Uimhir 22 de 1965.
AN tACHT AIRGEADAIS, 1965
(An tiontú oifigiúil).
ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:—
CUID I.
Cáin Ioncaim.
Cáin ioncaim agus forcháin don bhliain 1965-66.
1.—(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1965, a mhuirearú de réir sé scilling agus ceithre phingin sa phunt.
(2) Déanfar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1965, a mhuirearú i leith ioncaim aon phearsan aonair ar mó ná dhá mhíle cúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh agus muirearófar amhlaidh í de réir na rátaí céanna ar dá réir a mhuirearaítear í don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1964.
(3) Faoi réir forálacha an Achta seo, beidh éifeacht maidir leis an gcáin ioncaim agus leis an bhforcháin a mhuirearófar mar a dúradh don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1965, ag na forálacha ar leithligh, reachtúil agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1965, agus ag aon fhorálacha den sórt sin a tháinig i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1965, maidir le cáin ioncaim agus forcháin.
Leasú ar alt 5 den Acht Airgeadais, 1946.
2.—Maidir le caiteachas caipitiúil ar thaighde eolaíochta faoina rachfar an 6ú lá d'Aibreán, 1965, nó dá éis sin—
(a) beidh éifeacht ag alt 5 den Acht Airgeadais, 1946—
(i) ionann agus dá ndéanfaí na focail “agus do gach bliain de na ceithre bliana meisiúnachta ina dhiaidh sin” a fhágáil ar lár as fo-alt (3) de agus “le méid an caitheachais” a chur in ionad “leis an gcúigiú cuid de mhéid an chaiteachais” san fho-alt sin,
(ii) ionann agus dá ndéanfaí míreanna (a), (b) agus (e) d'fho-alt (4) a fhágáil ar lár agus an mhír seo a leanas a chur in ionad mhír (c)—
“(c) áireofar mar fháltas trádála de chuid na trádála a d'fhaibhrigh díreach roimh an scor méid is comhionann leis an lamháltas a tugadh faoin alt seo i leith an chaiteachais sin, nó, más lú luach na sócmhainne díreach roimh an scor ná an lamháltas sin, le méid is comhionann leis an luach sin;”,
(iii) ionann agus dá gcuirfí “méid an lamháltais a deonaíodh go héifeachtúil” in ionad “iomlán na lamháltas a deonadh” i mír (d) d'fho-alt (4);
(b) beidh éifeacht ag alt 33 den Acht Airgeadais, 1959, ionann agus dá gcuirfí an míniú seo a leanas in ionad an mhínithe ar “liúntas taighde eolaíochta”:
“ciallaíonn ‘ liúntas taighde eolaíochta ’, maidir le haon chaiteachas, méid aon liúntais a tugadh i leith an chaiteachais sin faoi fho-alt (3) d'alt 5 den Acht Airgeadais, 1946, arna laghdú aon mhéid a áireofar mar fháltas trádála de bhun mhír (c) d'fho-alt (4) den alt sin mar a bhaineann sé le caiteachas faoina rachfar an 6ú lá d'Aibreán, 1965, nó dá éis sin;”.
Mcasúnachtaí ar leithligh faoi Sceideal A nó faoi Sceideal B i gcásanna áirithe.
1918, c. 40.
3.—(1) Má bhíonn duine—
(a) i gcaitheamh aon choda de bhliain mheasúnachta, cibé acu ina aonar nó i gcomhpháirt le duine nó le daoine eile sna himthosca a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo, nó
(b) nó i gcaitheamh iomlán aon bhliana measúnachta, i gcomhpháirt mar a dúradh,
i dteideal aon eastáit nó leasa i maoin a mbeadh sé inmheasúnaithe ar leithligh nó i dtaennta an duine nó na ndaoine eile ina leith faoi Sceideal A nó Sceideal B, dá mbeadh seisean, nó eisean agus an duine nó na daoine eile, i dteideal an eastáit nó an leasa sin in aghaidh na bliana go léir, measúnófar é ar leithligh faoi Sceideal A nó faoi Sceideal B, cibé acu é, i leith a eastáit nó a leasa, nó i leith a choda den eastát nó den leas, sa mhaoin in aghaidh na coda den bhliain nó in aghaidh na bliana go léir ar an gcionúireacht iomchuí den luach bliantúil nó den luach inmheasúnaithe.
(2) Is iad na himthosca ina mbeidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le duine ag a bhfuil teideal chun eastáit nó leasa i maoin i gcomhpáirt le duine nó daoine eile go bhfuil an t-eastát nó an leas sin aige mar chomhoidhrseach, mar nasc-thionónta, mar thionónta i gcoiteannas nó mar thionónta ar thailte nó ar thionóntáin i gcomhpháirtíocht.
(3) I gcás duine lena mbaineann an t-alt seo a bheith faoi dhliteanas cuid a íoc d'íocaíocht bhliantúil atá forcoimeádta as an maoin iomchuí nó ina muirear uirthi déanfar, chun críocha Riail 19 de na Rialacha Ginearálta, an chuid sin a áireamh mar ní is iníoctha mar fhorcoimeád as an eastát nó an leas nó as an gcuid den eastát nó den leas, ar ina leith a mheasúnófar é faoin alt seo, nó mar mhuirear ar an gcéanna.
(4) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 162 den Income Tax Act, 1918, tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur leis:
“Provided that no distraint shall be made on the lands, tenements and premises in respect of which the tax is charged if such lands, tenements and premises have been sold for valuable consideration and the person on whom the tax is charged is no longer the occupier thereof.”
(5) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 199 den Income Tax Act, 1918, tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur leis:
“Provided that no distress may be levied on the occupier of the property charged or upon the premises in respect of which the assessment is made if such property or premises has or have been sold for valuable consideration and the tax is in respect of a period prior to the sale.”
(6) San alt seo—
ciallaíonn “íocaíocht bhliantúil” aon íocaíocht as a bhfuil, ar leith ó aon neamhdhóthanacht brabús nó gnóchain ar thaobh an duine a bhfuil an íocaíocht á dhéanamh aige, cáin inasbhainte faoi Riail 19 de na Rialacha Ginearálta;
ciallaíonn “maoin” agus “property” tailte, tionóntáin agus oidhreachtáin.
Éilimh, etc., a dhéanamh, agus achomhairc agus athéisteachtaí.
1922, c. 17.
4.—(1) D'ainneoin aon fhoráil eile sna hAchtanna Cánach Ioncaim déanfar—
(a) gach éileamh ar dhíolúine nó ar aon liúntas nó asbhaint faoi na hAchtanna sin,
(b) gach éileamh ar aisíocaíocht cánach faoi na hAchtanna sin, agus
(c) (i) gach éileamh ar fhaoiseamh faoi na hAchtanna sin i gcás ina bhfuil an faoiseamh tomhaiste san fhoráil ar faoi a thugtar é, agus
(ii) gach ábhar agus ceist a bhaineann le haon fhaoiseamh atá tomaiste amhlaidh,
agus nach bhfuil foráil shonrach déanta ina leith, ar shlí seachas leis an alt seo, maidir le ceart achomhairc ó chinneadh de chuid na gCoimisinéirí Speisialta,
a lua i cibé slí agus foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim agus a chur go dtí, agus a chinneadh ag, na Coimisinéirí Ioncaim nó cibé oifigeach de na Coimisinéirí Ioncaim (lena n-áirítear cigire cánach) a údaróidh siad chuige sin ach duine ar bith arb éagóir leis aon chinneadh ar aon éileamh, ábhar nó ceist den sórt sin féadfaidh sé, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim nó don oifigeach laistigh de lá agus fiche tar éis an cinneadh a chur in iúl don duine éagóraithe, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta.
(2) Eistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Speisialta achomharc a dhéanfar chucu faoi fho-alt (1) den alt seo ionann agus dá mba achomharc é in aghaidh measúnacht i leith cánach ioncaim, agus beidh feidhm dá réir sin le haon mhodhnuithe is gá ag forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hathéisteacht achomhairc agus le cás a shonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte ar phonc dlí.
(3) I gcás—
(a) ina dtugtar ceart achomhairc chun na gCoimisinéirí Speisialta le haon fhoráil (seachas Riail 8 nó 9 de na Rialacha Ginearálta nó le mír 2 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Finance Act 1922) de na hAchtanna Cánach Ioncaim, agus
(b) nach bhfuil feidhm ag an bhforáil sin, agus na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomhairc in aghaidh measúnachtaí á gcur chun feidhme aici, maidir leis na forálacha de na hAchtanna sin a bhaineann le hathéisteacht achomharc,
measfar go ndéanann an fhoráil sin na forálacha sin a bhaineann le hathéisteacht achomharc a chur chun feidhme.
18
(4) I gcás—
(a) nach dtabharfar fógra achomhairc laistigh den am a theorannaítear le fo-alt (1) den alt seo, nó
(b) nach dtiocfaidh duine a mbeidh fógra achomhairc tugtha aige os comhair na gCoimisinéirí Speisialta san am agus san áit a bheidh ceaptha chun a achomharc a éisteacht.
beidh feidhm le haon mhodhnuithe is gá ag forálacha fho-ailt (5), (7), (8) agus (8A) d'alt 5 den Acht Airgid, 1929.
(5) Leasaítear leis seo fomhír (d) de mhír 2 (c) de Riail 21 de na Rialacha Ginearálta trí “the rehearing of appeals and to” a chur isteach roimh “cases”.
(6) Leasaítear leis seo fo-alt (5) d'alt 8 den Acht Airgid, 1924, agus fo-alt (2) d'alt 12 den Acht Airgid, 1925, trí “achomharc a athéisteacht agus le” a chur isteach roimh “cás d'aithris” agus “ach ní háirítear orthu forálacha alt 196 den Income Tax Act, 1918” a scriosadh agus leasaítear leis seo fomhír (3) de mhír 4 de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1926, trí “achomharc a athéisteacht agus le” a chur isteach roimh “cás d'aithris” agus “ach gan forálacha alt 196 den Income Tax Act, 1918, d'áireamh” a scriosadh.
(7) Leasaítear leis seo fo-alt (5) d'alt 10 den Acht Airgeadais, 1953, trí “ionann agus dá mba achomharc é in aghaidh measúnachta, agus beidh feidhm, le haon mhodhnuithe is gá, ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hathéisteacht achomhairc agus le cás a shonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte ar phonc dlí” a chur in ionad “agus beidh a mbreith sin ina breith chríochnaitheach”.
(8) I gcás nach mbeidh cinneadh críochnaitheach déanta ar dháta an Achta seo a rith ar éileamh a rinneadh roimh an dáta sin agus lenar bhain alt 202 den Income Tax Act, 1918, déileálfar leis ionann agus dá mba de réir an ailt seo a rinneadh é.
(9) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh ar dháta an Achta seo a rith.
Leasú ar alt 5 den Acht Airgid, 1929.
5.—Leasaítear leis seo alt 5 den Acht Airgid, 1929—
(a) trí “agus féadfaidh Coimisinéir Speisialta amháin na cumhachtaí a thugtar do na Coimisinéirí Speisialta le fo-ailt (7) agus (8) den alt seo a fheidhmiú” a chur ag deireadh fho-alt 5;
(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (7) agus (8)—
“(7) (a) Aon fhógra achomhairc nár tugadh laistigh den am a theorannaítear le fo-alt (1) den alt seo measfar gur tugadh amhlaidh é i gcás ina ndearna an cigire cánach nó cibé oifigeach eile mar a dúradh, ar iarratas i scríbhinn a bheith déanta chuige á iarraidh sin agus ar é a bheith sásta nár fhéad an t-iarratasóir mar gheall ar asláithreacht, breoiteacht nó cúis réasúnach eile, fógra achomhairc a thabhairt laistigh den am a theorannaítear agus go ndearnadh an t-iarratas gan mhoill neamhréasúnach ina dhiaidh sin, a chur in iúl don iarratasóir i scríbhinn gur géilleadh dá iarratas.
(b) Más rud é, ar iarratas a fháil faoi mhír (a) den fho-alt seo nach mbeidh an cigire nó an t-oifigeach eile sásta mar a dúradh, cuirfidh sé in iúl don iarratasóir trí fhógra i scríbhinn gur diúltaíodh dá iarratas.
(c) Laistigh de chúig lá dhéag tar éis dáta fógra faoi mhír (b) den fho-alt seo féadfaidh an t-iarratasóir trí fhógra i scríbhinn a iarraidh ar an gcigire nó ar an oifigeach eile a iarratas a tharchur chun na gCoimisinéirí Speisialta agus, i gcás aon iarratais a tharchuirfear amhlaidh, beidh éifeacht ag míreanna (a) agus (b) den fho-alt seo ionann agus dá gcuirfí tagairt do na Coimisinéirí Speisialta in ionad gach tagartha atá ansin don chigire nó don oifigeach eile.
(8) I gcás gan duine a mbeidh fógra achomhairc tugtha aige a theacht i láthair os comhair na gCoimisinéirí Speisialta san am agus san áit a bheidh ceaptha le haghaidh éisteacht a achomhairc, ní bheidh éifeacht ag fo-alt (6) den alt seo más rud é—
(a) go dtiocfaidh duine eile i láthair san am agus san áit sin thar ceann an achomharcóra agus go dtoileoidh na Coimisinéirí Speisialta éisteacht leis an duine sin, nó
(b) go n-iarchuirfidh na Coimisinéirí Speisialta an éisteacht ar iarratas chuige sin a bheith déanta chucu i scríbhinn nó ar shlí eile ag an am sin nó roimhe, nó
(c) ar iarratas i scríbhinn a bheith déanta chucu tar éis an ama sin, go n-ordóidh na Coimisinéirí Speisialta, ar iad a bheith sásta nár fhéad an t-iarratasóir mar gheall ar asláithreacht, breoiteacht nó cúis réasúnach eile teacht i láthair os a gcomhair san am agus san áit sin agus go ndearnadh an t-iarratas gan mhoill neamhréasúnach, go ndéileálfar leis an achomharc mar achomharc nach bhfuil tráth a éisteachta ceaptha go fóill.
(8A) (a) I gcás ina mbeifear tar éis caingean a thionscnamh chun cáin a ghnóthú a muirearaíodh trí mheasúnacht is caingean i modh imeachtaí a thionscnamh in aon chúirt nó deimhniú a eisiúint faoi alt 7 den Acht Airgid, 1923, ní bheidh feidhm, mura n-ordóidh na Coimisinéirí Ioncaim a mhalairt, ag fo-alt (7) ná fo-alt (8) den alt seo maidir leis na measúnacht sin go dtí go mbeidh an chaingean sin críochnaithe.
(b) Más rud é, i gcás a bheidh faoi réim na míre sin roimhe seo go ngéillfear d'iarratas faoi mhír (a) den fho-alt sin (7) nó, ar iarratas faoi mhír (c) den fho-alt sin (8), go n-ordóidh na Coimisinéirí Speisialta mar a fhoráiltear ansin, ní bheidh teideal ag an iarratasóir in aon chás go n-aisíocfaí leis aon suim a d'íoc sé i leith costas aon imeachtaí cúirte den sórt a dúradh ná, de réir mar a bheidh, go n-aisíocfaí leis aon táillí nó caiteachais a mhuirearaigh an cláraitheoir contae nó an sirriam a d'fhorghníomhaigh deimhniú faoin alt sin 7 den Acht Airgid, 1923.”
Faoiseamh onnmhairí.
6.—(1) San alt seo ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956.
(2) I bhfomhír (i) de mhír (b) d'fho-alt (2) d'alt 56 den Acht Airgeadais, 1958 (mar atá sé curtha in ionad i bhfo-alt (1) d'alt 28 den Acht Airgeadais, 1960) cuirfear “1980-81” in ionad “1975-76”.
(3) Más rud é, ar leithligh ó fhorálacha an ailt seo, go bhfuil cuideachta i dteideal faoiseamh a éileamh faoi Chuid III den Acht, de bhua fho-alt (1) d'alt 29 den Acht Airgeadais, 1960, i leith na bliana 1974-75 nó aon bhliana measúnachta roimhe sin, féadfaidh an chuideachta, in ionad an fhaoisimh sin, faoiseamh a éileamh faoi fho-alt (1) nó faoi fho-alt (3) d'alt 12 den Acht ionann agus dá mba bhliain éilimh de réir bhrí alt 10 den Acht an bhliain mheasúntachta sin.
(4) I gcás ina mbeidh cuideachta tar éis faoiseamh a fháil faoi Chuid III den Acht de bhua fho-alt (3) den alt seo agus go mbeidh sí ina dhiaidh sin i dteideal faoisimh faoi fho-alt (1) d'alt 29 den Acht Airgeadais, 1960, deonófar an faoiseamh sin is déanaí a luaitear ionann agus dá mba í an bhliain dheiridh mheasúnachta a bhfuil faoiseamh dlite ina leith de bhua fho-alt (3) den alt seo bliain éilimh dheiridh na cuideachta de réir bhrí alt 10 den Acht:
Ar choinníoll nach dtabharfar aon fhaoiseamh i leith aon bhliain mheasúnachta tar éis an ceathrú bliain déag measúnachta tar éis na chéad bhliana éilimh ná i leith aon bhliain mheasúnachta tar éis na bliana 1979-80.
Leasú ar Riail 7 (1) do na Rialacha Ilghnéitheacha is infheidhmithe maidir le Sceideal D.
7.—(1) Leasaítear leis seo mír (1) de Riail 7 de na Rialacha Ilghnéitheacha is infheidhmithe maidir le Sceideal D—
(i) trí “body of persons not resident in the State” a chur i bhfomhír (a) in ionad “foreign or colonial company, society, adventure, or concern; or”, agus
(ii) trí fhomhír (b) a scriosadh.
(2) Ní bheidh feidhm ag an mír sin (1) maidir le haon íocaíocht lena mbaineann Riail 19 nó Riail 21 de na Rialacha Ginearálta.
(3) Déanfar tagairt ar bith in aon fhoráil de na hAchtanna Cánach Ioncaim don Riail sin 7 a fhorléiriú mar thagairt don Riail sin 7 arna leasú leis na fo-ailt sin roimhe seo den alt seo.
(4) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 10 den Acht Airgid, 1923, trí “aon chomhlacht daoine nach gcónaíonn sa Stát” a chur in ionad “aon chuideachtan, cumainn, fionntair nó gnótha choigríche”.
(5) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 6 den Acht Airgid, 1924, trí “aon chomhlacht daoine nach gcónaíonn sa Stát” a chur in ionad “aon chuideachtan, cumainn, fionntair nó gnótha choigríche”.
(6) Beidh éifeacht ag an alt seo amhail ar an agus ón 11ú lá de Bhealtaine, 1965.
Leasú ar alt 2 (3) den Acht Airgid, 1924.
8.—Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 2 den Acht Airgid, 1924, trí “gach duine a íocfaidh” a chur in ionad “gach duine a gheobhaidh”.
Leasú ar Riail (2) de Chuid II den Chéad Sceideal, an tAcht Airgid, 1929.
9.—Leasaítear leis seo Riail (2) de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1929, trí “agus sealúchais” a chur isteach i mír (b) i ndiaidh “urrúis”.
Leasú ar alt 3 (1) (2) den Acht Airgeadais, 1956.
10.—Leasaítear leis seo fo-alt (1) agus fo-alt (2) d'alt 3 den Acht Airgeadais, 1956, trí “caoga punt” a chur i ngach fo-alt acu in ionad “cúig puint fhichead”.
Leasú ar mhír (a) den choinníoll a ghabhann le halt 17 den Acht Airgeadais, 1963.
11.—Beidh éifeacht ag mír (a) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (1) d'alt 17 den Acht Airgeadais, 1963, i gcás inar tuairisceán é ar ús a íocadh nó a creidiúnaíodh i rith bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1965, nó dáta dá éis sin, ionann agus dá mba é a bhí sa tagairt do £15 tagairt do £50.
CUID II.
Custaim agus Mál.
Beoir.
12.—(1) In ionad an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (1) d'alt 13 den Acht Airgeadais, 1964, muirearófar, toibheofar agus íocfar ar an mbeoir go léir a ghrúdófar sa Stát an 12ú lá de Bhealtaine, 1965, nó dá éis sin, dleacht máil de réir ceithre phunt déag agus seacht scilling déag ar gach sé ghalún is tríocha foirte de shaindlús míle agus caoga is cúig ghrád.
(2) In ionad na ndleachtanna custam a fhorchuirtear le fo-ailt (2) agus (3) d'alt 13 den Acht Airgeadais, 1964, déanfar, amhail ar an agus ón 12ú lá de Bhealtaine, 1965, dleacht custam a mhuirearú, a thobhac agus a íoc ar an mbeoir go léir d'aon sórt a allmhaireofar isteach sa Stát de réir ceithre phunt déag, seacht scilling déag agus sé phingin ar gach sé ghalún is tríocha beorach a raibh saindlús míle, caoga is cúig ghrád ina foirt roimh ghiosáil.
(3) Lamhálfar agus íocfar, i gcás ina n-onnmhaireofar mar mharsantas nó ina loingseofar chun a húsáidte mar stóras beoir a suífear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gur íocadh uirthi an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo, aistarraingt, arna ríomh de réir saindlúis bhunaidh na beorach sin, de réir ceithre phunt déag, seacht scilling déag agus trí phingin ar gach sé ghalún is tríocha beorach ar mhíle caoga is cúig ghrád a saindlús bunaidh.
(4) Más rud é, i gcás beoir ar arb inmhuirir an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (1) nó fo-alt (2) den alt seo nó i gcás beoir ar arb iníoctha aistarraingt faoi fho-alt (3) den alt seo nach míle caoga is cúig ghrád saindlús na beorach sin, athrófar an dleacht sin nó an aistarraingt sin go coibhneasach.
(5) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 24 den Acht Airgid, 1933, maidir leis an dleacht custam a fhorchuirtear leis an alt seo.
Biotáille.
1920, c. 18.
13.—(1) Leasófar an Finance Act, 1920, amhail ar an agus ón 12ú lá de Bhealtaine, 1965, tríd an ábhar atá sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Finance Act, 1920, in ionad an ábhair a cuireadh isteach sa Chuid sin le halt 14 den Acht Airgeadais, 1964, agus beidh éifeacht dá réir sin ag fo-alt (1) d'alt 3 den Finance Act, 1920, a dúradh.
(2) (a) Baineann an fo-alt seo le biotáille dá ngairtear fuiscí a suífear chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim ar a hallmhairiú gur i dTuaisceart Éireann go hiomlán a monaraíodh í agus gurb é an driogaire a rinne í a bhuidéalú agus a choinsíniú.
(b) Déanfar an dleacht custam lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 12ú lá de Bhealtaine, 1965, ar bhiotáille lena mbaineann an fo-alt seo de réir deich bpunt, sé scilling agus ceithre phingin an galún (arna ríomh de réir profa) in ionad an ráta is inmhuirir faoi fho-alt (1) den alt seo.
(3) Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le fo-alt (2) d'alt 3 den Finance Act, 1920, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 12ú lá de Bhealtaine, 1965, de réir deich bpunt, cúig scilling agus aon phingin déag an galún (arna ríomh de réir profa) in ionad an ráta a shonraítear i bhfo-alt (2) d'alt 4 den Acht Airgeadais, 1962.
(4) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun faoiseamh a thabhairt ó na dleachtanna custam breise nó ón dleacht máil breise i leith biotáille neamhaibidh a fhorchuirtear le halt 9 den Acht Airgid, 1926, ná chun dochar ná difear a dhéanamh don chéanna.
Olaí hiodracarbóin.
I.R. Uimh. 219 de 1959.
14.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “Acht 1935” an tAcht Airgid, 1935;
ciallaíonn “Acht 1964” an tAcht Airgeadais, 1964.
(2) Maidir leis an dleacht custam a fhorchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Diúitéthe Custam) (Uimh. 4), 1931, déanfar í a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, maidir le hola éadrom hiodracarbóin mhianach ar arb inmhuirir an dleacht sin, amhail ar an iagus ón 12ú lá de Bhealtaine, 1965, de réir 3s. 4 1/12 d. an galún in ionad an ráta a shonraítear i bhfo-alt (2) d'alt 16 d'Acht 1964.
(3) Maidir leis an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 1 den Acht Airgid (Forálacha Ilghnéitheacha), 1935, déanfar, maidir le hola éadrom hiodracarbóin mhianach ar arb inmhuirir an dleacht sin a chuirfear amach ar díol nó chun a díolta nó ar shlí eile ó áitreabh a monaróra an 12ú lá de Bhealtaine, 1965, nó dá éis, nó a úsáidfidh an monaróir sin ar an dáta nó dá éis chun aon chríche seachas chun ola hiodracarbóin mhianach a mhonarú nó a tháirgeadh, í a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir 3s. 3 1/12 d. an galún in ionad an ráta a shonraítear i bhfo-alt (3) d'alt 16 d'Acht 1964.
(4) Déanfar an dleacht custam a fhorchuirtear le halt 21 d'Acht 1935, maidir le hola hiodracarbóin ar arb inmhuirir an dleacht sin, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 12ú lá de Bhealtaine, 1965, de réir 2s. 8⅚d. an galún in ionad an ráta a shonraítear i bhfo-alt (4) d'alt 16 d'Acht 1964.
(5) Amhail ar an agus ón 12ú lá de Bhealtaine, 1965, is é ráta aon lacáiste a lamhálfar faoi fho-alt (2) d'alt 21 d'Acht 1935—
(a) maidir le hola hiodracarbóin arb inlamháilte an lacáiste sin ina leith agus ar ar íocadh an dleacht custam a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo de réir 2s. 8⅚d. an galún, 2s. 8⅚d. an galún, agus
(b) maidir le hola hiodracarbóin arb inlamháilte an lacáiste sin ina leith agus ar ar íocadh an dleacht custam a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo, de bhua mhír 6 den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 84) (Olaí Hiodracarbóin) (Dleachtanna Custam), 1959, de réir 2s. 7⅚d. an galún, 2s. 7⅚d. an galún,
in ionad na ráta ab inlamháilte díreach roimh an 12ú lá de Bhealtaine, 1965, de bhua fho-alt (5) d'alt 16 d'Acht 1964.
(6) Déanfar an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 21 d'Acht 1935, maidir le hola hiodracarbóin ar arb inmhuirir an dleacht sin, a chuirfear amach ar díol nó chun a díolta nó ar shlí eile ó áitreabh a monaróra an 12ú lá de Bhealtaine, 1965, nó dá éis, nó a úsáidfidh an monaróir sin an dáta sin nó dá éis chun aon chríche seachas ola hiodracarbóin a mhonarú nó a tháirgeadh, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir 2s. 7½an galún in ionad an ráta a shonraítear i bhfo-alt (6) d'alt 16 d'Acht 1964.
(7) Amhail ar an agus ón 12ú lá de Bhealtaine, 1965, is é ráta aon lacáiste a lamhálfar faoi fho-alt (4) d'alt 21 d'Acht 1935 i leith ola hiodracarbóin arb inlamháilte an lacáiste sin ina leith agus ar a mdearnadh an dleacht máil a luaitear i bhfo-alt (6) den alt seo a íoc de réir 2s. 7⅚d. an galún, 2s. 7⅚d. an galún in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 12ú lá de Bhealtaine, 1965, de bhua fho-alt (7) d'alt 16 d'Acht 1964.
(8) Amhail ar an agus ón 12ú lá de Bhealtaine, 1965, is é ráta aon aisíoca a lamhálfar faoi fho-alt (8) d'alt 10 den Acht Airgeadais 1957, i leith ola hiodracarbóin ar arb inlamháilte an t-aisíoc sin agus ar a ndearnadh—
(a) an dleacht máil a luaitear i bhfo-alt (6) den alt seo a íoc de réir 2s. 7⅚d. an galún, nó
(b) an dleacht custam a luaitear i bhfo-alt (4) den alt seo a íoc de réir 2s. 7⅚d. an galún nó 2s. 8⅚d. an galún,
1s. 0d. an galún in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 12ú lá de Bhealtaine, 1965.
Tobac.
15.—(1) Déanfar an dleacht custam ar thobac a fhorchuirtear le halt 20 den Acht Airgid, 1932, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an agus ón 12ú lá de Bhealtaine, 1965, de réir na rátaí ar leithligh a shonraítear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí ar leithligh a shonraítear i gCuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1964.
(2) Déanfar an dleacht máil ar thobac a fhorchuirtear le halt 19 den Acht Airgid, 1934, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc amhail ar an agus ón 12ú lá de Bhealtaine, 1965, de réir na rátaí ar leithligh a shonraítear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí ar leithligh a shonraítear i gCuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1964.
(3) Is de réir punt trí scilling agus naoi bpingin an punt a íocfar an lacáiste ar thobac cruafháiscthe a luaitear i bhfo-alt (2) d'alt 17 den Acht Airgeadais, 1940, i gcás aon tobac den sórt sin a dhíolfaidh aon mhonaróir ceadúnaithe agus a chuirfidh sé amach, chun a úsáidte sa Stát, an 12ú lá de Bhealtaine, 1965, nó dá éis.
Fíon.
16.—(1) Déanfar, amhail ar an agus ón 12ú lá de Bhealtaine, 1965, dleacht custam de réir cúig scilling agus deich bpingin an galún a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar an bhfíon go léir a allmhaireofar isteach sa Stát i dteannta na dleachta is inmhuirir faoi alt 5 den Acht Airgeadais, 1948, agus faoi alt 14 den Acht Airgeadais, 1949.
(2) Ní bheidh feidhm ná éifeacht maidir leis an dleacht custam a fhorchuirtear leis an alt seo ag alt 24 den Acht Airgid, 1933.
Leasú ar alt 38 den Acht Airgid, 1932.
17.—Leasaítear leis seo alt 38 den Acht Airgid, 1932, trí “ansin, má thoilíonn an tAire Tionscail agus Tráchtála amhlaidh” a chur isteach ann roimh “féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim”.
Ceadúnais gheallbhróicéirí.
18.—Ar an 1ú lá de Lúnasa, 1965, agus dá éis, déanfar dleacht máil, de réir na rátaí a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar gach ceadúnas a dheonófar faoi alt 8 den Acht Geallbhróicéirí, 1964, chun gnó geallbhróicéara a sheoladh.
AN TÁBLA | |
An ráta dleachta. | |
I gcás ceadúnas a dheonófar chun gnó geallbhróicéara a sheoladh in áitreabh áirithe i gContae-Bhuirg Bhaile Cliath nó i mBuirg Dhún Laoghaire .. | £50 |
I gcás ceadúnas a dheonófar chun gnó geallbhróicéara a sheoladh in áitreabh áirithe in aon chuid eile den Stát .. | £10 |
Leasú ar alt 1 (2) (b) den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952.
19.—(1) Leasaítear leis seo mír (b) d'fho-alt (2) d'alt 1 den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952, trí “trí phunt nó níos lú” a chur in ionad “chúig scillinge”.
(2) Tiocfaidh fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 1ú lá de Mhárta, 1966.
CUID III
Dleachtanna Báis.
Diúscairtí i bhfabhar cuideachtaí áirithe, etc.
1918, c. 40.
1894, c. 30.
20.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “cuideachta” comhlacht corpraithe (cibé áit a corpraíodh)—
(a) nach mó ná caoga líon na scairshealbhóirí ann (gan áireamh a dhéanamh ar fhostaithe nach stiúrthóirí ar an gcuideachta ná ar aon scairshealbhóir ar scairshealbhóir é mar ainmní de chuid úinéir tairbhiúil scaireanna),
(b) nach bhfuil tar éis aon chuid dá scaireanna a éisiúint de thoradh cuireadh poiblí suibscríobh le haghaidh scaireanna, agus
(c) nach bhfuil faoi rialú chuid nach mó ná cúigear daoine;
ciallaíonn “cuideachta faoi rialú an éagaigh” cuideachta a bhí faoi rialú duine amháin nó níos mó de na héagaigh, de ghaolta an éagaigh, d'ainmnithe de chuid an éagaigh, nó d'ainmnithe de chuid gaolta an éagaigh—
(a) i gcás ina mbeidh an t-éagach tar éis bás a fháil dhá bhliain nó níos mó tar éis dáta an Achta seo a rith, laistigh de tréimhse cúig bliana roimh an mbás;
(b) in aon chás eile, laistigh den tréimhse dar tosach trí bliana roimh dháta an Achta seo a rith agus dar críoch dáta an bháis;
ciallaíonn “rialú”, maidir le comhlacht corpraithe, cumhacht duine a áirithiú, trí scaireanna a shealbhú nó cumhacht vótála a bheith aige sa chomhlacht corpraithe sin nó maidir leis nó in chomhlacht corpraithe eile nó maidir leis, nó de bhua aon chumhachtaí a thugtar leis na hairteagail chomhlachais nó le haon doiciméad eile ag rialáil an chomhlachta chorpraithe sin nó aon chomhlachta chorpraithe eile, go stiúrfar cúrsaí an chomhlachta chorpraithe chéadluaite de réir mar a theastaíonn ón duine sin;
ciallaíonn “éagach” duine a gheobhaidh bás tar éis dáta an Achta seo a rith;
tá le “diúscairt” an bhrí chéanna atá le “riarasú” in alt 27 agus in alt 32 den Acht Airgeadais, 1941, agus folaíonn sé freisin íocaíocht airgid;
folaíonn “ioncaim”, maidir le cuideachta, brabúis ó thrádáil;
ciallaíonn “ainmní” duine (ar a n-áirítear iontaobhaí) a bhféadfaí a cheangal air a chumhacht vótála a fheidhmiú de réir treoracha duine eile nó a shealbhaíonn scaireanna go díreach nó go neamhdhíreach thar ceann duine eile;
ciallaíonn “cuideachta neamhthrádálach” cuideachta arbh é a bhí go formhór ina hioncam sa dá mhí dhéag roimh bhás an éagaigh ioncam nárbh é a bheadh ann, dá mba phearsa aonair an chuideachta, ioncam tuillte mar a mhínítear i bhfo-alt (3) d'alt 14 den Income Tax Act, 1918;
ciallaíonn “gaol” fearchéile nó banchéile, sinsear, dírshliochtach, nó deartháir nó deirfiúr nó duine de shliocht dearthár nó deirféar.
(2) Chun críocha an ailt seo—
(a) measfar cuideachta a bheith faoi rialú chuid nach mó ná cuigear daoin emá bhíonn rialú na cuideachta, go direach nó go neamhdhíreach, á fheidhmiú ag aon chúigear daoine nó ag aon líon daoine faoina bhun sin, nó má bhíonn siad i gcumas nó i dteideal an rialú sin a fheidhmiú go díreach nó go neamhdhíreach agus chuige sin áireofar faoi seach mar aon duine amháin daoine is gaolta dá chéile, daoine is ainmnithe de chuid aon duine eile mar aon leis an duine eile sin, daoine i gcomhpháirtíocht agus daoine a bhfuil leas acu in aon scaireanna nó oibleagáidí de chuid na cuideachta atá faoi réir aon iontaobhais nó is cuid d'eastát duine éagtha, agus
(b) cuideachta atá faoi rialú ag aon duine amhain no níos mó de na héagaigh agus dá ghaolta nó dá ngaolta measfar gur gaol don éagach í féin.
(3) (a) I gcás ina ndearna an t-éagach roimh dháta nó tar éis dáta an Achta seo a rith, maoin a dhiúscairt i bhfabhar cuideachta faoi rialú an éagaigh, measfar chun gach críche dleachta eastáit, gur maoin a ghlac an chuideachta faoi dhiúscairt a d'oibrigh mar bhronntanas láithreach inter vivos de réir bhrí mhír (c) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Finance Act, 1894, agus aon chomaoin a fuair an t-éagach i ndáil leis sin ní áireofar í mar chomaoin chun críche alt 3 den Finance Act, 1894, nó fho-alt (1) d'alt 7 den Acht sin.
(b) I gcás ina mbeidh dleacht eastáit i ndáil le bás an éagaigh dlite ar an gcomaoin a fuair an t-éagach ar dhiúscairt lena mbaineann mír (a) den fho-alt seo agus a rinneadh laistigh de chúig bliana ó dháta a bháis, nó ar mhaoin in ionannas na comaoine sin, beidh éifeacht ag an bhforáil seo a leanas: Nuair a bheidh luach na maoine a glacadh faoin diúscairt á chinneadh chun críocha dleachta eastáit asbhainfear as an luach ab inchurtha faoi dhleacht, dá mba nár achtaíodh an mhír seo, luach na comaoine nó na maoine in ionannas na comaoine sin arb é luach é ar arb iníoctha dleacht eastáit.
(4) (a) Más rud é—
(i) go ndearna an t-éagach tráth ar bith, roimh dháta nó tar éis dáta an Achta seo a rith, diúscairt maoine i bhfabhar cuideachta faoi rialú an éagaigh, agus
(ii) go raibh, tráth ar bith laistigh de chúig bliana ó dháta a bháis, fáil nó teachtadh aige ar ioncam nó ar shochair ón gcuideachta seachas díbhinní nó ús ar stoc, scaireanna, nó bintiúir de chuid na cuideachta,
measfar go raibh leas aige a scoir tráth a bháis i nglansóchmhainní na cuideachta de réir brí mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Finance Act, 1894, ach na focail “holder of an office, or” a eisiamh as an mír sin.
(b) Measfar gurb é an leas dá dtagraíonn mír (a) den fho-alt seo blianacht is comhionann leis an meánmhéid bhliantúil a fuarthas nó a teachtadh i bhfoirm ioncaim nó sochar sa tréimhse iomchuí, is é sin le rá, an tréimhse chúig bliana díreach roimh bhás an éagaigh agus maidir leis an leas sin beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas:
(i) i gcás inarb éard nó ina bhfolaíonn na sochair a teachtadh áitiú nó seilbh tailte nó airnéisí, cinnfear luach an áitithe nó na seilbhe sa tslí chéanna ina ndéanfar luach sochar dá samhail a chinneadh faoi fhorálacha fho-alt (5) d'alt 21 den Acht seo;
(ii) i gcás ina n-airbheartófar gurb éard nó ina bhfolaíonn an t-ioncam nó luach saothair i leith seirbhísí a thug an t-éagach don chuideachta, asbhainfidh na Coimisinéirí Ioncaim as an meánmhéid bhliantúil sin cibé suim is dóigh leo is luach saothair réasúnach in imthoscaí uile an cháis.
(c) Nuair a bheidh fo-alt (7) d'alt (1) den Finance Act, 1894, á chur chun feidhme maidir le scor leasa dá dtagraíonn mír (a) den fho-alt seo—
(i) measfar gurb é glan-ioncam bliantúil na cuideachta meánmhéid an ghlan-ioncaim uile a fuarthas sna blianta cuntasaíochta go léir nó sna codanna de bhlianta cuntasaíochta sa tréimhse iomchuí dá dtagraítear i mír (b) den fho-alt seo;
(ii) ríomhfar glanluach sócmhainní na cuideachta trí dhliteanais na cuideachta a asbhaint as luach phríomhshuim shócmhainní comhlána na cuideachta ar dháta báis an éagaigh, ar dliteanais iad seachas fiacha nó dliteanais a bheidh dlite do ghaol leis an éagach agus nach ndeachthas fúthu bona fide i leith chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid a thug an gaol don chuideachta.
(5) I gcás ina dtarlóidh ar bhás go n-aistreoidh urrúis, cibé acu stoc nó scaireanna nó bintiúir iad, i gcuideachta neamhthrádálach is cuideachta faoi rialú an éagaigh, is é luach na n-urrús, chun gach críche dleachta báis, cibé suim ab iníoctha ina leith lena n-úinéir dá mba rud é gur foirceannadh an chuideachta go saorálach agus gur réadaíodh na sócmhainní go léir ar an dáta arb ina leith a bheidh an luach le cinneadh.
I gcás ina bhfolaíonn sócmhainní na cuideachta urrúis dara cuideachta neamhthrádálaí, déanfar amach an luach ar an bhforas go ndearnadh freisin an dara cuideachta a fhoirceannadh go saorálach agus a sócmhainní a réadú ar an dáta iomchuí, agus má fholaíonn sócmhainní an dara cuideachta urrúis tríú cuideachta neamhthrádálaí, déanfar amach an luach ar an bhforas go ndearnadh, freisin, an tríú cuideachta a fhoirceannadh go saorálach agus a sócmhaínní a réadú ar an dáta iomchuí agus mar sin de.
Nuair a bheidh an tsuim sin á cinneadh, ní dhéanfar aon áireamh i leith costais aon chuideachta a fhoirceannadh nó a sócmhainní a réadú.
(6) I gcás ina raibh rialú go díreach nó go neamhdhíreach ag aon duine amháin nó níos mó de na héagaigh agus de ghaolta an éagaigh ar chuideachta de bhíthin úinéireacht ar scaireanna—
(a) i gcás ina bhfuair an t-éagach bás dhá bhliain nó níos mó tar éis dáta an Achta seo a rith, laistigh den tréimhse chúig bliana roimh an mbás,
(b) in aon chás eile, laistigh den tréimhse dar tosach trí bliana roimh dháta an Achta seo a rith agus dar críoch dáta an bháis,
déanfar, chun gach críche dleachta báis, luach gach scaire den sórt sin a d'aistrigh nó a mheasfar a d'aistrigh ar bhás an éagaigh faoina uacht nó faoina dhíthiomnacht nó de bhíthin diúscairt a rinne sé, a chinneadh ionann agus dá mba chuid é de ghrúpa scaireanna ar leor a líon chun rialú na cuideachta a thabhairt d'úinéir an ghrúpa.
(7) Má bhíonn ar áireamh i maoin a d'aistrigh ar bhás fiach a dhlitear don éagach ó chuideachta faoi rialú an éagaigh, déanfar luach an fhéich a chinneadh chun gach críche dleachta báis ar an bhforas gurbh iníoctha an fiach láithreach ar an dáta arb i ndáil leis a bheidh an luach le déanamh amach.
(8) Aon diúscairt chun nó chun sochair gaoil de chuid an éagaigh a rinne cuideachta a bhí faoi rialú an éagaigh agus ar cuideachta í a bhí faoi rialú an éagaigh amháin tráth na diúscartha nó tráth ar bith laistigh de thréimhse bliana roimhe sin measfar, chun gach críche dleachta báis, gur diúscairt í a rinne an t-éagach chun nó chun sochair an ghaoil, agus aon chomaoin i leith na diúscartha a tugadh don chuideachta measfar gur comaoin í a tugadh don éagach maidir leis an diúscairt a mheasfar amhlaidh a rinne sé.
Iontaobhais lánroghnacha.
21.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “tairbhí” duine is cuspóir don iontaobhas dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo;
ciallaíonn “margadh-luach” an praghas is dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim a rachadh an mhaoin lena mbaineann fo-alt (5) den alt seo dá ndíolfaí í ar an margadh oscailte;
ciallaíonn “íocaíocht” aon diúscairt maoine i bhfabhar tairbhí;
ciallaíonn “tréimhse iomchuí” maidir le duine éagtha, an tréimhse chúig bliana roimh dháta a bháis nó an tréimhse ó dháta tosach feidhme an iontaobhais lánroghnaigh suas go dtí dáta a bháis, cibé acu is giorra.
(2) I gcás maoin a dhílsiú d'iontaobhaí ar iontaobhais faoina bhféadfar ioncam nó caipiteal na maoine a íoc le duine amháin nó níos mó d'uimhir nó d'aicme daoine a roghnóidh an t-iontaobhaí nó aon duine eile dá rogha féin agus go bhfaighidh duine nó daoine acu sin bás le linn marthain an iontaobhais lánroghnaigh agus tar éis dáta an Achta seo a rith, ansin, chun gach críche dleachta eastáit, measfar go raibh leas ag aon duine a gheobhaidh bás amhlaidh sa mhaoin a d'fhoircheannfadh ar é d'fháil bháis.
(3) Measfar gurbh éard é an leas dá dtagraíonn fo-alt (2) den alt seo blianacht comhionann le meánmhéid bhliantúil chomhshuim na n-íocaíochtaí uile a rinneadh as caipiteal nó ioncam na maoine leis an duine éagtha nó a fuair nó a theachtaigh sé i gcaitheamh na tréimhse iomchuí nó a rinneadh le haon duine eile nó a fuair nó a dhiúscair aon duine eile thar a cheann i rith na tréimhse sin, ach sin faoi réir na bhfo-alt ina dhiaidh seo den alt seo.
(4) Ní áireofar íocaíocht as caipiteal na maoine iontaobhais mar íocaíocht chun críche fho-alt (3) den alt seo ach amháin i gcás ina mbeidh iontaobhas nó cumhacht chun ioncam a charnadh mar bhreis le caipiteal na maoine iontaobhais agus ansin feadh na méide sin amháin nach rachaidh méid na híocaíochta thar méid an ioncaim a bheidh carnaithe go dtí dáta na híocaíochta sin.
(5) Más rud é, tráth ar bith i gcaitheamh na tréimhse iomchuí, go raibh an duine éagtha ag áitiú nó i seilbh talún nó airnéisí faoi réir an iontaobhais lánroghnaigh ar shlí seachas in aghaidh lánchomaoin in airgead nó i luach airgid a thug sé agus, tar éis foirceannadh na háitíochta nó na seilbhe, go leanann an talamh nó na hairnéisí, nó maoin in ionannas na talún nó na n-airnéisí, de bheith faoi réir an iontaobhais lánroghnaigh, beidh éifeacht ag an bhforáil seo a leanas chun méid na blianachta a chinneadh dá dtagraítear i bhfo-alt (3) den alt seo:
In aghaidh gach bliana nó coda de bhliain arbh é an duine éagtha ar a feadh an t-aon tairbhí amháin in áitíocht nó i seilbh, measfar gurbh éard í an áitíocht nó an tseilbhíoc aíocht ioncaim de réir an ráta bhliantúil sé faoin gcéad de mhargadh-luach na talún nó na n-airnéisí (cibé acu é) ar dháta foirceannta na háitíochta nó na seilbhe. In aghaidh gach bliana nó coda de bhliain a bhí líon tairbhithe agus an duine éagtha a áireamh orthu ag áitiú nó i seilbh, measfar gurbh éard í áitíocht nó seilbh an duine éagtha íocaíocht ioncaim de réir ráta bliantúil sé (arna roinnt ar an líon tairbhithe agus an duine éagtha a áireamh orthu) faoin gcéad den mhargadh-luach sin.
(6) I gcás maoine a meastar leis an alt seo leas a bheith inti, beidh éifeacht ag mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Finance Act, 1894, ionann agus dá bhfágfaí an lár “holder of an office, or”.
Leasú ar alt 2 (2) den Finance Act, 1894.
1910, c. 8.
22.—(1) San alt seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” an Finance Act, 1894.
(2) An díolúine ó dhleacht eastáit is infheidhmithe de bhua fho-alt (2) d'alt 2 den Phríomh-Acht, ní bheidh feidhm aici maidir le maoin seachas talamh atá lasmuigh den Stát agus, de réir dlí na tíre ina bhfuil sí, arb éard í nó a meastar gurb éard í maoin do-chorraithe agus a aistreoidh nó a measfar í d'aistriú ar bhás a tharlóidh tar éis dáta an Achta seo a rith más rud é—
(a) gur bás duine é a fuair bás agus sainchónaí air sa Stát agus go n-aistreoidh an mhaoin faoina uacht nó faoina dhíthiomnacht nó trí mharthanas nó go measfar í d'aistriú faoi threoir í a bheith ina hábhar bronntanais inter vivos a rinne sé roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin, nó
(b) go n-aistreoidh an mhaoin nó go measfar í d'aistriú faoi réim nó de bhua diúscartha arna déanamh, cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin é, ag duine a raibh, ar an dáta a ghlac an diúscairt éifeacht, sainchónaí air sa Stát nó sa limistéar a áirítear anois sa Stát nó faoi dhiúscairt arna déanamh, cibé acu roimh dháta an Achta seo é nó dá éis sin go díreach nó go neamhdhíreach, thar ceann duine a raibh sainchónaí air mar a dúradh ar an dáta sin nó ar chostas an duine sin nó as cistí a chuir sé ar fáil.
(3) Ní bheidh feidhm ag mír (b) d'fho-alt (2) den alt seo maidir le bás an diúscróra i gcás—
(a) ina bhfaighidh an diúscróir bás agus sainchónaí air lasmuigh den Stát, agus
(b) inarb éard í an diúscairt bronntanas láithreach inter vivos uaidh roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin.
(4) Maidir le maoin lena mbaineann fo-alt (2) den alt seo, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:
(a) ní bheidh feidhm ag an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (5) d'alt 7 den Phríomh-Acht ná ag fo-alt (3) d'alt 60 den Finance (1909-10) Act, 1910;
(b) i gcás ina raibh an t-éagach inniúil ar an maoin sin a dhiúscairt de réir bhrí an Phríomh-Achta, beidh a sheiceadóir (mar a mhínítear é le mír (d) d'fho-alt (1) d'alt 22 den Acht sin), i dteannta aon duine eile, freagrach i leith na dleachta agus beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt 8 den Phríomh-Acht ionann agus dá bhfágfaí ar lár na focail a thagraíonn don seiceadóir a bheith neamhfhreagrach;
(c) an muirear i leith dleachta ar an gcéanna de bhua fo-alt (1) d'alt 9 den Phríomh-Acht beidh feidhm aige maidir le sócmhainní arb éard iad na fáltais ó aon diúscairt ar an maoin nó a ionadaíonn í ar aon bhealach eile de thuras na huaire go díreach nó go neamhdhíreach agus beidh éifeacht dá réir sin ag an gcoinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin agus ag aon achtachán eile a bhaineann leis an muirear a fhorchuirtear faoin alt sin.
Leathnú ar alt 30 den Acht Airgeadais, 1941, etc.
23.—(1) Más rud é, tar éis dáta an Achta seo a rith, go mbeidh duine a bhfuil leas aige i maoin a fhoirceannfaidh ar bhás mar a mhínítear le halt 27 den Acht Airgeadais, 1941, tar éis an mhaoin nó gach leas nó aon leas eile sa mhaoin sin a fháil, measfar an fáil sin a bheith ina fhoirceannadh ar an leas a fhoirceannfaidh mar a dúradh, de réir bhrí alt 30 den Acht sin.
(2) I gcás fáil lena mbaineann fo-alt (1) den alt seo a bheith déanta, ar mhodh ceannaigh laistigh de chúig bliana ón mbás arb ar a tharlú a d'fhoirceannfadh an leas, ag an éagach nó as aon mhaoin nó trí aon mhaoin a bheadh tar éis aistriú nó a measfaí go raibh sé tar éis aistriú ar a bhás dá mba rud é go bhfuair sé bás díreach roimh an ceannach sin, ansin, chun gach críche dleachta eastáit, measfar suim airgid ar cóimhéid leis an gcomaoin a tugadh i leith an cheannaigh a bheith ina maoin a glacadh faoi dhiúscairt a rinne an t-éagach laistigh de chúig bliana dá bhás a d'airbheartaigh a oibriú mar bhronntanas inter vivos don duine óna ndearnadh an ceannach.
(3) Más rud é—
(a) tráth ar bith tar éis dáta an Achta seo a rith agus laistigh de chúig bliain roimh bhás, ar tráth é nuair a bhí in aon mhaoin leas a d'fhoirceannfadh ar an mbás mar a mhínítear in alt 27 den Acht Airgeadais, 1941, go ndearnadh leas eile sa mhaoin sin feifeach ar an leas, nó faoi réir an leasa a d'fhoirceannfadh amhlaidh a cheannach ag an éagach nó as nó trí aon mhaoin a d'fhoirceannfadh chun críocha dleachta eastáit ar a bhás dá bhfaigheadh sé bás díreach roimh an gceannach,
(b) go n-aistreoidh an leas eile nó go measfar é d'aistriú nó, mura mbeadh forálacha an fho-ailt seo, go n-aistreodh nó go measfaí é d'aistriú amhlaidh ar an mbás chun críocha dleachta eastáit, agus
(c) nach bhfuil feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le ceannach an leasa eile,
measfar go mbeidh ar áireamh sa mhaoin a aistreoidh ar an mbás in áit agus in ionad an leasa eile sin a dúradh suim airgid ar cóimhéid leis an gcomaoin a tugadh i leith an cheannaigh agus eisiafar an leas eile sin a dúradh ón maoin a aistreoidh amhlaidh.
(4) I gcás inarb éard é an leas a fhoirceannfaidh ar bhás lena mbaineann fo-alt (1) nó mír (a) d'fho-alt (3) den alt seo leas go mbeidh an mhaoin ina raibh sé ar marthain le háireamh, ar an leas sin foirceannadh, chun críocha dleachta eastáit, mar mhaoin nach n-aistreodh ach go feadh méid áirithe nó méid theoranta, ansin, chun críche an ailt seo, áireofar go ndearnadh laghdú comhréire ar an gcomaoin i leith an cheannaigh lena mbaineann fo-alt (2) den alt seo nó an mhír sin (a) cibé acu é.
(5) Aon suim airgid a mheasfar faoin alt seo d'aistriú ar bhás déanfar, chun críocha fho-alt (10) d'alt 7 den Finance Act, 1894, í a áireamh mar ní ar leithligh ó aon mhaoin eile a aistreoidh nó a mheasfar d'aistriú ar an mbás.
(6) Aon mhaoin nó aon leas i maoin ab ábhar d'fháil lena mbaineann na fo-ailt sin roimhe seo ní mheasfar, maidir le haon mhaoin eile a aistreoidh nó a mheasfar d'aistriú ar bhás, gur comaoin í de réir bhrí alt 3 den Finance Act, 1894.
Sochair a fhaibhreoidh de bhun scéimeanna aoisliúntais.
1914 (Sess. 1), c. 10.
24.—(1) (a) Beidh éifeacht ag forálacha an fho-ailt seo maidir le sochar báis is iníoctha faoi scéim aoisliúntais neamhranníocach.
(b) Measfar—
(i) chun gach críche dleachta eastáit, gurb éard é sochar báis leas a cheannaigh nó a sholáthraigh an t-éagach agus a d'aistrigh de dhroim diúscairt a rinne sé,
(ii) chun gach críche dleachta comharbais, gurb éard é sochar báis comharbas dhíorthaigh ón éagach mar réamhtheachtaí agus uaidh sin amháin.
(c) I gcás ina mbeidh sochar báis iníoctha le gach duine nó le haon duine amháin nó níos mó d'aicme daoine measfar gach duine ar leithligh acu sin a bheith tar éis teacht chun teideal a bheith aige ar an mbás chun gach íocaíochta a rinneadh leis d'ainneoin gur dílsíodh d'aon duine áirithe cumhacht cheapacháin, roghnaithe nó ainmniúcháin i leith na n-íocaíochtaí.
(d) (i) I gcás nach mó ná £5,000 luach comhiomlán na sochar báis uile is iníoctha ar bhás, beidh na sochair díolmhaithe ó dhleacht eastáit a mhéid a thiocfaidh siad chun bheith iníoctha le baintreach nó leanaí cléithiúnacha, nó chun sochair do bhaintreach nó do leanaí cleithiúnacha, an éagaigh.
(d) (ii) I gcás inar mó ná £5,000 luach comhiomlán sochar báis is iníoctha ar bhás le baintreach nó leanaí cleithiúnacha, nó chun sochair do bhaintreach nó do leanaí cleithiúnacha, an éagaigh, ní rachaidh an dleacht eastáit is inmhuirir i leith na sochar sin thar an méid a bheidh ag an luach comhiomlán sin de bhreis ar £5,000, ach aon laghdú faoin mír seo ar an dleacht is inmhuirir ar shochar báis ní dhéanfaidh sé aon laghdú ar an dleacht eastáit ar mhaoin eile faoi fho-alt (1) d'alt 13 den Finance Act, 1914, nó faoi mhír (b) d'fho-alt (2) nó faoi fho-alt (3) d'alt 13 den Acht Airgeadais, 1955.
(e) I gcás inarbé éard sochar báis maoin seachas airgead, déanfar aon tagairtí san alt seo do shochar a bheith iníoctha nó d'íocaíochtaí a fhorléiriú dá réir sin.
(f) San fho-alt seo—
ciallaíonn “sochar báis” aon sochar a fhaibhreoidh de bhun scéim aoisliúntais ar bhas nó maidir le bás, a tharlóidh tar éis dáta an Achta seo a rith, le linn seirbhíse nó tar éis scoir;
ciallaíonn “an t-éagach” an duine ar ar a bhás nó maidir lena bhás a fhaibhreoidh sochar báis;
ciallaíonn “leanbh cleithiúnach” leanbh (lena n-áirítear leanbh arna uchtáil faoi fhorálacha na nAchtanna Uchtála, 1952 agus 1964) nach raibh sé bliana déag d'aois slán aige ar dháta báis an éagaigh nó a bhí an tráth sin ag fáil teagaisc lánaimsire in aon choláiste ollscoile, scoil nó bunachas eile oideachais;
ciallaíonn “neamhranníocach” maidir le scéim aoisliúntais, nach ndearna an t-éagach aon ranníoc airgid leis an scéim;
folaíonn “scéim aoisliúntais” aon chomhshocraíocht a bhaineann le fostaíocht;
folaíonn “fostaíocht” fostaíocht mar stiúrthóir ar chomhlacht corpraithe.
(2) (a) Beidh feidhm ag forálacha mhír (d) d'fho-alt (1) den alt seo maidir le sochair bháis is iníoctha faoi scéim aoisliúntais seachas scéim aoisliúntais neamhranníocach le baintreach nó leanaí cleithiúnacha, nó chun sochair do bhaintreach nó do leanaí cleithiúnacha, an éagaigh.
(b) San fho-alt seo tá le “sochair bháis”, “scéim aoisliúntais”, “neamhranníocach”, “leanaí cleithiúnacha” agus “an t-éagach” na bríonna céanna atá leo i bhfo-alt (1) den alt seo.
Deireadh leis an gcoinníoll a ghabhann le halt 4 den Finance Act, 1894, ach amháin maidir le maoin áirithe.
25.—(1) Scoirfidh an coinníoll a ghabhann le halt 4 den Finance Act, 1894, d'éifeacht a bheith aige maidir le maoin a aistreoidh nó a mheasfar d'aistriú ar bhás a tharlóidh tar éis dáta an Achta seo a rith.
(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir le maoin a gcruthófar maidir léi chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim nár aistrigh sí agus nach meastar, leis an Acht seo nó le haon Acht eile, gur aistrigh sí faoi dhiúscairt nó go díreach nó go neamhdhíreach de dhroim diúscairt a rinne an t-éagach.
(3) Chun críocha an ailt seo folaíonn “diúscairt” íocaíocht airgid.
Forálacha maidir le polasaithe árachais áirithe.
1889, c. 7.
26.—Maidir le polasaí árachais lena mbaineann fo-alt (1) d'alt 11 den Customs and Inland Revenue Act, 1889, agus a dílsíodh go dochloíte i ndeontaí roimh thosach feidhme na tréimhse (dá ngairtear an tréimhse iomchuí san Acht seo) chúig bliana dar críoch dáta báis an duine árachaithe, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas más tar éis dáta an Achta seo a rith a gheobhaidh an duine árachaithe bás:
(a) déanfar cuid den airgead a gheofar faoin bpolasaí a eisiamh ón maoin a aistreoidh nó a mheasfar d'aistriú ar bhás an duine árachaithe agus is é a bheidh sa chuid sin:
(i) oiread den airgead sin agus is comhionann leis an bpraghas is dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim a rachadh an polasaí dá ndíolfaí é ar an margadh oscailte i dtosach na tréimhse iomchuí, agus
(ii) má ba é a bhí in aon cheann de na préimheanna a íocadh ar an bpolasaí i rith na tréimhse iomchuí préimheanna nár íoc an duine árachaithe, oiread d'iarmhéid an airgid sin agus a mbeidh idir í agus iomlán na hiarmhéide sin an cothrom céanna a bheidh idir iomlán na bpréimheanna sin agus iomlán na bpréimheanna uile a íocadh ar an bpolasaí i gcaitheamh na tréimhse iomchuí;
(b) cibé cuid den airgead a gheofar faoin bpolasaí agus a bheidh fágtha tar éis an eisiaimh faoin mír roimhe seo, déanfar, chun gach críche dleachta eastáit, é a áireamh mar airgead arb éard atá ann nó ar cuid de na bronntanais a mheastar faoin gcéad mhír eile a bheith tugtha ag an duine árachaithe don deontaí,
(c) measfar gur thug an duine árachaithe, ar gach dáta le linn na tréimhse iomchuí ar ar íoc sé préimh ar an bpolasaí, bronntanas don deontaí de cibé méid den chuid sin a luaitear sa mhír roimhe seo den airgead a gheofar faoin bpolasaí a mbeidh idir í agus iomlán na coda sin an cothrom céanna a bheidh idir an bpréimh agus iomlán na bpréimheanna a d'íoc an duine árachaithe ar an bpolasaí i rith na tréimhse iomchuí.
Leasú ar alt 59 den Finance (1909-10) Act, 1910, agus ar achtacháin áirithe eile.
1914 (Sess. 1), c. 10.
27.—(1) I bhfo-alt (1) d'alt 59 den Finance (1909-10) Act, 1910, déantar leis seo “five years” a chur in ionad “three years” sa dá áit ina bhfuil na focail deiridh sin.
(2) I bhfo-alt (2) d'alt 59 den Finance (1909-10) Act, 1910, déantar leis seo “five hundred pounds” a chur in ionad “one hundred pounds”.
(3) Déantar leis seo—
(i) i mír (e) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Finance Act, 1894,
(ii) i mír (b) d'fho-alt (3) d'alt 24 den Acht Airgeadais, 1940,
(iii) i bhfo-alt (4) d'alt 25 den Acht sin,
(iv) i bhfo-alt (2) d'alt 30 den Acht Airgeadais, 1941,
(v) i bhfo-alt (1) d'alt 24 den Acht Airgeadais, 1961, agus
(vi) i mír (b) d'fho-alt (3) den alt sin,
tagairt do chúig bliana a chur in ionad na tagartha do thrí bliana.
(4) Nuair a bheifear, chun críche dleachta eastáit, ag cinneadh luach aon mhaoine a mheasfar d'aistriú ar bhás—
(a) mar mhaoin a glacadh faoi dhiúscairt a airbheartaíonn a oibriú mar bhronntanas láithreach inter vivos de réir brí mhír (c) nó mhír (e) d'fho-alt (1) d'alt 2 den Finance Act, 1894, nó
(b) faoi fhorálacha fho-alt (1) d'alt 30 den Acht Airgeadais, 1941,
ar bás é a tharlóidh sa tríú bliain, sa cheathrú bliain nó sa bhliain deiridh den tréimhse chúig bliana, laghdófar luach príomhúil na maoine—
(i) cúig déag faoin gcéad de, más sa tríú bliain a tharlóidh an bás,
(ii) tríocha faoin gcéad, más sa cheathrú bliain a tharlóidh an bás,
(iii) seasca faoin gcéad, más sa chúigiú bliain a tharlóidh an bás,
San fho-alt seo, ciallaíonn “an tréimhse chúig bliana” an tréimhse chúig bliana dar tosach dáta diúscartha iomchuí maoine nó dáta diúscartha iomchuí nó foirceannta iomchuí an úis theoranta, cibé acu é.
(5) Más rud é, chun críocha dleachta eastáit, gur mó ná £500 luach nó méid comhiomlán bronntanas a tugadh do dheontaí laistigh de chúig bliana roimh bhás an deontóra, ní rachaidh an dleacht eastáit is inmhuirir i leith na mbronntanas thar an tsuim ar mó ná £500 an luach nó an méid sin, ach ní rachaidh aon laghdú faoin bhfo-alt seo ar an dleacht is inmhuirir ar bhronntanas in éifeacht ar aon laghdú ar an dleacht eastáit ar aon mhaoin eile faoi fho-alt (1) d'alt 13 den Finance Act, 1914, nó faoi mhír (b) d'fho-alt (2) nó d'fho-alt (3) d'alt 13 den Acht Airgeadais, 1955.
(6) Ní bheidh éifeacht ag an alt seo ach amháin i gcásanna ina bhfaighidh an t-éagach bás tar éis dáta an Achta seo a rith agus go ndearnadh an diúscairt, an géilleadh, an forcinntiú, an cur i leataobh, an foirceannadh nó an t-idirbheart iomchuí eile tar éis trí bliana nó laistigh de thrí bliana ó dháta an Achta seo a rith.
Leasú ar alt 59 (2) den Finance (1909-10) Act, 1910, ar alt 27 (a) den Acht Airgeadais, 1938, agus ar alt 24 (3) (a) den Acht Airgeadais, 1961.
28.—Maidir le diúscairt arna déanamh nó le bronntanas arna thabhairt roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin, ag duine a gheobhaidh bás tar éis an rite sin—
(i) léifear fomhír (2) d'alt 59 den Finance (1909-10) Act, 1910, ionann agus dá gcuirfí isteach ann díreach i ndiaidh an fhocail “marriage” na focail “to or for the benefit of a party to the marriage or of issue of the marriage,”
(ii) léifear mír (a) d'alt 27 den Acht Airgeadais, 1938, ionann agus dá ndéanfaí “nó a tugadh do pháirtí sa phósadh nó de shliocht an phósta nó a rinneadh chun sochair don chéanna” a chur isteach ann i ndiaidh “i gcomaoin pósta”, agus
(iii) léifear mír (c) d'fho-alt (3) d'alt 24 den Acht Airgeadais, 1961, ionann agus dá ndéanfaí “le páirtí sa phósadh nó de shliocht an phósta nó chun sochair don chéanna” a chur isteach ann i ndiaidh “i gcomaoin pósta.”
Laghdú ar dhleacht eastáit.
29.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “sochar” an mhaoin go léir agus gach leas i maoin a aistreoidh nó a fhaibhreoidh chun cleithiúnaí ar bhás an éagaigh arb ina leith is iníoctha dleacht eastáit;
ciallaíonn “leanbh” leanbh (lena n-áirítear leanbh arna uchtáil faoi fhorálacha na nAchtanna Uchtála, 1952 agus 1964) leis an éagach a bhí beo tráth a bháis agus nach raibh sé bliana déag d'aois slán aige an tráth sin nó a bhí an tráth sin ag fáil teagaisc lánaimsire in aon choláiste ollscoile, scoil nó bunachas eile oideachais;
ciallaíonn “éagach” duine a gheobhaidh bás tar éis dáta an Achta seo a rith agus sainchónaí air sa Stát;
ciallaíonn “cleithiúnaí” an bhaintreach nó leanbh;
ach amháin i bhfo-alt (4), ciallaíonn “baintreach” baintreach an éagaigh.
(2) I gcás inarb ían bhaintreach an t-aon chleithiúnaí amháin a bheidh i dteideal sochair ar bhás an éagaigh, déanfar aon dleacht eastáit is iníoctha i leith an tsochair sin a laghdú de shuim £250 maraon le suim £150 i leith gach linbh.
(3) Má bhíonn níos mó ná cleithiúnaí amháin, lena n-áirítear an bhaintreach, i dteideal sochar, déanfar aon dleacht eastáit is iníoctha i leith na sochar sin a laghdú na méideanna seo a leanas:
(a) i gcás sochar na baintrí, de shuim £250 mar aon le suim £150 i leith gach linbh nach mbeidh i dteideal sochair;
(b) i gcás sochair linbh, de shuim £150.
(4) I gcás inar bhaintreach í an t-éagach, déanfar aon dleacht eastáit is iníoctha i leith sochair a laghdú de shuim £150.
(5) Beidh éifeacht ag fo-ailt (2) go (4) den alt seo faoi réir an choinníll—
(a) i gcás nach ndéanfaidh dliteanas i leith dleacht eastáit a éireoidh i ndáil le bás an éagaigh difear do mhéid sochair, nach ndéanfar aon laghdú faoi na fo-ailt sin i leith an tsochair sin;
(b) i gcás ina ndéanfaidh dliteanas den sórt sin difear do mhéid sochair agus gur lú an difear a dhéanfar dó amhlaidh ná méid an laghdaithe sin faoi na fo-ailt sin i leith an tsochair ab iomchuí ar leithligh ón mír seo, go ndéanfar an lagdhú faoi na fo-ailt sin i leith an tsochair a laghdú go dtí an méid sin.
(6) Beidh éifeacht ag fo-ailt (2) go (5) den alt seo faoi réir an choinníll nach mbeidh feidhm acu i gcás inar mó ná £15,000 glanluach na maoine go léir a aistreoidh nó a mheasfar d'aistriú ar bhás an éagaigh arb ina leith is iníoctha dleacht eastáit.
Dleacht leagáide agus dleacht comharbais ar ceal i gcásanna áirithe.
30.—(1) Ní bheidh an dleacht leagáide ná an dleacht comharbais is iníoctha de réir ráta aon faoin gcéad ná an dleacht comharbais bhreise de réir ráta deich scilling faoin gcéad inmhuirir ar leagáid a ghabhfar ó thiomnóir nó ó dhíthiomnóir a gheobhaidh bás tar éis dáta an Achta seo a rith ná ní bheidh an céanna inmhuirir ar chomharbas a bhronnfar tar éis dáta an rite sin.
(2) Chun críocha an ailt seo folaíonn “leagáid” iarmhar agus cion d'iarmhar.
(3) Ní oibreoidh na forálacha roimhe seo den alt seo chun cosc a chur le díolúine a dheonú a bheadh dleathach dá mba nár achtaíodh an t-alt seo.
CUID IV.
Dleachtanna Stampa.
Faoiseamh ó dhleacht stampa caipitil agus aistrithe i gcás cuideachtaí a athchóiriú nó a chónascadh.
1891, c. 39.
1895, c. 16.
31.—(1) I gcás ina suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go bhfuil scéim ann le haghaidh athchóiriú bona fide aon chuideachta nó cuideachtaí nó cónascadh aon chuideachtaí agus, i ndáil leis an scéim, go bhfuil na coinníollacha seo a leanas ann, is é sin le rá—
(a) go bhfuil cuideachta le dliteanas teoranta le clárú, nó ó dháta an Achta seo a rith gur bunaíodh cuideachta le hAcht ón Oireachtas, nó gur méadaíodh scairchaipiteal ainmniúil cuideachta;
(b) go bhfuil an chuideachta (dá ngairtear an chuideachta is aistrí san alt seo) le clárú nó go bhfuil sí bunaithe nó tar éis a caipiteal a mhéadú d'fhonn gnóthas cuideachta láithrí áirithe nó nócha faoin gcéad ar a laghad de scairchaipiteal eisithe na cuideachta sin a fháil;
(c) gurb é atá sa chomaoin i leith na fála (ach amháin cibé méid di arb é atá ann dliteanais na cuideachta láithrí a aistriú chun na cuideachta is aistrí nó an chuideachta is aistrí do ghlanadh na ndliteanas sin), maidir le nócha faoin gcéad ar a laghad den chéanna—
(i) i gcás inar gnóthas atáthar chun a fáil, eisiúint scaireanna sa chuideachta is aistrí chun na cuideachta láithrí nó chun sealbhóirí scaireanna sa chuideachta láithreach; nó
(ii) i gcás inar scaireanna atáthar chun a fáil, eisiúint scaireanna sa chuideachta is aistrí chun na sealbhóirí scaireanna sa chuideachta láthreach mar mhalairt ar na scaireanna a shealbhaíodar sa chuideachta láithreach,
ansin, faoi réir forálacha an ailt seo—
(A) déanfar scairchaipiteal ainmniúil na cuideachta is aistrí, nó an méid a méadaíodh caipiteal na cuideachta is aistrí, cibé acu é, a áireamh, d'fhonn an dleacht stampa is inmhuirir i leith an chaipitil sin a ríomh, mar scairchaipiteal ainmniúil arna laghdú—
(I) méid is comhionann le méid scairchaipitil na cuideachta láithrí nó, i gcás cuid de ghnóthas a fháil, méid is comhionann leis an gcionúireacht den scairchaipiteal sin agus a bheidh idir luach na coda sin den ghnóthas agus luach iomlán an ghnóthais; nó
(II) méid a bheidh le creidiúnú mar mhéid a bheidh íoctha ar na scaireanna a bheidh le heisiúint mar chomaoin den sórt sin a dúradh ar na scaireanna, más ann, atá le heisiúint chun creidiúnaithe na cuideachta láithrí i gcomaoin fiacha (cibé acu urraithe nó neamhurraithe) a scaoileadh atá dlite nó ag faibhriú chun bheith dlite dóibh ón gcuideachta láithreach nó ar na fiacha sin a shannadh don chuideachta is aistrí,
cibé méid acu is lú; agus
(B) ní bheidh dleacht stampa faoin gceannteideal “Conveyance or Transfer on Sale” sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, inmhuirir ar aon ionstraim arna déanamh le haghaídh, aistriú nó i ndáil le haistriú an ghnóthais nó na scaireanna, ná ar aon ionstraim arna déanamh le haghaidh aon fhiacha, urraithe nó neamhurraithe, leis an gcuideachta láithreach nó i ndáil le haon fhiacha den sórt sin a shannadh don chuideachta is aistrí, ná ní bheidh aon dleacht den sórt sin inmhuirir faoi alt 12 den Finance Act, 1895, ar chóip d'aon Acht den Oireachtas, ná ar aon ionstraim ag dílsiú, nó a bhaineann le dílsiú, an ghnóthais nó scaireanna sa chuideachta is aistrí:
Ar choinníoll—
(a) nach measfar aon ionstraim den sórt sin a bheith stampáilte go cuí mura mbeidh sí stampáilte leis an dleacht ab inmhuirir uirthi, mura mbeadh an t-alt seo, nó go mbeidh sí stampáilte de réir forálacha alt 12 den Stamp Act, 1891, le stampa áirithe á chur in iúl nach inmhuirir aon dleacht uirthi nó go bhfuil sí stampáilte go cuí; agus
(b) i gcás ionstraime arna déanamh le haghaidh aistriú, nó i ndáil le haistriú, chun cuideachta de réir bhrí Acht na gCuideachtaí, 1963, nach mbeidh feidhm ag forálacha mhír (B) den fho-alt seo mura rud é—
(i) go ndearnadh an ionstraim a fhorghníomhú laistigh de thréimhse dhá mhí dhéag ó dháta cláraithe na cuideachta is aistrí nó ó dháta an rúin le haghaidh scairchaipiteal ainmniúil na cuideachta is aistrí a mhéadú, de réir mar a bheidh; nó
(ii) go ndearnadh an ionstraim d'fhonn tíolacas nó aistriú a dhéanamh de bhun comhaontú a comhdaíodh, nó ar comhdaíodh sonraí ina leith, le cláraitheoir na gcuideachtaí laistigh den tréimhse dhá mhí dhéag sin; agus
(c) ach amháin maidir le fiacha atá dlite do bhainc nó do chreidiúnaithe trádála, nach mbeidh feidhm maidir le fiacha faoina ndeachthas dáta is giorra ná dhá bhliain roimh an tráth cuí chun éileamh ar dhíolúine faoin alt seo a dhéanamh, ag an bhforáil sin roimhe seo maidir le fiacha na cuideachta láithrí a urscaoileadh agus a shannadh.
(2) Chun críocha éilimh ar dhíolúine faoi mhír (B) d'fho-alt (1) den alt seo, déanfar cuideachta a d'eisigh aon scairchaipiteal neamheisithe i ndáil le scéim athchóirithe nó cónasctha a áireamh mar chuideachta a mhéadaigh a scairchaipiteal ainmniúil.
(3) Ní mheasfar cuideachta a bheith ina cuideachta láithreach áirithe de réir brí an ailt seo mura bhforálann meabhrán comh lachais nó Acht bunaithe na cuideachta is aistrí gur ceann de na cuspóirí dar foirmíodh an chuideachta gnóthas na cuideachta láithrí nó scaireanna inti a fháil, nó mura léir ón rún, ón Acht, nó ón údarás eile le haghaidh caipiteal na cuideachta is aistrí a mhéadú gur chuige a údaraíodh an méadú gnóthas na cuideachta láithrí, nó scaireanna inti a fháil.
(4) I gcás ina mbeifear chun gnóthais i dhá chuideachta nó níos mó nó scaireanna iontu a fháil, ríomhfar ar leithligh maidir le gach cuideachta acu sin méid an laghdaithe a bheidh le lamháil faoin alt seo maidir leis an dleacht stampa is inmhuirir i leith scairchaipiteal ainmniúil nó an mhéadaithe ar chaipiteal cuideachta.
(5) (a) I gcás ina ndéanfar éileamh ar dhíolúine faoin alt seo, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a cheangal go seachadfar dóibh dearbhú reachtúil i cibé foirm a ordóidh siad, arna dhéanamh ag aturnae de chuid na gCúirteanna Breithiúnais agus cibé fianaise eile, más ann, a iarrfaidh siad.
(b) Is cumhachtaí i dteannta agus ní cumhachtaí in ionad na gcumhachtaí a thugtar do na Coimisinéirí Ioncaim le halt 12 den Stamp Act, 1891, na cumhachtaí a thugtar dóibh le mír (a) den fho-alt seo.
(6) Más rud é—
(a) i gcás inar géilleadh aon éileamh ar dhíolúine ó dhleacht faoin alt seo, go bhfaighfear amach dá éis sin go raibh aon dearbhú nó fianaise eile a tugadh ag tacú leis an éileamh gan bheith fíor in aon phonc ábhartha, nó nach ndearnadh na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo a chomhlíonadh san athchóiriú nó sa chónascadh mar a rinneadh é iarbhír; nó
(b) i gcás inar eisíodh scaireanna sa chuideachta is aistrí chun na cuideachta láithrí i gcomaoin na fála, go scoirfidh an chuideachta láithreach laistigh de thréimhse dhá bhliain ó dháta cláraithe nó bunaithe na cuideachta is aistrí nó ó dháta an údaraithe i leith méadú caipitil na cuideachta sin, cibé acu é, ar shlí seachas de dhroim athchóirithe, cónasctha nó leachtaithe, de bheith ina húinéir tairbhiúil ar na scaireanna a eisíodh amhlaidh chuici; nó
(c) i gcás ina mbeidh aon díolúine den sórt sin lamháilte maidir le fáil scaireanna i gcuideachta eile ag an gcuideachta is aistrí, go scoirfidh an chuideachta is aistrí, laistigh de thréimhse dhá bhliain ó dháta cláraithe nó bunaithe na cuideachta sin nó ó dháta an údaraithe i leith méadú caipitil na cuideachta sin, cibé acu é, ar shlí seachas de dhroim athchóirithe, cónasctha nó leachtaithe, de bheith ina húinéir tairbhiúil ar na scaireanna a fuarthas amhlaidh;
measfar nach ndearnadh an díolúine a lamháil, agus beidh méid is comhionann leis an dleacht a loghadh ina fiach láithreach a bheidh dlite ón gcuideachta is aistrí don Aire Airgeadais chun sochair an Phríomh-Chiste agus beidh sí iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim agus beidh an méid sin (mar aon le hús air de réir ráta cúig faoin gcéad sa bhliain i gcás dleacht a loghadh faoi mhír (A) d'fho-alt (1) den alt seo ó dháta cláraithe nó bunaithe na cuideachta is aistrí nó ó dháta méadaithe a caipitil, cibé acu é, agus i gcás dleacht a loghadh faoi mhír (B) den fho-alt sin nó dáta a thiocfadh sé chun beith inmhuirir dá mba nár ritheadh an tAcht seo) inghnóthaithe ar agra an Ard-Aighne in aon chúirt dlínse inniúla.
(7) Más rud é i gcás aon scéim athchóirithe nó chónasctha gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim go raibh, an tráth cuí chun éileamh ar dhíolúine ó dhleacht faoi fho-alt (1) den alt seo a dhéanamh, na coinníollacha riachtanacha uile ann le haghaidh na díolúine sin seachas an coinníoll go ndéanfadh an chuideachta is aistrí nócha faoin gcéad ar a laghad de scairchaipiteal eisithe na cuideachta láithrí a fháil, féadfaidh na Coimisinéirí, má chruthaítear chun a sástachta go ndearnadh nócha faoin gcéad ar a laghad de chaipiteal eisithe na cuideachta láithrí a fháil faoin scéim laistigh de thréimhse sé mhí ón dáta is túisce den dá dháta seo a leanas, is é sin le rá—
(a) lá deiridh na tréimhse míosa tar éis an chéad leithroinnt scaireanna a rinneadh chun críocha na fála; nó
(b) an dáta a eisíodh cuireadh chun scairshealbhóirí na cuideachta láithrí chun scaireanna a ghlacadh sa chuideachta is aistrí;
agus ar na hionstraimí ar ar stampáladh an dleacht a íocadh a thabhairt ar aird, cibé méid dleachta a aisíoc a loghfaí dá mba rud é gur comhlíonadh an coinníoll sin i gcéaduair.
(8) San alt seo, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—
folaíonn tagairtí do ghnóthas cuideachta láithrí tagairtí do chuid de ghnóthas cuideachta láithrí;
folaíonn “scaireanna” stoc.
CUID V.
Cáin Bhrabús Corparáide.
Díolúintí áirithe ó cháin bhrabús corparáide do leanúint i bhfeidhm.
32.—Na díolúintí ó cháin bhrabús corparáide a shonraítear i bhfo-alt (1) d'alt 33 den Acht Airgid, 1929, tabharfar iad i leith na tréimhse dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1965, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1967.
Faoiseamh onnmhairí.
33.—(1) San alt seo ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956.
(2) I bhfomhír (b) den mhiniú ar “tréimhse chuntasaíochta” a cuireadh de mhalairt i bhfo-alt (2) d'alt 28 den Acht Airgeadais, 1960, cuirfear “an 6ú lá d'Aibreán, 1970” in ionad “an 6ú lá d'Aibreán, 1965”.
(3) Más rud é, ar leithligh ó fhorálacha an ailt seo, go mbeidh cuideachta i dteideal faoisimh faoi Chuid III den Acht, de bhua fho-alt (2) d'alt 29 den Acht Airgeadais, 1960, maidir le haon tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta a chríochnóidh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1975, féadfaidh an chuideachta, in ionad an fhaoisimh sin, faoiseamh a éileamh faoi fho-alt (1) nó faoi fho-alt (3) d'alt 13 den Acht ionann agus dá mba thréimhse chuntasaíochta de réir brí alt 10 den Acht an tréimhse chuntasaíochta sin nó an chuid sin de thréimhse chuntasaíochta.
(4) I gcás ina mbeidh cuideachta tar éis faoiseamh a fháil faoi Chuid III den Acht de bhua fho-alt (3) den alt seo agus go mbeidh sí ina dhiaidh sin i dteideal faoisimh faoi fho-alt (2) d'alt 29 den Acht Airgeadais, 1960, deonófar an faoiseamh sin is déanaí a luaitear ionann agus dá mba rud é go raibh aon tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta ar tugadh faoiseamh ina leith de bhua fho-alt (3) den alt seo ar áireamh sa tréimhse arb ionann í agus tréimhsí cuntasaíochta na cuideachta de réir brí alt 10 den Acht.
Ar choinníoll nach dtabharfar aon fhaoiseamh maidir le haon tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta a thosóidh tráth is déanaí ná cúig bliana déag tar éis an lae óna raibh teideal i gcéaduair ag an gcuideachta chun faoiseamh a éileamh faoi Chuid III den Acht ná maidir le haon tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta a thosóidh tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1980.
Deireadh le halt 14 den Acht Airgeadais, 1944.
34.—Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 14 den Acht Airgeadais, 1944, maidir le haon tréimhse chuntasaíochta dar críoch dáta tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1964.
Forálacha maidir le Cuid IX den Acht Airgeadais, 1963.
35.—(1) Más rud é, faoi aon cheann d'fhorálacha alt 86, 86A nó 86B den Acht Airgeadais, 1963, go mbeidh aon mhéid le háireamh chun críocha cánach ioncaim mar ioncam de chuid chuideachta, áireofar an méid sin chun críocha cánach brabús corparáide ionann agus dá mbeidh sí faighte ag an gcuideachta, ar an dáta ar faoina threoir a bheidh sé le háireamh mar ioncam chun críocha cánach ioncaim, mar bhrabúis nó gnóchan ó thailte, tionóntáin nó oidhreachtáin is cuid de shócmhainní na cuideachta.
(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) den alt seo maidir le haon tréimhse chuntasaíochta a chríochnóidh an 1ú lá d'Eanáir, 1965, nó dáta dá éis.
CUID VI.
Cáin Láimhdeachais.
Leasú ar alt 47 den Acht Airgeadais, 1963.
36.—Déantar leis seo, le héifeacht amhail ar an agus ón 12ú lá de Bhealtaine, 1965, an fo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (4) d'alt 47 den Acht Airgeadais, 1963:
“(4) I gcás ina ndéanfaidh club nó comhlacht eile daoine earraí nó seirbhísí a sholáthar i leith íocaíocht airgid ó aon chuid dá chomhaltaí, ansin, chun críocha na Coda seo den Acht seo,—
(a) i gcás earraí a sholáthar, áireofar gurb ionann an soláthar agus na hearraí a dhíol i gcúrsa gnó, gurb ionann na t-airgead agus airgead a fuarthas i leith an díola, agus gurb é an club nó an comhlacht eile daoine an díoltóir, agus
(b) i gcás seirbhísí a sholáthar, áireofar gur soláthar i gcúrsa gnó an soláthar.”
Leasú ar alt 48 den Acht Airgeadais, 1963.
37.—(1) Déantar leis seo, le héifeacht amhail ar an agus ón 12ú lá de Bhealtaine, 1965, an fo-alt seo a leanas a chur isteach in alt 48 den Acht Airgeadais, 1963, i ndiaidh fho-alt (1):
“(1A) Más rud é, in aon cheann de na cásanna dá luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo, go bhfuil an ceart chun an t-iomlán nó aon chuid den airgead is iníoctha i leith na gníomhaíochta iomchuí a ghlacadh dílsithe do dhuine nó go dtiocfaidh sé chun bheith dílsithe do dhuine seachas an duine a shonraítear san fho-alt sin mar an duine a bheidh freagrach, beidh an duine dá mbeidh an ceart sin dílsithe nó a dtiocfaidh an ceart sin chun bheith dílsithe dó freagrach agus faoi dhliteanas i leith cáin a íoc ar cibé airgead a gheobhaidh sé maidir leis an ngníomhaíocht.”
(2) Déantar leis seo “£150” a chur in ionad “£100” i mír (c) agus i mír (f) d'fho-alt (3) d'alt 48 den Acht Airgeadais, 1963.
(3) Déantar leis seo an mhír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (3) d'alt 48 den Acht Airgeadais, 1963, i ndiaidh mhír (f):
“(g) I gcás ina ndíolfaidh feirmeoir nó iascaire a tháirge féin nó aon chuid de ar mionreic, ar shlí seachas i ndáil le gnó siopa nó gnó mionreaca dá shamhail a sheoladh, ní bheidh cáin inmhuirir ná ní bheidh sé freagrach i gcáin maidir leis an díol mionreaca sin mura rud é go rachaidh nó go dtí go rachaidh an t-airgead a gheobhaidh sé i leith an chéanna thar £150 i ngach mí de dhá mhí as a chéile agus tiocfaidh sé ansin chun bheith freagrach i gcáin díreach ar an dara mí a bheith caite; ach idir an dá linn ní chuirfear an t-airgead sin san áireamh chun críocha mhír (c) den fho-alt seo.”
(4) Tiocfaidh na leasuithe a shonraítear i bhfo-ailt (2) agus (3) den alt seo i ngníomh—
(a) má ritear an tAcht seo roimh mí Iúil, 1965, nó sa mhí sin—ar an lú lá de Lúnasa, 1965, agus
(b) má ritear é i mí Lúnasa, 1965, nó dá éis sin— an lú lá den mhí i ndiaidh na míosa ina rithfear é.
Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1963.
38.—(1) Déantar leis seo “seachas díol mionreaca” a chur in ionad “ar shlí seachas i ndáil le gnó siopa nó gnó mionreaca dá shamhail a sheoladh” sa dara mír den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1963.
(2) Tiocfaidh an leasú a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt seo i ngníomh—
(a) má ritear an tAcht seo roimh mí Iúil, 1965, nó sa mhí sin —ar an lú lá de Lúnasa, 1965, agus
(b) má ritear é i mí Lúnasa, 1965, nó dá éis sin— an lú lá den mhí i ndiaidh na míosa ina rithfear é.
Cinneadh i dtaobh gníomhaíocht a bheith díolmhaithe.
39.—(1) I gcás—
(a) inar dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim (cibé acu ar eolas a chur in iúl dóibh is eolas a tugadh dóibh de réir na rialachán iomchuí le haghaidh dliteanais an duine lena mbaineann i leith cánach a fháil amach nó ar aon bhealach eile) go ndearnadh airgead a asbhaint, agus láimhdeachas inchánach duine fhreagraigh á ríomh i leith aon mhíosa áirithe, ar an bhforas gur gníomhaíocht dhíolmhaithe de réir brí fho-alt (2) d'alt 48 den Acht Airgeadais, 1963, an ghníomhaíocht ar maidir léi a fuarthas an t-airgead, agus
(b) inarb é tuarim na gCoimisinéirí Ioncaim nach gníomhaíocht dhíolmhaithe den sórt sin an ghníomhaíocht dhíolmhaithe sin,
féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, dá rogha féin agus gan dochar d'aon ní eile a fhéadfaí a dhéanamh, fógra a sheirbheáil ar an duine ina sonrófar—
(i) an asbhaint is dóigh leo nár chóir a dhéanamh agus láimhdeachas inchánach á ríomh i leith na míosa a bhí i gceist, agus
(ii) an cháin bhreise ab iníoctha dá mba rud é nach ndearnadh an asbhaint sin.
(2) I gcás ina seirbheálfar fógra ar dhuine freagrach faoi fho-alt (1) den alt seo—
(a) féadfaidh an duine, má éilíonn sé go mbaineann an asbhaint a shonraítear san fhógra le gníomhaíocht dhíolmhaithe de réir brí fho-alt (2) d'alt 48 den Acht Airgeadais, 1963, a cheangal trí fhógra i scríbhinn a thabharfar do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh den tréimhse cheithre lá dhéag ó sheirbheáil an fhógra, go ndéanfar an t-éileamh a tharchur chun na gCoimisinéirí Speisialta Cánach Ioncaim lena chinneadh,
(b) ar bheith caite don tréimhse sin, mura gceanglaítear aon éileamh den sórt sin a tharchur amhlaidh, nó, má cheanglaítear éileamh den sórt sin a tharchur amhlaidh, ar na Coimisinéirí Speisialta Cánach Ioncaim do dhéanamh cinneadh in aghaidh an éilimh, beidh an cháin bhreise a shonraítear san fhógra inghnóthaithe sa tslí chéanna agus leis na himeachtaí céanna agus bheadh dá mba rud é gur chuir an duine sonraí ar aghaidh, de réir na rialachán iomchuí, á thaispeáint go raibh an cháin sin dlite de.
(3) Féadfaidh fógra a sheirbheálfar faoi fho-alt (1) den alt seo baint le dhá mhí nó níos mó agus le dhá asbhaint nó níos mó in aon mhí áirithe.
Nós imeachta i gcás ina gceanglófar éileamh a tharchur chun na gCoimisinéirí Speisialta Cánach Ioncaim.
40.—(1) Beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas maidir le héilimh a cheanglófar a tharchur chun na gCoimisinéirí Speisialta Cánach Ioncaim faoi mhír (a) d'fho-alt (2) d'alt 54 den Acht Airgeadais, 1963, nó faoi mhír (a) d'fho-alt (2) d'alt 39 den Acht seo:
(a) déanfaidh na Coimisinéirí Speisialta Cánach Ioncaim ó am go ham tráthanna agus áiteanna a cheapadh le haghaidh éilimh a éisteacht agus tabharfaidh Cléireach na gCoimisinéirí Speisialta fógra i dtaobh na dtráthanna agus na n-áiteanna sin do na Coimisinéirí Ioncaim;
(b) tabharfaidh na Coimisinéirí Ioncaim fógra i scríbhinn do gach duine (seachas duine ar déileáladh lena éileamh mar éileamh arna chinneadh de réir fho-alt (2) den alt seo) a mbeidh fógra éilimh tugtha aige i dtaobh an trátha agus na háite a bheidh ceaptha le haghaidh a éileamh a éisteacht;
(c) féadfaidh Coimisinéir Speisialta amháin éileamh a éisteacht agus a chinneadh;
(d) má fhaillíonn nó má dhiúltaíonn duine a mbeidh fógra éilimh tugtha aige teacht i láthair os comhair na gCoimisinéirí Speisialta an tráth agus san áit a ceapadh chun éilimh a éisteacht, déileálfar leis an éileamh ionann agus dá mba rud é gur thug na Coimisinéirí Speisialta Cánach Ioncaim cinneadh ina choinne an tráth a bhí ceaptha amhlaidh;
(e) má shuítear trí iarratas i scríbhinn chun sástacht na gCoimisinéirí Speisialta Cánach Ioncaim gur coisceadh duine ar bith mar gheall ar asláithreacht, breoiteacht nó cúis réasúnach eile ó fhógra éilimh a thabhairt i dtráth cuí nó ó bheith i láthair ag éisteacht an éilimh an lá a bhí socair chuige sin, féadfaidh siad an tréimhse le haghaidh fógra éilimh a fhadú nó éisteacht a éilimh a iarchur go ceann cibé tréimhse réasúnaí is dóigh leo is gá nó féadfaidh siad a cheadú go bhféadfaidh aon ghníomhaire a bheidh údaraithe thar a cheann an t-éileamh a dhéanamh;
(f) féadfaidh cigire cánach nó cibé oifigeach eile a cheapfaidh na Coimisinéirí Ioncaim chuige sin bheith i láthair ag gach éisteacht ar éileamh agus beidh sé i dteideal—
(i) bheidh i láthair an t-am go léir a bheith an éisteacht ar siúl agus nuair a chinnfear an t-éileamh,
(ii) aon fhianaise dhleathach i gcoinne an éilimh a thabhairt ar aird, agus
(iii) cúiseanna a lua in aghaidh an éilimh;
(g) tabharfaidh na Coimisinéirí Speisialta Cánach Ioncaim cead d'aon abhcóide nó aturnae pléadáil os a gcomhair thar ceann an éilitheora nó thar ceann na gCoimisinéirí Ioncaim, viva voce nó i scríbhinn, agus éistfidh siad aon chuntasóir, is duine lenar glacadh mar chomhalta de chumann corpraithe cuntasóirí;
(h) más dóigh leis na Coimisinéirí Speisialta Cánach Ioncaim a éistfidh an t-éileamh, nó más dóigh le tromlach de na Coimisinéirí sin, de dhroim an t-éilitheoir a scrúdú faoi mhionn nó faoi dhearbhasc, nó de thoradh aon fhianaise dleathaí, gur éileamh cóir an t-éileamh, cinnfidh siad i bhfabhar an éilimh ach in aon chás eile cinnfidh siad in aghaidh an éilimh;
(i) i gcás ina mbeidh na Coimisinéirí Speisialta Cánach Ioncaim tar éis aird a thabhairt ar éileamh agus, tar éis dóibh argóint ar an éileamh a éisteacht, go mbeidh siad tar éis a gcinneadh a iarchur d'fhonn an argóint a bhreithniú nó d'fhonn caoi a thabhairt don éilitheoir tuilleadh fianaise nó argóna a chur faoina mbráid i scríbhinn, féadfaidh na Coimisinéirí Speisialta, mura dóigh leo gur gá éisteacht eile, a chur faoi deara go gcuirfear a gcinneadh leis an bpost go dtí an t-éilitheoir agus go dtí na Coimisinéirí Ioncaim;
(j) i gcás ina mbeidh na Coimisinéirí Speisialta tar éis éileamh a chinneadh, beidh a gcinneadh ina chinneadh críochnaitheach dochloíte, ach amháin go mbeidh feidhm, le haon mhodhnuithe is gá, ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hathéisteacht achomhairc agus le cás a shonrú le haghaidh tuairim na hArd-Chúirte ar phonc dlí, sa tslí chéanna agus bheadh feidhm acu i gcás achomhairc i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim.
(2) Má rinne duine éileamh faoi mhír (a) d'fho-alt (2) d'alt 39 den Acht seo agus tráth ar bith roimh an tráth a bheidh ceaptha le haghaidh éisteacht a éilimh ag na Coimisinéirí Speisialta Cánach Ioncaim, go gcuirfidh seisean nó duine ag gníomhú thar a cheann maidir leis an éileamh in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim, i scríbhinn, nach dteastaíonn uaidh dul ar aghaidh lena éileamh, déileálfar leis an éileamh ionann agus dá mba rud é go ndearna na Coimisinéirí Speisialta Cánach Ioncaim cinneadh ina choinne ar an dáta a chuir sé é sin in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim.
CUID VII.
Brabúis nó Gnóchan ó Dhéileáil i d Talamh nó ón a Fhorbair: Cáin ioncaim agus forcháin.
Léiriú (Cuid VII).
41.—(1) Sa chuid seo den Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—
ciallaíonn “rialú”, maidir le comhlacht corpraithe, cumhacht duine chun a áirithiú, trí scaireanna a shealbhú nó cumhacht vótála a bheith aige sa chomhlacht corpraithe sin nó maidir leis nó in aon chomhlacht corpraithe eile nó maidir leis, nó de bhua aon chumhachtaí a thugtar leis na hairteagail chomhlachais nó le haon doiciméad eile ag rialáil an chomhlachta chorpraithe sin nó aon chomhlachta chorpraithe eile, go stiúrfar cúrsaí an chomhlachta chorpraithe chéadluaite de réir mar a theastaíonn ón duine sin agus, maidir le comhpháirtíocht, ciallaíonn sé an ceart chun scair is mó ná leath sócmhainní, nó is mó ná leath ioncaim, na comhpháirtíochta;
ciallaíonn “forbhairt”, maidir le haon talamh, aon fhoirgneamh ar an talamh a fhoirgniú, a scartáil, a mhéadú, a athrú nó a athfhoirgniú nó aon oibríocht innealltóireachta nó oibríocht eile a dhéanamh i dtalamh, ar thalamh, thar talamh nó faoi thalamh d'fhonn é a oiriúnú le haghaidh úsáide is athrú ábhartha; agus forléireofar dá réir sin “forbhairt” ar feadh a réime;
folaíonn “talamh” aon leas i dtalamh;
ciallaíonn “margadh-Juach”, maidir le haon mhaoin, an praghas a mbeadh súil réasúnach leis a rachadh an mhaoin sin dá ndíolfaí í ar an margadh oscailte;
tá le “stoc trádála” an bhrí chéanna atá le “trading stock” i Riail 19 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D;
aon tagairt do leas i dtalamh a dhiúscairt folaíonn sí tagairt do leas a bhunú agus aon tagairt do leas a fháil i dtalamh folaíonn sí tagairt do leas a fháil a scoirfidh ar an bhfáil;
aon tagairt do phraghas nó do chomaoin maidir le leas i dtalamh a fháil nó a dhiúscairt déanfar, i gcás ina ndeonófar léas, í a fhorléiriú mar thagairt don fhíneáil, don phréimh nó don tsuim dá samhail is iníoctha i leith deonú an léasa.
(2) Chun críocha na Coda seo den Acht seo—
(a) aon tíolacadh nó aistriú ar mhodh urrúis a dhéanfar ar aon leas in aon talamh nó aon léas ar thalamh a dheonófar, ar cíos arb é an t-aon chomaoin airgid amháin é, ní mheasfar go bhfuil ar áireamh ann leas i dtalamh a fháil nó a dhiúscairt, agus
(b) aon rogha nó ceart eile chun aon leas in aon talamh a fháil nó a dhiúscairt measfar gur leas sa talamh é,
(3) (a) Ceist ar bith i dtaobh baint a bheith ag duine le duine eile déanfar chun críche na Coda seo den Acht seo í a chinneadh de réir na míreanna seo a leanas den fho-alt seo, agus aon fhoráil go bhfuil baint ag duine amháin le duine eile glacfar leis go gciallaíonn sé go bhfuil baint acu lena chéile.
(b) Tá baint ag duine le pearsa aonair más é an duine sin fearchéile nó banchéile na pearsan aonair, nó más duine gaoil é, nó más fearchéile nó banchéile duine gaoil é leis an bpearsa aonair nó le fearchéile nó le banchéile na pearsan aonair.
(c) Tá baint ag duine, ina cháil mar iontaobhaí comhshocraíochta, le haon phearsa aonair is socraitheoir maidir leis an gcomhshocraíocht, agus le haon duine a bhfuil baint aige le pearsa aonair den sórt sin.
(d) Tá baint ag duine le haon duine lena bhfuil sé i gcomhpháirtíocht, agus le fearchéile nó le banchéile nó le duine gaoil aon phearsan aonair lena bhfuil sé i gcomhpháirtíocht.
(e) Tá baint ag cuideachta le cuideachta eile—
(i) más ag an duine céanna atá rialú an dá chuideachta nó más ag duine amháin atá rialú cheann acu agus gur'b ag daoine a bhfuil baint acu leis atá rialú ar an gceann eile nó gurb aige féin agus ag daoine a bhfuil baint acu leis atá rialú ar an gceann eile; nó
(ii) más ag grúpa beirte nó níos mó daoine atá rialú gach cuideachta, agus gurb iad na daoine céanna atá sna grúpaí nó go bhféadfaí a mheas gurb iad na daoine céanna atá iontú trí dhuine i gceachtar grúpa a áireamh (i gcás amháin nó níos mó) mar dhuine a bhfuil duine lena bhfuil baint aige curtha ina ionad.
(f) Tá baint ag cuideachta le duine eile, más ag an duine sin atá rialú uirthi nó más ag an duine sin agus ag daoine a bhfuil baint acu leis an duine sin, i dteannta a chéile atá rialú uirthi
(g) Aon bheirt daoine nó níos mó a bheidh ag gníomhú i dteannta a chéile chun rialú cuideachta a fháil nó a fheidhmiú áireofar iad maidir leis an gcuideachta sin mar dhaoine a bhfuil baint acu lena chéile agus le haon duine a bheidh ag gníomhú ar threoracha aon duine áirithe acu chun rialú ar an gcuideachta a fháil nó a fheidhmiú.
(h) San fho-alt seo—
folaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe;
ciallaíonn “gaol” deartháir, deirfiúr, sinsear nó dírshliochtach;
folaíonn “socraíocht” aon diúscairt, iontaobhas, cúnant comhaontú nó comhshocraíocht agus aon aistriú ar airgead nó ar mhaoin eile nó ar aon cheart chun airgid nó chun maoine eile;
folaíonn “socraitheoir” maidir le socraíocht, aon duine a rinne an tsocraíocht nó a ghabh intí, go díreach nó go neamhdhíreach, agus go sonrach (ach gan dochar do ghinearáltacht na bhfocal roimhe seo den mhíniú seo) folaíonn sé aon duine a sholáthraigh airgead nó a ghaibh air féin airgead a sholáthar, go díreach nó go neamhdhíreach, chun críche na socraíochta, nó a rinne comhshocraíocht chomharaíochta le haon duine eile go ndéanfadh an duine eile sin an tsocraíocht nó go ngabhfadh sé inti.
(4) Beidh éifeacht ag forálacha na Coda seo den Acht seo d'ainneoin aon ní atá i Sceideal A nó sna forálacha is infheidhmithe maidir leis an Sceideal sin nó i gCuid IX den Acht Airgeadais, 1963.
Muirear faoi Sceideal D a leathnú chun baint le brabúis áirithe ó dhéileáil i dtalamh nó ó fhorbairt talún.
42.—(1) Gan dochar d'aon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim faoina mbeidh cáin le muirearú faoi Sceideal D, déanfar, faoi réim agus de réir forálacha an ailt seo agus na n-alt ina dhiaidh seo den Chuid seo den Acht seo, cáin faoin Sceideal sin a mhuirearú maidir leis na sochair nó an gnóchan uile a éireoidh nó a fhaibhreoidh ó aon ghnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbhairt talún.
(2) Gan dochar do ghinearáltacht na habairte “déileáil i dtalamh nó ag forbhairt talún”, measfar gnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún a bheith á sheoladh i gcás ina ndéanfaidh duine ag a mbeidh leas in aon talamh—
(a) an leas sin, nó leas a dhíorthaíonn uaidh, a dhiúscairt, tar éis dó féin nó duine a bhfuil baint aige leis an talamh a fhorbairt nó a áirithiú go ndéanfar í a fhorbairt nó dul faoi aon oibleagáid chun an talamh a fhorbairt nó a áirithiú go ndéanfar í a fhorbairt,
(b) an leas sin, nó leas a dhíorthíonn uaidh, a dhiúscairt agus go mbeidh an duine ar chuige a rinneadh an diúscairt nó duine a bhfuil baint aige leis an duine sin, tráth na diúscartha nó roimhe sin, tar éis conradh (seachas conradh a mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim nó, ar achomharc, na Coimisinéirí Speisialta, sásta in a thaobh) nach raibh aon eolas ag an diúscróir i dtaobh é a bheith ann, agus nach raibh aon chúis aige lena cheapadh go raibh) a dhéanamh chun an talamh a fhorbairt, nó go mbeidh an diúscairt faoi réir aon choinníll maidir le forbairt na talún nó go ndéanfar é de bhun aon chomhshocraíochta i leith forbairt na talún,
(c) leas a dhíorthaíonn ón leas sin a dhiúscairt i gcúinsí go mbeadh, ar leithligh ón alt, an chomaoin i leith na diúscartha le cur i gcuntas mar fháltas trádála ó thrádáil a bheadh á seoladh aige dá mba í an chomaoin í i leith diúscairt an leasa iomláin a fuair sé; nó
(d) aon cheart maidir le forbairt na talún a dheonú d'aon duine ar chomaoin luachmhar seachas íocaíocht lena mbaineann alt 88 den Acht Airgeadais, 1963.
Gach tagairt san fho-alt seo do leas in aon talamh a dhiúscairt nó d'fhorbairt aon talún folaíonn sí tagairt do leas in aon chuid den talamh sin a dhiúscairt nó d'aon chuid den talamh sin a fhorbairt.
(3) I gcás ina ndéanfaidh duine, tar éis dó leas in aon talamh a fháil, iomlán an leasa sin a dhiúscairt tar éis dó aon fhoirgneamh a fhoirgniú, a athfhoirgniú, a mhéadú nó a athrú ar an talamh, measfar, d'ainneoin aon ní i mír (a) d'fho-alt (2) den alt seo, nach i gcúrsa gnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún a seoladh a ghníomhaíochtaí maidir leis an talamh, i gcás—
(a) nach mbeadh sé le háireamh maidir leis an duine, dá ndéanfaí neamhshuim de na gníomhaíochtaí sin, gur sheol sé, aon tráth laistigh de thrí bliana roimh dháta na diúscartha sin, gnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún, agus
(b) gurb amhlaidh—
(i) i gcás inar foirgníodh nó inar athfhoirgníodh an foirgneamh, nár ghiorra ná sé bliana an tréimhse ón tráth a críochnaíodh an foirgniú nó an t-athfhoirgniú go dtí an tráth a diúscraíodh an leas agus gurbh é an duine aon-áititheoir an fhoirgnimh i gcaitheamh iomlán na tréimhse sin, nó
(ii) i gcás inar pearsa aonair an duine, gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim, nó ar achomharc, leis na Coimisinéirí Speisialta, go ndearnadh an foirgneamh a fhoirgniú, a athfhoirgniú, a mhéadú nó a athrú chun a áitithe go heisiatach aige mar aon-teaghais nó mar phríomh-theagais dó féin agus go raibh sé áitithe amhlaidh iarbhír ar ar feadh iomlán na tréimhse go substainteach ón tráth a críochnaíodh an foirgniú, an t-athfhoirgniú, an méadú nó an t-athrú go dtí an tráth a diúscraíodh an leas, nó
(iii) gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim, nó ar achomharc, leis na Coimisinéirí Speisialta, gur foirgníodh nó gur athfhoirgníodh an foirgneamh chun a áitithe go heisiatach ag an duine mar theach feirme nó foirgneamh feirme chun an talamh a oibriú mar fheirm agus go raibh sé áitithe amhlaidh iarbhír ar feadh iomlán na tréimhse go substainteach ón tráth a críochnaíodh an foirgniú nó an t-athfhoirgniú go dtí an tráth a diúscraíodh an leas, nó
(iv) i gcás inar athfhoirgníodh, inar méadaíodh nó inar athraíodh an foirgneamh, ar feadh tréimhse nár ghiorra ná sé bliana roimh an tráth a críochnaíodh an t-athfhoirgniú, an méadú nó an t-athrú nach raibh aon chuid den fhoirgneamh áitithe ar shlí seachas ag an duine nó duine de thuistí an duine nó ag duine clainne leis an duine,
agus, chun críocha fhomhír (ii) de mhír (b) den fho-alt seo, measfar an foirgneamh a bheith áitithe go heisiatach ag pearsa aonair mar theagais aige i gcás ina bhfuil sé áitithe go formhór aige féin, ag duine dá thuistí nó ag duine clainne leis mar theagais agus nach bhfuil aon chuid de áitithe chun críocha trádála ach go bhfuil cuid de áitithe chun críocha gairme.
(4) (a) Measfar gur trádáil laistigh de Sceideal D, nó de réir mar bheidh gur cuid de thrádáil den sórt sin gnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún agus déanfar cáin i leith na mbrabús nó an ghnóchain uaidh a mhuirearú dá réir sin faoi Chás I den Sceideal sin D i gcás ina mbeadh sé le meas, ar leithligh ón alt seo, gur trádáil den sórt sin nó cuid de thrádáil den sórt sin an gnó dá mba éard gach diúscairt ar leas i dtalamh a rinneadh i gcúrsa an ghnó diúscairt ar an leas iomlán sa talamh a fuair an duine a bhí ag seoladh an ghnó agus gur i gcúrsa an ghnó a fuair sé an leas sin agus, i gcás freisin, ar leithligh ón alt seo, inarb éard é an gnó trádáil den sórt sin nó cuid de thrádáil den sórt sin.
(b) In aon chás eile déanfar cáin i leith na mbrabús nó an ghnóchain ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún a mhuirearú faoi Chás VI de Sceideal D.
Brabúis nó gnóchan ó dhéileáil i dtalamh nó ó fhorbairt talún a ríomh faoi Chás I de Sceideal D.
43.—(1) I gcás inarb éard, nó ina bhfuil sé le meas gurb éard, gnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún trádáil laistigh de Sceideal D nó cuid de thrádáil den sórt sin beidh, maidir le ríomh brabús nó gnóchain an ghnó, éifeacht, faoi réir forálacha fho-al (2) den alt seo, ag na rialacha agus na forálacha is infheidhmitht maidir le Cás I den Sceideal sin.
(2) (a) Aon chomaoin, seachas cíos nó méid a áirítear mar chíos faoi alt 86 den Acht Airgeadais, 1963, i leith leas i dtalamh nó i gcuid d'aon talamh a dhiúscairt, áireofar í mar chomaoin i leith stoc trádála a dhiúscairt agus cuirfear i gcuntas í dá réir sin mar fháltas trádála.
(b) Aon leas (dá ngairtear an t-uasleas ina dhiaidh seo san fho-alt seo) in aon talamh a theachtann an trádálaí agus a ndearna stoc trádála de chuid na trádála de leanfaidh sé i gcónaí de bheith ina stoc trádála den sórt sin agus measfar gurb é a luach aon tráth áirithe méid is comhionann leis an méid a chosain sé ar an trádálaí é a fháil lúide méid is comhionann leis an méid a chosain sé ar an trádálaí aon leas (dá ngairtear íosleas ina dhiaidh seo san fho-alt seo) a bhunú a bhfuil an t-uasleas tagtha chun bheith faoina réir.
(c) Chun críocha mhír (b) den fho-alt seo measfar, faoi réir míreanna (e) agus (f) den fho-alt seo, gurb é comhiomlán na méideanna seo a leanas an méid a chosain sé an t-uasleas a fháil, is é sin le rá:
(i) i gcás inar leas léasach an leas, méid aon fhíneála, préimhne nó suime eile dá shórt a d'íoc an trádálaí mar chomaoin i leith an léas a dheonú, nó, más trí shannadh a fuair sé an léas, an méid a d'íoc sé mar chomaoin i leith an tsannta;
(ii) i gcás inar leas léasach an leas, méid is comhionann leis an méid arbh é margadh-luach, tráth na fála, aon chíosa é a bhí forcoimeádta faoin léas;
(iii) i gcás nach leas léasach an leas, an méid a d'íoc an trádálaí i leith an leas a fháil mar aon le méid comhionann leis an méid arbh é margadhluach, tráth na fála, aon chíosa fheofheirme, cíosmhuirir, blianachta nó íocaíochta bliantúla eile é a bhí forcoimeádta nó muirearaithe ar an talamh;
(iv) an méid a d'íoc an trádálaí i modh caiteachais dlí agus caiteachais eile maidir leis an leas a fháil;
(v) i gcás ina bhfuil an trádálaí tar éis an talamh a fhorbairt, an méid caiteachais a chosain an fhorbairt air;
ach, i gcás ina bhfuil níos mó ná leas amháin sa talamh ag an trádálaí, ní chuirfear aon mhéid i gcuntas faoi fhomhír (v) den mhír seo ach amháin maidir leis an leas a bhfuil an leas eile nó na leasanna eile go léir faoina réir.
(d) Chun críocha mhír (b) den fho-alt seo, measfar gurbh é an costas a bhain don trádálaí ag bunú íosleasa—
(i) i gcás inar leas in iomlán na talún lena mbaineann an t-uasleas an t-íosleas, an bhreis atá ag an gcostas a bhain don trádálaí, arna ríomh de réir mhír (c) don fho-alt seo, ag fáil an uasleasa ar mhargadh-luach aon leas atá coimeádta aige, nó
(ii) i gcás inar leas i gcuid den talamh lena mbaineann an t-uasleas an t-íosleas, an méid atá de bhreis ag an gcion sin den chostas a bhain leis an uasleas a fháil is inchurtha i leith na coda sin ar mhargadhluach aon leasa sa chuid sin atá coimeádta aige.
Chun críocha fhomhír (ii) den mhír seo, tiocfar ar an gcion de chostas an uasleasa a fháil is inchurtha i leith coda den talamh lena mbaineann an leas sin trí gach ceann de na méideanna iomaí a meastar, faoi mhír (c) den alt seo, a chomhdhéanann costas an uasleasa sin a fháil a chionroinnt mar is cóir.
(e) I gcás inar ar shlí seachas ar chomaoin i modh airgid nó luach airgid a fuair an trádálaí an t-uasleas in aon talamh agus, go háirithe, i gcás inar faoi uacht nó faoi dhíthiomnacht nó i modh bronntanais a fuair sé an leas measfar, chun críocha mhír (c) den fho-alt seo, go bhfuair sé an leas ar chomaoin comhionann le margadh-luach an leasa an tráth a fuair sé é.
(f) Déanfar costas an uasleasa a fháil a ríomh de réir na bhforálacha sin roimhe seo den fho-alt seo d'ainneoin nach raibh an trádáil tosaithe tráth na fála nó nach raibh an leas leithreasaithe mar stoc trádála an uair sin; ach i gcás inar faide ná cúig bliana an tréimhse idir tráth an leasa a fháil agus tráth an leithreasaithe, measfar chun críocha na bhforálacha sin, gur cheannaigh an trádálaí an leas cúig bliana roimh thráth an leithreasaithe ar chomaoin comhionann lena mhargadh-luach an tráth sin.
Chun críocha na míre seo, gan dochar leithreasú ar leas i dtalamh mar stoc trádála tarlú ar shlí eile, beidh leithreasú den sórt sin ann ar aon ní acu seo a leanas tarlú—
(i) aon leas sa talamh, nó in aon chuid de, a dhiúscairt,
(ii) an trádálaí do chur in iúl go bhfuil sé ullamh ar aon leas sa talamh nó in aon chuid de a dhiúscairt,
(iii) tosú ar an talamh, nó ar aon chuid de, a fhorbairt, nó
(iv) an trádálaí nó duine a bhfuil baint aige leis do dhéanamh aon chomhshocraíochta chun forbairt a dhéanamh, nó chun a áirithiú go ndéanfar forbairt, ar an talamh nó ar aon chuid de.
(g) Beidh éifeacht ag riail 19 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D ionann is dá bhfágfaí ar lár an fhoráil atá i mír (2) di maidir le cás ina bhfuil deireadh tagtha, mar gheall ar a bhás, le trádáil a bhí á seoladh ag pearsa aonair.
(h) Cuirfear i gcuntas mar fháltas trádála aon chomaoin (seachas íocaíocht lena mbaineann alt 88 den Acht Airgeadais, 1963) i leith an trádálaí do dheonú aon chirt maidir le forbairt aon talún.
(i) Maidir le haon talamh a bhfuil aon leas ann le háireamh mar stoc trádála—
(i) déanfar, ach amháin a mhéid a fhoráiltear leis na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo, neamhshuim d'aon chíos is iníoctha nó is inghlactha, agus
(ii) déanfar neamhshuim mar an gcéanna d'fháltais agus d'eisíocaíochtaí eile de bharr, nó is inchurtha i leith, áitiú nó úsáid na talún ag an trádálaí (seachas úsáid chun críocha na trádála) nó ag aon duine eile.
Brabúis nó gnóchan ó dhéileáil i dtalamh nó ó fhorbairt talún a ríomh faoi Chás VI de Sceideal D.
44.—I gcás gnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún arb inmhuirir faoi Chás VI de Sceideal D cáin ar na brabúis nó an gnóchan uaidh, déanfar na brabúis nó an gnóchan a thiocfaidh in aon bhliain mheasúnachta d'aon leas i dtalamh a dhiúscairt a ríomh mar bheadh, faoi alt 43 den Acht seo, an céanna le ríomh chun críocha Chás I de Sceideal D dá mba thrádáil an gnó:
Ar choinníoll i gcás—
(a) maidir leis na brabúis nó an gnóchan a bhfuil duine inchurtha, faoi na forálacha sin roimhe seo den Chuid seo den Acht seo, faoi cháin ina leith faoin gCás sin VI d'aon bhliain mheasúnachta inar brabúis iad nó inar gnóchan é, go hiomlán, a tháinig d'idirbheart amháin a bhain le leas i dtalamh a dhiúscairt, agus
(b) dá ndéanfaí neamhshuim den idirbheart sin, nach mbeadh sé le meas maidir leis an duine sin gur sheol sé, aon tráth laistigh de thrí bliana roimh an idirbheart, gnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún,
go ndéanfar neamhshuim den mhéid sin de na brabúis nó den ghnó sin nach mó ná míle cúig céad punt.
Leasanna i dtalamh a aistriú idir daoine áirithe atá i gcomhlachas le chéile.
45.—(1) Chun críocha measúnachta d'aon bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1965, nó aon 6ú lá d'Aibreán dá éis sin, i gcás ina ndéanfaidh aon duine aon leas i dtalamh a dhiúscairt agus—
(a) gur comhlacht daoine ar a bhfuil rialú ag an diúscróir an duine chun a ndéanfar an diúscairt (dá ngairtear an t-aistrí anseo ina dhiaidh seo) nó gur comhlacht daoine ar a bhfuil rialú ag an aistrí an diúscróir nó gur comhlachtaí daoine an diúscróir agus an t-aistrí agus go bhfuil rialú ag duine éigin eile orthu araon;
(b) go ndiúscrófar an leas ar phraghas is mó ná a mhargadhluach; agus
(c) i ndáil leis an bpraghas—
(i) nach bhfuil sé le cur i gcuntas, maidir leis an diúscróir, le linn ríomh a bheith á dhéanamh chun críocha cánach ar na brabúis nó an gnóchan ó ghnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún nó ó thrádáil arb éard í nó ar cuid di gnó den sórt sin, ach
(ii) go bhfuil sé le cur i gcuntas amhlaidh maidir leis an aistrí,
measfar chun críocha cánach go bhfuair an t-aistrí an leas ar phraghas comhionann lena mhargadh-luach an tráth a fuair sé é.
(2) Chun críocha measúnachta d'aon bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1965, nó aon 6ú lá d'Aibreán dá éis sin, i gcás ina ndéanfaidh aon duine leas i dtalamh a dhiúscairt agus;
(a) gur comhlacht daoine ar a bhfuil rialú ag an diúscróir an duine chun a ndéanfar an diúscairt (dá ngairtear an t-aistrí anseo ina dhiaidh seo) nó gur comhlacht daoine ar a bhfuil rialú ag an aistrí an diúscróir nó gur comhlachtaí daoine an diúscróir agus an t-aistrí agus go bhfuil rialú ag duine éigin eile orthu araon—
(b) go ndiúscrófar an leas ar phraghas is lú ná a mhargadhluach, agus
(c) i ndáil leis an bpraghas—
(i) nach bhfuil sé le cur i gcuntas, maidir leis an aistrí, le linn ríomh a bheith á dhéanamh chun críocha cánach ar na brabúis nó an gnóchan ó ghnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún nó ó thrádáil arb éard í nó ar cuid di gnó den sórt sin, ach
(ii) go bhfuil sé le cur i gcuntas amhlaidh maidir leis an diúscróir,
measfar chun críocha cánach go ndearna an diúscróir an leas a dhiúscairt ar phraghas comhionann lena mhargadh-luach an tráth a rinne an diúscróir é a dhiúscairt.
(3) San alt seo folaíonn “comhlacht daoine” comhpháirtíocht.
Muirearófar cáin faoi Chás VI de Sceideal D maidir le scaireanna áirithe a dhíol.
46.—(1) I gcás inarb éard gníomhaíochtaí nó cuid de ghníomhaíochtaí cuideachta foirgneamh a thógáil nó a áirithiú go dtógfar é agus tar éis an tógáil a bheith tosaithe agus tráth nach déanaí ná sé bliana tar éis a chríochnaithe go ndíolfar scaireanna sa chuideachta le duine ag a bhfuil, nó ag a mbeidh de dhroim an díola, rialú ar an gcuideachta, agus ar leith ón alt seo, nach fáltas de ghné ioncaim i lámha an díoltóra an chomaoin i leith an díola, measfar, má chomhlíontar na coinníollacha i bhfo-alt (2) den alt seo, gurb ioncam de chuid an díoltóra suas go dtí an méid a shonraítear i bhfo-alt (5) den alt seo an chomaoin, agus beidh sí inmhuirir faoi Chás VI de Sceideal D dá réir sin.
(2) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo—
(a) go ndíolfar na scaireanna an 11ú lá de Bhealtaine, 1965, nó dá éis sin;
(b) go mbeidh (go díreach nó go neamhdhíreach) leas ag an gcuideachta, tráth an díola, san fhoirgneamh agus gur cúigiú cuid nó níos mó de ghlansócmhainní na cuideachta luach an leasa agus aon leasa a bheidh ag an gcuideachta amhlaidh an tráth sin in aon fhoirgneamh eile (nach foirgneamh a críochnaíodh níos mó ná sé bliana roimh an tráth sin ná foirgneamh nach bhfuil an coinníoll a shonraítear i mír (c) den fho-alt seo comhlíonta maidir leis a thóg an chuideachta nó ar áirithigh an chuideachta go dtógfaí é;
(c) ar fhógra chuige sin a bheith seirbheáilte uirthi ag an gcigire cánach, nach mbeidh an chuideachta tar éis a shuíomh, laistigh de lá agus fiche tar éis dáta an fhógra nó laistigh de cibé am breise a cheadaigh na Coimisinéirí Ioncaim, gur stoc trádála de chuid trádála atá á seoladh aici an leas sin agus go ndearna sí nó go ndéanfaidh sí é a dhiúscairt i ngnáthchúrsa na trádála sin.
(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo—
(a) má dhéanann duine nó daoine na scaireanna sa chuideachta a dhíol le cuideachta eile agus go bhfuil na scaireanna i ngach cuideachta acu sin ar teachtadh (go díreach nó go neamhdhíreach) ag an duine céanna nó ag na daoine céanna sa chomhréir chéanna, nó
(b) má dhíolann cuideachta amháin na scaireanna le cuideachta eile agus go bhfuil na scaireanna i ngach cuideachta acu ar teachtadh (go díreach nó go neamhdhíreach) ag an duine céanna nó ag na daoine céanna sa chomhréir chéanna,
agus beidh aird i ngach cás ar aon difear idir na scaireanna nó idir na cearta a ghabhann leo.
(4) I gcás ina dtarlóidh roimh an díol scaireanna a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo go mbeidh an chuideachta—
(a) tar éis a leas san fhoirgneamh, nó leas a dhíorthaíonn ón leas sin, a dhiúscairt chun an duine arb é ceannaitheoir na scaireanna é, nó chun cuideachta ag a bhfuil baint leis an gceannaitheoir, nó
(b) tar éis aon leas san fhoirgneamh a dhiúscairt chun nó i bhfabhar aon duine, agus go bhfaighidh ceannaitheoir na scaireanna, nó cuideachta ag a bhfuil baint leis an gceannaitheoir, an leas roimh an díol nó tar éis an díola de bhun comhshocraíochtaí arna ndéanamh tráth nach déanaí ná tráth an díola,
beidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo ionann is dá mbeadh an leas a diúscraíodh dílsithe fós féin don chuideachta chéadluaite tráth na scaireanna a dhíol agus nárbh shócmhainní de chuid na cuideachta aon sócmhainní de chuid na cuideachta comhionann leis an gcomaoin i leith an leas a dhiúscairt.
(5) Is é méid a mbeidh sé le meas faoi fho-alt (1) den alt seo gurb ioncam de chuid an díoltóra é an chionúireacht iomchuí den mhéid (más ann) de bhrabúis nó de ghnóchan na cuideachta ab inmhuirir i leith cánach a bheadh ann dá mba stoc trádála le trádáil a bhí á seoladh ag an gcuideachta an leas dá dtagraítear i mír (b) agus i mír (c) d'fho-alt (2) den alt seo (nó gach leas den sórt sin i gcás níos mó ná leas amháin a bheith ann) agus dá ndíolfaí an leas nó na leasanna sin an tráth sin ar chomaoin comhionann leis an méid seo a leanas, is é sin le rá, méid na comaoine cuí i leith na scaireanna eisithe go léir sa chuideachta—
(a) lúide aon bhreis a bhí ag margadh-luach sócmhainní na cuideachta ar an leas nó na leasanna sin thar dhliteanais chomhiomlána na cuideachta tráth an díola, nó
(b) móide aon bhreis a bhí ag na dliteanais chomhiomlána sin ar an margadh luach sin:
Ar choinníoll nach measfar, chun críocha an fho-ailt seo agus an fho-ailt díreach ina dhiaidh seo, margadh-luach cháilmheas ghnó na cuideachta a bheith níos mó ná trí oiread mheán-ioncam na cuideachta ar feadh bliana amháin (arna ríomh chun críocha cánach) sna trí bliana díreach roimh thráth na scaireanna a dhíol nó, más giorra ná sin de thréimhse an chuideachta ann, sa tréimhse sin.
(6) Chun críocha an ailt seo, is í an chomaoin chuí i leith na scaireanna eisithe uile i gcuideachta an chomaoin iarbhír i leith an díol scaireanna a luaitear i bhfo-alt (1) den alt seo móide (murarbh é díol na scaireanna eisithe go léir an díol sin) an chomhréir idir an méid iomlán scaireanna eisithe agus an méid scaireanna a díoladh:
Ar choinníoll go measfar, chun críocha an ailt seo, i gcás nach den ghné chéanna scaireanna eisithe uile na cuideachta nó nach iad na cearta céanna a ghabhann leo go léir agus nár díoladh na scaireanna uile den díol sin, gurb í an chomaoin chuí i leith na scaireanna eisithe uile sa chuideachta an tsuim ab ionann, an tráth a díoladh na scaireanna, agus margadh-luach an leasa nó na leasanna uile a luaitear i bhfo-alt (5) den alt seo, lúide nó, de réir mar a dhlíonn an cás, móide an bhreis a luaitear i mír (a) nó i mír (b) d'fho-alt (5) den alt seo.
(7) Chun críocha fho-alt (5) den alt seo, is í an chomhréir iomchuí, maidir le haon díol scaireanna, an chomhréir idir an gcomaoin iarbhír i leith an díola sin agus an chomaoin chuí i leith na scaireanna eisithe uile sa chuideachta, ar shlí, ámh, gurb í an chomhréir iomchuí, i gcás ina bhfuil éifeacht ag an bhfo-alt sin roimhe seo, cibé comhréir is cóir ag féachaint do líon agus do ghné na scaireanna a díoladh agus do na cearta a ghabhann leo, i gcomparáid le líon agus gné na scaireanna eisithe uile sa chuideachta agus do na cearta nó na cearta éagsúla a ghabhann leo.
(8) Beidh aon cháin inghnóthaithe ón gcuideachta is inmhuirir ar an díoltóir de bhua na bhforálacha sin roimhe seo agus nach mbeidh íoctha aige, agus i gcás inar pearsa aonair an díoltóir measfar chun críocha an fho-ailt seo gurb í an chuid is airde dá ioncam an méid a measfar (de bhua fho-alt (1) den alt seo) gurb ioncam dá chuid é.
(9) I gcás ina ndéanfaí, de dhroim scaireanna a dhíol, a mheas, faoi fho-alt (1) den alt seo, gurbh ioncam de chuid an díoltóra aon mhéid áirithe dá gcomhlíonfaí an coinníoll a shonraítear i mír (c) d'fho-alt (2) den alt seo, agus go mbeidh aon leas i bhfoirgneamh den sórt a luaitear i mír (b) den fho-alt sin (2) ar teachtadh fós féin ag an gcuideachta lá cothrom sé bliana ó lá an díola, ansin, measfar go bhfuair an chuideachta a chóimhéid d'ioncam an lá cothrom sé bliana sin agus beidh sí inmhuirir faoi Chás VI de Sceideal D dá réir sin.
(10) Má tharlaíonn, tar éis na scaireanna a dhíol, go bhfaibhreoidh aon fháltais chun na cuideachta ó leas i bhfoirgneamh a dhiúscairt i gcúrsa gnó ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún is leas a bhí ag an gcuideachta an tráth a díoladh na scaireanna agus a ndearnadh an brabús a d'éireodh ar na scaireanna sin a dhiúscairt a chur i gcuntas ina leith nuair a bhíothas ag ríomh an méid ioncaim ab inmhuirir i leith cánach faoi threoir an díola faoi na forálacha sin roimhe seo den alt seo, déanfar neamhshuim de na fáltais chun críocha cánach ioncaim más cóir agus a mhéid is cóir sin a dhéanamh ag féachaint d'aon cháin a muirearaíodh faoi na forálacha sin.
(11) I gcás ina bhfuil cuideachta tar éis foirgneamh a fhoirgniú, nó tar éis tosú ar fhoirgneamh a fhoirgniú, ar thalamh ina bhfuil leas ag cuideachta lena bhfuil baint ag an gcuideachta sin agus go bhfaighidh duine rialú ar an gcéad chuideachta tar éis an foirgniú a bheith tosaithe agus tráth nach déanaí ná sé bliana tar éis é a chríochnú, ansin, maidir le scaireanna sa chuideachta ag a bhfuil leas sa talamh a dhíol leis an duine sin (cibé acu roimh an duine sin d'fháil rialú ar an gcéad chuideachta nó dá éis sin a rinneadh), beidh feidhm ag na fo-ailt sin roimhe seo mar atá feidhm acu maidir le cuideachta den sórt a luaitear iontu ach amháin tagairtí do leas sa talamh a chur in ionad tagairtí do leas san fhoirgneamh.
(12) I gcás ina bhfoirceannfar cuideachta nach seolann trádáil ach arb iad a gníomhaíochtaí nó cuid dá gníomhaíochtaí foirgneamh a fhoirgniú nó a áirithiú go bhfoirgneofaí foirgneamh agus go dtarlóidh tosú an fhoirceannta tráth tar éis an foirgniú a bheith tosaithe agus tráth nach déanaí ná sé bliana tar éis é a chríochnú, ansin, má bhí (díreach nó neamhdhíreach) leas ag an gcuideachta san fhoirgneamh díreach roimh an tráth sin, measfar, chun críocha cánach ioncaim, go bhfuair an chuideachta, díreach roimh an tráth sin, brabúis neamhchánaithe, is inmhuirir faoi Chás VI de Sceideal D, ar cóimhéid leis an méid (más ann) brabús nó gnóchain de chuid na cuideachta ab inmhuirir i leith cánach a d'éireodh dá mba rud é, i gcás inarbh stoc trádála trádáil a bhí á seoladh ag an gcuideachta an leas, go ndearnadh, díreach roimh an tráth sin, an leas a dhiúscairt i gcúrsa na trádála ar chomaoin ar cóimhéid lena mhargadh-luach an tráth sin.
(13) Chun críocha na bhfo-alt sin roimhe seo, measfar go bhfolaíonn foirgneamh neamhchríochnaithe an méid sin d'aon ábhair leis an gcuideachta is gá chun an foirgneamh a thógáil agus measfar go bhfolaíonn foirgneamh (críochnaithe nó neamhchríochnaithe) a láithreán.
(14) Chun críocha an ailt seo—
(a) forléireofar “scair” maidir le cuideachta nach bhfuil faoi theorainn scaireanna (cibé acu atá nó nach bhfuil scairchaipiteal aici) mar fhocal a fholaíonn tagairtí do leasanna an chomhalta sa chuideachta sa cháil sin is cuma cad é an sórt leas an leas sin, agus
(b) measfar gurb ionann agus scair a dhíol, na cearta a ghabhann le scair nó is cuid de scair a dhíol, amhail agus dá mba scaireanna ar leithligh na cearta a folaíodh sa díol agus na cearta nár folaíodh.
(15) I gcás ina measfar de bhua an ailt seo gurb ioncam de chuid an díoltóra an chomaoin i leith scaireanna a dhíol agus go mbeidh aon urrúis de chuid na cuideachta seachas scaireanna sa chuideachta folaithe sa díol ar phraghas de bhreis ar dhliteanas na cuideachta i leith na n-urrús, áireofar chun críocha an ailt seo gur cuid den chomaoin i leith na scaireanna a dhíol an bhreis.
Feidhm alt 46 maidir le scaireanna i gcuideachtaí sealbhaíochta a dhíol.
47.—(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, i gcás—
(a) inarb é sórt cuideachta cuideachta (dá ngairtear an chéad chuideachta ina dhiaidh seo san alt seo) go mbeadh feidhm ag alt 46 den Acht seo dá ndíolfaí scaireanna sa chuideachta le duine ag a bhfuil, nó ag a mbeadh de dhroim an díola, rialú ar an gcuideachta;
(b) inar le cuideachta eile (dá ngairtear an dara cuideachta ina dhiaidh seo san alt seo) scaireanna sa chuideachta sin (go díreach nó trí ainmní);
(c) ina ndíolfar aon tráth (dá ngairtear an tráth iomchuí ina dhiaidh seo san alt seo) scaireanna sa dara cuideachta le duine ag a bhfuil, nó ag a mbeidh de dhroim an díola, rialú ar an gcéad chuideachta; agus
(d) gur scaireanna den ghné chéanna agus a thugann na cearta céanna na scaireanna eisithe uile sa dara cuideachta an tráth iomchuí,
measfar chun críocha an ailt sin 46, go ndearnadh an uimhir iomchuí scaireanna sa chéad chuideachta a dhíol an tráth iomchuí leis an duine a luaitear i mír (c) den fho-alt seo ag díoltóir na scaireanna a luaitear sa mhír sin ar chomaoin comhionann leis an méid a shonraítear i bhfo-alt (3) den alt seo.
(2) Chun críocha an fho-ailt sin roimhe seo, is í an uimhir iomchuí scaireanna sa chéad chuideachta an uimhir a gheofar tríd an uimhir iomlán scaireanna sa chéad chuideachta ba de chuid (mar a dúradh) an tráth iomchuí leis an dara cuideachta a iolrú ar an gcodán arb é a uimhreoir an uimhir scaireanna sa dara cuideachta a díoladh mar a luaitear i mír (c) den fho-alt sin agus arb é a ainmneoir an uimhir iomlán scaireanna eisithe sa dara cuideachta an tráth iomchuí.
(3) Is é an méid dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo méid na comaoine i leith an díola a luaitear i mír (c) d'fho-alt (1) den alt seo—
(a) lúide an méid a gheofar trí aon bhreis a bheidh sa luach a shonraítear san fho-alt ina dhiaidh seo thar dhliteanais chomhiomlána an dara cuideachta an tráth iomchuí a iolrú ar an gcodán a shonraítear san fho-alt sin roimhe seo, nó
(b) móide an méid a gheofar trí aon bhreis a bheidh sna dliteanais sin thar an luach sin a iolrú ar an gcodán sin.
(4) Is é an luach dá dtagraítear san fho-alt sin roimhe seo an luach arb é, an tráth iomchuí, margadh-luach sócmhainní uile an dara cuideachta é seachas na scaireanna sa chéad chuideachta dá cuid (mar a dúradh) an tráth sin.
(5) I gcás ina dtarlóidh sna himthosca a thuairiscítear i míreanna (a) go (c) d'fho-alt (1) den alt seo, nach den ghné chéanna na scaireanna eisithe uile sa dara cuideachta, nó nach iad na cearta céanna a thugann siad go léir, an tráth iomchuí, beidh éifeacht ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo ionann is dá bhfágfaí ar lár mír (d) d'fho-alt (1) agus dá gcuirfí in ionad an chodáin a shonraítear i bhfo-alt (2) cibé codán is codán cóir ag féachaint d'uimhir agus do ghné na scaireanna sa dara cuideachta a díoladh mar luaitear sa mhír sin (c) agus na cearta a ghabh leo, i gcomparáid le huimhir agus gné na scaireanna eisithe uile sa dara cuideachta an tráth iomchuí agus na cearta nó na cearta éagsúla a ghabh leo, agus aon tagairt don chodán chéadluaite a fhorléiriú dá réir sin.
(6) I gcás inár dtarlóidh, sna himthosca a thuairiscítear i míreanna (a) go (c) d'fho-alt (1) don alt seo—
(a) gur cuideachta den sórt a luaitear sa mhír sin (a) an dara cuideachta í féin, agus
(b) go bhfuil, nó go mbeidh de dhroim an díola, rialú ar an dara cuideachta ag an duine lena ndíolfar na scaireanna sa dara cuideachta,
beidh feidhm ag forálacha alt 46 den Acht seo agus ag na forálacha roimhe seo den alt seo, go huile.
(7) Más rud é, in ionad scaireanna sa dara cuideachta a dhíol mar a luaitear i mír (c) d'fho-alt (1) den alt seo, gurb iad na scaireanna a dhíolfar scaireanna i gcuideachta (dá ngairtear an chuideachta dheiridh ina dhiaidh seo san fho-alt seo) ag a bhfuil, trí shraith cuideachtaí, leas neamhdhíreach i scaireanna na chéad chuideachta, beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den alt seo agus iad modhnaithe mar is gá maidir le gach cuideachta (arb í an chéad chuideachta í nó an chuideachta dheiridh nó ceann den sraith cuideachtaí) ar a mbeidh, tráth an díola nó ar a mbeidh, de dhroim an díola, rialú ag an duine lena ndíolfar na scaireanna sa chuideachta.
Forálacha d'fhorlíonadh ar ailt 46 agus 47.
48.—(1) I gcás ina ndéanfar bearta cónasctha scaireanna i gcuideachta a dhíol tráthanna éagsúla leis an duine céanna agus go bhfaighidh an duine sin, de dhroim aon cheann de na díola seachas an chéad díol, rialú ar an gcuideachta, ansin, chun críocha cheachtar den dá alt roimhe seo, measfar aon díol níos luaithe ná an díol ar dá dhroim a gheobhaidh sé rialú (nach díol a rinneadh roimh an 11ú lá de Bhealtaine, 1965) a bheith arna dhéanamh tráth an díola sin.
(2) Chun críocha an fho-ailt sin roimhe seo measfar bearta scaireanna a bheith cónasctha más bearta scaireanna iad faoi seach de chuid (go díreach nó trí ainmní) an duine chéanna nó beirt daoine nó níos mó a bhfuil baint ag duine acu leis an duine eile nó le gach duine de na daoine eile; agus chun críocha an fho-ailt seo measfar gur de chuid duine scaireanna—
(a) más de chuid chuideachta iad atá faoina rialú, nó
(b) má tá siad ar teachtadh ag iontaobhaithe de dhroim socraíochta (mar a mhínítear i bhfo-alt (3) d'alt 41 den Acht seo) arb eisean an socraitheoir (mar a mhínítear amhlaidh) ina leith.
(3) I gcás ina bhfaighidh duine rialú ar chuideachta aon tráth—
(a) aon díol ar scaireanna sa chuideachta, cibé acu díol leis an duine sin é nó le duine óna bhfaighidh sé na scaireanna go díreach nó go neamhdhíreach, a rinneadh roimh an tráth sin agus a rinneadh de bhun comhshocraíochtaí chun an rialú ar an gcuideachta a aistriú, nó
(b) aon díol ar scaireanna sa chuideachta arna dhéanamh le duine eile óna bhfuair an duine chéadluaite iad go díreach nó go neamhdhíreach, is díol a rinneadh tar éis an trátha sin agus a rinneadh de bhun comhshocraíochtaí chun na scaireanna a aistriú chun an duine chéadluaite,
measfar, chun críocha an dá alt roimhe seo, gur díol é a mbeidh rialú ar an gcuideachta dá dhroim ag an neascheannaitheoir.
(4) Chun críocha an ailt seo agus an dá alt roimhe seo measfar gur díol le duine díol le cuideachta faoina rialú nó lena ainmní agus measfar gur leas a bhunú i bhfabhar duine leas a bhunú i bhfabhar cuideachta faoina rialú nó i bhfabhar a ainmní.
(5) Chun na gcríocha réamhráite, i gcás beirt daoine nó níos mó a bheith ag gníomhú le chéile chun rialú ar chuideachta a fháil nó a fheidhmiú, measfar gur duine amháin iad maidir leis an gcuideachta sin.
(6) I gcás scaireanna a dhíol de bhun comhaontú roimh ré, measfar chun críocha an dá alt roimhe seo agus na bhforálacha roimhe seo den alt seo gurb é tráth an comhaontú a dhéanamh tráth an díola.
CUID VIII.
Trádála agus Gairmeacha a sheoltar i gComhpháirtíocht: Cáin Ioncaim agus Forcháin.
Forléiriú (Cuid VIII).
49.—(1) Sa Chuid seo den Acht seo—
ciallaíonn “íocaíocht bhliantúil” aon íocaíocht as a bhfuil, ar leithligh ó aon neamhdhóthanacht brabús nó gnóchan de chuid an duine a dhéanfaidh í, aon cháin inbhainte faoi Riail 19 de na Rialacha Ginearálta;
ciallaíonn “muirear cothromaíochta” muirear cothromaíochta faoi Chuid V den Acht Airgeadais, 1959;
ciallaíonn “bonn-tréimhse”, maidir le bliain mheasúnachta, an tréimhse arb ar a brabúis nó a gnóchain a bheidh cáin ioncaim na bliana sin le ríomh go críochnaitheach faoi Chás I de Sceideal D i leith na trádála a bheidh i gceist nó, i gcás ina mbeidh sé le meas, de bhua aon Achta, gurb iad brabúis nó gnóchan aon tréimhse eile brabúis nó gnóchan na tréimhse sin, an tréimhse eile sin;
ciallaíonn “liúntas caipitiúil” aon liúntas seachas liúntas a bheidh le tabhairt, nuair a bheidh brabúis nó gnóchan á ríomh, faoi Riail 6 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D, faoi alt 5 nó alt 6 den Acht Airgeadais, 1946, faoi Chuid V den Acht Airgeadais, 1956, faoi Chuid IV den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956, faoi Chuid V den Acht Airgeadais, 1957, nó faoi Chuid V nó faoi alt 74 den Acht Airgeadais, 1957;
ciallaíonn “trádáil chomhpháirtíochta” aon trádáil atá á seoladh ag beirt daoine nó níos mó i gcomhpháirtíocht;
ciallaíonn “comhpháirtí tosaíochta” maidir le comhpháirtíocht an comhpháirtí a chónaíonn sa Stát agus—
(a) a chéadainmnítear sa chomhaontú comhpháirtíochta, nó
(b) mura bhfuil aon chomhaontú ann, a ainmnítear go haonarach nó le tosaíocht ar na comhpháirtithe eile i ngnáth-ainm an ghnólachta a, nó
(c) arb é an comhpháirtí gníomhach tosaíochta é, mura comhpháirtí gníomhach an comhpháirtí a ainmnítear le tosaíocht,
agus déanfar, i gcás nach sa Stát a chónaíonn aon chomhpháirtí, aon tagairt do chomhpháirtí tosaíochta a fhorléiriú mar thagairt don ghníomhaire, don bhainisteoir, nó don fhactóir de chuid an ghnólachta a chónaíonn sa Stát;
ciallaíonn “tréimhse iomchuí” maidir le trádáil chomhpháirtíochta tréimhse chomhleanúnach ar tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1965, di go huile nó do chuid di—
(a) dar tosach tráth nach raibh an trádáil á seoladh díreach roimhe ag beirt daoine nó níos mó i gcomhpháirtíocht nó nach raibh aon duine de na daoine a bhí ag seoladh na trádála i gcomhpháirtíocht an uair sin ar dhuine de na daoine a bhí díreach roimhe sin ag seoladh na trádála i gcomhpháirtíocht, agus
(b) ag leanúint an fad (ach ní níos faide ná an fad) nach bhfuil tráth ann nach bhfuil an trádáil á seoladh díreach ina dhiaidh ag beirt daoine nó níos mó i gcomhpháirtíocht nó nach bhfuil aon duine de na daoine a bhí ag seoladh na trádála i gcomhpháirtíocht an uair sin ar dhuine de na daoine atá díreach ina dhiaidh ag seoladh na trádála i gcomhpháirtíocht,
faoi réir an choinníll go measfar, i gcás aon tréimhse den sórt sin a thosódh, ar leithligh ón gcoinníoll seo, roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1965, “an tréimhse iomchuí” do thosú an tráth nó an tráth deiridh de dhá thráth nó níos mó, a raibh, ar athrú a theacht sa chomhpháirtíocht daoine a bhí ag gabháil don trádáil an uair sin, na daoine a bhí ag gabháil di amhlaidh díreach i ndiaidh an trátha le háireamh, faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim, mar dhaoine a thionscain nó a thúsaigh an trádáil an tráth sin.
(2) Maidir le cás trádáil chomhpháirtíochta a bheith á seoladh ó am go ham i gcaitheamh tréimhse iomchuí ag dhá chomhpháirtíocht éagsúla daoine nó níos mó déanfar aon tagairt sa Chuid seo don chomhpháirtíocht a fhorléiriú, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairt a fholaíonn tagairt d'aon chomhpháirtíocht daoine ag a raibh an trádáil á seoladh ó thosach na tréimhse iomchuí agus forléireofar dá réir sin aon tagairt do chomhpháirtí.
(3) Beidh feidhm maidir le gairmeacha ag forálacha na Coda seo le haon mhodhnuithe is gá, mar atá feidhm acu maidir le trádála.
Cumhacht chun a cheangal tuairisceán a thabhairt i dtaobh bunaidh ioncaim comhpháirtíochta agus i dtaobh na méideanna a fuarthas ón gcéanna.
50.—(1) Déanfaidh comhpháirtí tosaíochta aon chomhpháirtíochta, nuair a chuirfidh cigire cánach, trí fhógra a thabharfar dó maidir le haon bhliain mheasúnachta de cheangal air sin a dhéanamh, déanfaidh sé, laistigh den am a theorannófar leis an bhfógra, tuairisceán san fhoirm fhorordaithe a ullmhú agus a sheachadadh don chigire ina dtuairisceoidh sé—
(a) bunaidh uile ioncaim na comhpháirtíochta don bhliain mheasúnachta (dá ngairtear an bhliain roimhe sin san alt seo) díreach roimh an mbliain mheasúnachta ar maidir léi a thabharfar an fógra;
(b) an méid ioncaim ó gach bunadh don bhliain roimhe sin arna ríomh de réir fho-alt (2) den alt seo;
(c) cibé sonraí breise chun críocha cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) don bhliain roimhe sin nó don bhliain mheasúnachta mar a cheanglóidh an fógra nó mar a iarrfaidh an fhoirm fhorordaithe.
(2) Déanfar an méid ioncaim ó aon bhunadh nach foláir a chur in aon tuairisceán faoin alt seo a ríomh de réir forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim ach amháin gur trí thagairt don bhliain roimhe sin a dhéanfar an ríomh i ngach cás:
Ar choinníoll—
(a) i gcás ús den sórt dá dtagraítear in alt 3 den Acht Airgeadais, 1956, go ndéanfar an ríomh ar neamhshuim leis an alt sin;
(b) más rud é, i gcás trádála, go mbeidh cuntas déanta suas go dtí dáta sa bhliain roimhe sin nó go mbeidh níos mó ná cuntas amháin déanta suas go dtí dátaí sa bhliain sin, go ndéanfar an ríomh trí thagairt don tréimhse nó do na tréimhsí go léir, má bhíonn níos mó ná tréimhse amháin ann, dá mbeidh cuntais déanta suas mar a dúradh.
(3) Má sheachadann duine tuairisceán i bhfoirm fhorordaithe d'aon chigire cánach measfar gur ceanglaíodh air le fógra faoin alt seo an tuairisceán sin a ullmhú agus a sheachadadh.
(4) Leasaítear leis seo an Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1963, trí “an tAcht Airgeadais, 1965, Alt 50” a chur isteach sa chéad cholún de.
(5) In imeachtaí chun pionós a ghnóthú de bhua fho-alt (4) den alt seo—
(a) beidh deimhniú a bheidh sínithe ag cigire cánach á dheimhniú go bhfuil sé tar éis a thaifid iomchuí a scrúdú agus gur dealraitheach uathu gur tugadh go cuí fógra a luafar don chosantóir lá a luafar ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, go bhfuair an duine sin an fógra sin sa ghnáth-chúrsa,
(b) beidh deimhniú a bheidh sínithe ag cigire cánach á dheimhniú go bhfuil sé tar éis a thaifid iomchuí a scrúdú agus gur dealraitheach uathu nach bhfuarthas tuairisceán a luafar ón gcosantóir i rith tréimhse a luafar ina fhianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, nár sheachaid an cosantóir an tuairisceán sin i rith na tréimhse sin,
(c) féadfar deimhniú ag deimhniú mar a fhoráiltear chuige sin i mír (a) nó i mír (b) den fho-alt seo agus ag airbheartú é a bheith sínithe ag cigire cánach a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar é a bheith sínithe ag an gcigire sin go dtí go gcruthófar a mhalairt.
(6) San alt seo ciallaíonn rud a bheith forordaithe é a bheidh forordaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim.
Measúnachtaí ar leithligh ar chomhpháirtithe.
51.—(1) I gcás trádáil chomhpháirtíochta, beidh éifeacht faoi réir forálacha na Coda seo den Acht seo, ag na hAchtanna Cánach Ioncaim maidir le haon chomhpháirtí sa chomhpháirtíocht amhail is gurb amhlaidh a bhí in aon tréimhse iomchuí—
(a) gurbh ionann aon bhrabúis nó gnóchan a tháinig chuige ón trádáil agus aon chaillteanas a tharla dó inti agus brabúis nó gnóchan ó thrádáil nó a tharla i dtrádáil (dá ngairtear trádáil leithleach anseo ina dhiaidh seo sa Chuid seo) a bhí á seoladh aige féin go haonarach agus ba thrádáil—
(i) a tionscnaíodh nó a túsaíodh i dtosach na tréimhse iomchuí, nó más tráth éigin sa tréimhse iomchuí seachas ina tosach a thosaigh sé ar bheith ag gabháil don trádáil chomhpháirtíochta a sheoladh an tráth a thosaigh sé amhlaidh, agus
(ii) nuair a scoirfidh sé de bheith ag gabháil don trádáil chomhpháirtíochta a sheoladh, i rith na tréimhse iomchuí nó i ndeireadh na tréimhse iomchuí, a buanscoireadh nuair a scoir sé amhlaidh, agus
(b) gur íoc sé an chuid a dhligh sé a íoc d'aon íocaíocht bhliantúil ón gcomhpháirtíocht,
(2) (a) Chun críocha fho-alt (1) den alt seo, measfar gurb é méid na mbrabús nó an ghnóchain a tháinig chun aon chomhpháirtí áirithe óna thrádáil leithleach, nó an méid caillteanais a tharla dó inti, d'aon bhliain nó tréimhse sa tréimhse iomchuí an méid sin de mhéid iomlán brabús nó gnóchain thrádáil na comhpháirtíochta nó, de réir mar bheidh, de mhéid iomlán an chaillteanais a tharla i dtrádáil na comhpháirtíochta a thiocfadh mar a chion chuige ar chionroinnt a dhéanamh ar an gcéanna de réir téarmaí chomhaontú na comhpháirtíochta maidir le roinnt brabús agus caillteanas.
(b) i gcás inarb éard í an bhliain nó an tréimhse (dá ngairtear tréimhse an ríomha anseo ina dhiaidh seo sa mhír seo) dá mbeidh na brabúis nó an gnóchan ó thrádáil leithleach chomhpháirtí nó an caillteanas a tharla inti le déanamh suas faoin bhfo-alt seo, bliain nó tréimhse nó cuid de bhliain nó tréimhse dá mbeidh cuntas ar thrádáil na comhpháirtíochta déanta suas, beidh feidhm ag ailt 15 agus 16 den Acht Airgid, 1929, maidir leis an gcomhpháirtí ionann is dá mbeadh cuntas ar a thrádáil leithleach déanta suas don tréimhse ríomha.
(c) Más rud é, i gcás trádáil leithleach chomhpháirtí, gur roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1965 a thosaíonn an bhonntréimhse d'aon bhliain mheasúnachta, déanfar brabúis nó gnóchan na bonn-tréimhse sin a ríomh de réir na bhforálacha sin roimhe seo den fho-alt seo d'ainneoin nach raibh na forálacha sin i bhfeidhm sa tréimhse sin nó i gcuid éigin di.
(3) Chun críocha fho-alt (2) den alt seo, déanfaidh an cigire cánach, faoi réir alt 53 den Acht seo, méid iomlán brabús nó gnóchain thrádáil na comhpháirtíochta, nó méid iomlán an chaillteanais a tharla, sa trádáil sin in aon bhliain nó tréimhse áirithe a chinneadh agus déanfar aon chinneadh den sórt sin mar bheadh sé le déanamh—
(a) dá ndéanfaí an trádáil a thionscnamh nó a thúsú i dtosach na tréimhse iomchuí, agus
(b) i gcás deireadh a bheith leis an tréimhse iomchuí dá ndéanfaí an trádáil a bhuanscor i ndeireadh na tréimhse sin, agus
(c) dá mba é an duine céanna a bhí ag seoladh na trádála ar feadh an ama go léir sa tréimhse iomchuí agus gurbh é an duine sin a rinne nó gur leis a rinneadh gach rud a rinneadh, le linn í a bheith á seoladh, ag nó leis na daoine a sheol í iarbhír:
Ar choinníoll go measfar chun críocha an fho-ailt seo, i gcás inar tráth éigin roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1965, a thosaigh an tréimhse iomchuí agus nach raibh sé le meas chun críocha cánach ioncaim gurb é an tráth sin a tionscnaíodh nó a túsaíodh an trádáil, an tréimhse iomchuí a thosú an tráth ar measadh chun críocha cánach ioncaim gurbh é an tráth é a tionscnaíodh nó a túsaíodh an trádáil agus in aon chás den sórt sin, go measfar gurbh éard aon bhrabúis nó gnóchan a tháinig chun aon duine ón trádáil, nó in aon chaillteanas a tharla dó sa trádáil, d'aon bhliain nó tréimhse sa tréimhse iomchuí a bhí sé ag gabháil don trádáil ar a chuntas féin, brabúis nó gnóchan a tháinig chuige ó thrádáil chomhpháirtíochta, nó de réir mar bheidh, caillteanas a tharla dó i dtrádáil chomhpháirtíochta, ina raibh teideal aige, i gcaitheamh na bliana nó na tréimhse a bheidh i gceist, chun méid iomlán na mbrabús a tháinig nó inar dhligh sé méid iomlán an chaillteanais a iompar.
(4) I gcás ina measfar, faoi fho-alt (1) den alt seo, gur roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1965, a tionscnaíodh nó a túsaíodh trádáil leithleach de chuid chomhpháirtí, beidh feidhm ag alt 5 den Acht Airgeadais, 1942, ionann is dá mbeadh éifeacht riamh ag an alt seo ach amháin maidir leis an mbliain 1964-65, más éileamh i leith na bliana 1965-66 an t-éileamh faoin alt sin 5, go measfar, chun críocha an ailt sin 5, gurb é méid na measúnachta i leith na mbrabús nó an ghnóchain ón trádáil leithleach scair an chomhpháirtí arna ríomh de réir na nAchtanna Cánach Ioncaim, den mhéid de na brabúis nó den ghnóchan ón trádáil chomhpháirtíochta ar ar measúnaíodh an chomhpháirtíocht don bhliain 1964-65, ar neamhshuim le haon asbhaint as an gcéanna i leith caillteanais nó le haon liúntas caipitiúil nó muirear cothromaíochta a tugadh don chomhpháirtíocht nó a rinneadh uirthi.
(5) I gcás ina dtarlóidh, maidir le trádáil chomhpháirtíochta go rachaidh an tréimhse iomchuí, a thosaigh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1964, in éag sa bhliain 1965-66, féadfar aon mheasúnacht bhreise i leith brabús nó gnóchain na trádála a d'fhéadfaí, dá mba nár achtaíodh an Chuid seo agus go raibh sé le meas gur buanscoireadh an trádáil sa bhliain 1965-66, a dhéanamh faoi mhír (b) d'fho-alt (1) d'alt 12 den Acht Airgid, 1929, don bhliain 1964-65 a dhéanamh d'ainneoin an Chuid seo a achtú.
(6) I gcás nach ndéanfaidh na scaireanna chun a bhfuil teideal ag na comhpháirtithe sa bhonn-tréimhse do bhliain mheasúnachta dísciú ar bhrabúis na trádála a sheol an chomhpháirtíocht sa tréimhse sin, déanfar measúnacht faoi Chás VI de Sceideal D ar an gcomhpháirtí tosaíochta i leith na coda neamhdhíscithe de na brabúis agus beidh an comhpháirtí tosaíochta i dteideal, má bhíonn agus nuair a bheidh an t-iarmhéid sin le híoc le duine a bheidh ina theideal, aon mhéideanna cánach a measúnaíodh agus a d'íoc sé a bhaint as an iarmhéid sin agus beidh sé lán-saortha agus urscaoilte ó aon mhéideanna den sórt sin.
(7) Ní thabharfaidh an t-alt seo go ndéanfaidh ioncam tuillte d'aon ioncam nach ioncam tuillte ar leithligh ón alt seo.
Liúntais chaipitiúla agus muirir chothromaíochta i gcásanna comhpháirtíochta.
52.—(1) Beidh éifeacht, faoi réir na bhforálacha seo a leanas den alt seo maidir le trádáil leithleach chomhpháirtí i gcomhpháirtíocht, ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le liúntais chaipitiúla a thabhairt agus muirir chothromaíochta a dhéanamh le linn muirearú a bheith á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchan trádála.
(2) I gcás ina mbeidh an duine is comhpháirtí tosaíochta de thuras na huaire in aon chomhpháirtíocht tar éis éileamh a dhéanamh, mar a fhoráiltear le fo-alt (9) den alt seo, d'aon bhliain mheasúnachta, tabharfar d'aon chomhpháirtí sa chomhpháirtíocht, le linn muirearú a bheith á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchan a thrádála leithlí, liúntas caipitiúil i leith aon chaiteachais nó maoine ar cóimhéid lena scair iomchuí d'aon liúntas caipitiúil don bhliain sin (gan aon mhéid a tugadh anonn ó bhliain roimhe sin a áireamh) (dá ngairtear comhliúntas ina dhiaidh seo san alt seo) a d'fhéadfaí, ar leithligh ó aon neamhdhóthanacht brabús nó gnóchain, a thabhairt ina leith le linn muirearú a bheith á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchan thrádáil na comhpháirtíochta dá bhforáladh na hAchtanna Cánach Ioncaim gur cheart na brabúis sin a mhuirearú trí chómheasúnacht ar na daoine a sheol an trádáil sa bhliain mheasúnachta ionann agus—
(a) dá mba iad na daoine sin a bhí ag seoladh na trádála ar feadh an ama go léir agus gurb iad a rinne nó gur leo a rinneadh gach rud a rinneadh ag a réamhtheachtaithe nó leo ag seoladh, nó i ndáil le seoladh, na trádála, agus
(b) gurb i dtosach na tréimhse iomchuí a tionscnaíodh nó a túsaíodh an trádáil, agus i gcás deireadh a bheith leis an tréimhse iomchuí, dá ndéanfaí an trádáil a bhuanscor i ndeireadh an tréimhse sin.
(3) Muirearófar d'aon bhliain mheasúnachta ar aon chomhpháirtí i gcomhpháirtíocht, le linn muirearú a bheith á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchan a thrádála, muirear cothromaíochta ar cóimhéid lena scair iomchuí d'aon mhuirear cothromaíochta (dá ngairtear cómhuirear anseo ina dhiaidh seo san alt seo) a bheadh le déanamh don bhliain sin le linn muirearú a bheith á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchan thrádáil na comhpháirtíochta dá bhforáladh na hAchtanna Cánach Ioncaim gur cheart na brabúis sin a mhuirearú mar a shonraítear i bhfo-alt (2) den alt seo.
(4) Má ráiníonn i ndeireadh na tréimhse iomchuí go dtiocfaidh duine nó comhpháirtíocht daoine i gcomharbas trádála comhpháirtíochta agus go mbeidh aon mhaoin a bhí díreach sula dtarlóidh an comharbas ann, á húsáid chun críocha thrádáil na comhpháirtíochta agus, díreach tar éis an comharbas a tharlú ann, a bheidh, gan í a dhíol, á húsáid chun críocha na trádála a bheidh á seoladh ag an gcomharba nó ag na comharbaí, beidh feidhm ag fo-alt (1) d'alt 63 den Acht Airgeadais, 1959, mar atá feidhm aige i gcás ina bhfuil sé le meas, de bhua aon cheann d'fhorálacha Riail 11 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D, go bhfuil an trádáil buanscortha.
(5) I gcás inar tráth éigin roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1965, a thosaigh an tréimhse iomchuí do thrádáil chomhpháirtíochta agus nach raibh sé le meas chun críocha cánach ioncaim gurb é an tráth sin a tionscnaíodh nó a túsaíodh an trádáil, measfar chun críocha fho-ailt (2) agus (3) den alt seo, an tréimhse iomchuí do thosú an tráth a measadh chun críocha cánach ioncaim a tionscnaíodh nó a túsaíodh an trádáil.
(6) (a) Faoi réir alt 53 den Acht seo, cinnfidh an cigire cánach maidir le haon trádáil chomhpháirtíochta méid iomlán na gcomhliúntas uile d'aon bhliain mheasúnachta agus méid iomlán na gcómhuirear uile don bhliain sin.
(b) Má ráiníonn, tar éis cinneadh a bheith déanta faoi mhír (a) den fho-alt seo, gur feasach an cigire aon fhíorais nó teagmhais le gurb é a thuairim, ag féachaint chucu sin, go bhfuil an cinneadh mícheart, féadfaidh sé ó am go ham agus a mhinicí is dóigh leis is gá cinneadh athscrúdaithe a dhéanamh, agus glacfaidh aon chinneadh athscrúdaithe den sórt sin ionad aon chinneadh níos luaithe ná é, agus déanfar aon mheasúnachtaí nó aisíocaíochtaí cánach sa bhreis is gá.
(7) (a) Faoi réir forálacha mhír (b) den fho-alt seo, déanfar, d'aon bhliain mheasúnachta, scaireanna iomchuí na gcomhpháirtithe de chomhliúntas, nó de chómhuirear a ríomh trína iomlán a chionroinnt ar na comhpháirtithe ar an bhforas céanna a bheadh a chóimhéid de bhrabúis a tháinig sa tréimhse thrádála ó thrádáil na comhpháirtíochta, agus a d'fhaibhrigh ó lá go lá thar an tréimhse sin, le cionroinnt de réir téarmaí na comhpháirtíochta dá mbeadh soláthar déanta cheana féin d'aon tuarastal, ús ar chaipiteal nó suim eile chun a raibh teideal ag aon chomhpháirtí ar neamhshuim le méid na mbrabús a d'éirigh ó thrádáil na comhpháirtíochta.
Sa mhír seo ciallaíonn “tréimhse thrádála”, i gcás an tréimhse iomchuí a thosú nó a chríochnú i rith na bliana measúnachta dá ríomhfar an comhliúntas nó an cómhuirear an chuid den bhliain mheasúnachta sin is cuid den tréimhse iomchuí nó, in aon chás eile, an bhliain mheasúnachta sin.
(b) Má líomhnaíonn na comhpháirtithe go léir (agus a ionadaithe dlíthiúla ag ionadú aon chomhpháirtí éagtha) d'aon bhliain mheasúnachta, trí fhógra scríofa faoina lámha a chuirfear chuig an gcigire cánach laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana measúnachta, gur tarraingíodh cruatan ar dhuine amháin nó níos mó de na comhpháirtithe mar gheall ar chionroinnt comhliúntais nó cómhuirir a rinneadh ar an bhforas atá leagtha amach i mír (a) den fho-alt seo, féadfaidh na Coiminisinéirí Ioncaim, ar bheith deimhnitheach dóibh gur tarraingíodh cruatan, cibé faoiseamh a thabhairt is dóigh leo a bheith cóir trí chionroinnt nua a dhéanamh ar an gcomhliúntas nó ar an gcomhuirear, agus beidh éifeacht chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim ag aon chionroinnt nua den sórt sin ionann agus dá mba chionroinnt í faoi mhír (a) den fho-alt seo agus déanfar aon mheasúnachtaí nó aisíocaíochtaí cánach sa bhreis is gá.
(8) Chun na measúnachtaí a dhéanamh ar na comhpháirtithe, measfar maidir le haon bhliain mheasúnachta áirithe gur comhliúntas don bhliain sin méid comhiomlán na liúntas caipitiúla go léir a tugadh anall agus beidh feidhm dá réir ag fo-alt (7) den alt seo.
San fho-alt seo ciallaíonn liúntas caipitiúil a tugadh anall—
(a) aon liúntas caipitiúil nó cuid de liúntas caipitiúil atá le tabhairt don chomhpháirtíocht in aghaidh na bliana 1964-65 nó aon bhliana measúnachta roimhe sin a d'fhéadfaí, dá mba nár achtaíodh an Chuid seo, a thabhairt anonn agus a thabhairt mar asbhaint le linn muirearú a dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchan thrádáil na comhpháirtíochta don bhliain 1965-66, agus
(b) aon liúntas caipitiúil nó cuid de liúntas caipitiúil atá le tabhairt do chomhpháirtí in aghaidh 1965-66 nó bliana dá éis sin agus a d'fhéadfaí, mura mbeadh an t-alt seo, a thabhairt anonn agus a thabhairt mar asbhaint le linn muirearú a dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchan thrádáil leithleach an chomhpháirtí do bhliain mheasúnachta tar éis na bliana dar ríomhadh an liúntas caipitiúil.
(9) Maidir le trádáil chomhpháirtíochta—
(a) aon éileamh ar chomhliúntas d'aon bhliain mheasúnachta déanfaidh an comhpháirtí tosaíochta é ionann agus dá mba éileamh é ar liúntas caipitiúil a bhí le tabhairt dó agus cuirfear é sa tuairisceán a sheachadfaidh sé faoi alt 50 den Acht seo maidir leis an mbliain mheasúnachta sin, agus
(b) aon éileamh ar chomhliúntas measfar gurb éileamh é ó gach comhpháirtí ar liúntas caipitiúil a bheidh le tabhairt dó agus is liúntas caipitiúil ar cóimhéid lena scair iomchuí den chomhliúntas sin.
Modhnú ar na forálacha maidir le hachomhairc.
1918, c. 40.
53.—(1) Féadfaidh an cigire cánach fógra a thabhairt don chomhpháirtíocht lena mbaineann i dtaobh aon chinneadh aige faoi fho-alt (3) d'alt 51 nó faoi fho-alt (6) d'alt 52 den Acht seo trí ráiteas scríofa á insint a sheachadadh don duine is comhpháirtí tosaíochta de thuras na huaire sa chomhpháirtíocht agus na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomhairc i gcoinne measúnachtaí i leith cánach beidh feidhm acu, le haon mhodhnuithe is gá, maidir le aon chinneadh agus aon fhógra i dtaobh cinnte ionann agus dá mba mheasúnacht agus fógra i dtaobh measúnachta den sórt sin iad faoi seach.
(2) Nuair a bheidh cinneadh críochnaitheach dochloíte nó, i gcás cinneadh faoi fho-alt (6) d'alt 52 den Acht seo, críochnaitheach dochloíte faoi réir mhír (b) den fho-alt sin ní chuirfear a chirte faoi cheist le linn éisteacht nó athéisteacht a bheith á thabhairt d'achomharc ag aon chomhpháirtí i gcoinne measúnachta i leith brabús nó gnóchain a thrádála leithlí nó i gcoinne cinneadh ag an gcigire cánach ar éileamh faoi alt 34 den Income Tax Act, 1918.
(3) Má ráiníonn ar aon achomharc den sórt a luaitear i bhfo-alt (2) den alt seo go mbeidh aon cheist ann i dtaobh cionroinnt a bheidh le déanamh faoi fho-alt (2) d'alt 51 nó faoi fho-alt (7) d'alt 52 den Acht seo agus gur dealraitheach gur ceist ábhartha an cheist maidir leis an dliteanas i leith cánach ioncaim atá (do cibé bliain mheasúnachta é) ar bheirt daoine nó níos mó tabharfar fógra do na daoine sin go léir faoi thráth agus ionad na héisteachta agus beidh teideal acu láithriú agus éisteacht a fháil ó na Coimisinéirí Speisialta nó uiríolla scríofa a chur chucu.
Forálacha maidir le muirir faoi alt 50 den Acht Airgeadais, 1959.
54.—(1) I gcás ina mbeadh muirear faoi alt 50 den Acht Airgeadais, 1959 (dá ngairtear cómhuirear ina dhiaidh seo san alt seo) le déanamh d'aon bhliain mheasúnachta áirithe le linn muirearú a bheith á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchan thrádáil comhpháirtíochta dá bhforáladh na hAchtanna Cánach Ioncaim gur cheart na brabúis nó an gnóchan sin a mhuirearú mar a shon raítear i bhfo-alt (2) d'alt 52 den Acht seo, gearrfar ar aon chomhpháirtí sa chomhpháirtíocht le linn muirearú a bheith á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchan a thrádála leithlí muirear faoin alt sin 50 ar cóimhéid lena scair iomchuí den chómhuirear.
(2) Chun críocha fho-alt (1) den alt seo, ríomhfar scair iomchuí chomhpháirtí de chómhuirear mar atá a scair iomchuí de chómhuirear de réir brí alt 52 den Acht seo le ríomh de bhua fho-alt (7) den alt sin.
(3) Leasaítear leis seo alt 56 den Acht Airgeadais, 1959, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):
“(2) I gcás ina mbeidh, faoi fhorálacha Chaibidil V den Chuid seo den Acht seo arna modhnú le Cuid VIII den Acht Airgeadais, 1965, muirir faoi alt 50 den Acht seo le gearradh ar bheirt daoine nó níos mó mar na daoine a sheolann trádáil de thuras na huaire, agus go rachaidh an tréimhse iomchuí, de réir brí na Coda sin VIII, in éag beidh éifeacht ag forálacha fho-alt (1) den alt seo maidir leis an tréimhse iomchuí a dhul in éag mar atá éifeacht acu i gcás ina dtosaítear ar chomhlacht corpraithe a fhoirceannadh.
Ar choinníoll—
(a) go ndéanfar na suimeanna breise a bheidh, faoin bhfo-alt sin, le muirearú don bhliain in n-éagfaidh an tréimhse iomchuí a chomhiomlánú agus a chionroinnt ar chomhaltaí na chomhpháirtíochta díreach roimh éag don tréimhse iomchuí de réir a leasanna faoi seach i mbrabúis na comhpháirtíochta an tráth sin agus go ndéanfar gach comhpháirtí (nó, más marbh dó, a ionadaithe pearsanta) a mhuirearú i leith a chionúireachta, agus
(b) go mbeidh ag gach comhpháirtí (nó, más marbh dó, ag a ionadaithe pearsanta) an ceart céanna chun a cheangal go ndéanfar laghdú ar an gcáin ioncaim iomlán (lena n-áirítear forcháin) is iníoctha aige nó as a eastát de dhroim an mhéadaithe ab infheidhmithe ag na hionadaithe pearsanta faoin bhfo-alt sin (1) i gcás báis, agus go mbeidh éifeacht dá réir sin ag an gcoinníoll a ghabhann leis an bhfo-alt sin ach ionann agus dá mba éard iad na tagairtí don mhéid cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) ab iníoctha ag an éagach nó as a eastát sa chúinse a luaitear ansin tagairt don mhéid cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) a bheadh sa chúinse sin le híoc nó le hiompar ag an gcomhpháirtí a bheidh i gceist nó amach as a eastát.”
Leasuithe ilghnéitheacha.
55.—(1) Cuirfear an Riail seo a leanas in ionad Riail II de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D:
“11. (1) If at any time after the 5th day of April, 1965, a trade, profession or vocation which immediately before that time was carried on by an individual person (hereafter in this paragraph referred to as the predecessor) becomes carried on by another individual person or by a partnership of persons (including a partnership in which the predecessor is a partner), the tax payable for all years of assessment by the predecessor shall be computed as if the trade, profession or vocation had been permanently discontinued at that time.
(2) If at any time after the 5th day of April, 1965, an individual person (hereafter in this paragraph referred to as the successor) succeeds to a trade, profession or vocation which immediately before that time was carried on by another individual person or by a partnership of persons (including a partnership in which the successor was a partner), the tax payable for all years of assessment by the successor shall be computed as if he had set up or commenced the trade, profession or vocation at that time.
(3) In the case of the death of a person who, if he had not died, would, under the provision of this rule, have become chargeable to income tax for any year, the tax which would have been so chargeable shall be assessed and charged upon his executors or administrators, and shall be a debt due from and payable out of his estate.”
(2) Leasaítear leis seo mír 2 de Riail 19 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D trí “any of the provisions of the Income Tax Acts” a chur in ionad “Rule q11 of these Rules (as amended by section 13 of the Finance Act, 1929 (No. 32 of 1929))”.
(3) Leasaítear leis seo Riail 5 de na Rialacha Ginearálta tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur léi:
“Provided that in the case of a partnership, the precedent partner, or if there is no precedent partner, the factor, agent, receiver, branch, or manager shall be deemed to be the agent of a non-resident partner.”
(4) Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 31 den Acht Airgeadais, 1959, trí “de bhua forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim” a chur in ionad “aon fhorálacha i Riail II de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D”.
(5) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 37 den Acht Airgeadais, 1959, trí “faoi réir forálacha alt 52 den Acht Airgeadais, 1965” a chur isteach i ndiaidh “a thabhairt”.
(6) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 37 den Acht Airgeadais, 1959, trí “na mbrabús nó an ghnóchain a tháinig chun aon chomhpháirtí ó thrádáil” a chur in ionad “brabús nó gnóchain thrádála”.
(7) Leasaítear leis seo fo-alt (4) d'alt 37 den Acht Airgeadais, 1959, trí “faoi fho-alt (3) d'alt 51 den Acht Airgeadais, 1965” a chur isteach i ndiaidh “ríomh”.
(8) Leasaítear leis seo fo-alt (3) d'alt 57 den Acht Airgeadais, 1959, trí “aon cheann d'fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim” a chur in ionad “Rialach 11 de na Rialacha a bhain eann le Cásanna I agus II de Sceideal D”.
(9) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 63 den Acht Airgeadais, 1959, trí “faoi Riail 6 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D, faoi Chuid V den Acht Airgeadais, 1956, faoi Chuid IV den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956, nó” a chur isteach roimh “faoi” agus “, faoi réir alt 52 den Acht Airgeadais, 1965,” a chur isteach roimh “aon liúntas”.
(10) Leasaítear leis seo fo-alt (7) d'alt 4 den Acht Airgeadais, 1960, trí “roimh 1965-66” a chur isteach i mír (a) roimh “ar measúnaíodh” agus “don bhliain mheasúnachta 1964-65” a chur isteach i mír (b) roimh “ina chaillteanas scoir”.
(11) Leasaítear leis seo fo-alt 8 d'alt 4 den Acht Airgeadais, 1960, trí “nó i gcás é a bheith measta faoi threoir fhomhír (ii) de mhír (a) d'fho-alt (1) d'alt 51 den Acht Airgeadais, 1965, trádáil leithleach de chuid chomhpháirtí a bheith buanscortha,” a chur isteach i ndiaidh “Sceideal D”.
(12) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 5 den Acht Airgeadais, 1963, tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur leis:
“Ar choinníoll, i gcás ina ndéanfar éileamh faoi alt 34 den Income Tax Act, 1918, do 1964-65 ag duine is comhpháirtí i gcomhpháirtíocht maidir le caillteanas a tharla sa trádáil chomhpháirtíochta, ansin más í an bhliain 1964-65 an bhonn-bhliain le haghaidh measúnachta air don bhliain 1965-66 i leith na mbrabús a tháinig chuige ón trádáil chomhpháirtíochta chéanna, go bhféadfaidh sé a cheangal go ndéanfar a scair den chaillteanas do 1964-65 a chinneadh ionann is dá mbeadh méid ar cóimhéid lena scair iomchuí de chomhliúntas faoi fho-alt (7) d'alt 52 den Acht Airgeadais 1965, le hasbhaint le linn ríomh a bheith á dhéanamh ar a scair de bhrabúis nó gnóchan nó de chaillteanas na trádála don bhliain éilimh 1964-65, agus go bhféadfar éileamh a dhéanamh amhlaidh d'ainneoin nár tharla, ar leithligh ón liúntas sin, aon chaillteanas sa trádáil don chomhpháirtí a dhéanfaidh an t-éileamh.”
CUID IX.
Leasú ar Chuid IX den Acht Airgeadais, 1963: Cáin Ioncaim agus Forcháin.
Leasú ar alt 83 den Acht Airgeadais, 1963.
56.—Leasaítear leis seo alt 83 den Acht Airgeadais, 1963, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):
“(2A) Déanfar aon tagairt sa Chuid seo den Acht seo do bhaint a bheith ag duine le duine eile a fhorléiriú de réir fho-alt (3) d'alt 41 den Acht Airgeadais, 1965,”
Measfar ceanglais a bheith i léasanna áirithe go n-íocfaí préimheanna.
57.—Leasaítear leis seo alt 86 den Acht Airgeadais, 1963, mar seo a leanas:—
(i) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2):
“(2A) Má bhíonn suim iníoctha, faoi na téarmaí ar faoina réir a deonaíodh léas ag an léasaí in ionad an t-iomlán nó cuid den chíos in aghaidh aon tréimhse áirithe, nó mar chomaoin i leith an léas a ghéilleadh, measfar, chun críocha an ailt seo, gur cheangail an léas préimh ar cóimhéid le méid na suime sin a íoc leas an léasóir i dteannta aon phréimhe eile; ach—
(a) nuair a bheidh an cháin á ríomh is inmhuirir de bhua an fho-ailt seo i leith suime is iníoctha in ionad cíosa déileálfar le téarma an léasa mar théarma nach bhfuil aon tréimhse ar áireamh ann seachas an tréimhse ar maidir léi is iníoctha an tsuim;
(b) d'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo, aon chíos a ndéileálfar leis mar chíos de bhua an fho-ailt seo, measfar é a theacht chun bheith dlite nuair a thiocfaidh an tsuim atá i gceist chun bheith iníoctha ag an léasaí.
(2B) I gcás ina mbeidh suim iníoctha ag an léasaí, mar chomaoin i leith aon téarma de théarmaí léasa a athrú nó a tharscaoileadh, ar shlí seachas i modh cíosa, measfar, chun críocha an ailt seo, gur cheangail an léas préimh a íoc leis an léasóir (i dteannta aon phréimhe eile) ar cóimhéid le méid na suime sin; ach le linn an cháin a bheith á ríomh is inmhuirir de bhua an fho-ailt seo, déileálfar le téarma an léasa mar théarma nach bhfuil aon tréimhse ar áireamh ann roimh an am a ghlacfaidh an t-athrú nó an tarscaoileadh éifeacht nó a thiocfaidh tar éis an ama a scoirfidh an t-athrú nó an tarscaoileadh d'éifeacht a bheith aige, agus d'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1) den alt seo, aon chíos a ndéileálfar leis mar chíos de bhua an fho-ailt seo measfar é a theacht chun bheith dlite nuair a dhéanfar an conradh ag déanamh forála don athrú nó don tarscaoileadh.”;
(ii) trí “, (2A) nó (2B)” a chur isteach roimh “den alt seo” agus roimh “maidir leis” agus an coinníoll seo a leanas a chur leis an bhfo-alt sin (3):
“Ar choinníoll nach ndéanfar i gcás lena mbaineann an méid le híocaíocht a thagann faoi réim an fho-ailt sin (2B) é a áireamh amhlaidh mura do dhuine a bhfuil baint aige leis an léasóir a bheidh sí dlite.”;
(iii) trí “préimhe” a scriosadh as mír (a) d'fho-alt (4) agus “an ailt” a chur in ionad “fo-alt (1) nó fo-alt (3) den alt” agus “na bhforálacha sin roimhe seo den alt seo” a chur in ionad “an fho-ailt sin (1) nó, de réir mar a bheidh, in ionad an fho-ailt sin (3)” sa mhír sin;
(iv) trí “an ailt” a chur in ionad “fo-alt (1) nó fo-alt (3) den alt” i mír (b) d'fho-alt (4) agus “den phréimh” a scriosadh as an mír sin.
Muirear ar shannadh léasa a deonaíodh ar shaorluach agus muirear ar dhíol talún le ceart atíolacadh.
58.—Déantar leis seo na hailt seo a leanas a chur isteach san Acht Airgeadais, 1963, i ndiaidh alt 86:
“86A.—(1) I gcás inarb amhlaidh do na téarmaí ar faoina réir a deonaíodh gearrléas go bhféadfadh an léasóir, ag féachaint do na luachanna a bhí á n-íoc an tráth a deonaíodh é, agus á ghlacadh in airithe gur ar neamhthuilleamaí a rinneadh an mhargántaíocht le haghaidh an léasa a cheangal suim bhreise (dá ngairtear an tsuim tharscaoilte ina dhiaidh seo san alt seo) a íoc i modh préimhe, nó préimhe breise, as ucht an léas a dheonú, ansin, ar aon sannadh a dhéanamh ar an léas ar chomaoin—
(a) i gcás nár sannadh an léas roimhe sin, de bhreis ar an bpréimh, má b'ann, ar ar sannadh é, nó
(b) i gcás inar sannadh an léas roimhe sin de bhreis ar an gcomaoin ar an sannadh go deiridh é,
déanfar méid na breise, a mhéid nach mó é ná an tsuim tharscaoilte lúide méid aon bhreise den sórt sin de bharr sannadh roimhe sin ar an léas a áireamh, ar comhréir leis an méid a mbeadh an tsuim tharscaoilte le háireamh, faoi fho-alt (1) d'alt 86 den Acht seo, mar chíos dá mba phréimh faoi léas í, mar bhrabúis nó gnóchan de chuid an tsannóra ab inmhuirir i leith cánach faoi Chás VI de Sceideal D.
(2) Nuair a bheidh na brabúis nó an gnóchan ó thrádáil ag déileáil i dtalamh á ríomh measfar aon fháltais thrádála lena mbainfidh an t-alt seo a bheith laghdaithe an méid ar arb inmhuirir cáin faoin alt seo.
86B.—(1) I gcás ina bhforálann na téarmaí ar faoina réir a dhíolfar eastát nó leas i dtalamh go ndéanfar, nó go bhféadfar a cheangal go ndéanfar, é a atíolacadh ar dháta le teacht don díoltóir nó do dhuine a bhfuil baint aige leis, beidh an díoltóir inmhuirir i leith cánach faoi Chás VI de Sceideal D ar aon suim a bheidh de bhreis ag an bpraghas ar a ndíolfar an t-eastát nó an leas ar an bpraghas ar a mbeidh sé le hatíolacadh nó, más dáta dhá bhliain nó níos mó tar éis an díola an dáta is luaithe ar a mbeadh sé, de réir na dtéarmaí sin, le hatíolacadh, ar an mbreis sin lúide an caogadú cuid di in aghaidh gach bliana iomláine (seachas an chéad bhliain iomlán) sa tréimhse idir an díol agus an dáta sin.
(2) I gcás nach mbeidh dáta an atíolactha socair faoi théarmaí an díola, ansin—
(a) má athraíonn praghas an atíolactha de réir an dáta, measfar chun críocha an ailt seo gurb é an praghas an praghas is lú is féidir faoi théarmaí an díola;
(b) féadfaidh an díoltóir, roimh dheireadh sé bliana tar éis an dáta a dhéanfar an t-atíolacadh, a éileamh go n-aisíocfar aon suim a bhí de bhreis ag cáin a measúnaíodh air de bhua an ailt seo ar an tsuim a mheasúnofaí amhlaidh dá n-áireofaí chun críocha an ailt seo gurb é an dáta sin an dáta a socraíodh le téarmaí an díola.
(3) I gcás ina bhfuil foráil i dtéarmaí an díola chun léas a dheonú go díreach nó go neamhdhíreach as an eastát nó as an leas don díoltóir nó do dhuine a bhfuil baint aige leis, beidh feidhm ag an alt seo ionann agus da mba éard é deonú an léasa atíolacadh ar an eastát nó ar an leas ar phraghas cóimhéid le suim méid na préimhe (más ann) i leith an léasa agus an luach is fiú, ar dháta an díola, an ceart chun atíolacadh ar an bhfrithdhílse a fháil díreach tar éis don léas tosú ag rith:
Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo má dheonaítear an léas, agus go dtosóidh sé ag rith, laistigh de mhí tar éis an díola.
(4) Nuair a bheidh na brabúis nó an gnóchán ó thrádáil ag déileáil i dtalamh á ríomh, measfar aon fháltais thrádála lena mbainfidh an t-alt seo a bheith laghdaithe an méid ar arb inmhuirir cáin de bhua an ailt seo, ach i gcás éileamh a dhéanamh faoi mhír (b) d'fho-alt (2) den alt seo agus go measfar an méid ab inmhuirir i leith cánach de bhua an ailt seo, a bheith laghdaithe, measfar baint a bheith ag an bhfo-alt seo leis an méid, arna laghdú, agus déanfar cibé coigeartú is gá ar dhliteanas i leith cánach (in aghaidh na mblianta measúnachta iomchuí go léir), i modh measúnachta breise nó ar shlí eile.”
Leasú ar alt 92 den Acht Airgeadais, 1963.
59.—Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 92 den Acht Airgeadais, 1963:
“92.—(1) Más rud é, maidir le haon áitreabh, i gcás méid (dá ngairtear an méid is inmhuirir ina dhiaidh seo san alt seo)—
(a) a bheith tagtha chun bheith inmhuirir i leith cánach faoi fho-alt (1), (2), (2A), (2B) nó (3) d'alt 86 nó faoi alt 86A nó 86B den Acht seo, nó
(b) go mbeadh sé tagtha chun bheith inmhuirir amhlaidh mura mbeadh fo-alt (4) den alt sin 86 nó mura mbeadh fo-alt (2) d'alt 93 den Acht seo nó mura mbeadh aon diolúine ó cháin,
agus go bhfuil an t-áitreabh á áitiú go hiomlán nó go páirteach i gcaitheamh aon choda den tréimhse iomchuí ag an duine atá de thuras na huaire i dteideal an léasa, an eastáit nó an leasa arb ina leith a tháinig an méid is inmhuirir chun críche trádála nó gairme atá ar siúl aige, áireofar, d'fhonn brabúis nó gnóchan na trádála nó na gairme a ríomh le haghaidh measúnachta faoi Chás I nó Cás II de Sceideal D, go n-íocann an duine sin i leith cíos an áitribh in aghaidh aon choda den tréimhse iomchuí atá an t-áitreabh a áitiú aige mar a dúradh (i dteannta aon chíosa a íocann sé iarbhír) méid a bhfuil idir é agus an méid is inmhuirir an chomhréir chéanna atá idir an chuid sin den tréimhse iomchuí agus an t-iomlán, agus áireofar go bhfaibhríonn an cíos sin ó lá go lá.
(2) San alt seo ciallaíonn ‘ an tréimhse iomchuí ’—
(a) i gcás an méid is inmhuirir a theacht faoi alt 86 den Acht seo, an tréimhse ar áiríodh, agus an méid sin á ríomh, gurb í ré an léasa í;
(b) i gcás an méid is inmhuirir a theacht faoi alt 86A den Acht seo, an tréimhse ar áiríodh, agus an méid sin á ríomh, gurbh í an chuid í a bhí fágtha de réir an léasa ar dháta an tsannta;
(c) i gcás an méid is inmhuirir a theacht faoi alt 86B den Acht seo, an tréimhse dar tosach dáta an díola agus dar críoch an dáta a socraíodh faoi théarmaí an díola mar dháta an atíolactha nó an deontaithe, nó, mura bhfuil an dáta sin socair, dar críoch an dáta is luaithe a d'fhéadfadh an t-atíolacadh nó an deonú tarlú de réir téarmaí an díola.
(3) I gcás an méid is inmhuirir a theacht faoi fho-alt (2) d'alt 86 den Acht seo de dhroim oibleagáide a cheangail dul faoi chaiteachas a bhfuil aon liúntas tugtha, nó a mbeidh aon liúntas le tabhairt, ina leith faoi Chuid IV den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956, nó faoi Chuid V den Acht Airgeadais, 1959, beidh feidhm ag an alt seo ionann is nár cheangail an oibleagáid dul faoin gcaiteachas sin agus dá ríomhfaí dá réir sin an méid is inmhuirir.
(4) I gcás an méid is inmhuirir a theacht faoi alt 86B den Acht seo agus an t-atíolacadh nó an deonú atá i gceist a dhéanamh ar phraghas seachas an praghas a glacadh le linn an méid sin a bheith á ríomh nó ar dháta seachas an dáta a glacadh le linn an tréimhse iomchuí a bheith á cinneadh, measfar go raibh éifeacht (in aghaidh na mblianta measúnachta iomchuí go léir) ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo mar a bheadh éifeacht acu dá mba é an praghas nó an dáta iarbhír a ghlacfaí amhlaidh agus déanfar cibé coigeartú is gá ar dhliteanas i leith cánach i modh measúnachta breise nó ar shlí eile.”
Leasú ar alt 93 den Acht Airgeadais, 1963.
60.—Déantar leis seo an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 93 den Acht Airgeadais, 1963:—
“93.—(1) Má tharlaíonn, maidir le haon áitreabh, go mbeidh méid tagtha, nó go mbeadh méid tar éis teacht, chun bheith inmhuirir i leith cánach mar a luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 92 den Acht seo faoi threoir léasa, eastáit nó leasa, ansin, faoi réir forálacha na bhfo-alt ina dhiaidh seo den alt seo, measfar, chun críocha fho-alt (4) d'alt 84 den Acht seo, an duine ag a bhfuil teideal de thuras na huaire chun an léasa, an eastáit nó an leasa sin a bheith ag íoc cíosa, a d'fhaibhrígh ó lá go lá, i leith an áitribh (i dteannta aon chíosa a íocadh iarbhír), i rith aon choda den tréimhse iomchuí i ndáil leis an méid a dúradh a bhfuil teideal aige maidir leis chun an léasa, an eastáit nó an leasa agus a bhfuil idir é go huile agus an méid sin an chomhréir chéanna atá idir an chuid sin den tréimhse iomchuí agus an t-iomlán.
(2) Má tharlaíonn, maidir le haon áitreabh, go mbeidh méid tagtha, nó go mbeadh méid tar éis teacht, chun bheith inmhuirir i leith cánach mar a dúradh, agus faoi threoir léasa a deonaíodh as, nó diúscartha a rinneadh ar, an léas, an eastát nó an leas ar faoina threoir a tháinig nó a thiocfadh an méid sin (dá ngairtear an chéad mhéid is inmhuirir ina dhiaidh seo san alt seo) chun bheith inmhuirir, go dtiocfadh duine chun bheith, ar leithligh ón bhfo-alt seo, inmhuirir faoi alt 86, 86A nó 86B den Acht seo i leith aon mhéid (dá ngairtear an méid is déanaí is inmhuirir ina dhiaidh seo san alt seo), is é an méid ar a mbeidh sé inmhuirir amhlaidh, i gcás nach ndéanfcr aon éileamh nó nach féidir éileamh a dhéanamh faoi fho-alt (4) den alt sin 86, an bhreis, más ann, a bheidh ag an méid is déanaí is inmhuirir ar an gcodán iomchuí den chéad mhéid is inmhuirir nó i gcás nach mbaineann an léas nó an diúscairt ar faoina threoir ab inmhuirir an duine mar a dúradh ach amháin le cuid den áitreabh sin, an bhreis, más ann, a bheidh ag an méid is déanaí is inmhuirir ar an méid sin den chodán iomchuí den chéad mhéid is inmhuirir is inchurtha, de chionroinnt chóir, i leith na coda sin den áitreabh.
(3) I gcás ina n-oibríonn fo-alt (2) den alt seo chun an méid a laghdú a mbeadh, ar leithligh ón bhfo-alt sin, duine inmhuirir ina leith faoi threoir léasa nó diúscartha beidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo maidir leis an tréimhse iomchuí i ndáil leis an méid is déanaí is inmhuirir má bhíonn agus amháin má bhíonn breis ag an gcodán iomchuí den chéad mhéid is inmhuirir ar an méid is déanaí is inmhuirir agus beidh feidhm aige ansin ionann is dá ndéanfaí an chéad mhéid is inmhuirir a laghdú i gcomhréir le méid na breise sin i gcomparáid leis an gcodán iomchuí sin:
Ar choinníoll go ndéanfar, i gcás nach mbaineann an léas nó an diúscairt ach amháin le cuid den áitreabh a luaitear san fho-alt sin (2), an fo-alt sin (1) agus an fo-alt seo a chur chun feidhme ar leithligh maidir leis an gcuid sin agus leis an gcuid eile den áitreabh ach sin ionann is dá gcuirfí in ionad tagartha don chéad mhéid is inmhuirir tagairt don mhéid sin arna choigeartú go comhréireach.
(4) San alt seo ciallaíonn ‘an tréimhse iomchuí’ maidir le haon mhéid—
(a) i gcás an méid a theacht faoi alt 86 den Acht seo, an tréimhse ar áiríodh, agus an méid sin á ríomh, gurb í ré an léasa í;
(b) i gcás an méid a theacht faoi alt 86A den Acht seo, an tréimhse ar áiríodh, agus an méid sin á ríomh, gurbh í an chuid í a bhí fágtha de ré an léasa ar dháta an tsannta;
(c) i gcás an méid a theacht faoi alt 86B den Acht seo, an tréimhse dar tosach dáta an díola agus dar críoch an dáta a socraíodh faoi théarmaí an díola mar dháta an atíolactha nó an deonaithe, nó, mura bhfuil an dáta sin socair, dar críoch an dáta is luaithe a d'fhéadfadh an t-atíolacadh nó an deonú tarlú de réir téarmaí an díola.
(5) Chun críocha fho-ailt (2) agus (3) den alt seo is é an codán iomchuí den chéad mhéid is inmhuirir an tsuim a bhfuil idir í agus an méid sin an chomhréir chéanna atá idir fad na tréimhse iomchuí maidir leis an méid is déanaí is inmhuirir agus fad na tréimhse iomchuí maidir leis an gcéad mhéid is inmhuirir.
(6) I gcás an chéad mhéid is inmhuirir a theacht faoi fho-alt (2) d'alt 86 den Acht seo de dhroim oibleagáide a cheangail dul faoi chaiteachas a bhfuil aon liúntas tugtha, nó a mbeidh, aon liúntas le tabhairt, ina leith faoi Chuid V den Acht Airgeadais, 1959, beidh feidhm ag an alt seo ionann is nár cheangail an oibleagáid dul faoin gcaiteachas sin agus dá ríomhfaí dá réir sin an chéad mhéid is inmhuirir.
(7) I gcás an chéad mhéid is inmhuirir a theacht faoi alt 86B den Acht seo agus an t-atíolacadh nó an deonú atá i gceist a dhéanamh ar phraghas seachas an praghas a glacadh le linn na méid sin a bheith á ríomh nó ar dháta seachas an dáta a glacadh le linn an tréimhse iomchuí maidir leis an méid sin a bheith á cinneadh, measfar go raibh éifeacht (in aghaidh na mblianta measúnachta go léir) ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo mar a bheadh éifeacht acu dá mba é an praghas nó an dáta iarbhír a ghlacfaí amhlaidh agus déanfar cibé coigeartú is gá ar dhliteanas i leith cánach i modh measúnachta breise nó ar shlí eile.”
CUID X
Ilghnéitheach.
An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.
61.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950;
ciallaíonn “alt leasaitheach 1964” alt 29 den Acht Airgeadais, 1964;
ciallaíonn “an cúigiú blianacht bhreise déag” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;
tá le “an tAire” “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.
(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1964 maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1966, ach “£1,642,308” a chur in ionad “£1,588,036”.
(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1964 ach “£1,041,884” a chur in ionad “£1,027,246”.
(4) Déanfar suim £1,819,122 chun iasachtaí, mar aon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a fhuascailt, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais chomhleanúnacha a thosóidh leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1966.
(5) Déanfar an cúigiú blianacht bhreise déag a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.
(6) Féadfar aon mhéid den chúigiú blianacht bhreise déag, nach mó ná £1,176,735 aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.
(7) Déanfar iarmhéid an chúigiú blianacht bhreise déag a úsáid i gceann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.
Leasú ar alt 11 den Acht Airgeadais, 1962.
1962. Uimh. 11.
62.—Leasaítear leis seo alt 11 den Acht Airgeadais, 1962 trí “an 31ú lá de Mhárta, 1968” a chur in ionad “an 31ú lá de Mhárta, 1965” i bhfo-ailt (1) agus (2).
Leasú ar alt 2 den Acht Airgeadais (Brabúis Mhianach Airithe) (Faoiseamh Sealadach ó Chánachas), 1956.
63.—Leasaítear leis seo alt 2 den Acht Airgeadais (Brabúis Mhianach Airithe) (Faoiseamh Sealadach ó Chánachas), 1956, trí “laistigh den tréimhse fiche bliain” a chur ann in ionad “laistigh den tréimhse deich mblian”.
Faoiseamh i gcás bronntanas áirithe.
64.—(1) Baineann an t-alt seo le bronntanas airgid a thabharfar don Aire Airgeadais an 6ú lá d'Aibreán, 1965, nó dá éis lena úsáid chun aon chríocha a soláthraítear airgead poiblí chun nó mar chabhair chun an chostais a bhaineann leo agus a ghlacfaidh an tAire sin.
San fho-alt seo ciallaíonn “airgead poiblí” airgead arna mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó arna eisiúint as nó arna sholáthar ag an Oireachtas.
(2) I gcás ina ndéanfaidh duine a bheidh tar éis bronntanas lena mbaineann an t-alt seo a thabhairt faoiseamh ó cháin a éileamh faoi threoir an bhronntanais sin, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas den alt seo.
(3) Chun críocha cánach ioncaim (lena n-áirítear forcháin) don bhliain mheasúnachta a thabharfaidh an duine an bronntanas déanfar méid an chéanna a bhaint as aon ioncam nó a fhritháireamh i gcoinne aon ioncaim de chuid an duine ar arb inmhuirir cáin don bhliain sin agus, i gcás inar gá sin, urscaoilfear nó aisíocfar cáin dá réir sin, agus ríomhfar dá réir sin ioncam iomlán an duine nó i gcás inar bean phósta an duine a meastar gurb ioncam de chuid a fearchéile a hioncam, ioncam iomlán an fhearchéile.
San fho-alt seo ciallaíonn “ioncam iomlán” ioncam iomlán ó gach bunadh arna mheas de réir forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim.
(4) I gcás inar cuideachta a thabharfaidh bronntanas lena mbaineann an t-alt seo, lamhálfar méid an bhronntanais mar asbhaint le linn ríomh a bheith á dhéanamh chun críocha cánach brabús corparáide ar bhrabúis sin na cuideachta a éireoidh sa tréimhse chuntasaíochta a thabharfar an bronntanas.
Cumhacht na gCoimisinéirí Speisialta a ordú cáin a íoc i measúnachtaí a bheidh faoi achomharc.
65.—(1) Más rud é ar achomharc i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim nó cánach brabús corparáide a thabhairt os a gcomhair lena éisteacht, go ndéanfaidh na Coimisinéirí Speisialta—
(a) ar iarratas ó bhéal nó i scríbhinn ón achomharcóir, an éisteacht a iarchur, nó
(b) ar an éisteacht a bheith tosaithe acu, í a chur ar atráth,
féadfaidh siad a ordú go n-íocfar, d'ainneoin an éisteacht, an méid sin den cháin sa mheasúnacht is dóigh leo, ar fhoras an eolais a bheidh ar fáil, a bheidh iníoctha ar an achomharc a chinneadh nó dá éis sín.
(2) Maidir le cás ina ndéanfar ordú faoi fho-alt (1) den alt seo gan an t-achomharcóir a bheith i láthair, beidh éifeacht ag na forálacha seo a leanas:
(a) déanfaidh an cigire cánach nó oifigeach eile do na Coimisinéirí Ioncaim fógra i scríbhinn i dtaobh an t-ordú a dhéanamh a thabhairt don achomharcóir;
(b) féadfaidh an t-achomharcóir, más éagóir leis an t-ordú laistigh de cheithre lá dhéag tar éis dáta an fhógra dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt seo, uiríolla i scríbhinn a chur faoi bhráid na gCoimisinéirí Speisialta i dtaobh an ordaithe;
(c) féadfaidh na Coimisinéirí Speisialta, tar éis breithniú a dhéanamh ar aon uiríolla a chuirfear faoina mbráid de réir fhomhír (b) den fho-alt seo, an t-ordú a dhaingniú nó ordú athbhreithnithe a dhéanamh, agus gabhfaidh aon ordú athbhreithnithe den sórt sin ionad an ordaithe chéadluaite.
(3) I gcás an t-achomharc a thabharfar os comhair na gCoimisinéirí Speisialta le héisteacht do bhaint le measúnacht i leith cánach ioncaim (dá ngairtear an mheasúnacht iomchuí anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) is measúnacht amháin d'uimhir mheasúnachtaí (dá ngairtear na measúnachtaí comhshuimithe anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) a mbeidh an cháin inti luaite in aon suim amháin faoi fho-alt (1) d'alt 21 den Acht Airgeadais, 1963, tiocfar, chun críocha fho-alt (1) den alt seo, ar mhéid na cánach sa mheasúnacht iomchuí tríd an méid cánach, más ann, is iníoctha faoi fho-alt (3) den alt sin 21 a bhaint as an tsuim amháin sin; agus, i gcás ina ndéanfar achomharc chun na gCoimisinéirí Speisialta, i gcoinne dhá cheann nó níos mó de na measúnachtaí comhshuimithe, tiocfar sa tslí chéanna ar an méid iomlán cánach sna measúnachtaí sin agus beidh feidhm ag forálacha an ailt seo ionann is dá mba shuim cánach i measúnacht aonair an méid iomlán sin.
(4) I gcás ina mbeidh sé ordaithe, maidir le haon mheasúnacht, suim cánach a íoc faoi na forálacha sin roimhe seo den alt seo—
(a) baileofar agus íocfar an tsuim sin agus béarfaidh sí ús ionann agus dá mbeadh an t-achomharc i gcoinne na measúnachta cinnte nuair a rinneadh an t-ordú agus gurbh í an tsuim chánach is inmhuirir de réir an chinnte an tsuim chánach a shonraítear leis an ordú, agus
(b) ar an achomharc i gcoinne na measúnachta a chinneadh, déanfar aon iarmhéid cánach is inmhuirir de réir an chinnte a íoc nó aon cháin a ró-íocadh a aisíoc, de réir mar is gá sa chás,
agus, i gcás ina mbeidh feidhm ag fo-alt (2) den alt seo, measfar chun críocha mhír (a) den fho-alt seo, gur ar dháta an fhógra faoi mhír (a) den fho-alt sin (2) a rinneadh an t-ordú.
(5) Folaíonn gach tagairt san alt seo d'achomharcóir tagairt do dhuine ag gníomhú thar ceann an achomharcóra maidir leis an achomharc.
(6) Féadfaidh Coimisinéir Speisialta amháin aon chumhacht dá dtugtar do na Coimisinéirí Speisialta leis an alt seo a fheidhmiú.
Aisghairm.
1965. Uimh. 2.
66.—(1) (a) Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid I den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.
(b) Measfar mír (a) den fho-alt seo a theacht i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1965.
(2) (a) Déantar leis seo an t-achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid II den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.
(b) Measfar mír (a) den fho-alt seo a theacht i ngníomh an 11ú lá de Bhealtaine, 1965.
(3) (a) Déantar leis seo an t-achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid III den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.
(b) Measfar mír (a) den fho-alt seo a theacht i ngníomh an 12ú lá de Bhealtaine, 1965.
(4) Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid IV den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.
(5) (a) Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid V den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.
(b) Ní bheidh feidhm ag mír (a) den fho-alt seo ach amháin maidir le leagáid gheofar ó thiomnóir nó ó dhíthiom nóir a éagfaidh tar éis dáta an Achta seo a rith agus maidir le comharbas a thabharfar tar éis dáta an Achta seo a rith agus chun na críche sin folaíonn an abairt “leagáid” iarmhar nó scair d'iarmhar.
(c) Déantar leis seo an t-achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid VI den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.
(d) Ní bheidh feidhm ag mír (c) den fho-alt seo ach amháin maidir le daoine a éagfaidh tar éis dáta an Achta seo a rith.
(6) (a) Déantar leis seo an t-achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid VII den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a leasú a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.
(b) Tiocfaidh mír (a) den fho-alt seo i ngníomh—
(i) más in Iúil, 1965, nó roimhe sin a rithfear an tAcht seo—an lú lá de Lúnasa, 1965, agus
(ii) más i Lúnasa, 1965, nó dá éis sin a rithfear é— an lú lá den mhí díreach i ndiaidh na míosa a rithfear é.
(7) (a) Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid VIII den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den chuid sin.
(b) D'ainneoin mhír (a) den fho-alt seo, is iad na dleachtanna stampa céanna ab inmhuirir dá mba nár ritheadh an tAcht seo is inmhuirir ar ionstraim ina bhfuil, chun críocha mhír (a) d'fho-alt (3) d'alt 45 den Acht Talún, 1965, deimhniú gurb ionstraim de dhroim conradh a rinneadh roimh dháta an Achta sin a rith an ionstraim, agus chun na críche sin measfar nach ndearnadh an aisghairm a dhéantar le mír (a) den fho-alt seo.
(c) Tiocfaidh míreanna (a) agus (b) den fho-alt seo i ngníomh an lú lá de Lúnasa, 1965, nó ar dháta an Achta seo a rith, cibé dáta acu is déanaí.
(8) (a) Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid IX den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.
(b) Tiocfaidh mír (a) den fho-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Iúil, 1966.
Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.
67.—Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna uile a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.
Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.
1891, c. 39.
1920, c. 18.
68.—(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1965, a ghairm den Acht seo.
(2) Déanfar Codanna I, VII, VIII agus IX agus ailt 64 agus 65 (sa mhéid go mbaineann siad le cáin ioncaim) den Acht seo a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim.
(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, sa mhéid go mbaineann sí le dleachtanna custam, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus, sa mhéid go mbaineann sí le dleachtanna máil, a fhorléiriú i dteannta na Reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.
(4) Déanfar Cuid IV den Acht seo a fhorléiriú i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.
(5) Déanfar Cuid V agus ailt 64 agus 65 (sa mhéid go mbaineann siad le cáin bhrabús corparáide) den Acht seo a fhorléiriú i dteannta Chuid V den Finance Act, 1920, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú na Coda sin.
(6) Forléireofar Cuid VI den Acht seo i dteannta Chuid VI den Acht Airgeadais, 1963.
(7) Measfar Codanna, I, VII, VIII agus IX den Acht seo, ach amháin mar a bhforáiltear a mhalairt go sainráite iontu, a theacht i ngníomh, agus beidh éifeacht acu, ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1965.
(8) Aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile déanfar, ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, í a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán nó faoi aon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.
AN CHEAD SCEIDEAL.
Biotáille (Rátaí Gnáth-Dhleachta custam)
An Saghas Biotáille | Rátaí Fabhair | Lán-rátaí | ||||
(1) | (2) | (3) | ||||
£ | s. | d. | £ | s. | d. | |
Ar gach galún de Bhiotáille Chumhraithe .. | 18 | 17 | 6 | 19 | 1 | 6 |
Ar gach galún de licéirí, coirdéil, meascáin agus ullmhóidí eile sa bhuidéal a thaifeadtar i slí a léireoidh nach bhfuil an neart le tástáil .. .. | 15 | 18 | 6 | 16 | 1 | 10 |
Ar gach galún, arna ríomh de réir profa, d'aon saghas biotáille nár luadh roimhe seo agus meascáin agus ullmhóidí ina bhfuil biotáille .. | 11 | 15 | 11 | 11 | 18 | 5 |
AN DARA SCEIDEAL.
Dleachtanna ar Thobac.
CUID I.
Custaim.
Tobac Neamhmhonaraithe:— | £ | s. | d. | |
Má bhíonn sé scúite nó díloirgnithe:— | ||||
agus 10 faoin gcéad nó níos mó de fhliuchra ann de réir meáchain .. .. .. .. .. .. | an lb. | 3 | 6 | 0 |
agus níos lú ná 10 faoin gcéad de fhliuchra ann de réir meáchain .. .. .. .. .. .. | ,, | 3 | 13 | 4 |
Mura mbíonn sé scúite nó díloirgnithe:— | ||||
agus 10 faoin gcéad nó níos mó de fhliuchra ann de réir meáchain .. .. .. .. .. .. | ,, | 3 | 5 | 11½ |
agus níos lú ná 10 faoin gcéad de fhliuchra ann de réir meáchain .. .. .. .. .. .. | ,, | 3 | 13 | 3½ |
Lán-rátaí | Rátaí Fabhair | ||||||
Tobac Monaraithe:— | £ | s. | d. | £ | s. | d. | |
todóga .. .. .. .. .. | an lb. | 4 | 3 | 0 | 3 | 9 | 2 |
toitíní .. .. .. .. .. | ,, | 4 | 0 | 6 | 3 | 7 | 1 |
Cavendish nó Negrohead .. .. | ,, | 4 | 2 | 6 | 3 | 8 | 9 |
Cavendish nó Negrohead a monaraíodh faoi bhanna .. .. .. .. | ,, | 4 | 2 | 0 | 3 | 8 | 4 |
tobac monaraithe eile .. .. .. | ,, | 4 | 0 | 6 | 3 | 7 | 1 |
Snaois a bhfuil níos mó ná 13 faoin gcéad de fhliuchra ann de réir meáchain .. .. .. .. | ,, | 4 | 0 | 0 | 3 | 6 | 8 |
Snaois nach bhfuil níos mó ná 13 faoin gcéad de fhliuchra ann de réir meáchain .. .. .. .. | ,, | 4 | 2 | 6 | 3 | 8 | 9 |
Cuid II.
Mál.
£ | s. | d. | ||
Tobac Neamhmhonaraithe:— | ||||
agus 10 faoin gcéad nó níos mó de fhliuchra ann de réir meáchain .. .. .. .. .. .. .. | an lb. | 3 | 4 | 10½ |
agus níos lú ná 10 faoin gcéad de fhliuchra ann de réir meáchain .. .. .. .. .. .. | ,, | 3 | 12 | 1 |
Tobac monaraithe:— | ||||
Cavendish nó Negrohead a monaraíodh faoi bhanna .. | ,, | 3 | 6 | 10½ |
AN TRIU SCEIDEAL.
Achtacháin a Aisghairtear.
Cuid I.
Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
(1) | (2) | (3) |
8 & 9 Geo. 5, c. 40. | Income Tax Act, 1918. | Mír (b) d'fho-alt (3) d'alt 5; mír (c) d'alt 20 agus mír (ii) den choinníoll a ghabhann leis an alt sin; ailt 126, 127, 128, 129 agus 130; na focail “or surcharge” gach áit ina bhfuil siad i bhfo-ailt (2), (4) agus (5) d'alt 137; na focail “or surcharged” i bhfo-alt (5) d'alt 137; fo-alt (6) d'alt 137; na focail “together with, in either case, the tax payable for the remainder of that year, according to their respective interests,” i bhfo-alt (3) d'alt 161; míreanna (a) agus (b) d'alt 226; Riail 3 d'Uimh. VII de Sceideal A; Rialacha 9, 10 agus 12 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D; Rialacha 2, 3, 12, 14, 16 agus 17 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Sceideal E. |
Fo-alt (2) d'alt 8. | ||
Fo-alt (2) d'alt 10. | ||
Alt 6. | ||
Fo-alt (2) d'alt 14; na focail “ach mar a lomháltar i Saorstát Éireann” i Riail (2) de Chuid II den Chéad Sceideal. | ||
Mír (b) d'alt 6. | ||
Alt 6. | ||
Na focail “ach ní dhéanfaidh aon ní sa bhfo-alt seo difir d'oibriú Rialach 10 de na Rialacha a bhaineann le Cásanna I agus II le Sceideal D” i bhfo-alt (2) d'alt 8; fo-alt (8) d'alt 41. | ||
Na focail “Faoi réir fo-alt (8) den alt seo,” i bhfo-alt (7) d'alt 5; fo-ailt (8) agus (9) d'alt 5; na focail “Riail 10 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D” i gcolún 1 den Tríú Sceideal. |
Cuid II.
Seisiún agus Caibidil | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
(1) | (2) | (3) |
10 & 11 Geo. 5, c. 18. | Finance Act, 1920. | An focal “pensions,” agus na focail “or sums” sa mhíniú ag deireadh fho-alt (4) d'alt 27. |
Cuid III.
Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
(1) | (2) | (3) |
Alt 15. |
Cuid IV.
Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
(1) | (2) | (3) |
8 & 9 Geo. v, c. 40. | Income Tax Act, 1918. | Alt 202. |
Na focail “agus is cinneadh críochnaitheach dochloíte a gcinneadh sin” i mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 54. |
CUID V.
Seisiún agus Caibidil | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
(1) | (2) | (3) |
16 & 17 Vict. c.51. | Succession Duty Act, 1853. | Na focail “where the successor shall be the lineal issue or lineal ancestor of the predecessor, a duty at the rate of one pound per centum upon such value:” in alt 10. |
51 & 52 Vict., c. 8. | Customs & Inland Revenue Act, 1888. | Na focail “where the successor shall be the lineal issue or lineal ancestor of the predecessor a duty at the rate of ten shillings per centum upon the value of the interest of the successor;” i bhfo-alt (1) d'alt 21. |
10 Edw. 7 & 1 Geo. 5, c. 8. | Finance (1909-10) Act, 1910. | Fo-alt (2) d'alt 58; i bhfo-alt (3) d'alt 58 na focail uile ó na focail “the expression ‘ deceased ’ means” go dtí na focail “thereunder arises; and.” |
Cuid VI.
Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
(1) | (2) | (3) |
Alt. 12 |
Cuid VII.
Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
(1) | (2) | (3) |
Mír (a) d'fho-alt (3) d'alt 48; na focail “, seachas duine lena mbaineann mír (a) den fho-alt seo,” i bhfomhír (i) de mhír (b) den fho-alt sin; na focail “mír (a) nó” i mír (c) den fho-alt sin; mír (d) den fho-alt sin; an abairt “i mír (a),” ibhfo-alt (4) d'alt 49. |
Cuid VIII.
Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
(1) | (2) | (3) |
Fo-ailt (4), (5) agus (7) d'alt 13. | ||
Fo-ailt (4), (5) agus (7) d'alt 24; alt 26. | ||
I bhfo-alt (1) d'alt 16, na focail “Faoi réir fo-ailt (2) den alt seo,” na focail “, agus measfar nach raibh feidhm riamh,” agus na focail ó “agus má híocadh” go dtí deireadh an fho-ailt; fo-alt (2) d'alt 16; an focal “nó” ag deireadh mhír (a) d'fho-alt (i) d'alt 17; mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 17; fo-alt (2) d'alt 17. | ||
In alt 6, mír (b) d'fho-alt (6). | ||
Ailt 18 agus 22. | ||
In alt 12, míreanna (iii) agus (iv) d'fho-alt (2). | ||
Ailt 33 go 35. | ||
Ailt 15 agus 16. | ||
Alt 42. |
Cuid IX.
Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
(1) | (2) | (3) |
46 Geo. 3, c. 43. | Appraisers Licences Act, 1806. | Ailt 4, 5 agus 6. |
8 & 9 Vict., c. 76. | Revenue Act, 1845. | Alt 1. |
27 & 28 Vict., c. 56. | Revenue (No. 2) Act, 1864. | Alt 6, sa mhéid go mbaineann sé le Measadóirí. |
30 & 31 Vict., c. 90. | Revenue Act, 1867. | Ailt 1 go 6. |
33 & 34 Vict., c. 32. | Customs and Inland Revenue Act, 1870. | Alt 4. |
51 & 52 Vict., c. 8. | Customs and Inland Revenue Act, 1888. | Fo-alt (2) d'alt 9. |
53 & 54 Vict., c. 8. | Customs and Inland Revenue Act, 1890. | An focal “appraiser,” in alt 9. |
Fo-alt (1) d'alt 8. |