Uimhir 19 de 1960.
AN tACHT AIRGEADAIS, 1960.
An tiontú oifigiúil.]
CUID I.
Cáin Ioncaim.
Cáin Ioncaim agus forcháin don bhliain 1960-61.
1.—(1) Déanfar cáin ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1960, a mhuirearú de réir seacht scilling sa phunt.
(2) Déanfar forcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1960, a mhuirearú ar ioncam aon phearsan ar mó ná dhá mhíle punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh, agus is de réir na rátaí ar dá réir a mhuirearaítear í don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1959, a mhuirearófar amhlaidh í.
(3) Faoi réir fhorálacha an Achta Airgeadais (Uimh. 2), 1959, agus an Achta seo, beidh éifeacht maidir leis an gcáin ioncaim agus leis an bhforcháin a mhuirearófar mar a dúradh don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1960, ag na forálacha ar leithligh, reachtúil agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1960, maidir le cáin ioncaim agus forcháin, agus ag aon fhorálacha den sórt sin a tháinig i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1960, maidir leis an gcéanna, seachas na forálacha sin nach mbaineann de réir a dtéarmaí ach le cáin ioncaim agus le forcháin a bhí le muirearú don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1959.
Méadú ar na hasbhaintí i leith leanaí.
1920, c. 18.
2.—(1) Déantar leis seo fo-alt (1) d'alt 21 den Finance Act, 1920, a leasú trí “a deduction of one hundred and twenty pounds” a chur in ionad “a deduction of one hundred pounds” (a cuireadh isteach le halt 2 den Acht Airgeadais, 1955).
(2) Déantar leis seo alt 4 den Acht Airgeadais, 1944, a leasú trí “na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1957, nó na hAchtanna sin agus aon Acht ina dhiaidh sin a fhéadfar a lua i dteannta na hAchtanna sin” a chur in ionad “na hAchta Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1952” (a cuireadh isteach le halt 4 den Acht Airgeadais, 1954).
Leasú ar alt 14 den Acht Airgid, 1929, agus ar alt 2 den Acht Airgeadais, 1945.
1929. Uimh. 32.
3.—(1) Maidir le caillteanais lena mbaineann an t-alt seo—
(a) leasaítear leis seo alt 14 den Acht Airgid, 1929, trí “aon bhliana measúnachta ina dhiaidh sin” a chur in ionad “na sé mblian cáinmheasa ina dhiaidh sin” i bhfo-alt (1) agus trí “in aghaidh aon bhliana laistigh de sna sé bliana san ina dhiaidh sin” agus “den tsórt san” a scriosadh as fo-alt (3); agus
(b) leasaítear leis seo alt 2 den Acht Airgeadais, 1945, trí “aon bhliana measúnachta ina dhiaidh sin” a chur in ionad “na sé bliana measúnachta ina dhiaidh sin” i bhfo-alt (1) agus “in aghaidh aon bhliana de na sé bliana san ina dhiaidh sin” agus “den tsórt san” a scriosadh as fo-alt (3).
(2) Baineann an t-alt seo le caillteanais a tharla ó thosach na bliana 1960-61 agus leis an oiread sin d'aon chaillteanas a tharla roimh thosach na bliana sin a d'fhéadfaí, ar leith ón alt seo, a thabhairt anonn chun na bliana sin.
Caillteanais a thabhairt siar i gcásanna áirithe.
4.—(1) I gcás ina mbeifear tar éis buanscor de cheird nó gairm, agus gur bhain caillteanas lena mbaineann an t-alt seo (dá ngairtear caillteanas scoir anseo ina dhiaidh seo san alt seo), d'aon duine a bhí á seoladh, leis féin nó i gcomhpháirtíocht, díreach roimh am an scoir, ansin, faoi réir fhorálacha an ailt seo, féadfaidh sé a éileamh go ndéanfar, an oiread agus is féidir, méad an chaillteanais scoir a asbhaint as méad, nó a fhritháireamh i gcoinne méid, na mbrabús nó an ghnóchain a mbeidh cáin ioncaim muirearaithe air ina leith faoi Sceideal D maidir leis an trádáil nó an ghairm in aghaidh na dtrí bliana measúnachta díreach roimh an mbliain mheasúnachta ina dtarlóidh an scor, agus déanfar na leasuithe sin uile ar mheasúnachtaí nó aisíocaíochtaí cánach is gá chun éifeacht a thabhairt don éileamh:
Ar choinníoll nach dtabharfar faoiseamh i leith an ábhair chéanna faoin alt seo agus faoi fhoráil éigin eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim.
(2) Aon fhaoiseamh a thabharfar faoin alt seo tabharfar é, an oiread agus is féidir, ón measúnacht in aghaidh bliana níos déanaí i dtosaíocht ar bhliain níos luaithe.
(3) Déanfar an cheist cé acu a bhain nó nár bhain aon chaillteanas scoir do dhuine i dtrádáil nó i ngairm agus, má bhain, cé mhéad, a chinneadh, chun críocha an ailt seo, trí shuimeanna, más aon suimeanna é, na nithe seo a leanas a ghlacadh (a mhéid nach mbeidh siad áirithe ar shlí eile chun aon mhuirear i leith cánach a laghdú nó faoiseamh a thabhairt ina leith), is é sin le rá:
(a) an caillteanas a bhain dó sa trádáil nó sa ghairm an bhliain mheasúnachta a bheifear tar éis buanscor de;
(b) na liúntais chaipitil iomchuí don bhliain mheasúnachta sin;
(c) an caillteanas a bhain dó sa trádáil nó sa ghairm sa chuid den bhliain mheasúnachta roimhe sin dar tosach dhá mhí dhéag roimh dháta an scoir;
(d) an codán céanna de na liúntais chaipitil iomchuí don bhliain mheasúnachta sin roimhe sin agus is comhionann leis an gcodán de bhliain a bheidh sa chuid a thosaigh mar a dúradh.
(4) San fho-alt deiridh roimhe seo ciallaíonn “na liúntais chaipitil iomchuí”, maidir le haon bhliain mheasúnachta, na liúntais chaipitil a bheidh le tabhairt nuair a bheifear ag muirearú brabús nó gnóchain na trádála nó na gairme in aghaidh na bliana sin gan méideanna a tugadh ar aghaidh ó bhliain roimhe sin a áireamh, agus, chun críocha míreanna (a) agus (c) den fho-alt sin, ríomhfar méid caillteanais ar an modh céanna a ríomhtar brabúis nó gnóchan faoi na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D.
(5) Faoi réir fho-alt (7) den alt seo, maidir le méid na mbrabús nó an ghnóchain ar muirearaíodh cáin ioncaim ar dhuine ina leith in aghaidh aon bhliana measúnachta áirithe i leith brabús nó gnóchain trádála nó gairme measfar, chun críocha faoisimh faoin alt seo ón measúnacht don bhliain sin, gurb é méid é méid iomlán na mbrabús nó an ghnóchain ar inmheasúnaithe ina leith é in aghaidh na bliana sin lúide—
(a) suim is comhionann le méid iomlán na n-asbhaintí i leith liúntas caipitil a tugadh, má tugadh, agus brabúis nó gnóchan á mhuirearú, agus
(b) suim is comhionann le méid iomlán na n-asbhaintí a bhí le baint, má bhí, as na brabúis nó an gnóchan, i leith íocaíochtaí a rinneadh nó caillteanais a tharla, agus ioncam iomlán an duine in aghaidh na bliana á ríomh chun críocha cánach ioncaim, nó a bheadh le baint amhlaidh dá mba phearsa an duine, agus
(c) i gcás comhlacht daoine, suim is comhionann leis an oiread sin de na brabúis nó den ghnóchan agus a caitheadh ag íoc díbhinní:
Ar choinníoll, i gcás inar féidir déileáil, i bpáirt nó go hiomlán, le haon asbhaint den sórt a luaitear i mír (b) mar asbhaint a baineadh as na brabúis nó an gnóchan nó mar asbhaint a baineadh as ioncam eile, go bhféadfar, an oiread agus is féidir é, déileáil, chun críocha an fho-ailt seo, leis an asbhaint mar asbhaint a baineadh as an ioncam eile.
(6) Má dhéantar, faoi mhír (b) d'fho-alt (5) den alt seo, méid na mbrabús nó an ghnóchain arbh inmheasúnaithe duine ina leith in aghaidh aon bhliana áirithe a laghdú faoi threoir íocaíochta a rinne sé, déanfar laghdú comhréire ar mhéid an chaillteanais dheiridh a bhféadfar faoiseamh a thabhairt ina leith faoin alt seo in aghaidh blianta roimhe sin muran go hiomlán eisiatach chun críocha na trádála nó an gairme a rinneadh an íocaíocht.
(7) I gcás duine a éileoidh faoiseamh faoin alt seo ar scor a bheith ag seoladh na trádála nó na gairme i gcomhpháirtíocht ó thosach an tríú bliain mheasúnachta roimh bhliain an scoir—
(a) measfar, chun críocha fho-alt (5) den alt seo, gurb é méid iomlán na mbrabús nó an ghnóchain arbh inmheasúnaithe é ina leith in aghaidh aon bhliana, nó coda de bhliain, ar measúnaíodh ina haghaidh an chomhpháirtíocht i leith na trádála nó na gairme suim a scaire sin, arna ríomh de réir na nAchtanna Cánach Ioncaim, de na brabúis nó den ghnóchan ar muirearaíodh cáin ar an gcomhpháirtíocht ina leith agus déanfar, chun na críche sin, suim na mbrabús nó an ghnóchain ar muirearaíodh amhlaidh an chomhpháirtíocht ina leith a ríomh mar ríomhfaí í faoin bhfo-alt sin (5) dá mbaineadh an fo-alt sin le comhpháirtíocht mar a bhaineann sé le pearsa, agus
(b) má bhí an trádáil nó an ghairm sin á seoladh aige i gcomhpháirtíocht díreach roimh an scor, is iad na méideanna sin amháin a áireofar, de bhua mhír (b) nó (d) d'fho-alt (3) den alt seo, ina chaillteanas scoir an chuid sin amháin de na méideanna a luaitear ansin (a mhéid nach mbeidh siad áirithe ar shlí eile chun aon mhuirear i leith cánach a laghdú nó faoiseamh a thabhairt ina leith) arbh iad a chuid iad tar éis roinnt a dhéanamh de réir na scaireanna a raibh teideal ag na comhpháirtithe chucu an tráth sin a fháil as brabúis na trádála nó na gairme.
(8) Chun críocha uile an ailt seo, déileálfar le trádáil nó gairm amhail is dá mbeadh sí buanscortha agus trádáil nó gairm nua bunaithe nó tosaithe nuair a dhéileálfar amhlaidh, chun críocha Rialach 11 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II de Sceideal D, ach
(a) duine a leanfaidh de bheith á seoladh díreach tar éis scor den sórt sin ní bheidh teideal aige chun faoisimh i leith aon chaillteanais scoir ar an scor sin, agus
(b) ar aon scor, féadfar faoiseamh a thabhairt do dhuine nach leanfaidh de bheith ag seoladh amhlaidh i leith caillteanais scoir i gcoinne brabús nó gnóchain ar muirearaíodh é ina leith i ndáil leis an trádáil nó an ghairm chéanna in aghaidh tréimhse roimh scor roimhe sin, má bhí sé gan sos á seoladh idir an dá scor, agus, ina chás sin, má tharla an scor roimhe sin laistigh de dhá mhí dhéag roimh an scor eile, déanfar neamhshuim di chun críocha fho-alt (3) den alt seo.
(9) San alt seo ciallaíonn “liúntais chaipitil” liúntais seachas liúntais a bheidh le tabhairt nuair a bheifear ag ríomh brabús nó gnóchain, faoi Riail 6 de na Rialacha is infheidhmithe maidir le Cásanna I agus II den Sceideal D, alt 5 nó alt 6 den Acht Airgeadais, 1946, Cuid V den Acht Airgeadais, 1956, Cuid IV den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956, Cuid V den Acht Airgeadais, 1957, nó Cuid V nó alt 74 den Acht Airgeadais, 1959.
(10) Is chun an chigire chánach a dhéanfar, agus is é an cigire cánach a chinnfidh, aon éileamh faoi fho-alt (1) den alt seo, ach féadfaidh duine ar bith arb éagóir leis aon chinneadh ón gcigire cánach ar aon éileamh den sórt sin achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Speisialta ar fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire sin laistigh de lá is fiche tar éis an cinneadh a chur in iúl dó.
(11) Eistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Speisialta achomharc a dhéanfar chucu faoi fho-alt (10) den alt seo ionann is dá mba achomharc é in aghaidh measúnachta i leith cánach ioncaim, agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha sin na nAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hathéisteacht achomhairc agus le cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte ar phointe dlí a fháil air, faoi réir na modhnuithe is gá.
(12) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás ina ndéanfar trádáil nó gairm a bhuanscor sa bhliain 1960-61 nó in aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin.
Leasú ar alt 7 den Acht Airgid, 1932.
5.—(1) Déantar leis seo an fo-alt atá leagtha amach i mír (a) d'fho-alt (1) d'alt 4 den Acht Airgeadais, 1957, a leasú, le héifeacht amhail ó thosach feidhme alt 7 den Acht Airgid, 1932, trí “roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis” a chur in ionad “tar éis dáta an Achta seo a rith”.
(2) I gcás ina dtabharfar deimhniú de bhua an ailt seo i leith aon stoc, scaireanna nó urrús, ní dhéanfar, mar sin féin, faoiseamh ná aisíocaíocht faoi fho-alt (1) d'alt 7 den Acht Airgid, 1932, a dheonú i leith aon díbhinne nó ús ar na stoic, ar na scaireanna nó ar na hurrúis ab iníoctha roimh dháta an deimhnithe.
Leasú ar alt 3 den Acht Airgeadais, 1956.
6.—Leasaítear leis seo alt 3 den Acht Airgeadais, 1956, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fo-ailt (2):
“(2) Chun críocha fho-ailt (1) den alt seo, maidir leis an gceist ar mó na suimeanna sin ná cúig phunt is fiche agus más mó, cé mhéad is mó, déanfar, i gcás ina measfar, de bhua alt 8 den Acht Airgeadais, 1958, gur lena fearchéile ioncam mná, í a chinneadh ar leithligh maidir leis an gcuid dá ioncam is leis an bhfearchéile de bhua an ailt sin agus an chuid is leis ar leith ón alt sin.”
Díolúine— údarás a rialaíonn cuan laistigh den Stát.
7.—Deonófar díolúine ó cháin faoi Sceideal D maidir le hoiread de bhrabúis nó de ghnóchan údaráis a rialaíonn cuan laistigh den Stát a éiríonn as cibé saoráidí agus cóiríocht a chur ar fáil sa chuan sin d'árthaigh, d'earraí agus do phaisnéirí a chuireann údaráis a rialaíonn cuanta, atá laistigh den Stát, ar fáil de ghnáth sna cuanta sin.
Díbhinn ó áit lasmuigh den Stát do phearsa a chónaigh ansin tráth.
8.—(1) I gcás pearsa ag a raibh leas tairbhiúil in ioncam ó bhunadh lasmuigh den Stát a bheith inchurtha faoi cháin i leith an ioncaim sin don bhliain 1959-60 faoi Chás III de Sceideal D; gur díbhinn d'íoc cuideachta a ndearnadh a gnó a bhainistí agus a rialú lasmuigh den Stát an t-ioncam; gurbh é an phearsa, nó an phearsa agus a bhanchéile, nó an phearsa agus a fearchéile, cibé acu é, an t-úinéir tairbhiúil nó go raibh cumas rialaithe aige, aici nó acu, go díreach nó trí mheán aon chuideachtaí eile nó trí aon mheáin neamhdhíreacha eile, ar níos mó ná 20 faoin gcéad de scairchaipiteal eisithe na cuideachta; agus gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim, maidir leis an ioncam nó le cuid de, go ndéileálfaí leis an ioncam nó leis an gcuid, dá mba ó chuideachta a bhí faoi bhainistí agus rialú sa Stát an t-ioncam nó an chuid, ionann agus nárbh ioncam, mar bhaineann le cáin ioncaim (lena n-áirítear forcháin), an t-ioncam nó an chuid, ansin déanfar neamhshuim chun gach críche a bhaineann leis na hAchtanna Cánach Ioncaim den ioncam nó den chuid, cibé acu é.
(2) Baineann an t-alt seo le duine a bhfuil cónaí air sa Stát agus nach bhfuil cónaí air in aon áit eile ach a bhí, sula dtáinig sé chun cónaithe sa Stát, ina chónaí lasmuigh den Stát ar feadh tréimhse leanúnaí deich mbliana ar a laghad nó ar feadh uimhir de thréimhsí neamhleanúnacha nach giorra ná deich mbliana san iomlán.
Cumhacht chun eolas a fháil maidir le táillí, coimisiúin, etc.
9.—(1) Gach duine a sheolann trádáil nó gnó déanfaidh sé, agus tabharfaidh sé don chigire cánach, má éilítear sin air trí fhógra ón gcigire cánach, tuairisceán i dtaobh na n-íocaíochtaí uile d'aon sórt a shonrófar san fhógra agus a rinneadh i rith tréimhse a shonrófar amhlaidh agus—
(a) arbh íocaíochtaí iad a rinneadh i gcúrsa na trádála nó an ghnó nó i gcúrsa cibé coda den trádáil nó den ghnó a shonrófar san fhógra, i leith seirbhísí a tugadh maidir leis an trádáil nó an gnó ag daoine a bhí ina ngnáthchónaí sa Stát agus nach raibh ar fostú leis an trádáil nó an gnó, nó
(b) arbh íocaíochtaí iad i leith seirbhísí a tugadh i ndáil leis an trádáil nó an gnó, nó aon chuid den trádáil nó den ghnó, a bhunú, a fháil, a fhorbairt nó a dhiúscairt, ag daoine a bhí ina ngnáthchónaí sa Stát agus nach raibh ar fostú leis an trádáil nó an gnó, nó
(c) arbh íocaíochtaí tréimhsiúla nó cnapshuime iad a rinneadh le daoine a bhí ina ngnáthchónaí sa Stát i leith aon chóipchirt.
(2) Gach comhlacht daoine a sheolann aon ghníomhaíocht nach trádáil nó gnó, déanfaidh sé, agus tabharfaidh sé don chigire cánach, má éilítear sin air trí fhógra ón gcigire cánach, tuairisceán i dtaobh na n-íocaíochtaí uile d'aon sórt a shonrófar san fhógra agus a rinneadh i rith tréimhse a shonrófar amhlaidh, agus—
(a) arbh íocaíochtaí iad a rinneadh i gcúrsa an ghníomhaíocht, nó cibé cuid den ghníomhaíocht a shonrófar san fhógra, a sheoladh, i leith seirbhísí a tugadh i ndáil leis an ngníomhaíocht ag daoine a bhí ina ngnáthchónaí sa Stát agus nach raibh ar fostú ag an gcomhlacht daoine sin, nó
(b) arbh íocaíochtaí tréimhsiúla nó cnapshuime iad a rinneadh le daoine a bhí ina ngnáthchónaí sa Stát i leith aon chóipchirt.
(3) Aon tuairisceán a éileofar faoi cheachtar de na fo-ailt roimhe seo, más comhlacht neamhchorpraithe daoine a sheolann an trádáil, an gnó nó an ghníomhaíocht eile, is é an duine a dhéanfaidh agus a thabharfaidh é an duine is rúnaí, nó a chomhlíonann dualgais rúnaí, don chomhlacht, agus leagfar amach an fógra dá réir sin.
(4) Beidh i dtuairisceán faoi na forálacha roimhe seo den alt seo ainm an duine lena ndearnadh gach íocaíocht, méid na híocaíochta agus cibé sonraí eile (lena n-áirítear sonraí maidir leis na seirbhísí nó na cirt ar ina leith a rinneadh an íocaíocht, an tréimhse ar tugadh aon seirbhísí ar a feadh agus aon ghnó-ainm agus aon ghnó-sheoladh nó seoladh baile leis an duine lena ndearnadh an íocaíocht) a shonrófar san fhógra.
(5) Ní éileofar ar dhuine ar bith faoi na forálacha roimhe seo den alt seo na nithe seo a leanas a chur i dtuairisceán—
(a) sonraí aon íocaíochta as ar inasbhainte cáin ioncaim, nó
(b) sonraí íocaíochtaí a rinneadh le haon duine amháin áirithe i gcás nach mó ná cúig phunt déag iomlán na n-íocaíochtaí leis an duine sin a bheadh thairis sin le cur sa tuairisceán, nó
(c) sonraí aon íocaíochta a rinneadh bliain mheasúnachta dar chríoch tráth níos mó ná trí bliana roimh thráth an fhógra a sheirbheáil air á éileamh air an tuairisceán a dhéanamh.
(6) Aon duine ar a n-éileofar in aon fhógra a sheirbheálfar air faoin alt seo tuairisceán fíor cruinn a thabhairt agus a mhainneoidh é a thabhairt laistigh den tréimhse a bheidh teoranta san fhógra dlífear pionós fiche punt a chur air agus ina theannta sin, i gcás neamhchomhlíonaidh leanúnaigh, a chomhéid de phionós in aghaidh gach lae a leanfaidh an neamhchomhlíonadh.
(7) Maidir leis na pionóis uile faoin alt seo, féadfar, gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, imeachtaí a bhunú dá lorg agus iad a ghnóthú go hachomair amhail mar a dhéantar i gcás imeachtaí achomaire chun aon fhíneáil nó pionós faoi aon Acht a bhaineann leis an máil a ghnóthú.
(8) I gcás—
(a) ina bhfágfaidh aon duine gan comhlíonadh aon fhógra a sheirbheálfar air faoin alt seo á éileamh air aon tuairisceán a thabhairt,
(b) go n-éileoidh an fógra comhlíonadh laistigh de thréimhse áirithe, agus
(c) go leanfaidh an duine sin, ar feadh tréimhse breise dhá lá nó níos mó, gan an tuairisceán a thabhairt,
measfar, chun críocha fho-alt (6) den alt seo, gur neamhchomhlíonadh a leanfaidh gach lá, ach an chéad lá, den tréimhse bhreise an neamhchomhlíonadh sin.
(9) In imeachtaí chun pionós faoin alt seo a ghnóthú—
(a) beidh deimhniú a bheidh sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim á dheimhniú gur scrúdaigh sé taifid iomchuí na gCoimisinéirí Ioncaim agus go ndealraíonn sé uathu nach bhfuarthas, i rith tréimhse a shonrófar, tuairisceán a shonrófar ón gcosantóir ina fhianaise, nó go gcruthófar a mhalairt, nár thug an cosantóir an tuairisceán sin i rith na tréimhse sin,
(b) féadfar deimhniú a dheimhneoidh mar a fhoráiltear ina leith mír (a) den fho-alt seo agus a airbheartóidh a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim a thairiscint i bhfianaise gan chruthúnas agus measfar, nó go gcruthófar a mhalairt, é a bheith sínithe ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim.
(10) San alt seo—
(a) folaíonn tagairtí d'íocaíochtaí i leith seirbhísí tagairtí d'íocaíochtaí ar mhodh coimisiúin d'aon sórt agus tagairtí d'íocaíochtaí i leith costas faoina ndeachthas i ndáil le seirbhísí a thabhairt, agus
(b) folaíonn tagairtí d'íocaíochtaí a dhéanamh tagairtí d'aon chomaoin luachmhar a thabhairt,
agus déanfar an ceanglas a fhorchuirtear le fo-alt (4) den alt seo méid íocaíochta a lua a fhorléiriú, maidir le haon chomaoin a thabharfar ar shlí seachas in airgead, mar cheanglas sonraí a thabhairt i dtaobh na comaoine.
(11) Bainfidh an t-alt seo le híocaíochtaí arna ndéanamh an 6ú lá d'Aibreán, 1960, nó dá éis.
CUID II.
Custaim agus Mál.
Dleacht shiamsa —díolúine.
1916, (Seis. 2) c. 11.
10.—(1) San alt seo, ciallaíonn “dleacht shiamsa” an dleacht mháil dá dtagraítear faoin ainm “entertainments duty” in alt 1 den Finance (New Duties) Act, 1916, agus is inmhuirir faoin alt sin.
(2) Ní mhuirearófar ná ní thoibheofar dleacht shiamsa ar aon siamsa a chomórfar an 1ú lá de Lúnasa, 1960, nó dá éis, agus a dtaispeánfar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim maidir leis—
(a) gurb é Comhaltas Ceoltóirí Éireann nó craobh den eagraíocht sin atá comhcheangailte go cuí de atá ag seoladh an tsiamsa, agus
(b) gur le haghaidh aidhmeanna agus cuspóirí Chomhaltas Ceoltóirí Éireann iomlán glan-sochar an tsiamsa agus gur mar sin a chaithfear é.
Dleacht shiamsa —tuath-limistéir.
11.—An 1ú lá de Bhealtaine, 1960, agus dá éis, beidh éifeacht ag fo-ailt (2) agus (5) d'alt 16 den Acht Airgeadais, 1954, ionann agus dá gcuirtí “dhá mhíle” in ionad “míle” gach áit ina bhfuil an focal deiridh sin.
Dleacht shiamsa —aisíoc maidir le siamsaí cineamatagrafacha.
12.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “dleacht shiamsa” an dleacht mháil dá dtagraítear faoin ainm sin in alt 1 den Finance (New Duties) Act, 1916, agus is inmhuirir faoin alt sin;
ciallaíonn “glanmhéid na dleachta” méid na dleachta siamsa a íocadh arna laghdú de shuim aon aisíocaíochta dleachta siamsa a bhí dlite faoi aon achtachán seachas an t-alt seo.
(2) I gcás—
(a) inar chomóraigh an dílseánach céanna dhá shiamsa nó níos mó i rith seachtaine áirithe in áit siamsa áirithe, nó
(b) gur comóradh siamsa amháin (agus ní níos mó) i rith seachtaine áirithe in áit siamsa áirithe,
agus gur íocadh dleacht shiamsa i leith na siamsaí nó an tsiamsa, aisíocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim leis an dílseánach—
(i) suim is comhionann le fiche faoin gcéad de ghlanmhéid na dleachta d'íoc sé, agus
(ii) suim deich bpunt nó suim is comhionann le hiarmhéid ghlanmhéid na dleachta d'íoc sé, cibé acu is lú.
(3) I gcás inar comóradh dhá shiamsa nó níos mó, seachas ag an dílseánach céanna i rith aon seachtaine áirithe in áit siamsa áirithe agus go mbeidh dleacht shiamsa íoctha i leith na siamsaí, aisíocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le gach dílseánach—
(a) suim is comhionann le fiche faoin gcéad den dleacht ghlan a bheidh íoctha aige, agus
(b) an tsuim iomchuí nó suim is comhionann le hiarmhéid ghlanmhéid na dleachta a bheidh íoctha aige, cibé acu is lú,
(4) I mír (b) d'fho-alt (3) den alt seo ciallaíonn “an tsuim iomchuí”, maidir le dílseánach, cibé suim a mbeidh an chomhréir chéanna idir í agus deich bpunt agus a bheidh idir an uimhir siamsaí a comóradh san áit siamsa sin ag an dílseánach sin an tseachtain a bheidh i gceist agus uimhir iomlán na siamsaí a comóradh san áit siamsa sin an tseachtain sin.
(5) Ní bhainfidh an t-alt seo ach le siamsaí a chomórfar an 1ú lá de Bhealtaine, 1960, nó dá éis, agus arb é a bheidh iontu ar fad nó go formhór taispeántais chineamatagrafacha.
Dleacht shiamsa —leasú ar alt 17 den Acht Airgeadais, 1958.
13.—Déantar leis seo alt 17 den Acht Airgeadais, 1958, a leasú, le héifeacht amhail ón 1ú lá de Bhealtaine, 1960, trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis:—
“(3) I gcás inarb é a bheidh i siamsa dhá thaibhiú nó níos mó arbh thaibhithe den chlár céanna san iomlán iad mura mbeadh nach mbeidh i gceann amháin nó níos mó de na taibhithe ach cuid den chlár iomlán, measfar, chun críocha an ailt seo ach ní chun aon chríche eile, gur siamsa faoi leith gach taibhiú ar choinníoll go gcomhlíonfaidh gach taibhiú, as féin, coinníollacha mhír (b) d'fho-alt (2) d'alt 6 den Acht Airgeadais, 1953.
(4) Ní bheidh feidhm ag aon ní sna fo-ailt roimhe seo den alt seo maidir le haon siamsa arb é a bheidh ann go hiomlán nó go páirteach pictiúirí reatha arna léiriú trí scannán cineamatagrafach a mbeidh fuaimrian leanúnach leis óna dtiocfaidh caint i dteanga seachas teangacha oifigiúla an Stáit.”
Dleacht shiamsa —ildamhsa nó rince.
14.—An 1ú lá d'Iúil, 1960, agus dá éis, beidh éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 15 den Acht Airgeadais, 1956, ionann agus dá gcuirtí na rátaí seo a leanas in ionad na rátaí a shonraítear i mír (ii) de:
An Ráta Dleachta. | ||||||||||
I gcás an íocaíocht as dul isteach gan an dleacht a áireamh— | ||||||||||
a dhul thar | 3s. | 0d. | ach gan dul thar | 3s. | 4d. | 2d. | ||||
,, | 3s. | 4d. | ,, | ,, | ,, | ,, | 3s. | 6d. | 3d. | |
,, | 3s. | 6d. | ,, | ,, | ,, | ,, | 4s. | 8d. | 4d. | |
,, | 4s. | 8d. | ... | ... | ... | ... | 4d. in aghaidh an chéad 4s. 8d. agus 3d. in aghaidh gach 1s. nó coda de 1s. sa bhreis. |
Uiscí boird.
1916, (Seis. 2) c. 11.
1854, (Seis. 1) c. 103.
15.—(1) Faoi réir na bhfo-alt ina dhiaidh seo den alt seo, lamhálfar, an 1ú lá de Bhealtaine, 1960, agus dá éis, do gach monaróir uiscí boird a íocfaidh an dleacht mháil orthu a fhorchuirtear le halt 4 den Finance (New Duties) Act, 1916, lacáiste den dleacht mar leanas maidir le gach áitreabh ina monaraíonn sé na huiscí boird:—
An Ráta Lacáiste. | |||
Más í cainníocht a mhonaraigh sé san áitreabh agus ar ar íoc sé an dleacht aon bhliain dár tosach an 1ú lá de Bhealtaine, cainníocht— | |||
nach mó ná 20,000 galún | ... | ... | ocht bpingin an galún ar gach galún de. |
is mó ná 20,000 galún agus is lú ná | |||
100,000 galún | ... | ... | ocht bpingin an galún ar gach galún den chéad 20,000 galún agus ceithre phingin an galún ar gach galún eile. |
is 100,000 galún nó níos mó | ... | ocht bpingin an galún ar gach galún den chéad 20,000 galún agus ceithre phingin an galún ar gach galún den chéad 80,000 galún ina dhiaidh sin. |
(2) I gcás ina mbeadh, ar leith ón bhfo-alt seo, lacáiste faoi fho-alt (1) den alt seo le lamháil do mhonaróir i leith dhá áitreabh nó níos mó sa chontae-bhuirg, sa bhuirg, sa cheantar uirbeach nó sa bhaile céanna, ní lamhálfar an lacáiste ach i leith ceann amháin de na háitribh.
(3) I gcás beirt daoine nó níos mó do mhonarú, duine i ndiaidh an duine eile, uiscí boird in aon áitreabh aon bhliain dar tosach an 1ú lá de Bhealtaine, ansin, maidir le gach duine de na daoine sin ach amháin an chéad duine—
(a) i gcás méid an lacáiste ab inlamháilte faoi fho-alt (1) den alt seo ar chainníocht iomlán na n-uiscí boird a monaraíodh san áitreabh an bhliain sin aige féin agus a réamhtheachtaí nó a réamhtheachtaithe sa ghnó an bhliain sin, á chur i gcás gur aon duine amháin a mhonaraigh na huiscí boird sin, a bheith níos mó ná méid iomlán an lacáiste ab inlamháilte don réamhtheachtaí nó do na réamhtheachtaithe sin i leith uiscí boird a monaraíodh san áitreabh an bhliain sin ní lamhálfar dó, mar lacáiste faoi fho-alt (1) den alt seo i leith uiscí boird a mhonaraigh sé san áitreabh an bhliain sin, suim is mó ná an bhreis, agus
(b) in aon chás eile ní lamhálfar aon lacáiste den sórt sin dó.
(4) (a) I bhfo-alt (2) den alt seo ciallaíonn “baile” baile ar a bhfuil coimisinéirí faoin Towns Improvement (Ireland) Act, 1854, nó aon áit atá ainmnithe mar bhaile sa daonáireamh arb é an daonáireamh den sórt sin is deireannaí a foilsíodh é.
(b) Má éiríonn ceist ar bith i dtaobh cad é an daonáireamh iomchuí aon tráth áirithe chun críocha an fho-ailt seo, féadfaidh an tAire Airgeadais é a dheimhniú dá réir sin, agus beidh an deimhniú críochnaitheach.
(5) I gcás nach mbeadh feidhm ag fo-alt (3) den alt seo, mura mbeadh an fo-alt seo, díreach toisc tréimhse a bheith idir tréimhsí monaraithe uiscí boird, beidh feidhm ag an bhfo-alt sin.
Ceadúnais déileálaithe tobac.
1825, c. 81.
1864, c. 18.
1884, (Seis. 1) c. 62.
1897, c. 24.
1888, c. 33.
16.—(1) An 28ú lá d'Aibreán, 1960, agus dá éis, scoirfidh an dleacht mháil faoi aon cheann de na hachtacháin dá dtagraítear i bhfo-alt (2) den alt seo ar cheadúnas a bheidh le tógáil amach ag mangaire nó díoltóir tobac nó snaoisín de bheith inmhuirir.
(2) Is iad na hachtacháin dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt seo:
(a) alt 2 den Excise Licences Act, 1825,
(b) alt 5 den Revenue (No. 1) Act, 1864,
(c) alt 12 den Revenue Act, 1884,
(d) alt 6 den Finance Act, 1897,
(3) (a) An 28ú lá d'Aibreán, 1960, agus dá éis, ní gá ceadúnas chun tobac nó snaoisín a dhíol.
(b) Má bhíonn ceadúnas i bhfeidhm an lá sin chun tobac nó snaoisín a dhíol, ní dhéanfar aon chuid den dleacht a íocadh ar an gceadúnas a aisíoc, de dhroim na míre roimhe seo, i leith na coda a bheidh gan chaitheamh den tréimhse ar deonaíodh an ceadúnas ina haghaidh.
(4) An 28ú lá d'Aibreán, 1960, agus dá éis, ní bheidh sé riach tanach do dhuine ar bith ceadúnas a thógáil amach faoin Hawkers Act, 1888, de dhroim amháin go mbíonn sé ag déileáil i dtobac sa tslí a thuairiscítear i mír (c) d'fho-alt (1) d'alt 12 den Acht Airgid, 1930.
Ceadúnais dí, etc
1910, c. 8.
17.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “Acht 1910” an Finance (1909-10) Act, 1910;
ciallaíonn “Acht 1927” an tAcht Deocha Meisciúla, 1927.
(2) D'ainneoin aon ní contrártha dó atá in aon Acht, déanfar na dleachtanna máil a fhorchuirtear le halt 43 d'Acht 1910, maidir le ceadúnais mhiondíoltóirí a dheonófar an 1ú lá d'Iúil, 1960, nó dá éis in aghaidh tréimhsí a éagfaidh laethanta i ndiaidh an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1960, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir na rátaí uile agus faoi seach a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo in ionad na rátaí uile agus faoi seach a shonraítear i gCuid C den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1910 agus ní lamhálfar ná ní dhéanfar aon laghdú, maitheamh, lacáiste ná aisíoc maidir le haon cheadúnas miondíoltóra den sórt sin lena mbainfidh na rátaí dleachta a shonraítear sa Tábla sin seachas aon mhaitheamh dleachta a údaraítear le halt 10 d'Acht 1927.
An Tábla. | |||||||
Cuid I: Ar-cheadúnas a bheidh le tógáil amach go bliantúil ag miondíoltóir a mhiondíolfaidh— | |||||||
£ | s. | d. | |||||
1. Biotáille | ... | ... | ... | ... | 4 | 0 | 0 |
2. Beoir | ... | ... | ... | ... | 3 | 0 | 0 |
3. Sú Ull | ... | ... | ... | ... | 1 | 0 | 0 |
4. Fíon | ... | ... | ... | ... | 1 | 0 | 0 |
5. Milseáin | ... | ... | ... | ... | 1 | 0 | 0 |
Cuid II: Eis-cheadúnas a bheidh le tógáil amach go bliantúil ag miondíoltóir a mhiondíolfaidh— | |||||||
1. Biotaílle | ... | ... | ... | ... | 4 | 0 | 0 |
2. Beoir | ... | ... | ... | ... | 1 | 10 | 0 |
3. Sú Ull | ... | ... | ... | ... | 2 | 0 | 0 |
4. Fíon | ... | ... | ... | ... | 2 | 10 | 0 |
5. Milseáin | ... | ... | ... | ... | 2 | 0 | 0 |
(3) An méid sin d'fho-alt (3) d'alt 60 d'Acht 1927 agus a fhorálann go n-aisíocfar cuid den airgead a bheidh taiscthe chun a áirithiú go leanfaidh ceadúnas chun deocha meisciúla a dhíol ar mionreic i bhfeidhm ní bheidh feidhm aige maidir le haon cheadúnas den sórt sin a bheidh dlite chun a athnuachana an 1ú lá d'Iúil, 1960, nó dá éis, agus, i gcás nach ndéanfar, de réir an fho-ailt seo, cuid den airgead sin a aisíoc, cuirfear an t-airgead i gcrích ionann agus dá mba dhleacht mháil é a íocadh i leith ceadúnas den sórt sin.
(4) Déanfar, maidir le ceadúnais árthaí paisnéirí a dheonófar an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1960, nó dá éis, na dleachtanna máil a fhorchuirtear le halt 43 d'Acht 1910 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc de réir na rátaí uile agus faoi seach a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo in ionad na rátaí uile agus faoi seach a shonraítear i gCuid D den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1910.
An Tábla. | ||||||||
£ | s. | d. | ||||||
Ceadúnas bliantúil | ... | ... | ... | ... | ... | 4 | 0 | 0 |
Ceadúnas nach mbeidh i bhfeidhm ach lá amháin | ... | 10 | 0 |
(5) Leasaítear leis seo alt 48 d'Acht 1910 trí na coinníollacha seo a leanas a chur isteach ag deireadh fo-ailt (1):
“Provided that the duty payable in pursuance of this subsection shall not exceed four pounds as respects any statement of purchases during the calendar year 1960 or any subsequent calendar year, or, in the case of a club which is discontinued on or after the 28th day of April, 1960, as respects the statement of purchases up to the day of discontinuance, and
Provided also that the secretary of a club shall be deemed to have complied with the provisions of this section with regard to any particular period as aforesaid if he pays the sum of four pounds to the proper officer of Customs and Excise in respect of that period.”
Olaí hiodracarbóin.
I.R. Uimh. 104 de 1959.
I.R. Uimh. 219 de 1959.
18.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “alt 21” alt 21 den Acht Airgid, 1935;
ciallaíonn “Ordú (Uimh. 69)” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 69) (Ileacha Udracarbóin) (Dleachtanna Máil), 1959.
ciallaíonn “Ordú (Uimh. 84)” an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 84) (Olaí Hiodracarbóin) (Dleachtanna Custam), 1959.
(2) Amhail ar an 28ú lá d'Aibreán, 1960, agus dá éis, is é ráta aon lacáiste a lamhálfar faoi fho-alt (2) d'alt 21—
(a) maidir le hola hiodracarbóin ar inlamháilte an lacáiste sin ina leith agus ar ar íocadh an dleacht chustam dá dtagraítear i mír 4 d'Ordú (Uimh. 84), de réir an ráta dá bhforáiltear sa mhír sin, dhá scilling agus trí phingin an galún, agus
(b) maidir le hola hiodracarbóin ar inlamháilte an lacáiste sin ina leith agus ar a ndearnadh an dleacht chustam dá dtagraítear i mír 4 d'Ordú (Uimh. 84) a íoc, de bhua mhír 6 den Ordú sin, de réir ráta ba chomhionann leis an ráta ar dá réir is inmhuirir an dleacht a fhorchuirtear le fo-alt (3) d'alt 21, dhá scilling agus dhá phingin an galún,
in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 28ú lá d'Aibreán 1960, de bhua mhír 5 d'Ordú (Uimh. 84).
(3) Amhail ar an 28ú lá d'Aibreán, 1960, agus dá éis, is é ráta aon lacáiste a lamhálfar faoi fho-alt (4) d'alt 21 i leith ola hiodracarbóin ar inlamháilte an lacáiste sin ina leith agus ar a ndearnadh an dleacht mháil a luaitear i mír 3 d'Ordú (Uimh. 69) a íoc de réir an ráta dá bhforáiltear sa mhír sin, dhá scilling agus dhá phingin an galún in ionad an ráta ab inlamháilte díreach roimh an 28ú lá d'Aibreán, 1960, de bhua mhír 4 d'Ordú (Uimh. 69).
Tobac.
19.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “Acht 1934” an tAcht Airgid, 1934;
ciallaíonn “Acht 1957” an tAcht Airgeadais, 1957;
ciallaíonn “Acht 1959” an tAcht Airgeadais, 1959.
(2) Déanfar an dleacht chustam ar tobac a fhorchuirtear le halt 20 den Acht Airgid, 1932, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an 28ú lá d'Aibreán, 1960, agus ón lá sin amach, de réir na rátaí uile agus faoi seach a shonraítear i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí uile agus faoi seach ar dá réir is inmhuirir an dleacht sin anois, de bhua alt 7 d'Acht 1957, ar thobac monaraithe agus, de bhua alt 11 d'Acht 1959, ar thobac neamhmhonaraithe.
(3) Déanfar an dleacht mháil a fhorchuirtear le halt 19 d'Acht 1934 a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an 28ú lá d'Aibreán, 1960, agus ón lá sin amach, de réir na rátaí uile agus faoi seach a shonraítear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo in ionad na rátaí uile agus faoi seach ar dá réir is inmhuirir an dleacht sin anois, de bhua alt 7 d'Acht 1957, ar thobac monaraithe agus, de bhua alt 11 d'Acht 1959, ar thobac neamhmhonaraithe.
(4) Beidh feidhm ag fo-ailt (3) agus (4) den alt sin 19 d'Acht 1934 maidir le tobac ar ar inmhuirir an dleacht mháil a fhorchuirtear le fo-alt (1) den alt sin 19 de réir ráta a shonraítear i gCuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo, agus chun críocha na feidhme sin forléireofar an tagairt san fho-alt sin (3) den Séú Sceideal a ghabhann le hAcht sin 1934 agus beidh éifeacht aici mar thagairt do Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.
(5) An lacáiste ar thobac crua-fháiscthe a luaitear i bhfo-alt (2) d'alt 17 den Acht Airgeadais, 1940, is de réir trí scilling déag agus pingin an punt a íocfar é maidir le haon tobac den sórt sin a dhéanfaidh aon mhonaróir ceadúnaithe a dhíol agus a chur amach lena úsáid sa Stát, an 28ú lá d'Aibreán, 1960, nó dá éis.
(6) Maidir le tobac neamhmhonaraithe a mbeadh, ar leith ón bhfo-alt seo, teideal aige, de bhua fho-alt (3) d'alt 11 d'Acht 1959, chun na rátaí tosaíochta dleachta custam a shonraítear i gCuid III den Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin, déanfar, dleacht chustam is inmhuirir air arna sheachadadh as banna-stóras a mhuirearú, a thobhach agus a íoc, amhail ar an 28ú lá d'Aibreán, 1960, agus ón lá sin amach, de réir na rátaí do thobac neamh-mhonaraithe a shonraítear i gCuid III den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.
Leasú ar alt 21 den Acht Airgid, 1935.
20.—(1) San alt seo ciallaíonn “an príomh-alt” alt 21 den Acht Airgid, 1935.
(2) Leasaítear leis seo fo-alt (11) den phríomh-alt trí na míreanna seo a leanas a chur leis:
“(e) á cheangal mar choinníoll go lamhálfar lacáiste faoin alt seo ar aon ola ar ar inmhuirir an dleacht chustam sin nó an dleacht mháil sin, nó ar aon chineál nó aicme den ola sin, faoi réir cibé eisceachtaí is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim a lamháil, go gcuirfear leis an ola sin, cibé am agus ar cibé modh agus i cibé cionúireachtaí a bheidh forordaithe, marcáil fhorordaithe amháin nó níos mó agus go dtabharfar dearbhú sa chéill sin,
(f) ag sonrú na substaintí a bheidh i marcáil fhorordaithe chun críocha an ailt seo,
(g) á fhoráil nach dtabharfar aird ar aon mharcáil más lú an chionúireacht di a bheidh ann ná an méid a bheidh forordaithe chun críocha na míre seo,
(h) á thoirmeasc aon mharcáil fhorordaithe a chur in aon ola hiodracarbóin ach amháin i cibé cúinsí a bheidh forodaithe,
(i) á thoirmeasc aon mharcáil fhorordaithe a bhaint as aon ola hiodracarbóin,
(j) á thoirmeasc aon substaint, nach marcáil fhorordaithe, a chur le haon ola hiodracarbóin ar dócha di é a dhéanamh deacair marcáil fhorordaithe a aithint,
(k) á thoirmeasc aon ola hiodracarbóin a allmhuiriú inar cuireadh aon substaint, nach marcáil fhorordaithe, ar dócha di é a dhéanamh deacair marcáil fhorordaithe a aithint,
(l) á thoirmeasc aon ola hiodracarbóin ina mbeidh aon mharcáil fhorordaithe a allmhuiriú, a dhíol nó a sheachadadh mura mbeidh sí inti sna cionúireachtaí a forordaíodh mar choinníoll chun go lamhálfaí lacáiste faoin alt seo agus mura mbeidh sé beartaithe an ola hiodracarbóin sin a úsáid chun críche seachas a dó in inneall mótarfheithicle agus go dtabharfar dearbhú sa chéill sin.”
(3) Leasaítear leis seo fo-alt (8) den phríomh-alt trí “nó í a choimeád i mbreosla-iomar na feithicle sin” a chur isteach i mír (a) i ndiaidh “mótar-fheithicle”.
(4) Leasaítear leis seo fo-alt (15) den phríomh-alt tríd an míniú seo a leanas a chur leis: “ciallaíonn an briathar ‘forordú’ forordú le rialacháin arna ndéanamh de bhua an ailt seo”.
(5) Má tharlaíonn in aon imeachtaí chun pionós a ghnóthú faoi fho-alt 12 den phríomh-alt—
(a) gurb é an cion ar ina leith a bheifear ag éileamh an phionóis ola hiodracarbóin a choimeád i mbreoslaiomar feithicle contrártha do mhír (a) d'fho-alt (8) den phríomh-alt,
(b) go gcruthófar go bhfuarthas ola hiodracarbóin sa bhreoslaiomar, agus
(c) gurb é an cosantóir úinéir na feithicle,
toimhdeofar (mura gcruthaítear agus go dtí go gcruthófar a mhalairt) go raibh an ola hiodracarbóin a fuarthas amhlaidh ar coimeád sa bhreosla-iomar contrártha don mhír sin agus gurb é an t-úinéir sin a choimeád amhlaidh í contrártha di.
(6) Leasaítear leis seo fo-alt (5) d'alt 8 den Acht Airgid, 1942, trí “custum san an diúité dob ionchurtha ar an íle hídrocarbóin sin agus gearrfaidh an pionós a ceaptar leis an bhfo-alt san ar n-a leasú amhlaidh mar phionós chustum” a scriosadh agus “máil sin an dleacht ab inmhuirir ar an ola hiodracarbóin sin agus forchuirfidh an pionós a cheaptar leis an bhfo-alt sin mar phionós máil” a chur ina ionad.
Feithiclí inneallghluaiste—leasú ar Achtanna áirithe.
1920, c. 72.
1922, (Seis. 1) c. 17.
21.—(1) Déantar leis seo an fo-alt seo a leanas a chur isteach in alt 1 den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952, i ndiaidh fo-alt (10).
“(10A) I gCuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo forléireofar ‘rothar trianach’ (gan dochar don fhoráil i dtaobh na bhfocal sin atá i bhfo-mhír (1) de mhír 1 de Chuid II den Sceideal sin) mar thagairt d'fheithicil a bheidh de réir cibé míniú ar rothar trianach a fhorordóidh an tAire Rialtais Áitiúil chun críocha na Coda sin I le rialacháin.”
(2) (a) Leasaítear leis seo fo-alt (1) d'alt 9 den Roads Act, 1920, tríd “the first day of April” a chur in ionad “the twenty-fifth day of March”.
(b) Leasaítear leis seo fo-alt (2) d'alt 15 den Finance Act, 1922, trí “the first day of April” a chur in ionad “the twenty-fifth day of March”.
(c) Leasaítear leis seo fo-alt (11) d'alt 1 den Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952, trí “na trí mhí dar tús an 1ú lá d'Eanáir, na trí mhí dar tús an 1ú lá d'Aibreán” a chur in ionad “an tréimhse dar tús an 1ú lá d'Eanair, agus dar críoch an 24ú lá de Mhárta, an tréimhse dar tús an 25ú lá de Mhárta agus dar críoch an 30ú lá de Mheitheamh”.
(3) Forléireofar na tagairtí atá sa Roads Act, 1920, sa Finance Act, 1922, agus sna hAchtanna Airgeadais (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1952 agus 1960, d'fheithicil a úsáid ionann agus dá bhfolódh an focal “use” agus an focal “úsáid” feithicil a choimeád nó a fhágáil ina seasamh.
(4) Leasaítear leis seo mír 2 de Chuid I den Sceideala ghabhann leis an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952, trí “6 cmn.” a chur in ionad “cúig cmn.”
(5) Leasaítear leis seo fo-mhír (c) de mhír 6 de Chuid I den Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais (Dleachta Máil), 1952, trí “(is inneall, ceardlann, feist nó gléas atá comhghafa mar chuid den fheithicil nó i mbuancheangal ar shlí eile di)” a chur isteach i ndiaidh “chun inneall, ceardlann, feist nó gléas”.
(6) (a) Má rithtear an tAcht seo an 1ú lá d'Iúil, 1960, nó roimhe, tiocfaidh fo-ailt (1) go (5) den alt seo i ngníomh an lá sin.
(b) Má rithtear an tAcht seo tar éis an 1ú lá d'Iúil, 1960—
(i) measfar gur tháinig fo-ailt (1) go (5) den alt seo i ngníomh an lá sin, agus
(ii) aon rialacháin a dhéanfar de bhua fho-alt (1) den alt seo, féadfar iad a cheapadh mar rialachán a measfar a tháinig i ngníomh an lá sin, agus, má cheaptar amhlaidh iad, beidh éifeacht acu dá réir sin.
(7) Déanfar na híocaíochtaí iomchuí agus aird ar na forálacha roimhe seo den alt seo agus déanfar na híocaíochtaí de réir cibé treoracha a thabharfaidh an tAire Rialtais Áitiúil.
Orduithe a dhaingniú.
I.R. Uimh. 104 de 1959.
I.R. Uimh. 219 de 1959.
I.R. Uimh. 83 de 1960.
I.R. Uimh. 106 de 1960.
22.—Daingnítear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 69) (Ileacha Udrócarbóin) (Dleachtanna Máil), 1959, an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 84) (Olaí Hiodracarbóin) (Dleachtanna Custam), 1959, an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Tobhaigh Speisialta Allmhairithe agus Custam Ilghnéitheacha), 1960, agus an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 91) (Nuachtáin agus Tréimhseacháin), 1960.
CUID III.
Dleachtanna Báis.
Athrú ar rátaí dleachta báis.
23.—I gcás daoine a éagfaidh tar éis an 27ú lá d'Aibreán, 1960, is é scála rátaí dleachta eastáit a bheidh ann agus ag a mbeidh éifeacht, in ionad an scála atá leagtha amach sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1951, an scála atá leagtha amach sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo.
Forálacha a leanann as an athrú ar rátaí dleachta eastáit.
24.—(1) I gcás nach mó ná cúig mhíle punt luach glan na maoine, réadach agus pearsanta, a aistríonn ar bhás an éagaigh, gan maoin a áireamh a socraíodh ar shlí seachas le huacht an éagaigh, ní dhéanfar, chun críche dleachta eastáit, an mhaoin sin a chomhshuimiú le haon mhaoin eile, ach beidh sí ina heastát inti féin, agus ní bheidh na dleachtanna leagáide agus comharbais iníoctha faoi uacht nó díthiomnacht an éagaigh i leith an eastáit sin.
(2) Leasaítear leis seo alt 29 den Acht Airgid, 1931, trí “cúig mhíle punt” a chur in ionad “dhá mhíle punt” (a cuireadh isteach le fo-alt (5) d'alt 14 den Acht Airgeadais, 1951).
(3) I gcás inar mó ná cúig mhíle punt luach glan na maoine, réadach agus pearsanta, ar iníoctha dleacht eastáit ina leith, gan maoin a áireamh a socraíodh ar shlí seachas le huacht an éagaigh, ní bheidh méid na dleachta leagáide agus comharbais is iníoctha i leith na maoine níos mó ná an méid is mó ná cúig mhíle punt luach glan na maoine arna mheas chun críche dleachta eastáit.
(4) Ní bheidh éifeacht ag an alt seo ach i leith daoine a éagfaidh tar éis an 27ú lá d'Aibreán, 1960.
Leasú ar alt 21 den Acht Airgeadais, 1956.
25.—I gcás ina dtabharfar deimhniú de bhua alt 5 den Acht seo maidir le haon stoic, scaireanna nó urrúis, ní dheonófar faoiseamh ó dhleacht eastáit faoi alt 21 den Acht Airgeadais, 1956, maidir leis na stoic, na scaireanna nó na hurrúis sin ach amháin maidir le bás duine a éagfaidh tar éis an tAcht seo a rith.
CUID IV.
Leasú ar an Acht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956.
Léiriú (Cuid IV).
26.—Sa Chuid seo den Acht seo ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Airgeadais (Forála Ilghnéitheacha), 1956.
“Earraí” a leasú i gCuid III den Acht.
27.—(1) (a) In alt 10 den Acht folóidh an míniú ar “earraí” earraí arna monarú sa Stát nach dtagann faoin míniú atá cheana féin san alt sin 10 agus a d'onnmhairigh an duine arb é, maidir leis an mbonn-tréimhse iomchuí nó an tréimhse chuntasaíochta iomchuí an chuideachta é atá ag éileamh faoisimh faoi Chuid III den Acht, i gcás inar díol ar mór-reic an díol a rinne an duine sin ar na hearraí a onnmhairíodh amhlaidh.
(b) Ciallaíonn “díol ar mór-reic” sa mhír roimhe seo earraí d'aon aicme a dhíol le duine a sheolann gnó díolta earraí den aicme sin nó a úsáideann earraí den aicme sin chun críocha trádála nó gnóthais a sheolann sé.
(2) I gcás ina mbeidh feidhm ag alt 12 den Acht agus gurb éard a onnmhairíodh, nó go raibh ar earraí a onnmhairíodh, as an Stát sa bhonn-tréimhse iomchuí earraí a bhforálann fo-alt (1) den alt seo go bhfolófar an céanna sa mhíniú ar “earraí”, beidh éifeacht ag Cuid III den Acht ach go gcuirfear “agus marsantais (cibé acu a onnmhairíodh é nó nár onnmhairíodh) seachas na hearraí sin” isteach i bhfo-ailt (2) agus (4) agus i mír (b) d'fho-alt (6) den alt sin 12 i ndiaidh “earraí (pé acu a honnmhuiríodh iad nó nár honnmhuiríodh)” gach áit ina bhfuil na focail deiridh sin.
(3) I gcás lena mbaineann alt 13 den Acht agus gurb éard a onnmhairíodh, nó go raibh ar earraí a onnmhairíodh, as an Stát sa tréimhse chuntasaíochta iomchuí, earraí a bhforálann fo-alt (1) den alt seo go bhfolófar an céanna sa mhíniú ar “earraí”, beidh éifeacht ag Cuid III den Acht ach go gcuirfear “agus marsantais (cibé acu a onnmhairíodh é nó nár onnmhairíodh) seachas na hearraí sin” isteach, i bhfo-ailt (2) agus (4) agus i mír (c) d'fho-alt (10) den alt sin 13 i ndiaidh “earraí (pé acu a honnmhuiríodh iad nó nár honnmhuiríodh)” gach áit ina bhfuil na focail deiridh sin.
(4) Beidh éifeacht ag an alt seo—
(a) maidir le cáin ioncaim, in aghaidh aon bhliana measúnachta a thosóidh an 6ú lá d'Aibreán, 1960, nó dá éis, agus
(b) maidir le cáin bhrabús corparáide, in aghaidh aon tréimhse cuntasaíochta nó coda de thréimhse chuntasaíochta tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1960,
agus, i gcás cáin bhrabús corparáide, féadfaidh na Coimisinéir Ioncaim chun críocha an ailt seo, maidir le haon chuid den sórt sin de thréimhse chuntasaíochta, cibé cionroinnt a dhéanamh is iomchuí.
Síneadh ar na tréimhsí chun faoisimh faoi Chuid III den Acht.
28.—Beidh feidhm ag fo-alt (2) d'alt 56 den Acht Airgeadais, 1958, ach amháin maidir le fo-alt (6) d'alt 12 den Acht, ionann agus dá gcuirtí an mhír seo a leanas in ionad míre (b):
“(b) maidir le—
(i) cuideachta a onnmhaireoidh earraí an 6ú lá d'Aibreán, 1960, nó dá éis, agus nár onnmhairigh earraí roimh an dáta sin, cuirfear an míniú seo a leanas in ionad an mhínithe ar ‘bliain éilimh’:
ciallaíonn ‘bliain éilimh’ gach bliain de dheich mbliana measúnachta comhleanúnacha arb í an chéad bhliain acu an chéad bhliain mheasúnachta a ndearnadh cáin ioncaim faoi Chás I de Sceideal D a ríomh go críochnaitheach ar bhrabúis nó gnóchain thréimhse d'onnmhairigh an chuideachta earraí nó an chéad bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin, mar a roghnóidh an chuideachta, nó, cheal roghnaithe, an chéad bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin a dúradh, ach ní bheidh an bhliain 1975-76 ná aon bhliain mheasúnachta ina dhiaidh sin ina bliain éilimh in aon chás, agus
(ii) cuideachta—
(I) a onnmhairíonn earraí,
(II) nach cuideachta dá dtagraítear i bhfo-mhír (i) den mhír seo,
(III) nach ndearna éileamh, agus nach mbeadh teideal aici éileamh a dhéanamh, faoi alt 12 den Acht, in aghaidh na bliana 1959-60 ná aon bhliana measúnachta roimhe sin, agus
(IV) nach mbeadh teideal aici, mura mbeadh forálacha alt 27 den Acht Airgeadais, 1960, éileamh a dhéanamh faoi alt 12 den Acht,
cuirfear an míniú seo a leanas in ionad an mhínithe ar ‘bliain éilimh’;
ciallaíonn ‘bliain éilimh’ gach bliain de dheich mbliana measúnachta comhleanúnacha arb í an chéad bhliain acu an bhliain 1960-61 nó an bhliain 1961-62, de réir mar a roghnóidh an chuideachta nó, cheal roghnaithe, an bhliain 1961-62.”
(2) Ach amháin maidir le fo-alt (10) d'alt 13 den Acht, déantar, leis seo, an míniú seo a leanas a chur in alt 10 den Acht in ionad an mhínithe ar “tréimhse chuntasaíochta”:
“ciallaíonn ‘tréimhse chuntasaíochta’ tréimhse chuntasaíochta chuideachta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta chuideachta laistigh den tréimhse deich mbliana ó cibé lá den dá lá seo a leanas is déanaí, is é sin le rá:
(a) an 1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1956, nó
(b) an chéad lá den bhonn-tréimhse don bhliain mheasúnachta arb í céad bhliain éilimh na cuideachta í chun críocha faoisimh faoi alt 12 den Acht, nó an 6ú lá d'Aibreán, 1965, cibé lá acu sin is túisce;”.
Blianta éilimh agus tréimhsí cuntasaíochta breise do Chuid III den Acht.
29.—(1) Maidir le cuideachta a fuair faoiseamh faoi fho-alt (1) nó fo-alt (3) d'alt 12 den Acht, beidh feidhm ag fo-ailt (1) go (5) den alt sin 12 maidir leis na cúig bliana measúnachta comhleanúnacha arb í an chéad bhliain acu an bhliain mheasúnachta díreach i ndiaidh bliain éilimh dheiridh na cuideachta de réir bhrí alt 10 den Acht, ionann agus—
(a) dá mba bhliain éilimh gach bliain acu sin, agus
(b) go gcuirfí isteach in ionad “laghdófar go neamhní” i míreanna (a) agus (b) den fho-alt sin (5)—
(i) i gcás na céad bhliana acu sin, “laghdófar ochtó faoin gcéad”,
(ii) i gcás an dara bliain acu sin “laghdófar seasca a cúig faoin gcéad”,
(iii) i gcás an tríú bliain acu sin “laghdófar caoga faoin gcéad”,
(iv) i gcás an ceathrú bliain acu sin “laghdófar tríocha a cúig faoin gcéad”, agus
(v) i gcás an cúigiú bliain acu sin “laghdófar cúig déag faoin gcéad”.
(2) Maidir le cuideachta a fuair faoiseamh faoi fho-alt (1) nó fo-alt (3) d'alt 13 den Acht, beidh feidhm ag fo-ailt (1) go (9) den alt sin 13 maidir le haon tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta leis an gcuideachta laistigh den tréimhse chúig bliana a thosóidh ar dheireadh a bheith leis an tréimhse arb í comhlíon tréimhsí cuntasaíochta na cuideachta de réir bhrí alt 10 den Acht í, ionann agus—
(a) dá mbaineadh “tréimhse chuntasaíochta” léi gach áit ina bhfuil na focail sin sna fo-ailt sin, agus
(b) go gcuirfí, in ionad “laghdófar go neamhní” i míreanna (a) agus (b) den fho-alt sin 9—
(i) i gcás inar tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta í laistigh den chéad bhliain acu sin “laghdófar ochtó faoin gcéad”,
(ii) i gcás inar tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta í laistigh den dara bliain acu sin, “laghdófar seasca a cúig faoin gcéad”,
(iii) i gcás inar tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta í laistigh den tríú bliain acu sin, “laghdófar caoga faoin gcéad”,
(iv) i gcás inar tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta í laistigh den cheathrú bliain acu sin, “laghdófar tríocha a cúig faoin gcéad”,
(v) i gcás inar tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta í laistigh den chúigiú bliain acu sin “laghdófar cúig déag faoin gcéad”.
Idirbheartaíocht idir daoine i gcomhlachas le chéile agus cuideachta i gcomharbas trádála do chuideachta eile.
30.—(1) Beidh feidhm ag an alt seo maidir le cuideachta a éileoidh faoiseamh faoi Chuid III den Acht de bhua na bhforálacha roimhe seo den Chuid seo den Acht seo.
(2) I gcás ina gceannóidh cuideachta (dá ngairtear an ceannaitheoir anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo) ó dhuine eile (dá ngairtear an díoltóir anseo ina dhiaidh seo san fho-alt seo), tar éis an tAcht seo a rith, agus—
(a) go mbeidh urlámh ag an díoltóir ar an gceannaitheoir nó, más comhlacht corpraithe nó comhpháirtíocht an díoltóir, go mbeidh urlámh ag an gceannaitheoir ar an díoltóir nó urlámh ag duine éigin eile ar an díoltóir agus ar an gceannaitheoir, agus
(b) gur lú an praghas san idirbheart ná an praghas a mbeifí ag súil leis dá mba idirbheart idir páirtithe neamhspleácha ag déileáil ar neamhthuilleamaí le chéile an t-idirbheart,
ansin, chun críocha Chuid III den Acht, ríomhfar na brabúis de chuid an cheannaitheora is inchurtha i leith díolachán ionann agus dá mba é an praghas san idirbheart an praghas a bheadh ann dá mba idirbheart idir daoine neamhspleácha ag déileáil mar a dúradh an t-idirbheart.
(3) I bhfo-alt (2) den alt seo ciallaíonn “urlámh”, maidir le comhlacht corpraithe, cumhacht duine chun a áirithiú, trí scaireanna nó cumhacht vótála a shealbhú sa chomhlacht corpraithe sin nó maidir leis nó in aon chomhlacht corpraithe eile nó maidir leis, nó de bhua aon chumhachtaí a thugtar leis na hairteagail chomhlachais nó le doiciméad eile a rialaíonn an comhlacht corpraithe sin nó aon chomhlacht corpraithe eile, gur de réir tola an duine sin a sheoltar gnó an chomhlachta chorpraithe chéadluaite agus, maidir le comhpháirtíocht, ciallaíonn sé an ceart chun scair is mó ná leath sócmhainní, nó is mó ná leath ioncaim, na comhpháirtíochta.
(4) I gcás cuideachta (dá ngairtear an chuideachta chomharbais ina dhiaidh seo san alt seo) a theacht i gcomharbas ar thrádáil nó cuid de thrádáil a bhí, an 6ú lá d'Aibreán, 1960, nó dá éis, á seoladh ag cuideachta eile (dá ngairtear an chuideachta bhunaidh san fho-alt seo) agus go ndearna an chuideachta bhunaidh éileamh nó go bhféadfadh sí éileamh a dhéanamh faoi Chuid III den Acht, ansin déanfar faoiseamh, de bhua na n-alt roimhe seo den Chuid seo den Acht seo, a dheonú, chomh fada agus a bhaineann an faoiseamh sin leis an trádáil nó leis an gcuid de thrádáil a bheidh i gceist, don chuideachta chomharbais ach sin amháin maidir lena mbeidh fágtha de na blianta éilimh agus de na tréimhsí cuntasaíochta a bhféadfadh an chuideachta bhunaidh faoiseamh faoi Chuid III den Acht a éileamh ina n-aghaidh dá leanadh sí den trádáil, nó den chuid den trádáil, a bheidh i gceist a sheoladh.
(5) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar an gcuideachta cibé eolas nó sonraí is gá chun críocha an ailt seo a thabhairt dóibh, agus beidh éifeacht ag fo-ailt (1) agus (3) d'alt 12 agus ag fo-ailt (1) agus (3) d'alt 13 den Acht ionann agus dá mbeadh ar na nithe a gceanglaíonn na fo-ailt sin cruthú a thabhairt orthu an t-eolas nó na sonraí a shonrófar i bhfógra faoin bhfo-alt seo.
Doiciméid agus taifid a thabhairt ar aird.
31.—(1) Ar oifigeach údaraithe á iarraidh sin air in aon áitreabh le cuideachta a bheidh ag éileamh faoisimh faoi Chuid III den Acht, déanfaidh aon duine a bheidh ar fostú ag an gcuideachta san áitreabh gach uile shonra, cuntas, leabhar agus doiciméad agus taifead eile a bhainfidh le ceannach agus díol earraí ag an gcuideachta agus a bheidh i seilbh nó ar urlámh an duine sin nó ar fáil aige a thabhairt ar aird don oifigeach údaraithe agus, nuair a thabharfaidh sé ar aird amhlaidh iad, ligfidh sé don oifigeach údaraithe iad a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh díobh nó sleachta a thógáil astu.
(2) Mura ndéanaidh duine ar a ndéanfar iarratas faoi fho-alt (1) den alt seo de réir cheanglas an fho-ailt sin, dlífear pionós caoga punt a chur air.
(3) Maidir leis na pionóis uile faoin alt seo, féadfar, gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile, imeachtaí a bhunú dá lorg agus iad a ghnóthú go hachomair amhail mar a dhéantar i gcás imeachtaí achomaire chun aon fhíneáil nó pionós faoi aon Acht a bhaineann leis an mál a ghnóthú.
(4) I gcás ina n-iarrfaidh oifigeach údaraithe, de bhun an ailt seo, go dtabharfar aon doiciméid nó taifid ar aird déanfaidh sé, má iarrtar sin air, a údarás chun críocha an ailt seo a thaispeáint don duine lena mbainfidh.
(5) San alt seo, ciallaíonn “oifigeach údaraithe” oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim arna údarú acu i scríbhinn chun críocha an ailt seo.
Leathnú ar Chuid II den Acht.
32.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “mianraí sonraithe” giopsam agus anhidríd;
ciallaíonn “oibríochtaí mianadóireachta sonraithe” oibríochtaí mianadóireachta (trí thochailt faoi thalamh nó tochailt bhéaloscailte) sa Stát, cibé acu roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin é, ach sin amháin a mhéid go dtáirgfear nó gur táirgeadh mianraí sonraithe dá dtoradh.
(2) Bainfidh Cuid II den Acht le hoibríochtaí mianadóireachta sonraithe ionann agus—
(a) dá mbaineadh “oibríochtaí gual-mhianadóireachta”, “nua-oibríochtaí gual-mhianadóireachta” agus “oibríochtaí gual-mhianadóireachta láithreacha” gach áit ina bhfuil na focail sin sa Chuid sin le hoibríochtaí mianadóireachta,
(b) dá mbaineadh “go dtáirgfear nó gur táirgeadh gual” agus “táirgeadh gual” sa Chuid sin le táirgeadh mianraí sonraithe,
(c) dá mbaineadh “táirgeacht ghuail”, “táirgeachta guail” agus “táirgeacht chaighdeánach ghuail” gach áit ina bhfuil na habairtí sin sa Chuid sin le táirgeacht mhianraí sonraithe,
(d) dá gcuirtí “nó leis an mbliain mheasúnuithe dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1960 (cibé bliain acu is déanaí)” isteach i ndiaidh “bliain mheasúnuithe ar lá dhi an lá tosnuithe” i bhfo-alt (1) d'alt 7 den Acht,
(e) dá gcuirtí “nó an 6ú lá d'Aibreán, 1960 (cibé acu is déanaí)” isteach i ndiaidh “lá tosnuithe” i mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 7 den Acht,
(f) dá gcuirtí “6ú lá d'Aibreán, 1960” i mír (a) d'fho-alt (2) d'alt 8 den Acht in ionad “1ú lá de Dheireadh Fómhair, 1956”,
(g) dá gcuirtí an míniú seo a leanas isteach i mír (a) d'fho-alt (3) d'alt 8 den Acht in ionad an mhínithe ar “bliain mheasúnuithe iomchuí”:
“ciallaíonn ‘bliain mheasúnuithe iomchuí’ gach ceann de na seacht mbliana measúnuithe comhleanúnacha arb í an chéad bhliain díobh an bhliain mheasúnuithe dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1960”.
Leasú ar Chuid IV den Acht.
33.—Chun críocha Chuid IV den Acht, measfar gur foirgneamh nó déanmhas agus é á úsáid chun críocha thrádáil na hóstánaíochta foirgneamh nó déanmhas agus é á úsáid mar champa saoire, ach ní thabharfar aon liúntas faoin gCuid sin IV de bhua an ailt seo in aghaidh aon bhliana measúnachta roimh an mbliain 1960-61.
CUID V.
Comhaontú a Dhaingniú.
Comhaontú a dhaingniú.
34.—(1) Daingnítear leis seo an Comhaontú atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo agus a rinneadh an 23ú lá de Mheitheamh, 1960, idir an Rialtas agus Rialtas na Ríochta Aontaithe maidir leis an gComhaontú atá leagtha amach i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1926 (arna leasú leis na Comhaontuithe atá leagtha amach i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgid, 1928, sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1948, agus sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1959) agus, faoi réir a dhaingnithe ag Parlaimint na Ríochta Aontaithe, beidh éifeacht aige dá réir sin
(2) Chun aon oibleagáid faoi Airteagal 2 den Chomhaontú atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chomhlíonadh, féadfaidh an Rialtas, le hordú, a ordú nach ndéanfaidh, agus go measfar nach ndearna, aon fhorálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a shonrófar san ordú, is forálacha a dhéanann difir ar aon slí do dhíolúintí ó cháin ioncaim i gcás daoine a chónaíonn sa Stát, difir do dhíolúintí ó cháin ioncaim a theachtann daoine mar dhaoine nach gcónaíonn sa Stát ach a chónaíonn sa Ríocht Aontaithe, agus beidh éifeacht dá réir sin ag aon ordú den sórt sin.
CUID VI.
Dleachtanna Stampa.
Díolúine ó dhleacht stampa ar bhillí malairte áirithe.
1891, c. 39.
35.—Beidh éifeacht ag an gCéad Sceideal a ghabhann leis an Stamp Act, 1891, ionann agus dá gcuirtí an díolúine seo a leanas isteach ann faoin mírcheann dar tosach “Bill of Exchange— Payable on demand”:
“Bill drawn on any form supplied by the Revenue Commissioners for the purpose of remitting amounts of tax in accordance with paragraph (1) of Regulation 31 of the Income Tax (Employments) Regulations, 1960 (S.I. No. 28 of 1960).”
An dleacht stampa ar phasanna a fhoirceannadh.
36.—Scoirfidh an dleacht stampa a mhuirearaíonn an Stamp Act, 1891, ar phasanna de bheith inmhuirir.
Stampaí greamaitheacha a úsáid ar chóipeanna agus ar shleachta áirithe.
37.—D'ainneoin alt 2 den Stamp Act, 1891, féadfar an dleacht stampa ar aon chóip nó sliocht a bheidh fianaithe nó fíordheimhnithe ar shlí eile agus is cóip d'aon doiciméad nó sliocht as aon doiciméad acu seo a leanas, eadhon—
(a) uacht bhunaidh, tiomna bunaidh nó codaisíl bhunaidh,
(b) probháid uachta nó chodaisíle nó cóip de phrobháid den sórt sin, nó
(c) aon litreacha riaracháin nó aon daingniú ar thiomna,
a eiseofar amach as Clárlann Phrobháide Cheantair, a thaispeáint trí stampa greamaitheach a bheidh le cealú ag an gCláraitheoir Probháide Ceantair sula n-eiseofar an chóip nó an sliocht.
CUID VII.
Ilghnéitheach agus Ginearálta.
An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.
38.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950;
ciallaíonn “alt leasaitheach 1959” alt 77 den Acht Airgeadais, 1959;
ciallaíonn “an deichiú blianacht bhreise” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;
tá leis “an Aire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.
(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1959, maidir leis na naoi mbliana airgeadais comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dár críoch an 31ú lá de Mhárta, 1961, ach “£991,095” a chur in ionad “£780,192”.
(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1959 ach “£628,753” a chur in ionad “£504,682”.
(4) Déanfar suim £951,035 chun iasachtaí, maraon le hús ar an gcéanna, i leith seirbhísí caipitiúla a fhuascailt a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais comhleanúnacha a thosóidh leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1961.
(5) Déanfar an deichiú blianacht bhreise a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.
(6) Féadfar aon mhéid den deichiú blianacht bhreise, nach mó ná £615,195 aon bhliain airgeadais áirithe, a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.
(7) Déanfar iarmhéid an deichiú blianacht bhreise a úsáid i gceann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.
Faoiseamh ó dhleachtanna áirithe.
39.—(1) (a) I gcás ina raibh duine os cionn bliain agus fiche d'aois an 1ú lá d'Eanáir, 1953, agus go gcruthóidh sé nó go gcruthófar thar a cheann do na Coimisinéirí Ioncaim, go raibh sé, ó aois a sheacht mbliana nó ó aois ab óige ná sin, i rith na tréimhse iomchuí, faoi chúram lánúna pósta (nárbh iad a thuismitheoirí féin iad i gcás inar duine é a rugadh dá thuismitheoirí féin de phósadh dleathach) agus á chothabháil ag an lánúin sin ar a gcostas féin mar dhuine dá dteaghlach agus dá líon tí, ansin, chun críocha an mhéid seo a leanas—
(i) dleacht chomharbais agus dleacht leagáide,
(ii) na dleachtanna stampa is inmhuirir ar thíolacais nó ar aistrithe talún, agus
(iii) díolúine ó dhleacht chustam faoi mhír (b) d'alt 18 den Acht Airgeadais, 1936,
measfar gur leanbh é leis an lánúin phósta sin a rugadh dóibh de phósadh dleathach agus nach leanbh le haon duine eile é.
(b) I mír (a) den fho-alt seo ciallaíonn “an tréimhse iomchuí”—
(i) i gcás inar tharla, i rith na tréimhse seacht mbliana ón tráth a thosaigh an duine a bheidh i gceist de bheith faoi chúram na lánúna pósta agus á chothabháil acu mar duine dá dteaghlach agus dá líon tí, go bhfuair duine den lánúin phósta (ach ní an bheirt) bás—an tréimhse ón tráth sin go dtí an bás,
(ii) i gcás ina bhfuair an bheirt den lánúin phósta bás i rith na tréimhse seacht mbliana ón tráth sin—an tréimhse ón tráth sin go dtí bás an duine sin is túisce d'éag den lánúin, agus
(iii) in aon chás eile—seacht mbliana.
(2) Ní bhaineann fo-alt (1) den alt seo le tógáil maoine a rinneadh roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1953, ach faoi réir na heisceachta sin, baineann sé le tógáil maoine a rinneadh roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin.
(3) I gcás—
(a) ina ndearnadh maoin a thógáil roimh an Acht seo a rith agus lá nach luaithe ná an 1ú lá d'Eanáir, 1953,
(b) inar íocadh dleacht roimh an Acht seo a rith i leith na tógála, agus
(c) maidir leis an dleacht—
(i) nárbh iníoctha í, nó
(ii) gur mhó í ná an dleacht ab iníoctha,
dá mbeadh an t-alt seo rite sula ndearnadh an tógáil,
aisíocfar an dleacht nó an bhreis (de réir mar a bheidh) ar choinníoll go ndéanfar iarratas chun na gCoimisinéirí Ioncaim laistigh de bhliain ón Acht seo a rith ag iarraidh aisíoca.
Leasú ar alt 11 den Acht Airgeadais (Brabúis Mhianach Airithe) (Faoiseamh Sealadach ó Chánachas), 1956.
40.—Déantar leis seo alt 11 den Acht Airgeadais (Brabúis Mhianach Airithe) (Faoiseamh Sealadach ó Chánachas), 1956, a leasú, le héifeacht amhail ó dháta an Achta sin a rith, trí “nó an 6ú lá d'Aibreán, 1954 (cibé acu is déanaí)” a chur isteach roimh “an lá tosnuithe” i mír (a) d'fho-alt (2).
Leasú ar Chuid V den Acht Airgeadais, 1959.
41.—(1) Maidir le foirgneamh nó déanmhas arb é an 1ú lá d'Eanáir, 1960, nó lá dá éis a chuathas faoin gcaiteachas caipitiúil á dhéanamh agus a mbeidh sé le meas ina thaobh gur foirgneamh nó déanmhas tionscail é mar gheall ar é a úsáid chun críocha trádála na hóstánaíochta, beidh éifeacht ag Cuid V den Acht Airgeadais, 1959, ionann agus—
(a) dá gcuirtí “leis an deichiú” in ionad “leis an gcaogadú” i bhfo-alt (1) d'alt 25 agus i bhfo-alt (4) d'alt 27 den Acht sin, agus
(b) dá gcuirtí “an deichiú” in ionad “an caogadú” i bhfo-alt (3) d'alt 25 agus “don deichiú” in ionad “don chaogadú” i bhfo-alt (1) d'alt 26 den Acht sin.
(2) Chun críocha Chuid V den Acht Airgeadais, 1959, agus fho-alt (1) den alt seo, measfar gur foirgneamh nó déanmhas agus é á úsáid chun críocha thrádáil na hóstánaíochta foirgneamh nó déanmhas agus é á úsáid mar champa saoire.
Aisghairm.
42.—(1) Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm, a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin, amhail ar an agus ón dáta a shonraítear i gcolún (4) den Chuid sin.
(2) (a) Déantar leis seo an t-achtachán a shonraítear i gcolún (2) de Chuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.
(b) Ní bheidh éifeacht ag mír (a) den fho-alt seo ach amháin maidir le daoine a gheobhfaidh bás tar éis an 27ú lá d'Aibreán, 1960.
Cúram agus bainistí cánach agus dleachtanna.
43.—Cuirtear faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo na cánacha agus na dleachtanna uile a fhorchuirtear leis an Acht seo.
Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.
1920 c. 18.
1891, c. 39.
44.—(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1960, a ghairm den Acht seo.
(2) Déanfar Codanna I agus V den Acht seo agus an Tríú Sceideal a ghabhann leis a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim.
(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna custam, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus déanfar, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, í a fhorléiriú i dteannta na Reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.
(4) Deanfar Cuid IV den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le cáin ioncaim (lena n-áirítear forcháin) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus déanfar, a mhéid a bhaineann sí le cáin bhrabús corparáide, í a fhorléiriú i dteannta Chuid V den Finance Act, 1920, agus na n-achtachán a leasaionn nó a leathnaíonn an Chuid sin.
(5) Forléireofar Cuid VI den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán a leasaíonn nó a leathnaíonn an tAcht sin.
(6) Measfar gur tháinig Cuid I den Acht seo i bhfeidhm an 6ú lá d'Aibreán, 1960, agus beidh éifeacht aici amhail ar an agus ón lá sin.
(7) Ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi.
AN CHÉAD SCEIDEAL.
Dleachtanna ar Thobac.
Cuid I.
Custaim.
£ | s. | d. | |||
Tobac Neamhmhonaraithe:— | |||||
Má bhíonn sé Scúite nó Díloirgnithe:— | |||||
Agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchan de .. .. .. .. .. .. | an lb. | 2 | 7 | 11 | |
Agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchan de .. .. .. .. .. .. | ,, | 2 | 13 | 3 | |
Mura mbeidh sé Scúite nó Díloirgnithe:— | |||||
Agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchan de .. .. .. .. .. .. | ,, | 2 | 7 | 10½ | |
Agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchan de .. .. .. .. .. .. | ,, | 2 | 13 | 2½ |
Lán-ráta | Ráta Fabhair | ||||||||
£ | s. | d. | £ | s. | d. | ||||
Tobac Monaraithe:— | |||||||||
Todóga .. .. .. .. .. | an lb. | 3 | 1 | 0 | 2 | 10 | 10 | ||
Toitíní .. .. .. .. .. | ,, | 2 | 18 | 6 | 2 | 8 | 9 | ||
Cavendish nó Negrohead .. .. .. | ,, | 3 | 0 | 6 | 2 | 10 | 5 | ||
Cavendish nó Negrohead a monaraíodh faoi bhanna .. .. .. .. | ,, | 3 | 0 | 0 | 2 | 10 | 0 | ||
Tobac Monaraithe eile .. .. .. | ,, | 2 | 18 | 6 | 2 | 8 | 9 | ||
Snaois a bhfuil níos mó ná 13 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de .. .. .. .. .. | ,, | 2 | 18 | 0 | 2 | 8 | 4 | ||
Snaois nach bhfuil níos mó na 13 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchan de .. .. .. .. .. | ,, | 3 | 0 | 6 | 2 | 10 | 5 |
Cuid II.
Mál.
£ | s. | d. | |||
Tobac Neamhmhonaraithe:— | |||||
Agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de .. .. .. .. .. .. | an lb | 2 | 6 | 9½ | |
Agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de .. .. .. .. .. .. | ,, | 2 | 12 | 0 | |
Tobac Monaraithe:— | |||||
Cavendish nó Negrohead a monaraíodh faoi Bhanna .. | ,, | 2 | 8 | 7 |
Cuid III.
Na Rátaí Fabhair Dleachtanna Custam ar Thobac Neamhmhonaraithe.
£ | s. | d. | |||
Tobac Neamhmhonaraithe:— | |||||
Má bhíonn sé Scúite nó Díloirgnithe:— | |||||
Agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de .. .. .. .. .. .. | an lb. | 2 | 6 | 4½ | |
Agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de .. .. .. .. .. .. | ,, | 2 | 11 | 6 | |
Mura mbeidh sé Scúite nó Díloirgnithe:— | |||||
Agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de .. .. .. .. .. .. | ,, | 2 | 6 | 4 | |
Agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de .. .. .. .. .. .. | ,, | 2 | 11 | 5½ |
AN DARA SCEIDEAL.
Scála Rátaí Dleachta Eastáit.
Luach Príomhshuime an Eastáit | An ráta dleachta faoin gcéad | ||||||||||
£ | £ | ||||||||||
Níos mó ná | 5,000 | gan | bheith | níos | mó | ná | 7,500 | .. | .. | 3 | |
,, | 7,500 | ,, | ,, | ,, | ,, | ,, | 10,000 | .. | .. | 4 | |
,, | 10,000 | ,, | ,, | ,, | ,, | ,, | 12,500 | .. | .. | 6 | |
,, | 12,500 | ,, | ,, | ,, | ,, | ,, | 15,000 | .. | .. | 8 | |
,, | 15,000 | ,, | ,, | ,, | ,, | ,, | 17,500 | .. | .. | 10 | |
,, | 17,500 | ,, | ,, | ,, | ,, | ,, | 20,000 | .. | .. | 12 | |
,, | 20,000 | ,, | ,, | ,, | ,, | ,, | 25,000 | .. | .. | 14 | |
,, | 25,000 | ,, | ,, | ,, | ,, | ,, | 30,000 | .. | .. | 16 | |
,, | 30,000 | ,, | ,, | ,, | ,, | ,, | 35,000 | .. | .. | 18 | |
,, | 35,000 | ,, | ,, | ,, | ,, | ,, | 40,000 | .. | .. | 21 | |
,, | 40,000 | ,, | ,, | ,, | ,, | ,, | 45,000 | .. | .. | 24 | |
,, | 45,000 | ,, | ,, | ,, | ,, | ,, | 50,000 | .. | .. | 27 | |
,, | 50,000 | ,, | ,, | ,, | ,, | ,, | 60,000 | .. | .. | 30 | |
,, | 60,000 | ,, | ,, | ,, | ,, | ,, | 75,000 | .. | .. | 33 | |
,, | 75,000 | ,, | ,, | ,, | ,, | ,, | 100,000 | .. | .. | 37 | |
,, | 100,000 | ,, | ,, | ,, | ,, | ,, | 150,000 | .. | .. | 41 | |
,, | 150,000 | ,, | ,, | ,, | ,, | ,, | 200,000 | .. | .. | 45 | |
,, | 200,000 | ,, | ,, | ,, | ,, | ,, | 250,000 | .. | .. | 49 | |
,, | 250,000 | .. | .. | .. | .. | .. | .. | 53 |
|
AN TRIU SCEIDEAL.
Comhaontú idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Ríochta Aontaithe maidir le Díolúintí áirithe ó Cháin.
Tá Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Ríochta Aontaithe,
Ag breithniú dóibh an Comhaontú a rinneadh an 14 Aibreán, 1926, idir Rialtas Shaorstát Éireann agus Rialtas na Breataine, a dtugtar dá bhun díolúintí ó cháin do dhaoine nach gcónaíonn ach i dtír amháin de na tíortha ó cháin faoi dhlí na tíre eile,
Ag breithniú dóibh gur féidir reachtaíocht a achtú i gceachtar tír chun go dtitfeadh dliteanas cánach ioncaim go cuí ar dhaoine agus nach bhfaigheadh aon duine buntáistí thar an gceart i gcúrsaí cánachais,
Ag breithniú dóibh go mb'fhéidir nach bhfuil an reachtaíocht sin sáthach éifeachtach mura mbainfidh sí, i dteannta í do bhaint le daoine a chónaíonn sa tír ina bhfuil sí achtaithe, le daoine nach gcónaíonn amhlaidh ach a chónaíonn sa tír eile den dá thír agus go ndéanann sin difir dá réir sin do dhíolúintí ó cháin a thugtar de bhun Chomhaontú sin 1926,
Ag aithint dóibh go ndearna an reachtaíocht ab ábhar do Chomhaontú an 4 Aibreán, 1959, agus a rinneadh idir an dá Rialtas difir do na díolúintí sin ar shlite áirithe, agus é de mhian acu Comhaontú níos ginearálta a dhéanamh mar fhorlíonadh ar an gComhaontú sin,
E de mhian acu a dhearbhú nach ndéanfaidh achtú na reachtaíochta sin difir, ach amháin mar a fhoráiltear leis an gComhaontú seo, do Chomhaontú sin 1926 do leanúint i bhfeidhm,
Tar éis comhaontú mar leanas:—
Airteagal 1.
Reachtaíocht a achtófar i gceachtar tír tráth ar bith tar éis dáta an Chomhaontaithe seo agus a dhéanfaidh difir ar aon slí do dhíolúintí ó cháin ioncaim sa tír sin maidir le daoine a chónaíonn sa tír sin, déanfaidh sí, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an reachtaíocht agus faoi réir an chéad Airteagail ina dhiaidh seo den Chomhaontú seo, an difir chéanna do dhíolúintí ón gcáin sin a theachtann daoine mar dhaoine nach gcónaíonn sa tír sin ach a chónaíonn sa tír eile den dá thír, agus ní dhéanfaidh achtú na reachtaíochta sin difir do Chomhaontú sin 1926, arna leasú le Comhaontuithe 25 Aibreán, 1928, 21 Iúil, 1947, agus 4 Aibreán, 1959, agus leis an gComhaontú seo, do leanúint i bhfeidhm.
Airteagal 2.
Má chuireann Rialtas ceachtar tíre in iúl maidir le haon fhorálacha i reachtaíocht a achtaíodh sa tír eile, is forálacha lena mbaineann Airteagal 1 den Chomhaontú seo, go bhfuil siad, mar sin féin, contrártha d'intinn an Chomhaontaithe, rachaidh an dá Rialtas i gcomhairle le chéile agus má aontaíonn siad nach cóir feidhm a bheith ag Airteagal 1, déanfaidh Rialtas na tíre inar achtaíodh an reachtaíocht na bearta is gá chun a áirithiú nach ndéanfaidh, agus nach measfar go ndearna, na forálacha sin difir do dhíolúintí ó cháin ioncaim na tíre sin a theachtann daoine mar dhaoine nach gcónaíonn sa tír sin ach a chónaíonn sa tír eile.
Airteagal 3.
Tiocfaidh an Comhaontú seo in éifeacht ar nótaí a mhalartú á dhaingniú go bhfuil na bearta riachtanacha déanta chun feidhm dlí a thabhairt dó in Éirinn agus sa Ríocht Aontaithe, agus dá éis sin ní leanfaidh sé d'éifeacht a bheith aige ach amháin an fad a bheidh feidhm dlí aige sa dá thír.
Arna dhátú an 23ú lá seo de Mheitheamh, 1960.
Thar ceann Rialtas na hÉireann. | Thar ceann Rialtas na Ríochta Aontaithe. | |
SÉAMAS Ó RIAIN. | D. HEATHCOAT AMORY. |
AN CEATHRU SCEIDEAL.
Achtacháin a Aisghairtear.
Cuid I.
Seisiún agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme | Dáta na hAisghairme |
(1) | (2) | (3) | (4) |
5 & 6 Vic., c. 93. | Tobacco Act, 1842. | Alt 13. | An 28ú lá d'Aibreán. 1960. |
54 & 55 Vic., c. 39. | Stamp Act, 1891. | Sa Chéad Sceideal an mírcheann éilimh “Passport”. | Dáta an Achta seo a rith. |
Na focail, “no tobac” i mír (a) d'alt 24. | An 28ú lá d'Aibreán, 1960. | ||
Alt 4. | An 6ú lá d'Aibreán, 1960. | ||
Alt 4. | An 6ú lá d'Aibreán, 1960. | ||
Na focail “Faoi réir fo-ailt (3) den alt seo”, i bhfo-alt (2) d'alt 56; fo-alt (3) d'alt 56. | An 6ú lá d'Aibreán, 1960. |
Cuid II.
Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
(1) | (2) | (3) |
Fo-ailt (1) agus (6) d'alt 14. |