a fhorléiriú mar thagairt do mhéid an ghill sin mar a mhínítear sin le halt 32 (2) den Acht sin.

[EN]

(3) Muirearófar ar gach ráiteas a sheachadfar de bhun fho-alt (2) den alt seo dleacht stampa de réir 1.5 faoin gcéad den méid a fionnadh amhlaidh ann.

[EN]

(4) Seachadfaidh an Bord Rásaíochta nó Bord na gCon, de réir mar a bheidh, do na Coimisinéirí Ioncaim, cibé sonraí a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is gá i ndáil le haon ráiteas a cheanglaítear a sheachadadh leis an alt seo.

[EN]

(5)  (a) Íocfaidh an Bord Rásaíochta an dleacht a mhuirearaítear le fo-alt (3) den alt seo ar ráiteas a sheachadfar de bhun fho-alt (2) (a) den alt seo an tráth a sheachadfar an ráiteas.

[EN]

(b) Íocfaidh Bord na gCon an dleacht a mhuirearaítear le fo-alt (3) den alt seo ar ráiteas a sheachadfar de bhun fho-alt (2) (b) den alt seo an tráth a sheachadfar an ráiteas.

[EN]

(6) Má mhainnítear aon ráiteas a éilítear le fo-alt (2) den alt seo a sheachadadh laistigh den am a shonraítear san fho-alt sin nó má mhainnítear an dleacht a íoc is inmhuirearaithe ar aon ráiteas den sórt sin ar é a sheachadadh, dlífidh an Bord Rásaíochta nó Bord na gCon, de réir mar a bheidh, i dteannta na dleachta, ús uirthi a íoc de réir 15 faoin gcéad sa bhliain ó dheireadh na ráithe lena mbaineann an ráiteas go dtí an lá ar a n-íocfar an dleacht.

[EN]

(7) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim seachadadh aon ráitis a éilítear le fo-alt (2) den alt seo a fhorghníomhú faoi alt 47 den Succession Duty Act, 1853, ar gach cuma ionann is dá mba chuntas den sórt a luaitear san alt sin an ráiteas sin agus gur mhainneachtain den sórt a luaitear san alt sin an mhainneachtain an ráiteas sin a sheachadadh.

[EN]

Ordú a chúlghairm.

87.—Cúlghairtear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 241) (Teorainn leis an Dleacht Stampa maidir le hIdirbhearta Áirithe Idir Comhlachtaí Corpraithe), 1979 (I.R. Uimh. 244 de 1979), maidir le hionstraimí a fhorghníomhófar ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis.

CUID VI

Ilghnéitheach

[EN]

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

88.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950;

[EN]

ciallaíonn “alt leasaitheach 1979” alt 57 den Acht Airgeadais, 1979;

[EN]

ciallaíonn “an tríochadú blianacht bhreise” an tsuim a mhuirearaítear ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

[EN]

tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.

[EN]

(2) Maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1980, beidh éifeacht le fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1979 ach “£18,018,754” a chur in ionad “£18,381,262”.

[EN]

(3) Beidh éifeacht le fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1979 ach “£11,374,372” a chur in ionad “£11,832,415”.

[EN]

(4) Déanfar suim £20,397,734 chun fuascailt a dhéanamh ar iasachtaí, agus ús ar na hiasachtaí sin, i leith seirbhísí caipitiúla, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais chomhleanúnach dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1980.

[EN]

(5) Déanfar an tríochadú blianacht bhreise a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.

[EN]

(6) Feádfar aon mhéid den tríochadú blianacht bhreise, nach mó ná £13,130,462 in aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

[EN]

(7) Déanfar iarmhéid an tríochadú blianacht bhreise a úsáid in aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

[EN]

Leasú ar alt 47 (na Coimisinéirí Ioncaim do nochtadh faisnéise áirithe do dhaoine áirithe) den Acht Airgeadais, 1978.

89.—Leasaítear leis seo alt 47 den Acht Airgeadais, 1978, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

[EN]

“(1) Baineann an t-alt seo le haon mhuirear a fhorchuirtear ar airgead poiblí, is muirear le haghaidh faoisimh faoi na hAchtanna um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1978, agus aon achtachán dá éis sin, a bhféadfar na hAchtanna sin a lua ina theannta.”.

[EN]

Méadú ar na dleachtanna máil ar cheadúnais d'fheithiclí inneallghluaiste.

90.—(1) Leasaítear leis seo alt 94 den Acht Airgeadais, 1973

[EN]

(a) trí “£5” a chur in ionad “£1” i mír (a) d'fho-alt (2), agus

[EN]

(b) trí “£10” a chur in ionad “£5” i mír (b) d'fho-alt (2).

[EN]

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo—

[EN]

(a) maidir le ceadúnais faoi alt 1 den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952, a bhainfear amach in aghaidh tréimhsí dar tosach an lú lá d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis, i leith feithiclí sonraithe (de réir bhrí an ailt sin 94), agus

[EN]

(b) maidir le feithiclí inneallghluaiste eile lena mbaineann an t-alt sin 94 agus a mbainfear ceadúnais amach ina leith faoin alt sin 1 in aghaidh tréimhsí dar tosach an lú lá sin d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis.

[EN]

Leasú ar an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952.

91.—Leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952

[EN]

(a) maidir le ceadúnais faoin Acht sin in aghaidh tréimhsí dar tosach an lú lá d'Aibreán, 1980, nó aon lá dá éis—

[EN]

(i) in alt 1 (2) (b), trí “£10 nó níos lú” a chur in ionad “chúig phunt nó níos lú” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1966) agus

[EN]

(ii) i mír 4 de Chuid I den Sceideal—

[EN]

(I)  trí “£10” a chur in ionad “25p” i bhfomhír (a),

[EN]

(II) trí “£10” a chur in ionad “£1” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973) i bhfomhír (b),

[EN]

(III) trí “£10” a chur in ionad “£5” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973) i bhfomhír (c), agus

[EN]

(b) le héifeacht amhail ar an agus ón lú lá d'Aibreán, 1980, trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad mhíreanna (a) agus (b) in alt 4(IA) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1961):

[EN]

“(a) trí phunt más bliain tréimhse an cheadúnais, agus

[EN]

(b) trí phunt in aghaidh gach bliain de thréimhse an cheadúnais más dhá bhliain nó níos mó an tréimhse sin.”.

[EN]

Méadú ar na dleachtanna máil ar cheadúnais fheithiclí trádála.

92.—Beidh éifeacht le halt 15 (2) den Finance Act, 1922, arna chur chun feidhme le halt 3 den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952, agus d'ainneoin téarmaí an ailt deiridh sin, maidir le ceadúnais lena mbaineann an t-alt sin 15 (2) a bhainfear amach an lú lá d'Eanáir, 1981, nó dá éis, ionann is dá gcuirfí—

[EN]

(a) “£100” in ionad “thirty-seven pounds ten shillings” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 a dúradh) i mír (a),

[EN]

(b) “£20” in ionad “seven pounds ten shillings” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 a dúradh) i míreanna (a) agus (b), agus

[EN]

(c) “£4” a chur in ionad “one pound ten shillings” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952 a dúradh) i mír (b).

[EN]

Ús ar dhleachtanna báis.

93.—(1) D'ainneoin alt 18 den Finance Act, 1896, alt 9 den Finance Act, 1912, alt 30 den Finance Act, 1919, nó alt 32 den Acht Airgeadais, 1971, beidh ús simplí de réir 15 faoin gcéad sa bhliain, gan cáin ioncaim a asbhaint, iníoctha ar aon dleachtanna báis a bheidh gan íoc tar éis dáta an Achta seo a rith:

[EN]

Ar choinníoll, in aon chás ina mbeidh na dleachtanna sin á n-íoc ina dtráthchodanna, gur de réir 9 faoin gcéad sa bhliain a bheidh an t-ús sin iníoctha orthu in ionad an ráta réamhráite.

[EN]

(2) Forléireofar an t-alt seo i dteannta an Finance Act, 1894, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

[EN]

Aisghairm.

94.—Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) den Ochtú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.

[EN]

Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.

95.—Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna go léir a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

96.—(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1980, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Déanfar Cuid I den Acht seo (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide agus (a mhéid a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna um Cháin Ghnóchan Caipitiúil.

[EN]

(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le custaim, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam, agus déanfar an Chuid sin II, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

[EN]

(4) Forléireofar Cuid III den Acht seo i dteannta na nAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1979, agus féadfar na hAchtanna Cánach Breisluacha, 1972 go 1980, a ghairm díobh le chéile.

[EN]

(5) Forléireofar Cuid IV den Acht seo i dteannta an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

[EN]

(6) Forléireofar Cuid V den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

[EN]

(7) Measfar gur tháinig Cuid I agus alt 89 den Acht seo i bhfeidhm agus glacfaidh siad éifeacht, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite iontu, amháil ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1980.

[EN]

(8) Ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi.

AN CHÉAD SCEIDEAL

Leasú ar Achtacháin

Alt 4.

CUID I

Leasuithe de dhroim Athruithe ar Fhaoisimh Phearsanta

1. Leasaítear leis seo alt 141 (1A) den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(a) trí “£195” a chur in ionad “£218” i mír (a),

agus

(b) trí “£390” a chur in ionad “£320” gach áit a bhfuil sé i míreanna (b) agus (c).

2. Leasaítear leis seo alt 3 den Acht Airgeadais, 1969, trí “£330” a chur in ionad “£165” i bhfo-alt (1).

CUID II

Forálacha maidir le Sochair Scoir Áirithe, etc.

Alt 10.

“SCEIDEAL 3

Faoisimh maidir le Cáin a Mhuirearaítear ar Íocaíochtaí ar Scor, etc.

Réamhráiteach

1. Lamhálfar faoiseamh de réir na bhforálacha seo a leanas den Sceideal seo maidir le cáin is inmhuirearaithe de bhua alt 114, i gcás éileamh a dhéanamh go cuí de réir alt 115.

2. Ní bheidh éilitheoir i dteideal faoisimh faoin Sceideal seo maidir le haon ioncam a mbeidh sé i dteideal an cháin air a mhuirearú in aghaidh aon duine eile, nó í a bhaint, a choimeád nó a ghnóthú as aon íocaíocht a dhlíonn sé a dhéanamh le haon duine eile.

Faoiseamh trí shuimeanna is inmhuirearaithe a laghdú

3. Le linn an muirear i leith cánach i ndáil le híocaíocht is inchurtha faoi cháin faoi alt 114 a bheith á ríomh, bainfear as an íocaíocht suim is comhionann leis an méid (más aon mhéid é) atá de bhreis ar £6,000 ag an sochar aoisliúntais caipitiúil caighdeánach don oifig nó don fhostaíocht ar ina leith an íocaíocht.

4. Sa Sceideal seo ciallaíonn ‘an sochar aoisliúntais caipitiúil caighdeánach’, i ndáil le hoifig nó fostaíocht, suim a ríomhfar mar a leanas, is é sin le rá—

(a) déanfar amach an meánmhéid do bhliain amháin de dhíolaíochtaí oifige nó fostaíochta an tsealbhóra in aghaidh na dtrí bliana deiridh dá sheirbhís roimh an dáta iomchuí (nó in aghaidh tréimhse iomlán a sheirbhíse más giorra ná trí bliana í);

(b) déanfar an fichiú cuid den mhéid a dhéanfar amach ag (a) a iolrú ar an slánuimhir de bhlianta iomlána seirbhíse a thug an sealbhóir san oifig nó san fhostaíocht; agus

(c) bainfear as an toradh ag (b) suim is comhionann le méid, nó, de réir mar a bheidh, le luach, ar an dáta iomchuí, aon chnapshuim (nach inchurtha faoi cháin) atá faighte nó infhaighte ag an sealbhóir i leith na hoifige nó na fostaíochta de bhun aon scéim nó ciste den sórt dá dtagraítear in alt 115 (1) (d).

5. I gcás cáin a bheith inmhuirearaithe faoi alt 114 i leith dhá íocaíocht nó níos mó lena mbaineann mír 3, ar íocaíochtaí iad a rinneadh leis an duine céanna nó i leith an duine chéanna i ndáil leis an oifig nó leis an bhfostaíocht chéanna nó i ndáil le hoifigí nó fostaíochtaí éagsúla faoin bhfostóir céanna nó faoi fhostóirí comhlachaithe, ansin—

(a) beidh feidhm ag mír 3 ionann agus dá mba é a bhí sna híocaíochtaí sin aon íocaíocht amháin ar cóimhéid le méid comhiomlán na n-íocaíochtaí sin agus, i gcás iad a dhéanamh i leith oifigí nó fostaíochtaí éagsúla, ionann is dá mba é a bhí sa sochar aoisliúntais caipitiúil caighdeánach méid ar cóimhéid le suim na sochar aoisliúntais caipitiúil caighdéanach do na hoifigí nó do na fostaíochtaí sin;

(b) i gcás ina measfar gur ioncam do bhlianta measúnachta éagsúla na híocaíochtaí, is é an faoiseamh a bheidh le deonú faoin mír sin i leith íocaíocht is inmhuirearaithe i leith aon bhliain mheasúnachta an méid a bheidh de bhreis ag an bhfaoiseamh arna ríomh de réir na forála sin roimhe seo i leith na híocaíochta sin agus aon íocaíochtaí is inmhuirearaithe i leith blianta measúnachta roimhe sin ar an bhfaoiseamh i leith na n-íocaíochtaí is déanaí a luaitear; agus má tharlaíonn i gcás an sochar aoisliúntais caipitiúil caighdeánach d'oifig nó d'fhostaíocht ar ina leith a rinneadh dhá cheann nó níos mó de na híocaíochtaí nach é an sochar céanna é maidir le gach ceann de na híocaíochtaí sin, measfar chun críocha na míre seo é a bheith ar cóimhéid leis an gceann is mó de na sochair sin.

6. (a) Le linn an muirear i leith cánach maidir le híocaíocht is inchurtha faoi cháin faoi alt 114 a bheith á ríomh i gcás éilitheora, má bhíonn an t-éilitheoir gan éileamh a bheith déanta aige roimhe sin faoi alt 115 agus i gcás nár mhó ná £4,000 an tsuim chaipitil iomchuí (más aon suim í) i ndáil leis an oifig nó leis an bhfostaíocht ar ina leith a dhéantar an íocaíocht, nó a bhfuil an íocaíocht ina leith faighte nó infhaighte aige, bainfidh alt 115 (3) agus mír 3 leis an íocaíocht sin ionann agus dá mba éard í gach tagairt do £6,000 tagairt do £6,000 arna mhéadú an méid ar mó ná an tsuim chaipitil iomchuí sin £4,000.

(b) Sa mhír seo ciallaíonn ‘an tsuim chaipitil iomchuí i ndáil le hoifig nó le fostaíocht’ méid nó luach, ar an dáta iomchuí, aon chnapshuime (nach inchurtha faoi cháin), nó, má bhíonn níos mó ná cnapshuim amháin den sórt sin ann, comhiomlán na méideanna nó na luachanna sin atá faighte nó infhaighte ag an éilitheoir de bhun aon scéim nó ciste den sórt dá dtagraítear in alt 115 (1) (d) i leith na hoifige nó na fostaíochta.

7. Le linn an muirear i leith cánach maidir le híocaíocht is inchurtha faoi cháin faoi alt 114 a bheith á ríomh, ar íocaíocht í a rinneadh i leith oifig nó fostaíocht inar seirbhís choigríche cuid de sheirbhís an tsealbhóra, bainfear as an íocaíocht (i dteannta aon asbhaint a lamháiltear faoi na forálacha sin roimhe seo den Sceideal seo) suim a mbeidh idir í agus an méid ab inchurtha faoi cháin ar leith ón mír seo an chomhréir chéanna atá idir fad na seirbhíse coigríche agus fad na seirbhíse roimh an dáta iomchuí.

Faoiseamh trí cháin a laghdú

8. I gcás aon íocaíocht is inchurtha faoi cháin faoi alt 114, lamhálfar faoiseamh trí mhéid a bhaint as an gcáin is inmhuirearaithe de bhua an ailt sin is ionann agus an méid a chinnfear de réir na foirmle—

A -(P×

T

__

I

)

i gcás—

arb é A an méid cánach ab inmhuirearaithe ar leith ón mír seo maidir le hioncam iomlán shealbhóir nó iarshealbhóir na hoifige nó na fostaíochta don bhliain mheasúnachta a n-áirítear gur ioncam dá cuid an íocaíocht tar éis an méid cánach ab inmhuirearaithe amhlaidh dá mba nach ndearnadh an íocaíocht a bhaint as an méid sin cánach;

arb é P méid na híocaíochta sin tar éis aon fhaoiseamh is infheidhme ina leith faoi na forálacha sin roimhe seo den Sceideal seo a asbhaint;

arb é T comhiomlán na méideanna cánach is inmhuirearaithe i leith ioncam iomlán shealbhóir nó iarshealbhóir na hoifige nó na fostaíochta ar feadh na gcúig bliana measúnachta díreach roimh an mbliain mheasúnachta a n-áirítear gur ioncam dá cuid an íocaíocht sula ndéantar aon fhaoiseamh dá bhforáiltear le halt 361 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a chur i gcuntas;

arb é I comhiomlán ioncam inchánach shealbhóir nó iarshealbhóir na hoifige nó na fostaíochta ar feadh na gcúig bliana measúnachta sin.

9. I gcás cáin a bheith inmhuirearaithe faoi alt 114 maidir le dhá íocaíocht nó níos mó a rinneadh leis an duine céanna nó i leith an duine chéanna i ndáil leis an oifig nó leis an bhfostaíocht chéanna agus go mbeidh sí inmhuirearaithe in aghaidh na bliana measúnachta céanna, áireofar chun críocha mhír 8 gur aon íocaíocht amháin na híocaíochtaí de mhéid is ionann agus a méid comhiomlán.

10. I gcás cáin a bheith imhuirearaithe faoi alt 114 maidir le dhá íocaíocht nó níos mó a rinneadh leis an duine céanna nó i leith an duine chéanna i ndáil le hoifigí nó fostaíochtaí éagsúla agus go mbeidh sí inmhuirearaithe amhlaidh in aghaidh na bliana measúnachta céanna, beidh feidhm ag míreanna 8 agus 9 amhail is dá mba i ndáil leis an oifig nó leis an bhfostaíocht chéanna a rinneadh na híocaíochtaí sin.

Forlíontach

11. Aon tagairt sna forálacha sin roimhe seo den Sceideal seo d'íocaíocht a bhfuil cáin inmhuirearaithe ina leith faoi alt 114 is tagairt í don oiread sin den íocaíocht sin is inchurtha faoi cháin tar éis an faoiseamh is infheidhme ina leith faoi alt 115 (3) a asbhaint.

12. Sa Sceideal seo ciallaíonn ‘an dáta iomchuí’, i ndáil le híocaíoch nach íocaíocht mar iomalartú ar íocaíochtaí bliantúla nó ar íocaíochta tréimhsiúla eile, dáta an fhoirceanta nó an athraithe ar ina leith a rinneadh í agus, i ndáil le híocaíocht mar iomalartú ar íocaíochtaí bliantúla nó ar íocaíochtaí tréimhsiúla eile, dáta an fhoirceanta nó an athraithe ar ina leith a dhéanfaí na híocaíochtaí sin.

13. Sa Sceideal seo ciallaíonn ‘seirbhís choigríche’, i ndáil le hoifig nó le fostaíocht, seirbhís de chineál a fhágann—

(a) nach raibh cáin inmhuirearaithe i leith díolaíochtaí na hoifige nó na fostaíochta, nó

(b) toisc gurbh oifig nó fostaíocht faoi Sceideal E an oifig nó an fhostaíocht, nach raibh cáin faoin Sceideal sin inmhuirearaithe i leith iomlán na ndíolaíochtaí ón gcéanna, nó

(c) toisc go meastar gur seilbh in áit lasmuigh den Stát de réir bhrí Chás III de Sceideal D an oifig nó an fhostaíocht, nach raibh cáin i leith an ioncaim ón gcéanna le ríomh de réir alt 76 (1).

14. Aon tagairt sa Sceideal seo don mhéid cánach is inmhuirearaithe nó ab inmhuirearaithe ar dhuine is tagairt í don mhéid cánach is inmhuirearaithe nó ab inmhuirearaithe air trí mheasúnacht nó trí asbhaint.”.

CUID III

Leasuithe de dhroim Forálacha a bhaineann le Cánachas ar Dhaoine Pósta

Alt 19.

1. Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967, de réir na bhforálacha seo a leanas den mhír seo:

(a) in alt 82 (3), in ionad an dara habairt, cuirfear:

“San fho-alt seo agus i bhfo-alt (4), déanfar na tagairti do bhrabúis nó do ghnóchain a thagann chun banchéile a fhorléiriú mar thagairtí nach bhfolaíonn ach brabúis nó gnóchain a áirítear mar ioncam de chuid an fhearchéile de bhua alt 194 (1) agus déanfar an tagairt do bhrabúis nó do ghnóchain a thagann chun fearchéile a fhorléiriú dá réir sin.”,

(b) in alt 139, in ionad “an asbhaint níos airde faoi alt 138 (1)” i mír (b) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) agus in ionad “na hasbhainte níos airde faoi alt 138 (1)” i bhfo-alt (4), cuirfear “asbhaint a luaitear in alt 138 (a)”,

(c) in alt 145 (2), i ndiaidh “fear pósta”, cuirfear isteach “a mheasúnaítear i leith cánach de réir fhorálacha alt 194”,

(d) in alt 183 (7) in ionad “193 (6)” cuirfear “197(6)”,

(e) in alt 307 (2) (a) (i), i ndiaidh “ioncam eile na pearsan aonair” cuirfear isteach “agus, i gcás ina bhfuil an phearsa aonair nó, i gcás gur banchéile í, a fearchéile, measúnaithe i leith cánach de réir fhorálacha alt 194”,

(f) i gColún 1 de Sceideal 15, scriosfar “alt 193 (5)” agus “alt 198”.

2. Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Airgeadais, 1967, de réir na bhforálacha seo a leanas den mhír seo:

(a) i bhfo-alt (1), sa mhíniú ar “cleithiúnach”, in ionad “an asbhaint níos airde faoi alt 138 (1)” cuirfear “asbhaint a luaitear in alt 138 (a),” agus

(b) i bhfo-alt (3) (a), i ndiaidh “lena fearchéile” cuirfear isteach “agus go measúnaítear eisean i leith cánach de réir fhorálacha alt 194 den Acht Cánach Ioncaim, 1967,”.

3. Leasaítear leis seo alt 3 (1) (a) den Acht Airgeadais, 1969, tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (ii):

“(ii) go raibh a bhanchéile, agus eisean ina fhearchéile atá measúnaithe in aghaidh na bliana measúnachta iomchuí i leith cánach de réir fhorálacha alt 194 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, faoi éagumas iomlán le héiglíocht choirp nó mheabhrach ar feadh na bliana sin, agus”.

4. Leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1974, de réir na bhforálacha seo a leanas den mhír seo:

(a) in alt 8 (1), trí “agus go bhfuil seisean measúnaithe i leith cánach de réir fhorálacha alt 194 den Acht Cánach Ioncaim, 1967” a chur isteach i ndiaidh “in aontíos leis” sa dá áit ina bhfuil sé, agus

(b) in alt 28 (6), trí “197(6)” a chur in ionad “193”.

5. Aisghairtear leis seo fo-ailt (6) agus (8) d'alt 3 den Acht Airgeadais, 1969, alt 3 den Acht Airgeadais, 1978, agus alt 7 (2) (b) den Acht Airgeadais, 1979.

6. Leasaítear leis seo alt 11(3) den Acht Airgeadais, 1976, trí “Chaibidil I de Chuid IX” a chur in ionad “alt 192”.

AN DARA SCEIDEAL

Na Rátaí Dleachta Máil ar Bhiotáille

Alt 65.

An Cineál Biotáille

An Ráta Dleachta

Aon chineál biotáille nach luaitear anseo ina dhiaidh seo agus meascáin agus ullmhóidí a allmhaireofar ina bhfuil biotáille

 

 

£17.079 an lítear alcóil sa bhiotáille

Biotáille chumhraithe a allmhaireofar agus a bheidh taifeadta i slí a léireoidh nach bhfuil an neart le tástáil.     ...     ...

£15.542 an lítear

Licéir, coirdéil, meascáin agus ullmhóidí eile sa bhuidéal a allmhaireofar agus a bheidh taifeadta i slí a léireoidh nach bhfuil an neart le tástáil     ...     ...     ...     ...     ...

£13.151 an lítear

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Na Rátaí Dleachta Máil ar Tháirgí Tobac

Alt 66.

An Cineál Táirge

An Ráta Dleachta

Toitíní

...

...

...

...

...

...

£12.10 an míle mar aon le méid is ionann agus 21.8 faoin gcéad den phraghas ar a miondíoltar na toitíní

Todóga

...

...

...

...

...

£23.273 an cileagram

Cavendish nó negrohead

...

...

...

£23.518 an cileagram

Tobac cruafháiscthe

...

...

...

...

£15.041 an cileagram

Tobac píopa eile

...

...

...

...

£18.906 an cileagram

Tobac eile chun a chaite ina dheatach nó

 

chun a choganta

...

...

...

...

...

£19.639 an cileagram

AN CEATHRÚ SCEIDEAL

Alt 67.

CUID I

Na Rátaí Dleachta Máil ar Fhíon

An Cineál Fíona

An Ráta Dleachta

Neamhdhrithleach:

 

Nach mó ná 15% toirte a neart alcólach iarbhír de réir toirte

£1.10 an lítear

Ar mó ná 15% toirte ach nach mó ná 18% toirte a neart

 

alcólach iarbhír de réir toirte

...

...

...

...

£1.53 an lítear

Ar mó ná 18% toirte ach nach mó ná 22% toirte a neart

 

alcólach iarbhír de réir toirte

...

...

...

...

£1.96 an lítear

Drithleach

...

...

...

...

...

...

...

£2.18 an lítear

Fíon, drithleach nó neamhdhrithleach, ar mó ná 22% toirte a neart alcólach iarbhír de réir toirte:

 

Dleacht bhreise in aghaidh gach 1% toirte nó gach codán de

 

1% toirte os cionn 22% toirte

...

...

...

...

£0.17 an lítear

CUID II

Na Rátaí Dleachta Máil ar Fhíon Déanta

An Cineál Fíona Dhéanta

An Ráta Dleachta

Neamhdhrithleach:

 

Nach mó ná 15% toirte a neart alcólach iarbhír de réir toirte

£1.01 an lítear

Ar mó ná 15% toirte ach mó ná 18% toirte a neart alcólach

 

iarbhír de réir toirte

...

...

...

...

...

£1.38 an lítear

Ar mó ná 18% toirte ach nach mó ná 22% toirte a neart

 

alcólach iarbhír de réir toirte

...

...

...

...

£1.69 an lítear

Drithleach

...

...

...

...

...

...

...

£1.89 an lítear

Drithleach nó neamhdhrithleach, ar mó ná 22% toirte a neart alcólach iarbhír de réir toirte:

 

Dleacht bhreise in aghaidh gach 1% toirte nó gach codán de

 

1% toirte os cionn 22% toirte.

...

...

...

...

£0.17 an lítear

AN CÚIGIÚ SCEIDEAL

Na Rátaí Dleachta Máil ar Leann Úll agus Leann Piorraí

Alt 68.

An Cineál Leanna Úll agus Leanna Piorraí

An Ráta Dleachta

Nach mó ná 6% toirte a neart alcólach iarbhír de réir toirte

...

£0.39 an galún

Ar mó ná 6% toirte ach nach mó ná 8.7% toirte a neart alcólach

 

iarbhír de réir toirte

...

...

...

...

...

£1.80 an galún

Ar mó ná 8.7% toirte a neart alcólach iarbhír de réir toirte

...

£4.59 an galún

AN SÉÚ SCEIDEAL

Na Rátaí Dleachta Máil ar Theilifíseáin

Alt 72.

An Cineál Teilifíseán

An Ráta Dleachta

Teilifíseáin daite:

 

le scáileán nach mó ná seacht n-orlach déag a thoise uasta

£51 an teilifíseán

le scáileán is mó ná seacht n-orlach déag agus nach mó ná

 

ceithre orlach is fiche a thoise uasta

...

...

...

£64 an teilifíseán

le scáileán ar mó ná ceithre orlach is fiche a thoise uasta

...

£79 an teilifíseán

Teilifíseáin mhonacróim:

 

le scáileán nach mó ná seacht n-orlach déag a thoise uasta

£16 an teilifíseán

le scáileán ar mó ná seacht n-orlach déag a thoise uasta

...

£25 an teilifíseán

AN SEACHTÚ SCEIDEAL

Na Rataí Dleachta Máil ar Cheadúnais Áirithe

CUID I

Ceadúnais Deochanna Meisciúla

Alt 76.

(1)

(2)

(3)

(4)

Uimhir Thagartha

An Cineál Ceadúnais

An tAchtachán

An Dleacht

 

Ceadúnais Monaróirí

 

 

Ceadúnas a bheidh le baint amach gach bliain ag:

 

 

1.

Driogaire biotáille

Alt 44 (1) den Acht Airgeadais, 1977.

£100

2.

Ceartaitheoirí nó cumascóirí biotáille

Alt 20 den Acht Airgid, 1933.

£50

3.

Bríbhéir beorach chun a díola

Alt 44 (2) den Acht Airgeadais, 1977.

£100

4.

Déantóir milseán chun a ndíola

Alt 43 den Finance (1909-10) Act, 1910 agus Cuid A den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

£50

5.

Déantóir leanna úll nó leanna piorraí chun a dhíola

Alt 10 (3) den Acht Airgeadais, 1940.

£2.50

Ceadúnais Mhórdhíoltóirí

 

 

Ceadúnas a bheidh le baint amach gach bliain ag:

 

 

6.

Mórdhíoltóir biotáille

Alt 43 den Finance (1909-10) Act, 1910 agus Cuid B den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

£50

7.

Mórdhíoltóir beorach

Alt 43 den Finance (1909-10) Act, 1910 agus Cuid B den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

£50

8.

Mórdhíoltóir fíona

Alt 43 den Finance (1909-10) Act, 1910 agus Cuid B den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

£50

9.

Mórdhíoltóir biotáille fíona

Alt 9 (1) den Finance Act, 1911.

£50

Ar-Cheadúnais Mhiondíoltóirí

 

 

Ceadúnas a bheidh le baint amach gach bliain ag:

 

 

10.

Miondíoltóir biotáille

Alt 17 (2) den Acht Airgeadais, 1960.

£50

11.

Miondíoltóir beorach

Alt 17 (2) den Acht Airgeadais, 1960.

£50

12.

Miondíoltóir fíona

Alt 17 (2) den Acht Airgeadais, 1960.

£50

13.

Miondíoltóir milseán

Alt 17 (2) den Acht Airgeadais, 1960.

£50

Eis-Cheadúnais Mhiondíoltóirí

 

 

Ceadúnas a bheidh le baint amach gach bliain ag:

 

 

14.

Miondíoltóir biotáille

Alt 17 (2) den Acht Airgeadais, 1960.

£50

15.

Miondíoltóir beorach

Alt 17 (2) den Acht Airgeadais, 1960.

£50

16.

Miondíoltóir leanna úll

Alt 17 (2) den Acht Airgeadais, 1960.

£25

17.

Miondíoltóir fíona

Alt 17 (2) den Acht Airgeadais, 1960.

£50

18.

Miondíoltóir milseán

Alt 17 (2) den Acht Airgeadais, 1960.

£50

Ceadúnais Árthaí Paisinéirí

 

 

19.

Ceadúnas a bheidh le baint amach gach bliain maidir le hárthach paisinéirí ag an máistir nó ag duine eile a bhaineann leis an árthach agus a bheidh ainmnithe ag úinéir an árthaigh.

Alt 17 (4) den Acht Airgeadais, 1960.

£50

20.

Ceadúnas a bheidh le baint amach maidir le hárthach paisinéirí ag an máistir nó ag duine eile a bhaineann leis an árthach agus a bheidh ainmnithe ag úinéir an árthaigh, agus nach mbeidh i bhfeidhm ach ar feadh aon lá amháin.

Alt 17 (4) den Acht Airgeadais, 1960.

£10

Ceadúnais Charbad Bia Iarnróid

 

 

21.

Ceadúnas a bheidh le baint amach gach bliain maidir le carbad bia iarnróid ag an gcuideachta iarnróid nó ag duine eile ar leis an carbad.

Alt 43 den Finance (1909-10) Act, 1910 agus Cuid E den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

£50

Ceadúnais Aerárthaí Paisinéirí

 

 

22.

Ceadúnas a bheidh le baint amach gach bliain ag gnólacht aeriompair maidir le hacrárthach ar eitilt is leis an ngnólacht sin nó atá fruilithe aige.

Alt 43 den Finance (1909-10) Act, 1910 agus Cuid G (a cuireadh isteach le halt 8 den Acht Airgeadais, 1943) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.

£50

CUID II

Deimhnithe Airm Tine

Alt 77(2).

An Cineál Deimhnithe

An Ráta Dleachta

1. Ar dheimhniú airm tine i leith piostail, lena n-áirítear aerphiostal, nó

 

gunnán

...

...

...

...

...

...

...

...

£10.00

2. Ar dheimhniú airm tine i leith raidhfil, lena n-áirítear mionraidhfil

£10.00

3. Ar dheimhniú airm tine i leith aerghunna, lena n-áirítear aer-raidhfil

£10.00

4. Ar dheimhniú airm tine i leith airm thoirmiscthe

...

...

...

£1.00

5. Ar dheimhniú airm tine i leith gunna gráin lena mbaineann forálacha

 

alt 12 d'Acht na Arm Tine, 1964

...

...

...

...

...

£1.50

6. Ar aon deimhniú airm tine eile—

 

Ar dheimhniú amháin den sórt sin

...

...

...

...

£6.50

I gcás ina ndeonófar dhá dheimhniú nó níos mó den sórt sin don duine céanna (ní gá gurb é an tráth céanna é) agus go rachaidh siad in éag ar an dáta céanna—

 

Ar an gcéad deimhniú den sórt sin

...

...

...

£6.50

Ar an dara deimhniú den sórt sin agus gach deimhniú den

 

sórt sin ina dhiaidh sin

...

...

...

...

...

£1.50

CUID III

Ceadúnais Chearrbhachais

Alt 77(3).

An Cineál Ceadúnais

An Ráta Dleachta

I gcás an tréimhse dá mbeidh an ceadúnas le heisiúint mar a bheidh sonraithe sa deimhniú faoin Acht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956, á údarú an ceadúnas a eisiúint—

 

(a) gan a bheith níos faide ná trí mhí

...

...

...

£50

(b) a bheith níos faide ná trí mhí ach gan a bheith níos faide ná

 

sé mhí

...

...

...

...

...

...

...

£100

(c) a bheith níos faide ná sé mhí ach gan a bheith níos faide ná

 

naoi mí

...

...

...

...

...

...

...

£150

(d) a bheith níos faide ná naoi mí

...

...

...

...

£200

CUID IV

Ceadúnais Eile

Alt 77(4).

(1)

(2)

(3)

(4)

(5)

Uimhir Thagartha

An Cineál Ceadúnais

An tAchtachán lena bhforchuirtear an dleacht

An Dáta Feidhme

An Dleacht

1.

Ceadúnas ceantálaí

Alt 11 den Acht Airgeadais 1947

An 6ú lá d'Iúil, 1980

£100

2.

Cead ceantála

Alt 12 den Acht Airgeadais 1947

An 6ú lá d'Iúil, 1980

£100

3.

Ceadúnas gníomhaire tithe

Alt 13 den Acht Airgeadais, 1947

An 6ú lá d'Iúil, 1980

£50

4.

Ceadúnas geallghlacadóra

Alt 17 den Acht Airgid, 1931

An 1ú lá de Nollaig, 1980

£100

5.

Deimhniú cláraitheachta áitribh gheallghlacadóra

Alt 18 den Acht Airgid, 1931

An 1ú lá de Nollaig, 1980

£100

6.

Ceadúnas scagaire ola hidreacarbóin

Alt 1 (4) den Acht Airgid (Forálacha Ilghnéitheacha), 1935

An 1ú lá d'Fheabhra, 1981

£50

7.

Ceadúnas déantóra lasán

Alt 3 (2) den Finance (New Duties) Act, 1916

An 1ú lá d'Aibreán, 1981

£50

8.

Ceadúnas déantóra biotáille meitilí

Alt 27 den Revenue Act, 1889

An 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1980.

£50

9.

Ceadúnas miondíoltóra biotáille meitilí

Alt 27 den Revenue Act, 1889

An 1ú lá de Deireadh Fómhair, 1980

£2.50

10.

Ceadúnas iasachtóra airgid

Alt 18 (1) den Acht Airgid, 1933

An 1ú lá de Lúnasa, 1980

£100

11.

Ceadúnas geallbhróicéara

Alt 18 den Acht Airgeadais, 1965

An 1ú lá de Lúnasa, 1980

£100

12.

Ceadúnas déantóra uiscí boird

Alt 9 den Finance Act, 1916

An 1ú lá de Bhealtaine, 1981

£25

13.

Ceadúnas monaróra táirgí tobac

Alt 10 (1) den Acht Airgeadais (Dleacht Máil ar Tháirgí Tobac), 1977

An 1ú lá d'Eanair, 1981

£50

14.

Ceadúnas déantóra bonn

Mír 5 den Ordú chun Diúitéthe do Ghearradh go Práinneach (Uimh. 66), 1935 (R.& O.R., Uimh. 81 de 1935)

An 13ú lá d'Aibreán, 1981

£50

AN tOCHTÚ SCEIDEAL

Na hAchtacháin a Aisghairtear

Alt 94.

(1)

(2)

(3)

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

Uimh. 20 de 1932

An tAcht Airgid, 1932

Fo-ailt (1), (2), (3), (4) agus (6) d'alt 37.

Uimh. 31 de 1936

An tAcht Airgid, 1936

Míreanna (c) agus (h) d'alt 18.

Uimh. 15 de 1946

An tAcht Airgeadais, 1946

Na focail “custam ná” i mír (a) agus “custam nó” i mír (b) d'alt 18.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Arm-Phinsean, 1971

1971, Uimh. 26

An tAcht Arm-Phinsean, 1973

1973, Uimh. 27

An tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976

1976, Uimh. 8

An tAcht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975

1975, Uimh. 20

An tAcht um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936

1936, Uimh. 37

An tAcht Cánach Corparáide, 1976

1976, Uimh. 7

Finance Act, 1894

1894, c. 30

Finance Act, 1896

1896, c. 28

Finance (1909-10) Act, 1910

1910, c. 8

Finance Act, 1911

1911, c. 48

Finance Act, 1912

1912, c. 8

Finance Act, 1916

1916, c. 24

Finance Act, 1919

1919, c. 32

Finance Act, 1922

1922, c. 17

An tAcht Airgid, 1926

1926, Uimh. 35

An tAcht Airgid, 1931

1931, Uimh. 31

An tAcht Airgid, 1932

1932, Uimh. 20

An tAcht Airgid, 1933

1933, Uimh. 15

An tAcht Airgid, 1936

1936, Uimh. 31

An tAcht Airgeadais, 1940

1940, Uimh. 14

An tAcht Airgeadais, 1943

1943, Uimh. 16

An tAcht Airgeadais, 1946

1946, Uimh. 15

An tAcht Airgeadais, 1947

1947, Uimh. 15

An tAcht Airgeadais, 1950

1950, Uimh. 18

An tAcht Airgeadais, 1952

1952, Uimh. 14

An tAcht Airgeadais, 1956

1956, Uimh. 22