[EN]

Uimhir 27 de 1974


[EN]

AN tACHT AIRGEADAIS, 1974

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO MHUIREARÚ AGUS D'FHORCHUR DLEACHTANNA ÁIRITHE IONCAIM INTÍRE, DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE CUSTAIM AGUS IONCAM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL) AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH FORÁLACHA I dTAOBH AIRGEADAIS. [6 Lúnasa, 1974] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

CUID I

Cáin Ioncaim, Forcháin agus Cáin Bhrabús Corparáide

Caibidil I

An Modh ar a Muirearófar Cáin Ioncaim do 1974-75 agus do Bhlianta dá éis sin

[EN]

Leasú ar alt 1 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

1967, Uimh. 6.

1.—Leasaítear leis seo alt 1 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967

[EN]

(a) tríd an míniú ar “ioncam inmheasúnaithe” a scriosadh.

[EN]

(b) trí na mínithe seo a leanas a chur, faoi seach, in ionad na mínithe ar “an ráta caighdeánach cánach”, “cáin” agus “bliain mheasúnachta”, is é sin le rá:

[EN]

“ciallaíonn ‘ráta caighdeánach’, i ndáil le cáin, an ráta cánach dá bhforáiltear le halt 3 (1) den Acht Airgeadais, 1974;”,

[EN]

“ciallaíonn ‘cáin’ cáin ioncaim;”, agus

[EN]

“ciallaíonn ‘bliain mheasúnachta’ bliain a ndéantar cáin ioncaim a fhorchur ina haghaidh le haon Acht a fhorchuireann dleachtanna cánach ioncaim;”,

[EN]

(c) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “ciste árachais saoil coigríche”:

[EN]

“ciallaíonn ‘ard-rátaí’, i ndáil le cáin, na rátaí cánach dá bhforáiltear le halt 3 (2) (c) den Acht Airgeadais, 1974;”,

[EN]

(d) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “údarás rátúcháin”:

[EN]

“ciallaíonn ‘ráta laghdaithe’, i ndáil le cáin, an ráta cánach dá bhforáiltear le halt 3 (2) (a) den Acht Airgeadais, 1974;” agus

[EN]

(e) tríd an míniú seo a leanas a chur isteach i ndiaidh an mhínithe ar “ioncam inchánach”:

[EN]

“ciallaíonn ‘ioncam iomlán’ an t-ioncam iomlán ó gach bunadh arna mheas de réir forálacha an Achta seo;”.

[EN]

Leasú ar alt 4 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

2.—Leasaítear leis seo alt 4 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, trí “de réir aon ráta nó rátaí áirithe, déanfar, faoi réir forálacha an Achta seo, cáin de réir an ráta nó na rátaí sin, de réir mar is iomchuí” a chur in ionad “de réir aon ráta áirithe, déanfar, faoi réir forálacha an Achta seo, an cháin de réir an ráta sin” agus tá an t-alt sin 4, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

4. I gcás ina n-achtaíonn aon Acht go muirearófar cáin ioncaim d'aon bhliain de réir aon ráta nó rátaí áirithe, déanfar, faoi réir forálacha an Achta seo, cáin de réir an ráta nó na rátaí sin, de réir mar is iomchuí, a mhuirearú don bhliain sin maidir leis an maoin, na brabúis, nó na gnóchain go léir a thuairiscítear nó a áirítear faoi seach sna Sceidil atá sna hailt den Acht seo a dtugtar a n-uimhreacha thíos, is é sin le rá—

Sceideal C—Alt 47;

Sceideal D—Alt 52; agus

Sceideal E—Alt 109

agus is inchurtha chun feidhme faoi seach maidir leis na Sceidil sin de réir forálacha an Achta seo.

[EN]

Cáin ioncaim a mhuirearú do 1974-75 agus do bhlianta dá éis sin.

3.—(1) Muirearófar cáin ioncaim don bhliain 1974-75 agus do gach bliain mheasúnachta dá éis sin agus, faoi réir fho-alt (2), muirearófar amhlaidh í de réir 35 faoin gcéad (dá ngairfear an ráta caighdeánach).

[EN]

(2) I gcás inar pearsa aonair (seachas pearsa aonair a bheidh ag gníomhú i gcáil mhuiníneach nó ionadaíoch) aon duine ar a muirearófar cáin ioncaim don bhliain 1974-75 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, déanfar, faoi réir alt 5 (3), cáin a mhuirearú air—

[EN]

(a) i leith cibé cion dá ioncam inchánach nach mó ná £1,550, de réir ráta 26 faoin gcéad (dá ngairfear an ráta laghdaithe),

[EN]

(b) i leith cibé cion (más aon chion é) dá ioncam inchánach is mó ná £1,550 ach nach mó ná £4,350, de réir an ráta chaighdeánaigh, agus

[EN]

(c) i leith cibé cion (más aon chion é) dá ioncam inchánach is mó ná £4,350, de réir na rátaí (dá ngairfear na hardrátaí) a shonraítear sa Tábla seo a leanas:

An Tábla

An chuid den bharrachas os cionn £4,350

An tArd-ráta

An chéad £2,000

50 faoin gcéad

An chéad £2,000 eile

65 faoin gcéad

An fuílleach

80 faoin gcéad

[EN]

Cáin a mhuirearú ar ioncam as ar baineadh cáin.

1973, Uimh. 19.

4.—I gcás ina mbeidh ioncam (dá ngairtear an t-ioncam iomchuí san alt seo)—

[EN]

(a) a bhfuil cáin inbhainte as de bhua forálacha Sceideal C no Sceideal D, nó

[EN]

(b) a bhfuil cáin inbhainte as de bhua alt 433, 434 nó 456 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó

[EN]

(c) a áirítear, de bhua alt 525 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, amhail is dá mba ghlanmhéid íocaíochta bliantúla é ar baineadh cáin go cuí as a mór-mhéid faoi alt 434 den Acht sin,

[EN]

le cur i gcuntas le linn ioncam iomlán pearsan aonair a bheith á ríomh d'aon bhliain mheasúnachta, ansin, chun an t-ioncam iomlán sin a mhuirearú i leith cánach de réir an ráta nó na rátaí cánach a mhuirearófar don bhliain mheasúnachta sin, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas—

[EN]

(d) measfar gurb ioncam is inmhuirir i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D an t-ioncam iomchuí agus muirearófar é dá réir sin;

[EN]

(e) nuair a bheidh an méid cánach is iníoctha ar an ioncam iomlán sin á chinneadh tabharfar creidmheas sa cháin a baineadh as an ioncam iomchuí agus, faoi réir forálacha ailt 233 agus 525 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, is é méid an chreidmheasa sin méid na cánach a baineadh as an ioncam iomchuí:

[EN]

Ar choinníoll, i gcás ina mbainfear cáin as díbhinn de réir ráta arna laghdú de bhua alt 363, 396 nó 410 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó alt 14 den Acht Airgeadais, 1973, go ndéanfar cibé coigeartú is gá i méid an chreidmheasa le héifeacht a thabhairt don fhaoiseamh a fhoráiltear leis na hailt sin.

[EN]

Forálacha maidir le cáin a mhuirearófar trí asbhaint.

5.—(1) Na forálacha sin de na hAchtanna Cánach Ioncaim a fhorálann go bhféadfar cáin a bhaint as aon íocaíocht de réir an ráta nó na rátaí cánach a bhí i bhfeidhm le linn na tréimhse ina raibh an íocaíocht ag faibhriú chun bheith dlite nó go bhféadfar an cháin is iomchuí do dhíbhinn a bhaint as an díbhinn sin beidh éifeacht acu amhail is dá bhforálfaidís go bhféadfar cáin a asbhaint nó go ndéanfar cáin a lamháil de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain ina dtiocfaidh an méid is iníoctha chun bheith dlite:

[EN]

Ar choinníoll nach ndéanfaidh an fo-alt seo difear d'asbhaint cánach de réir ráta is 1ú ná an ráta caighdeánach de bhua alt 363, 396 nó 410 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó alt 14 den Acht Airgeadais, 1973.

[EN]

(2) Le linn ioncam iomlán aon duine a bheith á mheas faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim, measfar gur ioncam d'aon bhliain áirithe aon ioncam is inmhuirir i leith cánach i modh asbhainte de réir an ráta chaighdeánaigh a bheidh i bhfeidhm don bhliain sin, agus déanfar aon asbhaintí is inlamhála ar chuntas suimeanna is iníoctha faoi asbhaint cánach de réir an ráta chaighdeánaigh a bheidh i bhfeidhm d'aon bhliain áirithe as maoin nó brabúis an duine sin a lamháil mar asbhaintí i leith na bliana sin, d'ainneoin an t-ioncam nó na suimeanna, de réir mar a bheidh, d'fhaibhriú, go hiomlán nó go páirteach, roimh an mbliain sin nó dá héis.

[EN]

(3) I gcás ceanglas a bheith ann duine a mheasúnú agus a mhuirearú i leith cánach maidir le haon mhaoin, brabúis nó gnóchain as a ndéanann sé aon íocaíocht i leith aon úis bhliantúil, blianachta nó suime bliantúla eile, nó aon ríchíosa nó suime eile i leith paitinn a úsáid, is de réir an ráta chaighdeánaigh amháin a mhuirearófar é i leith na coda sin den mhaoin, de na brabúis nó de na gnóchain atá comhionann leis an íocaíocht sin agus is féidir a asbhaint le linn a ioncam iomlán a bheith a ríomh.

[EN]

Faoisimh phearsanta.

6.—(1) I gcás ina mbeidh asbhaint le déanamh as ioncam iomlán pearsan aonair don bhliain 1974-75 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin i leith faoiseamh a mbeidh an phearsa aonair ina theideal faoi fhoráil a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an alt seo agus gur mhéid a shonraítear i gcolún (2) den Tábla sin méid na hasbhainte mura mbeadh an t-alt seo, is é a bheidh i méid na hasbhainte, in ionad na méide a shonraítear sa cholún sin (2), an méid a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin os coinne lua na méide sa cholún sin (2).

AN TABLA

An fhoráil reachtúil

An méid a bheidh le hasbhaint do 1973-74

An méid a bheidh le baint as an ioncam iomlán do 1974-75 agus do bhlianta dá éis sin

(1)

(2)

(3)

£

£

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967:

alt 138 (fear pósta)

..

..

..

494

800

(duine singil)

..

..

..

299

500

(ba intreach fir nó mná)

..

324

550

(banchéile ag obair)

..

..

104

nó, más 1ú é, trí cheathrú de mhéid ioncaim thuillte an bhanchéile

200

nó, más 1ú é, méid ioncaim thuillte an bhanchéile

ailt 139 agus 140 (coimeádaí tí)

..

100

140

alt 141 (leanbh)—faoi 11 bhliain

..

155

200

—11 bhliain nó os a chionn

..

..

170

200

alt 142 (gaol cleithiúnach)

..

..

60

80

An tAcht Airgeadais, 1969:

alt 3 (coimeádaí tí ag tabhairt aire do

dhuine éagumasaithe)

..

..

100

140

An tAcht Airgeadais, 1971:

alt 11 (dall)

..

..

..

..

100

140

(an bheirt chéile dall)

..

..

200

280

[EN]

(2) Beidh éifeacht ag Cuid I den Chéad Sceideal chun an t-alt seo a fhorlíonadh.

[EN]

Le súaar alt 142 den Acht Cánach Ionami, 1967.

7.—Leasaítear leis seo alt 142 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, trí “£489” a chur in ionad “£407” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1973) sa dá áit ina bhfuil sé, trí “£80” a chur in ionad “£60” sa dá áit ina bhfuil sé, agus trí “£409” a chur in ionad “£347” (a cuireadh isteach leis an Airgeadais, 1973, a dúradh) agus tá an t-alt sin 142 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

142.—(1) Má chruthaíonn an t-éilitheoir go gcothabhálann sé ar a chostas féin duine ar bith, is gaol dó féin nó dá bhanchéile agus atá éagumasach, mar gheall ar sheanaois nó easláinte ar é féin a chothabháil, nó a mháthair agus í ina baintreach nó máthair a bhanchéile agus í ina baintreach, cibé acu éagumasaithe di nó nach ea, agus is duine ar lú ná £489 sa bhliain a hioncam iomlán ó gach bunadh, beidh sé i dteideal asbhaint £80 i leith gach duine a chothabhálann sé amhlaidh agus déanfar a chomhionann d'asbhaint i gcás éilitheora a bhfuil air, mar gheall ar sheanaois nó easláinte, bheith ag brath ar sheirbhísí duine (is duine ar lú ná £489 sa bhliain a ioncam iomlán ó gach bunadh agus is mac nó iníon leis an éilitheoir) a chónaíonn leis nó léi agus a chothabhálann sé nó sí:

Ar choinníoll go mbeidh éifeacht ag gach ceann de na forálacha roimhe seo den fho-alt seo, i gcás inar mó ná £409 sa bhliain an t-ioncam iomlán ó gach bunadh atá ag an duine ar ina leith a bheidh an asbhaint le déanamh, ionann agus dá mba rud é, in ionad asbhaint £80 a shonrú, gur shonraigh sé asbhaint den méid sin arna laghdú méid na breise.

[EN]

Liúntas aoise.

8.—(1) I gcás ina mbeidh pearsa aonair i dteideal asbhainte don bhliain 1974-75 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin faoi alt 138 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus go gcruthóidh sé go raibh sé, tráth ar bith i rith na bliana measúnachta sin, nó i gcás fear pósta a bhfuil a bhanchéile in aontíos leis, go raibh sé féin nó a bhanchéile cúig bliana is seasca d'aois nó os a chionn, beidh sé, i dteannta an liúntais a mbeidh sé ina theideal faoin alt sin 138 don bhliain mheasúnachta sin, i dteideal asbhainte—

[EN]

(a) £50 i gcás inar fear pósta é a bhfuil a bhanchéile in aontíos leis, agus

[EN]

(b) £25 in aon chás eile.

[EN]

(2) Beidh feidhm maidir le hasbhaint faoin alt seo ag na forálacha sin go léir de na hAchtanna Cánach Ioncaim ag a bhfuil feidhm maidir le gach asbhaint a shonraítear in ailt 138 go 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

[EN]

Leasú ar alt 152 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

9.—Leasaítear leis seo alt 152 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

[EN]

“(1) Ní rachaidh comhiomlán na bpréimheanna nó na suimeanna eile a dtabharfar faoiseamh ina leith do dhuine ar bith faoi ailt 143 agus 151 thar an séú cuid d'ioncam iomlán an duine nó £1,000, cibé acu is 1ú:

[EN]

Ar choinníoll in aon chás inar mó ná £1,000 comhiomlán na bpréimheanna a íocadh ar pholasaithe árachais nó ar chonarthaí le haghaidh blianachtaí iarchurtha agus inar roimh an 3ú lá d'Aibreán, 1974, a rinneadh an t-árachas nó an conradh, go dtabharfar faoiseamh i leith na bpréimheanna sin nó na suimeanna eile sin faoi na hailt réamhráite ar neamhaird leis an srian £1,000 dá bhforáiltear san fho-alt seo.”.

[EN]

Deireadh le muirearú forchánach.

10.—Ní mhuirearófar forcháin don bhliain 1974-75 ná d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin.

[EN]

Leasuithe iarmhartacha.

11.—Beidh éifeacht ag Cuid II den Chéad Sceideal chun an Chaibidil seo a fhorlíonadh.

[EN]

Tosach feidhme Chaibidil I.

12.—Beidh éifeacht ag forálacha na Caibidle seo maidir leis an mbliain 1974-75 agus blianta measúnachta dá éis sin agus, dá réir sin, ní tuigthe go ndéanann na leasuithe a dhéantar leis na forálacha sin agus leis an gCéad Sceideal agus an aisghairm a dhéantar le halt 86 agus a luaitear i gCuid I den Dara Sceideal difear do cháin do bhliain mheasúnachta roimhe sin ná do dhéanamh aon ní maidir le cáin do bhliain den sórt sin.

Caibidil II

Cánachas ar Bhrabúis Feirmeoireachta, Forálacha maidir le Caillteanais Áirithe Feirme agus Srian le Liúntais Phearsanta

[EN]

Mínithe (Caibidil II).

1969, Uimh. 21.

13.—(1) Sa Chabidil seo tá le “feirmeoireacht”, “talamh feirmeoireachta”, agus “áitiú” an bhrí chéanna atá leo in alt 18 (1) den Acht Airgeadais, 1969.

[EN]

(2) Folaíonn aon tagairt sa Chaibidil seo do thalamh feirmeoireachta ar áitiú ag pearsa aonair talamh feirmeoireachta a mheastar, de bhua alt 17, a bheith ar áitiú aige.

[EN]

(3) Aon tagairt sa Chaibidil seo do luacháil inrátaithe thalamh feirmeoireachta a bhí ar áitiú ag pearsa aonair tráth áirithe is tagairt í do chomhiomlán luachálacha inrátaithe na talún feirmeoireachta go léir a bhí ar áitiú aige agus na talún feirmeoireachta go léir a mheastar a bheith ar áitiú aige an tráth sin agus aon tagairt do luacháil inrátaithe thalamh feirmeoireachta a bhí ar áitiu ag pearsa aonair ar feadh bliana measúnachta nó coda de bhliain mheasúnachta is tagairt í do luacháil inrátaithe iomlán na talún feirmeoireachta go léir a bhí ar áitiú aige agus na talún feirmeoireachta go léir a mheastar a bheith ar áitiú aige ar feadh na bliana measúnachta sin, nó na coda sin de bhliain mheasúnachta arna ríomh de réir forálacha alt 17 (5), (6) agus (7):

[EN]

Ar choinníoll, nuair a bheidh luacháil inrátaithe talún feirmeoireachta á ríomh chun críocha na Caibidle seo, go bhfágfar gan áireamh luacháil inrátaithe aon fhoirgnimh ar an talamh.

[EN]

Alt 18 (2) (a) den Acht Airgeadais, 1969, a aisghairm.

14.—Aisghairtear leis seo alt 18 (2) (a) den Acht Airgeadais, 1969.

[EN]

Brabúis feirmeoireachta le muirearú faoi Sceideal D.

15.—(1) Faoi réir fho-alt (3), measfar gur seoladh trádála nó coda de thrádáil, de réir mar a bheidh, an fheirmeoireacht go léir sa stát, agus déanfar na brabúis nó na gnóchain as an bhfeirmeoireacht sin a mhuirearú i leith cánach faoi Chás I de Sceideal D dá réir sin.

[EN]

(2) D'ainneoin aon ní dá mhalairt i gCaibidil III de Chuid IV den Acht Cánach Ioncaim, 1967, measfar gur seoladh aon trádála amháin an fheirmeoireacht go léir a sheolann aon duine go haonraic nó i gcomhpháirtíocht.

[EN]

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1), maidir le haon bhliain mheasúnachta, i gcás pearsa aonair a shuífidh nár £100 nó níos mó luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta go léir a bhí ar áitiú aige aon tráth i rith na bliana measúnachta sin.

[EN]

Feirmeoireacht ag daoine áirithe.

1963, Uimh. 33.

16.—(1) Ní bheidh éifeacht ag alt 15 (3) d'aon bhliain mheasúnachta i gcás feirmeoireacht a bheith á seoladh an bhliain mheasúnachta sin ag pearsa aonair—

[EN]

(a) a bheidh, freisin, aon tráth an bhliain mheasúnachta sin, ag seoladh trádála nó gairme eile go haonraic nó i gcomhpháirtíocht,

[EN]

(b) a mbeidh a chéile, freisin, i gcás inar duine pósta an phearsa aonair, aon tráth an bhliain mheasúnachta sin, ag seoladh trádála nó gairme eile go haonraic nó i gcomhpháirtíocht,

[EN]

(c) a bheidh, aon tráth an bhliain mheasúnachta sin, ina stiúrthóir ar chuideachta a sheolann trádáil nó gairm agus atá ina úinéir tairbhiúil nó atá in ann, go díreach nó trí mheán cuideachtaí eile nó ar mhodh éigin eile, rialú a dhéanamh ar chuid is mó ná 25 faoin gcéad de ghnáthscairchaipiteal na cuideachta, nó

[EN]

(d) a mbeidh a chéile, i gcás inar duine pósta an phearsa aonair, aon tráth an bhliain mheasúnachta sin, ina stiúrthóir ar chuideachta a sheolann trádáil nó gairm agus atá ina uinéir tairbhiúil nó atá in ann, go díreach nó trí mheán cuideachtaí eile nó ar mhodh éigin eile, rialú a dhéanamh ar chuid is mó ná 25 faoin gcéad de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta:

[EN]

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag mír (b) ná ag mír (d) i gcás ina n-áirítear chun críocha cánach nach in aontíos lena fearchéile do bhanchéile pearsan aonair.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) i gcás duine pósta a bhfuil a bhanchéile i mbun feirmeoireachta agus beidh éifeacht ag forálacha an fho-ailt sin i gcás den sórt sin amhail is dá mba thagairtí dá bhanchéile na tagairtí don phearsa aonair.

[EN]

(3) Ní bheidh feidhm ag an alt seo, maidir le haon bhliain mheasúnachta, i gcás pearsa aonair a shuífidh nár mhó luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta go léir a bhí ar áitiú aige aon tráth i rith na bliana measúnachta sin ná £50, nó má ba mhó ná £50 an luacháil sin, gurb é a bhí, go heisiatach, in aon trádáil a bhí á seoladh ag a chéile soláthar cóiríochta i bhfoirgnimh ar an talamh feirmeoireachta sin, agus gur fho-thrádáil i ndáil le feirmeoireacht na talún feirmeoireachta sin soláthar na cóiríochta sin.

[EN]

(4) Chun críocha mhíreanna (c) agus (d) d'fho-alt (1), measfar, maidir le gnáth-scairchaipiteal atá ar úinéireacht nó á rialú ar an modh a luaitear sa mhír sin ag duine is banchéile nó fearchéile nó naí-leanbh le stiúrthóir, nó ag iontaobhaí iontaobhais chun sochair do dhuine nó do dhaoine is duine den sórt sin nó stiúrthóir den sórt sin nó ar a n-áirítear duine den sórt sin nó stiúrthóir den sórt sin, gur ag an stiúrthóir sin agus nach ag aon duine eile atá sé ar úinéireacht nó á rialú.

[EN]

(5) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “cuideachta” cuideachta de réir brí Acht na gCuideachtaí, 1963;

[EN]

folaíonn “stiúrthóir” duine a shealbhaíonn aon oifig nó fostaíocht faoi chuideachta;

[EN]

ciallaíonn “gnáth-scairchaipiteal” an caipiteal eisithe go léir (cibé ainm a thugtar air) le cuideachta, seachas caipiteal a bhfuil de cheart ag a shealbhóirí díbhinn a fháil de réir ráta cheaptha nó de réir ráta a athróidh de réir an ráta chaighdeánaigh cánach, ach nach bhfuil aon cheart eile acu chun scaire de bhrabúis na cuideachta.

[EN]

Talamh feirmeoireachta atá ar áitiú nó a mheastar a bheith ar áitiú ag pearsa aonair.

17.—(1) Chun críocha na Caibidle seo, measfar talamh feirmeoireachta a bheith ar áitiú ag pearsa aonair má bhíonn sé ar áitiú ag a bhanchéile nó más talamh feirmeoireachta é arb é féin nó a bhanchéile an t-úinéir tairbhiúil air nó arb iadsan na húinéirí tairbhiúla air agus atá ar áitiú ag aon duine nó daoine eile.

[EN]

(2) I gcás talamh feirmeoireachta a bheith ar áitiú ag pearsa aonair, nó ag a bhanchéile, i gcomhpháirtíocht le haon duine nó daoine eile, agus nach úinéir tairbhiúil ar an talamh feirmeoireachta sin é féin ná a bhanchéile, measfar cion comhréireach den talamh feirmeoireachta sin a bheith ar áitiú ag an bpearsa aonair agus is é luacháil inrátaithe an chiona chomhréirigh sin an méid sin de luacháil inrátaithe iomlán na talún feirmeoireachta sin a mbeidh idir í agus an luacháil inrátaithe iomlán sin an chomhréir chéanna a bheidh idir a chion nó a cion, de réir mar is iomchuí, de na brabúis nó de na caillteanais ar iad a chionroinnt de réir téarmaí an chomhaontaithe comhpháirtíochta i dtaobh riaradh brabús nó caillteanas agus brabúis nó caillteanais iomlána na comhpháirtíochta.

[EN]

(3) I gcás talamh feirmeoireachta a bheith ar úinéireacht thairbhiúil ag pearsa aonair, nó ag a bhanchéile, i gcomhpháirt le haon duine nó daoine eile ach gan é a bheith ar áitiú ag an bpearsa aonair nó ag a bhanchéile, go haonraic nó i gcomhpháirt le haon duine nó daoine eile, measfar talamh feirmeoireachta a bheith ar áitiú ag an bpearsa aonair sin arb é a luacháil inrátaithe méid is comhionann leis an gcuid sin de luacháil inrátaithe iomlán na talún ar úineir tairbhiúil air é féin nó a bhanchéile, atá ar comhréir lena scair féin nó le scair a bhanchéile d'úinéireacht na talún feirmeoireachta sin.

[EN]

(4) I gcás talamh feirmeoireachta a bheith ar úinéireacht thairbhiúil ag pearsa aonair, nó ag a bhanchéile, i gcomhpháirt le haon duine nó daoine eile agus go bhfuil an talamh feirmeoireachta sin ar áitiú ag an bpearsa aonair, nó ag a bhanchéile, i gcomhpháirtíocht le haon duine nó daoine eile, measfar talamh feirmeoireachta a bheith ar áitiú aige arb é a luacháil inrátaithe méid is comhionann leis an gcodán sin de luacháil inrátaithe iomlán na talún ar úinéir tairbhiúil air é féin nó a bhanchéile, atá ar comhréir lena scair féin nó le scair a bhanchéile d'úinéireacht thairbhiúil na talún feirmeoireachta sin.

[EN]

(5) Is é a suim seo a leanas luacháil inrátaithe iomlán talún feirmeoireachta a bheidh áitithe ag pearsa aonair do bhliain mheasúnachta—

[EN]

(a) luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta go léir a bheidh áitithe aige nó a mheastar a bheith áitithe aige de bhua fho-alt (1),

[EN]

(b) luacháil inrátaithe na gcodanna comhréireacha go léir de thalamh feirmeoireachta a mheastar a bheith áitithe aige de bhua fho-ailt (2), (3) agus (4).

[EN]

(6) I gcás gan talamh feirmeoireachta a bheith áitithe ag pearsa aonair ach ar feadh cuid d'aon bhliain mheasúnachta, measfar, chun críocha an fho-ailt seo, gurb é luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a bhí áitithe amhlaidh don bhliain mheasúnachta sin méid a mbeidh idir é agus luacháil inrátaithe iomlán an chéanna an chomhréir chéanna a bhí idir fad na tréimhse a bhí an talamh feirmeoireachta sin áitithe amhlaidh sa bhliain mheasúnachta agus dhá mhí dhéag.

[EN]

(7) I gcás ina measfar, de bhua fho-alt (1), (2), (3) nó (4), talamh feirmeoireachta bheith áitithe ag pearsa aonair agus más rud é, maidir le haon bhliain mheasúnachta, nach raibh na dálaí, ar faoina dtreoir a mheasfar an talamh feirmeoireachta sin nó aon chuid chomhréireach de a bheith áitithe aige, ann ach ar feadh cuid den bhliain mheasúnachta sin, measfar, chun críocha an ailt seo, maidir leis an mbliain mheasúnachta sin, gurb é luacháil inrátaithe aon talún feirmeoireachta a mheastar a bheith áitithe aige méid a mbeidh idir é agus luacháil inrátaithe iomlán na talún feirmeoireachta sin an chomhréir chéanna a bhí idir fad na tréimhse a bhí na dálaí sin ann an bhliain mheasúnachta sin agus dhá mhí dhéag.

[EN]

Cionroinnt luachála.

18.—(1) Más rud é, i gcas maoin atá luacháilte mar aonad faoi na hAchtanna Luachála, gur talamh feirmeoireachta cuid di agus nach ea cuid eile, tiocfar, chun críocha na Caibidle seo, ar luacháil inrátaithe gach coda trí luacháil inrátaithe na maoine a chionroinnt.

[EN]

(2) I gcás talamh feirmeoireachta atá luacháilte mar aonad faoi na hAchtanna Luachála a bheith roinnte ina dhá áitíocht leithleacha nó níos mó, tiocfar, chun críocha na Caibidle seo, ar luacháil inrátaithe na coda atá ar áitiú ag gach áititheoir trí luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta atá i gceist a chionroinnt.

[EN]

(3) Déanfaidh an cigire, chomh maith agus is féidir leis ar feadh a eolais agus a bhreithiúnais, aon chionroinnt a cheanglaítear leis an alt seo a dhéanamh.

[EN]

(4) Beidh feidhm ag alt 67 (3A) (c) den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (a cuireadh isteach le halt 31 den Acht Airgeadais, 1969), maidir le haon chionroinnt a dhéanfar faoin alt seo mar atá feidhm aige maidir le haon chionroinnt faoi alt 67 (3A) (b) den Acht sin.

[EN]

Teorainn leis an méid cánach a mhuirearófar i gcásanna áirithe.

19.—(1) I gcás pearsa aonair, seachas pearsa aonair lena mbaineann alt 16, a bheith inmhuirir i leith cánach d'aon bhliain mheasúnachta i ndáil le brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht, ní bheidh méid na cánach is inmhuirir amhlaidh don bhliain mheasúnachta sin níos mó—

[EN]

(a) i gcás nach mó ná £100 luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a bhí ar áitiú aige an bhliain mheasúnachta sin, ná an fichiú cuid den cháin is iomchuí do na brabúis nó do na gnóchain ó fheirmeoireacht;

[EN]

(b) i gcás inar mó ná £100 luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a bhí ar áitiú aige an bhliain mheasúnachta sin, ná an méid ar a dtiocfar tríd an gcáin is iomchuí do na brabúis nó do na gnóchain ó fheirmeoireacht a iolrú ar chodán ar fiche is ainmneoir dó agus arb é is uimhreoir dó an uimhir is comhionann leis an méid atá de bhreis ar £99 ag luacháil inrátaithe na talún a bhí ar áitiú amhlaidh:

[EN]

Ar choinníoll, i gcás nach mbeidh aon ioncam, seachas brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht, inmhuirir i leith cánach, nach mbeidh sa cháin is inmhuirir thar £40 de bhreis ar an méid cánach ab inmhuirir de réir forálacha an ailt seo dá mba 1ú de £1 luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a bhí ar áitiú aige ná an luacháil inrátaithe iarbhír.

[EN]

(2) Chun críocha an ailt seo, is é a bheidh sa cháin is iomchuí do na brabúis nó do na gnóchain ó fheirmeoireacht, maidir le pearsa aonair, an méid sin den cháin ab iníoctha, mura mbeadh forálacha an ailt seo, i leith ioncam iomlán na pearsan aonair a bhfuil idir í agus an cháin sin an chomhréir chéanna atá idir méid na mbrabús nó na ngnóchan ó fheirmeoireacht atá ar áireamh san ioncam iomlán sin agus an t-ioncam iomlán sin.

[EN]

(3) Ní bheidh feidhm ag an alt seo in aon chás inar mó ná £119 luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a bhí ar áitiú ag pearsa aonair aon tráth sa bhliain mheasúnachta.

[EN]

Bonn roghnach measúnachta.

20.—(1) I gcás duine a bheith, de bhua alt 15, inmhuirir i leith cánach don bhliain mheasúnachta 1974-75 i ndáil le brabúis nó le gnóchain ó fheirmeoireacht, agus go ndéanfaí, de réir forálacha alt 58 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, é a mhuirearú i leith cánach faoi Chás I de Sceideal D ar mhéid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan don bhliain roimh an mbliain mheasúnachta sin, féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire laistigh de shé mhí tar éis tosach na bliana measúnachta sin, a roghnú gur ar mhéid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan don bhliain mheasúnachta sin agus nach ar mhéid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan don bhliain roimh an mbliain mheasúnachta sin a mhuirearófar i leith cánach é don bhliain mheasúnachta sin.

[EN]

(2) Chun críocha an ailt seo, féadfar, más rogha sin leis an duine is inmhuirir i leith cánach i ndáil le brabúis nó gnóchain na bliana 1974, a mheas gurb iad brabúis nó gnócháin na bliana 1974-75 iad.

[EN]

Bonn barúlach measúnachta do 1974-75.

1968, Uimh. 7.

21.—(1) I gcás pearsa aonair, seachas pearsa aonair lena mbaineann alt 16, a bheith, de bhua alt 15, inmhuirir i leith cánach don bhliain mheasúnachta 1974-75 i ndáil le brabúis nó le gnóchain ó fheirmeoireacht, féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabharfar don chigire laistigh de shé mhí tar éis tosach na bliana measúnachta sin, a roghnú gur i ndáil leis na brabúis nó na gnóchain sin, de réir forálacha an ailt seo, agus nach faoi threoir forálacha alt 58 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ná forálacha alt 20, a mhuirearófar i leith cánach é don bhliain mheasúnachta sin.

[EN]

(2) I gcás ina ndéanfaidh pearsa aonair an rogha dá bhforáiltear i bhfo-alt (1), muirearófar i leith cánach é faoi Chás I de Sceideal D i ndáil le brabúis nó le gnóchain ó fheirmeoireacht ar shuim ar cóimhéid le 40 oiread luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a bhí ar áitiú aige don bhliain mheasúnachta sin lúide asbhaintí ina leith seo a leanas—

[EN]

(a) rátaí ab iníoctha don bhliain mheasúnachta sin i ndáil le talamh feirmeoireachta a bhí ar áitiú amhlaidh; agus

[EN]

(b)  (i) díolaíochtaí ab iníoctha don bhliain mheasúnachta sin le haon duine a bhí fostaithe leis an talamh feirmeoireachta sin a oibriú, i leith na hoibre sin, nó

[EN]

(ii) íocaíochtaí a íocadh le haon duine eile don bhliain mheasúnachta sin i leith obair den sórt a luaitear i bhfomhír (i):

[EN]

Ar choinníoll nach mbeidh díolaíochtaí ab iníoctha le duine a bhfuil baint aige leis an bpearsa aonair le cur i gcuntas chun críocha fhomhír (i) ach amháin a mhéid gur in airgead a íocadh leis an duine sin iad.

[EN]

(3) Nuair a dhéanfar brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht talún feirmeoireachta a mhuirearú i leith cánach de réir forálacha fho-alt (2),

[EN]

(a) beidh an phearsa aonair a mhuirearófar amhlaidh i dteideal aon asbhaint a éileamh i leith innealra nó gléasra a úsáid eadh ag feirmeoireacht na talún feirmeoireachta sin a bheadh sé i dteideal a éileamh dá mba gur muirearaíodh i leith cánach é ar mhéid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan sin, agus

[EN]

(b) féadfar aon mhuirear cothromaíochta a dhéanamh a bheadh le déanamh faoi alt 272 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, dá muirearófaí an phearsa aonair i leith cánach i ndáil le méid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan sin.

[EN]

(4) Le linn brabúis nó gnóchain a bheith á muirearú de réir forálacha an ailt seo, ní lamhálfar aon asbhaint seachas na hasbhaintí a shonraítear i bhfo-ailt (2) agus (3).

[EN]

(5) I gcás pearsa aonair a bheith inmhuirir i leith cánach faoi Chás V de Sceideal D don bhliain mheasúnachta sin i ndáil leis na brabúis nó na gnóchain ó aon chíos nó aon fháltas i leith aon éasúna i ndáil le haon chuid den talamh feirmeoireachta a bhí ar áitiú aige, beidh feidhm ag fo-alt (2) don bhliain mheasúnachta a bhí an talamh feirmeoireachta ar áitiú amhlaidh ach gan an chuid sin a áireamh ónar tháinig na brabúis nó na gnóchain sin is inmhuirir faoi Chás V de Sceideal D:

[EN]

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo i gcás inar lú an cíos sin nó an fáltas sin, ag féachaint do na luachanna a bhí i réim san am, ná an méid a d'fhéadfaí a fháil ar an bhforas gur ar neamhthuilleamaí a dhéanfaí an idirbheartaíocht le haghaidh an léasa nó na héasúna.

[EN]

(6) Measfar, chun críocha an ailt seo, baint a bheith ag duine le pearsa aonair dá measfaí sin maidir leis an duine sin chun críocha alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968.

[EN]

Feirmeoireacht: liúntais maidir le caiteachas caipitiúil ag déanamh foirgneamh agus oibreacha eile.

22.—(1) Baineann an t-alt seo le haon duine i mbun feirmeoireachta arb inmhuirir cáin de réir forálacha alt 15 (1) ar na brabúis nó na gnóchain uaithi.

[EN]

(2) Má thabhaíonn duine lena mbaineann an t-alt seo, le feirmeoireacht a dhéanamh ar thalamh feirmeoireachta atá ar áitiú aige, aon chaiteachas caipitiúil ag déanamh tithe feirme, foirgnimh feirme, iostáin, fálta nó oibreacha eile, tabharfar, le linn na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht ar an talamh feirmeoireachta sin a bheith á muirearú, liúntas bliantúil (dá ngairtear liúntas foirgneamh feirme san alt seo) ar cóimhéid le deichiú cuid an chaiteachais sin don chéad bhliain mheasúnachta iomchuí agus do gach bliain mheasúnachta dá éis sin go dtí go mbeidh na liúntais a bheidh tugtha faoin alt seo i leith an chaiteachais ar cóimhéid leis an gcaiteachas:

[EN]

Ar choinníoll nach mbainfidh an fo-alt seo le haon chaiteachas a tabhaíodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974.

[EN]

(3) Déanfar aon chaiteachas caipitiúil den sórt sin a dúradh arna thabhú an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, ag duine ar tí dul i mbun feirmeoireachta dó ach roimh thosú ag feirmeoireacht dó a áireamh, chun críocha an ailt seo, ionann is dá mba é an chéad lá a thosaigh sé ag feirmeoireacht a tabhaíodh é.

[EN]

(4) I gcás ina dtabhófar caiteachas caipitiúil mar a dúradh ar theach feirme, ní chuirfear i gcuntas ach tríú cuid an chaiteachais sin, nó, má bhíonn cóiríocht agus saoráidí an tí feirme sin ar neamhréir le cineál agus réim na feirme, cibé cionúireacht de is cóir ach nach mó ná an tríú cuid de.

[EN]

(5) Chun críocha an ailt seo agus maidir le caiteachas a thabhaigh an duine, is í an bhliain ina bhonn-tréimhse (de réir brí alt 297 den Acht Cánach Ioncaim, 1967) dar thabhaigh sé an caiteachas an chéad bhliain mheasúnachta iomchuí.

[EN]

(6) Aireofar sa ráiteas bliantúil is gá a sheachadadh faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim ar na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht aon éileamh ó dhuine ar liúntas a bheidh le tabhairt dó faoi fhorálacha an ailt seo, agus tabharfar an liúntas mar asbhaint nuair a bheidh na brabúis nó na gnóchain sin á muirearú, agus beidh feidhm ag alt 241 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, maidir leis an liúntas mar atá feidhm aige maidir le hasbhaintí is inlamhála i leith caitheamh agus cuimilt innealra nó gléasra.

[EN]

(7) Is chun an chigire a chuirfear aon éileamh ar liúntas faoi fhorálacha an ailt seo agus is eisean a chinnfidh é, ach féadfaidh aon duine arb éagóir leis aon chinneadh ag an gcigire ar aon éileamh den sórt sin, ar fhógra i scríbhinn a thabhairt don chigire laistigh de lá is fiche tar éis an cinneadh a bheith curtha in iúl dó, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc.

[EN]

(8) Déanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc aon achomharc a dhéanfar chucu faoi fho-alt (7) a éisteacht agus a chinneadh amhail is dá mba achomharc in aghaidh measúnú cánach é agus beidh feidhm dá réir sin fara aon mhodhnuithe is gá ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomharc a athéisteacht agus cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phointe dlí.

[EN]

(9) Má dhéanann duine atá i dteideal liúntais faoi fho-alt (2) i leith caiteachas caipitiúil a tabhaíodh le haghaidh feirmeoireachta talún feirmeoireachta a leas sa talamh feirmeoireachta sin nó in aon chuid den talamh feirmeoireachta sin a aistriú go dtí duine eile, beidh teideal ag an duine eile sin, d'eisiamh an duine chéadluaite, chun na liúntas faoin alt seo do na blianta measúnachta tar éis na bliana ina ndearnadh an t-aistriú leasa:

[EN]

Ar choinníoll má ba i ndáil le cuid den talamh feirmeoireachta a tharla an t-aistriú leasa, go mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo maidir leis an méid sin den liúntas is inchurtha go cuí i leith na coda sin den talamh amhail is dá mba liúntas ar leithligh é.

[EN]

(10) I gcás caiteachas a thabhú go páirteach chun críocha feirmeoireachta agus go páirteach chun críocha eile, ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) ach amháin i leith an méid sin den chaiteachas sin is cóir, ar chionroinnt cheart a dhéanamh, a áireamh mar chaiteachas a tabhaíodh chun críocha feirmeoireachta.

[EN]

(11) Ní thabharfar aon liúntas de bhua an ailt seo maidir le haon chaiteachas má thugtar nó má tugadh liúntas ina leith don bhliain mheasúnachta chéanna nó d'aon bhliain mheasúnachta roimhe sin nó dá éis sin faoi Chaibidil II de Chuid XV nó faoi Chaibidil I de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

[EN]

(12) Ní mheasfar chun aon chríocha den alt seo caiteachas a bheith tabhaithe ag aon duine sa mhéid go mbeidh sé íoctha go díreach nó go neamhdhíreach ag an Stát, ag aon bhord a bunaíodh le reacht, nó ag aon údarás poiblí nó áitiúil.

[EN]

Feidhm alt 20 den Acht Airgeadais, 1969.

23.—Ní choiscfidh an aisghairm a dhéantar de bhua alt 14 ar alt 18 (2) (a) den Acht Airgeadais, 1969, alt 20 den Acht sin ó fheidhm a bheith aige maidir le díbhinn arna híoc an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó dá éis, i gcás an díbhinn a íoc as brabúis a bhí díolmhaithe ó cháin de bhua an ailt sin 18 (2) (a), nó iad a íoc go páirteach as brabúis den sórt sin agus go páirteach as brabúis eile.

[EN]

Srian maidir le caillteanais áirithe.

24.—Ní thabharfar faoiseamh ar bith faoi alt 309 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, maidir le caillteanas a tharla ag feirmeoireacht aon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain 1974-75 tríd an gcaillteanas sin a bhaint as méid na mbrabús nó na ngnóchan ó fheirmeoireacht arna measúnú don bhliain 1974-75 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin nó a fhritháireamh in aghaidh na méide sin.

[EN]

Measfar liúntas caithimh agus cuimilte a bheith tugtha i gcásanna áirithe.

25.—(1) Nuair a bheifear á chinneadh, le linn na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht a bheith á muirearú, an bhfuil aon liúntas caithimh agus cuimilte, liúntas cothromaíochta nó muirear cothromaíochta i leith innealra nó gléasra le tabhairt d'aon duine nó le muirearú air d'aon bhliain mheasúnachta agus má tá cad é an liúntas nó an muirear é, measfar gur tugadh don duine sin in aghaidh gach bliana measúnachta roimhe sin ar leis an t-innealra nó an gléasra agus ar bliain mheasúnachta í a bheidh le cur i gcuntas chun críche an ailt seo, cibé liúntas caithimh agus cuimilte nó cibé liúntas caithimh agus cuimilte méadaithe, más ann, i leith an innealra nó an ghléasra a bheadh le tabhairt dó dá mba rud é maidir le gach bliain roimhe sin den sórt sin—

[EN]

(a) go raibh na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht inmhuirir i leith cánach faoi Chás I de Sceideal D,

[EN]

(b) go raibh feirmeoireacht ar siúl aige riamh ón dáta a fuair sé an t-innealra nó an gléasra,

[EN]

(c) gur le haghaidh feirmeoireachta amháin a bhí an t-innealra nó an gléasra á úsáid aige riamh ón dáta sin, agus

[EN]

(d) go ndearna sé éileamh ceart go cuí ar liúntas caithimh agus cuimilte i leith an innealra nó an ghléasra in aghaidh gach bliana measúnachta iomchuí.

[EN]

(2) Cuirfear i gcuntas chun críocha an ailt seo gach bliain mheasúnachta roimhe sin ar leis an duine an t-innealra nó an gléasra áirithe agus—

[EN]

(a) nár úsáid an duine an t-innealra nó an gléasra le haghaidh feirmeoireachta,

[EN]

(b) nach ndearna sé aon fheirmeoireacht, nó

[EN]

(c) a rinne sé feirmeoireacht in imthosca nach raibh méid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan ón bhfeirmeoireacht sin inmhuirir i leith cánach faoi Chás I de Sceideal D.

[EN]

(3) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d'fhorálacha alt 272 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

[EN]

(4) San alt seo—

[EN]

tá le “liuntas cothromaíochta” agus “muirear cothromaíochta” na bríonna céanna atá leo i gCaibidil II de Chuid XVI den Acht Cánach Ioncaim, 1967;

[EN]

ciallaíonn “liúntas caithimh agus cuimilte” asbhaint faoi alt 241 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

[EN]

Leasú ar alt 307 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

26.—Leasaítear leis seo alt 307 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

[EN]

(a) trí “trádáil seachas feirmeoireacht, nó in aon ghairm nó fostaíocht,” a chur in ionad “trádáil, gairm nó fostaíocht,” i bhfo-alt (1),

[EN]

(b) trí “nó ag feirmeoireacht i gcás a mbaineann an t-alt seo leis” a chur in ionad “nó ag áitiú tailte chun críocha feirmeoireachta amháin” i bhfo-alt (1), agus

[EN]

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (1):

[EN]

“(1A) Beidh feidhm ag an alt seo in aon chás ina mbeidh feirmeoireacht ar siúl seachas i gcás pearsa aonair lena mbaineann alt 15 (3) den Acht Airgeadais, 1974, nó lena mbainfeadh an t-alt sin dá ndéanfadh an phearsa aonair an t-éileamh sin.”,

[EN]

agus tá an fo-alt sin (1) d'alt 307, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tabla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, má tharlaíonn aon bhliain mheasúnachta gur bhain caillteanas do dhuine ar bith in aon trádáil seachas feirmeoireacht, nó in aon ghairm nó fostaíocht, a bhí á seoladh aige leis féin nó i gcomhpháirtíocht, nó ag feirmeoireacht i gcás a mbaineann an t-alt seo leis, nó ag áitiú talamh coille a bainistíodh ar fhoras tráchtála agus le hionchas brabúis a dhéanamh as, beidh teideal aige, ar éileamh chuige sin a dhéanamh, chun cibé aisíoc cánach is gá chun a áirithiú nach rachaidh an méid comhiomlán cánach in aghaidh na bliana a bheidh íoctha aige ar deireadh thar an méid a bheadh iompartha aige dá ndéanfaí a ioncam a laghdú méid an chaillteanais.

[EN]

Srian le faoiseamh i leith caillteanas ar fheirmeoireacht nó garraíodóireacht mhargaidh.

1920, c. 18.

27.—(1) San alt seo—

[EN]

forléireofar “bonn-bhliain”, i ndáil le haon liúntas caipitiúil, de réir alt 317 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967;

[EN]

tá le “liúntas caipitiúil” an bhrí chéanna atá leis in alt 317 den Acht Cánach Ioncaim, 1967;

[EN]

ciallaíonn “na trí bliana roimhe sin” i ndáil le caillteanas a tabhaíodh i mbliain mheasúnachta, na trí bliana measúnachta deiridh roimh an mbliain sin;

[EN]

ciallaíonn “réamh-thréimhse chaillteanais” na trí bliana roimhe sin, nó, má tabhaíodh caillteanais i mblianta measúnachta comhleanúnacha is faide ar fad ná trí bliana (agus dar críoch deireadh na dtrí bliana roimhe sin), an tréimhse is faide sin;

[EN]

tá le “garraíodóireacht mhargaidh” an bhrí cheanna atá leis in alt 54 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

[EN]

(2) (a) Aon chaillteanas (lena n-áirítear aon suim i leith liúntas a bheidh le háireamh mar chaillteanas de bhua alt 318 den Acht Cánach Ioncaim, 1967) a tabhaíodh i dtrádáil feirmeoireachta nó garraíodóireachta margaidh ní bheidh sé inchomhairimh le haghaidh faoisimh faoi alt 307 ná faoi alt 308 den Acht sin mura suífear, maidir leis an mbliain mheasúnachta a n-éilítear gur tabhaíodh an caillteanas, go raibh an trádáil á seoladh ar fhoras tráchtála agus le hionchas brabúis a dhéanamh sa trádáil.

[EN]

(b) Gan dochar do mhír (a), aon chaillteanas (lena n-áirítear aon suim i leith liúntais a bheidh, de bhua alt 318 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, le háireamh mar chaillteanas) a tabhaíodh aon bhliain mheasúnachta i dtrádáil feirmeoireachta nó garraíodóireachta margaidh ní bheidh sé inchomhairimh le haghaidh faoisimh faoi alt 307 ná faoi alt 308 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, má tabhaíodh, gach bliain de na trí bliana roimhe sin, caillteanas ag seoladh na trádála sin.

[EN]

(c) Chun críocha an ailt seo, i gcás trádáil feirmeoireachta nó garraíodóireachta margaidh a bheith á seoladh tráth ar bith ar mhodh gur réasúnach a bheith ag súil le brabús uaithi, is fianaise dhochlóite é sin gur d'fhonn brabúis a dhéanamh a bhí sí á seoladh an tráth sin.

[EN]

(d) Ní chuirfidh an fo-alt seo srian le faoiseamh i leith aon chaillteanais nó aon liúntais chaipitiúil má shuíonn an t-éilitheoir gur de chineál a ghníomhaíochtaí feirmeoireachta nó garraíodóireachta margaidh go léir an bhliain díreach i ndiaidh na dtrí bliana roimhe sin, agus gurb amhlaidh dóibh, gur réasúnach súil a bheith le brabúis a dhéanamh san am le teacht dá mba fheirmeoir inniúil nó garraíodóir margaidh inniúil a thabharfadh fúthu, ach dá dtabharfadh an feirmeoir nó an garraíodóir margaidh sin faoi na gníomhaíochtaí sin i dtús na réamh-thréimhse caillteanais, nár réasúnach súil a bheith le brabús a bheith ar na gníomhaíochtaí sin aige go dtí tar éis deireadh na bliana díreach i ndiaidh na réamh-thréimhse caillteanais.

[EN]

(e) Ní chuirfidh an fo-alt seo srian le faoiseamh nuair is é atá sa trádáil atá á seoladh cuid de gnóthas trádála is mó ná í agus ar trádáil chumhalda dó í.

[EN]

(3) Nuair a bheifear á chinneadh chun críocha an ailt seo ar tabhaíodh caillteanas aon bhliain áirithe feidhmeofar na rialacha is infheidhmithe maidir le Cás I de Sceideal D.

[EN]

(4) Má tá nó má bhíonn trádáil feirmeoireachta nó garraíodóireachta margaidh le háireamh mar thrádáil nár seoladh ach ar feadh cuid de bhliain mheasúnachta toisc gur sa bhliain sin a bunaíodh agus a tosaíodh í nó a scoireadh di nó a bunaíodh agus a tosaíodh í agus a scoireadh di, beidh éifeacht ag fo-alt (2) maidir leis an trádáil sin i ndáil leis an gcuid sin den bhliain sin.

[EN]

(5) Ní cuirfidh fo-alt (2) srian le faoiseamh i leith aon chaillteanais nó liúntais chaípitiúil más sna trí bliana roimhe sin a bunaíodh agus a tosaíodh an trádáil, agus, chun críocha an fho-ailt seo, áireofar gur scoireadh de thrádáil, agus gur bunaíodh trádáil nua, in aon teagmhas a bhfuil sé le háireamh faoi aon fhoráil de na hAchtanna Cánach Ioncaim gurb ionann é agus buanscor de thrádáil nó trádáil a bhunú.

[EN]

(6) I gcás na daoine a bhí ag seoladh trádála feirmeoireachta nó garraíodóireachta margaidh athrú aon tráth, beidh feidhm ag an alt seo, d'ainneoin fho-alt (5), maidir le haon duine a bhí ag seoladh na trádála sin díreach roimh an athrú agus díreach dá éis amhail is dá mba í an trádáil chéanna í roimh an athrú agus dá éis gan aon scor, agus amhail is dá mba é an duine céanna duine áirithe agus duine eile a bhfuil baint aige leis. San fho-alt seo déanfar aon cheist faoi bhaint a bheith ag daoine le chéile a chinneadh de réir forálacha alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968.

[EN]

(7) Ní dhéanfar aon chaillteanas lena mbaineann an t-alt seo a chur i gcuntas le linn brabúis nó caillteanais a bheith á ríomh chun críocha alt 53 den Finance Act, 1920.

[EN]

Brabúis feirmeoireachta: srian le liúntais phearsanta.

28.—(1) I gcás talamh feirmeoireachta a bheith áitithe ar feadh aon bhliana measúnachta ag pearsa aonair nach bhfuil, de bhua alt 15 (3), feidhm ag fo-alt (1) den alt seo ina leith agus—

[EN]

(a) gur mó ná £20 luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a bhí áitithe aige, agus

[EN]

(b) gurb inmhuirir i leith cánach é don bhliain mheasúnachta sin i leith ioncaim seachas ioncam ó fheirmeoireacht (dá ngairtear ioncam eile anseo feasta),

[EN]

beidh feidhm ag an alt seo.

[EN]

(2) I aon chás ina mbeidh feidhm ag an alt seo d'aon bhliain mheasúnachta déanfar méid comhiomlán na n-asbhaintí a bheidh le baint as ioncam iomlán na pearsan aonair áirithe don bhliain mheasúnachta sin i leith faoisimh phearsanta a d'éiligh sé a laghdú cibé méid díobh seo a leanas is lú:

[EN]

(a) méid ar cóimhéid le leath méid comhiomlán na n-asbhaintí sin,

[EN]

(b) an méid a gheofar tríd an mbreis atá ag an luacháil inrátaithe ar £20 a iolrú ar ochtó, nó

[EN]

(c) méid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan don bhliain mheasúnachta sin ó fheirmeoireacht talún feirmeoireachta, arna ríomh mar a ríomhfaí iad dá mba bhrabúis nó gnóchain iad ab inmhuirir i leith cánach faoi Chás I de Sceideal D.

[EN]

(3) I gcás ina suífidh an phearsa aonair áirithe gurb é méid na mbrabús nó na ngnóchan iarbhír ó fheirmeoireacht gur mó an cháin is iníoctha aige don bhliain mheasúnachta sin ná an cháin is iomchuí don ioncam eile, déanfar an cháin is iníoctha amhlaidh a laghdú go dtí méid na cánach is iomchuí don ioncam eile.

[EN]

(4) Chun críocha an ailt seo, is é a bheidh sa cháin is iomchuí don ioncam eile an méid sin den cháin ab iníoctha i leith ioncam iomlán na pearsan aonair, i gcás na brabúis nó na gnóchain iarbhír ó fheirmeoireacht a bheith inmhuirir i leith cánach de réir forálacha alt 15 (1), a mbeidh idir é agus an cháin sin an chomhréir chéanna atá idir an t-ioncam eile agus an t-ioncam iomlán sin.

[EN]

(5) (a) I gcás cáin a bheith, de bhua iarratas faoi alt 197 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, inmheasúnaithe agus inmhuirir ar ioncaim fearchéile agus banchéile ionann is nach mbeidís pósta—

[EN]

(i) ní rachaidh méid comhiomlán na bhfaoiseamh pearsanta, a mbeidh an sochar astu le cionroinnt ar an bhfearchéile agus ar an mbanchéile, thar mhéid iomlán na n-asbhaintí i leith na bhfaoiseamh sin a bheidh le lamháil de réir forálacha an ailt seo; agus

[EN]

(ii) le linn an sochar sin a bheith á chionroinnt idir an fearchéile agus an banchéile de réir forálacha alt 193 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a dúradh, cuirfear i gcuntas aon laghdú ar mhéid iomlán na n-asbhaintí sin de bhua forálacha an ailt seo agus déanfar méid an tsochair astu chun an fhearchéile nó chun an bhanchéile i leith gach faoisimh ar leith mar a shonraítear san alt sin 193 a laghdú de réir na comhréire idir méid iomlán na n-asbhaintí i leith faoiseamh pearsanta is inlamhála de bhua an ailt seo agus méid iomlán na liúntas sin ab inlamhála, mura mbeadh forálacha an ailt seo.

[EN]

(b) I gcás inar mó, de réir forálacha fho-alt (3) den alt sin 193, méid an fhaoisimh a chionroinnfear ar an bhfearchéile nó ar an mbanchéile ná an cháin is inmhuirir ar a ioncam nó ar a hioncam, cibé acu é, déanfar aon iarmhéid a ríomhfar chun críche an fho-ailt sin a laghdú méid na cánach ab inmhuirir ar ioncam an fhearchéile nó ar ioncam an bhanchéile, cibé acu é, dá mbeadh aon bhrabbúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht inmhuirir i leith cánach de réir forálacha na Caibidle seo.

[EN]

(6) San alt seo—

[EN]

tá le “faoisimh phearsanta” an bhrí chéanna atá leis in alt 193 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

Caibidil III

Srian le Faoiseamh i leith Úis

[EN]

Srian le cáin ar ús a aisíoc i gcásanna áirithe.

29.—Cuirtear leis seo an t-alt seo a leanas in ionad alt 496 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

[EN]

“496.—(1) Faoi réir forálacha an ailt seo—

[EN]

(a) i gcás ina ndéanfar ús is iníoctha sa Stát ar airleacan ó bhanc a sheolann gnó baincéireachta bona fide sa Stát a íoc leis an mbanc gan cáin a asbhaint as brabúis nó gnóchain a chuirfear faoi mhuirear cánach, beidh an duine a íocfaidh an t-ús i dteideal, ar na fíorais a chruthú, go n-aisíocfar leis cáin ar mhéid an úis,

[EN]

(b) ar chruthú mar é a chur ar fáil déanfar aisíoc mar é i gcás úis is iníoctha sa Stát ar airleacan ó dhuine a dhéanann i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim gnó bona fide a sheoladh mar chomhalta de stocmhargadh sa Stát nó ó aon duine a dhéanann i dtuairim na gCoimisinéirí sin gnó bona fide tí lascaine a sheoladh sa Stát,

[EN]

(c) ar chruthú mar é a chur ar fáil déanfar aisíoc mar é i gcás úis bhliantúil (lena n-áirítear ús lena mbaineann alt 30 (1) nó 50 (2) den Acht Airgeadais, 1974) ar ar muirearaíodh cáin faoi Sceideal D.

[EN]

(2) Maidir le haon ús a íocadh i leith aon tréimhse dar tosach an 10ú lá d'Eanáir, 1974, nó dá éis, ní dhéanfar, d'ainneoin forálacha fho-alt (1), aon aisíoc cánach faoin alt seo—

[EN]

(a) don bhliain mheasúnachta 1973-74, ar an ús os cionn £500, ná

[EN]

(b) don bhliain mheasúnachta 1974-75, ná d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, ar an ús os cionn £2,000:

[EN]

Ar choinníoll nach mbainfidh mír (a) le hús a leagadh amach nó a caitheadh, go hiomlán agus go heisiatach, chun críocha trádála nó gairme, nó gnó eile ar brabúis nó gnóchain is inmhuirir faoi Chás V de Sceideal D an t-ioncam go hiomlán nó go formhór uaidh.

[EN]

(3) I gcás, maidir le hús a íocadh i leith aon tréimhse dar tosach an 10ú lá d'Eanáir, 1974, nó dá éis, ina n-éileoidh duine faoiseamh de bhua breis agus foráil amháin díobh seo a leanas, is é sin le rá, fo-alt (2), alt 76 (1) (c) nó mír 1 (2) de Chuid III de Sceideal 6, ní thabharfar faoiseamh don duine sin i leith na coda (más ann) de mhéid comhiomlán an úis a d'íoc sé is mó ná an méid iomchuí a shonraítear i bhfo-alt (2).

[EN]

(4) Ní bhainfidh forálacha fho-alt (2) le hús ar airgead a fuarthas ar iasacht chun dleachtanna báis a íoc.

[EN]

(5) Ní dhéanfar aon aisíoc cánach faoin alt seo mura deimhin leis na Coimisinéiri Ioncaim gur cuireadh nó go gcuirfear an t-ús iomchuí i gcuntas sa ráiteas chun críocha cánach a sheachaid nó a sheachadfaidh an duine a rinne an t-airleacan ar ar íocadh an t-ús.”.

[EN]

Foráil maidir le cáin a baineadh as íocaíochtaí áirithe úis a rinneadh roimh an Acht seo a rith.

30.—(1) Baineann an t-alt seo le híocaíochtaí úis (seachas ús ar iasacht a urraíodh le nóta gealltanais tráthchoda den sórt dá dtagraítear in alt 50 (2) nó ús lena mbaineann alt 31 (2)) i leith aon tréimhse dar tosach an 10ú lá d'Eanáir, 1974, nó dá éis, a rinneadh roimh an Acht seo a rith agus as ar baineadh cáin faoi alt 433 nó 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

[EN]

(2) Measfar, maidir le híocaíochtaí úis lena mbaineann an t-alt seo, nach as brabúis nó gnóchain a cuireadh faoi mhuirear a rinneadh iad, cibé acu is íocaíochtaí den sórt sin iad nó nach ea, agus bainfidh fo-ailt (2) go (5) d'alt 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, leis na híocaíochtaí sin mar a bhaineann siad le híocaíochtaí a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt sin.

[EN]

Íocaíochtaí úis ag cuideachtaí agus le neamhchónaitheoirí.

31.—(1) San alt seo ciallaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe.

[EN]

(2) I gcás aon ús bliantúil ar ar muirearaíodh cáin faoi Sceideal D a íoc—

[EN]

(a) ag cuideachta ar dhóigh seachas trína íoc i gcáil mhuiníneach nó ionadaíoch le duine ar sa Stát a chónaíonn sé de ghnáth, nó

[EN]

(b) ag aon duine le duine eile ar lasmuigh den Stát a chónaíonn sé de ghnáth,

[EN]

i leith aon tréimhse dar tosach an 10ú lá d'Eanáir, 1974, nó dá éis, déanfaidh an duine a dhéanfaidh nó trína ndéanfar an íocaíocht, le linn an íocaíocht a dhéanamh, suim a bhaint aisti is ionann agus méid na cánach uirthi de réir an ráta chaighdeánaigh a bheidh i bhfeidhm tráth an íocaíocht a dhéanamh agus bainfidh fo-ailt (2) go (5) d'alt 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, leis na híocaíochtaí sin mar a bhaineann siad le híocaíochtaí a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt sin.

[EN]

(3) Faoi réir alt 50 (4), ní bheidh feidhm, maidir le mír (a), ag fo-alt (2) i leith aon úis den sórt seo a leanas—

[EN]

(a) ús ar iasacht a urraítear le nóta gealltanais tráthchoda den sórt dá dtagraítear in alt 50 (2), nó

[EN]

(b) ús a íoctar sa Stát ar airleacan ó bhanc a sheolann gnó baincéireachta bona fide sa Stát, nó

[EN]

(c) ús a íocann banc den sórt sin i ngnáthchúrsa an ghnó sin, nó

[EN]

(d) ús a íocann cuideachta ag a bhfuil údarás ó na Coimisinéirí Ioncaim ús a íoc gan cáin ioncaim a asbhaint, nó

[EN]

(e) ús ar aon urrúis ar thug an tAire Airgeadais ordú ina leith faoi alt 466 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó

[EN]

(f) ús a íoctar gan cáin a asbhaint de bhua alt 221 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

[EN]

Faoiseamh ar iasachtaí idirlinne áirithe.

32.—(1) I gcás duine—

[EN]

(a) do dhiúscairt a aon-áite nó a phríomh-áite cónaí agus é d'fháil áite cónaí eile lena húsáid mar aon-áit nó príomháit chónaí,

[EN]

(b) d'fháil iasacht a n-úsáidfear an fáltas uaithi le costas na fála nó na diúscartha, nó iad araon, a ghlanadh go hiomlán nó go páirteach, agus

[EN]

(c) d'íoc úis ar an iasacht (agus ar aon iasacht ina dhiaidh sin a n-úsáidfear an fáltas uaithi leis an iasacht chéadluaite nó aon iasacht dá éis sin a aisíoc, go hiomlán nó go páirteach, nó le hús a íoc ar aon iasacht den sórt sin) i leith na tréimhse dhá mhí dhéag ón dáta a tugadh an iasacht chéadluaite, beidh sé i dteideal, ar na fíorais a chruthú, go n-aisíocfar cáin leis faoi alt 496 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, arna leasú le halt 29, ar mhéid an úis sin amhail is dá mba nár íoc sé aon ús eile i leith na tréimhse dhá mhí dhéag réamhráite.

[EN]

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) le hiasacht a n-úsáidfear an fáltas uaithi chun críche éigin eile sula n-úsáidfear é chun na críche a shonraítear san fho-alt sin.

[EN]

Faoiseamh do chuideachtaí i leith iasachtaí a caitheadh ag fáil leasa i gcuideachtaí eile.

33.—(1) (a) San alt seo agus in ailt 34 agus 35—

[EN]

tá le “gnáth-scairchaipiteal” an bhrí a shanntar dó le halt 323 den Acht Cánach Ioncaim, 1967;

[EN]

tá le “rialú” an bhrí a shanntar dó le halt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968;

[EN]

ciallaíonn “leas ábhartha”, i ndáil le cuideachta, úinéireacht thairbhiúil nó cumas rialaithe, go díreach nó trí mheán cuideachta bhainteach nó cuideachtaí bainteacha, nó trí aon mheán indíreach eile, ar bhreis agus 5 faoin gcéad de ghnáthscairchaipiteal na cuideachta.

[EN]

(b) Chun críocha an ailt seo agus ailt 34 agus 35, measfar baint a bheith ag cuideachta le cuideachta eile dá measfaí baint a bheith aici léi chun críocha alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968, agus más cuideachta í den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (a).

[EN]

(2) Baineann an t-alt seo le hiasacht do chuideachta (dá ngairtear an chuideachta infheistíochta dá éis seo san alt seo in alt 35 (1)) chun airgead a íoc a caitheadh—

[EN]

(a) ag fáil aon chuid de ghnáth-scairchaipiteal—

[EN]

(i) de chuid cuideachta atá ar bun go hiomlán nó go formhór d'fhonn trádáil nó trádálacha a sheoladh nó de chuid cuideachta ar brabúis nó gnóchain is inmhuirir faoi Chás V de Sceideal D a hioncam go hiomlán nó go formhór, nó

[EN]

(ii) de chuid cuideachta arb é iomlán nó formhór a gnó stoic, scaireanna nó urrúis de chuid cuideachta den sórt dá dtagraítear i bhfomhír (i) a theachtadh, nó

[EN]

(b) ag tabhairt airgid ar iasacht do chuideachta den sórt dá dtagraítear i mír (a) is airgead a úsáidtear go hiomlán agus go heisiatach chun críocha trádála nó gnó na cuideachta nó cuideachta baintí, nó

[EN]

(c) ag aisíoc iasachta eile i gcás ina bhféadfaí faoiseamh a fháil faoin alt seo i leith úis ar an iasacht eile sin dá mbeadh sí gan aisíoc (ar an tuiscint, má bhí an iasacht saor ó ús, go raibh ús uirthi).

[EN]

(3) Tabharfar faoiseamh i leith aon úis a íocfaidh an chuideachta infheistíochta ar an iasacht—

[EN]

(a) más rud é, nuair a íocfar an t-ús, go mbeidh leas ábhartha ag an gcuideachta infheistíochta sa chuideachta nó i gcuideachta bhainteach, agus

[EN]

(b) más rud é, le linn na tréimhse go huile ó fháltas na hiasachta a chur chun feidhme go dtí gur íocadh an t-ús, go raibh stiúrthóir amháin ar a laghad de chuid na cuideachta infheistíochta ina stiúrthóir freisin ar an gcuideachta nó ar chuideachta bhainteach, agus

[EN]

(c) má shuíonn an chuideachta infheistíochta nár ghnóthaigh sí aon chaipiteal sa tréimhse réamhráite ón gcuideachta ná ó chuideachta bhainteach, seachas aon suim a cuireadh i gcuntas faoi alt 35.

[EN]

Faoiseamh do phearsana aonair i leith iasachtaí a caitheadh ag fáil leasa i gcuideachtaí.

34.—(1) Baineann an t-alt seo le hiasacht do phearsa aonair chun airgead a íoc a caitheadh—

[EN]

(a) ag fáil aon chuid de ghnáth-scairchaipiteal—

[EN]

(i) de chuid cuideachta atá ar bun go hiomlán nó go formhór d'fhonn tradáil nó trádálacha a sheoladh nó de chuid cuideachta ar brabúis nó gnóchain is inmhuirir faoi Chás V de Sceideal D a hioncam go hiomlán nó go formhór, nó

[EN]

(ii) de chuid cuideachta arb é iomlán nó formhór a gnó stoic, scaireanna nó urrúis de chuid cuideachta den sórt dá dtagraítear i bhfomhír (i) a theachtadh, nó

[EN]

(b) ag tabhairt airgid ar iasacht do chuideachta den sórt dá dtagraítear i mír (a) is airgead a úsáidtear go hiomlán agus go heisiatach chun críocha trádála nó gnó na cuideachta nó cuideachta baintí, nó

[EN]

(c) ag aisíoc iasachta eile i gcás ina bhféadfaí faoiseamh a fháil faoin alt seo i leith úis ar an iasacht eile sin dá mbeadh sí gan aisíoc (ar an tuiscint, má bhí an iasacht saor ó ús, go raibh ús uirthi).

[EN]

(2) Tabharfar faoiseamh i leith aon úis a íocfaidh an phearsa aonair ar an iasacht—

[EN]

(a) más rud é, nuair a íocfar an t-ús, go mbeidh leas ábhartha aige sa chuideachta nó i gcuideachta bhainteach,

[EN]

(b) más rud é, i gcaitheamh na tréimhse go léir ó caitheadh fáltas na hiasachta go dtí gur íocadh an t-ús, gur oibrigh sé bunús a chuid ama ag bainistí nó ag rialú gnó na cuideachta nó gnó cuideachta baintí go hiarbhír, agus

[EN]

(c) má shuíonn sé nár ghnóthaigh sé aon chaipiteal sa tréimhse réamhráite ón gcuideachta ná ó chuideachta bhainteach. seachas aon suim a cuireadh i gcuntas faoi alt 35.

[EN]

Rialacha maidir le haisghabháil caipitil.

35.—(1) Má tharlaíonn aon tráth tar éis fáltas ó iasacht lena mbaineann alt 33 nó 34 a chaitheamh go mbeidh aon mhéid caipitil aisghafa ón gcuideachta lena mbainfidh nó ó chuideachta bhainteach ag an gcuideachta infheistíochta nó ag an bpearsa aonair (dá ngairtear an t-iasachtaí dá éis seo san alt seo) gan an méid sin a úsáid ag aisíoc na hiasachta, déileálfar leis an iasachtaí chun críocha an ailt seo ionann is dá mbeadh an méid sin aisíoctha aige as an iasacht an tráth sin, agus sa dóigh go n-asbhainfear as an ús a bheadh, mura mbeadh sin, infhaoisimh agus iníoctha i leith aon tréimhse tar éis an trátha sin méid is ionann agus an t-ús ar an méid caipitil a aisghabhadh amhlaidh. Má tharlaíonn nach gcomhlíonann ach cuid d'iasacht den sórt sin na coinníollacha atá in alt 33 nó 34 le go mbeadh faoiseamh le fáil i leith úis ar an gcuid sin, is as ús ar an gcuid sin amháin a dhéanfar an asbhaint a dhéanfar faoin bhfo-alt seo.

[EN]

(2) Measfar méid áirithe caipitil a bheith aisghafa ag an iasachtaí ó chuideachta nó ó chuideachta bhainteach—

[EN]

(a) má fhaigheann an t-iasachtaí a chóiméid nó a chomhluach sin de chomaoin as aon chuid de ghnáth-scairchaipiteal na cuideachta nó cuideachta baintí a dhíol nó a chóimhéid nó a chomhluach sin de chomaoin ar mhodh aon chuid den ghnáth-scairchaipiteal sin a aisíoc, nó

[EN]

(b) má aisíocann an chuideachta nó cuideachta bhainteach an méid sin d'iasacht nó d'airleacan uaidh, nó

[EN]

(c) má fhaigheann an t-iasachtaí a chóimhéid nó a chomhluach sin de chomaoin as aon fhiach a bheidh dlite dó ón gcuideachta nó ó chuideachta bhainteach a shannadh.

[EN]

I gcás díol nó sannadh ar mhodh seachas margadh arna dhéanamh ar neamh-thuilleamaí, measfar gur i gcomaoin a chóimhéid de luach margaidh an rud a diúscraíodh a rinneadh an díol nó an sannadh.

[EN]

(3) Bainfidh ailt 33 (3) agus 34 (2) agus fo-ailt (1) agus (2) le hiasacht faoi réim alt 33 (2) (c) nó 34 (1) (c) amhail is dá mba aon iasacht amháin an iasacht sin agus aon iasacht eile arb iasacht ina hionad í, agus—

[EN]

(a) amhail is dá mba thagairtí do chaitheamh fáltas na hiasachta bunaidh na tagairtí do chaitheamh fáltas na hiasachta, agus

[EN]

(b) amhail is dá mbeadh aon srian faoi fho-alt (1) a bhain le haon iasacht a bhfuil iasacht curtha ina hionad ina shrian freisin leis an iasacht atá ina hionad.

[EN]

(4) Ní bhainfidh ailt 33 (2) ná 34 (1) le hiasacht murab i ndáil le caitheamh an airgid agus ar ócáid a chaite nó laistigh d'am is am réasúnach de réir imthosca an cháis ó thráth an airgid a chaitheamh a thabharfar í, agus ní bhainfidh na fo-ailt sin le hiasacht a gcaithfear an fáltas uaithi chun críche éigin eile sula gcaithfear é mar a thuairiscítear sna fo-ailt sin.

[EN]

(5) Déanfar ús atá infhaoisimh faoi ailt 33 agus 34 a bhaint as ioncam an iasachtaí don bhliain mheasúnachta ina n-íocfar an t-ús nó a fhritháireamh in aghaidh an ioncaim sin, agus déanfar cáin a urscaoileadh nó a aisíoc dá réir sin agus ní bheidh an t-ús sin infhaoisimh faoi aon fhoráil de na hAchtanna Cánach Ioncaim ar leith ó na hailt sin.

[EN]

Faoiseamh do phearsana aonair leith iasachtaí a i caitheadh ag fáil leasa i gcomhpháirtíocht.

36.—(1) Baineann an t-alt seo le hiasacht do phearsa aonair chun airgead a íoc a caitheadh—

[EN]

(a) ag ceannach scaire i gcomhpháirtíocht, nó

[EN]

(b) ag ranníoc airgid le comhpháirtíocht i modh caipitil nó préimhe, nó ag airleacan airgid chun na comhpháirtíochta i gcás ina ndéanfar an t-airgead a ranníocfar nó a airleacfar a úsáid go hiomlán agus go heisiatach chun críocha na trádála nó na gairme a sheolann an chomhpháirtíocht, nó

[EN]

(c) ag aisíoc iasachta eile i gcás ina bhféadfaí faoiseamh a fháil faoin alt seo i leith úis ar an iasacht eile sin dá mbeadh sí gan aisíoc (ar an tuiscint, má bhí an iasacht saor ó ús, go raibh ús uirthi).

[EN]

(2) Tabharfar faoiseamh i leith aon úis a d'íoc an phearsa aonair ar an iasacht—

[EN]

(a) más rud é i gcaitheamh na tréimhse go léir ó caitheadh fáltas na hiasachta go dtí gur íocadh an t-ús gur ghníomhaigh sé féin ag seoladh na trádála nó na gairme a bhí ar siúl ag an gcomhpháirtíocht mar chomhpháirtí sa chomhpháirtíocht sin, agus

[EN]

(b) má shuíonn sé nár ghnóthaigh sé aon chaipiteal ón gcomhpháirtíocht sa tréimhse sin, seachas aon suim a cuireadh i gcuntas faoin gcéad fho-alt eile dá éis seo.

[EN]

(3) Má tharlaíonn aon tráth tar éis fáltas na hiasachta a chaitheamh go mbeidh aon mhéid caipitil aisghafa ag an bpearsa aonair ón gcomhpháirtíocht gan an méid sin a úsáid ag aisíoc na hiasachta déileálfar leis chun críocha an ailt seo amhail is dá mbeadh an méid sin aisíoctha aige as an iasacht an tráth sin, agus sa dóigh go n-asbhainfear as an ús a bheadh, mura mbeadh sin, infhaoisimh agus iníoctha i leith aon tréimhse tar éis an trátha sin, méid is ionann agus an t-ús ar an méid caipitil a aisghabhadh amhlaidh. Má tharlaíonn nach gcomhlíonann ach cuid d'iasacht den sórt sin na coinníollacha atá san alt seo, le go mbeadh faoiseamh le fáil i leith úis ar an gcuid sin, is as ús ar an gcuid sin amháin a dhéanfar an asbhaint a dhéanfar faoin bhfo-alt seo.

[EN]

(4) Measfar méid áirithe caipitil a bheith aisghafa ag an bpearsa aonair ón gcomhpháirtíocht—

[EN]

(a) má fhaigheann sé a chóimhéid nó a chomhluach sin de chomaoin as aon chuid dá leas sa chomhpháirtíocht a dhíol, nó

[EN]

(b) má dhéanann an chomhpháirtíocht aon mhéid caipitil a thabhairt air ais dó nó aon mhéid a d'airlic sé a aisíoc leis, nó

[EN]

(c) má fhaigheann sé a chóimhéid nó a chomhluach sin de chomaoin as aon fhiach a bheidh dlite dó ón gcomhpháirtíocht a shannadh.

[EN]

I gcás díol nó sannadh ar mhodh seachas margadh arna dhéanamh ar neamh-thuilleamaí, measfar gur i gcomaoin a chóimhéid de luach margaidh an rud a diúscraíodh a rinneadh an díol nó an sannadh.

[EN]

(5) Bainfidh fo-ailt (2), (3) agus (4) le hiasacht faoi réim fho-alt (1) (c) amhail is dá mba aon iasacht amháin an iasacht sin agus aon iasacht eile arb iasacht ina hionad í, agus

[EN]

(a) amhail is dá mba thagairtí do chaitheamh fáltas na hiasachta bunaidh na tagairtí do chaitheamh fáltas na hiasachta, agus

[EN]

(b) amhail is dá mbeadh aon srian faoi fho-alt (3) a bhain le haon iasacht a bhfuil iasacht curtha ina hionad ina shrian freisin leis an iasacht atá ina hionad.

[EN]

(6) Ní bhainfidh fo-alt (1) le hiasacht murab i ndáil le caitheamh an airgid agus ar ócáid a chaite, nó laistigh d'am is am réasúnach de réir imthosca an cháis ó thráth an airgid a chaitheamh, a thabharfar í, agus ní bhainfidh an fo-alt sin le hiasacht a gcaithfear an fáltas uaithi chun críche éigin eile sula gcaithfear é mar a thuairiscítear san fho-alt sin.

[EN]

(7) Déanfar ús atá infhaoisimh faoin alt seo a bhaint as ioncam na pearsan aonair don bhliain mheasúnachta ina n-íocfar an t-ús nó a fhritháireamh in aghaidh an ioncaim sin, agus déanfar cáin a urscaoilcadh nó a aisíoc dá réir sin, agus ní bheidh an t-ús sin infhaoisimh faoi aon fhoráil de na hAchtanna Cánach Ioncaim ar leith ón alt seo.

[EN]

Ús ar airgead a fhaightear ar iasacht le cur in ionad caipiteal a tarraingíodh as gnó in imthosca áirithe.

37.—I gcás duine d'fháil airgid ar iasacht aon tráth tar éis an 10ú lá d'Eanáir, 1974, le cur, go hiomlán nó go páirteach, in ionad caipitil d'aon ghné a bhí á úsáid roimhe sin in aon trádáil, gairm nó gnó eile a bhí á sheoladh aige, agus a muirearaítear cáin faoi Sceideal D i leith na mbrabús nó na ngnóchan as, agus ar caipiteal é a ndearnadh, tar éis an 10ú lá d'Eanáir, 1974, ach laistigh de na cúig bliana roimh an dáta a cuireadh airgead in ionad caipitil amhlaidh, é a tharraingt siar ón úsáid sin lena úsáid ar shlí seachas i ndáil le trádáil, gairm nó gnó eile a sheolann sé, ní áireofar ús ar an airgead sin a fuarthas ar iasacht amhlaidh mar ús a leagadh amach nó a caitheadh go hiomlán agus go heisiatach chun críocha trádála, gairme nó gnó eile.

[EN]

Comhiomlánú an úis a bheidh íoctha ag daoine bainteacha.

38.—(1) Maidir le daoine bainteacha, is tuigthe gurb é atá sna tagairtí in alt 496 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus in ailt 44 agus 52 do £500 agus do £2,000 tagairtí, i gcás gach duine den sórt sin, don chomhréir de £500 nó de £2,000, de réir mar a bheidh, atá idir an t-ús a d'íoc an duine sin agus comhiomlán an úis a d'íoc na daoine bainteacha go léir.

[EN]

(2) Chun críocha an ailt seo tá baint ag duine le pearsa aonair más é fearchéile nó más í banchéile na pearsan aonair an duine sin agus measfar baint a bheith ag cuideachta le pearsa aonair nó le cuideachta eile dá measfaí sin fúithi chun críocha alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968.

[EN]

Socruithe chun ús lúide cáin nó glanmhéid socair a íoc.

39.—(1) Dearbhaítear leis seo maidir le haon fhoráil a rinneadh roimh an Acht seo a rith nó dá éis, cibé acu ó bhéal nó i scríbhinn a rinneadh í, chun go n-íocfar ús “lúide cáin” nó inar úsáideadh focail sa chéill sin, go ndéanfar an fhoráil sin a fhorléiriú, maidir le hús is iníoctha gan asbhaint cánach, amhail is dá mbeadh na focail “lúide cáin”, nó na focail a gcomhchiall, gan bheith inti.

[EN]

(2) Maidir le hús arb inmhuirir cáin faoi Sceideal D ar an bhfaighteoir ina leith agus is ús is iníoctha gan cáin a asbhaint, déanfar aon fhoráil, a rinneadh roimh an Acht seo a rith nó dá éis, cibé acu ó bhéal nó i scríbhinn a rinneadh í agus cibé focail a bheidh inti, chun go n-íocfar ús de réir cibé ráta (dá ngairtear an “ráta comhiomlán” dá éis seo san fho-alt seo) a bheidh, tar éis cáin de réir an ráta caighdeánach cánach a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire a asbhaint, comhionann le ráta sonraithe, a fhorléiriú amhail is dá mba fhoráil í a cheanglaíonn ús de réir an ráta chomhiomláin a íoc.

[EN]

Ús a lamháil mar chaiteachas gnó.

40.—(1) Nuair a bheidh ríomh á dhéanamh chun críocha cánach don bhliain 1974-75 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin ar bhrabúis nó gnóchain ó thrádáil nó gairm i mbonn-tréimhse a bhí go hiomlán nó go páirteach roimh an 10ú lá d'Eanáir, 1974, féadfar, faoi réir alt 61 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

[EN]

(a) méid comhiomlán aon úis bhliantúil a íocadh faoi asbhaint cánach roimh an 10ú lá d'Eanáir, 1974, a asbhaint i leith tréimhse a chríochnaigh roimh an dáta sin, agus

[EN]

(b) méid aon úis a íocadh le banc nó le duine a bhí ag seoladh gnó mar chomhalta de stocmhargadh nó de theach lascaine agus ar lamháladh faoiseamh ina leith faoi alt 496 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a asbhaint don bhliain mheasúnachta inar íocadh an t-ús.

[EN]

(2) San alt seo ciallaíonn “bonn-tréimhse” i ndáil le haon bhliain mheasúnachta an tréimhse ar cuireadh na brabúis nó na gnóchain di i gcuntas le linn cáin a mhuirearú faoi Chás I nó faoi Chás II de Sceideal D ar bhrabúis nó gnóchain na trádála nó na gairme don bhliain mheasúnachta sin.

[EN]

(3) Dearbhaítear leis seo nach dtabharfar, faoi réir fho-alt (1), faoiseamh i leith aon íocaíocht úis faoin alt sin 496 agus le linn brabúis nó gnóchain trádála nó gairme a bheith á ríomh.

[EN]

Seachaint cánach: idirbhearta i ndáil le hiasachtaí nó le creidmheas.

41.—(1) Tá feidhm ag an alt seo maidir le haon idirbheart i ndáil le airgead a thabhairt ar iasacht nó creidmheas a thabhairt, nó athrú a dhéanamh ar na téarmaí ar a dtugtar airgead ar iasacht nó ar a dtugtar creidmheas, nó le gur féidir nó gur fusa aon chomhshocraíocht den sórt sin a dhéanamh maidir le airgead a thabhairt ar iasacht nó creidmheas a thabhairt.

[EN]

Tá éifeacht ag an bhfo-alt seo cibé acu is idirbheart idir an t-iasachtóir nó an creidiúnaí agus an t-iasachtaí nó an féichiúnaí an t-idirbheart, nó idirbheart idir ceachtar acu agus duine a bhfuil baint aige leis an duine eile nó idir duine a bhfuil baint aige le duine acu agus duine a bhfuil baint aige leis an duine eile.

[EN]

(2) Má fhorálann an t-idirbheart go n-íocfar aon bhlianacht nó aon íocaíocht bhliaintúil eile, nach ús, agus ar íocaíocht í is inmhuirir i leith cánach faoi Sceideal D, déileálfar leis an íocaíocht chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim agus na n-achtachán a bhaineann le cáin bhrabús corparáide ionann is dá mba íocaíocht úis bhliantúil í.

[EN]

(3) Más idirbheart é trína n-aontaíonn úinéir aon urrús nó maoine eile lena ngabhann ceart ioncaim an mhaoin a dhíol nó a aistriú, agus má tharlaíonn, faoin gcomhaontú céanna nó faoi aon chomhaontú comhthaobhach—

[EN]

(a) go n-aontóidh an ceannaitheoir nó an t-aistrí, nó duine a bhfuil baint aige leis, go ndíolfaidh sé ar dháta níos déanaí an mhaoin sin nó aon mhaoin eile leis an duine chéadluaite, nó le duine a bhfuil baint aige leis, nó go n-aistreoidh sé chuige í, nó

[EN]

(b) go bhfaighidh an duine chéadluaithe, nó duine a bhfuil baint aige leis, rogha, a fheidhmeoidh sé dá éis sin, an mhaoin chéanna nó aon mhaoin eile a cheannach nó a fháil ón gceannaitheoir nó ón aistrí sin nó ó dhuine a bhfuil baint aige leis,

[EN]

ansin, gan dochar do dhliteanas aon duine eile, beidh an duine chéadluaite inmhuirir i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D ar shuim is ionann agus aon ioncam as an maoin chéadluaite aon tráth roimh aisíoc na hiasachta nó foirceannadh an chreidmheasa.

[EN]

(4) Má tharlaíonn faoin idirbheart go sannfaidh nó go ngéillfidh duine ioncam as aon mhaoin, nó má chomhaontaíonn sé ar dhóigh eile an t-ioncam sin a tharscaoileadh nó a sheachligean (gan an mhaoin a dhíol ná a aistriú), ansin, gan dochar do dhliteanas aon duine eile, beidh sé inmhuirir i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D ar shuim is ionann agus méid an ioncaim a sannadh, a géilleadh, a tarscaoileadh nó a seachligeadh.

[EN]

(5) Má thugtar creidmheas i leith praghas ceannaigh aon mhaoine, agus gurb amhlaidh do na cearta a ghabhann leis an maoin go mbeidh cearta an cheannaitheora chun ioncaim ón maoin ar fionraí nó srianta le linn ré an fhéich, déileálfar leis an duine sin chun críocha fho-alt (4) amhail is dá mba gur ghéill sé ceart chun ioncaim ar cóimhéid leis an ioncam a sheachlig sé iarbhír tríd an gcreidmheas a fháil.

[EN]

(6) Chun críocha fho-alt (4) is é méid aon ioncaim is iníoctha faoi réir cáin a asbhaint de réir an ráta chaighdeánaigh méid an ioncaim sin roimh an gcáin sin a asbhaint.

[EN]

(7) Déanfar tagairtí san alt seo do dhaoine bainteacha a fhorléiriú de réir alt 16 (2) den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968.

[EN]

Leasú ar alt 61 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

42.—(1) Leasaítear leis seo alt 61 (l) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, trí “aon ús bliantúil, nó” a scriosadh agus trí “(seachas ús)” a chur isteach i ndiaidh “nó aon íocaíocht bhliantúil eile” agus tá an t-alt sin 61 (l), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag an alt seo i leith na bliana 1974-75 agus i leith blianta measúnachta dá éis sin maidir le haon íocaíocht úis bhliantúil cibé uair a dhéanfar í agus i leith na bliana 1973-74 maidir le haon íocaíocht úis bhliantúil i leith aon tréimhse dar tosach an 10ú lá d'Eanáir, 1974, nó dá éis.

AN TABLA

(l) aon bhlianacht, nó aon íocaíocht bhliantúil eile (seachas ús) is iníoctha as na brabúis nó na gnóchain:

[EN]

Leasú ar alt 75 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

43.—Leasaítear leis seo alt 75 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, trí na fo-ailt seo a leanas a chur leis—

[EN]

“(3) I gcás ús ar fhiach is iníoctha faoi réir cáin a asbhaint do scor aon tráth de bheith iníoctha amhlaidh measfar é do theacht ó bhunadh ar leithligh a fuair an creidiúnaí an tráth sin agus ní bhainfidh fo-alt (1) leis an ús sin.

[EN]

(4) I gcás ús ar fhiach is iníoctha go hiomlán do thosú aon tráth ar bheith iníoctha faoi réir cáin a asbhaint measfar é do theacht ó bhunadh ar leithligh ar scoir an creidiúnaí dá shealbhú an tráth sin agus ní bhainfidh fo-alt (1) leis an ús sin.”.

[EN]

Leasú ar alt 76 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

44.—I dtaca le hús bliantúil i leith aon tréimhse dar tosach an 10ú lá d'Eanáir, 1974, nó dá éis, ní bheidh feidhm ag alt 76 (1) (c) den Acht Cánach Ioncaim, 1967

[EN]

(a) don bhliain mheasúnachta 1973-74 maidir leis an ús de bhreis ar £500, ná

[EN]

(b) don bhliain mheasúnachta 1974-75, ná d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, maidir leis an ús de bhreis ar £2,000.

[EN]

Leasú ar alt 77 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

45.—Leasaítear leis seo alt 77 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, trí “fho-alt (2) nó (4)” a chur in ionad “fho-alt (2)” agus tá an t-alt sin 77 (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(3) Más rud é, in aon bhliain mheasúnachta, go scoirfidh duine ar bith a muirearaíodh nó is inmhuirir i leith ioncaim nó brabús faoi Chás III de Sceideal D, d'iomlán an bhunaidh aonair ioncaim nó brabús sin a shealbhú mar a luaitear in alt 75 (1) nó aon bhunadh acu sin a n-ordaítear an t-ioncam uaidh a ríomh ar leithligh faoi fho-alt (2) nó (4) den alt sin, beidh feidhm sa chás sin ag alt 58 (5), faoi réir na modhnuithe is gá, ionann agus dá mba éard é scor den bhunadh nó de na bunaidh aonair sin a shealbhú scor de thrádáil.

[EN]

Feidhm alt 81 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, maidir le hioncam áirithe a éireoidh lasmuigh den Stát.

46.—D'ainneoin na bhforálacha sin roimhe seo den Chaibidil seo, measfar maidir le hioncam a éireoidh lasmuigh den Stát agus a bheadh, dá mba sa Stát a d'éirigh sé, inmhuirir faoi Chás V de Sceideal D, gur ioncam é lena mbaineann forálacha alt 81 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a mhéid a bhaineann siad le hasbhaintí a bheidh le déanamh faoi threoir fho-alt (5) (e) den alt sin.

[EN]

Leasú ar alt 219 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

47.—Leasaítear leis seo alt 219 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):

[EN]

“(1) Dearbhaítear leis seo go mbeidh, nuair a bheidh brabúis nó gnóchain cumainn á ríomh chun críocha Chás I de Sceideal D, suimeanna ar bith le hasbhaint mar chostais, ar suimeanna iad—

[EN]

(a) in ionannas le lascaine, lacáiste, díbhinn nó bónas a dheonaigh an cumann do chomhaltaí dá chuid nó do dhaoine eile i leith méideanna a íocadh nó is iníoctha acu nó leo i dtaobh a n-idirbhearta leis an gcumann arb idirbhearta iad a chuirfear i gcuntas sa ríomh sin, agus a ríomhfar faoi threoir na méideanna sin nó ollmhéid na n-idirbhearta sin agus ní faoi threoir méid aon scaire nó leasa i gcaipiteal an chumainn;

[EN]

(b) is scair-ús nó ús iasachta a d'íoc an chuideachta, is é sin, ús a leagadh amach nó a caitheadh go hiomlán agus go heisiatach chun críocha na trádála.”.

[EN]

Beidh feidhm ag mír (b) i leith na bliana 1974-75 agus blianta measúnachta dá éis sin maidir le haon íocaíocht úis bhliantúil cibé uair a dhéanfar í agus i leith na bliana 1973-74 maidir le haon íocaíocht úis bhliantúil i leith aon tréimhse dar tosach an 10ú lá d'Eanáir, 1974, nó dá éis.

[EN]

Leasú ar alt 221 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

48.—Leasaítear leis seo alt 221 (2) den Acht Cánach Ioncaim, 1967

[EN]

(a) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur isteach i ndiaidh na chéad fhomhíre de mhír (c):

[EN]

“Ar choinníoll i gcás nach mbaineann alt 220 leis nach ndéanfar aon asbhaint maidir le hús i leith aon tréimhse dar tosach an 10ú lá d'Eanáir, 1974, nó dá éis—

[EN]

(a) don bhliain mheasúnachta 1973-74, ar an ús de bhreis ar £500, ná

[EN]

(b) don bhliain mheasúnachta 1974-75, ná d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, ar an ús de bhreis ar £2,000.”,

[EN]

(b) tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (e):

[EN]

“Ar choinníoll maidir le hús i leith aon tréimhse dar tosach an 10ú lá d'Eanáir, 1974, nó dá éis, nach rachaidh comhiomlán na gcionúireachtaí iomchuí den ús sin—

[EN]

(a) thar shuim £500 don bhliain mheasúnachta 1973-74, ná

[EN]

(b) thar shuim £2,000 don bhliain mheasúnachta 1974-75, ná d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin.”, agus

[EN]

(c) trí “nó mar asbhaint arna údarú faoi alt 81 (5) (e).” a chur le mír (g),

[EN]

agus tá na míreanna sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(2) (c) Má tharlaíonn, aon bhliain mheasúnachta, go mbeidh cumann tar éis scair-ús nó ús iasachta (seachas ús iasachta a mbeidh éileamh déanta ina leith mar a luaitear i mír (a)) gan cáin a asbhaint de réir fho-alt (1), féadfaidh sé a éileamh, i gcás ina mbeidh feidhm ag alt 220, go ndéanfar an chionúireacht iomchuí den mhéid iomlán a íocadh amhlaidh, nó, in aon chás eile, an méid iomlán a íocadh amhlaidh, a bhaint as a ioncam iomlán don bhliain sin agus, i gcás ina ndéanfar éileamh den sórt sin, tabharfar aon fhaoiseamh iomchuí ó cháin trí aisíoc nó ar shlí eile.

[EN]

Ar choinníoll i gcás nach mbaineann alt 220 leis nach ndéanfar aon asbhaint maidir le hús i leith aon tréimhse dar tosach an 10ú lá d'Eanáir, 1974, nó dá éis—

[EN]

(a) don bhliain mheasúnachta 1973-74, ar an ús de bhreis ar £500, nó

[EN]

(b) don bhliain mheasúnachta 1974-75, ná d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, ar an ús de bhreis ar £2,000.

[EN]

Beidh feidhm ag alt 307 (5) (6), maidir le héileamh faoin mír seo mar atá feidhm ag na fo-ailt sin maidir le héileamh faoi alt 307, ach amháin nach gá foirm fhorordaithe a úsáid.

[EN]

(2) (e) San fho-alt seo ciallaíonn “an chionúireacht iomchuí” d'aon mhéid úis nó íocaíochta bliantúla a d'íoc cumann bliain mheasúnachta an chuid den mhéid sin a mbeidh idir í agus an t-iomlán an chomhréir chéanna a bheidh idir ioncam iomlán an chumainn don bhliain sin agus an méid ab ionann, mura mbeadh alt 220, agus méid ioncaim iomláin an chumainn don bhliain sin.

[EN]

Ar choinníoll maidir le hús i leith aon tréimhse dar tosach an 10ú lá d'Eanáir, 1974, nó dá éis, nach rachaidh comhiomlán na gcionúireachtaí iomchuí den ús sin—

[EN]

(a) thar shuim £500 don bhliain mheasúnachta 1973-74, ná

[EN]

(b) thar shuim £2,000 don bhliain mheasúnachta 1974-75, ná d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin.

[EN]

(2) (g) Aon tagairt sna forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo d'ús iasachta nó d'ús eile ní fholaíonn sí tagairt d'ús is inlamhála mar asbhaint agus ríomh á dhéanamh ar bhrabúis nó gnóchain thrádála a bhí á sheoladh ag an gcumann sin nó mar asbhaint arna údarú faoi alt 81 (5) (e).

[EN]

Leasú ar ailt 231, 232 agus 233 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

49.—(1) Leasaítear leis seo ailt 231 (4) (a), 232 (2) agus 233 (2) (a) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, trí “íocaíocht bhliantúil” a chur in ionad “íocaíocht úis” in ailt 231 (4) (a) agus 232 (2) agus trí “íocaíocht bhliantúil é” a chur in ionad “íoc é ar ús” in alt 233 (2) (a) agus tá na hailt sin 231 (4) (a), 232 (2) agus 233 (2) (a), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

[EN]

(2) Measfar gur tháinig an t-alt seo i bhfeidhm agus glacfaidh sé éifeacht amhail ar an 6ú lá d'Aibreán, 1973, agus dá éis.

AN TABLA

(4) (a) Bainfidh alt 434 le haon íocaíocht i leith, nó ar chuntas, na breise amhail is dá mba éard í an íocaíocht sin íocaíocht bhliantúil ar ar muirearaíodh cáin faoi Sceideal D nach iníoctha as brabúis nó gnóchain a tugadh faoi mhuirear cánach, agus déanfaidh an duine a dhéanfaidh nó trína ndéanfar an íocaíocht cáin a asbhaint, agus beidh cáin inghnóthaithe uaidh, dá réir sin.

[EN]

(2) I gcás ina ndéanfar, faoi scéim sochair scoir a mbeidh feidhm ag an alt seo maidir léi, aon sochar a sholáthar, ar shlí seachas trí bhlianacht nó pinsean neamhiomalartaithe, ar stiúr thóir nó fostaí d'fháil bháis le linn a sheirbhíse agus go mbeidh breis ag luach iomlán na sochar uile a sholáthrófar amhlaidh faoin scéim sin agus faoi na scéimeanna eile uile a bheidh díolmhaithe ó oibriú alt 227, agus a bheidh ann i ndáil leis an gcomhlacht corpraithe, ar an tsuim a chomhlíonfadh an coinníoll a shonraítear in alt 229 (1) (i), bainfidh alt 434 le haon íocaíocht i leith, nó ar chuntas, na breise sin amhail is dá mba éard í an íocaíocht íocaíocht bhliantúil ar ar muirearaíodh cáin faoi Sceideal D nach iníoctha as brabúis nó gnóchain a tugadh faoi mhuirear cánach, agus déanfaidh an duine a dhéanfaidh nó trína ndéanfar an íocaíocht cáin a asbhaint, agus beidh cáin inghnóthaithe uaidh, dá réir sin.

[EN]

(2) I gcás ina ndéanfar aon ranníocaí a rinne stiúrthóir nó fostaí faoi scéim is scéim cheadaithe de réir bhrí fho-alt (1) a aisíoc leis i rith a shaoil—

[EN]

(a) beidh feidhm ag alt 434 maidir le méid na ranníoc a aisíocfar ionann agus dá mba íocaíocht bhliantúil é a tugadh faoi mhuirear cánach faoi Sceideal D nárbh iníoctha as brabúis nó gnóchain ar ar muirearaíodh cáin, agus déanfaidh an duine a dhéanfaidh nó trína ndéanfar an t-aisíoc cáin a asbhaint, agus beidh cáin inghnóthaithe uaidh, dá réir sin.

[EN]

Srian le hailt 433 agus 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

50.—(1) Faoi réir forálacha fho-alt (2) agus ailt 30 agus 31, ní bhainfidh ailt 433 agus 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a mhéid a bhaineann siad le hús airgid, le haon ús den sórt sin i leith aon tréimhse dar tosach an 10ú lá d'Eanáir, 1974, nó dá éis.

[EN]

(2) Ní bhainfidh fo-alt (1) le hús ar aon iasacht a urraíodh le nóta gealltanais tráthchoda a síníodh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, agus ar gheall an t-iasachtaí faoina théarmaí íocaíochtaí tréimhsiúla a dhéanamh ina mbeadh suim in ionannas úis tar éis cáin ioncaim a bhaint as de réir an ráta a bhí i bhfeidhm de thuras na huaire.

[EN]

(3) I bhfo-alt (2) ciallaíonn “ús”—

[EN]

(a) i gcás iasacht a bhforálann a téarmaí go n-íocfar ús “lúide cáin”, nó ina n-úsáidtear focail sa chéill sin, an t-ús ab iníoctha dá mbeadh na focail “lúide cáin” nó focail a gcomhchiall gan bheith iontu, agus

[EN]

(b) i gcás iasacht a bhforálann a téarmaí go n-íocfar ús de réir cibé ráta (dá ngairtear an ráta comhiomlán dá éis seo) a bheidh, tar éis cáin de réir an ráta a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire a asbhaint, comhionann le ráta sonraithe, ús de réir an ráta chomhiomláin.

[EN]

(4) Measfar, maidir le híocaíochtaí aon úis dá dtagraítear i bhfo-alt (2) i leith aon tréimhse dar tosach an 10ú lá d'Eanáir, 1974, nó dá éis, gurb íocaíochtaí iad nach as brabúis nó gnóchain a tugadh faoi mhuirear a rinneadh iad, cibé acu is íocaíochtaí den sórt sin iad nó nach ea, agus bainfidh fo-ailt (2) go (5) d'alt 434 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, leis na híocaíochtaí sin mar a bhaineann siad le híocaíochtaí a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt sin.

[EN]

Leasú ar alt 535 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

51.—(1) Leasaítear leis seo alt 535 (1) (b) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, trí “leasa bhliantúla” a scriosadh agus trí “(seachas ús)” a chur isteach i ndiaidh “íocaíochta bliantúla eile” agus tá an t-alt sin 535 (1) (b), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag an alt seo i leith na bliana 1974-75 agus blianta measúnachta dá éis sin maidir le haon íocaíocht úis bhliantúil cibé uair a dhéanfar í agus i leith na bliana 1973-74 maidir le haon íocaíocht úis bhliantúil i leith aon tréimhse dar tosach an 10ú lá d'Eanáir, 1974, nó dá éis.

AN TABLA

(1) (b) ní dhéanfar aon asbhaint ar chuntas aon bhlianachta nó íocaíochta bliantúla eile (seachas ús) a bheidh le híoc as na brabúis nó na gnóchain sin in oirchill go lamhálfar cuid chomhréire den cháin a asbhaint le linn aon íocaíocht den sórt sin a dhéanamh.

[EN]

Srian le Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967.

52.—I dtaca le hús bliantúil i leith aon tréimhse dar tosach an 10ú lá d'Eanáir, 1974, nó dá éis, ní bheidh feidhm ag mír 1 (2) de Chuid III de Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967

[EN]

(a) don bhliain mheasúnachta 1973-74, maidir leis an ús de bhreis ar £500, ná

[EN]

(b) don bhliain mheasúnachta 1974-75, ná d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, maidir leis an ús de bhreis ar £2,000.

[EN]

Feidhm maidir le cáin bhrabús corparáide.

53.—(1) Beidh feidhm chun críocha cánach brabús corparáide ag na forálacha sin roimhe seo den Chaibidil seo, fara aon mhodhnuithe is gá.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 53 (2) den Finance Act, 1920, tríd an mír seo a leanas a chur leis an gcoinníoll:

[EN]

“(l) subject to section 53 (1) of the Finance Act, 1974, any deduction allowed in respect of interest paid in respect of any period beginning on or after the 10th day of January, 1974, not being interest wholly and exclusively laid out or expended for the purposes of a trade or profession, or other business the income from which consists wholly or mainly of profits or gains chargeable under Case V of Schedule D, shall not exceed an amount calculated at the rate of £2,000 per annum.”.

Caibidil IV

Frithsheachaint

[EN]

Muirearú cánach i leith díbhinní áirithe a fhaigheann stiúrthóirí agus fostaithe.

54.—(1) San alt seo—

[EN]

tá le “stiúrthóir” an bhrí chéanna atá leis in alt 119 den Acht Cánach Ioncaim, 1967;

[EN]

tá le “díolaíochtaí” an bhrí chéanna atá leis in alt 111 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967;

[EN]

ciallaíonn “fostaí” duine atá fostaithe ag aon chomhlacht daoine;

[EN]

ciallaíonn “cuideachta cháinfhaoisimh” comhlacht corpraithe a d'éiligh agus atá i dteideal faoiseamh a fháil ó cháin faoi Chuid XXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

[EN]

(2) Measfar, chun críocha an ailt seo, baint a bheith ag duine nó comhlacht corpraithe le cuideachta cháinfhaoisimh dá measfaí baint a bheith ag an duine nó ag an gcomhlacht corpraithe sin léi chun críocha alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968, agus measfar baint a bheith ag duine le duine eile dá measfaí baint a bheith aige leis chun críocha an ailt sin 16.

[EN]

(3) Má tharlaíonn, i leith aon bhliana measúnachta, nach bhfaighidh duine—

[EN]

(a) is stiúrthóir nó fostaí de chuid cuideachta cáinfhaoisimh nó de chuid comhlachta chorpraithe a bhfuil baint aige leis an gcuideachta sin, nó

[EN]

(b) atá fostaithe ag duine a bhfuil baint aige leis an gcuideachta sin,

[EN]

aon díolaíochtaí i leith seirbhísí a rinne sé don chuideachta sin nó ar mhaithe léi nó a rinne sé d'aon duine a bhfuil baint aige leis an gcuideachta sin nó ar mhaithe leis, nó má fhaigheann sé díolaíochtaí i leith na seirbhísí sin nach leor, i dtuairim na gCoimisinéiri Ioncaim, mar chomaoin i leith na seirbhísí a rinneadh amhlaidh, agus go bhfaighidh sé díbhinn i leith scaireanna atá aige sa chuideachta sin. áireofar gur díolaíochtaí de chuid an duine sin an méid sin den díbhinn sin (dá ngairtear an chuid iomchuí den díbhinn san alt seo) ar chomaoin é, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, i leith na seirbhísí a rinneadh amhlaidh agus beidh an méid sin inmhuirir i leith cánach faoi Sceideal E mar dhíolaíochtaí a íocadh leis ar an dáta ab iníoctha an díbhinn sin, agus is é méid na ndíolaíochtaí a mhuirearófar amhlaidh an méid is comhionann, tar éis cáin a asbhaint de réir an ráta is cuí don díbhinn, leis an nglanmhéid is iníoctha den chuid iomchuí den díbhinn.

[EN]

(4) I gcás cáin a bhaint as díbhinn dá dtagraítear i bhfo-alt (3), lamhálfar cibé méid den cháin sin is cuí don chuid iomchuí den díbhinn mar chreidmheas in aghaidh aon cháin is inmhuirir de bhua an fho-ailt sin (3).

[EN]

(5) Nuair a bheidh breithniú á dhéanamh chun críche an ailt seo an leor na díolaíochtaí a d'íoc cuideachta le duine mar chomaoin i leith seirbhísí a rinneadh, cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim san áireamh—

[EN]

(a) an sórt seirbhísí a rinne an duine sin,

[EN]

(b) na díolaíochtaí a fuair an duine sin ón gcuideachta i leith seirbhísí a rinneadh amhlaidh nuair nach raibh scaireanna aige sa chuideachta nó nuair nach raibh na scaireanna aige a n-íoctar an díbhinn ina leith agus arb iad is ábhar dá mbreithniú de bhua an ailt seo,

[EN]

(c) méid na ndíolaíochtaí a bheifí ag súil le réasún a íocfaí i leith na seirbhísí sin, agus

[EN]

(d) aon fhianaise a thabharfaidh an duine sin nó a thabharfar thar a cheann i dtaobh leordhóthanacht na ndíolaíochtaí áirithe sin.

[EN]

(6) I gcás scaireanna a n-íoctar díbhinn ina leith a bheith ag duine i gcuideachta cháinfhaoisimh is duine a bhfuil baint aige le duine eile (ar duine é an duine eile sin ba dhuine a mbainfeadh fo-alt (3) leis dá mba aige a bhí na scaireanna agus dá mbá é a fuair an díbhinn). ansin, chun críocha an fho-ailt sin (3). measfar gur ag an dara duine a luaitear atá na scaireanna agus measfar go bhfuair sé an díbhinn i leith na scaireanna ar an dáta ab iníoctha an díbhinn.

[EN]

(7) Nuair a bheidh breithniú á dhéanamh chun críche an ailt seo an i gcomaoin seirbhísí a rinneadh a tugadh díbhinn nó cuid de dhíbhinn. cuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim san áireamh—

[EN]

(a) na haicmí scaireanna go léir a d'eisigh an chuideachta áirithe,

[EN]

(b) an aicme nó na haicmí scaireanna sa chuideachta sin atá ag an duine réamhráite, an líon scaireanna den sórt sin atá aige, luach ainmniúil na scaireanna sin agus an méid a shuibscríodh sé ina leith,

[EN]

(c) an ráta díbhinne a íocadh ar scaireanna gach aicme,

[EN]

(d) cé acu atá scaireanna den aicme atá ar teachtadh ag an duine réamhráite ar teachtadh ag aon duine eile agus, má tá, líon na scaireanna atá ar teachtadh amhlaidh, agus

[EN]

(e) aon ábhar eile is dóigh leo is iomchuí chun tuairim a bhunú faoin bhfo-alt seo.

[EN]

(8) Féadfar achomharc a dhéanamh chuig na Coimisinéirí Achomhairc maidir le haon tuairim de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim faoin alt seo sa tslí chéanna ina bhféadfaí achomharc a dhéanamh in aghaidh measúnachta cánach, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomhairc.

[EN]

Idirbhearta i ndeimhnithe taiscthe agus i dtaiscí insannta.

55.—(1) I gcás ina bhfaighidh duine, tar éis an 3ú lá d'Aibreán, 1974, ceart lena mbaineann an t-alt seo, ansin, aon ghnóchan dá chuid as an gceart sin a dhiúscairt nó, ach amháin sa mhéid gur ceart é chun ús a fháil, as an gceart sin a fheidhmiú, measfar, mura mbeidh sé le cur i gcuntas mar fháltas trádála, gur brabúis nó gnóchain bhliantúla é is inmhuirir i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D agus muirearófar i leith cánach é dá réir sin.

[EN]

(2) I gcás ina bhfuair duine, an 3ú lá d'Aibreán, 1974, nó roimhe sin, ceart lena mbaineann an t-alt seo, agus go ndéanfaidh sé nó go ndearna sé an ceart a dhiúscairt nó a fheidhmiú tar éis an dáta sin, ansin, an méid sin d'aon ghnóchan dá chuid as an diúscairt sin nó, ach amháin a mhéid gur ceart é chun ús a fháil, as an bhfeidhmiú sin, a mbeidh idir é agus méid iomlán an ghnóchain an chomhréir chéanna a bheidh idir an uimhir laethanta ón 3ú lá d'Aibreán, 1974, go dtí dáta na diúscartha nó an fheidhmithe agus an uimhir iomlán laethanta ó dháta na fála go dtí dáta na diúscartha nó an fheidhmithe, measfar, mura mbeidh sé le cur i gcuntas mar fháltas trádála, gur brabúis nó gnóchain bhliantúla é is inmhuirir i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D agus muirearófar i leith cánach é dá réir sin.

[EN]

(3) I gcás ina mbainfidh caillteanas do dhuine in idirbheart a bheadh, dá mbeadh brabús tagtha as, inmhuirir i leith cánach de bhua fho-alt (1) nó (2), ansin, más inmhuirir i leith cánach é faoi Sceideal C nó D i leith an úis is iníoctha ar mhéid an airgid a ndearnadh an ceart chuige a dhiúscairt, déanfar méid an úis sin a áireamh sna suimeanna a bhféadfaidh sé a éileamh go ndéanfaí méid a chaillteanais a fhritháireamh ina n-aghaidh faoi alt 310 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

[EN]

(4) Chun críocha an ailt seo, ní mheasfar go mbeidh brabúis nó gnóchain le cur i gcuntas mar fháltas trádála as siocair amháin go bhfuil siad ar áireamh sa ríomh a cheanglaítear le halt 214 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

[EN]

(5) Baineann an t-alt seo le haon cheart—

[EN]

(a) suim airgid (le hús nó gan ús) a fháil ó aon duine is airgead a luaitear i ndeimhniú taiscthe a eisíodh chuig an duine a thaisc an t-airgead nó chuig aon duine eile, nó

[EN]

(b) suim airgid (le hús nó gan ús) a fháil ó aon duine, ar ceart é a thagann as taisce insannta is féidir a shannadh do dhuine eile nó a aistriú chuig duine eile ag an duine a thaisc an t-airgead nó ag aon duine a bhfuil an ceart chun sin a dhéanamh faighte aige.

[EN]

(6) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “taisce insannta” taisce airgid, in aon airgead reatha, a taisceadh le haon duine, cibé acu atá sí le haisíoc le hús nó gan ús agus a fhéadfar, ar ordú ón taisceoir, a shannadh le hús nó gan ús do dhuine eile; agus

[EN]

ciallaíonn “deimhniú taiscthe” doiciméad a bhaineann le hairgead, in aon airgead reatha, a taisceadh leis an eisitheoir nó le duine éigin eile, ar doiciméad é a thugann aitheantas d'oibleagáid suim shonraithe a íoc le hiompróir nó le hordú, le hús nó gan ús, agus ar doiciméad é ar inaistrithe trína sheachadadh, formhuinithe nó gan formhuiniú, an ceart chun an tsuim shonraithe sin, le hús nó gan ús, a fháil.

[EN]

Cáin ar scaireanna a eisítear in ionad díbhinní airgid.

56.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe;

[EN]

ciallaíonn “scair” scair i scairchaipiteal cuideachta agus folaíonn sé stoc agus aon leas eile sa chuideachta.

[EN]

(2) Má fhaigheann aon duine de dhroim rogha a fheidhmiú, sula ndearbhóidh cuideachta dáileadh brabús nó lena linn sin nó dá éis, suim airgid nó scairchaipiteal breise sa chuideachta a ghlacadh i leith scaireanna sa chuideachta, an scairchaipiteal breise sin, measfar go bhfuair sé ón gcuideachta, in ionad an scairchaipitil sin, ioncam ar cóimhéid leis an tsuim a gheobhadh sé dá mba in airgead a gheobhadh sé an dáileadh sin.

[EN]

(3) Aon ioncam a mheasfar faoi fho-alt (2) a bheith faighte ag duine ó chuideachta—

[EN]

(a) má bhíonn brabúis an duine sin inmhuirir i leith cánach brabús corparáide, measfar gur brabúis lena mbaineann Cuid V den Finance Act, 1920, an t-ioncam sin agus muirearófar é i leith cánach brabús corparáide dá réir sin;

[EN]

(b) más lasmuigh den Stát a chónaíonn an chuideachta, measfar gur ioncam é ó urrúis agus sealúchais lasmuigh den Stát agus measúnófar agus muirearófar i leith cánach é faoi Chás III de Sceideal D;

[EN]

(c) más sa Stát a chónaíonn an chuideachta, measfar gur brabúis nó gnóchain é nach dtagann faoi réim aon Chás eile de chuid Sceideal D agus ní mhuirearófar é de bhua aon Sceidil eile agus measúnófar agus muirearófar i leith cánach é faoi Chás IV de Sceideal D.

[EN]

(4) Chun críocha an ailt seo tugtar rogha do dhuine díbhinn airgid nó scairchaipiteal breise a fháil ní amháin i gcás inar gá dó ceann acu a roghnú thar an gceann eile, ach freisin i gcás ina dtairgtear ceann acu dó faoi réir ceart, is cuma conas a bheidh sé sainráite, a bheith aige an ceann eile a roghnú ina ionad, agus measfar chun na gcríocha sin gur feidhmiú na rogha sin ag duine é do thréigean cirt den sórt sin nó é do mhainniú é a fheidhmiú.

[EN]

Sócmhainní a aistriú as an Stát.

57.—Chun cosc a chur le pearsana aonair a bhfuil gnáthchónaí orthu sa Stát dliteanas cánach a sheachaint trí shócmhainní a aistriú agus a dtiocfaidh de bhua nó de dhroim an aistrithe sin, leis féin nó i dteannta oibríochtaí gaolmhara, go mbeidh ioncam iníoctha le daoine a bhfuil cónaí nó sainchónaí orthu lasmuigh den Stát, achtaítear leis seo mar a leanas:—

[EN]

(1) I gcás ina bhfuil, de bhua nó de dhroim aon aistrithe den sórt sin, leis féin nó i dteannta oibríochtaí gaolmhara, cumhacht de réir brí an ailt seo ag pearsa aonair den sórt sin aon ioncam de chuid duine ar lasmuigh den Stát atá cónaí nó sainchónaí air a theachtadh láithreach nó san am le teacht, arb ioncam é a bheadh, dá mba ioncam é de chuid na pearsan aonair sin a fuair sé sa Stát, inmhuirir leith cánach trí asbhaint nó ar shlí eile, measfar gur ioncam de chuid na pearsan aonair sin chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim an t-ioncam sin, cibé acu ab inmhuirir nó nárbh inmhuirir i leith cánach é ar leith ó fhorálacha an ailt seo.

[EN]

(2) I gcás ina dtarlóidh, roimh aon aistriú den sórt sin nó dá éis, go bhfaighidh pearsa aonair den sórt sin nó go mbeidh sé i dteideal go bhfaighidh sé aon suim chaipitiúil a bhfuil aon bhaint ag a híoc leis an aistriú nó le haon oibríocht ghaolmhar, measfar gur ioncam de chuid na pearsan aonair sin, chun críocha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim, aon ioncam a tháinig chun bheith, de bhua nó de dhroim an aistrithe, leis féin nó i ndáil le hoibríochtaí gaolmhara, ina ioncam de chuid duine a bhfuil cónaí nó sainchónaí air lasmuigh den Stát, cibé acu ab inmhuirir nó nárbh inmhuirir i leith cánach é ar leith ó fhorálacha an ailt seo.

[EN]

San fho-alt seo ciallaíonn “suim chaipitiúil”—

[EN]

(a) aon suim a íocadh nó is iníoctha i modh iasachta nó aisíoc iasachta, agus

[EN]

(b) aon suim eile a íocadh nó is iníoctha seachas mar ioncam, is suim nár íocadh ná nach iníoctha mar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid.

[EN]

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-ailt (1) agus (2) má shuíonn an phearsa aonair i scríbhinn nó ar dhóigh eile chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim—

[EN]

(a) nach chun dliteanas cánachais a sheachaint ba chuspóir nó ba cheann de na cuspóirí leis an aistriú nó leis na hoibríochtaí gaolmhara nó le haon cheann díobh a dhéanamh, nó

[EN]

(b) gur idirbhearta tráchtála bona fide a bhí san aistriú agus in aon oibríochtaí gaolmhara agus nach chun dliteanas cánachais a sheachaint a ceapadh iad.

[EN]

In aon chás inarb éagóir le duine cinneadh a rinne na Coimisinéirí Ioncaim ag feidhmiú a bhfeidhmeanna faoin bhfo-alt seo beidh an duine i dteideal achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc in aghaidh chinneadh na gCoimisinéirí Ioncaim agus éistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Achomhairc an t-achomharc ionann is dá mba achomharc é in aghaidh measúnú i leith cánach agus beidh feidhm dá réir sin fara aon mhodhnuithe is gá ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomharc a athéisteacht agus le cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phointe dlí.

[EN]

(4) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn “oibríocht ghaolmhar”, i ndáil le haon aistriú, oibríocht d'aon chineál ag aon duine i ndáil le haon cheann de na sócmhainní a aistrítear nó le haon sócmhainní in ionannas, díreach nó neamhdhíreach, le haon cheann de na sócmhainní a aistrítear, nó i ndáil leis an ioncam as aon sócmhainní den sórt sin, nó i ndáil le haon sócmhainní in ionannas, díreach nó neamhdhíreach, leis na cnuais ioncaim as aon sócmhainní den sórt sin.

[EN]

(5) Chun críocha an ailt seo measfar cumhacht a bheith ag pearsa aonair sealúchas a bheith aige ar ioncam duine a bhfuil cónaí nó sainchónaí air lasmuigh den Stát más rud é—

[EN]

(a) go ndéileálann aon duine leis an ioncam sin iarbhír ionas go rachadh sé tráth éigin, agus cibé acu ar mhodh ioncaim dó nó nach ea, chun tairbhe don phearsa aonair, nó

[EN]

(b) go n-oibríonn fáil nó faibhriú an ioncaim chun luach aon sócmhainní atá ag an bpearsa aonair nó atá ar teachtadh chun sochair dó a mhéadú, nó

[EN]

(c) go bhfaigheann an phearsa aonair nó go bhfuil sé i dteideal go bhfaighidh sé, aon uair, aon sochar a sholáthraítear nó a sholáthrófar as an ioncam nó as aon airgead atá nó a bheidh ar fáil chuige sin i ngeall ar éifeacht nó ar éifeachtaí comhleanúnacha na n-oibríochtaí gaolmhara ar an ioncam sin agus ar aon sócmhainní in ionannas, díreach nó neamhdhíreach, leis an ioncam sin, nó

[EN]

(d) go bhfuil cumhacht ag an bpearsa aonair, trí aon chumhacht cheapacháin nó aon chumhacht chúlghairme nó eile, sealúchas tairbhiúil an ioncaim a fháil dó féin, le toiliú nó gan toiliú aon duine eile, nó gur féidir leis, i gcás feidhmiú aon chumhachta atá dílsithe d'aon duine eile, teacht chun bheith i dteideal sealúchas tairbhiúil an ioncaim a bheith aige, nó

[EN]

(e) go bhfuil an phearsa aonair i gcumas in aon slí, agus go díreach nó go neamhdhíreach, feidhmiú an ioncaim sin a rialú.

[EN]

(6) Nuair a bheifear á chinneadh an bhfuil cumhacht ag duine sealúchas a bheith aige ar ioncam de réir brí an ailt seo, tabharfar aird ar thoradh agus éifeacht shubstaintiúil an aistrithe agus aon oibríochtaí gaolmhara, agus cuirfear i gcuntas na sochair go léir, is cuma cad é a gcineál nó a bhfoirm, a fhaibhreoidh aon tráth chun na pearsan aonair (bíodh nó ná bíodh cearta de réir dlí nó de réir cothromais aige sna sochair sin nó chucu) de thoradh an aistrithe agus aon oibríochtaí gaolmhara.

[EN]

(7) Chun críocha an ailt seo, déileálfar le haon chomhlacht corpraithe atá corpraithe lasmuigh den Stát amhail is dá mba lasmuigh den Stát a bheadh cónaí air cibé acu atá cónaí air amhlaidh nó nach bhfuil.

[EN]

(8) Chun críocha an ailt seo—

[EN]

(a) measfar go bhfolaíonn tagairt do phearsa aonair tagairt do bhanchéile nó d'fhearchéile na pearsan aonair,

[EN]

(b) folaíonn “sócmhainní” maoin nó cearta d'aon chineál agus folaíonn “aistriú”, i ndáil le cearta, bunú na gcearta sin,

[EN]

(c) folaíonn “sochar” íocaíocht d'aon chineál,

[EN]

(d) folaíonn tagairtí d'ioncam duine a bhfuil cónaí nó sainchónaí air lasmuigh den Stát, i gcás méid ioncaim cuideachta d'aon bhliain nó tréimhse a chionroinnt faoi alt 530 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, tagairtí don mhéid sin d'ioncam na cuideachta don bhliain nó don tréimhse sin atá ar cóimhéid leis an méid a cionroinneadh amhlaidh ar an duine sin,

[EN]

(e) folaíonn tagairtí do shócmhainní in ionannas aon sócmhainní, ioncam nó cnuas ioncaim tagairtí do scaireanna in aon chuideachta nó oibleagáidí de chuid aon chuideachta, nó d'oibleagáidí de chuid aon duine eile chun a n-aistreofar nó chun ar aistríodh na sócmhainní, an t-ioncam nó na cnuais sin,

[EN]

(f) ciallaíonn “cuideachta” aon chomhlacht corpraithe nó comhlachas neamhchorpraithe.

[EN]

(9) Beidh feidhm ag forálacha an ailt seo chun críocha measúnú cánach don bhliain 1974-75 agus blianta dá éis sin, agus beidh feidhm acu maidir le haistrithe sócmhainní agus oibríochtaí gaolmhara cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis a rinneadh nó a dhéanfar iad.

[EN]

Asbhaintí agus faoisimh i ndáil le hioncam is inmhuirir i leith cánach faoi alt 57.

58.—(1) Is faoi Chás IV de Sceideal D a mhuirearófar cáin is inmhuirir de bhua an ailt sin roimhe seo.

[EN]

(2) Nuair a bheidh dliteanas cánach pearsan aonair is inmhuirir de bhua an ailt sin roimhe seo á ríomh, lamhálfar na hasbhaintí agus na faoisimh chéanna a lamhálfaí dá mbeadh an t-ioncam a meastar gurb ioncam dá chuid é de bhua an ailt sin faighte aige iarbhír.

[EN]

(3) I gcás inar muirearaíodh pearsa aonair i leith cánach ar aon ioncam a meastar gur ioncam dá chuid é de bhua an ailt sin roimhe seo agus go bhfaighidh sé an t-ioncam sin dá éis sin, measfar nach cuid dá ioncam arís é chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim.

[EN]

(4) In aon chás ina mbeidh cumhacht ag pearsa aonair chun críocha an ailt sin roimhe seo sealúchas a bheith aige ar ioncam duine lasmuigh den Stát i ngeall ar é d'fháil aon sochair den sórt a luaitear in alt 57 (5) (c) beidh an phearsa aonair inmhuirir i leith cánach de bhua an ailt sin roimhe seo faoi Chás IV de Sceideal D don bhliain mheasúnachta ina bhfuarthas an sochar ar mhéid nó ar luach iomlán an tsochair sin ach amháin a mhéid a shuífear gur dhíorthaigh an sochar go díreach nó go neamhdhíreach as ioncam ar muirearaíodh cáin air cheana féin ina leith don bhliain mheasúnachta sin nó do bhliain mheasúnachta roimhe sin.

[EN]

Cumhacht chun faisnéis a fháil.

59.—(1) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim nó cíbé oifigeach a cheapfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a cheangal trí fhógra i scríbhinn ar aon duine cibé sonraí a mheasann siad a bheith riachtanach chun críocha ailt 57, 58 agus 60 a thabhairt dóibh laistigh de cibé am a ordóidh siad (nach lú ná ocht lá is fiche).

[EN]

(2) Airítear ar na sonraí nach foláir do dhuine a thabhairt faoin alt seo, má cheanglaítear air le fógra den sórt sin é sin a dhéanamh, sonraí—

[EN]

(a) i dtaobh idirbhearta a bhfuil nó a raibh sé ag gníomhú thar ceann daoine eile maidir leo, agus

[EN]

(b) i dtaobh idirbhearta ar cuí i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim nó cibé oifigeach a cheapfaidh na Coimisinéirí Ioncaim iad a imscrúdú chun críocha ailt 57, 58 agus 60 d'ainneoin nach n-éiríonn, i dtuairim an duine dar tugadh an fógra, aon dliteanas cánach faoi na hailt sin,

[EN]

(c) i dtaobh cé acu atá páirt glactha nó á glacadh ag an duine dar tugadh an fógra in aon idirbhearta de chineál a shonraítear san fhógra, agus má tá cad é an pháirt í agus cad iad na hidirbhearta iad.

[EN]

(3) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (2), ní mheasfar, chun críocha mhír (c) den fho-alt sin, páirt a bheith glactha ag aturnae in idirbheart i ngeall amháin ar é do thabhairt comhairle ghairmiúil do chliant i ndáil leis an idirbheart sin, agus ní fhéadfar, i ndáil le haon rud a rinne sé thar ceann cliaint, tabhairt air faoin alt seo, ach amháin le toiliú a chliaint, níos mó a dhéanamh ná a rá go bhfuil sé nó go raibh sé ag gníomhú thar ceann cliaint, agus ainm agus seoladh a chliaint a thabhairt agus freisin—

[EN]

(a) i gcás aon ní a rinne an t-aturnae i ndáil de haistriú aon sócmhainne ag nó chuig pearsa aonair a bhfuil gnáthchónaí air sa Stát ag nó chuig aon chomhlacht corpraithe den sórt a luaitear anseo ina dhiaidh seo, nó i ndáil le haon oibríocht ghaolmhar maidir le haon aistriú den sórt sin, ainmneacha agus seoltaí an aistreora agus an aistrí nó na ndaoine lena mbaineann na hoibríochtaí gaolmhara, cibé acu é;

[EN]

(b) i gcás aon ní a rinne an t-aturnae i ndáil le foirmiú nó bainistí aon chomhlachta chorpraithe den sórt a luaitear anseo ina dhiaidh seo, ainm agus seoladh an chomhlachta chorpraithe;

[EN]

(c) i gcás aon ní a rinne an t-aturnae i ndáil le bunú, nó le forghníomhú iontaobhais, aon socraíochta a dtarlaíonn dá bua nó dá droim ioncam a bheith iníoctha le duine a bhfuil cónaí nó sainchónaí air lasmuigh den Stát, ainmneacha agus seoltaí an tsocraitheora agus an duine sin.

[EN]

Na comhlachtaí corpraithe a luaitear sna forálacha sin roimhe den alt seo is comhlachtaí corpraithe iad a chónaíonn nó atá corpraithe lasmuigh den Stát ar cuideachtaí iad de réir brí alt 530 (6) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó ar chuideachtaí den sórt sin iad dá mba sa Stát a corpraíodh iad.

[EN]

(4) Ní chuirfidh aon ní san alt seo d'oibleagáid ar aon bhanc aon sonraí a thabhairt i dtaobh aon ghnáth-idirbhearta baincéireachta idir an banc agus custaiméir a dhéantar i ngnáthchúrsa gnó baincéireachta, mura bhfuil an banc ag gníomhú nó tar éis gníomhú thar ceann an chustaiméara i ndáil le foirmiú nó bainistí aon chomhlachta chorpraithe den sórt a luaitear i bhfo-alt (3) (b) nó i ndáil le bunú, nó le forghníomhú iontaobhais, aon socraíochta den sórt a luaitear i bhfo-alt (3) (c).

[EN]

(5) San alt seo tá le “socraíocht” agus “socraitheoir” na bríonna a shanntar dóibh le halt 16 (3) (h) den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968.

[EN]

(6) Leasaítear leis seo Sceideal 15 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967, trí “An tAcht Airgeadais, 1974, alt 59” a chur isteach i gcolún 2 de.

[EN]

Cosaint.

60.—I gcás aon ioncam de chuid aon duine a bheith, de bhua aon fhorála de na hAchtanna Cánach Ioncaim, agus go háirithe, ach gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo, de bhua alt 57, le háireamh mar ioncam de chuid aon duine eile, níl an t-ioncam sin díolmhaithe ó cháin—

[EN]

(a) mar ioncam a dhíorthaigh as aon stoc nó urrús eile lena mbaineann alt 464, 468, 470 nó 474 den Acht Cánach Ioncaim, 1967; nó

[EN]

(b) de bhua alt 50 nó 462 den Acht Cánach Ioncaim, 1967,

[EN]

i ngeall ar gan cónaí, nó gan gnáthchónaí, nó gan sainchónaí ná gnáthchónaí, a bheith ar an duine chéadluaite sa Stát.

[EN]

Feidhm forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim.

61.—Na forálacha go léir de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le muirearú, measúnú, bailiú agus gnóthú cánach, le hachomhairc in aghaidh measúnachtaí agus le cásanna a shonrófar chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil bainfidh siad le cáin is inmhuirir de bhua alt 57 faoi réir aon mhodhnuithe is gá.

[EN]

Cánachas ar chíosanna; srian i leith cíosa agus úis áirithe.

62.—(1) Baineann an t-alt seo—

[EN]

(a) le cíos i leith áitribh, nó

[EN]

(b) le hús ar iasacht airgid a úsáideadh ag ceannach, ag feabhsu nó ag deisiú áitribh,

[EN]

is iníoctha ag duine is inmhuirir i leith cánach de réir forálacha alt 81 den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1969), ar na brabúis nó na gnóchain as cíos i leith an áitribh sin in aghaidh tréimhse roimh an dáta a d'áitigh léasaí an t-áitreabh i gcéaduair le haghaidh trádála nó gnóthais nó lena úsáid mar áit chónaí.

[EN]

(2) Ní lamhálfar aon asbhaint, maidir leis an mbliain 1974-75 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, faoi fho-alt (5) den alt sin 81 i leith cíos nó ús lena mbaineann an t-alt seo.

[EN]

(3) Má tharlaíonn, maidir leis an mbliain 1973-74 nó aon bhliain mheasúnachta roimhe sin—

[EN]

(a) gur lamháladh asbhaint den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (2) faoi fho-alt (5) den alt sin 81 agus go bhfuil easnamh ann de réir brí fho-alt (4) den alt sin 81, nó

[EN]

(b) go mbeidh suim le háireamh mar chaillteanas faoi alt 89A den Acht Cánach Ioncaim, 1967 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968), de bhua íocaíochta úis,

ní dhéanfar an méid sin d'aon easnamh den sórt sin is inchurtha i leith lamháil na hasbhainte réamhráite ná aon suim den sórt sin a áirítear mar chaillteanas ná aon chuid den tsuim sin a thabhairt ar aghaidh, ná a fhritháireamh in aghaidh brabús nó gnóchan don bhliain 1974-75 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin faoi fhorálacha alt 89 nó 310 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

[EN]

Leasú ar alt 20 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968.

63.—(1) Leasaítear leis seo alt 20 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968

[EN]

(a) trí “talamh a fhorbairt nó a áirithiú go bhforbrófar é agus tar éis an fhorbairt” a chur isteach i bhfo-alt (1) in ionad “foirgneamh a thógáil nó a áirithiú go dtógfar é agus tar éis an tógáil”,

[EN]

(b) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (2):

[EN]

“(b) leas a bheith (go díreach nó go neamhdhíreach) ag an gcuideachta, tráth an díola, san fhorbairt agus gur cúigiú cuid nó níos mó de ghlansócmhainní na cuideachta luach an leasa sin agus aon leasa a bheidh ag an gcuideachta amhlaidh an tráth sin in aon fhorbairt eile (nach forbairt a críochnaíodh níos mó ná sé bliana roimh an tráth sin ná forbairt nach bhfuil an coinníoll a shonraítear i mír (c) den fho-alt seo comhlíonta maidir léi) a rinne an chuideachta nó ar áirithigh an chuideachta go ndéanfaí í;”,

[EN]

(c) trí “san fhorbairt” a chur in ionad “san fhoirgneamh” i bhfo-alt (4), trí “i bhforbairt” a chur in ionad “i bhfoirgneamh” i bhfo-ailt (9) agus (10) agus trí “d'aon fhorbairt” a chur in ionad “d'aon fhoirgneamh” i bhfo-alt (13) (c),

[EN]

(d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (11):

[EN]

“(11) I gcás ina bhfuil cuideachta tar éis forbairt a thosú nó a chríochnú ar thalamh ina bhfuil leas ag cuideachta lena bhfuil baint ag an gcuideachta sin agus go bhfaighidh duine rialú ar an gcéad chuideachta tar éis an fhorbairt a bheith tosaithe agus tráth nach déanaí ná sé bliana tar éis í a chríochnú, ansin, maidir le scaireanna sa chuideachta ag a bhfuil an leas sa talamh a dhíol leis an duine sin (cibé acu roimh an duine sin d'fháil rialú ar an gcéad chuideachta nó dá éis sin a rinneadh), beidh feidhm ag na fo-ailt sin roimhe seo mar atá feidhm acu maidir le cuideachta den sórt a luaitear iontu ach amháin tagairtí do leas sa talamh a chur in ionad tagairtí do leas san fhorbairt.”, agus

[EN]

(e) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (12):

[EN]

“(12) Chun críocha na bhfo-alt sin roimhe seo, measfar go bhfolaíonn forbairt neamhchríochnaithe an méid sin d'aon ábhair leis an gcuideachta is gá le haghaidh na forbartha agus measfar go bhfolaíonn forbairt, críochnaithe nó neamhchríochnaithe, an talamh a bhaineann leis an bhforbairt.”,

[EN]

agus tá na fo-ailt sin (1), (4), (9), (10) agus (13) (c), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 20 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968, arna leasú le fo-alt (1), in aon chás inar díoladh scaireanna na cuideachta iomchuí roimh an 3ú lá d'Aibreán, 1974.

AN TABLA

(1) I gcás inarb éard gníomhaíochtaí nó cuid de ghníomhaíochtaí cuideachta talamh a fhorbairt nó a áirithiú go bhforbrófar é agus tar éis an fhorbairt a bheith tosaithe agus tráth nach déanaí ná sé bliana tar éis a críochnaithe go ndíolfar scaireanna sa chuideachta le duine ag a bhfuil, nó ag a mbeidh de dhroim an díola, rialú na cuideachta, agus, ar leith ón alt seo, nárbh fháltas de ghné ioncaim i lámha an díoltóra an chomaoin i leith an díola, measfar, má chomhlíontar na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (2), gurb ioncam de chuid an díoltóra suas go dtí an méid a shonraítear i bhfo-alt (5) an chomaoin, agus beidh sí inmhuirir faoi Chás IV de Sceideal D dá réir sin.

[EN]

(4) I gcás ina dtarlóidh, roimh an díolachán scaireanna a luaitear i bhfo-alt (1), go mbeidh an chuideachta—

[EN]

(a) tar éis a leas san fhorbairt, nó leas a dhíorthaíonn ón leas sin, a dhiúscairt chun an duine arb é ceannaitheoir na scaireanna é, nó chun cuideachta ag a bhfuil baint leis an gceannaitheoir, nó

[EN]

(b) tar éis aon leas san fhorbairt a dhiúscairt chun nó i bhfabhar aon duine, agus go bhfaighidh ceannaitheoir na scaireanna, nó cuideachta ag a bhfuil baint leis an gceannaitheoir, an leas roimh an díolachán nó tar éis an díolacháin de bhun comhshocraíochtaí arna ndéanamh tráth nach déanaí ná tráth an díolacháin,

[EN]

beidh feidhm ag fo-alt (1) ionann is dá mbeadh an leas a diúscraíodh dílsithe fós féin don chuideachta chéadluaite tráth na scaireanna a dhíol agus nárbh shócmhainní de chuid na cuideachta aon sócmhainní de chuid na cuideachta is ionann agus an chomaoin i leith an leas a dhiúscairt.

[EN]

(9) I gcás ina ndéanfaí, de dhroim scaireanna a dhíol, a mheas, faoi fho-alt (1), gurbh ioncam de chuid an díoltóra aon mhéid áirithe mura mbeadh an coinníoll a shonraítear i bhfo-alt (2) (c) a bheith gan chomhlíonadh agus go mbeidh aon leas i bhforbairt den sórt a luaitear i bhfo-alt (2) (b) ar teachtadh fós féin ag an gcuideachta lá cothrom sé bliana ó lá an díolacháin, ansin, measfar go bhfuair an chuideachta a chóimhéid d'ioncam an lá cothrom sé bliana sin agus beidh sí inmhuirir faoi Chás IV de Sceideal D dá réir sin.

[EN]

(10) Má tharlaíonn, tar éis na scaireanna a dhíol, go bhfaibhreoidh aon fháltais chun na cuideachta ó leas i bhforbairt a dhiúscairt i gcúrsa trádála ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún, is leas a bhí ag an gcuideachta an tráth a díoladh na scaireanna agus a ndearnadh an brabús a d'éireodh ar na scaireanna sin a dhiúscairt a chur i gcuntas ina leith nuair a bhíothas ag ríomh an méid ioncaim ab inmhuirir i leith cánach faoi threoir an díolacháin faoi na forálacha sin roimhe seo den alt seo, déanfar neamhshuim de na fáltais chun críocha cánach ioncaim más cóir agus a mhéid is cóir sin a dhéanamh ag féachaint d'aon cháin a muirearaíodh faoi na forálacha sin.

[EN]

(13) (c) déanfar neamhshuim d'aon fhorbairt a soláthraíodh le húsáid, agus a cuireadh in úsáid, le haghaidh trádáil bona fide a bhí á seoladh ag an gcuideachta, seachas trádáil—

[EN]

(i) ag déileáil i dtalamh nó ag forbairt talún, nó

[EN]

(ii) ag soláthar seirbhísí le haghaidh áititheoirí talún a bhfuil leas inti ar teachtadh ag an gcuideachta.

Caibidil V

Cáin Ioncaim agus Cáin Bhrabús Corparáide

[EN]

Stiúrthóirí dílseánaigh agus fostaithe dílseánaigh mar chomhaltaí de scéimeanna sochair scoir ceadaithe.

1972, Uimh. 19.

1968, Uimh. 33.

64.—(1) Scoirfidh alt 15 (2) (f) den Acht Airgeadais, 1972, agus an coinníoll atá le mír 4 de Sceideal 3 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967, d'éifeacht a bheith acu.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo Cuid III den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1972, tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 4:

[EN]

“4. Ní dhéanfaidh aisghairm Chaibidil II de Chuid XII den Acht Cánach Ioncaim, 1967, leis an Acht Airgeadais, 1972, difear d'alt 235 (7) ná d'alt 316 (2) den Acht Cánach Ioncaim 1967, d'alt 3 (1) (b) (ii) den Acht Airgeadais, 1968, ná d'aon achtachán eile ina bhfuil tagairt don Chaibidil sin nó d'aon chuid di.”.

[EN]

Leasú ar alt 235 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

65.—Leasaítear leis seo alt 235 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

[EN]

(a) trí “nó faoi chonradh a bheidh ceadaithe de thuras na huaire faoi alt 235A” a chur isteach i mír (b) d'fho-alt (1) i ndiaidh “ina sheanaois”,

[EN]

(b) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad na coda d'fho-alt (2) ó dheireadh mhír (e) go dtí deireadh an fho-ailt:

[EN]

“agus a bhfuil foráil ann á áirithiú nach féidir aon bhlianacht is iníoctha faoi a ghéilleadh, a iomalartú ná a shannadh go hiomlán ná go páirteach:

[EN]

Ar choinníoll go bhféadfaidh an conradh a fhoráil go n-íocfar leis an bpearsa aonair an tráth a bheidh an bhlianacht iníoctha i gcéaduair, ach tráth nach luaithe ná an 6ú lá d'Aibreán, 1974, cnapshuim mar iomalartú ar chuid den bhlianacht nach mó ná an ceathrú cuid de luach na blianachta má roghnaíonn an phearsa aonair, an tráth a thiocfaidh an bhlianacht chun bheith iníoctha leis i gcéaduair nó roimhe sin, go n-íocfar an chnapshuim leis.”,

[EN]

(c) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (3) i ndiaidh mhír (c):

[EN]

“(cc) más slí bheatha í slí bheatha na pearsan aonair ar gnáth le daoine scor di tar éis seachtó bliain d'aois a shlánú, go dtosóidh an bhlianacht tar éis dó an aois sin a shlánú (ach nach dtosóidh tar éis dó ochtó bliain d'aois a shlánú):”,

[EN]

(d) tríd an méid seo a leanas a chur isteach i bhfo-alt (4)—

[EN]

(i) “nó faoi chuid de scéim iontaobhais” a chur isteach i ndiaidh “faoi scéim iontaobhais”,

[EN]

(ii) “nó an chuid réamhráite den scéim” a chur isteach i ndiaidh “an scéim”, agus

[EN]

(iii) “nó faoi chuid de scéim” a chur isteach i ndiaidh “faoi scéim”,

[EN]

agus tá an mhír sin (b) agus fo-ailt (2), (3) agus (4), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(b) go n-íocfaidh sé préimh nó comaoin eile faoi chonradh blianachta a bheidh ceadaithe de thuras na huaire ag na Coimisinéirí Ioncaim mar chonradh arb é an príomhshochar a urraítear leis blianacht saoil don phearsa aonair ina sheanaois nó faoi chonradh a bheidh ceadaithe de thuras na huaire faoi alt 235A (dá ngairtear préimh cháilitheach ina dhiaidh seo sa Chaibidil seo),

[EN]

féadfar faoiseamh ó cháin a thabhairt i leith na préimhe cáilithí faoi alt 236.

[EN]

(2) Faoi réir fho-alt (3), ní cheadóidh na Coimisinéiri Ioncaim conradh mura dóigh leo go gcomhlíonann sé na coinníollacha seo a leanas, is é sin, go ndearna an phearsa aonair é le duine a sheolann go dleathach sa Stát gnó ag tabhairt blianachtaí ar shaol daoine, agus ar conradh é—

[EN]

(a) nach bhforálann go n-íocfaidh an duine sin i rith saoil na pearsan aonair aon suim ach amháin suimeanna is iníoctha ar mhodh blianachta leis an bpearsa aonair,

[EN]

(b) nach bhforálann go mbeidh an bhlianacht is iníoctha leis an bpearsa aonair le tosú sula slánóidh sé seasca bliain d'aois nó tar éis dó seachtó bliain d'aois a shlánú,

[EN]

(c) nach bhforálann go n-íocfaidh an duine sin aon suimeanna eile ach amháin suimeanna is iníoctha ar mhodh blianachta le baintreach nó le baintreach fir na pearsan aonair agus aon suimeanna a bheidh, mura mbeidh aon bhlianacht iníoctha leis an bpearsa aonair nó le baintreach nó le baintreach fir, iníoctha le hionadaithe pearsanta na pearsan aonair trí phréimheanna a thabhairt ar ais, trí ús réasúnach ar phréimheanna nó trí bhónais as brabúis,

[EN]

(d) nach bhforálann gur suim níos mó in aghaidh na bliana an bhlianacht is iníoctha, más iníoctha í, le baintreach nó baintreach fir na pearsan aonair, ná an tsuim bhliantúil a íocadh nó is iníoctha leis an bpearsa aonair, nó

[EN]

(e) nach bhforálann go n-íocfar aon bhlianacht ar shlí seachas ar feadh saoil an bhlianachtóra,

[EN]

agus a bhfuil foráil ann á áirithiú nach féidir aon bhlianacht is iníoctha faoi a ghéilleadh, a iomalartú ná a shannadh go hiomlán ná go páirteach:

[EN]

Ar choinníoll go bhféadfaidh an conradh a fhoráil go n-íocfar leis an bpearsa aonair an tráth a bheidh an bhlianacht iníoctha i gcéaduair, ach tráth nach luaithe ná an 6ú lá d'Aibreán, 1974, cnapshuim mar iomalartú ar chuid den bhlianacht nach mó ná an ceathrú cuid de luach na blianachta má roghnaíonn an phearsa aonair, an tráth a thiocfaidh an bhlianacht chun bheith iníoctha leis i gcéaduair nó roimhe sin, go n-íocfar an chnapshuim leis.

[EN]

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo, agus faoi réir aon choinníollacha is oiriúnach leo a fhorchur, conradh a chomhlíonann thairis sin na coinníollacha sin roimhe seo a cheadú, d'ainneoin go ndéanann foráil a bheith sa chonradh i leith aon ní nó nithe acu seo a leanas:

[EN]

(a) go n-íocfar blianacht, tar éis bháis na pearsan aonair, le cleithiúnaí seachas baintreach nó baintreach fir na pearsan,

[EN]

(b) go n-íocfar leis an bpearsa aonair blianacht a thosóidh sula slánóidh sé seasca bliain d'aois, má bhíonn an bhlianacht iníoctha ar é a theacht, de dheasca éalainge aigne nó coirp, chun bheith neamhinniúil go buan ar a shlí bheatha féin nó aon slí bheatha dá samhail, a mbeidh sé oilte nó oiriúnach chuici, a bheith ar siúl aige;

[EN]

(c) más slí bheatha í slí bheatha na pearsan aonair ar gnáth le daoine scor di sula mbíonn seasca bliain d'aois slán acu, go dtosóidh an bhlianacht sula mbeidh an aois sin slán aige (ach nach dtosóidh sula mbeidh caoga bliain d'aois slán aige);

[EN]

(cc) Más slí bheatha í slí bheatha na pearsan aonair ar gnáth le daoine scor di tar éis seachtó bliain d'aois a shlánú, go dtosóidh an bhlianacht tar éis dó an aois sin a shlánú (ach nach dtosóidh tar éis dó ochtó bliain d'aois a shlánú);

[EN]

(d) go leanfaidh an bhlianacht is iníoctha le duine ar bith de bheith iníoctha ar feadh téarma chinnte (nach sia ná deich mbliana) d'ainneoin é d'fháil bháis laistigh den téarma sin, nó go bhforceannfaidh an bhlianacht is iníoctha le haon duine, nó go bhfionrófar í, ar phósadh (nó ar athphósadh) don duine nó i gcúinsí eile;

[EN]

(e) i gcás blianacht atá le leanúint i bhfeidhm ar feadh tearma chinnte, chun an bhlianacht a bheith insannaithe le huacht, agus i gcás aon duine d'fháil bháis agus teideal aige chuici, í a bheith insannaithe ag a ionadaithe pearsanta i ndáileadh a eastáit chun éifeacht a thabhairt do dhiúscairt tiomnach nó do chearta na ndaoine ag a mbeidh teideal ar dhíthiomnacht nó do leithreasú uirthi chun leagáide nó scaire nó leasa san eastát.

[EN]

(4) Beidh feidhm ag na forálacha roimhe seo den alt seo maidir le ranníoc faoi scéim iontaobhais nó faoi chuid de scéim iontaobhais a cheadaigh na Coimisinéirí Ioncaim mar atá feidhm acu maidir le préimh faoi chonradh blianachta a ceadaíodh amhlaidh, faoi réir an mhodhnaithe go gcuirfear, in ionad an choinníll maidir leis an duine lena bhfuil an conradh déanta, coinníoll—

[EN]

(a) gur faoi dhlíthe an Stáit a bunaíodh, agus gur sa Stát a riartar, an scéim nó an chuid réamhráite den scéim,

[EN]

(b) gur bunaíodh an scéim nó an chuid réamhráite den scéim ar mhaithe le pearsana aonair a bhíonn ag gabhail do shlí bheatha áirithe, nó ag a bhfuil baint le slí bheatha áirithe (nó an ceann seo nó an ceann siúd de ghrúpa slite beatha), agus chun blianachtaí scoir a sholáthar dóibh, i dteannta nó d'éagmais foshochar dá dteaghlaigh nó dá gcleithiúnaithe, agus

[EN]

(c) go bhfuil an scéim nó an chuid réamhráite den scéim bunaithe amhlaidh faoi iontaobhais neamh-inchúlghairthe ag comhlacht daoine arb iad formhór na bpearsana aonair iad, nó a ionadaíonn formhór na bpearsana aonair, den sórt sin atá sa Stát,

[EN]

agus faoi réir na n-oiriúnuithe is gá ar thagairtí eile don chonradh nó don duine lena bhfuil an conradh déanta; agus lamhálfar díolúine ó cháin ioncaim i leith ioncaim ó infheistíochtaí nó ó thaiscí aon chiste a cothabháladh chun na críche a dúradh faoi scéim nó faoi chuid de scéim a bhí ceadaithe de thuras na huaire faoin bhfo-alt seo.

[EN]

Conarthaí le haghaidh cleithiúnaithe nó le haghaidh árachais saoil a cheadú.

66.—Leasaítear leis seo Caibidil III de Chuid XII den Acht Cánach Ioncaim, 1967, tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 235:

[EN]

“235A.—(1) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim conradh a rinne pearsa aonair le duine a sheolann go dleathach sa Stát gnó ag tabhairt blianachtaí ar shaoil daoine a cheadú chun críocha na Caibidle seo más rud é—

[EN]

(a) gurb é an príomh-shochar a urraítear leis an gconradh blianacht a sholáthar do bhanchéile nó d'fhearchéile na pearsan aonair nó d'aon chleithiúnaí nó cleithiúnaithe de chuid na pearsan aonair, nó

[EN]

(b) gurb é an t-aon sochar a urraítear leis an gconradh cnapshuim a sholáthar, ar an bpearsa aonair d'fháil bháis roimh 70 bliain d'aois (nó aon aois is sine ná sin a bheidh ceadaithe faoi alt 235 (3) (cc)), a shlánú, ar cnapshuim í is iníoctha lena ionadaithe pearsanta.

[EN]

(2) Ní cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim conradh a dhéanfaidh pearsa aonair le duine den sórt a dúradh faoi fho-alt (1) (a) mura léir leo go gcomhlíonann an conradh sin na coinníollacha seo a leanas, is é sin le rá—

[EN]

(a) go bhfuil aon bhlianacht is iníoctha le baintreach nó fearchéile nó cleithiúnaí na pearsan aonair le tosú ar an bpearsa aonair d'fháil bháis,

[EN]

(b) go bhfuil aon bhlianacht is iníoctha faoin gconradh leis an bpearsa aonair le tosú tráth éigin tar éis don phearsa aonair 60 bliain d'aois a shlánú, agus, mura blianacht í blianacht na pearsan aonair atá le tosú ar bhás duine lenarbh iníoctha blianacht faoin gconradh dá maireadh an duine sin níos faide ná an phearsa aonair, agus nach féidir léi tosú tar éis an tráth a shlánóidh an phearsa aonair 70 bliain d'aois, nó aon aois is sine ná sin a bheidh ceadaithe faoi alt 235 (3) (cc),

[EN]

(c) nach bhforálann an conradh go n-íocfaidh an duine sin aon suim, seachas aon bhlianacht is iníoctha le banchéile nó le fearchéile nó cleithiúnaí na pearsan aonair nó leis an bpearsa aonair ach amháin, i gcás nach dtiocfaidh aon bhlianacht chun bheith iníoctha faoin gconradh, aon suimeanna is iníoctha le hionadaithe pearsanta na pearsan aonair ar mhodh préimheanna a aisíoc, ar mhodh úis réasúnaigh ar phréimheanna nó ar mhodh bónas as brabúis,

[EN]

(d) nach bhforálann an conradh go n-íocfar aon bhlianacht ach amháin le beo an bhlianachtóra,

[EN]

(e) go bhforálann an conradh nach féidir aon bhlianacht is iníoctha faoi a ghéilleadh, a iomalartú ná a shannadh go hiomlán nó go páirteach.

[EN]

(3) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, más oiriúnach leo, agus faoi réir aon choinníollacha is cuí leo a fhorchur, conradh a cheadú faoi fho-alt (1) (a) d'ainneoin nach dealraitheach dóibh go gcomhlíonann sé na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (2) ar dhóigh nó ar dhóigheanna áirithe.

[EN]

(4) Ní bhainfidh fo-alt (2) ná fo-alt (3) d'alt 235 le ceadú conartha faoin alt seo.

[EN]

(5) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim scéim iontaobhais nó cuid de scéim iontaobhais a chomhlíonann na coinníollacha a shonraítear i míreanna (a), (b) agus (c) d'alt 235 (4) ar dhóigh eile a cheadú d'ainneoin gurb í príomhchuspóir an chéanna blianachtaí a sholáthar do bhanchéilí, d'fhearchéilí agus do chleithiúnaithe na bpearsana aonair, nó cnapshuimeanna a sholáthar is iníoctha le hionadaithe pearsanta na bpearsana aonair ar bhás a fháil agus—

[EN]

(a) beidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir leis an gceadú sin,

[EN]

(b) bainfidh forálacha na Caibidile seo leis an scéim nó leis an gcuid den scéim ar í a bheith ceadaithe amhlaidh mar a bhaineann siad le conradh a cheadaítear faoin alt seo,

[EN]

(c) bainfidh an díolúine ó cháin ioncaim a fhoráiltear in alt 235 (4) leis an scéim nó leis an gcuid den scéim arna ceadú amhlaidh.

[EN]

(6) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt sa Chaibidil seo, beidh ar áireamh in aon tagairt sna hAchtanna Cánach Ioncaim do chonradh, do scéim nó do chuid de scéim a bheidh ceadaithe faoi alt 235 tagairt do chonradh, do scéim nó do chuid de scéim a bheidh ceadaithe faoin alt seo.

[EN]

(7) Ní dhéanfaidh ceadú faoin alt seo difear d'fhaoiseamh do bhliain mheasúnachta roimh an mbliain 1974-75.”.

[EN]

Leasú ar alt 236 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus ar Sceideal 5 a ghabhann leis an Acht sin.

67.—(1) Leasaítear leis seo alt 236 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1) agus (2):

[EN]

“(1) I gcás ina mbeidh faoiseamh le tabhairt faoin alt seo maidir le haon phréimh cháilitheach a bheidh íoctha ag pearsa aonair, déanfar, faoi réir forálacha an ailt seo, méid na préimhe sin a asbhaint as a thuilleamh iomchuí, nó a fhritháireamh i gcoinne a thuillimh iomchuí, don bhliain mheasúnachta a íocadh an phréimh.

[EN]

(1A) Faoi réir forálacha an ailt seo agus Sceideal 5, an méid a fhéadfar a asbhaint nó a fhritháireamh aon bhliain mheasúnachta (cibé acu i leith préimhe cáilithí amháin nó níos mó agus cibé acu a áirítear nó nach n-áirítear préimheanna maidir le conradh a ceadaíodh faoi alt 235A)—

[EN]

(a) ní bheidh sé níos mó ná suim £1,500, agus

[EN]

(b) ní bheidh sé níos mó ná 15 faoin gcéad de ghlantuilleamh iomchuí na pearsan aonair don bhliain sin,

[EN]

agus is préimheanna cáilitheacha i leith conarthaí a ceadaíodh faoi alt 235A a bheidh, a mhéid is féidir é, sa mhéid a asbhainfear.

[EN]

(IB) Faoi réir forálacha an ailt seo, an méid a fhéadfar a asbhaint nó a fhritháireamh in aon bhliain mheasúnachta maidir le préimheanna cáilitheacha arna n-íoc faoi chonradh a ceadaíodh faoi alt 235A (cibé acu i leith préimhe amháin den sórt sin nó níos mó)—

[EN]

(a) ní bheidh sé níos mó ná suim £500, agus

[EN]

(b) ní bheidh sé níos mó ná 5 faoin gcéad de ghlantuilleamh iomchuí na pearsan aonair don bhliain sin.

[EN]

(1C) I gcás inar i leith coda den bhliain a bheidh an coinníoll in alt 235 (1) (a) comhlíonta, ansin, cuirfear in ionad na suimeanna £1,500 agus £500 a luaitear i bhfo-ailt (1A) agus (1B) suimeanna a mbeidh idir iad faoi seach agus £1,500 agus £500 an chomhréir chéanna a bheidh idir an chuid sin agus an bhliain iomlán.

[EN]

(2) Más rud é in aon bhliain mheasúnachta go ndéanfaí laghdú nó laghdú níos mó faoin alt seo ar thuilleamh iomchuí pearsan aonair mura mbeadh cúis amháin nó an dá chúis acu seo a leanas, is é sin—

[EN]

(a) neamhdhóthanacht glanthuillimh iomchuí, nó

[EN]

(b) oibriú fho-alt (1B) (b) (maidir le préimh cháilitheach arna híoc faoi chonradh a ceadaíodh faoi alt 235A),

[EN]

déanfar méid an laghdaithe a dhéanfaí mura mbeadh na cúiseanna sin, lúide méid aon laghdaithe a dhéanfar an bhliain sin, a thabhairt ar aghaidh go dtí an bhliain díreach ina dhiaidh sin, agus áireofar, chun críocha faoisimh faoin alt seo, gurb é méid préimhe cáilithí é a íocadh an bhliain díreach ina dhiaidh sin a dúradh.

[EN]

(2A) Mura ndéanfar agus a mhéid nach ndéanfar méid a tugadh ar aghaidh uair amháin faoi fho-alt (2) (agus ar áiríodh gurb é méid préimhe cáilithí é a íocadh an bhliain díreach ina dhiaidh sin a dúradh) a bhaint as glantuilleamh iomchuí na pearsan aonair nó a fhritháireamh in aghaidh an ghlantuillimh sin don bhliain mheasúnachta sin, tabharfar ar aghaidh arís é go dtí an bhliain ina dhiaidh sin arís (agus áireofar gurb é méid préimhe cáilithí é a íocadh an bhliain sin), agus mar sin de do bhlianta dá éis sin.

[EN]

(2B) Beidh éifeacht ag forálacha an fho-ailt seo chun a chinneadh an mbeidh, agus cá mhéad a bheidh, méid a tugadh ar aghaidh faoi fho-alt (2) le háireamh mar mhéid a íocadh faoi chonradh pearsan aonair, nó d'eile, faoi chonradh a ceadaíodh faoi alt 235A.

[EN]

Déanfar aon chuid den mhéid a thabharfar ar aghaidh agus is inchurtha i leith préimhe cáilithí a íocadh faoi chonradh a ceadaíodh faoi alt 235A a áireamh chun críocha na Caibidle seo, nuair a thabharfar ar aghaidh den chéad uair é nó aon uair eile dá éis sin, mar mhéid préimhe cáilithí a íocadh faoi chonradh a ceadaíodh amhlaidh. Déanfar iarmhéid (más ann) na méide a áireamh, nuair a thabharfar ar aghaidh mar sin é, mar phréimh cháilitheach a íocadh faoi chonradh pearsan aonair.

[EN]

San fho-alt seo ciallaíonn ‘conradh pearsan aonair’ conradh blianachta ceadaithe seachas ceann a ceadaíodh faoi alt 235A.

[EN]

(2C) Beidh éifeacht ag fo-ailt (2), (2A) agus (2B) maidir le méideanna a tugadh ar aghaidh ó bhlianta roimh an mbliain 1974-75 agus maidir le blianta dá éis sin freisin.”.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo tuilleadh alt 236 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (10):

[EN]

“(11) I gcás measúnacht iomchuí i leith cánach a theacht chun bheith ina measúnacht chríochnaitheach dhochloíte ar dháta tar éis an 5ú lá de Dheireadh Fómhair sa bhliain mheasúnachta lena mbaineann sí, féadfar préimh cháilitheach a íocadh—

[EN]

(a) i ndiaidh na bliana measúnachta sin, agus

[EN]

(b) tráth nár dhéanaí ná sé mhí tar éis an dáta sin,

[EN]

a áireamh chun críocha an ailt seo, má roghnaíonn an phearsa aonair é tráth nach déanaí ná sé mhí tar éis an dáta sin, mar phréimh a íocadh sa bhliain mheasúnachta (agus ní sa bhliain a íocadh í):

[EN]

Ar choinníoll—

[EN]

(i) más mó méid na préimhe sin, mar aon le haon phréimheanna cáilitheacha a d'íoc sé an bhliain lena mbaineann an mheasúnacht (nó a áirítear a bheith íoctha amhlaidh de bhua aon rogha roimhe sin faoin bhfo-alt seo), ná uasmhéid an laghdaithe is mó is féidir a dhéanamh faoin alt seo ar a thuilleamh iomchuí don bhliain sin, nó

[EN]

(ii) más mó méid na préimhe sin féin ná an méadú ar an uasmhéid sin a leanann as an ioncam ar a ndéantar an mheasúnacht a chur i gcuntas,

[EN]

ansin ní bheidh aon éifeacht ag an rogha maidir leis an mbreis.

[EN]

San fho-alt seo ciallaíonn ‘measúnacht iomchuí i leith cánach’ measúnacht ar thuilleamh iomchuí na pearsan aonair.”.

[EN]

(3) Leasaítear leis seo Sceideal 5 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967

[EN]

(a) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír 1:

[EN]

“1. Faoi réir na míreanna seo a leanas, beidh, i gcás pearsa aonair is sealbhóir oifige nó fostaíochta inphinsin. éifeacht ag fo-ailt (1A) agus (1C) d'alt 236 ach tagairtí do £1,500 lúide 15 faoin gcéad dá dhíolaíochtaí inphinsin don bhliain mheasúnachta a chur in ionad na dtagairtí do £1,500.”,

[EN]

(b) tríd an bhfomhír seo a leanas a chur in ionad fhomhír (b) de mhír 2:

[EN]

“(b) má chomhlíontar an coinníoll tráth den sórt sin agus go gcomhlíontar freisin é tráth i rith na coda eile den bhliain, beidh feidhm ag mír l ach go gcuirfear in ionad 15 faoin gcéad cibé cionúireacht is lú ná sin a bheidh cóir.”, agus

[EN]

(c) tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír 4—

[EN]

“4. Faoi réir mhír 5, beidh éifeacht, i gcás pearsa aonair a rugadh am a shonraítear sa chéad cholún den Tábla atá leagtha amach thíos, ag alt 236 (1A) agus (1C) agus ag Cuid I den Sceideal seo, ach go gcuirfear in ionad na dtagairtí do £1,500 agus do 15 faoin gcéad tagairtí faoi seach don tsuim sin agus don chéatadán sin a shonraítear dá chás sa dara colún agus sa tríú colún den Tábla.

Bliain Bhreithe

An tSuim

An Céatadán

£

1916 nó 1917

..

..

..

1,600

16

1914 nó 1915

..

..

..

1,700

17

1912 nó 1913

..

..

..

1,800

18

1910 nó 1911

..

..

..

1,900

19

1909 nó aon bhliain roimhe

..

2,000

20

[EN]

Onnmhairiú earrai áirithe.

1956, Uimh. 47.

68.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “an Bord” An Bord Bainne Co-operative Limited;

[EN]

ciallaíonn “an Coimisiún” an Coimisiún Muc agus Bagúin;

[EN]

ciallaíonn “táirge bainne” im, im meidhg, uachtar, cáis, bainne comhdhlúite, bainne triomaithe nó púdaraithe, bainne bearrtha triomaithe nó púdaraithe, meadhg triomaithe nó púdaraithe, bruscar seacláide, cáiséin, im-ola, lachtós, agus aon táirge eile a dhéantar go hiomlán nó go formhór as bainne nó as fotháirge bainne agus atá ceadaithe chun críocha an ailt seo ag an Aire Airgeadais tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Talmhaíochta agus Iascaigh;

[EN]

ciallaíonn “táirge muiceola” bagún agus slisneacha bagúin lena n-áirítear liamhás, conablaigh muc agus taobhanna muc agus slisneacha díobh, saill mhuice neamhleáite agus táirgí muiceola cannaithe;

[EN]

ciallaíonn “na hachtacháin iomchuí” Chuid III den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1956, agus Caibidil IV de Chuid XXV dent Acht Cánach Ioncaim, 1967.

[EN]

(2) I gcás—

[EN]

(a) comhlacht corpraithe do tháirgeadh táirge muiceola agus dá dhíol leis an gCoimisiún, agus

[EN]

(b) an Coimisiún d'onnmhairiú an táirge sin as an Stát,

[EN]

roimh an Acht seo a rith nó dá éis, beidh feidhm ag na hachtacháin iomchuí amhail is dá mba é an comhlacht corpraithe a d'onnmhairigh an táirge sin as an Stát, agus aon mhéid is infhaighte ag an gcomhlacht corpraithe as an táirge sin a dhíol leis an gCoimisiún measfar chun críocha na n-achtachán iomchuí gur méid é is infhaighte as earraí a onnmhairíodh amhlaidh a dhíol.

[EN]

(3) I gcás—

[EN]

(a) comhlacht corpraithe do mhonarú táirge bainne agus dá dhíol leis an mBord, agus

[EN]

(b) an Bord d'onnmhairiú an táirge sin as an Stát,

[EN]

roimh an Acht seo a rith nó dá éis, beidh feidhm ag na hachtacháin iomchuí amhail is dá mba é an comhlacht corpraithe a d'onnmhairigh an táirge sin as an Stát, agus aon mhéid is infhaighte ag an gcomhlacht corpraithe as an táirge sin a dhíol leis an mBord measfar chun críocha na n-achtachán iomchuí gur méid é is infhaighte as earraí a onnmhairíodh amhlaidh a dhíol.

[EN]

Leasú ar alt 429 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

1971, Uimh. 23.

69.—Leasaítear leis seo alt 429 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

[EN]

(a) tríd an méid seo a leanas a chur isteach sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (4) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1971)—

[EN]

(i) “nó má athraítear í trí éifeacht a thabhairt do chomhaontú faoi fho-alt (6)” a chur isteach i ndiaidh “an mheasúnacht”, agus

[EN]

(ii) “nó an éifeacht a thugtar don chomhaontú faoi fho-alt (6)” a chur isteach i ndiaidh “ar an achomharc”, agus

[EN]

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis:

[EN]

“(6) Más rud é, tar éis iarratas go ndéanfadh breitheamh den Chúirt Chuarda achomharc a athéisteacht de réir fho-alt (1), go ndéanfar comhaontú de réir brí fhomhíreanna (b), (c) agus (e) d'alt 416 (3) idir an cigire agus an t-achomharcóir maidir leis an measúnacht, tabharfaidh an cigire éifeacht don chomhaontú agus, air sin, más é a bheidh sa chomhaontú go seasfaidh an mheasúnacht nó go leasófar í, beidh an fheidhm agus an éifeacht chéanna ag an measúnacht nó ag an measúnacht leasaithe, de réir mar a bheidh, a bheadh aici dá mba mheasúnacht í nár tugadh aon fhógra achomhairc ina taobh.”

[EN]

agus tá an coinníoll sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

Ar choinníoll, má athraíonn breith an bhreithimh an mheasúnacht nó má athraítear í trí éifeacht a thabhairt do chomhaontú faoi fho-alt (6), ansin—

(a) má bhíonn suim ró-mhór cánach íoctha, déanfar an tsuim nó na suimeanna a ró-íocadh, ach amháin i gcás inar lú ná £1 an t-ús, a aisíoc mar aon le hús de réir an ráta a fhoráiltear le halt 550 (1) ó dháta nó ó dhátaí an tsuim nó na suimeanna a íoc dá dtáinig an ró-íoc go dtí an dáta nó na dátaí a dhéanfar an t-aisíoc; nó

(b) más suim ró-bheag cánach a bheidh íoctha, beidh aon iarmhéid iníoctha ach beidh feidhm ag forálacha alt 550 (2A) ionann is dá mba achomharc chun na gCoimisinéirí Achomhairc an t-achomharc agus dá mba chinneadh ag na Coimisinéirí Achomhairc breith an bhreithimh ar an achomharc nó an éifeacht a thugtar don chomhaontú faoi fho-alt (6).

[EN]

Leasú ar alt 489 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

70.—Leasaítear leis seo alt 489 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, trí “(lena n-áirítear, maidir leis na nithe a luaitear i míreanna (c) agus (d) den fho-alt seo, an Bailitheoir)” a scriosadh agus tá an t-alt sin 489 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(1) In aon imeachtaí sa Chúirt Chuarda nó sa Chúirt Dúiche chun nó maidir le cáin ioncaim nó forcháin a ghnóthú, beidh mionnscríbhinn arna déanamh go cuí ag oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim ag teistiú i dtaobh aon ní de na nithe seo a leanas—

(a) go ndearnadh go cuí an mheasúnacht chánach,

(b) go bhfuil an mheasúnacht tagtha chun bheith críochnaitheach agus dochloíte,

(c) go bhfuil an cháin nó aon chuid shonraithe di dlite agus gan íoc,

(d) gur éilíodh go cuí an cháin a íoc,

ina fianaise, go dtí go gcruthófar a mhalairt, ar na nithe a theisteofar amhlaidh.

[EN]

Deireadh le cáin a ioc trí stampaí.

71.—Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag na hachtacháin seo a leanas, is é sin le rá—

[EN]

(a) alt 130 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus aon rialacháin a rinneadh faoi;

[EN]

(b) an méid sin d'aon rialacháin a rinneadh faoi alt 127 den Acht sin agus a bhaineann le leabhair stampaí;

[EN]

(c) ailt 7 (3) agus 8 (3) agus an coinníoll a ghabhann le halt 9 (a) den Acht Airgeadais, 1968,

[EN]

maidir le cáin don bhliain 1974-75 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin.

[EN]

Daoine áirithe a chlárú mar fhostóirí agus ceanglas fógraí a chur ar aghaidh.

I.R. Uimh. 28 de 1960.

72.—(1) I gcás cúis a bheith ag na Coimisinéirí Ioncaim a chreidiúint go ndlíonn duine áirithe fógra a chur chucu faoi Rialachán 8 de na Rialacháin Chánach Ioncaim (Fostaíochtaí), 1960, agus nach bhfuil sin déanta aige, féadfaidh siad a ainm agus a sheoladh a chlárú sa chlár a choimeádtar agus a chothabháiltear faoi mhír (4) den Rialachán sin 8 (dá ngairtear an clár san alt seo) agus fógra a sheirbheáil air á rá go bhfuil sé cláraithe amhlaidh.

[EN]

(2) I gcás ina seirbheálfar fógra faoi fho-alt (1) ar dhuine, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas—

[EN]

(a) má éilíonn an duine nach ndlíonn sé an fógra réamhráite a chur ar aghaidh, féadfaidh sé, trí fhógra i scríbhinn a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh den tréimhse ceithre lá dhéag ó seirbheáladh an fógra faoi fho-alt (1), a cheangal an t-éileamh a tharchur chun na gCoimisinéirí Achomhairc agus is cinneadh críochnaitheach dochloíte cinneadh na gCoimisinéirí Achomhairc ar an éileamh,

[EN]

(b) mura gceanglaítear éileamh den sórt sin a tharchur laistigh den am a shonraítear i mír (a) nó má cheanglaítear an t-éileamh sin a tharchur agus go ndéanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc cinneadh in aghaidh an achomharcóra, measfar, chun críocha na Rialachán réamhráite, gur fostóir a chuir fógra ar aghaidh faoi mhír (1) den Rialachán sin 8 an duine,

[EN]

(c) má cheanglaítear éileamh a tharchur agus go ndéanfaidh na Coimisinéirí Achomhairc cinneadh i bhfabhar an achomharcóra, bainfidh na Coimisinéirí Ioncaim a ainm agus a sheoladh den chlár air sin.

[EN]

(3) (a) I gcás nach mbeidh duine a bhfuil a ainm agus a sheoladh cláraithe sa chlár faoi dhliteanas, faoi Rialachán 31 de na rialacháin dá dtagraítear i bhfo-alt (1), aon mhéid cánach a sheoladh chuig an mBailitheoir do mhí chánach ioncaim, déanfaidh sé, laistigh den tréimhse naoi lá ó dheireadh na míosa sin, dearbhú sa chéill sin i bhfoirm a bheidh forordaithe ag na Coimisinéirí Ioncaim agus cuirfidh sé an fhoirm sin chuig an mBailitheoir,

[EN]

(b) i gcás duine a bhfuil a ainm agus a sheoladh cláraithe sa chlár do scor de bheith ag íoc díolaíochtaí lena mbaineann Caibidil IV de Chuid V den Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfidh sé é sin in iúl do na Coimisinéirí Ioncaim laistigh den thréimhse ceithre lá dhéag ón dáta a scoir sé de bheith ag íoc na ndíolaíochaí sin.

[EN]

(4) Beidh feidhm ag forálacha alt 128 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, i gcás fo-alt (3) a fhágáil gan chomhlíonadh díreach mar atá feidhm acu i gcás rialacháin faoi Chaibidil IV den Acht sin a fhágáil gan chomhlíonadh.

[EN]

Cóipeanna de rátaí a thabhairt do chigire agus luachálacha a thabhairt ar aird dó.

73.—(1) Ionas go measúnófar an cháin is inmhuirir faoi Sceideal D, déanfaidh an rúnaí, an cléireach, nó an duine a bheidh ag gníomhú sa cháil sin, d'údarás rátúcháin, nuair a cheanglóidh an cigire le fógra air é, cóipeanna dílse den ráta contae nó den ráta bardasach is deireanaí a rinne an t-údarás dá limistéar rátúcháin nó d'aon chuid den limistéar sin a chur chuige laistigh de cibé tréimhse a bheidh sonraithe san fhógra.

[EN]

(2) Íocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim le haon duine den sórt sin costais na gcóipeanna sin go léir a dhéanamh nach mó ná ráta £1 in aghaidh gach céad rátaíocht.

[EN]

(3) Déanfaidh gach duine, ar aon chigire, nó ar aon oifigeach eile a bheidh ag gníomhú ag cur na nAchtanna Cánach Ioncaim i bhfeidhm, á iarraidh sin air, aon suirbhé nó luacháil nó taifead ar a measúnaítear, ar a ndéantar nó ar a mbailítear na rátaí d'aon limistéar rátúcháin, nó d'aon chuid den chéanna, nó aon ráta nó measúnacht a rinneadh faoi aon Acht a bhaineann leis an ráta contae nó leis an ráta bardasach, a bheidh ina choimeád nó ina sheilbh a thabhairt, a luaithe is féidir, ar aird don chigire sin nó don oifigeach sin, de réir mar is iomchuí, agus a cheadú dó an céanna a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh de nó sleachta a thógáil as, gan aon íocaíocht.

[EN]

(4) San alt seo ciallaíonn “údarás rátúcháin”—

[EN]

(a) bardas contae-bhuirge nó buirge eile,

[EN]

(b) comhairle contae, nó

[EN]

(c) comhairle ceantair uirbigh.

[EN]

(5) Leasaítear leis seo Sceideal 15 ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967, trí “An tAcht Airgeadais, 1974, alt 73” a chur isteach i gcolún 2 de.

[EN]

Liúntas gualmhianaigh imeallaigh.

74.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “na hAchtanna a bhaineann le cáin bhrabús corparáide” Cuid V den Finance Act, 1920, agus na hachtacháin ag leasú nó ag leathnú na Coda sin;

[EN]

ciallaíonn “gualmhianach imeallach” gualmhianach sa Stát atá á oibriú chun gual a tháirgeadh agus a dtabharfaidh an tAire Tionscail agus Tráchtála deimhniú ina leith á rá gur deimhin leis má chuirtear na brabúis a fuarthas nó a gheofar as oibriú an mhianaigh sin faoi mhuirear cánach de réir forálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim agus na nAchtanna a bhaineann le cáin bhrabús corparáide, ach gan forálacha an ailt seo a áireamh, gur dócha nach leanfar den mhianach a oibriú.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais, tar éis dul i gcomhairle leis an Aire Tionscail agus Tráchtála, a ordú, maidir le gualmhianach imeallach, go ndéanfar an cháin is inmhuirir ar bhrabúis an mhianaigh sin d'aon bhliain mheasúnachta áirithe nó d'aon tréimhse chuntasaíochta áirithe a laghdú go dtí cibé suim (lena n-áirítear nialas) a shonróidh sé.

[EN]

(3) I gcás duine a bheith ag seoladh trádála ag oibriú gualmhianaigh a dtabharfaidh an tAire Airgeadais ordú ina leith faoi fho-alt 2 maidir le bliain mheasúnachta nó tréimhse chuntasaíochta, tabharfar liúntas mar asbhaint le linn brabúis na trádála sin a bheith á muirearú i leith cánach don bhliain mheasúnachta sin agus mar asbhaint le linn brabúis na trádála sin a bheith á ríomh chun críocha cánach brabús corparáide don tréimhse chuntasaíochta sin agus beidh sa liúntas cibé méid nó méideanna a áiritheoidh go mbeidh an cháin a mhuirearófar i leith brabúis na trádála sin ar cóimhéid leis an tsuim a bheidh sonraithe ag an Aire sin.

Caibidil VI

Cáin Bhrabús Corparáide

[EN]

Díolúintí áirithe ó cháin bhrabús corparáide a bhuanú.

1929, Uimh. 32.

75.—Tabharfar na díolúintí ó cháin bhrabús corparáide a shonraítear in alt 33 (1) den Acht Airgid, 1929, i leith na tréimhse dar tosach an lú lá d'Eanáir, 1974, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1974.

CUID II

Custaim agus Mál

[EN]

Suimeanna beaga dleachta custam a tharscaoileadh.

1962, Uimh. 15.

76.—(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, mura mó ná suim 50 pingin an dleacht custam ar na hearraí a allmhaireofar i gcoinsíneacht nó i mbeartán amháin an lú lá de Mheán Fómhair, 1974, nó dá éis sin, ar an dleacht sin a ríomh de réir na ndlíthe a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire maidir le dleachtanna custam, tarscaoilfear an dleacht.

[EN]

(2) Ní dhéanfar na dleachtanna is inmhuirir ar thobac, biotáille agus fíon a tharscaoileadh faoin alt seo.

[EN]

(3) Ní bhainfidh alt 7 den Acht Airgeadais, 1962, le hearraí a allmhaireofar an lú lá de Mheán Fómhair, 1974, nó dá éis sin.

[EN]

Leasú ar an Finance Act, 1920.

1918, c. 15.

77.—(1) San alt seo ciallaíonn “earraí lena mbaineann an t-alt seo”—

[EN]

(a) na meascáin, na comhdhúile agus na hullmhóidí a luaitear in alt 4 (1) den Finance Act, 1918, a allmhaireofar an lú lá de Lúnasa, 1974, nó dá éis sin, agus a dtugann na Coimisinéirí Ioncaim d'aitheantas dóibh go n-úsáidtear chun críocha liachta iad, agus

[EN]

(b) an bhiotáille a luaitear in alt 4 (2) den Finance Act, 1918, a dúradh, agus a úsáidfear an lú lá de Lúnasa, 1974, nó dá éis sin, ag monarú nó ag ullmhú aon airteagail a aithnítear amhlaidh nó chun críocha eolaíochta.

[EN]

(2) Déanfar an Finance Act, 1920, a leasú, i leith earraí lena mbaineann an t-alt seo, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 4:

[EN]

“4. Section 4 of the Finance Act, 1918 (which provides for the reduction and allowance of duty in respect of spirits used in medical preparations or for scientific purposes), shall apply to the duties on spirits imposed by this Act as it applies to duties on spirits imposed by that Act as though it were herein set out and expressly made applicable thereto, with the substitution for the sums specified in that section as the amount of reduction of duty or repayment of duty, of such sums as will relieve such spirits of the amount of duty payable thereon under this Act.”.

[EN]

Leasú ar alt 21 den Acht Airgid, 1935. 1935, Uimh. 28.

78.—Leasaítear leis seo alt 21 den Acht Airgid, 1935, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (13):

[EN]

“(13A) Féadfaidh aon oifigeach do na Coimisinéirí Ioncaim agus aon chomhalta den Gharda Síochána, aon uair idir 8 a.m. agus 6 p.m. aon lá—

[EN]

(a) dul isteach in aon áitreabh, seachas teaghais, agus é a iniúchadh, agus aon mhótarfheithicil a bheidh á húsáid aige i gcúrsa a dhualgas a thabhairt isteach san áitreabh sin,

[EN]

(b) scrúdú a dhéanamh ar aon ola hidreacarbóin a bheidh ar aon mhótarfheithicil nó in aon mhótarfheithicil san áitreabh sin agus samplaí den ola sin a thógáil,

[EN]

(c) an duine a bheidh i bhfeighil na feithicle sin a cheistiú faoin ola sin, agus

[EN]

(d) más ola hidreacarbóin an ola sin ar arb inmhuirir an dleacht custam sin nó an dleacht máil sin, cruthúnas a iarraidh ar an duine sin gur íocadh an dleacht sin ar an ola sin.”.

[EN]

Leasú ar alt 5 den Acht Airgeadais, 1962.

1932, Uimh. 20.

1934, Uimh. 31.

79.—Leasaítear leis seo alt 5 den Acht Airgeadais, 1962, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5):

[EN]

“(5) Beidh teideal ag gach monaróir ceadúnaithe tobac, an 11ú lá d'Aibreán, 1974, agus dá éis, lacáiste a fháil mar a leanas i leith tobac neamh-mhonaraithe a gheobhaidh sé agus ar a mbeidh an dleacht custam a fhorchuirtear le halt 20 den Acht Airgid, 1932, nó an dleacht máil a fhorchuirtear le halt 19 den Acht Airgid, 1934, íoctha:—

An Ráta Lacáiste

Maidir leis an gcainníocht a gheofar aon bhliain dar tosach an 11ú lá d'Aibreán—

mura mó í ná 50,000 lb

...

£0.45 an lb. ar gach lb. di

más mó í ná 50,000 lb.

...

...

£0.75 an lb. ar gach lb. den chéad 50,000 lb.”.

[EN]

Orduithe a dhaingniú.

80.—Daingnítear leis seo na horduithe a luaitear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

I.R. Uimh. 158 de 1973

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 207) (Dleachtanna Custam agus Foirm na Taraife Custam), 1973.

I.R. Uimh. 249 de 1973

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 208) (Beoir, Biotáille agus Tobac), 1973.

I.R. Uimh. 341 de 1973

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 212) (Dleachtanna Custam agus Foirm na Taraife Custam), 1973.

CUID III

Dleachtanna Stampa

[EN]

Leasú ar alt 65 den Acht Airgeadais, 1973.

81.—(1) Leasaítear leis seo alt 65 den Acht Airgeadais, 1973, tríd an méid seo a leanas a chur leis:

[EN]

“Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an alt seo ach amháin i leith tógáil, athrú nó méadú foirgnimh atá sa limistéar arb é contae-bhuirg Bhaile Átha Cliath agus contae Bhaile Átha Cliath, lena n-áirítear buirg Dhún Laoghaire, é.”.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá de Lúnasa, 1974, nó ar dháta an Achta seo a rith, cibé acu is déanaí.

[EN]

Ordú a chúlghairm. I.R. Uimh. 273 de 1973.

82.—Cúlghairtear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 210) (Dleacht Stampa ar Ionstraimí Áirithe), 1973, amhail ar an agus ón lú lá de Lúnasa, 1974, nó dáta an Achta seo a rith, cibé acu is déanaí.

[EN]

Athrú ar na dleachtanna stampa ar stoic agus urrúis inmhargaidh a thíolacadh agus a aistriú de dhroim díola.

83.—(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, beidh tíolacadh aon stoc nó aon urrús inmhargaidh nó a n-aistriú de dhroim díola, in ionad a bheith inmhuirir le dleacht stampa de réir na rátaí a bheidh i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an ailt seo, inmhuirir leis an dleacht sin de réir na rátaí seo a leanas:

Mura mó ná £5 méid nó luach na comaoine i leith

an díola

...

...

...

...

...

...

...

10p

Más mó ná £5 ach nach mó ná £100 é:—

Ar gach £10 nó cuid de £10 den mhéid nó den

luach sin

...

...

...

...

...

...

20p

Más mó ná £100 ach nach mó ná £300 é:—

Ar gach £20 nó cuid de £20 den mhéid nó den luach

sin

...

...

...

...

...

...

...

40p

Más mó ná £300 é:—

Ar gach £50 nó cuid de £50 den mhéid nó den luach

sin

...

...

...

...

...

...

...

£1

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt seo—

[EN]

(a) maidir le haon tíolacadh nó aistriú ar aon stoc nó ar aon urrús inmhargaidh a eisíodh nó a rinneadh, roimh thosach feidhme an ailt seo nó dá éis sin, ag aon chomhlacht corpraithe a corpraíodh sa Stát nó ag aon chomhlacht daoine a foirmíodh sa Stát nó thar ceann aon chomhlachta den sórt sin, ná

[EN]

(b) maidir le haon tíolacadh nó aistriú ar aon stoc atá cláraithe i mbrainschlár a chothabháiltear sa Stát ag comhlacht corpraithe a corpraíodh lasmuigh den Stát, mura féidir, de réir an dlí atá i bhfeidhm san áit a bhfuil an comhlacht corpraithe sin corpraithe, an tíolacas nó an t-aistriú a chlárú ach sa bhrainschlár amháin,

[EN]

agus, ina ionad sin in aon chás den sórt sin, is í an dleacht stampa is inmhuirir an dleacht stampa ab inmhuirir dá mba nár achtaíodh an t-alt seo.

[EN]

(3) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh an lú lá de Lúnasa, 1974, nó ar dháta an Achta seo a rith, cibé acu is déanaí.

CUID IV

Ilghnéitheach

[EN]

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

1950, Uimh. 18.

84.—(1) (a) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950;

[EN]

ciallaíonn “alt leasaitheach 1973” alt 91 den Acht Airgeadais, 1973;

[EN]

ciallaíonn “an ceathrú blianacht bhreise is fiche” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

[EN]

tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt,

[EN]

(b) na tagairtí san alt seo don bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1974, is tagairtí iad don tréimhse dar tosach an lú lá d'Aibreán, 1974, agus dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1974.

[EN]

(2) Maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais a chríochnóidh an 31ú lá de Nollaig, 1974, beidh éifeacht ag fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1973, faoi réir fho-alt (8) den alt seo, ach “£5,315,286” a chur in ionad “£5,452,955”.

[EN]

(3) Beidh éifeacht ag fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1973, faoi réir fho-alt (8) den alt seo, ach “£3,355,284” a chur in ionad “£3,510,185”.

[EN]

(4) Déanfar suim £4,373,032 chun fuascailt a dhéanamh ar iasachtaí, agus ús ar na hiasachtaí sin, i leith seirbhísí caipitiúla, a mhuirearú go bliantúil, faoi réir fho-alt (8) den alt seo, ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais a chríochnóidh an 31ú lá de Nollaig, 1974.

[EN]

(5) Íocfar an ceathrú blianacht bhreise is fiche isteach sa Chuntas i cibé slí agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.

[EN]

(6) Féadfar aon mhéid den cheathrú blianacht bhreise is fiche nach mó ná £2,815,015 in aon bhliain airgeadais áirithe a úsáid, faoi réir fho-alt (8) den alt seo, chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

[EN]

(7) Déanfar iarmhéid an cheathrú blianacht bhreise is fiche a úsáid in aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

[EN]

(8) I gcás ina ndéanfar, de bhua an ailt seo nó aon achtacháin eile, blianacht chun fuascailt a dhéanamh ar iasachtaí, agus ús ar na hiasachtaí sin, i leith seirbhísí caipitiúla a mhuirearú ar an bPríomh-Chiste nó ar a thoradh fáis agus go bhféadfar méid den bhlianacht sin a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc, ansin—

[EN]

(a) ní dhéanfar ach trí cheathrú den bhlianacht sin a mhuirearú amhlaidh, agus ní fhéadfar ach trí cheathrú den mhéid sin a úsáid amhlaidh, sa bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1974, agus

[EN]

(b) déanfar ceathrú den bhlianacht sin a mhuirearú amhlaidh, agus féadfar ceathrú den mhéid sin a úsáid amhlaidh, sa bhliain airgeadais díreach i ndiaidh na bliana airgeadais deireanaí ina ndéanfaí, ar leith ón bhfo-alt seo, an bhlianacht sin a mhuirearú,

[EN]

agus forléireofar an t-alt seo agus an t-achtachán agus beidh éifeacht acu dá réir sin.

[EN]

Leasú ar an Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927.

1927, Uimh. 7.

85.—(1) Leasaítear leis seo an tAcht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927

[EN]

(a) trí “Dáil Éireann” a chur in ionad “an Coiste um Airgead” in alt 2,

[EN]

(b) tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 4:

[EN]

“4.—Scoirifidh rún faoin Acht seo d'éifeacht reachtúil a bheith aige nuair a tharlóidh cibé ceann de na nithe seo a leanas is túisce a tharlóidh, is é sin le rá:

[EN]

(a) mura ndéanfaidh Dáil Éireann Bille ina mbeidh forálacha sa chéill chéanna (modhnaithe nó gan mhodhnú) leis an rún a léamh an dara huair laistigh den fhiche lá a shuífidh Dáil Éireann tar éis do Dháil Éireann an rún a rith;

[EN]

(b) má dhiúltaíonn Dáil Éireann do na forálacha sin den Bhille sin le linn don Bhille a bheith ag gabháil tríd an Oireachtas;

[EN]

(c) Acht den Oireachtas a theacht i ngníomh agus forálacha ann sa chéill chéanna (modhnaithe nó gan mhodhnú) leis an rún;

[EN]

(d) tréimhse ceithre mhí a bheith caite ón dáta a déarfaidh an rún a bheidh sé le teacht in éifeacht nó, mura mbeidh aon dáta den sórt sin ráite, ó thráth an rúin a rith ag Dáil Éireann.”,

[EN]

(c) trí fho-alt (2) d'alt 5 a scriosadh, agus

[EN]

(d) trí “Dáil Éireann” a chur in ionad “an Coiste um Airgead” in alt 6 (1) (a),

[EN]

agus tá na hailt sin 2 agus 6 (1) (a), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

[EN]

(2) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.

AN TABLA

2.—Pé uair a rithfidh Dáil Éireann rún (dá ngairmtear san Acht so rún fén Acht so) le na mbeartuítear—

(a) cáin nua atá luaidhte sa rún d'fhorchur, nó

(b) buan-cháin áirithe do bhí i bhfeidhm díreach roimh dheire na bliana airgeadais roimhe sin do mhéadú, do laigheadú, nó d'atharú ar aon tslí eile, nó deire do chur léi, nó

(c) cáin shealadach áirithe do bhí i bhfeidhm díreach roimh dheire na bliana airgeadais roimhe sin d'athnuachaint (pe'ca do réir an ráta chéanna é nó do réir ráta eile agus pe'ca atharófar nó ná hatharófar í) ó dháta a dul in éag go rialta nó ó dháta is luatha ná san nó do chur as feidhm ar dháta a dul in éag go rialta,

agus go ndeirtear sa rún go bhfuil sé oiriúnach ar mhaithe leis an bpuiblíocht éifeacht reachtúil do bheith ag an rún fé fhorálacha an Achta so, beidh ag an rún, fé réir forálacha an Achta so, éifeacht reachtúil fé is dá mbeadh sé in Acht den Oireachtas.

(1) (a) go ndéanfar, mura rithfidh Dáil Éireann laistigh de dhá mhí tar éis dul in éag don cháin rún fén Acht so ag athnuachaint na cánach (tar éis atharú nó gan atharú do dhéanamh), méid na híocaíochta nó na lascaine sin d'aisíoc nó do dhéanamh suas ar bheith caithte don dá mhí sin, agus

[EN]

Aisghairm.

86.—Déantar leis seo gach achtachán a luaitear i gcolún (2) den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1974.

[EN]

Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.

87.—Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna uile a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

1891, c. 39.

88.—(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1974, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Déanfar Cuid I den Acht seo (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim, lena n-áirítear forcháin) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin bhrabús corparáide) a fhorléiriú i dteannta Chuid V den Finance Act, 1920, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú na Coda sin.

[EN]

(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le custaim, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam agus déanfar an Chuid sin II, a mhéid a bhaineann sí de dleachtanna máil, a fhorléiriú i dteannta na Reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

[EN]

(4) Forléirofar Cuid III den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

[EN]

(5) Ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráiteach i gCuid I den Acht seo, measfar gur tháinig an Chuid sin i bhfeidhm agus glacfaidh sí éifeacht amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1974.

[EN]

(6) Ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi.

AN CHEAD SCEIDEAL

Leasú Achtachán

Alt 6.

CUID I

Leasuithe de dhroim athruithe ar fhaoisimh phearsanta

1. Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967, de réir na bhforálacha seo a leanas den mhír seo:

(i) In alt 137, cuirfear “ailt 138 go 143, alt 145, alt 12 den Acht Airgeadais, 1967, alt 3 den Acht Airgeadais, 1969, alt 11 den Acht Airgeadais, 1971, agus alt 8 den Acht Airgeadais, 1974,” in ionad “ailt 138 go 143”; agus cuirfear “ioncam iomlán” in ionad “ioncam inmheasúnaithe”.

(ii) In alt 138—

(a) i bhfo-alt (1), cuirfear “£800” in ionad “£494” gach áit a bhfuil sé; cuirfear “£500” in ionad “£299” agus cuirfear “£900” in ionad “£594”,

(b) i bhfo-alt (2), cuirfear “£500” in ionad “£299” gach áit a bhfuil sé agus cuirfear “£550” in ionad “£324”, agus

(c) i bhfo-alt (3), cuirfear “£200, nó méid an ioncaim thuillte sin más lú é” in ionad “méid is comhionann le trí cheathrú de mhéid an ioncaim thuillte sin ach nach mó in aon chás ná £104”.

(iii) In ailt 139 agus 140, cuirfear “£140” in ionad “£100” gach áit a bhfuil sé.

(iv) In alt 141—

(a) cuirfear na míreanna seo a leanas in ionad mhíreanna (a) agus (b) d'fho-alt (1A)—

“(a) i gcás leanbh lena mbaineann mír (a) nó (b) (i) den fho-alt sin, £200, nó

(b) i gcás leanbh lena mbaineann mír (aa) nó (b) (ii) den fho-alt sin, £270.”,

(b) i mír (c) d'fho-alt (1A), cuirfear “£270” in ionad “£220” gach áit a bhfuil sé,

(c) scríosfar fo-ailt (1AA) agus (1AAA),

(d) i bhfo-alt (1B), scriosfar an míniú ar “liúntas leanaí”.

(v) In alt 143—

(a) cuirfear “ioncam iomlán” in ionad “ioncam inmheasúnaithe” gach áit a bhfuil sé, agus

(b) i bhfo-alt (1), scriosfar “(gan forcháin a áireamh)”.

(vi) In ailt 146 agus 149, in ionad “ailt 134 go 145”, gach áit a bhfuil sé, cuirfear “ailt 138 go 145”.

(vii) In alt 153—

(a) scriosfar míreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (1).

(b) i mír (d) d'fho-alt (1), cuirfear “ioncam iomlán” in ionad “ioncam inmheasúnaithe” agus cuirfear “le hailt 138 go 143 agus le halt 145” in ionad “le hailt 138 go 143” agus cuirfear “agus le halt 8 den Acht Airgeadais, 1974” isteach i ndiaidh “1971”,

(c) cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (dd) d'fho-alt (1)—

“(dd) ní bheidh sé i dteideal shochar na forála atá in alt 3 (2) den Acht Airgeadais, 1974 (trínar de réir an ráta cánach laghdaithe is inmhuirir in imthosca áirithe an chéad £1,550 d'ioncam inchánach) agus, dá réir sin, muirearófar cáin air de réir an ráta chaighdeánaigh cánach ar an gcuid sin dá ioncam nach mó ná £4,350.”

(d) i bhfo-alt (2), cuirfear an méid seo a leanas in ionad na bhfocal go léir ó “maidir leis an bpearsa aonair sin”—

“ach, i gcás na pearsan aonair sin, déanfar méid aon liúntais, asbhainte, nó sochair eile den sórt a luaitear san fho-alt sin a laghdú go dtí méid a mbeidh idir é agus méid iomlán an liúntais, na hasbhainte nó an tsochair eile sin an chomhréir chéanna atá idir an chuid dá ioncam is inmhuirir i leith cánach Éireannaí agus a ioncam iomlán ó gach bunadh (lena n-áirítear ioncam nach inmhuirir i leith cánach Éireannaí).”.

(viii) In alt 193—

(a) i bhfo-alt (2) (a), cuirfear “145,” isteach i ndiaidh “143,”,

(b) scriosfar míreanna (b), (d) agus (e) d'fho-alt (2).

(c) i bhfo-alt (2) (f), cuirfear “iomlán” in ionad “inmheasúnaithe”,

(d) scriosfar fo-alt (2A), agus

(e) scriosfar fo-alt (6) agus cuirfear na fo-ailt seo a leanas ina ionad:

“(6) San alt seo ciallaíonn ‘faoisimh phearsanta’ faoiseamh faoi aon alt acu seo a leanas:

(a) ailt 138 go 145 agus 151 agus 152,

(b) alt 12 den Acht Airgeadais, 1967,

(c) alt 3 den Acht Airgeadais, 1969,

(d) alt 11 den Acht Airgeadais, 1971, agus

(e) alt 8 den Acht Airgeadais, 1974.

(7) Beidh an méid ioncaim inchánach a mhuirearófar de réir aon ráta de na rátaí a shonraítear in alt 3 den Acht Airgeadais, 1974, i gcomhréir le méideanna ioncam iomlán faoi seach an fhearchéile agus an bhanchéile agus ní bheidh sé níos mó ná méid iomlán an ioncaim inchánach a mhuirearófaí de réir aon ráta de na rátaí sin dá mba nach raibh éifeacht i leith na bliana sin ag iarratas faoi alt 197.”.

2. In alt 3 den Acht Airgeadais, 1969, cuirfear “£140” in ionad “£100”, cuirfear “iomlán” in ionad “inmheasúnaithe” agus cuirfear “138” in ionad “134”.

3. In alt 11 den Acht Airgeadais, 1971, cuirfear “£140” in ionad “£100”, cuirfear “iomlán” in ionad “inmheasúnaithe” gach áit a bhfuil sé agus cuirfear “£280” in ionad “£200”.

CUID II

Leasuithe de dhroim na n-ard-rátaí cánach ioncaim a achtú

Alt 11.

1. Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967, de réir na bhforálacha seo a leanas den mhír seo:

(i) In alt 115 (1) (b) cuirfear “faoi alt 525 i leith cánach de réir na n-ard-rátaí” in ionad “i leith forchánach faoi alt 525”.

(ii) In alt 127—

(a) i bhfo-alt (1) (a) cuirfear “cibé ráta nó rátaí cánach in aghaidh na bliana de réir mar a shonrófar” in ionad “an ráta cánach ioncaim in aghaidh na bliana”,

(b) i bhfo-alt (1) (e), cuirfear isteach “agus de réir na n-ard-rátaí” i ndiaidh “an ráta chaighdeánaigh”,

1970, Uimh. 14.

(c) scriosfar fo-alt (1) (ff) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais 1970),

(d) i bhfo-alt (3) (a), scriosfar fomhír (ii),

(c) i bhfo-alt (3) (b), scriosfar “(gan forcháin a áireamh)”, agus

(f) scriosfar fo-alt (3) (c).

(iii) In alt 133 (1)—

(a) i mír (c) scriosfar “chun críocha forchánach” agus cuirfear “cáin de réir na n-ard-rátaí” in ionad “forcháin”, agus

(b) cuirfear an coinníoll seo a leanas leis:

“Ar chionníoll, i gcás ina ndéanfar aon mheasúnacht den sórt sin, go dtabharfar creidmheas i leith méid aon chánach a baineadh nó a mheastar a bheith inbhainte as na díolaíochtaí sin.”.

(iv) In alt 195—

(a) i bhfo-alt (1), scriosfar “nó sa bhforcháin”, agus

(b) i bhfo-alt (3) (b), scriosfar “ioncaim nó forcháin”.

(v) In alt 233 (2)—

(a) i mír (b), cuirfear “seachas na críocha dá dtagraítear i mír (c)” in ionad “(gan forcháin a áireamh)” agus cuirfear “agus murar mhó an ráta cánach ná an ráta caighdeánach in aghaidh gach bliana” isteach i ndiaidh “a íoc”,

(b) cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (c):

“(c) déanfar na ranníocaí a bheidh aisíoctha, a mhéid a lamháladh iad mar asbhaintí faoi fho—alt (1), a áireamh, in aon chás a mbeadh ioncam inmhuirir i leith cánach de réir na n-ard-rátaí mura mbeadh na hasbhaintí sin, mar ioncam, is inmheasúnaithe i leith cánach faoi Chás IV de Sceideal D, de chuid na mblianta leithleacha measúnachta dar lamháladh amhlaidh iad agus féadfar aon mheasúnachtaí eile is gá i leith cánach a dhéanamh dá réir sin agus le linn an méid cánach is iníoctha in aghaidh gach bliana a bheith á chinneadh lamhálfar mar chreidmheas suim ar cóimhéid leis an méid breise cánach don bhliain sin arna ríomh chun críocha mhír (b).”.

(vi) In alt 406 (5)—

(a) scriosfar “agus forchánach”; agus

(b) cuirfear “a dhliteanas iomlán i leith na cánach sin go dtí an méid arbh é a dhliteanas é” in ionad “a dhliteanais iomlána i leith na gcánacha sin go dtí an méid arbh é a dhliteanais é”.

(vii) In alt 434 (1), cuirfear an focal “caighdeánach” isteach i ndiaidh an fhocail “ráta”.

(viii) In alt 435 (1), cuirfear “ráta is lú ná an ráta caighdeánach” in ionad “ráta laghdaithe” gach áit a bhfuil sé.

(ix) In alt 451 (5), cuirfear “chun a ioncam iomlán a ríomh” in ionad “chun críocha forchánach” sa choinníoll.

(x) In alt 488—

(a) i bhfo-alt (1), scriosfar “forchánach nó cánach brabús corparáide” agus cuirfear “maidir leis an gcáin sin” in ionad “maidir le haon cheann de na cánacha sin”; agus

(b) i bhfo-alt (5) (a), cuirfear “ón gcosantóir “in ionad “den chosantóir”.

(xi) In alt 497 cuirfear an fhoráil seo a leanas in ionad na forála roimh an gcoinníoll—

“Aon aisíoc cánach ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta a mbeidh teideal ag duine ar bith chuige maidir le haon asbhaint a lamháladh faoi ailt 138 go 145, faoi alt 12 den Acht Airgeadais, 1967, faoi alt 3 den Acht Airgeadais, 1969, faoi alt 11 den Acht Airgeadais, 1971, nó faoi alt 8 den Acht Airgeadais, 1974, déanfar é, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo, de réir an ráta chaighdeánaigh cánach, nó de réir an ard-ráta nó na n-ard-rátaí, de réir mar a bheidh, agus aon aisíoc cánach d'aon bhliain mheasúnachta a mbeidh teideal ag duine ar bith chuige maidir leis an ráta laghdaithe, déanfar é, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt leis an Acht seo, de réir ráta ar cóimhéid leis an difear idir an ráta ar dá réir a íocadh an cháin, trí asbhaint nó eile, agus an ráta laghdaithe”.

(xii) In alt 525 (1), in ionad na bhfocal go léir i ndiaidh fhomhír (c) ach roimh an gcoinníoll, cuirfear—

“déileálfar leis an tsuim sin chun ríomh a dhéanamh ar ioncam iomlán na pearsan aonair sin mar a fuair sé é tar éis cáin a bhaint as suim chomhlán chomhréireach, agus—

(i) in aon mheasúnacht a dhéanfar ar an bpearsa aonair déileálfar leis mar dhuine a d'íoc cáin de réir an ráta laghdaithe ar an méid sin den chéanna is inmhuirir de réir an ráta laghdaithe agus de réir an ráta chaighdeánaigh ar an méid sin de is inmhuirir de réir an ráta chaighdeánaigh agus na n-ardrátaí;

(ii) ní aisíocfar aon cháin a measfar de bhua fhomhír (i) í a bheith íoctha, agus

(iii) measfar chun críche ailt 433 agus 434 den Acht nár cuireadh an méid sin faoi mhuirear cánach.”.

(xiii) In alt 528—

(a) cuirfear “cánach” in ionad “forchánach” gach áit a bhfuil sé, agus cuirfear “an méid iomlán ioncaim” in ionad “an méid iomlán cánach”;

(b) i bhfo-alt (1) (a), cuirfear “ó gach bunadh, cibé acu is inmhuirir i leith cánach é trí asbhaint nó eile,” isteach i ndiaidh “ioncaim iomláin pearsan aonair”; agus

(c) cuirfear le fo-alt (1) “agus, le linn dó a bheith ag ríomh na cánach is iníoctha, measfaidh sé an méid cánach a bheidh le creidiúnú faoi alt 133 agus faoi alt 4 den Acht Airgeadais, 1974.”.

(xiv) In alt 530—

(a) cuirfear “cánach de réir na n-ard-rátaí” in ionad “forchánach” sa chéad áit a bhfuil sé agus cuirfear tagairt do cháin in ionad na tagartha do fhorcháin i ngach áit eile; agus

(b) cuirfear an fo-alt seo a leanas isteach i ndiaidh fho-alt (8):

“(9) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim rialacháin a dhéanamh chun an t-alt seo a chur in éifeacht.”.

(xv) In alt 543—

(a) cuirfear “cáin” in ionad “forcháin” sa chéad áit a bhfuil sé agus cuirfear “faoi alt 530” isteach i ndiaidh “a ghnóthú”; agus

(b) scriosfar “, i gcás rialacháin a bhaineann le forcháin, laistigh den daichead lá,”.

(xvi) I Sceideal 1, Cuid I, mír 1 (c), cuirfear “chaighdeánaigh” isteach i ndiaidh “ráta”.

(xvii) I Sceideal 1, Cuid II, mír 1 (b), cuirfear “chaighdeánaigh” isteach i ndiaidh “ráta”.

(xviii) I Sceideal 16, míreanna 8 agus 9, scriosfar “ioncaim” gach áit a bhfuil sé.

2. Leasaítear leis seo alt 12 (2) den Acht Airgeadais, 1967, trí “ioncam iomlán” a chur in ionad “ioncam inmheasúnaithe” sa dá áit a bhfuil sé.

3. Leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1968, de réir na bhforálacha seo a leanas den mhír seo:

(i) In alt 3—

(a) i bhfo-alt (2),

(i) scriosfar “agus forchánach” sa dá áit a bhfuil sé agus scriosfar “agus forcháin” in bhfomhír (b),

(ii) scriosfar “comhshuim”,

(iii) cuirfear “an méid” in ionad “na méideanna” i mír (a), agus

(iv) cuirfear “ráta arna dhéanamh amach” in ionad “rátaí arna ndéanamh amach faoi seach”; agus

(b) i bhfo-alt (3),

(i) cuirfear “an cháin ioncaim bhreise” in ionad “na méideanna breise cánach ioncaim” sa dá áit a bhfuil sé,

(ii) scriosfar “agus forchánach faoi seach” gach áit a bhfuil sé,

(iii) cuirfear “an méid dá dtagraítear” in ionad “na méideanna dá dtagraítear”, agus

(iv) cuirfear “an ráta” in ionad “na rátaí”.

(ii) In alt 34 (6)—

(a) scriosfar “agus forchánach”; agus

(b) cuirfear “a dhliteanas iomlán i leith na cánach sin go dtí an méid arbh é a dhliteanas é” in ionad “a dhliteanais iomlána i leith na gcánacha sin go dtí an méid arbh é a dhliteanais é”.

AN DARA SCEIDEAL

Achtacháin a Aisghairtear

Alt 86.

CUID I

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 7 de 1927

An tAcht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927.

In alt 1, sa mhíniú ar “cáin” na focail “agus barra-cháin”.

In alt 3, na focail “no barra-cháin” agus na focail “nó le barra-cháin i gcoitinne”.

Uimh. 12 de 1942

An tAcht Cánacha agus Diúitéithe (Tosca Speisialta), 1942.

In alt 3 (1), na focail “agus forchánach”.

In alt 10 (2), na focail “nó forcháin”.

Uimh. 6 de 1967

Am tAcht Cánach Ioncaim, 1967.

In alt 2 (2) (c), na focail “faoi alt 134 nó”.

In alt 3, na focail “nó forcháin”.

In alt 70 (1) (c), na focail “(lena n-áirítear forcháin)”.

In alt 116 (1), na focail “(lena n-áirítear forcháin)”.

In alt 117 (1), na focail “(lena n-áirítear forcháin)”.

Ailt 134, 135 agus 136.

Alt 144 (3).

In alt 145 (1), an míniú ar “ioncam iomlán”.

In alt 162 (2), na focail “agus forchánach”.

In alt 172 (1) (c), na focail “(lena n-áirítear forcháin)”.

In alt 187 (1), na focail “agus forchánach”.

Alt 188 (2).

In alt 191 (2), na focail “(lena n-áirítear aon fhaoiseamh iarmartach ó fhorcháin),”.

In alt 191 (3), na focail “nó forcháin”

In alt 192 (1), na focail “(lena n-áirítear forcháin)”.

In alt 194 (1) (a), na focail “nó forchánach”.

In alt 196, na focail “(lena n-áirítear forcháin)” gach áit a bhfuil siad.

Alt 198.

In alt 231 (2), na focail “agus na forchánach”, “agus forchánach” agus “agus forcháin”.

In alt 231 (3), na focail “agus forchánach faoi seach” gach áit a bhfuil siad agus na focail “agus forchánach” i mír (b).

Alt 236 (10).

In alt 288 (2), na focail “(seachas forcháin)” gach áit a bhfuil siad.

In alt 291, na focail “(lena n-áirítear forcháin)” agus “iomlán cánach ioncaim ab iníoctha aige” a chur in ionad “tsuim sin a fháil a laghdú ionas nach mbeidh sí níos mó ná an méid” sa dara háit a bhfuil na focail sin.

In alt 293, na focail “(lena n-áirítear forcháin)” gach áit a bhfuil siad.

In alt 329 (1) (b), na focail “agus forchánach”.

In alt 332 (1) (b) na focail “agus forchánach”.

In alt 344 (4), an miniú ar “ioncam iomlán”.

In alt 345, na focail “ná forcháin” agus “nó forcháin”.

In alt 356 na focail “agus forcháin” gach áit a bhfuil siad agus na focail “agus forchánach” agus “agus na forchánach”.

In alt 361, an focal “, forchánach”.

In alt 365, na focail “, nó cáin ioncaim agus forcháin” agus “nó na cánach ioncaim agus na forchánach”.

In alt 365 (2), na focail “nó d'fhorcháin”,

In alt 365 (4), na focail “, na forchánach (más ann)” agus “agus forchánach (más ann)”.

In alt 366 (b), na focail “(lena n-áirítear forcháin)”.

In alt 387—

(a) i bhfo-alt (3) (a), “ná chun críche forchánach”, agus

(b) fo-alt (4) (c).

Alt 396 (4).

Alt 410 (4).

Alt 416 (11).

In alt 419, na focail “nó forchánach” gach áit a bhfuil siad.

In alt 420, na focail “nó forchánach”.

In alt 441 (1), na focail “nó forcháin”.

In alt 446 (1), na focail “nó forcháin”.

In alt 465, na focail “(lena n-áirítear forcháin)”.

Alt 485 (3) agus (4).

In alt 486 (1), na focail “nó forcháin”.

In alt 489 (1), na focail “nó forcháin”.

In alt 491 (1), na focail “nó le forcháin” gach áit a bhfuil siad.

In alt 492 (1), na focail “nó forcháin”.

In alt 493, na focail “nó forchánach”.

In alt 501 (1) (c), na focail “nó forchánach”.

In alt 502 (2), aisghairtear an focal “folaíonn” agus cuirtear “nífholaíonn” ina ionad agus aisghairtear “forcháin, ach amháin nach bhfolaíonn siad”.

In alt 505, na focail “nó forchánach”.

In alt 511, na focail “nó forcháin”.

In alt 521, na focail “nó forcháin” gach áit a bhfuil siad.

Ailt 522, 523 agus 524.

Ailt 526 agus 527.

Alt 532.

In alt 539 (1), na focail “nó forcháin”.

In alt 547 (3), an míniú ar “ioncam iomlán”.

In alt 549 (1), an míniú ar “cáin”.

In alt 550, na focail “, forchánach nó cánach brabús corparáide” agus “nó forchánach”.

In alt 551 (2), mír (b).

In alt 552 (2), na focail “nó forchánach’ gach áit a bhfuil siad.

In alt 554 (4), na focail “agus forchánach”.

In alt 555, na focail “nó forchánach”.

In alt 556 (1), an focal “, forcháin”.

In alt 559 (1), an focal “, forcháin”.

I Sceideal 6, Cuid II, mír 1, na focail “(lena n-áirítear forcháin)” gach áit a bhfuil siad.

I Sceideal 6, Cuid III, mír 3 (1), na’ focail “nó ó fhorcháin”.

I Sceideal 10, mír 1 (1), an míniú ar “cain ioncaim”.

I Sceideal 10, mír 1 (1), an míniú ar “ioncam iomlán”.

I Sceideal 10, mír 1 (1), sa mhíniú ar “na cánacha Éireannacha”, na focail “(lena n-áirítear forcháin)”.

I Sceideal 10, mír 5 (1) (a), na focail “, ach nach inmhuirir forcháin,”.

I Sceideal 10, mír 5 (1) (b) agus an coinníoll.

I Sceideal 15, colún 1, an tagairt d'alt 526 (2).

I Sceideal 15, colún 2, an tagairt d'alt 527.

I Sceideal 15, colún 3, an tagairt d'alt 526 (3).

Uimh. 7 de 1967

An tAcht Cánach Ioncaim (Leasú), 1967.

Sa dara mír den réamhrá, na focail “(lena n-áirítear forcháin)”.

Uimh. 7 de 1968

An tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968.

In alt 3 (6), míreanna (a), (b), (c) (i) agus (c) (iv) agus alt 23 (4).

Uimh. 33 de 1968

An tAcht Airgeadais, 1968.

In alt 6 (2) (a), na focail “agus forchánach”.

In alt 37 (6), na focail “, forchánach”.

In alt 48 (2), na focail “, lena n-áirítear forcháin”.

Uimh. 37 de 1968

An tAcht Airgeadais (Uimh. 2), 1968.

In alt 8, na focail “(lena n-áirítear forcháin)”,

In alt 11 (4), na focail “lena n-áirítear forcháin”.

Uimh. 21 de 1969

An tAcht Airgeadais, 1969.

In alt 63 (1), na focail “(lena n-áirítear forcháin)”.

In alt 67 (2), na focail “lena n-áirítear forcháin)”.

Uimh. 14 de 1970

An tAcht Airgeadais, 1970.

In alt 19 (5), na focail “(lena n-áirítear forcháin)”.

In alt 62 (2), na focail “, lena n-áirítear forcháin”.

Uimh. 23 de 1971

An tAcht Airgeadais, 1971.

In alt 20 (2), na focail “nó forchánach”.

Uimh. 19 de 1972

An tAcht Airgeadais, 1972.

Alt 1 (1).

In alt 48 (2), na focail “, lena n-áirítear forcháin”.

Uimh. 19 de 1973

An tAcht Airgeadais, 1973.

In alt 33 (1) (d), an focal “, forcháin”.

In alt 33 (6), na focail “(lena n-áirítear forcháin)”.

In alt 98 (2), na focail “, lena n-áirítear forcháin”.

CUID II

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 19 de 1972

An tAcht Airgeadais, 1972.

In alt 13—

(a) i bhfo-alt (1), na mínithe ar “gnáth-scairchaipiteal”, “stiúrthóir dílseánaigh” agus “fostaí dílseánaigh”, agus

(b) fo-alt (3).