[EN]

Uimhir 33 de 1947.


[EN]

AN tACHT AIRGEADAIS (Uimh. 2), 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT D'ÉILEAMH AGUS DO GHEARRADH DLEACHT ÁIRITHE CUSTAM AGUS IONCAIM DÚICHE (MARAON LE MÁL), DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEAS LE CUSTAIM AGUS IONCAM DÚICHE (MARAON LE MÁL) AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH FORÁL I dTAOBH AIRGEADAIS. [2ú Nollaig, 1947.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Cain Ioncaim.

[EN]

Ashbaint chánach ioncaim tar éis an 5ú Aibreán, 1948.

1.—(1) Gach suim a híocfar nó a hasbhainfear i leith cánach ioncaim laistigh de dhá mhí tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1948, agus arb é amháin a bheas inti íocaíocht nó asbhaint arna déanamh de bhuaidh ailt 6 den Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927 (Uimh. 7 de 1927), i leith cánach ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1948, ríomhfar í do réir seacht scillinge sa phunt, agus beidh feidhm agus éifeacht ag an alt sin 6 maidir léi amhail is dá mba é an ráta sin an ráta caighdeánach cánach ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1947.

[EN]

(2)i Beidh feidhm agus éifeacht ag na forála seo a leanas maidir le gach suim a híocfar nó a hasbhainfear i leith cánach ioncaim laistgh de dhá mhí tar éis an 5ú lá d'Aibreán, 1948, agus arb é a bheas i gcuid di íocaíocht nó asbhaint arna déanamh i leith cánach ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1947, agus arb é a bheas sa chuid eile dhi íocaíocht nó asbhaint arna déanamh, de bhuaidh ailt 6 den Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927 (Uimh. 7 de 1927), i leith cánach ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1948, is é sin le rá:—

[EN]

(a) déanfar an méid den tsuim sin ar íocaíocht nó asbhaint é i leith cánach ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1947, a ríomh do réir sé scillinge agus réal sa phunt, is é sin, an ráta caighdeánach cánach ioncaim don bhliain sin;

[EN]

(b) déanfar an méid den tsuim sin ar íocaíocht nó asbhaint é, arna déanamh de bhuaidh an ailt sin 6, i leith cánach ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1948, a ríomh do réir seacht scillinge sa phunt, agus beidh feidhm agus éifeacht ag an alt sin 6 maidir leis amhail is dá mba é an ráta sin an ráta caighdeánach cánach ioncaim don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1947.

[EN]

Forcháin in aghaidh na mblian 1946-47 agus 1947-48.

2.—(1) D'ainneoin aon ní contrártha dhó sin in alt 1 den Acht Airgeadais, 1946 (Uimh. 15 de 1946), déanfar forcháin in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1946, d'éileamh, i leith ioncaim aon phearsan ar mó ná míle agus cúig chéad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh agus éileofar amhlaidh é do réir na rátaí seo a leanas in ionad na rátaí dá dtagartar san alt sin 1, is é sin le rá:—

I leith an chéad mhíle agus cúig chéad punt den

ioncam     ..     ..     ..     ..     ..     ..

Dada

I leith aon bhreise ar mhíle agus cúig chéad

punt

ar gach punt den chéad chúig chéad punt

den bhreis     ..     ..     ..     ..

Naoi bpingne

ar gach punt den chéad mhíle punt ina

dhiaidh sin den bhreis     ..     ..     ..

Scilling agus sé pingne

ar gach punt den chéad mhíle punt ina

dhiaidh sin den bhreis     ..     ..     ..

Trí scillinge

ar gach punt den chéad mhíle punt ina

dhiaidh sin den bhreis     ..     ..

Ceithre scillinge

ar gach punt den chéad mhíle punt ina

dhiaidh sin den bhreis     ..     ..

Cúig scillinge

ar gach punt den chéad dá mhíle punt

ina dhiaidh sin den bhreis     ..     ..

Sé scillinge

ar gach punt den chéad dá mhíle punt

ina dhiaidh sin den bhreis     ..     ..

Seacht scillinge agus sé pingne

ar gach punt den chéad deich míle punt

ina dhiaidh sin den bhreis     ..     ..

Ocht scillinge

ar gach punt d'fhuílleach na breise     ..

Ocht scillinge agus sé pingne

[EN]

(2) Beidh éifeacht, faoi réir forál an ailt seo, ag alt 3 den Acht Airgeadais, 1928 (Uimh. 11 de 1928), maidir leis an bhforcháin don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1946.

[EN]

(3) An tsuim is iníoctha de bhuaidh aon mheisiúnuithe a rinneadh an 15ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, nó roimhe sin, i leith forchánach don bhliain dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1946, agus lena mbaineann aon cheann de na forála sin roimhe seo den alt seo, is tuigthe, de bhuaidh an ailt seo agus gan a thuilleadh, í a bheith arna hathrú i slí a bhéarfas éifeacht don méid de na forála sin is infheidhme.

[EN]

(4) Beidh éifeacht, faoi réir forál an ailt seo, ag alt 1 den Acht Airgeadais, 1947 (Uimh. 15 de 1947).

CUID II.

Custaim agus Mal.

[EN]

Na dleachta custam ar ullmhóidí maisíochta, etc., d'athrú.

3.—Ar an 16ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, agus ón lá sin amach, léireofar alt 10 den Acht Airgeadais, 1935 (Uimh. 28 de 1935), agus an Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht sin amhail is dá ndúblaítí gach ráta dleachta dá luaitear sa tríú colún den Sceideal sin ag uimhir thagartha 27.

[EN]

Na dleachta custam ar éadaí fionnaidh, etc., d'athrú.

4.—(1) Ar an 16ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, agus ón lá sin amach, is do réir 75 faoin gcéad ad valorem in ionad an ráta dob inéilithe go dtí seo a bheas an dleacht chustam ar earraí lena mbaineann forála ailt 7 den Acht Airgeadais, 1937 (Uimh. 18 de 1937), agus an Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht sin, arna leasú, a mhéid a bhaineas na forála sin le hearraí den tsórt seo a leanas ná dearnadh, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, iad a chaitheamh nó d'úsáid ar shlí eile go substainteach roimh iad d'allmhuiriú, is é sin le rá, baill éadaigh agus cóir ghléasta phearsanta is dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim a bheith déanta go hiomlán nó go formhór d'fhionnadh, agus compáirteanna, de bhaill éadaigh agus cóir ghléasta phearsanta, a bheas déanta go hiomlán nó go formhór d'fhionnadh.

[EN]

(2) Bainfidh forála ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an dleacht is inéilithe do réir fo-ailt (1) den alt seo ach an abairt “the area of application of the Acts of the Oireachtas” a chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus amhail is dá mbeadh na hearraí sin luaite sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Finance Act, 1919, adúradh, sa liosta d'earraí a gcuirtear dhá dtrian den ánráta i mbaint leo mar ráta fábhair.

[EN]

Na dleachta custam ar fhíon d'athrú.

5.—(1) In ionad na ndleacht custam ar fhíon a forchuireadh le halt 8 den Acht Airgeadais, 1946 (Uimh. 15 de 1946), déanfar (faoi réir forál an ailt seo) na dleachta custam seo a leanas d'éileamh, a thobhach agus d'íoc amhail ar an 16ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, agus ón lá sin amach, ar an bhfíon go léir a hallmhuireofar isteach sa Stát, is é sin le rá:—

Fíon—

£

s.

d.

Ná beidh thar 25 gráid de bhiotáille phrofa

ann     ..     ..     ..     ..     ..

an galún

0

12

0

A mbeidh thar 25 gráid ach ná beidh thar

30 grád de bhiotáille phrofa ann     ..

an galún

1

0

0

A mbeidh thar 30 grád ach ná beidh thar 42

ghrád de bhiotáille phrofa ann     ..

an galún

2

8

0

Agus in aghaidh gach gráid nó codáin de ghrád

thar an méid is airde a héilítear thuas,

dleacht bhreise     ..     ..     ..

an galún

0

4

0

Fíon drithleach sa bhuidéal, dleacht

bhreise     ..     ..     ..     ..

an galún

2

10

0

Fíon neamhdhrithleach ná beidh thar 25 gráid

de bhiotáille phrofa ann, sa bhuidéal, dleacht

bhreise     ..     ..     ..     ..

an galún

0

8

0

Fíon neamhdhrithleach a mbeidh thar 25 gráid

de bhiotáille phrofa ann, sa bhuidéal, dleacht

bhreise     ..     ..     ..     ..

an galún

0

16

0

[EN]

(2) Bainfidh forála ailt 8 den Finance Act, 1919, leis na dleachta a forchuirtear leis an alt seo ach an abairt “the area of application of the Acts of the Oireachtas” a chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland.”

[EN]

(3) Chun críocha an ailt seo is tuigthe gur fíon drithleach a hallmhuiríodh sa bhuidéal fíon a rinneadh drithleach nó iosmairteach agus a buidéaladh i mbanna-stóras, agus ar a sheachadadh chun a úsáidte sa Stát éileofar air an dleacht a forchuirtear ar híon drithleach leis an alt seo.

[EN]

f

[EN]

(4) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 24 den Acht Airgeadais, 1933 (Uimh. 15 de 1933), maidir leis na dleachta custam a forchuirtear leis an alt seo.

(5) San alt seo folaíonn an focal “fíon” moirt fíona.

[EN]

Na dleachta ar bhiotáille d'athrú.

6.—(1) Beidh an Finance Act, 1920, mar leasaíodh é le halt 7 den Acht Airgeadais, 1946 (Uimh. 15 de 1946), arna leasú amhail ar an 16ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, agus ón lá sin amach, tríd an abhar atá sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a chur isteach i gCuid I den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Finance Act, 1920, adúradh, in ionad an abhair a cuireadh ann leis an alt sin 7, agus beidh éifeacht dá réir sin ag fo-alt (1) d'alt 3 den Finance Act, 1920, adúradh.

[EN]

(2) Déanfar an dleacht mháil a forchuireadh le fo-alt (2) d'alt 3 den Finance Act, 1920, d'éileamh, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 16ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, agus ón lá sin amach, do réir sé puint agus seacht scillinge déag an galún (arna ríomh do réir phrofa) in ionad an ráta is inéilithe de bhuaidh fo-ailt (2) d'alt 7 den Acht Airgeadais, 1946.

[EN]

(3) Ní oibreoidh aon ní san alt seo chun faoiseamh a thabhairt ó na dleachta custam breise nó ón dleacht mháil bhreise i leith biotáille neamhaibidh a forchuireadh le halt 9 den Acht Airgeadais, 1926 (Uimh. 35 de 1926), ná chun dochar ná difir a dhéanamh dhóibh.

[EN]

Na dleachta ar thobac d'athrú.

7.—(1) Déanfar an dleacht chustam ar thobac a forchuireadh le halt 20 den Acht Airgeadais, 1932 (Uimh. 20 de 1932), d'éileamh, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 16ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, agus ón lá sin amach, do réir na rátaí ar leithligh a sonraítear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo in ionad na rátaí ar dá réir is inéilithe an dleacht sin anois de bhuaidh ailt 6 den Acht Airgeadais, 1947 (Uimh. 15 de 1947).

[EN]

(2) Déanfar an dleacht mháil ar thobac a forchuireadh le halt 19 den Acht Airgeadais, 1934 (Uimh. 31 de 1934), d'éileamh, a thobhach agus d'íoc, amhail ar an 16ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, agus ón lá sin amach, do réir na rátaí faoi seach a sonraítear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo in ionad na rátaí ar dá réir is inéilithe an dleacht sin anois de bhuaidh ailt 6 den Acht Airgeadais, 1947 (Uimh. 15 de 1947).

[EN]

(3) Beidh feidhm ag fo-ailt (3) go (5) den alt sin 19 den Acht Airgeadais, 1934, maidir le tobac is inchurtha faoin dleacht mháil a forchuireadh le fo-alt (1) den alt sin do réir ráta a sonráitear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus chun críocha na feidhme sin léireofar tagairtí sna fo-ailt sin (3) go (5) den alt sin 19 do Chuid I den tSeú Sceideal a ghabhas leis an Acht Airgeadais, 1934, adúradh, agus beidh éifeacht acu, mar thaghairtí do Chuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.

[EN]

(4) An lacáiste ar thobac cruafháiscthe a luaitear i bhfo-alt (2) d'alt 17 den Acht Airgeadais, 1940 (Uimh. 14 de 1940), is lacáiste do réir dhá scilling agus ocht bpingne an punt a bheas ann maidir le haon tobac den tsórt sin a díolfar agus a cuirfear amach chun a úsáidte sa Stát ag aon mhonaróir ceadúnaithe an 16ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, nó dá éis sin.

[EN]

An dleacht shiamsa a leasú.

8.—(1) Ar an 16ú lá d'Eanáir, 1948, agus dá éis sin, beidh éifeacht ag fo-alt (5) d'alt 25 den Acht Airgeadais, 1932 (Uimh. 20 de 1932), amhail is dá ndéantaí na rátaí seo a leanas a chur in ionad na rátaí a cuireadh ann le fo-alt (1) d'alt 10 den Acht Airgeadais, 1947 (Uimh. 15 de 1947), is é sin le rá:—

Má bhoínn an íocaíocht as dul isteach, gan an dleacht d'áireamh,

An Ráta Dleachta

s.

d.

s.

d.

s.

d.

níos mó ná

0

4

gan bheith níos mó ná

0

5

..

0

3

,,    ,,

0

5

,,         ,,

0

6

..

0

4

,,    ,,

0

6

,,         ,,

0

8

..

0

6

,,    ,,

0

8

,,         ,,

1

0

..

0

9

,,    ,,

1

0

,,         ,,

1

3

..

1

0

,,    ,,

1

3

,,         ,,

1

9

..

1

6

,,    ,,

1

9

,,         ,,

2

3

..

2

3

,,    ,,

2

3

,,         ,,

3

0

..

3

0

,,    ,,

3

0

,,         ,,

4

0

..

4

0

,,    ,,

4

0

..         ..             ..         ..

..

4

0

ar

an gcéad 4s. agus 4s. ar gach 4s. nó cuid de 4s. sa bhreis.

[EN]

(2) Ar an 16ú lá d'Eanáir, 1948, agus dá éis sin, beidh éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 11 den Acht Airgeadais, 1936 (Uimh. 31 de 1936), amhail is dá ndéantaí na rátaí seo a leanas a chur in ionad na rátaí a cuireadh ann le fo-alt (2) d'alt 10 den Acht Airgeadais, 1947, is é sin le rá:—

Má bhoínn an íocaíocht as dul isteach, gan an dleacht d'áireamh,

An Ráta Dleachta

s.

d.

s.

d.

s.

d.

níos mó ná

0

4

gan bheith níos mó ná

0

5

..

0

3

,,    ,,

0

5

,,         ,,

0

6

..

0

4

,,    ,,

0

6

,,         ,,

0

6½ 

..

0

5½ 

,,    ,,

0

6½ 

,,         ,,

0

8

..

0

8

,,    ,,

0

8

,,         ,,

0

10

..

0

10

,,    ,,

0

10

,,         ,,

1

1

..

1

3

,,    ,,

1

1

,,         ,,

1

4

..

1

8

,,    ,,

1

4

,,         ,,

1

6

..

2

0

,,    ,,

1

6

,,         ,,

1

9

..

2

6

,,    ,,

1

9

,,         ,,

2

0

..

3

0

,,    ,,

2

0

,,         ,,

3

0

..

4

6

,,    ,,

3

0

,,         ,,

4

0

..

6

0

,,    ,,

4

0

..         ..             ..         ..

..

6

0

ar

an gcéad 4s. agus 6s. ar gach 4s. nó cuid de 4s. sa bhreis.

[EN]

(3) Beidh éifeacht ag mír (c) d'fho-alt (3) d'alt 11 den Acht Airgeadais, 1936 (Uimh. 31 de 1936), maidir le dleacht shiamsa (do réir bhrí na ailt sin 11) a híocfar ar íocaíochta, a deanfar an an 16ú lá d'Eanáir, 1948, nó dá éis sin, as dul isteach go dtí siamsa in aon amharclainn den tsórt a luaitear sa bhfo-alt sin (3) amhail is dá ndéantaí na focail “cúig déag faoi gcéad den dleacht sin” a chur in ionad na bhfocal “tríocha faoin gcéad den diúité sin” (a cuireadh ann le fo-alt (3) d'alt 10 den Acht Airgeadais, 1947).

[EN]

Na dleachta custam ar bheoir d'athrú.

9.—(1) In ionad na ndleacht custam a forchuireadh le fo-alt (1) d'alt 5 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1939 (Uimh. 33 de 1939), déanfar, amhail ar an 16ú lá Dheireadh Fómhair, 1947, agus ón lá sin amach, dleacht chustam do réir na rátaí seo a leanas d'éileamh, a thobhach agus d'íoc ar an mum, an bheoir sprúis nó an bheoir dhubh, an fhionn-bheoir Bheirlíneach agus na hullmhóidí eile go léir (pé acu giosálta nó neamh-ghiosálta dhóibh) dá samhail sin a hallmhuireofar isteach sa Stát, is é sin le rá:—

[EN]

(a) ar gach sé ghalún tríochad beorach a beidh a foirt, nó a rabhdar roimh ghiosáil, de shaindlús nach mó ná míle dhá chéad agus cúig gráid déag, dhá phunt cheathrachad agus cheithre scillinge;

[EN]

(b) ar gach sé ghalún tríochad beorach a mbeidh a foirt, nó a rabhdar roimh ghiosáil, de shaindlús is mó ná míle dhá chéad agus cúig gráid déag, naoi bpuint cheathrachad, deich scillinge agus ceithre pingne.

[EN]

(2) In ionad na dleachta custam a forchuireadh le fo-alt (2) d'alt 5 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1939, déanfar, amhail ar an 16ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, agus ón lá sin amach, dleacht chustam d'éileamh, a thobhach agus d'íoc ar an mbeoir go léir d'aon tsórt (seachas beoir is inchurtha faoin dleacht a forchuirtear leis an bhfo-alt sin roimhe seo den alt seo) a hallmhuireofar isteach sa Stát, do réir deich bpuint, aon scilling déag agus sé pingne ar gach sé ghalún tríochad beorach a raibh a foirt, roimh ghiosáil, de shaindlús míle agus cúig gráid chaogad.

[EN]

(3) In ionad na haistarrainge is iníochta faoi fho-alt (3) d'alt 5 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1939, lamhálfar agus íocfar, i gcás ina n-onnmhuireofar nó a loingseofar chun a húsáidte mar stóras beoir allmhuirithe a gcuirfear ina luí ar na Coimisinéirí Ioncaim gur híocadh uirthi an dleacht a forchuirtear le ceachtar den dá fho-alt sin roimhe seo den alt seo, aistarraing, arna ríomh do réir saindlúis bhunaidh na beorach sin, do réir deich bpunt, aon scilling déag agus trí pingne ar gach sé ghalún tríochad beorach ar míle agus cúig gráid chaogad a saindlús bunaidh.

[EN]

(4) Más rud é, i gcás beorach is inchurtha faoin dleacht a forchuirtear le fo-alt (2) den alt seo nó i gcás beorach ar a bhfuil aistarraing faoi fho-alt (3) den alt seo iníochtha, nach ionann saindlús na beorach sin agus an saindlús a luaitear sa bhfo-alt sin (2) nó sa bhfo-alt sin (3) (pé acu is iomchuí), athrófar an dleacht sin nó an aistarraing sin (pé acu é) i gcoibhneas leis sin.

[EN]

(5) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 24 den Acht Airgeadais, 1933 (Uimh. 15 de 1933), maidir le ceachtar de na dleachta custam a forchuirtear leis an alt seo.

[EN]

An dleacht mháil ar bheoir d'athrú.

10.—(1) In ionad na dleachta máil a forchuireadh le halt 6 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1939 (Uimh. 33 de 1939), éileofar, toibheofar agus íocfar ar an mbeoir go léir a grúdófar sa Státe an 16ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, nó dá éis sin, dleacht mháil do réir deich bpunt agus aon scilling déag ar gach sé ghalún tríochad foirt de shaindlús míle agus cúig gráid chaogad.

[EN]

(2) In ionad na haistarrainge is iníoctha faoi alt 6 den Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1939, lamhálfar agus íocfar, i gcás ina n-onnmhuireofar mar mharsantas nó chun a húsáidte mar stóras loinge beoir a gcuirfear ina luí ar na Coimisinéirí Ioncaim gur híocadh uirthi an dleacht mháil a forchuirtear leis an alt seo, aistarraing, arna ríomh do réir saindlúis bhunaidh na beorach sin, do réir deich bpunt, aon scilling déag agus trí pingne ar gach sé ghalún tríochad ar míle agus cúig gráid chaogad a saindlús bunaidh.

[EN]

(3) I gcás beorach nach ionann a saindlús agus an saindlús a luaitear sa bhfo-alt iomchuí den alt seo, athrófar i gcoibhneas leis sin an dleacht is inéilithe nó an aistarraing is iníoctha (pé acu é) de bhun an ailt seo.

[EN]

Na dleachta ar fheithiclí inneallghluaiste d'athrú.

11.—(1) Ar an 1ú lá d'Eanáir, 1948, agus dá éis sin, beidh éifeacht ag alt 20 den Acht Airgeadais, 1926 (Uimh. 35 de 1926), agus ag an Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht sin, arna leasú:—

[EN]

(a) amhail is dá ndúblaítí gach ráta dleachta dá luaitear i mír 1 den Sceideal,

[EN]

(b) amhail is dá gcuirtí na fo-mhíreanna seo a leanas isteach i mír 6 den Sceideal:—

[EN]

“(aa) Feithiclí a húsáidtear mar fheithiclí beaga seirbhíse poiblí do réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1933 (Uimh. 11 de 1933):

feithiclí ná fuil thar 8 n-eachneart iontu nó a tiomáintear le leictreachas     ..

£8

feithiclí thar 8 n-eachneart     ..     ..

£1 ar gach aonad nó cuid d'aonad eachnirt suas go dtí £20 ar a mhéid.

[EN]

I gcás aon fheithicle lena mbaineann an fho-mhír seo agus a bhfuil thar 10 n-eachneart inti agus a bhfuil teacsaí-mhéadar feistithe uirthi agus a húsáidtear go dleathach mar fheithicil sheirbhíse sráide do réir bhrí an Achta um Thrácht ar Bhóithre, 1933, nó chun críocha a ghabhas le húsáid den tsórt sin agus chun na gcríocha sin amháin, ní héileofar ná ní toibheofar aon dleacht de bhreis ar £10.

[EN]

(bb) Aon fheithicil a rinneadh nó a hoiriúnaíodh lena húsáid, agus a húsáidtear d'aon fheidhm, chun inneall, ceardlann, feist nó gléas d'iompar agus ná húsáidtear chun aon ualach eile d'iompar ach amháin earraí a húsáidtear maidir leis an inneall, an cheardlann, an feist nó an gléas sin nó earraí a próisíodh nó a monaraíodh ann:

feithiclí ná fuil thar 8 n-eachneart iontu nó a tiomáintear le leictreachas     ..

£8

feithiclí thar 8 n-eachneart     ..

£1 ar gach aonad nó cuid d'aonad eachnirt,”

[EN]

(c) amhail is dá gcuirtí an méid seo a leanas in ionad fo-mhíre (c) de mhír 6 den Sceideal:—

[EN]

“(c) feithiclí eile lena mbaineann an mhír seo—

feithiclí ná fuil thar 8 n-eachneart iontu nó a tiomáintear le leictreachas     ..

£12

feithiclí a bhfuil thar 8 n-eachneart iontu ach ná fuil thar 9 n-eachneart iontu     ..     ..     ..

£13  10s.

feithiclí a bhfuil thar 9 n-eachneart iontu ach ná fuil thar 10 n-eachneart iontu     ..     ..     ..

£15

feithiclí a bhfuil thar 10 n-eachneart iontu ach ná fuil thar 11 eachneart iontu     ..     ..     ..

£18

feithiclí a bhfuil thar 11 eachneart iontu ach ná fuil thar 12 eachneart iontu     ..     ..     ..

£20

feithiclí thar 12 eachneart     ..

£20 móide £2 ar gach aonad nó cuid d'aonad eachnirt de bhreis ar 12 eachneart.”

(2) Bainfidh an proviso a cuireadh isteach le halt 16 den Acht Airgeadais, 1936 (Uimh. 31 de 1936), agus a ghabhas le mír 6 den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht Airgeadais, 1926 (a bhaineas leis an loghaíocht i leith feithiclí a cóimeáltar sa Stát) le feithiclí lena mbaineann na forála a cuirtear isteach sa Sceideal sin le mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo agus beidh éifeacht aige maidir leis na feithiclí sin amhail mar atá éifeacht aige maidir le feithiclí lena mbaineann fo-alt (c) (a cuireadh isteach le mír (c) d'fho-alt (1) den alt seo) de mhír 6 den Sceideal sin.

(3) Athghairmtear leis seo, amhail ar an 1ú lá d'Eanáir, 1948, agus ón lá sin amach, alt 23 den Acht Airgeadais, 1934 (Uimh. 31 de 1934).

[EN]

Eisceadh ó dhleacht i gcás feithiclí a húsáidtear chun trealamh tarrthála d'iompar.

12.—(1) Ní bheidh aon dleacht iníoctha faoi alt 13 den Finance Act, 1920, arna leasú, i leith feithicle inneallghluaiste ná húsáidtear ach chun báid tarrthála gona bhfearas nó aon trealamh chun cabhrú le caomhnadh daoine agus maoine i gcásanna longbhriste agus guaise ar muir d'iomlua (trí iompar nó trí tharraingt), agus ní bheidh feithicil inneallghluaiste a húsáidtear chuige sin inchurtha faoi ráta dleachta níos airde de bhíthin na húsáide sin amháin.

[EN]

(2) Athghairmtear leis seo alt 10 den Acht Airgeadais, 1930 (Uimh. 20 de 1930).

[EN]

CUID III.

Dleachta Stampa.

[EN]

Na dleachta staropa ar thíolacadh agus ar aistriú talún d'athrú.

13.—(1) Na dleachta stampa is inéilithe ar thíolacadh nó aistriú tailte, tionóntán agus oidhreachtán faoin mírcheann “Conveyance or transfer on sale of any property” sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Stamp Act, 1891, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, is do réir dhá phunt agus deich scillinge in aghaidh gach caoga punt nó codán de chaoga punt de mhéid nó de luach na comaoine a bheid, an 1ú lá de Nollaig, 1947, agus dá éis sin, in ionad na rátaí dob inéilithe díreach roimh an lá sin.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1) den alt seo—

[EN]

(a) i gcás ina ndéanfaidh údarás áitiúil tíolacadh nó aistriú faoi fhorála Acht Tithe an Lucht Oibre, 1890 go 1931, nó Acht na Sclábhaithe, 1883 go 1941, nó aon Acht ag leasú nó ag leathnú na nAcht sin, nó i gcás ina ndéanfaidh cumann a bheas cláraithe faoi Achta na gCumann Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1936, tíolacadh nó aistriú, do réir scéime chun tithe a chur ar fáil dá chomhaltaí, chun comhalta nó chun an chomhalta sin agus céile an chomhalta;

[EN]

(b) in aon chás eile—

[EN]

(i) mura mó ná cúig chéad punt méid nó luach na comaoine agus má bhíonn ráiteas san ionstraim á dheimhniú ná fuil an eadarbheart a déantar léi ina cuid d'eadarbheart is mó ná sin ná ina cuid de shreath eadarbheart ar mó ná cúig chéad punt méid nó luach na comaoine ina leith nó comhiomlán méid nó luach na comaoine sin, nó

[EN]

(ii) más mó ná cúig chéad punt méid nó luach na comaoine ach nach mó ná míle punt é agus má bhíonn ráiteas san ionstraim á dheimhniú ná fuil an eadarbheart a déantar léi ina cuid d'eadarbheart is mó ná sin ná ina cuid de shreath eadarbheart.

[EN]

(3) I gcás den tsórt a luaitear i mír (b) (ii) d'fho-alt (2) den alt seo is mar seo a leanas a bheas an dleacht is inéilithe an 1ú lá de Nollaig, 1947, agus dá éis sin:—

[EN]

I gcás méid nó luach comaoine an díolacháin a bheith—

£

£

Thar 500 gan bheith thar

550

..

£7

10s.

,,    550    ,,    ,,      ,,

600

..

£10

,,    600    ,,    ,,      ,,

650

..

£15

,,    650    ,,    ,,      ,,

700

..

£20

,,    700    ,,    ,,      ,,

750

..

£25

,,    750    ,,    ,,      ,,

800

..

£30

,,    800    ,,    ,,      ,,

850

..

£35

,,    850    ,,    ,,      ,,

900

..

£40

,,    900    ,,    ,,      ,,

950

..

£45

,,    950    ,,    ,,      ,,

 1,000

..

£50

[EN]

(4) Beidh éifeacht ag na forála sin roimhe seo den alt seo i gcás (agus sa chás sin amháin) ina mbeidh san ionstraim ráiteas ón bpáirtí a mbeidh an mhaoin á tíolacadh nó á haistriú chuige á dheimhniú gur duine sonraithe acu seo a leanas an duine a thiocfas i dteideal an leasa thairbhiúil uile sa mhaoin (nó, i gcás níos mó ná duine amháin a theacht i dteidil leasa thairbhiúil inti, gach duine faoi leith acu):—

[EN]

(a) saoránach Éireannach,

[EN]

(b) duine atá de thuras na huaire ina ghnáthchónaí sa Stát agus a bhí ina ghnáthchónaí sa Stát go leanúnach ar feadh na dtrí mblian díreach roimh an 15ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947,

[EN]

(c) comhlucht corprach a corpraíodh sa Stát an 15ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, nó roimhe sin,

[EN]

(d) comhlucht corprach a corpraíodh lasmuigh den Stát agus a lóisteáil le cláraitheoir na gcuideachtan, an 15ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, nó roimhe sin, na doiciméidí agus na sonraí a luaitear i bhfo-alt (1) d'alt 274 den Companies (Consolidation) Act, 1908,

[EN]

(e) duine atá go dleathach ag seoladh gnótha a thig laistigh d'fhorála aon mhíre d'fho-alt (1) d'alt 9 den Acht chun Déantúis a Rialú, 1934 (Uimh. 36 de 1934), nó

[EN]

(f) comhlucht corprach a corpraíodh sa Stát tar éis an 15ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, i gcás níos mó ná leath (do réir luacha ainmniúil) na scaireanna de gach aicme a heisíodh a bheith ar únaeracht tairbhiúil ag daoine a bhfuil gach duine acu i dtrácht i mír de mhíreanna (a) go (e) den fho-alt seo.

[EN]

(5) In aon chás ina mbeidh, de bhuaidh fo-ailt (4) den alt seo, forála fo-alt (1), (2) agus (3) den alt seo gan éifeacht a bheith acu, is iad dleachta stampa is inéilithe, an 1ú lá de Nollaig, 1947, agus dá éis sin, ar thíolacadh nó aistriú tailte, tionóntán agus oidhreachtán faoin mírcheann “Conveyance or Transfer on sale of any property” sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Stamp Act, 1891, arna leasú le hachtacháin ina dhiaidh sin, ná dleachta stampa do réir ráta (dá ngairmtear an ráta ard san alt seo) chúig puint fhichead faoin gcéad de mhéid nó de luach na comaoine in ionad na rátaí dob inéilithe díreach roimhe sin.

[EN]

(6) (a) Faoi réir míre (b) den fho-alt seo, bainfidh an t-alt seo le haon tíolacadh nó aistriú tailte, tionóntán agus oidhreachtán a oibreos mar dhiúscairt shaorálach inter vivos, agus déanfar tagairt san alt seo do mhéid nó luach aon chomaoine a léiriú maidir le dleacht is inéilithe ar an tíolacadh nó ar an aistriú sin mar thagairt do luach na maoine.

[EN]

(b) Ní bhainfidh an t-alt seo le tíolacadh ná aistriú tailte, tionóntán agus oidhreachtán a oibreos mar diúscairt shaorálach inter vivos má bhíonn gaol i slí acu seo a leanas ag an duine a thiocfas i dteideal an leasa thairbhiúil uile sa mhaoin (nó, i gcás níos mó ná duine amháin a theacht i dteideal leasa thairbhiúil inti, ag gach duine faoi leith acu) leis an duine nó le gach duine de na daoine a bhí díreach roimhe sin i dteideal an leasa thairbhiúil uile sa mhaoin, is é sin le rá, mar dhír-shliochtach, deartháir nó deirfiúr, nó mar dhír-shliochtach dearthár nó deirfíre, agus má bhíonn san ionstraim deimhniú sa chéill sin ón bpáirtí a mbeidh an mhaoin á tíolacadh nó á haistriú chuige.

[EN]

(7) (a) Bainfidh an fo-alt seo le gach tíolacadh nó aistriú tailte, tionóntán agus oidhreachtán, pé acu ar a ndíol é nó i gcás ina n-oibreoidh mar dhiúscairt shaorálach inter vivos mura rud é go mbeidh an duine a thiocfas i dteideal an leasa thairbhiúil uile sa mhaoin, nó, i gcás níos mó ná duine amháin a theacht i dteideal leasa thairbhiúil inti, go mbeidh gach duine faoi leith acu in dtrácht i mír de mhíreanna (a) go (f) d'fho-alt (4) den alt seo.

[EN]

(b) Más rud é, ar thríocha lá a bheith caite tar éis a fhorghníomhuithe, go mbeidh tíolacas nó aistriú lena mbaineann an fo-alt seo gan bheith stampálta nó gan bheith stampálta do réir an ráta aird, beidh suim is comhionann le dhá oiread na dleachta do réir an ráta aird ina fiach a bheas dlite don Aire Airgeadais chun tairbhe an Phríomh-Chiste ar an duine a mbeidh an mhaoin á tíolacadh nó á haistriú chuige leis sin, nó, i gcás níos mó ná duine amháin den tsórt sin a bheith ann, ar na daoine sin i gcomhpháirt agus go leithleach, agus beidh sí iníoctha leis na Coimisinéirí Ioncaim agus beidh an tsuim sin inaisgabhála ar agra an Ard-Aighne in aon chúirt dlínse inniúla.

[EN]

(c) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim más cuí leo, tráth ar bith tar éis céad-fhorghníomhuithe tíolacais nó aistrithe lena mbaineann an fo-alt seo, an tsuim is inaisgabhála faoi mhír (b) den fho-alt seo a mhaolú nó a mhaitheamh.

[EN]

(8) (a) Má bheirtear fógra, i scríbhinn, roimh an 1ú lá de Nollaig 1947, do na Coimisinéirí Ioncaim gur comhlánaíodh conradh, roimh an 29ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, chun aon tailte, tionóntáin agus oidhreachtáin a dhíol agus más deimhin leis na Coimisinéirí go dtugann tíolacas nó aistriú a forghníomhófar an 1ú lá de Nollaig, 1947, nó dá éis sin, éifeacht don díol sin agus ná tugann sé éifeacht do dhíol ar comhlánaíodh conradh ina leith an 29ú lá de Dheireadh Fómhair, 1947, nó dá éis sin, ansin, d'ainneoin aon ní sna fo-ailt sin roimhe seo den alt seo, is iad dleachta stampa is inéilithe ar an tíolacas nó an t-aistriú sin ná na dleachta stampa dob inéilithe dá mba rithfí an tAcht seo.

[EN]

(b) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a cheangal ar an duine a bhéarfas an fógra pé sonraí a mheasfaid is gá a thabhairt dóibh laistigh de pé tréimhse a ordóid.

[EN]

(c) Is tuigthe tíolacas nó aistriú ar a n-éileofar dleacht do réir míre (a) den fho-alt seo a bheith stampálta go cuí i gcás (agus sa chás sin amháin) ina mbeidh na Coimisinéirí Ioncaim tar éis a dtuairim a thabhairt ina thaobh do réir ailt 12 den Stamp Act, 1891, agus ina mbeidh stampa ar leith ar an ionstraim á chur in iúl go bhfuil sí stampálta go cuí.

CUID IV.

Ginearalta.

[EN]

Airgead d'aistriú as an Ród-Chiste chun an Stát-Chiste.

14.—D'fhonn airgead a sholáthar le haghaidh muirear ginearálta a thitfeas ar an bPríomh-Chiste, déanfar suim dhá chéad míle punt d'aistriú agus d'íoc as an Ród-Chiste isteach sa Stát-Chiste pé tráth nó trátha sa bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1948, agus i pé slí, a ordós an tAire Airgeadais.

[EN]

Cúram agus bainistí cánach agus dleacht.

15.—Cuirtear faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo na cánacha agus na dleachta uile (ach amháin na dleachta máil ar fheithiclí inneallghluaiste) a forchuirtear leis an Acht seo.

[EN]

Gearrtheideal agus léiriú.

16.—(1) Féadfar an tAcht Airgeadais (Uimh. 2), 1947, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Léireofar Cuid I den Acht seo i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim.

[EN]

(3) Léireofar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineas sí le dleachta custam, i dteannta na nAcht Custam agus, a mhéid a bhaineas sí le dleachta máil, i dteannta na reacht a bhaineas leis na dleachta máil agus le bainistí na ndleacht sin.

AN CHEAD SCEIDEAL.

Biotaille (Ratai Gnathdhleachta Custam).

Alt 6.

An saghas Biotáille

Rátaí Fábhair

Lánrátaí

Sa

Chasc

Sa

Bhuidéal

Sa

Chasc

Sa

Bhuidéal

£

s.

d.

£

s.

d.

£

s.

d.

£

s.

d.

Ar gach galún, arna ríomh do réir phrofa, dhíobh seo:—

Branda nó rum     ..     ..

6

17

4

6

18

4

6

19

10

7

0

10

Rum tacair nó geinéibh     ..

6

17

5

6

18

5

6

19

11

7

0

11

Biotáille neamilsithe seachas na saghsanna a luadh cheana     ..     ..     ..

6

17

5

6

17

5

6

19

11

6

19

11

Ar gach galún de bhiotáille chumhraithe     ..     ..     ..

10

19

2

11

0

2

11

3

2

11

4

2

Ar gach galún de licéirí, coirdéil, meascáin agus ullmhóidí eile sa bhuidéal a hiontrálfar i slí a thaispeánfas ná fuil an neart le tástáil     ..     ..

--

9

6

3

--

9

9

7

Ar gach galún, arna ríomh do réir phrofa, d'aon tsaghas biotáille nár luadh cheana, lena n-áirítear nafta agus alcól meithleach arna n-íonú chun iad a dhéanamh inóil, agus meascáin agus ullmhóidí ina mbeidh biotáille     ..     ..

6

17

5

6

18

5

6

19

11

7

0

11

AN DARA SCEIDEAL.

Dleachta ar Thobac.

Alt 7.

Cuid I

Custaim.

£

s.

d.

Tobac Neamonaraithe:—

Má bhíonn sé scúite nó díloirgnithe:—

Agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach

100 lb. meáchain de     ..     ..     ..     ..     ..

an lb.

1

10

Agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach

100 lb. meáchain de     ..     ..     ..     ..     ..     ..

,,

1

13

11½

Mura mbíonn sé scúite nó díloirgnithe:—

Agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach

100 lb. meáchain de     ..     ..     ..     ..     ..

,,

1

10

Agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach

100 lb. meáchain de     ..     ..     ..     ..     ..     ..

,,

1

13

11 

An lánráta

An ráta fábhair

£

s.

d.

£

s.

d.

Tobac Monaraithe, eadhon:—

Todóga     ..     ..     ..     ..     ..

an lb.

2

8

8

2

0

6⅔

Toitíní    ..     ..     ..     ..     ..

,,

2

6

10

1

19

01/3

CavendishNegrohead     ..     ..

,,

2

4

8

1

17

2⅔

CavendishNegrohead a

monaraíodh faoi Bhanna     ..     ..     ..

,,

1

18

9

1

12

Tobac Monaraithe eile     ..     ..     ..

,,

1

18

9

1

12

Snaois a bhfuil níos mó ná 13 lb.

de fhliuchra i ngach 100 lb.

meáchain di     ..     ..     ..     ..     ..

,,

1

16

10

1

10

81/3

Snaois ná fuil níos mó ná 13 lb.

de fhliuchra i ngach 100 lb.

meáchain di     ..

,,

2

4

8

1

17

2⅔

Cuid II

Mál.

£

s.

d.

Tobac Neamonaraithe, eadhon:—

Agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach

100 lb. meáchain de     ..     ..     ..     ..     ..

an lb.

1

9

5

Agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach

100 lb. meáchain de     ..     ..     ..     ..     ..     ..

,,

1

12

8

Tobac Monaraithe, eadhon:—

CavendishNegrohead a Monaraíodh faoi

Bhanna               ..     ..     ..     ..     ..     ..     ..

,,

1

18

2