[EN]

Uimhir 7 de 1976


[EN]

AN tACHT CÁNACH CORPARÁIDE, 1976

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO MHUIREARÚ AGUS D'FHORCHUR DLEACHT IONCAIM INTÍRE, AR A dTABHARFAR CÁIN CHORPARÁIDE, AR BHRABÚIS ÁIRITHE, DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE hIONCAM INTÍRE AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH FORÁLACHA I dTAOBH AIRGEADAIS. [31 Márta, 1976] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

CUID I

Córas Ginearálta Cánachais

[EN]

Cáin chorparáide a fheidhmiú i gcás cuideachtaí mar mhalairt ar cháin ioncaim, cáin bhrabús corparáide agus cáin ghnóchan caipitiúil.

1.—(1) Don bhliain airgeadais 1974 agus do gach bliain airgeadais dá héis muireorófar cáin, ar a dtabharfar cáin chorparáide, ar bhrabúis chuideachtaí, de réir ráta 50 faoin gcéad.

[EN]

(2) Do na blianta measúnachta tar éis na bliana 1975-76 ní bheidh feidhm ag forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le cáin ioncaim a mhuirearú maidir le hioncam cuideachta (nach n-eascraíonn chuici i gcáil mhuiníneach ná i gcáil ionadaitheach)—

[EN]

(a) má chónaíonn an chuideachta sa Stát; nó

[EN]

(b) más ioncam é atá, i gcás cuideachta nach gcónaíonn sa Stát, ar áireamh bhrábúis inmhuirearaithe na cuideachta mar a mhínítear sin chun críocha cánach corparáide.

[EN]

(3) Ní bheidh cuideachta inchurtha faoi cháin ghnóchan caipitiúil maidir le gnóchain a d'fhaibhrigh chuici ionas go mbeidh sí inchurtha faoi cháin chorparáide ina leith.

[EN]

(4) Ní bheidh cáin bhrabús corparáide inmhuirearaithe in aghaidh tréimhsí cuntasaíochta nó codanna de thréimhsí cuntasaíochta tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1976.

[EN]

(5) San Acht seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

[EN]

(a) ciallaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe ach ní fholaíonn sé—

[EN]

(i) bord sláinte,

[EN]

(ii) coiste gairmoideachais arna bhunú faoin Acht Oideachais Ghairme Beatha, 1930,

[EN]

(iii) coiste talmhaíochta arna bhunú faoin Acht Talmhaíochta, 1931, ná

[EN]

(iv) údarás áitiúil, agus chun na críche sin tá le “údarás áitiúil” an bhrí a shanntar dó le halt 2 (2) den Acht Rialtais Áitiúil, 1941, agus folaíonn sé comhlacht arna bhunú faoin Acht um Sheirbhísí Rialtais Áitiúil (Comhlachtaí Corpraithe), 1971;

[EN]

(b) ciallaíonn “an bhliain airgeadais 1974” an tréimhse naoi mí dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1974;

[EN]

(c) ciallaíonn “brabúis” ioncam agus gnóchain inmhuirearaithe, agus tá le “gnóchain inmhuirearaithe” an bhrí chéanna atá leis san Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, ach ní fholaíonn sé gnóchain a d'fhaibhrigh as diúscairtí a rinneadh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976;

[EN]

(d) folaíonn “trádáil” gairm beatha agus folaíonn sé oifig nó fostaíocht freisin;

[EN]

(e) tá le cibé focail agus abairtí eile a shonraítear in alt 155 (léiriú) na bríonna a thugtar dóibh leis an alt sin nó a luaitear ann.

[EN]

Ní hinmhuirearaithe cáin chorparáide ar dháiltí cuideachta a chónaíonn in Éirinn.

2.—Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo, ní bheidh cáin chorparáide inmhuirearaithe ar dhíbhinní ná ar dháiltí eile de chuid cuideachta a chónaíonn sa Stát, ná ní chuirfear aon díbhinní ná dáiltí den sórt sin i gcuntas le linn ioncam a bheith á ríomh le haghaidh cánach corparáide.

[EN]

Cáin ioncaim ar íocaíochtaí a d'íoc nó a fuair cuideachta a chónaíonn sa Stát.

3.—(1) Aon íocaíocht arna déanamh tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1976, ag cuideachta a chónaíonn sa Stát, ní dhéanfar, de bhua an ailt seo ná eile, í a áireamh chun aon chríche de chríocha na nAchtanna Cánach Ioncaim mar íocaíocht as brabúis nó gnóchain ar ar muirearaíodh cáin ioncaim; ná ní difear do cheart nó d'oibleagáid faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim cáin ioncaim a bhaint as aon íocaíocht gur cuideachta nach inchurtha cáin ioncaim uirthi i leith na híocaíochta an faighteoir.

[EN]

(2) Faoi réir forálacha an Achta seo, má tharlaíonn, tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1976, go bhfaighidh cuideachta a chónaíonn sa Stát aon íocaíocht ar a mbeidh cáin ioncaim le híoc aici trí asbhaint, déanfar an cháin ioncaim ina leith a fhritháireamh in aghaidh aon cháin chorparáide is inmheasúnaithe ar an gcuideachta trí mheasúnacht arna déanamh don tréimhse chuntasaíochta ina mbeidh an íocaíocht sin le cur i gcuntas le haghaidh cánach corparáide (nó ina mbeadh sí le cur i gcuntas murach aon díolúine ó cháin chorparáide); agus dá réir sin, maidir leis an íocaíocht sin, ní bheidh an chuideachta i dteideal, mura mbeidh sí díolmhaithe go hiomlán ó cháin chorparáide, go n-aisíocfaí cáin ioncaim léi sula ndéanfar an mheasúnacht don tréimhse chuntasaíochta sin a chinneadh go críochnaitheach agus gur dealraitheach go bhfuil aisíoc dlite.

[EN]

(3) Na tagairtí san alt seo d'íocaíochtaí a fuair cuideachta bainfidh siad le haon íocaíochtaí a fuair duine eile thar ceann na cuideachta nó ar iontaobhas di, ach ní bhainfidh siad le haon íocaíochtaí a fuair an chuideachta thar ceann duine eile nó ar iontaobhas dó.

[EN]

Eilimh go n-aisíocfaí cáin ioncaim a baineadh as fáltais.

4.—Tabharfar éifeacht—

[EN]

(a) d'alt 1 (2), agus don alt sin arna mhodhnú le hailt 3 (2) agus 8 (3), agus

[EN]

(b) a mhéid a éilíonn na díolúintí ó cháin ioncaim a thugtar leis na hAchtanna Cánach Corparáide aisíoc cánach, do na díolúintí sin,

[EN]

trí éileamh.

[EN]

Míniú ar chreidmheas cánach le cur i gceangal le barántais úis agus díbhinne.

5.—(1) Gach barántas nó seic nó ordú eile arna tharraingt nó arna dhéanamh, nó a airbheartaíonn a bheith arna tharraingt nó arna dhéanamh, mar íocaíocht ag aon chuideachta ar aon díbhinn, nó ar aon ús is dáileadh, beidh ráiteas i scríbhinn i gceangal nó ag gabháil leis a inseoidh—

[EN]

(a) méid na díbhinne (agus díbhinn nó aon chuid di a íoctar as brabúis chaipitiúla na cuideachta a shonrú) nó an úis a íoctar,

[EN]

(b) (cibé acu is duine atá i dteideal creidmheasa cánach ina leith nó nach ea an faighteoir) méid an chreidmheasa cánach a bhfuil faighteoir, ar duine den sórt sin é, i dteideal ina leith, agus

[EN]

(c) an tréimhse ar ina haghaidh a íoctar an díbhinn nó an t-ús.

[EN]

(2) Má fhágann cuideachta aon cheann d'fhorálacha an ailt seo gan chomhlíonadh tabhóidh an chuideachta pionós £10 i leith gach ciona ach ní mó ná £100 méid comhiomlán na bpionós a fhorchuirfear faoin alt seo ar aon chuideachta i leith cionta a bhaineann le haon dáileadh áirithe díbhinní nó úis.

CUID II

Cáin Chorparáide

[EN]

Scéim ghinearálta cánach corparáide.

6.—(1) Faoi réir aon eisceachtaí dá bhforáiltear leis an Acht seo, beidh cuideachta inchurtha faoi cháin chorparáide ar a brabúis uile cibé áit a n-eascraíonn siad.

[EN]

(2) Beidh cuideachta inchurtha faoi cháin chorparáide ar bhrabúis a d'fhaibhrigh chun sochair di faoi aon iontaobhas, nó a d'eascair as aon chomhpháirtíocht, in aon chás ina mbeadh sí inchurtha faoi cháin amhlaidh dá mba go díreach a d'fhaibhrigh na brabúis chuici; agus beidh cuideachta inchurtha faoi cháin chorparáide ar bhrabúis a d'eascair as foirceannadh na cuideachta, ach ní bheidh sí inchurtha ar dhóigh ar bith eile faoi cháin chorparáide ar bhrabúis a d'fhaibhrigh chuici i gcáil mhuiníneach nó ionadaitheach ach amháin maidir lena leas tairbhiúil féin (más ann) sna brabúis sin.

[EN]

(3) Muirearófar cáin chorparáide in aghaidh aon bhliana airgeadais ar bhrabúis a d'eascair an bhliain sin; ach déanfar measúnachtaí cánach corparáide ar chuideachta faoi threoir tréimhsí cuntasaíochta, agus déanfar an méid is inmhuirearaithe (tar éis gach asbhaint is cuí a dhéanamh) de na brabúis a d'eascair i dtréimhse chuntasaíochta a chionroinnt, i gcás inar gá sin, idir na blianta airgeadais ar codanna díobh an tréimhse chuntasaíochta.

[EN]

(4) (a) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an bhfo-alt seo, déanfar cáin chorparáide a measúnaíodh in aghaidh tréimhse cuntasaíochta a íoc ina dhá tráthchuid chomhionanna mar a leanas—

[EN]

(i) an chéad tráthchuid laistigh de naoi mí ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta nó, más déanaí é, laistigh de dhá mhí ó thráth na measúnachta a dhéanamh; agus

[EN]

(ii) an dara tráthchuid laistigh de chúig mhí dhéag ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta nó, más déanaí é, laistigh de dhá mhí ó thráth na measúnachta a dhéanamh.

[EN]

(b)  I gcás a mbeidh cuideachta, maidir le bunadh ioncaim, laistigh de réim cánach ioncaim faoi Sceideal D don bhliain mheasúnachta 1975-76 agus, maidir leis an mbunadh ioncaim sin, í do theacht faoi réim cánach corparáide an 6ú lá d'Aibreán, 1975, nó roimhe, ansin (fad a leanfaidh an chuideachta de bheith laistigh de réim cánach corparáide maidir leis an mbunadh ioncaim sin) déanfar an dara tráthchuid den cháin chorparáide a measúnaíodh do thréimhse chuntasaíochta a íoc mar a leanas—

[EN]

(i) maidir leis an gcéad tréimhse chuntasaíochta dá mbeidh an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide—

[EN]

(I) i gcás ar tréimhse dhá mhí dhéag an tréimhse chuntasaíochta sin, an 1ú lá d'Eanáir, 1977, nó roimhe, agus

[EN]

(II) i gcás ar tréimhse is giorra ná dhá mhí dhéag an tréimhse chuntasaíochta sin, laistigh den eatramh ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta mar an t-eatramh a bheadh ón 1ú lá d'Eanáir, 1977, go dtí deireadh na chéad tréimhse cuntasaíochta dá mba thréimhse dhá mhí dhéag an tréimhse chuntasaíochta sin dar tosach an dáta a tháinig an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide; agus

[EN]

(ii) maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dá éis sin, laistigh den eatramh ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta sin mar an t-eatramh a bhí idir deireadh na chéad tréimhse cuntasaíochta a bhí an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide agus an dáta a bheadh nó sula mbeadh an dara tráthchuid den cháin chorparáide don chéad tréimhse chuntasaíochta sin le híoc dá mba go ndearnadh an mheasú nacht don tréimhse chuntasaíochta sin an lá díreach i ndiaidh deireadh na tréimhse cuntasaíochta sin:

[EN]

Ar choinníoll nach mbeidh in aon chás an dara tráthchuid de cháin chorparáide a measúnaíodh do thréimhse chuntasaíochta iníoctha sula mbeidh naoi mí caite ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta dar measúnaíodh í nó sula mbeidh dhá mhí caite ó thráth na measúnachta a dhéanamh.

[EN]

(5) Beidh cáin chorparáide faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim agus féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim gach beart a mheasfar is gá agus is fóirsteanach a dhéanamh chun an cháin a chruinniú, a bhailiú, a ghlacadh agus cuntas a thabhairt inti mar atá údaraithe dóibh a dhéanamh i ndáil le haon dleachtanna eile faoina gcúram agus faoina mbainistí.

[EN]

(6) Leasaítear leis seo alt 1 den Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927, trí “mar aon le cáin chorparáide” a chur isteach roimh “ach ní fholuíonn sé aon cháin ná diúite eile”.

[EN]

(7) Leasaítear leis seo alt 39 den Inland Revenue Regulation Act, 1890, trí “corporation tax,” a chur isteach roimh “stamp duties”.

[EN]

Cain ar chuideachta faoi leachtú.

7.—Ní bheidh measúnacht ar bhrabúis cuideachta do thréimhse chuntasaíochta a tharlóidh tar éis tosach a chur le foirceannadh na cuideachta neamhbhailí i ngeall ar í a dhéanamh roimh dheireadh na tréimhse cuntasaíochta.

[EN]

Cuideachtaí nach gcónaíonn sa Stát.

8.—(1) Ní bheidh cuideachta nach gcónaíonn sa Stát laistigh de réim cánach corparáide mura seolann sí trádáil sa Stát trí bhrainse nó gníomhaireacht, ach má sheolann, beidh sí, faoi réir aon eisceachtaí dá bhforáiltear leis an Acht seo, inchurtha faoi cháin chorparáide ar a brabúis inmhuirearaithe go léir cibé áit ar eascair siad.

[EN]

(2) Chun críocha cánach corparáide is iad brabúis inmhuirearaithe cuideachta nach gcónaíonn sa Stát ach a sheolann trádáil ann trí bhrainse nó gníomhaireacht—

[EN]

(a) aon ioncam trádála a d'eascair go díreach nó go neamhdhíreach tríd an mbrainse nó tríd an ngníomhaireacht nó as an gcéanna, agus aon ioncam ó mhaoin nó ó chearta a úsáideann nó a theachtann an brainse nó an ghníomhaireacht nó a úsáidtear nó a theachtar thar ceann an chéanna (ach sin ar shlí nach bhfolóidh an mhír seo dáiltí a fuarthas ó chuideachtaí a chónaíonn sa Stát); agus

[EN]

(b) cibé gnóchain inmhuirearaithe a bheadh, mura mbeadh an tAcht seo, inchurtha faoi cháin ghnóchan caipitiúil i gcás cuideachta nach gcónaíonn sa Stát:

[EN]

Ar choinníoll nach bhfolóidh na brabúis inmhuirearaithe sin gnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig an gcuideachta ar shócmhainní a dhiúscairt nach raibh, an tráth a d'fhaibhrigh na gnóchain inmhuirearaithe ná roimhe sin, á n-úsáid sa trádáil nó chun críocha na trádála agus nár úsáideadh, nár teachtadh ná nach bhfuarthas chun críocha an bhrainse nó na gníomhaireachta.

[EN]

(3) Faoi réir alt 45 (cuideachtaí árachais saoil thar lear), más rud é sa bhliain 1976-77 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, go bhfaighidh cuideachta nach gcónaíonn sa Stát aon íocaíocht ar a mbeidh cáin ioncaim le híoc aici trí asbhaint, agus gur cuid an íocaíocht d'ioncam na cuideachta is inchurtha faoi cháin chorparáide nó gur íocaíocht í a bheidh le cur i gcuntas le linn an t-ioncam sin a bheith á ríomh, déanfar an cháin ioncaim ar an gcéanna a fhritháireamh in aghaidh aon cháin chorparáide is inmheasúnaithe ar an ioncam sin trí mheasúnacht arna déanamh don tréimhse chuntasaíochta ina mbeidh an íocaíocht le cur i gcuntas le haghaidh cánach corparáide; agus dá réir sin maidir leis an íocaíocht sin ní bheidh an chuideachta i dteideal aisíoc cánach ioncaim a fháil go dtí go ndéanfar an mheasúnacht don tréimhse chuntasaíochta sin a chinneadh go críochnaitheach agus go dtí gur léir go bhfuil aisíoc dlite.

[EN]

(4) Gan dochar d'fheidhmiú ginearálta an chleachtais chánach ioncaim ar cháin chorparáide, beidh feidhm, faoi réir aon oiriúnuithe is gá maidir le cáin chorparáide is inmhuirearaithe ar chuideachtaí nach gcónaíonn sa Stát, ag forálacha Chaibidil II de Chuid IX den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (Forálacha Speisialta maidir le Neamhchónaitheoirí agus Cónaitheoirí Sealadacha), agus ag alt 209 i gCaibidil III den Chuid sin (dliteanas iontaobhaithe, etc.) a bhaineann le measúnú agus muirearú cánach ioncaim ar dhaoine nach gcónaíonn sa Stát, a mhéid is infheidhmithe iad ar cháin is inmhuirearaithe ar chuideachta.

[EN]

Bonn measúnachta agus tréimhsí measúnachta.

9.—(1) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo, measúnófar agus muirearófar cáin chorparáide d'aon tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta ar mhéid iomlán na mbrabús a d'eascair sa tréimhse (cibé acu a fuarthas nó nach bhfuarthas sa Stát iad nó a cuireadh nó nár cuireadh chun an Stáit iad) gan aon asbhaint eile ach mar a bheidh údaraithe leis an Acht seo.

[EN]

(2) Tosóidh tréimhse chuntasaíochta cuideachta chun críocha cánach corparáide cibé am—

[EN]

(a)  a dtarlóidh don chuideachta, agus gan í an tráth sin laistigh de réim cánach corparáide, go dtiocfaidh sí laistigh den réim sin trí aon fhoráil den Acht seo teacht i bhfeidhm, nó tríd an gcuideachta teacht chun bheith ina cónaí sa Stát nó bunadh ioncaim a fháil, nó ar shlí eile; nó

[EN]

(b)  a bheidh deireadh le tréimhse chuntasaíochta na cuideachta gan an chuideachta do scor an tráth sin de bheith laistigh de réim cánach corparáide.

[EN]

(3) Críochnóidh tréimhse chuntasaíochta cuideachta chun críocha cánach corparáide an chéad uair a tharlóidh aon teagmhas díobh seo a leanas—

[EN]

(a) deireadh a theacht le dhá mhí dhéag ó thosach na tréimhse cuntasaíochta;

[EN]

(b) dáta cuntasaíochta de chuid na cuideachta nó, má bhíonn tréimhse ann nach ndéanann an chuideachta cuntais amach ina leith, deireadh na tréimhse sin;

[EN]

(c) an chuideachta do thosú trádála nó do scor di nó a bheith, maidir leis an trádáil nó (má bhíonn breis agus trádáil amháin i gceist) na trádálacha go léir a sheolann sí, laistigh de réim cánach corparáide;

[EN]

(d) an chuideachta do thosú ar bheith nó scor de bheith ina cónaí sa Stát;

[EN]

(e) an chuideachta do scor de bheith laistigh de réim cánach corparáide.

[EN]

(4) Measfar, chun críocha an ailt seo, cuideachta a chónaíonn sa Stát, mura mbeidh sí ar aon dóigh eile laistigh de réim cánach corparáide, do theacht laistigh de réim cánach corparáide an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó an tráth a thosaíonn sí ag seoladh gnó, cibé tráth acu sin is déanaí.

[EN]

(5) Má dhéanann cuideachta a bhfuil breis is trádáil amháin á seoladh aici cuntais amach d'aon chuid díobh anuas go dtí dátaí éagsúla, agus nach ndéanann sí cuntais ghinearálta amach ar ghníomhaíochtaí uile na cuideachta, beidh feidhm ag fo-alt (3) (b) faoi threoir dáta cuntasaíochta cibé trádáil díobh a chinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim.

[EN]

(6) Más rud é, an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis, go bhfaibhreoidh gnóchan inmhuirearaithe nó caillteanas inlamhála chuig cuid eachta tráth nach mbeidh, ar dhóigh ar bith eile, laistigh de thréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta, tosóidh tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta an tráth sin chun críocha cánach corparáide, agus faibhreoidh an gnóchan nó an caillteanas sa tréimhse chuntasaíochta sin.

[EN]

(7) D'ainneoin aon ní sna fo-ailt sin roimhe seo, i gcás a bhfoirceannfar cuideachta críochnóidh tréimhse chuntasaíochta agus tosóidh ceann nua nuair a thosófar ar an bhfoirceannadh, agus dá éis sin ní chríochnóidh tréimhse chuntasaíochta ach amháin nuair a bheidh dhá mhí dhéag caite óna tosach nó nuair a bheidh an foirceannadh críochnaithe.

[EN]

Measfar chun na críche sin foirceannadh tosú nuair a rithfidh an chuideachta rún go ndéanfar an chuideachta a fhoirceannadh, nó nuair a thíolacfar achainí fhoirceanta mura mbeidh rún den sórt sin rite roimhe sin agus ordú foirceanta déanta ar an achainí, nó nuair a dhéanfar aon bheart eile chun críche dá samhail i gcás foirceannadh ar dhóigh eile seachas faoi Acht na gCuideachtaí, 1963.

[EN]

(8) I gcás ar dealraitheach don chigire go mbaineann éiginnteacht le tosach nó deireadh tréimhse chuntasaíochta cuideachta, féadfaidh sé measúnacht a dhéanamh ar an gcuideachta do cibé tréimhse, nach faide ná dhá mhí dhéag, a mheasfaidh sé a bheith oiriúnach, agus measfar, chun gach críche, gur thréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta an tréimhse sin mura cuí leis an gcigire, tar éis tuilleadh fíorais a fháil amach, í a athrú nó mura léireoidh an chuideachta le linn achomhairc in aghaidh na measúnachta i gcás ábhar éigin eile, na fíorthréimhsí cuntasaíochta; agus má léiríonn an chuideachta na fíorthréimhsí cuntasaíochta ar achomharc a dhéanamh in aghaidh measúnacht a rinneadh de bhua an fho-ailt seo, beidh ag an measúnacht a ndearnadh achomharc ina coinne, i leith na tréimhse lena mbaineann sí, éifeacht mar mheasúnacht nó mar mheasúnachtaí do na fíorthréimhsí cuntasaíochta, agus féadfar cibé measúnachtaí eile a dhéanamh d'aon tréimhsí den sórt sin nó d'aon tréimhse díobh a d'féadfaí a dhéanamh an tráth a rinneadh an mheasúnacht a ndearnadh achomharc ina coinne.

[EN]

Muirir ar ioncam a lamháil.

10.—(1) Le linn an cháin chorparáide is inmhuirearaithe d'aon tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta a bheith á ríomh, déanfar aon mhuirir ar ioncam a d'íoc an chuideachta sa tréimhse chuntasaíochta, ach nach roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, a mhéid gur as brabúis de chuid na cuideachta a cuireadh faoi mhuirear cánach corparáide a íocadh iad, a lamháil mar asbhaintí in aghaidh iomlán na mbrabús don tréimhse arna laghdú d'aon fhaoiseamh eile ó cháin seachas grúp-fhaoiseamh.

[EN]

(2) Faoi réir na bhfo-alt seo a leanas agus aon eisceachtaí sainráite eile, ciallaíonn “muirir ar ioncam”, chun críocha cánach corparáide, íocaíochtaí d'aon chineál a luaitear i bhfo-alt (3), nach díbhínní ná dáiltí eile de chuid na cuideachta, ach ní mheasfar gur muirear ar ioncam aon íocaíocht is inasbhainte le linn brabúis nó aon chineál brabús a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide.

[EN]

(3) Faoi réir fho-ailt (4) go (7), is iad na híocaíochtaí dá dtagraítear i bhfo-alt (2)—

[EN]

(a) aon ús bliantúil, blianacht nó íocaíocht bhliantúil eile agus aon íocaíochtaí eile den sórt sin a luaitear in alt 93 (cánachas ar chíosanna faoi léasanna fada agus íocaíochtaí áirithe eile) nó in alt 433 (2) (ús bliantúil, etc., is iníoctha go hiomlán as brabúis chánaithe) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus

[EN]

(b) aon ús eile is iníoctha sa Stát ar airleacan ó bhanc a sheolann gnó baincéireachta bona fide sa Stát, nó ó dhuine a sheolann bona fide, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, gnó mar chomhalta de stocmhargadh sa Stát nó a sheolann bona fide gnó theach lascaine sa Stát;

[EN]

agus chun críocha an ailt seo déileálfar le haon ús is iníoctha ag cuideachta mar a luaitear i mír (b) mar ús a íocadh ar é a chur chun dochair do chuntas na cuideachta i leabhair an duine lenarb iníoctha é.

[EN]

(4) Ní dhéileálfar le haon íocaíocht den sórt a luaitear i bhfo-alt (3) (a) a thabharfaidh cuideachta do dhuine nach gcónaíonn sa Stát mar mhuirear ar ioncam mura mbeidh cónaí ar an gcuideachta sa Stát agus—

[EN]

(a) go mbainfidh an chuideachta cáin ioncaim as an íocaíocht de réir alt 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (ús, etc., nach iníoctha as brabúis chánaithe), nó forálacha an ailt sin arna gcur chun feidhme le halt 31 den Acht Airgeadais, 1974, agus go dtabharfaidh sí cuntas faoi alt 151 (cáin ioncaim ar íocaíochtaí) sa cháin a asbhaineadh amhlaidh; nó

[EN]

(b) gur íocaíocht í an íocaíocht sin is iníoctha as ioncam is inchurtha faoi cháin faoi Chás III de Sceideal D agus a d'eascair as urrúis agus as sealúchais lasmuigh den Stát.

[EN]

(5) Ní dhéileálfar mar mhuirear ar ioncam le haon íocaíocht den sórt sin ó chuideachta mar a luaitear i bhfo-alt (3)—

[EN]

(a) má mhuirearaítear an íocaíocht ar chaipiteal, nó más rud é nach í an chuideachta a dhéanfaidh an íocaíocht faoi dheoidh; nó

[EN]

(b) mura faoi dhliteanas a tabhaíodh ar leorchomaoin luachmhar a dhéanfar an íocaíocht agus, i gcás cuideachta nach gcónaíonn sa Stát, gur chun críocha trádála a sheolann sí sa Stát trí bhrainse nó gníomhaireacht a tabhaíodh an dliteanas go hiomlán agus go heisiatach:

[EN]

Ar choinníoll go ndéileálfar chun críocha mhír (b) le híocaíocht a thagann faoi réim alt 439 (1) (ii) nó (iia) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (diúscairtí ar feadh gearrthréimhsí), mar íocaíocht a tabhaíodh ar leorchomaoin luachmhar.

[EN]

(6) Faoi réir fho-alt (7), ní dhéileálfar, chun críocha an ailt seo, le haon ús bliantúil nó ús eile mar a luaitear i bhfo-alt (3) mar mhuirear ar ioncam a íocadh in aon tréimhse chuntasaíochta ach amháin a mhéid nach mó é ná an ceann is lú díobh seo a leanas—

[EN]

(a) méid arna ríomh de réir £2,000 sa bhliain, agus

[EN]

(b) i ndáil le cuideachta a bhfuil baint aici le pearsa aonair nó le cuideachta eile de réir brí alt 157 (daoine bainteacha),

méid arna chinneadh de réir na foirmle

2000

×

A

 

B

×

C

_

12

[EN]

i gcás—

[EN]

arb é A méid iomlán an úis is iníoctha ag an gcuideachta i leith na tréimhse cuntasaíochta.

[EN]

arb é B méid comhiomlán an úis is iníoctha i leith na tréimhse cuntasaíochta ag an gcuideachta agus ag na daoine go léir a bhfuil baint aici leo, agus

[EN]

arb é C an líon míonna nó codán de mhíonna sa tréimhse chuntasaíochta;

[EN]

agus chun na críche sin déanfar gach leithroinnt agus gach comhshuimiú is gá:

[EN]

Ar choinníoll go measfar chun críocha mhír (b) nach bhfuil ar áireamh san ús aon mhéid a bheidh an chuideachta nó aon duine a bhfuil baint aici leis i dteideal a asbhaint le linn ioncam d'aon chineál a bheith á ríomh, ná aon mhéid lena mbaineann forálacha fho-alt (7) nó alt 32, 34 nó 36 den Acht Airgeadais, 1974 (iasachtaí a bhaineann le leas a fháil i gcuideachtaí eile, nó caipiteal a aisghabháil nó a athshuíomh).

[EN]

(7) Faoi réir fho-alt (8), ní bhainfidh forálacha fho-alt (6) le haon íocaíocht úis ar iasacht do chuideachta chun íoc as airgead a úsáideadh chun críche a luaitear in alt 33 (2) den Acht Airgeadais, 1974, má bhíonn na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt sin agus in alt 35 (4) den Acht sin comhlíonta.

[EN]

(8) Beidh éifeacht le forálacha alt 35 den Acht Airgeadais, 1974, gan fo-alt (5) den alt sin a áireamh, i ndáil le cáin chorparáide amhail mar atá éifeacht leo i ndáil le cáin ioncaim; agus beidh éifeacht dá réir sin leis na tagairtí d'alt 33 den Acht Airgeadais, 1974, don chuideachta infheistíochta agus don iasachtaí, d'ús atá cáilithe le haghaidh faoisimh, agus do thabhairt faoisimh i leith úis ionann is dá mba éard iad nó gur chuid díobh tagairtí d'fho-alt (7) den alt seo, do chuideachta de shórt a luaitear san fho-alt sin (7), d'ús atá le háireamh mar mhuirear ar ioncam, agus do chuid, agus gan ach cuid, d'íocaíocht úis a áireamh mar mhuirear ar ioncam.

[EN]

Ioncam a riomh: prionsabail chánach ioncaim a fheidhmiú.

11.—(1) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo nó le haon achtachán eile a bhaineann le cáin ioncaim nó le cáin chorparáide, déanfar méid aon ioncaim a ríomh chun críocha cánach corparáide de réir prionsabal cánach ioncaim, agus déanfar gach ceist maidir leis na méideanna atá nó nach bhfuil le cur i gcuntas mar ioncam, nó le linn ioncam a bheith á ríomh, nó atá le cur faoi cháin mar ioncam duine, nó maidir leis an tráth a mheasfar a d'eascair aon mhéid den sórt sin, a chinneadh de réir dlí cánach ioncaim agus cleachtas cánach ioncaim ionann is dá mba bhlianta measúnachta tréimhsí cuntasaíochta.

[EN]

(2) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “dlí cánach ioncaim”, i ndáil le haon tréimhse chuntasaíochta, an dlí ag a bhfuil feidhm i leith na bliana measúnachta ina gcríochnaíonn an tréimhse maidir le cáin ioncaim a mhuirearú ar phearsana aonair, ach amháin—

[EN]

(a) go bhfolaíonn sé freisin na hachtacháin sin go léir de na hAchtanna Cánach Ioncaim ag a bhfuil feidhm i leith na bliana 1975-76 agus a bhfuil foráil speisialta iontu do chuideachtaí i ndáil le hábhair dá dtagraítear i bhfo-alt (1), agus

[EN]

(b) nach bhfolaíonn sé na hachtacháin sin de na hAchtanna Cánach Ioncaim ag a bhfuil feidhm amhlaidh agus a bhfuil foráil speisialta iontu do phearsana aonair i ndáil leis na hábhair sin.

[EN]

(3) Dá réir sin chun críocha cánach corparáide ríomhfar ioncam, agus déanfar an mheasúnacht, faoi na Sceidil agus na Cásanna céanna a bhfuil feidhm acu chun críocha cánach ioncaim, agus de réir na bhforálacha is infheidhme maidir leis na Sceidil agus na Cásanna sin, ach (faoi réir forálacha an Achta seo) déanfar na méideanna a ríomhfar amhlaidh do na bunaidh éagsúla ioncaim, má bhíonn thar cheann amháin ann, mar aon le haon mhéideanna a bheidh le háireamh i leith gnóchan inmhuirearaithe, a chomhshuimiú chun na brabúis go léir a dhéanamh amach.

[EN]

(4) Ní mheasfar go gciallaíonn aon ní san alt seo go mbeidh ioncam a d'eascair in aon tréimhse le ríomh faoi threoir aon tréimhse eile (ach amháin sa mhéid gur toradh é ar ioncam de chuid na tréimhse go léir a chionroinnt ar chodanna den tréimhse).

[EN]

(5) Faoi réir alt 12 agus aon achtachán a chuirtear chun feidhme leis an alt seo a údaraíonn asbhaint den sórt sin go sainráite, ní dhéanfar aon asbhaint le linn ioncam as aon bhunadh a bheith á ríomh—

[EN]

(a) maidir le díbhinní nó dáiltí eile; ná

[EN]

(b) maidir le haon ús bliantúil, blianacht nó íocaíocht bhliantúil eile nó aon íocaíochtaí eile dá luaitear in alt 93 nó 433 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ach gan suimeanna a áireamh is inmhuirearaithe, nó ab inmhuirearaithe mura mbeadh aon díolúine, faoi Chás V de Sceideal D.

[EN]

(6) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), beidh, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt, an éifeacht chéanna chun críocha cánach corparáide le haon fhoráil atá sna hAchtanna Cánach Ioncaim (gan forálacha Chuid XXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (Faoiseamh Sealadach ó Chánachas) a áireamh), nó in aon reacht eile, a thugann díolúine ó cháin ioncaim, nó a dhéanann socrú le caillteanas a fhágáil as an áireamh nó a dhéanann socrú le cáin ioncaim a mhuirearú ar dhuine i leith aon mhéid (bíodh sé sainráite gur ioncam é nó nach ea agus gur méid iarbhír é nó nach ea).

[EN]

(7) Ní bheidh éifeacht leis an alt seo le go mbeadh feidhm chun críocha cánach corparáide ag aon ní in alt 76 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (urrúis agus sealúchais choigríche).

[EN]

(8) I gcás a mbeidh, de bhua an ailt seo nó eile, feidhm ag aon achtachán maidir le cáin ioncaim agus le cáin chorparáide, ní difear d'oibrú an achtacháin sin gur cánacha ar leithligh iad ach, a mhéid a bhainfidh le comhréire leis na hAchtanna Cánach Corparáide, beidh feidhm aige i ndáil le cáin ioncaim agus le cáin chorparáide ionann is dá mba aon cháin amháin iad, ionas, go háirithe, maidir le hábhar i gcás a bhaineann le dhá phearsa aonair ar ábhar é is iomchuí dóibh beirt i ndáil le cáin ioncaim, gur ábhar é, ina shamhail de chás a bhaineann le pearsa aonair agus le cuideachta, is ábhar iomchuí dó i ndáil leis an gcáin sin agus di i ndáil le cáin chorparáide; agus chun na críche sin déanfar tagairtí in aon achtachán den sórt sin d'fhaoiseamh ó cháin ioncaim nó do mhuirear cánach ioncaim, nó d'fhoráil shonraithe atá sna hAchtanna Cánach Ioncaim, a fhorléiriú, d'uireasa nó faoi réir aon oiriúnú sainráite, mar thagairt nó mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon fhaoiseamh comhréire ó cháin chorparáide nó d'aon mhuirear comhréire cánach corparáide, nó d'aon fhoráil chomhréire atá sna hAchtanna Cánach Corparáide.

[EN]

Ilrialacha speisialta chun ioncam a ríomh.

12.—(1) Chun críocha cánach corparáide, beidh éifeacht, faoi réir na bhfo-alt seo a leanas, leis an dlí cánach ioncaim mar a chuirtear chun feidhme é le halt 11.

[EN]

(2) I gcás cuideachta do thosú nó do scor de bheith ag seoladh trádála, nó de bheith laistigh de réim cánach corparáide maidir le trádáil, déanfar ioncam na cuideachta a ríomh ionann is dá mba thosú ar an trádáil nó, de réir mar a bheidh, scor den trádáil, é sin, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh tosaithe ar an trádáil, nó scortha den trádáil, iarbhír:

[EN]

Ar choinníoll i gcás a ndéanfar aon fhoráil de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim a chur chun feidhme maidir le cáin chorparáide leis an Acht seo, nach mbeidh éifeacht leis an bhfo-alt seo chun aon chríche den fhoráil sin más rud é, faoi aon achtachán, nach mbeidh sé le meas go bhfuil buanscortha, chun na críche comhréire cánach ioncaim, de thrádáil áirithe.

[EN]

(3) Le linn ioncam ó thrádáil a bheith á ríomh ní choiscfidh alt 11 (5) (b) ús bliantúil a asbhaint.

[EN]

(4) Le linn ioncam cuideachta a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta as cearta a ligean chun mianraí a oibriú sa Stát, féadfar aon suimeanna a asbhaint a chaith an chuideachta go hiomlán, go heisiatach agus de riachtanas mar chaiteachas bainistí nó maoirseachta ar na mianraí sin sa tréimhse sin:

[EN]

Ar choinníoll go mbeidh feidhm ag aon achtacháin a shrianann an faoiseamh ó cháin ioncaim a d'fhéadfaí a thabhairt faoi alt 553 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (liúntas i leith caiteachas d'úinéir cearta mianraí), chun na hasbhaintí a dhéanfar faoin bhfo-alt seo a shrianadh mar an gcéanna.

[EN]

(5) I gcás cuideachta a bheith inchurtha faoi cháin chorparáide maidir le trádáil faoi Chás III de Sceideal D, déanfar an t-ioncam as an trádáil a ríomh de réir na bhforálacha is infheidhmithe maidir le Cás I de Sceideal D.

[EN]

(6) Measfar méid aon ioncaim ó urrúis agus sealúchais in aon áit lasmuigh den Stát a bheith arna laghdú (in aon chás nach féidir asbhaint a dhéanamh faoi aon fhoráil de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim a chuirtear chun feidhme leis an Acht seo, agus nach bhfuil toirmiscthe le haon fhoráil den sórt sin) d'aon suim a íocadh maidir le cáin ioncaim san áit ar eascair an t-ioncam sin.

[EN]

(7) Chun críocha cánach corparáide beidh feidhm ag míreanna (e) agus (f) de Chás III de Sceideal D in alt 53 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, maidir le cuideachtaí nach gcónaíonn sa Stát, a mhéid is inmhuirearaithe na cuideachtaí sin i leith cánach ar chineálacha ioncaim a thagann, i gcás cuideachtaí a chónaíonn sa Stát, faoi réim na míreanna sin (ach sin gan dochar d'aon fhoráil de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim a dhíolmhaíonn go speisialta neamhchónaitheoirí ó cháin ioncaim ar ioncam d'aon chineál áirithe).

[EN]

(8) Ní bheidh feidhm ag forálacha alt 64 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, le linn ioncam ó thrádáil a bheith á ríomh.

[EN]

Gnóchain inmhuirearaithe a ríomh.

13.—(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, is é méid a bheidh le háireamh maidir le gnóchain chaipitiúla i mbrabúis iomlána cuideachta d'aon tréimhse chuntasaíochta an méid seo a leanas arna laghdú 48 faoin gcéad de. is é sin, méid iomlán na ngnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig an gcuideachta sa tréimhse chuntasaíochta tar éis (a) aon chaillteanais inlamhála a d'fhaibhrigh chuig an gcuideachta sa tréimhse chuntasaíochta a asbhaint, agus (b) aon chaillteanais inlamhála a d'fhaibhrigh roimhe sin chuig an gcuideachta le linn di bheith laistigh de réim cánach corparáide a asbhaint a mhéid nár lamháladh na caillteanais sin mar asbhaint ó ghnóchain inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh in aon tréimhse chuntasaíochta roimhe sin.

[EN]

(2) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo, déanfar na gnóchain inmhuirearaithe agus na caillteanais inlamhála a ríomh chun críocha cánach corparáide de réir na bprionsabal a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil, agus déanfar na ceisteanna go léir i dtaobh na méideanna a bheidh nó nach mbeidh le cur i gcuntas mar ghnóchain inmhuirearaithe nó mar chaillteanais inlamhála, nó le linn gnóchain nó caillteanais a bheith á ríomh, nó le muirearú i leith cánach mar ghnóchan duine, nó i dtaobh an ama a measfar a d'fhaibhrigh aon mhéid den sórt sin a chinneadh de réir na bhforálacha a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil ionann is dá mba bhlianta measúnachta tréimhsí cuntasaíochta.

[EN]

(3) Faoi réir fho-alt (5), i gcás a bhfuil sna hachtacháin a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil aon tagairt do cháin ioncaim nó do na hAchtanna Cánach Ioncaim forléireofar an tagairt, i ndáil le cuideachta, mar thagairt do cháin chorparáide nó do na hAchtanna Cánach Corparáide; ach

[EN]

(a) ní dhéanfaidh an fo-alt seo difear do na tagairtí do cháin ioncaim i mír 4 (2) de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 (caiteachas a eisiamh faoi threoir cánach ioncaim barúlaí),

[EN]

(b) ní mheasfar go gcuireann aon ní san alt seo alt 6 den Acht sin (gnóchain chaipitiúla a d'fhaibhrigh chuig pearsa aonair: malairt muirir), chun feidhme maidir le cáin chorparáide, agus

[EN]

(c) a mhéid a oibríonn na forálacha sin faoi threoir ábhair d'aon chineál sonraithe, cuirfear ábhair den chineál sin a bhaineann go heisiatach le cuideachtaí, ach ní chuirfear ábhair den chineál sin a bhaineann go heisiatach le pearsana aonair, i gcuntas le haghaidh cánach corparáide.

[EN]

(4) Ní dhéanfar difear d'oibriú an Achta um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, arna leathnú leis an alt seo gur cánacha ar leithligh iad cáin ghnóchan caipitiúil agus cáin chorparáide ach, a mhéid a bhainfidh le comhréire leis an Acht seo, beidh feidhm aige i ndáil le cáin ghnóchan caipitiúil agus cáin chorparáide ar ghnóchain inmhuirearaithe ionann is dá mba aon cháin amháin iad, ionas, go háirithe, maidir le hábhar i gcás a bhaineann le dhá phearsa aonair, ar ábhar é is iomchuí dóibh beirt maidir le cáin ghnóchan caipitiúil gur ábhar é, ina shamhail de chás, a bhaineann le pearsa aonair agus le cuideachta, is ábhar iomchuí dó i ndáil leis an gcáin sin agus di i ndáil le cáin chorparáide.

[EN]

(5) I gcás sócmhainní cuideachta a bheith dílsithe do leachtaitheoir, beidh feidhm ag an alt seo agus ag na hachtacháin a chuirtear chun feidhme leis an alt seo ionann is dá mba don chuideachta a bhí na sócmhainní dílsithe agus gur ghníomhartha de chuid na cuideachta gníomhartha an leachtaitheora i ndáil leis na sócmhainní (agus neamhshuim dá réir sin a dhéanamh d'fháil aige ón gcuideachta nó de dhiúscairt uaidh chun na cuideachta).

[EN]

Asbhaint agus breisiú le linn brabúis i ndáil le liúntais chaipitiúla agus muirir ghaolmhara a bheith á ríomh.

14.—(1) Le linn brabúis cuideachta a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta chun críocha cánach corparáide, déanfar, de réir an ailt seo, an asbhaint agus an breisiú go léir is gá chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le liúntais (lena n-áirítear liúntais infheistíochta) agus le muirir i leith caiteachais chaipitiúil, mar a chuirtear na forálacha sin chun feidhme leis an Acht seo.

[EN]

(2) (a) Tabharfar do liúntais a bheidh le tabhairt agus do mhuirir a bheidh le déanamh d'aon tréimhse chuntasaíochta le linn trádáil a bheith á cur faoi cháin éifeacht trí mhéid aon liúntais a áireamh mar chaiteachas trádála de chuid na trádála sa tréimhse sin agus tríd an méid a bheidh le cur faoi aon mhuirear den sórt sin a áireamh mar fháltas trádála de chuid na trádála sa tréimhse sin.

[EN]

(b)   (i) Féadfaidh cuideachta a mbeidh liúntas faoi Chuid XV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (Liúntais Tosaigh i leith Caiteachais Chaipitiúil Airithe ar Innealra agus Gléasra agus ar Fhoirgnimh agus Déanmhais Thionscail), nó faoi alt 294 (1) (a) den Acht sin (liúntais i leith caiteachais ar dhreidireacht) mar a chuirtear chun feidhme é i leith cánach corparáide leis an Acht seo, le tabhairt di le linn trádáil a bheith á cur faoi cháin d'aon tréimhse chuntasaíochta an liúntas a shéanadh trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis deireadh na tréimhse sin.

[EN]

(ii) Beidh ag gabháil le haon fhógra den sórt sin deimhniú, a bheidh sínithe ag an duine a thug an fógra, ina mbeidh sonraí a thaispeánfaidh go mbeidh an liúntas le tabhairt dá mbeifí gan fógra den sórt sin a thabhairt agus an méid a bheidh le tabhairt amhlaidh.

[EN]

(iii) I gcás fógra a bheith tugtha faoi fhomhír (i) d'aon tréimhse chuntasaíochta, féadfaidh an cigire measúnacht cánach corparáide a dhéanamh ar an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin ar an méid, nó ar an méid breise, is dóigh leis ba chóir a mhuirearú.

[EN]

(3) I gcás liúntas a bheith le tabhairt do chuideachta d'aon tréimhse chuntasaíochta agus go mbeidh sé le tabhairt trí urscaoileadh nó aisíoc cánach nó le linn a hioncam a bheith á mhuirearú faoi Chás V de Sceideal D, agus go mbeidh sé inchomhairimh go príomha in aghaidh ioncam de chineál sonraithe, tabharfar éifeacht dó, a mhéid is féidir, trí mhéid an liúntais a bhaint as aon ioncam don tréimhse is ioncam den chineál sonraithe.

[EN]

(4) Aon mhuirir chothromaíochta d'aon tréimhse chuntasaíochta nach mbeidh le muirearú le linn trádáil a bheith á cur faoi cháin, tabharfar, d'ainneoin aon socrú dóibh a bheidh le déanamh faoi Chás IV nó V de Sceideal D, de réir mar a bheidh, éifeacht dóibh tríd an méid a bheidh le cur faoin muirear a áireamh mar ioncam den chineál céanna leis an ioncam a bhfuil na liúntais chomhréire inchomhairimh, nó inchomhairimh go príomha, ina n-aghaidh.

[EN]

(5) I gcás nach féidir, mar gheall ar easpa nó easnamh ioncaim den chineál iomchuí, lánéifeacht a thabhairt faoi fho-alt (3) in aon tréimhse chuntasaíochta do liúntas a bheidh le tabhairt i leith na tréimhse cuntasaíochta sin ar mhodh urscaoileadh nó aisíoc cánach nó le linn ioncam a bheith á mhuirearú faoi Chás V de Sceideal D, de réir mar a bheidh, ansin (fad a bheidh an chuideachta laistigh de réim cánach), tabharfar an méid nár lamháladh ar aghaidh go dtí an chéad tréimhse chuntasaíochta eile, ach amháin a mhéid a bheidh éifeacht tugtha dó faoi fho-alt (6); agus, chun críocha an ailt seo, lena n-áirítear aon fheidhmiú breise ar an bhfo-alt seo, déanfar an méid a tugadh ar aghaidh amhlaidh a áireamh mar mhéid liúntais chomhréire don tréimhse sin.

[EN]

(6) I gcás nach féidir, mar gheall ar easpa nó easnamh ioncaim de chineál sonraithe, lánéifeacht a thabhairt faoi fho-alt (3) in aon tréimhse chuntasaíochta do liúntas (seachas liúntas a bheidh tugtha ar aghaidh ó thréimhse chuntasaíochta níos luaithe) a bheidh le tabhairt don tréimhse chuntasaíochta sin ar mhodh urscaoileadh nó aisíoc cánach, nó le linn ioncam a bheith á mhuirearú faoi Chás V de Sceideal D, de réir mar a bheidh, agus is liúntas a bheidh inchomhairimh go príomha in aghaidh ioncam den chineál sonraithe sin, féadfaidh an chuideachta a éileamh go dtabharfar éifeacht don liúntas in aghaidh na mbrabús (cibé cineál iad) don tréimhse chuntasaíochta sin agus, má bhí an chuideachta laistigh de réim cánach an tráth sin, do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin a chríochnaigh laistigh den am a shonraítear i bhfo-alt (7); agus, faoi réir an fho-ailt sin agus aon fhaoisimh i leith liúntas roimhe sin nó i leith caillteanas, áireofar an tráth sin na brabúis d'aon tréimhse chuntasaíochta díobh sin mar bhrabúis ar lú iad de mhéid na suime nár lamháladh faoi fho-alt (3), nó de cibé cion den méid sin nach féidir éifeacht a thabhairt dó faoin bhfo-alt seo in aghaidh na mbrabús do thréimhse chuntasaíochta dá éis sin.

[EN]

(7) Is é an t-am dá dtagraítear i bhfo-alt (6) am díreach roimh an tréimhse chuntasaíochta a chéadluaitear i bhfo-alt (6) atá comhfhad leis an tréimhse chuntasaíochta a mbeidh an liúntas le tabhairt ina leith; ach ní rachaidh méid nó méid comhiomlán an laghdaithe a fhéadfar a dhéanamh faoin bhfo-alt sin ar na brabúis do thréimhse chuntasaíochta is tréimhse ar roimh an am sin do chuid di, agus méid aon laghdaithe a bheidh le déanamh orthu faoi aon fhoráil chomhréire den Acht seo a bhaineann le caillteanais, thar chuid de na brabúis sin is comhréir leis an gcuid den tréimhse laistigh den am sin.

[EN]

(8) Is trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire tráth nach déanaí ná dhá bhliain ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta nach féidir lánéifeacht faoi fho-alt (3) a thabhairt do liúntas a dhéanfar éileamh faoi fho-alt (6).

[EN]

Costais bhainistí cuideachtaí infheistíochta (lena n-áirítear bainc thaisce) a asbhaint.

15.—(1) Le linn iomlán na mbrabús d'aon tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta infheistíochta a chónaíonn sa Stát a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, asbhainfear aon suimeanna a eisíocadh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis, mar chostais bhainistí (lena n-áirítear coimisiúin) don tréimhse sin, ach gan aon chostais den sórt sin a áireamh is inasbhainte le linn ioncam a bheith á ríomh chun críocha Chás de Sceideal D:

[EN]

Ar choinníoll go mbainfear as an méid a bheidh le háireamh mar chostais bhainistí méid aon ioncaim a dhíorthaigh as bunaidh nár cuireadh faoi cháin, seachas ioncam infheistíochta frainceáilte.

[EN]

(2) I gcás a dtarlóidh in aon tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta infheistíochta gur mó na costais bhainistí is inasbhainte faoi fho-alt (1), mar aon le haon mhuirir ar ioncam a íocadh sa tréimhse chuntasaíochta go hiomlán agus go heisiatach chun críocha gnó na cuideachta, ná méid na mbrabús asarb inasbhainte iad, tabharfar an méid breise ar aghaidh go dtí an tréimhse chuntasaíochta ina dhiaidh sin; agus, chun críocha an ailt seo (ar leith ó fho-alt (4)) lena n-áirítear aon fheidhmiú breise ar an bhfo-alt seo, áireofar an méid a thabharfar ar aghaidh amhlaidh ionann is dá mba gur eisíocadh é mar chostais bhainistí don tréimhse chuntasaíochta sin.

[EN]

(3) Chun críocha fho-ailt (1) agus (2) cuirfear le costais bhainistí cuideachta in aon tréimhse chuntasaíochta méid aon liúntais a bheidh le tabhairt don chuideachta don tréimhse sin de bhua alt 37 den Acht Airgeadais, 1968 (faoiseamh d'íocaíochtaí i leith iomarcaíochta), nó alt 16 den Acht Airgeadais, 1972 (scéimeanna pinsean gairme ceadaithe áirithe: díolúine agus faoiseamh).

[EN]

(4) I gcás a gcruthóidh cuideachta infheistíochta go bhfuair sí ioncam infheistíochta frainceáilte in aon tréimhse chuntasaíochta, beidh sí i dteideal a éileamh go n-íocfar léi méid an chreidmheasa cánach san ioncam sin is comhionann le méid aon bhreise don tréimhse chuntasaíochta arna ríomh faoi fho-alt (2) ach gan aon mhéid a tugadh ar aghaidh ó thréimhse chuntasaíochta roimhe sin a áireamh:

[EN]

Ar choinníoll nach dtabharfar ar aghaidh faoi fho-alt (2) aon bhreis a dtabharfar faoiseamh ina leith faoin bhfo-alt seo.

[EN]

(5) Déanfar fógra i dtaobh aon éileamh faoi fho-alt (4), mar aon le sonraí air, a thabhairt i scríbhinn don chigire laistigh de dhá bhliain tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta a ndearnadh an t-éileamh ina leith, agus i gcás a gcuirfidh an cigire in aghaidh an éilimh sin éistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Achomhairc an céanna mar a dhéanfaidís i gcás achomhairc chucu in aghaidh measúnachta faoi Sceideal D, agus beidh feidhm dá réir sin, faoi réir aon mhodhnuithe is gá, ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hathéisteacht achomhairc agus le sonrú cáis chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phointe dlí.

[EN]

(6) Chun críocha de chuid an ailt seo agus d'fhorálacha eile de chuid an Achta seo a bhaineann le costais bhainistí ciallaíonn “cuideachta infheistíochta” aon chuideachta arb é a gnó go hiomlán nó go formhór infheistíochtaí a dhéanamh, agus ar as an gcéanna do phríomh-chuid a hioncaim, ach folaíonn sé aon bhanc taisce nó aon bhanc eile le haghaidh taisce.

[EN]

Faoiseamh i leith caillteanais trádála seachas caillteanais fhoirceannaidh.

16.—(1) I gcás a mbainfidh caillteanas i dtrádáil in aon tréimhse chuntasaíochta do chuideachta a sheolann an trádáil, féadfaidh an chuideachta a éileamh go ndéanfar an caillteanas a fhritháireamh chun críocha cánach corparáide in aghaidh aon ioncam trádála ón trádáil i dtréimhsí cuntasaíochta dá éis sin; agus (fad a bheidh an chuideachta ag seoladh na trádála) déanfar a hioncam trádála ón trádáil in aon tréimhse chuntasaíochta dá éis sin a áireamh mar ioncam trádála arna laghdú méid an chaillteanais, nó cibé cion den méid sin nach féidir, de bharr an éilimh sin nó éileamh (má rinneadh) faoi fho-alt (2), faoiseamh a thabhairt ina leith in aghaidh ioncam nó brabúis de chuid tréimhse cuntasaíochta roimhe sin.

[EN]

(2) I gcás a mbainfidh caillteanais i dtrádáil in aon tréimhse chuntasaíochta do chuideachta a sheolann an trádáil, ansin (faoi réir fho-alt (4)), féadfaidh an chuideachta a éileamh go ndéanfar an caillteanas a fhritháireamh chun críocha cánach corparáide in aghaidh brabúis (cibé cineál iad) de chuid na tréimhse cuntasaíochta sin agus, má bhí an chuideachta ag seoladh na trádála an tráth sin, agus go n-éileofar amhlaidh san éileamh, de chuid tréimhsí cuntasaíochta roimhe sin a chríochnaigh laistigh den am a shonraítear i bhfo-alt (3); agus, faoi réir an fho-ailt sin agus aon fhaoisimh i leith caillteanais roimhe sin, áireofar ansin na brabúis de chuid aon tréimhse díobh sin a bheith arna laghdú méid an chaillteanais, nó cibé cion den méid sin nach féidir faoiseamh a thabhairt ina leith faoin bhfo-alt seo in aghaidh brabúis de chuid tréimhse cuntasaíochta níos déanaí.

[EN]

(3) Is é an t-am dá dtagraítear i bhfo-alt (2) am díreach roimh an tréimhse chuntasaíochta a chéadluaitear i bhfo-alt (2) atá comhfhad leis an tréimhse chuntasaíochta inar tabhaíodh an caillteanas; ach ní rachaidh méid an laghdaithe a fhéadfar a dhéanamh faoin bhfo-alt sin ar na brabúis do thréimhse chuntasaíochta is tréimhse ar roimh an am sin do chuid di thar an gcuid de na brabúis sin is comhréir leis an gcuid den tréimhse laistigh den am sin.

[EN]

(4) Ní bhainfidh fo-alt (2) le trádálacha lena mbaineann Cás III de Sceideal D.

[EN]

(5) Déanfar méid caillteanais a tabhaíodh i dtrádáil i dtréimhse chuntasaíochta a ríomh chun críocha an ailt seo mar a ríomhfaí ioncam trádála ón trádáil sa tréimhse sin.

[EN]

(6) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “ioncam trádála”, i ndáil le haon trádáil, an t-ioncam atá nó a bheadh le háireamh i leith na trádála i mbrabúis iomlána na cuideachta; ach más rud é, i dtréimhse chuntasaíochta, go dtabhaíonn cuideachta caillteanas i dtrádáil a mbeidh sí inchurtha faoi cháin chorparáide ina leith faoi Chás I nó faoi Chás III de Sceideal D, agus más rud é in aon tréimhse chuntasaíochta níos déanaí a dtabharfar an caillteanas nó aon chuid den chaillteanas ar aghaidh chuici faoi fho-alt (1) nach féidir faoiseamh a thabhairt ina leith, nó nach féidir faoiseamh a thabhairt go hiomlán ina leith, toisc nach leor méid an ioncaim thrádála ón trádáil, déanfar aon ús nó díbhinní ar infheistíochtaí a bheadh, mura mbeadh iad a bheith curtha faoi cháin faoi fhorálacha eile, le cur i gcuntas mar fháltais thrádála le linn an t-ioncam trádála sin a bheith á ríomh, a áireamh chun críocha fho-alt (1) ionann is dá mba ioncam trádála ón trádáil iad.

[EN]

(7) Más rud é, i dtréimhse chuntasaíochta, i gcás muirir ar ioncam a d'íoc cuideachta—

[EN]

(a) gur mó iad ná méid na mbrabús ar inasbhainte iad ina n-aghaidh, agus

[EN]

(b) go mbeidh ar áireamh orthu íocaíochtaí a íocadh go hiomlán agus go heisiatach chun críocha trádála a bhí á seoladh ag an gcuideachta,

[EN]

ansin, go feadh méid na breise sin nó na n-íocaíochtaí sin, cibé acu is lú, beidh na muirir ar ioncam a íocadh amhlaidh inasbhainte, le linn caillteanas a bheith á ríomh chun críocha fho-alt (1), ionann is dá mba chaiteachais trádála de chuid na trádála iad.

[EN]

(8) San alt seo na tagairtí do chuideachta ag seoladh trádála is tagairtí iad don chuideachta ag seoladh na trádála ionas gur laistigh de réim cánach corparáide di ina leith.

[EN]

(9) I gcás—

[EN]

(a) éileamh a dhéanamh faoi fho-alt (2), agus

[EN]

(b) go mbaineann an t-éileamh le caillteanas (arna ríomh trí chionroinnt más gá) a tabhaíodh i dtrádáil sa dá mhí dhéag díreach roimh an dáta a scoir an chuideachta de bheith ag seoladh na trádála sin, agus

[EN]

(c) gur éileamh é an t-éileamh chun aon chuid den chaillteanas a fhritháireamh in aghaidh na mbrabús de chuid tréimhse chuntasaíochta roimh an tréimhse chuntasaíochta inar tabhaíodh an caillteanas,

[EN]

ansin, ní bheidh feidhm ag an bhfritháireamh sin chun an méid a mbeidh an chuideachta inchurtha faoi cháin chorparáide ina leith don tréimhse chuntasaíochta sin roimhe sin a laghdú go dtí méid níos lú ná méid arb ionann an cháin chorparáide is inchurtha ina leith don tréimhse chuntasaíochta sin roimhe sin agus breis na gcreidmheasaí cánach a bhí ar áireamh na n-íocaíochtaí frainceáilte a d'íoc an chuideachta sa tréimhse chuntasaíochta sin roimhe sin ar na creidmheasaí cánach a bhí ar áireamh san ioncam infheistíochta frainceáilte a fuair an chuideachta sa tréimhse chuntasaíochta sin roimhe sin.

[EN]

(10) Déanfar éileamh faoi fho-alt (2) laistigh de dhá bhliain ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta inar tabhaíodh an caillteanas.

[EN]

Srian le faoiseamh i leith caillteanas i bhfeirmeoireacht nó i ngarraíodóireacht mhargaidh.

17.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “na trí bliana roimhe sin”, i ndáil le caillteanas a tabhaíodh i dtréimhse chuntasaíochta, na trí bliana deiridh roimh thosach na tréimhse cuntasaíochta;

[EN]

ciallaíonn “an réamh-thréimhse chaillteanais” na trí bliana roimhe sin, nó, má tabhaíodh caillteanais i dtréimhsí cuntasaíochta comhleanúnacha is faide ar fad ná trí bliana (agus dar críoch deireadh na dtrí bliana roimhe sin), an tréimhse is faide sin;

[EN]

tá le “feirmeoireacht” an bhrí chéanna atá leis i bhfo-alt (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1975) d'alt 13 den Acht Airgeadais, 1974 (cánachas ar bhrabúis feirmeoireachta);

[EN]

tá le “garraíodóireacht mhargaidh” an bhrí chéanna atá leis in alt 54 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (garraíodóireacht mhargaidh).

[EN]

(2) (a) Aon chaillteanas a tabhaíodh i dtrádáil feirmeoireachta nó garraíodóireachta margaidh ní bheidh sé inchomhairimh le haghaidh faoisimh faoi alt 16 (2) mura suífear, maidir leis an tréimhse chuntasaíochta a n-éilítear a tabhaíodh an caillteanas, go raibh an trádáil á seoladh ar bhonn tráchtála agus le hionchas brabúis a dhéanamh sa trádáil.

[EN]

(b) Gan dochar do mhír (a), ní bheidh aon chaillteanas a tabhaíodh in aon tréimhse chuntasaíochta i dtrádáil feirmeoireachta nó garraíodóireachta margaidh inchomhhairimh le haghaidh faoisimh faoi alt 16 (2) má tabhaíodh caillteanas, arna ríomh ar neamhshuim le liúntais chaipitiúla, ag seoladh na trádála sin sa tréimhse chuntasaíochta sin, agus i ngach ceann de na tréimhsí cuntasaíochta ar chuid de na trí bliana roimhe sin í go léir nó cuid di; agus chun críche na míre seo ciallaíonn “caillteanas arna ríomh ar neamhshuim le liúntais chaipitiúla” caillteanas arna fhionnadh de réir rialacha Chás I de Sceideal D, sa dóigh, áfach, d'ainneoin alt 14, nach gcuirfear aon liúntas ná muirear i gcuntas a chuirfí i gcuntas ar dhóigh eile faoin alt sin.

[EN]

(c) Chun críocha an ailt seo, i gcás trádáil feirmeoireachta nó garraíodóireachta margaidh a bheith á seoladh tráth ar bith ar mhodh gur réasúnach a bheith ag súil le brabús uaithi, is fianaise dhochloíte é sin gur d'fhonn brabúis a dhéanamh a bhí sí á seoladh an tráth sin.

[EN]

(d) Ní chuirfidh an fo-alt seo srian le faoiseamh i leith aon chaillteanais má shuíonn an chuideachta is éilitheoir gur de chineál a gníomhaíochtaí feirmeoireachta nó garraíodóireachta margaidh go léir an bhliain díreach i ndiaidh na dtrí bliana roimhe sin, agus gur ar mhodh a seoladh iad, gur réasúnach súil a bheith le brabúis a dhéanamh san am le teacht dá mba fheirmeoir inniúil nó garraíodóir margaidh inniúil a thabharfadh fúthu, ach dá dtabharfadh an feirmeoir nó an garraíodóir margaidh sin faoi na gníomhaíochtaí sin i dtús na réamh-thréimhse caillteanais, nár réasúnach súil a bheith le brabús a bheith ar na gníomhaíochtaí sin aige go dtí tar éis deireadh na bliana díreach i ndiaidh na réamh-thréimhse caillteanais.

[EN]

(e) Ní chuirfidh an fo-alt seo srian le faoiseamh nuair is é atá sa trádáil atá á seoladh cuid de gnóthas trádála is mó ná í agus ar trádáil chumhalda dó í.

[EN]

(3) Ní chuirfidh fo-alt (2) srian le faoiseamh i leith aon chaillteanais más sna trí bliana roimhe sin a bunaíodh agus a tosaíodh an trádáil, agus, chun críocha an fho-ailt seo, áireofar gur scoireadh de thrádáil. agus gur bunaíodh trádáil nua, in aon teagmhas a bhfuil sé le háireamh faoi aon fhoráil de na hAchtanna Cánach Ioncaim gurb ionann é agus buanscor de thrádáil nó trádáil a bhunú:

[EN]

Ar choinníoll nach n-áireofar go bhfuil scortha de thrádáil mura rud é nach mbeidh sé le meas, faoi alt 20 (2), go bhfuil scortha di chun críocha liúntas caipitiúil agus, muirear.

[EN]

(4) Má tá nó má bhíonn trádáil feirmeoireachta nó garraíodóireachta margaidh le háireamh mar thrádáil nár seoladh ach ar feadh cuid de thréimhse chuntasaíochta toisc gur sa tréimhse chuntasaíochta sin a bunaíodh agus a tosaíodh í, nó a scoireadh di, nó a bunaíodh agus a tosaíodh í agus a scoireadh di, beidh éifeacht le fo-alt (2) i ndáil leis an trádáil sin maidir leis an gcuid sin den tréimhse chuntasaíochta sin.

[EN]

(5) I gcás na daoine a bhí ag seoladh trádála feirmeoireachta nó garraíodóireachta margaidh athrú aon tráth, beidh feidhm ag an alt seo, d'ainneoin fho-alt (3), maidir le haon duine a bhí ag seoladh na trádála sin díreach roimh an athrú agus díreach dá éis amhail is dá mba í an trádáil chéanna í roimh an athrú agus dá éis gan aon scor, agus amhail is dá mba é an duine céanna duine áirithe agus duine eile a bhfuil baint aige leis.

[EN]

San fho-alt seo déanfar aon cheist faoi bhaint a bheith ag daoine le chéile a chinneadh de réir forálacha alt 157 agus dá réir sin féadfar faoiseamh ó cháin chorparáide a shrianadh faoin alt seo faoi threoir caillteanais ar i mblianta measúnachta a tabhaíodh cuid díobh, agus ar i dtréimhsí cuntasaíochta cuideachta a tabhaíodh cuid díobh arna ríomh ar neamhshuim le liúntais chaipitiúla.

[EN]

Faoiseamh i leith caillteanais fhoirceannaidh i dtrádáil.

18.—(1) I gcás cuideachta a scoir de thrádáil a sheoladh do thabhú caillteanas sa trádáil in aon tréimhse chuntasaíochta ar chuid den dá mhí dhéag roimhe sin í go léir nó cion di, féadfaidh an chuideachta a éileamh an caillteanas a fhritháireamh chun críocha cánach corparáide in aghaidh ioncam trádála ón trádáil i tdréimhsí cuntasaíochta ar chuid iad go hiomlán nó go páirteach de na trí bliana roimh an dá mhí dhéag sin (nó laistigh d'aon tréimhse níos giorra ná sin a raibh an chuideachta ag seoladh na trádála ar a feadh); agus, faoi réir na bhfo-alt seo a leanas agus aon fhaoiseamh i leith caillteanas roimhe sin, déanfar ioncam trádála aon cheann de na tréimhsí sin a áireamh mar ioncam arna laghdú méid an chaillteanais, nó cibé cion den méid sin nach féidir faoiseamh a thabhairt ina leith faoin bhfo-alt seo in aghaidh ioncam ó thréimhse chuntasaíochta níos déanaí:

[EN]

Ar choinníoll nach dtabharfar faoiseamh faoin bhfo-alt seo maidir le haon chaillteanas a mhéid a cuireadh an caillteanas sin i gcuntas, nó is feidir ar shlí eile é a chur i gcuntas, chun aon mhuirear cánach a laghdú nó faoiseamh a thabhairt ina leith.

[EN]

(2) I gcás a mbeidh caillteanas tabhaithe i dtréimhse chuntasaíochta ar lasmuigh den dá mhí dhéag a luaitear i bhfo-alt (1) do chuid di, ní thabharfar faoiseamh faoin bhfo-alt sin ach amháin i leith na coda sin den chaillteanas atá i gcomhréir leis an gcuid den tréimhse laistigh den dá mhí dhéag sin; ach ní rachaidh méid an laghdaithe a fhéadfar a dhéanamh faoin bhfo-alt sin in ioncam trádála tréimhse cuntasaíochta ar lasmuigh de na trí bliana a luaitear ansin do chuid di thar an gcuid den ioncam sin atá i gcomhréir leis an gcuid den tréimhse laistigh de na trí bliana sin.

[EN]

(3) Beidh feidhm ag alt 16 (5) go (8) chun críocha an ailt seo mar atá feidhm acu chun críocha alt 16 (1); agus ní thabharfar faoiseamh faoin alt seo maidir le caillteanas a tabhaíodh i dtrádáil le go gcuirfeadh sé isteach ar aon fhaoiseamh faoi alt 10 i leith íocaíochtaí arna dtabhairt go hiomlán agus go heisiatach chun críocha na trádála sin.

[EN]

(4) Nuair is mó na creidmheasaí cánach atá ar áireamh i méid iomlán na n-íocaíochtaí frainceáilte a d'íoc cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta ná na creidmheasaí cánach atá ar áireamh i méid iomlán an ioncaim infheistíochta fhrainceáilte a fuair an chuideachta sa tréimhse chuntasaíochta sin, ansin, ní bheidh feidhm ag an bhfritháireamh caillteanais dá bhforáiltear le fo-alt (1) chun an méid a bhfuil an chuideachta inchurtha faoi cháin chorparáide ina leith a laghdú go dtí méid is lú ná méid arb é a bheadh sa cháin chorparáide is inmhuirearaithe uirthi don tréimhse sin suim ar cóimhéid leis an mbreis:

[EN]

Ar choinníoll i gcás ar lasmuigh de na trí bliana a luaitear i bhfo-alt (1) do chuid den tréimhse chuntasaíochta gurb é a bheidh i mbreis na gcreidmheasaí cánach a bheidh le cur i gcuntas chun críocha an fho-ailt seo an chuid den bhreis d'iomlán na tréimhse cuntasaíochta is comhréir leis an gcuid den tréimhse chuntasaíochta laistigh de na trí bliana a luaitear i bhfo-alt (1).

[EN]

Caillteanais in idirbhearta a mbeadh an t-ioncam astu inmhuirearaithe faoi Chás IV nó V de Sceideal D.

19.—(1) I gcás a dtarlóidh in aon tréimhse chuntasaíochta go dtabhóidh cuideachta caillteanas in idirbheart a mbeidh an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide ina leith faoi Chás IV de Sceideal D, féadfaidh an chuideachta a éileamh go ndéanfaí an caillteanas a fhritháireamh in aghaidh méid aon ioncaim as idirbhearta a mbeidh cáin chorparáide measúnaithe ar an gcuideachta ina leith faoin gCás sin don tréimhse chuntasaíochta chéanna nó d'aon tréimhse chuntasaíochta dá héis; agus déanfar ioncam na cuideachta in aon tréimhse chuntasaíochta as na hidirbhearta sin a áireamh mar ioncam arna laghdú méid an chaillteanais, nó cibé cion den méid sin nach féidir faoiseamh a thabhairt ina leith faoin alt seo in aghaidh ioncam de chuid tréimhse cuntasaíochta roimhe sin:

[EN]

Ar choinníoll i gcás a dtabhóidh cuideachta caillteanas in idirbheart a bheadh, dá mbeadh brabús eascraithe as, inmhuirearaithe i leith cánach de bhua alt 55 (1) nó (2) den Acht Airgeadais, 1974 (idirbhearta i ndeimhnithe taiscthe), ansin, má bhíonn cáin inmhuirearaithe ar an gcuideachta i leith an úis is iníochta ar mhéid an airgid ar diúscraíodh an ceart ina leith, go n-áireofar méid an úis sin sna méideanna a bhféadfaidh an chuideachta a éileamh go ndéanfaí méid a caillteanais a fhritháireamh ina leith faoin bhfo-alt seo.

[EN]

(2) I gcás cuideachta a bheith, in aon tréimhse chuntasaíochta, laistigh de réim cánach corparáide faoi Chás V de Sceideal D agus gur mó comhiomlán na n-easnamh, arna ríomh de réir alt 81 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (cánachas ar chíosanna faoi ghearrléasanna), ná comhiomlán na mbarrachas arna ríomh amhlaidh, féadfar, a mhéid is féidir, ar éileamh a dhéanamh chuige sin, an bhreis a bhaint as, nó a fhritháireamh in aghaidh, méid aon ioncaim a mbeidh cáin chorparáide measúnaithe ar an gcuideachta ina leith faoin gCás sin V do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin a chríochnaigh laistigh den am a shonraítear i bhfo-alt (3); agus, faoi réir an fho-ailt sin agus aon fhaoisimh i leith breis easnamh roimhe sin, déanfar an t-ioncam sin de chuid aon tréimhse díobh sin a áireamh mar ioncam arna laghdú, a mhéid is féidir, méid na breise, agus déanfar aon chuid den bhreis nach dtabharfar faoiseamh ina leith amhlaidh a fhritháireamh in aghaidh an ioncaim a bhfuil cáin chorparáide measúnaithe ar an gcuideachta ina leith faoi Chás V de Sceideal D d'aon tréimhse chuntasaíochta dá éis sin:

[EN]

Ar choinníoll go dtabharfar, a mhéid is féidir, aon fhaoiseamh faoin bhfo-alt seo trí aon chuid den bhreis sin a thabhairt ar aghaidh ón gcéad mheasúnacht eile dá éis sin agus, a mhéid nach féidir é a thabhairt ar aghaidh amhlaidh, ansin, ón gcéad mheasúnacht eile agus mar sin de.

[EN]

(3) Is é an t-am dá dtagraítear i bhfo-alt (2) an t-am díreach roimh an tréimhse chuntasaíochta a chéadluaitear i bhfo-alt (2) ar comhfhad leis an tréimhse chuntasaíochta inar tharla an bhreis easnamh; ach ní bheidh méid an laghdaithe a fhéadfar a thabhairt faoin bhfo-alt sin san ioncam do thréimhse chuntasaíochta ar roimh an am sin do chuid di níos mó ná cuid den ioncam sin is comhréir leis an gcuid den tréimhse ar laistigh den am sin di.

[EN]

(4) Déanfar éileamh faoi fho-alt (2) laistigh de dhá bhliain ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta inar tabhaíodh an bhreis easnamh.

[EN]

Athchóiriú ar chuideachta gan athrú ar úinéireacht.

20.—(1) I gcás a dtarlóidh, an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis, ar chuideachta (“an réamhtheachtaí”) do scor de thrádáil a sheoladh, go dtosóidh cuideachta eile (“an comharba”) á seoladh, agus—

[EN]

(a) ar an teagmhas sin tarlú nó aon tráth laistigh de dhá bhliain tar éis dó tarlú, gur leis na daoine céanna an trádáil nó leas inti nach lú ná trí cheathrú cuid di ar leo an trádáil nó leas den sórt sin tráth éigin laistigh de bhliain roimh an teagmhas sin tarlú; agus

[EN]

(b) nach mbeidh, sa tréimhse a ghlactar le haghaidh na comparáide faoi mhír (a), an trádáil á seoladh ach ag cuideachta atá laistigh de réim cánach ina leith;

[EN]

ansin beidh éifeacht leis an Acht seo faoi réir fho-ailt (2) go (5).

[EN]

I míreanna (a) agus (b) beidh feidhm freisin ag tagairtí don trádáil maidir le haon trádáil eile a gcuimsítear gníomhaíochtaí na trádála chéadluaite ina gníomhaíochtaí.

[EN]

(2) Ní áireofar go mbeidh buanscortha den trádáil ná trádáil nua a bheith bunaithe agus tosaithe chun críche na liúntas agus na muirear dá bhforáiltear le halt 14; ach tabharfar don chomharba nó gearrfar air, de réir an ailt seo, na liúntais agus na muirir go léir a bheadh, dá leanfadh an réamhtheachtaí air ag seoladh na trádála, le tabhairt dó nó le gearradh air, agus déanfar méid aon liúntais nó aon mhuirir den sórt sin a ríomh ionann is dá mbeadh an comharba ag seoladh na trádála ó thosaigh an réamhtheachtaí á seoladh agus ionann is dá mba é an comharba a rinne nó gur leis a rinneadh gach ní a rinne an réamhtheachtaí nó a rinneadh leis (ach sin sa dóigh nach ndéileálfar le haon díol ní aistriú sócmhainní a úsáidtear chun críocha na trádála agus a rinne an réamhtheachtaí, ar an trádáil a aistriú, leis an gcomharba mar dhíol nó aistriú is bun le haon liúntas nó muirear den sórt sin).

[EN]

(3) Ní bheidh an réamhtheachtaí i dteideal faoisimh faoi alt 18, ach amháin mar a fhoráiltear le fo-alt (5) den alt seo; agus, faoi réir aon éileamh a dhéanfaidh an réamhtheachtaí faoi alt 16 (2), beidh an comharba i dteideal faoisimh faoi alt 16 (1), ionann is dá mba i leith caillteanais é a bhain don chomharba ag seoladh na trádála, i leith aon mhéid a mbeadh an réamhtheachtaí i dteideal faoiseamh a éileamh ina leith dá leanfadh sé air ag seoladh na trádála.

[EN]

(4) Aon urrúis de réir brí alt 367 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (ceannach agus díol urrús), ar chuid de stoc trádála na cuideachta iad an tráth a scoir an réamhtheachtaí de bheith ag seoladh na trádála, déileálfar leo chun críocha an ailt sin mar urrúis a dhíol an réamhtheachtaí an tráth sin ar an margadh oscailte agus a cheannaigh an comharba an tráth sin ar an margadh oscailte.

[EN]

(5) Ar an gcomharba scor de bheith ag seoladh na trádála—

[EN]

(a) má scoireann an comharba amhlaidh laistigh de cheithre bliana ó theacht i gcomharbas ar an trádáil, féadfar aon fhaoiseamh a d'fhéadfaí a thabhairt don chomharba faoi alt 18 ar scor dó de bheith ag seoladh na trádála, a mhéid nach féidir an faoiseamh sin a thabhairt don chomharba, a thabhairt don réamhtheachtaí ionann is dá mba é an réamhtheachtaí a thabhaigh an caillteanas (lena n-áirítear aon mhéid a áiríodh mar chaillteanas faoi alt 18 (3)); agus

[EN]

(b) má scoireann an comharba de bheith ag seoladh na trádála laistigh de bhliain ó theacht i gcomharbas uirthi, féadfar faoiseamh a thabhairt don réamhtheachtaí faoi alt 18 i leith aon chaillteanas a thabhaigh sé (nó aon mhéid arna áireamh mar chaillteanas den sórt sin faoi alt 18 (3));

[EN]

ach chun críocha alt 18, mar atá feidhm aige de bhua an fho-ailt seo maidir le faoiseamh a thabhairt don réamhtheachtaí, áireofar go mbeidh scortha ag an réamhtheachtaí de bheith ag seoladh na trádála nuair a bheidh scortha ag an gcomharba dá seoladh.

[EN]

(6) I gcás an comharba scor de bheith ag seoladh na trádála laistigh den tréimhse a ghlactar le haghaidh na comparáide faoi fho-alt (1) (a) agus, ar sin a dhéanamh aige, go dtosóidh tríú cuideachta ag seoladh na trádála, ansin, ní thabharfar faoiseamh don réamhtheachtaí de bhua fho-alt (5) faoi threoir an teagmhais sin, ach faoi réir go mbeidh feidhm ag fo-ailt (2) go (5) maidir leis an teagmhas sin (mar aon leis an réamhtheachtaí agus an comharba nua) agus freisin leis an teagmhas roimhe sin (mar aon leis an réamhtheachtaí agus an comharba bunaidh), ach sin sa dóigh—

[EN]

(a) i ndáil leis an teagmhas is luaithe go bhfolóidh “comharba” an comharba i gceachtar teagmhas; agus

[EN]

(b) i ndáil leis an teagmhas is déanaí go bhfolóidh “réamhtheachtaí” an réamhtheachtaí i gceachtar teagmhas;

[EN]

agus má shásaítear coinníollacha an fho-ailt seo arís ina dhiaidh sin, beidh feidhm aige arís amhlaidh.

[EN]

(7) I gcás a dtarlóidh, ar chuideachta scor de bheith ag seoladh trádála, go dtosóidh cuideachta eile ag seoladh gníomhaíochtaí na trádála mar chuid dá trádáil, ansin measfar chun críocha an ailt seo gur trádáil ar leithligh an chuid sin den trádáil a bheidh á seoladh ag an gcomharba, má bhíonn d'éifeacht leis an meas sin go mbeidh éifeacht le fo-alt (1) nó (6) ar an teagmhas sin i ndáil leis an trádáil ar leithligh sin; agus i gcás a dtarlóidh, ar chuideachta scor de bheith ag seoladh cuid de thrádáil, go dtosóidh cuideachta eile ag seoladh gníomhaíochtaí na coda sin mar thrádáil nó mar chuid de thrádáil dá cuid, measfar chur críocha an ailt seo gur sheol an réamhtheachtaí mar thrádáil ar leithligh an chuid sin dá thrádáil má bhíonn d'éifeacht leis an meas sin go mbeidh éifeacht le fo-alt (1) nó (6) ar an teagmhas sin i ndáil leis an trádáil ar leithligh sin.

[EN]

(8) I gcás a mbeidh sé le meas faoi fho-alt (7) gur trádáil ar leithligh aon ghníomhaíochtaí de chuid trádála cuideachta ar an gcuideachta scor de na gníomhaíochtaí sin nó do thosú á seoladh, déanfar aon chionroinnt is gá ar fháltais nó ar chaiteachais.

[EN]

(9) I gcás a mbeidh, de bhua fho-alt (8), aon suim le cionroinnt agus gur dealraitheach, tráth na cionroinnte, gur rud ábhartha é maidir le dliteanas cánach dhá chuideachta nó níos mó (cibé tréimhse ar ina haghaidh é) déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc aon cheist i dtaobh an dóigh a mbeidh an tsuim le cionroinnt a chinneadh, chun críocha cánach na gcuideachtaí sin go léir, agus cinnfidh na Coimisinéirí sin an cheist ionann is dá mba achomharc in aghaidh measúnachta í, agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim, modhnaithe mar is gá, a bhaineann le hathéisteacht achomhairc agus sonrú cáis chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phointe dlí:

[EN]

Ar choinníoll go mbeidh na cuideachtaí sin go léir i dteideal láithriú agus éisteacht a fháil ó na Coimisinéirí Achomhairc nó uiríolla a dhéanamh chucu i scríbhinn.

[EN]

(10) Tabharfar, nuair a dhéanfar éileamh, aon fhaoiseamh a bheidh le fáil faoin alt seo mar urscaoileadh nó aisíoc cánach.

[EN]

(11) Chun críocha an ailt seo—

[EN]

(a) measfar, maidir le trádáil a sheolann dhá dhuine nó níos mó, gur leo í i gcomhréir leis na scaireanna de bhrabúis na trádála a mbeidh teideal acu chucu;

[EN]

(b) measfar, maidir le trádáil nó leas i dtrádáil de chuid aon duine mar iontaobhaí (seachas chun críocha carthanúla nó críocha poiblí), gur trádáil nó leas an céanna leis na daoine atá de thuras na huaire i dteideal an ioncaim faoin iontaobhas;

[EN]

(c) maidir le trádáil nó leas i dtrádáil de chuid cuideachta, déileáfar in aon cheann de na slite a cheadaítear le fo-alt (12) leis an gcéanna i gcás arb é an toradh ar é sin a dhéanamh go mbeidh éifeacht i ndáil le teagmhas le fo-alt (1) nó le fo-alt (6).

[EN]

(12) Féadfar, chun críocha an ailt seo, a mheas maidir le trádáil nó leas i dtrádáil is le cuideachta a sheolann an céanna—

[EN]

(a) gur leis na daoine ar leo an gnáth-scairchaipiteal sa chuideachta an céanna agus gur leo é i gcomhréir le méid a sealbhán den chaipiteal sin, nó

[EN]

(b) i gcás aon chuideachta is fochuideachta, gur le cuideachta is máthairchuideachta di an céanna, nó gur leis na daoine é ar leo gnáth-scairchaipiteal na máthairchuideachta sin, agus gur leo é i gcomhréir le méid a sealbhán den chaipiteal sin,

[EN]

agus féadfar, maidir le haon ghnáth-scairchaipiteal de chuid cuideachta, má bhíonn cumhacht ag aon duine nó comhlacht daoine a áirithiú trí bhíthin scaireanna nó cumhacht vótála a shealbhú in aon chuideachta nó i ndáil léi nó de bhua aon chumhachta a thugtar leis na hairteagail chomhlachais nó le haon doiciméad eile a rialálann aon chuideachta gur mar is toil leis an duine sin nó leis an gcomhlacht daoine sin a sheolfar gnóthaí na cuideachta ar léi an scairchaipiteal, a mheas gur leis an duine nó leis an gcomhlacht daoine ag a bhfuil an chumhacht sin é.

[EN]

(13) Chun críocha fho-alt (12)—

[EN]

(a) forléireofar tagairtí d'úinéireacht mar thagairtí d'úinéireacht thairbhiúil;

[EN]

(b) measfar gur fochuideachta de chuid cuideachta eile cuideachta má bhíonn agus fad a bheidh cion nach lú ná 75 faoin gcéad dá gnáth-scairchaipiteal ar úinéireacht ag an gcuideachta eile sin, go díreach nó trí chuideachta nó cuideachtaí eile, nó i bpáirt go díreach agus i bpáirt trí chuideachta nó cuideachtaí eile;

[EN]

(c) cinnfear de réir alt 156 (5) go (10) (fochuideachtaí) méid gnáth-scairchaipitil cuideachta amháin atá ar úinéireacht ag dara cuideachta trí chuideachta nó cuideachtaí eile, nó i bpáirt go díreach agus i bpáirt trí chuideachta nó cuideachtaí eile; agus

[EN]

(d) i gcás ar fochuideachta de chuid cuideachta eile aon chuideachta, measfar gurb í an chuideachta eile sin a máthairchuideachta mura fochuideachtaí de chuid tríú cuideachta iad araon.

[EN]

(14) Nuair a bheifear á chinneadh, chun críocha an ailt seo, an leis nó cá mhéad is leis, na daoine céanna trádáil tráthanna éagsúla, measfar gur duine aonair daoine faoi seach is gaolta dá chéile agus na daoine a bheidh ó am go ham i dteideal an ioncaim faoi aon iontaobhas, agus chun na críche sin ciallaíonn “gaol” fearchéile, banchéile, sinsear, dírshliochtach, deartháir nó deirfiúr.

[EN]

Feidhmiú agus oiriúnú na nAchtanna Cánach Ioncaim i leith liúntas caipitiúil.

21.—(1) Ach amháin a mhéid a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo, beidh ag—

[EN]

(a) Codanna XIII go XVIII den Acht Cánach Ioncaim, 1967,

[EN]

(b) alt 11 den Acht Airgeadais, 1967,

[EN]

(c) alt 4 den Acht Airgeadais, 1968,

[EN]

(d) alt 4 den Acht Airgeadais, 1969,

[EN]

(e) alt 14 den Acht Airgeadais, 1970,

[EN]

(f) ailt 22, 23, 24 agus 26 den Acht Airgeadais, 1971,

[EN]

(g) ailt 9 agus 25 den Acht Airgeadais, 1973,

[EN]

(h) ailt 1 go 7 den Acht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Airithe), 1974,

[EN]

(i) ailt 22 agus 25 den Acht Airgeadais, 1974, agus

[EN]

(j) aon fhorálacha eile de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le liúntais a thabhairt nó muirir a ghearradh faoi réim nó de réir na gCodanna agus na n-alt sin,

[EN]

an fheidhm chéanna chun críocha cánach corparáide agus chun críocha cánach ioncaim agus déanfar na Codanna agus na hailt sin a leasú chuige sin de réir an Chéad Sceidil.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm chun críocha cánach corparáide ag ailt 241 (3) (4) (9), 246 (3), 249, 251 (5), 254 (6), 262, 295, 296, 297 ná 305 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ná ag ailt 22 (4) ná 23 den Acht Airgeadais, 1971, ná ag alt 22 (5) (6) (7) den Acht Airgeadais. 1974.

[EN]

(3) Chun críocha cánach corparáide déanfar an ceart chun liúntais nó an dliteanas i leith muirir do thréimhse chuntasaíochta agus ráta nó méid aon liúntais nó muirir den sórt sin a chinneadh faoi na forálacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) tríd an dlí a bheidh i bhfeidhm don bhliain mheasúnachta ina mbeidh deireadh leis an tréimhse chuntasaíochta a fheidhmiú.

[EN]

(4) I gcás cuideachta nach gcónaíonn sa Stát a bheith laistigh de réim cánach corparáide maidir le bunadh amháin ioncaim agus faoi réim cánach ioncaim maidir le bunadh eile, ansin, le linn na forálacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a bheith á bhfeidhmiú, tabharfar éifeacht do liúntais a bhaineann le haon bhunadh ioncaim in aghaidh ioncam is inmhuirearaithe i leith na cánach céanna is inmhuirearaithe ar ioncam ón mbunadh sin.

[EN]

Faoiseamh ó chánachas dúbailte.

22.—(1) Faoi réir aon leasuithe sainráite a dhéantar leis an Acht seo, beidh ag Cuid XXII den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (Faoiseamh ó Chánachas Dúbailte), mar aon le haon achtachán eile a bhaineann le faoiseamh ó chánachas dúbailte nó a thagraíonn dó, agus (ach amháin a mhéid a fhorálfar a mhalairt le comhshocraíochtaí arna ndéanamh tar éis an tAcht seo a rith) ag aon chomhshocraíochtaí arna ndéanamh faoi alt 361 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (comhaontuithe i leith faoisimh ó chánachas dúbailte), i ndáil le cáin bhrabús corparáide, éifeacht i ndáil le cáin chorparáide agus ioncam ar ar inmhuirearaithe an cháin sin mar atá sainráite iontu éifeacht a bheith leo i ndáil le cáin bhrabús corparáide agus brabúis ar ar inmhuirearaithe an cháin sin, agus ní mar atá éifeacht leo i ndáil le cáin ioncaim:

[EN]

Ar choinníoll nach ndéanfaidh an t-alt seo difear d'oibriú alt 361 (7) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus mír 13 de Sceideal 10 a ghabhann leis an Acht sin (éileamh ar chreidmheas do cháin choigríche), mar a chuireann an tAcht seo chun feidhme iad maidir le cáin chorparáide.

[EN]

(2) Déanfar cibé cionroinnt is gá maidir le cáin chorparáide i gcás feidhm a bheith ag comhshocraíochtaí a bhfuil feidhm dlí acu de bhua alt 361 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (arna chur chun feidhme maidir le cáin chorparáide le fo-alt (1)) maidir leis an gcuid gan chaitheamh de thréimhse chuntasaíochta a bheidh ag rith ar dháta a bheidh sonraithe sna comhshocraíochtaí, agus déanfar aon chionroinnt den sórt sin i gcomhréir le líon na míonna nó na gcodán de mhíonna sa chuid den tréimhse chuntasaíochta iomchuí roimh an dáta sin agus sa chuid a bheidh fágtha den tréimhse sin, faoi seach.

[EN]

Faoiseamh ó chánachas dúbailte: forlíontach.

23.—(1) Na forálacha a chuirtear chun feidhme le halt 22 maidir le cáin chorparáide i leith ioncaim beidh feidhm acu freisin maidir le cáin chorparáide i leith gnóchan inmhuirearaithe, agus chun na críche sin—

[EN]

(a) déanfar tagairtí sna forálacha sin d'ioncam a fhorléiriú mar thagairtí do ghnóchain inmhuirearaithe; agus

[EN]

(b) déanfar tagairtí sna forálacha sin do chánacha ar aon-ghné, nó ar comhréir, le cáin chorparáide a fhorléiriú mar thagairtí do chánacha ar ghnóchain inmhuirearaithe;

[EN]

agus beidh éifeacht dá réir sin le halt 361 (7) (8) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

[EN]

(2) Chun críocha mhír 4 de Sceideal 10 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 (a dhéanann, arna chur chun feidhme maidir le cáin chorparáide le halt 22, teorannú ar an gcreidmheas i leith cánach coigríche is inlamhála in aghaidh cánach corparáide maidir le haon ioncam ionas nach mbainfidh sé ach leis an gcáin chorparáide is inchurtha i leith an ioncaim sin agus, de bhua fho-alt (1), a bhfuil feidhm aici mar an gcéanna i ndáil le gnóchain inmhuirearaithe), déanfar an cháin chorparáide is inchurtha i leith aon ioncaim nó gnóchain (“an t-ioncam nó an gnóchan iomchuí”) a chinneadh de réir fho-ailt (3) agus (4).

[EN]

(3) Faoi réir fho-alt (4), áireofar méid na cánach corparáide is inchurtha i leith an ioncaim nó an ghnóchain iomchuí a bheith ar cóimhéid leis an gcionúireacht de mhéid an ioncaim nó an ghnóchain sin a bheidh ar comhréir leis an ráta cánach corparáide is iníoctha ag an gcuideachta (sula dtabharfar aon chreidmheas le haghaidh faoi seamh ó chánachas dúbailte) ar a hioncam nó ar a gnóchain inmhuirearaithe don tréimhse chuntasaíochta a d'eascair an t-ioncam nó a d'fhaibhrigh an gnóchan (“an tréimhse chuntasaíochta iomchuí”).

[EN]

(4) I gcás a mbeidh, sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí, aon asbhaint le déanamh i leith muirir ar ioncam, caiteachas bainistí nó méideanna eile is féidir a bhaint as breis agus cineál amháin brabús nó a fhritháireamh ina n-aghaidh nó a áireamh mar asbhaint a laghdaíonn iad—

[EN]

(a) féadfaidh an chuideachta, chun críocha an ailt seo, an asbhaint a leithroinnt i cibé méideanna agus i leith cibé brabúis dá cuid don tréimhse sin is oiriúnach léi; agus

[EN]

(b) áireofar, chun críocha fho-alt (3), méid an ioncaim nó an ghnóchain iomchuí a bheith arna laghdú nó, de réir mar a bheidh, arna mhúchadh, cibé méid (más ann) den asbhaint a leithroinneadh chuige.

[EN]

Ioncam infheistíochta frainceáilte agus íocaíocht fhrainceáilte.

24.—(1) San Acht seo gairtear “ioncam infheistíochta frainceáilte” de chuid cuideachta d'ioncam cuideachta a chónaíonn sa Stát arb éard é dáileadh a bhfuil an chuideachta i dteideal creidmheasa cánach ina leith (agus arb éard é dá bhrí sin ioncam ar cóimhéid le comhiomlán méid nó luach an dáilte agus méid an chreidmheasa sin).

[EN]

(2) San Acht seo gairtear “iocaíocht fhrainceáilte” de shuim méid nó luach dáilte a rinne cuideachta a chónaíonn sa Stát agus mhéid an chreidmheasa cánach ina leith, agus tagairtí d'aon tréimhse chuntasaíochta nó tréimhse eile a rinneadh íocaíocht fhrainceáilte is tagairtí iad don tréimhse a rinneadh an dáileadh áirithe.

[EN]

Caillteanais etc. a fhritháireamh in aghaidh ioncaim infheistíochta fhrainceáilte.

25.—(1) I gcás a bhfaighidh cuideachta, in aon tréimhse chuntasaíochta, ioncam infheistíochta frainceáilte, féadfaidh an chuideachta, ar éileamh a dhéanamh chuige sin, a chur faoi deara go ndéileálfar leis an ioncam infheistíochta frainceáilte nó le cuid de chun gach críche nó aon chríche dá luaitear i bhfo-alt (2) ionann is dá mba é a chóimhéid é de bhrabúis is inchurtha faoi cháin chorparáide agus faoi réir fho-ailt (4) agus (5) beidh an chuideachta i dteideal go n-íocfaí léi luach an chreidmheasa cánach atá ar áireamh san ioncam nó sa chuid den ioncaim lena ndéileálfar amhlaidh.

[EN]

(2) Is iad na críocha a bhféadfar éileamh a dhéanamh ina leith faoi fho-alt (1)—

[EN]

(a) caillteanais trádála a fhritháireamh in aghaidh brabúis iomlána faoi alt 16 (2);

[EN]

(b) muirir ar ioncam a asbhaint faoi alt 10;

[EN]

(c) liúntais chaipitiúla áirithe a fhritháireamh in aghaidh brabúis iomlána faoi alt 14 (6).

[EN]

(3) I gcás a ndéanfaidh cuideachta éileamh faoin alt seo d'aon tréimhse chuntasaíochta, ansin an laghdú a bheidh le déanamh i mbrabúis na tréimhse cuntasaíochta sin déanfar é, a mhéid is féidir, sna brabúis is inchurtha faoi cháin chorparáide agus ní sa mhéid a ndéileálfar leo mar bhrabúis is inmhuirearaithe amhlaidh faoin alt seo.

[EN]

(4) I gcás ar le halt 16 (2) nó 14 (6) a bhaineann éileamh faoin alt seo agus gur roimh an am a luaitear san fho-alt sin do chuid, agus gur laistigh den am sin do chuid eile, de thréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta, ansin—

[EN]

(a) ní chuirfear an srian a fhorchuirtear le halt 16 (3) nó le halt 14 (6) ar mhéid an fhaoisimh i bhfeidhm ach amháin maidir le haon fhaoiseamh a bheidh le tabhairt ar leith ón alt seo, agus cuirfear an srian sin i bhfeidhm ar neamhshuim le haon mhéid a ndéileálfar leis mar bhrabúis de chuid na tréimhse cuntasaíochta faoin alt seo; ach

[EN]

(b) ní thabharfar faoiseamh faoin alt seo ach amháin i leith cuid den méid a ndéileálfar leis amhlaidh ar comhréir leis an gcuid den tréimhse chuntasaíochta laistigh den am sin.

[EN]

(5) I gcás íocaíocht creidmheasa cánach a bheith faighte ag cuideachta ar éileamh a dhéanamh faoin alt seo nó faoi alt 15 (4) agus go bhféadfaí, ar leith ó éileamh den sórt sin, aon mhéid a fhritháireamh in aghaidh na mbrabús do thréimhse chuntasaíochta iardain nó a bhaint as na brabúis sin, ansin, féadfaidh an chuideachta a éileamh go ndéanfaí an méid sin a fhritháireamh nó a asbhaint amhlaidh ach, sa chás sin, a mhéid a úsáideadh an méid sin chun íocaíocht creidmheasa cánach a fháil, beidh an creidhmeas cánach sin inghnóthaithe ón gcuideachta trí cháin ioncaim a mheasúnú uirthi faoi Chás IV de Sceideal D don bhliain mheasúnachta ina mbeidh deireadh leis an tréimhse chuntasaíochta iardain ar mhéid arb ionann an cháin ioncaim air de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain mheasúnachta sin agus méid an chreidmheasa cánach sin agus déanfar an mheasúnacht sin tráth nach déanaí ná dhá bhliain ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta iardain:

[EN]

Ar choinníoll nach dtabharfar faoiseamh faoin bhfo-alt seo in aghaidh brabús tréimhse chuntasaíochta dá bhféadfaí an faoiseamh sin a thabhairt in aghaidh brabús tréimhse chuntasaíochta níos luaithe.

[EN]

(6) Is mar seo a leanas do na teorainneacha ama d'éilimh faoin alt seo—

[EN]

(a) más í an chríoch agus a mhéid gurb í an chríoch ar chuici an t-éileamh caillteanais trádála a fhritháireamh in aghaidh brabúis iomlána faoi alt 16 (2), dhá bhliain ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta a tabhaíodh an caillteanas trádála;

[EN]

(b) más í an chríoch agus a mhéid gurb í an chríoch ar chuici an t-éileamh muirir ar ioncam a asbhaint faoi alt 10 nó liúntais chaipitiúla a fhritháireamh in aghaidh brabúis iomlána faoi alt 14 (6), dhá bhliain ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta a íocadh na muirir nó a bhí na liúntais chaipitiúla le tabhairt;

[EN]

(c) más éileamh faoi fho-alt (5) an t-éileamh, dhá bhliain ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta ar ina leith a rinneadh an t-éileamh.

[EN]

(7) Ní mheasfar gur ioncam de chuid cuideachta chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach aon mhéid a muirearófar cáin ioncaim ina leith ar an gcuideachta de bhua an ailt seo trí mheasúnacht faoi Chás IV de Sceideal D.

[EN]

Caillteanas a tugadh ar aghaidh nó caillteanas foirceannaidh a fhritháireamh in aghaidh ioncaim infheistíochta fhrainceáilte i gcás gnólachtaí airgeadais.

26.—(1) I gcás a bhfaighidh cuideachta, in aon tréimhse chuntasaíochta, ioncam infheistíochta frainceáilte, féadfaidh an chuideachta, in ionad nó i dteannta éileamh a dhéanamh faoi alt 25, a chur faoi deara, ar éileamh a dhéanamh chuige sin, go gcuirfear an t-ioncam infheistíochta frainceáilte i gcuntas le haghaidh faoiseamh faoi alt 16 (1) nó 18, go feadh méid an ioncaim sin a fuarthas sa tréimhse chuntasaíochta agus a bheadh, dá mbeadh sé inchurtha faoi cháin chorparáide, curtha i gcuntas amhlaidh de bhua alt 16 (6); agus (faoi réir gan thar an méid sin a bheith san ioncam infheistíochta frainceáilte) beidh éifeacht leis na fo-ailt seo a leanas i gcás an chuideachta do dhéanamh éileamh faoin alt seo d'aon tréimhse chuntasaíochta.

[EN]

(2) Déileálfar, chun críocha an éilimh, mar ioncam trádála de chuid na tréimhse cuntasaíochta leis an méid lena mbainfidh an t-éileamh.

[EN]

(3) An laghdú a bheidh le déanamh ar ioncam trádála de chuid tréimhse cuntasaíochta déanfar é a mhéid is féidir ar ioncam trádála is inchurtha faoi cháin chorparáide agus ní ar an méid a ndéileálfar leis mar ioncam trádála is inmhuirearaithe amhlaidh faoin alt seo:

[EN]

Ar choinníoll i gcás ar éileamh faoi alt 18 an t-éileamh—

[EN]

(a) go ndéanfar an caillteanas i dtrádáil a fhritháireamh go príomha in aghaidh ioncam is inchurtha faoi cháin chorparáide (gan ioncam a áireamh a ndéileáiltear leis amhlaidh mar ioncam is inmhuirearaithe leis an alt seo) do na tréimhsí cuntasaíochta dá dtagraítear in alt 18 (1) agus nach mbeidh feidhm ag an bhfritháireamh caillteanais in aghaidh ioncaim infheistíochta fhrainceáilte dá bhforáiltear leis an alt seo ach amháin maidir leis an iarmhéid den chaillteanas sin nár fritháiríodh faoi fhorálacha alt 18 (1); sa dóigh gur i dtréimhse chuntasaíochta déanach agus nach i gceann is luaithe ná sin laistigh de na trí bliana a luaitear in alt 18 (1) a dhéanfar an t-iarmhéid caillteanais sin dá dtagraítear thuas a fhritháireamh in aghaidh ioncaim infheistíochta fhrainceáilte; agus

[EN]

(b) i gcás ar mó comhiomlán na gcreidmheasaí cánach a bheidh cuimsithe i méid iomlán an ioncaim infheistíochta fhrainceáilte do thréimhse chuntasaíochta ná comhiomlán na gcreidmheasaí cánach a bheidh cuimsithe sna híocaíochtaí frainceáilte a rinneadh sa tréimhse chuntasaíochta sin, ansin, nach mó an creidmheas cánach a íocfar leis an gcuideachta ná suim ar cóimhéid leis an mbreis; agus chun na críche sin nuair is lasmuigh de na trí bliana a luaitear in alt 18 (1) do chuid den tréimhse chuntasaíochta sin gurb í an bhreis sin an chuid den bhreis don tréimhse chuntasaíochta go huile a bheidh ar comhréir leis an gcuid den tréimhse chuntasaíochta laistigh de na trí bliana sin.

[EN]

(4) I gcás íocaíocht creidmheasa cánach a bheith faighte, de bhua an ailt seo, ag cuideachta ar éileamh faoi alt 16 (1) agus go bhféadfaí ar leith ó éileamh den sórt sin caillteanas a fhritháireamh in aghaidh brabúis tréimhse cuntasaíochta iardain nó a bhaint as na brabúis sin, ansin, féadfaidh an chuideachta a éileamh go ndéanfar an caillteanas a fhritháireamh nó a asbhaint amhlaidh ach, sa chás sin, a mhéid a úsáideadh an caillteanas chun íocaíocht creidmheasa cánach a fháil, gnóthófar an creidmheas cánach sin ón gcuideachta trí cháin ioncaim a mheasúnú uirthi faoi Chás IV de Sceideal D don bhliain mheasúnachta ina mbeidh deireadh leis an tréimhse chuntasaíochta iardain ar mhéid arb ionann an cháin ioncaim air de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain mheasúnachta sin agus méid an chreidmheasa cánach sin agus déanfar an mheasúnacht sin tráth nach déanaí ná dhá bhliain ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta iardain.

[EN]

(5) Más le halt 18 a bhaineann an t-éileamh agus gur lasmuigh de na trí bliana a luaitear i bhfo-alt (1) den alt sin do chuid de thréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta, ansin—

[EN]

(a) ní chuirfear an srian a fhorchuirtear le fo-alt (2) den alt sin le méid an laghdaithe a fhéadfar a dhéanamh ar ioncam trádála na tréimhse sin i bhfeidhm ach amháin maidir le haon fhaoiseamh a bheidh le tabhairt ar leith ón alt seo, agus cuirfear i bhfeidhm é ar neamhshuim le haon mhéid a ndéileálfar leis mar ioncam trádála de chuid na tréimhse de bhua an ailt seo, ach

[EN]

(b) ní thabharfar faoiseamh faoin alt seo ach amháin in aghaidh cuid den méid a ndéileálfar leis amhlaidh ar comhréir leis an gcuid den tréimhse chuntasaíochta laistigh de na trí bliana a bheidh i gceist.

[EN]

(6) Ní mheasfar gur ioncam de chuid cuideachta chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach aon mhéid a ndéanfar, de bhua an ailt seo, cáin ioncaim a mhuirearú ar an gcuideachta ina leith trí mheasúnacht faoi Chás IV de Sceideal D.

[EN]

Athrú ar úinéireacht cuideachta: caillteanas trádála a dhícheadú.

27.—(1) Más rud é—

[EN]

(a) go mbeidh, laistigh d'aon tréimhse trí bliana, athrú ar úinéireacht cuideachta agus (níos luaithe nó níos déanaí sa tréimhse sin, nó an tráth céanna) mórathrú ar chineál nó ar stiúradh trádála a sheolann an chuideachta, nó

[EN]

(b) go mbeidh, aon tráth tar éis do scála na ngníomhaíochtaí i dtrádáil a sheolann cuideachta a bheith éirithe beag nó neamhbhríoch, agus roimh aon mhórbhorradh a theacht ar an trádáil, athrú ar úinéireacht na cuideachta,

[EN]

ní thabharfar aon fhaoiseamh—

[EN]

(i) faoi alt 16 trí chaillteanas a thabhaigh an chuideachta i dtréimhse chuntasaíochta dar tosach tráth roimh an athrú úinéireachta a fhritháireamh in aghaidh aon ioncam nó brabúis eile de chuid tréimhse chuntasaíochta dar críoch tráth tar éis an athrú úinéireachta; ná

[EN]

(ii) faoi alt 182 (faoiseamh i leith caillteanais neamhfhaoisimh etc. arna dtabhairt ar aghaidh ón mbliain 1975-76) nó faoi alt 184 (faoiseamh i leith caillteanais chánach brabús corparáide) in aghaidh cáin chorparáide is iníoctha d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch tráth tar éis an athrú úinéireachta.

[EN]

(2) Le linn an t-alt seo a bheith á chur chun feidhme maidir leis an tréimhse chuntasaíochta ina dtarlóidh an t-athrú úinéireachta, déileálfar leis an gcuid dar críoch an t-athrú úinéireachta, agus leis an gcuid dá éis sin, mar dhá thréimhse chuntasaíochta ar leithligh, agus déanfar brabúis nó caillteanais na tréimhse cuntasaíochta a chionroinnt ar an dá chuid.

[EN]

Is ar bhonn ama a dhéanfar an chionroinnt de réir fad na gcodanna sin faoi seach, ach amháin, más dealraitheach go n-oibreodh an modh sin go míréasúnach nó go héagórach, go n-úsáidfear cibé modh eile is dealraitheach a bheith cóir réasúnach.

[EN]

(3) I bhfo-alt (1) folaíonn “mórathrú ar chineál nó ar stiúradh trádála”—

[EN]

(a) mórathrú ar chineál na maoine a ndéileáiltear inti, nó ar na seirbhísí nó na saoráidí a sholáthraítear, sa trádáil, nó

[EN]

(b) mórathrú ar chustaiméirí, ar easraisí nó ar mhargaí na trádála,

[EN]

agus beidh feidhm ag an alt seo fiú más athrú é a lean próis chéimseach a thosaigh lasmuigh den tréimhse trí bliana a luaitear i bhfo-alt (1) (a).

[EN]

(4) I ndáil le haon fhaoiseamh is inchomhairimh faoi alt 20, beidh feidhm ag fo-alt (1) ionann is dá mba chuideachta is comharba a thabhaigh aon chaillteanas a thabhaigh cuideachta is réamhtheachtaí agus ionann is dá bhfolódh na tagairtí do thrádáil tagairtí don trádáil arna seoladh ag cuideachta is réamhtheachtaí.

[EN]

(5) I gcás a ndearnadh faoiseamh i leith caillteanas cuideachta a shrianadh faoin alt seo, ansin, d'ainneoin alt 304 (6) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (forálacha maidir le léiriú chun críocha Chuid XVI den Acht sin), le linn forálacha Chuid XVI den Acht sin (liúntais Bhliantúla i leith Caiteachais Chaipitiúil Airithe) a bheith á gcur chun feidhme i ndáil le muirir chothromaíochta ar an gcuideachta faoi threoir aon teagmhas tar éis an athraithe ar úinéireacht na cuideachta, déanfar neamhshuim d'aon liúntas nó asbhaint a bheidh le tabhairt nó le déanamh le linn cáin a ghearradh ar thrádáil na cuideachta d'aon tréimhse inmhuirearaithe roimh an athrú úinéireachta murar leor brabúis nó gnóchain na tréimhse inmhuirearaithe sin nó aon tréimhse inmhuirearaithe dá héis roimh an athrú úinéireachta chun éifeacht a thabhairt don liúntas nó don asbhaint.

[EN]

Le linn an fo-alt seo a bheith á chur chun feidhme toimhdeofar go gcuirtear aon bhrabúis nó gnóchain chun feidhme le linn éifeacht a bheith á thabhairt d'aon liúntas nó asbhaint den sórt sin mar rogha ar iad a fhritháireamh in aghaidh aon chaillteanas nach inchurtha i leith liúntais nó asbhainte den sórt sin.

[EN]

(6) I gcás oibriú an ailt seo a bheith ag brath ar imthosca nó ar theagmhais tráth tar éis an athraithe úinéireachta (ach nach mó ná trí bliana dá éis) ní bheidh measúnacht chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an ailt seo as am má dhéantar í laistigh de dheich mbliana ón tráth sin, nó ón gceann is déanaí de na tráthanna sin.

[EN]

(7) D'ainneoin alt 39 den Acht Airgeadais, 1973, a aisghairm leis an Acht seo, beidh éifeacht le forálacha an Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin (Caillteanais Trádála a Dhícheadú agus Liúntais Chaipitiúla a Shrianadh), ach amháin míreanna 8 agus 10 de Chuid I de, amhail is dá n-achtófaí san Acht seo iad, chun an t-alt seo a fhorlíonadh ach tagairtí don alt seo a chur in ionad tagairtí d'alt 39 den Acht sin.

[EN]

(8) Ní bheidh feidhm ag an alt seo más roimh an 16ú lá de Bhealtaine, 1973, a tharla an t-athrú úinéireachta ná ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) (a) má críochnaíodh an mórathrú ar chineál agus ar stiúradh na trádála roimh an dáta sin; ach beidh éifeacht ar shlite eile leis an alt seo faoi threoir imthosca agus teagmhais roimh an dáta sin, agus faoi threoir imthosca agus teagmhais dá éis sin chomh maith.

CUID III

Aicmí Speisialta Cuideachtaí

[EN]

Dliteanas cuideachtaí beaga i leith cánach corparáide a laghdú.

28.—(1) I gcás nach mó, in aon tréimhse chuntasaíochta, brabúis cuideachta a chónaíonn sa Stát ná an t-uasmhéid iomchuí íochtarach, féadfaidh an chuideachta a éileamh go ndéanfar an cháin chorparáide a mhuirearófar ar a hioncam don tréimhse sin a ríomh ionann is dá mba 40 faoin gcéad (in ionad an ráta a shocraítear do chuideachtaí i gcoitinne) an ráta cánach corparáide don bhliain airgeadais 1974 agus do gach bliain airgeadais dá éis sin.

[EN]

(2) I gcás ar mó, in aon tréimhse chuntasaíochta, brabúis aon chuideachta den sórt sin ná an t-uasmhéid iomchuí íochtarach ach nach mó iad ná an t-uasmhéid iomchuí uachtarach, féadfaidh an chuideachta a éileamh go ndéanfar an cháin chorparáide a mhuirearófar ar a hioncam don tréimhse sin a laghdú suim is ionann agus 10 faoin gcéad den méid seo a leanas—

 

(M - P)

×

I

_

P

 

[EN]

i gcás arb é M an t-uasmhéid iomchuí uachtarach, P méid na mbrabús agus I méid an ioncaim.

[EN]

(3) Déanfar na huasmhéideanna iomchuí, íochtarach agus uachtarach, a luaitear sna fo-ailt sin roimhe seo a chinneadh mar a leanas—

[EN]

(a) i gcás an chuideachta a bheith gan aon chuideachta chomhlachaithe sa tréimhse chuntasaíochta, is iad na méideanna sin £5,000 agus £10,000 faoi seach;

[EN]

(b) i gcás cuideachta chomhlachaithe amháin nó níos mó a bheith sa tréimhse chuntasaíochta ag an gcuideachta, is é an t-uasmhéid iomchuí íochtarach £5,000 arna roinnt ar aon móide líon na gcuideachtaí comhlachaithe sin agus is é an t-uasmhéid iomchuí uachtarach £10,000 arna roinnt ar aon móide líon na gcuideachtaí comhlachaithe sin.

[EN]

(4) Le linn fo-alt (3) a bheith a fheidhmiú maidir le haon tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta, déanfar neamhshuim de chuideachta chomhlachaithe nár sheol aon trádáil ná gnó aon tráth sa tréimhse chuntasaíochta sin (nó, murar chuideachta chomhlachaithe í ach ar feadh cuid den tréimhse chuntasaíochta sin, aon tráth sa chuid sin den tréimhse chuntasaíochta sin) agus chun críocha an ailt seo déileálfar le cuideachta mar chuideachta chomhlachaithe de chuid cuideachta eile tráth áirithe má bhí, an tráth sin, ceann acu faoi rialú an chinn eile nó an dá cheann acu faoi rialú an duine chéanna nó na ndaoine céanna.

[EN]

San fho-alt seo forléireofar “rialú” de réir alt 102 (míniú ar “cuideachta chomhlachaithe” agus “rialú”).

[EN]

(5) Le linn a bheith á chinneadh cé mhéad cuideachtaí comhlachaithe a bhí ag cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta nó an raibh aon chuideachta chomhlachaithe ag cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta, déanfar cuideachta chomhlachaithe a chomhaireamh fiú murar chuideachta chomhlachaithe í ach ar feadh cuid den tréimhse cuntasaíochta, agus déanfar dhá chuideachta chomhlachaithe nó níos mó a chomhaireamh fiú má ba chuideachtaí comhlachaithe iad ar feadh codanna éagsúla den tréimhse chuntasaíochta.

[EN]

(6) I ndáil le tréimhse chuntasaíochta ba ghiorra ná dhá mhí dhéag, déanfar na huasmhéideanna iomchuí, arna gcinneadh de réir fho-alt (3), a laghdú go comhréireach.

[EN]

(7) Chun críocha na bhfo-alt sin roimhe seo glacfar gurb iad brabúis cuideachta do thréimhse chuntasaíochta méid a brabús don tréimhse sin ar a mbeidh cáin chorparáide le híoc faoi dheoidh, mar aon le hioncam infheistíochta frainceáilte ar leith ó ioncaim infheistíochta frainceáilte a fuair an chuideachta (más comhalta de ghrúpa í) ó chuideachtaí sa ghrúpa.

[EN]

(8) Chun críocha an ailt seo glacfar gurb é ioncam cuideachta do thréimhse chuntasaíochta méid a brabús don tréimhse sin ar a mbeidh cáin chorparáide le híoc faoi dheoidh ar leith ón gcuid sin de na brabúis is inchurtha i leith gnóchan inmhuirearaithe; agus glacfar gurb é an chuid sin an méid a tugadh isteach i mbrabúis na cuideachta don tréimhse sin chun críocha cánach corparáide i leith gnóchan inmhuirearaithe roimh aon asbhaint le haghaidh muirir ar ioncam, caiteachais bhainistí nó méideanna eile ab fhéidir a bhaint as brabúis de bhreis ar chineál amháin nó a fhritháireamh in aghaidh brabúis den sórt sin nó ab fhéidir a áireamh mar mhéideanna a laghdaíonn brabúis den sórt sin.

[EN]

Cuideachtaí a sheolann gnó frithpháirteach nó nach seolann gnó.

29.—(1) Faoi réir fho-alt (2), i gcás a seolann cuideachta aon ghnó trádála frithpháirtí nó árachais fhrithpháirtigh nó gnó frithpháirteach eile, beidh ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le dáiltí feidhm maidir le dáiltí a rinne an chuideachta d'ainneoin iad a dhéanamh le daoine a bhí páirteach i ngníomhaíochtaí frithpháirteacha an ghnó sin agus arb as na gníomhaíochtaí sin a dhíorthaigh siad, ach ní bheidh feidhm acu ach a mhéid gur as brabúis na cuideachta ar ar muirearaíodh cáin chorparáide nó as ioncam infheistíochta frainceáilte a rinneadh iad.

[EN]

(2) I gcás cuideachta a sheolann aon ghnó árachais saoil fhrithpháirtigh, ní bheidh ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le dáiltí feidhm maidir le dáiltí a rinneadh le daoine a bhí páirteach i ngníomhaíochtaí frithpháirteacha an ghnó sin agus arb as na gníomhaíochtaí sin a dhíorthaigh siad; ach más gnó blianachtaí cuid den ghnó sin, ní dhéanfar na blianachtaí is iníoctha i gcúrsa an ghnó sin a áireamh mar mhuirir ar ioncam na cuideachta ar aon réim níos fairsinge ná a dhéanfaí dá mba nár ghnó frithpháirteach an gnó ach gur ghnó é a bhí á sheoladh ag an gcuideachta d'fhonn brabúis a dhéanamh don chuideachta.

[EN]

(3) Faoi réir na bhfo-alt sin roimhe seo, ní dhéanfaidh sé difear don ghnó a bheidh ag an íocaíocht nó ag an bhfáltas eile chun críocha cánach corparáide nó cánach ioncaim i lámha an fhaighteora gur ó ghníomhaíochtaí frithpháirteacha gnó den sórt sin a dhíorthaigh dáileadh a rinne cuideachta a sheolann an gnó sin agus gur duine é an faighteoir a bhí páirteach sna gníomhaíochtaí sin.

[EN]

(4) I gcás nach seolann cuideachta, ná nár sheol sí riamh, trádáil nó gnó ag sealbhú infheistíochtaí, agus nach chun críocha ar cuid díobh trádáil nó gnó den sórt sin a sheoladh a bunaíodh í, ní bheidh ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le dáiltí feidhm maidir le dáiltí arna ndéanamh ag an gcuideachta ach amháin a mhéid a rinneadh na dáiltí as brabúis de chuid na cuideachta ar ar muirearaíodh cáin chorparáide nó as ioncam infheistíochta frainceáilte

[EN]

Cumainn tionscail agus coigiltis.

30.—(1) Beidh éifeacht le forálacha alt 218 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (cumainn tionscail agus coigiltis: léiriú), chun an t-alt seo a léiriú.

[EN]

(2) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach, aon ús scaire nó ús iasachta a íocfaidh cumann—

[EN]

(a) íocfar é gan cáin ioncaim a asbhaint agus muirearófar é faoi Chás III de Sceideal D, agus

[EN]

(b) ní áireofar gur dáileadh é:

[EN]

Ar choinníoll nach mbainfidh mír (a) le haon ús scaire nó ús iasachta is iníoctha le duine nach sa Stát atá a ghnáth-áit chónaí.

[EN]

(3) Le linn an cháin chorparáide is iníoctha d'aon tréimhse chuntasaíochta de chuid cumainn a bheith á ríomh, beidh éifeacht le halt 10 (muirir ar ioncam a lamháil) faoi réir—

[EN]

(a) “an chomhréir iomchuí de” a chur isteach roimh na focail “aon mhuirir ar ioncam” i bho-alt (1), agus

[EN]

(b) an focal “bliantúil” a scriosadh as fo-alt (3) (a).

[EN]

(4) Chun críocha alt 10, arna mhodhnú le fo-alt (3) den alt seo, ciallaíonn “an chomhréir iomchuí” d'aon mhéid muirear ar ioncam a d'íoc cumann i dtréimhse chuntasaíochta an cion den méid sin a mbeidh idir é agus an t-iomlán an chomhréir chéanna atá idir an méid comhiomlán d'ioncam agus d'ioncam infheistíochta frainceáilte an chumainn don tréimhse chuntasaíochta agus an méid arbh éard é, mura mbeadh alt 220 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (brabúis nó caillteanais is inchurtha i leith idirbhearta áirithe a fhágáil as an áireamh), méid comhiomlán ioncaim agus ioncaim infheistíochta fhrainceáilte an chumainn don tréimhse chuntasaíochta sin:

[EN]

Ar choinníoll, i ndáil le méid comhiomlán an úis a íocadh in aon tréimhse chuntasaíochta, nach mó an chomhréir iomchuí den ús sin ná £2,000 más tréimhse dhá mhí dhéag an tréimhse chuntasaíochta, agus nach mó é ná cion comhréireach de £2,000 más giorra ná dhá mhí dhéag an tréimhse chuntasaíochta.

[EN]

(5) In alt 219 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (suimeanna áirithe a asbhaint mar chostais, etc.)—

[EN]

(a) i bhfo-alt (4) (b) in ionad “aon liúntas bliantúil” cuirfear “aon liúntas síos-scríofa” agus in ionad “d'aon bhliain mheasúnachta” cuirfear “d'aon tréimhse inmhuirearaithe”, agus

[EN]

(b) i bhfo-alt (4) (c) in ionad “aon bhliana measúnachta” cuirfear “aon tréimhse inmhuirearaithe”.

[EN]

(6) Leasaítear leis seo alt 220 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (brabúis nó caillteanais is inchurtha i leith idirbhearta áirithe a fhágáil as an áireamh) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5)—

[EN]

“(5) I gcás ina mbeidh aon liúntais chaipitiúla nó aon mhuirir chothromaíochta faoi Chuid XVI le tabhairt nó le gearradh in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe le linn trádáil cumainn a bheith á cur faoi cháin agus go ndéanfar neamhshuim faoin alt seo de chion de bhrabúis, nó, de réir mar a bheidh, de chaillteanas na tréimhse sin, laghdófar sa chomhréir chéanna méid na liúntas nó na muirear a thabharfaí nó a ghearrfaí mura mbeadh an fo-alt seo.”.

[EN]

(7) Déanfar neamhshuim chun críocha alt 58 (faoiseamh do dhíolacháin onnmhairí: foras faoisimh ó cháin chorparáide) de na méideanna go léir is infhaighte ag cumann talmhaíochta nó ag cumann iascaigh ó dhíol earraí, ar méideanna iad is infhaighte de bhua idirbhearta díolmhaithe, agus san alt seo tá le “cumann talmhaíochta” agus le “cumann iascaigh” an bhrí chéanna atá leo in alt 220 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

[EN]

(8) Beidh feidhm ag alt 220 (7) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, i ndáil le cáin chorparáide mar atá feidhm aige i ndáil le cáin ioncaim.

[EN]

(9) An lú lá de Bhealtaine nó roimhe gach bliain, seachadfaidh gach cumann don chigire tuairisceán i cibé foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim a thaispeánfaidh—

[EN]

(a) ainm agus áit chónaí gach duine lenar íoc an cumann £70 nó níos mó d'ús scaire nó d'ús iasachta sa bhliain mheasúnachta a chríochnaigh díreach roimh an lú lá sin de Bhealtaine, agus

[EN]

(b) méid an úis scaire nó an úis iasachta sin a íocadh an bhliain sin le gach duine díobh sin,

[EN]

agus mura dtabharfar an tuairisceán sin go cuí maidir le haon bhliain mheasúnachta ní bheidh an cumann i dteideal aon asbhainte faoi alt 219 (1) (suimeanna áirithe a asbhaint mar chostais etc.) nó faoi alt 81 (5) (e) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (cánachas ar chíosanna faoi ghearr-léasanna: ús iasachta a asbhaint), nó faoi alt 10 (muirir ar ioncam a lamháil) i leith aon íocaíochtaí úis scaire nó úis iasachta a bhí de cheangal air a chur sa tuairisceán, agus déanfar na measúnachtaí agus na measúnachtaí breise sin go léir is gá chun éifeacht a thabhairt don fho-alt seo.

[EN]

(10) Ní bheidh éifeacht i ndáil le cáin ioncaim don bhliain 1975-76 ná d'aon bhliain mheasúnachta roimhe sin leis na leasuithe a dhéantar le fo-ailt (5) agus (6).

[EN]

Cumainn fhoirgníochta.

31.—(1) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim agus aon chumann foirgníochta comhshocraíochtaí a dhéanamh maidir le 1976-77 agus aon bhliain mheasúnachta dá éis sin—

[EN]

(a) trína mbeidh an cumann faoi dhliteanas, maidir le cibé suimeanna a chinnfear de réir na gcomhshocraíochtaí, cuntas a thabhairt i méid, agus é a íoc, is méid in ionannas cánach ioncaim arna ríomh go páirteach de réir an ráta chaighdeánaigh agus go páirteach de réir ráta laghdaithe a chuirfidh i gcuntas oibriú na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo; agus

[EN]

(b) trína ndéanfar socrú d'aon ábhair fho-ghabhálacha nó iarmhartacha,

[EN]

agus beidh éifeacht le haon chomhshocraíochtaí den sórt sin d'ainneon aon ní san Acht seo:

[EN]

Ar choinníoll, nuair a bheidh na Coimisinéirí Ioncaim ag feidhmiú a gcumhachtaí comhshocraíochtaí a dhéanamh faoin alt seo, go bhféachfaidh siad i gcónaí lena áirithiú faoi réir fho-alt (3) (c) agus mhír (i) den choinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin, go mbeidh (má mheastar gur cáin ioncaim don bhliain mheasúnachta an méid is iníoctha amhlaidh ag an gcumann faoi na comhshocraíochtaí) iomlán na cánach ioncaim a bheidh iníoctha leis an Stát, agus nach mbeidh inaisíoctha aige, nuair a chuirfear oibriú na bhforálacha ina dhiaidh seo den alt seo san áireamh, chomh gar agus is féidir sa chomhiomlán lena mbeadh de mhéid ann dá mba nár feidhmíodh na cumhachtaí sin riamh.

[EN]

(2) I gcás a ndéanfaidh cumann foirgníochta comhshocraíochtaí faoin alt seo d'aon bhliain mheasúnachta, déileálfar mar a leanas chun críocha cánach corparáide le díbhinní nó ús is iníoctha i leith scaireanna sa chumann nó i leith taiscí ann nó iasachtaí a tugadh dó—

[EN]

(a) le linn brabúis iomlána an chumainn a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta a chríochnaigh sa bhliain mheasúnachta, lamhálfar mar asbhaint an méid iarbhír de na díbhinní nó den ús sin a íocadh nó a creidiúnaíodh sa tréimhse chuntasaíochta, mar aon leis an méid ar thug an cumann cuntas ann agus a d'íoc sé ina leith in ionannas cánach ioncaim,

[EN]

(b) le linn ioncam cuideachta lenar íocadh nó dar creidiúnaíodh aon díbhinní nó ús den sórt sin sa bhliain mheasúnachta a bheith á ríomh, measfar go bhfuair an chuideachta méid is comhionann, tar éis cáin ioncaim a asbhaint de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain mheasúnachta, leis an méid a íocadh nó a creidiúnaíodh, agus beidh sí i dteideal go ndéanfar cáin ioncaim a fhritháireamh di nó a aisíoc léi dá réir sin,

[EN]

(c) ní dhéileálfar le haon chuid d'aon díbhinní nó ús den sórt sin a íocadh nó a creidiúnaíodh sa bhliain mheasúnachta mar dháileadh ón gcumann nó mar ioncam infheistíochta frainceáilte de chuid aon chuideachta a chónaíonn sa Stát.

[EN]

(3) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach, i gcás aon chomhshocraíochtaí faoin alt seo a bheith i bhfeidhm i gcás aon chumainn maidir le haon bhliain mheasúnachta—

[EN]

(a) ní bhainfear cáin ioncaim as aon díbhinní nó ús is iníoctha an bhliain sin i leith scaireanna sa chumann sin nó i leith taiscí ann nó iasachtaí a tugadh dó.

[EN]

(b) faoi réir fho-alt (2) (b), ní dhéanfar aon aisíoc cánach ioncaim agus, faoi réir mhír (i) den choinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt seo, ní dhéanfar aon mheasúnacht cánach ioncaim i leith aon díbhinní nó ús den sórt sin, leis an duine nó ar an duine a fuair na díbhinní nó an t-ús sin nó a bhí i dteideal iad a fháil,

[EN]

(c) déileálfar le haon mhéideanna a íocadh nó a creidiúnaíodh i leith aon díbhinní nó ús den sórt sin, agus leo sin amháin, mar ioncam le linn ioncam iomlán pearsa aonair atá i dteideal na méideanna sin a bheith á ríomh, agus

[EN]

(d) faoi réir alt 3 (1) (cáin ioncaim ar íocaíochtaí a d'íoc nó a fuair cuideachta a chónaíonn sa Stát), déileálfar leis na méideanna a íocadh nó a creidiúnaíodh amhlaidh (agus leo sin amháin), le linn alt 433 (ús bliantúil, etc., is iníoctha go hiomlán as brabúis chánaithe) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a bheith á fheidhmiú maidir le híocaíochtaí eile, mar bhrabúis nó gnóchain ar ar muirearaíodh cáin ioncaim:

[EN]

Ar choinníoll—

[EN]

(i) nach gcoiscfidh mír (b) measúnacht i leith cánach ioncaim de réir na rátaí arda agus chun cáin de réir na rátaí arda a mhuirearú ar aon mhéideanna ar déileáladh leo mar ioncam de réir mhír (c), go ndéanfar creidmheas faoi alt 4 (e) den Acht Airgeadais, 1974 (cáin a mhuirearú ar ioncam as ar baineadh cáin) a thabhairt ionann is dá mba rud é, de bhua forálacha Sceideal D, gur baineadh cáin (de réir an ráta, chaighdeánaigh don bhliain mheasúnachta a íocadh nó a creidiúnaíodh na méideanna sin) as na méideanna ar ar muirearaíodh cáin de réir na rátaí arda;

[EN]

(ii) nach mbeidh feidhm ag forálacha an fho-ailt seo i ndáil le hús ar aon iasacht bhainc; agus

[EN]

(iii) nach mbeidh feidhm ag forálacha an fho-ailt seo i ndáil le haon ús is iníoctha i leith iasacht a tugadh don chumann faoi chonradh a rinneadh roimh thosach na chéad bhliana measúnachta a mbeidh comhshocraíochtaí déanta ag an gcumann ina leith faoi fho-alt (1), má bhíonn, agus a mhéid a bheidh, ar intinn ag na páirtithe go ndéanfar, tráth an chonartha a dhéanamh agus tráth an úis a bheith iníoctha, go n-asbhainfear cáin nuair a íocfar an t-ús.

[EN]

(4) I gcás aon chomhshocraíochtaí faoin alt seo a bheith i bhfeidhm i gcás aon chumainn maidir le haon bhliain mheasúnachta, ansin, d'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach, ní asbhainfear cáin ioncaim nuair a íocfar ús ar airleacain leis an gcumann, is ús is iníoctha an bhliain sin.

[EN]

(5) Más rud é, le linn comhcheangal nó cónascadh dhá chumann foirgníochta nó níos mó, nó le linn gealltanais a bheith á n-aistriú ó chumann foirgníochta amháin go dtí ceann eile, nó mar chuid den chomhcheangal nó den chónascadh nó den aistriú sin, go ndéanfaidh cumann amháin díobh sócmhainn a dhiúscairt chun an chumainn eile, déileálfar leis an dá chumann chun críocha cánach corparáide i leith gnóchan inmhuirearaithe amhail is dá mba go bhfuarthas an tsócmhainn ón gcumann a rinne an diúscairt ar an oiread sin de chomaoin a d'áiritheodh nach bhfaibhreodh gnóchan ná caillteanas de dhroim na diúscartha don chumann a rinne an diúscairt.

[EN]

(6) Maidir le haon chomshocraíochtaí faoin alt seo i leith aon bhliana measúnachta, measfar, más tar éis tús na bliana sin a rinneadh iad, gur i dtús na bliana sin a tháinig siad i bhfeidhm agus déanfar aon choigeartuithe is gá i ndáil le haon suimeanna a íocadh nó a creidiúnaíodh roimh an dáta a rinneadh na comhshocraíochtaí.

[EN]

(7) San alt seo folaíonn “díbhinn” aon dáileadh arna shainiú chun críocha an Achta seo cibé acu díbhinn nó eile a thugtar air.

[EN]

(8) San alt seo ciallaíonn “cumann foirgníochta” cumann foirgníochta de réir brí na nAchtanna Cumann Foirgníochta, 1874 go 1974.

[EN]

(9) D'ainneoin aon ní san Acht seo, i gcás a ndéanfaidh cumann foirgníochta aon chomhshocraíocht faoin alt seo d'aon bhliain mheasúnachta, cuirfear brabúis an chumainn, a mhéid is ioncam iad, faoi mhuirear cánach corparáide de réir an ráta laghdaithe dá bhforáiltear le halt 79 (ráta laghdaithe cánach corparáide d'ioncam áirithe) d'aon tréimhse chuntasaíochta a chríochnóidh sa bhliain mheasúnachta, agus, chun críocha an fho-ailt seo, is é ioncam cumainn do thréimhse chuntasaíochta a ioncam don tréimhse sin mar a shainítear in alt 28 (8) chun críocha an ailt sin.

[EN]

(10) I gcás a ndéanfaidh cumann foirgníochta, faoin alt seo, comhshocraíochtaí don bhliain mheasúnachta 1976-77 agus é a bheith laistigh de réim cánach corparáide i leith tréimhse chuntasaíochta dar críoch dáta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, beidh éifeacht le fo-alt 2 (a) i ndáil leis an tréimhse chuntasaíochta sin ach go gcuirfear in ionad na tagartha don méid ar thug an cumann cuntas ann agus a d'íoc sé i leith na ndíbhinní agus an úis in ionannas cánach ioncaim tagairt don méid a ríomhadh, faoi threoir na ndíbhinní nó an úis, de réir na forála a rinneadh le haon chomhshocraíochtaí a bhí idir an cumann sin agus na Coimisinéirí Ioncaim don bhliain 1975-76 maidir le díbhinní agus ús chun cáin ioncaim a mhuirearú ar an gcumann don bhliain sin.

[EN]

Comhpháirtíochtaí lena mbaineann cuideachtaí.

32.—(1) Faoi réir an ailt seo, beidh le forálacha alt 71 (1) (2) (a) (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (measúnacht ar leithligh ar chomhpháirtithe), éifeacht chun críocha cánach corparáide mar atá éifeacht leo chun críocha cánach ioncaim.

[EN]

(2) Más é a bheidh i dtréimhse chuntasaíochta cuideachta, go hiomlán nó go páirteach, tréimhse nó cuid de thréimhse dá mbeidh cuntas trádála comhpháirtíochta déanta amach, déanfar aon chionroinnt is gá le linn na brabúis nó an caillteanas a tabhaíodh i dtrádáil leithleach na cuideachta do thréimhse chuntasaíochta na cuideachta a bheith á ríomh.

[EN]

(3) (a) I gcás a dtabharfaí liúntas caipitiúil ar cóimhéid le scair iomchuí de chomhliúntas, dá mba nár achtaíodh alt 1 (2) (cáin chorparáide a fheidhmiú i gcás cuideachtaí mar mhalairt ar cháin ioncaim agus cáin bhrabús corparáide), le linn cáin ioncaim a bheith á muirearú ar bhrabúis thrádáil leithleach cuideachta d'aon bhliain mheasúnachta, déileálfar chun críocha cánach corparáide leis an méid iomchuí mar chaiteachas trádála de chuid thrádáil leithleach na cuideachta d'aon tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta ar laistigh den bhliain mheasúnachta sin d'aon cuid di.

[EN]

(b) I gcás a ndéanfaí muirear cothromaíochta ar cóimhéid le scair iomchuí de chómhuirear, dá mba nár achtaíodh alt 1 (2), le linn cáin ioncaim a bheith á muirearú ar bhrabúis thrádáil leithleach cuideachta d'aon bhliain mheasúnachta, déileálfar chun críocha cánach corparáide leis an méid iomchuí mar fháltas trádála de chuid thrádáil leithleach na cuideachta d'aon tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta ar laistigh den bhliain mheasúnachta sin d'aon chuid di.

[EN]

(c) San fho-alt seo ciallaíonn “an méid iomchuí”—

[EN]

(i) i gcás an bhliain mheasúnachta agus an tréimhse chuntasaíochta a bheith comhthráthach, méid iomlán na scaire iomchuí den chomhliúntas, nó, de réir mar a bheidh, méid iomlán na scaire iomchuí den chómhuirear, agus

[EN]

(ii) i gcás gan ach cuid den bhliain mheasúnachta a bheith sa tréimhse chuntasaíochta, an cion sin den scair iomchuí den chomhliúntas, nó, de réir mar a bheidh, an cion sin den scair iomchuí den chómhuirear a chionroinnfear ar an gcuid sin den bhliain mheasúnachta laistigh den tréimhse chuntasaíochta:

[EN]

Ar choinníoll nach bhfolóidh an méid iomchuí aon chuid den scair iomchuí de chomhliúntas, nó, de réir mar a bheidh, aon chuid den scair iomchuí de chómhuirear a rinneadh le linn brabúis thrádáil leithleach na cuideachta don bhliain 1974-75 nó 1975-76 a bheith á muirearú.

[EN]

(d) D'ainneoin forálacha alt 72 (8) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (liúntais chaipitiúla agus muirir chothromaíochta i gcásanna comhpháirtíochta), ní fholaíonn aon tagairt san fho-alt seo do chomhliúntas do bhliain mheasúnachta tagairt d'aon liúntas caipitiúil atá tugtha ar aghaidh nó a bhféadfaí a thabhairt ar aghaidh ó bhliain mheasúnachta roimhe sin.

[EN]

(4) I gcás méid a bheith le cionroinnt faoin alt seo ar chuid de thréimhse chuntasaíochta cuideachta, nó ar chuid de thréimhse a mbeidh cuntas trádála comhpháirtíochta déanta amach di, nó ar chuid de bhliain mheasúnachta, déanfar an chionnroinnt faoi threoir an líon míonna nó codán de mhíonna sa chuid sin, agus sa chuid a bheidh fágtha den tréimhse nó den bhliain sin.

[EN]

(5) San alt seo ní mheasfar gnóchain inmhuirearaithe a bheith ar áireamh i mbrabúis.

[EN]

Costais bhainistí cuideachtaí árachais.

33.—(1) Faoi réir forálacha ailt 34 agus 35, beidh feidhm ag alt 15 (costais bhainistí cuideachtaí infheistíochta a asbhaint) chun brabúis chuideachta a sheolann gnó saoil, frithpháirteach nó dílseánach, a ríomh (agus nach muirearaítear cáin chorparáide ina leith faoi Chás I de Sceideal D), cibé acu a chónaíonn nó nach gcónaíonn an chuideachta sa Stát, mar atá feidhm ag an alt sin i ndáil le cuideachta infheistíochta ach amháin—

[EN]

(a) go mbainfear as an méid lena ndéileálfar mar chostais bhainistí d'aon tréimhse chuntasaíochta méid aon fhíneálacha, táillí nó brabúis ó fhrithdhílsí agus, le linn brabúis ó fhrithdhílsí a bheith á ríomh, féadfaidh an chuideachta aon chaillteanais ó fhrithdhílsí in aon tréimhse chuntasaíochta roimhe sin a bhí aon achtachán a thug an faoiseamh sin i ngníomh a fhritháireamh in aghaidh na mbrabús sin a mhéid nach mbeidh siad fritháirithe amhlaidh, agus

[EN]

(b) nach ndéanfar aon asbhaint faoin gcoinníoll a ghabhann le halt 15 (1).

[EN]

(2) Ní thabharfar faoiseamh faoi fho-alt (1) d'aon chuideachta den sórt sin, a mhéid a dhéanfadh sé, dá dtabharfaí é i dteannta gach uile fhaoiseamh eile atá an chuideachta i dteideal a fháil, an cháin chorparáide a bheadh le híoc ag an gcuideachta ar a hioncam agus a gnóchain óna gnó saoil d'aon tréimhse chuntasaíochta a laghdú faoi bhun an méid a d'íocfaí dá mba gur muirearaíodh cáin ar an gcuideachta i leith an ghnó sin faoi Chás I de Sceideal D; agus i gcás faoiseamh a bheith coimeádta siar i leith aon tréimhse chuntasaíochta de bhua an fho-ailt seo, déanfar an bhreis a bheidh le tabhairt ar aghaidh de bhua alt 15 (2) a mhéadú dá réir sin.

[EN]

Chun críocha an fho-ailt seo—

[EN]

(a) aon chreidmheas cánach a bheidh an chuideachta i dteideal a fháil i leith dáileadh a fuair sí déileálfar leis mar a chóiméid de cháin chorparáide a iompraíodh nó a íocadh i leith an dáilte sin; agus

[EN]

(b) aon íocaíocht i leith an chreidmheasa sin faoi alt 15 (4), 25 (caillteanais etc., a fhritháireamh in aghaidh ioncaim infheistíochta fhrainceáilte) nó 26 (caillteanas a tugadh ar aghaidh nó caillteanas foirceannaidh a fhritháireamh in aghaidh ioncaim infheistíochta fhrainceáilte i gcás gnólachtaí airgeadais) déileálfar léi mar íocaíocht a laghdaíonn an cháin ar déileáladh léi amhlaidh mar cháin a iompraíodh nó a íocadh; agus

[EN]

(c) beidh feidhm ag alt 38 chun na brabúis a ríomh on ngnó árachais saoil nó ón ngnó arachais tionscail, cibé acu é, a mbeadh cáin muirearaithe orthu faoi Chás I de Sceideal D.

[EN]

Ní mheasfar go mbaineann an tagairt do ríomh ioncaim nó brabús nó gnóchan nó caillteanas i mír 2 (1) de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht Gnóchan Caipitiúil, 1975 (suimeanna ar arb inmhuirearaithe cáin ioncaim a eisiamh ó chomaoin i leith diúscairtí) le ríomh ioncaim cuideachta chun críocha an fho-ailt seo.

[EN]

Cuideachtaí a sheolann gnó saoil.

34.—(1) I gcás a seolann cuideachta árachais gnó saoil i dteannta gnó árachais d'aon chineál eile, déileálfar leis an ngnó saoil, chun críocha cánach corparáide, mar ghnó ar leithligh ó aon chineál eile gnó a sheolann an chuideachta.

[EN]

(2) Le linn a bheith a fhionnadh, chun críocha alt 16 nó 18 (faoiseamh i leith caillteanas), ar thabhaigh, agus a mhéid a thabhaigh, cuideachta caillteanas ar a gnó saoil déileálfar le haon bhrabúis ó infheistíochtaí a ciste árachais saoil (lena n-áirítear ioncam infheistíochta frainceáilte de chuid cuideachta a chónaionn sa Stát) mar chuid de bhrabúis an ghnó sin.

[EN]

Brabúis gnó saoil.

35.—(1) I gcás a ndéanfar brabúis cuideachta árachais i leith a gnó saoil a ríomh, chun críocha an Achta seo, de réir na bhfóralacha is infheidhmithe maidir le Cás I de Sceideal D, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas—

[EN]

(a) eisiafar, le linn an ríomh a bheith á dhéanamh, an chuid sin de na brabúis is leis na sealbhóirí polasaithe nó leis na blianachtóirí nó an chuid sin díobh a leithroinneadh orthu nó a caitheadh thar a gceann;

[EN]

(b) eisiafar, freisin, le linn an ríomh a bheith á dhéanamh, an chuid sin de na brabúis atá in áirithe do shealbhóirí polasaithe agus do bhlianachtóirí, ach má scoireann aon bhrabúis atá eisiata amhlaidh, mar bhrabúis atá in áirithe amhlaidh, de bheith in áirithe amhlaidh am ar bith agus mura ndéanfar iad a leithroinnt ar na sealbhóirí polasaithe nó ar na blianachtóirí no iad a chaitheamh thar a gceann, ansin, déileálfar leis na brabúis sin mar bhrabúis de chuid na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta inar scoir siad de bheith in áirithe amhlaidh.

[EN]

(2) I gcás a seolann cuideachta árachais gnó árachais saoil agus gnó árachais tionscail, déileálfar, chun críocha an Achta seo, le gach cineál gnó díobh ionann is dá mba ghnó ar leithligh é agus beidh feidhm ag alt 33 maidir le gach cineál gnó díobh ar leithligh.

[EN]

Ioncam infheistíochta in áirithe do shealbhóirí polasaithe.

36.—(1) Féadfaidh cuideachta árachais a sheolann gnó árachais saoil éileamh a dhéanamh faoin alt seo i leith ioncaim neamhfhaoisimh ó infheistíochtaí a theachtar i ndáil leis an ngnó sin.

[EN]

(2) Má chruthaíonn an chuideachta ar an éileamh a dhéanamh gur iompair sí, d'aon bhliain airgeadais ar mhó an ráta cánach corparáide ina leith ná an ráta caighdeánach cánach ioncaim don bhliain mheasúnachta inar chríochnaigh an bhliain sin, cáin chorparáide i leith aon chuid den ioncam neamhfhaoisimh sin, beidh an chuideachta i dteideal go n-aisíocfar léi an méid sin den cháin sin a d'iompair sí don bhliain sin ar cóimhéid leis an méid is mó—

[EN]

(a) an cháin chorparáide a d'iompair an chuideachta don bhliain sin i leith na coda a shonraítear i bhfo-alt (5) den ioncam neamhfhaoisimh sin,

[EN]

[EN]

(b) an cháin chorparáide a iomprófaí amhlaidh i leith na coda sin den ioncam sin dá mba chóimhéid an ráta cánach corparáide don bhliain sin agus an ráta caighdeánach cánach ioncaim don bhliain mheasúnachta sin.

[EN]

(3) Chun críocha an ailt seo agus alt 37—

[EN]

(a) ciallaíonn “ioncam neamhfhaoisimh” ioncam nár eisiadh ó mhuirear cánach de bhua aon fhorála agus nár lamháladh aon fhaoiseamh ina aghaidh trí asbhaint nó fritháireamh:

[EN]

(b) measfar gurb é an méid cánach a d'iompair nó a d'iompródh cuideachta an méid cánach a iompraíodh nó a iomprófaí amhlaidh tar éis aon fhaoiseamh a lamháil a bhfuil nó a mbeadh an chuideachta ina theideal ar dhóigh seachas faoi fhorálacha an ailt seo.

[EN]

(4) Déanfar an t-ioncam infheistíochta frainceáilte ó infheistíochtaí a theachtar i ndáil le gnó saoil cuideachta a chionroinnt idir sealbhóirí polasaithe nó blianachtóirí agus scairshealbhóirí trí cibé codán den ioncam sin a chur i leith sealbhóirí polasaithe nó blianachtóirí mar chodán de na brabúis ó ghnó saoil na cuideachta, agus a bheadh, ar na brabúis sin a ríomh de réir na bhforálacha is infheidhmithe ar Chás I de Sceideal D (bíodh nó ná bíodh cáin faoin gCás sin muirearaithe iarbhír ar an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta nó do na tréimhsí cuntasaíochta iomchuí), eisiata faoi alt 35 (1) (a) (b):

[EN]

Ar choinníoll, más mó an t-ioncam infheistíochta frainceáilte ná na brabúis arna ríomh de réir na bhforálacha sin ar leith ó alt 35, gurb í an chuid is inchurtha i leith sealbhóirí polasaithe nó blianachtóirí an codán sin den ioncam a mhéid nach mó é ná na brabúis, mar aon le méid na breise.

[EN]

(5) (a) I gcás ar mó comhiomlán an ioncaim neamhfhaoisimh sin agus cuid na scairshealbhóirí den ioncam infheistíochta frainceáilte ná brabúis na cuideachta i leith a gnó saoil do na tréimhsí cuntasaíochta iomchuí arna ríomh de réir forálacha Chás I de Sceideal D arna leathnú le hailt 35 agus 38 (bíodh nó ná bíodh cáin muirearaithe ar an gcuideachta faoin gCás sin) is í an chuid sin méid na breise sin nó an t-ioncam neamhfhaoisimh sin, cibé acu is lú, agus

[EN]

(b) i gcás ar lú an comhiomlán sin ná na brabúis ó ghnó saoil na cuideachta arna ríomh amhlaidh ní bheidh feidhm ag forálacha fho-alt (2).

[EN]

Gnóchain inmhuirearaithe in áirithe do shealbhóirí polasaithe.

37.—(1) Ní dhéanfar scair na sealbhóirí polasaithe de na gnóchain árachais saoil a laghdú faoi alt 13 (gnóchain inmhuirearaithe a ríomh) ach déanfar cáin chorparáide a mhuirearófar ar an oiread den scair sin a bheidh fágtha tar éis na méideanna dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (c) a fhritháireamh ina aghaidh a ríomh ionann is dá mba 26 faoin gcéad an ráta cánach corparáide.

[EN]

(2) Chun críocha an ailt seo fionnfar scair na sealbhóirí polasaithe agus fuíoll (dá ngairtear an chuid iarmharach san alt seo) na ngnóchan árachais saoil agus na bhfaoiseamh iomchuí; agus—

[EN]

(a) déanfar an chuid iarmharach de na faoisimh iomchuí a fhritháireamh in aghaidh an oiread sin den chuid iarmharach de na gnóchain sin a bheidh fágtha tar éis í a laghdú de réir alt 13; agus

[EN]

(b) más mó an chuid iarmharach de na faoisimh iomchuí ná an chuid iarmharach, arna laghdú amhlaidh, de na gnóchain sin, déanfar an bhreis (nó an oiread sin di nach mó, i dteannta scair na sealbhóirí polasaithe de na faoisimh iomchuí, ná scair na sealbhóirí polasaithe de na gnóchain sin) a shuimiú le scair na sealbhóirí polasaithe de na faoisimh iomchuí; agus

[EN]

(c) déanfar scair na sealbhóirí polasaithe de na faoisimh iomchuí, mar aon le haon suimiú a rinneadh faoi mhír (b), a fhritháireamh in aghaidh scair na sealbhóirí polasaithe de na gnóchain árachais saoil.

[EN]

(3) Chun críocha an ailt seo—

[EN]

(a) is iad na gnóchain árachais saoil an chuid sin den méid a bheadh, dá scriosfaí “arna laghdú 48 faoin gcéad de” as alt 13 (1), ar áireamh na mbrabús iomlán de chuid na cuideachta is inchurtha i leith gnóchain ó infheistíochtaí a theachtar i ndáil le gnó saoil na cuideachta;

[EN]

(b) is iad na faoisimh iomchuí na suimeanna sin, de na suimeanna atá le baint as brabúis na cuideachta nó le fritháireamh in aghaidh na mbrabús sin, a bhainfear as na gnóchain árachais saoil nó a fhritháireofar in aghaidh na ngnóchan sin;

[EN]

(c) (i) i gcás a mbaineann mír (a) d'alt 36 (5) le hioncam neamhfhaoisimh, is é méid scair na sealbhóirí polasaithe de na gnóchain árachais saoil nó de na faoisimh iomchuí an méid iomlán; agus

[EN]

(ii) i gcás a mbaineann mír (b) d'alt 36 (5) le hioncam neamhfhaoisimh, beidh na gnóchain árachais saoil go léir agus na faoisimh iomchuí go léir ar áireamh sa chuid iarmharach.

[EN]

Gnó saoil: brabúis a ríomh.

38.—Chun críocha ailt 33, 36 agus 37, an t-eisiamh ó mhuirear cánach corparáide a dhéantar le halt 2 ar ioncam infheistíochta frainceáilte ní choiscfidh sé ioncam den sórt sin de chuid cuideachta a chónaíonn sa Stát is inchurtha i leith infheistíochtaí ciste árachais saoil na cuideachta óna chur i gcuntas mar chuid de na brabúis le linn ioncam trádála a bheith á ríomh de réir na bhforálacha is infheidhmithe maidir le Cás I de Sceideal D.

[EN]

Gnó blianachtaí: muirear ar leithligh ar bhrabúis.

39.—(1) Ach amháin i gcás cuideachta árachais ar ar muirearaíodh cáin de réir na bhforálacha is infheidhmithe maidir le Cás I de Sceideal D i leith bhrabúis a gnó árachais saoil, brabúis a d'eascair chuig cuideachta árachais ó ghnó pinsean nó ó ghnó ginearálta blianachtaí déileálfar leo mar bhrabúis nó gnóchain bhliantúla faoi réim Sceideal D, agus beidh cáin chorparáide inmhuirearaithe orthu faoi Chás IV den Sceideal sin, agus chun na críche sin—

[EN]

(a) déileálfar ar leithligh le gnó gach aicme den sórt sin, agus

[EN]

(b) faoi réir na míre sin roimhe seo agus fho-alt (2), déanfar na brabúis as an gcéanna a ríomh de réir na bhforálacha is infheidhmithe maidir le Cás I de Sceideal D.

[EN]

(2) Le linn an ríomh sin a bheith á dhéanamh—

[EN]

(a) beidh feidhm ag alt 35 (1), modhnaithe mar is gá, agus, go háirithe, na tagairtí go léir do shealbhóirí polasaithe seachas sealbhóirí polasaithe is inchurtha i leith gnó pinsean a fhágáil ar lár as, agus

[EN]

(b) ní lamhálfar aon asbhaint i leith aon chostas is costas bainistí dá dtagraítear in alt 33 nó 47, agus

[EN]

(c) féadfar aon chaillteanas a fhritháireamh in aghaidh brabúis ó ghnó pinsean nó ó ghnó ginearálta blianachtaí a ríomhfar ar aon fhoras leis na brabúis is caillteanas a tabhaíodh sa chineál céanna gnó in aon tréimhse chuntasaíochta roimhe sin le linn don chuideachta a bheith laistigh de réim cánach corparáide i leith gnó den chineál sin a mhéid nár fritháiríodh cheana é.

[EN]

(3) Ní mheasfar feidhm a bheith ag alt 19 (caillteanais ar idirbhearta a mbeadh an t-ioncam astu inmhuirearaithe faoi Chás IV nó V de Sceideal D) maidir le caillteanas a thabhaigh cuideachta ar a gnó ginearálta blianachtaí nó ar a gnó pinsean.

[EN]

(4) Ní choiscfidh blianacht a áireamh mar bhlianacht ina bhfuil ábhar caipitiúil chun críocha alt 239 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (ábhar caipitiúil i mblianachtaí ceannaithe áirithe) méid iomlán na blianachta ó bheith inasbhainte le linn brabúis a bheith á ríomh ná óna áireamh mar mhuirear ar ioncam chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide.

[EN]

Gnó ginearálta blianachtaí.

40.—(1) I gcás cuideachta a sheolann gnó ginearálta blianachtaí, áireofar mar mhuirear ar ioncam na blianachtaí a d'íoc an chuideachta, a mhéid is inchurtha iad i leith an ghnó sin agus a mhéid nach mó iad ná ioncam cánaithe na coda sin den chiste blianachtaí is inchurtha i leith an ghnó sin amhlaidh.

[EN]

(2) Le linn na brabúis a d'eascair chuig cuideachta árachais ó ghnó ginearálta blianachtaí a bheith á ríomh faoi alt 39—

[EN]

(a) ní chuirfear ioncam cánaithe i gcuntas mar chuid de na brabúis sin, agus

[EN]

(b) de na blianachtaí a d'íoc an chuideachta agus is inchurtha i leith gnó ghinearálta blianachtaí—

[EN]

(i) ní inasbhainte na blianachtaí sin a áireofar faoi fho-alt (1) mar mhuirir ar ioncam, agus

[EN]

(ii) is inasbhainte, d'ainneoin alt 11 (ioncam a ríomh: prionsabail chánach ioncaim a fheidhmiú), na blianachtaí sin nach n-áireofar amhlaidh.

[EN]

(3) San alt seo ciallaíonn “ioncam cánaithe” ioncam ar ar muirearaíodh cáin chorparáide ar dhóigh seachas faoi alt 39, agus ioncam infheistíochta frainceáilte.

[EN]

(4) Cuideachta nach gcónaíonn sa Stát ach a sheolann aon ghnó ginearálta blianachtaí ann trí bhrainse nó gníomhaireacht ní bheidh sí i dteideal aon chuid de na blianachtaí a d'íoc sí agus is inchurtha i leith an ghnó sin a áireamh mar bhlianachtaí a íocadh as brabúis nó gnóchain a cuireadh faoi mhuirear cánach ioncaim.

[EN]

Gno pinsean.

41.—(1) Lamhálfar díolúine ó cháin chorparáide maidir le hioncam as infheistíochtaí agus taiscí ón oiread sin, más ann, is inchurtha i leith gnó pinsean de chiste árachais saoil agus de chiste blianachtaí ar leithligh le cuideachta árachais agus maidir le gnóchain inmhuirearaithe i leith an chéanna.

[EN]

(2) Ní dhéanfaidh an díolúine ó cháin a thugtar le fo-alt (1) aon suimeanna a eisiamh óna gcur i gcuntas mar fháltais le linn brabúis nó caillteanais a bheith á ríomh chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Corparáide.

[EN]

(3) Faoi réir fho-alt (4), ní choiscfidh ioncam infheistíochta frainceáilte a eisiamh ó mhuirear cánach corparáide le halt 2 an t-ioncam sin óna chur i gcuntas mar chuid de na brabúis le linn ioncam ó ghnó pinsean a bheith á ríomh faoi alt 39.

[EN]

(4) Má bhíonn, ar leith ón bhfo-alt seo, brabús tar éis eascairt d'aon tréimhse chuntasaíochta chun cuideachta árachais ó ghnó pinsean (arna ríomh de réir forálacha alt 39) agus go roghnóidh an chuideachta é maidir lena hioncam infheistíochta frainceáilte go léir nó le haon chuid den ioncam sin a d'eascair sa tréimhse sin, ar ioncam infheistíochta frainceáilte é nach mó a mhéid ná méid an bhrabúis sin, ní bhainfidh fo-alt (1) ná fo-alt (3) leis an ioncam infheistíochta frainceáilte lena mbaineann an rogha.

[EN]

Is trí fhógra i scríbhinn a dhéanfar rogha faoin bhfo-alt seo agus tabharfar an fógra sin don chigire tráth nach déanaí ná dhá bhliain tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta lena mbaineann an rogha, nó laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim trí fhógra i scríbhinn.

[EN]

(5) Le linn na brabúis ó ghnó pinsean a bheith á ríomh faoi alt 39, beidh blianachtaí inasbhainte d'ainneoin alt 11 (5) agus ní bheidh cuideachta i dteideal aon chuid de na blianachtaí a d'íoc an chuideachta agus is inchurtha i leith gnó pinsean a áireamh mar chuid a íocadh as brabúis nó as gnóchain ar ar muirearaíodh cáin ioncaim,

[EN]

Cistí árachais saoil coigríche.

42.—(1) Déanfar cáin chorparáide faoi Chás III de Sceideal D ar ioncam ó urrúis agus sealúchais in aon áit lasmuigh den Stát ar cuid iad d'infheistíochtaí ciste árachais saoil coigríche de chuid cuideachta árachais a ríomh ar mhéid iomlán na suimeanna iarbhír a fuarthas sa Stát ó sheoltáin is iníoctha sa Stát, nó ó mhaoin a allmhairíodh, nó ó airgead nó luach airgid a d'eascair ó mhaoin nár allmhairíodh, nó ó airgead nó luach a fuarthas amhlaidh ar creidmheas nó ar cuntas maidir le seoltáin, maoin, airgead nó luach den sórt sin a tugadh isteach sa Stát gan aon asbhaint ná laghdú.

[EN]

(2) Má tharlaíonn—

[EN]

(a) maidir le aon urrúis arna n-eisiúint ag an Aire Airgeadais fara coinníoll sna téarmaí a shonraítear in alt 464 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (urrúis a eisiúint fara díolúine ó cháin), nó

[EN]

(b) maidir le haon stoic nó urrúis eile lena mbaineann alt 474 (urrúis áirithe a bheith díolmhaithe ó cháin) den Acht sin agus a eisítear fara ceachtar den dá choinníoll, nó fara an dá choinníoll, a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt sin,

[EN]

go mbeidh siad de thuras na huaire ina gcuid d'infheistíochtaí ciste árachais saoil choigríche de chuid cuideachta árachais, ní bheidh an t-ioncam ó aon stoc nó urrús díobh sin faoi dhliteanas cánach má fheidhmítear é chun críocha an chiste sin nó má dhéantar é a athinfheistiú ionas gur cuid den chiste sin é.

[EN]

(3) I gcás ar deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim go ndearnadh aon ioncam ó infheistíochtaí ciste árachais saoil choigríche de chuid cuideachta árachais a sheoladh chun an Stáit agus a infheistiú, mar chuid d'infheistíochtaí an chiste sin, in aon stoic nó urrúis a eisíodh mar a dúradh, ní bheidh an t-ioncam sin faoi dhliteanas cánach agus déanfar aon cháin a íocadh air a aisíoc, más gá sin, leis an gcuideachta ar éileamh a dhéanamh.

[EN]

(4) I gcás faoiseamh ó cháin a bheith tugtha de bhun forálacha an ailt seo d'ioncam ó infheistíochtaí ciste árachais saoil choigríche de chuid cuideachta árachais, déanfar a chomhréir de laghdú—

[EN]

(a) ar an bhfaoiseamh a thugtar faoi alt 33 i leith costas bainistí, agús

[EN]

(b) ar aon mhéid ar inmhuirearaithe cáin ar an gcuideachta ina leith de bhua alt 39—

[EN]

(i) maidir le gnó ginearálta blianachtaí, nó

[EN]

(ii) maidir le gnó pinsean,

[EN]

a mhéid is inchurtha i leith gnó ghinearálta blianachtaí nó gnó pinsean, de réir mar a bheidh, an t-ioncam infheistíochta ar tugadh faoiseamh ina leith.

[EN]

(5) San alt seo ciallaíonn “ciste árachais saoil choigríche”—

[EN]

(a) aon chiste in ionannas méid dliteanais cuideachta árachais i leith a gnó saoil le sealbhóirí polasaithe agus blianachtóirí a chónaíonn lasmuigh den Stát a ndearnadh a dtairiscintí leis an gcuideachta, nó ar thug an chuideachta a gconarthaí blianachta dóibh, i mbrainse nó i ngníomhaireacht nó trí bhrainse nó trí ghníomhaireacht lasmuigh den Stát. agus

[EN]

(b) i gcás nach gcoinnítear ciste den sórt sin ar leithligh ó chiste árachais saoil na cuideachta, an chuid sin den chiste árachais saoil is ionannas do dhliteanas na cuideachta faoi na polasaithe agus na conarthaí blianachta sin, agus an dliteanas sin a mheas mar a mheastar é chun críocha tuairisceáin thréimhsiúla na cuideachta.

[EN]

(6) Fad a bheidh comhaontuithe a luaitear i gCuid I de Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967, i bhfeidhm, beidh éifeacht le fo-alt (5) ionann is dá gcuirfí na focail “, de Thuaisceart Éireann agus den Bhreatain Mhór” isteach i ndiaidh an fhocail “Stát” gach áit a bhfuil sé.

[EN]

(7) I gcás cuideachta árachais ar sa Stát atá a ceann-oifig a bheith ag seoladh gnó i dTuaisceart Éireann nó sa Bhreatain Mhór agus faoi fhorálacha an dlí ansin atá i gcomhréir le halt 41 gur inlamhála díolúine ó cháin chorparáide i leith ioncam ó infheistíochtaí agus taiscí is inchurtha i leith gnó pinsean, beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil leis an ioncam atá díolmhaithe amhlaidh i dTuaisceart Éireann agus sa Bhreatain Mhór ach fo-alt (6) a fhágáil ar lár.

[EN]

(8) I gcás a bhfuil éifeacht leis an alt seo i ndáil le hioncam ó infheistíochtaí aon choda de chiste árachais saoil cuideachta árachais, beidh an éifeacht chéanna leis i ndáil le gnóchain immhuirearaithe a fhaibhreoidh as aon infheistíochtaí den sórt sin a dhiúscairt, agus ní caillteanais inlamhála caillteanais a fhaibhreoidh amhlaidh.

[EN]

Cuideachtaí árachais saoil thar lear: ioncam infheistíochta.

43.—(1) Maidir le haon ioncam de chuid cuideachta árachais saoil thar lear ó infheistíochtaí a ciste árachais saoil (gan an ciste pinsean ná an ciste ginearálta blianachtaí, más ann, a áireamh), cibé áit a bhfuarthas é, measfar, a mhéid a fhoráiltear san alt seo, gur brabúis é faoi chuimsiú Sceideal D agus muirearófar cáin chorparáide air faoi Chás III de Sceideal D.

[EN]

(2) Déanfar dáiltí a fuarthas ó chuideachtaí a chónaíonn sa Stát a chur i gcuntas faoin alt seo d'ainneoin iad a eisiamh ó mhuirear cánach corparáide.

[EN]

(3) Ní mhuirearófar ach cuid den ioncam ó infheistíochtaí an chiste árachais saoil (gan an ciste pinsean ná an ciste ginearálta blianachtaí, más ann, a áireamh) de réir fho-alt (1) agus maidir le haon tréimhse chuntasaíochta déanfar an méid sin a chinneadh de réir na foirmle

A × B

____

C

[EN]

i gcás—

[EN]

arb é A an t-ioncam iomlán ó na hinfheistíochtaí sin don tréimhse sin,

[EN]

arb é B meánmhéid dliteanais na tréimhse sin i leith sealbhóirí polasaithe a chónaíonn sa Stát agus i leith sealbhóirí polasaithe a chónaíonn lasmuigh den Stát a ndearnadh a dtairiscintí leis an gcuideachta ina brainse nó ina gníomhaireacht sa Stát nó trína brainse nó trína gníomhaireacht sa Stát, agus

[EN]

arb é C meánmhéid dliteanais na tréimhse sin i leith sealbhóirí polasaithe uile na cuideachta,

[EN]

ach ní fholaíonn aon tagairt do dhliteanais san alt seo dliteanais i leith gnó ginearálta blianachtaí agus pinsean.

[EN]

(4) Chun críocha an ailt seo—

[EN]

(a) déanfar dliteanais cuideachta árachais is inchurtha i leith aon ghnó aon tráth a fhionnadh faoi threoir glandliteanais na cuideachta arna luacháil ag achtúire chun críocha an tuairisceáin thréimhsiúil iomchuí, agus

[EN]

(b) measfar gurb é meánmhéid aon dliteanais do thréimhse chuntasaíochta leath chomhiomlán na ndliteanas i dtús agus i ndeireadh na tréimhse luachála atá comhthráthach leis an tréimhse chuntasaíochta sin nó ar cuid di an tréimhse chuntasaíochta sin.

[EN]

(5) (a) I gcás ar mó meánmhéid dliteanais brainse do thréimhse chuntasaíochta ná meánluach na sócmhainní lena mbaineann an fo-alt seo don tréimhse chuntasaíochta sin, is é an méid a bheidh le háireamh sna brabúis faoi alt 13 (1), nó faoin bhfo-alt sin arna mhodhnú le halt 37, méid arna chinneadh de réir na foirmle

A × B

____

C

[EN]

i gcás—

[EN]

arb é A an méid a bheadh, ar leith ón bhfo-alt seo, le háireamh amhlaidh sna brabúis,

[EN]

arb é B meánmhéid na ndliteanas brainse don tréimhse chuntasaíochta, agus

[EN]

arb é C meánluach na sócmhainní lena mbaineann an fo-alt seo don tréimhse chuntasaíochta.

[EN]

(b) Chun críocha an fho-ailt seo—

[EN]

(i) ciallaíonn “meánmhéid na ndliteanas brainse do thréimhse chuntasaíochta” comhiomlán na méideanna darb ionannas B i bhfo-alt (3), B in alt 44 (2) agus meánmhéid na ndliteanas is inchurtha i leith gnó pinsean don tréimhse chuntasaíochta, agus

[EN]

(ii) is éard iad “na sócmhainní lena mbaineann an fo-alt seo” sócmhainní a bhfuil na gnóchain as a ndiúscairt inmhuirearaithe i leith cánach corparáide de bhua alt 4 (2) (6) (8) (a) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, mar aon le sócmhainní a mbeadh na gnóchain as a ndiúscairt inmhuirearaithe amhlaidh mura mbeadh ailt 19 agus 24 den Acht sin agus mír 2 de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht sin.

[EN]

(6) Ní bheidh feidhm, maidir le hioncam lena mbaineann fo-alt (1), ag alt 75 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (ioncaim is inmhuirir faoi Chás III), mar a fheidhmítear é ar cháin chorparáide.

[EN]

Cuideachtaí árachais saoil thar lear: gnó ginearálta blianachtaí agus gnó pinsean.

44.—(1) Ní choiscfidh aon ní sna hAchtanna Cánach Corparáide dáiltí cuideachtaí a chónaíonn sa Stát óna gcur i gcuntas mar chuid de na brabúis le linn na brabúis ó ghnó pinsean agus ó ghnó ginearálta blianachtaí a d'eascair chuig cuideachta árachais saoil thar lear a bheith á ríomh faoi alt 39.

[EN]

(2) Ní shroichfidh aon mhuirear cánach faoi alt 39 d'aon tréimhse chuntasaíochta ar bhrabúis a d'eascair chuig cuideachta árachais saoil thar lear ó ghnó ginearálta blianachtaí ach amháin chuig cuid de na brabúis ón ngnó sin agus cinnfear an chuid sin de réir na foirmle

A × B

____

C

[EN]

i gcás—

[EN]

arb é A méid iomlán na mbrabús sin,

[EN]

arb é B meánmhéid na ndliteanas is inchurtha i leith an ghnó sin don tréimhse chuntasaíochta iomchuí i leith conarthaí le daoine a chónaíonn sa Stát nó conarthaí le daoine a chónaíonn lasmuigh den Stát a ndearnadh a dtairiscintí leis an gcuideachta ina brainse nó ina gníomhaireacht nó trína brainse nó trína gníomhaireacht sa Stát, agus

[EN]

arb é C meánmhéid na ndliteanas is inchurtha i leith an ghnó sin don tréimhse chuntasaíochta sin maidir leis na conarthaí go léir.

[EN]

(3) Chun críocha an ailt seo—

[EN]

(a) déanfar dliteanais cuideachta árachais is inchurtha i leith gnó ghinearálta blianachtaí aon tráth a fhionnadh faoi threoir glandliteanais na cuideachta arna luacháil ag achtúire chun críocha an tuairisceáin thréimhsiúil iomchuí, agus

[EN]

(b) measfar gurb é meánmhéid aon dliteanais do thréimhse chuntasaíochta leath chomhiomlán na ndliteanas i dtús agus i ndeireadh na tréimhse luachála atá comhthráthach leis an tréimhse chuntasaíochta sin nó ar cuid di an tréimhse chuntasaíochta sin.

[EN]

Cuideachtaí árachais saoil thar lear: cáin ioncaim, cáin choigriche agus creidmheas cánach.

45.—(1) Ní dhéanfaidh alt 12 (6) (ilrialacha speisialta chun ioncam a ríomh) difear do dhliteanas cánach cuideachta árachais saoil thar lear maidir le hioncam infheistíochta a ciste árachais saoil faoi alt 43 ná maidir leis na brabúis óna gnó blianachtaí faoi fhorálacha ailt 39, 41 agus 44.

[EN]

(2) Chun críocha alt 8 (3) (cuideachtaí neamhchónaitheacha do fhritháireamh cánach ioncaim a baineadh as íocaíochtaí a fuarthas in aghaidh cánach corparáide), mar a bhaineann sé le gnó saoil, beidh teorainn mar a luaitear i bhfo-ailt (3) agus (4) leis an méid den cháin ioncaim dá dtagraítear san fho-alt sin agus is inchomhairimh le fritháireamh faoin bhfo-alt sin i dtréimhse chuntasaíochta.

[EN]

(3) Má bhíonn cáin chorparáide inmhuirearaithe ar an gcuideachta do thréimhse chuntasaíochta de réir alt 43 maidir leis an ioncam ó infheistíochtaí a ciste árachais saoil, ní bheidh an méid cánach ioncaim is inchomhairimh le fritháireamh in aghaidh aon chánach corparáide a bheidh measúnaithe don tréimhse sin ar an ioncam sin níos mó ná cóimhéid na cánach ioncaim de réir an ráta chaighdeánaigh ar an gcuid den ioncam ó infheistíochtaí ar ar inmhuirearaithe cáin chorparáide de bhua fho-alt (3) den alt sin.

[EN]

(4) Má bhíonn cáin chorparáide inmhuirearaithe ar an gcuideachta do thréimhse chuntasaíochta de réir alt 44 ar chionúireacht de mhéid iomlán na mbrabús óna gnó ginearálta blianachtaí, ní bheidh an méid cánach ioncaim is inchomhairimh le fritháireamh in aghaidh aon chánach corparáide a bheidh measúnaithe don tréimhse sin ar na brabúis sin níos mó ná cóimhéid na cánach ioncaim de réir an ráta chaighdeánaigh ar an gcionúireacht chéanna den ioncam ó infheistíochtaí a áiríodh le linn na brabúis sin a bheith á ríomh.

[EN]

(5) I gcás a bhfaighidh cuideachta árachais saoil thar lear dáileadh a mbeidh sí i dteideal creidmheas cánach a fháil ina leith, féadfaidh an chuideachta a éileamh go ndéanfar an creidmheas sin a fhritháireamh in aghaidh aon chánach corparáide a bheidh measúnaithe ar an gcuideachta faoi alt 43 nó 44 don tréimhse chuntasaíochta ina bhfuarthas an dáileadh, ach beidh feidhm ag an tsriantacht i bhfo-ailt (3) agus (4) ar an méid cánach ioncaim is féidir a fhritháireamh in aghaidh cánach corparáide a bheidh measúnaithe faoin alt sin 43 nó 44 maidir le comhiomlán na cánach ioncaim sin agus an chreidmheasa cánach is féidir a fhritháireamh amhlaidh de bhua an fho-ailt seo.

[EN]

(6) Ní dhéanfaidh mír 3 (6) de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 (rialacha chun gnóchain chaipitiúla a ríomh), difear don dliteanas cánach a bheidh faoi alt 43 ar chuideachta árachais saoil thar lear maidir le gnóchain ó infheistíochtaí a sealbhaíodh i ndáil lena gnó saoil a dhiúscairt.

[EN]

Cuideachtaí árachais saoil thar lear: dáiltí a fhritháireamh in aghaidh ioncaim.

46.—(1) I gcás a bhfaighidh cuideachta árachais saoil thar lear dáileadh ó chuideachta a chónaíonn sa Stát agus nach mbeidh faoiseamh i leith an dáilte inchomhairimh ná á éileamh faoi chomhshocraíochtaí a rinneadh faoi alt 361 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (comhaontuithe i leith faoisimh ó chánachas dúbailte ar ioncam), mar a fheidhmítear é chun críocha cánach corparáide, measfar chun críocha ailt 39, 41, 43, 44 agus 45 an chuideachta árachais saoil thar lear a bheith i dteideal creidmheasa cánach den sórt sin i leith an dáilte a mbeadh teideal aici chuige dá mba chuideachta í a chónaíonn sa Stát; agus dá réir sin chun críocha na bhforálacha sin is é an t-ioncam in ionannas an dáilte comhiomlán an dáilte agus an chreidmheasa cánach.

[EN]

(2) I gcás a measfar faoi fho-alt (1) cuideachta árachais saoil thar lear a bheith i dteideal creidmhseasa cánach maidir le dáileadh, féadfaidh sí a éileamh go ndéanfar an t-ioncam arb ionannas di an dáileadh a fhritháireamh, faoi réir fho-alt (3), in aghaidh na mbrabús dá cuid ar ar inmhuirearaithe cáin faoi alt 39 nó in aghaidh an ioncaim dá cuid ar ar inmhuirearaithe cáin de réir alt 43 nó go páirteach in aghaidh ceann amháin díobh agus go páirteach in aghaidh an chinn eile: ach a mhéid a dhéanfar aon ioncam a fhritháireamh amhlaidh ní bheidh an creidmheas cánach a bheidh ar áireamh ann iníoctha agus ní dhéanfar é a fhritháireamh in aghaidh cánach corparáide faoi alt 45 (5).

[EN]

(3) Ní bheidh na méideanna a fhéadfaidh cuideachta árachais saoil thar lear a fhritháireamh de bhua an ailt seo in aghaidh brabúis nó ioncam d'aon chineál níos mó ná méid na mbrabús nó an ioncaim den chineál sin agus beidh an teorainn seo a leanas freisin leo—

[EN]

(a) ní bheidh an méid a fhritháireofar in aghaidh brabúis ó ghnó ginearálta blianachtaí níos mó ná cion d'ioncam na cuideachta ó infheistíochtaí is inchurtha i leith an ghnó sin, agus cinnfear an cion sin de réir na foirmle céanna lena gcinntear faoi alt 44 an cion de na brabúis sin ar ar inmhuirearaithe cáin; agus

[EN]

(b) ní bheidh an méid a fhritháireofar in aghaidh brabúis ó ghnó pinsean níos mó ná an oiread sin dá hioncam is inchurtha i leith an ghnó sin agus ab ionannas dó dáiltí a meastar an chuideachta a bheith i dteideal creidmheasa cánach ina leith de bhua an ailt seo, agus ní laghdóidh sé aon ioncam eile.

[EN]

(4) I gcás a ndéanfar de bhua fritháirimh faoin alt seo ioncam nó brabúis d'aon chineál a laghdú aon mhéid, fágfar an méid sin as an áireamh le linn an méid cánach ioncaim a bheith á chinneadh a bheidh inchomhairimh le fritháireamh in aghaidh cánach corparáide faoi alt 8 (3).

[EN]

(5) Ní chuirfidh éileamh faoin alt seo maidir le dáileadh cosc le héileamh a dhéanamh ina dhiaidh sin ar fhaoiseamh maidir leis an dáileadh sin faoi chomhshocraíochtaí a rinneadh faoin alt sin 361; ach i gcás a ndéanfar éileamh iardain den sórt sin measfar nach ndearnadh an t-éileamh faoin alt seo riamh, agus ní bheidh aon choigeartú (trí mheasúnachtaí breise nó eile) a eascróidh as an éileamh iardain as am má dhéantar é laistigh de dhá mhí dhéag tar éis an éilimh iardain a dhéanamh.

[EN]

Cuideachtaí árachais saoil thar lear: costais bhainistí.

47.—(1) Chun críocha faoisimh faoi alt 33, déanfar costais bhainistí cuideachta árachais saoil thar lear a chionroinnt idir a gnó pinsean, a gnó ginearálta blianachtaí agus a gnó árachais saoil (gan an gnó pinsean ná an gnó ginearálta blianachtaí sin a áireamh) agus is é a bheidh sa méid is inchurtha i leith gach cineál gnó sin méid a mbeidh idir é agus iomlán na gcostas bainistí an chomhréir chéanna atá idir meánmhéid na ndliteanas don tréimhse chuntasaíochta is inchurtha i leith an chineáil sin maidir le polasaithe agus conarthaí agus meánmhéid dliteanais na cuideachta don tréimhse sin maidir le polasaithe agus conarthaí uile a gnó árachais saoil.

[EN]

(2) I gcás cáin chorparáide faoi Chás III de Sceideal D a bheith muirearaithe ar chuideachta árachais saoil i ndáil le cionúireacht den ioncam ó infheistíochtaí a ciste árachais saoil de réir alt 43, déanfar faoiseamh faoi alt 33 i leith na gcostas bainistí is inchurtha i leith an chineáil sin gnó faoi fho-alt (1) a ríomh faoi threoir a samhail de chionúireacht de na costais is inchurtha amhlaidh.

[EN]

(3) I gcás cáin chorparáide faoi Chás IV de Sceideal D a bheith muirearaithe ar chuideachta árachais saoil thar lear i ndáil le cionúireacht de na brabúis óna gnó ginearálta blianachtaí de réir alt 44, déanfar an faoiseamh faoi alt 33 i leith na gcostas bainistí is inchurtha i leith an chineáil sin gnó faoi fho-alt (1) a ríomh faoi threoir a samhail de chionúireacht de na costais sin is inchurtha amhlaidh.

[EN]

(4) I gcás cáin chorparáide faoi Chás IV de Sceideal D a bheith muirearaithe ar chuideachta árachais saoil thar lear i ndáil le gnó pinsean, déanfar faoiseamh faoi alt 33 i leith na gcostas bainistí is inchurtha i leith an chineáil sin gnó faoi fho-alt (1) a ríomh faoi threoir méid iomlán na gcostas is inchurtha amhlaidh.

[EN]

(5) Chun críocha an ailt seo déanfar dliteanais cuideachta árachais is inchurtha i leith aon ghnó aon tráth a fhionnadh faoi threoir glandliteanais na cuideachta arna luacháil ag achtúire chun críocha an tuairisceáin thréimhsiúil iomchuí.

[EN]

(6) Chun críocha an ailt seo, measfar gurb é meánmhéid aon dliteanas do thréimhse chuntasaíochta leath chomhiomlán na ndliteanas i dtús agus i ndeireadh na tréimhse luachála atá comhthráthach leis an tréimhse chuntasaíochta sin nó ar cuid di an tréimhse chuntasaíochta sin.

[EN]

Polasaithe saoil lena ngabhann cearta nach cearta in airgead.

48.—I gcás a mbeifear tar éis aon infheistíochtaí nó sócmhainní eile a aistriú, de réir polasaí a eisíodh i gcúrsa gnó saoil a bhí á sheoladh ag cuideachta árachais, chuig sealbhóir an pholasaí, measfar fáil na sócmhainní ag sealbhóir an pholasaí agus a ndiúscairt chuige a bheith déanta ar chomaoin ar cóimhéid le margadhluach na sócmhainní—

[EN]

(a) chun críocha an Achta um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, agus

[EN]

(b) chun ioncam a ríomh de réir Chás I nó IV de Sceideal D.

[EN]

Sochair ó pholasaithe saoil a eisíodh roimh 6 Aibreán, 1974.

49.—(1) Tá feidhm ag an alt seo i ndáil le polasaithe árachais saoil a eisíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, ag cuideachta a sheolann gnó saoil, ar polasaithe iad—

[EN]

(a) a dhéanann socrú le haghaidh sochair ar infheistíochtaí de chineál sonraithe iad nó aon chuid díobh nó suim airgid a chinnfear faoi threoir luach na n-infheistíochtaí sin, ach

[EN]

(b) nach ndéanann socrú chun aon mhéid a bhaint as na sochair sin faoi threoir cáin is inmhuirearaithe i leith gnóchan inmhuirearaithe.

[EN]

(2) I gcás—

[EN]

(a) arb é atá, go hiomlán nó go formhór, in infheistíochtaí ciste árachais saoil na cuideachta, a mhéid is inchurtha i leith na bpolasaithe sin iad, infheistíochtaí den chineál a shonraítear amhlaidh, agus

[EN]

(b) ar an gcuideachta a theacht faoi dhliteanas faoi aon cheann de na polasaithe sin i leith aon sochair den sórt sin (lena n-áirítear sochair a thabharfar ar pholasaí a ghéilleadh), go bhfaibhreoidh gnóchan inmhuirearaithe chuig an gcuideachta as infheistíochtaí den chineál sin is cuid dá ciste árachais saoil a dhiúscairt le haghaidh nó faoi chomhair an dliteanais sin, nó go bhfaibhreodh sé amhlaidh dá ndéanfaí freastal don dliteanas sin leis na fáltais ón diúscairt sin nó astu,

[EN]

ansin beidh teideal ag an gcuideachta, in aghaidh an duine a gheobhaidh na sochair, cuid de na sochair a choimeád as na sochair is cuid nach mó a méid nó a luach ná cáin chorparáide de réir an lánráta i leith an ghnóchain inmhuirearaithe dá dtagraítear i mír (b) arna ríomh ar neamhshuim le haon mhéid a coimeádadh faoin bhfo-alt seo agus a laghdaíodh de réir alt 13 (1).

[EN]

Léiriú.

50.—(1) Tá éifeacht leis an alt seo chun ailt 33 go 49 agus an t-alt seo a léiriú.

[EN]

(2) Mura n-éileoidh an comhthéacs a mhalairt—

[EN]

tá le “achtúire” an bhrí a shanntar dó in alt 3 den Acht Arachais, 1936;

[EN]

ciallaíonn “gnó blianachtaí” gnó blianachtaí a dheonú ar shaol duine;

[EN]

ciallaíonn “ciste blianachtaí”, i gcás nach gcoinnítear ciste blianachtaí ar leithligh ó chiste árachais saoil cuideachta árachais, an chuid sin den chiste árachais saoil is ionannas do dhliteanas na cuid eachta faoina conarthaí blianachtaí, mar a luaitear ina tuairisceáin thréimhsiúla;

[EN]

tá le “cuideachta árachais” an bhrí a shanntar dó in alt 3 den Acht Arachais, 1936;

[EN]

ciallaíonn “gnó ginearálta blianachtaí” aon ghnó blianachtaí nach gnó pinsean agus forléireofar “gnó pinsean” de réir fho-ailt (3) agus (4);

[EN]

folaíonn “gnó saoil” “gnó árachais saoil” agus “gnó árachais tionscail” a bhfuil na bríonna leo a shanntar dóibh in alt 3 den Acht Arachais, 1936, agus i gcás an dá ghnó a bheith á seoladh ag cuideachta féadfaidh ceachtar ciall a bheith leis;

[EN]

tá le “ciste árachais saoil” agus le “ciste árachais tionscail” na bríonna a shanntar dóibh sna hAchtanna Arachais, 1909 go 1969, agus, i ndáil le gnó árachais tionscail, ciallaíonn ciste árachais saoil an ciste árachais tionscail;

[EN]

ciallaíonn “cuideachta árachais saoil thar lear” cuideachta árachais ar lasmuigh den Stát dá ceann-oifig ach a sheolann gnó árachais saoil trí bhrainse nó trí ghníomhaireacht sa Stát;

[EN]

forléireofar de réir fho-alt (3) “ciste pinsean” agus “ciste ginearálta blianachtaí”;

[EN]

ciallaíonn “tuairisceán tréimhsiúil”, i ndáil le cuideachta árachais, tuairisceán arna thaisceadh leis an Aire Tionscail agus Tráchtála faoin Assurance Companies Act, 1909, agus faoin Acht Arachais, 1936;

[EN]

tá le “polasaí” agus le “préimh” an bhrí a shanntar dóibh le halt 3 den Acht Arachais, 1936;

[EN]

ciallaíonn “tréimhse luachála” an tréimhse a dtugtar an tuarascáil achtúireachta ina leith faoi alt 5 den Assurance Companies Act, 1909, arna leathnú le halt 55 den Acht Arachais, 1936.

[EN]

(3) Aon idirdhealú a dhéanfar idir gnó ginearálta blianachtaí, gnó pinsean agus gnó árachais saoil eile déanfar é ar an bprionsabal—

[EN]

(a) go gcuirfear i leith gnó pinsean aon phréimheanna faoi réim fho-alt (4), mar aon leis na fáltais, na heisíocaíochtaí agus na dliteanais is inchurtha i leith na bpréimheanna sin, agus i leith na bpolasaithe agus na gconarthaí faoina n-íoctar nó faoinar íocadh iad,

[EN]

(b) go ndéanfar an gnó blianachtaí eile go léir a leithroinnt ar an ngnó ginearálta blianachtaí,

[EN]

agus déanfar tagairtí do “ciste pinsean” agus do “ciste ginearálta blianachtaí” a fhorléiriú dá réir sin cibé acu a choimeádtar nó nach gcoimeádtar na cistí sin ar leithligh ó chiste árachais saoil na cuideachta árachais.

[EN]

(4) Is iad na préimheanna a chuirfear i leith gnó pinsean na préimheanna sin is iníoctha faoi chonarthaí faoi réim (an tráth is iníoctha an phréimh) ceachtar de na tuairiscí seo a leanas, is é sin le rá—

[EN]

(a) aon chonradh le pearsa aonair a bhfuil, nó a mbeadh mura mbeadh neamhdhóthanacht brabús nó gnóchan, cáin inmhuirearaithe air i leith tuillimh iomchuí (mar a shainítear in alt 235 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (blianachtaí scoir: faoiseamh i leith préimheanna)) ó thrádáil, gairm, oifig nó fostaíocht a sheolann sé nó atá aige, ar conradh é a cheadaigh na Coimisinéirí Ioncaim faoin alt sin nó faoi alt 235A (conarthaí le haghaidh cleithiúnaithe nó le haghaidh áracháis saoil a cheadú) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (a cuireadh isteach le halt 66 den Acht Airgeadais, 1974);

[EN]

(b) aon chonradh (lena n-áirítear conradh árachais) a rinneadh le haghaidh scéim cheadaithe dhíolmhaithe mar a shainítear i gCaibidil II de Chuid I den Acht Airgeadais, 1972, agus a rinneadh leis na daoine ag a bhfuil bainistí na scéime sin, ar conradh é atá dréachtaithe sa dóigh go bhfuil na dliteanais faoina ndeachaigh an chuideachta árachais sa chonradh i gcomhréir leis na dliteanais a bhfuil sé beartaithe don chonradh an scéim a urrú ina n-aghaidh;

[EN]

(c) aon chonradh leis na hiontaobhaithe nó leis na daoine eile a bhainistíonn ciste aoisliúntais de réir brí alt 222 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (cistí aoisliúntais a dhíolmhú), nó scéim arna ceadú faoi alt 235 nó 235A den Acht sin nó faoin dá alt sin, ar conradh é—

[EN]

(i) a rinneadh chun críocha an chiste nó na scéime sin amháin nó, i gcás ciste nach bhfuil ach cuid di ceadaithe faoin alt sin 222, ansin, chun críocha na coda sin amháin den chiste sin, agus

[EN]

(ii) (i gcás conradh a rinneadh nó a athraíodh an 6ú lá d'Aibreán, 1958, nó dá éis) atá dréachtaithe sa dóigh go bhfuil na dliteanais faoina ndeachaigh an chuid eachta árachais faoin gconradh ar comhréir le dliteanais a bhfuil sé beartaithe don chonradh an ciste (nó an chuid iomchuí de) nó an scéim a urrú ina n-aghaidh,

[EN]

agus san fho-alt seo agus san fho-alt deiridh roimhe seo folaíonn “préimh” aon chomaoin le haghaidh blianachta.

[EN]

Mar a dhéileálfar le hioncam saor-ócháin de chuid banc neamhchónaitheach, etc.

51.—(1) I gcás gnó baincéireachta, gnó árachais nó gnó arb éard é, go hiomlán nó go páirteach, déileáil in urrúis a bheith á sheoladh sa Stát ag duine nach gcónaíonn sa Stát, ansin—

[EN]

(a) le linn na brabúis a d'eascair as an ngnó nó an caillteanas a tabhaíodh sa ghnó a bheith á ríomh chun críocha an Achta seo, agus

[EN]

(b) i gcás gnó árachais, le linn na brabúis nó an caillteanas ó ghnó pinsean agus ó ghnó ginearálta blianachtaí a bheith á ríomh faoi alt 39,

[EN]

ní choiscfidh forálacha alt 11 ús, díbhinní agus íocaíochtaí eile lena mbaineann alt 50 (urrúis de chuid críocha coigríche) nó alt 462 (díbhinní neamhchónaitheoirí a dhíolmhú) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a chur san áireamh d'ainneoin na díolúine ó cháin a thugtar leis na hailt sin faoi seach.

[EN]

(2) I gcás—

[EN]

(a) aon ghnó den sórt sin a dúradh a bheith á sheoladh sa Stát ag duine nach sa Stát atá gnáthchónaí air, agus

[EN]

(b) le linn aon ríomh den sórt sin a dúradh a bheith á dhéanamh maidir leis an ngnó sin, ús ar urrúis saor-ó-cháin a eisiamh de bhua coinníoll ar ar eisíodh na hurrúis sin.

[EN]

eisiafar freisin ón ríomh sin aon chostais is inchurtha i leith fáil nó sealbhú na n-urrús, nó aon idirbhirt sna hurrúis (ach gan aon ús ar airgead a fuarthas ar iasacht a áireamh sna costais sin), agus aon bhrabúis nó caillteanais is inchurtha amhlaidh.

[EN]

(3) I gcás cuideachta árachais saoil thar lear mar a shainítear in alt 50—

[EN]

(a) le linn an t-ioncam ó infheistíochtaí ciste árachais saoil na cuideachta a bheith á ríomh chun críocha alt 43, déanfar aon ús, díbhinní agus íocaíochtaí eile lena mbaineann alt 50 nó alt 462 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a áireamh d'ainneoin na díolúine ó cháin a thugtar leis na hailt sin faoi seach,

[EN]

(b) I gcás a ndéanfar, le linn an t-ioncam sin a bheith á ríomh, ús ar aon urrúis saor-ó-cháin a eisiamh de bhua coinníoll ar ar eisíodh na hurrúis sin, laghdófar an faoiseamh faoi alt 47 (2) ionas go mbeidh idir é agus an méid faoisimh a dheonófaí mura mbeadh an mhír seo an chomhréir chéanna a bheidh idir méid an ioncaim sin, gan an t-ús sin a áireamh, agus méid an ioncaim sin agus an t-ús sin a áireamh, agus

[EN]

(c) i gcás a mbaineann fo-alt (2) le gnó pinsean nó le gnó ginearálta blianachtaí na cuideachta déanfar an faoiseamh faoi alt 47 (3) nó (4), cibé acu é, a laghdú ionas go mbeidh idir é agus an méid faoisimh a dheonófaí amhlaidh mura mbeadh an mhír seo an chomhréir chéanna a bheidh idir méid an ioncaim (gan ús ar urrúis saor-ó-cháin a áireamh) ó infheistíochtaí agus taiscí ciste árachais saoil agus ciste blianachtaí ar leithligh (más ann) na cuideachta, is inchurtha i leith an ghnó sin agus an t-ioncam sin is inchurtha amhlaidh agus an t-ús sin a áireamh,

[EN]

(4) San alt seo agus in alt 52 ciallaíonn “urrúis saor-ó-cháin” urrúis lena mbaineann alt 464 (urrúis a eisiúint fara díolúine ó cháin), alt 470 (urrúis de chuid údaráis áitiúla Eireannacha a eisíodh lasmuigh den Stát) nó alt 474 (urrúis áirithe a bheith díolmhaithe ó cháin) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus ar urrúis iad a eisíodh faoi choinníoll a rialaíonn áireamh an úis orthu chun críocha cánach ionas go n-eisiafar an t-ús ar na hurrúis le linn ioncam nó brabúis a bheith á ríomh.

[EN]

(5) San alt seo folaíonn “gnó árachais” gnó árachais de réir brí alt 3 den Acht Arachais, 1936.

[EN]

(6) I bhfo-alt (1) folaíonn “urrúis” stoic agus scaireanna.

[EN]

Urrúis saor-ócháin gan ús ar airgead iasachta a áireamh.

52.—(1) Tá éifeacht leis an alt seo i gcás ina mbaineann alt 51 (2) le gnó d'aon tréimhse chuntasaíochta.

[EN]

(2) Déanfar, go feadh méid arna chinneadh faoin alt seo (dá ngairtear an méid nach gcáilíonn le haghaidh faoisimh), ús a bheidh dlite le híoc an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis, ar airgead a fuarthas ar iasacht chun críocha an ghnó—

[EN]

(a) a fhágáil as an áireamh le linn ríomh a bheith á dhéanamh faoin Acht seo ar na brabúis (nó ar an gcaillteanas) a d'eascair ón ngnó nó, i gcás feidhm a bheith ag fo-alt (5), a d'eascair ó aon ghnó blianachtaí nó ó aon ghnó pinsean ba chuid den ghnó saoil, agus

[EN]

(b) a fhágáil as an áireamh sa mhíniú ar “muirir ar ioncam” in alt 10.

[EN]

(3) Le linn an méid nach gcáilíonn le haghaidh faoisimh a bheith á chinneadh, cuirfear i gcuntas an t-airgead go léir a fuarthas ar iasacht chun críocha an ghnó agus a bheidh gan íoc sa tréimhse chuntasaíochta, go feadh costas iomlán na n-urrús saor-ó-cháin a bhí ar teachtadh chun críocha an ghnó sa tréimhse sin:

[EN]

Ar choinníoll nach gcuirfear i gcuntas aon airgead iasachta a bheireann ús nach mbeidh, ar leith ó fho-alt (2) le háireamh sa ríomh faoi mhír (a) den fho-alt sin, agus nach mbeidh le háireamh mar mhuirear ar ioncam chun críocha an Achta seo.

[EN]

(4) Faoi réir fho-alt (5), beidh an méid nach gcáilíonn le haghaidh faoisimh ar cóimhéid le hús bliana ar an méid airgid a fuarthas as iasacht agus a bheidh le cur i gcuntas faoi fho-alt (3) de réir ráta ar cóimhéid leis an meán-ráta úis sa tréimhse chuntasaíochta ar airgead a fuarthas ar iasacht chun críocha an ghnó, ach amháin i gcás tréimhse chuntasaíochta is giorra ná dhá mhí dhéag gur in aghaidh na tréimhse sin is giorra agus nach in aghaidh bliana a áireofar ús.

[EN]

(5) I gcás a mbeidh faoiseamh i leith costas bainistí le tabhairt do chuideachta árachais saoil thar lear d'aon tréimhse chuntasaíochta agus go mbeidh an faoiseamh sin le laghdú faoi alt 51 (3) (b) is é a bheidh sa méid nach gcáilíonn le haghaidh faoisimh codán de mhéid an úis sa tréimhse chuntasaíochta ar airgead a fuarthas ar iasacht chun críocha an ghnó saoil (gan gnó pinsean ná gnó ginearálta blianachtaí, más ann, a áireamh) agus is é a bheidh sa chodán sin an codán is ioncam ó urrúis saor-ó-cháin arna roinnt ar ioncam iomlán infheistíochta an chiste árachais saoil.

[EN]

(6) Chun críocha an ailt seo, is é a bheidh i gcostas sealbhán urrúis saor-ó-cháin a bhíodh ag athrú sa tréimhse chuntasaíochta meánchostas an tsealbháin bhunaidh a fháil, agus meánchostas aon sealbháin a fuarthas ina dhiaidh sin sa tréimhse chuntasaíochta a fháil, arna chur chun feidhme maidir le meánmhéid an tsealbháin sa tréimhse chuntasaíochta, agus cuirfear an fo-alt seo chun feidhme go leithleach maidir le hurrúis de chineálacha éagsúla.

CUID IV

Brabúis ó Earraí Airithe a Onnmhairiú

[EN]

Míniú ar “tréimhse chuntasaíochta iomchuí”.

53.—Sa Chuid seo ciallaíonn “tréimhse chuntasaíochta iomchuí” tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta cuideachta sa tréimhse cúig bliana déag ón dáta is déanaí den dá dháta seo a leanas, is é sin le rá—

[EN]

(a) an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1956, nó

[EN]

(b) an chéad lá den bhonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta arbh í chéad-bhliain éilimh na cuideachta í chun críocha faoisimh faoi Chaibidil IV de Chuid XXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (Brabúis ó Earraí Áirithe a Onnmhairiú), nó, mura raibh aon chéad bhliain éilimh den sórt sin ann, an 6ú lá d'Aibreán, 1975.

[EN]

Míniú ar “earraí”.

54.—(1) Sa Chuid seo ciallaíonn “earraí” earraí arna monarú sa Stát ag an duine a onnmhairíonn iad nó cuid díobh agus arb é, i ndáil leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, an chuideachta é a éilíonn faoiseamh faoin gCuid seo:

[EN]

Ar choinníoll, i gcás dhá chuideachta a bheith ann a monaraíonn ceann díobh earraí agus a n-onnmhairíonn an ceann eile iad i gcúrsa a trádála, agus i gcás a sealbhaíonn ceann de na cuideachtaí níos mó ná 90 faoin gcéad de na gnáth-scaireanna sa chuideachta eile nó i gcás a sealbhaíonn daoine a bhfuil leas rialaithe acu i gcuideachta amháin, go díreach nó go neamhdhíreach, níos mó ná 90 faoin gcéad de na gnáth-scaireanna sa chuideachta eile, go measfar, maidir leis na hearraí a mhonaraigh ceann de na cuideachtaí, gurb í an chuideachta eile a mhonaraigh iad ar iad a onnmhairiú i gcúrsa a trádála ag an gcuideachta eile sin.

[EN]

(2) Folóidh an míniú ar “earraí” atá i bhfo-alt (1)—

[EN]

(a) iasc a táirgeadh sa Stát ar fheirm éisc; agus

[EN]

(b) muisiriúin shaothraithe a saothraíodh sa Stát,

[EN]

agus, i gcás a gclóitear leabhair nó cártaí tréaslaíochta sa Stát ar dhóigh seachas ag an bhfoilsitheoir agus go ndéanann an foilsitheoir sin iad go léir nó cuid díobh a onnmhairiú (nach cás lena mbaineann an coinníoll a ghabhann le fo-alt (1)), measfar, chun críocha fho-alt (1), na leabhair nó na cártaí tréaslaíochta sin, de réir mar a bheidh, a bheith monaraithe sa Stát ag a bhfoilsitheoir.

[EN]

(3) (a) Folóidh an míniú ar “earraí” atá i bhfo-alt (1) earraí a monaraíodh sa Stát agus nach dtagann faoi réim an mhínithe sin agus a onnmhairíonn an duine arb é, i ndáil leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, an chuideachta é a éilíonn faoiseamh faoin gCuid seo i gcás ar mórdhíol na hearraí a onnmhairíodh amhlaidh a dhíol ag an duine sin.

[EN]

(b) Ciallaíonn “mórdhíol” i mír (a) díol earraí d'aon chineál le duine a sheolann gnó ag díol earraí den chineál sin nó a úsáideann earraí den chineál sin le haghaidh trádáil nó gnóthas a sheolann sé.

[EN]

Tógáil agus deisiú long.

55.—(1) I gcás cuideachta a sheolann trádáil ag tógáil nó ag deisiú long, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas chun críocha faoisimh faoin gCuid seo—

[EN]

(a) measfar gur monarú earraí sa Stát deisiú a dhéanfar sa Stát ar long agus, a mhéid a rinneadh aon deisiú den sórt sin sa Stát ar long atá ar úinéiréacht go hiomlán ag daoine nach sa Stát atá gnáthchónaí orthu, measfar gur earraí a monaraíodh sa Stát agus a d'onnmhairigh an duine a mhonaraigh iad an long agus measfar gur mhéid is infhaighte ó earraí a dhíol aon mhéid is infhaighte mar íocaíocht as deisiú a rinneadh sa Stát ar long:

[EN]

(b) i gcás a ndéanfaidh an chuideachta, maidir le haon tréimhse chuntasaíochta iomchuí, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh na tréimhse sin, sin a roghnú, beidh feidhm ag an gCuid seo i gcás na tréimhse sin—

[EN]

(i) ionann is dá mba gur onnmhairigh an chuideachta na longa go léir a thóg an chuideachta sa Stát,

[EN]

(ii) ionann is dá mba earraí arna n-onnmhairiú ag an gcuideachta na longa go léir ar a ndearna an chuideachta deisiú sa Stát, go feadh méid an deisithe sin, agus

[EN]

(iii) ionann is dá mba mhéideanna ab infhaighte ó dhíol earraí a d'onnmhairigh an chuideachta as an Stát méideanna ab infhaighte ag an gcuideachta mar íocaíocht as longa a thógáil sa Stát nó as longa a dheisiú sa Stát.

[EN]

(2) I bhfo-alt (1) (a) (b) folaíonn aon tagairt do dheisiú nó do thógáil tagairt do dheisiú nó do thógáil a rinneadh tráth ar bith.

[EN]

Onnmhairiú earraí áirithe.

56.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “an Bord” Comharchumann an Bhord Bainne Teoranta:

[EN]

ciallaíonn “an Coimisiún” an Coimisiún Muc agus Bagúin;

[EN]

ciallaíonn “táirge bainne” im, im meidhg, uachtar, cáis, bainne comhdhlúite, bainne triomaithe nó púdaraithe, bainne bearrtha triomaithe nó púdaraithe, meadhg triomaithe nó púdaraithe, bruscar seacláide, cáiséin, im-ola, lachtós agus aon táirge eile atá déanta go hiomlán nó go formhór as bainne nó as aon seachtháirge bainne agus a bheidh formheasta chun críocha an ailt seo ag an Aire Airgeadais tar éis comhairle a ghlacadh leis an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh:

[EN]

ciallaíonn “táirge muiceola” bagún agus slisní bagúin lena n-áirítear liamhás, conablaigh mhuiceola agus taobhanna muiceola agus slisní díobh, sail mhuice neamhleáite agus táirgí muiceola stánaithe.

[EN]

(2) I gcás—

[EN]

(a) cuideachta do tháirgeadh táirge muiceola agus é a dhíol leis an gCoimisiún, agus

[EN]

(b) an Coimisiún d'onnmhairiú an táirge sin an Stát,

[EN]

beidh feidhm ag an gCuid seo ionann is dá mba gur onnmhairigh an chuideachta an táirge sin as an Stát, agus measfar, chun críocha na Coda seo, gur méid ab infhaighte ó dhíol earraí a onnmhairíodh amhlaidh aon mhéid ab infhaighte ag an gcuideachta ón táirge sin a dhíol leis an gCoimisiún.

[EN]

(3) I gcás—

[EN]

(a) cuideachta do mhonarú táirge bainne agus é a dhíol leis an mBord, agus

[EN]

(b) an Coimisiún d'onnmhairiú an táirge sin as an Stát,

[EN]

beidh feidhm ag an gCuid seo ionann is dá mba gur onnmhairigh an chuideachta an táirge sin as an Stát, agus measfar, chun críocha na Coda seo, gur méid ab infhaighte ó dhíol earraí a onnmhairíodh amhlaidh aon mhéid ab infhaighte ag an gcuideachta ón táirge sin a dhíol leis an mBord.

[EN]

Tréimhse chaighdeánach.

57.—Chun críocha na Coda seo, is í an tréimhse chaighdeánach i ndáil le trádáil cuideachta an tréimhse bliana dar chríoch an 30ú de Mheán Fómhair, 1956, nó, má roghnaíonn an chuideachta é, an tréimhse bliana dar chríoch an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1955, agus beidh an tréimhse chaighdeánach sin infheidhmithe in ndáil leis an trádáil cibé acu a bhí nó nach raibh, i gcaitheamh na tréimhse caighdeánaí sin go léir nó aon choda di, an trádáil á seoladh ag duine seachas an chuideachta a sheol í sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí nó a bhí nó nach raibh codanna ar leithligh den trádáil á seoladh ag daoine éagsúla, ach ní bheidh an tréimhse chaighdeánach sin infheidhmithe i gcás nach raibh an trádáil ann roimh dheireadh na tréimhse caighdeánaí sin.

[EN]

Foras faoisimh ó cháin chorparáide.

58.—(1) I gcás a n-éileoidh agus a gcruthóidh cuideachta maidir le tréimhse chuntasaíochta iomchuí—

[EN]

(a) go ndearnadh, le linn na tréimhse caighdeánaí i ndáil leis an trádáil, earraí a onnmhairiú, i gcúrsa na trádála, as an Stát,

[EN]

(b) go ndearnadh, le linn na tréimhse cuntasaíochta iomchuí, earraí a onnmhairiú, i gcúrsa na trádála, as an Stát, agus

[EN]

(c) go raibh breis ag an méid iomlán ab infhaighte ó na hearraí sin is déanaí a luaitear a dhíol ar an méid iomlán (dá ngairtear an méid caighdeánach san alt seo) ab infhaighte ó na hearraí a dhíol a onnmhairíodh le linn na tréimhse caighdeánaí,

[EN]

déanfar an cháin chorparáide is iníochta ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta iomchuí, a mhéid a bheidh sí inchurtha i leith an ioncaim is inchurtha síos don bhreis sin a laghdú go nialas; agus is é méid na cánach corparáide is inchurtha i leith an ioncaim is inchurtha síos don bhreis sin méid a mbeidh idir é agus an cháin chorparáide iomchuí, mar a shainítear i bhfo-alt (10), an chomhréir chéanna a bheidh idir an t-ioncam is inchurtha síos don bhreis sin agus iomlán an ioncaim ar ar muirearaíodh cáin chorparáide.

[EN]

(2) Chun críocha fho-alt (1) glacfar gurb é “an t-ioncam is inchurtha síos don bhreis sin” cibé suim a mbeidh idir í agus méid ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta iomchuí, is inchurtha síos do dhíol earraí (cibé acu a onnmhairiodh nó nár onnmhairíodh iad), an chomhréir chéanna a bheidh idir méid na breise sin agus an méid iomlán ab infhaighte ag an gcuideachta ón díol sin sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí.

[EN]

(3) I gcás a n-éileoidh agus a gcruthóidh cuideachta maidir le tréimhse chuntasaíochta iomchuí—

[EN]

(a) nach ndearnadh, le linn na tréimhse caighdeánaí i ndáil leis an trádáil, aon earraí a onnmhairiú i gcúrsa na trádála as an Stát nó nach infheidhmithe an tréimhse chaighdéanach, agus

[EN]

(b) go ndearnadh, le linn na tréimhse cuntasaíochta iomchuí, earraí a onnmhairiú, i gcúrsa na trádála, as an Stát,

[EN]

déanfar an cháin chorparáide is iníoctha ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta iomchuí, a mhéid a bheidh sí inchurtha i leith an ioncaim ó dhíol na n-earraí a onnmhairíodh amhlaidh, a laghdú go nialas; agus is é méid na cánach corparáide is inchurtha i leith an ioncaim ó dhíol earraí a onnmhairíodh amhlaidh cibé méid a mbeidh idir é agus an cháin chorparáide iomchuí an chomhréir chéanna a bheidh idir an t-ioncam ó díol na n-earraí a onnmhairíodh amhlaidh agus iomlán an ioncaim ar ar muirearaíodh cáin chorparáide.

[EN]

(4) Chun críocha fho-alt (3) glacfar gurb é “an t-ioncam ó dhíol na n-earraí a onnmhairíodh amhlaidh” cibé suim a mbeidh idir í agus méid ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta iomchuí, is inchurtha síos do dhíol earraí (cibé acu a onnmhairíodh nó nár onnmhairíodh iad), an chomhréir chéanna a bheidh idir an méid ab infhaighte sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí ó dhíol earraí a onnmhairíodh agus iomlán an ioncaim ab infhaighte ag an gcuideachta ó dhíol earraí (cibé acu a onnmhairíodh nó nár onnmhairíodh iad) sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí.

[EN]

(5) I gcás ina bhfuil feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo, agus gur earraí, nó go raibh ar áireamh earraí, a bhforálann alt 54 (3) ina leith go n-áireofar iad sa mhíniú ar “earraí” an t-onnmhairiú as an Stát sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí, beidh éifeacht leis an gCuid seo faoi réir na bhfocal breise seo a leanas a chur isteach i bhfo-ailt (2) agus (4), is é sin, “agus marsantais (cibé acu a onnmhairíodh nó nár onnmhairíodh é) seachas na hearraí sin” a chur isteach i ndiaidh “earraí (cibé acu a onnmhairíodh nó nar onnmhairíodh iad)” gach áit a bhfuil na focail deiridh sin.

[EN]

(6) I ndáil le cuideachta a fuair faoiseamh ó cháin chorparáide faoi fho-alt (1) nó (3) den alt seo, ó cháin ioncaim faoi alt 404 (1) nó (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (bonn an fhaoisimh ó cháin ar bhrabúis ó onnmhairí), nó ó cháin bhrabús corparáide faoi alt 13 (1) nó (3) den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 (bonn an fhaoisimh ó cháin bhrabús corparáide), beidh feidhm ag an alt seo maidir le haon tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta sa tréimhse cúig bliana dar tosach dáta éagtha na tréimhse a chuimsigh tréimhsí cuntasaíochta iomchuí na cuideachta de réir brí alt 53 ionann is dá mba rud é—

[EN]

(a) gur thagairt di “tréimhse chuntasaíochta iomchuí” gach áit a bhfuil na focail sin sa Chuid seo, agus

[EN]

(b) go gcuirfí in ionad “a laghdú go nialas” i bhfo-ailt (1) agus (3) den alt seo—

[EN]

(i) i gcás ar tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta í sa chéad bhliain de na blianta sin, “a laghdú 80 faoin gcéad”,

[EN]

(ii) i gcás ar tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta í sa dara bliain de na blianta sin, “a laghdú 65 faoin gcéad”,

[EN]

(iii) i gcás ar tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta í sa tríú bliain de na blianta sin, “a laghdú 50 faoin gcéad”,

[EN]

(iv) i gcás ar tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta í sa cheathrú bliain de na blianta sin, “a laghdú 35 faoin gcéad”, agus

[EN]

(v) i gcás ar tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta í sa chúigiú bliain de na blianta sin, “a laghdú 15 faoin gcéad”:

[EN]

Ar choinníoll nach mbainfidh an fo-alt seo le tréimhse chuntasaíochta ná le cuid de thréimhse chuntasaíochta tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1990.

[EN]

(7) (a)  I  gcás ar tréimhse is giorra ná dhá mhí dhéag tréimhse chuntasaíochta iomchuí, glacfar, chun an bhreis dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a fhionnadh, gurb é an méid caighdeánach an chuid sin den chéanna a mbeidh idir í agus iomlán an mhéid sin an chomhréir chéanna a bheidh idir an tréimhse chuntasaíochta iomchuí agus dhá mhí dhéag.

[EN]

(b)  I  gcás ar cuid de thréimhse chuntasaíochta cuideachta tréimhse chuntasaíochta iomchuí, glacfar gurb é an méid iomlán ab infhaighte ó dhíol earraí (cibé acu a onnmhairíodh nó nár onnmhairíodh iad), an méid iomlán ab infhaighte ó dhíol earraí a onnmhairíodh as an Stát agus an méid d'ioncam na cuideachta is inchurtha i leith díol earraí (cibé acu a onnmhairíodh nó nár onnmhairíodh iad) an chuid sin de gach méid díobh sin a mbeidh idir í agus iomlán gach méid díobh sin an chomhréir chéanna a bheidh idir fad na tréimhse cuntasaíochta iomchuí agus fad tréimhse chuntasaíochta na cuideachta.

[EN]

(8) I gcás aon athrú tarlú, an lá nó tar éis an lae a thosaigh an tréimhse chaighdeánach, trína n-aistreoidh cuid de thrádáil chuig aon duine, déanfar, maidir le haon tréimhse chuntasaíochta iomchuí inar tharla, nó ar roimpi a tharla, an t-athrú, an méid caighdeánach a chionroinnt chun críocha fho-alt (1), agus déanfar gach cionroinnt den sórt sin mar a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is cóir, ag féachaint do na himthosca go léir.

[EN]

(9) Ní dhéanfar laghdú faoin alt seo maidir le cáin chorparáide is iníoctha ar ioncam ó aon oibríochtaí mianadóireachta.

[EN]

(10) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “cáin chorparáide iomchuí” an cháin chorparáide a bheadh, ar leith ón alt seo agus ailt 184 (faoiseamh i leith caillteanas cánach brabús corparáide) agus 186 (faoiseamh eatramhach maidir le híocaíochtaí agus costais bhainistí áirithe), inmhuirearaithe don tréimhse chuntasaíochta iomchuí gan an cháin chorparáide a muirearaíodh ar ghnóchain inmhuirearaithe na cuideachta don tréimhse sin a áireamh.

[EN]

Seirbhísí monaraíochta áirithe.

59.—(1) I gcás a seolann cuideachta trádáil arb éard í nó ar cuid di seirbhísí a dhéanamh do dhuine eile trí earraí nó ábhair leis an duine sin a chur faoi aon phróiseas monaraíochta agus go ndéantar na seirbhísí sin go léir nó cuid díobh do dhuine nach gcónaíonn sa Stát i ndáil le hearraí nó le hábhair a allmhairíodh isteach sa Stát agus, tar éis na seirbhísí sin a bheith déanta, go ndéanfar na hearraí nó na hábhair, nó na táirgí nó na hairceadail a rinneadh astu, a onnmhairiú as an Stát le linn dóibh a bheith fós ar úinéireacht ag an duine sin, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas, má roghnaíonn an chuideachta é, chun faoiseamh a fháil faoin gCuid seo—

[EN]

(a) measfar gur monarú earraí na seirbhísí sin a dhéanamh sa Stát agus measfar gur méid is infhaighte i leith earraí a dhíol aon mhéid is infhaighte mar íocaíocht ina leith, agus

[EN]

(b) measfar, i ndáil le haon seirbhísí den sórt sin a rinneadh do dhuine nach gcónaíonn sa Stát, gur onnmhairigh an chuideachta earraí as an Stát agus measfar gur méid is infhaighte aici ó dhíol earraí a onnmhairíodh amhlaidh aon íocaíocht is infhaighte aici as na seirbhísí.

[EN]

(2) Aon roghnú a dhéanfar faoi fho-alt (1) den alt seo déanfar é trí fhógra i scríbhinn a sheachadfar don chigire agus beidh éifeacht leis maidir le gach tréimhse chuntasaíochta iomchuí a mbeidh faoiseamh faoin gCuid seo á éileamh ina leith ag an gcuideachta a dhéanfaidh an roghnú sin agus beidh éifeacht leis freisin ionann is dá mba roghnú é faoi alt 29 den Acht Airgeadais, 1966 (brabúis ó onnmhairí: faoiseamh ó cháin bhrabús corparáide), nó faoi alt 406 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (seirbhísí monaraíochta áirithe), nó faoin dá alt sin:

[EN]

Ar choinníoll, i gcás a ndearna cuideachta, sula ndearna sí roghnú faoin alt seo, dáileadh do thréimhse chuntasaíochta agus gur mó an creidmheas cánach atá faighteoir an dáilte sin i dteideal a fháil ná an creidmheas cánach a bheadh an faighteoir sin i dteideal a fháil dá mba roimh dháta an dáilte a dhéanfaí an roghnú, go ndéanfar aon fhaoiseamh ó cháin chorparáide ab inlamhála don chuideachta ar dhóigh eile a laghdú méid na breise.

[EN]

(3) I gcás arb éard é ioncam nó cuid d'ioncam aon duine d'aon bhliain mheasúnachta dáileadh a raibh éifeacht ina leith leis an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (2), féadfaidh an duine a éileamh go ndéanfar an cháin ioncaim is inmhuirearaíthe ar a ioncam don bhliain sin a laghdú go dtí an méid ab inmhuirearaithe amhlaidh dá mba rud é gur roimh dháta an dáilte a dhéanfaí an roghnú faoi fho-alt (1).

[EN]

(4) I gcás arb éard é ioncam, nó cuid d'ioncam, infheistíochta frainceáilte cuideachta d'aon tréimhse chuntasaíochta dáileadh a raibh éifeacht ina leith leis an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (2), féadfaidh an chuideachta a éileamh go n-íocfaí léi suim ar cóimhéid leis an méid ar mhó an creidmheas cánach a raibh teideal aici chuige i leith an dáilte ar an dáta a rinneadh an dáileadh thar an gcreidmheas cánach a mbeadh teideal aici chuige i leith an dáilte dá mba gur roimh dháta an dáilte a dhéanfaí an roghnú faoi fho-alt 1:

[EN]

Ar choinníoll, chun críocha alt 15 (4) (costais bhainistí: cuideachtaí infheistíochta), alt 25 (caillteanais etc. a fhritháireamh in aghaidh ioncaim infheistíochta fhrainceáilte) agus alt 26 (caillteanas a tugadh ar aghaidh nó caillteanas foirceannaidh a fhritháireamh: gnólachtaí airgeadais) go ndéileálfar le haon dáileadh den sórt sin a dúradh mar ionannas d'ioncam ar cóimhéid le méid comhiomlán an dáilte sin agus an chreidmheasa cánach a mbeadh teideal ag an gcuideachta chucu dá mba roimh dháta an dáilte a dhéanfaí an roghnú faoi fho-alt (1).

[EN]

(5) Beidh éifeacht le roghnú faoi alt 29 den Acht Airgeadais, 1966, nó faoi alt 406 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ionann is dá mba roghnú faoi fho-alt (1) é.

[EN]

(6) Féadfaidh an cigire trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar chuideachta a éileoidh faoiseamh ó cháin de bhua fho-alt (1) cibé eolas nó sonraí a thabhairt dó is gá chun éifeacht a thabhairt don fho-alt sin agus beidh éifeacht le halt 58 (1) (3) ionann is dá mbeadh ar áireamh na n-ábhar a gceanglaíonn sé cruthúnas a thabhairt orthu an t-eolas nó na sonraí a bheidh sonraithe i bhfógra faoin bhfo-alt seo.

[EN]

Faoiseamh do sheirbhísí innealtóireachta i ndáil le hoibreacha lasmuigh den Stát.

60.—(1) San alt seo ciallaíonn “seirbhísí innealtóireachta” seirbhísí deartha agus pleanála ar sa Stát a sheoltar an obair á ndéanamh i ndáil le hoibreacha innealtóireachta ceimice, sibhialta, leictreachais nó meicnice a dhéantar lasmuigh den Stát.

[EN]

(2) I gcás cuideachta a bheith ag seoladh trádála arb éard í nó ar cuid di seirbhísí innealtóireachta a dhéanamh do dhuine eile agus go ndéantar na seirbhísí sin go léir nó cuid díobh do dhuine nach gcónaíonn sa Stát, beidh feidhm chun críocha faoisimh faoin gCuid seo ag na forálacha seo a leanas, má roghnaíonn an chuideachta sin—

[EN]

(a) measfar gur monarú earraí na seirbhísí sin a dhéanamh agus measfar gur méid is infhaighte ó earraí a dhíol aon mhéid is infhaighte mar íocaíocht as na seirbhísí sin a dhéanamh, agus

[EN]

(b) i gcás ar do dhuine nach gcónaíonn sa Stát a rinneadh na seirbhísí sin, measfar gur onnmhairigh an chuideachta earraí as an Stát agus measfar gur méid is infhaighte ó dhíol earraí a onnmhairíodh amhlaidh aon íocaíocht is infhaighte ag an gcuideachta as na seirbhísí.

[EN]

(3) Is trí fhógra i scríbhinn a sheachadfar don chigire a dhéanfar aon roghnú faoi fho-alt (2) agus beidh éifeacht leis an roghnú sin maidir le gach tréimhse chuntasaíochta iomchuí a mbeidh éileamh ar fhaoiseamh ina leith faoin gCuid seo déanta ag an gcuideachta a rinne an roghnú agus beidh éifeacht leis freisin ionann is dá mba roghnú é faoi alt 34 den Acht Airgeadais, 1968 (faoiseamh ar sheirbhísí innealtóireachta i leith oibreacha lasmuigh den Stát).

[EN]

(4) Beidh éifeacht le roghnú faoi alt 34 den Acht Airgeadais, 1968, ionann is dá mba roghnú é faoi fho-alt (2).

[EN]

(5) Féadfaidh an cigire trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar chuideachta a éileoidh faoiseamh ó cháin de bhua fho-alt (2) cibé eolas nó sonraí a thabhairt dó is gá chun éifeacht a thabhairt don fho-alt sin, agus beidh éifeacht le halt 58 (1) (3) ionann is dá mbeadh ar áireamh na n-ábhar a gceanglaíonn sé cruthúnas a thabhairt orthu an t-eolas nó na sonraí a bheidh sonraithe i bhfógra faoin bhfo-alt seo.

[EN]

Coigeartú ar mhéideanna áirithe.

61.—(1) I gcás a n-éileoidh cuideachta faoiseamh de bhua na Coda seo agus gur dealraitheach don chigire, i gcás earraí de chineál áirithe, go ndéanann sé difear don chóngas idir an méid ab infhaighte ó earraí a onnmhairíodh a dhíol in aon tréimhse agus an méid ab infhaighte ó earraí nár onnmhairíodh a dhíol sa tréimhse sin gur íoc an chuideachta aon dleacht i leith na n-earraí nó i leith na n-ábhar a úsáideadh á monarú, feidhmeoidh an cigire fo-alt (2) nó (3), cibé acu is iomchuí leis, chun an méid a ríomh ab infhaighte ó na hearraí sin a dhíol sa tréimhse sin, agus ríomhfar dá réir sin aon fhaoiseamh don chuideachta faoi threoir earraí a dhíol sa tréimhse sin.

[EN]

(2) (a) Measfar méid ab infhaighte ó earraí a onnmhairíodh as an Stát a dhíol a bheith méadaithe de mhéid aon aistarraingthe, lacáiste nó aisíoca dleachta, ba dhleacht ab iníoctha sa Stát, a fuair an chuideachta i leith na n-earraí sin agus a bheith laghdaithe de mhéid aon dleachta a d'íoc an chuideachta in aon chríoch lasmuigh den Stát i leith allmhairiú na n-earraí sin isteach sa chríoch sin.

[EN]

(b) Measfar méid ab infhaighte ó earraí nár onnmhairíodh a dhíol a bheith méadaithe de mhéid aon lacáiste nó aisíoca dleachta, ba dhleacht ab iníoctha sa Stát, a fuair an chuideachta i leith na n-earraí sin.

[EN]

(3) (a) Measfar méid ab infhaighte ó earraí a onnmhairíodh as an Stát a dhíol a bheith laghdaithe de mhéid aon dleachta a d'íoc an chuideachta in aon chríoch lasmuigh den Stát i leith allmhairiú na n-earraí sin isteach sa chríoch sin.

[EN]

(b) Measfar méid ab infhaighte ó earraí nár onnmhairíodh a dhíol a bheith laghdaithe de mhéid aon dleachta, ba dhleacht ab iníochta sa Stát, a d'íoc an chuideachta i leith na n-earraí sin.

[EN]

(4) Féadfaidh an cigire trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar an gcuideachta cibé eolas nó sonraí a thabhairt dó is gá chun éifeacht a thabhairt don alt seo, agus beidh éifeacht le halt 58 (1) (3) ionann is dá mbeadh ar áireamh na n-ábhar a gceanglaíonn sé cruthúnas a thabhairt orthu an t-eolas nó na sonraí a bheidh sonraithe i bhfógra faoin bhfo-alt seo.

[EN]

(5) I gcás arb é a bheidh i dtréimhse chuntasaíochta cuideachta cuid de thréimhse chuntais na cuideachta, is é a bheidh, chun críocha an ailt seo, i méid aon dleachta agus i méid aon aistarraingthe, lacáiste nó aisíoca dleachta, cibé suim a mbeidh idir í agus na méideanna sin don tréimhse chuntais an chomhréir chéanna a bheidh idir fad na tréimhse cuntasaíochta agus fad na tréimhse cuntais.

[EN]

Idirbhearta idir daoine comhlachaithe agus cuideachta a thiocfaidh i gcomharbas ar thrádáil cuideachta eile.

62.—(1) I gcás a gceannóidh cuideachta a éilíonn faoiseamh faoin gCuid seo (dá ngairtear an ceannaitheoir anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) ó dhuine eile (dá ngairtear an díoltóir anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) agus—

[EN]

(a) go mbeidh rialú ag an díoltóir ar an gceannaitheoir nó, i gcás ar cuideachta nó comhpháirtíocht an díoltóir, go mbeidh rialú ag an gceannaitheoir ar an díoltóir nó go mbeidh rialú ag duine éigin eile ar an díoltóir agus ar an gceannaitheoir freisin, agus

[EN]

(b) gur lú an praghas san idirbheart ná an praghas a bhféadfadh súil a bheith leis dá mba pháirtithe neamhspleácha ag déileáil ar neamhthuilleamaí na páirtithe san idirbheart.

[EN]

ansin, déanfar an t-ioncam de chuid an cheannaitheora is inchurtha i leith díolachán a ríomh chun críocha na Coda seo ionann is dá mba é a bhí sa phraghas san idirbheart an praghas a bheadh ann dá mba idirbheart idir daoine neamhspleácha ag déileáil mar a dúradh an t-idirbheart.

[EN]

(2) San alt seo tá le “rialú” an bhrí a shanntar dó le halt 158.

[EN]

(3) I gcás a dtiocfaidh cuideachta (dá ngairtear an chuideachta chomharbais anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) i gcomharbas ar thrádáil nó ar chuid de thrádáil a bhí, an 6ú lá d'Aibreán, 1960, nó dá éis, á seoladh ag cuideachta eile (dá ngairtear an chuideachta bhunaidh anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) agus go ndearna an chuideachta bhunaidh éileamh, nó go bhféadfadh sí éileamh a dhéanamh, ar fhaoiseamh faoin gCuid seo nó faoi Chaibidil IV de Chuid XXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ansin, a mhéid a bhainfidh an faoiseamh sin leis an trádáil áirithe nó leis an gcuid den trádáil sin, ní thabharfar faoiseamh don chuideachta chomharbais ach amháin i leith a mbeidh fágtha de na tréimhsí cuntasaíochta iomchuí a bhféadfadh an chuideachta bhunaidh an faoiseamh sin a éileamh ina leith dá mba rud é gur lean sí uirthi ag seoladh na trádála sin nó na coda sin den trádáil sin.

[EN]

(4) Féadfaidh an cigire trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar an gcuideachta cibé eolas nó sonraí a thabhairt dó is gá chun críocha an ailt seo, agus beidh éifeacht le halt 58 (1) (3) ionann is dá mbeadh ar áireamh na n-ábhar a gceanglaíonn sé cruthúnas a thabhairt orthu an t-eolas nó na sonraí a bheidh sonraithe i bhfógra faoin bhfo-alt seo.

[EN]

(5) I gcás an n-éileoidh cuideachta faoiseamh faoin gCuid seo seachas de bhua forálacha alt 54 (3), ní bheidh éifeacht leis na forálacha sin roimhe seo den alt seo ach amháin maidir le hidirbhearta agus comharbais a tharla nó a tharlóidh tar éis an 19ú lá d'Aibreán, 1961.

[EN]

Doiciméid agus taifid a thabhairt ar aird.

63.—(1) Ar oifigeach údaraithe á iarraidh sin air in aon áitreabh le cuideachta a éilíonn faoiseamh faoin gCuid seo, tabharfaidh aon duine a bheidh ar fostú ag an gcuideachta san áitreabh ar aird don oifigeach údaraithe na sonraisc, na cuntais, na leabhair agus na doiciméid agus na taifid eile go léir a bhainfidh le ceannach agus díol earraí ag an gcuideachta agus a bheidh faoina chumhacht, ina sheilbh nó ar fáil ag an duine sin, agus, ar iad a thabhairt ar aird, ceadóidh sé don oifigeach údaraithe iad a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu.

[EN]

(2) Mura ndéanfaidh duine a ndéanfar iarratas air faoi fho-alt (1) ceanglais an fho-ailt sin a chomhlíonadh, dlífear pionós £100 a chur air.

[EN]

(3) Féadfar, gan dochar d'aon mhodh eile gnóthaithe, imeachtaí a thionscnamh i leith na bpionós go léir faoin alt seo agus iad a ghnóthú go hachomair mar a dhéanfaí in imeachtaí achomaire chun aon fhíneáil nó pionós faoi aon Acht a bhaineann leis an mál a ghnóthú.

[EN]

(4) I gcás a n-iarrfaidh oifigeach údaraithe, de bhun an ailt seo, aon doiciméid nó taifid a thabhairt ar aird, déanfaidh sé, nuair a iarrfar sin air, a údarás chun críocha an ailt seo a thaispeáint don duine lena mbaineann.

[EN]

(5) San alt seo ciallaíonn “oifigeach údaraithe” oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh údaraithe i scríbhinn acu chun críocha an ailt seo.

[EN]

Dáiltí.

64.—(1) Baineann an t-alt seo le dáileadh (dá ngairtear dáileadh iomchuí anseo ina dhiaidh seo san alt seo) a rinne, nó a mheastar a rinne, cuideachta do thréimhse chuntasaíochta go hiomlán nó go páirteach—

[EN]

(a) as ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin a ndearnadh an cháin chorparáide ina leith a laghdú faoin gCuid seo, nó

[EN]

(b) as dáileadh nó dáiltí a fuair an chuideachta sa tréimhse chuntasaíochta sin agus a ndearnadh an creidmheas cánach ina leith a chinneadh de réir an ailt seo.

[EN]

(2) I gcás a ndearna cuideachta, nó a meastar go ndearna sí, chun críocha an ailt seo, dáileadh iomchuí do thréimhse chuntasaíochta, is é a bheidh sa chreidmheas cánach a mbeidh faighteoir an dáilte iomchuí ina theideal ina leith méid a dhéanfar amach trí

chodán arna chinneadh de réir na foirmle

A+B

___

C

a fheidhmiú ar

[EN]

mhéid an dáilte iomchuí

[EN]

i gcás—

[EN]

arb é A méid a dhéanfar amach tríd an gcodán

    D     

_______

100-D

a a fheidhmiú ar mhéid ioncaim indáilte

[EN]

na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta, gan dáiltí a fuair an chuideachta sa tréimhse sin a áireamh, i gcás arb é D an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain mheasúnachta ina ndearnadh an dáileadh iomchuí arna laghdú i gcomhréir leis an laghdú faoi alt 58 ar dhliteanas na cuideachta i leith cánach corparáide ar a hioncam don tréimhse chuntasaíochta, faoi réir mhír (c) den choinníoll a ghabhann le halt 182 (3) (faoiseamh eatramhach do chaillteanais chánach ioncaim, etc.) agus mhír (iii) den choinníoll a ghabhann le halt 184 (3) (faoiseamh i leith caillteanas cánach brabús corparáide),

[EN]

arb é B comhiomlán na gcreidmheasaí cánach maidir leis an méid dá dtagraítear i bhfo-alt (4) (b), agus

[EN]

arb é C méid ioncaim indáilte na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta.

[EN]

(3) Chun críocha an ailt seo—

[EN]

(a) i gcás ar mó méid iomlán na ndáiltí a rinne cuideachta do thréimhse chuntasaíochta ná ioncam indáilte na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin, measfar, chun críocha an ailt seo, gur dáileadh don tréimhse chuntasaíochta díreach roimhe sin an bhreis;

[EN]

(b) i gcás ar mó méid iomlán na ndáiltí a rinne nó a mheastar faoi mhír (a) a rinne cuideachta don tréimhse chuntasaíochta díreach roimhe sin ná ioncam indáilte na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin, measfar gur dáileadh don tréimhse chuntasaíochta díreach roimhe sin an bhreis, agus mar sin de.

[EN]

(c) i gcás ar mó méid iomlán na ndáiltí a rinneadh nó a mheastar faoin bhfo-alt seo a rinneadh don chéad tréimhse chuntasaíochta ar tháinig an chuideachta faoi réim cánach corparáide ina leith ná ioncam indáilte na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin—

[EN]

(i) measfar gur dáileadh an bhreis do thréimhse chuntais na cuideachta a chríochnaigh ar an dáta cuntasaíochta deiridh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1975, nó, mura raibh aon tréimhse chuntais den sórt sin ann, measfar gur dáileadh í don bhliain dar chríoch an 5ú lá d'Aibreán, 1976, agus

[EN]

(ii) is é an creidmheas cánach i leith na breise a mheasfar amhlaidh méid is ionann agus méid na cánach ioncaim a bheadh an chuideachta i dteideal, faoi alt 410 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a bhaint as díbhinn arb é a bheadh inti tar éis an cháin sin a asbhaint cóimhéid na breise agus chun na críche sin toimhdeofar gur íocadh an díbhinn an 5ú lá d'Aibreán, 1976, agus gur dhíbhinn í in aghaidh na tréimhse cuntais sin nó na bliana sin dar chríoch an 5ú lá d'Aibreán, 1976, de réir mar a bheidh.

[EN]

(4) Chun críocha an ailt seo is é ioncam indáilte cuideachta do thréimhse chuntasaíochta comhiomlán na méideanna seo a leanas—

[EN]

(a) ioncam na cuideachta ar ar muirearaíodh cáin chorparáide don tréimhse chuntasaíochta mar a shainítear in alt 28 (8) lúide méid na cánach corparáide ab iníoctha ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta is inchurtha i leith an ioncaim sin, agus

[EN]

(b) méid is ionann agus na dáiltí a fuair an chuideachta sa tréimhse chuntasaíochta agus a bhí ar áireamh ina hioncam infheistíochta frainceáilte don tréimhse chuntasaíochta seachas ioncam infheistíochta frainceáilte ar tugadh faoiseamh ina leith faoi alt 15 (4), 25 nó 26, agus is faoiseamh nár tarraingíodh siar ina dhiaidh sin faoi fhorálacha na n-alt sin.

[EN]

(5) I gcás nach tréimhse chuntasaíochta tréimhse chuntais a ndearna cuideachta dáileadh di nó ina leith agus gur cuid de thréimhse chuntasaíochta cuid den tréimhse chuntais, is ionann an chomhréir den dáileadh a ndéileálfar leis chun críocha an ailt seo mar chomhréir don tréimhse chuntasaíochta nó ina leith agus an chomhréir idir an chuid sin den tréimhse chuntais agus iomlán na tréimhse sin.

[EN]

(6) I gcás cuideachta do dhéanamh dáileadh nach bhfuil sé sainráite gur do thréimhse shonraithe ná ina leith é, déileálfar leis an dáileadh chun críocha an ailt seo mar dháileadh a rinneadh don tréimhse chuntasaíochta ina ndearnadh é.

[EN]

(7) I gcás díbhinn ar baineadh cáin ioncaim aisti faoi alt 456 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a bheith ar áireamh ioncaim cuideachta do thréimhse chuntasaíochta, ansin, chun críocha an ailt seo, measfar gurb ionann an méid cánach a asbhaineadh amhlaidh agus creidmheas cánach i leith dáilte ar cóimhéid leis an díbhinn arna laghdú méid na cánach a asbhaineadh amhlaidh.

(8) I ndáil le dáileadh iomchuí (seachas dáileadh forlíontach faoi alt 65), beidh feidhm ag alt 5 (barántais díbhinne) agus ag alt 83 (5) (Sceideal F) ionas go dtaispeánfaídh na ráitis dá ndéantar socrú leis na hailt sin, i dteannta na sonraí a bheidh le tabhairt ar leith ón alt seo, méid an chreidmheasa cánach a mbeadh feidhm aige maidir leis an dáileadh dá mba nár dháileadh iomchuí é.

(9) Féadfaidh an cigire trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar chuideachta cibé eolas nó sonraí a thabhairt dó is gá chun críocha an ailt seo agus mura ndéanfaidh an chuideachta de réir cheanglais an fhógra dlífear pionós £100 a chur uirthi.

[EN]

Díbhinní agus dáiltí eile de réir ráta chomhláin nó de mhéid comhlán.

65.—(1) I gcás cuideachta do dhéanamh dáileadh maidir le haon cheart nó oibleagáid lena mbaineann alt 178 (díbhinní de réir ráta chomhláin nó de mhéid comhlán) agus go ndéantar an creidmheas cánach maidir leis an dáileadh sin a ríomh de réir alt 64, ansin, déanfaidh an chuideachta dáileadh forlíontach ar cóimhéid leis an mbreis a bheidh ag méid an chreidmheasa cánach ag a mbeadh feidhm i ndáil leis an dáileadh dá mba nár achtaíodh alt 64 ar mhéid an chreidmheasa cánach a bhaineann, de réir an ailt sin 64, leis an dáileadh, agus measfar, maidir leis an duine a ndearnadh an dáileadh agus an dáileadh forlíontach chuige, dáileadh amháin, arbh éard é comhiomlán an dáilte agus an dáilte fhorlíontaigh, a bheith faighte aige.

[EN]

(2) D'ainneoin forálacha alt 88 ní bheidh faighteoir dáilte fhorlíontaigh faoi fho-alt (1) i dteideal creidmheas cánach a fháil ina leith.

[EN]

(3) I ndáil le haon dáileadh forlíontach de réir brí fho-alt (1), bainfidh alt 5 leis an gcuideachta ionas go dtaispeánfaidh an ráiteas a cheanglaítear leis an alt sin, i dteannta na sonraí a cheanglaítear a thabhairt ar leith ón alt seo, méid leithleach an dáilte fhorlíontaigh sin.

[EN]

Eifeacht laghdú creidmheasa cánach.

66.—(1) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear do mhéid ioncaim chun críocha Sceideal F arb ionannas dó dáileadh.

[EN]

(2) San alt seo is é a bheidh sa méid a dtabharfar faoiseamh ina leith do bhliain mheasúnachta i ndáil le pearsa aonair méid arna chinneadh de réir na foirmle

A -

B × 100

______

C

[EN]

i gcás—

[EN]

arb é A an comhiomlán ioncaim a bhfuil an phearsa aonair inmhuirearaithe ina leith faoi Sceideal F don bhliain mheasúnachta sin i ndáil le dáiltí lena mbaineann alt 64,

[EN]

arb é B comhiomlán na gcreidmheasaí cánach atá ar áireamh sa mhéid dá dtagraítear ag A, agus

[EN]

arb é C an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain mheasúnachta.

[EN]

(3) (a) Pearsa aonair a mbeidh ar áireamh a ioncaim do bhliain mheasúnachta dáileadh nó dáiltí (dá ngairtear an dáileadh sin nó na dáiltí sin san fho-alt seo) lena mbaineann alt 64 measúnófar agus muirearófar cáin air ionann is—

[EN]

(i) dá mba é an méid ar tugadh faoiseamh ina leith an chuid ab airde dá ioncam, agus

[EN]

(ii) dá mba í an bhreis (dá ngairtear an bhreis sin san alt seo) den méid ioncaim arb ionannas dó an dáileadh sin (nó comhiomlán na ndáiltí sin de réir mar a bheidh) ar an méid ar tugadh faoiseamh ina leith an chéad chuid eile ab airde dá ioncam.

[EN]

(b) D'ainneoin forálacha alt 64, is é méid iomlán na gcreidmheasaí cánach a bhféadfaidh pearsa aonair, de bhua alt 88, a éileamh go ndéanfaí íad a fhritháireamh in aghaidh na cánach a muirearaíodh ar a ioncam nó a íoc leis—

[EN]

(i) i ndáil leis an oiread sin den méid ar tugadh faoiseamh ina leith ar ar muirearaíodh cáin de réir ráta nó rátaí ab airde ná an ráta laghdaithe cóimhéid na cánach a muirearaíodh amhlaidh,

[EN]

(ii) i ndáil leis an gcuid sin den bhreis sin ar ar muirearaíodh cáin de réir ráta nó rátaí ab airde ná an ráta laghdaithe suim ar cóimhéid le cáin ioncaim de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain mheasúnachta ina ndearnadh an dáileadh ar an gcuid sin den bhreis sin,

[EN]

(iii) i ndáil leis an oiread sin dá ioncam darb ionannas an dáileadh sin (nó comhiomlán na ndáiltí sin de réir mar a bheidh) ar ar muirearaíodh cáin de réir an ráta laghdaithe cáin de réir an ráta laghdaithe ar an méid a muirearaíodh amhlaidh mar aon le cáin ar an méid céanna de réir ráta

faoin gcéad ar cóimhéid le

D × E

_____

F

[EN]

i gcás—

[EN]

arb é D an difríocht idir an ráta caighdeánach faoin gcéad agus an ráta laghdaithe faoin gcéad don bhliain mheasúnachta agus chun na críche sin ciallaíonn “an ráta laghdaithe faoin gcéad” do bhliain mheasúnachta 26 i gcás ar 26 faoin gcéad an ráta laghdaithe don bhliain sin agus mar an gcéanna maidir leis an ráta laghdaithe faoin gcéad do bhliain mheasúnachta ar ráta seachas 26 faoin gcéad an ráta laghdaithe di,

[EN]

arb é E an ráta feidhme faoin gcéad don bhliain

[EN]

mheasúnachta, agus chun na críche sin ciallaíonn “an ráta feidhme faoin gcéad” do bhliain mheasúnachta méid arna chinneadh de réir na foirmle

B ×

A

___

100

[EN]

i gcás an bhrí chéanna a bheith le A agus le B atá leo i bhfo-alt (2), agus

[EN]

arb é F an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain mheasúnachta, agus

(iv) i ndáil leis an oiread sin dá ioncam darb ionannas an dáileadh sin (nó comhiomlán na ndáiltí sin de réir mar a bheidh) nach bhfuil ar áireamh ina ioncam inchánach cuid chomhréireach den chreidmheas cánach a bhaineann faoi alt 64 leis an dáileadh sin (nó, de réir mar a bheidh, cuid chomhréireach de chomhiomlán na gcreidmheasaí cánach a bhaineann faoi alt 64 leis na dáiltí sin).

[EN]

Dáiltí chun pearsana aonair neamhchónaitheacha.

67.—I gcás a n-áireofar d'aon bhliain mheasúnachta ar ioncam pearsa aonair nach gcónaíonn sa Stát an bhliain sin méid i leith dáileadh lena mbaineann alt 64, measfar an dáileadh a bheith in ionannas ioncam is ionann agus méid arna chinneadh de réir na foirmle

A ×

100

____

B

[EN]

i gcás—

[EN]

arb é A méid an chreidmheasa cánach a mbeadh an phearsa aonair ina theideal i leith an dáilte dá mbeadh cónaí air sa Stát an bhliain mheasúnachta, agus

[EN]

arb é B an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain mheasúnachta sin.

[EN]

Achomhairc.

68.—Féadfar achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc ar aon cheist faoin gCuid seo mar a d'fhéadfaí achomharc a dhéanamh in aghaidh measúnacht cánach corparáide agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag na foráiacha den Acht seo a bhaineann le hachomhairc.

CUID V

Brabúis ó Thrádáil in Aerfort na Sionna

[EN]

Mínithe.

69.—Sa Chuid seo—

[EN]

tá le “an t-aerfort” an bhrí chéanna atá leis san Acht Aerphoirt Neamhchustam, 1947;

[EN]

ciallaíonn “cuideachta” aon chuideachta a sheolann trádáil;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Airgeadais.

[EN]

Oibríochtaí trádála díolmhaithe.

70.—(1) San alt seo ciallaíonn “cuideachta cháilithe” cuideachta ar san aerfort a sheoltar a trádáil go léir nó cuid dá trádáil.

[EN]

(2) Faoi réir fho-ailt (5) agus (6), féadfaidh an tAire deimhniú a thabhairt á dheimhniú gur oibríochtaí trádála díolmhaithe chun críocha na Coda seo, le héifeacht amhail ó dháta a dtosaithe, na hoibríochtaí trádála sin de chuid cuideachta cáilithe a shonrófar sa deimhniú, agus fanfaidh aon deimhniú a thabharfar amhlaidh i bhfeidhm go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1990, mura gcúlghairfear é faoi fho-alt (4):

[EN]

Ar choinníoll i gcás deimhniú a bheith tugtha ag an Aire faoi alt 3 (2) den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1958, nó faoin alt sin 3 (2) agus faoi alt 374 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (oibríochtaí trádála díolmhaithe), go mbeidh éifeacht leis an deimhniú sin, go dtí go gcúlghairfear é, ionann is dá mba dheimhniú é a tugadh faoin alt seo.

[EN]

(3) Féadfar deimhniú faoi fho-alt (2) a thabhairt gan aon choinníollacha nó faoi réir cibé coinníollacha is cuí leis an Aire agus a shonróidh sé ann.

[EN]

(4) Má tharlaíonn, i gcás cuideachta a mbeidh deimhniú faoi fho-alt (2) tugtha i ndáil léi—

[EN]

(a) go scoirfear de thrádáil na cuideachta nó go dtarlóidh sé gur lasmuigh den aerfort a bheifear ag seoladh na trádála sin go léir, nó

[EN]

(b) gur deimhin leis an Aire aon choinníoll áirithe ar ar tugadh an deimhniú a bheith gan chomhlíonadh ag an gcuideachta.

[EN]

féadfaidh an tAire, trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar leis an bpost cláraithe ar an gcuideachta, an deimhniú a chúlghairm.

[EN]

(5) Ní dheimhneoidh an tAire, faoi fho-alt (2), gur oibríocht trádála dhíolmhaithe oibríocht trádála mura de cheann amháin nó níos mó de na cineálacha oibríochtaí trádála seo a leanas í—

[EN]

(a) díol earraí a onnmhairíodh, nó a onnmhaireofar, as an Stát ag an gcuideachta cháilithe (ag gníomhú di mar phríomhaí nó mar ghníomhaire), is earraí a táirgeadh, a monaraíodh nó a próiseáladh san aerfort ag an gcuideachta cháilithe.

[EN]

(b) díol earraí a onnmhairíodh, nó a onnmhaireofar, as an Stát ag an gcuideachta cháilithe, is earraí a allmhairíodh isteach sa Stát agus a pacáistíodh nó a láimhsíodh san aerfort ag an gcuideachta cháilithe,

[EN]

(c) aerárthaí a dheisiú nó a chothabháil san aerfort,

[EN]

(d) seirbhísí lena ngabhann úsáid aerárthaí nó aeriompair a dhéanamh san aerfort nó lasmuigh den Stát,

[EN]

(e) oibríochtaí trádála eile ar dóigh leis an Aire, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Iompair agus Cumhachta, go gcabhraíonn siad le húsáid nó forbairt an aerfoirt,

[EN]

(f) oibríochtaí trádála is oibríochtaí cumhalda i ndáil le haon oibríocht dá dtuairiscítear sna míreanna sin roimhe seo den fho-alt seo.

[EN]

(6) Ní dheimhneoidh an tAire, faoi fho-alt (2), gur oibríocht trádála dhíolmhaithe aon oibríocht trádála acu seo a leanas—

[EN]

(a) díol earraí a tugadh, nó a thabharfar, ón aerfort isteach in aon chuid eile den Stát ar shlí seachas i gcúrsa a n-onnmhairithe as an Stát,

[EN]

(b) seirbhísí a dhéanamh do dhaoine a chónaíonn sa Stát lasmuigh den aerfort,

[EN]

(c) earraí a tháirgeadh nó a mhonarú lasmuigh den aerfort,

[EN]

(d) seirbhís aeriompair a oibriú seachas seirbhís aeriompair—

[EN]

(i) a oibrítear idir an t-aerfort agus áit lasmuigh den Stát, agus

[EN]

(ii) nach n-oibrítear amhlaidh faoi chomhaontú déthaobhach idirnáisiúnta ar páirtí ann an Rialtas,

[EN]

(e) seirbhísí a dhéanamh sa Stát—

[EN]

(i) do phaisinéirí a rachaidh ar bord nó a thiocfaidh ó bhord aerárthaí, lena n-áirítear seirbhísí óstán, seirbhísí bia agus dí, seirbhísí sóinseála airgid nó iompair (seachas seirbhísí aeriompair), nó

[EN]

(ii) i ndáil le tuirlingt, imeacht, luchtú nó díluchtú aerárthaí,

[EN]

(f) earraí a dhíol ar mionreic,

[EN]

(g) earraí inchaite a dhíol mar bhreosla aerárthaí nó le loingsiú mar stórais aerárthaí.

[EN]

Ní áireofar ioncam ná caillteanais i gcás oibríochtaí trádála díolmhaithe.

71.—(1) Ní dhéanfar, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt, ioncam ná caillteanais de dhroim oibríochtaí trádála díolmhaithe a chur i gcuntas chun aon chríche de chuid an Achta seo i ndáil leis an gcuideachta a sheolann na hoibríochtaí sin.

[EN]

(2) I gcás ar oibríochtaí díolmhaithe cuid, agus ar oibríochtaí trádála eile cuid, den trádáil a sheolann cuideachta, déanfar méid an ioncaim nó na gcaillteanas de dhroim na n-oibríochtaí trádála eile sin a ríomh, chun aon chríche de chuid an Achta seo, mar a ríomhfaí é chun na críche sin dá mbeadh dhá trádáil ar leithligh á seoladh ag an gcuideachta arbh éard iad faoi seach na hoibríochtaí trádála díolmhaithe agus na hoibríochtaí trádála eile.

[EN]

Idirbhearta idir daoine comhlachaithe.

72.—(1) Má tharlaíonn, i gcúrsa oibríochtaí trádála díolmhaithe, go gceannóidh an chuideachta a bheidh ag seoladh na n-oibríochtaí (dá ngairtear an ceannaitheoir ina dhiaidh seo san fho-alt seo) earraí ó dhuine eile (dá ngairtear an díoltóir ina dhiaidh seo san fho-alt seo) agus—

[EN]

(a) go mbeidh rialú ag an díoltóir ar an gceannaitheoir nó, i gcás ar comhlacht corpraithe nó comhpháirtíocht an díoltóir, go mbeidh rialú ag an gceannaitheoir ar an díoltóir nó go mbeidh rialú ag duine éigin eile ar an díoltóir agus ar an gceannaitheoir freisin, agus

[EN]

(b) gur lú an praghas ar a ndíolfar na hearraí ná an praghas ba dhóigh a gheofaí orthu dá mba pháirtithe neamhspleácha ag déileáil ar neamhthuilleamaí na páirtithe san idirbheart,

[EN]

ansin, déanfar ioncam nó caillteanais an díoltóra a ríomh, chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach, ionann is dá ndíolfaí na hearraí ar an bpraghas a gheofaí orthu dá mba idirbheart idir daoine neamhspleácha ag déileáil mar a dúradh an t-idirbheart.

[EN]

(2) San alt seo tá le “rialú” an bhrí a shanntar dó le halt 158.

[EN]

Ráitis a sheachadadh, etc.

73.—I gcás a mbeidh deimhniú tugtha ag an Aire faoi alt 70 (2) nó faoi na hailt a luaitear sa choinníoll a ghabhann leis an alt sin—

[EN]

(a) na forálacha sin de chuid na nAchtanna Cánach a bhaineann le ráitis nó tuairisceáin ar bhrabúis a thabhairt, leanfaidh siad d'éifeacht a bheith leo i ndáil leis an gcuideachta lena mbainfidh ionann is dá mbeifí gan an deimhniú a thabhairt, agus

[EN]

(b) féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar an gcuideachta lena mbainfidh cibé cuntais agus sonraí eile is dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim is gá chun críocha na Coda seo a thabhairt dóibh laistigh de cibé tréimhse a ordóidh siad.

[EN]

Eisceadh ó Chuid IV.

74.—D'ainneoin aon ní i gCuid IV (Brabúis ó Earraí Airithe a Onnmhairiú), ní chuirfear i gcuntas chun aon chríche de chuid na Coda sin aon mhéid is infhaighte ó earraí a dhíol a onnmhairíodh as an Stát i gcúrsa oibríochtaí trádála díolmhaithe.

[EN]

Liúntais chaipitiúla a laghdú.

75.—I gcás ar oibríochtaí trádála díolmhaithe cuid, agus ar oibríochtaí trádála eile cuid, den trádáil a sheolann cuideachta, déanfar méid aon liúntas caipitiúil, a mbeadh teideal ag an gcuideachta chuige mura mbeadh an t-alt seo, a laghdú cibé méid, más aon mhéid é, is dóigh leis na Coimisinéirí Achomhairc a bheith cóir ag féachaint d'alt 71.

[EN]

Dáiltí.

76.—(1) I gcás a ndéanfaidh comhlacht corpraithe dáileadh do thréimhse chuntasaíochta go páirteach as ioncam ó oibríochtaí trádála díolmhaithe agus go páirteach as brabúis eile, déileálfar leis an dáileadh ionann is dá mba dhá dháileadh é a rinneadh faoi seach as oibríochtaí trádála díolmhaithe agus as brabúis eile.

[EN]

(2) (a) Maidir leis an oiread sin d'aon dáileadh a rinneadh as ioncam ó oibríochtaí trádála díolmhaithe—

[EN]

(i) ní dhéileálfar leis, faoi réir alt 54 den Acht Airgeadais, 1974 (muirearú cánach i leith díbhinní áirithe a fhaigheann stiúrthóirí agus fostaithe), mar ioncam chun aon chríche de chríocha na nAchtanna Cánach Ioncaim; agus

[EN]

(ii) measfar, chun críocha na Coda seo, i gcás ar comhlacht corpraithe faighteoir an dáilte sin, gur ioncam ó oibríochtaí trádála díolmhaithe é.

[EN]

(b) Ní bheidh faighteoir aon dáilte, lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fho-alt (1) mar dháileadh, a rinneadh as ioncam ó oibríochtaí trádála díolmhaithe i dteideal creidmheasa cánach i leith an dáilte sin.

[EN]

(3) (a) I gcás comhlacht corpraithe do dhéanamh dáilte, lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fho-alt (1) mar dháileadh, maidir le haon cheart nó oibleagáid lena mbaineann alt 178 (díbhinní de réir ráta chomhláin nó de mhéid comhlán) agus gur as ioncam ó oibríochtaí trádála díolmhaithe a rinneadh an dáileadh, déanfaidh an comhlacht corpraithe dáileadh forlíontach ar cóimhéid leis an gcreidmheas cánach a bheadh i bhfeidhm maidir leis an dáileadh dá mba nár achtaíodh fo-alt (2) (b).

[EN]

(b) Bainfidh fo-alt (2) le dáileadh forlíontach faoin bhfo-alt seo ionann is dá mba dháileadh a rinneadh go hiomlán as ioncam ó oibríochtaí trádála díolmhaithe an dáileadh forlíontach sin.

[EN]

(4) I ndáil le haon dáileadh (nach dáileadh forlíontach faoin alt seo), lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fho-alt (1) mar dháileadh, a rinne comhlacht corpraithe as ioncam ó oibríochtaí trádála díolmhaithe, bainfidh alt 5 (barántais díbhinne), agus alt 83 (5) (Sceideal F) leis an gcomhlacht corpraithe ionas go dtaispeánfar sna ráitis dá ndéantar socrú leis na hailt sin, maidir le gach dáileadh den sórt sin, i dteannta na sonraí a cheanglaítear a thabhairt ar leith ón alt seo, gur as ioncam ó oibríochtaí trádála díolmhaithe atá an dáileadh á dhéanamh.

[EN]

(5) I ndáil le haon dáileadh forlíontach faoi fho-alt (3), bainfidh alt 5 leis an gcomhlacht corpraithe ionas go dtaispeánfar sa ráiteas a cheanglaítear a thabhairt leis an alt sin, i dteannta na sonraí a cheanglaítear a thabhairt ar leith ón alt seo, méid leithleach an dáilte fhorlíontaigh sin.

[EN]

(6) I gcás a ndéanfaidh comhlacht corpraithe dáileadh do thréimhse chuntasaíochta, measfar chun críocha an ailt seo gur as ioncam indáilte (mar a shainítear in alt 64 (4)) na tréimhse sin a rinneadh é go feadh méid an ioncaim sin agus i ndáil le breis an dáilte ar an ioncam sin gur as an ioncam is deireanaí a tiomsaíodh a rinneadh é.

[EN]

(7) Beidh feidhm ag alt 64 (5) (6) (dáiltí: creidmheas cánach agus faoiseamh i leith díolacháin onnmhairí) chun críocha an ailt seo mar atá feidhm acu chun críocha an ailt sin.

[EN]

(8) San alt seo folaíonn “brabúis eile” díbhinn nó dáileadh eile de chuid comhlacht corpraithe a chónaíonn sa Stát ach ní fholaíonn sé dáileadh lena mbaineann fo-alt (2) (a) (ii).

[EN]

Socrú do mhuirir ar ioncam.

77.—I gcás muirir ar ioncam, is iníoctha as ioncam ó thrádáil ar oibríochtaí trádála díolmhaithe cuid di agus ar oibríochtaí trádála eile cuid eile di, a bheith íoctha ag cuideachta i dtréimhse chuntasaíoctha, ní dhéileálfar mar mhuirir a íocadh as brabúis ar ar muirearaíodh cáin chorparáide ach leis an gcion de na muirir is iníoctha amhlaidh a mbeidh idir é agus méid iomlán na muirear sin an chomhréir chéanna a bheidh idir an méid d'ioncam na trádála ar ar muirearaíodh cáin iarbhír agus an méid den ioncam sin ar a muirearófaí cáin dá mba nár achtaíodh an Chuid seo.

CUID VI

Cuideachtaí Comhlachaithe: Faoiseamh faoi Chodanna IV agus V

[EN]

Faoiseamh i ndáil le hidirbhearta idir cuideachtaí comhlachaithe.

78.—(1) San alt seo—

[EN]

tá le “an t-aerfort” an bhrí chéanna atá leis san Acht Aerphoirt Neamhchustam, 1947;

[EN]

tá le “cuideachta” an bhrí chéanna atá leis in alt 69 (mínithe);

[EN]

tá le “rialú” an bhrí a shanntar dó le halt 158;

[EN]

ciallaíonn “oibríocht trádála dhíolmhaithe” oibríocht trádála a bhfuil i bhfeidhm ina leith deimhniú a tugadh, roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1967, faoi alt 3 (2) den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1958, nó, ar an dáta sin nó dá éis, faoin alt sin 3 (2) agus faoi alt 374 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó faoi alt 70 (2) (oibríochtaí trádála díolmhaithe) den Acht seo;

[EN]

tá le “earraí” gach áit a bhfuil an focal sin i bhfo-alt (3), an bhrí chéanna atá leis i gCuid IV (Brabúis ó Earraí Airithe a Onnmhairiú):

[EN]

ciallaíonn “oibríocht trádála eile” oibríocht trádála a sheoltar go hiomlán san aerfort seachas oibríocht trádála dhíolmhaithe;

[EN]

tá le “cuideachta cháilithe” an bhrí chéanna atá leis in alt 70 (1).

[EN]

(2) I gcás a ndéanann cuideachta cháilithe (dá ngairtear an díoltóir san fho-alt seo) a sheolann trádáil ar oibríochtaí trádála díolmhaithe cuid di agus ar oibríochtaí trádála eile cuid eile di earraí a dhíol i gcúrsa na n-oibríochtaí trádála eile le cuideachta (dá ngairtear an ceannaitheoir san fho-alt seo) a sheolann trádáil sa Stát go hiomlán lasmuigh den aerfort, agus—

[EN]

(a) gurbh oibríochtaí trádála díolmhaithe na hoibríochtaí trádála eile dá mba gur onnmhairigh an díoltóir na hearraí as an Stát, agus

[EN]

(b) go bhfuil rialú ag an díoltóir ar an gceannaitheoir nó rialú ag an gceannaitheoir ar an díoltóir nó go bhfuil rialú ag duine éigin eile ar an gceannaitheoir agus ar an díoltóir freisin, agus

[EN]

(c) go bhfuil na hearraí leithreasaithe mar stoc trádála de chuid an cheannaitheora, agus

[EN]

(d) go bhfuil na hearraí curtha ag an gceannaitheoir faoi phróiseas monaraithe sa Stát, agus

[EN]

(e) gur deimhin leis an gcigire go ndearna an ceannaitheoir, nó go ndéanfaidh sé, na hearraí a onnmhairiú as an Stát mar chomhpháirteanna d'earraí eile nó ar dhóigh eile, agus

[EN]

(f) gurb éard iad na hoibríochtaí trádála eile go hiomlán díol earraí leis an gceannaitheoir agus gur leis an díoltóir a díoladh aon earraí a dhíol an ceannaitheoir i gcúrsa a thrádála (seachas earraí a onnmhairíodh as an Stát),

[EN]

ní dhéanfar an t-ioncam ná na caillteanais de dhroim na n-oibríochtaí trádála eile a áireamh, d'ainneoin alt 70 (6) (a) nó aon deimhniú faoi alt 70 (2) nó aon deimhniú lena bhfuil, de bhua an choinníll a ghabhann le halt 70 (2), éifeacht ionann is da mba dheimhniú é faoin alt sin 70 (2), mar ioncam nó caillteanais de dhroim oibríochtaí trádála díolmhaithe agus beidh feidhm dá réir sin ag Cuid V (Brabúis ó Thrádáil in Aerfort na Sionna).

[EN]

(3) I gcás a ndéanann cuideachta (dá ngairtear an díoltóir san fho-alt seo) nach cuideachta cháilithe earraí a dhíol le duine (dá ngairtear an ceannaitheoir san fho-alt seo) is cuideachta cháilithe a sheolann trádáil ar oibríochtaí trádála díolmhaithe cuid di agus ar oibríochtaí trádála eile cuid eile di nó is cuideachta a sheolann trádáil sa Stát go hiomlán lasmuigh den aerfort, agus

[EN]

(a) go mbeadh an díoltóir i dteideal faoiseamh a éileamh faoi Chuid IV maidir leis na brabúis ab inchurtha i leith díol na n-earraí dá mba gur onnmhairíodh as an Stát iad, agus

[EN]

(b) go bhfuil rialú ag an díoltóir ar an gceannaitheoir nó rialú ag an gceannaitheoir ar an díoltóir nó go bhfuil rialú ag duine éigin eile ar an gceannaitheoir agus ar an díoltóir freisin, agus

[EN]

(c) go bhfuil na hearraí leithreasaithe mar stoc trádála de chuid an cheannaitheora, agus

[EN]

(d) go bhfuil na hearraí curtha ag an gceannaitheoir faoi phróiseas monaraithe sa Stát, agus

[EN]

(e) gur deimhin leis an gcigire go ndearna an ceannaitheoir, nó go ndéanfaidh sé, na hearraí a onnmhairiú as an Stát mar chomhpháirteanna d'earraí eile nó ar dhóigh éigin eile, agus

[EN]

(f) go ndearnadh aon earraí a dhíol an díoltóir i gcúrsa a thrádála (seachas earraí a onnmhairíodh as an Stát) a dhíol leis an gceannaitheoir agus gur leis an díoltóir a díoladh aon earraí a dhíol an ceannaitheoir i gcúrsa a thrádála (seachas earraí a onnmhairíodh as an Stát),

[EN]

beidh feidhm ag Cuid IV ionann is dá mba gur onnmhairigh an díoltóir na hearraí as an Stát agus, maidir le haon mhéid is infhaighte ag an díoltóir as na hearraí a dhíol leis an gceannaitheoir, measfar gur méid é is infhaighte ó dhíol earraí a onnmhairíodh amhlaidh.

CUID VII

Díolúintí Speisialta

[EN]

Ráta laghdaithe cánach corparáide d'ioncam áirithe.

79.—(1) I gcás a n-áirítear ar bhrabúis cuideachta in aon tréimhse chuntasaíochta aon ioncam lena mbaineann an t-alt seo—

[EN]

(a) déanfar an cháin chorparáide a mhuirearófar ar an ioncam sin don tréimhse chuntasaíochta a ríomh, d'ainneoin forálacha alt 1 (cáin chorparáide a fheidhmiú i gcás cuideachtaí mar mhalairt ar cháin ioncaim agus cáin bhrabús corparáide), ionann is dá mba 35 faoin gcéad an ráta cánach corparáide don bhliain airgeadais 1974 agus do gach bliain airgeadais dá éis sin, agus

[EN]

(b) déanfar neamhshuim den ioncam chun críocha uile alt 28 (dliteanas cuideachtaí beaga i leith cánach corparáide a laghdú).

[EN]

(2) Chun críocha an ailt seo is é ioncam cuideachta do thréimhse chuntasaíochta a hioncam don tréimhse sin mar a shainítear sin in alt 28 chun críocha an ailt sin.

[EN]

(3) Is é an t-ioncam lena mbaineann an t-alt seo—

[EN]

(a) i gcás cuideachta fhóntais phoiblí atá, trí bhrí nó de bhua aon Achta, faoi thoirmeasc, maidir le hiomlán na trádála nó an ghnó a sheolann sí, aon phraghas is airde a bhaint amach nó aon ráta is airde díbhinne a dháileadh seachas an praghas nó an ráta a bheidh údaraithe trí bhrí nó de bhua an Achta sin, aon ioncam de chuid na cuideachta sin;

[EN]

(b) i gcás cuideachta fhóntais phoiblí atá, trí bhrí nó de bhua aon Achta, faoi thoirmeasc, maidir le cuid, agus nach bhfuil faoi thoirmeasc ach maidir le cuid, den trádáil nó den ghnó a sheolann sí, aon phraghas is airde a bhaint amach nó aon ráta is airde díbhinne a dháileadh seachas an praghas nó an díbhinn a bheidh údaraithe trí bhrí nó de bhua an Achta sin, an oiread sin d'ioncam na cuideachta sin a dhíorthaigh ón gcuid sin dá trádáil nó dá gnó lena mbaineann an toirmeasc sin;

[EN]

(c) i gcás cuideachta ar léi leas rialaithe in aon chuideachta fhóntais phoiblí agus a stiúrann bainistíocht na cuideachta sin nó atá i dteideal í a stiúradh, an t-ioncam a fhaigheann an chuideachta chéadluaite sin ón gcuideachta fhóntais phoiblí sin;

[EN]

(d) ioncam Chorparáid an Chairde Thalmhaíochta Teoranta;

[EN]

(e) ioncam cuideachta a sheolann gnóthas iarnróid;

[EN]

(f) ioncam chomhlachas atá cláraithe faoi alt 24 d'Acht na gCuideachtaí, 1963, mar chuideachta faoi dhliteanas teoranta gan an focal “teoranta” lena ainm, fad a bhíonn sé cláraithe amhlaidh;

[EN]

(g) ioncam cuideachta atá bunaithe d'aontoisc chun reiligiún nó oideachas a chur chun cinn agus a dtoirmisceann a meabhrán comhlachais nó a hairteagail chomhlachais aon chuid dá brabúis a dháileadh ar a comhaltaí;

[EN]

(h) ioncam cuideachta a foirmíodh roimh an 4ú lá de Lúnasa, 1920, agus arb éard iad a sócmhainní go hiomlán stoc nó urrúis eile a d'eisigh aon údarás poiblí agus a bhí ar teachtadh roimhe sin ag na daoine a d'fhoirmigh an chuideachta;

[EN]

(i) ioncam cuideachta a dtoirmisceann a cóiriú uirthi aon chuid dá brabúis a dháileadh ar a comhaltaí; agus

[EN]

(j) an oiread sin d'ioncam cuideachta iontaobhais infheistíochta a dhíorthaigh as díbhinní agus as dáiltí eile a fuarthas ó aon chomhlacht corparaithe atá faoi dhliteanas i dTuaisceart Éireann agus sa Bhreatain Mhór i leith na cánach dá ngairtear cáin chorparáide a mhéid a íocadh na díbhinní agus na dáiltí sin as brabúis a d'iompair an cháin sin.

[EN]

(4) San alt seo ciallaíonn “cuideachta fhóntais phoiblí” cuideachta a sheolann gnóthas trambhealaigh, duga nó canála sa Stát.

[EN]

(5) Chun críocha fho-alt (3) (i), measfar cuideachta a bheith faoi thoirmeasc ag a cóiriú aon chuid dá brabúis a dháileadh ar a comhaltaí más rud é, agus amháin más rud é—

[EN]

(a) gur cuideachta í de réir brí Acht na gCuideachtaí, 1963, agus go bhfuil ina meabhrán comhlachais nó ina hairteagail chomhlachais forálacha—

[EN]

(i) a choisceann aon chuid dá brabúis a dháileadh ar a comhaltaí i modh díbhinne, bónais nó ar dhóigh eile, agus

[EN]

(ii) a urraíonn, má bhíonn aon mhaoin de chuid na cuideachta gan diúscairt tar éis fiacha agus dliteanais uile na cuideachta a ghlanadh ar í a fhoirceannadh nó a dhíscaoileadh, nach dtabharfar an mhaoin sin dá comhaltaí ná nach ndáilfear orthu í, ach—

[EN]

(I) go dtabharfar don Aire Airgeadais í chun sochair don Phríomh-Chiste, nó

[EN]

(II) go dtabharfar í do chomhlacht daoine (de réir brí na nAchtanna Cánach Ioncaim) a roghnaigh comhaltaí na cuideachta tráth nó roimh thráth an fhoirceanta nó an díscaoilte réamhráite is comhlacht arb ionann a chuspóirí agus cuspóirí na cuideachta, agus a bhfuil ina chóiriú nó ina rialúcháin eile forálacha a choisceann (an oiread ar a laghad agus a dhéanann na toirmisc dá dtagraítear i ndáil leis an gcuideachta san fhomhír seo agus sna fomhíreanna eile den mhír seo) aon chuid dá ioncam nó dá mhaoin a dháileadh ar a chomhaltaí nó ar a dhílseánaigh, nó

[EN]

(III) go dtabharfar í do chomhlacht daoine (de réir brí na nAchtanna Cánach Ioncaim) nó d'iontaobhas a bunaíodh d'aontoisc chun críocha carthanúla, agus

[EN]

(iii) a urraíonn nach bhféadfar na forálacha réamhráite a athrú ná a scriosadh gan toiliú nó ceadú a fháil roimh ré ón Aire Airgeadais, nó toiliú nó ceadú a fháil roimh ré ó aon Aire Stáit eile a thabharfar tar éis dó comhairle a ghlacadh leis an Aire Airgeadais; nó

[EN]

(b) gur cuideachta í, a bunaíodh le reacht nó faoi reacht (de réir brí alt 3 den Acht Léiriúcháin, 1937) agus atá ainmnithe sa reacht sin, nó a corpraíodh le cairt nó faoi chairt, agus

[EN]

(i) atá coiscthe leis an reacht nó faoin reacht nó leis an gcairt nó faoin gcairt, cibé acu é, ó aon chuid dá brabúis a dháileadh ar a comhaltaí i modh díbhinne. bónais nó eile nó, mura bhfuil sí coiscthe amhlaidh, nach bhfuil údaraithe leis an reacht nó faoin reacht nó leis an gcairt nó faoin gcairt aon chuid dá brabúis a dháileadh ar a comhaltaí, nó

[EN]

(ii) atá faoi cheangal a hioncam agus a maoin a úsáid mar a ordaítear leis an reacht nó faoin reacht nó leis an gcairt nó faoin gcairt nó ag Aire Stáit.

[EN]

(6) I gcás forálacha den sórt a shonraítear i bhfo-alt (5) (a) a bheith i meabhrán comhlachais nó in airteagail chomhlachais cuideachta agus go n-athrófar nó go scriosfar na forálacha sin gan toiliú nó ceadú a fháil roimh ré ón Aire Airgeadais, nó toiliú nó ceadú a fháil roimh ré ó aon Aire Stáit eile a thabharfar tar éis dó comhairle a ghlacadh leis an Aire Airgeadais, de réir mar a bheidh, ansin—

[EN]

(a) i gcás a ndéanfaidh an chuideachta dáileadh as ioncam lena mbaineann an t-alt seo nó as brabúis nár cuireadh, de bhua alt 43 (3) den Finance Act, 1922, faoi mhuirear cánach brabús corparáide nó as an ioncam agus na brabúis sin, measúnófar cáin ioncaim ar an gcuideachta de réir an ráta chaighdeánaigh faoi Chás IV de Sceideal D ar mhéid arb ionann an cháin ioncaim air de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain ina ndéanfar an dáileadh agus meid an chreidmheasa cánach ag a mbeadh feidhm maidir leis an dáileadh dá mba phearsa aonair a raibh cónaí air sa Stát an duine a fuair é;

[EN]

(b) i gcás a ndéanfaidh an chuideachta, an 27ú lá de Shamhain, 1975, nó dá éis, a sócmhainní a dháileadh ar a comhaltaí nó ar a dílseánaigh ar an gcuideachta a fhoirceannadh nó a dhíscaoileadh measúnófar cáin ioncaim ar an gcuideachta don bhliain mheasúnachta ina ndéanfar an foirceannadh nó an díscaoileadh de réir an ráta chaighdeánaigh faoi Chás IV de Sceideal D ar mhéid a chinnfear de réir na foirmle

D ×

100

_____

100-A

[EN]

i gcás—

[EN]

arb é A an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain mheasúnachta ina ndéanfar an foirceannadh nó an díscaoileadh, agus

[EN]

arb é D an méid a bheidh de bhreis ag luach iomlán na sócmhainní a dáileadh ar na comhaltaí nó ar na dílseánaigh ar an gcuideachta a fhoirceannadh nó a dhíscaoileadh ar mhéid scairchaipiteal láníoctha na cuideachta.

[EN]

(7) (a) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “cuideachta iontaobhais infheistíochta” cuideachta a chomhlíonann na coinníollacha seo a leanas—

[EN]

(i) gur sa Stát atá sí corpraithe agus gur ann atá cónaí uirthi,

[EN]

(ii) gur eisigh sí chun a suibscríofa go poiblí cuid nach lú ná 80 faoin gcéad in ainmluach dá scaireanna lena ngabhann cearta vótála, cibé acu is cearta láithreacha iad nó cearta a éireoidh i ndálaí áirithe san am le teacht,

[EN]

(iii) gur infheistíochtaí a dhéanamh formhór a gnó,

[EN]

(iv) go gcoisceann meabhrán comhlachais nó airteagail chomhlachais na cuideachta barrachais as réadú infheistíochtaí a dháileadh mar dhíbhinn;

[EN]

ciallaíonn “urrúis Éireannacha” urrúis de chuid an Rialtais, urrúis arna ráthú ag an Aire Airgeadais agus aon stoic, scaireanna, bintiúir, bannaí nó oibleagáidí de chuid aon bhardais chathrach sa Stát, nó de chuid aon chuideachta nó comhlachta chorpraithe eile atá corpraithe sa Stát;

[EN]

ciallaíonn “urrúis” stoic, scaireanna, bannaí agus oibleagáidí de chuid aon Rialtais, bardais chathrach, cuideachta nó comhlachta chorpraithe eile.

[EN]

(b) Ní bhainfidh forálacha fho-alt (1) le hioncam cuideachta iontaobhais infheistíochta d'aon tréimhse chuntasaíochta mura gcomhalfar na coinníollacha seo a leanas—

[EN]

(i) in imeacht na tréimhse cuntasaíochta—

[EN]

(I) nár lá na 15 faoin gcéad de luach na n-urrús a bhí ar teachtadh ag an gcuideachta iontaobhais infheistíochta luach na n-urrús Éireannach a bhí ar teachtadh ag an gcuideachta iontaobhais infheistíochta,

[EN]

(II) nárbh ionannas na hurrúis (d'aicme amháin nó níos mó) a theacht an chuideachta iontaobhais infheistíochta in aon chomhlacht corpraithe áirithe, seachas cuideachta iontaobhais infheistíochta, do chuid ba mhó ná 15 faoin gcéad, de réir luacha, d'urrúis na cuideachta iontaobhais infheistíochta céadluaite,

[EN]

(III) nár lú ná caoga líon na scairshealbhóirí agus nárbh úinéir tairbhiúil aon scairshealbhóir áirithe ar bhreis agus 49 faoin gcéad de scaireanna na cuideachta iontaobhais infheistíochta,

[EN]

(IV) nár lú ná 85 faoin gcéad de luach na n-urrús a bhí ar teachtadh ag an gcuideachta iontaobhais infheistíochta luach na n-urrús a luadh ar stocmhargadh aitheanta agus a bhí ar teachtadh ag an gcuideachta iontaobhais infheistíochta,

[EN]

agus

[EN]

(ii) nár choinnigh an chuideachta iontaobhais infheistíochta thar 15 faoin gcéad dá brabúis—

[EN]

(I) in aon tréimhse chuntasaíochta, ná

[EN]

(II) in aon tréimhse (nár thréimhse a raibh an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide lena linn) a ndearnadh cuntais na cuideachta amach ina leith agus a chríochnaigh an 29ú lá d'Iúil, 1968, nó dá éis.

[EN]

(c) Féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis na Coimisinéirí Ioncaim, a ordú go mbeidh feidhm ag forálacha fho-alt (1) i ndáil le cuideachta iontaobhais infheistíochta d'aon tréimhse chuntasaíochta d'ainneoin ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a luaitear i mír (b) (i) den fho-alt seo a bheith gan chomhlíonadh agus foilseofar fógra faoi aon ordú den sórt sin san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir tar éis é a thabhairt.

[EN]

(8) Ní mheasfar gur ioncam de chuid cuideachta chun aon chríche de chríocha na nAchtanna Cánach aon mhéid ar a ndéanfar, de bhua an ailt seo, cáin ioncaim a mhuirearú ina leith ar an gcuideachta trí mheasúnacht faoi Chás IV de Sceideal D.

[EN]

Díolúine d'ioncam as scéimeanna árachais sláinte shaorálaigh a sheoladh.

80.—Beidh díolúine ó cháin chorparáide ag ioncam an Bhord Arachais Sláinte Shaorálaigh as gnó ag seoladh scéimeanna árachais sláinte shaorálaigh faoi alt 4 den Acht Arachais Sláinte Shaorálaigh, 1967.

CUID VIII

Dáiltí as Brabúis Airithe ó Mhianadóireacht

[EN]

Dáiltí: brabúis mhianach áirithe.

81.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “ioncam díolmhaithe” ioncam a bhfuair cuideachta faoiseamh ina leith faoin Acht Airgeadais (Brabúis Mhianach Airithe) (Faoiseamh Sealadach ó Chánachas), 1956, nó faoi Chaibidil II de Chuid XXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (Brabúis Mhianach Airithe), agus

[EN]

ciallaíonn “ioncam eile” ioncam de chuid cuideachta nach ioncam díolmhaithe.

[EN]

(2) I gcás ar as ioncam díolmhaithe go huile a dhéanfaidh cuideachta dáileadh do thréimhse chuntasaíochta, ní mheasfar gur ioncam chun aon chríche de chríocha na nAchtanna Cánach Ioncaim an dáileadh agus, d'ainneoin forálacha alt 88 (creidmheas cánach d'fhaighteoirí áirithe dáiltí), ní bheidh faighteoir an dáilte i dteideal creidmheasa cánach ina leith.

[EN]

(3) I gcás ar as ioncam díolmhaithe a dhéanfaidh cuideachta cuid de dháileadh, agus ar as ioncam eile a dhéanfaidh sí an chuid eile de, do thréimhse chuntasaíochta, déileálfar leis an dáileadh ionann is dá mba dhá dháileadh é a rinneadh faoi seach as ioncam díolmhaithe agus as ioncam eile agus bainfidh fo-alt (2) leis an gcuid sin den dáileadh a rinneadh as ioncam díolmhaithe mar a bhainfidh sé le dáileadh a rinneadh go hiomlán as ioncam díolmhaithe.

[EN]

(4) Aon dáileadh, lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fho-alt (3) mar dháileadh, a dhéanfar as ioncam díolmhaithe, measfar, chun críocha an ailt seo, i gcás ar cuideachta a chónaíonn sa Stát an faighteoir, gur ioncam díolmhaithe de chuid na cuideachta é.

[EN]

(5) (a) I gcás a ndéanfaidh cuideachta dáileadh, lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fho-alt (3) mar dháileadh, i leith aon cheart nó oibleagáid lena mbaineann alt 178 (díbhinní de réir ráta chomhláin nó de mhéid comhlán) agus gur as ioncam díolmhaithe a dhéanfar an dáileadh, déanfaidh an chuideachta dáileadh forlíontach ar cóimhéid leis an gcreidmheas cánach ag a mbeadh feidhm maidir leis an dáileadh dá mba nár achtaíodh fo-alt (2).

[EN]

(b) Bainfidh fo-alt (2) le dáileadh forlíontach faoin bhfo-alt seo ionann is dá mba dháileadh as ioncam díolmhaithe an dáileadh forlíontach agus beidh feidhm ag alt 5 (barántais díbhinne) ionas go dtaispeánfaidh an ráiteas a cheanglaítear leis an alt sin, i dteannta na sonraí a cheanglaítear a thabhairt ar leith an alt seo, méid leithleach an dáilte fhorlíontaigh sin.

[EN]

(6) Beidh feidhm ag ailt 64 (5) (6) (dáiltí i ndáil le faoiseamh do dhíolacháin onnmhairí) agus 76 (6) (dáiltí as brabúis ó thrádáil in Aerfort na Sionna) chun críocha an ailt seo mar atá feidhm acu chun críocha na n-alt sin.

[EN]

(7) I ndáil le haon dáileadh (nach dáileadh forlíontach faoin alt seo), lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fho-alt (3) mar dháileadh, a dhéanfar as ioncam díolmhaithe, beidh feidhm ag ailt 5 agus 83 (5) (Sceideal F) ionas go dtaispeánfar sna ráitis dá bhforáiltear leis na hailt sin, i dteannta na sonraí a cheanglaítear a thabhairt ar leith ón alt seo, gur as ioncam díolmhaithe a rinneadh an dáileadh.

[EN]

Dáiltí as na brabúis ó oibríochtaí mianadóireachta guail, giopsaim agus ainhidríte.

82.—(1) Chun críocha an ailt seo, ciallaíonn “ioncam faosaithe” ioncam de chuid cuideachta—

[EN]

(a) ar ar íocadh cáin ioncaim de réir ráta laghdaithe de bhua alt 395 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (faoiseamh —oibríochtaí gualmhianadóireachta láithreacha), alt 7 (faoiseamh—nua-oibríochtaí gualmhianadóireachta) nó alt 8 (faoiseamh—oibríochtaí gualmhianadóireachta láithreacha) den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956, nó alt 32 den Acht Airgeadais, 1960 (an faoiseamh i leith nua-oibríochtaí mianadóireachta a chur i mbaint le mianadóireachtaí giopsaim agus ainhidríte), nó

[EN]

(b) ar ar iompraíodh cáin ioncaim trí asbhaint de réir ráta laghdaithe faoi alt 396 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (díbhinní), nó alt 9 den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 (díbhinní, etc.), nó

[EN]

(c) is ioncam infheistíochta frainceáilte a bhfuil an creidmheas cánach ann laghdaithe faoin alt seo.

[EN]

(2) D'ainneoin alt 88, is é an creidmheas cánach maidir le dáileadh a rinneadh go hiomlán as ioncam faosaithe an méid a dhéanfar amach tríd an gcodán

A

_____

100-A

[EN]

a fheidhmiú ar mhéid an dáilte

[EN]

i gcás—

[EN]

arb é A 50 faoin gcéad den ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain mheasúnachta a rinneadh an dáileadh.

[EN]

(3) I gcás ar as ioncam faosaithe a dhéanfar cuid agus ar as ioncam eile a dhéanfar an chuid eile de dháileadh, déileálfar leis an dáileadh ionann is dá mba dhá dháileadh é a rinneadh faoi seach as ioncam faosaithe agus as ioncam eile agus déanfar an creidmheas cánach i leith gach dáileadh díobh sin a ríomh de réir fho-alt (2) agus alt 88 faoi seach.

[EN]

(4) Aon dáileadh, lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fho-alt (3) mar dháileadh, a dhéanfar as ioncam faosaithe, measfar, chun críocha an ailt seo, i gcás ar cuideachta a chónaíonn sa Stát an faighteoir, gur ioncam faosaithe de chuid na cuideachta sin é.

[EN]

(5) Faoi réir fho-alt (7), chun críocha Sceideal F agus críocha eile uile na nAchtanna Cánach, déileálfar le dáileadh a rinne cuideachta as ioncam faosaithe mar ionannas d'ioncam ar cóimhéid le comhiomlán méid nó luach an dáilte sin agus méid an chreidmheasa cánach ina leith arna ríomh de réir an ailt seo.

[EN]

(6) I gcás a mbeidh, do bhliain mheasúnachta, ar áireamh ioncaim inchánach pearsan aonair is inmhuirearaithe de réir an ráta laghdaithe nó an ráta chaighdeánaigh ioncam arb ionannas dó dáiltí as ioncam faosaithe, is é a dhliteanas cánach ioncaim i leith an ioncaim arb ionannas dó na dáiltí sin méid ar cóimhéid leis an gcáin ar an ioncam sin arna ríomh de réir 50 faoin gcéad den ráta laghdaithe nó den ráta caighdeánach, de réir mar a bheidh, don bhliain mheasúnachta a rinneadh na dáiltí.

[EN]

(7) I gcás a mbeidh, do bhliain mheasúnachta, ar áireamh ioncaim inchánach pearsan aonair is inmhuirearaithe de réir na n-ard-rátaí ioncam arb ionannas dó dáiltí as ioncam faosaithe, is é a dhliteanas cánach ioncaim de réir na n-ard-rátaí i leith an ioncaim arb ionannas dó na dáiltí sin méid ar cóimhéid leis an gcáin, arna ríomh de réir na n-ard-rátaí don bhliain mheasúnachta a rinneadh na dáiltí, ar an ioncam arna laghdú 50 faoin gcéad agus tabharfar creidmheas in aghaidh na cánach sin ar cóimhéid leis an gcáin de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain sin ar mhéid an ioncaim arna laghdú amhlaidh.

[EN]

(8) I gcás a ndéanfaidh cuideachta dáileadh (lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi mar dháileadh faoi fho-alt (3)) maidir le ceart nó oibleagáid ar bith lena mbaineann alt 178 agus go ndéanfar an creidmheas cánach i leith an dáilte sin a ríomh de réir fho-alt (2), ansin, déanfaidh an chuideachta dáileadh forlíontach ar cóimhéid le breis an chreidmheasa cánach a bhainfeadh leis an dáileadh dá mba nár achtaíodh an t-alt seo ar mhéid an chreidmheasa cánach a bhainfidh, de réir fho-alt (2), leis an dáileadh agus measfar gur aon dáileadh amháin arbh éard é comhiomlán an dáilte agus an dáilte fhorlíontaigh a fuair an duine dar tugadh an dáileadh agus an dáileadh forlíontach.

[EN]

(9) D'ainneoin alt 88, ní bheidh faighteoir dáilte fhorlíontaigh faoi fho-alt (8) i dteideal creidmheasa cánach i leith an dáilte fhorlíontaigh sin agus beidh feidhm ag alt 5 (barántais díbhinne) ionas go dtaispeánfar sa ráiteas a cheanglaítear leis an alt sin, i dteannta na sonraí a cheanglaítear a thabhairt ar leith ón alt seo, méid leithleach an dáilte fhorlíontaigh sin.

[EN]

(10) Beidh feidhm ag ailt 64 (5) (6) agus 76 (6) chun críocha an ailt seo mar atá feidhm acu chun críocha na n-alt sin faoi seach.

(11) I ndáil le haon dáileadh (nach dáileadh forlíontach faoin alt seo), lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fho-alt (3) mar dháileadh, a rinne cuideachta as ioncam faosaithe, beidh feidhm ag ailt 5 agus 83 (5) ionas go dtaispeánfar sna ráitis dá bhforáiltear leis na hailt sin, i dteannta na sonraí a cheanglaítear a thabhairt ar leith ón alt seo, gur as ioncam faosaithe a rinneadh an dáileadh agus ionas go dtaispeánfar iontu freisin méid an chreidmheasa cánach a mbeadh feidhm aige maidir leis an dáileadh dá mba nárbh as ioncam faosaithe a rinneadh é.

CUID IX

Sceideal F agus Dáiltí Cuideachtaí

[EN]

Sceideal F.

83.—(1) Beidh cáin ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta tar éis na bliana 1975-76 inmhuirearaithe faoi Sceideal nua, dá ngairfear Sceideal F, i leith díbhinní agus dáiltí eile an bhliain sin ó chuideachta a chónaíonn sa Stát.

[EN]

(2) Is mar seo a leanas don Sceideal dá ngairtear Sceideal F—

[EN]

SCEIDEAL F

[EN]

1. Beidh cáin ioncaim faoin Sceideal seo inmhuirearaithe d'aon bhliain mheasúnachta i leith na ndíbhinní agus na ndáiltí eile go léir ó chuideachta a chónaíonn sa Stát nach bhfuil eisiata go speisialta ó cháin ioncaim, agus chun críocha cánach ioncaim áireofar gach dáileadh den sórt sin mar ioncam is cuma cad é mar a dhéileálfar leis i lámha an fhaighteora.

[EN]

2. Chun críocha an Sceidil seo agus chun críocha eile uile na nAchtanna Cánach déileálfar le haon dáileadh den sórt a dúradh a mbeidh duine i dteideal creidmheasa cánach ina leith mar ionannas d'ioncam ar cóimhéid le comhiomlán méid nó luach an dáilte sin agus méid an chreidmheasa sin, agus déanfar cáin ioncaim faoin Sceideal seo a mhuirearú dá réir sin ar an gcomhiomlán sin.

[EN]

(3) Ní bheidh aon dáileadh is inmhuirearaithe faoi Sceideal F inmhuirearaithe faoi aon fhoráil eile de hAchtanna Cánach Ioncaim.

[EN]

(4) I gcás a mbeidh, d'aon bhliain mheasúnachta, ar áireamh ioncaim duine nach bhfuil cónaí air sa Stát don bhliain sin méid i leith dáileadh a rinne cuideachta a chónaíonn sa Stát—

[EN]

(a) déanfar dliteanas an duine sin faoi aon mheasúnacht cánach ioncaim i leith an dáilte a laghdú suim ar cóimhéid leis an gcáin ioncaim de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain sin ar an méid sin, agus

[EN]

(b) déileálfar, chun críocha ailt 433 (ús bliantúil, etc., is iníoctha go hiomlán as brabúis chánaithe) agus 434 (ús, etc., nach iníoctha as brabúis chánaithe) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, le méid nó luach an dáilte mar mhéid nó luach nár cuireadh faoi mhuirear cánach ioncaim.

[EN]

(5) Cuideachta a dhéanfaidh dáileadh (nach dáileadh dá dtagraíonn alt 5 (1)) tabharfaidh sí don fhaighteoir má iarrann an faighteoir é i scríbhinn ráiteas i scríbhinn ag taispeáint méid nó luach an dáilte agus (cibé acu is duine atá i dteideal creidmheasa cánach i leith an dáilte nó nach ea an faighteoir) méid an chreidmheasa cánach atá an faighteoir, is duine den sórt sin, i dteideal a fháil ina leith.

[EN]

Beidh an dualgas a fhorchuirtear leis an bhfo-alt seo inchurtha i ngníomh ar agra nó ar thionscnamh an duine a iarrfaidh an ráiteas.

[EN]

Abhair a ndéileálfar leo mar dháiltí.

84.—(1) Beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas den Chuid seo, mar aon le halt 96 (íocaíochtaí, etc., do rannpháirtithe agus do chomhlaigh) agus le halt 97 (ús a íoctar le stiúrthóirí agus le comhlaigh stiúrthóirí), faoi réir aon saineisceachtaí, maidir leis an mbrí atá le “dáileadh” san Acht seo agus chun na daoine a chinneadh a ndéileálfar le dáiltí áirithe mar dháiltí a tugadh dóibh; ach ní bhainfidh tagairtí san Acht seo do dháiltí ó chuideachta le dáiltí i leith scairchaipitil i bhfoirceannadh.

[EN]

(2) I ndáil le haon chuideachta ciallaíonn “dáileadh”—

[EN]

(a) aon díbhinn a d'íoc an chuideachta, lena n-áirítear díbhinn caipitil;

[EN]

(b) aon dáileadh eile as sócmhainní na cuideachta (in airgead nó eile) i leith scaireanna sa chuideachta, ach amháin, faoi réir alt 86, an oiread sin den dáileadh, más ann, is ionannas d'aisíoc caipitil ar na scaireanna nó atá ar cóimhéid nó ar comhluach, tráth a dhéanta, le haon chomaoin nua a fuair an chuideachta ar an dáileadh;

[EN]

(c) aon mhéid a íoctar as sócmhainní na cuideachta (in airgead nó eile) i leith fuascailt aon urrúis a d'eisigh an chuideachta i leith scaireanna sa chuideachta nó urrúis de chuid na cuideachta ar dhóigh seachas go hiomlán ar chomaoin nua, nó ag fuascailt na coda sin d'aon urrús den sórt sin a eisíodh amhlaidh nach inchurtha go cuí i leith comaoine nua;

[EN]

(d) aon ús (gan ús a íocadh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, a áireamh) nó dáileadh eile as sócmhainní na cuideachta i leith urrúis de chuid na cuideachta (ach amháin an oiread sin, más ann, d'aon dáileadh den sórt sin is ionannas don phríomhshuim atá urraithe leis an gcéanna, agus, gan dochar d'alt 87 (9), ní áireofar chun na críche sin aon mhéid a bheith in ionannas don phríomhshuim atá urraithe le hurrús a mhéid is mó é ná aon chomaoin nua a fuair an chuideachta i leith an t-urrús a eisiúint), i gcás arb é an sórt urrúis iad—

[EN]

(i) urrúis a eisíodh mar a luaitear i mír (c), ach gan urrúis a áireamh a eisíodh roimh an 27ú lá de Shamhain, 1975; nó

[EN]

(ii) urrúis is inchomhshóite, go díreach nó go neamhdhíreach, ina scaireanna sa chuideachta nó ina n-urrúis lena ngabhann aon cheart chun scaireanna sa chuideachta nó urrúis de chuid na cuideachta a fháil, nach urrúis iad (i gceachtar cás) a luaitear ar stocmhargadh aitheanta ná a eisíodh ar théarmaí atá réasúnta inchomórtais le téarmaí eisiúna urrúis a luaitear amhlaidh; nó

[EN]

(iii) urrúis—

[EN]

(I) faoina bhfuil an chomaoin a thug an chuideachta leith úsáid na príomhshuime atá urraithe ag brath, aon mhéid, ar thorthaí gnó na cuideachta nó ar aon choda den ghnó sin, nó

[EN]

(II) faoinar ionannas an chomaoin a tugadh amhlaidh do chuid is mó ná brabach tráchtála réasúnach as úsáid na príomhshuime sin; ar choinníoll nach n-oibreoidh sé sin sa dóigh go ndéileálfar mar dháileadh leis an oiread sin den ús nó den dáileadh eile is ionannas do bhrabach tráchtála réasúnach as úsáid na príomhshuime sin; nó

[EN]

(iv) urrúis a d'eisigh an chuideachta agus atá ar teachtadh ag cuideachta nach gcónaíonn sa Stát i gcás—

[EN]

(I) ar fochuideachta 75 faoin gcéad don chuideachta eile an chuideachta a d'eisigh na hurrúis; nó

[EN]

(II) ar fochuideachtaí 75 faoin gcéad iad araon do thríú cuideachta nach gcónaíonn sa Stát; nó

[EN]

(III) ach amháin i gcás ina bhfuil 90 faoin gcéad nó níos mó de scairchaipiteal na cuideachta a d'eisigh na hurrúis ar úinéireacht go díreach ag cuideachta a chónaíonn sa Stát, arb éard iad an chuideachta a d'eisigh na hurrúis agus an chuideachta nach gcónaíonn sa Stát fochuideachtaí 75 faoin gcéad do thríú cuideachta a chónaíonn sa Stát; nó

[EN]

(v) urrúis atá bainteach le scaireanna sa chuideachta, i gcás ina gciallaíonn “bainteach le”, de dhroim cineál na gceart a ghabhann leis na hurrúis nó na scaireanna, agus go háirithe de dhroim aon téarmaí nó coinníollacha a ghabhann leis an gceart chun na scaireanna nó na hurrúis a aistriú, go bhfuil sé riachtanach nó buntáisteach do dhuine ag a bhfuil aon cheann de na hurrúis, nó a dhiúscróidh nó a gheobhaidh aon cheann de na hurrúis, sealbhán cionúireach de na scaireanna a bheith aige nó a dhiúscairt nó a fháil freisin;

[EN]

(e) aon mhéid den sórt sin a gceanglaíonn fo-alt (3) nó alt 85 déileáil leis mar dháileadh.

[EN]

(3) I gcás, ar chuideachta d'aistriú sócmhainní nó dliteanais chun a comhaltaí nó ar chomhaltaí cuideachta d'aistriú sócmhainní nó dliteanais chun na cuideachta, gur mó méid nó luach an tsochair a bheidh faighte ag comhalta (arna ghlacadh de réir a mhargadhluacha) ná méid nó luach (arna ghlacadh amhlaidh) aon chomaoine nua a bheidh tugtha aige, áireofar cóimhéid na difríochta de dháileadh a bheith tugtha dó ag an gcuideachta:

[EN]

Ar choinníoll, más sa Stát a chónaíonn an chuideachta agus an comhalta a fuair an sochar agus gur fochuideachta don chomhalta an chuideachta nó gur fochuideachtaí iad araon do thríú cuideachta a chónaíonn sa Stát, nach n-áireofar an méid sin mar dháileadh.

[EN]

(4) Nuair a bheifear ag cinneadh na ceiste an fochuideachta do chuideachta eile chun críche fho-alt (3) cuideachta áirithe cinnfear í mar cheist an fochuideachta 51 faoin gcéad í don chuideachta eile sin, ach amháin go measfar nach í an chuideachta eile sin is úinéir—

[EN]

(a) ar aon scairchaipiteal atá ar úinéireacht aici go díreach i gcuideachta dá n-áireofaí brabús as díol na scaireanna mar fháltas trádála óna trádáil; nó

[EN]

(b) ar aon scairchaipiteal atá ar úinéireacht aici go neamhdhíreach agus atá ar úinéireacht go díreach ag cuideachta ar fháltas trádála di brabús as díol na scaireanna; nó

[EN]

(c) ar aon scairchaipiteal atá ar úinéireacht aici go díreach nó go neamhdhíreach i gcuideachta nach gcónaíonn sa Stát.

[EN]

(5) (a) Ní dáileadh de bhua fho-alt (2) (b) nó (3) aon aistriú sócmhainní (seachas airgead) nó dliteanas idir cuideachta amháin agus cuideachta eile, ná ní mheasfar dáileadh a theacht as aistriú den sórt sin, más cuideachtaí iad—

[EN]

(i) a bhfuil cónaí orthu araon sa Stát agus nach fochuideachta 51 faoin gcéad ceachtar acu do chuideachta nach gcónaíonn sa Stát; agus

[EN]

(ii) nach bhfuil faoi chomhrialú tráth an aistrithe nó de thoradh an aistrithe.

[EN]

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, tá dhá chuideachta faoi chomhrialú más faoi rialú an duine chéanna nó na ndaoine céanna dóibh, agus chun na críche sin beidh le “rialú” an bhrí a shanntar dó le halt 158.

[EN]

(c) Ní dáileadh de bhua fho-alt (2) (b) aon mhéid ar dháileadh é de bhua fho-alt (3) ar leith ón gcoinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin (grúpaí cuideachtaí a chónaíonn sa Stát).

[EN]

Eisiúintí bónais tar éis scairchaipiteal éis a aisíoc.

85.—(1) I gcás cuideachta—

[EN]

(a) d'aisíoc aon scairchaipitil, nó aon scairchaipiteal a bheith aisíoctha aici aon tráth an 27ú lá de Shamhain, 1975, nó dá éis: agus

[EN]

(b) d'eisiúint, tráth an aisíoca sin nó dá éis, mar scairchaipiteal íoctha, aon scairchaipiteal ar dhóigh seachas trí chomaoin nua a fháil;

[EN]

déileálfar leis an méid a bheidh íoctha amhlaidh mar dháileadh i leith na scaireanna ar ar íocadh é, ach amháin a mhéid is mó an méid sin ná an méid nó an méid comhiomlán scairchaipitil a aisíocadh amhlaidh lúide aon mhéideanna a íocadh roimhe sin agus ar déileáladh leo de bhua an fho-ailt seo mar dháiltí.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) i gcás ar scaireanna tosaíochta láníochta an scairchaipiteal a aisíocadh—

[EN]

(a) má bhí na scaireanna sin ann mar scaireanna tosaíochta eisithe láníoctha an 27ú lá de Shamhain, 1975, agus gur scaireanna tosaíochta láníoctha na scaireanna sin ar feadh na tréimhse ón dáta sin go dtí dáta an aisíoca, nó

[EN]

(b) más tar éis an 27ú lá de Shamhain, 1975, a eisíodh na scaireanna sin mar scaireanna tosaíochta láníoctha go huile ar chomaoin nua nár dhíorthaigh as gnáthscaireanna agus gur scaireanna tosaíochta láníoctha na scaireanna sin ar feadh na tréimhse ó eisíodh iad go dtí gur aisíocadh iad.

[EN]

(3) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “gnáthscaireanna” scaireanna seachas scaireanna tosaíochta;

[EN]

ciallaíonn “scaireanna tosaíochta” scaireanna—

[EN]

(a) nach ngabhann aon cheart chun díbhinní leo seachas díbhinní de réir ráta faoin gcéad de luach ainmniúil na scaireanna atá socraithe, agus

[EN]

(b) a ngabhann cearta leo i leith díbhinní agus caipitil atá inchomórtais leis na cearta is gnách i gcás scaireanna dochtdíbhinne a luaitear ar stocmhargadh sa Stát;

[EN]

ciallaíonn “comaoin nua nár dhíorthaigh as gnáthscaireanna” comaoin nua seachas comaoin arb éard é gnáthscaireanna de chuid na cuideachta nó de chuid aon chuideachta eile a ghéilleadh, a aistriú nó a chealú nó arb éard é cearta i ngnáthscaireanna de chuid na cuideachta nó de chuid aon chuideachta eile a athrú, agus nach comaoin a dhíorthaigh as scairchaipiteal a aisíoc a íocadh i leith gnáthscaireanna de chuid na cuideachta nó de chuid aon chuideachta eile.

[EN]

(4) Ach amháin i gcás dlúthchuideachta de réir brí alt 94 (míniú ar dhlúthchuideachta) ní bheidh feidhm ag an alt seo más é a bheidh in eisiúnt scairchaipitil a luaitear i mír (b) d'fho-alt (1)—

[EN]

(a) eisiúint scairchaipitil seachas scairchaipiteal infhuascailte; agus

[EN]

(b) eisiúint arna dhéanamh breis agus deich mbliana tar éis an scairchaipiteal a luaitear i mír (a) den fho-alt sin a aisíoc.

[EN]

Abhair a ndéileálfar leo nó nach ndéileálfar leo mar aisíocaíochtaí scairchaipitil.

86.—(1) I gcás—

[EN]

(a) a n-eiseoidh cuideachta aon scairchaipiteal mar scairchaipiteal íoctha ar dhóigh seachas trí chomaoin nua a fháil, nó go ndearna sí sin an 27ú lá de Shamhain, 1975, nó dá éis; agus

[EN]

(b) nach ndéileálfar mar dháileadh le haon mhéid a íocadh amhlaidh;

[EN]

ansin, chun críocha ailt 84 agus 85, ní dhéileálfar mar aisíocaíochtaí scairchaipitil le dáiltí arna ndéanamh ag an gcuideachta dá éis sin i leith scaireanna is ionannas don scairchaipiteal sin, ach amháin a mhéid is mó na dáiltí sin, mar aon le haon dáiltí iomchuí a rinneadh amhlaidh roimhe sin, ná na méideanna a íocadh amhlaidh (an tráth sin nó roimhe sin) ar na scaireanna sin tar éis an dáta sin agus nach ndéileálfar leo mar dháiltí.

[EN]

(2) I bhfo-alt (1) ciallaíonn “dáileadh iomchuí” an oiread sin d'aon dáileadh a rinneadh i leith scaireanna is ionannas don scairchaipiteal iomchuí a ndéileálfaí leis, ar leith ón bhfo-alt sin, mar aisíocaíocht scairchaipitil, ach nach féidir, de bhua an fho-ailt sin, déileáil leis amhlaidh.

[EN]

(3) Chun críocha fho-alt (1), déileálfar leis na scaireanna go léir den aicme chéanna mar scaireanna in ionannas don scairchaipiteal céanna, agus i gcás a n-eiseofar scaireanna i leith scaireanna eile, nó a ndéanfar go díreach nó go neamh-dhíreach iad a chomhshó ina scaireanna eile nó a mhalartú ar scaireanna eile, déileálfar leis na scaireanna sin go léir mar scaireanna is ionannas don scairchaipiteal céanna.

[EN]

(4) I gcás scairchaipiteal a eisiúint ar phréimh is ionannas do chomaoin nua, áireofar gur cuid den scairchaipiteal sin méid na préimhe chun a chinneadh faoin gCuid seo cibé acu atá nó nach bhfuil aon dáileadh i leith scaireanna is ionannas don scairchaipiteal le háireamh mar aisíoc scairchaipitil:

[EN]

Ar choinníoll nach mbeidh éifeacht leis an bhfo-alt seo i ndáil le haon chuid den phréimh tar éis an chuid sin a úsáid ag íoc scairchaipitil.

[EN]

(5) Faoi réir fho-alt (4), ní áireofar mar aisíocaí caipitil préimheanna a íocadh ag fuascailt scairchaipitil.

[EN]

(6) Ach amháin i ndáil le dlúthchuideachta de réir brí alt 94, ní choiscfidh fo-alt (1) dáileadh a áireamh mar aisíoc scairchaipitil i gcás é a dhéanamh—

[EN]

(a) tráth níos déanaí ná deich mbliana tar éis scairchaipiteal a luaitear i mír (a) den fho-alt sin a eisiúint; agus

[EN]

(b) i leith scairchaipitil seachas scairchaipiteal infhuascailte.

[EN]

Dáiltí: forlíontach.

87.—(1) Sa chuid seo ciallaíonn “comaoin nua” comaoin nár soláthraíodh go díreach ná go neamhdhíreach as sócmhainní na cuideachta, agus go háirithe ní fholaíonn sé méideanna a choimeádann an chuideachta ar mhodh dáileadh a chaipitliú.

[EN]

Ar choinníoll i gcás scairchaipiteal a bheith eisithe ar phréimh is ionannas do chomaoin nua, go ndéanfar aon chuid den phréimh sin a úsáideadh dá éis sin ag íoc scairchaipitil a áireamh mar chomaoin nua freisin i leith an scairchaipitil sin, ach amháin a mhéid a cuireadh an phréimh i gcuntas faoi alt 86 (4) ionas go bhféadfaí dáileadh a áireamh mar aisíoc scairchaipitil.

[EN]

(2) (a) Ní mheasfar chun críocha na Coda seo gur comaoin nua a fuair cuideachta aon chomaoin a dhíorthaigh as luach aon scairchaipitil nó urrúis de chuid na cuideachta nó as cearta vótála nó cearta eile sa chuideachta murab éard í an chomaoin—

[EN]

(i) airgead nó luach a fuarthas ón gcuideachta mar dháileadh;

[EN]

(ii) airgead a fuarthas ón gcuideachta mar íocaíocht arb éard í chun na gcríocha sin aisíoc an scairchaipitil sin nó na príomhshuime a bhí urraithe leis an urrús sin; nó

[EN]

(iii) an ceart chun an scairchaipitil nó an urrúis sin a thabhairt suas ar an gcuideachta á chealú, á mhúchadh nó á fháil.

[EN]

(b) Ní mheasfar gur comaoin nua aon mhéid áirithe de bhua mhír (a) (ii) nó (iii) a mhéid is mó é ná aon chomaoin nua a fuair an chuideachta as an scairchaipiteal nó an t-urrús áirithe sin a eisiúint nó, i gcás scairchaipiteal arbh éard é dáileadh arna eisiúnt, a mhéid is mó é ná luach ainmniúil an scairchaipitil sin.

[EN]

(3) I gcás a ndéanfaidh dhá chuideachta nó níos mó comhshocraíochtaí chun dáiltí a thabhairt do chomhaltaí a chéile, féadfar, chun críocha na Coda seo, déileáil leis na páirtithe go léir lena mbaineann ionann is dá mba aon cheann de na cuideachtaí sin a rinne aon ní a rinne cuideachta eile díobh, agus beidh feidhm ag an bhfo-alt seo cibé líon cuideachtaí a bheidh páirteach sna comhshocraíochtaí.

[EN]

(4) (a) Sa Chuid seo ciallaíonn “i leith scaireanna sa chuideachta” agus “i leith urrús de chuid na cuideachta” i ndáil le cuideachta is comhalta de ghrúpa 90 faoin gcéad faoi seach i leith scaireanna sa chuideachta sin nó in aon chuideachta eile sa ghrúpa agus i leith urrúis de chuid na cuideachta sin nó de chuid aon chuideachta eile sa ghrúpa.

[EN]

(b) Gan dochar d'alt 84 (2) (b) arna leathnú leis an mír sin díreach roimhe seo, i ndáil le cuideachta is comhalta de ghrúpa 90 faoin gcéad, folaíonn “dáileadh” aon dáileadh as sócmhainní na cuideachta (in airgead nó eile) i leith scaireanna i gcuideachta eile sa ghrúpa nó i leith urrúis de chuid cuideachta den sórt sin.

[EN]

(c) Ní cheanglóidh aon ní san fho-alt seo go ndéileálfar le cuideachta mar chuideachta a thug dáileadh d'aon chuideachta eile atá in aon ghrúpa léi agus a chónaíonn sa Stát.

[EN]

(d) Chun críocha an fho-ailt seo is “grúpa 90 faoin gcéad” príomh-chuideachta agus gach uile fhochuideachta 90 faoin gcéad dá cuid agus ciallaíonn “príomh-chuideachta” cuideachta ar fochuideachta di cuideachta eile.

[EN]

(5) Déileálfar faoin gCuid seo le dáileadh mar dháileadh a rinneadh nó mar chomaoin a soláthraíodh as sócmhainni cuideachta más ar an gcuideachta a thitfidh an costas.

[EN]

(6) Sa Chuid seo folaíonn “scair” stoc, agus aon leas eile le comhalta i gcuideachta.

[EN]

(7) Na tagairtí atá sa Chuid seo do scairchaipiteal a eisiúint mar scairchaipiteal íoctha bainfidh siad freisin le haon scairchaipiteal eisithe a íoc.

[EN]

(8) Chun críocha na Coda seo folaíonn “urrús” urrúis nach mbunaíonn ná nach bhfianaíonn muirear ar shócmhainní, agus ús a d'íoc cuideachta ar airgead a airleacadh gan urrús a eisiúint i leith an airleacain, nó comaoin eile a thug cuideachta i leith úsáid an airgid a airleacadh amhlaidh déileálfar leis mar ús a íocadh nó mar chomaoin a tugadh i ndáil leis an urrús a d'eisigh an chuideachta i leith an airleacain.

[EN]

(9) I gcás urrúis a eisiúint ar phraghas is lú ná an méid is inaisíoctha orthu, agus nach luaitear iad ar stocmhargadh aitheanta, ní mheasfar chun críocha na Coda seo an phríomshuim a urraíodh a bheith níos mó ná an praghas eisiúna, mura rud é go n-eisítear na hurrúis ar théarmaí atá réasúnta inchomórtais le téarmaí eisiúna urrúis a luaitear amhlaidh.

[EN]

(10) Chun críocha na Coda seo measfar ní a bheith déanta maidir le scair má rinneadh é le duine mar shealbhóir na scaire nó mar dhuine arbh é an sealbhóir é tráth áirithe, nó má rinneadh é de bhun ceart a tugadh nó tairiscint a rinneadh i leith scaire, agus measfar maidir le haon ní a rinneadh i leith scaireanna faoi threoir sealbhán scaireanna tráth áirithe gur ní é a rinneadh leis an duine arbh é, an tráth sin, sealbhóir na scaireanna é nó ionadaí pearsanta aon scairshealbhóir a bhí éagtha an tráth sin.

[EN]

Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo i ndáil le hurrúis mar atá feidhm aige i ndáil le scaireanna.

[EN]

Creidmheas cánach d'fhaighteoirí áirithe dáiltí.

88.—(1) I gcás a ndéanfaidh cuideachta a chónaíonn sa Stát dáileadh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis, agus gur cuideachta den sórt céanna nó duine a chónaíonn sa Stát, ach nach cuideachta, an duine a gheobhaidh an dáileadh, beidh faighteoir an dáilte i dteideal, faoi réir forálacha an Achta seo, creidmheas cánach a fháil faoin alt seo (dá ngairtear “creidmheas cánach” san Acht seo).

[EN]

(2) Beidh an creidmheas cánach i leith dáilte inchomhairimh chun na gcríocha a shonraítear sna hAchtanna Cánach agus, faoi réir aon sainfhoráil dá malairt, is é a bheidh ann méid a chinnfear de réir na foirmle

D ×

 A

______

100 - A

[EN]

i gcás—

[EN]

arb é A an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain mheasúnachta a rinneadh an dáileadh, agus

[EN]

arb é D méid nó luach an dáilte.

[EN]

(3) Féadfaidh cuideachta a chónaíonn sa Stát agus atá i dteideal creidmheasa cánach i leith dáileadh a éileamh go n-íocfar méid an chreidmheasa cánach léi i gcás—

[EN]

(a) an chuideachta a bheith díolmhaithe go hiomlán ó cháin chorparáide nó gan a bheith díolmhaithe ach amháin i leith ioncaim thrádála; nó

[EN]

(b) ar dáileadh é a dtugtar saindíolúine (seachas le halt 2 (ní hinmhuirearaithe cáin chorparáide ar dháiltí cuideachta cónaithí)) i ndáil leis, cibé acu go sonrach nó de bhua díolúine níos ginearálta ó cháin, faoi aon fhoráil de na hAchtanna Cánach.

[EN]

(4) Féadfaidh duine, nach cuideachta a chónaíonn sa Stát, atá i dteideal creidmheasa cánach i leith dáilte, a éileamh go ndéanfaí an creidmheas a fhritháireamh in aghaidh na cánach ioncaim is inmhuirearaithe ar a ioncam don bhliain mheasúnachta a rinneadh an dáileadh agus, i gcás ar mó an creidmheas ná an cháin ioncaim sin, go n-íocfaí an bhreis leis.

[EN]

(5) (a) I gcás ar ioncam de chuid duine seachas an faighteoir dáileadh a luaitear i bhfo-alt (1) nó a mbeidh an dáileadh sin le háireamh mar ioncam dá chuid nó a measfar faoi aon fhoráil de na hAchtanna Cánach gur ioncam dá chuid é, déileálfar chun críocha an ailt seo leis an duine sin mar dhuine a fuair an dáileadh (agus dá réir sin déanfar an cheist i dtaobh é a bheith i dteideal creidmheasa cánach ina leith a chinneadh faoi threoir na háite a gcónaíonn seisean agus ní faoi threoir na háite a gcónaíonn an faighteoir iarbhír); agus i gcás ar ioncam de chuid iontaobhas a chónaíonn sa Stát aon dáileadh den sórt sin beidh na hiontaobhaithe i dteideal creidmheasa cánach ina leith mura mbeidh aon duine eile le háireamh chun críocha an ailt seo mar dhuine a fuair an dáileadh.

[EN]

(b) San fho-alt seo ciallaíonn “iontaobhas a chónaíonn sa Stát” iontaobhas a riartar faoi dhlí an Stáit, nach iontaobhas ar lasmuigh den Stát a dhéantar gnáthriaradh air i gcoitinne agus ar lasmuigh den Stát atá cónaí nó gnáthchónaí ar a iontaobhaithe nó ar thromlach a iontaobhaithe.

[EN]

Faoiseamh a dhícheadú i leith eisiúintí bónais.

89.—(1) Tá éifeacht leis an alt seo i gcás a bhfaigheann aon duine (dá ngairtear “an faighteoir” san alt seo) méid a ndéileáiltear leis mar dháileadh de bhua—

[EN]

(a) alt 84 (2) (c) (d),

[EN]

(b) alt 85, nó

[EN]

(c) alt 86 (1),

[EN]

agus sna forálacha seo a leanas den alt seo gairtear “bónas-eisiúint” de dháileadh faoi mhír (a), (b) nó (c) agus ciallaíonn “creidmheas cánach iomchuí”, i ndáil le bónas-eisiúint, an creidmheas cánach a dtagann faighteoir na bónas-eisiúna chun bheith ina theideal faoi alt 88 i leith na bónas-eisiúna.

[EN]

(2) Faoi réir fho-alt (5), má bhíonn an faighteoir i dteideal mar gheall ar—

[EN]

(a) aon díolúine ó cháin, nó

[EN]

(b) caillteanais a fhritháireamh in aghaidh brabús nó ioncaim, nó

[EN]

(c) ús a íoc,

[EN]

cáin a ghnóthú i leith aon dáileadh a fuair sé, ní chuirfear i gcuntas, chun críocha aon díolúine no fritháireamh nó íocaíocht úis den sórt sin, aon bhónas-eisiúint ná creidmheas cánach iomchuí a fuair sé.

[EN]

(3) Faoi réir fho-alt (5), áireofar nach ioncam infheistíochta frainceáilte de réir brí alt 24 (ioncam infheistíochta frainceáilte agus íocaíocht fhrainceáilte) bónas-eisiúint agus an creidmheas cánach iomchuí.

[EN]

(4) Faoi réir fho-alt (5), ní bheidh an creidmheas cánach iomchuí a bhaineann le bónas-eisiúint inchomhairimh le fritháireamh in aghaidh aon cháin ioncaim atá an faighteoir i dteideal a asbhaint faoi alt 433, nó is inmhuirearaithe air de bhua alt 434, den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

[EN]

(5) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-ailt (2) go (4) difear don chionúireacht (más ann) d'aon bhónas-eisiúint a rinneadh i leith aon scaireanna nó urrúis arbh ionann í, dá ndearbhofaí í mar dhíbhinn, agus gnáth-bhrabach don fhaighteoir ar an gcomaoin a sholáthraigh sé i leith na scaireanna nó na n-urrús iomchuí, is é sin le rá, iad sin a ndearnadh an bhónas-eisiúint ina leith agus, más as scaireanna nó urrúis a fuair an faighteoir roimhe sin a dhíorthaigh na hurrúis sin, na scaireanna nó na hurrúis a fuarthas roimhe sin; ná ní dhéanfaidh aon ní sna fo-ailt sin difear do chionúireacht dá shamhail den chreidmheas cánach iomchuí a bhaineann leis an mbónas-eisiúint sin.

[EN]

(6) Chun críocha fho-alt (5)—

[EN]

(a) má ba mhó an chomaoin a sholáthraigh an faighteoir i leith aon chuid de na scaireanna nó na hurrúis iomchuí ná a margadhluach an tráth a fuair sé iad, nó murar sholáthraigh sé aon chomaoin i leith aon chuid de na scaireanna nó de na hurrúis iomchuí, measfar gur sholáthraigh an faighteoir i leith na scaireanna nó na n-urrús sin comaoin ar cóimhéid lena margadhluach an tráth a fuair sé iad; agus

[EN]

(b) le linn a bheith á chinneadh an mó ná gnáth-bhrabach méid a fuarthas mar dhíbhinn, cuirfear san áireamh an fad ama sula bhfuarthas an méid sin ó fuair an faighteoir i gcéaduair aon chuid de na scaireanna nó de na hurrúis iomchuí agus cuirfear san áireamh freisin aon díbhinní agus dáiltí eile a rinneadh ina leith i rith an ama sin.

[EN]

Dáiltí as brabúis chaipitiúla cuideachtaí.

90.—(1) I gcás a ndéanfaidh cuideachta a chónaíonn sa Stát dáileadh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis, go páirteach as brabúis chaipitiúla de chuid na cuideachta agus go páirteach as brabúis eile, déileálfar leis an dáileadh ionann is dá mba dhá dháileadh é a rinneadh faoi seach as brabúis chaipitiúla agus as brabúis eile.

[EN]

(2) D'ainneoin alt 1 (2) (cáin chorparáide a fheidhmiú i gcás cuideachtaí), i gcás a ndéanfaidh cuideachta, an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis, dáileadh (lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fho-alt (1) mar dháileadh) agus go ndéanfar, nó go measfar faoi fho-alt (5) go ndearnadh, an dáileadh as brabúis chaipitiúla de chuid na cuideachta, measúnófar cáin ioncaim ar an gcuideachta, don bhliain mheasúnachta a rinneadh an dáileadh, de réir an ráta chaighdeánaigh faoi Chás IV de Sceideal D ar mhéid arb ionann an cháin ioncaim air de réir an ráta caighdeánaigh don bhliain sin agus méid an chreidmheasa cánach ag a mbeadh feidhm i leith an dáilte dá mba phearsa aonair ina chónaí sa Stát an duine a fuair é.

[EN]

(3) I gcás a ndéanfar dáileadh (lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fho-alt (1) mar dháileadh) lena mbaineann fo-alt (2) go páirteach as brabúis chaipitiúla ar ar muirearaíodh cáin ghnóchan caipitiúil nó, tar éis an laghdaithe dá bhforáiltear le halt 13 (gnóchain inmhuirearaithe a ríomh), cáin chorparáide agus go páirteach as brabúis chaipitiúla eile, déileálfar leis an dáileadh ionann is dá mba dhá dháileadh é a rinneadh faoi seach as brabúis chaipitiúla a cuireadh faoi mhuirear amhlaidh agus as brabúis chaipitiúla eile.

[EN]

(4) I gcás a ndéanfaidh cuideachta, an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis, dáileadh as brabúis chaipitiúla ar ar muirearaíodh cáin ghnóchan caipitiúil nó, tar éis an laghdaithe dá bhforáiltear le halt 13, cáin chorparáide, déanfar an cháin a mhuirearófar faoi fho-alt (2) a laghdú cóimhéid na cánach gnóchan caipitiúil ab inmhuirearaithe faoi alt 3 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, don bhliain mheasúnachta a rinneadh an dáileadh ar chóimhéid chomhiomlán an dáilte agus an chreidmheasa cánach ag a mbeadh feidhm i leith an dáilte dá mba phearsa aonair a bhí ina chónaí sa Stát an duine a fuair é.

[EN]

(5) I gcás a ndéanfaidh cuideachta dáileadh (is dáileadh de bhua alt 96 (íocaíochtaí le rannpháirtithe nó le comhlaigh) nó alt 97 (ús a íoctar le stiúrthóirí agus lena gcomhlaigh)), measfar an dáileadh a bheith déanta as brabúis na cuideachta go feadh méid na mbrabús sin, agus i gcás ar mó an dáileadh ná brabúis na cuideachta measfar méid na breise a bheith déanta as brabúis chaipitiúla na cuideachta nár cuireadh faoi mhuirear cánach gnóchan caipitiúil ná faoi mhuirear cánach corparáide.

[EN]

(6) Ní mheasfar gur ioncam de chuid cuideachta chun aon chríche de chríocha na nAchtanna Cánach aon mhéid ar a ndéanfar, de bhua an ailt seo, cáin ioncaim a mhuirearú ina leith ar an gcuideachta trí mheasúnacht faoi Chás IV de Sceideal D.

[EN]

Dáiltí ó chuideachtaí nuachónaitheacha as brabúis a d'eascair roimh thosach an chónaí.

91.—(1) I gcás a ndearna cuideachta, ar an dáta nó tar éis an dáta a thosaigh sí ar bheith ina cónaí sa Stát ach tráth nár luaithe ná an 6ú lá d'Aibreán, 1976, dáileadh go páirteach as brabúis a d'eascair chuici roimh an dáta a thosaigh sí ar bheith ina cónaí amhlaidh agus go páirteach as brabúis eile, déileálfar leis an dáileadh ionann is dá mba dhá dháileadh é a rinneadh faoi seach as brabúis a d'eascair chuig an gcuideachta roimh an dáta a thosaigh sí ar bheith ina cónaí sa Stát agus as brabúis eile.

[EN]

(2) D'ainneoin alt 1 (2), cuideachta a rinne, ar an dáta nó tar éis an dáta a thosaigh sí ar bheith ina cónaí sa Stát ach tráth nár luaithe ná an 6ú lá d'Aibreán, 1976, dáileadh, lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fho-alt (1) mar dháileadh, as brabúis a d'eascair chuici roimh an dáta a thosaigh sí ar bheith ina cónaí amhlaidh, measúnófar cáin ioncaim uirthi, don bhliain mheasúnachta a rinneadh an dáileadh, de réir an ráta chaighdeánaigh faoi Chás IV de Sceideal D ar mhéid arb ionann an cháin ioncaim air de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain mheasúnachta sin agus méid an chreidmheasa cánach ag a mbeadh feidhm i leith an dáilte dá mba phearsa aonair ina chónaí sa Stát an duine a fuair é.

[EN]

(3) Aon duine a éileoidh de bhua aon díolúine nó faoiseamh ó cháin go n-íocfaí creidmheas cánach leis i leith dáileadh dá dtagraíonn fo-alt (2) ní bheidh sé i dteideal go n-íocfaí an creidmheas sin leis más dlúthchuideachta (mar a shainítear in alt 94) nár íoc méid iomlán na cánach ioncaim a measúnaíodh uirthi faoi fho-alt (2) an chuideachta a rinne an dáileadh.

[EN]

(4) Ní dhéanfar aon mhéid ar muirearaíodh cáin ioncaim ina leith, de bhua an ailt seo, ar chuideachta trí mheasúnacht faoi Chás IV de Sceideal D a áireamh mar ioncam de chuid na cuideachta chun aon chríche de chríocha na nAchtanna Cánach.

[EN]

Dáiltí a rinneadh roimh 6 Aibreán, 1976.

92.—(1) I gcás a ndearna cuideachta a chónaíonn sa Stát dáileadh an 27ú lá de Shamhain, 1975, nó dá éis, agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, measfar, chun críocha ailt 83, 88 agus 90, gur ar an 6ú lá d'Aibreán, 1976, a rinneadh an dáileadh sin:

[EN]

Ar choinníoll go measfar nach bhfolaíonn “dáileadh” san alt seo díbhinn as ar baineadh cáin ioncaim ná díbhinn nár baineadh cáin ioncaim aisti de bhua alt 387 nó 410 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

[EN]

(2) Ní bhainfidh an t-alt seo le dáileadh a rinneadh an 27ú lá de Shamhain, 1975, nó dá éis, agus roimh an 6ú lá de d'Aibreán, 1976—

[EN]

(a) má dhearbhaigh an chuideachta é i gcruinniú ginearálta roimh an dáta chéadluaite; nó

[EN]

(b) má dearbhaíodh é i gcruinniú ginearálta tar éis an dáta chéadluaite ach, de réir moladh ó na stiúrthóirí agus cinneadh na stiúrthóirí an moladh sin a dhéanamh, gur fógraíodh é go poiblí, ar údarás ó na stiúrthóirí, roimh an dáta sin; nó

[EN]

(c) más de réir cinneadh ó na stiúrthóirí a rinneadh é agus go ndearnadh, ar údarás uathu, an cinneadh sin a fhógairt go poiblí roimh an dáta chéadluaite.

[EN]

Dáiltí as brabúis dhíolmhaithe áirithe.

93.—(1) San alt seo ciallaíonn “brabúis dhíolmhaithe” brabúis nó gnóchain nach ndearnadh de bhua—

[EN]

(a) alt 18 den Acht Airgeadais, 1969 (brabúis ó áitiú tailte áirithe), nó

[EN]

(b) an ailt sin arna chur chun feidhme le halt 11 (6) (buanú díolúintí)

[EN]

cáin a mhuirearú orthu.

[EN]

(2) I gcás a ndéanfaidh cuideachta dáileadh do thréimhse chuntasaíochta go páirteach as brabúis dhíolmhaithe agus go páirteach as brabúis eile, déileálfar leis an dáileadh ionann is dá mba dhá dháileadh é a rinneadh faoi seach as brabúis dhíolmhaithe agus as brabúis eile.

[EN]

(3) (a) Maidir leis an oiread sin d'aon dáileadh a rinneadh as brabúis dhíolmhaithe—

[EN]

(i) measfar chun críocha an Achta seo, i gcás ar cuideachta faighteoir an dáilte sin, gur brabúis dhíolmhaithe de chuid na cuideachta é, agus

[EN]

(ii) ní mheasfar gur ioncam é chun aon chríche de chríocha na nAchtanna Cánach Ioncaim.

[EN]

(b) D'ainneoin forálacha alt 88, ní bheidh faighteoir aon dáilte, dena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fho-alt (2) mar dháileadh, a rinneadh as brabúis dhíolmhaithe i dteideal creidmheasa cánach i leith an dáilte sin.

[EN]

(4) (a) I gcás a ndéanfaidh cuideachta dáileadh, lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fho-alt (2) mar dháileadh, maidir le haon cheart nó oibleagáid lena mbaineann alt 178 (díbhinní de réir ráta chomhláin nó de mhéid comhlán) agus gur as brabúis dhíolmhaithe a dhéanfar an dáileadh, déanfaidh an chuideachta dáileadh forlíontach ar cóimhéid leis an gcreidmheas cánach ag a mbeadh feidhm maidir leis an dáileadh dá mba nár achtaíodh fo-alt (3) (b).

[EN]

(b) Beidh feidhm ag fo-alt (2) maidir le dáileadh forlíontach faoin bhfo-alt seo ionann is dá mba dháileadh a rinneadh go hiomlán as brabúis dhíolmhaithe an dáileadh forlíontach sin.

[EN]

(5) I ndáil le haon dáileadh (nach dáileadh forlíontach faoin alt seo), lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fho-alt (2) mar dháileadh, a rinne cuideachta as brabúis dhíolmhaithe, bainfidh alt 5 (barántais díbhinne) agus alt 83 (5) leis an gcuideachta ionas go dtaispeánfar sna ráitis dá ndéantar socrú leis na hailt sin, i leith gach dáileadh den sórt sin, i dteannta na sonraí a cheanglaítear a thabhairt ar leith ón alt seo, gur as brabúis dhíolmhaithe a rinneadh an dáileadh.

[EN]

(6) I ndáil le haon dáileadh forlíontach faoi fho-alt (4), bainfidh alt 5 leis an gcuideachta ionas go dtaispeánfar sa ráiteas a cheanglaítear leis an alt sin, i dteannta na sonraí a cheanglaítear a thabhairt ar leith ón alt seo, méid an dáilte fhorlíontaigh sin ar leithligh.

[EN]

(7) I gcás a ndéanfaidh cuideachta dáileadh do thréimhse chuntasaíochta, measfar chun críocha an ailt seo gur as ioncam indáilte (mar a shainítear in alt 64 (4)) na tréimhse sin go feadh méid an ioncaim sin, agus, i ndáil le breis an dáilte ar an ioncam sin, gur as an ioncam is deireanaí a tiomsaíodh, a rinneadh é.

[EN]

(8) Beidh feidhm ag fo-ailt (5) agus (6) d'alt 64 chun críocha an ailt seo mar atá feidhm acu chun críocha an ailt sin.

[EN]

(9) San alt seo folaíonn “brabúis eile” díbhinn nó dáileadh eile de chuid cuideachta a chónaíonn sa Stát ach ní fholaíonn sé dáileadh lena mbaineann fo-alt (3) (a) (i).

CUID X

Dlúthchuideachtaí

[EN]

An bhrí atá le dlúthchuideachta.

94.—(1) Chun críocha an Achta seo, ciallaíonn “dlúthchuideachta” cuideachta atá faoi rialú cúig rannpháirtí nó níos lú, nó faoi rialú rannpháirtithe is stiúrthóirí, ach amháin nach mbaineann an abairt—

[EN]

(a) le cuideachta nach gcónaíonn sa Stát, ná

[EN]

(b) le cumann tionscail agus coigiltis cláraithe de réir brí alt 30 (cumainn tionscail agus coigiltis), ná le cumann foirgníochta de réir brí alt 31 (cumainn fhoirgníochta), ná

[EN]

(c) le cuideachta atá faoi rialú an Stáit nó thar ceann an Stáit, agus nach dlúthchuideachta ar dhóigh ar bith eile, ná

[EN]

(d) le cuideachta faoi réim fho-alt (4) nó alt 95.

[EN]

(2) Chun críocha an ailt seo—

[EN]

(a) déileálfar le cuideachta mar chuideachta faoi rialú an Stáit nó thar ceann an Stát más rud é, agus amháin más rud é, go bhfuil sí faoi rialú an Stáit nó daoine ag gníomhú thar ceann an Stáit, ar neamhspleidh le haon duine eile, agus

[EN]

(b) i gcás cuideachta a bheith faoi rialú amhlaidh, ní dhéileálfar léi mar chuideachta is dlúthchuideachta ar dhóigh ar bith eile mura féidir déileáil léi mar chuideachta is dlúthchuideachta faoi rialú daoine ag gníomhú ar neamhspleidh leis an Stát.

[EN]

(3) Is dlúthchuideachta freisin cuideachta a chónaíonn sa Stát (ach nach bhfuil faoi réim fho-alt (1) (b)) má bhíonn, ar dháileadh iomlán a dhéanamh ar a hioncam indáilte, breis agus a leath le híoc, go díreach nó go neamhdhíreach, le cúig rannpháirtí nó níos lú, nó le rannpháirtithe is stiúrthóirí.

[EN]

(4) Ní dhéileálfar le cuideachta mar dhlúthchuideachta—

[EN]

(a) más rud é—

[EN]

(i) go bhfuil sí faoi rialú cuideachta nach dlúthchuideachta, nó faoi rialú dhá chuideachta nó níos mó nach dlúthchuideachta aon chuideachta díobh, agus

[EN]

(ii) nach féidir déileáil léi mar dhlúthchuideachta ach amháin trí chuideachta nach dlúthchuideachta a ghlacadh mar cheann de na cúig rannpháirtithe nó níos lú is gá le go ndéileálfaí amhlaidh léi;

[EN]

(b) mura féidir déileáil léi mar dhlúthchuideachta ach amháin de bhua mhír (c) d'alt 102 (2) agus nár dhlúthchuideachta í mura bhfolódh an tagairt sa mhír sin do rannpháirtithe creidiúnaithe iasachtaí is cuideachtaí seachas dlúthchuideachtaí.

[EN]

(5) Measfar na tagairtí i bhfo-alt (4) do dhlúthchuideachta do bhaint le haon chuideachta ar dhlúthchuideachta í dá mba sa Stát a bheadh cónaí uirthi.

[EN]

(6) Má bhíonn scaireanna in aon chuideachta (dá ngairtear “an chéad chuideachta” san fho-alt seo) aon tráth tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1976, ar teachtadh ar iontaobhas do chiste nó do scéim a ceadaíodh faoi alt 222 nó 229 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó do scéim cheadaithe dhíolmhaithe mar a shainítear i gCaibidil II de Chuid I den Acht Airgeadais, 1972, ansin, mura mbeidh an ciste nó an scéim bunaithe go hiomlán nó go formhór chun sochair do dhaoine, nó do chleithiúnaithe daoine, is fostaithe nó stiúrthóirí nó iarfhostaithe nó iarstiúrthóirí—

[EN]

(a) de chuid na chéad chuideachta; nó

[EN]

(b) de chuid cuideachta comhlachaithe de chuid na chéad chuideachta; nó

[EN]

(c) de chuid cuideachta atá faoi rialú aon stiúrthóra nó comhlaigh stiúrthóra de chuid na chéad chuideachta nó faoi rialú dhá dhuine nó níos mó ar stiúrthóir nó comhlach den sórt sin gach duine díobh; nó

[EN]

(d) de chuid dlúthchuideachta;

[EN]

measfar gurb iad, chun críocha fho-alt (4), na daoine a theachtann na scaireanna úinéirí tairbhiúla na scaireanna agus, sa cháil sin, gur cuideachta nach dlúthchuideachta iad.

[EN]

Ní dlúthchuideachtaí cuideachtaí áirithe ag a bhfuil scaireanna luaite.

95.—(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, ní mheasfar gur dlúthchuideachta aon tráth cuideachta—

[EN]

(a) má bhíonn scaireanna sa chuideachta lena ngabhann cuid nach lú ná 35 faoin gcéad den chumhacht vótála sa chuideachta (agus nach scaireanna i dteideal ráta shocraithe díbhinne, i dteannta nó d'éagmais cirt bhreise bheith páirteach i mbrabúis) leithroinnte gan choinníoll ar an bpobal nó faighte gan choinníoll ag an bpobal agus ar teachtadh go tairbhiúil an tráth sin ag an bpobal, agus

[EN]

(b) má bhí aon scaireanna den sórt sin, laistigh den dá mhí dhéag roimhe sin, ina n-ábhar déileála ar stocmhargadh aitheanta, agus gur luadh na scaireanna sa dá mhí dhéag sin i liosta oifigiúil stocmhargaidh aitheanta.

[EN]

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) le cuideachta aon tráth ar mó ná 85 faoin gcéad céatadán iomlán na cumhachta vótála sa chuideachta a bheidh ag príomh-chomhaltaí uile na cuideachta.

[EN]

(3) Chun críocha fho-alt (1), measfar scaireanna i gcuideachta a bheith ar teachtadh go tairbhiúil ag an bpobal más rud é agus amháin más rud é—

[EN]

(a) go dtagann siad faoi réim fho-alt (4), agus

[EN]

(b) nach bhfuil siad faoi réim na n-eisceachtaí i bhfo-alt (5),

[EN]

agus déanfar forléiriú dá réir sin ar an tagairt do scaireanna a leithroinneadh gan choinníoll ar an bpobal nó a fuair an pobal gan choinníoll.

[EN]

(4) Tá scaireanna faoi réim an fho-ailt seo (mar scaireanna atá ar teachtadh go tairbhiúil ag an bpobal)—

[EN]

(a) má tá siad ar teachtadh go tairbhiúil ag cuideachta a chónaíonn sa Stát agus nach dlúthchuideachta, nó ag cuideachta nach gcónaíonn sa Stát agus nár dhlúthchuideachta dá mbeadh cónaí uirthi sa Stát, nó

[EN]

(b) má tá siad ar teachtadh ar iontaobhas do chiste nó do scéim a ceadaíodh faoi alt 222 nó 229 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó do scéim cheadaithe dhíolmhaithe mar a shainítear i gCaibidil II de Chuid I den Acht Airgeadais, 1972, nó

[EN]

(c) mura bhfuil siad ar áireamh i sealbhán príomh-chomhalta.

[EN]

(5) Ní mheasfar scaireanna a bheith ar teachtadh ag an bpobal má bhíonn siad ar teachtadh—

[EN]

(a) ag aon stiúrthóir nó ag aon chomhlach stiúrthóra de chuid na cuideachta, nó

[EN]

(b) ag aon chuideachta atá faoi rialú ag aon stiúrthóir nó comhlach den sórt sin, nó ag dhá dhuine nó níos mó ar stiúrthóir nó comhlach den sórt sin gach duine díobh, nó

[EN]

(c) ag aon chuideachta chomhlachaithe de chuid na cuideachta, nó

[EN]

(d) mar chuid d'aon chiste a bhfuil a chaipiteal nó a ioncam infheidhmithe nó feidhmithe go hiomlan nó go formhór chun tairbhe do dhaoine, nó do chleithiúnaithe daoine, is fostaithe nó stiúrthóirí, nó iarfhostaithe nó iarstiúrthóirí, de chuid na cuideachta, nó de chuid aon chuideachta faoi réim mhír (b) nó (c).

[EN]

Folaíonn tagairtí san fho-alt seo do scaireanna ar teachtadh ag aon duine tagairtí d'aon scaireanna a bhféadfaí, chun críocha alt 102, na cearta nó na cumhachtaí a ghabhann leo a chur i leith an duine sin faoi fho-alt (5) den alt sin.

[EN]

(6) Chun críocha an ailt seo—

[EN]

(a) is príomh-chomhalta de chuideachta duine má tá níos mó ná 5 faoin gcéad den chumhacht vótála sa chuideachta aige agus, i gcás a bhfuil níos mó ná cúig dhuine den sórt sin ann, más duine de na cúig dhuine é ag a bhfuil na céatadáin is mó nó más rud é, mar gheall ar an gcéatadán céanna den chumhacht vótála sa chuideachta a bheith ag dhá dhuine nó níos mó, nach bhfuil cúig dhuine den sórt sin ann, gur duine é de na sé dhuine nó níos mó (ionas go n-áireofar an dá dhuine sin nó níos mó a bhfuil an céatadán céanna acu) ag a bhfuil na céatadáin is mó, agus

[EN]

(b) is é sealbhán príomh-chomhalta na scaireanna lena ngabhann an chumhacht vótála atá aige.

[EN]

(7) Chun an chumhacht vótála atá ag duine a fháil amach cuirfear ina leith aon chumhacht vótála a chuirfí, chun críocha alt 102, ina leith faoi fho-alt (5) nó (6) den alt sin.

[EN]

(8) San alt seo folaíonn “scair” “stoc”.

[EN]

Caiteachais áirithe do rannpháirtithe agus do chomhlaigh.

96.—(1) Faoi réir cibé eisceachtaí a luaitear in alt 84 (ábhair a ndéileálfar leo mar dháiltí) folaíonn “dáileadh”, i ndáil le dlúthchuideachta, mura ndéarfar a mhalairt, cibé méid a gceanglaítear le fo-alt (2) déileáil leis mar dháileadh.

[EN]

(2) I gcás a dtabhóidh dlúthchuideachta caiteachas ag soláthar, nó i ndáil le soláthar, cóiríochta cónaithe nó cóiríochta eile, fialachta, seirbhísí baile nó eile, nó sochair nó saoráidí eile de chineál ar bith, d'aon rannpháirtí, measfar dáileadh a bheith tugtha ag an gcuideachta dó ar cóimhéid leis an oiread sin den chaiteachas sin nach mbeidh cúitithe ag an rannpháirtí leis an gcuideachta:

[EN]

Ar choinníoll nach mbainfidh an fo-alt seo le caiteachas ag soláthar, nó i ndáil le soláthar, sochar nó saoráidí do dhuine lena mbaineann alt 117 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (sochair chomhchineáil) mar stiúrthóir nó fostaí de chuid na cuideachta, nó ag soláthar aon phinsin, blianachta, cnapshuime, aisce nó sochair eile dá samhail do chéile, do leanaí nó do chleithiúnaithe aon duine den sórt sin a thabharfar ar éag nó ar scor dó.

[EN]

(3) Folóidh aon tagairt i bhfo-alt (2) do chaiteachas a tabhaíodh in aon ábhar nó i ndáil le haon ábhar tagairt do chionúireacht chuí d'aon chaiteachas a tabhaíodh go páirteach san ábhar sin nó i ndáil leis; agus beidh feidhm ag alt 118 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (luacháil sochar comhchineáil) chun críocha an fho-ailt sin mar atá feidhm aige chun críocha alt 117 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ach tagairtí don fho-alt sin a chur in ionad tagairtí d'alt 117 (1).

[EN]

(4) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) má bhíonn cónaí sa Stát ar an gcuideachta agus ar an rannpháirtí agus—

[EN]

(a) gur fochuideachta ceann acu don cheann eile nó gur fochuideachtaí iad araon do thríú cuideachta a chónaíonn sa Stát, agus

[EN]

(b) go n-eascraíonn an sochar chun an rannpháirtí ar an gcuideachta d'aistriú sócmhainní nó dliteanais chuige nó ar eisean dá n-aistriú chun na cuideachta nó i ndáil le haistriú den sórt sin.

[EN]

(5) Nuair a bheifear ag cinneadh na ceiste an fochuideachta do chuideachta eile chun críche fo-alt (4) cuideachta áirithe cinnfear í mar cheist an fochuideachta 51 faoin gcéad í don chuideachta eile sin, ach amháin go measfar nach í an chuideachta eile sin is úinéir—

[EN]

(a) ar aon scairchaipiteal atá ar úinéireacht aici féin go díreach i gcuideachta dá n-áireofaí brabús as díol na scaireanna mar fháltas trádála óna trádáil; nó

[EN]

(b) ar aon scairchaipiteal atá ar úinéireacht aici go neamhdhíreach, agus atá ar úinéireacht go díreach ag cuideachta arbh fháltas trádála di brabús as díol na scaireanna; nó

[EN]

(c) ar aon scairchaipiteal atá ar úinéireacht aici go díreach nó go neamhdhíreach i gcuideachta nach gcónaíonn sa Stát.

[EN]

(6) I gcás a ndéanfaidh gach ceann de dhá dhlúthchuideachta nó níos mó íocaíocht le duine nach rannpháirtí sa chuideachta sin, ach ar rannpháirtí é i gceann eile de na cuideachtaí sin, agus go bhfuil na cuideachtaí ag gníomhú de chomhbheart nó faoi chomhshocraíochtaí a rinne aon duine, ansin, déileálfar le gach ceann de na cuideachtaí sin agus le haon rannpháirtí inti ionann is dá mba í an chuideachta sin a rinne an íocaíocht leis.

[EN]

Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo, faoi réir aon oiriúnuithe is gá, i ndáil le haon chomaoin a thabhairt, agus i ndáil le haon saoráidí a sholáthar, mar atá feidhm aige i ndáil le híocaíocht a dhéanamh.

[EN]

(7) Chun críocha an ailt seo folaíonn aon tagairt do rannpháirtí comhlach rannpháirtí, agus déileálfar le haon rannpháirtí i gcuideachta a rialaíonn cuideachta eile mar rannpháirtí freisin sa chuideachta eile sin.

[EN]

Us a íoctar le stiúrthóirí agus le comhlaigh stiúrthóirí.

97.—(1) Faoi réir cibé eisceachtaí a luaitear in alt 84 (1), tá éifeacht leis an alt seo i gcás a ndéanann dlúthchuideachta, in aon tréimhse chuntasaíochta, ach nach tráth roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, aon ús a íoc le duine nó le comhlach duine—

[EN]

(a) is stiúrthóir ar an dlúthchuideachta nó ar aon chuideachta a rialaíonn an dlúthchuideachta nó atá á rialú aici, agus

[EN]

(b) a bhfuil leas ábhartha aige—

[EN]

(i) sa dlúthchuideachta, nó

[EN]

(ii) i gcás an dlúthchuideachta a bheith faoi rialú cuideachta eile, sa chuideachta eile sin.

[EN]

(2) Má théann an méid iomlán a íocfar amhlaidh le haon duine sa tréimhse chuntasaíochta thar an teorainn a fhorchuirtear ina chás, is dáileadh ag an dlúthchuideachta chun an duine sin an bhreis.

[EN]

(3) Déanfar an teorainn a ríomh sa chéad ásc mar theorainn iomlánach a bhaineann le comhiomlán an úis go léir atá faoi réim fho-alt (1) agus a d'íoc an dlúthchuideachta sa tréimhse chuntasaíochta, agus, i gcás dhá fhaighteoir éagsúla nó níos mó a bheith ann, déanfar an teorainn iomlánach sin a chionroinnt eatarthu de réir na méideanna úis a íocadh leo faoi seach.

[EN]

(4) Is é an teorainn iomlánach cóimhéid an úis de réir 13 faoin gcéad sa bhliain nó de réir cibé ráta eile úis a fhorordóidh an tAire ó am go ham ar cibé suim díobh seo is lú—

[EN]

(a) iomlán na n-iasachtaí, na n-airleacan agus na gcreidmheasaí ar ar íoc an dlúthchuideachta ús faoi réim fho-alt (1) sa tréimhse chuntasaíochta, nó murarbh ionann i gcónaí in imeacht na tréimhse cuntasaíochta an t-iomlán sin, an meániomlán thar an tréimhse chuntasaíochta, agus

[EN]

(b) méid ainmniúil scairchaipiteal eisithe na dlúthchuideachta móide méid aon chuntas scairphréimhe (nó cuntas inchomórtais ar bith eile cibé ainm a ghairtear de) de chuid na cuideachta, agus an dá mhéid a ghlacadh mar a bhí i dtosach na tréimhse cuntasaíochta.

[EN]

(5) San alt seo folaíonn “ús” aon chomaoin eile a d'íoc nó a thug an dlúthchuideachta as úsáid airgead a d'airlic, nó creidmheas a thug, aon duine, agus déanfar tagairtí do ús a íoc a fhorléiriú dá réir sin.

[EN]

(6) Tá éifeacht leis an alt seo faoi réir alt 96 (6), agus chun críocha an ailt seo tá leas ábhartha ag duine i gcuideachta i gcás é a bheith, as féin nó i dteannta comhlaigh amháin nó níos mó dá chuid, nó i gcás aon chomhlach dá chuid, i dteannta nó d'éagmais aon chomhlaigh eile den sórt sin, a bheith ina úinéir tairbhiúil, nó a bheith ábalta, go díreach nó trí mheán cuideachtaí eile, nó trí aon mheáin neamhdhíreacha eile, rialú a dhéanamh, ar bhreis agus 5 faoin gcéad de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta.

[EN]

Iasachtaí do rannpháirtithe, etc.

98.—(1) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo, más rud é, tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1976, go ndéanfaidh dlúthchuideachta, ar dhóigh seachas i ngnáthchúrsa gnó a sheolann sí agus ar chuid de airgead a thabhairt ar iasacht aon iasacht a thabhairt do phearsa aonair is rannpháirtí sa chuideachta nó is comhlach do rannpháirtí, nó aon airgead a airleacan chuige, measfar, chun críocha an ailt seo, gur íoc an chuideachta, sa bhliain mheasúnachta a tugadh an iasacht nó a rinneadh an t-airleacan, íocaíocht bhliaintúil arbh ionann a méid, tar éis cáin ioncam a bhaint as de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain mheasúnachta a tugadh an iasacht nó a rinneadh an t-airleacan, agus méid na hiasachta nó an airleacain, agus beidh feidhm ag alt 151 (cáin ioncaim ar íocaíochtaí) chun críocha na cánach sin a mhuirearú, a mheasúnú agus a ghnóthú:

[EN]

Ar choinníoll nach muirear ar ioncam na cuideachta de réir brí alt 10 (muirir ar ioncam a lamháil) an íocaíocht bhliantúil dá dtagraítear san fho-alt seo.

[EN]

(2) Chun críocha an ailt seo folóidh na cásanna a measfar iasacht a bheith tugtha ag an gcuideachta d'aon duine cás—

[EN]

(a) ina rachaidh an duine sin i bhfiacha leis an dlúthchuideachta, nó

[EN]

(b) ina sannfar don dlúthchuideachta fiach a bheidh dlite den duine sin do thríú páirtí,

[EN]

agus ansin áireofar iasacht ar cóimhéid leis an bhfiach a bheith tugtha ag an dlúthchuideachta:

[EN]

Ar choinníoll nach mbainfidh mír (a) le fiach a thabhófar tríd an dlúthchuideachta do sholáthar earraí nó seirbhísí i ngnáthchúrsa a trádála nó a gnó mura faide an creidmheas a tugadh ná sé mhí nó mura faide é ná é sin is gnáth a thabhairt do chustaiméirí na cuideachta.

[EN]

(3) Ní bhainfidh fo-alt (1) le hiasacht do stiúrthóir nó d'fhostaí de chuid dlúthchuideachta, nó de chuid cuideachta chomhlachaithe de chuid na dlúthchuideachta—

[EN]

(a) mura mó ná £15,000 méid na hiasachta, nó an méid sin i dteannta aon iasachtaí neamhíoctha eile a thug an dlúthchuideachta nó aon cheann dá cuideachtaí comhlachaithe don iasachtaí, nó do bhanchéile nó d'fhearchéile an iasachtaí,

[EN]

(b) má oibríonn an t-iasachtaí go lánaimseartha don dlúthchuideachta nó d'aon cheann dá cuideachtaí comhlachaithe, agus

[EN]

(c) mura mbeidh leas ábhartha ag an iasachtaí sa dlúthchuideachta no in aon chuideachta chomhlachaithe de chuid na dlúthchuideachta ach má fhaigheann an t-iasachtaí leas ábhartha den sórt sin tráth a bheidh aon iasacht den sórt sin nó aon chuid di gan aisíoc, measfar iasacht ar cóimhéid leis an tsuim neamhíoctha a bheith tugtha ag an dlúthchuideachta dó an tráth sin.

[EN]

(4) I gcás, tar éis cáin a mheasúnú ar chuideachta faoin alt seo i leith aon iasachta nó airleacain, go n-aisíocfar an iasacht nó an t-airleacan nó aon chuid den chéanna leis an gcuideachta, tabharfar faoiseamh ón gcáin sin, nó ó chuid chionúireach di, trí urscaoileadh nó aisíoc.

[EN]

Tabharfar faoiseamh faoin bhfo-alt seo de dhroim éilimh, ach ní foláir an t-éileamh a dhéanamh laistigh de dheich mbliana ó dheireadh na bliana measúnachta a rinneadh an t-aisíoc.

[EN]

(5) Má tharlaíonn, faoi chomhshocraíochtaí arna ndéanamh ag aon duine seachas i ngnáthchúrsa gnó a sheolann sé—

[EN]

(a) go dtabharfaidh dlúthchuideachta iasacht nó airleacan nach dtarraingeoidh, ar leith ón bhfo-alt seo, aon mhuirear ar an gcuideachta faoi fho-alt (1), agus

[EN]

(b) go dtabharfaidh duine éigin seachas an dlúthchuideachta íocaíocht do phearsa aonair is rannpháirtí sa chuideachta nó is comhlach do rannpháirtí nó go n-aistreoidh sé maoin chuig pearsa aonair den sórt sin nó go scaoilfidh nó go sásóidh sé (go hiomlán nó go páirteach) dliteanas pearsa aonair den sórt sin,

[EN]

ansin, mura rud é, maidir leis an ábhar dá dtagraítear i mír (b), go mbeidh méid nach lú ná an iasacht nó an t-airleacan le háireamh in ioncam iomlán an rannpháirtí nó an chomhlaigh, beidh feidhm ag an alt seo ionann is dá mba gur tugadh an iasacht nó an t-airleacan dó.

[EN]

(6) I bhfo-ailt (1) agus (5) (b), bainfidh na tagairtí do phearsa aonair le cuideachta freisin a gheobhaidh an iasacht nó an t-airleacan i gcáil mhuiníneach nó ionadaitheach, agus le cuideachta nach gcónaíonn sa Stát.

[EN]

(7) Chun críocha an ailt seo déileálfar le haon rannpháirtí i gcuideachta a rialaíonn cuideachta eile mar rannpháirtí freisin sa chuideachta eile sin; agus beidh feidhm ag alt 97 (6) chun a chinneadh an bhfuil, chun críche fho-alt (3), leas ábhartha ag duine i gcuideachta.

[EN]

(8) Má tharlaíonn, an 27ú lá de Shamhain, 1975, nó dá éis, ach tráth nach déanaí ná an 5ú lá d'Aibreán, 1976, go dtabharfaidh dlúthchuideachta iasacht nó airleacan airgid do phearsa aonair is rannpháirtí sa chuideachta nó is comhlach do rannpháirtí, measfar, chun críocha an ailt seo, an iasacht nó an t-airleacan airgid a bheith tugtha ag an gcuideachta an 6ú lá d'Aibreán, 1976:

[EN]

Ar choinníoll nach mbainfidh an fo-alt seo le haon iasacht ná airleacan ná le haon chuid den chéanna a aisíocadh leis an gcuideachta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976.

[EN]

An éifeacht a bheidh le fiach i leith iasacht faoi alt 98 a scaoileadh, etc.

99.—(1) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo, i gcás cuideachta a mheasúnú nó a ndlitear í a mheasúnú faoi alt 98 i leith iasachta nó airleacain agus go scaoilfidh nó go ndíscríobhfaidh sí an fiach go léir, nó cuid den fhiach, ina leith, ansin—

[EN]

(a) chun ioncam iomlán an duine dar tugadh an iasacht nó an t-airleacan a ríomh déanfar suim ar cóimhéid leis an méid a scaoileadh nó a díscríobhadh amhlaidh a áireamh mar ioncam a fuair sé tar éis cáin ioncaim a asbhaint de bhua alt 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain mheasúnachta a scaoileadh nó a díscríobhadh an fiach go léir nó cuid de) as méid comhlán comhréireach;

[EN]

(b) ní aisíocfar aon cháin ioncaim i leith an ioncaim sin;

[EN]

(c) d'ainneoin mhír (a), déileálfar chun críocha ailt 433 (ús bliantúil, etc., is iníoctha go hiomlán as brabúis chánaithe) agus 434 (ús, etc., nach iníoctha as brabúis chánaithe) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, leis an ioncam a áireofar de bhua na míre sin in ioncam iomlán an duine sin mar ioncam nár muirearaíodh cáin ioncaim air;

[EN]

(d) chun críocha alt 4 (e) den Acht Airgeadais, 1974 (cáin a mhuirearú ar ioncam as ar baineadh cáin), ach ní chun aon chríche eile, aon mhéid a ndéileálfar leis mar ioncam de bhua mhír (a) déileálfar leis ionann is dá mba gur baineadh cáin as de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain mheasúnachta a scaoileadh nó a díscríobhadh an fiach go léir nó cuid de, ar choinníoll más mó an méid sin nó comhiomlán na méideanna sin, má bhíonn thar mhéid amháin ann, ná méid ioncam inchánaithe na pearsan aonair arna mhuirearú de réir an ráta chaighdeánaigh nó ráta níos airde, nach rachaidh, d'ainneoin aon ní san alt sin 4, méid an chreidmheasa faoin alt sin 4 (e), i leith na breise, thar mhéid na cánach, más ann, a muirearaíodh ar an mbreis sin.

[EN]

(2) I gcás an iasacht nó an t-airleacan dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a bheith tugtha do dhuine a d'éag ó shin, nó d'iontaobhaithe iontaobhas a bhfuil deireadh leis, bainfidh an t-alt seo, in ionad baint leis an duine dar tugadh an céanna, leis an duine a mbeidh an fiach dlite de tráth an scaoilte nó an díscríofa (agus más mar ionadaí pearsanta de réir brí Chuid XXIX den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (Cáin Ioncaim maidir le Riaradh Eastát), a bheidh sé dlite de, déanfar, dá réir sin, an méid a mheastar a fuair sé, maidir leis na hardrátaí cánach, a áireamh chun críocha na Coda sin in ioncam comhiomlán an-eastáit) agus beidh feidhm dá réir sin ag fo-alt (1) modhnaithe mar is gá.

[EN]

(3) I gcás a measfar, faoi alt 98 (8), iasacht nó airleacan a bheith tugtha an 6ú lá d'Aibreán, 1976, agus a ndearna an chuideachta a thug an iasacht nó an t-airleacan an fiach go léir nó cuid den fhiach i leith an chéanna a scaoileadh nó a dhíscríobh roimh an dáta sin, ansin, chun críocha an ailt seo, measfar an méid a scaoileadh nó a díscríobhadh a bheith scaoilte nó díscríofa amhlaidh an 6ú lá d'Aibreán, 1976.

[EN]

(4) Forléireofar an t-alt seo i dteannta alt 98.

[EN]

Dáiltí a chuirfear i gcuntas agus an bhrí atá le “ioncam indáilte”, “ioncam infheistíochta”, “ioncam eastáit”, etc.

100.—(1) Chun críocha alt 101, glacfar gurb éard iad dáiltí cuideachta do thréimhse chuntasaíochta comhiomlán—

[EN]

(a) aon díbhinní arna ndearbhú in aghaidh nó i leith na tréimhse cuntasaíochta agus a íoctar nó is iníoctha le linn na tréimhse cuntasaíochta nó laistigh d'ocht mí dhéag tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta, agus

[EN]

(b) na dáiltí go léir, seachas díbhinní, a rinneadh sa tréimhse chuntasaíochta.

[EN]

(2) I gcás—

[EN]

(a) nach tréimhse chuntasaíochta tréimhse chuntais a ndearbhóidh cuideachta díbhinn ina haghaidh nó ina leith,

[EN]

(b) go n-íocfar nó gurb iníoctha an díbhinn i rith na tréimhse cuntais nó laistigh d'ocht mhí dhéag tar éis deireadh na tréimhse cuntais, agus

[EN]

(c) gur laistigh de thréimhse chuntasaíochta do chuid den tréimhse chuntais,

[EN]

ansin, is ionann an chomhréir den mhéid den díbhinn a mbeidh sé le meas chun críocha fho-alt (1) gur in aghaidh nó i leith na tréimhse cuntasaíochta í agus an chomhréir idir an chuid sin den tréimhse chuntais agus iomlán na tréimhse sin.

[EN]

(3) Chun críocha fho-alt (4) is é ioncam cuideachta do thréimhse chuntasaíochta ioncam na tréimhse cuntasaíochta, arna ríomh de réir forálacha an Achta seo, gan ioncam infheistíochta frainceáilte a áireamh, sula n-aisbhainfear—

[EN]

(a) aon chaillteanas a tabhaíodh in aon trádáil nó gairm a sheolann an chuideachta a bheidh tugtha ar aghaidh ó thréimhse chuntasaíochta níos luaithe nó a bheidh tugtha ar gcúl ó thréimhse chuntasaíochta níos deireanaí,

[EN]

(b) aon bhreis a bheidh ag easnaimh ar bharrachais a mbeadh, dá mba bhreis ag barrachais ar easnaimh an bhreis sin, cáin chorparáide inmhuirearaithe ar an gcuideachta faoi Chás V de Sceideal D ina leith agus ar breis í a tugadh ar aghaidh ó thréimhse chuntasaíochta nios luaithe nó a tugadh ar gcúl ó thréimhse chuntasaíochta níos deireanaí, agus

[EN]

(c) aon chaillteanas a mbeadh, dá mba bhrabús é, cáin chorparáide inmhuirearaithe ar an gcuideachta ina leith faoi Chás III nó IV de Sceideal D agus ar caillteanas é a tugadh ar aghaidh ó thréimhse chuntasaíochta níos luaithe nó aon chaiteachas bainistí nó aon mhuirir ar ioncam a tugadh ar aghaidh amhlaidh,

[EN]

agus tar éis iad seo a leanas a asbhaint—

[EN]

(d) aon chaillteanas a tabhaíodh sa tréimhse chuntasaíochta in aon trádáil nó gairm a sheolann ag an chuideachta,

[EN]

(e) aon chaillteanas a tabhaíodh sa tréimhse chuntasaíochta a mbeadh, dá mba bhrabús é, cáin chorparáide inmhuirearaithe ar an gcuideachta ina leith faoi Chás III nó IV de Sceideal D,

[EN]

(f) aon bhreis ag easnaimh ar bharrachais a mbeadh, dá mba bhreis barrachas an bhreis sin, cáin chorparáide inmhuirearaithe ar an gcuideachta ina leith don tréimhse chuntasaíochta faoi Chás V de Sceideal D,

[EN]

(g) aon mhéid is asbhaint inlamhála—

[EN]

(i) in aghaidh iomlán na mbrabús don tréimhse chuntasaíochta i leith muirear de bhua alt 10 (1), nó

[EN]

(ii) le linn iomlán na mbrabús don tréimhse chuntasaíochta a bheith á ríomh i leith caiteachas bainistí de bhua alt 15 (1), agus

[EN]

(h) méid na cánach corparáide ab iníoctha ag an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta dá ríomhfaí an cháin ar bhonn an ioncaim a dhéanfaí amach de réir na bhforálacha sin roimhe seo den fho-alt seo.

[EN]

(4) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “ioncam indáilte” de chuid cuideachta do thréimhse chuntasaíochta an t-ioncam arna ríomh de réir fho-alt (3) agus arna mhéadú—

[EN]

(a) méid ioncam infheistíochta frainceáilte na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta arna laghdú méid an chreidmheasa cánach san ioncam sin, agus

[EN]

(b) aon laghdú san ioncam sa tréimhse chuntasaíochta arna dhéanamh faoi alt 176 (faoiseamh eatramhach do chuideachtaí láithreacha ar scor de thrádáil, etc.) i leith aon bhunadh ioncaim:

[EN]

Ar choinníoll, i gcás ar mó comhiomlán na méideanna a shonraítear i míreanna (d) go (g) d'fho-alt (3) ná an t-ioncam arna ríomh de réir an fho-ailt sin ar leith ó na míreanna sin, go ndéanfar, le linn méid an ioncaim indáilte a bheith á ríomh, méid na breise a bhaint as comhiomlán na méideanna a shonraítear i míreanna (a) agus (b);

[EN]

ciallaíonn “ioncam infheistíochta” de chuid cuideachta ioncam seachas ioncam eastáit nárbh ioncam tuillte de réir brí alt 2 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, dá mba phearsa aonair an chuideachta, ach ní fholaíonn sé aon ús ná díbhinní ar infheistíochtaí a bheadh, ag féachaint do chineál na trádála a sheolann an chuideachta, le cur i gcuntas mar fháltais trádála le linn ioncam trádála a bheith á ríomh mura mbeadh iad a bheith curtha faoi cháin ar dhóigh seachas mar fháltais trádála, nó toisc nach bhfuil siad, de bhua alt 2 (ní hinmhuirearaithe cáin chorparáide ar dháiltí cuideachta a chónaíonn in Éirinn), le cur i gcuntas le linn ioncam a bheith á ríomh le haghaidh cánach corparáide;

[EN]

ciallaíonn “ioncam eastáit” ioncam (seachas ús bliantúil nó ús eile) ar ar inmhuirearaithe cáin faoi Chás III, IV nó V de Sceideal D, agus a d'eascair as úinéireacht talún (lena n-áirítear aon leas i dtalamh nó ceart thar thalamh) nó as aon fhoirgneamh nó cuid d'fhoirgneamh a ligean troscánaithe;

[EN]

ciallaíonn “ioncam trádála” ioncam as trádáil (lena n-áirítear feirmeoireacht) nó gairm a bhfuil cáin chorparáide inmhuirearaithe ar chuideachta ina leith faoi Chás I nó II de Sceideal D;

[EN]

ciallaíonn “cuideachta thrádála” aon chuideachta atá ann go hiomlán nó go formhór chun trádáil a sheoladh agus aon chuideachta eile nach ioncam infheistíochta ná ioncam eastáit a hioncam go hiomlán nó go formhór.

[EN]

(5) Chun críocha alt 101—

[EN]

ciallaíonn “ioncam infheistíochta indáilte” de chuid cuideachta do thréimhse chuntasaíochta, i gcás feidhm a bheith ag an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (4), an méid a dhéanfar amach de réir an choinníll sin, agus, in aon chás eile, suim an dá mhéid seo a leanas—

(a) an méid a dhéanfar amach tríd an gcodán

A

__

B

a fheidhmiú

[EN]

ar mhéid an ioncaim indáilte ar leith ó ioncam infheistíochta frainceáilte (arna laghdú méid an chreidmheasa cánach san ioncam sin)

[EN]

i gcás—

[EN]

arb é A méid an ioncaim infheistíochta a chuirtear i gcuntas le linn an cháin a luaitear i bhfo-alt (3) (h) a bheith á ríomh, agus

[EN]

arb é B an méid iomlán ioncaim a chuirtear i gcuntas amhlaidh,

[EN]

agus

[EN]

(b) méid an ioncaim infheistíochta fhrainceáilte (arna laghdú méid an chreidmheasa cánach san ioncam sin):

[EN]

Ar choinníoll gurb é an t-ioncam infheistíochta indáilte, i gcás cuideachta trádála, an méid a dhéanfar amach de réir na bhforálacha sin roimhe seo den mhír seo arna laghdú 5 faoin gcéad;

ciallaíonn “ioncam eastáit indáilte” de chuid cuideachta do thréimhse

chuntasaíochta an méid a dhéanfar amach tríd an gcodán

C

__

D

a

[EN]

fheidhmiú ar mhéid an ioncaim indáilte ar leith ó ioncam infheistíochta frainceáilte (arna laghdú méid an chreidmheasa cánach san ioncam sin)

[EN]

i gcás—

[EN]

arb é C méid an ioncaim eastáit a chuirtear i gcuntas le linn an cháin a luaitear i bhfo-alt (3) (h) a bheith á ríomh, agus

[EN]

arb é D an méid iomlán ioncaim a chuirtear i gcuntas amhlaidh:

[EN]

Ar choinníoll gurb é an t-ioncam eastáit indáilte, i gcás cuideachta trádála, an méid a dhéanfar amach de réir na bhforálacha sin roimhe seo den mhír seo arna laghdú 7.5 faoin gcéad.

[EN]

(6) Is é méid aon chineál ioncaim dá dtagraítear san alt seo do chuid de thréimhse chuntasaíochta cuid chomhréireach den méid don tréimhse go léir.

[EN]

(7) I gcás cuideachta a bheith faoi aon srian a fhorchuirtear le dlí maidir le dáiltí a dhéanamh, beidh aird ar an srian sin le linn an méid ioncaim ar a bhforchuirfear formhuirear faoi alt 101 a bheith á ríomh.

[EN]

Formhuirear ar ioncam infheistíochta agus ioncam eastáit neamhdháilte de chuid dlúthchuideachta.

101.—(1) I gcás ar mó, do thréimhse chuntasaíochta dlúthchuideachta, comhiomlán an ioncaim infheistíochta indáilte agus an ioncaim eastáit indáilte ná dáiltí na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta, muirearófar ar an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta dleacht bhreise cánach corparáide (dá ngairtear formhuirear anseo feasta san alt seo) ar cóimhéid le 20 faoin gcéad den bhreis:

[EN]

Ar choinníoll—

[EN]

(a) nach gcuirfear formhuirear ar an gcuideachta má bhíonn an bhreis ar cóimhéid leis an méid is lú díobh seo a leanas nó más lú ná sin é—

[EN]

(i) £500, nó, más giorra ná dhá mhí dhéag an tréimhse chuntasaíochta, £500 arna laghdú go comhréireach, agus

[EN]

(ii) i gcás cuideachta chomhlachaithe amháin nó níos mó a bheith ag an gcuideachta, £500 arna roinnt ar aon móide líon na gcuideachtaí comhlachaithe sin, nó, más giorra ná dhá mhí dhéag an tréimhse chuntasaíochta, £500 arna laghdú go comhréireach agus arna roinnt ar aon móide líon na gcuideachtaí comhlachaithe sin;

[EN]

(b) i gcás ar mó an bhreis ná an méid is lú nach gcuirfí formhuirear air de bhua mhír (a), ní bheidh méid an fhormhuirir níos mó ná suim ar cóimhéid le ceithre chúigiú cuid den mhéid is mó an bhreis ná an méid sin is lú.

[EN]

(2) I gcás comhiomlán—

[EN]

(a) ioncam neamhdháilte carnaithe na cuideachta i ndeireadh na tréimhse cuntasaíochta, agus

[EN]

(b) aon mhéid a ndearnadh, an 27ú lá de Shamhain, 1975, nó dá éis, é a aistriú chun cúlchistí caipitil nó a úsáid chun scaireanna, stoic nó urrúis a eisiúint mar scaireanna, stoic nó urrúis a bhí íoctha ar shlí seachas ar chomaoin nua (mar a shainítear i gCuid IX) nó a úsáid ar dhóigh eile d'fhonn an méid dá dtagraítear i mír (a) a laghdú,

[EN]

a bheith níos lú ná an bhreis dá dtagraítear i bhfo-alt (1), beidh feidhm ag an bhfo-alt sin ionann is dá gcuirfí méid an chomhiomláin sin in ionad na breise sin.

[EN]

(3) Beidh feidhm ag forálacha alt 28 (4) (5) (laghdú ar dhliteanas cánach corparáide cuideachtaí beaga) chun críocha fho-alt (1) mar atá feidhm acu chun críocha alt 28 (3).

[EN]

(4) Má dháiltear aon mhéid ar cuireadh formhuirear ar chuideachta ina leith faoin alt seo, is é an creidmheas cánach dá bhforáiltear le halt 88 (creidmheas cánach d'fhaighteoirí dáiltí áirithe) an creidmheas cánach i leith an dáilte, ach amháin i gcás a bhforáiltear a mhalairt.

[EN]

(5) Íocfar formhuirear a chuirfear faoin alt seo ar chuideachta do thréimhse chuntasaíochta in aon tráthchuid amháin laistigh de dhá mhí ó thráth na measúnachta a dhéanamh.

[EN]

(6) Beidh feidhm ag forálacha alt 6 (5) (scéim ghinearálta cánach corparáide) agus Chuid XIV (Riarachán) i ndáil le formhuirear faoin alt seo mar atá feidhm acu i ndáil le cáin chorparáide a mhuirearaítear ar dhóigh seachas faoin alt seo.

[EN]

An bhrí atá le “cuideachta chomhlachaithe” agus le “rialú”.

102.—(1) Chun críocha na Coda seo áireofar gur “cuideachta chomhlachaithe” de chuid cuideachta eile cuideachta tráth áirithe más rud é, an tráth sin nó aon tráth laistigh de bhliain roimhe sin, go raibh rialú ag ceann acu ar an gceann eile, nó go raibh an dá cheann acu faoi rialú an duine chéanna nó na ndaoine céanna.

[EN]

(2) Chun críocha na Coda seo measfar cuideachta a bheith faoi rialú duine má dhéanann sé rialú nó má tá ar a chumas rialú a dhéanamh, go díreach nó go neamhdhíreach, ar ghnóthaí na cuideachta, nó má tá sé i dteideal an rialú sin a fháil, agus go háirithe, ach gan dochar do ghinearáltacht na bhfocal sin roimhe seo, má shealbhaíonn sé nó má bhíonn sé i dteideal go bhfaigheadh sé—

[EN]

(a) an chuid is mó de scairchaipiteal nó de scairchaipiteal eisithe na cuideachta nó den chumhacht vótála sa chuideachta;

[EN]

[EN]

(b) cibé cuid de scairchaipiteal eisithe na cuideachta a thabharfadh teideal dó, dá ndéanfaí ioncam uile na cuideachta a dháileadh iarbhír ar na rannpháirtithe (ar neamhshuim le haon chearta atá aige féin nó ag aon duine eile mar chreidiúnaí iasachta), an chuid is mó den méid a dáileadh amhlaidh a fháil; nó

[EN]

(c) cibé cearta a thabharfadh teideal dó, i gcás an chuideachta a fhoirceannadh nó in aon imthosca eile, an chuid is mó de shócmhainní na cuideachta a bheadh inchomhairimh an tráth sin le dáileadh ar na rannpháirtithe a fháil.

[EN]

(3) Má shásaíonn dhá dhuine nó níos mó le chéile na coinníollacha i bhfo-alt (2), measfar an chuideachta a bheith faoina rialú.

[EN]

(4) Chun críocha fho-alt (2) measfar duine bheith i dteideal aon ní a fháil atá sé i dteideal a fháil ar dháta san am le teacht nó a bheidh sé, ar dháta san am le teacht, i dteideal a fháil.

[EN]

(5) Chun críocha fho-ailt (2) agus (3), luafar i leith aon duine aon chearta nó cumhachtaí atá ag ainmní dá chuid, is é sin le rá, aon chearta nó cumhachtaí a shealbhaíonn duine eile thar a cheann nó a bheidh ar an duine eile sin a fheidhmiú ar ordú uaidh nó thar a cheann.

(6) Chun críocha fho-ailt (2) agus (3), féadfar freisin na cearta agus na cumhachtaí go léir le haon chuideachta atá faoi rialú ag aon duine, nó aige féin agus ag comhlaigh dá chuid, nó le haon dá chuideachta nó níos mó, nó le haon chomhlach dá chuid nó le haon dá chomhlach nó níos má dá chuid, lena n-áirítear iad sin a luaitear i leith cuideachta nó comhlaigh faoi fho-alt (5), ach gan iad sin a luaitear i leith comhlaigh faoin bhfo-alt seo a áireamh, a lua i leith an duine sin; agus déanfar cibé lua faoin bhfo-alt seo a mbeidh de thoradh air go measfar an chuideachta a bheith faoi rialú cúig rannpháirtí nó níos lú más féidir sin a mheas fúithi.

[EN]

An bhrí atá le “rannpháirtí”, “comhlach”, “stiúrthóir” agus “creidiúnaí iasachta”.

103.—(1) Chun críocha na Coda seo, ciallaíonn “rannpháirtí”, i ndáil le haon chuideachta, duine ag a bhfuil scair nó leas i gcaipiteal nó in ioncam na cuideachta, agus, gan dochar do ghinearáltacht na bhfocal sin roimhe seo, folaíonn sé—

[EN]

(a) aon duine a shealbhaíonn nó atá i dteideal go bhfaigheadh sé, scairchapiteal no cearta vótála sa chuideachta,

[EN]

(b) aon chreidiúnaí iasachta de chuid na cuideachta,

[EN]

(c) aon duine a shealbhaíonn, nó atá i dteideal go bhfaigheadh sé, ceart dáiltí de chuid na cuideachta a fháil nó bheith páirteach iontu (agus “dáiltí” a fhorléiriú ar neamhshuim le halt 96 nó 97) nó aon mhéideanna a fháil nó bheith páirteach in aon mhéideanna is iníoctha ag an gcuideachta (in airgead nó i gcomhchineál) le creidiúnaithe iasachta ar mhodh préimhse le linn fuascailte, agus

[EN]

(d) aon duine atá i dteideal a áirithiú go ndéanfar ioncam nó sócmhainní (faoi láthair nó san am le teacht) na cuideachta a fheidhmiú go díreach nó go neamhdhíreach chun sochair dó féin.

[EN]

San fho-alt seo tá feidhm ag na tagairtí do bheith i dteideal aon ní a dhéanamh i gcás duine bheith i dteideal é a dhéanamh ar dháta san am le teacht nó é a bheith, ar dháta san am le teacht, i dteideal é a dhéanamh.

[EN]

(2) Maidir le forálacha fho-alt (1) is forálacha iad gan dochar d'aon fhoráil áirithe den Chuid seo a cheanglaíonn go ndéileálfar le rannpháirtí i gcuideachta amháin mar rannpháirtí i gcuideachta eile freisin.

[EN]

(3) Chun críocha na Coda seo ciallaíonn “comhlach”, i ndáil le rannpháirtí—

[EN]

(a) aon ghaol nó comhpháirtí don rannpháirtí,

[EN]

(b) iontaobhaí nó iontabhaithe aon socraíocht a bhfuil an rannpháirtí, nó a bhfuil nó a raibh aon ghaol dá chuid (beo nó marbh), ina shocraitheoir ina leith agus an bhrí chéanna le “socraíocht” agus “socraitheoir” atá leo in alt 96 (3) (h) den Acht Cánach Ioncaim, 1967), agus

[EN]

(c) i gcás leas a bheith ag an rannpháirtí in aon scaireanna nó oibleagáidí de chuid na cuideachta atá faoi réir aon iontaobhais nó ar cuid iad d'eastát duine éagtha, aon duine eile ag a bhfuil leas sa chéanna,

[EN]

agus tá brí chomhréire leis i ndáil le duine seachas rannpháirtí:

[EN]

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag mír (c) chun comhlach a bheadh i dteideal nó cáilithe leas a fháil faoi iontaobhas a dhéanamh de phearsa aonair—

[EN]

(i) má bhaineann an t-iontaobhas go heisiatach le ciste nó scéim a ceadaíodh faoi alt 222 (cistí aoisliúntais a dhíolmhú) nó 229 (scéimeanna sochar scoir a cheadú) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó le scéim cheadaithe dhíolmhaithe mar a shainítear i gCaibidil II de Chuid I den Acht Airgeadais, 1972 (Scéimeanna Pinsean Gairme), nó

[EN]

(ii) más iontaobhas go heisiatach chun sochar fostaithe, nó fostaithe agus stiúrthóirí, na cuideachta nó a gcleithiúnaithe, an t-iontaobhas (agus nach iontaobhas é go hiomlán nó go formhór chun sochar stiúrthóirí nó a ngaolta) agus nach bhfuil an phearsa aonair atá i gceist (agus nach dtiocfadh dó, de thoradh oibriú an iontaobhais, a bheith) ina úinéir tairbhiúil, as féin ná i dteannta a ghaolta, ar bhreis agus 5 faoin gcéad de ghnáthscairchaipiteal na cuideachta,

[EN]

agus le linn mír (ii) den choinníoll seo a bheith á feidhmiú, déanfar neamhshuim d'aon iontaobhais charthanúla a éireoidh ar iontaobhais eile loiceadh nó foirceannadh.

[EN]

(4) I bhfo-alt (3) ciallaíonn “gaol” fearchéile, banchéile, sinsear, dírshliochtach, deartháir nó deirfiúr.

[EN]

(5) Chun críocha na Coda seo folaíonn “stiúrthóir” aon duine ag a bhfuil post stiúrthóra cibé ainm a thugtar air, aon duine ar gnách le stiúrthóirí gníomhú ar ordú nó teagasc uaidh, agus aon duine—

[EN]

(a) is bainisteoir ar an gcuideachta nó a bhfuil baint aige ar dhóigh eile le bainistíocht thrádáil nó gnó na cuideachta, agus

[EN]

(b) atá, as féin nó i dteannta comhlach amháin nó níos mó, ina úinéir tairbhiúil, nó ábalta, go díreach ní trí chuideachtaí eile nó ar aon mhodh neamhdhíreach eile, rialú a dhéanamh, ar 20 faoin gcéad nó níos mó de ghnáthscairchaipiteal na cuideachta.

[EN]

(6) I bhfo-alt (5) (b) ceanglaíonn an abairt “as féin nó i dteannta comhlach amháin nó níos mó” go ndéileálfar le duine mar dhuine is úinéir nó, de réir mar a bheidh, a dhéanann rialú, ar an ní is le haon chomhlach nó a rialaíonn aon chomhlach, d'ainneoin nach úinéir é ná nach ndéanann sé rialú ar scairchaipiteal as féin, agus i mír (ii) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (3) tá brí chomhréireach leis an abairt “as féin nó i dteannta a ghaolta.”

[EN]

(7) Chun críocha na Coda seo ciallaíonn “creidiúnaí iasachta”, i ndáil le cuideachta, creidiúnaí i leith aon fhéich a thabhaigh an chuideachta—

[EN]

(a) mar gheall ar aon airgead a fuair an chuideachta ar iasacht nó aon sócmhainní chaipitiúla a fuair an chuideachta, nó

[EN]

(b) mar gheall ar aon cheart ioncam a ghlacadh a bunaíodh i bhfabhar na cuideachta, nó

[EN]

(c) mar gheall ar chomaoin ar lú go mór a luach don chuideachta (an tráth a tabhaíodh an fiach) ná méid an fhéich (lena n-áirítear aon phréimh ar an gcéanna),

[EN]

nó i leith aon chaipiteal iasachta infhuascailte a d'eisigh an chuideachta:

[EN]

Ar choinníoll nach measfar maidir le duine a sheolann gnó baincéireachta gur creidiúnaí iasachta é i leith aon chaipiteal iasachta nó fiach a d'eisigh nó a thabhaigh an chuideachta mar gheall ar airgead a thug sé ar iasacht don chuideachta i ngnáthchúrsa an ghnó sin.

[EN]

(8) I gcás duine nach é an creidiúnaí é maidir le haon fhiach nó caipiteal iasachta lena mbaineann fo-alt (7) ach a bhfuil, dá ainneoin sin, leas tairbhiúil aige sa chéanna, déileálfar chun críocha na Coda seo leis, go feadh an leasa sin, mar chreidiúnaí iasachta i leith an fhéich nó an chaipitil iasachta sin.

[EN]

Eolas.

104.—(1) Féadfaidh an cigire, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar aon chuideachta is dlúthchuideachta, nó ar dealraitheach dó gur dlúthchuideachta í, cibé sonraí is dóigh leis is gá chun críocha na Coda seo a thabhairt dó laistigh de cibé tréimhse (nach giorra ná tríocha lá) a shonrófar san fhógra.

[EN]

(2) Má cheanglaíonn an cigire, trí fhógra i scríbhinn, chun críocha na Coda seo é ar aon duine a bhfuil aon scaireanna cláraithe ina ainm, inseoidh an duine sin an eisean nó nach eisean úinéir tairbhiúil na scaireanna, agus murab eisean úinéir tairbhiúil na scaireanna nó aon scaire díobh, inseoidh sé ainm agus seoladh an duine nó na ndaoine ar thar a cheann nó thar a gceann atá na scaireanna cláraithe ina ainm.

[EN]

(3) Beidh feidhm ag fo-alt (2) i ndáil le caipiteal iasachta mar atá feidhm aige i ndáil le scaireanna.

[EN]

(4) Féadfaidh an cigire, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal chun críocha na Coda seo—

[EN]

(a) ar aon chuideachta ar dealraitheach dó gur dlúthchuideachta í sonraí aon urrúis iompróra a d'eisigh an chuideachta agus ainmneacha agus seoltaí na ndaoine chun ar eisíodh na hurrúis agus na méideanna faoi seach a eisíodh chun gach duine a insint dó; agus

[EN]

(b) ar aon duine chun ar eisíodh urrúis mar a dúradh, nó a ndearnadh urrúis den sórt sin a dhíol leis nó a aistriú tríd ina dhiaidh sin, cibé eolas breise a thabhairt dó a iarrfaidh sé lena chumasú dó fios ainmneacha agus seoltaí na ndaoine a bhfuil leas tairbhiúil acu sna hurrúis a fháil.

[EN]

San fho-alt seo folaíonn “urrúis” scaireanna, stoic, bannaí, bintiúir agus stoc bintiúir agus freisin aon nóta gealltanais nó aon ionstraim eile a fhianaíonn féichiúnas agus a eisíodh chun creidiúnaí iasachta de chuid na cuideachta.

CUID XI

Grúp-Fhaoiseamh

[EN]

Grúp-íocaíochtaí.

105.—(1) I gcás a bhfaighidh cuideachta, an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis, aon íocaíochtaí den sórt dá dtagraítear san fho-alt seo ó chuideachta eile (ar cuideachta a chónaíonn sa Stát gach cuideachta díobh), agus—

[EN]

(a) an chuideachta a dhéanfaidh an íocaíocht—

[EN]

(i) a bheith ina fochuideachta 51 faoin gcéad don chuideachta eile nó do chuideachta a chónaíonn sa Stát ar fochuideachta 51 faoin gcéad di an ceann eile; nó

[EN]

(ii) a bheith ina cuideachta thrádála nó shealbhaíochta ar úinéireacht ag comheagras ar dá chomhaltaí an chuideachta a gheobhaidh na híocaíochtaí; nó

[EN]

(b) an chuideachta a gheobhaidh na híocaíochtaí a bheith ina fochuideachta 51 faoin gcéad don chuideachta,

[EN]

ansin, faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo, féadfaidh an chuideachta a gheobhaidh na híocaíochtaí agus an chuideachta a íocfaidh iad comhrogha a dhéanamh le go mbainfidh an fo-alt seo le haon íocaíochtaí a gheobhaidh cuideachta na fála ó chuideachta an íoca, agus fad a sheasfaidh an rogha sin féadfar na híocaíochtaí sin a dhéanamh gan cáin ioncaim a asbhaint agus ní bheidh feidhm ina leith sin ag alt 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (íocaíochtaí nach iníoctha as brabúis chánaithe), ná ag alt 31 den Acht Airgeadais, 1974 (íocaíochtaí úis ag cuideachtaí).

[EN]

Is iad na híocaíochtaí a bhféadfar rogha a dhéanamh ina leith faoin bhfo-alt seo aon íocaíochtaí is íocaíochtaí le haghaidh muirir chánach corparáide ar ioncam chuideachta a ndéanta nó ba íocaíochtaí le haghaidh na muirear cánach sin ar ioncam chuideachta a ndéanta dá mba nárbh inasbhainte iad le linn brabúis nó aon chineál brabús a bheith á ríomh nó dá mba nár bhain alt 10 (6) (srian maidir le muirir ar ioncam a lamháil) leo.

[EN]

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) le híocaíochtaí a gheobhaidh cuideachta ar aon infheistíochtaí, dá ndéileálfaí mar fháltas trádála de chuid na cuideachta sin le brabús as na hinfheistíochtaí sin a dhíol.

[EN]

(3) I gcás a n-airbheartóidh cuideachta, de bhua rogha faoi fho-alt (1), aon íocaíocht a dhéanamh gan cáin ioncaim a asbhaint agus gur cheart cáin ioncaim a asbhaint, féadfaidh an cigire cibé measúnachtaí, coigeartuithe nó fritháirimh a dhéanamh is gá lena áirithiú gurb iad na dliteanais chéanna chánach (agus ús ar cháin neamhíoctha a áireamh) a bheidh, dá thoradh sin, a mhéid is féidir é, ar an gcuideachta a rinne, agus ar an gcuideachta a fuair, an íocaíocht a bheadh orthu dá n-asbhainfí go cuí an cháin ioncaim.

[EN]

(4) I gcás cáin a measúnaíodh faoi fho-alt (3) ar an gcuideachta a rinne an íocaíocht a bheith gan íoc ag an gcuideachta sin i gceann trí mhí ón dáta is iníoctha an cháin sin, féadfar, gan dochar don cheart an cháin sin a ghnóthú ón gcuideachta sin, í a ghnóthú ón gcuideachta a fuair an íocaíocht.

[EN]

(5) Le linn bheith á chinneadh, chun críocha an ailt seo, an fochuideachta 51 faoin gcéad do chuideachta eile cuideachta, déileálfar leis an gcuideachta eile sin mar chuideachta nach í an t-úinéir í—

[EN]

(a) ar aon scairchaipiteal atá ar úinéireacht aici go díreach nó go neamhdhíreach i gcuideachta nach gcónaíonn sa Stát, nó

[EN]

(b) ar aon scairchaipiteal atá ar úinéireacht aici go neamhdhíreach, agus atá ar úinéireacht go díreach ag cuideachta arbh fháltas trádála di brabús as na scaireanna a dhíol.

[EN]

(6) Chun críocha an ailt seo—

[EN]

(a) ciallaíonn “cuideachta thrádála nó shealbhaíochta” cuideachta thrádála nó cuideachta arb é a gnó, go hiomlán nó go formhór, scaireanna nó urrúis de chuid cuideachtaí trádála, ar fochuideachtaí 90 faoin gcéad di iad, a shealbhú,

[EN]

(b) ciallaíonn “cuideachta thrádála” cuideachta arb é a gnó, go hiomlán nó go formhór, trádáil nó trádálacha a sheoladh,

[EN]

(c) tá cuideachta ar úinéireacht ag comheagras má tá trí cheathrú nó níos mó de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta ar úinéireacht tairbhiúl eatarthu ag cúig chuideachta nó níos lú a chónaíonn sa Stát agus nach lú ná an fichiú cuid den chaipiteal sin atá ar úinéireacht tairbhiúil ag aon chuideachta díobh, agus comhaltaí an chomheagrais a ghairtear de na cuideachtaí sin.

[EN]

(7) Baineann na tagairtí san alt seo d'íocaíochtaí a fuair cuideachta le haon íocaíocht a fuair duine eile thar ceann na cuideachta nó ar iontaobhas di, ach ní bhaineann siad le haon íocaíocht a fuair an chuideachta thar ceann duine eile nó ar iontaobhas dó.

[EN]

Rogha: grúp-íocaíochtaí.

106.—(1) Is trí fhógra i scríbhinn chun an chigire a dhéanfar rogha faoi alt 105 (dá ngairtear “rogha” san alt seo) agus beidh na fíorais is gá chun a thaispeáint go bhfuil na cuideachtaí i dteideal an rogha a dhéanamh leagtha amach san fhógra.

[EN]

(2) Ní bheidh éifeacht le rogha i ndáil le híocaíochtaí a dhéanfar tráth is luaithe ná trí mhí tar éis an fógra a thabhairt agus sular deimhin leis an gcigire go bhfuil an rogha déanta go bailí, agus go mbeidh sin curtha in iúl aige do na cuideachtaí lena mbaineann; ach ní bheidh aon éifeacht leis an rogha má chuireann an cigire in iúl, laistigh de na trí mhí sin, do na cuideachtaí lena mbaineann nach bhfuil bailíocht na rogha cruthaithe dó.

[EN]

Ar choinníoll go mbeidh an ceart céanna achomhairc ag na cuideachtaí in aghaidh aon chinneadh nach bhfuil bailíocht na rogha cruthaithe a bheadh ag cuideachta déanta na n-íocaíochtaí dá mba mheasúnacht í ar an gcuideachta sin, agus beidh feidhm dá réir sin ag Cuid XXVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

[EN]

(3) Scoirfidh rogha d'fheidhm a bheith aici má scoireann na cuideachtaí aon tráth de bheith i dteideal an rogha a dhéanamh, agus nuair a tharlóidh sin tabharfaidh gach cuideachta fógra don chigire.

[EN]

(4) Féadfaidh ceachtar de na cuideachtaí a dhéanfaidh rogha fógra i scríbhinn a thabhairt aon tráth don chigire ag cúlghairm na rogha; agus beidh éifeacht le haon fhógra den sórt sin ón tráth a thabharfar é.

[EN]

Grúp-fhaoiseamh.

107.—(1) Féadfaidh cuideachta (dá ngairtear “an cuideachta ghéillte”) is comhalta de ghrúpa cuideachtaí faoiseamh a ghéilleadh de réir na bhforálacha seo a leanas den Chuid seo i leith caillteanais trádála agus suimeanna eile atá i dteideal faoisimh ó cháin chorparáide agus, ar chuideachta eile (dá ngairtear “an chuideachta éilimh”) is comhalta den ghrúpa céanna do dhéanamh éilimh, féadfar an faoiseamh sin a lamháil don chuideachta éilimh ar mhodh faoisimh ó cháin chorparáide da ngairtear “grúp-fhaoiseamh”.

[EN]

(2) Beidh grúp-fhaoiseamh inchomhairimh freisin de réir na bhforálacha sin—

[EN]

(a) i gcás ar cuideachta thrádála atá ar úinéireacht ag comheagras agus nach fochuideachta 75 faoin gcéad d'aon chuideachta an chuideachta ghéillte, agus ar comhalta den chomheagras an chuideachta éilimh, nó

[EN]

(b) i gcás arb éard í an chuideachta ghéillte cuideachta thrádála—

[EN]

(i) is fochuideachta 90 faoin gcéad do chuideachta shealbhaíochta atá ar úinéireacht ag comheagras, agus

[EN]

(ii) nach fochuideachta 75 faoin gcéad í do chuideachta seachas an chuideachta shealbhaíochta,

[EN]

agus ar comhalta den chomheagras an chuideachta éilimh, nó

[EN]

(c) i gcás ar cuideachta shealbhaíochta atá ar úinéireacht ag comheagras agus nach fochuideachta 75 faoin gcéad d'aon chuideachta an chuideachta ghéillte, agus ar comhalta den chomheagras an chuideachta éilimh:

[EN]

Ar choinníoll nach bhféadfaidh comhalta de chomheagras aon éileamh a dhéanamh dá n-áireofaí mar fháltas trádála de chuid an chomhalta sin brabús as scairchaipiteal na cuideachta géillte nó na cuideachta sealbhaíochta atá ar úinéireacht ag an gcomhalta sin a dhíol nó más nialas scair an chomhalta sa chomheagras i dtréimhse chuntasaíochta iomchuí na cuideachta géillte nó na cuideachta sealbhaíochta.

[EN]

(3) Faoi réir na n-alt seo a leanas den Chuid seo, féadfaidh dhá chuideachta éilimh nó níos mó éilimh a dhéanamh i ndáil leis an gcuideachta ghéillte chéanna, agus i ndáil leis an tréimhse chuntasaíochta chéanna de chuid na cuideachta géillte sin.

[EN]

(4) Ní dhéanfar íocaíocht i leith grúp-fhaoisimh—

[EN]

(a) a chur i gcuntas le linn brabúis nó caillteanais ceachtar cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, ná

[EN]

(b) a áireamh, chun aon chríche de na hAchtanna Cánach Corparáide, mar dháileadh nó mar mhuirear ar ioncam,

[EN]

agus san fho-alt seo ciallaíonn “íocaíocht i leith grúp-fhaoisimh” íocaíocht arna déanamh ag an gcuideachta éilimh leis an gcuideachta ghéillte de bhun comhaontú eatarthu maidir le méid a géilleadh ar mhodh grúp-fhaoisimh, is íocaíocht nach mó ná an méid sin.

[EN]

(5) Chun críocha an ailt seo agus na n-alt seo a leanas den Chuid seo—

[EN]

(a) measfar dhá chuideachta a bheith ina gcomhaltaí de ghrúpa cuideachtaí más fochuideachta 75 faoin gcéad ceann acu don cheann eile nó más fochuideachtaí 75 faoin gcéad iad araon do thríú cuideachta,

[EN]

(b) ciallaíonn “cuideachta shealbhaíochta” cuideachta arb é a gnó, go hiomlán nó go formhór, scaireanna nó urrúis de chuid cuideachtaí ar fochuideachtaí 90 faoin gcéad dá cuid iad, agus ar cuideachtaí trádála iad, a shealbhú,

[EN]

(c) ciallaíonn “cuideachta thrádála” cuideachta arb é a gnó, go hiomlán nó go formhór, trádáil nó trádálacha a sheoladh.

[EN]

(6) Le linn an míniú ar “fochuideachta 75 faoin gcéad” in alt 156 (fochuideachtaí) a fheidhmiú chun na gcríocha sin déileálfar mar ghnáth-scairchaipiteal le haon scairchaipiteal le cumann tionscail agus coigiltis cláraithe.

[EN]

(7) Ní bhaineann tagairtí san alt seo agus sna hailt ina dhiaidh seo den Chuid seo do chuideachta ach amháin le cuideachtaí a chónaíonn sa Stát; agus le linn bheith á chinneadh chun críocha an ailt seo agus na n-alt ina dhiaidh seo den Chuid seo an fochuideachta 75 faoin gcéad do chuideachta eile cuideachta áirithe, áireofar nach úinéir an chuideachta eile sin—

[EN]

(a) ar aon scairchaipiteal atá ar úinéireacht aici go díreach i gcuideachta dá n-áireofaí mar fháltas trádála óna trádáil brabús as na scaireanna a dhíol, ná

[EN]

(b) ar aon scairchaipiteal atá ar úinéireacht aici go neamhdhíreach, agus atá ar úinéireacht go díreach ag cuideachta ar fháltas trádála di brabús as na scaireanna a dhíol, ná

[EN]

(c) ar aon scairchaipiteal atá ar úinéireacht aici go díreach nó go neamhdhíreach i gcuideachta nach gcónaíonn sa Stát.

[EN]

(8) Chun na gcríocha sin tá cuideachta ar úinéireacht ag comheagras má tá gnáth-scairchaipiteal uile na cuideachta sin ar úinéireacht go díreach agus go tairbhiúil eatarthu ag cúig chuideachta nó níos lú agus comhaltaí an chomheagrais a ghairtear de na cuideachtaí sin.

[EN]

Grúp-fhaoiseamh: cáilíochtaí le haghaidh teidil.

108.—(1) D'ainneoin cuideachta (dá ngairtear “an fhochuideachta” san fho-alt seo) a bheith aon tráth ina fochuideachta 75 faoin gcéad nó ina fochuideachta 90 faoin gcéad, de réir brí alt 156, do chuideachta eile (dá ngairtear “an mháthair-chuideachta”) san alt seo ní dhéileálfar léi an tráth sin mar fhochuideachta den sórt sin chun críocha grúp-fhaoisimh murab amhlaidh, ina theannta sin, an tráth sin—

[EN]

(a) go mbeidh teideal tairbhiúil ag an máthair-chuideachta chun cuid nach lú ná 75 faoin gcéad nó, de réir mar a bheidh, 90 faoin gcéad d'aon bhrabúis a bheidh inchomhairimh le dáileadh ar shealbhóirí cothromais na fochuideachta; agus

[EN]

(b) go mbeadh teideal tairbhiúil ag an máthair-chuideachta chun cuid nach lú ná 75 faoin gcéad nó, de réir mar a bheidh, 90 faoin gcéad d'aon sócmhainní de chuid na fochuideachta a bheadh inchomhairimh le dáileadh ar a sealbhóirí cothromais le linn foirceanta.

[EN]

(2) Faoi réir fho-alt (3), chun críocha grúp-fhaoisimh is é scair comhalta i gcomheagras, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta géillte, cibé céatadán díobh seo leanas is lú sa tréimhse sin, is é sin—

[EN]

(a) an céatadán de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta géillte, atá ar úinéireacht tairbhiúil ag an gcomhalta sin;

[EN]

(b) an céatadán a bhfuil teideal tairbhiúil ag an gcomhalta sin chuige d'aon bhrabúis is inchomhairimh le dáileadh ar shealbhóirí cothromais na cuideachta géillte, agus

[EN]

(c) an céatadán a mbeadh teideal tairbhiúil ag an gcomhalta sin chuige d'aon sócmhainní de chuid chuideachta an ghéillte ab inchomhairimh le dáileadh ar a sealbhóirí cothromais le linn foirceanta;

[EN]

agus má tháinig athrú ar na céatadáin sin sa tréimhse chuntasaíochta sin, glacfar an meán-chéatadán thar an tréimhse chun críocha an fho-ailt seo.

[EN]

(3) In aon chás ar fochuideachta an chuideachta ghéillte do chuideachta shealbhaíochta atá ar úinéireacht ag comheagras, cuirfear tagairtí don chuideachta shealbhaíochta in ionad na dtagairtí i bhfo-alt (2) don chuideachta ghéillte.

[EN]

Grúp-fhaoiseamh: brabúis nó sócmhainní is inchomhairimh le dáileadh.

109.—(1) Chun críocha na Coda seo, is sealbhóir cothromais de chuid cuideachta aon duine—

[EN]

(a) a shealbhaíonn gnáthscaireanna sa chuideachta, nó

[EN]

(b) is creidiúnaí iasachta de chuid na cuideachta i leith iasacht nach gnáth-iasacht tráchtála,

[EN]

agus ní fholaíonn aon tagairt san alt sin do bhrabúis nó sócmhainní is inchomhairimh le dáileadh ar shealbhóirí cothromais cuideachta tagairt d'aon bhrabúis nó sócmhainní is inchomhairimh le dáileadh ar aon sealbhóir cothromais ar dhóigh seachas mar shealbhóir cothromais.

[EN]

(2) Chun críocha fho-alt (1) (a) ciallaíonn “gnáth-scaireanna” gach uile scair seachas scaireanna tosaíochta ráta shocair.

[EN]

(3) Sa Chuid seo ciallaíonn “scaireanna tosaíochta ráta shocair” scaireanna—

[EN]

(a) a eisítear ar chomaoin arb éard í nó ar cuid di comaoin nua; agus

[EN]

(b) nach ngabhann aon cheart leo lena gcomhshó ina scaireanna nó ina n-urrúis d'aon sórt eile nó chun aon scaireanna breise no urrúis bhreise a fháil; agus

[EN]

(c) nach ngabhann aon cheart chun díbhinní leo seachas díbhinní—

[EN]

(i) a bhfuil a méid socair nó ar díbhinní iad de réir ráta shocair faoin gcéad de luach ainmniúil na scaireanna, agus

[EN]

(ii) nach bhfuil iontu ach brabach réasúnach tráchtála ar an gcomaoin nua a fuair an chuideachta i leith na scaireanna a eisiúint; agus

[EN]

(d) nach ngabann, ar iad a aisíoc, aon chearta leo i leith méid is mó ná an chomaoin nua sin ach amháin a mhéid is inchomórtais le réasún na cearta sin leis na cearta is gnáth do scaireanna díbhinne socaire a luaitear ar stocmhargadh sa Stát.

[EN]

(4) Beidh feidhm ag alt 103 (7) (míniú ar “creidiúnaí iasachta” chun críocha na bhforálacha a bhaineann le dlúthchuideachtaí) chun críocha fho-alt (1) (b) mar atá feidhm aige chun críocha Chuid X, ach amháin go bhfágfar an coinníoll ar lár.

[EN]

(5) I bhfo-alt (1) (b) ciallaíonn “gnáth-iasacht tráchtála” iasacht comaoine nua nó iasacht a fholaíonn comaoin nua agus—

[EN]

(a) nach ngabhann aon cheart léi í a chomhshó i scaireanna nó in urrúis d'aon chineál eile nó scaireanna breise nó urrúis bhreise a fháil; agus

[EN]

(b) nach dtugann teideal don chreidiúnaí iasachta chun aon mhéid ar mhodh úis a bhraitheann aon mhéid ar thorthaí gnó na cuideachta nó aon choda de nó ar luach aon sócmhainní de chuid na cuideachta nó ar mó é ná brabach réasúnach tráchtála ar an gcomaoin nua a tugadh ar iasacht; agus

[EN]

(c) a mbeidh an creidiúnaí iasachta i dteideal ina leith, ar í a aisíoc, chun méid nach mó ná an chomaoin nua a tugadh ar iasacht nó is inchomórtais le réasún leis an méid is gnách a bheith inaisíoctha (i leith a cóimhéid de chomaoin nua) faoi théarmaí eisiúna urrúis a luaitear ar stocmhargadh sa Stát.

[EN]

(6) D'ainneoin aon ní i bhfo-ailt (1) go (5) ach faoi réir fho-alt (7). i gcás—

[EN]

(a) ar sholáthraigh aon duine, go díreach nó go neamhdhíreach, comaoin nua i leith aon scaireanna nó urrúis sa chuideachta, agus

[EN]

(b) a n-úsáideann an duine sin, nó aon duine atá bainteach leis. chun críocha a thrádála sócmhainní leis an gcuideachta agus a dtugtar ina leith sin don chuideachta aon cheann de na liúntais a shonraítear i gCuid XIII nó XIV, Caibidil I de Chuid XV, Caibidil II de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967, alt 22 den Acht Airgeadais, 1971, nó alt 2, 3, 6 nó 8 den Acht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Airithe), 1974,

[EN]

ansin, chun críocha na Coda seo, déileálfar leis an duine sin, agus leis an duine sin amháin, mar shealbhóir cothromais i leith na scaireanna nó na n-urrús sin agus mar dhuine a bhfuil teideal tairbhiúil aige chun aon dáileadh brabús nó sócmhainní is inchurtha i leith na scaireanna nó na n-urrús sin.

[EN]

(7) In aon chás ina mbeidh feidhm ag fo-alt (6) i ndáil le banc in imthosca a thugann—

[EN]

(a) go ndearnadh an t-aon chomaoin nua a sholáthraigh an banc mar a luaitear i bhfo-alt (6) (a) a sholáthar in ngnáthchúrsa a ghnó baincéireachta ar mhodh gnáth-iasachta tráchtála mar a shainítear i bhfo-alt (5); agus

[EN]

(b) gur lú ná méid na comaoine nua sin an costas a bhain don chuideachta áirithe i ndáil leis na sócmhainní a thagann faoi réim fho-alt (6) (b) a úsáidtear mar a luaitear san fho-alt sin ag an mbanc nó ag duine atá bainteach leis an mbanc.

[EN]

déanfar na tagairtí i bhfo-alt (6), seachas an tagairt i mír (a) den fho-alt sin, do scaireanna nó d'urrúis sa chuideachta, a fhorléiriú mar thagairt don oiread sin, go heisiatach, den iasacht dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo atá ar cóimhéid leis an gcostas dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo.

[EN]

(8) San alt seo tá an bhrí chéanna le “comaoin nua” atá leis i gCuid IX agus déanfar aon cheist i dtaobh baint a bheith ag duine le duine eile a chinneadh de réir alt 157 (daoine bainteacha).

[EN]

Grúp-fhaoiseamh: “an dáileadh brabús”.

110.—(1) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den Chuid seo, chun críocha alt 108, ciallaíonn an céatadán a bhfuil teideal tairbhiúil chuige ag cuideachta amháin d'aon bhrabúis is inchomhairimh le dáileadh ar shealbhóirí cothromais cuideachta eile an céatadán a mbeadh an chéad chuideachta ina theideal amhlaidh sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí le linn méid a dháileadh in airgead ar na sealbhóirí cothromais sin—

[EN]

(a) is méid brabús ar cóimhéid le brabúis uile na cuideachta eile a d'eascair sa tréimhse chuntasaíochta sin (bíodh nó ná bíodh aon chuid de na brabúis sin dáilte), nó

[EN]

(b) mura bhfuil aon bhrabúis ag an gcuideachta eile sa tréimhse chuntasaíochta sin, is £100 brabús,

[EN]

agus sna forálacha seo a leanas den Chuid seo, tugtar “an dáileadh brabús” ar an dáileadh sin.

[EN]

(2) Chun críocha an dáilte brabús toimhdeofar nach ndearnadh aon íocaíocht trí aisíoc scairchaipitil nó príomh-shuime a bhí urraithe le haon iasacht mura dáileadh an íocaíocht sin.

[EN]

(3) Faoi réir fho-alt (2), i gcás sealbhóir cothromais bheith i dteideal, sa cháil sin, chun íocaíocht d'aon chineál nach n-áireofaí ar leith ón bhfo-alt seo mar dháileadh, déanfar, dá ainneoin sin, í a áireamh mar mhéid a bhfuil teideal aige chuige ar an dáileadh a dhéanamh.

[EN]

Grúp-fhaoiseamh: “an foirceannadh barúlach”.

111.—(1) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den Chuid seo, chun críocha alt 108, ciallaíonn an céatadán a mbeadh teideal tairbhiúil chuige ag cuideachta amháin d'aon sócmhainní le cuideachta eile ab inchomhairimh le dáileadh ar a sealbhóirí cothromais le linn foirceanta an céatadán a mbeadh an chéad cuideachta ina theideal amhlaidh dá bhfoirceannfaí an chuideachta eile agus gur chóimhéid, le linn an fhoirceanta sin, luach na sócmhainní ab inchomhairimh le dáileadh ar a sealbhóirí cothromais (is é sin le rá, tar éis aon dliteanais do dhaoine eile a asbhaint)—

[EN]

(a) leis an mbreis, más ann, a bheidh ag méid iomlán sócmhainní na cuideachta, mar a thaispeántar ar an gclár comhardaithe a bhaineann lena gnóthaí mar a bhí i ndeireadh na tréimhse cuntasaíochta iomchuí, ar mhéid iomlán na ndliteanas sin dá cuid a thaispeántar amhlaidh agus nach dliteanais iad do shealbhóirí cothromais sa cháil sin, nó

[EN]

(b) mura mbeidh aon bhreis den sórt sin ann nó má bhíonn clár comhardaithe na cuideachta déanta amach go dtí dáta seachas deireadh na tréimhse cuntasaíochta iomchuí, le £100.

[EN]

(2) Sna forálacha seo a leanas den Chuid seo, tugtar “foirceannadh barúlach” ar fhoirceannadh ar an mbonn a shonraítear i bhfo-alt (1).

[EN]

(3) Más rud é, le linn an fhoirceanta bharúlaigh, go mbeadh teideal ag sealbhóir cothromais, sa cháil sin, chun méid sócmhainní d'aon chineál nach ndéileálfaí leis, ar leith ón bhfo-alt seo, mar dháileadh sócmhainní, déileálfar leis, dá ainneoin sin, faoi réir fho-alt (4), mar mhéid a mbeadh teideal ag an sealbhóir cothromais chuige le linn sócmhainní a dháileadh le linn an fhoirceanta bharúlaigh.

[EN]

(4) Má dhéanann cuideachta méid (dá ngairtear “an méid tuairiscithe” san fho-alt seo) ar comhréir leis an gcomaoin nua go léir nó le haon chuid den chomaoin nua a sholáthraigh sealbhóir cothromais de chuid cuideachta in aghaidh aon scaireanna nó urrúis ar sealbhóir cothromais é ina leith a chur chun feidhme, go díreach nó go neamhdhíreach, ag tabhairt iasachta don sealbhóir cothromais nó d'aon duine a bhfuil baint aige leis nó ag fáil aon scaireanna nó urrúis sa sealbhóir sin nó sa duine sin, ansin, chun críocha na Coda seo,—

[EN]

(a) glacfar méid iomlán na sócmhainní dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a) a bheith laghdaithe de shuim ar cóimhéid leis an méid tuairiscithe; agus

[EN]

(b) glacfar an méid sócmhainní a mbeidh teideal tairbhiúil ag an sealbhóir cothromais chuige le linn an fhoirceanta bharúlaigh a bheith laghdaithe de shuim ar cóimhéid leis an méid tuairiscithe.

[EN]

(5) I bhfo-alt (4), tá an bhrí chéanna le “comaoin nua” atá leis i gCuid IX agus déanfar aon cheist i dtaobh baint a bheith ag duine le duine eile a chinneadh de réir alt 157.

[EN]

Grúp-fhaoiseamh: cearta teoranta chun brabús nó sócmhainní.

112.—(1)Tá feidhm ag an alt seo i gcás aon duine de na sealbhóirí cothromais—

[EN]

(a) a ndearnadh an dáileadh brabús air, nó

[EN]

(b) atá i dteideal bheith páirteach san fhoirceannadh barúlach,

[EN]

a bheith, mar shealbhóir cothromais den sórt sin, i seilbh aon scaireanna nó urrúis lena ngabhann cearta i leith díbhinne nó úis nó sócmhainní le linn foirceanta, is cearta atá teorannaithe go hiomlán nó go páirteach faoi threoir méid nó méideanna sonraithe (cibé acu arb í teorainn í an caipiteal ar faoina threoir a ríomhtar dáileadh nó teorainn a oibríonn faoi threoir méid brabús nó sócmhainní nó ar shlí eile).

[EN]

(2) I gcás feidhm a bheith ag an alt seo, cinnfear—

[EN]

(a) an céatadán brabús a mbeadh an chéad chuideachta dá dtagraítear in alt 110 (1) ina theideal le linn an dáilte brabús, agus

[EN]

(b) an céatadán sócmhainní a mbeadh an chéad chuideachta dá dtagraítear in alt 111 (1) ina theideal le linn an fhoirceanta bharúlaigh,

[EN]

más rud é go ndearnadh cearta gach sealbhóra cothromais faoi réim an fho-ailt sin (lena n-áirítear an chéad chuideachta lena mbaineann más sealbhóir cothromais den sórt sin í) a tharscaoileadh a mhéid atá siad teorannaithe mar a luaitear i bhfo-alt (1).

[EN]

(3) Más rud é, le linn an dáilte brabús, gur lú an céatadán brabús arna chinneadh mar a luaitear i bhfo-alt (2) (a) ná an céatadán brabús arna chinneadh faoi alt 110 (1) ar neamhaird leis an bhfo-alt sin, glacfar chun críocha alt 108 gurb é an céatadán is lú an céatadán brabús a mbeadh, le linn an dáilte brabús, an chéad chuideachta dá dtagraítear in alt 110 (1) ina theideal mar a luaitear san alt sin.

[EN]

(4) Más rud é, le linn an fhoirceanta bharúlaigh, gur lú an céatadán sócmhainní arna chinneadh mar a luaitear i bhfo-alt (2) (b) ná an céatadán sócmhainní arna chinneadh faoi alt 111 (1) ar neamhaird leis an bhfo-alt sin, glacfar chun críocha alt 108 gurb é an céatadán is lú an céatadán a mbeadh, le linn an fhoirceanta bharúlaigh, an chéad chuideachta dá dtagraítear in alt 111 (1), ina theideal d'aon sócmhainní de chuid na cuideachta eile is inchomhairimh le dáileadh ar a sealbhóirí cothromais le linn foirceanta.

[EN]

Grúp-fhaoiseamh: scair laghdach de bhrabúis nó de shócmhainní.

113.—(1) Tá feidhm ag an alt seo i gcás aon duine de na sealbhóirí cothromais, aon tráth sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí—

[EN]

(a) a ndearnadh an dáileadh brabús air, nó

[EN]

(b) atá i dteideal bheith páirteach san fhoirceannadh barúlach,

[EN]

a bheith, mar shealbhóir cothromais den sórt sin, i seilbh aon scaireanna nó urrúis lena ngabhann cearta i leith díbhinne nó úis nó sócmhainní le linn foirceanta, is cearta de chineál (mar shampla, má scoireann aon scaireanna de cheart díbhinne a bheith ag gabháil leo san am le teacht) a bhéarfadh, dá mba i dtréimhse chuntasaíochta eile a tharlódh an dáileadh brabús nó an foirceannadh barúlach, go mbeadh an céatadán brabús le linn an dáilte brabús nó an céatadán sócmhainní le linn an fhoirceanta bharúlaigh, a mbeadh teideal chuige de réir na bhforálacha sin roimhe seo den Chuid seo ag an sealbhóir cothromais sin, éagsúil leis an gcéatadán arna chinneadh sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí.

[EN]

(2) I gcás feidhm a bheith ag an alt seo, cinnfear—

[EN]

(a) an céatadán brabús a mbeadh an chéad chuideachta dá dtagraítear in alt 110 (1) ina theideal le linn an dáilte brabús, agus

[EN]

(b) an céatadán sócmhainní a mbeadh an chéad chuideachta dá dtagraítear in alt 111 (1) ina theideal le linn an fhoircheanta bharúlaigh.

[EN]

dá mba ionann cearta na sealbhóirí cothromais sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí agus na cearta a bheadh acu sa tréimhse chuntasaíochta éagsúil dá dtagraítear i bhfo-alt (1).

[EN]

(3) Más rud é, sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí, go sealbhóidh sealbhóir cothromais, sa cháil sin, aon scaireanna nó urrúis a bhfuil comhshocraíochtaí ann ina leith a bhféadfadh, dá mbua, sa tréimhse chuntasaíochta sin nó in aon tréimhse chuntasaíochta dá éis sin, teideal an tsealbhóra cothromais chun brabús le linn an dáilte brabús nó chun sócmhainni le linn an fhoirceanta bharúlaigh a bheith éagsúil lena theideal dá mba nach dtabharfaí éifeacht do na comhshocraíochtaí, ansin, chun críocha an ailt seo—

[EN]

(a) toimhdeofar go dtabharfaí éifeacht do na comhshocraíochtaí sin i dtréimhse chuntasaíochta dá éis sin, agus

[EN]

(b) déileálfar leis na scaireanna nó na hurrúis sin ionann is dá mba de thoradh oibriú na gcearta sin a ghabhann leis na scaireanna no leis na hurrúis dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a tharla aon athrú ar theideal an tsealbhóra cothromais chun brabús nó sócmhainní de dhroim éifeacht a thabhairt do na comhshocraíochtaí.

[EN]

(4) Beidh feidhm ag alt 112 (3) (4) chun críocha an ailt seo mar atá feidhm acu chun críocha an ailt sin agus, dá réir sin, déanfar tagairtí sa chéanna d'fho-alt (2) (a) (b) den alt sin a fhorléiriú mar thagairtí d'fho-alt ((2) (a) (b) den alt seo.

[EN]

(5) In aon chás a mbeidh feidhm ag alt 112 agus ag an alt seo freisin, cuirfear alt 112 i bhfeidhm ar leithligh (i ndáil leis an dáileadh brabús agus leis an bhfoirceannadh barúlach)—

[EN]

(a) ar an mbonn a shonraítear i bhfo-alt (2), agus

[EN]

(b) ar neamhaird leis an bhfo-alt sin,

[EN]

agus beidh feidhm dá réir sin ag alt 112 (3) (4) i ndáil leis na céatadáin a chinnfear amhlaidh ach na focail “is ísle” a chur in ionad na bhfocal “is lú”.

[EN]

Grúp-fhaoiseamh: céatadán tairbhiúil.

114.—Chun críocha ailt 108 agus 110 go 113, ciallaíonn—

[EN]

(a) an céatadán a bhfuil teideal tairbhiúil ag cuideachta amháin chuige d'aon bhrabúis is inchomhairimh le dáileadh ar shealbhóirí cothromais cuideachta eile, agus

[EN]

(b) an céatadán a mbeadh teideal tairbhiúil ag cuideachta amháin chuige d'aon sócmhainní de chuid cuideachta eile le linn foirceanta,

[EN]

an céatadán a bhfuil nó a mbeadh an chéad chuideachta ina theideal amhlaidh go díreach nó trí chuideachta nó cuideachtaí eile nó i bpáirt go díreach agus i bpáirt trí chuideachta nó cuideachtaí eile.

[EN]

Grúp-fhaoiseamh: “an tréimhse chuntasaíochta iomchuí”, etc.

115.—(1) Sa Chuid seo ciallaíonn “an tréimhse chuntasaíochta iomchuí”—

[EN]

(a) i gcás faoi réim alt 108 (1), an tréimhse chuntasaíochta reatha an tráth áirithe; agus

[EN]

(b) i gcás faoi réim alt 108 (2), an tréimhse chuntasaíochta ar i ndáil léi atá an scair sa chomheagras le cinneadh.

[EN]

(2) Chun críocha ailt 109 go 114 déileálfar le hiasacht chuig cuideachta mar urrús, cibé acu is iasacht urraithe í nó nach ea, agus, más iasacht urraithe í, déileálfar léi ar neamhaird le cineál an urrúis.

[EN]

Na cineálacha grúp-fhaoisimh.

116.—(1) Má thabhaigh an chuideachta ghéillte, in aon tréimhse chuntasaíochta, caillteanas, arna ríomh mar a dhéantar chun críocha alt 16 (2) (faoiseamh i leith caillteanais trádála seachas caillteanais fhoirceannaidh), ag seoladh trádála, féadfar méid an chaillteanais a fhritháireamh chun críocha cánach corparáide in aghaidh brabúis iomlána na cuideachta éilimh dá tréimhse chuntasaíochta chomhréire:

[EN]

Ar choinníoll nach mbainfidh an fo-alt seo leis an oiread sin de chaillteanas atá eiscthe ó alt 16 (2) le halt 16 (4) nó le halt 17 (srian le faoiseamh i leith caillteanas i bhfeirmeoireacht nó i ngarraíodóireacht mhargaidh).

[EN]

(2) Má bhíonn, i ndáil le haon tréimhse chuntasaíochta, aon liúntais chaipitiúla le tabhairt don chuideachta ghéillte a bheidh le tabhairt trí urscaoileadh nó aisíoc cánach nó le linn a hioncam a bheith á mhuirearú faoi Chás V de Sceideal D agus a bheidh inchomhairimh go príomha in aghaidh cineál sonraithe ioncaim, féadfar an oiread sin de mhéid na liúntas caipitiúil sin (gan liúntais a tugadh ar aghaidh ó thréimhse is luaithe a áireamh) is mó ná a hioncam den chineál iomchuí a d'eascair sa tréimhse chuntasaíochta sin (roimh aon chaillteanais de chuid aon tréimhse eile nó aon liúntais chaipitiúla a asbhaint) a fhritháireamh chun críocha cánach corparáide in aghaidh brabúis iomlána na cuideachta éilimh dá tréimhse chuntasaíochta chomhréire.

[EN]

(3) Más rud é, i ndáil le haon tréimhse chuntasaíochta, go bhféadfaidh an chuideachta ghéillte (is cuideachta infheistíochta) faoi alt 15 (1) aon mhéid a asbhaint mar chostais bhainistí a eisíocadh i leith na tréimhse cuntasaíochta sin, féadfar an oiread sin den méid sin (gan aon mhéid is inasbhainte de bhua alt 15 (2) amháin a áireamh) is mó ná brabúis na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin a fhritháireamh chun críocha cánach corparáide in aghaidh brabúis iomlána na cuideachta éilimh (cibé acu is cuideachta infheistíochta í nó nach ea) dá tréimhse chuntasaíochta chomhréire.

[EN]

(4) Déanfar brabúis na cuideachta géillte don tréimhse a chinneadh chun críocha fho-alt (3) gan aon asbhaint faoi alt 15 agus ar neamhaird le haon asbhaint a bheidh le déanamh i leith caillteanais nó liúntais aon tréimhse eile.

[EN]

(5) Ní fholaíonn tagairtí i bhfo-ailt (3) agus (4) d'alt 15 tagairtí don alt sin arna chur chun feidhm le halt 33 ar chuideachtaí a sheolann gnó saoil.

[EN]

(6) Má d'íoc an chuideachta ghéillte in aon tréimhse chuntasaíochta aon mhéid mar mhuirir ar ioncam, féadfar an oiread sin den méid sin is mó ná a brabúis don tréimhse a fhritháireamh chun críocha cánach corparáide in aghaidh brabúis iomlána na cuideachta éilimh dá tréimhse chuntasaíochta chomhréire.

[EN]

(7) Déanfar brabúis na cuideachta géillte don tréimhse a chinneadh chun críocha fho-alt (6) ar neamhaird le haon asbhaint a bheidh le dhéanamh i leith caillteanais nó liúntais aon tréimhse eile, ná le costais bhainistí is inasbhainte de bhua alt 15 (2) amháin.

[EN]

(8) Le linn aon cheann de na fo-ailt sin roimhe seo a bheith á chur chun feidhme i gcás éileamh ó chuideachta mar chomhalta de chomheagras ní fhéadfar ach codán den chaillteanas dá dtagraítear i bhfo-alt (1), nó den bhreis dá dtagraítear i bhfo-alt (2) nó (3) nó (6), de réir mar a bheidh, a fhritháireamh faoin bhfo-alt áirithe, agus beidh an codán ar cóimhéid le scair an chomhalta sin sa chomheagras, faoi réir aon laghdú breise faoi alt 118 (2).

[EN]

(9) Bainfidh an t-alt seo le haon tréimhse chuntasaíochta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó aon lá dá éis.

[EN]

An bhaint atá ag grúp-fhaoiseamh le faoiseamh eile.

117.—(1) Lamhálfar grúp-fhaoiseamh do thréimhse chuntasaíochta mar asbhaint in aghaidh brabúis iomlána na cuideachta éilimh don tréimhse roimh laghdú trí aon fhaoiseamh a dhíorthaigh ó thréimhse chuntasaíochta dá éis sin, ach é a bheith arna laghdú d'aon fhaoiseamh eile ó cháin (lena n-áirítear faoiseamh i leith muirir ar ioncam faoi alt 10 (1) ).

[EN]

(2) Déanfar an faoiseamh eile sin a chinneadh ar an toimhde go ndéanfaidh an chuideachta gach éileamh iomchuí faoi alt 16 (2) nó 14 (6).

[EN]

(3) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “faoiseamh a dhíorthaigh ó thréimhse chuntasaíochta dá éis sin”—

[EN]

(a) faoiseamh faoi alt 16 (2) i leith caillteanas a tabhaíodh i dtréimhse chuntasaíochta tar éis na tréimhse cuntasaíochta a bhfuil a brabúis á ríomh, agus

[EN]

(b) faoiseamh faoi alt 14 (6) i leith liúntais chaipitiúla a bheidh le tabhairt i leith tréimhse chuntasaíochta tar éis na tréimhse cuntasaíochta a bhfuil a brabúis á ríomh, agus

[EN]

(c) faoiseamh faoi alt 176 (faoiseamh eatramhach ar scor de thrádáil, etc.) i gcás an chuideachta scor de sheilbh a bheith aici ar an mbunadh ioncaim áirithe tráth tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta a bhfuil a brabúis á ríomh, agus

[EN]

(d) faoiseamh faoi alt 18 (caillteanas foirceannaidh i dtrádáil) i leith caillteanas a tabhaíodh i dtréimhse chuntasaíochta tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta a bhfuil a brabúis á ríomh.

[EN]

(4) Na laghduithe a bheidh le déanamh ar bhrabúis iomlána tréimhse chuntasaíochta a mbeidh aon fhaoiseamh a dhíorthaigh ó thréimhse chuntasaíochta dá éis sin le fritháireamh ina n-aghaidh, folóidh siad aon ghrúp-fhaoiseamh don tréimhse chuntasaíochta chéadluaite sin, agus beidh éifeacht leis an bhfo-alt seo d'ainneoin nach foláir faoi alt 176 (3) tosaíocht a thabhairt d'fhaoiseamh faoin alt sin ar aon fhaoiseamh eile.

[EN]

Tréimhsí cuntasaiochta comhréire.

118.—(1) Chun críocha grúp-fhaoisimh beidh aon tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta éilimh ar laistigh de thréimhse chuntasaíochta na cuideachta géillte di go léir nó d'aon chuid di ar comhréir leis an tréimhse chuntasaíochta sin.

[EN]

(2) Mura mbeidh tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta géillte agus tréimhse chuntasaíochta chomhréire de chuid na cuideachta éilimh i gcomhthráth le chéile—

[EN]

(a) déanfar an méid a fhéadfar a fhritháireamh in aghaidh brabúis iomlána na cuideachta éilimh don tréimhse

chuntasaíochta chomhréire a laghdú tríd an gcodán

A

_

B

[EN]

(más lú ná aon an codán sin) a fheidhmiú, agus

[EN]

(b) déanfar na brabúis sin a bhféadfar an méid a luaitear i mír (a) (arna laghdú i gcás ar gá sin) a fhritháireamh ina

n-aghaidh a laghdú tríd an gcodán

A

_

C

(más lú ná aon an

[EN]

codán sin) a fheidhmiú,

[EN]

i gcás—

[EN]

arb é A fad na tréimhse is comhthréimhse don dá thréimhse chuntasaíochta,

[EN]

arb é B fad tréimhse chuntasaíochta na cuideachta géillte, agus

[EN]

arb é C fad tréimhse chuntasaíochta chomhréire na cuideachta éilimh.

[EN]

Cuideachtaí ag dul isteach i ngrúpa nó i gcomheagras nó á fhágáil.

119.—(1) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo, ní thabharfar grúp-fhaoiseamh más rud é, agus ní thabharfar ach amháin más rud é, gur comhaltaí den ghrúpa céanna an chuideachta ghéillte agus an chuideachta éilimh, nó go gcomhlíonann gach cuideachta díobh sin na coinníollacha i gcóir faoisimh do chomheagras, ar feadh ré iomlán tréimhse chuntasaíochta na cuideachta géillte lena mbaineann an t-éileamh, agus ar feadh ré iomlán tréimhse chuntasaíochta chomhréire na cuideachta éilimh.

[EN]

(2) Más rud é, ar aon ócáid, go dtiocfaidh dhá chuideachta chun bheith, nó go scoirfidh siad de bheith, ina gcomhaltaí den ghrúpa céanna, ansin, chun na gcríocha a shonraítear i bhfo-alt (3), toimhdeofar, maidir le gach cuideachta díobh, go mbeidh ar an ócáid sin (mura dtosóidh nó mura gcríochnóidh tréimhse chuntasaíochta dhílis de chuid na cuideachta an tráth sin) deireadh le tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta, agus go mbeidh tús le ceann nua, agus deireadh a bheith leis an tréimhse chuntasaíochta nua nuair a bheidh deireadh leis an tréimhse chuntasaíochta dhílis (mura dtarlóidh roimhe sin go mbeidh briseadh breise ann faoin bhfo-alt seo) agus—

[EN]

(a) go ndéanfar caillteanais nó méideanna eile na tréimhse cuntasaíochta dílse a chionroinnt ar na tréimhsí cuntasaíochta cuidí ar bhonn ama de réir a bhfad, agus

[EN]

(b) go ndéanfar méid na brabús iomlán do thréimhse chuntasaíochta dhílis na cuideachta a bhféadfar grúpfhaoiseamh a lamháil ina n-aghaidh de réir alt 117 (1) a chionnroinnt amhlaidh freisin ar na tréimhsí cuntasaíochta cuidí.

[EN]

(3) I gcás arb í an chuideachta ghéillte ceann de na cuideachtaí agus arb í an chuideachta éilimh an chuideachta eile—

[EN]

(a) déanfar tagairtí do thréimhsí cuntasaíochta, do bhrabúis agus do chaillteanais, liúntais, costais bhainistí nó muirir ar ioncam de chuid na cuideachta géillte, in alt 116 a fhorléiriú de réir fho-alt (2),

[EN]

(b) déanfar tagairtí do thréimhsí cuntasaíochta in alt 118 agus i bhfo-alt (1) den alt seo a fhorléiriú amhlaidh (sa dóigh, más comhaltaí iad an dá chuideachta den ghrúpa céanna i dtréimhse chuntasaíochta na cuideachta géillte, nach foláir dóibh faoi alt 118 bheith ina gcomhaltaí freisin den ghrúpa céanna in aon tréimhse chuntasaíochta chomhréire de chuid na cuideachta éilimh),

[EN]

(c) déanfar tagairtí do bhrabúis, agus do mhéideanna a bheidh le fritháireamh in aghaidh brabús, in alt 118 a fhorléiriú amhlaidh (sa dóigh go bhféadfaidh méid a chionroinnfear faoi fho-alt (2) ar thréimhse chuntasaíochta chuidí a bheith le laghdú faoi alt 118 (2)).

[EN]

(4) Beidh feidhm ag fo-ailt (2) agus (3) modhnaithe mar is gá i gcás a dtosóidh cuideachta ag comhlíonadh, nó ina scoirfidh sí de bheith ag comhlíonadh, na gcoinníollacha i leith faoiseamh do chomheagras, mar chuideachta ghéillte nó mar chuideachta éilimh, mar atá feidhm aige i gcás a dtagann dhá chuideachta chun bheith, nó a scoireann siad de bheith, ina gcomhaltaí den ghrúpa céanna.

[EN]

Grúp-fhaoiseamh: éifeacht comhshocraíochtaí chun cuideachta a aistriú go dtí grúpa eile, etc.

120.—(1) Más rud é go ndéileálfaí, ar leith ón alt seo, le dhá chuideachta (dá ngairtear “an chéad chuideachta” agus “an dara cuideachta” san fho-alt seo) mar chomhaltaí den ghrúpa céanna cuideachtaí agus—

[EN]

(a) go mbeidh i dtréimhse chuntasaíochta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó aon lá dá éis, caillteanais trádála nó méideanna eile a bheidh i dteideal faoisimh ó cháin chorparáide tabhaithe ag ceann amháin den dá chuideachta agus a bheadh sí i dteideal, ar leith ón alt seo, a ghéilleadh mar a luaitear in alt 107 (1), agus

[EN]

(b) go mbeidh comhshocraíochtaí ann a dtarlóidh dá mbua, tráth éigin le linn nó tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta sin—

[EN]

(i) go bhféadfadh an chéad chuideachta nó aon chomharba dá cuid scor de bheith ina comhalta den ghrúpa céanna cuideachtaí leis an dara cuideachta agus go bhféadfadh sí teacht chun bheith ina comhalta den ghrúpa céanna cuideachtaí le tríú cuideachta, nó

[EN]

(ii) go bhfuil rialú nó fáil ar rialú ar an gcéad chuideachta ag duine ar bith, nó ag daoine ar bith le chéile, ach nach bhfuil sin aige ná acu ar an dara cuideachta, nó

[EN]

(iii) go bhféadfadh tríú cuideachta tosú ag seoladh trádála, nó aon chuid de thrádáil, a bheidh, aon tráth sa tréimhse chuntasaíochta sin, á seoladh ag an gcéad chuideachta agus go bhféadfadh sí sin a dhéanamh mar chomharba don chéad chuideachta nó mar chomharba cuideachta eile nach tríú cuideachta ach ar cuideachta í a thosaigh, tráth éigin le linn nó tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta sin, ag seoladh na trádála sin nó aon choda di,

[EN]

ansin, chun críocha na Coda seo, áireofar nach comhalta an chéad chuideachta den ghrúpa céanna cuideachtaí leis an dara cuideachta.

[EN]

(2) Más le comheagras, nó más fochuideachta 90 faoin gcéad do chuideachta shealbhaíochta le comheagras, cuideachta thrádála agus—

[EN]

(a) go mbeidh, in aon tréimhse chuntasaíochta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó aon lá dá éis, caillteanais trádála nó méideanna eile a bheidh i dteideal faoisimh ó cháin chorparáide tabhaithe ag an gcuideachta thrádála a d'fhéadfadh sí, ar leith ón alt seo, a ghéilleadh mar a luaitear in alt 107 (1), agus

[EN]

(b) go mbeidh comhshocraíochtaí ann a dtarlóidh dá mbua—

[EN]

(i) go bhféadfadh an chuideachta thrádála nó aon chomharba di, tráth éigin le linn nó tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta sin, teacht chun bheith ina fochuideachta 75 faoin gcéad do thríú cuideachta, nó

[EN]

(ii) go bhfuil rialú nó fáil ar rialú ar an gcuideachta thrádála ag duine ar bith nó ag daoine ar bith le chéile ar leis nó ar leo le chéile cuid is lú ná 50 faoin gcéad de gnáth-scairchaipiteal na cuideachta trádála, nó go bhféadfadh an duine nó na daoine sin an rialú sin a fháil tráth éigin le linn nó tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta sin, nó

[EN]

(iii) go mbeidh seilbh ag aon duine, seachas cuideachta shealbaíochta ar fochuideachta 90 faoin gcéad di an chuideachta thrádála, leis féin nó i dteannta daoine bainteacha, nó go bhféadfadh sé seilbh a fháil, nó go bhfeidhmíonn sé rialú nó go bhféadfadh sé rialú a fheidhmiú ar chuid nach lú ná 75 faoin gcéad de na vótaí is féidir a chaitheamh ar vótaíocht a dhéanfar ag cruinniú ginearálta den chuideachta thrádála sa tréimhse chuntasaíochta sin nó in aon tréimhse chuntasaíochta dá éis sin, nó

[EN]

(iv) go bhféadfadh tríú cuideachta tosú, tráth éigin le linn nó tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta sin, ag seoladh trádála nó aon chuid de thradáil a bheidh, aon tráth sa tréimhse chuntasaíochta sin, á seoladh ag an gcuideachta thrádála agus go bhféadfadh sí sin a dhéanamh mar chomharba don chuideachta thrádála nó mar chomharba do chuideachta eile nach tríú cuideachta ach a thosaigh, tráth éigin le linn nó tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta sin, ag seoladh na trádála sin nó aon choda di,

[EN]

ansin, chun críocha na Coda seo, déileálfar leis an gcuideachta thrádála ionann is dá mba nach raibh sí (i gcáil na cuideachta géillte di) faoi réim alt 107 (2) (a) (b) (c).

[EN]

(3) In aon chás inar fochuideachta 90 faoin gcéad do chuideachta shealbhaíochta atá ar úinéireacht ag comheagras cuideachta thrádála, déanfar aon tagairt i bhfo-alt (2) don chuideachta thrádála, seachas tagairt i mír (b) (iv) den fho-alt sin, a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt don chuideachta shealbhaíochta.

[EN]

(4) San alt seo ciallaíonn “tríú cuideachta” cuideachta nach bhfuil, ar leith ó aon fhoráil arna déanamh le haon chomhshocraíochtaí, nó faoi aon chomhshocraíochtaí, den sórt a shonraítear i bhfo-alt (1) (b) nó (2), ina comhalta den ghrúpa céanna cuideachtaí leis an gcéad chuideachta, de réir brí fho-alt (1), nó, de réir mar a bheidh, leis an gcuideachta thrádála nó leis an gcuideachta shealbhaíochta lena mbaineann fo-alt (2).

[EN]

(5) I bhfo-ailt (1) agus (2)—

[EN]

forléireofar “daoine bainteacha” de réir alt 157, agus tá le “rialú” an bhrí a shanntar dó le halt 158.

[EN]

(6) Chun críocha fho-ailt (1) agus (2) is comharba cuideachta do chuideachta eile má sheolann sí trádáil a bhfuil scortha go hiomlán nó go páirteach ag an gcuideachta eile de bheith á seoladh agus gurb amhlaidh do na himthosca—

[EN]

(a) go bhfuil feidhm ag alt 20 (athchóiriú ar chuideachta gan athrú ar úinéireacht) i ndáil leis an dá chuideachta mar réamhtheachtaí agus mar chomharba de réir brí an ailt sin, nó

[EN]

(b) go bhfuil baint ag an dá chuideachta le chéile de réir téarmaí alt 157.

[EN]

Conarthaí léasúcháin: éifeacht athchóirithe cuideachtaí ar éilimh i leith caillteanas.

121.—(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, más rud é—

[EN]

(a) faoi chonradh arna dhéanamh tar éis an 27ú lá de Shamhain, 1975, go dtabhóidh cuideachta (dá ngairtear “an chéad chuideachta” san alt seo) caiteachas caipitiúil ag soláthar innealra nó gléasra a ligeann an chéad chuideachta chuig duine eile trí chonradh eile (dá ngairtear “conradh léasúcháin” san alt seo), agus

[EN]

(b) go mbeadh an chéad chuideachta i dteideal, ar leith ón bhfo-alt seo, faoiseamh a éileamh faoi alt 16 (1) nó (2) (faoiseamh i leith caillteanais trádála seachas caillteanais fhoirceannaidh) i leith caillteanais a tabhaíodh ar an gconradh léasúcháin, agus

[EN]

(c) sa tréimhse chuntasaíochta a dtabharfar liúntas ina leith don chéad chuideachta faoi alt 251 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (innealra agus gléasra: liúntas tosaigh), faoi alt 11 den Acht Airgeadais, 1967 (liúntais chaithimh agus chuimilte d'innealra agus fearas áirithe i limistéir neamhfhorbartha), nó faoi alt 22 (liúntas infheistíochta d'innealra agus do ghléasra i limistéir ainmnithe) nó faoi alt 26 (méadú ar liúntais chaithimh agus chuimilte d'innealra agus do ghléasra áirithe) den Acht Airgeadais, 1971, i leith an chaiteachais dá dtagraítear i mír (a), go mbeidh comhshocraíochtaí ann a dtarlóidh dá mbua, tráth éigin le linn nó tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta sin, go mbeidh cuideachta chomharbais in ann aon chuid de thrádáil na chéad chuideachta a sheoladh arb éard í nó ar cuid di comhalladh na n-oibleagáidí go léir nó aon chuid de na hoibleagáidí arbh iad, ar leith ó na comhshocraíochtaí, oibleagáidí na chéad chuideachta faoin gconradh léasúcháin iad,

[EN]

ansin, sa tréimhse chuntasaíochta a shonraítear i mír (c) agus in aon tréimhse chuntasaíochta dá éis sin, ní bheidh an chéad chuideachta i dteideal faoiseamh a éileamh mar a luaitear i mír (b) ach amháin le linn na brabúis (más ann) a d'eascair chuici faoin gconradh léasúcháin a bheith á ríomh.

[EN]

(2) Chun críocha an ailt seo is comharba don chéad chuideachta cuideachta más rud é sna himthosca áirithe—

[EN]

(a) go mbeidh feidhm ag alt 20 i ndáil leis an gcéad chuideachta agus leis an gcuideachta eile mar réamhtheachtaí agus mar chomharba de réir brí an ailt sin, nó

[EN]

(b) go bhfuil baint ag an dá chuideachta le chéile de réir téarmaí alt 157.

[EN]

(3) Chun críocha an ailt seo déanfar caillteanais a tabhaíodh ar chonradh léasúcháin agus brabúis a d'eascair faoi chonradh den sórt sin a ríomh amhail is dá mb'ionann comhalladh an chonartha léasúcháin agus trádáil a thosaigh an chéad chuideachta a sheoladh, ar leithligh ó aon trádáil eile a bhí á seoladh aici, nuair a thosaigh an ligean faoin gconradh léasúcháin.

[EN]

(4) Le linn bheith á chinneadh an mbeadh an chéad chuideachta i dteideal faoiseamh a éileamh mar a luaitear i bhfo-alt (1) (b), déileálfar le haon chaillteanais a tabhaíodh ar an gconradh léasúcháin mar chaillteanais a tabhaíodh i dtrádáil a bhí á seoladh ag an gcuideachta sin ar leithligh ó aon trádáil eile a bhí á seoladh aici.

[EN]

Comhpháirtíochtaí lena bhfuil baint ag cuideachtaí: éifeacht comhshocraíochtaí chun faoiseamh a aistriú.

122.—(1) Beidh feidhm ag forálacha fho-alt (2) i ndáil le cuideachta (dá ngairtear “an chuideachta chomhpháirtíochta” san alt seo) is comhalta de chomhpháirtíocht a sheolann trádáil má bhíonn comhshocraíochtaí ann (mar chuid de théarmaí na comhpháirtíochta nó eile) faoina dtarlóidh—

[EN]

(a) maidir le luach iomlán, nó le cuid de luach, scair na cuideachta comhpháirtíochta sna brabúis nó sa chaillteanas d'aon tréimhse chuntasaíochta de chuid na comhpháirtíochta, nó maidir le haon chuid den scair sin, go bhfaighidh comhalta eile den chomhpháirtíocht nó aon duine a bhfuil baint aige le comhalta eile den chomhpháirtíocht aon íocaíocht nó go bhfaighidh sé nó go dteachtfaidh sé, go díreach nó go neamhdhíreach, aon sochar eile i luach airgid; nó

[EN]

(b) maidir le costas iomlán, nó le haon chuid de chostas, scair na cuideachta comhpháirtíochta sa chaillteanas d'aon tréimhse chuntasaíochta de chuid na comhpháirtíochta, nó maidir le haon chuid den scair sin, go bhfaighidh an chuideachta chomhpháirtíochta, nó aon duine a bhfuil baint aige leis an gcuideachta sin, aon íocaíocht nó go bhfaighidh nó go dteachtfaidh sí nó sé, go díreach nó go neamhdhíreach, aon sochar eile i luach airgid, seachas íocaíocht i leith grúp-fhaoisimh leis an gcuideachta chomhpháirtíochta ó chuideachta is comhalta den ghrúpa céanna leis an gcuideachta chomhpháirtíochta chun críocha grúp-fhaoisimh.

[EN]

(2) In aon chás a mbeidh feidhm ag forálacha an fho-ailt seo i ndáil leis an gcuideachta chomhpháirtíochta—

[EN]

(a) ní bheidh scair na cuideachta den chaillteanas do thréimhse chuntasaíochta iomchuí na comhpháirtíochta agus a scair d'aon mhuirir ar ioncam, de réir brí alt 10, a d'íoc an chomhpháirtíocht sa tréimhse chuntasaíochta sin inchomhairimh le fritháireamh chun críocha cánach corparáide ach amháin in aghaidh a brabús ón trádáil leithleach; agus

[EN]

(b) ach amháin de réir mhír (a), ní bheidh aon chaillteanais trádála inchomhairimh le fritháireamh chun críocha cánach corparáide in aghaidh brabúis thrádáil leithleach na cuideachta do thréimhse chuntasaíochta iomchuí na comhpháirtíochta; agus

[EN]

(c) ach amháin de réir míreanna (a) agus (b), ní bheidh aon mhéid a bheadh, ar leith ón bhfo-alt seo, inchomhairimh le haghaidh faoisimh in aghaidh brabús inchomhairimh le fritháireamh chun críocha cánach corparáide in aghaidh an oiread sin de bhrabúis uile na cuideachta is brabúis ón trádáil leithleach do thréimhse chuntasaíochta iomchuí na comhpháirtíochta.

[EN]

(3) I bhfo-alt (2) ciallaíonn “tréimhse chuntasaíochta iomchuí na comhpháirtíochta” aon tréimhse chuntasaíochta de chuid na comhpháirtíochta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó aon lá dá éis, a mbeidh aon chomhshocraíochtaí ann den sórt a shonraítear i bhfo-alt (1) nó lena mbainfidh aon chomhshocraíochtaí den sórt sin.

[EN]

(4) Más comhalta de comhpháirtíocht cuideachta agus go mbeidh cáin i leith aon bhrabúis de chuid na comhpháirtíochta inmhuirearaithe faoi Chás IV nó V de Sceideal D, beidh feidhm ag an alt seo i ndáil le scair na cuideachta de bhrabúis nó de chaillteanas na comhpháirtíochta ionann is dá mba rud é—

[EN]

(a) gurbh iad na brabúis ó thrádáil leithleach a bhí á seoladh ag an gcuideachta nó an caillteanas a tabhaíodh sa trádáil sin na brabúis nó an caillteanas ar inchurtha scair na cuideachta ina leith, agus

[EN]

(b) dá mba liúntas a tugadh le linn cáin a ghearradh ar an trádáil sin aon liúntas a bheidh le tabhairt trí cháin a urscaoileadh nó a aisíoc nó le linn ioncam a mhuirearú faoi Chás V.

[EN]

(5) Chun críocha an ailt seo, is é méid scair cuideachta de bhrabúis nó de chaillteanas aon tréimhse chuntasaíochta de chuid comhpháirtíochta cibé méid a chinnfear de réir forálacha alt 32 (comhpháirtíochtaí lena mbaineann cuideachtaí).

[EN]

(6) San alt seo tá an bhrí chéanna le “grúp-fhaoiseamh” atá leis in alt 107 agus déanfar aon cheist i dtaobh baint a bheith ag duine le duine eile a chinneadh de réir alt 157.

[EN]

Faisnéis i dtaobh comhshocraíochtaí chun faoiseamh a aistriú, etc.

123.—(1) Má dhéanann cuideachta—

[EN]

(a) éileamh ar ghrúp-fhaoiseamh, nó

[EN]

(b) agus í ina páirtí i gconradh léasúcháin, mar a mhínítear in alt 121, faoiseamh a éileamh mar a luaitear i bhfo-alt (1) (b) den alt sin, nó

[EN]

(c) agus í ina comhalta de chomhpháirtíocht, aon faoiseamh a éileamh nach mbeadh sí i dteideal a éileamh dá mbeadh feidhm i ndáil léi ag alt 122 (2),

[EN]

agus go mbeidh cúis ag an gcigire lena chreidiúint go bhféadfadh aon chomhshocraíochtaí iomchuí a bheith ann, nó a bheith ann aon tráth ba thráth ábhartha i ndáil leis an éileamh, ansin, féadfaidh sé, aon tráth tar éis an t-éileamh a bheith déanta, fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar an gcuideachta á cheangal uirthi go dtabharfaidh sí dó, laistigh de cibé am a ordóidh sé agus nach giorra ná tríocha lá ó dháta an fhógra a thabhairt—

[EN]

(i) dearbhú i scríbhinn á rá an bhfuil nó nach bhfuil aon chomhshocraíochtaí den sórt sin ann nó an raibh nó nach raibh siad ann aon tráth ábhartha, nó

[EN]

(ii) cibé faisnéis a theastóidh uaidh le réasún lena chinntiú dó féin an bhfuil nó nach bhfuil comhshocraíochtaí den sórt sin ann nó an raibh nó nach raibh siad ann aon tráth ábhartha, nó

[EN]

(iii) an dearbhú sin agus an fhaisnéis sin le chéile.

[EN]

(2) San alt seo ciallaíonn “comhshocraíochtaí iomchuí”, i ndáil le héileamh lena mbaineann aon cheann de na míreanna (a) go (c) d'fho-alt (1), cibé comhshocraíochtaí dá dtagraitear san achtachán a shonraítear sa mhír chomhréire thíos, is é sin le rá—

[EN]

(a) alt 120 (1) nó (2) nó alt 113 (3),

[EN]

(b) alt 121 (1) (c), nó

[EN]

(c) alt 122 (1).

[EN]

(3) I gcás lena mbaineann mír (a) d'fao-alt (1), féadfar fógra faoin bhfo-alt sin a sheirbheáil ar an gcuideachta ghéillte, de réir brí alt 107, in ionad nó i dteannta é a sheirbheáil ar an gcuideachta a éilíonn faoiseamh.

[EN]

(4) I gcás lena mbaineann mír (c) d'fho-alt (1), féadfar fógra faoin bhfo-alt sin a sheirbheáil ar na comhpháirtithe in ionad nó i dteannta é a sheirbheáil ar an gcuideachta, agus dá réir sin, féadfaidh sé a cheangal orthu, in ionad nó i dteannta na cuideachta, an dearbhú nó an fhaisnéis, nó an dearbhú agus an fhaisnéis iomchuí a thabhairt.

[EN]

(5) San alt seo, in alt 113 (3) agus in ailt 120 go 122 ciallaíonn “comhshocraíochtaí” comhshocraíochtaí d'aon sórt, i scríbhinn nó gan a bheith i scríbhinn.

[EN]

Liúntais dúbailte a eisamh, etc.

124.—(1) Ní thabharfar faoiseamh níos mó ná uair amháin maidir leis an méid céanna, trí ghrúp-fhaoiseamh a thabhairt agus trí fhaoiseamh éigin eile a thabhairt (in aon tréimhse chuntasaíochta) don chuideachta ghéillte nó trí ghrúp-fhaoiseamh a thabhairt níos mó ná uair amháin.

[EN]

(2) De réir fho-alt (1), ní féidir le dhá chuideachta éilimh nó níos mó, maidir le haon chaillteanas áirithe nó aon mhéid áirithe eile ar féidir grúp-fhaoiseamh a thabhairt ina leith, agus cibé tréimhsí cuntasaíochta dá gcuid a bhí i gcomhréir le tréimhse chuntasaíochta na cuideachta géillte, níos mó faoisimh a fháil san iomlán ná a d'fhéadfadh cuideachta éilimh aonair a fháil ar chomhionann a tréimhse chuntasaíochta chomhréire le tréimhse chuntasaíochta na cuideachta géillte.

[EN]

(3) Má éilíonn níos mó ná cuideachta éilimh amháin grúp-fhaoiseamh a bhaineann leis an tréimhse chuntasaíochta chéanna de chuid na cuideachta géillte céanna, agus—

[EN]

(a) nach inghlactha na héilimh go léir a rinneadh amhlaidh ach amháin de bhua alt 119 (2) (3), agus

[EN]

(b) go bhfuil cuid de thréimhse chuntasaíochta na cuideachta géillte nár chomhalta ar a feadh aon cheann de na cuideachtaí éilimh sin den ghrúpa céanna leis an gcuideachta ghéillte,

[EN]

ní bhfaighidh na cuideachtaí éilimh sin níos mó faoisimh san iomlán ná a d'féadfadh cuideachta éilimh aonair a fháil nár chomhalta den ghrúpa céanna leis an gcuideachta ghéillte ar feadh na coda sin de thréimhse chuntasaíochta na cuideachta géillte (ach ba chomhalta ar feadh na coda eile den tréimhse chuntasaíochta sin).

[EN]

(4) Má éilíonn cuideachta éilimh grúp-fhaoiseamh i leith breis agus cuideachta ghéillte amháin go ndéanfar grúp-fhaoiseamh a fhritháireamh in aghaidh iomlán a brabús d'aon tréimhse chuntasaíochta áirithe, agus—

[EN]

(a) nach inghlactha na héilimh go léir a rinneadh amhlaidh ach amháin de bhua alt 119 (2) (3), agus

[EN]

(b) go bhfuil cuid de thréimhse chuntasíochta na cuideachta éilimh nár chomhalta ar a feadh den ghrúpa céanna leis an gcuideachta éilimh aon cheann de na cuideachtaí géillte ar faoina dtreoir a rinneadh na héilimh,

[EN]

ní bhfaighidh an chuideachta éilimh níos mó faoisimh san iomlán a bheidh le fritháireamh in aghaidh a brabús don tréimhse chuntasaíochta ná a d'féadfadh sí a fháil ar éileamh maidir le cuideachta ghéillte aonair (le caillteanais gan teorainn agus méideanna eile atá i dteideal faoisimh) nár chomhalta den ghrúpa céanna leis an gcuideachta éilimh ar feadh na coda sin de thréimhse chuntasaíochta na cuideachta éilimh (ach ba chomhalta ar feadh na coda eile den tréimhse chuntasaíochta sin).

[EN]

(5) Tá éifeacht le forálacha an fho-ailt seo maidir le héileamh ar ghrúp-fhaoiseamh ó chuideachta mar chomhalta de chomheagras, dá ngairtear “éileamh comheagrais” san fho-alt seo—

[EN]

(a) ní bheidh éifeacht le héileamh comheagrais, agus le héileamh seachas éileamh comheagrais, le chéile, maidir le caillteanas nó méid eile don tréimhse chuntasaíochta chéanna de chuid na cuideachta géillte céanna, mura mbainfidh gach ceann den dá éileamh le caillteanas nó le méid eile arna chionroinnt faoi alt 119 (2) (a) ar chomhchuid den tréimhse chuntasaíochta sin, agus nach dtéann an dá chomhchuid thar a chéile,

[EN]

(b) i bhfo-ailt (3) agus (4) déanfar neamhshuim d'éilimh chomheagrais,

[EN]

agus glacfaidh mír (a) éifeacht de réir an oird a ndéanfar éilimh.

[EN]

(6) Gan dochar d'fhorálacha alt 304 (6) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (léiriú), folaíonn aon tagairt i gCuid XVI (Liúntais Bhliantúla i leith Caiteachais Chaipitiúil Airithe) den Acht sin do liúntas a thabhairt tagairt do liúntas a thabharfaí mura mbeadh gur deonaíodh grúp-fhaoiseamh nó mura mbeadh sin agus mura mbeadh neamhdhóthanacht brabús nó ioncaim eile a bhféadfaí é a thabhairt ina n-aghaidh.

[EN]

Eilimh agus coigeartuithe.

125.—(1) Maidir le héileamh ar ghrúp-fhaoiseamh—

[EN]

(a) ní gá gur éileamh é ar an méid iomlán is inchomhairimh,

[EN]

(b) ní foláir toiliú na cuideachta géillte a bheith leis agus an toiliú sin a chur in iúl don chigire i cibé foirm a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim, agus

[EN]

(c) ní foláir é a dhéanamh laistigh de dhá bhliain ó dheireadh thréimhse chuntasaíochta na cuideachta géillte lena mbaineann an t-éileamh.

[EN]

(2) Ní foláir, i gcás éileamh ar ghrúp-fhaoiseamh ó chuideachta mar chomhalta de chomheagras, toiliú gach comhalta eile den chomheagras a bheith leis agus an toiliú sin a chur in iúl don chigire i cibé foirm a ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim, mar aon le toiliú na cuideachta géillte.

[EN]

(3) Má fhaigheann an cigire amach go bhfuil aon ghrúp-fhaoiseamh a tugadh iomarcach nó go bhfuil sé éirithe iomarcach, féadfaidh sé an méid cánach corparáide is dóigh leis is cóir a mhuirearú a mheasúnú faoi Chás IV de Sceideal D.

[EN]

(4) Ní dhéanfaidh fo-alt (3) dochar do mheasúnacht a dhéanamh faoi alt 144 (5) (a) (iii) (measúnachtaí breise) ná do na coigeartuithe eile sin go léir a dhéanamh trí cháin a urscaoileadh nó a aisíoc nó eile is gá a dhéanamh gcás an iomarca faoisimh a bheith faighte ag cuideachta éilimh, nó faoiseamh a bheith ligthe thar ceal ag cuideachta ghéillte i leith méid chomhréire.

CUID XII

Gnóchain Chaipitiúla Cuideachtaí

[EN]

Cáin chorparáide is inchurtha i leith gnóchan inmhuirearaithe: gnóthú ó scairschealbhóir.

126.—(1) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás a bhfaighidh duine a bhfuil baint aige le cuideachta a chónaíonn sa Stát, nó go dtiocfaidh sé i dteideal go bhfaighidh sé, an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis, i leith scaireanna sa chuideachta aon dáileadh caipitil ón gcuideachta, seachas dáileadh caipitil in ionannas laghdú ar chaipiteal, agus—

[EN]

(a) gur dhíorthaigh an caipiteal a dháilfear amhlaidh ó shócmhainní a mbeidh gnóchan inmhuirearaithe faibhrithe ina leith chun na cuideachta a dhiúscairt tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1976; nó

[EN]

(b) gur diúscairt sócmhainní mar a dúradh an dáileadh.

[EN]

(2) Má bhí ar áireamh sa cháin chorparáide a measúnaíodh ar an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta inar fhaibrigh an gnóchan inmhuirearaithe aon mhéid i leith gnóchan inmhuirearaithe, agus go mbeidh aon chuid den cháin a measúnaíodh ar an gcuideachta don tréimhse sin gan íoc laistigh de shé mhí ón dáta a thiocfaidh sé chun bheith iníoctha ag an gcuideachta, féadfar méid den cháin chorparáide sin a mheasúnú agus a mhuirearú (in ainm na cuideachta) ar an duine sin trí mheasúnacht a dhéanfar laistigh de dhá bhliain ón dáta sin agus ar méid é—

[EN]

(a) nach mó ná méid nó luach an dáilte caipitil a fuair an duine sin nó ar tháinig sé i dteideal é a fháil; agus

[EN]

(b) nach mó ná cionúireacht, ar cóimhéid le scair an duine sin den dáileadh caipitil ón gcuideachta, den cháin chorparáide ar an méid agus de réir an ráta a muirearaíodh i leith an ghnóchain sin, sa mheasúnacht inar muirearaíodh an cháin sin.

[EN]

(3) Duine a mbeidh aon mhéid cánach íoctha aige faoin alt seo beidh sé i dteideal a chóimhéid de shuim a ghnóthú ón gcuideachta.

[EN]

(4) Ní dhéanfaidh forálacha an ailt seo dochar d'aon dliteanas de chuid an duine a gheobhaidh nó a thiocfaidh i dteideal go bhfaighidh sé an dáileadh caipitil i leith gnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuige faoi threoir an dáilte caipitil ar diúscairt é ar leas i scaireanna sa chuideachta.

[EN]

(5) San alt seo tá le “dáileadh caipitil” an bhrí chéanna atá leis i mír 1 (2) de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, agus forléireofar “baint” de réir alt 157 (daoine bainteacha).

[EN]

Athchóiriú nó cónascadh cuideachtaí: aistriú sócmhainni.

127.—(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás—

[EN]

(a) a gcuimsíonn aon scéim athchóirithe nó cónasctha gnó uile, nó cuid de ghnó, cuideachta a aistriú chun cuideachta eile, agus

[EN]

(b) an dá chuideachta a bheith ina gcónaí sa Stát tráth an aistrithe, agus

[EN]

(c) nach bhfaighidh an chuideachta chéadluaite aon chuid de chomaoin an aistrithe (ach amháin an chuideachta eile do ghlacadh dliteanais uile, nó cuid de dhliteanais, an ghnó chuici féin),

[EN]

ansin, a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide ar ghnóchain chaipitiúla, déileálfar leis an dá chuideachta ionann is dá mba go bhfuair cuideachta amháin ón gcuideachta eile aon sócmhainní a bhí ar áireamh san aistriú ar an oiread sin de chomaoin a d'áiritheodh nach bhfaibhreodh gnóchan ná caillteanas chuig cuideachta na diúscartha ar an diúscairt trí aistriú, agus chun críocha Chuid II de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 (sócmhainní ar teachtadh an 6ú lá d'Aibreán, 1974), déileálfar le cuideachta na fála ionann is dá mba fáil na sócmhainní ag cuideachta na fála fáil na sócmhainní sin ag an gcuideachta eile.

[EN]

(2) Níl feidhm ag an alt seo i ndáil le sócmhainn ba chuid, go dtí an t-aistriú, de stoc trádála thrádáil a bhí á seoladh ag cuideachta na diúscartha, ná i ndáil le sócmhainn a fuarthas mar stoc trádála chun críocha thrádáil a sheolann an chuideachta a fuair an tsócmhainn.

[EN]

(3) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “scéim athchóirithe nó cónasctha” scéim chun aon chuideachta nó cuideachtaí a athchóiriú nó chun aon dá chuideachta nó níos mó a chónascadh,

[EN]

tá le “stoc trádála” an bhrí a thugtar le halt 62 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

[EN]

Us a mhuirearaítear ar chaipiteal.

128.—I gcás—

[EN]

(a) a dtabhóidh cuideachta caiteachas ag athchóiriú aon fhoirgnimh, déanmhais nó oibreacha, ar caiteachas é is inlamhála mar asbhaint faoi mhír 3 de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 (caiteachas: forálacha ginearálta), le linn gnóchan a bheith a ríomh a d'fhaibhrigh chuig an gcuideachta ar an bhfoirgneamh, an déanmhas nó an obair, nó aon sócmhainn a chuimsigh an céanna, a dhiúscairt, agus

[EN]

(b) gur as airgead a fuarthas ar iasacht a íocadh an caiteachas sin, agus

[EN]

(c) gur mhuirearaigh an chuideachta i leith caipitil an t-ús go léir nó aon chuid den ús ar an airgead iasachta sin ab inchurtha i leith tréimhse nó coda de thréimse dar críoch tráth na diúscartha nó tráth roimhe sin,

[EN]

ansin, d'ainneoin fhomhír (3) (b) den mhír sin 3, folóidh na suimeanna is inlamhála amhlaidh méid an úis sin a muirearaíodh i leith caipitil.

[EN]

Grúpaí cuideachtaí: mínithe.

129.—(1) Chun críocha an ailt seo agus n-alt seo a leanas den Chuid seo—

[EN]

(a) ní bhaineann tagairtí do chuideachta, faoi réir alt 138 (7), ach le cuideachta, mar atá an abairt sin teorannaithe le fo-alt (2), a chónaíonn sa Stát;

[EN]

(b) is grúpa príomh-chuideachta agus a fochuideachtaí 75 faoin gcéad go léir, agus i gcás príomh-chuideachta a bheith ina comhalta de ghrúpa mar fhochuideachta 75 faoin gcéad í féin cuimseoidh an grúpa sin a fochuideachtaí 75 faoin gcéad go léir;

[EN]

(c) ciallaíonn “príomh-chuideachta” cuideachta ar fochuideachta 75 faoin gcéad di cuideachta eile;

[EN]

(d) le linn an míniú ar “fochuideachta 75 faoin gcéad” in alt 156 (fochuideachtaí) a bheith á fheidhmiú, déileálfar le haon scairchaipiteal le cumann tionscail agus coigiltis cláraithe mar ghnáth-scairchaipiteal; agus

[EN]

(e) déanfar “grúpa” agus “fochuideachta” a fhorléiriú, modhnaithe mar is gá, i gcás a bhfeidhmeofar iad ar chuideachta a bheidh corpraithe faoi dhlí tíre lasmuigh den Stát.

[EN]

(2) Chun na gcríocha dá dtagraítear i bhfo-alt (1), ní bhainfidh tagairtí do chuideachtaí ach—

[EN]

(a) le cuideachta de réir brí Acht na gCuideachtaí, 1963, agus

[EN]

(b) le cuideachta arna comhdhéanamh faoi aon Acht eile nó faoi chairt nó faoi litreacha paitinne nó (cé gur sa Stát a chónaíonn sí) arna foirmiú faoi dhlí tíre nó críche lasmuigh den Stát, agus

[EN]

(c) le cumann tionscail agus coigiltis cláraithe de réir brí alt 218 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

[EN]

(3) Chun na gcríocha dá dtagraítear i bhfo-alt (1), is é an grúpa céanna i gcónaí grúpa fad is í an chuideachta chéanna príomh-chuideachta an ghrúpa, agus má dhéanann aon tráth fochuideachta 75 faoin gcéad do chuideachta eile de phríomh-chuideachta grúpa déileálfar leis an ngrúpa dar phríomh-chuideachta í roimh an tráth sin amhail is dá mba é an grúpa céanna é leis an ngrúpa dar príomhchuideachta an chuideachta eile sin, nó ceann dar fochuideachta 75 faoin gcéad í, agus déanfar an cheist i dtaobh cé acu atá nó nach bhfuil scortha ag cuideachta de bheith ina comhalta de ghrúpa a chinneadh dá réir sin.

[EN]

(4) Chun na gcríocha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ní mheasfar maidir le rún a rith nó ordú a dhéanamh, ná maidir le haon ghníomh eile, chun cuideachta a fhoirceannadh go dtagann de an chuideachta sin, nó aon fhochuideachta 75 faoin gcéad don chuideachta sin, scor de bheith ina comhalta de ghrúpa cuideachtaí.

[EN]

(5) Beidh éifeacht freisin leis na hailt seo a leanas den Chuid seo, ach amháin a mhéid a bhaineann siad le gnóthú cánach, i ndáil le comhlachtaí arna mbunú ó am go ham le haon achtachán nó faoi aon achtacháin chun aon tionscal nó cuid de thionscal, nó aon ghnóthas, faoi úinéireacht nó rialú náisiúnta, a sheoladh, ionann is dá mba chuideachtaí iad de réir brí na n-alt sin, agus ionann is dá mba ghrúpa aon chomhlachtaí den sórt sin ar cuireadh feidhmeanna gaolmhara de chúram orthu agus fochuideachtaí d'aon cheann díobh, agus ionann freisin is dá mba chomhaltaí de ghrúpa aon dá chomhlacht nó níos mó díobh ar cuireadh na feidhmeanna céanna nó feidhmeanna gaolmhara de chúram orthu tráthanna éagsúla:

[EN]

Ar choinníoll go mbeidh éifeacht leis an bhfo-alt seo faoi réir aon achtachán faoina mbeidh maoin, cearta, dliteanais nó gníomhaíochtaí de chuid comhlachta amháin den sórt sin le háireamh i ndáil le cáin chorparáide mar mhaoin, cearta, dliteanais nó gníomhaíochtaí de chuid comhlachta eile.

[EN]

(6) Chun críocha na Coda seo—

[EN]

(a) ní bheidh feidhm ag alt 35 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 (dlúthchuideachta a aistreoidh sócmhainní faoina luach), i gcás ar diúscairt lena mbaineann alt 130 (1) an t-aistriú;

[EN]

(b) déanfar mír 6 de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 (páirt-diúscairt), agus na forálacha eile go léir chun cionroinnt a dhéanamh le linn páirt-diúscartha ar chaiteachas is inasbhainte le linn gnóchan a bheith á ríomh, a oibriú sula n-oibreoidh siad seo a leanas agus ar neamhaird leo, is é sin—

[EN]

(i) alt 130 (1),

[EN]

(ii) aon achtachán eile a dhéanann coigeartú d'áirithiú nach dtarlóidh gnóchan ná caillteanas le linn diúscartha;

[EN]

(c) maidir le “grúpa neamhchónaitheach” cuideachtaí—

[EN]

(i) i gcás grúpa, nach sa Stát a chónaíonn aon chomhalta de, ciallaíonn sé an grúpa sin, agus

[EN]

(ii) i gcás grúpa, nach sa Stát a chónaíonn dhá chomhalta nó níos mó de, ciallaíonn sé na comhaltaí nach gcónaíonn sa Stát,

[EN]

agus chun críocha na míre seo forléireofar “grúpa” de réir fho-ailt (1) (gan mír (a)), (3) agus (4).

[EN]

(7) Chun críocha alt 36 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 (cuideachta neamhchónaitheach)—

[EN]

(a) beidh feidhm ag ailt 130 go 133 i ndáil le cuideachtaí neamhchónaitheacha is comhaltaí de ghrúpa neamhchónaitheach cuideachtaí, mar atá feidhm acu i ndáil le cuideachtaí a chónaíonn sa Stát agus ar comhaltaí iad de ghrúpa cuideachtaí,

[EN]

(b) beidh feidhm ag ailt 135 agus 137 ionann is dá gcuirfí in ionad aon tagairt sna hailt sin do ghrúpa cuideachtaí tagairt do ghrúpa neamhchónaitheach cuideachtaí, agus ionann is dá mba thagairtí do chuideachtaí nach gcónaíonn sa Stát tagairtí do chuideachtaí.

[EN]

Aistrithe laistigh de ghrúpa.

130.—(1) D'ainneoin aon fhoráil san Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, a shocraíonn méid na comaoine a mheastar a bheith faighte le linn diúscartha nó tugtha le linn fála, i gcás a ndéanfaidh comhalta de ghrúpa cuideachtaí sócmhainn a dhiúscairt chun comhalta eile den ghrúpa, déileálfar, ach amháin mar a fhoráiltear le fo-ailt (2) agus (3), leis an dá chomhalta sin, a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide ar ghnóchain inmhuirearaithe, ionann is dá mba rud é, maidir leis an tsócmhainn a fuair an comhalta chun a ndearnadh an diúscairt, go bhfuarthas í ar an oiread sin de chomaoin a d'áiritheodh nuair a dhéanfadh an comhalta eile diúscairt nach bhfaibhreodh gnóchan ná caillteanas chuig an gcomhalta eile sin; ach i gcás a dtoimhdeofar chun aon chríche sócmhainn a bheith díolta nó faighte ag comhalta de ghrúpa cuideachtaí, toimhdeofar freisin nár dhíol é le comhalta eile den ghrúpa ná fáil ó chomhalta eile den ghrúpa.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) nuair is éard í an diúscairt—

[EN]

(a) diúscairt féich ó chomhalta de ghrúpa cuideachtaí a cuireadh i gcrích tríd an bhfiach nó cuid den fhiach a ghlanadh; nó

[EN]

(b) diúscairt scaireanna infhuascailte i gcuideachta tráth a bhfuascailte;

[EN]

agus ní bheidh feidhm ag an tagairt san fho-alt sin do chomhalta de ghrúpa cuideachtaí a dhiúscraíonn sócmhainn maidir le haon ní a bheidh, faoi Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, le háireamh mar dhiúscairt leasa i scaireanna i gcuideachta mar chomaoin i leith dáileadh caipitil (mar a shainítear i mír 1 den Sceideal sin) ón gcuideachta sin, cibé acu a bheidh nó nach mbeidh laghdú caipitil i gceist.

[EN]

(3) Chun críocha fho-alt (1), a mhéid gurb í comaoin na diúscartha airgead nó luach airgid ar mhodh cúitimh i leith aon chineál damáiste nó díobhála do shócmhainní, nó i leith sócmhainní a scriosadh nó a dhiomailt nó i leith aon ní a laghdaíonn nó a laghdódh luach sócmhainne, déileálfar leis an diúscairt mar dhiúscairt chun an duine, mar árachóir nó eile, ar a dtitfidh sé d'ualach faoi dheoidh an chomaoin sin a thabhairt.

[EN]

Aistrithe laistigh de ghrúpa: stoc trádála.

131.—(1) I gcás a bhfaighidh comhalta de ghrúpa cuideachtaí sócmhainn mar stoc trádála ó chomhalta eile den ghrúpa, agus nár chuid de stoc trádála aon trádáil a bhí á seoladh ag an gcomhalta eile an tsócmhainn, déileálfar, chun críocha mhír 15 de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 (leithreasaí isteach i stoc trádála agus amach as) leis an gcomhalta a fuair í mar chomhalta a fuair an tsócmhainn ar dhóigh seachas mar stoc trádála agus a rinne í a leithreasú láithreach chun críocha na trádála mar stoc trádála.

[EN]

(2) I gcás a ndiúscróidh comhalta de ghrúpa cuideachtaí sócmhainn chun comhalta eile den ghrúpa agus gur chuid an tsócmhainn de stoc trádála thrádáil a bhí á seoladh ag comhalta a diúscartha ach go bhfaighidh an comhalta eile í ar dhóigh seachas mar stoc trádála thrádáil a sheolann sé, déileálfar, chun críocha na míre sin 15, le comhalta diúscartha na sócmhainne mar chomhalta a rinne, díreach roimh an diúscairt, an tsócmhainn a leithreasú chun críche éigin seachas a húsáid mar stoc trádála.

[EN]

Diúscairt nó fáil lasmuigh de ghrúpa.

132.—(1) I gcás a ndéanfaidh cuideachta is comhalta nó ba chomhalta de ghrúpa cuideachtaí sócmhainn a dhiúscairt a fuair sí ó chomhalta eile den ghrúpa tráth ar chomhaltaí den ghrúpa iad araon, beidh feidhm ag mír 5 de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 (srian le caillteanais faoi threoir liúntas caipitiúil) i ndáil le haon liúntais chaipitiúla a tugadh don chomhalta eile (a mhéid nár cuireadh i gcuntas iad i ndáil le diúscairt na sócmhainne ag an gcomhalta eile sin), agus mar sin de maidir le haistrithe roimhe sin ar an tsócmhainn idir comhaltaí den ghrúpa (ach ní mheasfar go mbaineann sin leis an gcomaoin a mheasfar faoi alt 130 (1) gur uirthi a fuarthas sócmhainn).

[EN]

(2) Beidh feidhm ag Cuid II de Sceideal 1 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, i ndáil le diúscairt sócmhainne ag cuideachta is comhalta nó ba chomhalta de ghrúpa cuideachtaí, agus a fuair an tsócmhainn ó chomhalta eile den ghrúpa tráth ar chomhaltaí den ghrúpa iad araon, ionann is dá mba é an duine céanna comhaltaí uile an ghrúpa de thuras na huaire, agus ionann is dá mba éard é fáil nó soláthar na sócmhainne ag an ngrúpa, ar iad a áireamh amhlaidh mar dhuine amháin, fáil nó soláthar na sócmhainne ag an gcomhalta a dhiúscair í.

[EN]

Athshuíomh sócmhainní gnó ag comhaltaí de ghrúpa.

133.—Chun críocha alt 28 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 (sócmhainní gnó a athshuíomh), déileálfar leis na trádálacha go léir a bheidh á seoladh ag comhaltaí de ghrúpa cuideachtaí mar thrádáil aonair (murab éard é fáil na sócmhainní nua, nó an leasa sna sócmhainní nua, ag comhalta den ghrúpa ó chomhalta eile nó diúscairt na sean-sócmhainní, nó an leasa sna sean-sócmhainní, chuig comhalta eile).

[EN]

Cáin ar chuideachta a bheith inghnóthaithe ó chomhaltaí eile de ghrúpa.

134.—(1) Más rud é tráth ar bith go bhfaibhreoidh gnóchan inmhuirearaithe chuig cuideachta ar comhalta de ghrúpa cuideachtaí an tráth sin í agus má bhíonn aon chuid den cháin chorparáide a measúnaíodh ar an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta inar fhaibhrigh an gnóchan inmhuirearaithe gan íoc i gceann sé mhí ón dáta a thiocfaidh an cháin sin chun bheith iníoctha ag an gcuideachta, ansin, má bhí aon mhéid i leith gnóchan inmhuirearaithe ar áireamh sa cháin a measúnaíodh amhlaidh—

[EN]

(a) cuideachta arbh í príomh-chuideachta an ghrúpa í an tráth a d'fhaibhrigh an gnóchan; agus

[EN]

(b) aon chuideachta eile a bhí, le linn aon chuid den tréimhse dhá bhliain dar chríoch an tráth sin, ina comhalta den ghrúpa cuideachtaí sin agus ar léi an tsócmhainn a diúscraíodh nó aon chuid di, nó i gcás arb éard í an tsócmhainn sin leas nó ceart i sócmhainn eile nó thairsti, ar léi ceachtar de na sócmhainní sin nó aon chuid de cheachtar de na sócmhainní sin;

[EN]

féadfar, tráth ar bith laistigh de dhá bhliain ón tráth a tháinig an cháin chun bheith iníoctha, méid a mheasúnú agus a mhuirearú (in ainm na cuideachta ar chuici a d'fhaibhrigh an gnóchan imhuirearaithe) is méid áirithe den cháin chorparáide sin nach mó ná an cháin chorparáide ar an méid agus de réir an ráta a muirearaíodh i leith an ghnóchain sin sa mheasúnú ar an gcuideachta ar chuici a d'fhaibhrigh an gnóchan inmhuirearaithe.

[EN]

(2) Cuideachta a íocfaidh aon mhéid cánach faoi fho-alt (1), beidh sí i dteideal an méid sin de shuim a ghnóthú—

[EN]

(a) ón gcuideachta ar chuici a d'fhaibhrigh an gnóchan inmhuirearaithe, nó

[EN]

(b) murab í an chuideachta sin an chuideachta ba phríomhchuideachta den ghrúpa an tráth a d'fhaibhrigh an gnóchan inmhuirearaithe, ón bpríomh-chuideachta sin,

[EN]

agus cuideachta a íocfaidh aon mhéid faoi mhír (b), beidh sí i dteideal an méid sin de shuim a ghnóthú ón gcuideachta ar chuici a d'fhaibhrigh an gnóchan inmhuirearaithe, agus a mhéid nach ngnóthófar amhlaidh é, beidh sí i dteideal go ngnóthóidh sí ó aon chuideachta is comhalta den ghrúpa de thuras na huaire agus ar léi, le linn di bheith ina comhalta den ghrúpa, an tsócmhainn a diúscraíodh nó aon chuid den tsócmhainn sin (nó i gcás ar leas nó ceart i sócmhainn eile nó thairsti an tsócmhainn sin, ar léi an tsócmhainn sin nó aon chuid di) an chionúireacht sin den méid nár gnóthaíodh a bheidh cóir ag féachaint do luach na sócmhainne an tráth a rinne an chuideachta sin an tsócmhainn, nó leas nó ceart inti nó thairsti, a dhiúscairt.

[EN]

Cuideachta a scoireann de bheith ina comhalta de ghrúpa.

135.—(1) Má scoireann cuideachta (dá ngairtear “an chuideachta inmhuirearaithe” san alt seo) de bheith ina comhalta de ghrúpa cuideachtaí, beidh éifeacht leis an alt seo maidir le haon sócmhainn a fuair an chuideachta inmhuirearaithe ó chuideachta eile a bhí tráth na fála ina comhalta den ghrúpa cuideachtaí sin, ach ní bheidh an éifeacht sin leis ach amháin má ba é tráth na fála—

[EN]

(a) an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó aon lá dá éis, agus

[EN]

(b) tráth sa tréimhse deich mbliana dar críoch tráth na chuideachta do scor de bheith ina comhalta den ghrúpa;

[EN]

agus ní bhaineann tagairtí san alt seo do chuideachta a scoireann de bheith ina comhalta de ghrúpa cuideachtaí le cásanna a scoireann cuideachta de bheith ina comhalta de ghrúpa trína foirceannadh nó trína díscaoileadh nó de dhroim comhalta eile den ghrúpa a fhoirceannadh nó a dhíscaoileadh.

[EN]

(2) I gcás dhá chuideachta chomhlachaithe nó níos mó scor de bheith ina gcomhaltaí den ghrúpa an tráth céanna, ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) maidir le fáil ag cuideachta amháin ó chuideachta eile de na cuideachtaí comhlachaithe sin.

[EN]

(3) Más rud é, nuair a scoirfidh an chuideachta inmhuirearaithe de bheith ina comhalta den ghrúpa, gur leis an gcuideachta inmhuirearaithe, nó le cuideachta chomhlachaithe ag fágáil an ghrúpa freisin, seachas mar stoc trádála—

[EN]

(a) an tsócmhainn, nó

[EN]

(b) maoin a ndearnadh, ar í a fháil, gnóchan inmhuirearaithe i ndáil leis an tsócmhainn a iarchur le linn sócmhainní gnó a athshuíomh,

[EN]

déileálfar leis an gcuideachta inmhuirearaithe chun críocha uile an Achta um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, ionann is dá mba rud é, díreach tar éis di an tsócmhainn a fháil, go ndearna sí an tsócmhainn a dhíol agus a fháil ar ais láithreach ar a margadhluach an tráth sin.

[EN]

(4) Chun críocha an ailt seo—

[EN]

(a) is cuideachtaí comhlachaithe dhá chuideachta nó níos mó dá ndéanfaidís, leo féin, grúpa cuideachtaí,

[EN]

(b) déantar gnóchan inmhuirearaithe a iarchur le linn sócmhainní gnó a athshuíomh, má dhéantar trí bhíthin éileamh amháin nó níos mó faoi alt 28 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, gnóchan inmhuirearaithe ar na sócmhainní sin a dhiúscairt a áireamh mar ghnóchan nár fhaibhrigh go dtí gur scoireadh de na sócmhainní nua de réir brí an ailt sin, a úsáid chun críocha trádála a bhí á seoladh ag an gcuideachta a rinne an t-éileamh,

[EN]

(c) déileálfar le sócmhainn a fuair an chuideachta inmhuirearaithe ionann is dá mba í an tsócmhainn chéanna í a bhí níos déanaí ar úinéireacht ag an gcuideachta sin nó ag cuideachta chomhlachaithe i gcás luach an dara sócmhainn a bheith díorthaithe go hiomlán nó go páirteach ón gcéad sócmhainn, agus go háirithe i gcás ar ruíleas an dara sócmhainn, agus ar léasacht an chéad sócmhainn agus go bhfuair an léasaí an fhrithdhílse.

[EN]

(5) Má bhíonn aon chuid den cháin chorparáide a measúnaíodh ar chuideachta de dhroim an ailt seo gan íoc i gceann sé mhí ón dáta a thiocfaidh sí chun bheith iníoctha, ansin—

[EN]

(a) cuideachta arbh í, ar an dáta sin, nó díreach tar éis don chuideachta inmhuirearaithe scor de bheith ina comhalta den ghrúpa, príomh-chuideachta an ghrúpa í, agus

[EN]

(b) cuideachta ar léi an tsócmhainn ar an dáta sin, nó nuair a scoir an chuideachta inmhuirearaithe de bheith ina comhalta den ghrúpa,

[EN]

féadfar, tráth ar bith laistigh de dhá bhliain ón tráth a tháinig an cháin chun bheith iníoctha, an cháin sin go léir nó aon chuid di a mheasúnú agus a mhuirearu orthu (in ainm na cuideachta inmhuirearaithe); agus beidh cuideachta a íocfaidh aon mhéid cánach faoin bhfo-alt seo i dteideal a mhéid sin de shuim a ghnóthú ón gcuideachta inmhuirearaithe.

[EN]

(6) D'ainneoin aon teorainn leis an am chun measúnachtaí a dhéanamh, féadfar measúnacht i leith cáin chorparáide is inmhuirearaithe de dhroim an ailt seo a dhéanamh tráth ar bith laistigh de dheich mbliana ón tráth a scoir an chuideachta inmhuirearaithe de bheith ina comhalta den ghrúpa, agus i gcás a mbeidh sé le háireamh faoin alt seo, maidir leis an gcuideachta inmhuirearaithe, gur dhiúscair sí agus go bhfuair sí ar ais sócmhainn, déanfar gach uile athríomh ar dhliteanas i leith diúscairtí eile, agus na coigeartuithe uile sin ar cháin, trí mheasúnacht nó trí dhíscaoileadh nó aisíoc cánach, is gá de dhroim forálacha an ailt seo.

[EN]

Díolúine ó mhuirear faoi alt 135 i gcás cumasc áirithe.

136.—(1) Faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo, ní bheidh feidhm ag alt 135 i gcás ina dtarlóidh—

[EN]

(a) mar chuid de chumasc, go scoirfidh cuideachta (dá ngairtear “cuideachta A” san alt seo) de bheith ina comhalta de ghrúpa cuideachtaí (dá ngairtear “grúpa A” san alt seo); agus

[EN]

(b) go suífear gur ar chúiseanna tráchtála bona fide a rinneadh an cumasc agus nár sheachaint dliteanais chánach mórchuspóir ná ceann de mhór-chuspóirí an chumaisc.

[EN]

(2) San alt seo ciallaíonn “cumasc” comhshocraíocht (a fholaíonn sraith comhshocraíochtaí san alt seo)—

[EN]

(a) faoina bhfaighidh cuideachta amháin nó níos mó (dá ngairtear “an chuideachta fála” nó, de réir mar a bheidh, “na cuideachtaí fála” san alt seo) nach comhalta de ghrúpa A aon ceann díobh, chun críche seachas diúscairt, leas amháin nó níos mó in iomlán an ghnó nó i gcuid den ghnó a bhí á sheoladh ag cuideachta A sular tháinig an chomhshocraíocht in éifeacht; agus

[EN]

(b) faoina bhfaighidh comhalta amháin nó níos mó de ghrúpa A, chun críche seachas diúscairt, leas amháin nó níos mó in iomlán an ghnó nó i gcuid den ghnó nó in iomlán gach gnó nó i gcuid de gach gnó a bhí, sular tháinig an chomhshocraíocht in éifeacht, á sheoladh ag an gcuideachta fála nó ag na cuideachtaí fála nó ag cuideachta a raibh 90 faoin gcéad ar a laghad dá gnáth-scairchaipiteal ar úinéireacht tairbhiúil an tráth sin ag dhá cheann nó níos mó de na cuideachtaí fála; agus

[EN]

(c) ar comhlíonadh na coinníollacha i bhfo-alt (4) ina leith.

[EN]

(3) Chun críocha fho-alt (2), déileálfar le comhalta de ghrúpa cuideachtaí mar chomhalta a sheolann gníomhaíochtaí an ghrúpa sin mar ghnó amháin.

[EN]

(4) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (c)—

[EN]

(a) gur sealbhán gnáth-scairchaipitil cuid nach lú ná 25 faoin gcéad de réir luacha de gach ceann de na leasanna a fuarthas mar a luaitear i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (2), agus gur sealbhán scairchaipitil (d'aon chineál) nó bintiúr nó sealbhán scairchaipitil agus bintiúr iarmhar an leasa, nó de réir mar a bheidh, iarmhar gach ceann de na leasanna, a fuarthas mar a luaitear sa mhír sin (b); agus

[EN]

(b) gurb ionann go substainteach luach nó, de réir mar a bheidh, luach comhiomlán, an leasa nó na leasanna a fuarthas mar a luaitear i bhfo-alt (2) (a) agus luach nó, de réir mar a bheidh, luach comhiomlán, an leasa nó na leasanna a fuarthas mar a luaitear i bhfo-alt (2) (b); agus

[EN]

(c) gurb é an leas nó gurb iad na leasanna a fuair comhaltaí de ghrúpa A mar a luaitear i bhfo-alt (2) (b) an chomaoin i leith an leas nó na leasanna a fháil a fuair an chuideachta fála nó na cuideachtaí fála mar a luaitear i bhfo-alt (2) (a), nó gur úsáideadh an chomaoin sin ag fáil an leasa nó na leasanna sin nó gurb éard cuid den chomaoin sin an leas nó na leasanna sin agus, maidir leis an iarmhéid, gur úsáideadh é ag fáil an leasa nó na leasanna sin, agus sin ar neamhaird le haon chuid den chomaoin sin is mionchuid i gcomórtas leis an iomlán;

[EN]

agus chun críocha an fho-ailt seo cinnfear luach leasa mar a bhí ar dháta a fhála.

[EN]

(5) D'ainneoin forálacha alt 129 (1) (a) folaíonn tagairtí san alt seo do chuideachta tagairtí do chuideachta a chónaíonn lasmuigh den Stát.

[EN]

Scaireanna i bhfochuideachta de ghrúpa.

137.—(1) Beidh éifeacht leis an alt seo má scoireann cuideachta (dá ngairtear “an fhochuideachta” san alt seo) de bheith ina comhalta de ghrúpa cuideachtaí, agus má tharla ar ócáid níos luaithe go ndearna cuideachta eile (dá ngairtear “an chuideachta inmhuirearaithe” san alt seo) a bhí an tráth sin ina comhalta den ghrúpa sin, scaireanna san fhochuideachta a dhiúscairt le linn cónascadh nó athchóiriú a bheith á dhéanamh ar an ngrúpa, ach ní bheidh éifeacht leis amhlaidh ach amháin más é tráth na hócáide níos luaithe sin—

[EN]

(a) an 27ú lá de Shamhain, 1975, nó aon lá dá éis, agus

[EN]

(b) tráth sa tréimhse deich mbliana dar críoch an dáta a scoir an fhochuideachta de bheith ina comhalta den ghrúpa;

[EN]

agus ní bhainfidh tagairtí san alt seo do chuideachta a scoir de bheith ina comhalta de ghrúpa cuideachtaí le cásanna ar scoir cuideachta de bheith ina comhalta de ghrúpa trína foirceannadh nó trina a díscaoileadh nó de dhroim comhalta eile den ghrúpa a fhoirceannadh nó a dhíscaoileadh.

[EN]

(2) Déileálfar leis an gcuideachta inmhuirearaithe, chun críocha uile an Achta um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, ionann is dá mba rud é, díreach roimh an ócáid níos luaithe, gur dhíol sí na scaireanna sin, agus go bhfuair sí ar ais láithreach iad, ar a margadhluach an tráth sin, agus chun críocha an fho-ailt seo, má ba é tráth na hócáide níos luaithe sin an 5ú lá d'Aibreán, 1976, nó roimhe sin, measfar gurb é an 6ú lá d'Aibreán, 1976, a tráth.

[EN]

(3) Más rud é, roimh scor don fhochuideachta de bheith ina comhalta den ghrúpa, go mbeidh scortha ag an gcuideachta inmhuirearaithe de bheith ann, nó go mbeidh rún rite, nó ordú déanta, chun an chuideachta a fhoirceannadh, nó go mbeidh aon bheart eile déanta chun na críche céanna, féadfar aon cháin chorparáide a bheadh inmhuirearaithe de dhroim an ailt seo ar an gcuideachta inmhuirearaithe, dá leanfadh an chuideachta sin de bheith ann, a mheasúnú agus a mhuirearú (in ainm na cuideachta inmhuirearaithe) ar an gcuideachta arb í príomh-chuideachta an ghrúpa í an tráth a scoir an fhochuideachta de bheith ina comhalta den ghrúpa.

[EN]

(4) Má bhíonn aon chuid den cháin chorparáide a measúnaíodh ar chuideachta de dhroim an ailt seo, nó de bhun fho-alt (3), gan íoc i gceann sé mhí ón dáta a thiocfaidh sí chun bheith iníoctha, ansin—

[EN]

(a) cuideachta arb í ar an dáta sin, nó arb í ar an ócáid níos luaithe, príomh-chuideachta an ghrúpa í, agus

[EN]

(b) aon chuideachta a ghlacfaidh leas san fhochuideachta mar chuid den chónascadh nó den athchóiriú ar an ngrúpa,

[EN]

féadfar, tráth ar bith laistigh de dhá bhliain ón tráth a tháinig an cháin chun bheith iníoctha, an cháin sin go léir nó aon chuid di a mheasúnú agus a mhuirearú orthu (in ainm na cuideachta inmhuirearaithe); agus beidh cuideachta a íocfaidh aon mhéid cánach faoin bhfo-alt seo i dteideal a mhéid sin de shuim a ghnóthú ón gcuideachta inmhuirearaithe nó, de réir mar a bheidh, ón gcuideachta a measúnaíodh faoi fho-alt (3).

[EN]

(5) D'ainneoin aon teorainn leis an am chun measúnachtaí a dhéanamh, féadfar measúnacht i leith cáin chorparáide is inmhuirearaithe de dhroim an ailt seo a dhéanamh tráth ar bith laistigh de dheich mbliana ón tráth a scoir an fhochuideachta de bheith ina comhalta den ghrúpa agus, i ndáil le haon diúscairt ar an maoin tar éis an ócáid níos luaithe, déanfar na coigeartuithe sin uile ar cháin, trí mheasúnacht nó trí urscaoileadh nó aisíoc cánach, is gá de dhroim forálacha an ailt seo.

[EN]

(6) Chun críocha an ailt seo, bíonn diúscairt déanta ar scaireanna le linn cónascadh nó athchóiriú ar ghrúpa cuideachtaí má bhíonn feidhm ag mír 4 nó 5 de Sceideal 2 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 (cónascadh cuideachtaí), maidir le scaireanna i gcuideachta lena gcur in ionannas le scaireanna i gcuideachta eile nó le bintiúir de chuid cuideachta eile, agus gur comhaltaí den ghrúpa céanna na cuideachtaí, nó a dtarlóidh dóibh a bheith ina gcomhaltaí den ghrúpa céanna de thoradh an chónasctha nó an athchóirithe.

[EN]

(7) I gcás ar gá de bhua mhír 5 den Sceideal sin 2 déileáil le scaireanna mar scaireanna atá cealaithe agus a bhfuil eisiúint nua curtha ina n-ionad, folaíonn tagairtí san alt seo do dhiúscairt scaireanna tagairtí don ócáid a ndéileáiltear leo amhlaidh.

[EN]

Idirbhearta díluachála i ngrúpa.

138.—(1) Beidh éifeacht leis an alt seo maidir le diúscairt scaireanna i gcuideachta nó urrúis de chuid cuideachta (dá ngairtear “diúscairt chríochnaitheach” san alt seo) má bhíonn luach na scaireanna nó na n-urrús laghdaithe go hábhartha mar gheall ar idirbheart díluachála a rinneadh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis; agus chun na críche sin ciallaíonn “idirbheart díluachála”—

[EN]

(a) aon diúscairt sócmhainní ar luach seachas margadhluach ag comhalta amháin de ghrúpa cuideachtaí chun comhalta eile den ghrúpa, nó

[EN]

(b) aon idirbheart eile a shásaíonn coinníollacha fho-alt (2):

[EN]

Ar choinníoll nach ndéileálfar mar idirbheart díluachála le hidirbheart a mhéid is íocaíocht é nach foláir a chur, no a bheidh curtha, i gcuntas, chun críocha cánach corparáide ar ghnóchain inmhuirearaithe, le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar ghnóchan inmhuirearaithe nó ar chaillteanas inlamhála a d'fhaibhrigh chuig an duine a rinne an diúscairt chríochnaitheach.

[EN]

(2) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b)—

[EN]

(a) gur pháirtí san idirbheart an chuideachta arb iad na scaireanna inti, nó ar urrúis dá cuid, ábhar na diúscartha críochnaithí, nó aon fhochuideachta 75 faoin gcéad de chuid na cuideachta sin, agus

[EN]

(b) gurb éard iad na páirtithe san idirbheart nó go raibh ar áireamh a lín dhá chuideachta nó níos mó ar chomhaltaí den ghrúpa céanna cuideachtaí iad tráth an idirbhirt.

[EN]

(3) Gan dochar do ghinearáltacht fho-alt (1), i gcás a gcealófar aon scaireanna i gcomhalta, nó aon urrúis de chuid comhalta, de ghrúpa cuideachtaí faoi alt 72 d'Acht na gCuideachtaí, 1963, measfar, a mhéid gur mhaoin le comhalta eile den ghrúpa na scaireanna nó na hurrúis sin díreach roimh an gcealú, gur idirbheart a chomhlíonann na coinníollacha atá i bhfo-alt (2) an cealú.

[EN]

(4) Más comhalta, nó má ba chomhalta aon tráth, den ghrúpa cuideachtaí dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó (2) an duine a rinne an diúscairt chríochnaitheach, déanfar aon chaillteanas inlamhála a d'fhaibhrigh le linn na diúscartha a laghdú an oiread sin a mheasfaidh an cigire, nó ar achomharc, na Coimisinéirí Achomhairc, nó ar athéisteacht ag breitheamh den Chúirt Chuarda, an breitheamh sin, a bheith cóir réasúnach ag féachaint don idirbheart díluachála:

[EN]

Ar choinníoll nach ndéanfar, mura raibh an duine a rinne an diúscairt chríochnaitheach ina chomhalta den ghrúpa sin le linn dó na scaireanna nó na hurrúis a dhiúscairt, aon laghdú ar an gcaillteanas faoi threoir idirbheart díluachála a rinneadh nuair nár chomhalta den ghrúpa sin an duine sin.

[EN]

(5) Déanfaidh an cigire nó na Coimisinéirí Achomhairc nó an breitheamh den Chúirt Chuarda an cinneadh faoi fho-alt (4) ar an mbonn nár chóir go mbeadh aon laghdú ar luach sócmhainní na cuideachta ab inchurtha i leith idirbhirt dhíluachála le brath sa chaillteanas inlamhála, ach féadfar lamháltas a dhéanamh d'aon idirbheart eile dar dáta an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, a mhéadaigh luach sócmhainní na cuideachta agus a laghdaigh luach sócmhainní aon chomhalta eile den ghrúpa.

[EN]

(6) Má dhéantar caillteanas inlamhála a laghdú faoi fho-alt (4), déanfar aon ghnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh le linn diúscairt a dhéanamh ar scaireanna nó urrúis aon chuideachta eile ba pháirtí san idirbheart díluachála a ndearnadh an laghdú faoina threoir, is diúscairt a rinneadh tráth nár dhéanaí ná deich mbliana tar éis an idirbhirt díluachála, a laghdú an oiread sin a mheasfaidh an cigire, nó ar achomharc, na Coimisinéirí Achomhairc, nó ar athéisteacht ag breitheamh den Chúirt Chuarda, an breitheamh sin, a bheith cóir réasúnach ag féachaint d'éifeacht an idirbhirt díluachála ar luach na scaireanna nó na n-urrús sin tráth a ndiúscartha:

[EN]

Ar choinníoll nach mbeidh méid iomlán aon laghdú nó laghduithe a dhéanfar ar ghnóchain inmhuirearaithe faoi threoir idirbhirt díluachála níos mó ná méid na laghduithe ar chaillteanais inlamhála a dhéanfar faoi threoir an idirbhirt díluachála sin.

[EN]

Féadfar na coigeartuithe sin uile, trí urscaoileadh nó aisíoc cánach, nó eile, is gá chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an ailt seo a dhéanamh tráth ar bith.

[EN]

(7) Chun críocha an ailt seo—

[EN]

folaíonn “urrúis” aon stoc iasachta nó urrús dá shórt, urraithe nó neamhurraithe;

[EN]

folaíonn tagairtí do dhiúscairt sócmhainní tagairtí d'aon mhodh faoina ngabhfaidh cuideachta amháin is comhalta de ghrúpa cáilmheas comhalta eile den ghrúpa chuici féin;

[EN]

féadfaidh gur “grúpa cuideachtaí” cuideachtaí nach gcónaíonn cuid díobh nó nach gcónaíonn aon cheann díobh sa Stát.

[EN]

(8) Folaíonn tagairtí san alt seo do dhiúscairt scaireanna nó urrús tagairtí d'ócáid déanta éilimh faoi alt 12 (4) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, go bhfuil luach scaireanna nó urrús imithe in ísle bhrí, agus forléireofar dá réir sin tagairtí do dhuine a rinne diúscairt.

[EN]

Scamhadh díbhinní.

139.—(1) Beidh feidhm ag forálacha an ailt seo i gcás sealbhán a bheith ag cuideachta amháin (dá ngairtear “an chéad chuideachta” san alt seo) i gcuideachta eile (dá ngairtear “an dara cuideachta” san alt seo) agus na coinníollacha seo a leanas a bheith comhlíonta—

[EN]

(a) gur sealbhán é, nó gur comhábhar i sealbhán é, is ionann agus 10 faoin gcéad de na sealbháin go léir den aicme chéanna sa dara cuideachta,

[EN]

(b) nach cuideachta dhéileála i ndáil leis an sealbhán an chéad chuideachta,

[EN]

(c) go ndéanfar nó go ndearnadh dáileadh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, ar an gcéad chuideachta i leith an tsealbháin, agus

[EN]

(d) gurb é éifeacht an dáilte laghdú ábhartha a dhéanamh nó a bheith déanta ar luach an tsealbháin.

[EN]

(2) I gcás feidhm a bheith ag an alt seo i ndáil le sealbhán beidh feidhm ag alt 138 i ndáil le haon diúscairt ar aon scaireanna nó urrúis atá cuimsithe sa sealbhán, cibé acu is diúscairt í ag an gcéad chuideachta nó ag aon chuideachta eile a n-aistrítear an sealbhán chuici trí aistriú lena mbaineann alt 130, ionann is dá mba idirbheart díluachála an dáileadh agus, i gcás nach comhaltaí de ghrúpa cuideachtaí na cuideachtaí lena mbaineann, ionann is dá mba chomhaltaí de ghrúpa cuideachtaí iad:

[EN]

Ar choinníoll nach ndéileálfar mar idirbheart díluachála leis an dáileadh a mhéid is íocaíocht é nach foláir a chur, nó a bheidh curtha, i gcuntas, chun críocha cánach corparáide ar ghnóchain inmhuirearaithe, le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar ghnóchan inmhuirearaithe nó ar chaillteanas inlamhála a d'fhaibhrigh chuig an duine a rinne an diúscairt chríochnaitheach.

[EN]

(3) Forléireofar an t-alt seo agus alt 138 le chéile.

[EN]

(4) Chun críocha an ailt seo is “cuideachta dhéileála” cuideachta i ndáil le sealbhán dá gcuirfí brabús as díol an tsealbháin i gcuntas le linn brabúis trádála na cuideachta a bheith á ríomh.

[EN]

(5) Na tagairtí atá san alt seo do shealbhán i gcuideachta is tagairtí iad do shealbhán scaireanna nó urrús ar féidir leis an sealbhóir dáiltí a rinne an chuideachta a fháil dá mbua, ach sin ar shlí—

[EN]

(a) go ndéileálfar mar shealbháin leithleacha le sealbháin d'aicmí éagsúla de chuid cuideachta i gcuideachta eile, agus

[EN]

(b) go ndéileálfar mar shealbháin d'aicmí éagsúla le sealbháin scaireanna nó urrús nach ionann dóibh maidir leis na teidil nó na hoibleagáidí a thugann siad nó a fhorchuireann siad.

[EN]

(6) Chun críocha fho-alt (1)—

[EN]

(a) déileálfar mar chomhábhair is sealbhán amháin leis na sealbháin uile den aicme chéanna de chuid cuideachta i gcuideachta eile, agus

[EN]

(b) déileálfar le sealbhán d'aicme áirithe de chuid chuideachta mar chomhábhar i sealbhán is ionann agus 10 faoin gcéad de na sealbháin go léir den aicme sin más ionann comhiomlán an tsealbháin sin agus na sealbhán eile den aicme sin a shealbhaíonn daoine bainteacha agus 10 faoin gcéad de na sealbháin go léir den aicme sin,

[EN]

agus beidh éifeacht le halt 157 i ndáil le mír (b) ionann is dá gcuirfí i bhfo-alt (7) den alt sin na focail “nó chun sealbhán a fháil inti” i ndiaidh na bhfocal “chun rialú a fháil nó a fheidhmiú ar an gcuideachta sin” gach áit a bhfuil na focail sin.

CUID XIII

Feidhmiú agus Oiriúnú Achtachán

[EN]

Feidhmiú agus oiriúnú na nAchtanna Cánach Ioncaim agus an Achta um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975.

140.—(1) Gan dochar d'fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le ríomh ioncaim a fheidhmiú go ginearálta maidir le cáin chorparáide, beidh éifeacht le Cuid I den Dara Sceideal chun forálacha na nAchtanna sin a luaitear ansin a fheidhmiú maidir le cáin chorparáide nó a oiriúnú ar shlí eile.

[EN]

(2) Gan dochar do na forálacha den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, a bhaineann le ríomh gnóchan inmhuirearaithe, beidh éifeacht le Cuid II den Dara Sceideal chun na forálacha den Acht sin a luaitear ansin a fheidhmiú maidir le cáin chorparáide nó a oiriúnú ar shlí eile.

[EN]

(3) Tá na leasuithe i ngach Cuid den Dara Sceideal faoi réir forálacha an Achta seo agus, go háirithe, faoi réir forálacha na míre deiridh den Chuid sin.

CUID XIV

Riarachán

[EN]

Sonraí a bheidh le tabhairt ag cuideachtaí nua, etc.

141.—(1) Gach cuideachta a thosóidh, an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis, ag seoladh trádála, gairme nó gnó, seachadfaidh sí, laistigh de thríocha lá ó dháta an tosaithe sin, do na Coimisinéirí Ioncaim, ráiteas i scríbhinn ina mbeidh na sonraí seo a leanas—

[EN]

(a) ainm na cuideachta;

[EN]

(b) seoladh a hoifige cláraithe sa Stát nó, i gcás cuideachta nach gcónaíonn sa Stát, seoladh a príomh-áite gnó sa Stát;

[EN]

(c) ainm an rúnaí nó, i gcás cuideachta nach gcónaíonn sa Stát, ainm agus seoladh gníomhaire, bainisteoir, fachtóir nó ionadaí eile na cuideachta;

[EN]

(d) dáta tosaithe na trádála, na gairme nó an ghnó nó, i gcás cuideachta nach gcónaíonn sa Stát, dáta tosaithe a trádála nó a gairme sa Stát;

[EN]

(e) cineál na trádála, na gairme nó an ghnó; agus

[EN]

(f) an dáta chun a ndéanfar amach na chéad chuntais i dtaobh na trádála, na gairme nó an ghnó sin:

[EN]

Ar choinníoll nach mbainfidh an fo-alt seo le cuideachta nach gcónaíonn ná nach bhfuil corpraithe sa Stát mura dtosóidh sí ag seoladh trádála nó gairme sa Stát.

[EN]

(2) I gcás a mainneoidh cuideachta ráiteas a sheachadadh a bheidh de cheangal uirthi a sheachadadh faoin alt seo—

[EN]

(a) dlífear pionós £500 agus, má leantar den mhainneachtain tar éis breithiúnas a bheith tugtha ag an gcúirt ar os a comhair a tionscnaíodh imeachtaí i leith an phionóis, pionós breise £50 in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den mhainneachtain, a chur ar an gcuideachta, agus

[EN]

(b) dlífear pionós ar leithligh £100 a chur ar rúnaí na cuideachta.

[EN]

Fógra i dtaobh dliteanas i leith ránach corparáide.

142.—(1) Gach cuideachta is inmhuirearaithe i leith cánach corparáide d'aon tréimhse chuntasaíochta agus nach mbeidh tuairisceán ar a brabúis don tréimhse chuntasaíochta sin tugtha aici, déanfaidh sí, tráth nach deánaí ná bliain tar éis dheireadh na tréimhse cuntasaíochta sin, fógra a thabhairt don chigire go bhfuil sí inmhuirearaithe amhlaidh:

[EN]

Ar choinníoll nach bhforchuirfidh an fo-alt seo dualgas aon fhógra a thabhairt roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976.

[EN]

(2) I gcás a mainneoidh cuideachta fógra a thabhairt a bheidh de cheangal uirthi a thabhairt faoin alt seo—

[EN]

(a) dlífear fíneáil £500 agus, má leantar den mhainneachtain tar éis breithiúnas a bheith tugtha ag an gcúirt ar os a comhair a tionscnaíodh imeachtaí i leith an phionóis, pionós breise £50 in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den mhainneachtain, a chur ar an gcuideachta, agus

[EN]

(b) dlífear pionós ar leithligh £100 a chur ar rúnaí na cuideachta.

[EN]

Tuairisceán ar bhrabúis.

143.—(1) Féadfar a cheangal ar chuideachta trí fhógra a sheirbheálfaidh cigire nó oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim uirthi tuairisceán ar bhrabúis na cuideachta arna ríomh de réir an Achta seo a sheachadadh don oifigeach laistigh den am a bheidh teorannaithe leis an bhfógra—

[EN]

(a) ina sonrófar an t-ioncam a cuireadh i gcuntas le linn na brabúis sin a bheith á ríomh, agus an méid ó gach bunadh,

[EN]

(b) ina dtabharfar sonraí na ndiúscairtí go léir as ar eascair gnóchain inmhuirearaithe nó caillteanais inlamhála faoi fhorálacha an Achta um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, agus an Achta seo agus sonraí na ngnóchan inmhuirearaithe sin nó na gcaillteanas inlamhála sin, agus

[EN]

(c) ina dtabharfar sonraí na muirear go léir ar ioncam a bheidh le hasbhaint in aghaidh na mbrabús sin chun cáin chorparáide a mheasúnú.

[EN]

(2) Féadfaidh fógra faoin alt seo a cheangal go dtabharfar tuairisceán ar bhrabúis a d'eascair in aon tréimhse a raibh an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide ar a feadh.

[EN]

(3) Beidh i ngach tuairisceán faoin alt seo dearbhú go bhfuil an tuairisceán ceart iomlán.

[EN]

(4) Tuairisceán faoin alt seo a mbeidh ar áireamh ann brabúis ar íocaíochtaí iad ar iompair an chuideachta cáin ioncaim orthu trí asbhaint sonrófar ann an méid cánach ioncaim a iompraíodh amhlaidh.

[EN]

(5) Féadfaidh fógra faoin alt seo a cheangal go mbeidh sa tuairisceán sonraí caiteachais bhainistí, liúntais chaipitiúla agus muirir chothromaíochta a cuireadh i gcuntas le linn na brabúis sa tuairisceán a bheith á ríomh.

[EN]

(6) Beidh feidhm ag mír 3 (3) (4) de Sceideal 4 a ghabhann leis an Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 (cumhacht chun faisnéis a éileamh i dtaobh sócmhainní a fuarthas), i ndáil le fógra faoin alt seo mar atá feidhm acu i ndáil le fógra faoi aon cheann d'fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim arna chur chun feidhme leis an mír sin 3 i ndáil le cáin ghnóchan caipitiúil.

[EN]

(7) Beidh feidhm ag alt 174 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (cuntais agus leabhair a thabhairt ar aird), i gcás a gceanglófar ar chuideachta tuairisceán a thabhairt, nó a dtabharfaidh sí tuairisceán, faoin alt seo i ndáil le brabúis arb éard iad nó a bhfuil ar áireamh orthu brabúis ó thrádáil mar atá feidhm aige i gcás a gceanglaítear ar dhuine tuairisceán a thabhairt, nó a dtugann sé tuairisceán, chun críocha cánach ioncaim, ar na brabúis nó na gnóchain a d'eascair chuige ó aon trádáil.

[EN]

(8) (a) I gcás ar ceanglaíodh ar aon chuideachta le fógra arna sheirbheáil faoi na forálacha sin roimhe seo den alt seo tuairisceán a sheachadadh agus go mainneoidh an chuideachta déanamh de réir an fhógra—

[EN]

(i) dlífear pionós £500, ach amháin sa chás a luaitear i mír (b) agus, má leantar den mhainneachtain tar éis breithiúnas a bheith tugtha ag an gcúirt ar os a comhair a tionscnaíodh imeachtaí i leith an phionóis, pionós breise £50 in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den mhainneachtain, a chur ar an gcuideachta, agus

[EN]

(ii) dlífear pionós ar leithligh £100 a chur ar rúnaí na cuideachta ach amháin sa chás a luaitear i mír (b).

[EN]

(b) I gcás a leanfar d'aon mhainneachtain den sórt a luaitear i mír (a) tar éis bliain dar tosach an dáta a seirbheáladh an fógra, £1,000 an chéad cheann de na pionóis a luaitear sa mhír sin a dhílfear a chur ar an gcuideachta, agus dlífear pionós ar leithligh £200 a chur ar rúnaí na cuideachta.

[EN]

(9) I gcás a ndéanfaidh cuideachta go calaoiseach nó go faillíoch—

[EN]

(a) tuairisceán mícheart a sheachadadh faoi fhorálacha an ailt seo, nó

[EN]

(b) tuairisceán, ráiteas nó dearbhú mícheart a thabhairt i ndáil le haon éileamh ar aon liúntas, asbhaint nó faoiseamh i leith cánach corparáide, nó

[EN]

(c) cuntais mhíchearta a chur faoi bhráid cigire, na gCoimisinéirí Ioncaim nó na gCoimisinéirí Achomhairc i ndáil le dliteanas na cuideachta maidir le cáin chorparáide a fhionnadh,

[EN]

dlífear—

[EN]

(i) pionós £500 nó, i gcás calaoise, £1,000, agus

[EN]

(ii) méid na difríochta nó, i gcás calaoise, dhá oiread na difríochta, a shonraítear i bhfo-alt (10)

[EN]

a chur ar an gcuideachta agus dlífear pionós ar leithligh £100 nó, i gcás calaoise, £200, a chur ar rúnaí na cuideachta.

[EN]

(10) Is í an difríocht dá dtagraítear i bhfo-alt (9) an difríocht idir—

[EN]

(a) an méid cánach corparáide is iníoctha ag an gcuideachta sin don tréimhse chuntasaíochta nó do na tréimhsí cuntasaíochta a chuimsíonn an tréimhse lena mbaineann an tuairisceán, an ráiteas, an dearbhú nó na cuntais, agus

[EN]

(b) an méid arbh é an méid é ab iníoctha amhlaidh dá mba go raibh an tuairisceán, an ráiteas, an dearbhú nó na cuntais ceart.

[EN]

(11) Beidh feidhm ag forálacha alt 501 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (mainneachtain earráid a cheartú nach ndearnadh go calaoiseach ná go faillíoch), chun críocha an ailt seo mar atá feidhm acu chun críocha an ailt sin 501.

[EN]

(12) (a) Beidh feidhm ag alt 191 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (earráid nó dearmad), i ndáil le cáin chorparáide mar atá feidhm aige i ndáil le cáin ioncaim faoi Sceideal D.

[EN]

(b) Is i cibé foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim a a bheidh aon tuairisceán faoin Acht seo.

[EN]

(c) San alt seo folaíonn “tuairisceán” aon ráiteas, dearbhú nó liosta.

[EN]

Cáin chorparáide a mheasúnú.

144.—(1) Cigire a dhéanfaidh measúnachtaí i leith cánach corparáide.

[EN]

(2) I gcás ar sa Stát a chónaíonn cuideachta a bhfuil cáin le measúnú ar a brabúis, measúnófar an cháin ar an gcuideachta, agus mura sa Stát a chónaíonn cuideachta a bhfuil cáin le measúnú ar a brabúis, measúnófar an cháin ar an gcuideachta in ainm aon ghníomhaire, bainisteora, fachtóra nó ionadaí eile de chuid na cuideachta.

[EN]

(3) Tabharfaidh an cigire fógra don chuideachta mheasúnaithe, nó, i gcás cuideachta nach gcónaíonn sa Stát, do ghníomhaire, do bhainisteoir, d'fhachtóir nó d'ionadaí eile na cuideachta measúnaithe, i dtaobh gach measúnacht a bheidh déanta aige.

[EN]

(4) I gcás—

[EN]

(a) a mainneoidh cuideachta ráiteas i leith cánach corparáide a sheachadadh, nó

[EN]

(b) nach mbeidh an cigire sásta le ráiteas a seachadadh, nó a mbeidh aon eolas faighte aige i dtaobh an ráiteas a bheith easnamhach,

[EN]

measúnóidh an cigire cibé suim ar an gcuideachta áirithe ba chóir, chomh fada lena bhreithiúnas, a mhuirearú ar an gcuideachta.

[EN]

(5) (a) Má fhaigheann cigire amach—

[EN]

(i) nár measúnaíodh i leith cánach corparáide aon bhrabúis ba chóir a mheasúnú, nó

[EN]

(ii) go bhfuil measúnacht i leith cánach corparáide neamhdhóthanach nó éirithe neamhdhóthanach, nó

[EN]

(iii) go bhfuil aon fhaoiseamh a tugadh iomarcach nó éirithe iomarcach,

[EN]

measúnóidh an cigire an méid, nó an méid breise, ba chóir, dar leis, a mhuirearú.

[EN]

(b) Faoi réir aon fhoráil a cheadaíonn tréimhse níos faide in aon aicme cáis, ní dhéanfar aon mheasúnacht i leith cánach corparáide tráth is déanaí ná deich mbliana tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta lena mbaineann sí:

[EN]

Ar choinníoll, i gcás a ndearna cuideachta nó a ndearnadh thar a ceann aon sórt calaois nó faillí i ndáil le, nó maidir le, cáin chorparáide, go bhféadfar measúnacht a dhéanamh ar an gcuideachta sin aon tráth d'aon tréimhse chuntasaíochta a mbeadh cáin chorparáide caillte ag an Státchiste ina leith mar gheall ar an gcalaois nó ar an bhfaillí.

[EN]

(c) Maidir le hagóid in aghaidh aon mheasúnacht a dhéanamh toisc an t-am chun í a dhéanamh a bheith caite, ní dhéanfar an agóid sin ach amháin ar achomharc in aghaidh na measúnachta.

[EN]

(d) San fho-alt seo ciallaíonn “faillí” faillí nó mainneachtain aon fhógra nó aon tuairisceán a thabhairt, aon ráiteas nó dearbhú a dhéanamh, nó aon liosta, doiciméad nó eolas eile is gá de réir nó faoi réim na n-achtachán a bhaineann le cáin chorparáide a thabhairt ar aird nó a thabhairt:

[EN]

Ar choinníoll go measfar nár mhainnigh cuideachta aon ní a dhéanamh ba ghá a dhéanamh laistigh d'am teoranta má rinne sí é laistigh de cibé am breise, má b'ann, a cheadaigh na Coimisinéirí Ioncaim nó an t-oifigeach iomchuí; agus i gcás leithscéal réasúnach a bheith ag cuideachta gan aon ní a dhéanamh ba ghá a dhéanamh, go measfar nár mhainnigh sí an ní sin a dhéanamh má rinne sí é gan mhoill mhíréasúnach tar éis deireadh a bheith leis an leithscéal.

[EN]

Cáin chorparáide a bhailiú.

145.—(1) Baileoidh agus toibheoidh an tArd-Bhailitheoir an cháin a mhuirearófar ó am go ham ar na measúnachtaí go léir i leith cánach corparáide a mbeidh a sonraí tugtha dó faoi alt 187 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, arna fheidhmiú chun críocha cánach corparáide le halt 147.

[EN]

(2) Na cumhachtaí go léir is infheidhmithe maidir le suimeanna cánach ioncaim a bhailiú agus a thobhach faoi Sceideal D den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a mbeidh a sonraí tugtha faoi alt 187 (1) den Acht sin, bainfidh siad freisin le suimeanna cánach corparáide a mbeidh a sonraí tugtha faoin alt sin arna fheidhmiú le halt 147.

[EN]

(3) Beidh feidhm ag alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (ús ar cháin thar téarma), chun críocha cánach corparáide mar atá feidhm aige chun críocha cánach ioncaim ach tagairt a chur, i bhfo-alt (1) den alt sin, d'alt 6 (4) (scéim ghinearálta cánach corparáide) den Acht seo in ionad na tagartha d'alt 477 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (am le cáin a íoc), agus beidh feidhm ag alt 28 den Acht Airgeadais, 1975 (ús ar chánacha neamhíoctha), maidir le hús a bhfuil cáin chorparáide inmhuirearaithe ina leith faoin alt sin 550 arna fheidhmiú leis an alt seo.

[EN]

(4) (a) San fho-alt seo tá le “faillí” an bhrí chéanna atá leis in alt 144 (5) (d).

[EN]

(b) I gcás a ndéanfar, i ndáil le haon tréimhse chuntasaíochta. measúnacht le go ngnóthófar gearrmhuirear cánach corparáide is inchurtha i leith calaois nó faillí a rinne aon duine, iompróidh an méid cánach a gearrmhuirearaíodh ús de réir 1.5 faoin gcéad in aghaidh gach míosa nó coda de mhí ón dáta nó ó na dátaí a mb'iníoctha an cháin a gearrmhuirearaíodh in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta sin, dá mbeadh sí ar áireamh i measúnacht a rinneadh ar shé mhí ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta sin a bheith caite, go dtí dáta na cánach gearrmhuirearaithe a íoc.

[EN]

(c) Faoi réir mhír (e), ní bhainfidh alt 550 (1) (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, le cáin ag iompar úis faoin bhfo-alt seo.

[EN]

(d) Bainfidh fo-ailt (3), (4) agus (5) d'alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, le hús is inmhuirearaithe faoin bhfo-alt seo mar a bhaineann siad le hús is inmhuirearaithe faoin alt sin 550.

[EN]

(e) I gcás a ndéanfar measúnacht den chineál dá dtagraítear i mír (b)—

[EN]

(i) tabharfaidh an cigire lena mbainfidh fógra don duine a measúnaíodh go ngabhann ús faoin bhfo-alt seo leis an gcáin a bheidh muirearaithe leis an measúnacht,

[EN]

(ii) féadfaidh an duine a measúnaíodh achomharc a dhéanamh in aghaidh na measúnachta ar an bhforas nár chóir ús a mhuirearú faoin bhfo-alt seo, agus beidh leis na forálacha den Acht seo a bhaineann le hachomhairc in aghaidh measúnachtaí feidhm agus éifeacht i ndáil leis an achomharc mar atá feidhm acu i ndáil leis na hachomhairc sin fara aon mhodhnuithe is gá, agus

[EN]

(iii) má chinntear, ar an achomharc, nár chóir go ngabhfadh ús faoin bhfo-alt seo leis an gcáin a muirearaíodh leis an measúnacht, bainfidh alt 550 (1) (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, leis an gcáin sin mar a bhaineann sé le cáin arna muirearú le measúnacht cánach ioncaim.

[EN]

(5) An tosaíocht a ghabhann le cánacha measúnaithe faoi ailt 98 agus 285 d'Acht na gCuideachtaí, 1963, bainfidh sí freisin le cáin chorparáide.

[EN]

Achomhairc.

146.—(1) Beidh feidhm ag forálacha Chuid XXVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (Achomhairc), chun críocha cánach corparáide mar atá feidhm acu chun críocha cánach ioncaim agus dá réir sin glacfar go bhfolaíonn aon tagairt do cháin ioncaim sna forálacha sin tagairt do cháin chorparáide agus glacfar go bhfolaíonn aon tagairt don Acht Cánach Ioncaim, 1967, tagairt do na hAchtanna Cánach Corparáide.

[EN]

(2) I gcás leas a bheith ag Coimisinéir Achomhairc ina cheart féin nó i gceart aon duine eile in aon ábhar faoi achomharc, ní ghlacfaidh sé páirt in éisteacht ná i gcinneadh an achomhairc ná ní bheidh sé i láthair le linn an t-achomharc a bheith á éisteacht nó á chinneadh.

[EN]

Forálacha riaracháin cánach ioncaim do bhaint le cáin chorparáide.

147.—(1) Beidh feidhm ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a shonraítear i bhfo-alt (2) i ndáil le cáin chorparáide mar atá feidhm acu i ndáil le cáin ioncaim agus dá réir sin sna forálacha sin—

[EN]

(a) glacfar go bhfolaíonn aon tagairt do cháin ioncaim tagairt do cháin chorparáide,

[EN]

(b) glacfar go bhfolaíonn aon tagairt do na hAchtanna Cánach Ioncaim tagairt do na hAchtanna Cánach Corparáide, agus

[EN]

(c) glacfar go bhfolaíonn aon tagairt do bhliain mheasúnachta tagairt do thréimhse chuntasaíochta.

[EN]

(2) Is iad na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ailt 164, 165, 166 (2), 187 (1) (3), 188 (1), 190, 212, 339, 491, 498, 505, 506, 507, 514, 515, 516, 518, 519, 521, 536, 537, 538, 539, 541, 542, 543, 547, 549 agus 551 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, alt 6 den Acht Airgeadais, 1968, alt 73 den Acht Airgeadais, 1974, agus alt 21 den Acht Airgeadais, 1975.

[EN]

(3) Beidh feidhm ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a shonraítear i bhfo-alt (4) i ndáil le pionós a ghnóthú faoi fhorálacha na nAchtanna Cánach Corparáide mar atá feidhm acu i ndáil le pionós a ghnóthú faoi fhorálacha Chuid XXXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

[EN]

(4) Is iad na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim dá dtagraítear i bhfo-alt (3) ailt 172 (5), 504, 508, 510, 511, 512 agus 513 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

[EN]

(5) Beidh gach uile Choimisinéir agus gach duine eile a bheidh fostaithe chun aon chríche i ndáil le measúnú nó bailiú cánach corparáide faoi réir na n-oibleagáidí céanna i dtaobh rúndacht maidir le cáin chorparáide a bhfuil na daoine sin faoina réir maidir le cáin ioncaim, agus aon dearbhú a bheidh déanta ag aon duine den sórt sin i dtaobh rúndacht maidir le cáin ioncaim measfar go mbainfidh sé freisin le rúndacht maidir le cáin chorparáide.

[EN]

An t-am d'imeachtaí achomaire áirithe.

148.—D'ainneoin alt 10 (4) den Petty Sessions (Ireland) Act, 1851, féadfar imeachtaí achomaire faoi alt 516 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (ráitis bhréagacha), arna fheidhmiú i ndáil le cáin chorparáide nó faoi alt 63 (doiciméid agus taifid a thabhairt ar aird: faoiseamh díolachán onnmhairí) a thionscnamh laistigh de thrí bliana ón dáta a rinneadh an cion nó a tabhaíodh an pionós (de réir mar a bheidh).

[EN]

Pionóis mar gheall ar gan faisnéis a thabhairt agus mar gheall ar fhaisnéis mhícheart.

149.—(1) I gcás a mbeidh aon duine curtha faoi cheangal le fógra a tugadh faoi réim nó chun críocha alt 27 (athrú ar úinéireacht cuideachta: caillteanas trádála a dhícheadú), alt 73 (faoiseamh i gcás na Sionna: ráitis a sheachadadh), alt 123 (faisnéis i dtaobh comhshocraíochtai chun faoiseamh a aistriú) nó Chuid X (Dlúthchuideachtaí) aon fhaisnéis nó sonraí a thabhairt agus go mainneoidh sé déanamh de réir an fhógra, dlífear, faoi réir fho-alt (3), pionós £100 agus, má leantar den mhainneachtain tar éis breithiúnas a bheith tugtha ag an gCuirt ar os a comhair a tionscnaíodh imeachtaí i leith an phionóis, pionós breise £10 in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den mhainneachtain, a chur air.

[EN]

(2) I gcás a dtabharfaidh duine go calaoiseach nó go faillíoch aon fhaisnéis nó sonraí de chineál a luaitear i gCuid X, alt 27, 73, 123 nó 151 atá mícheart dlífear, faoi réir fho-alt (4), pionós £100, nó i gcás calaoise, £250, a chur air.

[EN]

(3) I gcás ar cuideachta an duine a luaitear i bhfo-alt (1), dlífear—

[EN]

(a) pionós £500 agus, má leantar den mhainneachtain tar éis breithiúnas a bheith tugtha ag an gCúirt ar os a comhair a tionscnaíodh imeachtaí i leith an phionóis, pionós breise £50 in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den mhainneachtain, a chur air, agus

[EN]

(b) dlífear pionós ar leithligh £100 a chur ar rúnaí na cuideachta.

[EN]

(4) I gcás ar cuideachta an duine a luaitear i bhfo-alt (2), dlífear—

[EN]

(a) pionós £500 nó, i gcás calaoise, £1,000, a chur air, agus

[EN]

(b) dlífear pionós ar leithligh £100 nó, i gcás calaoise, £200, a chur ar rúnaí na cuideachta.

[EN]

(5) Beidh feidhm, chun críocha an ailt seo, ag forálacha alt 501 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, mar atá feidhm acu chun críocha an ailt sin 501.

[EN]

Ceadófar i gcásanna áirithe íoc cánach a chur siar.

150.—(1) I gcás—

[EN]

(a) arb iad brabúis, nó a bhfuil ar áireamh brabús, cuideachta d'aon tréimhse chuntasaíochta ioncam ó thrádáil ag déileáil i dtalamh, nó ag forbairt talún, a ndearna an chuideachta lena linn an leas iomlán a fuair sí in aon talamh a dhiúscairt, agus

[EN]

(b) a mbeidh, i ndáil leis an diúscairt sin, na coinníollacha comhlíonta a shonraítear i míreanna (b) go (e) d'alt 23 (1) den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968 (é a cheadú i gcásanna áirithe íoc cánach a chur siar), agus

[EN]

(c) an tráth a thiocfaidh aon mhéid cánach corparáide a muirearaíodh trí mheasúnacht don tréimhse chuntasaíochta sin chun bheith, mura mbeadh an t-alt seo, dlite agus iníoctha (ar dhóigh seachas de bhua alt 419 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (comhaontú maidir le méid cánach nach mbeidh faoi dhíospóid ar achomharc i gcoinne measúnachta), arna fheidhmiú chun críocha cánach corparáide)—

[EN]

(i) a gcoinneoidh an chuideachta an leas léasachta a fuair sí ón duine a ndearnadh an diúscairt chuige, agus

[EN]

(ii) nach mbeidh, maidir leis an talamh go léir nó le haon cuid de, leas a dhíorthaigh ón leas léasachta sin diúscartha aici,

[EN]

beidh cuid den méid sin cánach corparáide is ionann agus naoi ndeichiú den oiread di nárbh inmhuirearaithe dá mba nach raibh aon suim le cur i gcuntas mar a luaitear in alt 23 (1) (d) den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968, iníoctha i naoi dtráthchuid chomhionanna i gceann gach bliana agus an chéad tráthchuid díobh a bheith iníoctha i gceann dá mhí dhéag ón dáta ar a mbeadh, mura mbeadh an t-alt seo, an méid sin cánach corparáide iníoctha.

[EN]

(2) Más rud é, i gcás a mbeidh údarás tugtha le fo-alt (1) íoc aon mhéid cánach corparáide a chur siar—

[EN]

(a) go scoirfidh an chuideachta den leas léasachta a fuair sí a choinneáil.

[EN]

(b) go ndiúscróidh an chuideachta maidir leis an talamh go léir nó le haon chuid de leas a dhíorthaigh ón leas léasachta sin, nó

[EN]

(c) go dtosófar ag foirceannadh na cuideachta,

[EN]

beidh an méid sin cánach corparáide, nó, de réir mar a bheidh, an oiread di nach mbeidh dlite agus iníoctha cheana féin, dlite agus iníoctha láithreach.

[EN]

Cáin ioncaim ar íocaíochtaí.

151.—(1) San alt seo ciallaíonn “íocaíocht iomchuí”—

[EN]

(a) aon íocaíocht a dhéanfar an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis, a mbeidh cáin ioncaim inbhainte aisti agus lena mbaineann forálacha fho-ailt (2) go (5) d'alt 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (íocaíochtaí nach iníoctha as brabúis chánaithe), agus

[EN]

(b) aon mhéid a meastar faoi alt 98 (iasachtaí do rannpháirtithe. etc.) gur íocaíocht bhliantúil é.

[EN]

(2) Beidh éifeacht leis an alt seo chun an t-am agus an modh a rialú—

[EN]

(a) a mbeidh ar chuideachtaí a chónaíonn sa Stát cuntas a thabhairt in íocaíochtaí iomchuí agus cáin ioncaim a íoc ina leith, agus

[EN]

(b) a mbeidh cáin ioncaim le haisíoc le cuideachtaí a chónaíonn sa Stát i leith íocaíochtaí a fuair siad an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis.

[EN]

(3) Tabharfaidh cuideachta, de réir an ailt seo, in aghaidh gach tréimhse cuntasaíochta dá cuid, tuairisceán don Ard-Bhailitheoir ar na híocaíochtaí iomchuí a d'íoc sí sa tréimhse sin agus ar an gcáin ioncaim a bhfuil an chuideachta cuntasach inti i leith na n-íocaíochtaí sin.

[EN]

(4) Ní foláir tuairisceán d'aon tréimhse a gceanglaítear tuairisceán a thabhairt ina leith faoin alt seo a thabhairt laistigh de shé mhí ó dheireadh na tréimhse sin.

[EN]

(5) Beidh cáin ioncaim i leith aon íocaíocht nach foláir a áireamh i dtuairisceán faoin alt seo dlite an tráth a bheidh an tuairisceán le tabhairt, agus beidh cáin ioncaim a bheidh dlite amhlaidh iníoctha ag an gcuideachta gan aon mheasúnacht a bheith déanta; ach féadfar cáin ioncaim a bheidh dlite mar a dúradh a mheasúnú ar an gcuideachta (bíodh nó ná bíodh sí íoctha tráth na measúnachta a dhéanamh) má bhíonn an cháin sin, nó aon chuid di, gan íoc ar an dáta dlite nó roimhe.

[EN]

(6) Más dealraitheach don chigire go bhfuil íocaíocht iomchuí ann ba chóir a áireamh, agus nár áiríodh, i dtuairisceán, nó má bhíonn an cigire mí-shásta faoi aon tuairisceán, féadfaidh sé measúnacht a dhéanamh ar an gcuideachta chomh fada lena bhreithiúnas; agus aon cháin ioncaim a bheidh dlite faoi mheasúnacht a rinneadh de bhua an fho-ailt seo déileálfar léi chun críocha úis ar cháin neamhíoctha mar cháin ioncaim ab iníoctha an tráth arbh iníoctha í dá mba gur tugadh tuairisceán ceart.

[EN]

(7) I gcás a bhfaighidh cuideachta, in aon tréimhse chuntasaíochta, aon íocaíocht ar a n-iompróidh sí cáin ioncaim trí asbhaint, féadfaidh an chuideachta a éileamh go ndéanfar an cháin ioncaim ar an íocaíocht sin a fhritháireamh in aghaidh aon cháin ioncaim a dhlífidh sí a íoc faoin alt seo i leith íocaíochtaí a d'íoc sí sa tréimhse sin, agus cuirfear aon éileamh den sórt sin sa tuairisceán faoi fho-alt (4) in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta áirithe agus (i gcás inar gá sin) déanfar cáin ioncaim a bheidh íoctha ag an gcuideachta faoin alt seo don tréimhse chuntasaíochta sin agus sula mbeidh an t-éileamh ceadaithe a aisíoc dá réir sin.

[EN]

(8) (a) I gcás éileamh a bheith déanta faoi fho-alt (7), ní dhéanfar aon imeachtaí chun cáin a bhailiú a bheadh le hurscaoileadh dá ngéillfí don éileamh a thionscnamh go dtí go gcinnfear an t-éileamh go críochnaitheach, ach ní dhéanfaidh an fo-alt seo difear don dáta a bheidh an cháin dlite agus nuair a chinnfear an t-éileamh go críochnaitheach íocfar aon cháin a bheidh gearríoctha de dhroim an fho-ailt seo.

[EN]

(b) I gcás a dtionscnófar imeachtaí chun cáin a measúnaíodh nó ús ar cháin a measúnaíodh, faoi aon fhoráil d'fho-alt (5) nó (6), a bhailiú, ní thabharfar éifeacht d'aon éileamh a dhéanfar tar éis na himeachtaí a thionscnamh ar mhodh a dhéanfadh difear, nó a tharraingeodh moill, maidir le bailiú nó gnóthú na cánach a muirearaíodh leis an measúnacht nó an úis ar an gcéanna.

[EN]

(c) Folaíonn tagairtí san fho-alt seo d'imeachtaí chun cáin a bhailiú tagairtí d'imeachtaí ar mhodh tochsail le haghaidh cánach.

[EN]

(9) Déileálfar le cáin ioncaim a bheidh fritháirithe in aghaidh cánach eile faoi fho-alt (7) mar cháin atá íoctha nó aisíoctha, de réir mar a bheidh, agus ní chuirfear an cháin chéanna i gcuntas faoin bhfo-alt seo agus faoi alt 3 (2) (cáin ioncaim ar íocaíochtaí a d'íoc nó a fuair cuideachta a chónaíonn sa Stát).

[EN]

(10) I gcás a ndéanfaidh cuideachta íocaíocht iomchuí ar dháta nach dáta i dtréimhse chuntasaíochta, tabharfaidh an chuideachta tuairisceán ar an íocaíocht sin laistigh de shé mhí ón dáta sin, agus beidh an cháin ioncaim a mbeidh an chuideachta cuntasach inti i leith na híocaíochta sin dlite an tráth a bheidh an tuairisceán le tabhairt.

[EN]

(11) (a) Na forálacha go léir de na hAchtanna Cánach Ioncaim maidir leis an am ar laistigh de a fhéadfar measúnacht a dhéanamh, beidh acu, a mhéid a thagraíonn siad don bhliain mheasúnachta nó a bhaineann siad leis an mbliain mheasúnachta a mbeidh measúnacht déanta ina haghaidh nó don bhliain nó leis an mbliain lena mbaineann measúnacht, feidhm i ndáil le haon mheasúnacht faoin alt seo d'ainneoin gur féidir, faoin alt seo, a rá gur le tréimhse nach bliain mheasúnachta a bhaineann an mheasúnacht, agus na forálacha d'alt 186 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (measúnachtaí breise), maidir leis na himthosca inar féidir measúnacht a dhéanamh tráth ar bith, beidh feidhm acu dá réir sin ar an mbonn gur leis an mbliain mheasúnachta ina gcríochnaíonn an tréimhse a bhaineann aon mheasúnacht den sórt sin.

[EN]

(b) D'ainneoin forálacha alt 477 den Acht Cánach Iomcaim, 1967, beidh cáin ioncaim a measúnaíodh ar chuideachta faoin alt seo dlite laistigh de mhí tar éis fógra measúnachta a eisiúint (mura mbeidh sí dlite níos luaithe faoi fho-alt (5) nó (10)) faoi réir aon achomhairc in aghaidh na measúnachta, ach ní dhéanfaidh aon achomharc den sórt sin difear don dáta a bheidh cáin dlite faoi fho-alt (5) nó (10).

[EN]

(c) Tar éis achomharc in aghaidh measúnachta faoin alt seo a chinneadh aisíocfar aon cháin a ró-íocadh.

[EN]

(d) Féadfar aon cháin is inmheasúnaithe faoi aon fhoráil nó forálacha den alt seo a áireamh in aon mheasúnacht amháin má bhíonn an cháin go léir atá ar áireamh amhlaidh dlite ar an dáta céanna.

[EN]

(12) Ní mheasfar go ndéanann aon ní sna forálacha sin roimhe seo den alt seo dochar d'aon chumhachtaí a thugtar leis na hAchtanna Cánach Ioncaim chun cáin ioncaim a ghnóthú trí mheasúnacht nó eile; agus aon mheasúnacht i leith cáin is iníoctha faoi fho-alt (10) déileálfar léi chun críocha na bhforálacha a luaitear i bhfo-alt (11) (a) mar mheasúnacht a bhaineann leis an mbliain mheasúnachta ina ndéanfar an íocaíocht.

[EN]

(13) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, le rialacháin arna ndéanamh chun na gcríocha a luaitear i bhfo-alt (2), aon cheann d'fhorálacha an ailt seo a mhodhnú, a fhorlíonadh nó forálacha a chur ina n-ionad; agus déanfar tagairtí san Acht seo agus in aon achtachán eile don alt seo a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí d'aon rialacháin den sórt sin; agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, féadfaidh na rialacháin, i ndáil le cáin ioncaim arna muirearú leis an alt seo, aon fhoráil de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le tuairisceáin, measúnachtaí, éilimh nó achomhairc a mhodhnú nó féadfaidh siad aon fhoráil den sórt sin a fheidhmiú, modhnaithe nó gan mhodhnú.

[EN]

(b) Féadfaidh rialacháin faoin bhfo-alt seo—

[EN]

(i) foráil éagsúil a dhéanamh do chineálacha éagsúla cuideachtaí, agus d'imthosca éagsúla, agus féadfaidh siad a údarú do na Coimisinéirí Ioncaim, i gcás arb é tuairim na gCoimisinéirí Ioncaim go bhfuil imthosca speisialta ann le gur cóir é, comhshocraíochtaí speisialta a dhéanamh maidir le cáin ioncaim a ndlíonn cuideachta cuntas a thabhairt ina leith nó maidir le cáin ioncaim a d'iompair cuideachta a aisíoc;

[EN]

(ii) cibé forálacha eatramhacha agus forálacha forlíontacha eile a bheith iontu is dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim a bheith fóirsteanach nó riachtanach.

[EN]

(c) Gach rialachán a dhéanfar faoin bhfo-alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.

[EN]

(14) Leasaítear leis seo alt 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5)—

[EN]

“(5A) Beidh éifeacht le fo-ailt (2), (3) agus (5) faoi réir forálacha alt 151 den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir leis an tráth agus an modh a mbeidh ar chuideachtaí a chónaíonn sa Stát cuntas a thabhairt i gcáin ioncaim agus cáin ioncaim a íoc

[EN]

(i) i leith íocaíochtaí as ar inbhainte cáin, agus

[EN]

(ii) i leith aon mhéid a meastar gur íocaíocht bhliantúil í.”.

[EN]

Forálacha maidir le cáin faoi alt 151.

152.—(1) Na forálacha go léir de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann—

[EN]

(a) le daoine a mbeidh cáin ioncaim le muirearú orthu;

[EN]

(b) le measúnachtaí cánach ioncaim;

[EN]

(c) le hachomhairc in aghaidh measúnachtaí den sórt sin (lena n-áirítear achomhairc a athéisteacht agus cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil); agus

[EN]

(d) le cáin ioncaim a bhailiú agus a ghnóthú,

[EN]

beidh feidhm acu, a mhéid is infheidhmithe iad, maidir le cáin ioncaim a mhuirearú, a mheasúnú, a bhailiú agus a ghnóthú faoi alt 151.

[EN]

(2) (a) Aon cháin is iníoctha de réir alt 151 gan measúnacht a bheith déanta béarfaidh sí ús de réir 1.5 faoin gcéad in aghaidh gach míosa nó coda de mhí ón dáta a bheidh an cháin dlite agus iníoctha go dtí go n-íocfar í.

[EN]

(b) Beidh feidhm ag forálacha alt 550 (3) (4) (5) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, i ndáil le hús is iníoctha faoin bhfo-alt seo mar atá feidhm acu i ndáil le hús is iníoctha faoin alt sin 550.

[EN]

(3) Le linn alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a bheith a fheidhmiú ar aon cháin a muirearaíodh le haon mheasúnacht cánach ioncaim de réir alt 151, beidh éifeacht leis ach an coinníoll a ghabhann le fo-alt (1) agus fo-ailt (2) agus (2A) a fhágáil ar lár.

[EN]

Faisnéis.

153.—Féadfaidh an cigire aon tuairisceáin, comhfhreagras, sceidil, cuntais, ráitis nó doiciméid eile nó faisnéis ar a raibh nó ar a bhfuil fáil dleathach aige féin, nó ag na Coimisinéirí Ioncaim, chun críocha na nAchtanna a bhaineann le haon cháin nó dleacht faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim, a úsáid nó a thabhairt ar aird i bhfianaise chun aon chríche a bhaineann le measúnú agus bailiú cánach corparáide.

[EN]

Brí “rúnaí”.

154.—Sa Chuid seo folaíonn “rúnaí” cibé daoine a luaitear in alt 207 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus, i gcás cuideachta nach gcónaíonn sa Stát, folaíonn sé gníomhaire, bainisteoir, fachtóir nó ionadaí eile de chuid na cuideachta.

CUID XV

Léiriú agus Forlíontach

[EN]

Léiriú.

155.—(1) San Acht seo agus in aon Acht a rithfear tar éis an tAcht seo a rith, ciallaíonn “na hAchtanna Cánach Corparáide”, ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, an tAcht seo (lena n-áirítear forálacha a bhaineann le cáin ioncaim), mar aon leis na hAchtanna Cánach Ioncaim a mhéid atá feidhm ag na hAchtanna sin chun críocha cánach corparáide agus aon achtacháin eile a bhaineann le cáin chorparáide.

[EN]

(2) San Acht seo agus in aon Acht a rithfear tar éis an tAcht seo a rith, ciallaíonn “na hAchtanna Cánach”, ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, na hAchtanna Cánach Ioncaim (mar a mhínítear in alt 3 den Acht Cánach Ioncaim, 1967) agus na hAchtanna Cánach Corparáide.

[EN]

(3) Ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, san Acht seo agus in aon achtachán a rithfear tar éis an tAcht seo a rith a bheidh, faoi aon fhoráil shainráite, le forléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach mar aon ní amháin, ciallaíonn “cáin”, i gcás nach sonraítear cáin ioncaim ná cáin chorparáide, ceachtar de na cánacha sin.

[EN]

(4) Ní dochar fo-alt (3) do na forálacha d'alt 11 a fheidhmíonn an dlí cánach ioncaim chun críocha áirithe a bhaineann le cáin chorparáide agus, dá réir sin, níl sé le forléiriú go dearfa, i gcás ar “cáin ioncaim” agus nach “cáin” atá in aon fhoráil de na hAchtanna Cánach Ioncaim nach bhfeidhmíonn an t-alt sin 11 an fhoráil sin ar cháin chorparáide.

[EN]

(5) Chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide, ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

[EN]

ciallaíonn “dáta cuntasaíochta” an dáta ar go dtí é a dhéanann cuideachta a cuntais amach agus ciallaíonn “tréimhse chuntais” an tréimhse a ndéanann sí sin di;

[EN]

ní fholaíonn “caillteanas inlamhála”, chun críocha cánach corparáide i leith gnóchan inmhuirearaithe, caillteanas a d'fhaibhrigh chuig cuideachta in imthosca a d'fhágfadh, dá mba ghnóchan a d'fhaibhreodh, go mbeadh an chuideachta díolmhaithe ó cháin chorparáide ina leith;

[EN]

ciallaíonn “brainse nó gníomhaireacht” aon fhachtóireacht, gníomhaireacht, glacadóireacht, brainse nó bainistíocht;

[EN]

tá le “gnóchain inmhuirearaithe” an bhrí a thugtar le halt 1 (5) (c);

[EN]

tá le “muirir ar ioncam” an bhrí a thugtar le halt 10 (2);

[EN]

tá le “dlúthchuideachta” an bhrí a thugtar le hailt 94 agus 95;

[EN]

tá le “cuideachta” an bhrí a thugtar le halt 1 (5) (a);

[EN]

tá le “dáileadh” an bhrí a thugtar le Cuid IX maille le hailt 96 agus 97;

[EN]

tá le “an bhliain airgeadais 1974” an bhrí a thugtar le halt 1 (5) (b);

[EN]

ciallaíonn “an bhliain airgeadais” agus tagairt ina dhiaidh don bhliain 1975 nó d'aon bhliain dá éis sin, an bhliain dar tosach an lú lá d'Eanáir an bhliain sin;

[EN]

forléireofar “ioncam infheistíochta frainceáilte” agus “íocaíocht fhrainceáilte” de réir alt 24;

[EN]

tá le “grúp-fhaoiseamh” an bhrí a thugtar le halt 107;

[EN]

ciallaíonn “ús” ús bliantúil agus ús nach ús bliantúil;

[EN]

ciallaíonn “gnáth-scairchaipiteal”, i ndáil le cuideachta, scairchaipiteal eisithe uile na cuideachta (cibé ainm a thugtar air) seachas caipiteal a bhfuil ceart chun díbhinne de réir ráta shocair ag a shealbhóirí, ach nach bhfuil aon cheart eile acu chun scaire de brabúis na cuideachta;

[EN]

ciallaíonn “díbhinn tosaíochta” díbhinn is iníoctha ar scair thosaíochta nó ar stoc tosaíochta de réir ráta shocair faoin gcéad nó, i gcás díbhinn a bheith iníoctha ar scair thosaíochta nó ar stoc tosaíochta go páirteach de réir ráta shocair faoin gcéad agus go páirteach de réir ráta athraithigh, ciallaíonn sé an chuid sin den díbhinn sin is iníoctha de réir ráta shocair faoin gcéad;

[EN]

ciallaíonn “ráta caighdeánach faoin gcéad” do bhliain mheasúnachta 35 i gcás ar 35 faoin gcéad an ráta caighdeánach don bhliain sin agus mar an gcéanna maidir le haon tagairt don ráta caighdeánach faoin gcéad do bhliain mheasúnachta ar ráta seachas 35 faoin gcéad an ráta caighdeánach di;

[EN]

ciallaíonn “creidmheas cánach” creidmheas faoi alt 88;

[EN]

tá bunadh ioncaim “laistigh de réim” cánach corparáide nó cánach ioncaim má tá an cháin sin inmhuirearaithe ar an ioncam as, nó go mbeadh sé inmhuirearaithe amhlaidh dá mbeadh aon ioncam den sórt sin ann, agus déanfar mar sin tagairtí do dhuine, nó d'ioncam agus é laistigh de réim cánach, a fhorléiriú ar an gcuma chéanna.

[EN]

(6) Déanfar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile a fhorléiriú, mura n-éileoidh an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.

[EN]

(7) Sna hAchtanna Cánach Corparáide—

[EN]

(a) tagairt do Chuid, d'alt nó do sceideal is tagairt í do Chuid nó d'alt den Acht, nó do sceideal a ghabhann leis an Acht, ina bhfuil an tagairt, agus

[EN]

(b) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil (lena n-áirítear sceideal) ina bhfuil an tagairt,

[EN]

mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán nó d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.

[EN]

(8) Sna hAchtanna Cánach Corparáide, is mar áis tagartha amháin na focail a dhéanann tuairisciú ar aon achtachán agus ní úsáidfear iad mar chabhair chun léiriú a dhéanamh ar an achtachán dá dtagraíonn siad.

[EN]

(9) Baineann na tagairtí sna hAchtanna Cánach Corparáide do dháiltí nó d'íocaíoctaí a fuair cuideachta le haon dáiltí nó íocaíochtaí a fuair duine eile thar ceann na cuideachta nó ar iontaobhas di ach ní bhaineann siad le haon dáiltí nó íocaíochtaí a fuair an chuideachta thar ceann duine eile nó ar iontaobhas do dhuine eile.

[EN]

(10) Na tagairtí sna hAchtanna Cánach Corparáide do mhéid brabús ar a mbeidh cáin chorparáide le hiompar faoi dheoidh is tagairtí iad do mhéid na mbrabús sin tar éis na hasbhaintí go léir a dhéanamh agus na faoisimh go léir a thabhairt a dhéantar as na brabúis sin, nó a thugtar in aghaidh na mbrabús sin, chun críocha cánach corparáide, lena n-áirítear asbhaintí agus faoisimh a ndéileáiltear leo faoi aon fhoráil mar asbhaintí nó faoisimh a laghdaíonn iad chun na gcríocha sin.

[EN]

(11) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis na hAchtanna Cánach Corparáide agus ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, tá le focail agus le habairtí a úsáidtear sna hAchtanna Cánach Ioncaim an bhrí chéanna sna hAchtanna Cánach Corparáide atá leo sna hAchtanna sin; ach ní mheasfar, maidir le haon fhoráil de na hAchtanna Cánach Corparáide i ndáil le léiriú aon fhocail nó abairte, seachas foráil a bhfuil sé sainraíte go mbaineann sí le húsáid an fhocail sin nó na habairte sin sna hAchtanna Cánach Ioncaim, go ndéanann sí difear do bhrí an fhocail sin nó na habairte sin sna hAchtanna sin mar atá feidhm acu chun críocha cánach corparáide.

[EN]

(12) Chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide, measfar, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt, díbhinní a bheith íoctha ar an dáta a bheidh siad dlite agus iníoctha.

[EN]

(13) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis na hAchtanna Cánach Corparáide, aon chionroinnt i leith tréimhsí éagsúla a bheidh le déanamh faoi na hAchtanna Cánach Corparáide déanfar í ar bhonn ama de réir fad na dtréimhsí sin faoi seach.

[EN]

Fochuideachtaí.

156.—(1) Chun críocha na nAchtanna Cánach Corparáide measfar maidir le cuideachta—

[EN]

(a) gur “fochuideachta 51 faoin gcéad” do chuideachta eile í má tá agus fad a bheidh níos mó ná 50 faoin gcéad dá gnáth-scairchaipiteal ar úinéireacht go díreach nó go neamhdhíreach ag an gcuideachta eile sin,

[EN]

(b) gur “fochuideachta 75 faoin gcéad” do chuideachta eile í má tá agus fad a bheidh cuid nach lú ná 75 faoin gcéad dá gnáth-scairchaipiteal ar úinéireacht go díreach nó go neamhdhíreach ag an gcuideachta eile sin,

[EN]

(c) gur “fochuideachta 90 faoin gcéad” do chuideachta eile í má tá agus fad a bheidh cuid nach lú ná 90 faoin gcéad dá gnáth-scairchaipiteal ar úinéireacht go díreach ag an gcuideachta eile sin.

[EN]

(2) I bhfo-alt (1) (a) (b) ciallaíonn “ar úinéireacht go díreach nó go neamhdhíreach” ag cuideachta a bheith ar úinéireacht, go díreach nó trí chuideachta nó cuideachtaí eile nó i bpáirt go díreach agus i bpáirt trí chuideachta nó cuideachtaí eile.

[EN]

(3) San alt seo forléireofar tagairtí d'úinéireacht mar thagairtí d'úinéireact thairbhiúil.

[EN]

(4) Déanfar, chun críocha an ailt seo, an méid gnáth-scairchaipitil de chuid cuideachta atá ar úinéireacht ag dara cuideachta trí chuideachta nó cuideachtaí eile, nó i bpáirt go díreach agus i bpáirt trí chuideachta nó cuideachtaí eile, a chinneadh de réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo.

[EN]

(5) Más rud é, i gcás uimhir cuideachtaí, go bhfuil an chéad chuideachta ina húinéir díreach ar ghnáth-scairchaipiteal de chuid an dara cuideachta agus go bhfuil an dara cuideachta ina húinéir díreach ar ghnáth-scairchaipiteal de chuid an tríú cuideachta, ansin, chun críocha an ailt seo, measfar go bhfuil an chéad chuideachta ina húinéir ar ghnáth-scairchaipiteal de chuid an tríú cuideachta tríd an dara cuideachta, agus má tá an tríú cuideachta ina húinéir díreach ar ghnáth-scairchaipiteal de chuid ceathrú cuideachta, measfar go bhfuil an chéad chuideachta ina húinéir ar ghnáthscairchaipiteal de chuid an ceathrú cuideachta tríd an dara cuideachta agus an tríú cuideachta, agus measfar go bhfuil an dara cuideachta ina húinéir ar ghnáth-scairchaipiteal de chuid an ceathrú cuideachta tríd an tríú cuideachta, agus mar sin de.

[EN]

(6) San alt seo—

[EN]

(a) tugtar “sraith” ar aon uimhir cuideachtaí a bhfuil an chéad chuideachta ina húinéir díreach ar ghnáth-scairchaipiteal de chuid na chéad chuideachta eile agus a bhfuil an chéad chuideachta eile sin ina húinéir díreach ar ghnáthscairchaipiteal de chuid an dara cuideachta eile agus mar sin de, agus freisin, i gcás níos mó ná trí chuideachta a bheith ann, ar aon trí chuideachta nó níos mó díobh;

[EN]

(b) in aon sraith—

[EN]

(i) tugtar “an chéad úinéir” ar an gcuideachta sin atá ina húinéir ar ghnáth-scairchaipiteal de chuid cuideachta eile tríd an gcuideachta nó na cuideachtaí eile sa tsraith;

[EN]

(ii) tugtar “an chuideachta úinéirithe dheiridh” ar an gcuideachta eile sin a bhfuil a gnáth-scairchaipiteal ar úinéireacht amhlaidh;

[EN]

(iii) “idirghabhálaí” a thugtar ar an gcuideachta eile sa tsraith mura bhfuil ann ach cuideachta amháin eile, agus “slabhra idirghabhálaithe” a thugtar ar na cuideachtaí eile má bhíonn níos mó ná cuideachta amháin eile ann;

[EN]

(c) tugtar “úinéir” ar chuideachta i sraith atá ina húinéir díreach ar ghnáth-scairchaipiteal de chuid cuideachta eile sa tsraith;

[EN]

(d) deirtear go bhfuil gaol díreach idir aon dá chuideachta i sraith más go díreach agus nach trí cheann amháin nó níos mó de na cuideachtaí eile sa tsraith is úinéir cuideachta díobh ar ghnáth-scairchaipiteal de chuid na cuideachta eile.

[EN]

(7) Má tá gach úinéir i sraith ina úinéir ar iomlán ghnáthscairchaipiteal na cuideachta a bhfuil gaol díreach aige léi, measfar go bhfuil an chéad úinéir ina úinéir tríd an idirghabhálaí nó tríd an slabhra idirghabhálaithe ar iomlán ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta úinéirithe deiridh.

[EN]

(8) Má tá ceann de na húinéirí i sraith ina úinéir ar chodán de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta a bhfuil gaol díreach aige léi, agus go bhfuil gach úinéir eile sa tsraith ina úinéir ar iomlán ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta a bhfuil gaol díreach aige léi, measfar go bhfuil an chéad úinéir ina úinéir ar an gcodán sin de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta úinéirithe deiridh tríd an idirghabhálaí nó tríd an slabhra idirghabhálaithe.

[EN]

(9) I gcás—

[EN]

(a) gach úinéir de dhá úinéir nó níos mó i sraith a bheith ina úinéir ar chodán de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta a bhfuil gaol díreach aige léi, agus gach úinéir eile sa tsraith a bheith ina úinéir r iomlán ghnáth-scairchaipitil na cuideachta sin, nó

[EN]

(b) gach úinéir i sraith a bheith ina úinéir ar chodán de ghnáthscairchaipiteal na cuideachta a bhfuil gaol díreach aige léi;

[EN]

measfar an chéad úinéir a bheith ina úinéir tríd an idirghabhálaí nó tríd an slabhra idirghabhálaithe ar cibé codán de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta úinéirithe deiridh is toradh ar iolrú na gcodán sin.

[EN]

(10) I gcás an chéad úinéir in aon sraith a bheith ina úinéir ar chodán de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta úinéirithe deiridh sa tsraith sin tríd an idirghabhálaí nó tríd an slabhra idirghabhálaithe sa tsraith sin, agus é a bheith ina úinéir freisin ar chodán nó ar chodáin eile de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta úinéirithe deiridh cibé acu—

[EN]

(a) go díreach, nó

[EN]

(b) trí idirghabhálaí nó idirghabhálaithe nach comhalta nó comhaltaí den tsraith sin, nó

[EN]

(c) trí shlabhra nó slabhraí idirghabhálaithe nach comhalta nó comhaltaí den tsraith sin ceann amháin díobh ná cuid díobh ná iad go léir, nó

[EN]

(d) i gcás níos mó ná trí chuideachta a bheith sa tsraith, trí idirghabhálaí nó idirghabhálaithe is comhalta nó is comhaltaí den tsraith, nó trí shlabhra nó slabhraí idirghabhálaithe arb éard é nó iad cuid de na cuideachtaí atá sa slabhra idirghabhálaithe sa tsraith ach ní iad go léir.

ansin, d'fhonn a fháil amach cad é an méid de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta úinéirithe deiridh ar arb úinéir an chéad úinéir, comhshuimeofar na codáin sin go léir agus measfar gurb é an chéad úinéir úinéir suim na gcodán sin.

[EN]

Daoine bainteacha.

157.—(1) Chun críocha agus faoi réir na bhforálacha de na hAchtanna Cánach Corparáide lena bhfeidhmítear an t-alt seo, déanfar aon cheist i dtaobh baint a bheith ag duine le duine eile a chinneadh de réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo (agus glacadh leis go gciallaíonn aon fhoráil i dtaobh baint a bheith ag duine amháin le duine eile go bhfuil baint acu le chéile).

[EN]

(2) Tá baint ag duine le pearsa aonair más é fearchéile nó más í banchéile na pearsan aonair an duine sin, nó más gaol don phearsa aonair é nó í, nó más é fearchéile nó más í banchéile duine is gaol don phearsa aonair nó d'fhearchéile nó do bhanchéile na pearsan aonair an duine sin.

[EN]

(3) Tá baint ag duine, ina cháil mar iontaobhaí socraíochta, le haon phearsa aonair ar socraitheoir é i ndáil leis an tsocraíocht, le haon duine a bhfuil baint aige le pearsa aonair den sórt sin agus le cuideachta a meastar, de réir fho-alt (10), baint a bheith aici leis an tsocraíocht sin (agus an bhrí a bheith, chun críocha an fho-ailt seo, le “socraíocht” agus le “socraitheoir” atá sannta dóibh le fo-alt (9)).

[EN]

(4) Ach amháin i gcás sócmhainní comhpháirtíochta a fháil nó a dhiúscairt de bhun comhshocraíochtaí tráchtála bona fide, tá baint ag duine le haon duine a bhfuil sé i gcomhpháirtíocht leis, agus le fearchéile nó le banchéile, nó le gaol de chuid, aon phearsa aonair a bhfuil sé i gcomhpháirtíocht leis.

[EN]

(5) Tá baint ag cuideachta le cuideachta eile—

[EN]

(a) más é an duine céanna a rialaíonn an dá chuideachta, nó má rialaíonn duine amháin ceann acu agus gur daoine a bhfuil baint acu leis, nó gurb é féin agus daoine a bhfuil baint acu leis, a rialaíonn an ceann eile, nó

[EN]

(b) más grúpa dhá dhuine nó níos mó a rialaíonn gach cuideachta díobh, agus gurb iad na daoine céanna nó, d'eile, go bhféadfaí a mheas gurb iad na daoine céanna, atá sna grúpaí sin trína mheas (i gcás amháin nó níos mó) go bhfuil duine amháin nó níos mó a bhfuil baint aige le comhalta de cheachtar grúpa curtha in ionad an chomhalta sin.

[EN]

(6) Tá baint ag cuideachta le duine eile más é an duine sin a rialaíonn í nó más é an duine sin agus daoine a bhfuil baint acu leis a rialaíonn í le chéile.

[EN]

(7) Déileálfar, i ndáil le cuideachta, le dhá dhuine nó níos mó ag gníomhú dóibh le chéile chun rialú a fháil nó a fheidhmiú ar an gcuideachta mar dhaoine a bhfuil baint acu le chéile agus le haon duine ag gníomhú dó ar orduithe ó aon duine díobh chun rialú a fháil nó a fheidhmiú ar an gcuideachta.

[EN]

(8) San alt seo—

[EN]

forléireofar “rialú” de réir alt 102 (an bhrí atá le “cuideachta chomhlachaithe” agus “rialú”),

[EN]

ciallaíonn “gaol” deartháir, deirfiúr, sinsear nó dírshliochtach.

[EN]

(9) San alt seo folaíonn “socraíocht” aon diúscairt, iontaobhas, cúnant, comhaontú nó comhshocraíocht, agus ciallaíonn “socraitheoir”, i ndáil le socraíocht, aon duine a rinne an tsocraíocht; agus measfar, chun críocha an ailt seo, socraíocht a bheith déanta ag duine má rinne sé an tsocraíocht nó má ghlac sé páirt inti go díreach nó go neamhdhíreach agus go háirithe (ach gan dochar do ghinearáltacht na bhfocal sin roimhe seo) má sholáthraigh sé nó má gheall sé go soláthródh sé cistí go díreach nó go neamhdhíreach chun críche na socraíochta, nó má rinne sé le duine eile comhshocraíocht chómhalartach le go ndéanfadh an duine eile sin an tsocraíocht nó go nglacfadh sé páirt inti.

[EN]

(10) Chun críocha an ailt seo, measfar baint a bheith ag cuideachta le socraíocht in aon tréimhse chuntasaíochta más dlúthchuideachta í aon tráth sa tréimhse (nó nach dlúthchuideachta í ar an aon-chúis nach gcónaíonn sí sa Stát) agus iontaobhaithe na socraíochta nó tairbhí faoin tsocraíocht a bheith an tráth sin ar áireamh na rannpháirtithe.

[EN]

An bhrí atá le “rialú”.

158.—Chun críocha agus faoi réir na bhforálacha de na hAchtanna Cánach Corparáide lena bhfeidhmítear an t-alt seo, ciallaíonn “rialú”, i ndáil le cuideachta, cumhacht duine a áirithiú, trí scaireanna a shealbhú nó trí chumhacht vótála a bheith aige sa chuideachta sin nó in aon chuideachta eile nó i ndáil leis an gcéanna, nó de bhua aon chumhachtaí a thugtar leis na hairteagail chomhlachais nó le haon doiciméad eile a rialálann an chuideachta sin nó aon chuideachta eile, gur de réir toil an duine sin a sheoltar gnóthaí na cuideachta chéadluaite agus, i ndáil le comhpháirtíocht, ciallaíonn sé an ceart chun scair is mó ná leath sócmhainní, nó is mó ná leath ioncam, na comhpháirtíochta.

[EN]

Gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhríonn chuig cuideachtaí neamhchónaitheacha.

159.—Má dhéanann cuideachta ar fhaibhrigh gnóchan caipitiúil chuici aon cháin a íoc is iníoctha ag an gcuideachta de bhua alt 36 (2) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975 (faoinar féidir cáin a mheasúnú ar scairshealbhóirí i gcuideachta neamhchónaitheach i leith gnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig an gcuideachta), nó i gcás faoi fho-alt (8) den alt sin más aon chuideachta eile den sórt sin a íocfaidh an cháin, ní mheasfar chun críocha cánach corparáide gur íocaíocht leis an gcuideachta ar aici ab iníoctha an cháin i gcéaduair an méid a íocadh amhlaidh.

[EN]

Pearsana aonair a chónaíonn thar lear: creidmheas cánach.

160.—Pearsa aonair a mbeidh, ar éileamh a bheith déanta aige chuige sin, teideal aige chun faoisimh faoi Chuid VI den Acht Cánach Ioncaim, 1967, de bhua alt 153 (2) den Acht sin (faoisimh phearsanta do neamhchónaitheoirí áirithe) in aghaidh aon bhliana measúnachta, beidh sé i dteideal an oiread céanna creidmheasa cánach i leith aon dáileadh a fuair sé an bhliain sin a mbeadh teideal aige chuige dá mba sa Stát a chónaigh sé agus ní bheidh éifeacht le halt 67 (dáiltí chun pearsana aonair neamhchónaitheacha as brabúis ó onnmhairí) ná ag alt 83 (4) (Sceideal F) i ndáil le pearsa aonair den sórt sin.

[EN]

Ceartú ar fhritháireamh iomarcach etc. creidmheasa cánach.

161.—(1) Má fhaigheann cigire amach, maidir le haon fhritháireamh nó íocaíocht creidmheasa cánach a rinneadh, nár chóir é a dhéanamh, nó go bhfuil sé iomarcach nó éirithe iomarcach, féadfaidh an cigire aon mheasúnachtaí a dhéanamh is dóigh leis is gá chun aon cháin ba chóir a bheith íoctha nó aon íocaíocht creidmheasa cánach nár chóir a dhéanamh a ghnóthú agus chun a áirithiú i gcoitinne gurb iad dliteanais chánach na ndaoine iomchuí dá thoradh sin a ndliteanais chánach ach cibé fritháireamh nó íocaíochtaí ba chóir a bheith déanta.

[EN]

(2) Bainfidh Cuid XIV (Riarachán) le haon mheasúnacht faoin alt seo chun íocaíocht creidmheasa cánach a ghnóthú ionann is dá mba mheasúnacht cánach ioncaim don bhliain mheasúnachta í, nó, i gcás cuideachta, dá mba mheasúnacht cánach corparáide don tréimhse chuntasaíochta í, ar éilíodh an íocaíocht ina leith agus ionann is dá mba chaillteanas cánach ar an Státchiste an íocaíocht sin; agus beidh aon suim a mhuirearófar le haon mheasúnacht den sórt sin dlite, faoi réir aon achomhairc in aghaidh na measúnachta, laistigh de cheithre lá dhéag tar éis an fógra measúnachta a eisiúint.

[EN]

Formhuirear ar ioncam neamhdháilte de chuid cuideachtaí seirbhíse.

162.—(1) Faoi réir fho-alt (2), san alt seo ciallaíonn “cuideachta sheirbhíse”—

[EN]

(a) dlúthchuideachta arb é a gnó nó ar cuid dá gnó bheith ag seoladh gairme nó bheith ag soláthar seirbhísí gairmiúla,

[EN]

(b) dlúthchuideachta a shealbhaíonn nó a fheidhmíonn oifig nó fostaíocht, nó

[EN]

(c) dlúthchuideachta arb é a gnó nó ar cuid dá gnó bheith ag soláthar seirbhísí nó saoráidí de chineál ar bith dóibh seo a leanas nó ar mhaithe leo—

[EN]

(i) cuideachta laistigh de cheachtar de na hearnálacha dá dtagraítear i míreanna (a) agus (b),

[EN]

(ii) pearsa aonair a sheolann gairm,

[EN]

(iii) comhpháirtíocht a sheolann gairm,

[EN]

(iv) duine a shealbhaíonn nó a fheidhmíonn oifig nó fostaíocht, nó

[EN]

(v) duine nó comhpháirtíocht ag a bhfuil baint le haon duine nó comhpháirtíocht dá dtagraítear i bhfomhíreanna (i) go (iv):

[EN]

Ar choinníoll nach dtabharfar aird chun críche na míre seo ar sholáthar seirbhísí nó saoráidí ag dlúthchuideachta do dhuine nó do chomhpháirtíocht, nó ar mhaithe le duine nó le comhpháirtíocht, nach bhfuil baint aige nó aici leis an gcuideachta.

[EN]

(2) I gcás nach—

[EN]

(a) ó ghairm a sheoladh,

[EN]

(b) ó sheirbhísí gairmiúla a sholáthar,

[EN]

(c) ó oifig nó fostaíocht a shealbhú nó a fheidhmiú,

[EN]

(d) ó sheirbhísí nó saoráidí a sholáthar (seachas seirbhísí nó saoráidí dá dtagraítear sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) (c)) d'aon duine nó d'aon chomhpháirtíocht, nó ar mhaithe le haon duine nó le haon chomhpháirtíocht, dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (c) (i) go (v), ná

[EN]

(e) ó aon dá cheann nó níos mó de na gníomhaíochtaí dá dtagraítear i míreanna (a) go (d),

[EN]

a dhíorthaigh an phríomh-chuid d'ioncam cuideachta is inchurtha faoi cháin chorparáide faoi Chásanna I agus II de Sceideal D agus faoi Sceideal E, measfar nach cuideachta sheirbhíse an chuideachta.

[EN]

(3) Chun críocha an ailt seo—

[EN]

(a) measfar baint a bheith ag comhpháirtíocht le cuideachta nó le pearsa aonair (agus measfar baint a bheith ag cuideachta nó ag pearsa aonair le comhpháirtíocht) má tá baint ag aon duine de na comhpháirtithe sa chomhpháirtíocht leis an gcuideachta nó leis an bpearsa aonair,

[EN]

(b) measfar baint a bheith ag comhpháirtíocht le comhpháirtíocht eile má tá baint ag duine de na comhpháirtithe sa chomhpháirtíocht le haon duine de na comhpháirtithe sa chomhpháirtíocht eile.

[EN]

(4) I gcás ar mó, do thréimhse chuntasaíochta cuideachta seirbhíse, comhiomlán—

[EN]

(a) ceithre chúigiú den ioncam indáilte, agus

[EN]

(b) an cúigiú cuid de chomhiomlán an ioncaim infheistíochta indáilte agus an ioncaim eastáit indáilte

[EN]

ná dáiltí na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta, muirearófar ar an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta dleacht bhreise cánach corparáide (dá ngairtear formhuirear san alt seo) is ionann agus 20 faoin gcéad den bhreis:

[EN]

Ar choinníoll—

[EN]

(i) nach gcuirfear formhuirear ar an gcuideachta más cóimhéid an bhreis agus an méid is lú díobh seo a leanas nó más lú ná an méid sin é—

[EN]

(I) £500, nó más giorra ná dhá mhí dhéag an tréimhse chuntasaíochta, £500 arna laghdú go comhréireach, agus

[EN]

(II) i gcás cuideachta chomhlachaithe amháin nó níos mó a bheith ag an gcuideachta, £500 arna roinnt ar aon móide líon na gcuideachtaí comhlachaithe sin, nó, más giorra ná dhá mhí dhéag an tréimhse chuntasaíochta, £500 arna laghdú go comhréireach agus arna roinnt ar aon móide líon na gcuideachtaí comhlachaithe sin;

[EN]

(ii) i gcás ar mó an bhreis ná an méid is lú nach gcuirfí formhuirear air de bhua mhír (i), nach mbeidh méid an fhormhuirir níos mó ná suim ar cóimhéid le ceithre chúigiú den méid ar mó an bhreis ná an méid sin is lú.

[EN]

(5) Ní bheidh feidhm ag forálacha alt 101 (1) i ndáil le cuideachta sheirbhíse ach beidh feidhm ag forálacha alt 101 (2) (3) (4) (5) (6) i ndáil le formhuirear faoin alt seo mar atá feidhm acu i ndáil le formhuirear faoin alt sin 101 ach tagairt d'fho-alt (4) den alt seo a chur in alt 101 (2) in ionad na tagartha d'fho-alt (1) den alt sin.

[EN]

(6) (a) Beidh feidhm ag forálacha alt 100 (1) (2) (6) (7) (an bhrí atá le hioncam indáilte, etc.) chun críocha an ailt seo mar atá feidhm acu chun críocha an ailt sin 100 nó an ailt sin 101 de réir mar a bheidh.

[EN]

(b) Chun críocha an ailt seo—

[EN]

(i) is é ioncam cuideachta do thréimhse chuntasaíochta a hioncam arna ríomh don tréimhse sin mar a shainítear in alt 100 (3);

[EN]

(ii) tá le hioncam indáilte, le hioncam infheistíochta indáilte agus le hioncam eastáit indáilte de chuid cuideachta do thréimhse chuntasaíochta na bríonna a shanntar dóibh le halt 100 (4) (5) ach tagairt do chuideachta sheirbhíse a chur in ionad na tagartha do chuideachta thrádála gach áit a bhfuil sin in alt 100 (5).

[EN]

(7) Beidh feidhm ag forálacha alt 157 chun críocha an ailt seo.

[EN]

Faoiseamh do chuideachtaí áirithe a dhlíonn cáin choigríche a íoc.

163.—(1) San alt seo—

[EN]

folaíonn “tréimhse chuntasaíochta” cuid de thréimhse chuntasaíochta;

[EN]

ciallaíonn “cáin sheachtrach” cáin is inmhuirearaithe agus is iníoctha faoi dhlí na críche ina gcónaíonn cuideachta an íoca, is críoch lena mbaineann an t-alt seo, agus atá ar comhréir le cáin chorparáide nó le cáin ioncaim na hÉireann nó leis an dá cháin sin:

[EN]

Ar choinníoll go measfar nach bhfuil cáin is iníoctha faoi dhlí proibhinse, stáit nó coda eile de thír, nó cáin arna tobhach ag bardas nó ag údarás áitiúil eile nó thar a gceann ar comhréir, chun críocha an fho-ailt seo, leis na cánacha sin.

[EN]

(2) Baineann an t-alt seo le gach críoch seachas—

[EN]

(a) Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain Mhór,

[EN]

(b) Stáit Aontaithe Mheiriceá, agus

[EN]

(c) críoch a bhfuil comhshocraíochtaí i bhfeidhm de thuras na huaire lena Rialtas de bhua alt 361 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (comhaontuithe i leith faoisimh ó chánachas dúbailte ar ioncam).

[EN]

(3) I gcás a ndearna cuideachta (dá ngairtear cuideachta na hinfheistíochta san alt seo) cáin a íoc trí asbhaint nó ar shlí eile, nó i gcás a ndlíonn sí cáin a íoc, in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta, faoi threoir aon chuid dá hioncam a d'eascair i gcríoch lena mbaineann an t-alt seo agus go suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim—

[EN]

(a) gurb éard í an chuid sin d'ioncam chuideachta na hinfheistíochta díbhinn, nó ús, a d'íoc cuideachta léi is cuideachta a chónaíonn sa chríoch (dá ngairtear cuideachta an íoca san alt seo) agus a bhfuil cuid nach lú ná leath den chumhacht vótála inti faoina rialú, go díreach nó go neamhdhíreach, ag cuideachta na hinfheistíochta,

[EN]

(b) gur eascair an díbhinn sin, nó an t-ús sin, as cuideachta na hinfheistíochta d'infheistiú suim nó suimeanna, ar mhodh iasachta nó ar shlí eile, i gcuideachta an íoca, is suim nó suimeanna is ionannas—

[EN]

(i) do bhrabúis a ndearnadh an cháin Éireannach is inchurtha ina leith a laghdú go dtí nialas faoi Chaibidil IV de Chuid XXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (Brabúis ó Earraí Airithe a Onnmhairiú), nó faoi Chuid III den Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956 (Brabúis ó Onnmhairí), nó faoi Chuid IV den Acht seo (Brabúis ó Onnmhairí), nó

[EN]

(ii) do cibé cion brabús a ndearnadh an cháin Éireannach is inchurtha ina leith a laghdú ar shlí seachas go nialas faoi na forálacha sin agus is comhionann leis an gcion de laghdú a rinneadh amhlaidh ar an gcáin Éireannach sin, nó

[EN]

(iii) do bhrabúis as oibríochtaí trádála díolmhaithe nár cuireadh, de bhua Chaibidil I de Chuid XXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (Brabúis ó Thrádáil in Aerfort na Sionna), nó Chodanna I agus II den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1958 (Trádáil in Aerfort na Sionna), nó Chuid V den Acht seo (Trádáil in Aerfort na Sionna), i gcuntas i ndáil leis an gcuideachta a sheolann na hoibríochtaí sin chun aon cheann de chríocha na nAchtanna Cánach Ioncaim nó chun aon cheann de chríocha Chuid V den Finance Act, 1920 (Corporation Profits Tax), agus na n-achtachán do leasú nó do leathnú na Coda sin, nó chun aon cheann de chríocha an Achta seo, agus

[EN]

(c) gur íoc cuideachta na hinfheistíochta cáin sheachtrach sa chríoch sin i leith na coda sin dá hioncam,

[EN]

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cibé faoiseamh is cóir a thabhairt do cuideachta na hinfheistíochta i leith na tréimhse cuntasaíochta sin d'fhonn faoiseamh a thabhairt i leith an chánachais dhúbailte ar an gcuid sin d'ioncam chuideachta na hinfheistíochta, ach nach mó ná cibé acu seo a leanas is lú, is é sin le rá, leath iomlán na cánach corparáide a bheadh, mura mbeadh an t-alt seo, le híoc ag cuideachta na hinfheistíochta i leith na coda sin dá hioncam nó méid na cánach seachtraí a íocadh nó is iníoctha sa chríoch sin i leith na coda sin dá hioncam tar éis aon fhaoiseamh a asbhaint a bhfuil an chuideachta ina theideal sa chríoch sin.

[EN]

(4) (a) Cuirfear an cháin sheachtrach a d'íoc cuideachta an íoca i leith a brabús i gcuntas nuair a bheifer á mheas ar chóir aon fhaoiseamh a lamháil, agus, más cóir, cad é an faoiseamh is cóir a lamháil i leith díbhinn a d'íoc cuideachta an íoca le cuideachta na hinfheistíochta, agus chun críocha an ailt seo, ar leith ón bhfo-alt seo, measfar gur cáin sheachtrach a d'íoc cuideachta na hinfheistíochta an cháin sin, nó an chuid iomchuí di.

[EN]

(b) Beidh feidhm ag forálacha mhír 9 de Sceideal 10 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 (faoiseamh i leith cánach coigríche), chun a fhionnadh cad é an méid den cháin sheachtrach a d'íoc cuideachta an íoca a bheidh le cur i gcuntas i ndáil le haon díbhinn a d'íoc cuideachta an íoca le cuideachta na hinfheistíochta mar atá feidhm acu maidir le ríomh cánach coigríche a bheidh le cur i gcuntas chun críche na míre sin 9.

[EN]

(5) (a) Ní údaróidh aon ní san alt seo an oiread faoisimh a thabhairt faoin alt seo d'aon chuideachta i leith aon tréimhse cuntasaíochta is a dhéanfadh an méid iomlán (arna ríomh tar éis aon fhaoiseamh a asbhaint a mbeadh teideal ag an gcuideachta chuige sa chríoch sin) cánach corparáide agus cánach seachtraí is iníoctha ag an gcuideachta sin i leith aon chuid dá hioncam den chineál a thuairiscítear i bhfo-alt (3) (a) agus a d'eascair i gcríoch lena mbaineann an t-alt seo a laghdú síos faoi bhun méid na cánach corparáide ab iníoctha ag an gcuideachta i leith na coda sin dá hioncam dá mba sa Stát a d'eascair an chuid sin dá hioncam agus go mbeadh cáin chorparáide dlite ina leith i lámha chuideachta na hinfheistíochta.

[EN]

(b) Le linn an méid cánach corparáide ab iníoctha amhlaidh ag an gcuideachta i leith na coda sin dá hioncam dá mba sa Stát a d'eascair an chuid sin a bheith á ríomh chun críocha mhír (a)—

[EN]

(i) ní dhéanfar aon asbhaint i leith cánach coigríche as an gcuid sin dá hioncam, agus

[EN]

(ii) i gcás a ndéileálfar de bhun fho-alt (4) le cáin sheachtrach a d'íoc cuideachta an íoca mar cháin sheachtrach a d'íoc cuideachta na infheistíochta, measfar an chuid sin d'ioncam chuideachta na hinfheistíochta a bheith arna méadú méid na cánach seachtraí a ndéileálfar leis amhlaidh.

[EN]

(6) Tabharfar faoiseamh faoin alt seo mar chreidmheas in aghaidh cáin chorparáide is inmhuirearaithe faoi threoir na coda d'ioncam chuideachta na hinfheistíochta dá dtagraítear i bhfo-alt (3) (a).

[EN]

(7) (a) Déanfar aon éileamh ar fhaoiseamh faoin alt seo i scríbhinn chun an chigire tráth nach déanaí ná sé bliana ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta lena mbaineann sé.

[EN]

(b) Féadfar achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc maidir le haon cheist a éireoidh faoin alt seo sa dóigh chéanna ina ndéanfaí achomharc in aghaidh measúnacht cánach corparáide, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin leis na forálacha de na hAchtanna Cánach a bhaineann le hachomhairc.

[EN]

Aisghairm maidir le cáin ioncaim agus cáin bhrabús corparáide.

164.—Déantar leis seo gach achtachán a luaitear sa Tríú Sceideal a aisghairm an méid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin, faoi réir forálacha an Achta seo agus, go háirithe, faoi réir na forála atá déanta i ndeireadh gach Coda den Sceideal sin.

[EN]

Ní bhainfidh alt 38 den Acht Airgid, 1924, le cáin chorparáide.

165.—Ní bheidh éifeacht le halt 38 den Acht Airgid, 1924 (airgead a bheidh dlite a bhaint amach), i ndáil le cáin chorparáide.

[EN]

Leasuithe agus achomhairc a bhaineann le faoiseamh ó chánachas dúbailte.

166.—(1) Déanfar gach achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid I den Cheathrú Sceideal a leasú mar a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin agus beidh éifeacht leis, arna leasú amhlaidh, i ndáil le cáin chorparáide.

[EN]

(2) Déantar leis seo gach achtachán a luaitear i gCuid II den Cheathrú Sceideal a leasú an méid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.

[EN]

(3) Tá na leasuithe agus na hachomhairc i ngach Cuid den Cheathrú Sceideal faoi réir forálacha an Achta seo agus, go háirithe, faoi réir na forála atá déanta i ndeireadh na Coda sin.

[EN]

Creidmheasaí cánach iníoctha a ríomh i gcás a lam áiltear faoiseamh ó chánachas dúbailte.

167.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “an chuideachta” cuideachta a dhéanann dáileadh;

[EN]

ciallaíonn “dáileadh” dáileadh a bhfuil an faighteoir i dteideal creidmheasa cánach ina leith faoi alt 88;

[EN]

tá le “ioncam indáilte” an bhrí a thugtar dó le halt 64 (4) (dáiltí: faoiseamh i leith díolacháin onnmhairí);

[EN]

ciallaíonn “faoiseamh ó chánachas dúbailte” aon chreidmheas i leith aon cháin is iníoctha in aon chríoch lasmuigh den Stát agus is inlamhála in aghaidh cáin chorparáide na hÉireann de bhua aon chomhaontú idirnáisiúnta ag a bhfuil feidhm dlí, lena n-áirítear aon chreidmheas den sórt sin a bheidh, faoi alt 363 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (déileáil le díbhinní maidir le faoiseamh ó chánachas dúbailte i gcásanna áirithe), nó faoin alt seo, curtha i gcuntas i ndáil le haon dáileadh ab infhaighte ag an gcuideachta;

[EN]

ciallaíonn “cáin choigríche” cáin is iníoctha in aon chríoch lasmuigh den Stát agus ar inlamhála faoiseamh ó chánachas dúbailte ina leith;

[EN]

ciallaíonn “ioncam coigríche” ioncam ar iníoctha cáin choigríche ina leith;

[EN]

ciallaíonn “an creidmheas cánach Éireannach laghdaithe” an tsuim a bheidh ríofa faoi fho-alt (3).

[EN]

(2) (a) Chun críocha fho-alt (3), is é méid na cánach iomchuí i leith aon ioncaim méid arna chinneadh de réir na foirmle

(A - B) ×

 100

______

100 - C

[EN]

i gcás—

[EN]

arb é A an méid cánach corparáide is inmhuirearaithe i leith an ioncaim,

[EN]

arb é B cóimhéid na cánach ioncaim de réir an ráta chaighdeánaigh ar mhéid an ioncaim, agus arb é an ráta caighdeánach sin an ráta don bhliain mheasúnachta ina mbeidh deireadh leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí, agus

[EN]

arb é C an ráta caighdéanach faoin gcéad don bhliain mheasúnachta ina mbeidh deireadh leis an tréimhse chuntasaíochta iomchuí.

[EN]

(b) Chun críocha mhír (a), ciallaíonn an tréimhse chuntasaíochta iomchuí an tréimhse chuntasaíochta ar inmhuirearaithe cáin chorparáide ina haghaidh i leith an ioncaim.

[EN]

(c) D'ainneoin mhír (a) glacfar gur nialas an méid cánach iomchuí i leith aon mhéid d'ioncam infheistíochta frainceáilte a meastar de bhua fho-alt (4) gur ioncam coigríche é.

[EN]

(3) I gcás a ndéanfar dáileadh (is é sin, dáileadh a dhéantar, nó a meastar de bhua fho-alt (6) a bheith déanta, do thréimhse chuntasaíochta) go hiomlán nó go páirteach as ioncam coigríche, agus gur mó an cháin choigríche a bheidh íoctha i leith an ioncaim ná méid na cánach iomchuí i leith an ioncaim sin, déanfar aon íocaíocht creidmheasa cánach i leith an dáilte ionann is dá mba éard é an creidmheas cánach sin suim arna ríomh trí shuim a bhaint as méid an chreidmheasa cánach a mbeadh, ar leith ón alt seo, feidhm aige i leith an dáilte—

[EN]

(a) i gcás ar cóimhéid an dáileadh agus iomlán an ioncaim indáilte—is suim ar cóimhéid le breis na cánach coigríche ar an gcáin iomchuí i leith an ioncaim choigríche, agus

[EN]

(b) i gcás ar lú an dáileadh ná iomlán an ioncaim indáilte—is suim a mbeidh idir í agus an asbhaint a dhéanfaí dá mba chóimhéid an dáileadh agus iomlán an ioncaim indáilte an coibhneas céanna a bheidh idir an dáileadh agus iomlán an ioncaim indáilte.

[EN]

(4) I gcás a mbeidh dáileadh faighte ag an gcuideachta agus go ndéanfaí méid aon íocaíochta creidmheasa cánach leis an gcuideachta i leith an dáilte sin a chinneadh de réir an ailt sin dá mbeadh éileamh cuí déanta chuige sin, ansin, chun críocha fho-alt (3)—

[EN]

(a) measfar gur ioncam coigríche de chuid na tréimhse cuntasaíochta a fuarthas an dáileadh an méid ioncaim infheistíochta fhrainceáilte arb ionannas dó an dáileadh, agus

[EN]

(b) measfar gur cáin choigríche an d'íoc an chuideachta i leith an ioncaim sin an méid a bheidh de bhreis ag an gcreidmheas cánach i leith an dáilte ar an gcreidmheas cánach a bheadh, dá ndéanfaí éileamh cuí chuige sin, iníoctha leis an gcuideachta.

[EN]

(5) (a) I gcás ar íoc an chuideachta nó a measfar, faoi fho-alt (4), chun críocha fho-alt (3), gur íoc sí, cáin choigríche do thréimhse chuntasaíochta i leith ioncaim ó níos mó ná bunadh amháin, déanfar an asbhaint dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a ríomh ar leithligh i leith ioncaim ó gach bunadh agus déanfar na méideanna leithleacha arna ríomh amhlaidh a chomhshuimiú chun méid iomlán na hasbhainte ba chóir a dhéanamh a ríomh:

[EN]

(b) Chun críocha an fho-ailt seo—

[EN]

(i) measfar gur ioncam ó bhunadh ar leithligh an méid ioncaim infheistíochta fhrainceáilte arb ionannas dó gach dáileadh a fuair an chuideachta, agus

[EN]

(ii) i gcás cáin choigríche a bheith íoctha ag cuideachta i leith ioncam (nach ioncam infheistíochta frainceáilte a meastar faoi fho-alt (4) gur ioncam coigríche é) a d'eascair in dhá chríoch nó níos mó lasmuigh den Stát, measfar gur ioncam ó bhunadh ar leithligh an t-ioncam a d'eascair i ngach críoch díobh sin.

[EN]

(6) Beidh feidhm chun críocha an ailt seo ag forálacha fho-ailt (3), (5) agus (6) d'alt 64 (dáiltí: creidmheas cánach agus faoiseamh i leith díolacháin onnmhairí) mar atá feidhm acu chun críocha an ailt sin.

[EN]

(7) I gcás a bhfuil ar áireamh an ioncaim as ar tugadh dáileadh, nó a meastar de bhua fho-alt (6) dáileadh a bheith tugtha as, ioncam a ndearnadh an cháin ioncaim air a laghdú trí fhaoiseamh ó chánachas dúbailte a lamháil nó díbhinní lenar bhain forálacha alt 363 (2) (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, beidh an creidmheas cánach i leith an dáilte sin faoi réir cibé coigeartú is cuí chun críocha a íoca.

[EN]

(8) Chun críocha an ailt seo déanfar gach cionroinnt den sórt sin is gá.

[EN]

(9) I gcás a mbeidh an creidmheas cánach Éireannach laghdaithe le ríomh i ndáil le dáileadh, beidh, i dteannta na sonraí a cheanglaítear ar leith ón alt seo a thabhairt, ar na sonraí a thabharfaidh an chuideachta sa ráiteas a cheanglaítear le halt 5 (barántais díbhinne), sonraí ar an gcreidmheas cánach Éireannach laghdaithe.

[EN]

(10) I gcás dáileadh a bheith déanta roimh ordú lena mbaineann alt 361 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a bheith déanta ag an Rialtas, agus go mbeadh aon fhaoiseamh ó chánachas dúbailte le cur i gcuntas i ndáil leis an dáileadh sin dá mbeadh feidhm ag an alt seo ina leith, cuirfear an faoiseamh sin i gcuntas a mhéid is féidir le linn an creidmheas cánach Éireannach laghdaithe a bheith á chinneadh i ndáil leis an gcéad dáileadh ón gcuideachta tar éis an t-ordú a dhéanamh, agus aon chuid den fhaoiseamh nach féidir a chur i gcuntas amhlaidh cuirfear, a mhéid is féidir, i gcuntas í i ndáil leis an gcéad dáileadh comhleanúnach eile, agus mar sin de.

[EN]

(11) I gcás—

[EN]

(a) ar as ioncam arb ionannas dó dáileadh a íocadh íocaíocht bhliantúil go léir nó cuid di, agus

[EN]

(b) gur as ioncam coigríche a rinneadh an dáileadh sin ar fad nó cuid de,

[EN]

is é an creidmheas cánach í ndáil leis an dáileadh sin, d'ainneoin forálacha alt 88, cóimhéid an méid ab iníoctha, de bhua fho-alt (3) den alt seo, i ndáil leis an gcreidmheas cánach sin:

[EN]

Ar choinníoll nach ndéanfaidh aon ní san fho-alt seo difear don méid ioncaim a ndéileáiltear le dáileadh mar ionannas dó chun críocha Sceideal F.

[EN]

Forálacha forlíontacha maidir le creidmheas cánach Éireannach laghdaithe a chinneadh d'alt 167.

168.—(1) San alt seo tá le “an creidmheas cánach Éireannach laghdaithe”, “faoiseamh ó chánachas dúbailte”, “an chuideachta”, “ioncam indáilte” agus “dáileadh” na bríonna céanna atá leo in alt 167.

[EN]

(2) I gcás aon ábhar a bhainfidh le faoiseamh ó chánachas dúbailte a ríomh a bheith gan chinneadh go hiomlán an tráth a bheidh an creidmheas cánach Éireannach laghdaithe le cinneadh i ndáil le haon dáileadh, déanfar an faoiseamh ó chánachas dúbailte a mheas de réir na faisnéise is fearr a bheidh ar fáil an tráth sin, agus, má fhaightear amach dá éis sin go raibh an faoiseamh a measadh amhlaidh iomarcach nó easnamhach, déanfar an coigeartú iomchuí le linn an creidmheas cánach Éireannach laghdaithe a chinneadh is infheidhmithe ar an gcéad dáileadh dá éis sin ar féidir an coigeartú a dhéanamh lena linn agus déanfar é tríd an bhfaoiseamh ó chánachas dúbailte, arna ríomh chun críocha an chéad dáileadh dá éis sin a dúradh, a laghdú, nó, de réir mar a bheidh, a mhéadú, méid na breise nó an easnaimh.

[EN]

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar maidir le dáileadh nach bhfuil sé sainráite é a bheith déanta i leith aon tréimhse sonraithe é a bheith déanta i leith na tréimhse cuntais is deireanaí de chuid na cuideachta a chríochnaigh sula ndearnadh an dáileadh.

[EN]

(4) I gcás a ndearna cuideachta, nó a meastar faoi fho-alt (3) go ndearna cuideachta, dáileadh i leith tréimhse cuntasaíochta, measfar chun críocha an ailt seo agus alt 167 go ndearnadh an dáileadh as ioncam indáilte na tréimhse sin go feadh méid an ioncaim sin agus i ndáil leis an mbreis a bhí ag na dáiltí sin thar an ioncam sin, as an ioncam is deireanaí a carnaíodh.

[EN]

(5) Beidh éifeacht leis an alt seo agus le halt 167 ionann is dá bhfolódh tagairtí sna hailt sin d'fhaoiseamh ó chánachas dúbailte tagairtí d'fhaoiseamh a tugadh faoi alt 163.

[EN]

Teorainneacha le hasbhaintí i leith úis.

169.—I gcás a mbeadh, ar leith ón alt seo, teideal ag cuideachta chun asbhaintí—

[EN]

(a) maidir le hús faoi fhorálacha mhír 1 (2) de Chuid III de Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967 (forálacha chun éifeacht a thabhairt do chomhaontuithe chun cánachas dúbailte a sheachaint i gcás na Ríochta Aontaithe), agus

[EN]

(b) maidir le muirir ar ioncam is íocaíochtaí úis lena mbaineann forálacha alt 10 (6),

[EN]

ní bheidh méid comhiomlán na n-asbhaintí a fhéadfar a dhéanamh faoi na forálacha sin níos mó ná an méid a shonraítear in alt 10 (6).

[EN]

Ríchíosanna paitinne: forálacha mar fhorlíonadh ar alt 34 den Acht Airgeadais, 1973.

170.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “ioncam neamháirithe”—

[EN]

(a) ioncam nach ndearnadh, de bhua alt 34 (2) den Acht Airgeadais, 1973 (ioncam ó ríchíosanna paitinne), é a áireamh chun críocha cánach ioncaim, agus

[EN]

(b) ioncam nach ndearnadh, de bhua alt 34 (2) den Acht Airgeadais, 1973, agus alt 11 (6), é a áireamh chun críocha cánach corparáide;

[EN]

folaíonn “brabúis eile” díbhinn nó dáileadh eile de chuid cuideachta a chónaíonn sa Stát ach ní fholaíonn sé dáileadh lena mbaineann fo-alt (3) (a) (ii).

[EN]

(2) I gcás a ndéanfaidh cuideachta dáileadh do thréimhse chuntasaíochta go páirteach as ioncam neamháirithe agus go páirteach as brabúis eile, déileálfar leis an dáileadh ionann is dá mba dhá dháileadh é a rinneadh faoi seach as ioncam neamháirithe agus as brabúis eile.

[EN]

(3) (a) An méid sin d'aon dáileadh a rinneadh as ioncam neamháirithe—

[EN]

(i) ní mheasfar gur ioncam é chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim; agus

[EN]

(ii) measfar, chun críocha an ailt seo, i gcás ar cuideachta faighteoir an dáilte sin, gur ioncam neamháirithe é.

[EN]

(b) Ní bheidh faighteoir aon dáilte, lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fho-alt (2) mar dháileadh, a dhéanfar as ioncam neamháirithe i dteideal creidmheasa cánach maidir leis an dáileadh sin.

[EN]

(4) (a) I gcás a ndéanfaidh cuideachta dáileadh, lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fho-alt (2) mar dháileadh, maidir le haon cheart nó oibleagáid lena mbaineann alt 178 (díbhinní de réir ráta chomhláin nó de mhéid comhlán) agus gur as ioncam neamháirithe a dhéanfar an dáileadh, déanfaidh an chuideachta dáileadh forlíontach ar cóimhéid leis an gcreidmheas cánach a mbeadh feidhm aige maidir leis an dáileadh dá mba nach n-achtófaí fo-alt (3) (b).

[EN]

(b) Bainfidh fo-alt (3) le dáileadh forlíontach faoin bhfo-alt seo ionann is dá mba dháileadh a rinneadh go hiomlán as ioncam neamháirithe an dáileadh forlíontach sin.

[EN]

(5) I ndáil le haon dáileadh (nach dáileadh forlíontach faoin alt seo), lena n-áirítear cuid de dháileadh a ndéileáiltear léi faoi fho-alt (2) mar dháileadh, a dhéanfaidh cuideachta as ioncam neamháirithe, bainfidh ailt 5 agus 83 (5) (Sceideal F) leis an gcuideachta ionas go dtaispeánfaidh na ráitis dá bhforáiltear leis na hailt sin, maidir le gach dáileadh den sórt sin, i dteannta na sonraí a cheanglaítear a thabhairt ar leith ón alt seo, gur as ioncam neamháirithe an dáileadh.

[EN]

(6) I ndáil le haon dáileadh forlíontach faoi fho-alt (4), bainfidh alt 5 leis an gcuideachta ionas go dtaispeánfaidh an ráiteas a cheanglaítear leis an alt sin, i dteannta na sonraí a cheanglaítear a thabhairt ar leith ón alt seo, méid leithleach an dáilte fhorlíontaigh sin.

[EN]

(7) I gcás a ndéanfaidh cuideachta dáileadh do thréimhse chuntasaíochta, déileálfar leis an dáileadh chun críocha an ailt seo mar dháileadh a rinneadh as ioncam indáilte (mar a shainítear in alt 64 (4)) na tréimhse sin go feadh méid an ioncaim sin agus, i ndáil leis an mbreis a bhí ag na dáiltí ar an ioncam sin, as an ioncam is deireanaí a carnaíodh.

[EN]

(8) Beidh feidhm ag forálacha fho-ailt (5) agus (6) d'alt 64 chun críocha an ailt seo mar atá feidhm acu chun críocha an ailt sin.

[EN]

Forléiriú ar thagairtí do cháin ioncaim arna híoc trí asbhaint agus do aisíoc.

171.—Sna hAchtanna Cánach déanfar, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

[EN]

(a) tagairtí do cháin ioncaim arna híoc ag duine trí asbhaint a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do chreidmheas cánach a bhfuil teideal aige chuige, agus

[EN]

(b) tagairtí do cháin ioncaim a aisíoc a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do chreidmheas cánach a íoc.

[EN]

Leanúnachas roghanna.

172.—(1) I gcás a ndearna cuideachta, roimh an mbliain 1976-77, chun críocha cánach ioncaim, aon rogha nó aon bheart eile de chineál—

[EN]

(a) a mbeadh éifeacht leanúnach leis maidir le cáin ioncaim don bhliain sin;

[EN]

(b) a fhéadfar a dhéanamh freisin maidir le cáin chorparáide;

[EN]

ansin, beidh an rogha nó an beart sin bailí agus éifeachtúil maidir le cáin chorparáide ionann is dá mba i leith na cánach sin a rinneadh go cuí é, agus beidh éifeacht leis ó thosach na chéad tréimhse cuntasaíochta á mbeidh an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide ina leith i ndáil leis an ábhar áirithe.

[EN]

(2) Dá réir sin, i gcás a gceanglaítear aon rogha nó beart den sórt sin a dhéanamh tráth áirithe, má cheanglaítear in aon chor é, ní ghlacfar, mura léir a mhalairt d'intinn, go ndéanann aon fhoráil de chuid an Achta seo a leasaíonn an t-achtachán faoina ndearnadh é d'fhonn tráth eile a shonrú i ndáil le cáin chorparáide (trí thagairt don chéad tréimhse chuntasaíochta a chur in ionad tagairt don chéad bhliain mheasúnachta inar tharla aon ní, nó ar dhóigh eile) aon rogha nó beart a rinneadh go cuí a chur ó bhailíocht, ná, i gcás an t-am a bheith caite chun é a dhéanamh, chun an t-am a shíneadh i ndáil le cáin chorparáide; ach ní chealóidh aon ní san alt seo aon cheart chun cúlghairm nó athrú a dhéanamh.

CUID XVI

Coigilteas, Athruithe, etc.

[EN]

Cáin chorparáide do thosú i gcás cuideachtaí láithreacha, agus athrú ó cháin ioncaim.

173.—(1) Cuideachta nach bhfuil laistigh de réim cánach ioncaim don bhliain 1975-76 maidir le bunadh ioncaim, ní thiocfaidh sí laistigh de réim cánach corparáide maidir leis an mbunadh sin d'aon tréimhse roimh dheireadh na bliana sin, agus chun na críche sin measfar nach raibh cuideachta faoi réim cánach ioncaim don bhliain 1975-76 má bhí teideal aici don bhliain sin, faoi chomhaontuithe idir an Rialtas agus Rialtas na Ríochta Aontaithe maidir le cáin ioncaim dhúbailte, chun díolúine ó cháin ioncaim maidir le brabúis nó ioncam a d'eascair sa Stát.

[EN]

(2) I gcás cuideachta a bheith laistigh de réim cánach ioncaim don bhliain 1975-76 maidir le bunadh ioncaim, ní thiocfaidh an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide i leith an bhunaidh sin d'aon tréimhse roimh dheireadh na bliana sin, mura mbeidh an muirear cánach ioncaim don bhliain sin le fionnadh faoi threoir tréimhse a chríochnóidh roimh dheireadh na bliana sin agus go mbeidh an bunadh i seilbh na cuideachta i ndeireadh na bliana sin, ach sa chás sin beidh sí laistigh de réim cánach corparáide maidir leis an mbunadh sin ó dheireadh na bonn-tréimhse do cháin ioncaim don bhliain sin nó, más déanaí ná sin é, ó dheireadh na bonn-tréimhse don bhliain 1974-75.

[EN]

(3) Aon tagairt san alt seo don bhonn-tréimhse don bhliain 197475 nó 1975-76, is tagairt í, i ndáil le haon bhunadh ioncaim, don tréimhse a mbeidh an cháin ioncaim (más ann) is inmhuirearaithe ar a hioncam don bhliain sin le ríomh go críochnaitheach maidir leis an mbunadh nó, i gcás é a bheith le meas, de bhua aon fhorála de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim, gurb é ioncam aon tréimhse eile ioncam na tréimhse sin, don tréimhse eile sin.

[EN]

(4) I gcás cuideachta a bheith laistigh de réim cánach ioncaim maidir le trádáil an 5ú lá d'Aibreán, 1976, agus go leanfaidh sí ag seoladh na trádála tar éis an dáta sin, ní bheidh feidhm ag alt 12 (2) (ilrialacha speisialta chun ioncam a ríomh) le go measfaí go raibh buanscortha den trádáil agus trádáil nua bunaithe agus tosaithe an tráth a tháinig an chuideachta i gcéaduair laistigh de réim cánach corparáide i leith na trádála sin.

[EN]

(5) Más rud é, i gcás trádáil a sheolann cuideachta, gurb í an bhliain 1974-75 nó an bhliain 1975-76 an dara bliain eile tar éis na bliana measúnachta a bunaíodh agus a tosaíodh an trádáil agus go ndéanfaidh an chuideachta éileamh faoi alt 58 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (foras measúnachta), glacfar gurb é an 5ú lá d'Aibreán, 1975, deireadh na bonn-tréimhse do cháin ioncaim chun críche fho-alt (2) más 1974-75 an bhliain éilimh, agus gurb é an 5ú lá d'Aibreán, 1976, é más 1975-76 an bhliain éilimh.

[EN]

(6) Ní bheidh feidhm ag alt 58 (5) (a) (ii) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, arna leasú le halt 3 den Acht Airgeadais, 1971 (tréimhse ríofa brabúis ar bhuanscor de thrádáil), i ndáil le cáin ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta ar bhuanscor, tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1976, de thrádáil a sheolann cuideachta; ná ní bheidh feidhm ag alt 77 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (bonn measúnachta faoi Chás III de Sceideal D), ná ag alt 81 (3) (b) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a cuireadh isteach mar alt ionaid le halt 22 den Acht Airgeadais, 1969 (bonn measúnachta faoi Chás V de Sceideal D), i gcás cuideachta i ndáil le cáin ioncaim don bhliain 1975-76, murab í an bhliain sin an bhliain deiridh a mbeidh an bunadh i seilbh na cuideachta.

[EN]

Cáin bhrabús corparáide a fhoirceannadh.

174.—(1) Ní áireofar chun críocha cánach brabús corparáide d'aon tréimhse chuntasaíochta brabúis a mbeidh cuideachta laistigh de réim cánach corparáide ina leith, ná na suimeanna go léir ab inasbhainte le linn aon bhrabúis den sórt sin a bheith á ríomh chun críocha cánach brabús corparáide (a mhéid is inasbhainte iad freisin le linn brabúis eile a bheith á ríomh chun na gcríocha sin) agus is inasbhainte i leith cánach corparáide, ach amháin i gcás gan an chuideachta sin a bheith laistigh de réim cánach corparáide ach i leith na mbrabús do chuid den tréimhse chuntasaíochta, go mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo i ndáil leis an gcuid sin, agus déanfar a shamhail de chionroinnt idir an chuid sin agus an t-iarmhar, ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh an dá chuid.

[EN]

(2) Ní bheidh éifeacht le halt 69 (6) den Acht Airgeadais, 1959 (a dhéanann socrú chun liúntais agus muirir chaipitiúla a thabhairt agus a dhéanamh i gcás gnóthaí nach inchurtha faoi cháin ioncaim), chun asbhaintí nó breisithe a dhéanamh faoi threoir na tréimhse tar éis na bliana 1975-76.

[EN]

(3) I gcás a mbeadh, ar leith ón bhforáil seo, cáin bhrabús corparáide inmhuirearaithe de réir an ailt seo ar bhrabúis ó aon trádáil nó gnó, féadfaidh an chuideachta inmhuirearaithe, trí fógra i scríbhinn a thabharfar do na Coimisinéirí Ioncaim roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó laistigh de cibé tréimhse is faide ná sin a cheadóidh na Comisinéirí Ioncaim in aon chás áirithe, a roghnú nach mbeidh éifeacht leis an alt seo, ach amháin fo-alt (2) de, i ndáil leis an gcuideachta sin:

[EN]

Ar choinníoll go measfar, i gcás rogha a bheith déanta faoin bhfo-alt seo i ndáil le haon tréimhse chuntasaíochta, go ndearnadh na méideanna go léir a d'fhéadfaí, faoi alt 25 den Acht Airgeadais, 1964 (faoiseamh i leith caillteanas áirithe), a bhaint as brabúis thrádáil nó ghnó na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin, nó a fhritháireamh in aghaidh na mbrabús sin, arna ríomh ar neamhaird leis an bhfo-alt seo, a asbhaint nó a fhritháireamh amhlaidh agus nach gcuirfear san áireamh iad le linn aon easnamh iomchuí a bheith á ríomh chun críocha alt 184.

[EN]

Caillteanais cháin ghnóchan caipitiúil a d'fhaibhrigh roimh 6 Aibreán, 1976.

175.—Aon chaillteanais de chuid cuideachta is inlámhála in aghaidh gnóchan inmhuirearaithe chun críocha cánach gnóchan caipitiúil i leith na bliana measúnachta 1974-75 nó 1975-76, déileálfar leo, a mhéid nach féidir iad a lámháil in aghaidh gnóchan inmhuirearaithe chun críocha na cánach sin, chun críocha cánach corparáide ionann is dá mba chaillteanais inlamhála iad a d'fhaibhrigh chuig an gcuideachta le linn di bheith laistigh de réim cánach corparáide.

[EN]

Faoiseamh eatramhach do chuideachtaí láithreacha ar scor de thradáil, etc.

176.—(1) I gcás cuideachta a bheith, maidir le haon bhunadh ioncaim, laistigh de réim cánach corparáide faoi aon chás iomchuí de Sceideal D i gcaitheamh na bliana 1975-76 agus go scoirfidh sí den bhunadh sin a shealbhú tráth ar bith idir an bhliain sin agus an bhliain 1981-82, ansin, faoi réir forálacha an ailt seo, beidh an chuideachta i dteideal faoisimh ó cháin i leith aon mhéid a mbeadh, dá mba go raibh scortha ag an gcuideachta an 5ú lá d'Aibreán, 1976, den bhunadh a shealbhú, an t-ioncam cánaithe ón mbunadh le linn na tréimhse scoir níos lú ná an t-ioncam cánaithe iarbhír i gcaitheamh na tréimhse sin.

[EN]

(2) Is é an faoiseamh faoin alt seo liúntas ar cóimhéid le cibé acu seo a leanas is lú—

[EN]

(a) an méid dá dtagraítear i bhfo-alt (1); agus

[EN]

(b) cóimhéid an chodáin iomchuí den ioncam cánaithe ón mbunadh i gcaitheamh tréimhse ar comhfad leis an tréimhse scoir ach dar críoch tráth an chuideachta scor den bhunadh a shealbhú:

[EN]

Ar choinníoll, más sa bhliain 1978-79 a scoireann an chuideachta den bhunadh a shealbhú, go laghdófar an liúntas ceathrú, más sa bhliain 1979-80 é go laghdófar leath é, agus más sa bhlian 1980-81 é go laghdófar trí cheathrú é.

[EN]

(3) I gcás cuideachta a bheith i dteideal liúntais faoin alt seo maidir le haon bhunadh ioncaim, ansin chun críche aon dliteanas cánach corparáide nó cánach ioncaim a bheidh ar an gcuideachta (ach ní chun aon chríche eile) déileálfar leis an méid ioncaim a d'eascair chuig an gcuideachta ón mbunadh mar mhéid arna laghdú méid an liúntais (agus an laghdú a dhéanamh, a mhéid is féidir é, ar an ioncam a d'eascair i dtréimhsí cuntasaíochta a bhfuil an chuideachta inchurtha faoi cháin chorparáide ina n-aghaidh maidir leis an mbunadh agus, faoina réir sin, ar an ioncam is inchurtha faoi cháin ioncaim roimh an mbliain 1976-77, agus an laghdú sin a dhéanamh, a mhéid is féidir é, ar ioncam tréimhse nó bliana níos déanaí in ionad é a dhéanamh ar ioncam tréimhse nó bliana níos luaithe) agus tabharfar faoiseamh faoin alt seo i dtosaíocht ar aon fhaoiseamh eile.

[EN]

(4) Chun críocha de chuid an ailt seo ciallaíonn “ioncam cánaithe”, i ndáil le haon bhunadh, an méid den ioncam a bheidh le háireamh i measúnachtaí chun cáin ioncaim nó cáin chorparáide a mhuirearú ar an gcuideachta i leith an bhunaidh.

[EN]

(5) Chun críocha de chuid an ailt seo, is iad na Cásanna iomchuí de Sceideal D Cásanna I, II, III agus V; agus i ndáil le haon bhunadh ioncaim—

[EN]

(a) ciallíonn “an tréimhse scoir” an tréimhse ina bhféadfaí measúnachtaí cánach ioncaim a athrú i gcás a raibh scortha ag an gcuideachta an 5ú lá d'Aibreán, 1976, den bhunadh a shealbhú (agus dá réir sin is tréimhse trí bliana í do Chásanna I agus II agus dhá bhliain do Chásanna III agus V); agus

[EN]

(b) ciallaíonn “an codán iomchuí” an codán sin den tréimhse scoir atá tar éis an ama a bheidh an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide den chéad uair maidir leis an mbunadh (agus dá réir sin is leath an codán sin do Chásanna III agus V).

[EN]

(6)  (a)   (i) Ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, na tagairtí san alt seo do chuideachta scor de bhunadh ioncaim a shealbhú folóidh siad, i ndáil le trádáil, an chuideachta scor, maidir leis an trádáil, de bheith faoi réim cánach corparáide faoi Chás I nó II de Sceideal D; agus na tagairtí do chuideachta ag seoladh trádála nó aon choda de thrádáil nó aon ghníomhaíochtaí trádála, is tagairtí iad don chuideachta á dhéanamh sin in imthosca a thugann di bheith laistigh de réim cánach amhlaidh.

[EN]

(ii) Chun críocha de chuid an ailt seo glacfar gur trí bliana an tréimhse scoir i ndáil le trádáil, d'ainneoin gur giorra ná trí bliana roimh an mbliain 1976-77 a bhí an trádáil á seoladh; ach i gcás an codán iomchuí (is é sin le rá an codán iomchuí faoi fho-alt (2) (b)) a bheith le feidhmiú maidir le hioncam ó thrádáil ar ghiorra ná trí bliana a bhí sí á seoladh ag an gcuideachta, méadófar an codán iomchuí ar aon-choibhneas leis an gcoibhneas idir tréimhse trí bliana agus an tréimhse níos giorra a dúradh.

[EN]

(iii) Chun críocha de chuid an ailt seo, beidh feidhm ag alt 173 (7) i ndáil leis an tréimhse go léir tar éis an trádáil a bhunú agus a thosú mar atá feidhm aige, chun críocha eile a bhaineann le cáin chorparáide, ó dheireadh na bonn-tréimhse don bhliain 1975-76, ach déanfar (d'ainneoin aon ní in alt 173 (7)) aon liúntas don chuideachta maidir leis an trádáil, a thabhairt, a mhéid nach féidir é a thabhairt don chuideachta, do réamhtheachtaí na cuideachta.

[EN]

(b) (i) Bainfidh na fomhíreanna seo a leanas le hioncam cuideachta ó thrádáil a ríomh chun críocha an ailt seo.

[EN]

(ii) Ní thabharfar aird ar aon liúntas ná muirear a bheidh le tabhairt nó le gearradh le linn cáin a mhuirearú ar an trádáil.

[EN]

(iii) Le linn bheith á chinneadh cé mhéad a bheadh san ioncam cánaithe ón trádáil dá mba go raibh scortha ag an gcuideachta den trádáil a shealbhú mar bhunadh ioncaim i ndeireadh na bliana 1975-76, déanfar an ríomh, más gá sin, trí ioncam do thréimhsí cuntasaíochta, lena n-áirítear aon tréimhse a shín thar dheireadh na bliana sin, a roinnt agus a chionroinnt nó a chomhiomlánú, agus sin ar neamhaird le hoibriú aon achtachán a dhéanfadh difear don ríomh ar scor iarbhír den trádáil ach amháin alt 58 (5) (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus alt 3 den Acht Airgeadais, 1971.

[EN]

(iv) I gcás a mbeidh an t-ioncam cánaithe dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (cibé acu is é an t-ioncam iarbhír nó an t-ioncam amhail ar scor é) le fionnadh i bpáirt faoi threoir tréimhse inar thabhaigh an chuideachta caillteanas sa trádáil, fionnfar an t-ioncam sin ionann is dá mba nach raibh aon chaillteanas den sórt sin (ná aon ioncam) sa tréimhse sin; ach le linn an t-ioncam cánaithe d'aon tréimhse a bheith á fhionnadh chun críocha fho-alt (2) (b) déanfar caillteanais a tabhaíodh sa tréimhse sin agus aon chuid de chaillteanas is inchionroinnte i leith na tréimhse sin a bhaint as ioncam.

[EN]

(c)   (i) Má leanann cuideachta, ar scor di tráth ar bith de thrádáil a shealbhú mar bunadh ioncaim, d'aon chuid de ghníomhaíochtaí na trádála a sheoladh mar ghníomhaíochtaí de chuid trádála eile, beidh an chuideachta ó theideal, amhail an tráth sin, chun na coda sin den liúntas i leith na trádála chéadluaite is inchurtha i leith na ngníomhaíochtaí sin.

[EN]

(ii) I gcás a dtarlóidh laistigh de dhá bhliain tar éis an tráth a scoirfidh cuideachta de thrádáil a shealbhú mar bhunadh ioncaim—

[EN]

(I) go mbeidh an trádáil nó aon chuid di á seoladh ag an gcuideachta nó ag cuideachta chomhlachaithe; nó

[EN]

(II) go mbeidh gníomhaíochtaí na trádála nó cuid díobh á seoladh ag cuideachta chomhlachaitha mar ghníomhaíochtaí de chuid trádála eile;

[EN]

beidh an chuideachta ó theideal, amhail an tráth sin, chun an liúntais i leith na trádála chéadluaite:

[EN]

Ar choinníoll, i gcás feidhm a bheith ag an bhfomhír seo ar an aon-chúis go bhfuil cuid den trádáil nó cuid dá gníomhaíochtaí á seoladh ag cuideachta chomhlachaithe, nach mbeidh an chuideachta ó theideal amhlaidh ach amháin chun na coda sin den liúntas is inchurtha i leith na coda sin den trádáil nó de na gníomhaíochtaí.

[EN]

(iii) I gcás a scoirfidh cuideachta aon tráth de bheith ag seoladh cuid de thrádáil, agus laistigh de dhá bhliain tar éis an trátha sin go mbeidh an chuid sin den trádáil nó a gníomhaíochtaí á seoladh ag cuideachta chomhlachaithe mar thrádáil dá cuid nó mar chuid dá trádáil, measfar an chuideachta a bheith, amhail ón tráth sin, ó theideal chun na coda sin d'aon liúntas i leith na trádála is inchurtha i leith na coda sin den trádáil nó i leith na ngníomhaíochtaí sin.

[EN]

(iv) Más rud é, mar gheall ar chuideachta bheith ag seoladh trádála nó coda de thrádáil, nó bheith ag seoladh aon ghníomhaíochtaí i gcúrsa trádála, go dtiocfaidh an chuideachta sin nó cuideachta eile chun bheith ó theideal chun liúntais nó chun coda de liúntas, rachaidh an liúntas in astú, nó fanfaidh sé in astú, sa trádáil sin (cibé acu a bhí nó nach raibh an trádáil sin á seoladh sa bhliain 1975-76 nó chor ar bith ag an gcuideachta sin).

[EN]

(v) Más rud é faoi fhomhír (iv) go rachaidh liúntas nó cuid de liúntas i leith trádála in astú i dtrádáil eile, déileálfar chun gach críche leis an liúntas nó leis an gcuid sin den liúntas, ach amháin maidir le méid, mar liúntas i leith na trádála, ach ní dhéanfar difear don méid ach amháin mar a leanas—

[EN]

(I) feidhmeofar an codán iomchuí ar an ioncam cánaithe ón trádáil eile sin, agus bainfidh an coinníoll a ghabhann le fo-alt (2) leis an trádáil eile sin; agus

[EN]

(II) ní rachaidh méid comhiomlán na liúntas a bheidh le tabhairt maidir leis an trádáil ar chuideachta scor dá sealbhú mar bhunadh ioncaim, má bhíonn níos mó ná liúntas amháin den sórt sin ann, thar an méid a shonraítear le fo-alt (2) (b) maidir leis an gceann sin de na liúntais ag a bhfuil an codán iomchuí is mó.

[EN]

(vi) Chun críocha de chuid na míre seo, déanfar an chuid de liúntas is inchurtha i leith aon choda de thrádáil nó i leith aon ghníomhaíochtaí de chuid trádála a chinneadh, i ndáil le teagmhas a tharla tráth ar bith, trí mhéid an liúntais a ghlacadh (mar a dhéanfaí ar an gcuideachta scor an tráth sin den trádáil a shealbhú mar bhunadh ioncaim) agus an méid sin a chionroinnt idir an chuid sin nó na gníomhaíochtaí sin den trádáil agus an t-iarmhar, de réir an choibhneasa ina mbeidh ioncam cánaithe na cuideachta ón trádáil inchurtha ina leith i gcaitheamh na tréimhse trí bliana a chríochnaigh tráth an teagmhais sin (nó aon tréimhse ba ghiorra ná sin a bhí an chuideachta ag seoladh na trádála), nó, mura mbeidh aon ioncam cánaithe den sórt sin ann, ansin, trína chionroinnt i cibé slí eile is cóir sna himthosca; ach chun an chuid den liúntas a chinneadh a bheidh in astú i dtrádáil tar éis an teagmhais sin glacfar méid an liúntais ar neamhaird le mír (b) d'fho-alt (2) ná leis an gcoinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin.

[EN]

(vii) I gcás cuideachta teacht faoin mír seo chun bheith ó theideal chun liúntais nó coda de liúntas tar éis an liúntas nó an chuid sin de a bheith tugtha di nó do chuideachta eile, déanfar an liúntas nó an chuid a tugadh amhlaidh a tharraingt siar a mhéid is gá chun éifeacht a thabhairt don mhír seo.

[EN]

(viii) Chun críocha de chuid na míre seo, measfar maidir le cuideachta gur “cuideachta chomhlachaithe” de chuid chuideachta eile í tráth áirithe má bhíonn an tráth sin, nó tráth ar bith laistigh de bhliain roimh an tráth sin nó laistigh de dhá bhliain tar éis an trátha sin, rialú ag ceann den dá chuideachta ar an gcuideachta eile nó an dá chuideachta díobh faoi rialú an duine chéanna nó na ndaoine céanna (agus an bhrí chéanna le “rialú” chun na críche sin atá leis in alt 102).

[EN]

(7) Déanfar cibé coigeartú is gá ar dhliteanas aon duine i leith cánach corparáide nó cánach ioncaim, trí aisíoc cánach nó trí mheasúnacht nó ar shlí eile, is gá chun éifeacht a thabhairt don alt seo, agus féadfar aon choigeartú den sórt a dhéanamh tráth ar bith nach déanaí ná deich mbliana tar éis an teagmhais ba bhun leis an gcoigeartú.

[EN]

Faoiseamh ó cháin chorparáide ar ús ar iasachtaí áirithe.

177.—(1) I gcás a mbeidh, chun críocha cánach corparáide, ar áireamh ioncaim cuideachta do thréimhse chuntasaíochta ús is iníoctha an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis, i leith buan-iasachta, beidh an chuideachta i dteideal, ar éileamh a dhéanamh go cuí, go ndéanfar a dliteanas cánach corparáide don tréimhse chuntasaíochta a laghdú mar a fhoráiltear le fo-alt (3).

[EN]

(2) Chun críocha an ailt seo, ciallaíonn “buan-iasacht” iasacht de bhuan-ghné a tugadh faoi chomhaontú a rinneadh roimh an 27ú lá de Shamhain, 1975, agus atá, faoin gcomhaontú—

[EN]

(a) urraithe le morgáiste nó bintiúr nó eile ar shócmhainní nó ioncam cuideachta, agus

[EN]

(b) más faoi réir a haisíoca di faoi réir a haisíoca ar fhógra trí mhí ar a laghad a thabhairt:

[EN]

Ar choinníoll nach measfar gur buan-iasacht chun críocha an ailt seo iasacht más rud é go bhféadfaí, faoi théarmaí an chomhaontaithe iasachta, ráta úis nó coinniollacha eile na hiasachta a athrú le linn ré na hiasachta.

[EN]

(3) Déanfar an laghdú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a chinneadh de réir alt 184 (3), ar leith ón gcoinníoll, ionann is dá mba easnamh iomchuí, de réir brí fho-alt (1) den alt sin, an t-ús.

[EN]

(4) I gcás, le linn an laghdú dá bhforáiltear le fo-alt (3) a bheith á ríomh, gurb é an méid iomchuí mar a chinnfear é de réir alt 184 (3) (a) (ii) ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta déanfar an bhreis a bheidh ag ús den sórt a luaitear i bhfo-alt (1) don tréimhse chuntasaíochta ar an ioncam sin a chomhiomlánú, chun críocha an ailt seo, le méid aon úis den sórt sin don chéad tréimhse chuntasaíochta chomhleanúnach eile agus lamhálfar faoiseamh don tréimhse sin maidir leis an méid comhiomlánaithe; agus más mó an méid comhiomlánaithe sin ná ioncam na tréimhse sin tabharfar an bhreis ar aghaidh go dtí an tréimhse chuntasaíochta díreach tar éis na tréimhse sin agus mar sin de.

[EN]

(5) Déanfar éileamh faoin alt seo chun an chigire laistigh de dhá bhliain ó dheireadh na tréimhse cuntasaíochta.

[EN]

Díbhínní agus dáiltí eile de réir ráta chomhláin nó de mhéid comhlán.

178.—(1) I gcás aon cheart nó oibleagáid a bunaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, a bheith sloinnte faoi threoir díbhinne de réir ráta chomhláin nó de mhéid comhlán, glacfaidh an ceart nó ag an oibleagáid sin éifeacht i ndáil le díbhinn is iníoctha ar an dáta sin nó dá éis ionann is dá mba shloinneadh faoi threoir díbhinne é de mhéid arna chinneadh de réir na foirmle

D

A × D

_____

100

[EN]

is gcás—

[EN]

arb é A an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain 1976-77, agus

[EN]

arb é D cóimhéid díbhinn de réir an ráta chomhláin sin nó den méid comhlán sin.

[EN]

(2) Bainfidh fo-alt (1), modhnaithe mar is gá, le díbhinn go páirteach de réir ráta chomhláin nó de mhéid comhlán agus bainfidh sé le haon dáileadh seachas díbhinn mar a bhaineann sé le díbhinn

[EN]

Caillteanais a fhritháireamh in aghaidh ioncaim infheistíochta fhrainceáilte.

179.—(1) San alt seo ciallaíonn “tréimhse leathrasnach” tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta a bhfuil an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide ina leith maidir le bunadh ioncaim agus dar tosach dáta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, agus dar críoch dáta tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1976.

[EN]

(2) I gcás maidir le tréimhse chuntasaíochta—

[EN]

(a) is tréimhse chuntasaíochta a bhfuil an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide ina leith maidir le bunadh ioncaim agus dar críoch dáta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó

[EN]

(b) is tréimhse leathrasnach,

[EN]

agus dáileadh a bheith faighte sa tréimhse chuntasaíochta sin, agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, ag an gcuideachta ó chuideachta a chónaíonn sa Stát (seachas dáileadh a meastar faoi Chuid IX gur ar an 6ú lá d'Aibreán, 1976, a rinneadh é), féadfaidh an chuideachta éileamh a dhéanamh don tréimhse chuntasaíochta sin faoi alt 25 (caillteanais etc. a fhritháireamh in aghaidh ioncaim infhelstíochta fhrainceáilte) nó faoi alt 26 (caillteanas a tugadh ar aghaidh nó caillteanas foirceannaidh a fhritháireamh in aghaidh ioncaim infheistíochta fhrainceáilte i gcás gnólachtaí airgeadais) ionann is dá mba éard iad na tagairtí sna hailt sin d'ioncam infheistíochta frainceáilte agus d'íoc creidmheasa cánach tagairtí, faoi seach, do dhíbhinní a fuarthas faoi asbhaint cánach ioncaim agus aisíoc cánach ioncaim:

[EN]

Ar choinníoll, maidir le haon cháin ioncaim is inaisíoctha de bhua an ailt seo, gur cáin ioncaim í in ionad, agus nach cáin ioncaim í i dteannta, aon mhéid cánach ioncaim is inaisíoctha de bhua foráil éigin eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim i leith an ioncaim chéanna.

[EN]

(3) Bainfidh alt 25 (5), modhnaithe mar is gá, le haon aisíoc cánach ioncaim a thabharfar do chuideachta faoin alt seo, mar a bhaineann sé le creidmheas cánach a ghnóthú.

[EN]

Formhuirearú ar dhlúthchuideachtaí a thosú.

180.—(1) Ní bheidh éifeacht le hailt 101 agus 162 (formhuirir ar dhlúthchuideachtaí) maidir le haon tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta ar roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, di.

[EN]

(2) Maidir le hioncam a d'eascair chuig cuideachta an 5ú lá d'Aibreán, 1976, nó roimhe, leanfaidh Caibidil II de Chuid XXXVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967, d'éifeacht a bheith léi, agus folóidh an t-ioncam de chuid cuideachta a bheidh le cur i gcuntas faoin gCaibidil sin ioncam is inchurtha faoi cháin chorparáide.

[EN]

(3) I gcás cuid de thréimhse chuntais nó de thréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta a bheith sa bhliain 1975-76 agus cuid sa bhliain 1976-77 déileálfar, chun críocha na Caibidle sin II, nó, de réir mar a bheidh, chun críocha ailt 101 agus 162, leis an dá chuid mar thréimhsí cuntasaíochta ar leithligh agus déanfar aon díbhinní d'aon tréimhse chuntais nó tréimhse chuntasaíochta den sórt sin a chionroinnt de réir an choibhneasa idir ioncam na coda sa bhliain 1975-76, arna ríomh mar a dhéantar maidir leis an gCaibidil sin II (ach lúide cáin ioncaim de réir an ráta chaighdeánaigh nó de réir an ráta sin arna laghdú faoi threoir aon fhaoisimh a tugadh don chuideachta) agus an t-ioncam indáilte don chuid sa bhliain 1976-77.

[EN]

Faoiseamh cánach ioncaim maidir le caillteanais a tabhaíodh i 197475 agus i 1975-76.

181.—(1) I gcás a n-éileoidh cuideachta faoiseamh faoi alt 307 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (ceart chun aisíoc cánach faoi threoir caillteanas), don bhliain 1974-75 nó don bliain 1975-76, ní dhéanfar difear don cheist i dtaobh ar thabhaigh an chuideachta caillteanas i dtrádáil an bhliain sin, ná d'aon cheist i dtaobh méid aon chaillteanais a tabhaíodh amhlaidh, an chuideachta a bheith laistigh de réim cánach corparáide i leith na trádála don bhliain sin go léir nó do chuid di, ach déanfar, chun críocha cánach corparáide, méid an chaillteanais a tabhaíodh sa trádáil i dtréimhse chuntasaíochta a bhí go hiomlán nó go páirteach laistigh den bhliain sin a laghdú cóimhéid an chaillteanais a cuireadh, i ndáil leis an tréimhse chuntasaíochta sin, i gcuntas le linn méid an chaillteanais ar lamháladh faoiseamh ina leith faoin alt sin 307 a bheith á chinneadh.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag alt 318 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (rogha chun a mheas go gcruthaíonn nó go méadaíonn liúntais chaipitiúla caillteanas), i ndáil le héileamh ó chuideachta faoi alt 307 den Acht sin don bhliain 1975-76 agus chun críocha an ailt sin 318, arna fheidhmiú leis an bhfo-alt seo, déileálfar leis an gcuideachta i gcás nach í an bhliain 1975-76 an bhonn-bhliain don bhliain féin, ar an mbonn—

[EN]

(a) nach raibh feidhm ag alt 1 (2) (cáin chorparáide a fheidhmiú i gcás cuideachtaí) i ndáil leis an trádáil áirithe, agus

[EN]

(b) gurbh í an tréimhse a mbeadh cáin ioncaim don bhliain 1976-77 le ríomh go críochnaitheach ar a brabúis nó a gnóchain an dá mhí dhéag dar tosach an tráth a tháinig an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide i leith na trádála,

[EN]

agus féadfar faoiseamh faoin alt sin 318 a thabhairt dá réir sin faoi threoir an méid arbh é, ar an mbonn sin, liúntais chaipitiúla na cuideachta é don bhliain 1976-77 chun críocha cánach ioncaim.

[EN]

(3) Déanfar an méid iomlán liúntas i leith caiteachas caipitiúil a bheidh faoi alt 14 (asbhaint agus breisiú i ndáil le liúntais chaipitiúla agus muirir) le háireamh mar chaiteachais trádála de chuid trádála do na tréimhsí cuntasaíochta iomchuí a mbeidh an chuideachta laistigh de réim cánach chorparáide ina leith maidir leis an trádáil a laghdú cóimhéid na liúntas caipitiúil a asbhainfear, de bhua fho-alt (2) den alt seo, le linn méid an chaillteanais a lamháiltear faoiseamh ina leith faoi alt 307 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a bheith á chinneadh; agus na tréimhsí cuntasaíochta iomchuí is tréimhsí cuntasaíochta iad go hiomlán nó go páirteach laistigh den bhliain 197576, agus an laghdú a dhéanamh i dtréimhse chuntasaíochta níos luaithe in ionad é a dhéanamh i dtréimhse chuntasaíochta níos déanaí.

[EN]

(4) Chun críocha de chuid an ailt seo folaíonn “trádáil” gairm nó fostaíocht, áitiú tailte chun críocha feirmeoireachta amháin agus áitiú talamh coille a bhainistítear ar fhoras tráchtála agus d'fhonn brabúis a dhéanamh.

[EN]

Faoiseamh maidir le caillteanais neamhfhaoisimh agus liúntais chaipitiúla a tugadh ar aghaidh ón mbliain 1975-76.

182.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “méid iomchuí”, i ndáil le cuideachta, comhiomlán na méideanna seo a leanas—

[EN]

(a) cibé cuid d'aon chaillteanas, lena n-áirítear aon mhéid atá le háireamh mar chaillteanas faoi alt 316 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (méid measúnachta faoi alt 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a lamháil mar chaillteanas chun críocha áirithe), a thabhaigh an chuideachta i dtrádáil roimh an dáta a tháinig an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide i leith na trádála agus a d'fhéadfaí, mura mbeadh an tAcht seo, a thabhairt ar aghaidh go dtí an bhliain 1976-77 faoi alt 309 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (ceart chun caillteanais a thabhairt ar aghaidh go blianta todhchaí), agus

[EN]

(b) cibé cuid d'aon liúntas caipitiúil a raibh an chuideachta a sheolann an trádáil ina theideal le linn brabúis nó gnóchain na trádála do bhlianta roimh an mbliain 197677 a bheith á muirearú agus nár tugadh éifeacht dóibh ar mhodh faoisimh roimh an mbliain sin;

[EN]

ciallaíonn “cáin chorparáide iomchuí” do thréimhse chuntasaíochta an cháin chorparáide is inmhuirearaithe, ar leith ó alt 58 (foras faoisimh ó cháin chorparáide do bhrabúis onnmhairí), ó alt 184 agus ón alt seo, don tréimhse chuntasaíochta, gan an cháin chorparáide a muirearaiodh ar ghnóchain inmhuirearaithe na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta a áireamh.

[EN]

(2) Lamhálfar faoiseamh, mar a fhoráiltear i bhfo-alt (3), maidir le méid iomchuí in aghaidh cáin chorparáide is iníoctha ag an gcuideachta agus tabharfar an faoiseamh sin a mhéid is féidir é ón gcáin is iníoctha don chéad tréimhse chuntasaíochta a mbeidh an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide ina leith maidir leis an trádáil agus, a mhéid nach féidir é a thabhairt amhlaidh, ón gcáin is iníoctha don chéad tréimhse chuntasaíochta eile, agus mar sin de.

[EN]

(3) Is é an faoiseamh do thréimhse chuntasaíochta méid arna ríomh trí ráta is ionann agus an ráta caighdeánach don bhliain mheasúnachta inar chríochnaigh an bhliain chuntasaíochta a fheidhmiú ar an gcuid sin den méid iomchuí nár lamháladh faoiseamh ó cháin ina leith:

[EN]

Ar choinníoll—

[EN]

(a) nach mó an méid a bhfeidhmeofar an ráta sin air ná an méid ioncaim ón trádáil a bheidh ar áireamh brabús inmhuirearaithe don tréimhse chuntasaíochta arna laghdú an méid, más aon mhéid é, a bheidh ar áireamh i muirir ar ioncam a d'íoc an chuideachta sa tréimhse chuntasíocta maidir le híocaíochtaí a íocadh go hiomlán agus go heisiatach chun críocha na trádála;

[EN]

(b) i gcás a ndéanfar an cháin chorparáide is iníoctha ag an gcuideachta do thréimhse chuntasaíochta a laghdú de bhua éilimh faoi Chuid IV (Brabúis ó Earraí Airithe a Onnmhairiú), go ndéanfar an faoiseamh a bheidh le tabhairt faoin alt seo i leith na tréimhse cuntasaíochta a laghdú ar aon-choibhneas leis an laghdú a dhéanfar amhlaidh ar an gcáin chorparáide is iníoctha ag an gcuideachta i leith na tréimhse cuntasaíochta a mhéid is inchurtha í i leith an ioncaim ón trádáil; agus gurb í an cháin chorparáide is inchurtha i leith an ioncaim ón trádáil méid is ionann agus an coibhneas céanna den cháin chorparáide iomchuí don tréimhse chuntasaíochta agus a bheidh idir an t-ioncam ón trádáil don tréimhse chuntasaíochta agus méid iomlán an ioncaim a cuireadh faoi mhuirear cánach corparáide;

[EN]

(c) go measfar, chun críocha alt 64 (dáiltí as brabúis onnmhairí), gur laghdú ar an méid faoisimh a lamháladh faoi alt 58 an méid de laghdú a rinneadh do thréimhse chuntas aíochta faoi mhír (b) den choinníoll seo.

[EN]

(4) Ní lamhálfar faoiseamh faoin alt seo in aghaidh cáin chor paráide is iníoctha ag cuideachta a bhí, de bhua comhaontuithe idir an Rialtas agus Rialtas na Ríochta Aontaithe maidir le cáin ioncaim dhúbailte, i dteideal díolúine ó cháin ioncaim don bhliain 1975-76 maidir le hioncam a d'eascair sa Stát.

[EN]

Faoiseamh maidir le caillteanais nó easnaimh lena mbaineann Cás IV nó V de Sceideal D.

183.—I gcás cuideachta a bheith i dteideal faoisimh faoi alt 89 (faoiseamh faoi Chás V i leith caillteanas) nó faoi alt 310 (faoiseamh faoi Chás IV i leith caillteanas) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó go mbeadh sí i dteideal faoisimh faoin alt sin 310 dá mba nach n-achtófaí alt 237 (5) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, don bhliain 1975-76 nó do bhliain mheasúnachta níos luaithe i leith caillteanas lena mbaineann Cás IV de Sceideal D nó i leith easnamh nó anbharr easnamh lena mbaineann Cás V de Sceideal D, mar aon le haon liúntais chaipitiúla chomhlachaithe i ngach cás, agus toisc nach bhféadfaí mar gheall ar neamhdhóthanacht ioncaim den chineál áirithe faoiseamh a thabhairt go hiomlán don chuideachta faoi na hailt sin in aghaidh aon bhliana de na blianta measúnachta sin, déileálfar leis an méid neamhfhaoisimh caillteanais, leis an easnamh nó leis an anbharr easnamh (mar aon le haon liúntais chaipitiúla chomhlachaithe neamhfaoisimh), de réir mar a bheidh, ionann is dá mba chaillteanas é i dtrádáil a bhí á seoladh ag an gcuideachta agus, má éilíonn an chuideachta é, féadfar faoiseamh a thabhairt ina leith faoi alt 182 in aghaidh a shamhail d'ioncam de chuid na cuideachta laistigh de réim cánach corparáide ionann is dá mba ioncam ón trádáil chéanna an t-ioncam sin agus beidh feidhm dá réir sin ag alt 182, modhnaithe mar is gá:

[EN]

Ar choinníoll—

[EN]

(a) nach dtabharfar faoiseamh faoin alt seo i leith caillteanas lena mbaineann Cás IV de Sceideal D, mar aon le haon liúntais chaipitiúla chomhlachaithe, ach amháin in aghaidh ioncam de chuid na cuideachta is inchurtha faoi cháin chorparáide faoi Chás IV de Sceideal D, agus mar an gcéanna nach dtabharfar faoiseamh i leith easnamh ná i leith anbharr easnamh lena mbaineann Cás V de Sceideal D, mar aon le haon liúntais chaipitiúla chomhlachaithe, ach amháin in aghaidh ioncam de chuid na cuideachta is inchurtha faoi cháin chorparáide faoi Chás V de Sceideal D; agus

[EN]

(b) go n-áireofar nach easnamh ná caillteanas chun críocha an ailt seo an oiread sin d'aon easnamh nó an oiread sin d'aon mhéid a ndéileáiltear leis mar chaillteanas nach bhféadfaí faoi alt 62 den Acht Airgeadais, 1974 (cánachas ar chíosanna: srian i leith cíosa agus úis áirithe), a thabhairt ar aghaidh ná a fhritháireamh in aghaidh brabús nó gnóchan chun críocha cánach ioncaim dá leanfadh an cháin sin de bheith ann.

[EN]

Faoiseamh i leith caillteanas cánach brabús corparáide.

184.—(1) San alt seo, faoi réir an choinníll a ghabhann le halt 174 (3), ciallaíonn “easnamh iomchuí”, i ndáil le cuideachta, comhiomlán na méideanna seo a leanas—

[EN]

(a) iomlán na méideanna a d'fhéadfaí (ar an mbonn, chun críocha cánach brabús corparáide, gur chríochnaigh tréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta an 5ú lá d'Aibreán, 1976, agus gur thosaigh tréimhse chuntasaíochta nua an 6ú lá d'Aibreán, 1976, agus nár aisghaireadh na hachtacháin i ndáil le cáin bhrabús corparáide a luaitear sa Tríú Sceideal), faoi alt 25 den Acht Airgeadais, 1964, a bhaint as brabúis, nó a fhritháireamh in aghaidh brabús, gnó na cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1976; agus

[EN]

(b) iomlán na méideanna a dhéanfar, faoi alt 181 (1) (3), caillteanais agus liúntais i leith caiteachas caipitiúil a laghdú chun críocha cánach corparáide:

[EN]

Ar choinníoll nach gcuirfear i gcuntas chun críocha mhír (a) aon chaillteanas ná aon anbharr easnamh thar bharrachais a bheadh, dá mba bhrabús nó anbharr barrachas thar easnaimh an caillteanas nó an t-anbharr sin, inchurtha faoi cháin chorparáide ar an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta.

[EN]

(2) Lamhálfar faoiseamh, mar a fhoráiltear i bhfo-alt (3), maidir le heasnamh iomchuí in aghaidh cáin chorparáide is iníoctha ag an gcuideachta agus tabharfar an faoiseamh sin a mhéid is féidir é as an gcáin is iníoctha don chéad tréimhse chuntasaíochta a mbeidh an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide ina leith, agus, a mhéid nach féidir an faoiseamh sin a thabhairt amhlaidh, tabharfar é as an gcáin is iníoctha don chéad tréimhse chuntasaíochta eile, agus mar sin de:

[EN]

Ar choinníoll nach lamhálfar faoiseamh in aghaidh cáin chorparáide is iníoctha d'aon tréimhse chuntasaíochta in aghaidh na mbrabús sin dá cuid nach bhféadfaí (dá mba nach n-achtófaí an tAcht seo agus nach n-aisghairfí na hachtacháin i ndáil le cáin bhrabús corparáide dá dtagraítear sa Tríú Sceideal) caillteanas a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, a fhritháireamh ina n-aghaidh faoi alt 25 den Acht Airgeadais, 1964.

[EN]

(3) (a) Chun críocha an fho-ailt seo—

[EN]

(i) is é ioncam cuideachta do thréimhse chuntasaíochta a hioncam ar ar muirearaíodh cáin chorparáide don tréimhse sin mar a shainítear in alt 28 (8) (dliteanas cuideachtaí beaga i leith cánach corparáide a laghdú),

[EN]

(ii) is é an méid iomchuí an ceann is lú de mhéid an easnaimh iomchuí nár lamháladh faoiseamh ina leith agus méid ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta.

[EN]

(b) Is é an faoiseamh do thréimhse chuntasaíochta méid arna chinneadh de réir na foirmle A - B

[EN]

i gcás—

[EN]

arb é A an bhreis a bheidh ag méid na cánach corparáide is inmhuirearaithe, ar leith ón alt seo, ó alt 58 (foras faoisimh ó cháin chorparáide do bhrabúis onnmhairí) agus ó alt 182, don tréimhse chuntasaíochta thar mhéid arna ríomh trí ráta is ionann agus an ráta caighdeánach don bhliain mheasúnachta inar chríochnaigh an tréimhse chuntasaíochta a fheidhmiú ar mhéid ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta, agus

[EN]

arb é B an bhreis a bheidh ag méid na cánach corparáide ab inmhuirearaithe, ar leith ó ailt 58, 182 agus ón alt seo, don tréimhse chuntasaíochta dá ndéanfaí méid ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta a laghdú an méid iomchuí thar mhéid arna ríomh trí ráta is ionann agus an ráta caighdeánach don bhliain mheasúnachta inar chríochnaigh an tréimhse chuntasaíochta a fheidhmiú ar mhéid ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta arna laghdú an méid iomchuí:

[EN]

Ar choinníoll—

[EN]

(i) i gcás a ndéanfar an cháin chorparáide is iníoctha ag cuideachta do thréimhse chuntasaíochta a laghdú de bhua éilimh faoi alt 58 (1), go ndéanfar an méid faoisimh a bheidh le lamháil faoi na forálacha sin roimhe seo den alt seo a laghdú sa choibhneas atá idir an cháin chorparáide is inchurtha i leith an ioncaim is inchurtha síos don bhreis dá dtagraítear in alt 58 (1) (c) agus an cháin chorparáide iomchuí;

[EN]

(ii) i gcás a ndéanfar an cháin chorparáide is iníoctha ag cuideachta do thréimhse chuntasaíochta a laghdú de bhua éilimh faoi alt 58 (3), go ndéanfar an méid faoisimh a bheidh le lamháil faoi na forálacha sin roimhe seo den alt seo a laghdú sa choibhneas atá idir an cháin chorparáide is inchurtha i leith an ioncaim ó dhíol earraí a onnmhairíodh agus an cháin chorparáide iomchuí; agus

[EN]

(iii) go measfar, chun críocha alt 64, maidir le méid laghdú a dhéanfar do thréimhse chuntasaíochta faoi mhír (i) nó (ii) den choinníoll seo, gur laghdú é ar an méid faoisimh a lamháiltear faoi alt 58.

[EN]

Chun críocha an choinníll seo tá le “cáin chorparáide is inchurtha i leith an ioncaim is inchurtha síos don bhreis”, le “cáin chorparáide is inchurtha i leith an ioncaim ó dhíol earraí a onnmhairíodh” agus le “cáin chorparáide iomchuí” na bríonna a shanntar dóibh in alt 58.

[EN]

(4) Ní bhainfidh fo-ailt (2) agus (3) le cuideachta a bhí, de bhua comhaontuithe idir an Rialtas agus Rialtas na Ríochta Aontaithe maidir le cáin ioncaim dhúbailte, i dteideal díolúine ó cháin ioncaim don bhliain 1975-76 i leith ioncaim a d'eascair sa Stát ach i gcás den sórt sin déanfar an t-easnamh iomchuí a fhritháireamh in aghaidh ioncam a thiocfaidh laistigh de réim cánach corparáide don tréimhse chuntasaíochta dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1976, agus a mhéid nach féidir an t-easnamh iomchuí a fhritháireamh amhlaidh déanfar é a fhritháireamh in aghaidh ioncam a thiocfaidh laistigh de réim cánach corparáide don chéad tréimhse chuntasaíochta chomhleanúnach eile agus mar sin de:

[EN]

Ar choinníoll nach ndéanfar easnamh iomchuí a fhritháireamh in aghaidh ioncam a d'eascair in aon tréimhse chuntasaíochta nach bhféadfaí (dá mba nach n-achtófaí an tAcht seo agus nach n-aisghairfí na hachtacháin i ndáil le cáin bhrabús corparáide a luaitear sa Tríú Sceideal) caillteanas a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, a fhritháireamh in aghaidh a brabús faoi alt 25 den Acht Airgeadais, 1964.

[EN]

Caillteanais fhoirceannaidh.

185.—I gcás cuideachta a bheidh ag seoladh trádála an 6ú lá d'Aibreán, 1976, scor dá seoladh laistigh de cheithre bliana tar éis di teacht faoi réim cánach corparáide ina leith, beidh feidhm ag alt 18 (faoiseamh i leith caillteanais fhoirceannaidh i dtrádáil), modhnaithe mar is gá, ionas go bhféadfar faoiseamh a thabhairt faoin alt sin in aghaidh cánach ioncaim do bhlianta measúnachta roimh 1976-77 a mhéid nach féidir faoiseamh a thabhairt in aghaidh cánach corparáide, ach sin sa dóigh—

[EN]

(a) i gcás a dtabharfar faoiseamh in aghaidh cánach ioncaim, go mbeidh feidhm ag alt 313 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (méid brabús nó gnóchan chun críocha faoisimh i leith caillteanais fhoirceannaidh), mar atá feidhm aige i ndáil leis an bhfaoiseamh comhréire faoi alt 311 (faoiseamh i leith caillteanais fhoirceannaidh) den Acht sin; agus

[EN]

(b) i gcás arb é is éifeacht d'alt 18 de bhua an ailt seo brabúis aon tréimhse a laghdú agus go ndearnadh cáin ioncaim do bhreis agus bliain mheasúnachta amháin a ríomh go hiomlán nó go páirteach faoi threoir na mbrabús sin, go ndéanfar cibé coigeartú is gá chun nach dtabharfar faoiseamh níos mó ná uair amháin.

[EN]

Faoiseamh eatramhach maidir le híocaíochtaí agus costais bhainistí áirithe.

186.—Beidh éifeacht le forálacha an Chúigiú Sceideal chun faoiseamh eatramhach a thabhairt maidir le híocaíochtaí agus costais bhainistí áirithe.

[EN]

Cáin bhrabús corparáide a aisíoc.

187.—I gcás a mbeidh, tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1976, aon mhéid aisíoctha le haon chuideachta is méid a d'íoc sí roimhe sin ar mhodh cánach brabús corparáide agus a ndearnadh asbhaint ina leith nó i leith coda de le linn brabúis nó gnóchain a bheith á ríomh chun críocha cánach ioncaim, déileálfar leis an méid a aisíocadh, a mhéid a asbhaineadh amhlaidh é, mar ioncam de chuid na tréimhse cuntasaíochta ina bhfuarthas an aisíocaíocht agus déanfar, d'ainneoin forálacha alt 1 (cáin chorparáide a fheidhmiú i gcás cuideachtaí), cáin chorparáide a mhuirearú air de réir ráta is ionann agus an ráta caighdeánach don bhliain mheasúnachta inar chríochnaigh an tréimhse chuntasaíochta.

[EN]

Gearrtheideal agus forléiriú.

188.—(1) Féadfar an tAcht Cánach Corparáide, 1976, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Déanfar an tAcht seo, a mhéid bhaineann sé le cáin ioncaim, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim, agus déanfar, a mhéid a bhaineann sé le cáin ghnóchan caipitiúil, é a fhorléiriú i dteannta an Achta um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975.

AN CHEAD SCEIDEAL

Oiriúnú ar an gCóras Liúntas Caipitiúil

Alt 21

1. (1) Beidh éifeacht le forálacha na míre seo chun léiriú a dhéanamh ar an Sceideal seo, ar na Codanna agus na hailt a leasaítear dá réir agus ar aon fhorálacha eile de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le liúntais a thabhairt nó muirir a ghearradh faoi réim nó de réir na gCodanna nó na n-alt sin.

(2) Ciallaíonn “tréimhse inmhuirearaithe” tréimhse chuntasaíochta cuideachta nó bliain mheasúnachta; agus

(a) tagairt do “tréimhse inmhuirearaithe nó a bonn-tréimhse” is tagairt í don tréimhse inmhuirearaithe más tréimhse chuntasaíochta í agus don bhonn-tréimhse di más bliain mheasúnachta í;

(b) tagairt do “tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann le” caiteachas, nó díolachán nó teagmhas eile, is tagairt í don tréimhse inmhuirearaithe ina dtoibhítear, nó don tréimhse inmhuirearaithe sa bhonn-tréimhse dá dtoibhítear, an caiteachas nó ina dtarlaíonn an díolachán nó an teagmhas eile, agus is í an chiall deiridh sin atá leis más rud é, agus amháin más rud é, gur bliain mheasúnachta an tréimhse inmhuirearaithe.

(3) Ciallaíonn “cáin”, d'ainneoin an mhínithe atá in alt 1 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, i gcás nach sonraítear cáin chorparáide ná cáin ioncaim, ceachtar de na cánacha sin, agus déanfar tagairtí do cháin do thréimhse inmhuirearaithe a fhorléiriú, i ndáil le cáin chorparáide, mar thagairtí don cháin d'aon bhliain airgeadais is inmhuirearaithe i leith na tréimhse sin.

(4) Tagairt do liúntais a thabhairt nó do mhuirir a ghearradh le linn cáin a bheith á gearradh ar thrádáil is tagairt í d'iad a thabhairt nó a ghearradh le linn an t-ioncam trádála a bheith á ríomh le haghaidh cánach corparáide nó le linn cáin ioncaim a bheith á muirearú ar bhrabúis nó ar ghnóchain na trádála.

(5) I gcás a bhforáiltear go dtabharfar liúntais síos-scríota i leith aon chaiteachais le linn tréimhse síos-scríofa d'fhad sonraithe, déanfar liúntas ar cóimhéid leis an gcódan iomchuí den chaiteachas a thabhairt in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe a bhfuil a hiomlán nó cuid di sa tréimhse síos-scríofa; agus, faoi réir aon fhoráil dá mhalairt, is é an codán iomchuí cibé codán den tréimhse síos-scríofa atá sa tréimhse inmhuirearaithe:

Ar choinníoll nach rachaidh méid comhiomlán na liúntas a thabharfar do na daoine céanna nó do dhaoine éagsúla, mar aon le méid aon liúntais tosaigh (ach gan aon liúntas infheistíochta a áireamh), thar mhéid an chaiteachais.

(6) Más go páirteach do bhlianta measúnachta roimh an mbliain 1976-77 an tagairt—

(a) folaíonn “liúntas síos-scríofa” liúntas bliantúil, agus

(b) folaíonn liúntas i ngeall ar chaitheamh agus cuimilt innealra nó gléasra laghdú i ngeall ar chaitheamh agus cuimilt innealra nó gléasra,

de réir na céille a bhí, sa chomhthéacs, leis na habairtí sin díreach roimh thosach feidhme an Achta seo.

(7) I gcás a bhforálann aon achtachán dá dtagraítear i bhfomhír (1) go mbeidh méid aon liúntais síos-scríofa nó aon liúntas i ngeall ar chaitheamh agus cuimilt innealra nó gléasra le cinneadh mar chodán nó céatadán, arna shonrú go huimhriúil, d'aon chaiteachas nó suim eile, nó faoi threoir céatadán, arna chinneadh, nó a mheastar a bheith arna chinneadh, do thréimhse inmhuirearaithe bliana, ansin, i gcás tréimhse inmhuirearaithe is lú ná bliain, déanfar an codán nó an céatadán a laghdú go comhréireach.

2. Ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, aon tagairt atá, in aon fhoráil de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim nach dtagraítear di i mír 1 (1), do liúntas nó do mhuirear in aghaidh bliana measúnachta faoi fhoráil dá dtagraítear i mír 1 (1), folóidh sí a shamhail de liúntas nó de mhuirear in aghaidh tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta, agus déanfar aon tagairt do liúntas a thabhairt nó do mhuirear a ghearradh le linn brabúis nó gnóchain trádála a bheith á muirearú a fhorléiriú mar thagairt dá thabhairt nó dá ghearradh le linn trádáil a bheith á cur faoi cháin.

3. Aon fhorálacha de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim a measfar nó nach measfar dá mbua chun críocha Chodanna XIII, XIV, XV, XVI, XVII agus XVIII den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le liúntais a thabhairt nó le muirir a ghearradh faoi réim nó de réir na gCodanna sin, trádáil a bheith buanscortha nó trádáil nua a bheith bunaithe agus tosaithe beidh an fheidhm chéanna acu i gcás trádáil a meastar sin ina taobh de bhua aon fhorála den Acht seo.

4. Ní bheidh éifeacht i ndáil le cáin ioncaim don bhliain 1975-76 nó d'aon bhliain mheasúnachta níos luaithe leis na leasuithe a dhéan tar leis an Sceideal seo ach amháin a mhéid a dhéanann a n-oibriú difear di i ndáil le cáin chorparáide; ach aon ríomh a bheidh le déanamh chun críocha cánach ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta den sórt sin leanfaidh sé, i gcás inar gá sin, as ríomh arna dhéanamh de réir na leasuithe sin.

5. (1) I ndáil leis an athrú ó cháin ioncaim go cáin chorparáide i gcás cuideachtaí, na hachtacháin a leasaítear leis an Sceideal seo agus aon fhoráil eile de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann leis an gcéanna, beidh éifeacht leo, faoi réir cibé modhnuithe is gá, le leanúnachas an chórais liúntas agus muirear fúthu a chaomhnú, sa dóigh go háirithe—

(a) go mbeidh le tagairtí do thréimhse inmhuirearaithe roimh ré nó do thréimhse inmhuirearaithe iardain, nó do thráth roimh thréimhse inmhuirearaithe, nó do thráth tar éis tréimhse inmhuirearaithe, éifeacht i ndáil le cuideachta ionann is dá mba gur tháinig an bhliain 1975-76 nó bliain mheasúnachta níos luaithe roimh chéadtréimhse chuntasaíochta na cuideachta sin i ndáil le cáin chorparáide;

(b) más rud é, i gcás teagmhas do bhunú aon liúntais nó muirir mar theagmhas a tharla i dtréimhse inmhuirearaithe, go ndéanfar teagmhas a tharla sa bhliain 1974-75 nó sa bhliain 1975-76 tráth a thit freisin i dtréimhse chuntasaíochta cuideachta le haghaidh cánach corparáide a chur i gcuntas mar theagmhas a tharla an bhliain sin agus nach gcuirfear i gcuntas arís é, ar shlí a dhúblódh an liúntas nó an muirear, mar theagmhas a tharla sa tréimhse chuntasaíochta.

(2) I gcás a bhforáiltear go mbeidh liúntais síos-scríofa le tabhairt i leith tréimhse sonraithe, féadfar liúntais a thabhairt i leith tréimhsí cuntasaíochta cuideachta a bhí, go hiomlán nó go páirteach, sa bhliain 1974-75 nó sa bhliain 1975-76, d'ainneoin liúntais a thabhairt freisin i leith na bliana sin agus, le linn an tréimhse a mbeidh liúntais le tabhairt ina leith a bheith á ríomh, déanfar na tréimhsí a dtabharfar liúntais amhlaidh ina leith a shuimiú le chéile, d'ainneoin an t-am céanna (de réir an fhéilire) a chomhaireamh faoi dhó.

(3) Faoi réir fhomhír (2), ní ghlacfar go gcuireann an mhír seo faoi deara aon am a chomhaireamh faoi dhó le linn fad a bheith á ríomh.

6. In ionad alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“241.—(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, i gcás ar thabhaigh duine a sheolann trádáil in aon tréimhse inmhuirearaithe caiteachas caipitiúil ag soláthar innealra nó gléasra chun críocha na trádála, tabharfar liúntas dó in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt aon chuid den innealra nó den ghléasra dá chuid féin atá in úsáid chun críocha na trádála i ndeireadh na tréimhse inmhuirearaithe sin nó a bonn-thréimhse agus is é méid an liúntais suim ar cóimhéid le cúig cheathrú den méid a mheasfaidh na Coimisinéirí Achomhairc a bheith cóir réasúnach, mar ionannas don luach laghdaithe de bhíthin caitheamh agus cuimilt an innealra nó an ghléasra sin in imeacht na tréimhse inmhuirearaithe, agus tabharfar an liúntas sin le linn an trádáil a bheith á cur faoi cháin:

Ar choinníoll, i gcás a seolann duine trádáil arb éard í nó ar a n-áirítear oibriú mianaigh nó cairéil nó bruithniú méine, gurb é liúntas a thabharfar faoin bhfo-alt seo, má roghnaíonn an duine amhlaidh, maidir le hinnealra nó gléasra dá chuid a úsáidtear i ndáil le hoibriú an mhianaigh nó an chairéil nó le bruithniú na méine, cibé suim a mheastar a bheith cóir réasúnach ag féachaint don tréimhse is dóigh a scoirfear, ar dheireadh a bheith léi, den mhianach nó den chairéal a oibriú nó de mhian a bhruithniú agus don luach is dóigh is fiú an t-innealra nó an gléasra, ar dheireadh a bheith leis an tréimhse sin, don duine a sheolann an trádáil:

Ar choinníoll freisin go ndéanfar an liúntas a thabharfar faoin bhfo-alt seo—

(a) i leith feithicil atá oiriúnach chun daoine nó earraí a iompar de bhóthar nó chun feithiclí eile a tharraingt ar bóthar, nó

(b) de bhua rogha faoin gcéad choinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt seo,

a ríomh ionann is dá scriosfaí “cúig cheathrú den” san fho-alt seo.

(2) I gcás ina mbeidh innealra nó gléasra ligthe chun an duine a sheolann an trádáil, ar théarmaí é a bheith faoi cheangal an céanna a chothabháil agus a sheachadadh ar ais faoi dhea-bhail ar dheireadh a bheith leis an léas, agus ar choinníoll gur airsean go díreach a thitfidh ualach caithimh agus cuimilte an innealra nó an ghléasra, ansin, chun críocha an ailt seo, measfar an caiteachas caipitiúil ar an innealra nó an gléasra a sholáthar a bheith tabhaithe ag an duine sin agus measfar gur leis-sean an t-innealra nó an gléasra.

(3) i gcás nach féidir lán-éifeacht a thabhairt d'aon liúntas den sórt sin aon bhliain áirithe toisc gan aon bhrabúis ná aon ghnóchain a bheith inmhuirearaithe in aghaidh na bliana sin, nó toisc gur lú ná an liúntas na brabúis nó na gnóchain is inmhuirearaithe, ansin, chun an mheasúnacht a dhéanamh don bhliain ina dhiaidh sin, déanfar an liúntas nó an chuid den liúntas nár tugadh éifeacht dó, de réir mar a bheidh, a chur le méid an liúntais chaithimh agus chuimilte don bhliain sin, agus measfar gur cuid den liúntas sin é, nó, i gcás gan aon liúntas den sórt sin a bheith ann don bhliain sin, measfar gurb é an liúntas don bhliain sin é agus mar sin de maidir le blianta ina dhiaidh sin.

(4) Déanfar aon éileamh i leith an liúntais réamhráite a chur sa ráiteas bliantúil is gá a sheachadadh faoin Acht seo ar bhrabúis nó gnóchain na trádála ar úsáideadh an t-innealra nó an gléasra lena haghaidh.

(5) I gcás a mbeidh innealra nó gléasra ligthe ar théarmaí gur díreach ar an léasóir a thitfidh ualach a chaithimh agus a chuimilte, beidh sé i dteideal, ar éileamh a dhéanamh chun an chigire laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh na tréimhse inmhuirearaithe, liúntas a fháil mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt an innealra nó an ghléasra ar cóimhéid leis an méid a thabharfaí dá mbeadh an t-innealra nó an gléasra á úsáid i gcaitheamh tréimhse an ligin chun críocha trádála a bhí á seoladh aige.

(6) Ní dhéanfar aon liúntas caithimh agus cuimilte, ná aon aisíocaíocht mar gheall ar aon liúntas den sórt sin, a thabhairt in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe más rud é go dtabharfaidh an liúntas, ar é a bheith curtha leo seo a leanas—

(a) na liúntais mar gheall air sin, agus

(b) aon liúntais tosaigh i ndáil leis an innealra nó an gléasra faoi Chaibidil I de Chuid XV,

a tugadh in aghaidh aon tréimhsí inmhuirearaithe roimhe sin don duine ag a raibh an trádáil á seoladh, go mbeidh méid comhiomlán na liúntas níos mó ná costas iarbhír an innealra nó an ghléasra ar an duine sin, agus aon chaiteachas a áireamh ar an gcostas iarbhír sin is caiteachas de ghné caiteachais chaipitiúil ar an innealra nó ar an ngléasra ar mhodh athnuachana, feabhsaithe nó athshuímh.

(7) I gcás a mbeidh liúntas le tabhairt do dhuine ar bith mar ní is ionannas do luach laghdaithe de bhíthin caitheamh agus cuimilt aon innealra nó gléasra in imeacht na tréimhse inmhuirearaithe, measfar gurbh é luach an innealra nó an ghléasra sin i dtosach na tréimhse inmhuirearaithe sin costas iarbhír an innealra nó an ghléasra ar an duine sin, arna laghdú méid iomlán aon liúntais a tugadh mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt mar aon le haon liúntais tosaigh a tugadh faoi Chaibidil I de Chuid XV in aghaidh tréimhsí inmhuirearaithe roimhe sin.

(8) I gcás iarratas a chur chun na gCoimisinéirí Ioncaim ar lorg athrú ar mhéid aon liúntais chaithimh agus cuimilte, déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, mura dóigh leo gur iarratas suaibhreosach nó iarratas cráiteach é, an cás a tharchur chun an Bhoird Réiteoirí, agus, más deimhin leis an mBord sin go bhfuil an t-iarratas á dhéanamh ag aon mhórlíon nó thar ceann aon mhórlíon daoine a bhfuil aon chineál trádála nó gnó á seoladh acu, breithneoidh siad an t-iarratas, agus cinnfidh siad an liúntas a thabharfar.

San fho-alt seo ciallaíonn an abairt ‘Bord Réiteoirí’ Bord Réiteoirí a cheapfaidh an tAire Airgeadais chun críche an fho-ailt seo.

(9) (a) I gcás duine a mbeidh liúntas le tabhairt dó faoin alt seo le linn a thrádáil a bheith á cur faoi cháin, is í a bhonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnachta an tréimhse ar ar a brabúis nó ar a gnóchain a bheidh cáin ioncaim don bhliain sin le ríomh go críochnaitheach faoi Chás I de Sceideal D maidir leis an trádáil áirithe nó, i gcás é a bheith le meas, de bhua aon fhorála de chuid an Achta seo, go mbeidh na brabúis nó na gnóchain d'aon tréimhse eile le háireamh mar bhrabúis nó gnóchain de chuid na tréimhse sin, an tréimhse eile sin.

(b) I gcás duine a mbeidh liúntas le tabhairt dó faoin alt seo trí urscaoileadh nó aisíoc cánach, is í a bhonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnachta an bhliain mheasúnachta í féin.

(10) Beidh ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo, modhnaithe mar is gá, feidhm i ndáil le gairmeacha, fostaíochtaí agus oifigí mar atá feidhm acu i ndáil le trádálacha.”.

7. In ionad alt 242 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“242.—Beidh leis na forálacha den Acht seo a bhaineann leis an liúntas atá le tabhairt maidir le luach laghdaithe de bhíthin caithimh agus cuimilte éifeacht ionann is dá bhfolódh na tagairtí iontu do luach laghdaithe de bhíthin caitheamh agus cuimilt aon innealra nó gléasra in imeacht na tréimhse inmhuirearaithe tagairtí do luach laghdaithe de bhíthin aon innealra nó gléasra a bheith as úsáid go sealadach aon tráth i rith na tréimhse inmhuirearaithe de dhroim imthosca is inchurtha, go díreach nó go neamhdhíreach, i leith na héigeandála náisiúnta lenar bhain an rún a rith gach Teach den Oireachtas an 2ú lá de Mheán Fómhair 1939 (lena n-áirítear imthosca a lean tar éis deireadh na héigeandála sin).”.

8. In ionad alt 243 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“243.—(1) Le linn brabúis nó gnóchain aon trádála, gairme, fostaíochta nó oifige a bheith á meas lamhálfar, má ghlacann an duine a sheolann nó a shealbhaíonn an céanna de rogha é trí fhógra i scríbhinn chun an chigire, go n-aisbhainfear, mar chostais a tabhaíodh in aon tréimhse inmhuirearaithe, an oiread sin d'aon mhéid a caitheadh sa tréimhse inmhuirearaithe sin le gléasra nó innealra a chur in ionad aon ghléasra nó innealra a soláthraíodh roimh an 15ú lá d'Aibreán, 1959, agus atá imithe i seandacht, agus is cóimhéid le costas an innealra nó an ghléasra a athsholáthraíodh tar éis suim a bhaint as an gcostas sin is ionann agus iomlán aon liúntais a tugadh aon tráth le linn an trádáil a bheith á cur faoi cháin nó le linn brabúis nó gnóchain na gairme, na fostaíochta nó na hoifige a bheith á muirearú mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt an innealra agus an ghléasra sin, aon liúntais tosaigh a tugadh i leith an innealra agus an ghléasra sin faoi Chaibidil I de Chuid XV agus aon suim a fuarthas de thoradh an t-innealra nó an gléasra sin a dhíol.

(2) Beidh feidhm ag forálacha ailt 279 agus 280 chun an méid a chinneadh a bheidh le lamháil faoi fho-alt (1) a asbhaint mar chostais le linn brabúis nó gnóchain na trádála, na gairme, na fostaíochta nó na hoifige a bheith á meas mar atá feidhm acu chun méid liúntais chothromaíochta faoi Chaibidil II de Chuid XVI a chinneadh.”.

9. In ionad alt 244 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“244.—(1) San alt seo—

ciallaíonn an abairt ‘taighde eolaíochta’ aon ghníomhaíochtaí i réim na heolaíochta nádúrtha nó feidhmiúla d'fhonn eolas a mhéadú;

folaíonn an focal ‘sócmhainn’ cuid de shócmhainn;

ní fholaíonn an abairt ‘caiteachas ar thaighde eolaíochta’ aon chaiteachas a tabhaíodh ag fáil cearta i dtaighde eolaíochta nó cearta a d'éirigh as taighde eolaíochta.

(2) I gcás duine a sheolann trádáil—

(a) do thabhú, an 6ú lá d'Aibreán, 1946, nó dá éis, caiteachais neamh-chaipitiúil ar thaighde eolaíochta a bhaineann leis an trádáil, nó

(b) d'íoc aon suime, ar an dáta sin nó dá éis, le comhlacht a sheolann taighde eolaíochta agus a bheidh ceadaithe chun críocha an ailt seo ag an Aire Airgeadais nó le hollscoil Éireannach, ionas go nglacfaidh an comhlacht nó an ollscoil sin taighde eolaíochta a bhaineann leis an trádáil de láimh,

ansin, déanfar an caiteachas a tabhaíodh amhlaidh nó na suimeanna a íocadh amhlaidh a asbhaint mar chostas le linn brabúis nó gnóchain na trádála a bheith á ríomh

(2A) Más rud é, an 6ú lá d'Aibreán, 1968, nó dá éis, maidir le duine a sheolann trádáil—

(a) go dtabhóidh sé caiteachas neamh-chaipitiúil ar thaighde eolaíochta nó go n-íocfaidh sé aon suim le comhlacht nó le hollscoil dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (b) ionas go nglacfaidh an comhlacht nó an ollscoil sin taighde eolaíochta de láimh, agus

(b) nach mbeidh an caiteachas a thabhófar amhlaidh nó an tsuim a íocfar amhlaidh inasbhainte mar chostas faoi fho-alt (2) toisc nach mbaineann an taighde eolaíochta le haon trádáil a sheolann an duine,

ansin, déanfar an caiteachas a thabhófar amhlaidh nó na suimeanna a íocfar amhlaidh a asbhaint mar chostas le linn brabúis nó gnóchain thrádáil an duine a bheith á ríomh.

(3) Más rud é—

(a) go dtabhóidh duine, an 6ú lá d'Aibreán, 1946, nó dá éis, caiteachas caipitiúil ar thaighde eolaíochta, agus

(b)  (i) go mbeidh trádáil lena mbaineann an caiteachas sin á seoladh aige an tráth sin, nó

(ii) go mbunóidh agus go dtosóidh sé ina dhiaidh sin trádáil a bhainfidh leis an taighde sin, agus

(c) go n-iarrfaidh sé liúntas faoin bhfo-alt seo ar an gcigire i leith an chaiteachais sin, agus

(d) go n-iarrfaidh sé é sin amhlaidh—

(i) i gcás é do thabhú an chaiteachais le linn an trádáil a bheith á seoladh aige, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh na tréimhse inmhuirearaithe a tabhaíodh é, nó

(ii) i gcás é do thabhú an chaiteachais roimh an trádáil a bhunú agus a thosú, laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh na tréimhse inmhuirearaithe a bunaíodh agus a tosaíodh an trádáil,

ansin, faoi réir forálacha an ailt seo, lamhálfar, le linn an trádáil a bheith á cur faoi cháin i leith na tréimhse inmhuirearaithe a luaitear i cibé ceann is infheidhmithe d'fhomhíreanna (i) agus (ii) de mhir (d), agus i leith gach tréimhse de na tréimhsí inmhuirearaithe ina dhiaidh sin, liúntas ar cóimhéid leis an gcodán den chaiteachas is ionann agus an codán de chúig bliana an tréimhse inmhuirearaithe ach sin sa dóigh nach mó comhiomlán na liúntas a thabharfar ná méid an chaiteachais:

Ar choinníoll, más rud é, an 6ú lá d'Aibreán, 1968, nó dá éis, go dtabhóidh duine a sheolann trádáil caiteachas caipitiúil ar thaighde eolaíochta nach féidir liúntas a thabhairt ina leith faoi na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo toisc nach mbaineann an taighde eolaíochta le haon trádáil a sheolann an duine sin, go dtabharfar, le linn trádáil an duine sin i leith na tréimhse inmhuirearaithe a tabhaíodh an caiteachas a bheith á cur faoi cháin, liúntas ar cóimhéid leis an gcaiteachas.

(4) I gcás sócmhainn is ionannas do chaiteachas caipitiúil ar thaighde eolaíochta scor aon tráth, ar aon chúis ar aon chor, de bheith á húsáid le haghaidh an taighde sin, is taighde a bhaineann leis an trádáil a sheolann an duine a thabhaigh an caiteachas, ansin—

(a) ní dhéanfar aon liúntas faoin alt seo i leith an chaiteachais sin a thabhairt in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe i ndiaidh na tréimhse inmhuirearaithe a tharla an scor;

(b) más lú a n-iomlán seo a leanas, is é sin, na liúntais a tugadh cheana féin faoin alt seo i leith an chaiteachais sin agus luach na sócmhainne díreach roimh an scor, ná an caiteachas sin, tabharfar, le linn an trádáil don tréimhse inmhuirearaithe a tharla an scor a bheith á cur faoin cháin, liúntas breise ar cóimhéid leis an easnamh;

(c) más mó an t-iomlán sin ná an caiteachas sin, déileálfar le méid na breise nó le hiomlán na liúntas a tugadh amhlaidh, cibé acu is lú, mar fháltas trádála de chuid na trádála a d'fhaibhrigh díreach roimh an scor;

(d) le linn alt 241 a bheith á fheidhmiú ar liúntas a tugadh i leith na sócmhainne in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe i ndiaidh na tréimhse inmhuirearaithe a tharla an scor, measfar costas iarbhír na sócmhainne a bheith laghdaithe de mhéid iomlán na liúntas a tugadh i leith na sócmhainne faoin alt seo; agus

(e) le linn alt 243 a bheith á fheidhmiú ar aon liúntas den sórt sin, measfar costas na sócmhainne a bheith laghdaithe de mhéid an iomláin sin.

(5) I ndáil le caiteachas caipitiúil ar thaighde eolaíochta a bheifear tar éis a thabhú an 6ú lá d'Aibreán, 1965, nó dá éis, beidh éifeacht leis an alt seo—

(a) ionann is dá ndéanfaí i bhfo-alt (3) na focail ‘liúntas ar cóimhéid leis an gcaiteachas’ a chur in ionad na bhfocal ‘agus i leith gach tréimhse de na tréimhsí inmhuirearaithe ina dhiaidh sin, liúntas ar cóimhéid leis an gcodán den chaiteachas is ionann agus an codán de chúig bliana an tréimhse inmhuirearaithe ach sin sa dóigh nach mó comhiomlán na liúntas a thabharfar ná méid an chaiteachais’,

(b) ionann is dá bhfágfaí míreanna (a), (b) agus (e) d'fho-alt (4) ar lár agus go gcuirfí an mhír seo a leanas in ionad mhír (c)—

‘(c) déileálfar mar fháltas trádála de chuid na trádála a d'fhaibhrigh díreach roimh an scor le méid is ionann agus an liúntas a thabharfar faoin alt seo i ndáil leis an gcaiteachas sin, nó, más lú ná an liúntas sin luach na sócmhainne díreach roimh an scor, le méid is ionann agus an luach sin;’,

(c) ionann is dá ndéanfaí na focail ‘de mhéid an liúntais a tugadh go héifeachtúil’ a chur in ionad ‘de mhéid iomlán na liúntas a tugadh’ i bhfo-alt (4) (d).

(6) I gcás liúntas faoin alt seo a thabhairt do dhuine in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe i leith caiteachas arb ionannas dó, go hiomlán nó go páirteach, sócmhainní, ansin, ní thabharfar aon liúntas i leith na sócmhainní sin in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin, don duine sin faoi alt 67, 241, 243 nó 306.

(7) Beidh feidhm ag alt 241 (3) i ndáil le liúntas faoi fho-alt (3) den alt seo mar atá feidhm aige i ndáil le liúntais i leith caitheamh agus cuimilt innealra agus gléasra.

(8) Ní mheasfar, chun críocha an ailt seo, caiteachas a bheith tabhaithe ag duine a mhéid a glanadh nó a ghlanfar, go díreach nó go neamhdhíreach, é as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas nó ag aon duine seachas an duine chéadluaite.

(9) Ní chuirfear an caiteachas céanna i gcuntas chun críche ar bith de chríocha an ailt seo i ndáil le níos mó ná aon trádáil amháin.”.

10. In ionad alt 245 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“245.—(1) San alt seo—

ciallaíonn ‘mianach’ tochailt faoi thalamh chun mianraí a fháil:

Ar choinníoll, i ndáil le caiteachas caipitiúil de réir brí an ailt seo a tabhaíodh an 6ú lá d'Aibreán, 1960, nó dá éis, go gciallaíonn ‘mianach’ mianach a oibrítear chun aon mhianra sceidealta, cumasc mianrúil nó substaint mhianrúil mar a mhínítear in alt 2 den Acht Forbairte Minearál, 1940, a fháil trí oibriú faoi thalamh nó ar uachtar talún;

déanfar tagairtí do chaiteachas caipitiúil a tabhaíodh i ndáil le mianach a fhorléiriú mar thagairtí do chaiteachas caipitiúil a tabhaíodh—

(a) ag forbairt an mhianaigh le linn bheith ag cuardach nó ag fionnachtain agus ag tástáil foslach mianraí nó ag déanamh bealaigh chucu, nó

(b) ag déanamh aon oibreacha is oibreacha de shaghas gur dócha, nuair a scoirfear den mhianach a oibriú go mbeidh a luach chomh laghdaithe sin gur beag is fiú nó nach fiú dada iad,

ach mar thagairtí nach bhfolaíonn tagairtí—

(c) d'aon chaiteachas chun láithreán an mhianaigh nó láithreán aon oibreacha den sórt sin nó cearta in aon láithreán den sórt sin nó thairis a fháil, nó

(d) d'aon chaiteachas chun na foslaigh, nó cearta thar na foslaigh, a fháil, nó

(e) d'aon caiteachas ar oibreacha a rinneadh go hiomlán nó go formhór chun amhtháirge an mhianaigh a chur faoi aon phróis seachas próis a ceapadh chun an t-amhtháirge a ullmhú chun a úsáidte sa cháil sin;

déanfar tagairtí do shócmhainní a ionannaíonn caiteachas caipitiúil a tabhaíodh i ndáil le mianach—

(a) a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn, i ndáil le caiteachas ar chuardach, fionnachtain agus tástáil foslach, tagairtí d'aon eolas nó torthaí eile ó aon chuardach, lorg nó fiosrú ar i ndáil leis a tabhóidh an caiteachas, agus

(b) a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn freisin tagairtí d'aon chuid de shócmhainní den sórt sin, agus

(c) a fhorléiriú mar thagairtí a fholaíonn freisin, i gcás aon sócmhainní den sórt sin a díothaíodh nó a damáistíodh, tagairtí d'aon airgead árachais nó airgead cúitimh eile i leith an díothaithe nó an damáistithe sin.

(2) Ní mheasfar, chun críocha an ailt seo, caiteachas a bheith tabhaithe ag duine a sheol trádáil ag oibriú mianaigh a mhéid a glanadh nó a ghlanfar, go díreach nó go neamhdhíreach, é as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas nó ag aon duine eile (nach duine a sheol an trádáil ag oibriú an mhianaigh sin).

(3) Aon duine a sheolann trádáil ag oibriú mianaigh agus a thabhaigh, an 6ú lá d'Aibreán, 1946, nó dá éis, aon chaiteachas caipitiúil i ndáil leis an mianach sin, féadfaidh sé liúntas (dá ngairtear liúntas forbartha mianaigh san alt seo) a iarraidh i leith an chaiteachais chaipitiúil sin.

(4) Féadfar liúntas forbartha mianaigh in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe a iarraidh ar an gcigire tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis deireadh na tréimhse sin.

(5) Beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas i ndáil le méid liúntais forbartha mianaigh in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe i leith aon chaiteachas caipitiúil a tabhaíodh i ndáil le mianach—

(a) measfaidh an cigire, go feadh a bhreithiúnais, ré (dá ngairtear an ré mheasta san alt seo) na bhfoslach, ach ní mheasfaidh ré is faide ná fiche bliain dóibh,

(b) measfaidh an cigire ansin méid an difir (dá ngairtear an difear measta san fho-alt seo) idir an caiteachas caipitiúil sin agus an méid is dóigh leis is fiú na sócmhainní, is ionannas don chaiteachas caipitiúil sin, i ndeireadh na ré measta,

(c) faoi réir forálacha an ailt seo, lamhálfaidh an cigire mar liúntas forbartha mianaigh, in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin, méid ar cóimhéid le suim a mbeidh idir í agus an difear measta an coibhneas céanna a bheidh idir fad na tréimhse inmhuirearaithe sin agus fad na ré measta,

(d) más le linn na tréimhse inmhuirearaithe sin a tabhaíodh an caiteachas caipitiúil sin, ansin glacfar, chun críocha mhír (c), gurb ionann an tréimhse inmhuirearaithe sin agus an oiread sin den tréimhse inmhuirearaithe sin a tháinig i ndiaidh an dáta ar ar tabhaíodh an caiteachas caipitiúil sin:

Ar choinníoll nach mbeidh iomlán na liúntas níos mó ná an difear measta.

(6) Liúntas forbartha mianaigh a thabharfar d'aon duine a sheolann trádáil ag oibriú mianaigh tabharfar é le linn an trádáil sin a bheith á cur faoi cháin agus beidh feidhm ag alt 241 (3) i ndáil leis an liúntas mar atá feidhm aige i ndáil le liúntais i leith caitheamh agus cuimilt innealra agus gléasra.

(7) Ní thabharfar liúntas forbartha mianaigh i leith aon chaiteachas caipitiúil a tabhaíodh i ndáil le mianach in aon chás inar sócmhainn a bhféadfaí liúntas a thabhairt ina leith faoi alt 241, 243 nó 306 an tsócmhainn a ionannaíonn an caiteachas caipitiúil sin.

(8) I gcás liúntas forbartha mianaigh in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe a bheith tugtha i leith caiteachas caipitiúil a tabhaíodh i ndáil le mianach, ansin, ní bheidh feidhm, maidir le haon sócmhainn den sórt sin, ag alt 67 in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin.

(9) Aon chaiteachas caipitiúil a thabhaigh duine an 6ú lá d'Aibreán, 1946, nó dá éis, i ndáil le mianach agus an duine sin ar tí trádáil a sheoladh ag oibriú an mhianaigh sin ach roimh thosú ar an trádáil sin, déileálfar leis, chun críocha an ailt seo, ionann is dá mba é an chéad lá a tosaíodh ar an trádáil sin a tabhaíodh é.

(10) I gcás a mbeidh liúntais forbartha mianaigh tugtha i leith caiteachas caipitiúil a tabhaíodh i ndáil le mianach agus go mbeidh scortha go críochnaitheach den mhianach a oibriú—

(a) athscrúdóidh an cigire na liúntais forbartha mianaigh sin,

(b) más dealraitheach, ar an athscrúdú sin a dhéanamh, breis a bheith ar iomlán na liúntas forbartha mianaigh sin ag méid an difir (dá ngairtear an difear sin san fho-alt seo) idir an caiteachas caipitiúil sin agus an méid ab fhiú, tráth an scoir sin, na sócmhainní ab ionannas don chaiteachas caipitiúil sin tráth an scoir sin, ansin, féadfar liúntais forbartha mianaigh eile a mbeidh a n-iomlán comhionann leis an mbreis a thabhairt in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe (arb í an tréimhse inmhuirearaithe í a scoir an mianach sin go críochnaitheach de bheith á oibriú nó aon tréimhse inmhuirearaithe roimhe sin) ach sin i dtreo nach mó ná an bhreis sin iomlán na liúntas forbartha mianaigh eile sin, agus féadfar éifeacht a thabhairt, más gá sin, don mhír seo trí aisíoc,

(c) más dealraitheach, ar an athscrúdú sin a dhéanamh, gur lú an difear sin ná iomlán na liúntas forbartha mianaigh sin, ansin, déileálfar leis an easnamh nó le hiomlán na liúntas forbartha mianaigh sin, cibé acu is lú, mar fháltas trádála de chuid na trádála ag oibriú an mhianaigh sin a d'fhaibhrigh díreach roimh an scor sin.

(11) I gcás an duine (dá ngairtear an díoltóir san fho-alt seo) a sheolann trádáil ag oibriú mianaigh do dhíol aon sócmhainne le haon duine eile (nach duine is comharba don díoltóir sa trádáil sin) is sócmhainn is ionannas do chaiteachas caipitiúil a tabhaíodh i ndáil leis an mianach sin agus ar tugadh liúntais forbartha mianaigh faoina treoir, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas—

(a) má bhíonn iomlán na liúntas forbartha mianaigh sin, i dteannta na suime de bharr an tsócmhainn sin a dhíol, níos lú de mhéid ar bith (dá ngairtear an liúntas neamhídithe san fho-alt seo) ná an caiteachas caipitiúil sin, ansin, féadfar liúntais forbartha mianaigh eile a thabhairt don díoltóir in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe (arb í tréimhse inmhuirearaithe an díola sin í nó aon tréimhse inmhuirearaithe roimhe sin), ach sin i dtreo nach mó ná an liúntas neamhídithe iomlán na liúntas forbartha mianaigh eile sin,

(b) má bhíonn breis ag iomlán na liúntas forbartha mianaigh sin, i dteannta na suime de bharr an tsócmhainn sin a dhíol, ar an gcaiteachas caipitiúil sin, ansin, déileálfar le méid na breise sin nó le hiomlán sin na liúntas forbartha mianaigh, cibé acu is lú, mar fháltas trádála de chuid na trádála sin a d'fhaibhrigh díreach roimh an díol sin.

(12) I gcás—

(a) liúntais forbartha mianaigh i leith caiteachas caipitiúil a tabhaíodh i ndáil le mianach a bheith tugtha do dhuine (dá ngairtear an trádálaí bunaidh san fho-alt seo) agus é ag seoladh trádáil ag oibriú an mhianaigh, agus

(b) duine eile (dá ngairtear an comharba san fho-alt seo) teacht i gcomharbas na trádála sin,

féadfar leanúint de liúntais forbartha mianaigh a thabhairt i leith an chaiteachais chaipitiúil sin don chomharba, ach ní rachaidh méid na liúntas sin, in aon chás, thar an méid a mbeadh teideal ag an trádálaí bunaidh chuige dá leanadh sé den trádáil sin.

(13) I gcás teideal a bheith, in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe, ag cuideachta chun faoisimh ó cháin de bhua Chaibidil II nó Chaibidil III de Chuid XXV, ansin, chun críocha fho-alt (5), (10), (11) agus (12), measfar gur tugadh in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin, i leith aon chaiteachais, an liúntas forbartha mianaigh iomlán a d'fhéadfaí, ar é a éileamh go cuí, a thabhairt in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin i leith an chaiteachais sin, mura mbeidh an liúntas sin tugtha iarbhír.

(14) Féadfar achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc maidir le haon cheist a éireoidh faoin alt seo mar a d'fhéadfaí achomharc a dhéanamh i gcoinne measúnachta agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le hachomhairc.”.

11. In ionad alt 246 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“246.—(1) I gcás duine a sheolann trádáil do thabhú caiteachais chaipitiúil ag ceannach loinge nua le haghaidh na trádála, tabharfar dó, in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe lena mbaineann an caiteachas, liúntas (dá ngairtear liúntas infheistíochta loingis sa Chaibidil seo) ar cóimhéid le dhá chúigiú den chaiteachas agus tabharfar an liúntas sin le linn an trádáil a bheith á cur faoi cháin agus is liúntas é in ionad, agus ní liúntas é i dteannta, liúntais tosaigh faoi Chaibidil I de Chuid XV nach liúntas tosaigh arna thabhairt de bhua alt 251 (4) den Acht seo.

(1A) (a) Ní thabharfar liúntas infheistíochta loingis faoi fho-alt (1) i leith aon chaiteachas caipitiúil a chuirtear i gcuntas chun críocha aon deontas arna thabhairt i leith an chaiteachais sin ag an Aire Iompair agus Cumhachta faoin Acht um Dheontais Infheistíochta Loingis, 1969.

(b) I gcás liúntas infheistíochta loingis a bheith tugtha faoi fho-alt (1) i leith caiteachas caipitiúil a cuireadh i gcuntas chun críocha deontas den sórt a luaitear i mír (a), tarraingeofar siar an liúntas infheistíochta loingis agus déanfar cibé measúnachtaí breise agus cibé coigeartú ar mheasúnachtaí is gá de dhroim liúntas infheistíochta loingis a tharraingt siar nó liúntas tosaigh faoi Chaibidil I de Chuid XV a chur ina ionad.

(2) Chun críocha na Caibidle seo, measfar gurb é an lá a tabhaíodh aon chaiteachas an lá a tháinig an tsuim a bheidh i gceist chun bheith iníoctha.

(3) Aon éileamh a dhéanfaidh duine ar liúntas faoin alt seo le linn a thrádáil a bheith á cur faoi cháin, cuirfear é sa ráiteas bliantúil nach foláir a sheachadadh faoin Acht seo ar na brabúis nó na gnóchain aisti agus cuirfear ina theannta deimhniú, a bheidh sínithe ag an éilitheoir agus a measfar gur cuid den éileamh é, á rá gur ag ceannach loinge nua a tabhaíodh an caiteachas agus ag tabhairt cibé sonraí a thaispeánfaidh go bhfuil an liúntas le tabhairt.

(4) San alt seo agus sna hailt ina dhiaidh seo den Chaibidil seo ciallaíonn ‘nua’ neamhúsáidte agus gan bheith réchaite.”.

12. In ionad alt 247 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“247.—(1) D'fhonn a dhéanamh amach cad é méid aon liúntais a bheidh le tabhairt do dhuine ar bith faoi alt 241 (1) mar mhéid a ionannaíonn luach laghdaithe aon loinge is luach laghdaithe mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt in imeacht na tréimhse inmhuirearaithe, ní chuirfear liúntas infheistíochta loingis i gcuntas le linn luach na loinge i dtús na tréimhse inmhuirearaithe a bheith á chinneadh.

(2) In alt 241 (6) déanfar ‘na liúntais mar gheall air sin, agus' agus an abairt ‘na liúntas’ mar a bhfuil an abairt sin roimh na focail ‘níos mó ná costas iarbhír’ a fhorléiriú, gach ceann acu, mar abairt nach bhfolaíonn tagairt d'aon liúntas infheistíochta loingis a tugadh don duine a sheolann an trádáil.

(3) Measfar nach gceanglaíonn alt 243 aon liúntas infheistíochta loingis a bhaint as costas aon loinge chun críocha an ailt sin.”.

13. In ionad alt 248 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“248.—Beidh feidhm ag alt 241 (3) i ndáil le liúntas infheistíochta loingis mar atá feidhm aige i ndáil le liúntas i leith caitheamh agus cuimilt innealra nó gléasra.”.

14. In ionad alt 249 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“249.—(1) Sa Chaibidil seo, mar atá feidhm aici chun críocha cánach ioncaim, tá le ‘bonn-tréimhse’ an bhri a shanntar dó leis na forálacha seo a leanas den alt seo.

(2) I gcás duine a mbeidh liúntas le tabhairt dó faoin gCaibidil seo, is í a bhonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnachta an tréimhse ar ar a brabúis nó a gnóchain a bheidh cáin ioncaim na bliana sin le ríomh go críochnaitheach faoi Chás I de Sceideal D i leith na trádála a bheidh i gceist nó, más rud é, de bhua aon fhorála den Acht seo, go mbeidh sé le meas gurb iad brabúis nó gnóchain aon tréimhse eile brabúis nó gnóchain na tréimhse sin, an tréimhse eile sin:

Ar choinníoll, i gcás aon trádála—

(a) má théann dhá bhonn-tréimhse thar a chéile, go measfar chun críocha an fho-ailt seo gur sa chéad bhonntréimhse agus ansin amháin atá an tréimhse a bhaineann leo araon;

(b) má bhíonn eatramh idir deireadh na bonn-tréimhse do bhliain mheasúnachta áirithe agus an bhonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, ansin, murab í an dara bliain mheasúnachta a luaitear bliain na trádála a bhuanscor, go measfar gur cuid den dara bonn-tréimhse an t-eatramh; agus

(c) má bhíonn eatramh idir deireadh na bonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta roimh bhliain na trádála a bhuanscor agus an bhonn-tréimhse do bhliain a buanscoir, go measfar gur cuid den chéad bhonntréimhse an t-eatramh.

(3) (a) Déanfar aon tagairt sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (2) do thrádáil a bhuanscor a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon teagmhas tarlú a bheidh, faoi aon cheann d'fhorálacha an Achta seo, le meas mar ní is ionann agus trádáil a bhuanscor.

(b) Déanfar aon tagairt sa choinníoll sin do dhá thréimhse dul thar a chéile a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do dhá thréimhse comhtheacht le chéile nó do thréimhse a bheith ar áireamh i dtréimhse eile, agus forléireofar dá réir sin tagairtí don tréimhse a bhaineann le gach ceann de dhá thréimhse.”.

15. In ionad alt 251 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“251.—(1) I gcás a ndéanfaidh duine a sheolann trádáil a bhfuil na brabús nó na gnóchain aisti inmhuirearaithe faoi Chás I de Sceideal D caiteachas caipitiúil a thabhú ag soláthar innealra nua nó gléasra nua chun críocha na trádála, seachas feithiclí atá oiriúnach chun daoine nó earraí a iompar de bhóthar nó feithiclí eile a tharraingt ar bóthar, ansin, faoi réir forálacha an Achta seo, tabharfar dó, in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe lena mbaineann an caiteachas, liúntas (dá ngairtear liúntas tosaigh sa Chaibidil seo) ar cóimhéid leis an gcúigiú cuid den chaiteachas, agus tabharfar an liúntas sin le linn an trádáil a bheith á cur faoi cháin.

(2) Aon chaiteachas a tabhaíodh chun críocha trádála ag duine a bhí ar tí dul á seoladh déileálfar leis chun críocha fho-alt (1) ionann is dá mba é an chéad lá a bhí sí á seoladh ag an duine sin a thabhaigh sé é.

(3) Ní bhainfidh fo-alt (1) ná fo-alt (2) le haon chaiteachas a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1956.

(4) D'ainneoin aon ní sna forálacha sin roimhe seo den alt seo, beidh éifeacht leis an gCaibidil seo—

(a) i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an 14ú lá de Nollaig, 1961, nó dá éis, agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1967, ionann is dá gcuirfí ‘le dhá chúigiú’ in ionad ‘leis an gcúigiú’ i bhfo-alt (1),

(b) i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an lú lá d'Aibreán, 1967, nó dá éis, agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1968, ionann is dá gcuirfí ‘le leath an chaiteachais’ in ionad ‘leis an gcúigiú cuid den chaiteachas’ i bhfo-alt (1),

(c) i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an lú lá d'Aibreán, 1968, nó dá éis, agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1971, ionann is dá gcuirfí ‘le trí chúigiú’ in ionad ‘leis an gcúigiú’ i bhfo-alt (1), agus

(d) i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an lú lá d'Aibreán, 1971, nó dá éis, agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1977, ionann is dá gcuirfí ‘le cúig chúigiú’ in ionad ‘leis an gcúigiú’ i bhfo-alt (1).

(5) Aon éileamh a dhéanfaidh duine ar liúntas faoin alt seo le linn a thrádáil a bheith á cur faoi cháin, cuirfear é sa ráiteas bliantúil nach foláir a sheachadadh faoin Acht seo ar na brabúis nó na gnóchain aisti agus cuirfear ina theannta deimhniú, a bheidh sínithe ag an éilitheoir agus a measfar gur cuid den éileamh é, á rá gur ar innealra nua nó gléasra nua a tabhaíodh an caiteachas agus ag tabhairt cibé sonraí a thaispeánfaidh go bhfuil an liúntas le tabhairt.

(6) San alt seo ciallaíonn ‘nua’ neamhúsáidte agus gan bheith réchaite, ach go measfar long a bheith nua fiú amháin má úsáideadh í nó más long réchaite í.”.

16. In ionad alt 252 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“252.—Beidh feidhm i ndáil le liúntas tosaigh ag alt 241 (2) (3) (5) mar atá feidhm ag na fo-ailt sin i ndáil le liúntais i leith caitheamh agus cuimilt innealra nó gléasra.”.

17. In ionad alt 254 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“254.—(1) (a) I gcás a dtabhóidh duine caiteachas caipitiúil ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais ar foirgneamh nó déanmhas tionscail a bheidh ann a bheidh áitithe chun críocha trádála a bheidh á seoladh aige nó ag léasaí den sórt a luaitear i mír (b), ansin, faoi réir forálacha an Achta seo, tabharfar don duine a thabhaigh an caiteachas, in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe iomchuí, liúntas (dá ngairtear liúntas foirgníochta tionscail sa Chaibidil seo) ar cóimhéid leis an deichiú cuid den chaiteachas sin.

(b) An léasaí dá dtagraítear i mír (a) is léasaí é a áitíonn an foirgneamh nó an déanmhas ar tabhaíodh an caiteachas á fhoirgniú faoi léas ar leas frithdhílse an leas iomchuí ina leith.

(c) San fho-alt seo—

ciallaíonn ‘tréimhse inmhuirearaithe iomchuí’, i ndáil le haon duine a thabhaigh caiteachas ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais, an tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an gcaiteachas nó, más tréimhse níos déanaí í, an tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an teaghmhas (a measfar gur teagmhas é de réir brí mhír 1 (2) (b) den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Corparáide, 1976) agus arb é teagmhas é tosú na tionóntachta i gcás arb éard í an chéad úsáid a baineadh as an bhfoirgneamh nó as an déanmhas a úsáid ag duine á áitiú de bhua tionóntachta ar leas frithdhílse an leas iomchuí ina leith;

tá le ‘léas’ agus le ‘léasaí’ na bríonna céanna atá leo i gCuid XVI;

tá le ‘leas iomchuí’ an bhrí chéanna atá leis i gCaibidil I de Chuid XVI.

(d) (i) Ach amháin sa chás a luaitear i bhfomhír (ii) is le linn trádáil duine a bheith á cur faoi cháin nó le linn a ioncam a bheith á mhuirearú faoi Chás V de Sceideal D, de réir mar is gá sa chás, a thabharfar aon liúntas foirgníochta tionscail dó.

(ii) Is trí cháin a urscaoileadh nó a aisíoc a thabharfar liúntas foirgníochta tionscail do dhuine má bhí a leas san fhoirgneamh nó sa déanmhas faoi réir aon léasa nuair a tabhaíodh an caiteachas nó má tháinig an leas sin faoi réir aon léasa sular úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas i gcéaduair chun aon chríche agus i gcás a dtabharfar amhlaidh é ní bheidh feidhm ag fo-alt (5):

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfomhír seo maidir le hioncam is inmhuirearaithe faoi Chás V de Sceideal D.

(e) Beidh éifeacht le halt 267 (5) agus le halt 296 i ndáil le liúntas foirgníochta tionscail a bheidh le tabhairt le linn ioncam a bheith á mhuirearú faoi Chás V de Sceideal D nó trí cháin a urscaoileadh nó a aisíoc mar atá éifeacht leo i ndáil le liúntas faoi Chaibidil I de Chuid XVI a bheidh le tabhairt amhlaidh.

(2) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1), i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an 14ú lá de Nollaig, 1961, nó dá éis, agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1975, beidh éifeacht leis an gCaibidil seo ionann agus dá gcuirfí ‘leis an gcúigiú’ in ionad ‘leis an deichiú’ i bhfo-alt (1):

Ar choinníoll nach mbeidh éifeacht leis an bhfo-alt seo i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an lú lá d'Eanáir, 1960, nó dá éis, ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais a mbeidh sé le meas gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é mar gheall ar é a úsáid chun críocha thrádáil na hóstóireachta ná i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais a mbeidh liúntas faoin gCaibidil seo le tabhairt ina leith de bhua alt 255 (1) (c).

(2A) D'ainneoin aon ní i bhfo-ailt (1) agus (2), beidh éifeacht leis an gCaibidil seo—

(a) i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an 16ú lá d'Eanáir, 1975, nó dá éis, agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1977, ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais a mbeidh liúntas le tabhairt ina leith faoin gCaibidil seo mar gheall ar é a úsáid chun críche a shonraítear i mír (a) nó (b) d'alt 255 (1), ionann is dá gcuirfí ‘le leath an chaiteachais’ in ionad ‘leis an deichiú cuid den chaiteachas’, agus

(b) i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais a mbeidh liúntas le tabhairt ina leith faoin gCaibidil seo mar gheall ar é a úsáid chun críche a shonraítear i mír (c) d'alt 255 (1), ionann is dá gcuirfí ‘leis an gcúigiú’ in ionad ‘leis an deichiú’.

(3) D'ainneoin aon fhorála eile den alt seo, ní thabharfar aon liúntas foirgníochta tionscail i leith aon chaiteachais ar fhoirgneamh nó déanmhas mura foirgneamh nó déanmhas tionscail a bheidh san fhoirgneamh nó sa déanmhas nuair a chuirfear in úsáid é, agus i gcás ar tugadh liúntas foirgníochta tionscail i leith aon chaiteachais ar aon fhoirgneamh nó déanmhas den sórt sin, féadfar aon mheasúnachtaí breise a dhéanamh is gá chun éifeacht a thabhairt don fho-alt seo.

(4) Chun críocha an ailt seo—

(a) aon chaiteachas a tabhaíodh chun críocha trádála ag duine a bhí ar tí dul á seoladh, déileálfar leis ionann is dá mba an chéad lá a bhí sí á seoladh ag an duine sin a thabhaigh sé é, agus

(b) ní mheasfar caiteachas a bheith tabhaithe ag duine a mhéid a glanadh nó a ghlanfar, go díreach nó go neamhdhíreach, é ag an Stát, ag aon bhord a bunaíodh le reacht nó ag aon údarás poiblí nó ag aon údarás áitiúil.

(5) Beidh feidhm ag alt 241 (3) i ndáil le liúntas faoin alt seo mar atá feidhm aige i ndáil le liúntas i leith caitheamh agus cuimilt innealra nó gléasra.

(6) Aon éileamh a dhéanfaidh duine ar liúntas faoin alt seo le linn brabúis nó gnóchain d'aon chineál a bheith á muirearú, cuirfear é sa ráiteas bliantúil nach foláir a sheachadadh faoin Acht seo ar na brabúis nó na gnóchain sin agus cuirfear ina theannta deimhniú, a bheidh sínithe ag an éilitheoir agus a measfar gur cuid den éileamh é, á rá gur ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais tionscail a tabhaíodh an caiteachas agus ag tabhairt cibé sonraí a thaispeánfaidh go bhfuil an liúntas le tabhairt.”.

18. In ionad alt 256 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“256.—Ní fholaíonn tagairt sa Chaibidil seo do chaiteachas a tabhaíodh ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais—

(a) aon chaiteachas a tabhaíodh ag fáil aon talún nó aon chearta i dtalamh nó thar thalamh, ná

(b) aon chaiteachas ag soláthar innealra nó gléasra nó ar aon sócmhainn a measfar maidir le haon tréimhse inmhuirearaithe gur innealra nó gléasra í, ná

(c) aon chaiteachas a bhfuil liúntas tugtha nó ar féidir liúntas a thabhairt ina leith, in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe céanna nó in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe eile faoi alt 244 (3) nó faoi alt 245.”.

19. In ionad alt 258 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“258.—I ndáil le liúntais foirgníochta tionscail in aghaidh tréimhsí inmhuirearaithe dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1959, nó aon lá dá éis sin, seachas méideanna a tugadh anall ó aon bhliain mheasúnachta a chríochnaigh roimh an dáta sin, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas den Chaibidil seo amhail ó dháta thosach feidhme an Achta Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956

(a) alt 255 (1) (b), alt 255 (2),

(b) alt 256 (b) (c), agus

(c) alt 257.”.

20. In ionad alt 259 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“259.—Féadfar achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc ar aon cheist a éireoidh faoin gCaibidil seo mar a d'fhéadfaí achomharc a dhéanamh i gcoinne measúnachta cánach, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le hachomhairc.”.

21. In ionad alt 260 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“260.—Chun críocha ailt 251 agus 254, ní áireofar mar chaiteachas caipitiúil aon chaiteachas is cead a asbhaint le linn brabúis nó gnóchain trádála nó gairme a bhí á seoladh ag an duine a thabhaigh an caiteachas a bheith á ríomh chun críocha cánach.”.

22. In ionad alt 262 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“262.—(1) Sa chuid seo, mar atá feidhm aige chun críocha cánach ioncaim, tá le ‘bonn-tréimhse’ an bhrí a shanntar dó leis na forálacha ina dhiaidh seo den alt seo.

(2) I gcás duine a mbeidh liúntas le tabhairt dó faoin gCuid seo, is é a bhonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnachta an tréimhse ar ar a brabúis nó a gnóchain a bheidh cáin ioncaim na bliana sin le ríomh go críochnaitheach faoi Chás I nó faoi Chás II de Sceideal D i leith na trádála nó na gairme a bheidh i gceist nó faoi Chás V de Sceideal D i leith ioncam as cíosanna nó fáltais i leith áitribh nó éasúintí nó, más rud é, de bhua aon fhorála den Acht seo, go mbeidh sé le meas gurb iad brabúis nó gnóchain nó ioncam aon tréimhse eile brabúis nó gnóchain nó ioncam na tréimhse sin, an tréimhse eile sin:

Ar choinníoll—

(a) má théann dhá bhonn-tréimhse thar a chéile, go measfar chun críocha an fho-ailt seo gur sa chéad bhonn-tréimhse agus ansin amháin atá an tréimhse a bhaineann leo araon;

(b) má bhíonn eatramh idir deireadh na bonn-tréimhse do bhliain mheasúnachta áirithe agus an bhonntréimhse don bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, ansin, murab í an dara bliain mheasúnachta a luaitear bliain na trádála nó na gairme a bhuanscor nó aon-bhunadh na mbrabús nó na ngnóchan a luaitear in alt 81 (2) scor, go measfar gur chuid den dara bonn-tréimhse an t-eatramh; agus

(c) má bhíonn eatramh idir deireadh na bonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta roimh bhliain na trádála nó na gairme a bhuanscor nó an aon-bhunadh sin scor agus an bhonn-tréimhse do bhliain an buanscoir nó an scoir, go measfar gur cuid den chéad bhonn-tréimhse an t-eatramh.

(3) (a) Déanfar aon tagairt sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (2) do thrádáil nó gairm a bhuanscor a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon teagmhas tarlú a bheidh, faoi aon cheann d'fhorálacha an Achta seo, le meas mar ní is ionann agus trádáil nó gairm a bhuanscor.

(b) Déanfar aon tagairt sa choinníoll sin do dhá thréimhse dul thar a chéile a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do dhá thréimhse comhtheacht le chéile nó do thréimhse a bheith ar áireamh i dtréimhse eile, agus forléireofar dá réir sin tagairtí don tréimhse a bhaineann le gach ceann de dhá thréimhse.

(4) Ní bheidh feidhm ag aon ní i bhfo-alt (2) nó (3) i ndáil le liúntas faoi Chaibidil II a bheidh le tabhairt do dhuine trí cháin a urscaoileadh nó a aisíoc agus, i ndáil leis an liúntas sin, is í a bhonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnachta an bhliain mheasúnachta féin.”.

23. In ionad alt 264 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“264.—(1) Faoi réir forálacha na Coda seo, i gcás—

(a) aon duine a bheith, i ndeireadh tréimhse inmhuirearaithe nó a bonn-tréimhse, i dteideal leasa i bhfoirgneamh nó i ndéanmhas lena mbaineann an t-alt seo,

(b) inar foirgneamh nó déanmhas tionscail an foirgneamh nó an déanmhas i ndeireadh na tréimhse inmhuirearaithe sin nó a bonn-tréimhse, agus

(c) arb é an leas sin an leas iomchuí i ndáil leis an gcaiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag foirgniú an fhoirgnimh nó an déanmhais sin,

tabharfar dó, in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin, liúntas (dá ngairtear liúntas síos-scríofa sa Chaibidil seo) ar cóimhéid leis an gcaogadú cuid den chaiteachas sin:

Ar choinníoll—

(i) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas arb é an 1ú lá d'Eanáir, 1960, nó dá éis, a tabhaíodh an caiteachas caipitiúil á fhoirgniú agus a bhfuil sé le meas gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é mar gheall ar é a úsáid chun críocha thrádáil na hóstóireachta agus i ndáil le foirgneamh nó déanmhas a bhfuil sé le meas gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é mar gheall ar é a úsáid chun torthaí, glasraí nó táirge eile a fhás i gcúrsa trádáil gharraíodóireachta margaidh de réir bhrí alt 54, go mbeidh éifeacht leis an gCuid seo ionann is dá gcuirfí ‘leis an deichiú’ in ionad ‘leis an gcaogadú’ sna forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo, agus

(ii) i ndáil le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an 16ú lá d'Eanáir, 1975, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1977, go mbeidh éifeacht leis an gCuid seo ionann is dá gcuirfí ‘leis an bhfiche cúigiú cuid’ in ionad ‘leis an gcaogadú cuid’ sna forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo.

(2) Is foirgneamh nó déanmhas lena mbaineann an t-alt seo foirgneamh nó déanmhas más rud é, agus amháin más rud é, gurb é an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1956, nó dá éis, a tabhaíodh an caiteachas caipitiúil a tabhaíodh á fhoirgniú.

(3) Más rud é, tráth ar bith ar an 15ú lá d'Aibreán, 1959, nó dá éis, go ndéanfar an leas i bhfoirgneamh nó i ndéanmhas arb é an leas iomchuí é i ndáil le haon chaiteachas a dhíol agus an foirgneamh nó an déanmhas ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas tionscail, ansin (faoi réir aon choigeartú breise faoin bhfo-alt seo ar dhíol níos deireanaí), is é an liúntas síos-scríofa in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe, más tar éis tráth an díola don tréimhse inmhuirearaithe sin nó dá bonn-tréimhse críochnú, iarmhar (mar a mhínítear sna forálacha den Chaibidil seo a bhaineann le díscríobh caiteachais) an chaiteachais sin díreach tar éis an díola, arna laghdú an coibhneas (más lú ná aon é) idir fad na tréimhse inmhuirearaithe agus an chuid gan chaitheamh ar dháta an díola den tréimhse caoga bliain dar tosach an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas i gcéaduair:

Ar choinníoll—

(i) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas arb é an lú lá d'Eanáir, 1960, nó dá éis, a tabhaíodh an caiteachas caipitiúil á fhoirgniú agus a bhfuil sé le meas gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é de réir brí alt 255 (1) mar gheall ar é a úsáid chun críche a shonraítear i mír (c) nó (d) den fho-alt sin, go mbeidh éifeacht leis an gCuid seo ionann agus dá gcuirfí ‘deich mbliana’ in ionad ‘caoga bliain’ sna forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo, agus

(ii) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas arb é an 16ú lá d'Eanáir, 1975, nó dá éis, agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1977, a tabhaíodh an caiteachas caipitiúil á fhoirgniú agus a bhfuil sé le meas gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é de réir brí alt 255 (1) mar gheall ar é a úsáid chun críche a shonraítear i mír (a) nó (b) den fho-alt sin, go mbeidh éifeacht leis an gCuid seo ionann is dá gcuirfí ‘cúig bliana is fiche’ in ionad ‘caoga bliain’ sna forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo.

(4) D'ainneoin aon ní sna forálacha sin roimhe seo den alt seo, ní bheidh méid liúntais síos-scríofa a thabharfar do dhuine in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe i leith aon chaiteachais níos mó i gcás ar bith ná an méid arb é a bheadh ann, ar leith ón díscríobh a bheadh le déanamh mar gheall ar an liúntas sin a thabhairt, iarmhar an chaiteachais sin i ndeireadh na tréimhse inmhuirearaithe sin nó a bonn-tréimhse.”.

24. In ionad alt 265 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“265.—(1) I gcás a mbeidh caiteachas caipitiúil tabhaithe, an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1956, nó dá éis, ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais agus teagmhas ar bith acu seo a leanas tarlú le linn an foirgneamh nó an déanmhas a bheith ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas tionscail:

(a) an leas iomchuí san fhoirgneamh nó sa déanmhas a dhíol,

(b) an leas sin, agus gur leas léasachta é, críochnú ar shlí seachas tríd an duine ina theideal d'fháil an leasa is leas frithdhílse air,

(c) an foirgneamh nó an déanmhas a scartáil nó a dhíothú, nó, gan scartáil ná díothú a bheith déanta air, é do scor ar fad de bheith á úsáid,

ansin, sna cúinsí a luaitear san alt seo, déanfar liúntas nó muirear (dá ngairtear liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta sa Chaibidil seo) a thabhairt don duine, nó, de réir mar a bheidh, a ghearradh ar an duine, a mbeidh teideal aige chun an leasa iomchuí díreach roimh an teagmhas sin tarlú, in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an teagmhas sin:

Ar choinníoll—

(i) nach dtabharfar aon liúntas cothromaíochta, ná nach ngearrfar aon mhuirear cothromaíochta, mar gheall ar aon teagmhas tarlú breis agus caoga bliain tar éis an foirgneamh nó an déanmhas a úsáid i gcéaduair,

(ii) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas arb é an lú lá d'Eanáir, 1960, nó dá éis, a tabhaíodh an caiteachas caipitiúil á fhoirgniú agus a bhfuil sé le meas gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é mar gheall ar é a úsáid chun críocha thrádáil na hóstóireachta agus i ndáil le foirgneamh nó déanmhas a bhfuil sé le meas gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é mar gheall ar é a úsáid chun torthaí, glasraí nó táirge eile a fhás i gcúrsa trádáil gharraíodóireachta margaidh de réir bhrí alt 54, go mbeidh éifeacht leis-an gCuid seo ionann is dá gcuirfí ‘deich mbliana’ in ionad ‘caoga bliain’ sna forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo, agus

(iii) i ndáil le foirgneamh nó déanmhas arb é an 16ú lá d'Eanáir, 1975, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1977, a tabhaíodh an caiteachas caipitiúil á fhoirgniú agus a bhfuil sé le meas gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é de réir brí alt 255 (1) mar gheall ar é a úsáid chun críche a shonraítear i mír (a) nó (b) den fho-alt sin, go mbeidh éifeacht leis an gCuid seo ionann is dá gcuirfí ‘cúig bliana is fiche’ in ionad ‘caoga bliain’ sna forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo.

(2) I gcás nach mbeidh aon airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh ann, nó i gcás ar mó ná an t-airgead sin iarmhar an chaiteachas díreach roimh an teagmhas, tabharfar liúntas cothromaíochta agus is é a mhéid méid an iarmhair sin nó, de réir mar a bheidh, méid is comhionann le breis an iarmhair thar an airgead sin.

(3) Más mó an t-airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh ná iarmhar an chaiteachais, más aon iarmhar é, díreach roimh an teagmhas, gearrfar muirear cothromaíochta agus is é méid ar a ngearrfar é méid is comhionann leis an mbreis, nó i gcás ar nialas an t-iarmhar, leis an airgead sin.

(4) I gcás a mbeidh liúntas cothromaíochta le tabhairt do dhuine nó muirear cothromaíochta le gearradh ar dhuine, agus nach mbeidh aon chuid den tréimhse iomchuí (arna mhíniú chun críocha an fho-ailt seo) ar áireamh i dtréimhse inmhuirearaithe ar tugadh liúntas síos-scríofa dó ina leith nó i leith a bonntréimhse, déanfar méid an liúntais chothromaíochta, nó, de réir mar a bheidh, an méid ar a mbeidh an muirear cothromaíochta le gearradh, a laghdú an coibhneas idir an chuid nó na codanna a bheidh ar áireamh amhlaidh agus iomlán na tréimhse iomchuí.

San fho-alt seo ciallaíonn ‘an tréimhse iomchuí’ an tréimhse dar tosach tráth an fhoirgnimh nó an déanmhais a úsáid i gcéaduair chun aon chríche agus dar críoch—

(a) i gcás an teagmhas is bonn leis an liúntas cothromaíochta nó leis an muirear cothromaíochta tarlú lá deiridh na tréimhse inmhuirearaithe nó a bonntréimhse, an lá sin; nó

(b) i gcás nach ea, an dáta is déanaí roimh an teagmhas arb é lá deiridh tréimhse inmhuirearaithe nó a bonn-tréimhse é:

Ar choinníoll, i gcás an foirgneamh nó an déanmhas a dhíol roimh an teagmhas sin ach an 15ú lá d'Aibreán, 1959, nó dá éis, agus gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é an tráth sin, go dtosóidh an tréimhse iomchuí an lá tar éis an díola sin nó, i gcás níos mó ná díol amháin den sórt sin a bheith ann, an lá tar éis an díola dheiridh den sórt sin.

(5) D'ainneoin aon ní sna forálacha sin roimhe seo den alt seo, ní bheidh, i gcás ar bith, an méid a ngearrfar muirear cothromaíochta maidir leis ar dhuine i leith aon chaiteachais ag foirgniú foirgnimh nó déanmhais níos mó ná méid an liúntais foirgníochta tionscail a tugadh dó, má tugadh, i leith an chaiteachais sin mar aon le méid aon liúntais síos-scríofa a tugadh dó i leith an chaiteachais sin in aghaidh tréimhsí inmhuirearaithe a chríochnaigh ar dháta, nó roimh dháta, an teagmhais ba bhonn leis an muirear nó ar chríochnaigh a mbonn-tréimhsí ar an dáta sin nó roimhe.”.

25. In ionad alt 266 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“266.—(1) Aon chaiteachas a tabhaíodh ag foirgniú aon fhoirgnimh nó déanmhais measfar, chun críocha na Caibidle seo, go ndearnadh é a dhíscríobh an méid agus amhail na tráthanna a shonraítear ina dhiaidh seo san alt seo, agus déanfar tagairtí sa Chaibidil seo d'iarmhar aon chaiteachais den sórt sin a fhorléiriú dá réir sin.

(2) Má thugtar liúntas foirgníochta tionscail i leith an chaiteachais, déanfar méid an liúntais sin a dhíscríobh amhail an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas i gcéaduair.

(3) Más rud é go ndéanfar, de dhroim gurbh fhoirgneamh nó déanmhas tionscail tráth ar bith an foirgneamh nó an déanmhas, liúntas síos-scríofa a thabhairt in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe i leith an chaiteachais, déanfar méid an liúntais sin a dhíscríobh amhail an tráth sin:

Ar choinníoll go ndéanfar, i gcás teagmhas tarlú an tráth sin is cúis nó a d'fhéadfadh bheith ina chúis le liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta, an méid a ordaítear a dhíscríobh leis an bhfo-alt seo amhail an tráth sin a chur i gcuntas nuair a bheifear ag ríomh iarmhar an chaiteachais sin díreach roimh an teagmhas sin d'fhonn a chinneadh an bhfuil aon liúntas cothromaíochta le tabhairt nó muirear cothromaíochta le gearradh agus, má tá, cad é an liúntas a bheidh le tabhairt nó cad é an muirear a bheidh le gearradh.

(4) (a) Má bhíonn an foirgneamh nó an déanmhas gan bheith á úsáid mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail ar feadh aon tréimhse nó tréimhsí idir an tráth a úsáideadh an foirgneamh nó an déanmhas i gcéaduair chun aon chríche agus an tráth a bheidh iarmhar an chaiteachais le fionnadh, ansin, le linn an t-iarmhar sin a bheith á fhionnadh, áireofar mar mhéideanna a díscríobhadh roimhe sin i leith na tréimhse nó na dtréimhsí sin méideanna ar cóimhéid le liúntais síosscríofa a tugadh in aghaidh tréimhsí inmhuirearaithe arb ionann a bhfad iomlán agus fad na tréimhse nó na dtréimhsí sin de réir cibé ráta nó rátaí ab iomchuí ag féachaint d'aon díol ar ar oibrigh alt 264 (3) den Acht seo.

(b) Má bhí an foirgneamh nó an déanmhas á úsáid mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail i ndeireadh na bonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain 1960-61, áireofar cóimhéid an chaogadú cuid den chaiteachas a bheith discríofa amhail i ndeireadh na bliana measúnachta roimhe sin.

(5) Má thugtar, ar ócáid díola, liúntas cothromaíochta i leith an chaiteachais, díscríobhfar, amhail tráth an díola, an bhreis a bheidh ag iarmhar an chaiteachais roimh an díol ar ghlantoradh an díola.

(6) Má ghearrtar, ar ócáid díola, muirear cothromaíochta i leith an chaiteachais, measfar, chun críocha na Caibidle seo, iarmhar an chaiteachais a bheith méadaithe, amhail tráth an díola, an méid ar a ngearrfar an muirear.”.

26. In ionad alt 267 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“267.—(1) Ach amháin sna cásanna a luaitear sna forálacha seo a leanas den alt seo, déanfar aon liúntas a thabharfar do dhuine, nó aon mhuirear a ghearrfar ar dhuine, faoi na forálacha sin roimhe seo den Chaibidil seo, a thabhairt dó nó a ghearradh air le linn a thrádáil a bheith á cur faoi cháin nó a ioncam a bheith á mhuirearú faoi Chás V de Sceideal D, de réir mar is gá sa chás.

(2) Tabharfar liúntas síos-scríofa do dhuine in aghaidh tréimhse inmhuirearaithe ar mhodh urscaoileadh nó aisíoc cánach má bhíonn a leas faoi réir aon léasa i ndeireadh na tréimhse inmhuirearaithe sin nó a bonn-tréimhse:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le hioncam is inmhuirearaithe faoi Chás V de Sceideal D.

(3) Tabharfar liúntas cothromaíochta do dhuine ar mhodh urscaoileadh nó aisíoc cánach má bhíonn a leas faoi réir aon léasa díreach roimh an teagmhas is cúis leis an liúntas:

Ar choinníoll nach mheidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir le hioncam is inmhuirearaithe faoi Chás V de Sceideal D.

(4) Gearrfar muirear cothromaíochta ar dhuine faoi Chás IV de Sceideal D má bhíonn a leas faoi réir aon léasa díreach roimh an teagmhas is cúis leis an muirear, agus go mbeidh an t-ioncam atá ar comhréir leis inmhuirearaithe faoin gCás sin.

(5) Liúntas ar bith a bheidh, faoi na forálacha sin roimhe seo den alt seo, le tabhairt ar mhodh seachas le linn trádáil a bheith á cur faoi cháin beidh sé inchomhairimh go príomha in aghaidh an ioncaim seo a leanas:

(a) i gcás an t-ioncam (cibé acu ar mhodh cíosa nó fáltais i leith áitribh nó éasúintí nó eile) ón bhfoirgneamh nó ón déanmhas tionscail i leith an chaiteachais chaipitiúil ar a dtabharfar an liúntas a bheith inmhuirearaithe faoi Chás V de Sceideal D, in aghaidh ioncam is inmhuirearaithe faoin gCás sin,

(b) i gcás an t-ioncam (cibé acu ar mhodh cíosa nó fáltais i leith áitribh nó éasúintí nó eile) ón bhfoirgneamh nó ón déanmhas tionscail i leith an chaiteachais chaipitiúil ar a dtabharfar an liúntas a bheith inmhuirearaithe faoi Chás IV de Sceideal D, in aghaidh ioncam is inmhuirearaithe faoin gCás sin, nó

(c) ioncam is inmhuirearaithe faoi Chás IV nó faoi Chás V de Sceideal D faoi seach agus is ábhar do mhuirear cothromaíochta.”.

27. In ionad alt 270 den Acht Ioncaim, 1967, cuirfear—

“270.—(1) Chun críche na Caibidle seo, ní mheasfar foirgneamh nó déanmhas do scor ar fad de bheith á úsáid de bhíthin é a bheith as úsáid go sealadach an 15ú lá d'Aibreán, 1959, nó dá éis, agus más rud é, díreach roimh aon tréimhse neamhúsáide sealadaí dar tosach an dáta sin nó dáta dá éis, gur foirgneamh nó déanmhas tionscail foirgneamh nó déanmhas, measfar é do leanúint de bheith ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas tionscail i gcaitheamh na tréimhse neamhúsáide sealadaí.

(2) D'ainneoin aon fhorála eile den Chuid seo maidir leis an modh ina ndéanfar liúntais a thabhairt agus muirir a ghearradh, más rud é, de bhíthin forálacha fho-alt (1), go measfar foirgneamh nó déanmhas do leanúint de bheith ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas tionscail agus é as úsáid go sealadach, ansin, más rud é—

(a) ar an ócáid deiridh a bhí an foirgneamh nó an déanmhas á úsáid mar fhoirgneamh nó mar dhéanmhas tionscail, go raibh sé á úsáid chun críocha trádála ar buanscoireadh di ó shin, nó

(b) ar an ócáid deiridh a bhí an foirgneamh nó an déanmhas á úsáid mar fhoirgneamh nó mar dhéanmhas tionscail, go raibh an leas iomchuí ann faoi réir léasa ar tháinig deireadh leis ó shin,

déanfar aon liúntas síos-scríofa nó liúntas cothromaíochta a bheidh le tabhairt do dhuine ar bith i leith an fhoirgnimh nó an déanmhais i rith aon tréimhse a leanfaidh an neamhúsáid shealadach tar éis scor den trádáil nó deireadh a theacht leis an léas a thabhairt ar mhodh urscaoileadh nó aisíoc cánach, agus déanfar aon mhuirear cothromaíochta a bheidh le gearradh ar dhuine ar bith i leith an fhoirgnimh nó an déanmhais i rith na tréimhse sin a ghearradh faoi Chás IV de Sceideal D:

Ar choinníoll má bhíonn ag duine, in aghaidh tréimhse inmhuirearaithe, ioncam ar ar inmhuirearaithe cáin faoi Chás V de Sceideal D agus i ndeireadh na tréimhse inmhuirearaithe sin nó a bonn-tréimhse gur foirgneamh nó déanmhas lena mbaineann an fo-alt seo an foirgneamh nó an déanmhas sin, go ndéanfar aon liúntas síos-scríofa nó liúntas cothromaíochta a bheidh le tabhairt do dhuine i leith an fhoirgnimh nó an déanmhais, nó aon mhuirear cothromaíochta a bheidh le gearradh air i leith an chéanna, a thabhairt nó a ghearradh le linn a ioncam a bheith á mhuirearú faoi Chás V de Sceideal D.

(3) An tagairt san alt seo do bhuanscor de thrádáil ní fholaíonn sí tagairt d'aon teagmhas tarlú a mbeidh sé le meas, de bhua aon cheann d'fhorálacha an Achta seo, gur teagmhas é is ionann agus scor den trádáil.”.

28. In ionad alt 271 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“271.—Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn ‘liúntas tosaigh’ liúntas faoi Chaibidil I de Chuid XV;

ciallaíonn ‘liúntas taighde eolaíochta’—

(a) i ndáil le haon chaiteachas a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1965, méid iomlán aon liúntais a tugadh i leith an chaiteachais sin faoi alt 244 (3) arna mhéadú méid aon liúntais faoi alt 244 (4) (b) nó, de réir mar a bheidh, arna laghdú aon mhéid a measfar gur fáltas trádála é de bhun alt 244 (4) (c), agus

(b) i ndáil le haon chaiteachas a tabhaíodh an 6ú lá d'Aibreán, 1965, nó dá éis, méid aon liúntas a tugadh i leith an chaiteachais sin faoi alt 244 (3) arna laghdú aon mhéid a measfar gur fáltas trádála é de bhun alt 244 (4) (c) mar a bhaineann sé le caiteachas a tabhaíodh an dáta sin nó dá éis;

ciallaíonn ‘liúntas caithimh agus cuimilte’ liúntas faoi alt 241.”.

29. In ionad alt 272 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“272.—(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, má tharlaíonn aon teagmhas acu seo a leanas i gcás aon innealra nó gléasra ar tugadh liúntas tosaigh nó liúntas caithimh agus cuimilte ina leith in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe do dhuine agus é ag seoladh trádála:

(a) aon teagmhas a tharlóidh tar éis an trádáil a bhunú agus roimh bhuanscor di trína scoirfidh an t-innealra nó an gléasra de bheith ina mhaoin dá chuid féin ag an duine a bheidh ag seoladh na trádála (cibé acu ar an innealra nó ar an ngléasra a dhíol é nó in aon chúinsí eile de shaghas ar bith),

(b) aon teagmhas a tharlóidh mar a dúradh trína mbuanscoirfear den innealra nó den ghléasra (agus é i gcónaí ina mhaoin dá chuid féin ag an duine a bheidh ag seoladh na trádála) de bheith á úsáid chun críocha trádála a bheidh á seoladh aige,

(c) buanscor den trádáil, gan an t-innealra nó an gléasra do scor roimhe sin de bheith ina mhaoin dá chuid féin ag an duine a bheidh ag seoladh na trádála,

déanfar, sna cúinsí a luaitear san alt seo, liúntas nó muirear (dá ngairtear liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta sa Chaibidil seo) a thabhairt don duine sin, nó, de réir mar bheidh, a ghearradh ar an duine sin, in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an teagmhas sin.

(2) I gcás nach mbeidh aon airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh ann nó i gcás ar mó ná an t-airgead sin an méid caipitil a bheidh caite ag an duine sin ag soláthar an innealra nó an ghléasra agus a bheidh gan lamháil fós tráth an teagmhais, tabharfar liúntas cothromaíochta, agus is é méid a bheidh ann méid an chaiteachais a bheidh gan lamháil fós mar a dúradh, nó, de réir mar a bheidh, méid is comhionann le breis an chaiteachais sin ar an airgead sin.

(3) Más mó an t-airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh ná an méid, más aon mhéid é, den chaiteachas sin a bheidh gan lamháil fós tráth an teagmhais, gearrfar muirear cothromaíochta, agus is é méid ar a ngearrfar é méid is comhionann leis an mbreis nó, más nialas an méid sin a bheidh gan lamháil fós, is comhionann leis an airgead sin.

(4) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (3), ní bheidh an méid ar a ngearrfar muirear cothromaíochta ar dhuine níos mó, i gcás ar bith, ná comhiomlán na méideanna seo a leanas:

(a) méid an liúntais tosaigh a tugadh dó, má tugadh, i leith an chaiteachais a bheidh i gceist,

(b) méid aon liúntais chaithimh agus chuimilte a tugadh dó i leith an innealra nó an ghléasra a bheidh i gceist,

(c) méid aon liúntais taighde eolaíochta a tugadh dó i leith an chaiteachais, agus

(d) méid aon liúntais chothromaíochta a tugadh dó roimhe sin i leith an chaiteachais.

(5) (a) Faoi réir forálacha mhír (c), má bhíonn méid comhiomlán liúntas tosaigh agus liúntas caithimh agus cuimilte a thabharfar d'aon duine i leith aon innealra nó gléasra níos mó ná méid iarbhír an chaiteachais a thabhaigh sé ag soláthar an innealra nó an ghléasra sin, measfar gurb éard é méid na breise sin (dá ngairtear an méid breise sa mhír seo), ar theagmhas tarlú lena mbaineann aon cheann de mhíreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (1), íocaíocht ar cóimhéid leis an méid a fuair an duine ar cuntas airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh agus cuirfear é le haon airgead eile den sórt sin a fuarthas i leith an innealra nó an ghléasra sin agus gearrfar muirear cothromaíochta, agus is é méid ar a ngearrfar é méid ar cóimhéid—

(i) i gcás gan aon airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh a bheith ann, leis an méid breise sin, nó

(ii) i gcás airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh a bheith ann, le comhiomlán an airgid sin agus an méid breise sin.

(b) Faoi réir forálacha mhír (c), i gcás, maidir le haon innealra nó gléasra, teagmhas lena mbaineann aon cheann de mhíreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (1) tarlú agus teagmhas eile lena mbaineann aon cheann de na míreanna sin tarlú ina dhiaidh, cuirfear i gcuntas in aon liúntas cothromaíochta a thabharfar do dhuine, nó in aon mhuirear cothromaíochta a ghearrfar air, de bhua an teagmhais is deireanaí tarlú aon liúntas cothromaíochta a tugadh don duine sin, nó aon mhuirear cothromaíochta a gearradh air, roimhe sin i leith an chaiteachais a thabhaigh sé ag soláthar an innealra nó an ghléasra sin.

(c) I gcás, maidir le haon innealra nó gléasra, teagmhas lena mbaineann aon cheann de mhíreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (1) tarlú agus teagmhas eile lena mbaineann aon cheann de na míreanna sin tarlú ina dhiaidh agus roimh an 3ú lá d'Iúil, 1973, ní dhéileálfar leis an teagmhas is deireanaí mar theagmhas is cúis le liúntas cothromaíochta ná le muirear cothromaíochta i leith an innealra nó an ghléasra sin.”.

30. In ionad alt 274 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“274.—Na tagairtí sa Chaibidil seo don méid d'aon chaiteachas a tabhaíodh ag soláthar innealra nó gléasra agus a bheidh gan lamháil fós aon tráth, forléireofar iad mar thagairtí do mhéid an chaiteachais sin lúide—

(a) aon liúntas tosaigh a tugadh nó a mheastar faoin gCaibidil seo a bheith tugtha ina leith don duine a a thabhaigh é,

(b) aon liúntais chaithimh agus chuimilte a tugadh nó a mheastar faoin gCaibidil seo a bheith tugtha dó i leith an innealra nó an ghléasra ar i ndáil lena sholáthar a tabhaíodh an caiteachas agus ar liúntais iad in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe de shórt a raibh deireadh leis an tréimhse inmhuirearaithe nó lena bonn-tréimhse roimh an tráth a bheidh i gceist,

(c) aon liúntas taighde eolaíochta a tugadh dó i leith an chaiteachais, agus

(d) aon liúntas cothromaíochta a tugadh dó i leith an chaiteachais.”.

31. In ionad alt 275 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“275.—(1) I gcás aon teaghmas is cúis nó a d'fhéadfadh a bheith ina chúis le liúntas cothromaíochta nó le muirear cothromaíochta i leith innealra nó gléasra tarlú tar éis trádáil a bhunú agus an tráth nó roimh an tráth a bhuanscoirfear di ar trádáil í a bheidh tráth ar bith á seoladh i gcomhpháirtíocht, déanfar, faoi réir alt 72, aon liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta a bheadh, dá mba é an duine céanna a bhí ag seoladh na trádála i gcónaí, le tabhairt dó nó le gearradh air i leith an innealra nó an ghléasra sin mar gheall ar an teagmhas sin a thabhairt don duine nó do na daoine, nó a ghearradh ar an duine nó ar na daoine, a bhí ag seoladh na trádála sa tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an teagmhas sin, agus déanfar méid aon liúntais nó muirir den sórt sin a ríomh amhail is dá mba é an duine sin nó dá mba iad na daoine sin a bhí ag seoladh na trádála i gcónaí agus gurb eisean nó iadsan a rinne nó gur leis-sean nó leosan a rinneadh gach ní a rinne réamhtheachtaithe an duine sin nó na ndaoine sin nó a rinneadh leo ag seoladh na trádála sin:

Ar choinníoll, nuair a bheifear ag feidhmiú forálacha alt 272 (4) maidir le haon mhuirear cothromaíochta den sórt sin, nach measfar go bhfolaíonn na liúntais a tugadh i leith an innealra nó an ghléasra in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1959, nó in aghaidh aon bhliana measúnachta níos luaithe ná sin, liúntais a tugadh do dhaoine, nó is inchurtha i leith scaireanna daoine, nach raibh, ina n-aonar nó i gcomhpháirtíocht le daoine eile, ag seoladh na trádála i dtús na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1959.

(2) (a) Le linn trádáil leithleach aon chomhpháirtí i gcomhpháirtíocht a bheith á cur faoi cháin tabharfar na liúntais chéanna agus gearrfar na muirir chéanna i leith innealra nó gléasra a úsáideadh chun críocha na trádála sin agus ba le comhpháirtí amháin nó níos mó de na comhpháirtithe ach nár mhaoin chomhpháirtíochta agus a bheadh le tabhairt nó le gearradh dá mba leis na comhpháirtithe uile gach tráth ábhartha an t-innealra nó an gléasra agus gur mhaoin chomhpháirtíochta an céanna agus gurb iad na comhpháirtithe uile a rinne, nó gur leo a rinneadh, gach ní a rinne aon chomhpháirtí acu nó a rinneadh leis i ndáil leis an gcéanna.

(b) San fho-alt seo tá le ‘trádáil leithleach’ an bhrí a shanntar dó le halt 71.

(3) D'ainneoin aon ní in alt 272, ní dhéanfar díol ná bronnadh innealra nó gléasra a úsáideadh chun críocha trádála a bhí á seoladh i gcomhpháirtíocht, ar díol nó bronnadh é ag ceann amháin nó níos mó de na comhpháirtithe le ceann amháin nó níos mó, nó ar cheann amháin níos mó, de na comhpháirtithe a áireamh mar theagmhas is cúis le liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta má leantar den innealra nó den ghléasra a úsáid tar éis an díola nó an bhronnta chun críocha na trádála sin.

(4) Ná tagairtí i bhfo-ailt (2) agus (3) d'úsáid chun críocha trádála ní fholaíonn siad tagairtí d'úsáid de bhun ligin ag an gcomhpháirtí nó na comhpháirtithe áirithe chun na comhpháirtíochta ná d'úsáid i gcomaoin aon íocaíocht a thabhairt don chomhpháirtí nó do na comhpháirtithe áirithe is féidir a asbhaint le linn brabúis nó gnóchain na trádála a bheith á ríomh faoi alt 71 (3).”.

32. In ionad alt 279 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“279.—(1) Nuair a bheifear á chinneadh, le linn trádáil a bheith á cur faoi cháin, an bhfuil aon liúntas cothromaíochta le tabhairt do dhuine ar bith nó aon mhuirear cothromaíochta le gearradh air in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe agus, má tá, cad é an liúntas cothromaíochta nó an muirear cothromaíochta é, measfar gur tugadh don duine sin, in aghaidh gach tréimhse inmhuirearaithe roimhe sin ar mhaoin dá chuid an t-innealra nó an gléasra agus is tréimhse inmhuirearaithe a bheidh le cur i gcuntas chun críche an ailt seo, cibé liúntas caithimh agus cuimilte nó cibé liúntas caithimh agus cuimilte níos mó, más ann, i leith an innealra nó an ghléasra a bheadh le tabhairt dó dá mbeadh na coinníollacha go léir a shonraítear i bhfo-alt (3) comhlíonta i ndáil le gach tréimhse inmhuirearaithe roimhe sin den sórt sin.

(2) Cuirfear i gcuntas chun críocha an ailt seo gach tréimhse inmhuirearaithe roimhe sin ar mhaoin de chuid an duine an t-innealra nó an gléasra agus—

(a) nár úsáid an duine an t-innealra nó an gléasra chun críocha na trádála lena linn,

(b) nach raibh an trádáil á seoladh aige lena linn,

(c) a raibh an trádáil á seoladh aige lena linn i gcúinsí a thug nach raibh, ar shlí seachas de bhua Chuid V den Acht Cánach Corparáide, 1976, nó Chaibidil I de Chuid XXV, iomlán brabús nó gnóchan na trádála inmhuirearaithe i leith cánach,

(d) nach raibh an cháin go léir, nó cuid den cháin, ab inmhuirearaithe i leith brabúis na trádála iníoctha ina haghaidh de bhua Chaibidil II de Chuid XXV, nó

(e) a ndearnadh an cháin ab iníoctha ina haghaidh i leith brabúis na trádála a laghdú de bhua Chuid IV den Acht Cánach Corparáide, 1976, nó Chaibidil III nó Chaibidil IV de Chuid XXV.

(3) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1):

(a) an trádáil a bheith á seoladh ag an duine iomchuí riamh ón dáta a fuair sé an t-innealra nó an gléasra agus í a bheith á seoladh amhlaidh aige i gcúinsí a thugann gurbh inmhuirearaithe cáin ar iomlán brabús nó gnóchan na trádála sin,

(b) nach é a bhí, go hiomlán ná go páirteach, sa trádáil tráth ar bith oibríochtaí trádála díolmhaithe de réir brí Chuid V den Acht Cánach Corparáide, 1976, nó Chaibidil I de Chuid XXV,

(c) gur go heisiatach chun críocha na trádála a bhí an t-innealra nó an gléasra á úsáid aige riamh ón dáta sin, agus

(d) go ndearna sé go cuí ceart-éileamh ar liúntas caithimh agus cuimilte i leith an innealra nó an ghléasra in aghaidh gach tréimhse inmhuirearaithe iomchuí.

I gcás cuideachta mar a shainítear in alt 1 (5) den Acht Cánach Corparáide, 1976, ní dhéanfaidh mír (a) athrú ar na tréimhsí atá le háireamh mar thréimhsí inmhuirearaithe, ach más rud é, in imeacht aon ama tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1976, agus tar éis don chuideachta an t-innealra nó an gléasra a fháil, nach raibh an cuideachta laistigh de réim cánach corparáide, déanfar aon bhliain mheasúnachta nó aon cuid de bhliain mheasúnachta laistigh den am sin a áireamh mar thréimhse inmhuirearaithe ionann is dá mba thréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta í.

(4) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d'fhorálacha alt 272 (4).”.

33. In ionad alt 280 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“ 280.—(1) I gcás—

(a) teagmhas tarlú is cúis nó d'fhéadfadh a bheith ina chúis le liúntas cothromaíochta a thabhairt do dhuine ar bith, nó muirear cothromaíochta a ghearradh air, i leith aon innealra nó gléasra a sholáthraigh nó a d'úsáid sé chun críocha trádála; agus

(b) aon suimeanna (dá ngairtear na suimeanna sin ina dhiaidh seo san alt seo)—

(i) ar suimeanna iad in aghaidh nó i leith an chaithimh agus na cuimilte a bhain don innealra nó don ghléasra óna úsáid chun críocha na trádála, agus

(ii) nach bhfuil le cur i gcuntas mar ioncam dá chuid ná le linn brabúis nó gnóchain aon trádála a bhí á seoladh aige a bheith á ríomh,

gur íocadh iad, nó go bhfuil siad le bheith iníoctha, leis go díreach nó go neamhdhíreach,

ansin, nuair a bheifear á chinneadh an bhfuil liúntas cothromaíochta le tabhairt don duine sin nó muirear cothromaíochta le gearradh air agus, má tá, cad é an liúntas cothromaíochta nó an muirear cothromaíochta é, measfar gur tugadh dó, in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an teagmhas, liúntas caithimh agus cuimilte i leith an innealra nó an ghléasra ar cóimhéid le méid iomlán na suimeanna sin.

(2) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d'fhorálacha alt 272 (4).”.

34. In ionad alt 282 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“282.—(1) Aon liúntas cothromaíochta a thabharfar do dhuine ar bith, nó aon mhuirear cothromaíochta a ghearrfar air, faoi na forálacha sin roimhe seo den Chaibidil seo déanfar, mura faoi réim nó de bhua alt 281 é, é a thabhairt don dhuine sin nó é a ghearradh air le linn a thrádáil a bheith á cur faoi cháin.

(2) Aon liúntas caithimh agus cuimilte a thabharfar faoi réim nó de bhua alt 241 (5) nó aon liúntas cothromaíochta a thabharfar faoi réim nó de bhua alt 281 is trí urscaoileadh nó aisíoc cánach a thabharfar é agus beidh sé inchomhairimh go príomha in aghaidh ioncaim as ligean an innealra nó an ghléasra.

(3) Aon mhuirear cothromaíochta a ghearrfar faoi réim nó de bhua alt 281 is faoi Chás IV de Sceideal D a ghearrfar é.”.

35. In ionad alt 284 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“284.—(1) Sa Chaibidil seo—

ciallaíonn ‘ioncam ó phaitinní’—

(a) aon ríchíos nó suim eile a íocadh i leith paitinn a úsáid, agus

(b) aon suim ar arb iníoctha cáin in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe de bhua aon fhorála d'fhorálacha na Caibidle seo;

ciallaíonn ‘tosach feidhme na paitinne’ i ndáil le paitinn an dáta óna mbíonn éifeacht ag na cearta paitinne;

ciallaíonn ‘cearta paitinne’ an ceart aon rud áirithe a dhéanamh nó a údarú aon rud áirithe a dhéanamh, ba shárú ar phaitinn mura mbeadh an ceart sin;

ciallaíonn ‘paitinn Éireannach’ paitinn a deonaíodh faoi dhlíthe an Stáit;

ciallaíonn ‘an dáta feidhme’ an 6ú lá d'Aibreán, 1960.

(2) Sa Chaibidil seo, folaíonn aon tagairt do chuid de chearta paitinne a dhíol tagairt do cheadúnas a dheonú i leith na paitinne a bheidh i gceist, agus folaíonn aon tagairt do chearta paitinne a cheannach tagairt do cheadúnas i leith paitinne a fháil:

Ar choinníoll, más éard é ceadúnas a dheonóidh duine a bheidh i dteideal aon chearta paitinne ceadúnas na cearta sin a fheidhmiú ag eisiamh an deontóra agus gach duine eile go ceann a mbeidh fágtha den téarma a mhairfidh na cearta, go meastar, chun críocha na Caibidle seo, an deontóir do dhíol iomlán na gceart tríd sin.

(3) I gcás, faoi alt 130 den Acht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint) 1927, nó faoi aon fhorálacha comhréire de dhlí aon tíre lasmuigh den Stát, aireagán is ábhar paitinne a dhéanamh, a úsáid, nó a fheidhmiú nó a dhíol ag an Stát nó ag rialtas na tíre iomchuí nó le haghaidh seirbhís an Stáit nó rialtas na tíre iomchuí, beidh éifeacht le forálacha na Caibidle seo ionann is dá mba de bhun ceadúnas a rinneadh, a úsáideadh, a feidhmíodh nó a díoladh an t-aireagán, agus déileálfar dá réir sin le haon suimeanna a íocadh ina leith.”.

36. In ionad alt 285 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“285.—(1) I gcás a dtabhóidh duine, an dáta feidhme nó dá éis, caiteachas caipitiúil ag ceannach cearta paitinne, deánfar, faoi réim agus de réir na bhforálacha seo a leanas den Chaibidil seo, liúntas síos-scríofa i leith an chaiteachais sin a thabhairt dó le linn na tréimhse síos-scríofa mar a mhínítear anseo ina dhiaidh seo:

Ar choinníoll nach dtabharfar aon liúntas síos-scríofa do dhuine i leith aon chaiteachais mura rud é—

(a) go mbeidh an liúntas le tabhairt dó le linn a thrádáil a bheith á cur faoi cháin, nó

(b) go mbeadh cáin inmhuirearaithe ar aon ioncam ab infhaighte aige i leith na gceart.

(2) Seacht mbliana déag dar tosach an tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an gcaiteachas a bheidh sa tréimhse síos-scríofa:

Ar choinníoll—

(a) i gcás na cearta a bheith arna gceannach go ceann tréimhse sonraithe, go mbeidh éifeacht leis na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo ach tagairt do sheacht mbliana déag nó don méid blianta sa tréimhse sin, cibé acu is lú, a chur in ionad na tagartha do sheacht mbliana déag,

(b) i gcás na cearta a ceannaíodh tosú bliain iomlán nó níos mó tar éis tosach feidhme na paitinne agus gan feidhm a bheith ag mír (a) den choinníoll seo, go mbeidh éifeacht leis na forálacha sin ach tagairt do sheacht mbliana déag lúide an méid blianta iomlána a bheidh, tráth tosaithe na gceart, caite ó thosach feidhme na paitinne, nó, má bhíonn seacht mbliana déag iomlána caite mar a dúradh, tagairt do bhliain amháin, a chur in ionad na tagartha do sheacht mbliana déag, agus

(c) go ndéileálfar chun críocha an fho-ailt seo le haon chaiteachas a thabhaigh duine an dáta feidhme nó dá éis chun críocha trádála agus é ar tí dul á seoladh ionann is dá mba é an chéad lá a bhí sé á seoladh a thabhaigh sé an caiteachas sin, mura mbeidh na cearta uile ar á gceannach a tabhaíodh an caiteachas díolta aige roimh an gcéad lá sin.”.

37. In ionad alt 286 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“286.—(1) I gcás duine do thabhú caiteachais chaipitiúil an dáta feidhme nó dá éis ag ceannach ceart paitinne agus aon teagmhas acu seo a leanas tarlú roimh dheireadh na tréimhse síos-scríofa faoi alt 285:

(a) na cearta do dhul in éag gan iad a athbheochan ina dhiaidh sin;

(b) é do dhíol na gceart sin go léir nó an oiread díobh agus a bheidh fós ar úinéireacht aige;

(c) é do dhíol cuid de na cearta sin agus nach lú glanfháltais an díola (a mhéid is suimeanna caipitiúila iad) ná an méid den chaiteachas caipitiúil a bheidh fágtha gan liúntas a bheith tugtha ina leith;

ní thabharfar aon liúntas síos-scríofa don duine sin in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an teagmhas ná in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe ina dhiaidh sin.

(2) I gcás duine do thabhú caiteachais chaipitiúil an dáta feidhme nó dá éis ag ceannach ceart paitinne agus ceachtar de na teagmhais seo a leanas tarlú roimh dheireadh na tréimhse síosscríofa faoi alt 285:

(a) na cearta do dhul in éag gan iad a athbheochan ina dhiaidh sin;

(b) é do dhíol na gceart sin go léir nó an oiread díobh agus a bheidh fós ar úinéireacht aige agus gúr lú glanfháltais an díola (a mhéid is suimeanna caipitiúla iad) ná an méid den chaiteachas caipitiúil a bheidh fágtha gan liúntas a bheith tugtha ina leith;

abharfar dó, faoi réir agus de réir na bhforálacha seo a leanas den Chaibidil seo, in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an teagmhas, liúntas (dá ngairtear liúntas cothromaíochta sa Chaibidil seo) ar cóimhéid, más é dul in éag na gceart an teagmhas, leis an méid den chaiteachas caipitiúil a bheidh fágtha gan liúntas a bheith tugtha ina leith, agus, más díol an teagmhas, leis an méid den chaiteachas caipitiúil a bheidh fágtha gan liúntas a bheith tugtha ina leith lúide glanfháltais an díola.

(3) I gcás duine a thabhaigh caiteachas caipitiúil an dáta feidhme nó dá éis ag ceannach ceart paitinne do dhíol na gceart sin go léir nó aon choda díobh agus gur mó glanfháltais an díola (a mhéid is suimeanna caipitiúla iad) ná an méid den chaiteachas caipitiúil, más ann, a bheidh fágtha gan liúntas a bheith tugtha ina leith, déanfar, faoi réir agus de réir na bhforálacha seo a leanas den Chaibidil seo, muirear (dá ngairtear muirear cothromaíochta sa Chaibidil seo) a ghearradh air in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an díol ar cóimhéid leis an mbreis nó, i gcás ar nialas an méid den chaiteachas caipitiúil a bheidh fágtha gan liúntas a bheith tugtha ina leith, ar cóimhéid leis na glanfháltais sin.

(4) I gcás duine a thabhaigh caiteachas caipitiúil an dáta feidhme ná dá éis ag ceannach ceart paitinne do dhíol cuid de na cearta sin agus nach mbeidh feidhm ag fo-alt (3), is é méid aon liúntais síos-scríofa a thabharfar i leith an chaiteachais sin in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an díol nó in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe ina dhiaidh sin an méid a gheofar—

(a) trí ghlanfháltais an díola (a mhéid is suimeanna caipitiúla iad) a bhaint as an méid den chaiteachas a bheidh fágtha gan liúntas a bheith tugtha ina leith tráth an díola, agus

(b) an toradh a roinnt ar an méid blianta iomlána den tréimhse síos-scríofa a bhí fágtha i dtús na tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an díol,

agus mar sin de i gcás aon díola ina dhiaidh sin.

(5) Aon tagairtí sna forálacha sin roimhe seo den alt seo don méid d'aon chaiteachas caipitiúil a bheidh fágtha gan liúnas a bheith tugtha ina leith déanfar, i ndáil le haon teagmhas, iad a fhorléiriú mar thagairtí do mhéid an chaiteachais sin lúide aon liúntais síos-scríofa a tugadh ina leith sin in aghaidh tréimhsí inmhuirearaithe roimh an tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an teagmhas sin, agus lúide freisin na glanfhál tais a bhí ann aon uair a rinne an duine a thabhaigh an caiteachas aon chuid de na cearta a dhíol roimhe sin a fuarthas tríd an gcaiteachas, a mhéid is suimeanna caipitiúla na glanfháltais sin.

(6) D'aínneoin aon ní sna forálacha sin roimhe seo den alt seo, ní thabharfar aon liúntas cothromaíochta i leith aon chaiteachais mura ndearnadh, nó, mura mbeadh an teagmhas is cúis leis an liúntas cothromaíochta, mura bhféadfaí, liúntas siosscríofa a thabhairt i leith an chaiteachais sin, agus ní bheidh an méid iomlán ar a ngearrfar muirear cothromaíochta i leith aon chaiteachais níos mó ná iomlán na liúntas síos-scríofa a bheidh tugtha iarbhír i leith an chaiteachais sin, lúide, má bhíonn muirear cothromaíochta gearrtha roimhe sin, i leith an chaiteachais sin, an méid ar ar gearradh an muirear sin.”.

38. In ionad alt 288 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“288.—(1) I gcás a ndéanfaidh duine a chónaíonn sa Stát aon chearta paitinne a dhíol an dáta feidhme nó dá éis agus gurb éard iad glanfháltais an díola, go hiomlán nó go páirteach, suim chaipitiúil, déanfar, faoi réir forálacha na Caibidle seo, cáin a mhuirearú air faoi Chás IV de Sceideal D in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a fuair sé an tsuim agus in aghaidh tréimhsí inmhuirearaithe comhleanúnacha, agus muirearófar é gach tréimhse ar an gcodán céanna den tsuim is ionann agus an codán de shé bliana an tréimhse (nó ar cibé codán is lú ná sin nár muirearaíodh cheana):

Ar choinníoll—

(a) má roghnaíonn an duine sin, trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar ar an gcigire tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis deireadh na tréimhse inmhuirearaithe a fuarthas an tsuim sin, go muirearófar cáin ar iomlán na suime sin in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin, go muirearófar cáin air dá réir sin;

(b) má iarrann an duine sin, trí fhógra mar a dúradh, go ndéanfar an codán sin a chinneadh mar chodán seachas codán is ionann agus an codán de shé bliana an tréimhse inmhuirearaithe, ansin, más dealraitheach do na Coimisinéirí Ioncaim gur dóigh go dtiocfaidh cruatan, ag féachaint do chúinsí uile an cháis, mura dtabharfar treoir faoin mír seo, go bhféadfaidh siad a threorú gurb é a bheidh sa chodán an codán den tsuim is ionann agus an codán d'uimhir blianta seachas sé bliana an tréimhse inmhuirearaithe agus go ndéanfar an muirear a leathadh dá réir sin.

(2) I gcás a ndéanfaidh duine nach gcónaíonn sa Stát aon chearta paitinne a dhíol an dáta feidhme nó dá éis agus gurb éard iad glanfháltais an díola, go hiomlán nó go páirteach, suim chaipitiúil, agus gur paitinn Éireannach an phaitinn, ansin, faoi réir forálacha na Caibidle seo—

(a) beidh cáin inmhuirearaithe air maidir leis an tsuim sin faoi Chás IV de Sceideal D, agus

(b) bainfidh alt 434 leis an tsuim sin ionann is dá mba íocaíocht bhliantúil í ab iníoctha ar shlí seachas as brabúis nó gnóchain a cuireadh faoi mhuirear cánach:

Ar choinníoll, má tharlaíonn, tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana measúnachta a íocadh an tsuim, go roghnóidh an duine lenar íocadh í, trí fhógra i scríbhinn chun na gCoimisinéirí Ioncaim, go ndéileálfar leis an tsuim a dúradh chun críche cánach ioncaim in aghaidh na bliana sin agus in aghaidh gach bliana de na cúig bliana comhleanúnacha ina dhiaidh sin ionann is dá mbeadh an séú cuid di, agus sin ar a mhéid, ar áireamh an ioncaim dá chuid ar ar inmhuirearaithe cáin do na blianta sin uile faoi seach, go ndéileálfar amhlaidh léi, agus go ndéanfar gach uile aisíoc agus measúnacht cánach in aghaidh gach bliana faoi leith acu sin is gá chun éifeacht a thabhairt don roghnú, ach sin ar shlí, áfach—

(i) nach ndéanfaidh an roghnú difear don méid cánach a bheidh le hasbhaint agus a mbeidh cuntas le tabhairt ann faoi alt 434;

(ii) i gcás a n-asbhainfear aon suim faoi alt 434, go ndéanfar, ar mhodh aisíoca cánach, aon choigeartú is gá chun éifeacht a thabhairt don roghnú, agus

(iii) go ndéanfar an coigeartú sin bliain ar bhliain agus amhail is dá mba gur asbhaineadh i leith cánach do gach bliain an séú cuid den tsuim a asbhaineadh, agus nach ndéanfar aisíoc ar bith ar an gcuid sin, ná ar aon mhír den chuid sin, den cháin a asbhaineadh agus a bheidh le háireamh mar ní a asbhaineadh i leith cánach d'aon bhliain áirithe mura bhfionnfar, agus go dtí go bhfionnfar, gur lú an cháin a bheidh le híoc faoi dheoidh don bhliain sin ná an méid cánach a íocadh don bhliain sin.

(2A) I bhfo-alt (2) ciallóidh an focal ‘cáin’ cáin ioncaim, mura rud é go mbeadh díoltóir na gceart paitinne ar chuideachta é, laistigh de réim cánach corparáide i leith aon chuid d'fáltais an díola nár shuim chaipitiúil iad; agus i gcás feidhm a bheith ag an bhfo-alt le cáin chorparáide a mhuirearú ar chuideachta i leith suim a íocadh léi, ní bheidh feidhm ag an gcoinníoll, ach féadfaidh an chuideachta, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar do na Coimisinéirí Ioncaim tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis deireadh na tréimhse cuntasaíochta inar íocadh an tsuim, a roghnú go ndéileálfar leis an tsuim mar shuim a d'eascair go rátúil sna tréimhsí cuntasaíochta dar críoch tráth nach déanaí ná sé bliana ó thosach na tréimhse inar íocadh an tsuim (is é sin, tréimhsí cuntasaíochta a raibh an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide mar a dúradh lena linn), agus déanfar gach uile aisíoc cánach agus gach uile mheasúnacht cánach is gá chun éifeacht a thabhairt d'aon roghnú den sórt sin.

(3) I gcás ar trína gceannach a fuair duine na cearta paitinne a dhíol sé, nó na cearta ar astu a deonaíodh na cearta paitinne a dhíol sé, agus gur shuim chaipitiúil a bhí, go hiomlán nó go páirteach, sa phraghas a íocadh, beidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo ionann is dá ndéanfaí aon suim chaipitiúil a fuair sé nuair a dhíol sé na cearta a laghdú méid na suime sin:

Ar choinníoll—

(a) i gcás a ndearna sé, idir an ceannach sin agus an díol sin, cuid de na cearta paitinne a fuair sé a dhíol agus gur shuim chaipitiúil glanfháltais an díola sin, go hiomlán nó go páirteach, go ndéanfar méid an laghdaithe a bheidh le déanamh faoin bhfo-alt seo i leith an díola ina dhiaidh sin a laghdú é féin méid na suime sin,

(b) nach ndéanfaidh aon ní san fho-alt seo difear don méid cánach a bheidh le hasbhaint agus a mbeidh cuntas le tabhairt ann faoi alt 434 de bhua fho-alt (2) den alt seo agus i gcás aon suim a asbhaint faoi alt 434, gur trí cháin a aisíoc a dhéanfar aon choigeartú is gá chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an fho-ailt seo.

(4) Beidh feidhm ag an alt seo i ndáil le haon chuid d'aon chearta paitinne a dhíol mar atá feidhm aige i ndáil le cearta paitinne a dhíol.”.

39. In ionad alt 290 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“290.—(1) D'ainneoin aon ní in alt 61, le linn brabúis nó gnóchain aon trádála a bheith á ríomh, ceadófar aon táillí a íocadh nó costais a tabhaíodh ag fáil, chun críocha na trádála, deonú paitinne nó síneadh ar théarma paitinne a asbhaint mar chostais.

(2) Má tharlaíonn—

(a) ar an dáta feidhme nó dá éis, go n-íocfaidh duine aon táillí, nó go dtabhóidh duine aon chaiteachais, seachas chun críocha trádála a bheidh á seoladh aige, i ndáil le paitinn a dheonú nó a chothabháil nó síneadh ar théarma paitinne a fháil, agus

(b) go mbeadh na táillí nó na caiteachais sin inlamhála, dá mba chun críocha trádála a íocadh nó a tabhaíodh iad, mar asbhaint le linn brabúis nó gnóchain na trádála sin a bheith á meas,

tabharfar dó, in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a íocadh nó a tabhaíodh na costais sin, liúntas ar cóimhéid le méid an chéanna.

(3) I gcás paitinn a dheonú i leith aon aireagáin, déanfar liúntas ar cóimhéid leis an oiread sin de ghlanmhéid aon chaiteachais a thabhaigh pearsa aonair, an dáta feidhme nó dá éis, a cheap, leis féin nó i gcomhar le haon duine eile, an t-aireagán agus is inchurtha go cuí i leith ceapadh an aireagáin (nach caiteachais a bhfuil, ná sócmhainní in ionannas caiteachais a bhfuil, liúntas le tabhairt ina leith faoi aon fhoráil eile de chuid an Achta seo) a thabhairt don phearsa aonair sin in aghaidh na bliana measúnachta a tabhaíodh na caiteachais

(4) Beidh feidhm ag forálacha fho-alt (3) i ndáil le caiteachais a tabhaíodh roimh an dáta feidhme ionann is dá mba é an lá sin a tabhaíodh na caiteachais sin, faoi réir an mhodhnaithe go ndéanfar, má deonaíodh an phaitinn sin bliain iomlán nó níos mó roimh an lá sin, an méid a bheidh le lamháil a laghdú tríd an gcodán a fheidhmiú air arb é a uimhreoir seacht déag lúide an méid blianta iomlána sa tréimhse dar thosach dáta tosaithe na paitinne agus dar chríoch an lá díreach roimh an dáta feidhme agus arb é a ainmneoir seacht déag.”.

40. In ionad alt 291 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“291.—(1) I gcás ríchíos nó suim eile lena mbaineann alt 433 nó alt 434 a íoc i leith paitinn a úsáid, agus go ndearnadh an úsáid sin ar feadh sé bliana iomlána nó níos mó, féadfaidh an duine a fuair an íocaíocht a cheangal go ndéanfar an cháin is iníoctha aige de dhroim an tsuim sin a fháil a laghdú ionas nach mbeidh sí níos mó ná an méid iomlán cánach ab iníoctha aige dá n-íocfaí an ríchíos nó an tsuim sin ina shé thráthchuid chomhionanna go bliantúil, agus ar íocadh an ceann deiridh acu an dáta a rinneadh an íocaíocht iarbhír.

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) i ndáil le ríchíos nó suim eile i gcás ar dhá bhliain iomlána nó níos mó, ach tréimhse is lú ná sé bliana iomlána, tréimhse na húsáide mar atá feidhm aige i ndáil leis na ríchíosanna agus na suimeanna a luaitear san fho-alt sin, ach tagairt don oiread tráthchodanna comhionanna agus atá de bhlianta iomlána sa tréimhse sin a chur in ionad na tagartha do shé thráthchuid chomhionanna.

(3) San alt seo aon tagairt don cháin is iníoctha ag duine folaíonn sí, i gcásanna a meastar gur ioncam de chuid an fhearchéile ioncam banchéile, tagairtí don cháin ioncaim is iníoctha ag a bhanchéile nó ag a fearchéile, cibé acu é.

(4) Ní bhainfidh aon ní san alt seo le haon suim lena mbaineann alt 434 de bhua ailt 288.”.

41. In ionad alt 292 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“292.—(1) Tabharfar liúntas do dhuine, nó gearrfar muirear ar dhuine, faoi aon cheann d'fhorálacha na Caibidle seo le linn a thrádáil a bheith á cur faoi cháin—

(a) má bhíonn sé ag seoladh trádála a mbeidh na brabúis nó na gnóchain aisti, nó a mbeadh na brabúis nó na gnóchain, dá mb'ann, aisti, inchurtha faoi cháin faoi Chás I de Sceideal D in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a dtabharfar an liúntas nó a ngearrfar an muirear ina haghaidh, agus

(b) más rud é gur úsáideadh na cearta paitinne sin nó cearta eile as ar deonaíodh iad, nó go rabhthas chun iad a úsáid, aon tráth sa tréimhse inmhuirearaithe nó ina bonn-tréimhse chun críocha na trádála sin:

Ar choinníoll nach ndéanfaidh aon ní san fho-alt difear d'aon cheann de na forálacha sin roimhe seo den Chaibidil seo a lamhálann asbhaint mar chaiteachais le linn brabúis nó gnóchain trádála a bheith á ríomh nó a cheanglaíonn muirear a ghearradh faoi Chás IV de Sceideal D.

(2) Ach amháin mar a dúradh, tabharfar liúntas faoin gCaibidil seo ar mhodh urscaoileadh nó aisíoc cánach agus beidh sé inchomhairimh i gcoinne ioncaim ó phaitinní, agus déanfar muirear faoin gCaibidil seo a ghearradh faoi Chás IV de Sceideal D.”.

42. In ionad alt 293 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“293.—(1) I gcás duine ar a mbeidh, de bhíthin suim chaipitiúil a fháil, nó ar a mbeadh ar chúis eile, muirear le gearradh faoi alt 288 d'fháil bháis nó, más comhlacht corpraithe é, a mbeifear tosaithe á fhoirceannadh—

(a) ní mhuirearófar aon suimeanna faoin alt sin ar an duine sin in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe tar éis n tréimhse inmhuirearaithe a tharlóidh an bás nó a thosófar ar an bhfoirceannadh, agus

(b) déanfar an méid a bheidh le muirearú in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a tharlóidh an bás nó a thosófar ar an bhfoirceannadh a mhéadú na méideanna iomlána a bheadh, mura mbeadh an bás nó an foirceannadh, le muirearú in aghaidh tréimhsí inmhuirearaithe dá éis sin:

Ar choinníoll go bhféadfaidh na hionadaithe pearsanta, i gcás báis, trí fhógra i scríbhinn a sheirbheálfar ar an gcigire lá is fiche ar a dhéanaí tar éis fógra a sheirbheáil orthu i dtaobh an mhuirir a bheidh le gearradh de bhua an ailt seo, a cheangal go ndéanfar an cháin is iníoctha as eastát an éagaigh de bhíthin an mhéadaithe dá bhforáiltear leis an alt seo a laghdú ionas nach mó é ná an méid iomlán cánach ab iníoctha aige nó as a eastát de bhíthin oibriú an ailt sin 288 i ndáil leis an tsuim sin, dá ndéanfaí, in ionad an méid a bheidh le muirearú in aghaidh na bliana a tharla an bás a mhéadú méid iomlán na suimeanna a mhuirearófar in aghaidh blianta dá éis sin, gach méid de na méideanna leithleacha a bheidh le muirearú in aghaidh na mblianta dar tosach an bhliain a fuarthas an tsuim chaipitiúil agus dar críoch an bhliain a tharla an bás a mhéadú an méid iomlán sin arna roinnt ar uimhir na mblianta sin.

(2) I gcás a mbeidh, faoi fhorálacha Chaibidil V den Chuid seo arna modhnú le Caibidil III de Chuid IV, muirir faoi alt 288 le gearradh ar bheirt daoine nó níos mó mar na daoine a sheolann trádáil de thuras na huaire, agus go rachaidh an tréimhse iomchuí, de réir brí na Caibidle sin III, in éag, beidh éifeacht le forálacha fho-alt (1) i ndáil leis an tréimhse iomchuí dul in éag mar atá éifeacht leo i gcás ina dtosaítear ar chomhlacht corpraithe a fhoirceannadh:

Ar choinníoll—

(a) go ndéanfar na suimeanna breise a bheidh, faoi fho-alt (1), le muirearú don bhliain a éagfaidh an tréimhse iomchuí a chomhiomlánú agus a chionroinnt ar chomhaltaí na comhpháirtíochta díreach roimh éag don tréimhse iomchuí de réir a leasanna faoi seach i mbrabúis na comhpháirtíochta an tráth sin agus go ndéanfar gach comhpháirtí (nó, más marbh dó, a ionadaithe pearsanta) a mhuirearú i leith a chionúireachta, agus

(b) go mbeidh ag gach comhpháirtí (nó, más marbh dó, ag a ionadaithe pearsanta) an ceart céanna a cheangal go ndéanfar laghdú ar an gcáin iomlán is iníoctha aige nó as a eastát de bhíthin an mhéadaithe ab infheidhmithe ag na hionadaithe pearsanta faoi fho-alt (1) i gcás báis, agus go mbeidh éifeacht dá réir sin leis an gcoinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin ach ionann is dá mba éard iad na tagairtí don méid cánach ab iníoctha ag an éagach nó as a eastát sa chúinse a luaitear ansin tagairt don méid cánach a bheadh sa chúinse sin le híoc nó le hiompar ag an gcomhpháirtí a bheidh i gceist nó as a eastát.

(3) San alt seo, folaíonn aon tagairtí do cháin a d'íoc nó a d'iompair duine, nó a bheidh iníoctha nó le hiompar ag duine, tagairtí, i gcásanna a meastar gur ioncam de chuid an fhearchéile ioncam banchéile, don cháin ioncaim a d'íoc nó a d'iompair a bhanchéile nó a fearchéile, cibé acu é, nó a bheidh iníoctha nó le hiompar aici nó aige.”.

43. In ionad alt 294 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“294.—(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás a mbeidh duine, chun críocha aon trádála cáilithí a sheolann sé, tar éis caiteachas caipitiúil a thabhú ar dhreidireacht agus gurb éard í an trádáil cothabháil nó feabhsú slí loingseoireachta cuain, inbhir nó uiscebhealaigh nó gur dreidireacht í chun sochair árthaí a thagann isteach in aon duga nó áitreabh eile, nó a fhágann nó a úsáideann aon duga nó áitreabh eile, atá á áitiú aige chun críocha na trádála, ansin—

(a) déanfar liúntas tosaigh ar cóimhéid leis an deichiú cuid den chaiteachas a thabhairt in aghaidh na chéad tréimhse inmhuirearaithe iomchuí don duine a thabhaigh an caiteachas, agus

(b) tabharfar liúntas síos-scríofa i leith an chaiteachais sin don duine a bheidh de thuras na huaire ag seoladh na trádála i dtréimhse síos-scríofa caoga bliain dar tosach an chéad tréimhse inmhuirearaithe iomchuí, ach i gcás a mbeidh liúntas síos-scríofa le tabhairt in aghaidh bliana measúnachta do dhuine den sórt sin, agus nach mbeidh sé laistigh de réim cánach ioncaim i leith na trádála ach do chuid den bhliain sin, déileálfar leis an gcuid sin mar thréimhse inmhuirearaithe ar leithligh chun liúntais a ríomh faoin alt seo:

Ar choinníoll nach mbainfidh an fo-alt seo le haon chaiteachas a tabhaíodh roimh an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1956.

(2) Má bhuanscoirtear den trádáil in aon tréimhse inmhuirearaithe, ansin, tabharfar, in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin, don duine deiridh a sheol an trádáil, i dteannta aon liúntais eile a thabharfar dó, liúntas ar cóimhéid leis an gcaiteachas lúide na liúntais a bheidh tugtha ina leith faoi fho-alt (1) in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin agus tréimhsí inmhuirearaithe roimhe sin.

(3) Chun críocha an ailt seo, ní mheasfar de bhua aon cheann d'fhorálacha an Achta seo trádáil a bheith arna scor ar mhalairt daoine do dhul á seoladh.

(4) Tabharfar aon liúntas faoin alt seo le linn an trádáil a bheith á cur faoi cháin.

(5) I gcás caiteachas a thabhú go páirteach chun críocha trádála cáilithí agus go páirteach chun críocha eile, ní bhainfidh fo-alt (1) ach leis an méid sin den chaiteachas sin ba chóir, ar chionroinnt chóir a dhéanamh, a áireamh mar chaiteachas a tabhaíodh chun críocha na trádála sin.

(6) San alt seo ciallaíonn ‘trádáil cháilitheach’ aon trádáil nó gnóthas a chomhlíonann, nó a gcomhlíonann cuid de, aon choinníoll acu seo a leanas—

(a) an coinníoll gur cothabháil nó feabhsú slí loingseoireachta cuain, inbhir nó uiscebhealaigh í,

(b) aon choinníoll atá leagtha amach i bhforálacha alt 255 (1),

ach i gcás nach gcomhlíonann ach cuid de thrádáil nó de ghnóthas na coinníollacha sin, beidh feidhm ag fo-alt (5) ionann is dá mba thrádálacha ar leithligh an chuid a chomhlíonann agus an chuid nach gcomhlíonann.

(7) I gcás duine do thabhú caiteachais chaipitiúil chun críocha trádála nó coda de thrádáil nach bhfuil á seoladh fós aige ach a bhfuil de rún aige dul á seoladh, nó do thabhú caiteachais chaipitiúil i ndáil le duga nó aitreabh eile nach bhfuil ar áitiú fós aige chun críocha trádála cáilithí ach go bhfuil de rún aige an duga nó an t-áitreabh a áitiú amhlaidh, beidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo ionann is dá mbeadh an trádáil nó cuid den trádáil á seoladh aige nó an duga nó an t-áitreabh ar áitiú aige chun críocha na trádála cáilithí, cibé acu é, an tráth a tabhaíodh an caiteachas.

(8) Chun críocha an ailt seo, is í an chéad tréimhse inmhuirearaithe iomchuí, i ndáil le caiteachas a thabhaigh aon duine, an tréimhse inmhuirearaithe i ndáil leis an teagmhas nó leis an ócáid seo a leanas, is é sin—

(a) tabhú an chaiteachais, nó

(b) i gcás caiteachas a mbeidh liúntais le tabhairt ina leith de bhua fho-alt (7) den alt seo, an ócáid a tharla i gcéaduair gur sheol sé an trádáil nó cuid den thrádáil dar tabhaíodh an caiteachas agus freisin a d'áitigh sé chun críocha na trádála sin nó chuid den trádáil an dug nó an t-áitreabh eile ar i ndáil leis a tabhaíodh é.

(9) I gcás duine do ranníoc suime caipitiúla i leith caiteachais le dreidireacht a thabhaigh duine eile, measfar, chun críocha an ailt seo, gur thabhaigh sé caiteachas caipitiúil leis an dreidireacht sin ar cóimhéid leis an ranníoc agus measfar an caiteachas caipitiúil a thabhaigh an duine eile leis an dreidireacht sin a bheith, chun na gcríocha sin, arna laghdú méid an ranníoca.

(10) San alt seo ní fholaíonn ‘dreidireacht’ nithe a dhéanamh chun críocha seachas ar mhaithe le slí loingseoireachta ach (faoina réir sin) folaíonn sé aon ní is cuid de ghrinneall, nó a fheitheann as grinneall, na farraige nó aon uisce intíre a dhíchur, cibé slí a ndíchuirtear é agus cibé os cionn uisce ar fad nó go pairteach dó nó nach ea le linn an díchuir; agus bainfidh an t-alt seo le leathnú uiscebhealaigh intíre ar mhaithe le slí loingseoireachta mar a bhaineann sé le dreidireacht.

(11) Ní thabharfar aon liúntas de bhua an ailt seo i leith aon chaiteachais má thugtar nó más intugtha liúntas ina leith in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe céanna nó aon tréimhse inmhuirearaithe eile faoi Chaibidil II de Chuid XV nó faoi Chaibidil I den Chuid seo.

(12) D'ainneoin aon fhorála eile den alt seo, ní thabharfar aon liúntas faoin alt seo in aghaidh aon bhliana measúnachta a thosaigh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1960, ach, le linn na liúntais a bheidh le tabhairt faoin alt seo in aon chás áirithe a bheith á gcinneadh, measfar na liúntais sin go léir (seachas liúntais tosaigh) a bheith tugtha sa chás sin ab fhéidir a thabhairt dá mbeadh éifeacht i gcónaí leis an alt seo.”.

44. In ionad alt 295 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“295.—(1) Déanfar aon éileamh ó dhuine ar liúntas a bheidh le tabhairt dó faoi aon cheann d'fhorálacha na Coda seo le linn brabúis nó gnóchain d'aon chineál a bheith á muirearú a chur sa ráiteas bliantúil ar na brabúis nó na gnóchain sin a cheanglaítear a sheachadadh faoin Acht seo agus tabharfar an liúntas ar mhodh asbhainte le linn na brabúis nó na gnóchain sin a bheith á muirearú, agus beidh feidhm ag alt 241 (3) i ndáil leis an liúntas mar atá feidhm aige i ndáil le liúntais i leith caitheamh agus cuimilt innealra agus gléasra.

(2) Aon mhuirear a bheidh le gearradh faoi aon cheann d'fhorálacha na Coda seo ar dhuine in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe le linn a thrádáil a bheith á cur faoi cháin nó a ioncam a bheith á mhuirearú faoi Chás V de Sceideal D gearrfar é trí mheasúnacht i dteannta aon mheasúnachta eile a bheidh le déanamh ar an gcéanna don tréimhse sin.

(3) Beidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo i ndáil le gairmeacha, fostaíochtaí agus oifigí mar atá feidhm acu i ndáil le trádálacha.”.

45. In ionad alt 297 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“297.—(1) Sa Chuid seo, mar atá feidhm aige chun críocha cánach ioncaim, tá le ‘bonn-tréimhse’ an bhrí a shanntar dó leis na forálacha ina dhiaidh seo den alt seo.

(2) I gcás duine a mbeidh liúntas le tabhairt dó nó muirear le gearradh air faoi Chás I de Sceideal D le linn brabúis nó gnóchain a thrádála a bheith á muirearú nó faoi Chás V de Sceideal D le linn ioncam as cíosanna nó fáltais i leith áitribh nó éasúintí a bheith á muirearú, is é a bhonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnachta an tréimhse ar ar a brabúis nó a gnóchain a bheidh cáin ioncaim na bliana sin le ríomh go críochnaitheach faoi Chás I de Sceideal D i leith na trádála a bheidh i gceist nó, de réir mar a bheidh, faoi Chás V de Sceideal D maidir leis an ioncam as cíosanna nó fáltais i leith áitribh nó éasúintí nó, más rud é, de bhua aon fhorála den Acht seo, go mbeidh sé le meas gurb iad brabúis nó gnóchain aon tréimhse eile brabúis nó gnóchain na tréimhse sin, an tréimhse eile sin:

Ar choinníoll, i gcás aon trádála—

(a) má théann dhá bhonn-tréimhse thar a chéile, go measfar, chun críche an fho-ailt seo, gur sa chéad bhonntréimhse agus ansin amháin atá an tréimhse a bhaineann leo araon,

(b) má bhíonn eatramh idir deireadh na bonn-tréimhse do bhliain mheasúnachta áirithe agus an bhonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, ansin, murab í an dara bliain mheasúnachta a luaitear bliain na trádála a bhuanscor nó aon-bhunadh na mbrabús nó na ngnóchan a luaitear in alt 81 (2) scor, go measfar gur cuid den dara bonn-tréimhse an t-eatramh, agus

(c) má bhíonn eatramh idir deireadh na bonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta roimh bhliain na trádála a bhuanscor nó an aon-bhunadh sin scor agus an bhonn-tréimhse do bhliain an bhuan-scoir nó an scoir, go measfar gur cuid den chéad bhonn-tréimhse an t-eatramh.

(3) Déanfar aon tagairt sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (2) do dhá thréimhse dur thar a chéile a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do dhá thréimhse comhtheacht le chéile nó do thréimhse a bheith ar áireamh i dtréimhse eile, agus forléireofar dá réir sin tagairtí don tréimhse a bhaineann le gach ceann de dhá thréimhse.

(4) I gcás a mbeidh liúntas nó muirear le tabhairt nó le gearradh faoi Chaibidil II den Chuid seo do dhuine nó ar dhuine a sheolann nó a shealbhaíonn gairm, fostaíocht nó oifig, beidh feidhm ag forálacha na bhfo-alt sin roimhe seo den alt seo ionann is dá bhfolódh na tagairtí do thrádáil tagairtí do ghairm, d'fhostaíocht nó d'oifig agus ionann is dá bhfolódh na tagairtí do Chás I de Sceideal D tagairtí do Chás II de Sceideal D agus do Sceideal E.

(5) I gcás aon duine eile a mbeidh liúntas le tabhairt dó nó muirear le gearradh air faoin gCuid seo, is í a bhonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnachta an bhliain mheasúnachta féin.”.

46. In ionad alt 299 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“299.—(1) Beidh éifeacht le forálacha an ailt seo maidir le haon mhaoin a dhíol—

(a) i gcás ar comhlacht daoine an ceannaitheoir ar a bhfuil rialú ag an díoltóir, nó ar comhlacht daoine an díoltóir ar a bhfuil rialú ag an gceannaitheoir, nó ar comhlachtaí daoine an díoltóir agus an ceannaitheoir agus go bhfuil rialú ag duine éigin eile orthu araon. nó

(b) go ndealraíonn sé, maidir leis an díol nó maidir le hidirbhearta ar ceann acu an díol, gurb é an t-aon sochar nó an príomh-shochar a bhféadfadh, ar leith ó fhorálacha an ailt seo, súil a bheith ann lena fhaibhriú chun na bpáirtithe nó aon pháirtí acu liúntas a fháil faoi alt 241 nó 243, faoi Chaibidil I de Chuid XV nó faoi aon cheann d'fhorálacha na Coda seo.

Folaíonn tagairtí san fho-alt seo do chomhlacht daoine tagairtí do chomhpháirtíocht.

(2) I gcás maoin a dhíol ar phraghas seachas an praghas a rachadh sí dá mba ar an margadh oscailte a dhíolfaí í, ansin, faoi réir forálacha fho-ailt (3) agus (4), cinfidh an iarmhairt chéanna chun críocha na n-achtachán a luaitear i bhfo-alt (1), mar a bhainfidh siad le cáin na ndaoine uile a bheidh i gceist, a chinfeadh dá ndíolfaí an mhaoin ar an bpraghas a rachadh sí dá mba ar an margadh oscailte a dhíolfaí í.

(3) I gcás inar díol innealra nó gléasra an díol—

(a) ní thabharfar aon liúntas tosaigh don cheannaitheoir, agus

(b) faoi réir forálacha fho-alt (4), más mó an praghas a rachadh an mhaoin dá mba ar an margadh oscailte a dhíolfaí í ná an méid a measfaí, d'fhonn a chinneadh an ceart aon mhuirear cothromaíochta, agus más ceart, cad é an muirear cothromaíochta is ceart, a ghearradh ar an díoltóir i leith na maoine faoi Chaibidil II den Chuid seo, gurb é méid an chaiteachais chaipitiúil é a thabhaigh an díoltóir ag soláthar na maoine, beidh éifeacht le fo-alt (2) ionann is dá gcuirfí tagairt don méid sin in ionad gach tagartha don phraghas a rachadh an mhaoin dá mba ar an margadh oscailte a dhíolfaí í:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo i ndáil le díol innealra nó gléasra nár úsáideadh riamh má ba é gnó nó cuid de ghnó an díoltóra innealra nó gléasra den saghas sin a mhonarú nó a sholáthar agus gur i ngnáthchúrsa gnó an díoltóra a rinneadh an díol.

(4) (a) Faoi réir fho-alt (5), i gcás ar díol a mbaineann fo-alt (1) (a) leis agus nach mbaineann fo-alt (1) (b) leis an díol, agus go roghnóidh na páirtithe sa díol é trí fhógra i scríbhinn chun an chigire, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas:

(i) beidh éifeacht le fo-alt (2) ionann is dá gcuirfí in ionad gach tagartha don phraghas a rachadh an mhaoin dá mba ar an margadh oscailte a dhíolfaí í tagairt don phraghas sin nó don tsuim a luaitear anseo in a dhiaidh seo, cibé acu is lú,

(ii) ní beidh feidhm ag fo-alt (3) (b), agus

(iii) d'ainneoin aon ní sna forálacha sin roimhe seo den alt seo, is ar an gceannaitheoir a ghearrfar an muirear cothromaíochta sin, más ann, ar aon teagmhas tarlú tar éis dáta an díola, a bheadh le gearradh ar an díoltóir dá leanadh an díoltóir de bheith ina úinéir ar an maoin agus go ndearna sé gach ní agus gur lamháladh dó gach liúntas nó asbhaint i ndáil leis an maoin a rinne an ceannaitheoir nó a lamháladh don cheannaitheoir.

(b) Is í suim dá dtagraítear i mír (a) (i)—

(i) i gcás foirgneamh nó déanmhas tionscail, iarmhar an chaiteachais a caitheadh díreach roimh an díol ag foirgniú an fhoirgnimh nó an déanmhais sin, arna ríomh de réir forálacha alt 266,

(ii) i gcás innealra nó gléasra, méid an chaiteachais ag soláthar an chéanna a bheidh fós gan liúntas a bheith tugtha ina leith díreach roimh an díol, arna ríomh de réir forálacha alt 274,

(iii) i gcás ceart paitinne, an méid den chaiteachas caipitiúil a caitheadh ag fáil na gceart sin a bheidh fágtha gan liúntas a bheith tugtha ina leith, arna ríomh de réir forálacha alt 286.

(5) Ní fhéadfar roghnú faoi fho-alt (4) (a) a dhéanamh más rud é—

(a) go mbeidh aon pháirtí de na páirtithe sa díol gan bheith ina chónaí sa Stát tráth an díola, agus

(b) nach amhlaidh do na himthosca an tráth sin go mbeidh nó go mb'fhéidir go mbeadh liúntas nó muirear faoin gCuid seo le tabhairt don pháirtí sin nó le gearradh ar an bpáirtí sin de dhroim an díola, ach, cé is moite dá bhfuil ráite roimhe seo, beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le díol d'ainneoin nach infheidhmithe go hiomlán é de bhíthin gan cónaí amhlaidh a bheith ar pháirtí sa díol nó ar chúis eile.

(6) San alt seo ciallaíonn ‘rialú’, i ndáil le comhlacht corpraithe, cumhacht duine chun a áirithiú, trí scaireanna a shealbhú nó cumhacht vótála a bheith aige sa chomhlacht corpraithe sin nó i ndáil leis, nó in aon chomhlacht corpraithe eile nó i ndáil leis, nó de bhua aon chumhachtaí a thugtar leis na hairteagail chomhlachais nó le doiciméad eile a rialálann an comhlacht corpraithe sin nó aon chomhlacht corpraithe eile, gur mar is toil leis an duine sin a sheolfar cúrsaí an chomhlachta chorpraithe chéadluaite agus, i ndáil le comhpháirtíocht, ciallaíonn sé ceart chun scaire is mó ná leath sócmhainní, nó is mó ná leath ioncaim, na comhpháirtíochta.”.

47. In ionad alt 301 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“301.—(1) I gcás a mbeidh, faoi réim nó de bhua aon fhorálacha den Chuid seo, aon suim le cionroinnt agus go ndealróidh sé, tráth na cionroinnte, go mbaineann sé le hábhar maidir le dliteanas beirt daoine nó níos mó i leith cánach (is cuma cad é an tréimhse inmhuirearaithe ar ina haghaidh í), déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc aon cheist a bheidh ann i dtaobh na slí a bheidh an tsuim le cionroinnt a chinneadh, chun críocha cánach na ndaoine sin go léir, ionann is dá mba achomharc í i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim faoi Sceideal D, agus beidh feidhm dá réir sin fara aon mhodhnuithe is gá ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le hachomharc den sórt sin:

Ar choinníoll go mbeidh teideal ag na daoine sin go léir láithriú agus éisteacht a fháil ó na Coimisinéirí Achomhairc nó uiríolla a chur chucu i scríbhinn.

(2) Tá feidhm ag an alt seo i ndáil leis an bpraghas a rachadh maoin dá mba ar an margadh oscailte a dhíolfaí í a chinneadh chun críocha na Coda seo mar atá feidhm aige i ndáil le cionrionnt.”.

48. In ionad alt 302 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“302.—(1) I gcás teagmhas tarlú is cúis, nó ba chúis mura mbeadh an t-alt seo, le liúntas cothromaíochta nó le muirear cothromaíochta i leith aon mhaoine a thabhairt do chuideachta, nó a ghearradh ar chuideachta, a mbeidh deimhniú faoi alt 70 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976, nó faoi alt 374 (2) tugtha ina leith, ansin, cibé acu a bheidh an deimhniú i bhfeidhm nó nach mbeidh, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas den alt seo.

(2) Más go heisiatach chun críocha a hoibríochtaí trádála díolmhaithe de réir brí Chuid V den Acht Cánach Corparáide, 1976, nó Chaibidil I de Chuid XXV a d'úsáid an chuideachta na mhaoin, ní thabharfar aon liúntas cothromaíochta ná ní ghearrfar aon mhuirear cothromaíochta.

(3) Má úsáideadh an mhaoin go páirteach chun críocha oibríochtaí trádála díolmhaithe na cuideachta agus go páirteach chun críocha a hoibríochtaí trádála eile, tabharfar aird ar imthosca iomchuí uile an cháis agus déanfar liúntas a thabhairt don chuideachta a mbeidh ann cibé méid, nó, de réir mar a bheidh, muirear a ghearradh ar an gcuideachta a mbeidh ann cibé méid, a bheidh cóir réasúnach.”.

49. In ionad alt 303 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“303.—(1) Na tagairtí atá sa Chuid seo do chaiteachas caipitiúil agus do shuimeanna caipitiúla—

(a) i ndáil leis an duine a thabhaigh an caiteachas nó a d'íoc na suimeanna, ní fholaíonn siad aon chaiteachas ná suim a lamháiltear a asbhaint le linn brabúis nó gnóchain trádála, gairme, oifige nó fostaíochta a bhí á seoladh nó ar seilbh aige a bheith á ríomh chun críocha cánach, agus

(b) i ndáil leis an duine a fuair na méideanna a caitheadh nó na suimeanna a bheidh i gceist, ní fholaíonn siad tagairtí d'aon mhéideanna nó suimeanna a bheidh le cur i gcuntas mar fháltais le linn brabúis nó gnóchain aon trádála, gairme, oifige nó fostaíoctha a bhí á seoladh nó ar seilbh aige a bheith á ríomh,

agus ní fholaíonn siad, i ndáil le haon duine mar a dúradh, aon chaiteachas ná suim a mbeidh nó a bhféadfadh go mbeadh asbhaint cánach le déanamh ina leith, seachas de bhua forálacha Chaibidil III den Chuid seo a bhaineann le muirir ar shuimeanna caipitiúla a fuarthas i leith ceart paitinne, faoi alt 433 nó 434.

(2) Déanfar aon tagairt sa Chuid seo don dáta a tabhaíodh caiteachas a fhorléiriú mar thagairt don dáta a tháinig na suimeanna a bheidh i gceist chun bheith iníoctha.

(3) Ní mheasfar chun aon cheann de chríocha na Coda seo gur thabhaigh aon duine caiteachas a mhéid a bheidh an caiteachas sin íoctha nó le híoc díreach nó neamhdíreach ag an Stát, ag aon bhord a bunaíodh le reacht nó ag aon údarás poiblí nó ag aon údarás áitiúil.

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo le linn bheith á bhreithniú an bhfuil aon mhuirear cothromaíochta, agus, má tá, cad é an muirear cothromaíochta atá, le gearradh ar dhuine faoi Chaibidil II den Chuid seo i leith aon innealra nó gléasra a soláthraíodh roimh an 15ú lá d'Aibreán, 1959.”.

50. In ionad alt 304 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“304.—(1) Sa Chuid seo, ach amháin mar a n-éilíonn an chomhthéacs a mhalairt—

folaíonn ‘ioncam’ aon mhéid a n-údaraítear muirear a ghearradh air faoi aon cheann d'fhorálacha na Coda seo;

folaíonn ‘léas’ comhaontú i leith léasa i gcás a bhfuil téarma an léasa tosaithe, agus aon tionóntacht, ach ní fholaíonn sé morgáiste, agus forléireofar dá réir sin ‘léasaí’, ‘léasóir’ agus ‘leas léasachta’;

ciallaíonn ‘airgead díola, árachais, tarrthála nó cúitimh’ i ndáil le teagmhas is cúis nó a d'fhéadfadh bheith ina chúis le liúntas cothromaíochta a thabhairt d'aon duine nó muirear cothromaíochta a ghearradh ar aon duine—

(a) i gcás ar díol aon mhaoine an teagmhas, na glanfháltais don duine sin ón díol,

(b) i gcás ar scartáil nó díothú aon mhaoine an teagmhas, an glanmhéid a fuair sé ar iarmhar na maoine, mar aon le haon airgead árachais a fuair sé i leith na scartála nó an díothaithe agus aon chúiteamh eile d'aon sórt a fuair sé i leith an chéanna, a mhéid is suimeanna caipitiúla an cúiteamh sin,

(c) maidir le hinnealra nó gléasra, i gcás arb é an teagmhas buanchailleadh an chéanna ar shlí seachas de dhroim a scartála nó a dhíothaithe, aon airgead árachais a fuair sé i leith an chaillte agus aon chúiteamh eile d'aon sórt a fuair sé i leith an chéanna, a mhéid is suimeanna caipitiúla an cúiteamh sin, agus

(d) i gcás arb é an teagmhas go bhfuil scortha ar fad d'fhoirgneamh nó déanmhas a úsáid, aon chúiteamh d'aon sórt a fuair sé i leith an teagmhais sin, a mhéid is suimeanna caipitiúla an cúiteamh sin.

(2) Déanfar aon tagairt sa Chuid seo d'aon fhoirgneamh, déanmhas, innealra nó gléasra a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do chuid d'aon fhoirgneamh, déanmhas, innealra nó gléasra.

(3) Beidh feidhm ag forálacha na Coda seo i ndáil le scair in innealra nó gléasra mar atá feidhm acu i ndáil le cuid d'innealra nó de ghléasra, agus measfar, chun críocha na bhforálacha sin, scair in innealra nó i ngléasra a bheith á húsáid chun críocha trádála an fad, agus amháin an fad, a úsáidtear an t-innealra nó an gléasra chun críocha an chéanna.

(4) Déanfar aon tagairt sa Chuid seo do thráth aon díola a fhorléiriú mar thagairt do thráth an chríochnaithe nó tráth seilbh a thabhairt, cibé acu is luaithe.

(5) Ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt go sainráite, folaíonn aon tagairt sa Chuid seo do thrádáil a bhunú nó a buanscor tagairt do tharlú aon teagmhais a measfar, faoi aon cheann d'fhorálacha an Achta seo, gur teagmhas é is comhionann le trádáil a bhunú nó a bhuanscor.

(6) Folaíonn aon tagairt sa Chuid seo do liúntas a thabhairt tagairt do liúntas a thabharfaí mura mbeadh neamhdhóthanacht brabús nó gnóchan, nó ioncaim eile, a dtabharfaí ina choinne é.”.

51. In ionad alt 305 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“305.—(1) Má tharlaíonn, roimh lá bunaithe nó tosaithe trádála is trádáil ag táirgeadh earraí monaraithe lena ndíol, go dtabhóidh nó gur thabhaigh duine caiteachas ag earcú agus ag oiliúint daoine ar saoránaigh Éireannacha iad go léir nó a bhformhór, de rún a bhfostaithe sa trádáil—

(a) tabharfar dó liúntais (dá ngairtear liúntais síosscríofa sa Chuid seo) i leith an chaiteachais sin le linn tréimhse síos-scríofa trí bliana dar tosach an lá sin agus tabharfar na liúntais sin le linn an trádáil a bheith á cur faoi cháin,

(b) beidh feidhm ag alt 241 (3) i ndáil le liúntas faoi mhír (a) mar atá feidhm aige i ndáil le liúntas is inlamhála i leith caitheamh agus cuimilt innealra nó gléasra.

(2) Chun críocha an ailt seo—

(a) ní fholóidh caiteachas aon chaiteachas a thabhaigh duine agus nach mbeadh aon asbhaint inlamhála dó ina leith, le linn brabúis nó gnóchain na trádála a bheith á ríomh faoi na forálacha den Acht seo is infheidhmithe maidir le Cás I de Sceideal D, dá mba é lá bunaithe nó tosaithe na trádála nó aon lá dá éis sin a tabhaíodh é,

(b) ní mheasfar caiteachas a bheith tabhaithe ag duine a mhéid a bheidh an caiteachas sin íoctha nó le híoc díreach nó neamhdíreach ag an Stát, ag aon bhord a bunaíodh le reacht nó ag aon údarás poiblí nó ag aon údarás áitiúil.

(3) Chun críocha an ailt seo, measfar gurb é dáta na suime iomchuí teacht chun bheith iníoctha dáta tabhaithe aon chaiteachais.

(4) Déanfar aon éileamh ó dhuine ar liúntas faoin alt seo a chur sa ráiteas bliantúil ar bhrabúis nó gnóchain a thrádála a cheanglaítear a sheachadadh faoin Acht seo agus beidh ag gabháil leis deimhniú a bheidh sínithe ag an éilitheoir, a measfar gur cuid den éileamh é, á rá gur tabhaíodh an caiteachas ag earcú agus ag oiliúint daoine, ar saoránaigh Eireannacha iad go léir nó a bhformór, de rún a bhfostaithe sa trádáil agus a thabharfaidh sonraí a thaispeánfaidh go bhfuil an liúntas le tabhairt.”.

52. In ionad alt 306 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear—

“306.—(1) Ní bhaineann an t-alt seo ach amháin le hearraí nach raibh á dtáirgeadh ar bhonn tráchtála sa Stát sa dá mhí dhéag dar chríoch an 31ú lá de Lúnasa, 1939, agus nach mbeadh a dtáirgeadh sa Stát (cibé acu le haghaidh úsáide baile nó le honnmhairiú) sochrach ar bhonn tráchtála tráth ar bith i rith an dá mhí dhéag sin agus déanfar ‘earra lena mbaineann an t-alt seo’ a fhorléiriú dá réir sin san alt seo.

(2) San alt seo déanfar tagairtí do dhálaí eacnamaíochta neamhghnácha maidir le hearra lena mbaineann an t-alt seo a fhorléiriú mar thagairtí a ciallaíonn, mar gheall ar imthosca arb é is bonn nó is cúis leo an éigeandáil náisiúnta lenar bhain an rún a rith gach Teach den Oireachtas an 2ú lá de Mheán Fómhair, 1939 (lena n-áirítear imthosca a lean ann tar éis deireadh na héigeandála sin),—

(a) go bfuil an t-earra sin ag teastáil go géar sa Stát chun freastal do riachtanas bunúsach de chuid an phobail agus nach féidir leor-chainníochtaí de a allmhairiú chun freastal don riachtanas sin nó nach féidir é a allmhairiú ar aon chor, agus

(b) gur táirgeadh sochrach tráchtála, an fad is ann do na himthosca sin, an t-earra sin a tháirgeadh sa Stát le haghaidh úsáide baile, ach a scoirfidh a tháirgeadh de bheith ina thráchtáil shochrach nuair a bheidh deireadh leis na himthosca sin.

(3) I gcás—

(a) a ndéanfaidh duine, de réir an ailt seo, liúntas speisialta faoin alt seo in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe a iarraidh ar na Comisinéirí Ioncaim, agus

(b) go suífidh sé, chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim, gur úsáid sé i rith na tréimhse inmhuirearaithe sin foirgnimh a thóg nó a fuair sé nó gléasra nó innealra a chuir sé isteach tar éis an 31ú lá de Lúnasa, 1939, d'aontoisc chun earra lena mbaineann an t-alt seo a tháirgeadh ar mhodh trádála nó gnó, agus gur d'aontoisc chun a úsáide sa Stát a táirgeadh an t-earra sin amhlaidh, agus

(c) go suífidh sé freisin chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go raibh dálaí eacnamaíochta neamhghnácha ann maidir leis an earra sin i rith na tréimhse inmhuirearaithe sin,

féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a chur faoi deara cibé liúntas speisialta a mheasfaidh siad is cóir a thabhairt i leith na bhfoirgneamh, an innealra nó an ghléasra sin in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin agus tabharfar an liúntas sin le linn trádáil an earra sin a tháirgeadh amhlaidh a bheith á cur faoi cháin.

(4) Féadfar iarratas chun na gCoimisinéirí Ioncaim ar liúntas speisialta faoin alt seo i ndáil le haon tréimhse inmhuirearaithe a dhéanamh laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh na tréimhse sin.

(5) I gcás liúntas speisialta a thabhairt faoi na forálacha sin roimhe seo den alt seo tabharfar an liúntas sin trí aisíoc nó ar shlí eile.

(6) I gcás liúntais speisialta faoin alt seo a bheith tugtha do dhuine agus gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim deireadh a bheith le dálaí eacnamaíochta neamhghnácha maidir leis an earra ar i ndáil lena tháirgeadh a tugadh na liúntais sin, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim na liúntais sin a athbhreithniú.

(7) Beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas i ndáil leis na liúntais speisialta faoin alt seo a tugadh do dhuine ar bith a athbhreithniú faoi fho-alt (6) nó de dhroim an athbhreithnithe sin, is é sin le rá:—

(a) chun críche an athbhreithnithe sin féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim na méideanna seo a leanas a chur i gcóimheas le chéile, is é sin le rá:—

(i) an glanchostas (mar a mhínítear anseo ina dhiaidh seo) a bhí ar an duine sin maidir leis na foirgnimh, leis an innealra nó leis an ngléasra ar ina leith a tugadh na liúntais speisialta sin, agus

(ii) iomlán na liúntas mar a mhínítear anseo ina dhiaidh seo a tugadh don duine sin;

(b) chun críocha an chóimheasa sin, measfar gurb é méid an ghlanchostais sin an bhreis a bheidh ag an méid a chosain sé iarbhír ar an duine sin na foirgnimh sin a fhoirgniú nó a fháil nó an t-innealra nó an gléasra sin a fheistiú ar chomhiomlán na nithe seo a leanas—

(i) an tsuim nó na suimeanna (má b'ann) a soláthraíodh ar mhodh fóirdheontais nó deontais as cistí poiblí faoi chomhair an fhoirgnithe, na fála, nó an fheistithe sin, agus

(ii) an méid ar ar fiú, dar leis na Coimisinéirí Ioncaim, na foirgnimh, an t-innealra nó an gléasra sin a dhíol ar scor, nó laistigh de dhá mhí dhéag tar éis scor, do na dálaí eacnamaíochta neamhghnácha maidir leis an earra ar i leith a tháirgthe a úsáideadh na foirgnimh, an t-innealra nó an gléasra sin;

(c) measfar gurb é iomlán na liúntas sin a dúradh comhiomlán na liúntas speisialta go léir a tugadh don duine sin faoi na forálacha sin roimhe seo den alt seo agus na liúntas go léir a tugadh don duine sin maidir leis na foirgnimh, leis an innealra nó leis an ngléasra faoi réim nó de bhíthin alt 65 (4) (a), 241 nó 243 in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a tharla scor na ndálaí eacnamaíochta neamhghnácha maidir leis an earra ar i leith a tháirgthe a úsáideadh na foirgnimh, an t-innealra nó an gléasra sin agus in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe roimhe sin ar úsáideadh amhlaidh na foirgnimh, an t-innealra nó an gléasra sin lena linn;

(d) más mó an glanchostas sin ná iomlán na liúntas sin, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cibé liúntas speisialta breise is dóigh leo is cóir a thabhairt trí aisíoc nó eile;

(e) más mó iomlán na liúntas sin ná an glanchostas sin, féadfar na liúntais speisialta faoin alt seo a tugadh don duine a athbhreithniú agus féadfar cibé measúnachtaí breis a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim is gá a dhéanamh ar an duine sin in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe ar tugadh aon liúntas speisialta den sórt sin dó ina haghaidh.”.

53. In ionad alt 11 den Acht Airgeadais, 1967, cuirfear—

“11.—(1) San alt seo—

ciallaíonn ‘innealra nó gléasra cáilitheach’ innealra nó gléasra (seachas feithiclí atá oiriúnach chun daoine nó earraí a iompar de bhóthar nó feithiclí eile a tharraingt ar bóthar) a sholáthrófar an 1ú lá d'Aibreán, 1967, nó dá éis, le húsáid in aon limistéar ainmnithe chun críocha trádála nó gairme agus nach innealra ná gléasra úsáidte nó réchaite é tráth a sholáthair amhlaidh;

tá le ‘limistéar ainmnithe’ an bhrí chéanna atá leis san Acht um Fhorbairt Tionscail, 1969.

(2) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás liúntas a bheith le tabhairt faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe, i leith caitheamh agus cuimilt aon innealra nó gléasra cháilithigh, déanfar, faoi réir fho-alt (6) den alt sin, an liúntas a mhéadú cibé méid a shonróidh an duine dá mbeidh an liúntas le tabhairt; agus, i ndáil le cás a raibh éifeacht leis an bhfo-alt seo, déanfar aon tagairt sna hAchtanna Cánach Ioncaim do liúntas faoin alt sin 241 a fhorléiriú mar thagairt don liúntas sin arna mhéadú faoin bhfo-alt seo.

(3) Ní bhainfidh fo-alt (2) le hinnealra nó gléasra cáilitheach a bheidh ligthe chun duine ar na téarmaí a luaitear in alt 241 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, mura bhforálann an conradh ligin go mbeidh an duine, nó go bhféadfaidh an duine teacht chun bheith, ina úinéir ar an innealra nó ar an ngléasra ar an gconradh a bheith comhlíonta; agus, i gcás a bhforálann an conradh amhlaidh, go scoirfidh sé de bheith i dteideal (seachas ar éag dó) sochair an chonartha a mhéid a bhaineann sé leis an innealra nó leis an ngléasra, ach gan é teacht chun bheith ina úinéir ar an innealra nó ar an ngléasra, measfar nach raibh feidhm ag fo-alt (2) i ndáil leis an innealra nó leis an ngléasra agus déanfar dá réir sin na measúnachtaí breise sin go léir agus na coigeartuithe sin go léir ar mheasúnachtaí is iomchuí.

(4) I gcás a ndéanfar, in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe, an liúntas faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, i leith caitheamh agus cuimilt aon innealra nó gléasra a mhéadú faoin alt seo, ní thabharfar aon liúntas faoi Chaibidil I de Chuid XV den Acht sin i ndáil leis an innealra nó leis an ngléasra in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin ná in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe dá éis sin.”.

54. In ionad alt 4 den Acht Airgeadais, 1968, cuirfear—

“4.—(1) San alt seo—

ciallaonn ‘innealra nó gléasra cáilitheach’ innealra nó gléasra (seachas feithiclí atá oiriúnach chun daoine nó earraí a iompar de bhóthar nó chun feithiclí eile a tharraingt ar bóthar) a sholáthrófar, an 1ú lá d'Aibreán, 1968, nó dá éis, le húsáid chun críocha trádála, gairme, fostaíochta nó oifige agus nach innealra nó gléasra úsáidte nó réchaite é tráth a sholáthair amhlaidh, agus folaíonn sé aon innealra nó gléasra den sórt sin d'ainneoin aon díol a rinneadh air nó aon athrú imthosca eile, ach ní fholaíonn sé longa ná innealra nó gléasra a bhfuil rogha déanta ina leith faoin gcéad fhoráil a ghabhann le halt 241 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967;

tá le ‘luach an innealra nó an ghléasra sin i dtosach na tréimhse inmhuirearaithe’ an bhrí chéanna atá leis in alt 241 (7) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

(2) Faoi réir forálacha an fho-ailt seo, i gcás liúntas a bheith le tabhairt faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe bliana, mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt aon innealra nó gléasra cháilithigh, ansin, an méid a measfaidh na Coimisinéirí Achomhairc gurb é an méid cóir réasúnach é faoin alt sin is ionann, mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt in imeacht na tréimhse inmhuirearaithe, agus luach laghdaithe an innealra nó an ghléasra sin—

(a) más méid é nach mó ná 8.75 faoin gcéad den méid arbh é luach an innealra nó an ghléasra sin i dtosach na tréimhse inmhuirearaithe é, glacfar gur 10 faoin gcéad den luach sin é;

(b) más méid é is mó ná 8.75 faoin gcéad ach is lú ná 15 faoin gcéad den méid arbh é luach an innealra nó an ghléasra sin i dtosach na tréimhse inmhuirearaithe é, glacfar gur 12.5 faoin gcéad den luach sin é;

(c) más méid é is 15 faoin gcéad nó níos mó den méid arbh é luach an innealra nó an ghléasra sin i dtosach na tréimhse inmhuirearaithe é, glacfar gur 25 faoin gcéad den luach sin é.

(3) Leasaítear leis seo alt 241 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, maidir le hinnealra nó gléasra cáilitheach, trí ‘leis an méid’ a chur in ionad ‘le cúig cheathrú den méid’.

(4) I ndáil le cás a raibh éifeacht le fo-alt (2), déanfar aon tagairt sna hAchtanna Cánach Ioncaim do liúntas a tugadh faoin alt sin 241 a fhorléiriú mar thagairt don liúntas sin arna chinneadh de bhun an ailt sin, arna leasú leis an alt seo, agus de bhun fho-alt (2).”.

55. In ionad alt 4 den Acht Airgeadais, 1969, cuirfear—

“4.—(1) San alt seo—

ciallaíonn an briathar ‘athchóiriú’, i ndáil le hinnealra nó gléasra, aon athchóiriú nó oiriúnú ar an innealra nó ar an ngléasra mar gheall ar chóras airgid reatha deachúil a thabhairt isteach sa Stát;

ciallaíonn ‘innealra nó gléasra deachúlaithe’ innealra nó gléasra—

(a) a soláthraíodh, roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1971, lena úsáid in aon limistéar seachas limistéar ainmnithe chun críocha trádála nó gairme agus nach innealra nó gléasra úsáidte nó réchaite é tráth a sholáthair amhlaidh,

(b) is de chineál a soláthraíodh amhlaidh mar gheall ar chóras airgid reatha deachúil a thabhairt isteach sa Stát, agus

(c) nár soláthraíodh amhlaidh lena úsáid ag monarú innealra nó gléasra;

tá an bhrí chéanna le ‘limistéar ainmnithe’ atá leis san Acht um Fhorbairt Tionscail, 1969.

(2) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás liúntas a bheith le tabhairt in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, i leith caitheamh agus cuimilt aon innealra nó gléasra dheachúlaithe déanfar, faoi réir fho-alt (6) den alt sin, an liúntas a mhéadú cibé méid a shonróidh an duine dá mbeidh an liúntas le tabhairt; agus, i ndáil le cás a raibh éifeacht leis an bhfo-alt seo, déanfar aon tagairt sna hAchtanna Cánach Ioncaim do liúntas faoin alt sin 241 a fhorléiriú mar thagairt don liúntas sin arna mhéadú faoin bhfo-alt seo.

(3) Ní bhainfidh fo-alt (2) le hinnealra nó gléasra deachúlaithe a bheidh ligthe chun duine ar na téarmaí a luaitear in alt 241 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, mura bhforálann an conradh ligin go mbeidh an duine, nó go bhéadfaidh an duine teacht chun bheith, ina úinéir ar an innealra nó ar an ngléasra ar an gconradh a bheith comhlíonta; agus i gcás a bhforálann an conradh amhlaidh, má scoireann an duine de bheith i dteideal (seachas ar éag dó) sochair an chonartha a mhéid a bhaineann sé leis an innealra nó leis an ngléasra, ach gan é teacht chun bheith ina úinéir ar an innealra nó ar an ngléasra, measfar nach raibh feidhm ag fo-alt (2) i ndáil leis an innealra nó leis an ngléasra, agus déanfar dá réir sin na measúnachtaí breise sin go léir agus na coigeartuithe sin go léir ar mheasúnachtaí is iomchuí.

(4) I gcás a ndéanfar, in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe, an liúntas faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, i leith caitheamh agus cuimilt aon innealra nó gléasra a mhéadú faoin alt seo, ní thabharfar aon liúntas faoi Chaibidil I de Chuid XV den Acht sin i ndáil leis an innealra nó leis an ngléasra in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin ná in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe dá éis sin.

(5) I gcás duine a sheolann trádáil nó gairm do thabhú caiteachais roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1971, ag athchóiriú innealra nó gléasra a úsáidtear chun críocha na trádála nó na gairme agus nach n-úsáidtear ag monarú innealra nó gléasra, ní bheidh méid an chaiteachais sin (murab inlamhála amhlaidh é ar shlí eile) inlamhála mar ashbhaint le linn brabúis nó gnóchain nó caillteanais na trádála nó na gairme a bheith á ríomh chun críocha cánach ioncaim, agus, i gcás a lamhálfar amhlaidh é, ní mheasfar gur caiteachas caipitiúil é chun aon cheann de chríocha na nAchtanna Cánach Ioncaim.”.

56. In ionad alt 14 den Acht Airgeadais, 1970, cuirfear—

“14.—(1) San alt seo—

ciallaíonn ‘liúntas caithimh agus cuimilte’ liúntas a thugtar faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ar shlí seachas de bhua alt 11 den Acht Airgeadais, 1967, nó de bhua alt 4 den Acht Airgeadais, 1969, nó de bhua alt 26 den Acht Airgeadais, 1971:

ciallaíonn ‘liúntas gnáthchaithimh agus gnáthchuimilte’ cibé liúntas caithimh agus cuimilte nó cibé liúntas caithimh agus cuimilte níos mó, más ann, a bheadh le tabhairt do dhuine i leith aon innealra nó gléasra a d'úsáid sé i rith aon tréimhse inmhuirearaithe dá mba go ndearnadh na coinníollacha go léir a shonraítear i bhfo-alt (3) a chomhlíonadh i ndáil leis an tréimhse inmhuirearaithe sin.

(2) I gcás nach dtabharfar, in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe (lena n-áirítear bliain mheasúnachta roimh an mbliain 1970-71) a raibh aon innealra nó gléasra á úsáid ag duine lena linn, aon liúntas caithimh agus cuimilte nó go dtabharfar liúntas caithimh agus cuimilte is lú ná an liúntas gnáthchaithimh agus gnáthchuimilte dó in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin i leith an innealra nó an ghléasra, measfar, chun críocha fho-ailt (6) agus (7) den alt sin 241, an liúntas gnáthchaithimh agus gnáthchuimilte a bheith tugtha dó i leith an innealra nó an ghléasra in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin.

(3) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1):

(a) go raibh an trádáil á seoladh ag an duine a bheidh i gceist riamh ón dáta a fuair sé an t-innealra nó an gléasra agus go raibh sí á seoladh aige amhlaidh in imthosca de shórt go raibh na brabúis nó na gnóchain go léir ón trádáil sin inchurtha faoi cháin,

(b) nárbh oibríochtaí trádála díolmhaithe aon tráth réir brí Chaibidil I de Chuid XXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó Chuid V den Acht Cánach Corparáide, 1976, an trádáil go léir nó aon chuid di,

(c) gur chun críocha na trádála go heisiatach a d'úsáid sé an t-innealra nó an gléasra riamh ón dáta sin,

(d) go ndearna sé éileamh cuí ar liúntas caithimh agus cuimilte i leith an innealra nó an ghléasra in aghaidh gach tréimhse inmhuirearaithe iomchuí, agus

(e) nár éirigh aon cheist i ndáil le haon tréimhse inmhuirearaithe i dtaobh aon suimeanna a bheith iníoctha go díreach nó go neamhdhíreach leis, is suimeanna i leith caitheamh agus cuimilt an innealra nó an ghléasra nó suimeanna á chur sin i gcuntas.

I gcás cuideachta ní athróidh mír (a) na tréimhsí a bheidh le glacadh mar thréimhsí inmhuirearaithe, ach mura raibh an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide i rith aon ama tar éis na bliana 1975-76, agus tar éis don chuideachta an t-innealra nó an gléasra a fháil, glacfar le haon bhliain mheasúnachta nó le haon chuid de bhliain mheasúnachta laistigh den am sin mar thréimhse inmhuirearaithe ionann is dá mba thréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta í.

(4) Beidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo, modhnaithe mar is gá, i ndáil le gairmeacha, fostaíochtaí agus oifigí mar atá feidhm acu i ndáil le trádálacha.”.

57. In ionad alt 22 den Acht Airgeadais, 1971, cuirfear—

“22.—(1) San alt seo agus in ailt 24 agus 25 ciallaíonn ‘innealra nó gléasra cáilitheach’ innealra nó gléasra (seachas feithiclí atá oiriúnach chun daoine nó earraí a iompar de bhóthar nó chun feithiclí eile a tharraingt ar bóthar) a sholáthrófar le húsáid in aon limistéar ainmnithe agus nach innealra ná gléasra úsáidte nó réchaite é tráth a sholáthair amhlaidh;

tá le ‘limistéar ainmnithe’ an bhrí chéanna atá leis san Acht um Fhorbairt Tionscail, 1969.

(2) I gcás duine a sheolann trádáil do thabhú caiteachais chaipitiúil an lú lá d'Aibreán, 1971, nó dá éis, agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1977, ag soláthar innealra nó gléasra cháilithigh chun críocha na trádála, tabharfar dó, in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a bhain le tabhú an chaiteachais, liúntas (dá ngairtear liúntas infheistíochta san alt seo agus sna trí alt díreach ina dhiaidh seo) ar cóimhéid le cúigiú cuid an chaiteachais, agus tabharfar an liúntas sin le linn an trádáil a bheith á cur faoi cháin.

(3) Chun críocha an ailt seo—

(a) glacfar gurb é lá na suime iomchuí teacht chun bheith iníoctha lá tabhaithe aon chaiteachais,

(b) ní mheasfar caiteachas a bheith tabhaithe ag duine a mhéid a bheidh an caiteachas sin íoctha nó le híoc, díreach nó neamhdíreach, ag an Stát, ag aon bhord a bunaíodh le reacht nó ag aon údarás poiblí nó ag aon údarás áitiúil,

(c) i gcás aon chaiteachas a thabhaigh duine chun críocha trádála agus é ar tí dul á seoladh déileálfar leis ionann is dá mba é an chéad lá a bhí sé á seoladh a thabhaigh sé an caiteachas sin, agus

(d) ní áireofar ar chaiteachas caipitiúil aon chaiteachas a lamháiltear a ashbhaint le linn brabúis nó gnóchain thrádáil a sheol an duine a thabhaigh an caiteachas a bheith á ríomh chun críocha cánach.

(4) Déanfar aon éileamh ó dhuine ar liúntas faoin alt seo le linn a thrádáil a bheith á cur faoi cháin a chur sa ráiteas bliantúil ar bhrabúis nó gnóchain a thrádála a cheanglaítear a sheachadadh faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim agus beidh ag gabháil leis deimhniú a bheidh sínithe ag an éilitheoir, a measfar gur cuid den éileamh é, á rá gur tabhaíodh an caiteachas ag soláthar innealra nó gléasra cháilithigh agus a thabharfaidh sonraí a thaispeánfaidh go bhfuil an liúntas le tabhairt.

(5) Beidh feidhm ag forálacha an ailt seo, modhnaithe mar is gá, i ndáil le gairmeacha mar atá feidhm acu i ndáil le trádálacha.”.

58. In ionad alt 23 den Acht Airgeadais, 1971, cuirfear—

“23.—(1) In alt 22, mar atá feidhm aige chun críocha cánach ioncaim, tá le ‘bonn-tréimhse’ an bhrí a shanntar dó leis na forálacha seo a leanas den alt seo.

(2) I gcás duine a mbeidh liúntas infheistíochta le tabhairt dó faoin alt sin 22, is í a bhonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnachta an tréimhse ar ar a brabúis nó ar a gnóchain a bheidh cáin ioncaim na bliana sin le ríomh go críochnaitheach faoi Chás I nó faoi Chás II de Sceideal D i leith na trádála nó na gairme a bheidh i gceist nó, más rud é, de bhua aon fhorála de na hAchtanna Cánach Ioncaim, go mbeidh sé le glacadh gurb iad brabúis nó gnóchain aon tréimhse eile brabúis nó gnóchain na tréimhse sin, an tréimhse eile sin:

Ar choinníoll, i gcás aon trádála nó gairme—

(a) má théann dhá bhonn-tréimhse thar a chéile, go measfar chun críocha an fho-ailt seo gur sa chéad bhonntréimhse agus ansin amháin atá an tréimhse a bhaineann leo araon,

(b) má bhíonn eatramh idir deireadh na bonn-tréimhse do bhliain mheasúnachta áirithe agus an bhonntréimhse don bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, ansin, murab í an dara bliain mheasúnachta a luaitear bliain na trádála nó na gairme a bhuanscor, go measfar gur cuid den dara bonn-tréimhse an t-eatramh, agus

(c) má bhíonn eatramh idir deireadh na bonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta roimh bhliain na trádála nó na gairme a bhuanscor agus an bhonn-tréimhse do bhliain a buanscoir, go measfar gur cuid den chéad bhonn-tréimhse an t-eatramh.

(3) (a) Déanfar aon tagairt sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (2) do thrádáil nó gairm a bhuanscor a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon teaghmas tarlú a bheidh, faoi aon cheann d'fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim, le meas mar ní is ionann agus trádáil nó gairm a bhuanscor.

(b) Déanfar aon tagairt sa choinníoll sin do dhá tréimhse dul thar a chéile a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do dhá thréimhse comhtheacht le chéile nó do thréimhse a bheith i dtréimhse eile, agus forléireofar dá réir sin tagairtí don tréimhse is cuid de gach ceann de dhá thréimhse.”.

59. In ionad alt 24 den Acht Airgeadais, 1971, cuirfear—

“24.—(1) D'fhonn méid aon liúntais a dhéanamh amach a bheidh le tabhairt d'aon duine faoi alt 241 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, mar mhéid in ionannas an luacha laghdaithe mar gheall ar chaitheamh agus cuimilt in imeacht na tréimhse inmhuirearaithe ar aon innealra nó gléasra cáilitheach, ní chuirfear i gcuntas aon liúntas infheistíochta le linn luach an innealra nó an ghléasra cháilithigh i dtosach na tréimhse inmhuirearaithe a bheith á chinneadh.

(2) In alt 241 (6) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, déanfar an abairt ‘na liúntais mar gheall air sin, agus’, agus an abairt ‘na liúntas’ mar a bhfuil an abairt sin roimh ‘níos mó ná’ a fhorléiriú, gach abairt acu, mar abairt nach bhfolaíonn tagairt d'aon liúntas infheistíochta a thugtar do dhuine a sheolann an trádáil nó an ghairm.

(3) Beidh feidhm ag alt 241 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, i ndáil le liúntas infheistíochta mar atá feidhm aige i ndáil le liúntais i leith caitheamh agus cuimilt innealra nó gléasra.”.

60. In ionad alt 26 den Acht Airgeadais, 1971, cuirfear—

“26.—(1) San alt seo—

ciallaíonn ‘innealra nó gléasra cáilitheach’ innealra nó gléasra (seachas feithiclí atá oiriúnach chun daoine nó earraí a iompar de bhóthar nó feithiclí eile a tharraingt ar bóthar) a sholáthrófar le húsáid an 1ú lá d'Aibreán, 1971, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1977, in aon limistéar seachas limistéar ainmnithe chun críocha trádála nó gairme agus nach innealra ná gléasra úsáidte nó réchaite é tráth a sholáthair amhlaidh;

tá le ‘limistéar anmnithe’ an bhrí chéanna atá leis san Acht um Fhorbairt Tionscail, 1969.

(2) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás liúntas a bheith le tabhairt faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe, i leith caitheamh agus cuimilt aon innealra nó gléasra cháilithigh, déanfar, faoi réir fho-alt (6) den alt sin, an liúntas a mhéadú cibé méid a shonróidh an duine dá mbeidh an liúntas le tabhairt; agus, i ndáil le cás a raibh éifeacht leis an bhfo-alt seo, déanfar aon tagairt sna hAchtanna Cánach Ioncaim do liúntas faoin alt sin 241 a fhorléiriú mar thagairt don liúntas sin arna mhéadú faoin bhfo-alt seo.

(3) Ní bhainfidh fo-alt (2) le hinnealra nó gléasra cáilitheach a bheidh ligthe chun duine ar na téarmaí a luaitear in alt 241 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, mura bhforálann an conradh ligin go mbeidh an duine, nó go bhféadfaidh an duine teacht chun bheith, ina úinéir ar an innealra nó ar an ngléasra ar an gconradh a bheith comhlíonta; agus, i gcás a bhforálann an conradh amhlaidh, go scoirfidh sé de bheith i dteideal (seachas ar éag dó) sochair an chonartha a mhéid a bhaineann sé leis an innealra nó leis an ngléasra, ach gan é teacht chun bheith ina únéir ar an innealra nó ar an ngléasra, measfar nach raibh feidhm ag fo-alt (2) i ndáil leis an innealra nó leis an ngléasra agus déanfar dá réir sin na measúnachtaí breise sin go léir agus na coigeartuithe sin go léir ar mheasúnachtaí is iomchuí.

(4) I gcás a ndéanfar, in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe, an liúntas faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, i leith caitheamh agus cuimilt aon innealra nó gléasra a mhéadú faoin alt seo, ní thabharfar aon liúntas faoi Chaibidil I de Chuid XV den Acht sin i ndáil leis an innealra nó leis an ngléasra in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin ná in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe dá éis sin.”.

61. In ionad alt 9 (2) den Acht Airgeadais, 1973, cuirfear—

“(2) Ní rachaidh aon liúntas tosaigh faoi alt 251 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a thabharfar do dhuine in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe i leith innealra nó gléasra thar cibé suim a bheidh, tar éis í a chur—

(a) le méid aon liúntais i leith an innealra nó an ghléasra a bheidh tugtha don duine sin faoi alt 241 den Acht sin in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin, agus

(b) le comhiomlán aon liúntas a bheidh tugtha don duine sin i leith an innealra nó an ghléasra faoi na hailt sin 241 agus 251 in aghaidh tréimhsí inmhuirearaithe roimhe sin,

comhionann le dearbhmhéid an chaiteachais a thabhaigh sé ag soláthar an innealra nó an ghléasra sin:

Ar choinníoll nach mbainfidh an fo-alt seo le liúntas tosaigh a mbeidh éileamh déanta ina leith roimh an 3ú lá d'Iúil, 1973.”.

62. In ionad alt 25 den Acht Airgeadais, 1973, cuirfear—

“25.—(1) I ndáil le feithicil lena mbaineann an t-alt seo, beidh éifeacht le halt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ionann is dá nglacfaí, chun críocha fho-alt (7) den alt sin, gur £2,500 dearbhchostas na feithicle, i gcás ar mhó ná an tsuim sin an caiteachas a tabhaíodh ag soláthar na feithicle, agus, i gcás a mbeadh liúntas a thabharfaí ar leith ón bhfo-alt seo, faoin alt sin 241, le laghdú de bhua an fho-ailt seo, déanfar aon tagairt sna hAchtanna Cánach Ioncaim do liúntas faoin alt sin 241 a fhorléiriú mar thagairt don liúntas sin arna laghdú faoin bhfo-alt seo.

(2) I ndáil le feithicil lena mbaineann an t-alt seo, ní bheidh sna liúntais faoin alt sin 241 a bheidh le cur i gcuntas chun críocha Chaibidlí II agus V de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967, le linn méid an chaiteachais a bheidh fós gan lamháil aon tráth áirithe a bheith á ríomh ach amhain na liúntais a ríomhfar de réir forálacha fho-alt (1), agus beidh £2,500 de theorainn leis an méid a chuirfear i gcuntas de chaiteachas a tabhaíodh ag soláthar na feithicle.

(3) I gcás ar mó ná £2,500 an caiteachas a tabhaíodh ag soláthar feithicil lena mbaineann an t-alt seo, déanfar aon liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta a ríomh, i gcás a mbeidh airgead díola, árachais, tarrthálais nó cúitimh i gceist, ionann is dá ndéanfaí méid an airgid sin (nó, más rud é, de dhroim aon fhorála eile de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim seachas an fo-alt seo, gur méid éigin eile an méid a bheidh le háireamh mar mhéid an airgid sin, an méid eile sin) a laghdú de réir na comhréire idir £2,500 agus dearbhmhéid an chaiteachais sin.

(4) Más rud é, i gcás ar mó ná £2,500 an caiteachas a tabhaíodh ag soláthar feithicil lena mbaineann an t-alt seo—

(a) go ndíolfaidh an duine a sholáthraigh an fheithicil (dá ngairtear an réamhúinéir anseo feasta) an fheithicil agus gur díol lena mbaineann alt 299 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, an díol, nó

(b) go ndíolfaidh an réamhúinéir an fheithicil nó go dtabharfaidh sé uaidh í sa chaoi go mbeidh éifeacht, i ndáil leis an gceannaitheoir nó leis an deontaí, le fo-alt (4) d'alt 277 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó leis an bhfo-alt sin arna fheidhmiú le fo-alt (5) den alt sin, nó

(c) de dhroim duine a theacht i gcomharbas ag seoladh trádáil nó gairm an réamhúinéara, go mbeidh éifeacht le halt 300 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967,

ansin, i ndáil leis an gceannaitheoir, leis an deontaí nó leis an gcomharba, áireofar, chun críocha an ailt sin 277, 299 nó 300, an praghas a rachadh an fheithicil dá ndíolfaí ar an margadh oscailte í, nó an caiteachas a thabhaigh an réamhúinéir ag soláthar na feithicle, mar phraghas nó mar chaiteachas arna laghdú de réir na comhréire idir £2,500 agus dearbhmhéid an chaiteachais sin; agus, le linn fo-alt (3) a bheith á fheidhmiú maidir leis an gceannaitheoir, leis an deontaí nó leis an gcomharba, déanfar tagairtí don chaiteachas a tabhaíodh ag soláthar na feithicle a fhorléiriú mar thagairtí don chaiteachas a thabhaigh an réamhúinéir amhlaidh:

Ar choinníoll, i gcás éifeacht a bheith leis an bhfo-alt seo ar aon ócáid i ndáil leis an bhfeithicil, agus mura ndearnadh aon díol nó bronnadh ar an bhfeithicil ó shin seachas díol nó bronnadh lena mbaineann ceachtar de na hailt sin 277 agus 299, ansin, i ndáil le gach duine lena mbaineann, go leanfaidh comhshamhail na n-iarmhairtí faoin bhfo-alt seo maidir le díol, bronnadh nó comharbas faoi mhíreanna (a) go (c) a tharlóidh ar aon ócáid dá éis sin ionann is dá mba rud é gur thabhaigh an duine, arb é an réamhúinéir é i ndáil leis an díol, leis an mbronnadh nó leis an gcomharbas sin, caiteachas ag soláthar na feithicle ar cóimhéid leis an gcaiteachas a tabhaíodh amhlaidh ag an duine ba réamhúinéir ar an ócáid chéadluaite.

(5) Le linn alt 273 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a bheith á fheidhmiú maidir le cás arb í an fheithicil an gléasra nua dá dtagraítear san fho-alt sin, déanfar neamhshuim den caiteachas a mhéid is mó é ná £2,500, ach is foráil í seo gan dochar d'fheidhmiú na bhfo-alt sin roimhe seo maidir leis an bhfeithicil.

(6) I gcás ar mó ná £2,500 an caiteachas a tabhaíodh ag soláthar feithicle ach faoi alt 303 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, go bhfuil aon chuid de le háireamh mar chaiteachas nár thabhaigh duine, ní foláir an méid a bheidh (faoi réir na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo) le háireamh chun críocha Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967, mar chaiteachas a thabhaigh an duine sin a laghdú de réir na comhréire idir £2,500 agus an caiteachas caipitiúil sin a tabhaíodh ag soláthar na feithicle.”.

63. In ionad alt 1 den Acht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Airithe), 1974, cuirfear—

“1.—(1) San Acht seo, ach amháin a mhéid a fhoráiltear a mhalairt nó a éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn ‘caiteachas forbartha’ caiteachas caipitiúil—

(a) ag forbairt mianaigh cháilithigh, nó

(b) ag déanamh aon oibreacha i ndáil le mianach cáilitheach is oibreacha de shaghas gur dóigh, nuair a scoirfear den mhianach a oibriú, go mbeidh a luach chomh laghdaithe sin gur beag is fiú iad, nó nach fiú dada iad,

agus folaíonn sé ús ar airgead a fuarthas ar iasacht chun íoc as an gcaiteachas caipitiúil sin, ach ní fholaíonn sé—

(c) caiteachas chun láithreán an mhianaigh nó láithreán aon oibreacha den sórt sin nó cearta in aon láithreán nó thar aon láithreán den sórt sin a fháil, ná

(d) caiteachas chun sócmhainn mhianra sceidealta a fháil, ná

(e) caiteachas ar oibreacha a rinneadh go hiomlán nó go formhór chun amhtháirge an mhianaigh a chur faoi aon phróis seachas próis a ceapadh chun an t-amhtháirge a ullmhú chun a úsáide mar amhtháirge.

ciallaíonn ‘caiteachas taiscealaíochta’ caiteachas caipitiúil ag cuardach sa Stát ar lorg foslach mianraí sceidealta nó ag tástáil na bhfoslach sin nó ag déanamh bealaigh chucu agus folaíonn sé caiteachas caipitiúil ag cuardach go riaileagartha ar lorg limistéir ina bhfuil mianraí sceidealta agus ag cuardach trí tholladh nó ar dhóigh eile ar lorg mianraí sceidealta sna limistéir sin, ach ní fholaíonn sé caiteachas ar oibríochtaí le linn mianach cáilitheach a bheith á oibriú ná caiteachas is caiteachas forbartha;

tá le ‘liúntas forbartha mianaigh’ an bhrí chéanna atá leis in alt 245 den Acht Cánach Ioncaim, 1967;

ciallaíonn ‘mianach cáilitheach’ mianach atá á oibriú chun mianraí sceidealta a fháil;

ciallaíonn ‘sócmhainn mhianra sceidealta’ foslach mianraí sceidealta nó talamh a chuimsíonn foslach den sórt sin nó leas san fhoslach nó sa talamh sin nó ceart thairis;

tá le ‘mianraí sceidealta’ an bhrí chéanna atá leis in alt 1 den Acht Airgeadais (Brabúis Mhianach Airithe) (Faoiseamh Sealadach ó Chánachas), 1956;

ciallaíonn ‘cáin’ cáin ioncaim nó cáin chorparáide, de réir mar is iomchuí.

(2) Ach amháin mar a fhroráiltear chuige in ailt 3, 4 agus 5. ní mheasfar, chun críocha an Achta seo, caiteachas a bheith tabhaithe ag duine ag seoladh trádála dó ag oibriú mianaigh cháilithigh a mhéid a íocadh nó a íocfar an caiteachas sin go díreach nó go neamhdhíreach as airgead arna sholáthar ag an Oireachtas nó ag aon duine eile (nach duine a bhí ag seoladh trádála ag oibriú an mhianaigh sin).

(3) Déanfar tagairtí san Acht seo d'aon achtachán a fhorléiriú, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairtí don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin.

(4) San Acht seo aon tagairt d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.

(5) San Acht seo aon tagairt d'fho-alt nó do mhír is tagairt í don fho-alt nó don mhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.”.

64. In ionad alt 2 den Acht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Airithe), 1974, cuirfear—

“2.—(1) I gcás duine a sheolann trádáil ag oibriú mianaigh cháilithigh do thabhú aon chaiteachais fhorbartha nó caiteachais taiscealaíochta an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, agus é do dhéanamh iarratais faoi alt 245 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ar liúntas forbartha mianaigh in aghaidh tréimhse inmhuirearaithe i leith an chaiteachais sin—

(a) measfar gur caiteachas ar féidir an liúntas sin a dheonú ina leith an caiteachas sin, cibé acu a fuarthas nó nach bhfuarthas, i gcás caiteachais taiscealaíochta, foslach mianraí sceidealta de thoradh an chaiteachais.

(b) beidh méid an liúntais sin in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe sin ar cóimhéid lena n-iomlán seo a leanas—

(i) an caiteachas taiscealaíochta, agus

(ii) i gcás caiteachais fhorbartha, méid an difir idir an caiteachas sin agus an méid is dóigh leis an gcigire is fiú, i ndeireadh ré mheasta an mhianaigh réamhráite, na sócmhainní is ionannas don chaiteachas sin, agus

(c) i ndáil le cás a raibh éifeacht leis an alt seo, déanfar aon tagairt sna hAchtanna Cánach Ioncaim do liúntas a tugadh faoin alt sin 245 a fhorléiriú mar thagairt a fholaíonn tagairt do liúntas a tugadh faoin alt sin de bhua an ailt seo:

Ar choinníoll nach gcuirfear i gcuntas, chun críocha an ailt seo, caiteachas taiscealaíochta nach bhfuarthas foslach mianraí sceidealta dá thoradh más breis agus deich mbliana roimh an dáta a thosaigh an duine réamhráite ar oibriú mianaigh cháilithigh a sheoladh mar thrádáil a tabhaíodh an caiteachas.

(2) I gcás duine a sheolann trádáil ag oibriú mianaigh cháilithigh do thabhú caiteachais chaipitiúil roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, a raibh sé i dteideal, faoi alt 245 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, liúntas forbartha mianaigh a iarraidh ina leith agus méid den chaiteachas sin a bheith gan lamháil fós ar an dáta sin, féadfaidh an duine a roghnú go ndéanfaí méid an liúntais fhorbartha mianaigh don bhliain mheasúnachta 1974-75 i leith an chaiteachais sin a mhéadú go dtí méid is ionann agus an méid den chaiteachas a bhí gan lamháil amhlaidh.

(3) San alt seo áireofar gurb é an méid caiteachais a bhí gan lamháil fós an 6ú lá d'Aibreán, 1974, méid an difir mheasta, de réir brí alt 245 (5) (b) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, lúide aon liúntas forbartha mianaigh a deonaíodh, nó a measfar faoi alt 245 (13) den Acht sin a bheith arna dheonú, in aghaidh aon bhliana measúnachta roimh an mbliain mheasúnachta 1974-75.

(4) Ní thabharfar aon liúntas faoi fho-alt (1) i leith caiteachas a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, cibé acu a mheasfar nó nach measfar, de bhua aon fhorála den Acht seo, den Acht Airgeadais, 1946, nó den Acht Cánach Ioncaim, 1967, gur ar an dáta sin nó dá éis a tabhaíodh é.”.

65. In ionad alt 3 den Acht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Airithe), 1974, cuirfear—

“3.—(1) I gcás duine a bhí ag seoladh trádála ag oibriú mianaigh cháilithigh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, do thabhú caiteachais taiscealaíochta an 6ú lá d'Aibreán, 1967, nó dá éis, ach roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, agus nach i ndáil leis an mianach cáilitheach sin a tabhaíodh an caiteachas sin, ansin, le linn brabúis nó gnóchain na trádála sin in aghaidh na bliana measúnachta 1974-75 a bheith á muirearú i leith cánach, lamhálfar asbhaint ar cóimhéid leis an gcaiteachas sin.

(2) I gcás duine a thosaigh ar thrádáil a sheoladh ag oibriú mianaigh cháilithigh tar éis an 6ú lá d'Aibreán, 1974, do thabhú caiteachais taiscealaíochta an 6ú lá d'Aibreán, 1967, nó dá éis, agus nach i ndáil leis an mianach cáilitheach sin a tabhaíodh an caiteachas sin ach gur i dtréimhse deich mbliana roimh an dáta a thosaigh sé ag seoladh na trádála sin a tabhaíodh é, ansin, le linn an trádáil sin a bheith á cur faoi cháin in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a thosaigh sé ag seoladh na trádála sin, tabharfar liúntas ar cóimhéid leis an gcaiteachas sin.

(3) Más rud é, i gcás dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó (2), gur comhlacht corpraithe an duine lena mbaineann agus go raibh nó go bhfuil, tar éis dó an caiteachas go léir dá dtagraítear sa chás sin nó cuid den chaiteachas sin a thabhú, athrú, de réir brí an Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1973, ar úinéireacht an chomhlachta chorpraithe nó ar úinéireacht comhlachta chorpraithe is máthairchomhlacht nó fochomhlacht ar lánúinéireacht, de réir brí alt 4, don chomhlacht corpraithe chéadluaite, ní thabharfar aon liúntas ná ní lamhálfar aon asbhaint faoin alt seo i leith aon chuid den chaiteachas sin a tabhaíodh roimh an dáta a d'athraigh an úinéireacht:

Ar choinníoll, in aon chás a bhfuair Aire Stáit cuid de ghnáthscairchaipiteal aon chomhlachta chorpraithe, go ndéanfar neamhshuim den fháil sin nuair a bheifear á chinneadh an raibh nó an bhfuil athrú den sórt sin a dúradh ar úinéireacht.

(4) I gcás duine tosú an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, ar thrádáil a sheoladh ag oibriú mianaigh cháilithigh ach nach é a thabhaigh an caiteachas taiscealaíochta a tabhaíodh i ndáil leis an mianach sin, ní thabharfar aon liúntas ná ní lamhálfar aon asbhaint faoin alt seo ná de bhua alt 2 i leith caiteachas taisceal aíochta a thabhaigh an duine sin roimh an dáta a thosaigh sé ag seoladh na trádála sin.

(5) Faoi réir ailt 182 (faoiseamh maidir le caillteanais neamhfhaoisimh agus liúntais chaipitiúla a tugadh ar aghaidh ón mbliain 1975-76) agus 184 (faoiseamh i leith caillteanas cánach brabús corparáide) den Acht Cánach Corparáide, 1976, ní bheidh duine i dteideal asbhainte ná liúntais i leith an chaiteachais chéanna faoin alt seo agus freisin faoi fhoráil éigin eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim nó de na hAchtanna Cánach Corparáide.”.

66. In ionad alt 4 den Acht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Airithe), 1974, cuirfear—

“4.—(1) I gcás comhlacht corpraithe (dá ngairtear an chuideachta thaiscealaíochta anseo feasta san alt seo) do thabhú caiteachais taiscealaíochta ar féidir liúntas a éileamh ina leith de bhua alt 2 nó alt 3 agus—

(a) gur fochomhlacht, nó go meastar gur fochomhlacht, ar lánúinéireacht ag an gcuideachta thaiscealaíochta comhlacht corpraithe eile, nó

(b) gur fochomhlacht, nó go meastar gur fochomhlacht, ar lánúinéireacht ag comhlacht corpraithe eile an chuideachta thaiscealaíochta,

ansin, an caiteachas nó an oiread sin de a shonróidh an chuideachta thaiscealaíochta—

(i) sa chás dá dtagraítear i mír (a), féadfar, de rogha na cuideachta taiscealaíochta, a mheas gur cibé comhlacht corpraithe eile (is é sin, comhlacht corpraithe ar fochomhlacht, nó a meastar gur fochomhlacht, é ar lánúinéireacht ag an gcuideachta thaiscealaíochta) a shonróidh an chuideachta thaiscealaíochta a thabhaigh é,

(ii) sa chás dá dtagraítear i mír (b), féadfar, de rogha na cuideachta taiscealaíochta, a mheas gurb é an comhlacht corpraithe (dá ngairtear an máthairchomhlacht anseo feasta) a raibh an chuideachta thaiscealaíochta, tráth an chaiteachais a thabhú, ina fochomhlacht ar lánúinéireacht dó nó cibé comhlacht corpraithe eile (is é sin comhlacht corpraithe ar fochomhlacht, nó a meastar gur fochomhlacht, é ar lánúinéireacht don mháthairchomhlacht) a shonróidh an chuideachta thaiscealaíochta a thabhaigh é,

agus i gcás ar ar dháta roimh dháta an chomhlachta chorpraithe a bheidh sonraithe amhlaidh a chorprú a tabhaíodh an caiteachas sin, beidh feidhm, i ndáil le haon liúntas a thabhairt i leith an chaiteachais sin, ag forálacha an Achta seo ionann is dá mbeadh an comhlacht corpraithe sin ann tráth an chaiteachais a thabhú agus gur thabhaigh sé an caiteachas an tráth sin:

Ar choinníoll—

(i) nach gcuirfear an caiteachas céanna i gcuntas i ndáil le breis agus trádáil amháin de bhua an ailt seo, agus

(ii) faoi réir ailt 182 agus 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976, nach ndéanfar asbhaint ná nach dtabharfar liúntas i leith an chaiteachais chéanna de bhua an ailt seo agus freisin faoi fhoráil éigin eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim nó de na hAchtanna Cánach Corparáide.

(2) Measfar, chun críocha fho-alt (1), maidir le comhlacht corpraithe, gur fochomhlacht é atá ar lánúinéireacht ag comhlacht corpraithe eile má tá agus fad atá a ghnáth-scairchaipiteal go léir ar úinéireacht ag an gcomhlacht corpraithe eile sin go díreach nó trí chomhlacht corpraithe eile nó trí chomhlachtaí corpraithe eile, nó i bpáirt go díreach agus i bpáirt trí chomhlacht corpraithe eile nó trí chomhlachtaí corpraithe eile:

Ar choinníoll, i gcás cuid de ghnáth-scairchaipiteal aon chomhlachta chorpraithe a bheith ar teachtadh ag Aire Stáit agus an chuid eile de ghnáth-scairchaipiteal an chomhlachta chorpraithe sin a bheith ar teachtadh ag comhlacht corpraithe eile, go measfar, chun críocha de chuid fho-alt (1), gur fochomhlacht atá ar lánúinéireacht ag an gcomhlacht corpraithe sin is deireanaí atá luaite an comhlacht corpraithe chéadluaite.

(3) D'ainneoin alt 39 den Acht Airgeadais, 1973, a aisghairm leis an Acht seo, beidh éifeacht le forálacha Chuid II den Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin ionann is dá mba san Acht seo a achtaíodh iad, chun méid an ghnáth-scairchaipitil atá ar teachtadh i gcomhlacht corpraithe trí chomhlachtaí corpraithe eile a chinneadh.”

67. In ionad alt 5 den Acht Airgeadais (Cánachas an Bhrabúis Mhianach Airithe), 1974, cuirfear—

“5.—(1) I gcás ar thabhaigh duine, an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó roimhe nó dá éis, caiteachas taiscealaíochta trína bhfuarthas foslach de mhianraí sceidealta agus go ndearna sé, gan aon trádáil a sheoladh arbh éard í nó ar chuid di an foslach sin a oibriú agus gan éileamh a dhéanamh ar aon liúntas ná asbhaint faoi réim nó de bhua an Achta seo i leith an chaiteachais sin, aon sócmhainní is ionannas don chaiteachas sin a dhíol le duine eile, ansin, má sheolann an duine eile sin trádáil den sórt sin a dúradh i ndáil leis an bhfoslach sin, measfar, chun críocha an Achta seo, gur thabhaigh an duine eile sin, chun críocha na trádála agus i ndáil leis an bhfoslach, caiteachas taiscealaíochta ar cóimhéid leis an gcaiteachas taiscealaíochta arb ionannas dó na sócmhainní nó an praghas a d'íoc sé ar na sócmhainní cibé acu is lú, agus measfar gur ar an dáta a thosaigh sé ag gabháil don trádáil réamhráite a thabhaigh sé an caiteachas sin.

(2) Aon duine a measfar de bhua fho-alt (1) méid áirithe caiteachais taiscealaíochta a bheith tabhaithe aige measfar nár thabhaigh sé an caiteachas sin mura mbeidh de thoradh ar an bhfoslach réamhráite a oibriú cainníochtaí réasúnacha tráchtála de mhianraí sceidealta a tháirgeadh.

(3) Faoi réir ailt 182 agus 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976, ní dhéanfar asbhaint ná ní thabharfar liúntas i leith an chaiteachais chéanna faoin alt seo agus freisin faoi fhoráil éigin eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim nó de na hAchtanna Cánach Corparáide.

(4) Ní bhainfidh alt 6 le caiteachas a dtabharfar liúntas ina leith de bhua an ailt seo.”.

68. In ionad alt 6 den Acht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Airithe), 1974, cuirfear—

“6.—(1) I gcás duine a sheolann trádáil ag oibriú mianaigh cháilithigh do thabhú caiteachais taiscealaíochta, an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, a bhfuil éifeacht le halt 2 i ndáil leis, tabharfar dó, le linn an trádáil a bheith á cur faoi cháin, i dteannta aon liúntais fhorbartha mianaigh i leith an chaiteachais sin, in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe ar tugadh an liúntas forbartha mianaigh sin ina haghaidh, liúntas (dá ngairfear liúntas infheistíochta taiscealaíochta) ar cóimhéid le cúigiú cuid an chaiteachais sin agus bainfidh alt 245 (6) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, le liúntas infheistíochta taiscealaíochta mar a bhaineann sé le liúntas forbartha mianaigh.

(2) Ní thabharfar aon liúntas faoin alt seo i leith caiteachas taiscealaíochta—

(a) a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, cibé acu a mheasfar nó nach measfar, de bhua aon fhorála den Acht seo, den Acht Airgeadais, 1946, nó den Acht Cánach Ioncaim, 1967, gur ar an dáta sin nó dá éis a tabhaíodh é, nó

(b) a mheasfar a bheith tabhaithe ag duine seachas an duine a thabhaigh an caiteachas:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an mír seo maidir le caiteachas a mheasfar, faoi alt 4, a bheith tabhaithe ag comhlacht corpraithe seachas an comhlacht corpraithe a thabhaigh an caiteachas.”.

69. In ionad alt 7 den Acht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Airithe), 1974, cuirfear—

“7.—(1) I gcás innealra nua nó gléasra nua (seachas feithiclí atá oiriúnach chun daoine nó earraí a iompar de bhóthar nó chun feithiclí eile a tharraingt ar bóthar) a sholáthar an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, lena n-úsáid chun críche trádála ag oibriú mianaigh cháilithigh, ansin, murab innealra nó gléasra cáilitheach an t-innealra nó an gléasra sin, measfar chun críche alt 11 den Acht Airgeadais, 1967, gur innealra nó gléasra cáilitheach é.

(2) I gcás ar thabhaigh duine a sheolann trádáil ag oibriú mianaigh cháilithigh caiteachas caipitiúil roimh an 6ú la d'Aibreán, 1974, ag soláthar innealra nó gléasra chun críocha na trádála sin, féadfar an méid den chaiteachas sin a bhí gan lamháil fós ar an dáta sin, de réir brí alt 274 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a lamháil, ar an duine dá roghnú sin, mar asbhaint le linn cáin a bheith á muirearú don bhliain mheasúnachta 1974-75 ar bhrabúis na trádála sin.

(3) I gcás duine a sheolann trádáil ag oibriú mianaigh cháilithigh do thabhú caiteachais chaipitiúil, an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, ag soláthar innealra nua nó gléasra nua (seachas feithiclí atá oiriúnach chun daoine nó earraí a iompar de bhóthar nó chun feithiclí eile a tharraingt ar bóthar) chun críocha na trádála sin, tabharfar dó, in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an gcaiteachas, liúntas ar cóimhéid le cúigiú cuid an chaiteachais, agus tabharfar an liúntas sin le linn an trádáil sin a bheith á cur faoi cháin agus is liúntas é in ionad aon liúntas i leith an innealra nó an ghléasra sin faoi alt 22 (2) den Acht Airgeadais, 1971.

(4) Beidh feidhm ag fo-ailt (3), (4) agus (5) d'alt 22 agus ag ailt 23, 24 agus 25 den Acht Airgeadais, 1971, ionann is dá gcuirfí fo-alt (3) den alt seo in ionad fho-ailt (1) agus (2) den alt sin 22, a mhéid a bhaineann siad le duine a sheolann trádáil ag oibriú mianaigh cháilithigh.”.

70. In ionad alt 22 den Acht Airgeadais, 1974, cuirfear—

“22.—(1) Baineann an t-alt seo le haon duine a sheolann feirmeoireacht ar inmhuirearaithe cáin de réir forálacha alt 15 (1) ar na brabúis nó ar na gnóchain uaithi.

(2) I gcás a dtabhóidh duine lena mbaineann an t-alt seo, le trádáil a sheoladh ag feirmeoireacht ar thalamh atá ar áitiú aige, aon chaiteachas caipitiúil ag déanamh tithe feirme, foirgnimh feirme, iostáin, fálta nó oibreacha eile, tabharfar dó—

(a) in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an gcaiteachas, liúntas tosaigh ar cóimhéid le cúigiú cuid an chaiteachais sin, agus tabharfar an liúntas sin le linn an trádáil a bheith á cur faoi cháin, agus

(b) le linn tréimhse síos-scríofa deich mbliana dar tosach an tréimhse inmhuirearaithe a bhaineann leis an gcaiteachas sin, liúntais síos-scríofa (dá ngairtear liúntais foirgneamh feirme san alt seo) i leith an chaiteachais sin agus tabharfar na liúntais sin le linn an trádáil a bheith á cur faoi cháin:

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag mír (a) maidir le caiteachas a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, agus nach mbeidh feidhm ag mír (b) maidir le caiteachas a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1971.

(2A) (a) I gcás ar thabhaigh duine aon chaiteachas caipitiúil mar a dúradh an 6ú lá d'Aibreán, 1971, nó dá éis, agus roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, measfar, chun críocha an ailt seo, liúntas foirgneamh feirme—

(i) a bheith tugtha don duine sin, agus

(ii) a bheith tugtha le linn brabúis nó gnócháin na trádála a bheith á muirearú in aghaidh na chéad bhliana measúnachta iomchuí agus in aghaidh gach bliana measúnachta ina dhiaidh sin roimh an mbliain 1974-75:

Ar choinníoll, i gcás ar sa bhliain 1973-74 a tabhaíodh an caiteachas sin, go measfar, chun críocha an ailt seo, liúntas foirgneamh feirme a bheith tugtha le linn brabúis nó gnóchain na trádála in aghaidh na bliana measúnachta sin a bheith á muirearú.

(b) Chun críocha an fho-ailt seo is í an chéad bhliain mheasúnachta iomchuí i ndáil le caiteachas a thabhaigh aon duine—

(i) an bhliain mheasúnachta ina bhonn-tréimhse ar ina haghaidh a thabhaigh sé an caiteachas, nó

(ii) an bliain mheasúnachta ina bhonn-tréimhse ar ina haghaidh (dá mbeadh a bhrabúis nó a ghnóchain ó fheirmeoireacht in aghaidh na bliana measúnachta sin inmhuirearaithe i leith cánach faoi Chás I de Sceideal D) a thabhaigh sé an caiteachas.

(c) Chun críocha an fho-ailt seo tá le ‘bonn-tréimhse’ an bhrí a shanntar dó le halt 297 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

(2B) Más rud é, maidir le pearsa aonair i ndáil le haon bhliain mheasúnachta—

(a) go roghnóidh sé go muirearófaí cáin air, i leith a bhrabúis nó a ghnóchain ó fheirmeoireacht, faoi threoir forálacha alt 21, nó

(b) nach bhfuil, de bhua alt 15 (3), cáin inmhuirearaithe air i leith na mbrabús nó na ngnóchan sin,

agus gur bliain mheasúnachta an bhliain sin a bhféadfadh sé, ar dhóigh eile, liúntas foirgneamh feirme a éileamh faoin alt seo ina leith, measfar, chun críocha an ailt seo, an liúntas sin a bheith tugtha in aghaidh na bliana measúnachta sin agus ní dhéanfar é a thabhairt ar aghaidh agus a fhritháireamh in aghaidh brabúis nó gnóchain is inmhuirearaithe in aghaidh aon bhliana measúnachta dá éis sin.

(3) Déanfar aon chaiteachas caipitiúil den sórt sin a dúradh arna thabhú an 6ú lá d'Aibreán, 1971, nó dá éis, ag duine ar tí dul i mbun feirmeoireachta dó ach roimh thosú ag feirmeoireacht dó a áireamh, chun críocha an ailt seo, ionann is dá mba é an chéad lá a thosaigh sé ag feirmeoireacht a tabhaíodh é.

(4) I gcás a dtabhófar caiteachas caipitiúil mar a dúradh ar theach feirme, ní chuirfear i gcuntas ach tríú cuid an chaiteachais sin, nó má bhíonn cóiríocht agus saoráidí an tí feirme sin ar neamhréir le cineál agus réim na feirme, cibé cionúireacht de is cóir ach nach mó ná an tríú cuid de.

(5) Cuirfear sa ráiteas bliantúil is gá a sheachadadh faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim ar na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht aon éileamh ó dhuine ar liúntas a bheidh le tabhairt dó faoi fhorálacha an ailt seo, agus beidh feidhm ag alt 241 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, i ndáil leis an liúntas mar atá feidhm aige i ndáil le liúntais i leith caitheamh agus cuimilt innealra nó gléasra.

(6) Is chun an chigire a chuirfear aon éileamh ar liúntas faoi fhorálacha an ailt seo agus is eisean a chinnfidh é, ach féadfaidh aon duine arb éagóir leis aon chinneadh ag an gcigire ar aon éileamh den sórt sin, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire laistigh de lá is fiche tar éis an cinneadh a bheith curtha in iúl dó, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc.

(7) Déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc aon achomharc a dhéanfar chucu faoi fho-alt (6) a éisteacht agus a chinneadh ionann is dá mba achomharc in aghaidh measúnú cánach é agus beidh feidhm dá réir sin fara aon mhodhnuithe is gá ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomharc a athéisteacht agus cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phointe dlí.

(8) Má dhéanann duine atá i dteideal liúntais faoi fho-alt (2) i leith caiteachas caipitiúil a tabhaíodh le haghaidh feirmeoireachta ar thalamh feirmeoireachta a leas sa talamh feirmeoireachta sin nó in aon chuid den talamh feirmeoireachta sin a aistriú go dtí duine eile, beidh teideal ag an duine eile sin, d'eisiamh an duine chéadluaite, chun na liúntas faoin alt seo in aghaidh na dtréimhsí inmhuirearaithe tar éis na tréimhse inmhuirearaithe ina ndearnadh an t-aistriú leasa:

Ar choinníoll, más i ndáil le cuid den talamh feirmeoireachta a rinneadh an t-aistriú leasa, go mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir leis an oiread sin den liúntas is inchurtha go cuí i leith na coda sin den talamh ionann is dá mba liúntas ar leithligh é.

(9) I gcás caiteachas a thabhú go páirteach chun críocha feirmeoireachta agus go páirteach chun críocha eile, ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) ach amháin i leith an oiread sin den chaiteachas sin is cóir, ar chionroinnt cheart a dhéanamh, a áireamh mar chaiteachas a tabhaíodh chun críocha feirmeoireachta.

(10) Ní thabharfar aon liúntas de bhua an ailt seo maidir le haon chaiteachas má thugtar nó má tugadh liúntas maidir leis in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe céanna nó in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe eile faoi Chaibidil II de Chuid XV nó faoi Chaibidil I de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

(11) Ní mheasfar chun aon chríocha de chuid an ailt seo caiteachas a bheith tabhaithe ag aon duine a mhéid a bheidh sé íoctha go díreach nó go neamhdhíreach ag an Stát, ag aon bhord a bunaíodh le reacht, nó ag aon údarás poiblí nó ag aon údarás áitiúil.”.

71. In ionad alt 25 den Acht Airgeadais, 1974, cuirfear—

“25.—(1) Nuair a bheifear á chinneadh, le linn trádáil feirmeoireachta a bheith á cur faoi cháin, an bhfuil aon liúntas caithimh agus cuimilte, liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta i leith innealra nó gléasra le tabhairt d'aon duine nó le gearradh air in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe agus, má tá, cad é an liúntas nó an muirear é, measfar gur tugadh don duine sin, in aghaidh gach tréimhse inmhuirearaithe roimhe sin ar leis an t-innealra nó an gléasra agus ar tréimhse inmhuirearaithe í a chuirfear i gcuntas chun críche an ailt seo, cibé liúntas caithimh agus cuimilte nó cibé liúntas caithimh agus cuimilte níos mó, más ann, i leith an innealra nó an ghléasra a bheadh le tabhairt dó dá mba rud é, i ndáil le gach tréimhse inmhuirearaithe roimhe sin den sórt sin—

(a) go raibh cáin faoi Chás I de Sceideal D inmhuirearaithe ar na brabúis nó ar na gnóchain ó fheirmeoireacht,

(b) go raibh feirmeoireacht ar siúl aige riamh ón dáta a fuair sé an t-innealra nó an gléasra,

(c) gur le haghaidh feirmeoireachta amháin a bhí an t-innealra nó an gléasra á úsáid aige riamh ón dáta sin, agus

(d) go ndearna sé éileamh ceart go cuí ar liúntas caithimh agus cuimilte i leith an innealra nó an ghléasra in aghaidh gach tréimhse inmhuirearaithe iomchuí.

I gcás cuideachta mar a shainítear in alt 1 (5) den Acht Cánach Corparáide, 1976, ní athróidh fomhír (b) na tréimhsí a bheidh le glacadh mar thréimhsí inmhuirearaithe, ach más rud é, le linn aon ama tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1976, agus tar éis don chuideachta an t-innealra nó an gléasra a fháil, nach raibh an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide, déanfar aon bhliain mheasúnachta nó aon chuid de bhliain mheasúnachta laistigh den am sin a ghlacadh mar thréimhse inmhuirearaithe ionann is dá mba thréimhse chuntasaíochta de chuid na cuideachta í.

(2) Cuirfear i gcuntas chun críocha an ailt seo gach tréimhse inmhuirearaithe roimhe sin ar leis an duine an t-innealra nó an gléasra áirithe agus—

(a) nár úsáid an duine an t-innealra nó an gléasra le haghaidh feirmeoireachta,

(b) nach ndearna sé aon fheirmeoireacht, nó

(c) a rinne sé feirmeoireacht in imthosca nach raibh méid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan ón bhfeirmeoireacht sin inchurtha faoi cháin faoi Chás I de Sceideal D.

(3) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d'fhorálacha alt 272 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

(4) San alt seo—

tá le ‘liúntas cothromaíochta’ agus le ‘muirear cothromaíochta’ na bríonna céanna atá leo i gCaibidil II de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967;

ciallaíonn ‘liúntas caithimh agus cuimilte’ liúntas faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.”

72. In ionad alt 34 den Acht Airgeadais, 1975, cuirfear—

“34.—(1) Leasaítear leis seo alt 255 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (c)—

‘(cc) chun diantáirgeadh bólachta, caorach, muc, éanlaithe clóis nó uibheacha i gcúrsa trádála seachas trádáil na feirmeoireachta de réir brí alt 13 den Acht Airgeadais, 1974, nó’.

(2) I ndáil le foirgneamh nó le déanmhas atá le háireamh mar fhoirgneamh nó déanmhas tionscail de bhua fho-alt (1)—

(a) beidh éifeacht le Caibidil II de Chuid XV agus le Caibidil I de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim 1967, ionann is—

(i) dá gcuirfí ‘leis an gcúigiú cuid’ in ionad ‘leis an deichiú cuid’ in alt 254 (1) den Acht sin,

(ii) dá gcuirfí ‘leis an deichiú cuid’ in ionad ‘leis an gcaogadú cuid’ in alt 264 (1) den Acht sin,

(iii) dá gcuirfí ‘deich mbliana’ in ionad ‘caoga bliain’ in alt 264 (3) agus sa choinníoll a ghabhann le halt 265 (1) den Acht sin,

(b) beidh éifeacht le halt 266 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ionann is dá gcuirfí an mhír seo a leanas i bhfo-alt (4) den alt sin—

‘(c) Má bhí an foirgneamh nó an déanmhas á úsáid mar fhoirgneamh nó mar dhéanmhas tionscail i ndeireadh na bonn-tréimhse d'aon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain 1974-75, áireofar méid is ionann agus deichiú cuid an chaiteachais a bheith arna dhíscríobh i ndeireadh na bliana measúnachta roimhe sin.’.

(3) Beidh éifeacht leis na forálacha sin roimhe seo den alt seo maidir le caiteachas caipitiúil a tabhaíodh an 6ú lá d'Aibreán, 1971, nó dá éis, ach ní thabharfar aon liúntas faoi na Caibidlí sin de bhua an ailt seo—

(a) in aghaidh aon bhliana measúnachta roimh an mbliain 1974-75, ná

(b) faoi alt 254 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, i leith caiteachas a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974.”.

AN DARA SCEIDEAL

Alt 140.

CUID I

Feidhmiú agus Oiriúnú na nAchtanna Cánach Ioncaim

1. Cuirfear an fo-alt seo a leanas le halt 1 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

“ (6) Déanfar an oiread den Acht seo a bhaineann le cáin chorparáide a fhorléiriú i dteannta an Achta Cánach Corparáide, 1976, agus aon achtacháin dá éis sin a leasaíonn nó a leathnaíonn an tAcht sin.”.

2. In alt 8 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(1) in ionad fho-alt (1) cuirfear an fo-alt seo a leanas—

“(1) gcás a ndearnadh, in aon bhliain mheasúnachta, aon íocaíochtaí, roimh an dáta a ritheadh Acht ag méadú an ráta cánach don bhliain sin, ar cuntas aon ús, díbhinní nó brabúis nó gnóchain bhliantúla eile, a gceanglaítear faoi fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim nó na nAchtanna Cánach Corparáide, mar a shainítear in alt 155 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976, cáin ioncaim a bhaint astu, agus nach ndearnadh cáin a mhuirearú orthu ná a bhaint astu, nó nach ndearnadh cáin a mhuirearú orthu ná a bhaint astu de réir an ráta mhéadaithe cánach don bhliain sin, déanfar an méid nár muirearaíodh nó nár asbhaineadh amhlaidh a mhuirearú faoi Chás IV de Sceideal D i leith na n-íocaíochtaí sin, mar bhrabúis nó gnóchain nár muirearaíodh de bhua aon Sceidil eile, agus déanfaidh na gníomhairí ar cuireadh ar a n-iontaoibh ús, díbhinní nó brabúis nó gnóchain bhliantúla a íoc liosta a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim ina mbeidh ainmneacha agus seoltaí na ndaoine dar tugadh íocaíochtaí agus méid na n-íocaíochtaí sin, ar fhoriarratas chuige sin ó na Coimisinéirí.”; agus

(2) cuirfear an fo-alt seo a leanas leis—

“(3) Ní bhainfidh an t-alt seo le híocaíocht is dáileadh de réir brí Chuid IX den Acht Cánach Corparáide, 1976.”.

3. Beidh éifeacht le halt 83 (6) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, maidir le cáin chorparáide mar atá éifeacht leis maidir le cáin ioncaim, agus beidh éifeacht dá réir sin le tagairtí do cháin ioncaim ionann is dá mba thagairtí iad nó gur fholaigh siad tagairtí do cháin chorparáide.

4. Cuirfear an fo-alt seo a leanas in alt 169 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, i ndiaidh fho-alt (1)—

“(1A) I gcás dáileadh is inmhuirearaithe faoi Sceideal F a bheith ar áireamh in ioncam duine a gceanglaítear sonraí ina leith a thabhairt sa ráiteas faoin alt seo, taispeánfar ar leithligh sa ráiteas méid nó luach an dáilte agus méid aon chreidmheasa cánach faoi alt 88 den Acht Cánach Corparáide, 1976, a bhfuil teideal chuige ag an duine i leith an dáilte sin.”.

5. In alt 181 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, in ionad “agus E” cuirfear “, E agus F” agus tá an t-alt sin 181 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(1) Maidir le measúnachtaí faoi Sceidil D, E agus F, ach amháin—

(a) cibé measúnachtaí atá de chumhacht ag na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanamh faoi Chuid XXXI, agus

(b) measúnachtaí lena mbaineann alt 157, agus

(c) cibé measúnachtaí atá de chumhacht ag oifigigh nó ag daoine arna gceapadh ag na Coimisinéirí Ioncaim a dhéanamh faoi alt 158,

is iad a dhéanfaidh iad na cigirí nó cibé oifigigh eile a cheapfaidh na Coimisinéirí Ioncaim chuige sin.

6. In alt 183 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, in ionad “nó E, nó faoin dá Sceideal acu sin” cuirfear “, E nó F nó faoi dhá Sceideal nó níos mó acu sin”, agus tá an t-alt sin 183 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(1) I gcás a mbeidh dhá mheasúnacht nó níos mó le déanamh ar dhuine faoi Sceideal D, E nó F nó faoi dhá Sceideal nó níos mó acu sin, féadfar an cháin sna measúnachtaí a lua in aon suim amháin, agus féadfar an fógra measúnachta a bheith dá réir sin.

7. In alt 184 (2) (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, in ionad “D” cuirfear “D nó F” agus tá an t-alt sin 184 (2) (a), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(a) go mainneoidh duine ráiteas a sheachadadh maidir le haon cháin faoi Sceideal D nó F, nó

8. In alt 186 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, in ionad “nó E” cuirfear “, E nó F” agus tá an t-alt sin 186 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(1) Má fhaigheann an cigire amach—

(a) go ndearnadh aon mhaoin nó brabúis ab inmhuirearaithe i leith cánach a fhágáil ar lár as na chéad-mheasúnachtaí, nó

(b) nach ndearna duine inmhuirearaithe aon ráiteas a sheachadadh, nó nach ndearna sé ráiteas iomlán cui a sheachadadh, nó nár measúnaíodh é i leith cánach, nó nach ndearnadh leor-mhuirearú air sna chéadmheasúnachtaí, nó

(c) gur lamháladh do dhuine inmhuirearaithe, nó go bhfuair sé, ó na chéad-mheasúnachtaí agus iontu, aon liúntas, asbhaint, díolúine, lacáiste nó faoiseamh nach n-údaraítear leis an Acht seo,

ansin, i gcás inarb inmhuirearaithe an cháin faoi Sceideal D, E nó F, déanfaidh an cigire chéad-mheasúnacht bhreise:

Ar choinníoll go mbeidh aon chéad-mheasúnacht bhreise den sórt sin faoi réir achomhairc agus imeachtaí eile amhail mar atá i gcás chéad-mheasúnachta.

9. In alt 239 (6) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, i ndiaidh “duine” cuirfear isteach “, seachas cuideachta atá laistigh de réim cánach corparáide,” agus tá an t-alt sin 239 (6), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghbhann leis an mír seo.

AN TABLA

(6) Aon duine, seachas cuideachta atá laistigh de réim cánach corparáide, a sheolann gnó ag deonú blianachtaí ar shaol daoine beidh sé i dteideal go n-aisíocfar leis aon cháin a d'íoc sé trí asbhaint nó ar shlí eile in aghaidh aon bhliana measúnachta suas go dtí méid na cánach a mbeadh teideal aige, dá mba nár ritheadh an t-alt seo, é a asbhaint agus a choinneáil ar íocaíochtaí a dhéanamh a bhí dlite an bhliain mheasúnachta sin ar cuntas blianachtaí saoil agus nach ndearna sé, de réir an ailt seo, a asbhaint.

10. In alt 329 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(1)  I bhfo-alt (1), scriosfar “is infheidhmithe maidir le haon díbhinn nó ús a fuair sé i leith an stoic, na scaireanna, nó” i mír (a) agus cuirfear “a baineadh as aon íocaíocht úis a fuair sé i leith” ina ionad; scriosfar “díbhinne nó úis i leith an stoic, na scaireanna, nó” i mír (b) agus cuirfear “úis i leith” ina ionad; agus, i ndiaidh mhír (b), cuirfear isteach an mhír seo a leanas—

“(c) measfar, chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, méid aon dáilte a fuair an phearsa aonair sin i leith an stoic, na scaireanna nó an urrúis sin a bheith laghdaithe 20 faoin gcéad agus measfar freisin méid aon chreidmheasa cánach a mbeidh teideal aige chuige i leith an dáilte sin a bheith laghdaithe 20 faoin gcéad:

Ar choinníoll go mbeidh, d'ainneoin forálacha an ailt seo, pearsa aonair a fhaigheann dáileadh i leith aon stoc, scaireanna nó urrús lena mbaineann an t-alt seo i dteideal go n-íocfar leis méid is ionann agus 20 faoin gcéad den chreidmheas cánach a mbeadh teideal aige chuige i leith an dáilte sin dá mba nár achtaíodh an t-alt seo.”; agus

(2) in ionad fho-alt (3) cuirfear an fo-alt seo a leanas—

“(3) I ndáil le gach dáileadh nó íocaíocht úis a dhéanfaidh cuideachta maidir le haon stoc, scair nó úrrús lena mbaineann an t-alt seo, beidh feidhm ag forálacha ailt 5 (barántais díbhinne) agus 83 (5) (Sceideal F) den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir leis an gcuideachta ionas go dtaispeánfaidh na ráitis dá bhforáiltear leis na hailt sin, i dteannta na sonraí a cheanglaítear a thabhairt ar leith ón alt seo (de réir mar is gá sa chás)—

(a) gur i leith an stoic, na scaire nó an urrúis sin méid iomlán an dáilte nó na híocaíochta úis, nó

(b) gur i leith an stoic, na scaire nó an urrúis sin cuid (a bhfuil a méid nó a luach luaite ar leithligh) den dáileadh nó den íocaíocht úis.”,

agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(1) I gcás a ndéanfaidh pearsa aonair ar sa Sát agus nach in aon áit eile atá cónaí air a éileamh agus a chruthú go bhfuil sé i dteideal úinéireacht tairbhiúil aon stoic, scaireanna nó urrúis lena mbaineann an t-alt seo, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas, is é sin le rá—

(a) beidh an phearsa aonair sin i dteideal go n-aisíocfar leis 20 faoin gcéad den cháin ioncaim a baineadh as aon íocaíocht úis a fuair sé i leith an urrúis sin, ach amháin sa mhéid go ndearnadh nó go ndéantar faoiseamh nó aisíoc i leith na cánach sin a dheonú faoi aon fhoráil eile den Acht seo;

(b) le linn ioncam iomlán na pearsan aonair sin ó gach bunadh a bheith á mheas chun críocha cánach ioncaim, measfar méid aon úis i leith an urrúis sin a bheith laghdaithe 20 faoin gcéad;

(c) measfar, chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, méid aon dáilte a fuair an phearsa aonair sin i leith an stoic, na scaireanna nó an urrúis sin a bheith laghdaithe 20 faoin gcéad agus measfar freisin méid aon chreidmheasa cánach a mbeidh teideal aige chuige i leith an dáilte sin a bheith laghdaithe 20 faoin gcéad:

Ar choinníoll go mbeidh, d'ainneoin forálacha an ailt seo, pearsa aonair a fhaigheann dáileadh i leith aon stoc, scaireanna nó urrús lena mbaineann an t-alt seo i dteideal go n-íocfar leis méid is ionann agus 20 faoin gcéad den chreidmheas cánach a mbeadh teideal aige chuige i leith an dáilte sin dá mba nár achtaíodh an t-alt seo.

11. In alt 331 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (3)—

“(3) I gcás a dtabharfar deimhniú faoi alt 329 (2) i leith aon stoc, scaireanna nó urrús, ní bhainfidh alt 329 (1) le haon dáileadh nó íocaíocht úis a rinneadh i leith na stoc, na scaireanna nó na n-urrús roimh dháta an deimhnithe:

Ar choinníoll go mbainfidh an t-alt sin 329 (1) le haon dáileadh nó íocaíocht úis den sórt sin i gcás—

(a) a ndearnadh an dáileadh nó an íocaíocht úis sa tréimhse dhá bhliain roimh dháta an deimhnithe sin, agus

(b) a ndearnadh an dáileadh nó an íocaíocht úis i leith stoic, scaireanna nó urrúis ar comhlíonadh ina leith na coinníollacha a shonraítear i míreanna (a) go (c) d'alt 329 (2) agus in alt 330 (2)—

(i) in imeacht na tréimhse dhá bhliain sin, nó

(ii) más i rith na tréimhse sin a eisíodh na stoic, na scaireanna nó na hurrúis sin, in imeacht na tréimhse ó dháta na heisiúna sin go dtí dáta an deimhnithe sin.”.

12. In alt 332 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(1) i bhfo-alt (1), scriosfar “is infheidhmithe maidir le haon díbhinn nó ús a fuair sé i leith an stoic, na scaireanna nó” agus cuirfear “a baineadh as aon íocaíocht úis a fuair sé i leith” ina ionad i mír (a); scriosfar “díbhinne nó úis i leith an stoic, na scaireanna, nó” i mír (b) agus cuirfear “úis i leith” ina ionad; agus i ndiaidh mhír (b) cuirfear isteach an mhír seo a leanas—

“(c) measfar, chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, méid aon dáilte a fuair an phearsa aonair sin i leith an stoic, na scaireanna nó an urrúis sin a bheith laghdaithe 20 faoin gcéad agus measfar freisin méid aon chreidmheasa cánach a mbeidh teideal aige chuige i leith an dáilte sin a bheith laghdaithe 20 faoin gcéad:

Ar choinníoll go mbeidh, d'ainneoin forálacha an ailt seo, pearsa aonair a fhaigheann dáileadh i leith aon stoc, scaireanna nó úrrús lena mbaineann an t-alt seo i dteideal go n-íocfar leis méid is ionann agus 20 faoin gcéad den chreidmheas cánach a mbeadh teideal aige chuige i leith an dáilte sin dá mba nár achtaíodh an t-alt seo.”;

(2) in ionad fho-alt (3) cuirfear an fo-alt seo a leanas—

“(3) I ndáil le gach dáileadh nó íocaíocht úis a dhéanfaidh cuideachta maidir le haon stoc, scair nó urrús lena mbaineann an t-alt seo, bainfidh forálacha ailt 5 (barántais díbhinne) agus 83 (5) (Sceideal F) den Acht Cánach Corparáide, 1976, leis an gcuideachta ionas go dtaispeánfaidh na ráitis dá bhforáiltear leis na hailt sin, i dteannta na sonraí a cheanglaítear a thabhairt ar leith ón alt seo (de réir mar is gá sa chás)—

(a) gur i leith an stoic, na scaire nó an urrúis sin méid iomlán an dáilte nó na híocaíochta úis, nó

(b) gur i leith an stoic, na scaire nó an urrúis sin cuid (a bhfuil a méid nó a luach luaite ar leithligh) den dáileadh nó den íocaíocht úis.”; agus

(3) cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (8)—

“(8) I gcás a dtabharfar deimhniú faoi fho-alt (2) i leith aon stoc, scaireanna nó urrús, ní bhainfidh fo-alt (1) le haon dáileadh nó íocaíocht úis a rinneadh i leith na stoc, na scaireanna nó na n-urrús roimh dháta an deimhnithe:

Ar choinníoll go mbainfidh an fo-alt sin (1) le haon dáileadh nó íocaíocht úis den sórt sin i gcás—

(a) a ndearnadh an dáileadh nó an íocaíocht úis sa tréimhse dhá bhliain roimh dháta an deimhnithe sin, agus

(b) a ndearnadh an dáileadh nó an íocaíocht úis i leith stoic, scaireanna nó urrúis ar comhlíonadh i ndáil leo na coinníollacha a shonraítear i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (2)—

(i) in imeacht na tréimhse dhá bhliain sin, nó

(ii) más i rith na tréimhse sin a eisíodh na stoic, na scaireanna nó na hurrúis sin, in imeacht na tréimhse ó dháta na heisiúna sin go dtí dáta an deimhnithe sin.”,

agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(1) Ma dhéanann pearsa aonair ar sa Stát agus nach in aon áit eile atá conaí air a éileamh agus a chruthú go bhfuil sé i dteideal úinéireacht tairbhiúil aon stoic, scaireanna nó urrúis lena mbaineann an t-alt seo, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas, is é sin le rá—

(a) beidh an phearsa aonair sin i dteideal go n-aisíocfar leis 20 faoin gcéad den cháin ioncaim a baineadh as aon íocaíocht úis a fuair sé i leith an urrúis sin, ach amháin sa mhéid go ndearnadh nó go ndéanfar faoiseamh nó aisíoc i leith na cánach sin a dheonú faoi aon fhoráil eile den Acht seo;

(b) le linn ioncam iomlán na pearsan aonair sin ó gach bunadh a bheith á meas chun críocha cánach ioncaim, measfar méid aon úis i leith an urrúis sin a bheith laghdaithe 20 faoin gcéad;

(c) measfar, chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, méid aon dáilte a fuair an phearsa aonair sin i leith an stoic, na scaireanna nó an urrúis sin a bheith laghdaithe 20 faoin gcéad agus measfar freisin méid aon chreidmheasa cánach a mbeidh teideal aige chuige i leith an dáilte sin a bheith laghdaithe 20 faoin gcéad:

Ar choinníoll go mbeidh, d'ainneoin forálacha an ailt seo, pearsa aonair a fhaigheann dáileadh i leith aon stoc, scaireanna nó urrús lena mbaineann an t-alt seo i dteideal go n-íocfar leis méid is ionann agus 20 faoin gcéad den chreidmheas cánach a mbeadh teideal aige chuige i leith an dáilte sin dá mha nár achtaíodh an t-alt seo.

13. In alt 333 (1) (b) den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(1) i ndiaidh “scaireanna blianachtaí,” scriosfar “agus”; agus

(2) i ndiaidh “íocaíocht bhliantúil eile” cuirfear isteach “, agus ó cháin ioncaim is inmhuirearaithe faoi Sceideal F maidir le haon dáileadh”.

14. In alt 335 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, scriosfar “faoi Sceidil C agus D” agus cuirfear “faoi Sceidil C, D agus F” ina ionad.

15. In alt 336 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, scriosfar “faoi Sceidil C agus D” agus cuirfear “faoi Sceidil C, D agus F” ina ionad.

16. In alt 337 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, scriosfar “faoi Sceidil C agus D” agus cuirfear “faoi Sceidil C, D agus F” ina ionad.

17. In alt 367 (7) den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(1) cuirfear isteach “agus Sceideal 11” i ndiaidh “na Coda seo”;

(2) i mír (a) cuirfear an méid seo a leanas in ionad “díbhinn”—

“dáileadh a dhéanfar an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis, agus aon díbhinn nach dáileadh den sórt sin, agus le linn tagairtí d'ús a fheidhmiú i ndáil le dáileadh den sórt sin ciallaíonn ‘ús comhlán’ nó ‘méid comhlán’ an dáileadh mar aon leis an gcreidmheas cánach a mbeidh teideal chuige ag faighteoir an dáilte ina leith agus ciallaíonn ‘ús glan’ an dáileadh gan aon chreidmheas cánach den sórt sin a áireamh”; agus

(3) in ionad mhír (d) cuirfear an méid seo a leanas—

“(d) measfar urrúis a bheith cosúil le chéile má thugann siad dá sealbhóirí teideal chun na gcearta céanna in aghaidh na ndaoine céanna maidir le caipiteal agus ús agus chun na leigheasanna céanna chun na cearta sin a fheidhmiú, d'ainneoin aon difir i méideanna ainmniúla iomlána na n-úrrús faoi seach nó san fhoirm ina sealbhaítear iad nó sa tslí ar féidir iad a aistriú;

agus i mír (a) tá le ‘dáileadh’ agus le ‘creidmheas cánach’ na bríonna céanna atá leo i gCuid IX den Acht Cánach Corparáide, 1976”,

agus tá an t-alt sin 367 (7), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(7) Chun críocha na Coda seo agus Sceideal 11—

(a) folaíonn “ús” dáileadh a dhéantar an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis, agus aon díbhinn nach dáileadh den sórt sin, agus le linn tagairtí d'ús a fheidhmiú i ndáil le dáileadh den sórt sin ciallaíonn “ús comhlán” nó “méid comhlán” an dáileadh mar aon leis an gcreidmheas cánach a mbeidh teideal chuige ag faighteoir an dáilte ina leith agus ciallaíonn “ús glan” an dáileadh gan aon chreidmheas cánach den sórt sin a áireamh;

(b) folaíonn “duine” aon chomhlacht daoine agus, i gcás aon díolúine adeir go mbaineann sí le hioncam iontaobhais nó le hioncam ciste, folaíonn tagairtí do dhuine ag a bhfuil teideal chun aon díolúine ó cháin ioncaim tagairtí do na daoine ag a bhfuil teideal a éileamh go ndeonófar an díolúine sin;

(c) folaíonn “urrúis” stoic agus scaireanna;

(d) measfar urrúis a bheith cosúil le chéile má thugann siad dá sealbhóirí teideal chun na gcearta céanna in aghaidh na ndaoine céanna maidir le caipiteal agus ús agus chun na leigheasanna céanna chun na cearta sin a fheidhmiú, d'ainneoin aon difir i méid eanna ainmniúla iomlána na n-urrús faoi seach nó san fhoirm ina sealbhaítear iad nó sa tslí ar féidir iad a aistriú;

agus i mír (a) tá le “dáileadh” agus le “creidmheas cánach” na bríonna chéanna atá leo i gCuid IX den Acht Cánach Corparáide, 1976.

18. Chun críocha cánach corparáide, beidh éifeacht le halt 369 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ionann is dá gcuirfí isteach i ndiaidh “Sceideal 11” “agus má bhíonn teideal mar a dúradh ag an gcéad cheannaitheoir agus go mbeidh aon íocaíocht bhliantúil iníoctha aige as an ús, measfar nach íocaíocht is muirear ar ioncam an íocaíocht bhliantúil maidir lena méid iomlán”.

19. Chun críocha cánach corparáide, beidh feidhm ag alt 370 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus

(1) beidh feidhm dá réir sin ag fo-alt (1) ionann is dá gcuirfí, in ionad “á dhéanamh amach” go dtí deireadh an fho-ailt, “ag fionnadh an ioncaim nó na mbrabús ar féidir an caillteanas a fhritháireamh ina n-aghaidh faoi alt 16 (faoiseamh i leith caillteanas trádála seachas caillteanais fhoirceannaidh) nó faoi alt 25 (caillteanais etc. a fhritháireamh in aghaidh ioncaim infheistíochta fhrainceáilte) den Acht Cánach Corparáide, 1976, fágfar as cuntas an méid iomchuí i leith an úis, mar a chinnfear sin de réir Sceideal 11”;

(2) beidh feidhm dá réir sin ag fo-alt (2) ionann is dá scriosfaí na focail go léir i ndiaidh “measfar” agus go gcuirfí ina n-ionad “nach íocaíocht is muirear ar ioncam an méid sin den íocaíocht bhliantúil”.

20. I gcás alt 371 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(1) beidh éifeacht leis chun críocha cánach corparáide ionann is dá gcuirfí isteach i ndiaidh “a fuarthas na scaireanna” i bhfo-alt (2) “, agus má bhíonn an íocaíocht bhliantúil iníoctha ag an duine sin as an dáileadh, measfar nach íocaíocht is muirear ar ioncam an íocaíocht bhliantúil sin maidir lena méid iomlán”, agus

(2) leasófar é tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (8)—

“(9) Chun críocha na Coda seo agus Sceideal 12—

(a) forléireofar tagairtí do dhíbhinn, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairtí a fholaíonn tagairtí do dháileadh agus do mhéid atá, faoi aon achtachán, le háireamh mar dháileadh, a dhéanfar an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis,

(b) i ndáil le dáileadh den sórt sin, lena n-áirítear méid atá le háireamh amhlaidh mar dháileadh, forléireofar tagairtí do dhíbhinn a íoc nó a bheith le híoc nó a fháil nó a bheith le fáil ar scaireanna mar thagairtí do dháileadh nó do mhéid a bheith le háireamh amhlaidh mar dháileadh atá á dhéanamh nó á fháil i leith scaireanna nó urrús, agus

(c) le linn tagairtí do dhíbhinn a fheidhmiú i ndáil le dáileadh ciallaíonn ‘méid comhlán’ nó ‘díbhinn chomhlán’ an dáileadh mar aon leis an gcreidmheas cánach atá faighteoir an dáilte i dteideal a fháil ina leith agus ciallaíonn ‘glanmhéid’ nó ‘glandíbhinn’ an dáileadh gan aon chreidmheas cánach den sórt sin a áireamh,

agus san fho-alt seo tá le ‘dáileadh’ agus le ‘creidmheas cánach’ na bríonna céanna atá leo i gCuid IX den Acht Cánach Corparáide, 1976.”.

21. I gcás alt 372 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

(1) beidh feidhm aige maidir le cáin chorparáide, agus beidh feidhm dá réir sin ag fo-alt (1) ionann is—

(a) dá mba thagairt do thréimhse chuntasaíochta an tagairt do bhliain mheasúnachta sa chéad áit a bhfuil an tagairt sin, agus

(b) dá gcuirfí in ionad “a chinneadh” go dtí deireadh an fho-ailt “ag fionnadh an ioncaim nó na mbrabús ar féidir an caillteanas a fhritháireamh ina n-aghaidh faoi alt 16 (faoiseamh i leith caillteanas trádála seachas caillteanais fhoirceannaidh) nó faoi alt 25 (caillteanais etc. a fhritháireamh in aghaidh ioncaim infheistíochta fhrainceáilte) den Acht Cánach Corparáide, 1976, fágfar as cuntas an méid comhlán ar comhréir leis an oiread sin den ghlanmhéid sin nárbh fholáir a chur i gcuntas mar a dúradh”, agus

(2) leasófar é trí “aon chreidmheas cánach i leith an mhéid” a chur in ionad “aon cháin a íocadh ar an méid” i bhfo-alt (1), agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(1) I gcás trádáil, seachas trádáil den sórt a luaitear in alt 371 (1), a bheith á seoladh ag duine agus gur cuid dá ioncam d'aon bhliain mheasúnachta áirithe díbhinn a mbeadh ceangal ann, dá mba thrádáil de shaghas a luaitear in alt 371 (1) an trádáil, aon chuid dá glanmhéid a chur i gcuntas mar fháltas trádála nár íocadh cáin ina leith, ansin, nuair a bheifear a chinneadh an bhfuil aon aisíoc cánach, nó cad é an t-aisíoc cánach atá, le déanamh faoi alt 307 leis an duine sin faoi threoir aon chaillteanas a tharla sa trádáil in aghaidh na bliana measúnachta sin, fágfar as cuntas—

(a) an mór-mhéid a fhreagraíonn d'oiread den ghlanmhéid sin a bheadh de cheangal ann a chur i gcuntas mar a dúradh, agus

(b) aon chreidmheas cánach i leith an mhéid a bheidh de cheangal ann a fhágáil as cuntas faoi mhír (a).

22. (1) In alt 449 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, in ionad mhír (c) cuirfear an mhír seo a leanas.

“ (c) más de ghné na hurrúis sin gur féidir an t-ús is iníoctha ina leith a íoc gan cáin a asbhaint, beidh an t-úinéir nó an tairbhí (de réir mar a bheidh), mura suífidh sé gur muirearaíodh cáin faoi Sceideal C nó faoi Chuid XXXI ar na fáltais ó aon díol nó réadú eile ar an gceart chun an t-ús a fháil a meastar gur ioncam dá chuid é de bhua an ailt seo, inchurtha faoi cháin faoi Chás IV de Sceideal D i leith an úis sin, ach beidh sé i dteideal creidmheasa i leith aon cháin a shuífear a d'iompair an t-ús sin;”.

(2) I ndáil le cáin chorparáide—

(a) beidh feidhm ag mír (c) den alt sin 449 (1) (faoi réir forálacha an Achta seo i dtaobh dáiltí) maidir le haon ús de réir brí an ailt sin 449, cibé acu is de ghné na hurrúis sin, nó nach ea, gur féidir an t-ús a íoc gan cáin a asbhaint, agus trí na focail “ach beidh sé i dteideal creidmheas i leith aon cháin a shuífear a d'iompair an t-ús sin” a fhágáil ar lár, agus

(b) ní bheidh feidhm ag mír (d) d'alt 449 (1).

23. In alt 450 (2) (d) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, i ndiaidh “a fhorléiriú” cuirfear an méid seo a leanas isteach “, faoi réir alt 99 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976,” agus tá an t-alt sin 450 (2) (d), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(d) déanfar tagairtí do “ioncam iomlán an eastáit” de chuid duine éagtha in aghaidh aon bhliana measúnachta a fhorléiriú, faoi réir alt 99 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976, mar thagairtí don ioncam comhiomlán ó gach bunadh in aghaidh na bliana sin de chuid ionadaithe pearsanta an éagaigh sa cháil sin agus é a áireamh mar ní arb é atá ann—

(i) aon ioncam den sórt sin is inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim Éireannaí trí asbhaint nó eile, agus an t-ioncam sin a ríomh ag an méid ar a bhfuil an cháin sin le tabhairt don bhliain sin, agus

(ii) aon ioncam den sórt sin ab inmhuirearaithe amhlaidh dá mba sa Stát a d'éirigh sé chun duine ar sa Stát a bhí cónaí agus gnáthchónaí air, agus an t-ioncam sin a ríomh de réir an mhéid iomlán de a d'éirigh iarbhír i gcaitheamh na bliana sin, lúide cibé asbhaintí ab inlamháilte dá muirearófaí é i leith cánach ioncaim Éireannaí, ach gan áireamh a dhéanamh ar aon ioncam ó mhaoin a chineachfaidh ar na hionadaithe pearsanta ar shlí seachas mar shócmhainní chun fiacha an éagaigh a íoc;

24. Chun críocha aon mhuirir i leith cánach corparáide a gcuirtear alt 452 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (eastáit éagach: leasanna iomlána in iarmhar) chun feidhme ina leith, déanfar ioncam iarmharach cuideachta a ríomh sa chéad ásc faoi threoir blianta measúnachta, agus déanfar an t-ioncam iarmharach d'aon bhliain den sórt sin a chionroinnt idir na tréimhsí cuntasaíochta (má bhíonn thar thréimhse chuntasaíochta amháin ann) sa bhliain sin.

25. In alt 458 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, in ionad “nó díbhinn a íoc a d'imdháil cuideachta” cuirfear “a íoc nach dáileadh de réir brí an Achta Cánach Corparáide, 1976, ó chuideachta” agus in ionad “as an ús nó as an díbhinn sin” cuirfear “as an ús sin”, agus tá an t-alt sin 458 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(1) Gach barántas, seic nó ordú eile a sheolfar nó a sheachadfar d'fhonn aon ús a íoc nach dáileadh de réir brí an Achta Cánach Corparáide, 1976, ó chuideachta atá i dteideal cáin ioncaim a bhaint as an ús sin beidh ag gabháil leis nó beidh ina theannta ráiteas i scríbhinn ina dtaispeánfar—

(a) an méid comhlán a bheidh, tar éis na cánach ioncaim is iomchuí dó a asbhaint, ar comhréir leis an nglanmhéid a íocadh iarbhír, agus

(b) ráta agus méid na cánach ioncaim is iomchuí don mhéid comhlán sin, agus

(c) an glanmhéid a íocadh iarbhír.

26. Beidh éifeacht chun críocha cánach corparáide le halt 475 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

27. I gcás cuideachta do thabhairt bronntanas lena mbaineann alt 547 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, measfar chun críocha cánach corparáide gur caillteanas méid an bhronntanais sin a thabhaigh an chuideachta i dtrádáil ar leithligh sa tréimhse chuntasaíochta a tugadh an bronntanas.

28. Leasófar Sceideal 12 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967

(1) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad mhír 4 (2)—

“(2) Is iad na brabúis sin ioncam na cuideachta in aghaidh na tréimhse, arna laghdú—

(a) méid na cánach ioncaim a d'iompair an chuideachta iarbhír in aghaidh aon bhliana measúnachta (nach bliain mheasúnachta tar éis na bliana 1975-76) sa tréimhse sin (lena n-áirítear aon fhorcháin a d'iompair an chuideachta faoi alt 530 agus faoi Sceideal 16), agus

(b) méid na cánach brabús corparáide ab iníoctha ag an gcuideachta in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta sa tréimhse sin, agus

(c) méid na cánach corparáide (lena n-áirítear cáin chorparáide arna muirearú de bhua ailt 101 agus 162 den Acht Cánach Corparáide, 1976) ab iníoctha ag an gcuideachta in aghaidh aon tréimhse cuntas aíochta sa tréimhse sin, agus chun na críche sin déileálfar leis an gcreidmheas cánach is cuid d'aon ioncam infheistíochta frainceáilte mar cháin chorparáide ab iníoctha ag an gcuideachta in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta a fuarthas an dáileadh, agus

(d) méid na cánach gnóchan caipitiúil ab iníoctha ag an gcuideachta in aghaidh aon bhliana measúnachta (nach bliain mheasúnachta tar éis na bliana 1975-76) sa tréimhse sin:

Ar choinníoll, i gcás a mbeidh faoiseamh tugtha don chuideachta faoi alt 358, 360 nó 361, go ndéanfar tagairtí san fhomhír seo do cháin a iompraíodh iarbhír nó do cháin ab iníoctha a fhorléiriú mar thagairtí don cháin a bheadh iompartha nó ab iníoctha dá mba nár tugadh an faoiseamh sin.”;

(2) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad mhír 4 (3)—

“(3) Nuair a bheifear ag fionnadh chun críocha na míre seo an méid cánach ioncaim, cánach brabús corparáide agus cánach corparáide a ndéanfar a chóimhéid de laghdú ar ioncam na cuideachta in aghaidh na tréimhse, fágfar as cuntas aon cháin ar an méid a bheidh le hasbhaint faoi chlásal (d) nó (e) de mhír 5 (3).”;

(3) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad mhír 5 (2)—

“(2) Ríomhfar comhiomlán—

(a) aon bhrabús nó gnóchan a d'eascair sa tréimhse as aon trádáil a bhí á seoladh ag an gcuideachta arna ríomh de réir na bhforálacha a bhaineann le Cás I de Sceideal D, agus

(b) aon ioncaim (lena n-áirítear aon ioncam infheistíochta frainceáilte) a d'eascair sa tréimhse (arna ríomh de réir forálacha an Achta seo nó, i gcás ioncaim infheistíochta fhrainceáilte, de réir forálacha an Achta Cánach Corparáide, 1976), seachas brabúis nó gnóchain a d'eascair as aon trádáil den sórt sin, agus

(c) aon bhrabús caipitiúil a d'eascair sa tréimhse (bíodh nó ná bíodh cáin ghnóchan caipitiúil nó cáin chorparáide inmhuirearaithe orthu).”;

(4) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad mhír 5 (3)—

“(3) Bainfear as an gcomhiomlán sin suim na méideanna seo a leanas, is é sin le rá—

(a) aon chaillteanas a bhain don chuideachta sa tréimhse in aon trádáil den sórt sin (arna ríomh mar is inríofa brabúis nó gnóchain faoi na forálacha is infheidhmithe maidir le Cás I de Sceideal D),

(b) aon liúntais i leith aon trádála den sórt sin faoi ailt 241, 244 (3) nó 245, faoi Chaibidil III de Chuid XIV, faoi Chuid XV nó XVI—

(i) in aghaidh aon bhliana measúnachta (nach bliain mheasúnachta tar éis na bliana 1975-76) sa tréimhse,

(ii) a bheidh le tabhairt faoi alt 14 den Acht Cánach Corparáide, 1976, le linn an trádáil a bheith á cur faoi cháin chun críche cánach corparáide in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta sa tréimhse,

(c) (i) aon íocaíochtaí a rinne an chuideachta sa tréimhse lena mbaineann alt 433 nó 434, seachas íocaíochtaí is inasbhainte le linn brabúis nó gnóchain nó caillteanais thrádáil a bhí á seoladh aici a bheith á ríomh,

(ii) aon mhéid a ndearnadh aisíoc ina leith faoi alt 496 in aghaidh aon bhliana measúnachta sa tréimhse,

(iii) aon mhuirir ar ioncam a bheidh le lamháil faoi alt 10 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976, mar asbhaintí i gcoinne iomlán na mbrabús in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta sa tréimhse,

(d) mura bhfuil an chuideachta ag seoladh trádála den sórt a luaitear in alt 371 (1) agus go bhfuair sí sa tréimhse—

(i) an 5ú lá d'Aibreán, 1976, nó roimhe, díbhinn a mbeadh de cheangal ann faoi alt 371 (1), dá mbeadh an chuideachta ag seoladh trádála den sórt sin, aon chuid di a chur i gcuntas mar a luaitear ansin, cibé méid ba chomhionann, tar éis cáin ioncaim a asbhaint de réir an ráta a údaraítear le halt 456, leis an méid a mbeadh an ceangal sin ann é a chur i gcuntas,

(ii) tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1976, dáileadh de réir brí Chuid IX den Acht Cánach Corparáide, 1976, a mbeadh de cheangal ann, dá mbeadh an chuideachta ag seoladh trádála den sórt sin, aon chuid de a chur i gcuntas amhlaidh, méid is ionann agus an oiread sin den dáileadh a mbeadh an ceangal sin ann é a chur i gcuntas arna mhéadú an oiread sin den chreidmheas cánach i leith an dáilte sin a mbeidh idir é agus méid an chreidmheasa cánach sin an chomhréir chéanna atá idir an chuid den dáileadh a mbeadh an ceangal sin ann é a chur i gcuntas agus an dáileadh, agus

(e) mura bhfuil an chuideachta ag seoladh mar a dúradh, ach, dá mbeadh sí ag seoladh amhlaidh, go mbeadh aon laghdú faoi alt 368 le déanamh, nó go mbeadh sé, mura mbeadh alt 368 (3), le déanamh, maidir leis an bpraghas a d'íoc an chuideachta ar urrúis (de réir brí an ailt sin) a cheannaigh sí sa tréimhse—

(i) an 5ú lá d'Aibreán, 1976, nó roimhe, cibé méid ba chomhionann, tar éis cáin ioncaim a asbhaint de réir an ráta is infheidhmithe maidir leis an íocaíocht, le méid an laghdaithe,

(ii) tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1976, cibé méid ba chomhionann le méid úis chomhláin ar comhréir le méid úis ghlain ba chomhionann le méid an laghdaithe,

ar shlí áfach i gcás ar urrúis iad den sórt a shonraítear i mír 4 de Sceideal 11 na hurrúis gurb é méid an laghdaithe an méid,

agus is é an t-iarmhéid ioncam na cuideachta in aghaidh na tréimhse.”; agus

(5) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 6—

“6. Aon tagairt i mír 4 nó 5 do mhéid in aghaidh bliana measúnachta sa tréimhse a bheidh i gceist measfar gur tagairt í don méid iomlán in aghaidh aon bhliana measúnachta ar bhliain laistigh den tréimhse sin í go léir agus do chuid chomh réire den méid (ar fhoras ama) in aghaidh aon bhliana measúnachta ar laistigh den tréimhse sin do chuid di, agus is dá réir sin a fhorléireofar an tagairt sa chéanna do cháin bhrabús corparáide nó do cháin chorparáide is iníoctha in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta sa tréimhse sin.”.

29. I gCuid IV den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968, mar atá feidhm aici chun críocha cánach corparáide, déanfar—

(1) aon cheist i dtaobh baint a bheith ag duine le duine eile, agus

(2) an bhrí at le “rialú”

a chinneadh, d'ainneoin forálacha alt 16 den Acht sin, de réir forálacha alt 157.

30. Beidh an éifeacht chéanna le halt 37 den Acht Airgeadais, 1968, maidir le cáin chorparáide atá leis maidir le cáin ioncaim, agus beidh éifeacht dá réir sin le tagairtí do chán ioncaim ionann is dá mba thagairtí iad, nó gur fholaigh siad tagairtí, do cháin chorparáide; agus i bhfo-alt (4) den alt sin 37 in ionad “alt 214 den Acht Cánach Ioncaim, 1967,” cuirfear “alt 15 nó 33 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976,”, agus tá an fo-alt sin (4), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(4) I gcás fostóir a bheith tar éis cnapshuim a íoc i leith fostaíochta go hiomlán ag gabháil do ghnó a sheolann an fostóir, agus costais bhainistí an ghnó a bheith cáilithe le haghaidh faoisimh faoi alt 15 nó 33 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976, beidh an méid a bheidh de bhreis ag an gcnapshuim ar mhéid an lacáiste is inghnóthaithe (murar inlamháilte amhlaidh ar shlí eile é) inlamháilte mar chostais bhainistí atá cáilithe le haghaidh faoisimh faoin alt sin; agus, más tar éis scor den ghnó a íocadh an chnapshuim, déileálfar leis an méid glan is inlamháilte amhlaidh ionann agus dá mba chostais bhainistí é a tabhaíodh an lá deiridh a bhí an gnó á sheoladh.

31. Beidh éifeacht le halt 16 den Acht Airgeadais, 1972, maidir le cáin chorparáide ionann is dá gcuirfí an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (4)—

“(4) Aon suim a bheidh íoctha ag fostóir ar mhodh ranníoca faoin scéim, lamhálfar, chun críocha Chás I nó Chás II de Sceideal D agus forálacha alt 15 nó 33 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976, a bhaineann le costais bhainistí, í a asbhaint mar chostas nó mar chostas bainistí a tabhaíodh sa tréimhse chuntasaíochta a íocadh an tsuim:

Ar choinníoll—

(a) nach mó méid na ranníocaí fostóra is féidir a asbhaint amhlaidh ná an méid a ranníoc sé faoin scéim i leith fostaithe i dtrádáil nó i ngnóthas a bhfuil cáin chorparáide inmheasúnaithe ar an bhfostóir i leith na mbrabús aisti nó as,

(b) go measfar, chun críocha an fho-ailt seo maidir le suim nár íocadh ar mhodh gnáth-ranníoca bhliantúil, de réir mar a ordóidh na Coimisinéirí, gur costas í a tabhaíodh sa tréimhse chuntasaíochta a íocadh an tsuim, nó gur costas í is féidir a chur i leith cibé tréimhse blianta is cuí leis na Coimisinéirí.”.

32. Bainfidh alt 24 den Acht Airgeadais, 1973, le cáin chorparáide ionann is dá gcuirfí an fo-alt seo a leanas isteach i ndiaidh fho-alt (8)—

“(9) Ní dhéanfar na caiteachais a tabhaíodh ag soláthar fialachta gnó a áireamh, ach amháin a mhéid gur chun críocha gnó a leagadh amach nó a caitheadh iad go hiomlán, go heisiatach agus de riachtanas, le linn aon chostais bhainistí a bheith á ríomh a bhféadfar asbhaint a éileamh ina leith faoi alt 15 nó 33 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976.”.

33. Beidh éifeacht le halt 26 den Acht Airgeadais, 1973, maidir le cáin chorparáide ionann is dá gcuirfí isteach i ndiaidh “Sceideal E,”—

“nó

(c) a chur i gcuntas chun críocha éilimh ar chaiteachais bhainistí faoi alt 15 nó 33 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976,”.

34. Beidh éifeacht le forálacha alt 33 den Acht Airgeadais, 1973, chun críocha cánach corparáide mar atá éifeacht leo chun críocha cánach ioncaim.

35. In alt 34 (2) den Acht Airgeadais, 1973, beidh éifeacht chun críocha cánach corparáide leis an tagairt do thuairisceán i dtaobh ioncam iomlán ó gach bunadh, arna mheas de réir forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim, ionann is dá mba thagairt í, nó gur fholaigh sí tagairt, do thuairisceán faoi alt 143.

36. (1) Na tagairtí i míreanna 1 agus 3 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1973, d'alt 33 den Acht sin, agus d'alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, beidh éifeacht leo maidir le cáin chorparáide ionann is dá mba thagairtí iad, nó gur fholaigh siad tagairtí, do na hailt sin mar atá feidhm acu chun críocha cánach corparáide.

(2) An tagairt i mír 6 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1973, d'alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968, beidh éifeacht léi maidir le cáin chorparáide ionann is dá mba thagairt í d'alt 157 den Acht Cánach Corparáide, 1976.

(3) An tagairt i mír 7 den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1973, do na hAchtanna Cánach Ioncaim beidh éifeacht léi maidir le cáin chorparáide ionann is dá mba thagairt í, nó gur fholaigh sí tagairt, don Acht Cánach Corparáide, 1976.

37. Déanfar alt 8 (1) den Acht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Airithe), 1974, a leasú trí “den Acht Cánach Ioncaim, 1967,” a chur in ionad “d'Acht 1967” agus tá an t-alt sin 8 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(1) I gcás duine a sheolann trádáil ag oibriú mianaigh cháilithigh do thabhú caiteachais chaipitiúil tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1974, ag fáil sócmhainn mhianra sceidealta a thugann teideal dó foslaigh de mhianraí sceidealta a oibriú agus é do thosú ag oibriú na bhfoslach sin i ndáil leis an trádáil sin, beidh sé i dteideal liúntais fhorbartha mhianaigh faoi alt 245 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, i leith an chaiteachais chaipitiúil sin a mhéid a bheadh sé i dteideal an liúntais sin dá mba chaiteachas caipitiúil a tabhaíodh ag forbairt an mhianaigh an caiteachas caipitiúil sin, ach ní bheidh feidhm ag alt 2 i leith aon chaiteachais den sórt sin.

38. Beidh éifeacht le halt 10 den Acht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Airithe), 1974, maidir le cáin chorparáide mar atá éifeacht leis maidir le cáin ioncaim, agus beidh éifeacht dá réir sin leis na tagairtí do na hAchtanna Cánach Ioncaim, do bhliain mheasúnachta agus do cháin ioncaim a mhuirearú ar bhrabúis na trádála sin ionann is dá mba thagairtí iad do na hAchtanna Cánach Corparáide, do thréimhse cuntasaíochta agus do bhrabúis na trádála sin a ríomh chun críocha cánach corparáide.

39. In ionad alt 11 den Acht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Airithe), 1974, cuirfear an t-alt seo a leanas—

“11.—(1) I gcás duine a chónaíonn sa Stát do dhíol aon sócmhainne mianra sceidealta tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1974, agus gur suim chaipitiúil, go hiomlán nó go páirteach, an glanfháltas ón díol, muirearófar, faoi réir forálacha an ailt seo, cáin air faoi Chás IV de Sceideal D in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a gheobhaidh sé an tsuim ar chóimhéid na suime sin:

Ar choinníoll, i gcás ar pearsa aonair an duine sin agus go roghnóidh sé, trí fhógra i scríbhinn chuig an gcigire tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana measúnachta a íocfar an tsuim, go muirearófar cáin air in aghaidh na bliana measúnachta sin agus in aghaidh gach bliana de na cúig bliana measúnachta comhleanúnacha ina dhiaidh sin, ar shuim ar cóimhéid le séú cuid na suime sin, go muirearófar cáin amhlaidh air.

(2) I gcás duine nach gcónaíonn sa Stát do dhíol aon sócmhainne mianra sceidealta tar éis an 31ú lá de Mhárta, 1974, agus gur suim chaipitiúil, go hiomlán nó go páirteach, an glanfháltas ón díol, ansin—

(a) muirearófar cáin air i leith na suime sin faoi Chás IV de Sceideal D in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe a gheobhaidh sé an tsuim sin, agus

(b) bainfidh alt 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, leis an tsuim sin ionann is dá mba íocaíocht bhliantúil í ab iníoctha ar dhóigh seachas as brabúis nó gnóchain a cuireadh faoi mhuirear cánach:

Ar choinníoll, i gcás ar pearsa aonair an duine sin agus go roghnóidh sé, trí fhógra i scríbhinn chuig na Coimisinéirí Ioncaim tráth nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana measúnachta a íocfar an tsuim, go n-áireofaí an tsuim sin chun críche cánach in aghaidh na bliana sin agus in aghaidh gach bliana de na cúig bliana chomhleanúnacha ina dhiaidh sin ionann is dá mbeadh an séu cuid di, agus gan níos mó ná sin, ar áireamh in ioncam dá chuid is inmhuirearaithe i leith cánach in aghaidh gach bliana faoi seach de na blianta sin, go n-áireofar amhlaidh í, agus go ndéanfar gach aisíocaíocht agus measúnacht cánach in aghaidh gach bliana díobh sin de réir mar is gá le héifeacht a thabhairt don rogha, ach sin ar shlí, áfach—

(i) nach ndéanfaidh an rogha difear don méid cánach a bheidh le hasbhaint agus a mbeidh cuntas le tabhairt ann faoin alt sin 434,

(ii) i gcás a n-asbhainfear aon suim faoin alt sin 434 gur ar mhodh aisíoc cánach a dhéanfar aon choigeartuithe is gá chun éifeacht a thabhairt don rogha, agus

(iii) go ndéanfar na coigeartuithe sin bliain ar bhliain agus ionann is dá mba go ndearnadh an séú cuid den tsuim a asbhaineadh a asbhaint i leith cánach in aghaidh gach bliana, agus nach ndéanfar an chuid sin, ná aon mhír den chuid sin, den cháin a asbhaineadh agus a áireofar a bheith asbhainte i leith cánach in aghaidh aon bhliana a aisíoc mura bhfionnfar agus go dtí go bhfionnfar gur lú an cháin a bheidh le híoc faoi dheoidh in aghaidh na bliana sin ná an méid cánach a íocadh in aghaidh na bliana sin.

(2A) I bhfo-alt (2) ciallóidh an focal ‘cáin’ cáin ioncaim, mura rud é go mbeadh díoltóir na sócmhainne mianra sceidealta, ar cuideachta é, laistigh de réim cánach corparáide i leith aon fháltais ón díol nach suim chaipitiúil.

(3) I gcás gur trína ceannach a fuair duine an tsócmhainn mhianra sceidealta a dhíolfaidh sé agus gur shuim chaipitiúil, go hiomlán nó go páirteach, an praghas a íocadh, beidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) ionann is dá mbeadh aon suim chaipitiúil a gheobhaidh sé nuair a dhíolfaidh sé an tsócmhainn arna laghdú méid na suime sin:

Ar choinníoll nach ndéanfaidh aon ní san fho-alt seo difear don méid cánach a bheidh le hasbhaint agus a mbeidh cuntas le tabhairt ann faoi alt 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, de bhua-fho-alt (2), agus i gcás aon suim a asbhaint faoin alt sin 434 gur ar mhodh aisíoc cánach a dhéanfar aon choigeartú ís gá le héifeacht a thabhairt d'fhorálacha an fho-ailt seo.

(4) I gcás a bhfaighfear, de bhua ordú ón Aire Tionscail agus Tráchtála faoi alt 14 den Acht Forbairte Minearál, 1940, mianraí sceidealta nó cearta chun mianraí den sórt sin a oibriú agus go n-íocfaidh an tAire sin cúiteamh le haon duine i leith na fála sin, measfar, chun críocha an ailt seo, sócmhainn mhianra sceidealta a bheith díolta ag an duine sin ar shuim chaipitiúil ar cóimhéid leis an gcúiteamh a íocadh leis agus bainfidh na forálacha sin roimhe seo den alt seo leis an gcúiteamh sin mar a bhaineann siad le suim chaipitiúil a fhaightear i leith sócmhainn mhianra sceidealta a dhíol.

(5) San alt seo folaíonn aon tagairt do cheart sócmhainn mhianra sceidealta a dhíol tagairt do cheadúnas a thabhairt mianraí sceidealta a oibriú.

(6) San alt seo ciallaíonn ‘tréimhse inmhuirearaithe’ tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta nó bliain mheasúnachta.”.

40. In alt 18 (2) den Acht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Airithe), 1974, in ionad “a bhaineann sé le cáin bhrabús corparáide” go dtí deireadh an fho-ailt cuirfear “atá éifeacht leis chun críocha cánach corparáide, a léamh agus a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide”, agus tá an t-alt sin 18 (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(2) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a bhaineann sé le cáin ioncaim, a léamh agus a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus, a mhéid atá éifeacht leis chun críocha cánach corparáide, a léamh agus a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide.

41. In alt 4 (b) den Acht Airgeadais, 1974, in ionad “433, 434 nó 456” cuirfear “433 nó 434”, agus tá an t-alt sin 4 (b), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(b) a bhfuil cáin inbhainte as de bhua alt 433 nó 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó

42. In ionad alt 31 (3) (f) den Acht Airgeadais, 1974, cuirfear—

“(f) ús a íoctar gan cáin a asbhaint de bhua alt 30 den Acht Cánach Corparáide, 1976, nó

(g) ús is dáileadh faoi alt 97 den Acht Cánach Corparáide, 1976.”.

43. Leasófar alt 33 (1) den Acht Airgeadais, 1974

(1) trí “155 (5) den Acht Cánach Corparáide, 1976” a chur in ionad “323 den Acht Cánach Ioncaim, 1967”, agus

(2) trí “157 den Acht Cánach Corparáide, 1976” a chur in ionad “16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968” gach áit a bhfuil sé,

agus tá an t-alt sin 33 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(1) (a) San alt seo agus in ailt 34 agus 35—

tá le “gnáth-scairchaipiteal” an bhrí a shanntar dó le halt 155 (5) den Acht Cánach Corparáide, 1976;

tá le “rialú” an bhrí a shanntar dó le halt 157 den Acht Cánach Corparáide, 1976;

ciallaíonn “leas ábhartha”, i ndáil le cuideachta úinéireacht thairbhiúil nó cumas rialaithe, go díreach nó trí mheán cuideachta bhainteach nó cuideachtaí bainteacha, nó trí aon mheán indíreach eile, ar bhreis agus 5 faoin gcéad de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta.

(b) Chun críocha an ailt seo agus ailt 34 agus 35, measfar baint a bheith ag cuideachta le cuideachta eile dá measfaí baint a bheith aici léi chun críocha alt 157 den Acht Cánach Corparáide, 1976, agus más cuideachta í den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (a).

44. Beidh éifeacht leis an tagairt in alt 38 (2) den Acht Airgeadais, 1974, d'alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968, maidir le cáin chorparáide ionann is dá mba thagairt í d'alt 157.

45. (1) Beidh éifeacht le halt 41 den Acht Airgeadais 1974, maidir le cáin chorparáide mar atá éifeacht leis maidir le cáin ioncaim agus beidh leis na tagairtí i bhfo-alt (2) den alt sin do na hAchtanna Cánach Ioncaim agus i bhfo-alt (7) den alt sin d'alt 16 (3) den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968, éifeacht dá réir sin ionann is dá mba thagairtí iad do na hAchtanna Cánach Corparáide agus d'alt 157.

46. (1) Leasófar alt 54 (1) den Acht Airgeadais, 1974, trí “, nó faoi Chuid IV nó V den Acht Cánach Corparáide, 1976” a chur isteach i ndiaidh “faoi Chuid XXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967”, agus tá an t-alt sin 54 (1), arna leasú agus amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfomhír seo.

AN TABLA

(1) San alt seo—

tá le “stiúrthóir” an bhrí chéanna atá leis in alt 119 den Acht Cánach Ioncaim, 1967;

tá le “díolaíochtaí” an bhrí chéanna atá leis in alt 111 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967;

ciallaíonn “fostaí” duine atá fostaithe ag aon chomhlacht daoine;

ciallaíonn “cuideachta cháinfhaoisimh” comhlacht corpraithe a d'éiligh agus atá i dteideal faoiseamh a fháil ó cháin faoi Chuid XXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó faoi Chuid IV nó V den Acht Cánach Corparáide, 1976.

(2) In ionad alt 54 (3) den Acht Airgeadais, 1974, cuirfear an méid seo a leanas—

“(3) I gcás, maidir le haon bhliain mheasúnachta, nach bhfaighidh duine—

(a) is stiúrthóir nó fostaí de chuid cuideachta cáinfhaoisimh nó de chuid comhlachta chorpraithe a bhfuil baint aige leis an gcuideachta sin, nó

(b) atá fostaithe ag duine a bhfuil baint aige leis an gcuideachta sin,

aon díolaíochtaí i leith seirbhísí a rinne sé don chuideachta sin nó ar mhaithe léi nó a rinne sé d'aon duine a bhfuil baint aige leis an gcuideachta sin nó ar mhaithe leis, nó go bhfaighidh sé díolaíochtaí i leith na seirbhísí sin nach leor, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, mar chomaoin i leith na seirbhísí a rinneadh amhlaidh, agus go bhfaighidh sé dáileadh i leith scaireanna atá aige sa chuideachta sin, measfar nach dáileadh chun críocha Sceideal F agus gur díolaíochtaí de chuid an duine sin an méid sin den dáileadh sin (dá ngairtear an chuid iomchuí den dáileadh san alt seo) ar chomaoin é, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, i leith na seirbhísí a rinneadh amhlaidh agus beidh cáin inmhuirearaithe ar an méid sin faoi Sceideal E mar dhíolaíochtaí a íocadh leis ar an dáta a rinneadh an dáileadh sin, agus is é an méid de na díolaíochtaí a mhuirearófar amhlaidh méid is comhionann le méid comhiomlán na coda iomchuí den dáileadh agus méid an chreidmheasa cánach is cuí di, agus chun na críche sin is é a bheidh i méid an chreidmheasa cánach is cuí don chuid iomchuí den dáileadh méid an chreidmheasa cánach a mbeadh teideal ag an duine chuige i leith an dáilte iomchuí dá mba dháileadh ar leithligh a rinne an chuideachta cháinfhaoisimh an dáileadh iomchuí.”.

(3) Leasófar alt 54 (5) den Acht Airgeadais, 1974, trí “a ndéantar an dáileadh” a chur in ionad “a n-íoctar an díbhinn” i mír (b), agus tá an t-alt sin 54 (5), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfomhír seo.

AN TABLA

(5) Nuair a bheidh breithniú á dhéanamh chun críche an ailt seo an leor na díolaíochtaí a d'íoc cuideachta le duine mar chomaoin i leith seirbhísí a rinneadh, cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim san áireamh—

(a) an sórt seirbhísí a rinne an duine sin,

(b) na díolaíochtaí a fuair an duine sin ón gcuideachta i leith seirbhísí a rinneadh amhlaidh nuair nach raibh scaireanna aige sa chuideachta nó nuair nach raibh na scaireanna aige a ndéantar an dáileadh ina leith agus arb iad is ábhar dá mbreithniú de bhua an ailt seo,

(c) méid na ndíolaíochtaí a bheifí ag súil le réasún a íocfaí i leith na seirbhísí sin, agus

(d) aon fhianaise a thabharfaidh an duine sin nó a thabharfar thar a cheann i dtaobh leordhóthanacht na ndíolaíochtaí áirithe sin.

(4) In alt 54 (6) den Acht Airgeadais, 1974, cuirfear “a ndéantar dáileadh” in ionad “a n-íoctar díbhinn”, “a fuair an dáileadh” in ionad “a fuair an díbhinn”, “go bhfuair sé an dáileadh” in ionad “go bhfuair sé an díbhinn” agus “a rinneadh an dáileadh” in ionad “ab iníoctha an díbhinn”, agus tá an t-alt sin 54 (6), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfomhír seo.

AN TABLA

(6) I gcás scaireanna a ndéantar dáileadh ina leith a bheith ag duine i gcuideachta cháinfhaoisimh is duine a bhfuil baint aige le duine eile (ar duine é an duine eile sin ba dhuine a mbainfeadh fo-alt (3) leis dá mba aige a bhí na scaireanna agus dá mba é a fuair an dáileadh), ansin, chun críocha an fho-alt sin (3), measfar gur ag an dara duine a luaitear atá na scaireanna agus measfar go bhfuair sé an dáileadh i leith na scaireanna ar an dáta a rinneadh an dáileadh.

(5) In alt 54 (7) den Acht Airgeadais, 1974, cuirfear “dáileadh nó cuid de dháileadh” in ionad “a tugadh díbhinn nó cuid de dhíbhinn”, agus tá an t-alt sin 54 (7), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfomhír seo;

AN TABLA

(7) Nuair a bheidh breithniú á dhéanamh chun críche an ailt seo an i gcomaoin seirbhísí a rinneadh dáileadh nó cuid de dháileadh, cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim san áireamh—

(a) na haicmí scaireanna go léir a d'eisigh an chuideachta áirithe,

(b) an aicme nó na haicmí scaireanna sa chuideachta sin atá ag an duine réamhráite, an líon scaireanna den sórt sin atá aige, luach ainmniúil na scaireanna sin agus an méid a shuibscríobh sé ina leith,

(c) an ráta díbhinne a íocadh ar scaireanna gach aicme,

(d) cé acu atá scaireanna den aicme atá ar teachtadh ag an duine réamhráite ar teachtadh ag aon duine eile agus, má tá, líon na scaireanna atá ar teachtadh amhlaidh, agus

(e) aon ábhar eile i dóigh leo is iomchuí chun tuairim a bhunú faoin bhfo-alt seo.

47. (1) Beidh éifeacht le halt 55 (3) den Acht Airgeadais, 1974, chun críocha cánach corparáide, agus beidh éifeacht dá réir sin leis an tagairt d'alt 310 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ionann is dá mba thagairt í, nó gur fholaigh sí tagairt, d'alt 19.

(2) In alt 55 (4) den Acht Airgeadais, 1974, cuirfear “le halt 15 nó 33 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976” in ionad “le halt 214 den Acht Cánach Ioncaim, 1967”, agus tá an t-alt sin 55 (4), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfomhír seo.

AN TABLA

(4) Chun críocha an ailt seo, ní mheasfar go mbeidh brabúis nó gnóchain le cur i gcuntas mar fháltas trádála as siocair amháin go bhfuil siad ar áireamh sa ríomh a cheanglaítear le halt 15 nó 33 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976.

48. Beidh éifeacht le halt 74 den Acht Airgeadais, 1974, maidir le cáin chorparáide mar atá éifeacht leis maidir le cáin ioncaim, agus beidh le tagairtí do na hAchtanna Cánach Ioncaim, do bhlianta measúnachta agus d'asbhaint le linn brabúis trádála a bheith á muirearú éifeacht dá réir sin ionann is dá mba thagairtí iad, nó gur fholaigh siad tagairtí, do na hAchtanna Cánach Corparáide, do thréimhsí cuntasaíochta agus d'asbhaint arna dhéanamh le linn an t-ioncam trádála a bheith á ríomh le haghaidh cánach corparáide.

49. Beidh éifeacht le Cuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1975, maidir le cáin chorparáide mar atá éifeacht léi maidir le cáin ioncaim agus beidh éifeacht léi dá réir sin ionann is dá mba rud é—

(1) gur thagairtí, nó gur thagairtí a fholaíonn tagairtí, do thréimhsí cuntasaíochta agus do cháin chorparáide tagairtí do bhlianta measúnachta agus do cháin, agus

(2) gur cuireadh an mhír seo a leanas in ionad mhír 2—

“2. A mhéid a bhaineann le faoiseamh faoi fho-alt (5) nó (6) d'alt 81 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó alt 16 nó 19 den Acht Cánach Corparáide, 1976, nó le ríomh brabúis nó gnóchain nó caillteanais trádála nó gairme do thréimhse chuntasaíochta cuideachta dar críoch aon lá tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1975, measfar éifeacht a bheith le h-alt 19, le míreanna (b) agus (c) d'alt 20 agus le hailt 21 agus 22 amhail ó dháta an Achta Airgeadais, 1963, a rith agus maidir le léasanna a deonaíodh tráth ar bith.”.

50. Ní dhéanfaidh na leasuithe sa Chuid seo den Sceideal seo difear don dliteanas cánach ioncaim in aghaidh blianta measúnachta a chríochnaigh an 5ú lá d'Aibreán, 1976, nó roimhe, ná don dliteanas cánach brabús corparáide in aghaidh tréimhsí cuntasaíochta a chríochnaigh ar an dáta sin nó roimhe, ná do mheasúnú, bailiú nó gnóthú ceachtar de na cánacha sin nó úis orthu ná d'aon imeachtaí eile a bhaineann leis na cánacha sin nó leis an ús sin.

CUID II

Feidhmiú agus Oiriúnú an Achta um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975

1. In alt 2 (1), in ionad na mínithe ar “cuideachta rialaithe” agus ar “rialú” cuirfear—

“tá le ‘dlúthchuideachta’ an bhrí a shanntar dó le halt 94 den Acht Cánach Corparáide, 1976, agus tá le ‘rialú’ an bhrí a shanntar dó le halt 102 den Acht sin”.

2. In alt 33 (7) (b), cuirfear “más dlúthchuideachta é (nó nach dlúthchuideachta é” in ionad “más cuideachta rialaithe í (nó nach cuideachta rialaithe” agus tá an t-alt sin 33 (7) (b), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(b) tá baint ag duine, ina cháil mar iontaobhaí socraíochta, le haon phearsa aonair ar socraitheoir é i ndáil leis an tsocraíocht, le haon duine a bhfuil baint aige le pearsa aonair den sórt sin agus le comhlacht corpraithe a meastar baint a bheith aige leis an tsocraíocht sin, agus measfar baint a bheith ag comhlacht corpraithe le socraíocht aon bhliain áirithe más dlúthchuideachta é (nó nach dlúthchuideachta é ar an aon-chúis nach bhfuil cónaí air sa Stát) aon tráth i rith na bliana agus go n-áirítear an tráth sin ar na scairshealbhóirí iontaobhaithe na socraíochta nó tairbhí fúithi;

3. In alt 35—

(1) i bhfo-ailt (1), (3) agus (5) in ionad “cuideachta rialaithe” gach áit a bhfuil na focail sin cuirfear “dlúthchuideachta” agus i bhfo-alt (3) in ionad “cuideachtaí rialaithe” cuirfear “dlúthchuideachtaí” agus tá na fo-ailt sin (1), (3) agus (5), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo, agus

(2) scriosfar fo-alt (4),

AN TABLA

(1) Má aistríonn cuideachta is dlúthchuideachta, an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, sócmhainn chuig aon duine ar shlí seachas ar mhodh margán ar neamhthuilleamaí agus ar chomaoin ar lú a méid nó a luach ná margadhluach na sócmhainne, cionroinnfear cóimhéid na difríochta idir scaireanna eisithe na cuideachta, agus déileálfar de réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo le sealbhóirí na scaireanna sin.

(3) Más dlúthchuideachta an duine ar leis aon cheann de na scaireanna sin ar dháta an aistrithe, déanfar cóimhéid na méide a cionroinneadh ar na scaireanna a bhí ar úinéireacht amhlaidh faoi fho-alt (1) chun na dlúthchuideachta sin a chionroinnt idir scaireanna eisithe na dlúthchuideachta sin, agus déileálfar de réir fho-alt (2) le sealbhóirí na scaireanna sin, agus mar sin de trí aon líon dlúthchuideachtaí.

(5) Bainfidh an t-alt seo le cuideachta atá faoi réim alt 36 mar a bhaineann sé le dlúthchuideachta.

4. In alt 36 (1) (8), in ionad “ar chuideachta rialaithe í” gach áit a bhfuil na focail sin cuirfear “ar dhlúthchuideachta í” agus tá an t-alt sin 36 (1) (8), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhríonn chuig cuideachta—

(a) nach gcónaíonn sa Stát, agus

(b) ar dhlúthchuideachta í dá gcónódh sí sa Stát.

(8) Más cuideachta nach bhfuil cónaí uirthi sa Stát an duine is úinéir ar aon scaireanna sa chuideachta an tráth a d'fhaibhrigh an gnóchan inmhuirearaithe chuig an gcuideachta ach ar dhlúthchuideachta í dá mbeadh cónaí uirthi sa Stát, déanfar cóimhéid na méide a cionroinneadh faoi fho-alt (3) as an ngnóchan inmhuirearaithe ar na scaireanna a bheidh ar úinéireacht amhlaidh a chionroinnt idir scaireanna eisithe na cuideachta chéadluaite, agus déileálfar le sealbhóiri na scaireanna sin de réir fho-alt (2), agus mar sin de trí aon líon cuideachtaí.

5. In ionad alt 36 (4) (d) cuirfear—

“(d) maidir le gnóchan inmhuirearaithe a bhfuil cáin inmhuirearaithe ar an gcuideachta ina leith de bhua fo-alt (2) nó (7) d'alt 4 (cáin a mhuirearú ar neamhchónaitheoirí) nó a bhfuil cáin chorparáide inmhuirearaithe ar an gcuideachta ina leith de bhua alt 8 (2) (b) den Acht Cánach Corparáide, 1976 (cuideachtaí nach gcónaíonn sa Stát).”.

6. Beidh éifeacht le halt 44 chun críocha cánach corparáide mar atá éifeacht leis chun críocha cánach gnóchan caipitiúil.

7. Beidh éifeacht le halt 49 (6) chun críocha cánach corparáide mar atá éifeacht leis chun críocha cánach gnóchan caipitiúil.

8. I mír 2 (1) de Sceideal 1, in ionad “alt 214 den Acht Cánach Ioncaim, 1967” cuirfear “alt 33 den Acht Cánach Corparáide, 1976” agus tá an mhír sin 2 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(1) Eisiafar ón gcomaoin i leith sócmhainní a dhiúscairt a cuireadh i gcuntas le linn an gnóchan a d'fhaibhrigh as an diúscairt sin a bheith á ríomh faoin Sceideal seo aon airgead nó luach airgid ar ar muirearaíodh cáin ioncaim mar ioncam de chuid an duine a rinne an diúscairt nó a cuireadh i gcuntas mar fháltas le linn ioncam, brabúis, gnóchain nó caillteanais an duine sin a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim:

Ar choinníoll nach measfar go mbaineann an t-eisiamh ó chomaoin faoin bhfomhír seo le ríomh de réir forálacha Chás I de Sceideal D chun srian a chur le faoiseamh i leith costas bainistí faoi alt 33 den Acht Cánach Corparáide, 1976.

9. In ionad mhír 3 (3) (a) (ii) (iii) de Sceideal 1 cuirfear—

“(ii) inar as airgead a fuarthas ar iasacht a íocadh an caiteachas sin,

(iii) inar mhuirearaigh an chuideachta ar chaipiteal an t-ús go léir nó aon chuid den ús ar an airgead iasachta sin is inchurtha i leith tréimhse dar chríoch dáta na diúscartha nó dáta roimhe sin, agus

(iv) ina mbeidh an chuideachta inchurtha faoi cháin ghnóchan caipitiúil i leith an ghnóchain,”.

10. I mír 22 (1) (a) de Sceideal 1 in ionad “cuideachta rialaithe”, gach áit a bhfuil na focail sin, cuirfear “dlúthchuideachta” agus tá an mhír sin 22 (1) (a), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an mír seo.

AN TABLA

(a) i gcás ina mbeidh aon duine de na daoine a rialaíonn dlúthchuideachta, nó aon duine a bhfuil (i dtéarmaí alt 33) baint aige le duine a rialaíonn dlúthchuideachta, tar éis sócmhainní a aistriú chuig an gcuideachta tráth ar bith, lena n-áirítear tráth ar bith roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, agus

11. Beidh éifeacht le mír 3 (4) de Sceideal 3 chun críocha cánach corparáide mar atá éifeacht léi chun críocha cánach gnóchan caipitiúil.

12. Beidh éifeacht le mír 11 (6) de Sceideal 4 maidir le cáin chorparáide mar atá éifeacht léi maidir le cáin ghnóchan caipitiúil agus beidh éifeacht dá réir sin le tagairtí do cháin ghnóchan caipitiúil ionann is dá mba thagairtí iad, nó gur fholaigh siad tagairtí, do cháin chorparáide.

13. Ní dhéanfaidh na leasuithe sa Chuid seo den Sceideal seo difear don dliteanas cánach ghnóchan caipitiúil in aghaidh blianta measúnachta a chríochnaigh an 5ú lá d'Aibreán, 1976, nó roimhe, ná do mheasúnú, bailiú nó gnóthú na cánach sin nó úis uirthi ná d'imeachtaí eile a bhaineann leis an gcáin sin nó leis an ús sin.

AN TRÍÚ SCEIDEAL

Achtacháin a Aisghairter

Alt 164.

CUID I

Cáin Ioncaim

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 6 de 1967

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967.

In alt 1 (1), na mínithe ar “ciste blianachta”, “ciste árachais saoil coigríche” agus “gnó árachais saoil”.

Alt 64.

In alt 75 (2), na focail “(i) ioncam nó brabúis is inmhuirir faoi alt 215,”.

In alt 76 (2), an focal “nó” i ndeireadh mhír (a); mír (b).

Alt 76 (7) agus (8).

Alt 108.

Cuid X.

Alt 219 (2).

Alt 220 (6).

Alt 221.

Alt 237.

In alt 316 (2), na focail “221 (2) (b),” agus “363, nó 435”.

Caibidil III de Chuid XIX.

Alt 347.

In alt 371 (7) (c), na focail “nó nach n-athraíonn ach de réir an ráta cánach ioncaim”.

Cuid XXV.

In alt 432 (3) (a), na focail “nó mír 2 de Sceideal 16”.

Alt 435.

Caibidil I de Chuid XXX.

Caibidil II de Chuid XXXVI.

In alt 543, na focail “(a) le cáin a mheasúnú, a mhuirearú, a bhailiú agus a ghnóthú faoi alt 530 nó (b)”.

Sceideal 16.

Uimh. 21 de 1969

An tAcht Airgeadais, 1969.

Alt 20.

Uimh. 19 de 1972

An tAcht Airgeadais, 1972.

In alt 16 (4), na focail “agus forálacha alt 214 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a bhaineann le costais bainistí” agus “nó mar chostas bainistí”.

Uimh. 19 de 1973

An tAcht Airgeadais, 1973.

Alt 11.

Alt 24 (2).

In alt 24 (8), na focail “agus (2)”.

In alt 26, na focail “nó (c) a chur i gcuntas chun críocha éileamh ar chaiteachais bhainistí faoi alt 214 den Acht Cánach Ioncaim, 1967,”.

Uimh. 17 de 1974

An tAcht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Airithe), 1974.

Ailt 13, 14, 15 agus 16.

Uimh. 27 de 1974

An tAcht Airgeadais, 1974.

An coinníoll a ghabhann le halt 4.

In alt 5 (1), na focail “nó go bhféadfar an cháin is iomchuí do dhíbhinn a bhaint as an díbhinn sin”. An coinníoll a ghabhann le halt 5 (1).

Alt 23.

Alt 54 (4).

Uimh. 6 de 1975

An tAcht Airgeadais, 1975.

Ailt 5, 18 agus 30.

Ní dhéanfaidh an aisghairm sa Chuid seo den Sceideal seo difear don dliteanas cánach ioncaim in aghaidh blianta measúnachta a chríochnaigh an 5ú lá d'Aibreán, 1976, nó roimhe, ná do mheasúnú, bailiú nó gnóthú na cánach sin nó úis uirthi ná d'imeachtaí eile a bhaineann leis an gcáin sin nó leis an ús sin.

CUID II

Cáin Bhrabús Corparáide

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

10 agus 11 Geo. V, c. 18

Finance Act, 1920.

Cuid V.

11 agus 12 Geo. V, c. 32

Finance Act, 1921.

Ailt 55 agus 57.

12 agus 13 Geo. V, c. 17

Finance Act, 1922.

Alt 43.

Uimh. 20 de 1932

An tAcht Airgid, 1932.

Alt 47.

Uimh. 14 de 1941

An tAcht Airgeadais, 1941.

Ailt 34, 36 (4) agus 45 (2).

Uimh. 18 de 1944

An tAcht Airgeadais, 1944.

Ailt 11, 12 agus 15.

Uimh. 15 de 1946

An tAcht Airgeadais, 1946.

Alt 24.

Uimh. 13 de 1949

An tAcht Airgeadais, 1949.

Mír 3 de Chuid II den Chúigiú Sceideal.

Uimh. 21 de 1953

An tAcht Airgeadais, 1953.

Cuid IV a méid nár aisghaireadh í.

Uimh. 8 de 1956

An tAcht Airgeadais (Brabúis Mhianach Airithe) (Faoiseamh Sealadach ó Chánachas), 1956.

Ailt 11 agus 12 a mhéid nár aisghaireadh iad.

Uimh. 47 de 1956

An tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956.

Alt 2.

Codanna II agus III a mhéid nár aisghaireadh iad.

Alt 20.

Uimh. 20 de 1957

An tAcht Airgeadais, 1957.

Alt 22.

Uimh. 25 de 1958

An tAcht Airgeadais, 1958.

Alt 45.

Codanna VIII agus IX agus an Tríú Sceideal a mhéid nár aisghaireadh iad.

Uimh. 28 de 1958

An tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1958.

Cuid II a mhéid nár aisghaireadh í.

Uimh. 18 de 1959

An tAcht Airgeadais, 1959.

Codanna V agus VI a mhéid nár aisghaireadh iad.

Uimh. 19 de 1960

An tAcht Airgeadais, 1960.

Cuid IV a mhéid nar aisghaireadh í.

Uimh. 15 de 1962

An tAcht Airgeadais, 1962.

Ailt 12, 13 agus 14 a mhéid nár aisghaireadh iad.

Uimh. 23 de 1963

An tAcht Airgeadais, 1963.

Alt 38.

Codanna VII agus VIII agus alt 98 a mhéid nár aisghaireadh iad.

An Ceathrú Sceideal.

Uimh. 15 de 1964

An tAcht Airgeadais, 1964.

Cuid V.

Ailt 30 agus 31 a mhéid nár aisghaireadh iad.

Uimh. 22 de 1965

An tAcht Airgeadais, 1965.

Ailt 33 agus 35.

Ailt 64 agus 65 a mhéid nár aisghaireadh iad.

Uimh. 6 de 1967

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967.

Alt 1 (5).

In alt 555 (1) (e), na focail “nó, maidir le cáin bhrabús corparáide, do thréimhsí cuntasaíochta dar críoch dáta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1967,” agus na focail “nó tréimhse chuntasaíochta amháin”.

In alt 556, na focail “nó cáin bhrabús corparáide”.

In alt 559(1), na focail “agus cáin bhrabús corparáide”.

Uimh. 17 de 1967

An tAcht Airgeadais, 1967.

Alt 21.

Uimh. 7 de 1968

An tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968.

Ailt 13 agus 15.

Uimh. 33 de 1968

An tAcht Airgeadais, 1968.

Cuid IV.

Alt 48 (4).

Uimh. 21 de 1969

An tAcht Airgeadais, 1969.

Cuid VI.

In alt 63, na focail “agus ó cháin bhrabús corparáide”.

Uimh. 14 de 1970

An tAcht Airgeadais, 1970.

In alt 21 (5), na focail “nó de Chuid V den Finance Act, 1920, arna leasú nó arna leathnú le hachtacháin ina dhiaidh sin”.

In alt 21 (6), na focail “nó tréimhse cuntasaíochta” gach áit a bhfuil na focail sin, na focail “ina dhiaidh sin” sa dara háit a bhfuil siad agus “nó na tréimhse cuntasaíochta”,

Alt 24 (2) (b).

Uimh. 23 de 1971

An tAcht Airgeadais, 1971.

Ailt 46, 49 agus 50.

Uimh. 19 de 1972

An tAcht Airgeadais, 1972.

Alt 43 a mhéid a bhaineann sé le cáin bhrabús corparáide.

Uimh. 19 de 1973

An tAcht Airgeadais, 1973.

In alt 30 (4) (a), na focail “(lena n-áirítear measúnachtaí agus coigeartuithe ar mheasúnachtaí i leith cánach brabús corparáide)”.

In alt 33 (1) (d), na focail “nó cáin bhrabús corparáide, de réir mar is iomchuí, agus ciallaíonn ‘chun críocha cánach’ chun críocha aon cheann de na cánacha sin”.

In alt 33 (6), na focail “agus chun críocha cánach brabús corparáide i leith aon bhrabúis a tháinig nó a thiocfaidh an 1ú lá d'Aibreán, 1973, dó dá éis”.

In alt 34 (2), na focail “,agus na n-achtachán a bhaineann le cáin bhrabús corparáide,”.

In alt 35, na focail “nó na n-achtachán a bhaineann le cáin bhrabús corparáide”.

Alt 37.

In alt 98 (2), na focail “agus (a mhéid a bhaineann le cáin bhrabús corparáide) a fhorléiriú i dteannta Chuid V den Finance Act, 1920, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú na Coda sin”.

I mír 7 den Tríú Sceideal, na focail “nó leis na hachtacháin a bhaineann le cáin bhrabús corparáide”.

Uimh. 17 de 1974

An tAcht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Áirithe), 1974.

In alt 10 (1), na focail “agus na nAchtanna a bhaineann le cáin bhrabús corparáide”.

In alt 10 (2), na focail “nó d'aon tréimhse chuntasaíochta áirithe”.

In alt 10 (3), na focail “nó tréimhse chuntasaíochta” agus na focail “agus mar asbhaint le linn brabúis na trádála sin a bheith á ríomh chun críocha cánach brabús corparáide don tréimhse chuntasaíochta sin”.

Ailt 12 agus 17.

Uimh. 27 de 1974

An tAcht Airgeadais, 1974.

Alt 27 (7).

In alt 41 (2), na focail “agus na n-achtachán a bhaineann le cáin bhrabús corparáide”.

Alt 53.

Alt 56 (3) (a).

In alt 74 (1) , na focail “‘na hAchtanna a bhaineann le cáin bhrabús corparáide’ Cuid V den Finance Act, 1920, agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú na Coda sin;” agus na focail “agus na nAchtanna a bhaineann le cáin bhrabús corparáide”.

In alt 74 (2), na focail “nó d'aon tréimhse chuntasaíochta áirithe”.

In alt 74 (3), na focail “nó tréimhse chuntasaíochta”, na focail “agus mar asbhaint le linn brabúis na trádála sin a bheith á ríomh chun críocha cánach brabús corparáide don tréimhse chuntasaíochta sin” agus na focail “nó méideanna”.

Uimh. 6 de 1975

An tAcht Airgeadais, 1975.

Alt 21 (8).

In alt 28 (1), na focail “(a) faoi alt 14 den Acht Airgeadais, 1962,”, agus na focail “agus 50 (2)”.

In alt 28 (3), na focail “,cáin bhrabús corparáide”.

I mír 2 den Dara Sceideal, na focail “nó alt 25 den Acht Airgeadais, 1964,” agus na focail “nó (b) do thréimhse chuntasaíochta cuideachta dar críoch dáta tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1975, chun críocha cánach brabús corparáide,”.

I mír 3 den Dara Sceideal, na focail “agus gach tréimhse chuntasaíochta” agus na focail “nó ioncam tréimhse chuntasaíochta cuideachta dar chríoch an 5ú lá d'Aibreán, 1975, nó dáta roimhe sin”.

Ní dhéanfaidh an aisghairm sa Chuid seo den Sceideal seo difear don dliteanas cánach brabús corparáide in aghaidh tréimhsí cuntasaíochta a chríochnaigh an 5ú lá d'Aibreán, 1976, nó roimhe, ná do mheasúnú, bailú nó gnóthú na cánach sin nó úis uirthi ná d'imeachtaí eile a bhaineann leis an gcáin sin nó leis an ús sin.

CUID III

Cáin Ioncaim agus Cáin Bhrabús Corparáide

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 33 de 1968

An tAcht Airgeadais, 1968.

Ailt 34 agus 36.

Uimh. 19 de 1973

An tAcht Airgeadais, 1973.

Alt 39.

Uimh. 27 de 1974

An tAcht Airgeadais, 1974.

Alt 68.

Ní dhéanfaidh an aighairm sa Chuid seo den Sceideal seo difear don dliteanas cánach ioncaim in aghaidh blianta measúnachta a chríochnaigh an 5ú lá d'Aibreán, 1976, nó roimhe, ná don dliteanas cánach brabús corparáide in aghaidh tréimhsí cuntasaíochta a chríochnaigh an dáta sin nó roimhe, ná do mheasúnú, bailiú nó gnóthú ceachtar de na cánacha sin nó úis orthu ná d'imeachtaí eile a bhaineann leis na cánacha sin nó leis an ús sin.

AN CEATHRÚ SCEIDEAL

Alt 166

CUID I

Achtacháin a bhaineann le Faoiseamh ó Chánachas Dúbailte a Leasú

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Leasú

(1)

(2)

(3)

Uimh. 6 de 1967

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967.

Cuirfear an fo-alt seo a leanas le halt 355—

“(5) Níl feidhm ag aon ní san alt seo nó i Sceideal 6, Cuid II, chun críocha cánach corparáide.”.

In alt 361 (1), in ionad “cánach brabús corparáide” cuirfear “cánach corparáide”, agus tá an t-alt sin 361 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla seo a leanas.

AN TABLA

(1) Má dhearbhaíonn an Rialtas le hordú go bhfuil comhshocraíochtaí a shonrófar san ordú déanta le rialtas aon chríche lasmuigh den Stát maidir le faoiseamh a thabhairt ó chánachas dúbailte i leith cánach ioncaim nó cánach corparáide agus aon chánacha den ghné chéanna, a bheidh forchurtha le dlíthe an Stáit nó dlíthe na críche sin, agus gur fóirsteanach go mbeadh feidhm dlí ag na comhshocraíochtaí sin, ansin, faoi réir forálacha na Coda seo, beidh feidhm dlí ag na comhshocraíochtaí d'ainneoin aon ní in aon achtachán.

I mír 1 (1) de Sceideal 10, scriosfar an míniú ar “ioncam” agus sa mhíniú ar “na cánacha Éireannacha” in ionad “cáin bhrabús chorparáide” cuirfear “cáin chorparáide”, agus tá an mhír sin 1 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla seo a leanas.

AN TABLA

(1) Sa Sceideal seo, ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—

ciallaíonn “comhshocraíochtaí” comhshocraíochtaí atá i bhfeidhm de thuras na huaire de bhua alt 361, nó alt 12 den Acht Airgeadais, 1950, nó alt 14 den Acht Airgeadais, 1955;

ciallaíonn “na cánacha Éireannacha” cáin ioncaim agus cáin chorparáide;

ciallaíonn “cáin choigríche”, maidir le haon chríoch ina bhfuil feidhm dlí ag comhshocraíochtaí, aon cháin is inmhuirearaithe faoi dhlíthe na críche sin agus ar féidir creidmheas a lamháil ina leith faoi na comhshocraíochtaí.

I mír 2 de Sceideal 10, cuirfear an fhomhír seo a leanas in ionad fhomhír (2)—

“(2) I gcás aon ioncaim laistigh de réim cánach corparáide, úsáidfear an creidmheas do laghdú na cánach corparáide is inmhuirearaithe i leith an chéanna.”.

I mír 3 (2) de Sceideal 10, i ndiaidh “cánach ioncaim in aghaidh aon bhliana measúnachta” cuirfear isteach “ná i gcoinne cánach corparáide in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta”; agus i ndiaidh “an bhliain sin” cuirfear isteach “nó an tréimhse chuntasaíochta sin”, agus tá an mhír sin 3 (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla seo a leanas.

AN TABLA

(2) Ní lamhálfar creidmheas i gcoinne cánach ioncaim in aghaidh aon bhliana measúnachta ná i gcoinne cánach corparáide in aghaidh aon tréimshe cuntasaíochta mura mbeidh an duine ar i leith a ioncaim is inmhuirearaithe an cháin ina chónaí sa Stát an bhliain sin nó an tréimhse chuntasaíochta sin.

I mír 4 de Sceideal 10, in ionad “cánach brabús corparáide” cuirfear “cánach corparáide”, agus tá an mhír sin 4, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla seo a leanas.

AN TABLA

4. Ní bheidh méid an chreidmheasa a bheidh le lamháil i gcoinne cánach corparáide do cháin choigríche i leith aon ioncaim níos mó ná méid na cánach corparáide is inchurtha i leith an ioncaim sin.

I mír 5 (3) de Sceideal 10, in ionad “nó alt 35 den Acht Airgeadais, 1968” cuirfear “nó faoi alt 163 den Acht Cánach Corparáide, 1976, agus tá an mhír sin 5 (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla seo a leanas.

AN TABLA

(3) Má bhíonn creidmheas i leith cánach coigríche le lamháil i leith aon ioncaim agus go mbeadh, mura mbeadh forálacha na fomhíre seo, aon fhaoiseamh le lamháil i leith an ioncaim sin faoi alt 365 nó faoi alt 163 den Acht Cánach Corparáide, 1976, ní lamhálfar an faoiseamh sin.

I mír 8 (1) de Sceideal 10, i ndiaidh “chun críocha cánach ioncaim” cuirfear isteach “nó cánach corparáide”, agus tá an mhír sin 8 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla seo a leanas.

AN TABLA

(1) Nuair a bheidh creidmheas i leith cánach coigríche le lamháil i gcoinne aon cheann de na cánacha Éireannacha i leith aon ioncaim, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas den mhír seo maidir le méid an ioncaim sin a ríomh chun críocha cánach ioncaim nó cánach corparáide.

I mír 8 (2) de Sceideal 10, i ndiaidh “an cháin ioncaim” cuirfear isteach “nó an cháin chorparáide”; agus i ndiaidh “i gcoinne cánach ioncaim” cuirfear isteach “nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh”, agus tá an mhír sin 8 (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla seo a leanas.

AN TABLA

(2) I gcás ina mbraithfidh an cháin ioncaim nó an cháin chorparáide is iníoctha ar an méid a fuarthas sa Stát, measfar an méid sin a bheith arna mhéadú de mhéid an chreidmheasa is inlamháilte i gcoinne cánach ioncaim nó cánach corparáide, de réir mar a bheidh.

I mír 12 de Sceideal 10, in ionad “cánach brabús corparáide” cuirfear “cánach corparáide”, agus tá an mhír sin 12, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla seo a leanas.

AN TABLA

12. I gcás ina bhféadfar, faoi na comhshocraíochtaí, faoiseamh a thabhairt sa Stát nó sa chríoch ar maidir léí a bheidh na comhshocraíochtaí déanta i leith aon ioncaim agus go ndealraíonn sé nach bhfuil an mheasúnacht i leith cánach ioncaim nó cánach corparáide a bheidh déanta maidir leis an ioncam déanta maidir le méid iomlán an ioncaim nó gur measúnacht neamhchruinn í ag féachaint don chreidmheas a bheidh le tabhairt, má bhíonn, faoi na comhshocraíochtaí, féadfar cibé measúnachtaí breise a dhéanamh is gá chun a áirithiú go measúnófar méid iomlán an ioncaim agus go dtabharfar an creidmheas iomchuí, más aon chreidmheas é, ina leith, agus má bhíonn íoc an ioncaim ar iontaoibh aon duine sa Stát, féadfar aon mheasúnacht bhreise den sórt sin i leith ioncaim a dhéanamh ar fháltaí an ioncaim faoi Chás IV de Sceideal D.

I mír 13 (1) de Sceideal 10, i ndiaidh “na bliana measúnachta iomchuí”, cuirfear isteach “nó na tréimhse cuntasaíochta iomchuí”, agus tá an mhír sin 13 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla seo a leanas.

AN TABLA

(1) Faoi réir mhír 14, aon éileamh ar liúntas ar mhodh creidmheasa do cháin choigríche i leith aon ioncaim déanfar é i scríbhinn chun an chigire tráth nach déanaí ná sé bliana ó dheireadh na bliana measúnachta iomchuí nó na tréimhse cuntasaíochta iomchuí, agus, má dhéanann an cigire agóid i gcoinne aon éilimh den tsórt sin, éistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Achomhairc í ionann is dá mba achomharc chucu i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim í agus, faoi réir na modhnuithe is gá, beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha den Acht seo a bhaineann le hachomharc a athéisteacht nó cás a shonrú ag lorg tuairime na hArd-Chúirte ar phointe dlí.

I mír 13 (2) de Sceideal 10, scriosfar “ciallaíonn ‘an bhliain mheasúnachta iomchuí’”; i ndiaidh “do cháin choigríche i leith aon ioncaim” cuirfear isteach “ciallaíonn ‘an bhliain mheasúnachta ionchuí’”; agus i ndiaidh “i leith an chéanna” cuirfear isteach “agus ciallaíonn ‘an tréimhse chuntasaíochta iomchuí’ an tréimhse chuntasaíochta a bhfuil cáin chorparáide le muirearú ar an ioncam sin ina haghaidh nó a mbeadh cáin chorparáide le muirearú amhlaidh ina haghaidh dá mbeadh aon cháin chorparáide inmhuirearaithe i leith an chéanna”, agus tá an mhír sin 13 (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla seo a leanas.

AN TABLA

(2) Sa mhír seo, maidir le creidmheas do cháin choigríche i leith aon ioncaim, ciallaíonn “an bhliain mheasúnachta iomchuí” an bhliain mheasúnachta a bhfuil cáin ioncaim le muirearú ar an ioncam sin ina haghaidh nó a mbeadh cáin ioncaim le muirearú amhlaidh ina haghaidh dá mbeadh aon cháin ioncaim inmhuirir i leith an chéanna agus ciallaíonn “an tréimhse chuntasaíochta iomchuí” an tréimhse chuntasaíochta a bhfuil cáin chorparáide le muirearú ar an ioncam sin ina haghaidh nó a mbeadh cáin chorparáide le muirearú amhlaidh ina haghaidh dá mbeadh aon cháin chorparáide inmhuirearaithe i leith an chéanna.

I mír 14 de Sceideal 10, in ionad “cáin bhrabús corparáide” cuirfear “cáin chorparáide”, agus tá an mhír sin 14, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla seo a leanas.

AN TABLA

14. I gcás méid aon chreidmheas a bheidh tugtha faoi na comhshocraíochtaí a bheith iomarcach nó neamhdhóthanach de dhroim aon choigeartú ar mhéid aon chánach is iníoctha sa Stát nó sa chríoch ar maidir léi a bheidh na comhshocraíochtaí déanta, ní bheidh feidhm ag aon ní san Acht seo nó sna hachtacháin a bhaineann le cáin chorparáide ag teorannú an ama chun measúnachtaí nó éilimh ar fhaoiseamh a dhéanamh, maidir le haon mheasúnacht nó éileamh de dhroim an choigeartaithe, is measúnacht nó éileamh a bheidh arna dhéanamh tráth nach déanaí ná sé bliana ón am a bheidh iomlán na measúnachtaí, na gcoigeartuithe agus na gcinntí eile sin arna ndéanamh agus a bhainfidh le hábhar le linn a bheith á chinneadh cé acu atá nó nach bhfuil aon chreidmheas le tabhairt agus, má tá, cé mhéid é.

Uimh. 14 de 1970

An tAcht Airgeadais, 1970.

Cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad alt 57 (1)—

“(1) San alt seo tá le ‘na hAchtanna Cánach Corparáide’ an bhrí a thugtar le halt 155 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976.”.

In alt 57 (2), in ionad “alt 363 den Acht sin,”, cuirfear “alt 167 den Acht Cánach Corparáide, 1976,”, agus tá an t-alt sin 57 (2), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla seo a leanas.

AN TABLA

(2) Chun críocha alt 361 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus Sceideal 10 a ghabhann leis an Acht sin, agus an mhínithe ar “faoiseamh ó chánachas dúbailte” in alt 167 den Acht Cánach Corparáide, 1976, áireofar gurbh iníoctha aon mhéid cánach faoi dhlí aon chríche lasmuigh den Stát ab iníoctha mura mbeadh faoiseamh lena mbaineann an t-alt seo agus a tugadh faoin dlí sin (is faoiseamh a bhfuil socrú déanta ina leith i gcomhshocraíochtaí i dtaobh faoiseamh ó chánachas dúbailte is comhshocraíochtaí is ábhar d'ordú faoin alt sin 361); agus forléireofar dá réir sin tagairtí sna hailt sin agus sa Sceideal sin do chánachas dúbailte, do cháin is iníoctha nó is inmhuirir nó do cháin nach inmhuirir go díreach nó trí asbhaint.

In alt 57 (3), in ionad “sna hAchtanna Cánach Brabús Corparáide” cuirfear “sna hAchtanna Cánach Corparáide” agus in ionad “na nAchtanna Cánach Brabús Corparáide” cuirfear “na nAchtanna Cánach Corparáide”, agus tá an t-alt sin 57 (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla seo a leanas.

AN TABLA

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh go ginearálta chun forálacha an ailt seo nó aon chomhshocraíochtaí ag a bhfuil feidhm dlí faoin alt sin 361 a chur i bhfeidhm agus féadfaidh, go háirithe ach gan dochar do ghinearáltacht an mhéid sin roimhe seo, foráil a chur sna rialacháin—

(a) chun críocha an ailt seo nó na rialachán, chun go gcuirfear chun feidhme (gan mhodhnú nó mar aon le modhnú) aon fhoráil atá sa hAchtanna Cánach Ioncaim nó in aon rialachán a rinneadh fúthu nó sna hAchtanna Cánach Corparáide nó in aon rialachán a rinneadh fúthu, lena n-áirítear na forálacha a bhaineann le hathéisteacht achomhairc agus le cás a shonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte ar phonc dlí, agus

(b) nach ndéanfar iomlán aon díbhinne, ná aon chuid de dhíbhinn, a íocadh as brabúis nó gnóchain arb éard iad nó ar cuid díobh brabúis nó gnóchain a dtabharfar faoiseamh ó chánachas dúbailte ina leith de bhua an ailt seo a áireamh mar ioncam nó brabúis chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim nó na nAchtanna Cánach Corparáide.

Ní dhéanfaidh na leasuithe sa Chuid seo den Sceideal seo difear don dliteanas cánach ioncaim in aghaidh blianta measúnachta a chríochnaigh an 5ú lá d'Aibreán, 1976, nó roimhe, ná don dliteanas cánach brabús corparáide in aghaidh tréimhsí cuntasaíochta a chríochnaigh an dáta sin nó roimhe, ná do mheasúnú, bailiú nó gnóthú ceachtar de na cánacha sin nó úis orthu ná d'imeachtaí eile a bhaineann leis na cánacha sin nó leis an ús sin.

CUID II

Achtacháin a bhaineann le Faoiseamh ó Chánachas Dúbailte a Aisghairm

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 6 de 1967

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967.

Ailt 363 agus 364. Mír 3 (1) de Sceideal 10.

Mír 7 de Sceideal 10.

I mír 8 (3) (c) de Sceideal 10, na focail “, chun críocha cánach ioncaim”.

 

Uimh. 33 de 1968

An tAcht Airgeadais, 1968.

Alt 35.

Ní dhéanfaidh an aisghairm sa Chuid seo den Sceideal seo difear don dliteanas cánach ioncaim in aghaidh blianta measúnachta a chríochnaigh an 5ú lá d'Aibreán, 1976, nó roimhe, ná don dliteanas cánach brabús corparáide in aghaidh tréimhsí cuntasaíochta a chríochnaigh an dáta sin nó roimhe, ná do mheasúnú, bailiú nó gnóthú ceachtar de na cánacha sin nó úis orthu ná d'imeachtaí eile a bhaineann leis na cánacha sin nó leis an ús sin.

AN CÚIGIÚ SCEIDEAL

Faoiseamh Eatramhach maidir le híocaíochtaí agus Costais Bhainistí áirithe

Alt 186

1. (1) Baineann an mhír seo le cuideachta a thagann laistigh de réim cánach corparáide maidir le bunadh ioncaim amhail ó dháta roimh an 7ú lá d'Aibreán, 1975.

(2) Sa mhír seo—

(a) ciallaíonn tréimhse iomchuí cuideachta an tréimhse dar tosach an dáta is luaithe a thagann an chuideachta laistigh de réim cánach corparáide maidir le haon bhunadh ioncaim agus dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1976:

(b) ciallaíonn an méid iomchuí is iníoctha ag cuideachta comhiomlán na méideanna a shonraítear i bhfomhír (3) a dhlíonn an chuideachta a íoc sa bhliain 1974-75 nó, más lú é, comhiomlán na méideanna a shonraítear san fhomhír sin a dhlíonn an chuideachta a íoc sa bhliain 1975-76.

(3) Is iad na méideanna dá dtagraítear i bhfomhír (2) (b) íocaíochtaí—

(a) is aon ús bliantúil, blianacht nó íocaíocht bhliantúil eile agus aon íocaíochtaí eile den sórt sin a luaitear in alt 93 den Acht Cánach Ioncaim, 1967;

(b) is aon ús eile is iníoctha sa Stát ar airleacan ó bhanc a sheolann gnó baincéireachta bona fide sa Stát, nó ó dhuine a sheolann bona fide, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, gnó mar chomhalta de stocmhargadh sa Stát nó a sheolann bona fide gnó tí lascaine sa Stát agus measfar, chun críche na fomhíre seo, aon ús den sórt sin is iníoctha ag cuideachta a bheith íoctha ar é a chur chun dochair do chuntas na cuideachta i leabhair an duine lenarb iníoctha é; agus

(c) is aon ríchíos nó suim eile i leith paitinn a úsáid a íoctar go hiomlán as ioncam ar ar muirearaíodh cáin ioncaim nó cáin chorparáide:

Ar choinníoll go ndéileálfar leis na méideanna seo a leanas mar mhéideanna nach sonraítear san fhomhír seo—

(i) aon mhéid úis a ndéileálfar leis, má íocadh é roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, de bhua Chaibidil III de Chuid I den Acht Airgeadais, 1974, mar mhéid nach bhfuil cáilithe chun faoisimh trí aisíoc nó ar shlí eile;

(ii) aon mhéid a ndéileálfar leis, má íocadh é an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis, mar mhéid nach muirear ar ioncam de réir brí alt 10 (muirir ar ioncam a lamháil);

(iii) aon mhéid is inasbhainte le linn aon ioncam de chuid na cuideachta a bheith á ríomh; agus

(iv) aon mhéid is díbhinn nó dáileadh eile de chuid na cuideachta.

(4) Chun críocha na míre seo déanfar ioncam cuideachta ar a muirearófar cáin chorparáide in aghaidh aon tréimhse a chinneadh de réir forálacha alt 28 (8) (cuideachtaí beaga).

(5) Faoi réir fhomhír (6), déanfar an cháin chorparáide is iníoctha ag cuideachta lena mbaineann an mhír seo in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta de chuid na cuideachta atá, go hiomlán nó go páirteach, laistigh de thréimhse iomchuí na cuideachta, a laghdú méid a chinnfear de réir na foirmle—

A ×

B

_

C

×

D

_

E

×

F

__

100

i gcás—

arb é A an méid iomchuí is iníoctha ag an gcuideachta,

arb é B ioncam na cuideachta ar ar muirearaíodh cáin chorparáide in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta, mar aon le haon mhéid a lamháladh i leith muirir ar ioncam nó costais bhainistí i leith na coda sin, más ann, den tréimhse chuntasaíochta tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1976,

arb é C méid iomlán ioncam na cuideachta sa tréimhse chuntasaíochta (lena n-áirítear ioncam infheistíochta frainceáilte, díbhínní a d'íoc aon chomhlacht corpraithe agus ioncam atá díolmhaithe, faoi aon cheann d'fhorálacha na nAchtanna Cánach, ó aon cháin nó nach n-áirítear chun críocha aon chánach nó a meastar nach ioncam é) sula ndéantar aon asbhaint i leith muirir ar ioncam nó costais bhainistí,

arb é D an líon míonna nó codáin de mhíonna sa chuid sin den tréimhse chuntasaíochta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976,

arb é E an líon míonna nó codáin de mhíonna i dtréimhse iomchuí na cuideachta, agus

arb é F an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain 1976-77.

(6) I gcás an méid cánach corparáide is iníoctha ag cuideachta in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta ar laistigh de thréimhse iomchuí na cuideachta di go léir nó do chuid di a laghdú de réir forálacha Chuid IV (Brabúis ó Earraí Airithe a Onnmhairiú) is é méid an laghdaithe a dhéanfar faoin alt seo méid a mbeidh idir é agus an méid a chinnfear de réir forálacha fhomhír (5) an chomhréir chéanna a bheadh idir méid na cánach corparáide ab iníoctha ag an gcuideachta in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta dá mba nár achtaíodh an mhír seo agus an méid cánach corparáide ab iníoctha ag an gcuideachta in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta dá mba nár achtaíodh Cuid IV ná an mhír seo.

2. (1) Baineann an mhír seo le cuideachta infheistíochta (mar a shainítear in alt 15 (6)) a thagann faoi réim cánach corparáide i leith bunadh ioncaim amhail ó dháta roimh an 7ú lá d'Aibreán, 1975, agus atá i dteideal faoi alt 214 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, faoiseamh a fháil i leith costais bhainistí don bhliain 1975-76.

(2) Déanfar an cháin chorparáide is iníoctha ag cuideachta lena mbaineann an mhír seo, in aghaidh aon tréimhse chuntasaíochta ar laistigh den bhliain 1975-76 di go léir nó do chuid di, a laghdú méid arna chinneadh de réir na foirmle—

A ×

B

_

C

×

D

_

12

×

F

__

100

i gcás—

arb é A méid na gcostas bainistí a d'íoc an chuideachta in aghaidh na bliana 1975-76 agus a bhfuil an chuideachta i dteideal faoisimh ina leith faoi alt 214 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó, más lú é, méid a mbeidh idir é agus méid na gcostas bainistí a d'íoc an chuideachta in aghaidh na bliana 1974-75 agus a bhfuil an chuideachta i dteideal faoisimh ina leith faoin alt seo an chomhréir chéanna atá idir méid an ioncaim iomláin (lena n-áirítear ioncam infheistíochta frainceáilte, díbhínní a d'íoc aon chomhlacht corpraithe agus ioncam atá, faoi aon cheann d'fhorálacha na nAchtanna Cánach, díolmhaithe ó aon cháin nó nach n-áirítear chun críocha aon chánach nó a meastar nach ioncam é) de chuid na cuideachta don bhliain 1975-76 agus méid an ioncaim iomláin (arna ríomh mar an gcéanna) de chuid na cuideachta don bhliain 1974-75,

arb é B ioncam na cuideachta ar ar muirearaíodh cáin chorparaide in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta mar aon le haon mhéid a lamháladh i leith muirir ar ioncam nó costais bhainistí i leith na coda sin, más ann, den tréimhse chuntasa-aíochta tar éis an 5ú lá d'Aibreán 1976,

 arb  é C méid iomlán ioncam na cuideachta sa tréimhse chuntasaíochta (lena n-áirítear ioncam infheistíochta frainceáilte, díbhinní a d'íoc aon chomhlacht corpraithe agus ioncam atá díolmhaithe faoi aon cheann d'fhorálacha na nAchtanna Cánach ó aon cháin nó nach n-áirítear chun críocha aon chánach nó a meastar nach ioncam é) sula ndéantar aon asbhaint i leith muirir ar ioncam nó costais bhainistí,

arb é D an líon míonna nó codáin de mhíonna sa chuid sin den tréimhse chuntasaíochta laistigh den bhliain 1975-76, agus

arb é F an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain 1976-77.

(3) Beidh feidhm ag mír 1 (4) chun críocha na míre seo mar atá feidhm aici chun críocha mhír 1.

3. (1) Baineann an mhír seo le cuideachta (cibé acu a chónaíonn nó nach gcónaíonn an chuideachta sa Stát)

(a) a sheolann gnó saoil, frithpháirteach nó dílseánach, agus

(b) nach muirearaítear cáin chorparáide uirthi faoi Chás I de Sceideal D i leith an ghnó sin in aghaidh aon tréimhse chuntasaíochta ar laistigh den bhliain 1975-76 di nó d'aon chuid di, agus

(c) atá faoi réim cánach corparáide i leith bunadh ioncaim amhail ó dháta roimh an 7ú lá d'Aibreán, 1975.

(2) Déanfar an cháin chorparáide is iníoctha ag cuideachta lena mbaineann an mhír seo, in aghaidh aon tréimhse chuntasíochta ar laistigh den bhliain 1975-76 di go léir nó do chuid di, a laghdú méid arna chinneadh de réir na foirmle—

A ×

B

_

C

×

D

_

12

×

F

__

100

i gcás—

arb é A méid na gcostas bainistí a d'íoc an chuideachta in aghaidh na bliana 1975-76 agus a bhfuil an chuideachta i dteideal faoisimh ina leith faoi alt 214 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (nó a mbeadh sí i dteideal amhlaidh dá mba nár muirearaíodh cáin ioncaim ar an gcuideachta in aghaidh na bliana 1975-76 de réir na bhforálacha den Acht Cánach Ioncaim, 1967, is infheidhmithe ar Chás I de Sceideal D) arna laghdú méid, arb ionann an cháin ioncaim air de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain 1975-76 agus an méid a mbeadh an faoiseamh do na costais sin le srianadh i ngeall ar fhomhír (a) den choinníoll a ghabhann le halt 214 (1), agus chun na críche sin is í an bhliain dar chríoch an 5ú lá d'Aibreán, 1976, an tréimhse ar ina haghaidh a dhéanfar an ríomh de réir na bhforálacha den Acht Cánach Ioncaim, 1967, is infheidhmithe ar Chás I de Sceideal D,

arb é B ioncam na cuideachta ar ar muirearaíodh cáin chorparáide in aghaidh na tréimhse cuntasaíochta mar aon le haon mhéid a lamháladh i leith muirir ar ioncam nó costais bhainistí i leith na coda sin, más ann, den tréimhse chuntasaíochta tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1976,

arb é C méid iomlán ioncam na cuideachta sa tréimhse chuntasaíochta (lena n-áirítear ioncam infheistíochta frainceáilte, díbhinní a d'íoc aon chomhlacht corpraithe agus ioncam atá díolmhaithe faoi aon cheann d'fhorálacha na nAchtanna Cánach ó aon cháin nó nach n-áirítear chun críocha aon chánach nó a meastar nach ioncam é) sula ndéantar aon asbhaint i leith muirir ar ioncam nó costais bhainistí,

arb é D an líon míonna nó codáin de mhíonna sa chuid sin den tréimhse chuntasaíochta laistigh den bhliain 1975-76, agus

arb é F an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain 1976-77.

(3) Beidh feidhm ag mír 1 (4) chun críocha na míre seo mar atá feidhm aici chun críocha mhír 1.

Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht Talmhaíochta, 1931

1931, Uimh. 8

Assurance Companies Act, 1909

1909, c. 49

Na hAchtanna Cumann Foirgníochta, 1874 go 1974

An tAcht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975

1975, Uimh. 20

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

An tAcht Aerphoirt Neamhchustam, 1947

1947, Uimh. 5

Finance Act, 1920

1920, c. 18

Finance Act, 1922

1922, c. 17

An tAcht Airgid, 1924

1924, Uimh. 27

An tAcht Airgeadais, 1959

1959, Uimh. 18

An tAcht Airgeadais, 1960

1960, Uimh. 19

An tAcht Airgeadais, 1964

1964, Uimh. 15

An tAcht Airgeadais, 1966

1966, Uimh. 17

An tAcht Airgeadais, 1967

1967, Uimh. 17

An tAcht Airgeadais, 1968

1968, Uimh. 33

An tAcht Airgeadais, 1969

1969, Uimh. 21

An tAcht Airgeadais, 1970

1970, Uimh. 14

An tAcht Airgeadais, 1971

1971, Uimh. 23

An tAcht Airgeadais, 1972

1972, Uimh. 19

An tAcht Airgeadais, 1973

1973, Uimh. 19

An tAcht Airgeadais, 1974

1974, Uimh. 27

An tAcht Airgeadais, 1975

1975, Uimh. 6

An tAcht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956

1956, Uimh. 47

An tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1958

1958, Uimh. 28

An tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968

1968, Uimh. 7

An tAcht Airgeadais (Brabúis Mhianach Airithe)

(Faoiseamh Sealadach ó Chánachas), 1956

1956, Uimh. 8

An tAcht Airgeadais (Cánachas ar Bhrabúis Mhianach Airithe), 1974

1974, Uimh. 17

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967

1967, Uimh. 6

An tAcht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927

1927, Uimh. 16

An tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1969

1969, Uimh. 32

Inland Revenue Regulation Act, 1890

1890, c. 21

An tAcht Arachais, 1936

1936, Uimh. 45

Na hAchtanna Arachais, 1909 go 1969

An tAcht Léiriúcháin, 1937

1937, Uimh. 38

An tAcht Rialtais Áitiúil, 1941

1941, Uimh. 23

An tAcht um Sheirbhísí Rialtais Áitiúil (Comhlachtaí Corpraithe), 1971

1971, Uimh. 6

An tAcht Forbairte Minearál, 1940

1940, Uimh. 31

Petty Sessions (Ireland) Act, 1851

1851, c. 93

An tAcht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927

1927, Uimh. 7

An tAcht um Dheontais Infheistíochta Loingis, 1969

1969, Uimh. 11

An tAcht Oideachais Ghairme Beatha, 1930

1930, Uimh. 29

An tAcht Arachais Sláinte Shaorálaigh, 1957

1957, Uimh. 1