Uimhir 15 de 1947.
AN tACHT AIRGEADAIS, 1947.
[An tiontó oifigiúil.]
CUID I.
Cain Ioncaim.
Cáin ioncaim agus forcháin in aghaidh na bliana 1947-48.
1.—(1) Muirearófar cáin ioncaim in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1947, do réir sé scillinge agus sé pingne faoin bpunt.
(2) Muirearófar forcháin in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1947, ar ioncam aon phearsan ar mó ná míle agus cúig céad punt iomlán a ioncaim ó gach bunadh, agus is do réir na rátaí ar dá réir a muirearaítear í in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1946, a muirearófar amhlaidh í.
(3) Na forála, reachtúla agus eile, a bhí i bhfeidhm an 5ú lá d'Aibreán, 1947, maidir le cáin ioncaim agus forcháin, beidh éifeacht acu uile agus faoi seach, faoi réir forál an Achta seo, maidir leis an gcáin ioncaim agus an fhorcháin a muirearófar mar adúradh in aghaidh na bliana dar tosach an 6ú lá d'Aibreán, 1947.
Lamháltais phearsanta a athrú.
2.—Déanfar fo-alt (1) d'alt 18 den Finance Act, 1920, arna leasú le halt 3 den Acht Airgeadais, 1939 (Uimh. 18 de 1939), a léiriú agus beidh éifeacht aige amhail is dá ndéantaí na focail “two hundred and sixty pounds” a chur ann in ionad na bhfocal “two hundred and twenty pounds” agus na focail “one hundred and forty pounds” a chur ann in ionad na bhfocal “one hundred and twenty pounds”.
Leasuithe maidir le dliteanas cuideachtan árachais.
3.—(1) I gcás ina ndéantar brabúis chuideachtan árachais i leith a gnótha árachais saoil a áireamh, chun críocha na nAcht Cánach Ioncaim, do réir na rialacha a bhaineas le Cás I de Sceideal D den Income Tax Act, 1918, ansin, faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—
(a) eisiafar ón áireamh an chuid de na brabúis sin is le sealbhóirí polasaithe nó le blianachtóirí nó a dáileofar dóibh nó a caitear thar a gceann;
(b) eisiafar freisin ón áireamh an chuid de na brabúis sin a bheas ar forcoimeád do shealbhóirí polasaithe nó do bhlianachtóirí, ach má tharlann i gcás aon bhrabús a heisiafar amhlaidh mar bhrabúis a bheas ar forcoimeád amhlaidh go scoirfid aon tráth de bheith ar forcoimeád amhlaidh agus ná dáileofar iad do shealbhóirí polasaithe nó blianachtóirí nó ná caithfear thar a gceann sin iad, ansin, deighleálfar leis na brabúis sin mar bhrabúis de chuid na cuideachtan don bhliain inar scoireadar de bheith ar forcoimeád amhlaidh.
(2) I gcás gnó árachais saoil gnáthach agus gnó árachais saoil tionsclach a bheith á seoladh ag cuideachtain árachais, ansin, faoi réir fo-ailt (3) den alt seo, deighlealfar, chun críocha na nAcht Cánach Ioncaim, le gnó gach aicme acu sin amhail is dá mba ghnó ar leithligh é agus beidh feidhm ag alt 33 den Income Tax Act, 1918, maidir le gach aicme ghnótha ar leithligh den tsórt sin.
(3) Ní bhainfidh fo-alt (1) ná fo-alt (2) den alt seo le cuideachtain árachais i leith aon bhliana meisiúnachta mura roghnóidh an chuideachta, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire cánach laistigh de dhá mhí dhéag tar éis deireadh na bliana sin, go mbainfidh an dá fho-alt sin (1) agus (2) leis an gcuideachtain sin i leith na bliana sin.
Riail 6 de na Rialacha Ilghnéitheacha a bhaineas le Sceideal D a leasú.
4.—I gcás—
(a) ina bhféadfar, de bhun Rialach 6 de na Rialacha Ilghneitheacha a bhaineas le Sceideal D den Income Tax Act, 1918, cáin d'aon bhliain mheisiúnachta a mhuirearú ar an oifigeach cuí ag á mbeidh bainistí cuntas comhluchta, agus
(b) ina mbeidh an comhlucht sin, an bhliain sin, ag áitiú aon mhaoine a mbeadh aon cháin ina leith faoi Sceideal A den Acht sin don bhliain sin le fulaing, i ndeireadh na dála, ag an gcomhlucht sin mura mbeadh an t-alt seo
ansin, nuair a beifear ag áireamh an mhéid a bhféadfar an t-oifigeach cuí sin a mhuirearú ina leith amhlaidh don bhliain sin, bainfear as suim is comhionann le pé méid acu seo a leanas is lú—
(i) an méid a bhféadfaí, mura mbeadh an t-alt seo, an t-oifigeach cuí sin a mhuirearú amhlaidh ina leith,
(ii) an méid glan a mbeadh an cháin ina leith, a dtagartar di i mír (b) den alt seo, le fulaing, i ndeireadh na dála, ag an gcomhlucht sin mura mbeadh an t-alt seo.
CUID II.
Custaim agus Mal.
Na dleachta sa Chéad Sceideal a fhorchur.
5.—(1) Muirearófar, toibheofar agus íocfar ar gach earra dá luaitear sa dara colún den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo agus a hallmhuireofar an 8ú lá de Bhealtaine, 1947, nó dá éis sin, dleacht chustam do réir an ráta a luaitear sa tríú colún den Chéad Sceideal sin os coinne lua na hearra sa dara colún sin.
(2) I gcás ina bhfuil céatadán luaite sa tríú colún den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo os coinne lua aon earra sa dara colún den Chéad Sceideal sin, léireofar sin mar ní a chiallaíos ráta dleachta is comhionann leis an gcéatadán sin de luach na hearra sin.
(3) I ngach áit ina bhfuil sé ráite, gan coinníoll, sa cheathrú colún den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo go mbaineann forála ailt 8 den Finance Act, 1919, le dleacht a luaitear sa Chéad Sceideal sin, bainfidh forála an ailt sin 8 leis an dleacht sin ach an abairt “the area of application of the Acts of the Oireachtas” a chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus amhail is dá mbeadh na hearraí is inchurtha faoin dleacht sin luaite sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht sin sa liost d'earraí a gcuirtear dhá dtrian den lán-ráta i mbaint leo mar ráta fábhair.
(4) Gach áit ina bhfuil sé ráite sa cheathrú colún den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo go mbaineann an fhoráil cheadúnúcháin le dleacht áirithe a luaitear sa Chéad Sceideal sin, beidh feidhm agus éifeacht ag an bhforáil seo a leanas maidir leis an dleacht sin, is é sin le rá:—aon uair is dóigh leis an Aire Airgeadais, tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála, gur ceart sin a dhéanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, le ceadúnas, a údarú d'aon duine áirithe, faoi réir comhlíonadh pé coinníoll is oiriúnach leo a fhorchur, aon earraí is inchurtha faoin dleacht sin a allmhuiriú gan an dleacht sin a íoc orthu nó, i gcás aon earraí den tsórt sin a bheas allmhuirithe cheana féin, a seachadadh a ghlacadh gan an dleacht sin a íoc orthu, agus sin, do réir mar is cuí leis na Coimisinéirí Ioncaim, gan teora maidir le ham ná le méid nó maidir le ceachtar acu nó laistigh de thréimhse shonraithe nó i gcainníocht shonraithe, ach i slí ná beidh aon cheadúnas den tsórt sin saor ó fhorála ailt 15 den Acht Airgeadais (Comhaontú leis an Ríocht Aontaithe), 1938 (Uimh. 12 de 1938).
(5) Na forála atá leagtha amach sa cheathrú colún den Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha sa Chéad Sceideal sin, beidh éifeacht acu, faoi réir forál fo-alt (3) agus (4) den alt seo, maidir leis an dleacht a luaitear ag an uimhir thagartha sin.
Na rátaí dleachta ar thobac a athrú.
6.—(1) Déanfar, amhail ar an 8ú lá de Bhealtaine, 1947, agus uaidh sin amach, an dleacht chustam ar thobac a forchuirtear le halt 20 den Acht Airgeadais, 1932 (Uimh. 20 de 1932), a mhuirearú, a thobhach, agus a íoc do réir na rátaí uile agus faoi seach a sonraítear i gCuid I den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo in ionad na rátaí ar dá réir atá an dleacht sin inmhuirir anois de bhuaidh ailt 12 den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941).
(2) Déanfar, amhail ar an 8ú lá de Bhealtaine, 1947, agus uaidh sin amach, an dleacht mháil ar thobac a forchuirtear le halt 19 den Acht Airgeadais, 1934 (Uimh. 31 de 1934), a mhuirearú, a thobhach, agus a íoc do réir na rátaí uile agus faoi seach a sonraítear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo in ionad na rátaí ar dá réir atá an dleacht sin inmhuirir anois de bhuaidh ailt 12 den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941).
(3) Beidh feidhm ag fo-ailt (3) go (5) den alt sin 19 den Acht Airgeadais, 1934, maidir le tobac is inchurtha faoin dleacht mháil a forchuirtear le fo-alt (1) den alt sin do réir ráta a sonraítear i gCuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, agus chun críche na feidhme sin déanfar tagairtí sna fo-ailt sin (3) go (5) den alt sin 19 do Chuid I den Séú Sceideal a ghabhas leis an Acht Airgeadais, 1934, adúradh, a léiriú, agus beidh éifeacht acu, mar thagairtí do Chuid II den Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht seo.
(4) An lacáiste ar thobac cruaidh-fháiscthe a luaitear i bho-alt (2) d'alt 17 den Acht Airgeadais, 1940 (Uimh. 14 de 1940), is lacáiste do réir dhá scilling agus ocht bpingne an punt a bheas ann maidir le haon tobac den tsórt sin a dhéanfas aon mhonaróir ceadúnaithe, an 8ú lá de Bhealtaine, 1947, nó dá éis, a dhíol agus a chur amach chun é á úsáid sa Stát.
Achta Airgeadais áirithe a leasú.
7.—(1) Déanfar gach Acht a luaitear ag ceann Coda den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a leasú mar leanas, is é sin le rá, déanfar gach alt, sceideal, nó uimhir thagartha den Acht sin, nó ann, a luaitear sa dara colún den Chuid sin den Tríú Sceideal sin a leasú sa tslí a luaitear sa tríú colún den Chuid sin den Tríú Sceideal sin os coinne lua an ailt, an sceidil nó na huimhreach tagartha sin (do réir mar atá) sa dara colún sin.
(2) Gach leasú a luaitear sa tríú colún de Chuid den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, beidh éifeacht aige amhail ar an dáta agus ón dáta a sonraítear sa chúigiú colún den Chuid sin den Tríú Sceideal sin os coinne lua an leasuithe sin sa tríú colún sin.
(3) Na sonraí a luaitear sa cheathrú colún den Tríú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo is chuige amháin a cuireadh sa Tríú Sceideal sin iad chun go mb' usaide na dleachta faoi seach a aithint a ndéanann na leasuithe uile agus faoi seach a luaitear sa Tríú Sceideal sin difir dóibh, agus dá réir sin ní dhéanfaidh aon ní sa cheathrú colún sin difir do léiriú an ailt seo nó an Tríú-Sceidil sin ná ní oibreoidh sé chun réim nó éifeacht aon leasuithe dá luaitear sa Tríú Sceideal sin a leathnú, a theorannú, ná á rialú.
Dleachta custam áirithe a fhorceannadh.
8.—(1) Ní déanfar an dleacht a luaitear sa tríú colún den Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo ag aon uimhir thagartha sa Cheathrú Sceideal sin agus a forchuirtear leis na hachtacháin a luaitear sa Dara colún den Cheathrú Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin a mhuirearú ná a thobhach ar aon earraí a hallmhuireofar ar an dáta nó i ndiaidh an dáta a sonraítear sa chúigiú colún den Cheathrú Sceideal sin ag an uimhir thagartha sin.
(2) Na sonraí a luaitear sa cheathrú colún den Cheathrú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo is chuige amháin a cuireadh sa Cheathrú Sceideal sin iad chun go mb' usaide na dleachta uile agus faoi seach a luaitear sa tríú colún den Cheathrú Sceideal sin a aithint, agus dá réir sin ní dhéanfaidh aon ní sa cheathrú colún sin difir do léiriú, ná teorannú ná rialú ar oibriú, an ailt seo agus an dara agus an tríú colúin den Cheathrú Sceideal sin.
Ceadúnais chun allmhuiriú a dhéanamh gan dleachta custam a íoc.
9.—Más rud é, de bhuaidh forála in aon reacht nó ordú reachtúil (a ritheadh nó a rinneadh roimh an Acht seo a rith), go bhféadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, trí cheadúnas, a údarú do dhuine earraí is inchurtha faoin dleacht lena mbaineann na fhoráil sin a allmhuiriú gan an dleacht sin a íoc, nó ar an dleacht sin a íoc do réir ráta is lú ná an ráta is inmhuirir de ghnáth, déanfar, in aon chás ina mbeidh na hearraí sin allmhuirithe cheana féin, an tagairt sa bhforáil sin d'allmhuiriú na n-earraí sin a léiriú mar thagairt do sheachadadh a ghlacadh ar na hearraí sin.
An dleacht a shiamsa leasú.
10.—(1) Ar an 15ú lá de Lúnasa, 1947, agus dá éis sin, beidh éifeacht ag fo-alt (5) d'alt 25 den Acht Airgeadais, 1932 (Uimh. 20 de 1932), amhail is dá ndéantaí na rátaí seo a leanas a chur in ionad na rátaí a sonraítear sa bhfo-alt sin (5) is é sin le rá:—
Ráta na Dleachta | |||||||||
Má bhíonn an íocaíocht as dul isteach, gan an dleacht a áireamh, | |||||||||
s. | d. | s. | d. | s. | d. | ||||
níos mó ná | 0 | 4 | gan bheith níos mó ná | 0 | 4½ | ... | ... | 0 | 1½ |
,, | 0 | 4½ | ,, ,, ,, | 0 | 6 | ... | ... | 0 | 2 |
,, | 0 | 6 | ,, ,, ,, | 0 | 8 | ... | ... | 0 | 3 |
,, | 0 | 8 | ,, ,, ,, | 0 | 11½ | ... | ... | 0 | 4½ |
,, | 0 | 11½ | ,, ,, ,, | 1 | 3½ | ... | ... | 0 | 6½ |
,, | 1 | 3½ | ,, ,, ,, | 1 | 9 | ... | ... | 0 | 9 |
,, | 1 | 9 | ,, ,, ,, | 2 | 4½ | ... | ... | 1 | 1½ |
,, | 2 | 4½ | ,, ,, ,, | 3 | 0 | ... | ... | 1 | 6 |
,, | 3 | 0 | ,, ,, ,, | 4 | 0 | ... | ... | 2 | 0 |
,, | 4 | 0 | ... ... ... | ... | ... | ... | 2 | 0 ar an | |
gcéad 4s. agus 2s. ar gach 4s. nó cuid de 4s. sa bhreis. |
(2) Ar an 15ú lá de Lúnasa, 1947, agus dá éis sin, beidh éifeacht ag fo-alt (2) d'alt 11 den Acht Airgeadais, 1936 (Uimh. 31 de 1936), amhail is dá ndéantaí na rátaí seo a leanas a chur in ionad na rátaí a sonraítear sa bhfo-alt sin (2), is é sin le rá:—
Ráta na Dleachta | |||||||||
Má bhíonn an íocaíocht as dul isteach, gan an dleacht a áireamh, | |||||||||
s. | d. | s. | d. | s. | d. | ||||
níos mó ná | 0 | 4 | gan bheith níos mó ná | 0 | 4½ | ... | ... | 0 | 1½ |
,, | 0 | 4½ | ,, ,, ,, | 0 | 6 | ... | ... | 0 | 2 |
,, | 0 | 6 | ,, ,, ,, | 0 | 7 | ... | ... | 0 | 3 |
,, | 0 | 7 | ,, ,, ,, | 0 | 8 | ... | ... | 0 | 4 |
,, | 0 | 8 | ,, ,, ,, | 0 | 10 | ... | ... | 0 | 5 |
,, | 0 | 10 | ,, ,, ,, | 1 | 0½ | ... | ... | 0 | 7½ |
,, | 1 | 0½ | ,, ,, ,, | 1 | 4 | ... | ... | 0 | 10 |
,, | 1 | 4 | ,, ,, ,, | 1 | 6 | ... | ... | 1 | 0 |
,, | 1 | 6 | ,, ,, ,, | 1 | 9 | ... | ... | 1 | 3 |
,, | 1 | 9 | ,, ,, ,, | 2 | 0 | ... | ... | 1 | 6 |
,, | 2 | 0 | ,, ,, ,, | 2 | 10½ | ... | ... | 2 | 1½ |
,, | 2 | 10½ | ,, ,, ,, | 4 | 0 | ... | ... | 3 | 0 |
,, | 4 | 0 | ... ... ... | ... | ... | ... | 3 | 0 ar an | |
gcéad 4s. agus 3s. ar gach 4s. nó cuid de 4s. sa bhreis. |
(3) Beidh éifeacht ag mír (c) d'fho-alt (3) d'alt 11 den Acht Airgeadais, 1936 (Uimh. 31 de 1936), maidir le dleacht shiamsa (do réir bhrí an ailt sin 11) a híocfar ar íocaíochta, a déanfar an 15ú lá de Lúnasa, 1947, nó dá éis sin, as dul isteach go dtí siamsa in aon amharclainn den tsórt a luaitear sa bhfo-alt sin (3), amhail is dá ndéantaí na focail “tríocha faoin gcéad den diúité sin” a chur in ionad na bhfocal “leath an diúité sin”.
Dleacht ar cheadúnais cheantálaithe.
11.—Muirearófar, toibheofar, agus íocfar dleacht mháil deich bpunt ar gach ceadúnas ceantálaí a deonfar faoi alt 8 den Acht um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1947 (Uimh. 10 de 1947).
Dleacht ar cheada ceantála.
12.—Muirearófar, toibheofar, agus íocfar dleacht mháil deich bpunt ar gach cead ceantála a deonfar faoi alt 9 den Acht um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1947 (Uimh. 10 de 1947).
Dleacht ar choadúnais ghníomhairí tithe.
13.—Muirearófar, toibheofar, agus íocfar dleacht mháil dhá phunt ar gach cead gníomhaire thithe a deonfar faoi alt 10 den Acht um Cheantálaithe agus Gníomhairí Tithe, 1947 (Uimh. 10 de 1947).
CUID III.
Cain Bhrabus Corparaide.
Saoirsí áirithe ó cháin bhrabús corparáide a bhuanú.
14.—(1) Na saoirsí ó cháin bhrabús corparáide a bheirtear le halt 33 den Acht Airgeadais, 1929 (Uimh. 32 de 1929), arna leasú le halt 30 den Acht Airgeadais, 1931 (Uimh. 31 de 1931), agus le mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 47 den Acht Airgeadais, 1932 (Uimh. 20 de 1932), agus a buanaíodh go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1946, le halt 17 den Acht Airgeadais, 1944 (Uimh. 18 de 1944), beid arna mbuanú agus buanaítear iad leis seo go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1949.
(2) Maidir le gach tréimhse chuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Eanáir, 1947, nó aon lá dá éis sin, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1949, nó aon lá roimhe sin, déanfar mír (b) d'fho-alt (1) d'alt 47 den Acht Airgeadais, 1932 (Uimh. 20 de 1932), a léiriú agus beidh éifeacht aige amhail is dá scriostaí an focal “trambhealaigh” as an mír sin agus déanfar fo-alt (1) den alt seo a léiriú agus beidh éifeacht aige dá réir sin.
Fórála maidir le hasbhaintí in aghaidh luach saothair stiúrthóirí i leith cánach brabús corparáide.
15.—Maidir le gach tréimhse chuntasaíochta dar críoch aon lá i ndiaidh an 31ú lá de Nollaig, 1946, déanfar an proviso (c) a ghabhas le fo-alt (2) d'alt 53 den Finance Act, 1920, agus fo-alt (4) d'alt 36 den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941), a léiriú agus beidh éifeacht acu amhail is dá gcuirtí na focail “one thousand five hundred pounds” in ionad na bhfocal “one thousand pounds” sa phroviso sin agus na focail “míle agus cúig chéad déag punt” in ionad na bhfocal “míle punt” sa bhfo-alt sin.
Faoiseamh i leith caillteanas ar stoc a dhíol.
16.—(1) Chun críocha an ailt seo agus an Chúigiú Sceidil a ghabhas leis an Acht seo—
(a) déanfar an abairt “an tréimhse díolachán” a léiriú do réir na bhforál seo a leanas:—
(i) ciallóidh an abairt sin, faoi réir fo-mhíre (ii) den mhír seo, na blianta 1947 agus 1948,
(ii) má scoireann cuideachta, i rith na mblian sin, d'iomlán a trádála nó a gnótha a sheoladh, ciallóidh an abairt sin, maidir leis an gcuideachtain, an tréimhse dar tosach an lú lá d'Eanáir, 1947, agus dar críoch dáta an scoir sin;
(b) is tuigthe gurb é méid is fiú saghas áirithe stoic thrádála a bhí ar seilbh chun críocha trádála nó gnótha an 31ú lá de Nollaig, 1946, ná iomlán na méideanna dob fhiú na hítimí uile agus faoi seach a bhí sa tsaghas sin stoic thrádála, gach ítim ann á luacháil ar a chostas nó ar chostas a hathsholáthruithe an lá sin, pé acu sin is lú;
(c) is tuigthe gurb é méid is fiú an stoc trádála go léir a bhí ar seilbh chun críocha trádála nó gnótha an 31ú lá de Nollaig, 1946, ná iomlán na méideanna dob fhiú saghsanna uile agus faoi seach an an stoic thrádála a bhí ar seilbh chun críocha na trádála nó an ghnótha sin an 31ú lá de Nollaig, 1946;
(d) is tuigthe gurb í suim a fuarthas, i rith na tréimhse díolachán, ar an stoc trádála go léir a bhí ar seilbh chun críocha trádála nó gnótha an 31ú lá de Nollaig, 1946, ná iomlán na suimeanna uile agus faoi seach a fionnadh, maidir le saghsanna uile agus faoi seach an stoic thrádála sin, do réir Rialach 2 den Chúigiú Sceideal a ghabhas leis an Acht seo, gach suim faoi leith den tsórt sin á laghdú, más iomchuí sin, do réir Rialach 3 den Chúigiú Sceideal sin.
(2) Má dhéanann aon chuideachta a raibh trádáil nó gnó á sheoladh aici an 31ú lá de Nollaig, 1946, éileamh a chur, lá nach déanaí ná dhá mhí dhéag tar éis deireadh na tréimhse díolachán, chun na gCoimisinéirí Ioncaim ag lorg faoisimh faoin alt seo agus go gcruthóidh sí—
(a) go ndearnadh, an 31ú lá de Nollaig, 1946, stoc-áireamh ar an stoc trádála go léir a bhí ar seilbh an tráth sin chun críocha na trádála nó an ghnótha, agus
(b) gur mhó dob fhiú an stoc trádála sin go léir ná an tsuim a fuarthas i rith na tréimhse díolachán ar an stoc trádála sin go léir,
beidh éifeacht ag na forála seo a leanas—
(i) is tuigthe gur bhain caillteanas inéilithe don chuideachtain,
(ii) faoi réir míreanna (iii) agus (iv) den alt seo, is tuigthe gur suim is comhionann leis an mbreis sin an caillteanas inéilithe sin,
(iii) más rud é go raibh nó go mbeidh, go díreach nó go neamhdhíreach, ar dhuine ar bith, seachas an chuideachta, iomlán aon chaillteanais, nó aon chuid d'aon chaillteanas, a sheasamh a tharla i ndíolacháin, nó a thainig d'aon titim i luach, aon choda den stoc a bhí ar seilbh chun críocha na trádála nó an ghnótha an 31ú lá de Nollaig, 1947, laghdófar dá réir sin méid an chaillteanais inéilithe,
(iv) i gcás díolachán stoic a chur i gcuntas nuair a beifear ag ríomh brabús nó caillteanais na trádála nó an ghnótha i leith aon tréimhse cuntasaíochta dar tosach aon lá roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1947, agus dar críoch an dáta sin nó aon lá dá éis, déanfar méid an chaillteanais inéilithe a áireamh amhail is dá mbeadh an méid dob fhiú an stoc trádála go léir a bhí ar seilbh chun críocha na trádála nó an ghnótha an 31ú lá de Nollaig, 1946, arna laghdú nó arna mhéadú, pé acu é, an oiread sin d'aon chaillteanas nó brabús ar an díolachán a dhéanfas, de bhuaidh aon chionroinnte faoi mhír (c) (mír a cuireadh isteach trí mhír (c) d'fho-alt (1) d'alt 25 den Acht Airgeadais, 1946 (Uimh. 15 de 1946)), d'fho-alt (3) d'alt 37 den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941), difir do na brabúis nó don chaillteanas in aghaidh na coda den tréimhse chuntasaíochta a tháinig roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1947, adúradh,
(v) lamhálfar an caillteanas inéilithe mar asbhaint nuair a beifear ag ríomh na mbrabús de chuid na cuideachtan is inchurtha faoi cháin ró-bhrabús corparáide i leith na tréimhse arb í, i gcás inar chríochnaigh tréimhse chuntasaíochta ag an gcuideachtain ar an 31ú lá de Nollaig, 1946, an tréimhse chuntasaíochta sin í, nó arb í, in aon chás eile, an chuid í, roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1947, de thréimhse chuntasaíochta na cuideachtan dar thosach aon lá roimh an 1ú lá d'Eanáir, 1947, agus dar críoch an dáta sin nó aon lá dá éis, nó lamhálfar é mar bhreis le haon easnamh brabús don tréimhse sin, pé acu é.
(3) I gcás inar tuigthe, do réir ailt 14 den Acht Airgeadais, 1944 (Uimh. 18 de 1944), cuideachta iar-lá-ceaptha a bheith ina fochuideachtain ag cuideachtain ré-lá-ceaptha agus go mbaineann forála fo-ailt (5) den alt sin 14 leis na cuideachtana, beidh éifeacht ag na fo-ailt roimhe seo den alt seo ag féachaint go cuí do na forála atá san alt sin 14.
(4) Aon chuideachta a ndéanfar thar a ceann éileamh bréagach nó calaoiseach ar fhaoiseamh faoin alt seo dlífear pionós a chur uirthi is comhionann le trí oiread an fhaoisimh a beifear a éileamh.
(5) Go dtí go gcinnfear éileamh ar fhaoiseamh faoin alt seo, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim cáin ró-bhrabús corparáide a mheisiúnú agus a bhailiú gan aird a thabhairt ar an éileamh, agus aon fhaoiseamh a bheas dlite i leith aon éilimh den tsórt sin bhéarfar é i bhfoirm aisíocaíochta.
(6) Féadfaidh aon chigire cánach, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar aon chuideachtain a dhéanfas éileamh faoin alt seo tuairisceán a thabhairt dó i pé foirm a ordós na Coimisinéirí Ioncaim agus ina mbeidh pé sonraí a iarrfaid i dtaobh an stoic thrádála a bhí, nó is tuigthe a bhí, ar seilbh chun críocha na trádála nó an ghnótha ar aon dáta abhartha, agus i dtaobh aon nithe eile a bhainfeas leis an éileamh.
(7) Beidh ag fo-alt (6) d'alt 56 den Finance Act, 1920, agus fós ag an méid sin d'fho-alt (7) den alt sin agus na rialacháin faoi a bhaineas le hachomhairc, feidhm agus éifeacht, fara na modhnuithe is gá, maidir le faoiseamh a thabhairt faoin alt seo amhail mar bhainid le meisiúnachta chun cánach ró-bhrabús corparáide.
Léiriú Coda III de n Acht seo.
17.—Léifear agus léireofar an Chuid seo den Acht seo i dteannta Coda V den Finance Act, 1920, arna leasú nó arna leathnú le hachtacháin iardain, agus, go háirithe, léifear agus léireofar í i dteannta Coda V den Acht Airgeadais, 1941 (Uimh. 14 de 1941), Coda IV den Acht Airgeadais, 1942 (Uimh. 14 de 1942), Coda III den Acht Airgeadais, 1943 (Uimh. 16 de 1943), Coda II den Acht Airgeadais, 1944 (Uimh. 18 de 1944), agus Coda III den Acht Airgeadais, 1946 (Uimh. 15 de 1946).
CUID IV.
Dleachta Stampa.
Méadú na ndleacht stampa ar aistriú stoic agus urrús inmhargaidh.
18.—Is iad dleachta stampa is inmhuirir, an 1ú lá de Lúnasa, 1947, agus dá éis sin, ar thíolacadh nó aistriú stoc nó urrús inmhargaidh faoin teideal “Conveyance or Transfer on Sale of any property” sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Stamp Act, 1891, arna leasú le hailt 73 agus 74 den Finance (1909-10) Act, 1910, agus le halt 36 den Finance Act, 1920, ná dhá oiread na ndleacht dob inmhuirir díreach roimhe sin ar thíolacadh nó aistriú den tsórt sin.
Ionstraimí a dhéanas aistriú ár ghnó áirithe árachais a eis ceadh ó dhleacht stampa.
19.—Ní bheidh dleacht stampa inmhuirir ar aon chomhaontú, tíolacas, aistriú nó ionstraim eile a déanfar chun éifeacht a thabhairt d'aistriú gnótha an Industrial and Life Assurance Amalgamation Company, Limited, chun an Irish Assurance Company, Limited, mar foráltar i gclásal 10 den Chomhaontú a rinneadh an 13ú lá de Mheán Fómhair, 1938, idir an City of Dublin Assurance Company, Limited, den chéad pháirt, an Irish Life and General Assurance Company, Limited, den dara páirt, an Irish National Assurance Company, Limited, den tríú páirt, agus Comhlucht Urrudhais Mumhan agus Laighean, Teoranta (Munster and Leinster Assurance Company, Limited) den cheathrú páirt, agus a bhfuil cóip de leagtha amach sa Sceideal a ghabhas leis an Acht Arachais (Leasú), 1938 (Uimh. 31 de 1938).
CUID V
Ilghneitheach agus Ginearalta.
An Revenue (No. 1) Act, 1861, a athghairm.
20.—Athghairmtear leis seo, amhail ar an 6ú lá d'Iúil, 1947, agus uaidh sin amach, an Revenue (No. 1) Act, 1861.
Cúram agus bainistí cánach agus dleacht.
21.—Cuirtear faoi chúram agus bainistí na gCoimisinéirí Ioncaim leis seo na cánacha agus na dleachta uile a forchuirtear leis an Acht seo.
Gearrtheideal léiriú agus tosach feidhme.
22.—(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1947, a ghairm den Acht seo.
(2) Déanfar Cuid I den Acht seo a léiriú i dteannta na nAcht Cánach Ioncaim.
(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineas sí le dleachta custam, a léiriú i dteannta na nAcht Custam agus, a mhéid a bhaineas sí le dleachta máil, léireofar í i dteannta na reacht a bhaineas leis na dleachta máil agus le bainistí na ndleacht sin.
(4) Is tuigthe Cuid I den Acht seo a theacht i bhfeidhm an 6ú lá d'Aibreán, 1947, agus beidh éifeacht aici amhail ar an lá sin agus uaidh sin amach.
AN CHEAD SCEIDEAL.
Dleachta Custam Airithe.
Uimh. Thag. | Tuairisc na hearra is inchurtha faoi dhleacht | Ráta na dleachta | Forála speisialta |
1 | Aon earra (is féilire nó almanac) arb é atá ann ar fad nó go formhór, nó a bhfuil ina phríomhchuid de— (a) iomchúdach atá déanta go hiomlán de chairtchlár agus a bhfuil leatháin nó duillíní páipéir nó cairtchláir greamaithe dhe, i bhfoirm bloic nó peaid nó eile, a bhfuil dátaí nó grupaí dátaí i ndiaidh a chéile i mbliain áirithe clóbhuailte orthu nó atá oiriúnach chun na dátaí in aon bhliain a thaispeáint, nó (b) leathán páipéir nó cairtchláir nó leatháin de na habhair sin a bhfuil dátaí nó grúpaí dátaí i ndiaidh a chéile i mbliain áirithe clóbhuailte orthu, ach gan aon earra a áireamh is inchurtha faoin dleacht a forchuirtear le halt 7 den Acht Airgeadais, 1936 (Uimh. 31 de 1936), agus a luaitear ag uimhir thagartha 20 sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht sin. | 50% | Folaíonn an focal “cairtchlár,” gach áit a bhfuil sé sa dara colún ag an uimhir thagartha seo, paistchlár, tuíchlár, paistchlár úctha nó abhar eile dá samhail sin. An dleacht a luaitear ag an uimhir thagartha seo is dleacht í in ionad gach dleachta eile is inmhuirir ar an earra. Baineann forála ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an dleacht a luaitear ag an uimhir thagartha seo ach an abairt “the area of application of the Acts of the Oireachtas” a chur in ionad na habairte “Great Britain and Ireland” agus amhail is dá mbeadh na hearraí is inchurtha faoin dleacht sin luaite sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht sin sa liosta d'earraí a gcuirtear caoga faoin gcéad den lánráta i mbaint leo mar ráta fábhair. Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an dleacht a luaitear ag an uimhir thagartha seo. |
2 | 1. Earraí— (a) is dóigh leis na Coimisineirí Ioncaim, is dealbha, deilbhíní nó bustaí, agus (b) is dóigh leis na Coimisineirí Ioncaim atá déanta ar fad nó go formhór de bhándóib nó de papier maché, nó de bhándóib agus de papier maché le chéile, agus (c) atá deich n-orlach ar a laghad ar airde. 2. Earraí— (a) is dóigh leis na Coimisineirí Ioncaim is figiúirí, crutha nó seastáin atá oiriúnach chun a n-úsáidte chun earraí a thaispeáint chun a ndíolta, agus (b) is dóigh leis na Coimisineirí Ioncaim atá déanta ar fad nó go formhór de bhándóib nó de papier maché nó de bhándóib agus de papier maché le chéile. | Ar earraí a luaitear i mír 1 sa dara colún —75%; ar gach earra eile a luaitear sa dara colún— 50% | Baineann forála ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an dleacht a luaitear sa dara colún ag an uimhir thagartha seo. Baineann an fhoráil chéadúnúcháin leis an dleacht a luaitear ag an uimhir thagartha seo. |
3 | (a) Cloch (seachas slinn nó marmar) a cóiríodh, a líomhnadh, a snoíodh nó a hoibríodh ar shlí eile ach gan cloch a áireamh a bheas, tráth a hallmhuirithe, sáfa ar dhá éadan ar a mhéid agus gan cloch mheilte a áireamh; (b) marmar, oibrithe nó neamhoibrithe; (c) earraí a rinneadh de chloich (seachas slinn); (d) sliseogra marmair agus sliseogra measctha de mhar mar agus de chloich eile, gan aon tsliseogra den tsórt sin a áireamh a hallmhuireo-far mar chuid d'earra eile. | 100% | Ní héileofar an dleacht a luaitear ag an uimhir thagartha seo ar aon earraí a gcruthófar chun sástachta na gCoimisinéirí Ioncaim gur clocha cabha, brící gainistir, clocha liagrafachta nó teallaigh chloiche iad agus gur i Ríocht Aontaithe na Breataine Móire agus Tuaiscirt Éireann (lena n-áirítear Inse Mara nIocht agus Oileán Manainn) nó i dTiarnas Cheanada a rinneadh iad. Bainfidh forála ailt 8 den Finance Act, 1919, leis an dleacht a luaitear ag an uimhir thagartha seo. Baineann an fhoráil cheadúnúcháin leis an dleacht a luaitear ag an uimhir thagartha seo. |
AN DARA SCEIDEAL.
Dleachta ar Thobac.
CUID I.
Custaim.
£ | s. | d. | ||
Tobac Neamonaraithe:— Má bhíonn sé scúite nó díloirgnithe:— | ||||
Agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de ... ... ... ... ... ... | an lb. | 1 | 3 | 10½ |
Agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de ... ... ... ... ... ... | ,, | 1 | 6 | 6½ |
Mura mbíonn sé scúite nó díloirgnithe:— Agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de ... ... ... ... ... ... | ,, | 1 | 3 | 10 |
Agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de ... ... ... ... ... ... | ,, | 1 | 6 | 6 |
An lánráta | An ráta fábhair | |||||||||||
£ | s. | d. | £ | s. | d. | |||||||
Tobac Monaraithe, eadhon:— | ||||||||||||
Todóga | ... | ... | ... | ... | ... | an lb. | 1 | 18 | 0 | 1 | 11 | 8 |
Toitíní | ... | ... | ... | ... | ... | ,, | 1 | 16 | 7 | 1 | 10 | 5⅚ |
Cavendish nó Negrohead | ... | ... | ... | ,, | 1 | 14 | 11 | 1 | 9 | 1⅙ | ||
Cavendish nó Negrohead a monaraíodh faoi | ||||||||||||
Bhanna | ... | ... | ... | ... | ... | ,, | 1 | 10 | 3 | 1 | 5 | 2½ |
Tobac Monaraithe eile | ... | ... | ... | ,, | 1 | 10 | 3 | 1 | 5 | 2½ | ||
Snaois a bhfuil níos mó ná 13 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain di... | ,, | 1 | 8 | 9 | 1 | 3 | 11½ | |||||
Snaois ná fuil níos mó ná 13 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain di... | ,, | 1 | 14 | 11 | 1 | 9 | 1⅙ |
CUID II.
Mal.
£ | s. | d. | ||
Tobac Neamonaraithe, eadhon:— | ||||
Agus 10 lb. nó níos mó de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de ... ... ... ... ... ... | an lb. | 1 | 2 | 9 |
Agus níos lú ná 10 lb. de fhliuchra i ngach 100 lb. meáchain de ... ... ... ... ... ... | ,, | 1 | 5 | 3 |
Tobac Monaraithe, eadhon:— | ||||
Cavendish nó Negrohead a monaraíodh faoi Bhanna ... | ,, | 1 | 9 | 6 |
AN TRIU SCEIDEAL.
Achta Airgeadais Airithe a Leasu.
CUID I.
Uimh. Thag. | An t-alt nó an Sceideal agus an uimhir thagartha a leasaítear | Cineál an leasuithe | Abhar ginearálta an leasuithe | Dáta feidhme an leasuithe |
1 | Alt 22. | Scriosfar mír (c) d'fho-alt (7) agus cuirfear an mhír seo a leanas ina hionad, is é sin le rá:— | An dleacht ar phacáistí. | An 8ú lá de Bhealtaine, 1947. |
“(c) (i) ullmhóidí maisíochta is dóigh leis na Coimisineirí Ioncaim atá de shaghas a húsáidtear de ghnáth ar chraiceann, gruaig, ingne, fiacla (lena n-áirítear fiacla bréige) nó béal an duine, nó maidir le haon cheann acu sin, ach gan bláthíleacha, cré úcaire, geilé petroleum, fiseanna gruaige, gallúnaí, púdair ghallúnaí ná ionadáin ghallúnaí a áireamh, (ii) cumhracháin, gan biotáille chumhraithe ná bláth-fleacha a áireamh; agus” | ||||
2 | An Chéad Sceideal, uimhir thagartha 4. | Sa dara colún ag an uimhir thagartha sin 4, cuirfear na focail “agus foirgnithe” i ndiaidh na bhfocal “in obair thógála.” | An dleacht ar dhéantúis iarainn agus chruach chun foirgniochta. | An 8ú lá de Bhealtaine, 1947. |
3 | An Chéad Sceideal, uimhir thagartha 8. | Sa cheathrú colún ag an uimhir thagartha sin 8, cuirfear isteach an mhír seo a leanas— “Ní déanfar an dleacht a forchuirtear le halt 11 den Acht Airgeadais, 1935 (Uimh. 28 de 1935), agus a luaitear ag uimhir thagartha 1 sa Dara Sceideal a ghabhas leis an Acht sin a mhuirearú ná a thobhach ar aon earra a bhfuil an dleacht a luaitear ag an uimhir thagartha seo inmhuirir uirthi.” | An dleacht ar thaos gloine, péinteanna agus uisce-phéinteanna. | Dáta an Achta seo a rith. |
4 | An Chéad Sceideal, uimhir thagartha 16. | Sa dara colún ag an uimhir thagartha sin 16, scriosfar mír (d) agus cuirfear an mhír seo a leanas ina hionad, is é sin le rá:— “(d) duilliní agus lipéid is dóigh lies na Coimisinéirí Ioncaim atá déanta ar fad nó go formhór— | An dleacht ar pháipéarachas. | An 8ú lá de Bheal-taine, 1947. |
(i) de pháipéar, nó (ii) de chairtchlár, paistchl ár tuíchlár, paistchlár úctha nó d'earra dá samhail sin, nó | ||||
(iii) d'aon dá cheann nó níos mó de na habhair a luaitear ag (i) agus (ii) thuas, agus a hallmhuireofar ina mórchoda;” |
CUID II.
Uimh. Thag. | An Sceideal agus an uimhir thagartha | Cinéal an leasuithe | Abhar ginearálta an leasuithe. | Dáta feidhme an leasuithe |
5 | An Chéad Sceideal, uimhir thagartha 11. | Sa cheathrú colún ag an uimhir thagartha sin 11, cuirfear isteach an mhír seo a leanas— “Ní déanfar an dleacht a forchuirtear le halt 5 den Acht Airgeadais, 1937 (Uimh. 18 de 1937), agus a luaitear ag uimhir thagartha 8 sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht sin, arna leasú leis an Ordú chun Diúitéthe a Ghearradh go Práinneach (Uimh. 157), 1938 (R. & O R., Uimh. 240 de 1938), a mhuirearú ná a thobhach ar aon earra a bhfuil an dleacht a luaitear ag an uimhir thagartha seo inmhuirir uirthi.” | An dleacht ar thíleacha dín. | Dáta an Achta seo a rith. |
6 | An Dara Sceideal, uimhir thagartha 1. | Ní déanfar an dleacht a forchuirtear le halt 11 den Acht Airgeadais, 1932 (Uimh. 20 de 1932), agus a luaitear ag uimhir thagartha 8 sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht sin, arna leasú le halt 27 den Acht Airgeadais, 1935 (Uimh. 28 de 1935), agus a luaitear ag uimhir thagartha 4 i gCuid II den Ochtú Sceideal a ghabhas leis an Acht sin, a mhuirearú ná a thobhach ar aon earra a bhfuil an dleacht a luaitear ag an uimhir thagartha sin 1 inmhuirir uirthi. | An dleacht ar asfalt, etc. | Dáta an Achta seo a rith. |
CUID III.
Uimh. Thag. | An Sceideal agus an uimhir thagartha | Cineál an leasuithe | Abhar ginearálta an leasuithe | Dáta feidhme an leasuithe |
7 | An Chéad Sceideal, uimhir thagartha 30. | Sa dara colún ag an uimhir thagartha sin 30, scriosfar na focail “naoi bpingne” agus cuirfear na focail “cúig pingne déag” ina n-ionad. | An dleacht ar bhréagáin. | Dáta an Achta seo a rith. |
8 | An Chéad Sceideal, uimhir thagartha 40. | Sa dara colún ag an uimhir thagartha sin 40, cuirfear na focail “ach gan earraí agus fearais a áireamh ar dóigh leis na Coimisinéirí Ioncaim gur séidfheadáin táite agus gearrtha ocsaceitlín iad” i ndiaidh na bhfocal “comhghafa go substainteach.” | An dleacht ar fhearais dóite gáis. | Dáta an Achta seo a rith. |
CUID IV.
Uimh. Thag. | An Sceideal agus an uimhir thagartha | Cineál an leasuithe | Abhar ginearálta an leasuithe | Dáta feidhme an leasuithe |
9 | An Chéad Sceideal, uimhir thagartha 8. | Sa cheathrú colún ag an uimhir thagartha sin 8, cuirfear isteach an mhír seo a leanas— “Ní déanfar an dleacht a forchuirtear le halt 10 den Acht Airgeadais, 1935 (Uimh. 28 de 1935), agus a luaitear ag uimhir thagartha 11 sa Chéad Sceideal a ghabhas leis an Acht sin a mhuirearú ná a thobhach ar aon earra a bhfuil an dleacht a luaitear ag an uimhir thagartha seo inmhuirir uirthi.” | An dleacht ar chláir shiltin agus ar earraí áirithe eile aispeiste. | Dáta an Achta seo a rith. |
AN CEATHRU SCEIDEAL.
Dleachta Custam a Forceanntar.
Uimh. Thag. | An t-achtachán lena bhforchuirtear an dleacht | Sonraí na dleacht | Tuairisc ghinearálta na dleachta | Dáta forceannta na dleachta |
1 | An tAcht Airgeadais, 1932 (Uimh. 20 de 1932), alt 13 agus uimhir thagartha 6 sa Dara Sceideal, arna leasú leis an Ordú chun Diúitéthe a Ghearradh go Práinneach (Uimh. 223), 1941 (R. & O. R., 464 de 1941). | An dleacht a luaitear ag an uimhir thagartha sin 6 arna leasú lies an Ordú sin. | An dleacht ar úrscéalta atá clóbhuailte i mBéarla. | Dáta an Achta seo a rith. |
2 | An tAcht Airgeadais, 1933 (Uimh. 15 de 1933), alt 4 agus uimhir thagartha 8 i gCuid I den Chéad Sceideal, arna leasú leis an Ordú chun Diúitéthe a Ghearradh go Práinneach (Uimh. 41) 1934 (R. & O. R., Uimh. 164 de 1934), agus leis an Ordú chun Diúitéthe a Ghearradh go Práinneach (Uimh. 223), 1941 (R. & O. R., Uimh. 464 de 1941). | An dleacht sin a luaitear ag an uimhir thagartha sin 8 arna leasú leis na hOrduithe sin. | An dleacht ar dhealbha, deilbhíní agus bustaí. | An 8ú lá de Bhealtaine 1947. |
3 | An tAcht Airgeadais, 1935 (Uimh. 28 de 1935), alt 10 agus uimhir thagartha 22 sa Chéad Sceideal. | An dleacht sin a luaitear ag an uimhir thagartha sin 22. | An dleacht ar chloich agus marmar i gcóir leacht nó ailtireachta nó tógála. | An 8ú lá de Bhealtaine 1947. |
AN CUIGIU SCEIDEAL.
Rialacha chun a fhionnadh, maidir le gach saghas stoic thradala a bhi ar seilbh chun criocha tradala no gnotha an 31u la de Nollaig, 1946, cad e an tsuim a fuarthas as diolachain stoic thradala den tsaghas sin i rith na treimhse diolachan.
1. Léireofar tagairtí sa Sceideal seo do stoc trádála de shaghas áirithe mar thagairtí a fholaíos tagairtí don stoc trádála go léir den tsaghas sin, pé céim monaruithe arb ann dó.
2. Fionnfar, maidir le gach saghas faoi leith stoic thrádála a bhí ar seilbh chun críocha na trádála nó an ghnótha an 31ú lá de Nollaig, 1946, an tsuim a fuarthas as díolacháin stoic thrádála den tsaghas sin i rith na tréimhse díolachán, agus chuige sin beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—
(1) má díoladh aon stoc den tsaghas sin ar phraghas is ísle ná an praghas a gheofaí air dá mba ar an margadh oscailte a díolfaí é, deighleálfar leis amhail is dá ndíoltaí é ar an bpraghas a gheofaí air dá mba ar an margadh oscailte a díolfaí é,
(2) faoi réir fo-rialach (3) den Riail seo, cuirfear i gcuntas an stoc go léir den tsaghas sin a díoladh i rith na tréimhse díolachán,
(3) más mó an chainníocht de stoc trádála den tsaghas sin a díoladh i rith na tréimhse díolachán ná an chainníocht de stoc trádála den tsaghas sin a bhí ar seilbh an 31ú lá de Nollaig, 1946, ní cuirfear i gcuntas aon díolacháin stoic thrádála den tsaghas sin a rinneadh i rith na tréimhse díolachán i ndiaidh an ama inarbh ionann an chainníocht de stoc trádála den tsaghas sin a díoladh amhlaidh agus an chainníocht de stoc trádála den tsaghas sin a bhí ar seilbh an 31ú lá de Nollaig, 1946,
(4) más lú an chainníocht de stoc trádála den tsaghas sin a díoladh i rith na tréimhse díolachán ná an chainníocht de stoc trádála den tsaghas sin a bhí ar seilbh an 31ú lá de Nollaig, 1946—
(a) (i) is tuigthe go ndearnadh cainníocht de stoc trádála den tsaghas sin, ba chóimhéid leis an difríocht, a dhíol lá deiridh na tréimhse díolachán ar an bpraghas a gheofaí uirthi dá ndíoltaí í an lá deiridh sin ar an margadh oscailte,
(ii) i gcás gan an stoc trádála go léir den tsaghas sin a bhí ar seilbh lá deiridh na tréimhse díolachán a bheith ar an gcéim chéanna monaruithe ansin is é an stoc ar tuigthe, faoi fho-mhír (i) den mhír seo, é a dhíol an lá deiridh sin ná an stoc a bhí ar seilbh an lá deiridh sin agus ba shia chun cinn ar chéim monaruithe;
(b) más stoc ar chéimeanna éagsúla monaruithe an stoc trádála den tsaghas sin a bhí ar seilbh an 31ú lá de Nollaig, 1946, is tuigthe gurb é cainníocht stoic den tsaghas sin a díoladh i rith na tréimhse díolachán ná an chuid den stoc den tsaghas sin a bhí, an 31ú lá de Nollaig, 1946, monaraithe go hiomlán nó ba ghaire do bheith monaraithe go hiomlán.
3. I gcás stoc trádála d'aon tsaghas áirithe a díoladh, nó ar deighleáladh leis mar stoc a díoladh, agus a cuirfear i gcuntas chun críocha Rialach 2 den Sceideal seo a bheith tar éis gabháil trí phróiseas breise monaraíochta seachas an próiseas faoinar ghabh an stoc trádála den tsaghas sin a bhí ar seilbh an 31ú lá de Nollaig, 1946, déanfar an tsuim a fuarthas, nó ar deighleáladh léi mar shuim a fuarthas, as díolacháin stoic thrádála den tsaghas sin, arna fionnadh faoin Riail sin 2, a laghdú go dtí suim a mbeidh idir í agus an tsuim chéadluaite sin an cothrom céanna a bheas idir iomlán costais nó costais athsholáthruithe, pé acu is lú, gach ítime faoi leith de na hítimí uile sa tsaghas sin a bhí ar seilbh an 31ú lá de Nollaig, 1946, agus an t-iomlán sin arna mhéadú méid an chostais a ghabh leis an bpróiseas breise monaraíochta sin.