Uimhir 28 de 1960.
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH (FORÁLACHA ILGHNÉITHEACHA), 1960.
[An tiontú oifigiúil.]
Léiriú.
1908, c.40.
1911, c.16.
1.—(1) San Acht seo, muran léir a mhalairt d'intinn—
ciallaíonn “Acht 1908” an Old Age Pensions Act, 1908;
ciallaíonn “Acht 1911” an Old Age Pensions Act, 1911;
ciallaíonn “Acht 1952” an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952;
ciallaíonn “na hAchtanna” Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1960;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Leasa Shóisialaigh;
ciallaíonn “pinsean” pinsean faoi na hAchtanna;
ciallaíonn “oifigeach leasa shóisialaigh” oifigeach dá dtagraítear de bhua alt 24 den Acht seo mar oifigeach leasa shóisialaigh.
(2) Muran léir a mhalairt d'intinn, ní fholaíonn na tagairtí atá san Acht seo do na hAchtanna nó do na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1960, tagairtí don Acht seo.
Méadú ar rátaí pinsean seanaoise.
2.—Déantar leis seo gach ceann ar leith de na rátaí 27s. 6d., 22s. 6d., 17s. 6d. agus 12s. 6d., atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann le fo-alt (2) d'alt 77 d'Acht 1952 de bhua alt 1 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1959, a mhéadú 1s. 0d.
Méadú ar rátaí cúnaimh dhífhostaíochta.
1933. Uimh. 46.
3.—San Acht um Chúnamh Dhíomhaointis, 1933, déantar leis seo an méid seo a leanas a chur in ionad an Sceidil a cuireadh leis an Acht sin le halt 2 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1959:
“AN SCEIDEAL.
Na Rátaí Cúnaimh Dhífhostaíochta.
Na haicmí daoine lena mbaineann na rátaí cúnaimh dhífhostaíochta atá leagtha amach sa Sceideal seo. | An ráta cúnaimh dhífhostaíochta a bhaineann le daoine atá ina gcónaí in aon limistéar uirbeach. | An ráta cúnaimh dhífhostaíochta a bhaineann le daoine atá ina gcónaí in aon áit eile. |
Sa tseachtain | Sa tseachtain | |
Duine gan cleithiúnaí ... | 20s. 0d. | 14s. 0d. |
Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe ... ... | 34s. 6d. | 26s. 6d. |
Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus leanbh cleithiúnach amháin ... | 41s. 6d. | 32s. 6d. |
Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus beirt leanaí cleithiúnacha nó níos mó ... ... | 47s. 6d. | 37s. 6d. |
móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanaí cleithiúnacha ann, 1s. 0d. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt. | móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanaí cleithiúnacha ann, 1s. 0d. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt. | |
Duine ag a bhfuil aon leanbh cleithiúnach amháin ... | 27s. 0d. | 20s. 6d. |
Duine ag a bhfuil beirt leanaí cleithiúnacha nó níos mó ... ... ... | 33s. 0d. | 25s. 0d. |
móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanaí cleithiúnacha ann, 1s. 0d. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt. | móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanaí cleithiúnacha ann, 1s. 0d. i leith gach linbh chleithiúnaigh de bhreis ar bheirt. |
”
Méadú ar rátaí pinsean (neamhranníocach).
4.—I dTábla B a ghabhann le halt 20 den Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935, is é sin, an t-alt a cuireadh isteach le halt 105 d'Acht 1952, cuirtear, tríd seo, na rátaí atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo in ionad na rátaí atá, de bhua alt 3 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1959, leagtha amach sa Tábla sin B.
AN TÁBLA.
Rátaí Seachtainiúla Pinsean (Neamhranníocach) Baintreach.
Rátaí Seachtainiúla | ||||
Acmhainn na Baintrí | Baintreach, gan aon leanbh cáilithe | Baintreach, leanbh cáilithe amháin | Baintreach, beirt leanaí cáilithe nó níos mó | |
(1) | (2) | (3) | (4) | |
scilling | scilling | scilling | ||
Má bhíonn acmhainn bhliantúil na baintrí arna ríomh go cuí— | ||||
gan bheith níos mó ná £52 10s. 0d. | 27 | 36 | 44 | Móide, má bhíonn níos mó ná beirt leanaí cáilithe ann, 3 scilling agus 6 phingin i leith gach linbh cháilithe de bhreis ar bheirt. |
níos mó ná £52 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £65 10s. 0d. | 22 | 31 | 39 | |
níos mó ná £65 10s. gan bheith níos mó ná £78 10s. 0d. | 17 | 26 | 34 | |
níos mó ná £78 10s. 0d. gan bheith níos mó ná £104 15s. 0d. | 12 | 21 | 29 | |
níos mó ná £104 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £117 15s. 0d. | Neamhní | 9 | 17 | |
níos mó ná £117 15s. 0d. gan bheith níos mó ná £130 15s. 0d. | Neamhní | Neamhní | 9 | |
níos mó ná £130 15s. 0d. ... ... | Neamhní | Neamhní | Neamhní |
Méadú ar rátaí pinsean (neamhranníocach dílleachtaí.
5.—Sa Tábla a ghabhann le halt 25 den Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935, is é sin, an t-alt a cuireadh isteach le halt 106 d'Acht 1952, cuirtear, tríd seo, na rátaí atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo in ionad na rátaí atá leagtha amach sa Tábla sin.
AN TÁBLA.
Rátaí Seachtainiúla Pinsean (Neamhranníocach) Dílleachtaí.
Acmhainn an dílleachta | Na rátaí seachtainiúla | ||||||||
|
| s. | d. | ||||||
Má bhíonn acmhainn bhliantúil an dílleachta, arna ríomh go cuí— | |||||||||
gan bheith níos mó ná £6 12s. 6d. | ... | ... | ... | 15 | 0 | ||||
níos mó ná £6 12s. 6d. gan bheith níos mó ná £13 2s. 6d. | 11 | 6 | |||||||
,, ,, ,, £13 2s. 6d. ,, ,, ,, ,, ,, £19 12s. 6d. | 7 | 6 | |||||||
,, ,, ,, £19 12s. 6d. ,, ,, ,, ,, ,, £26 5s. 0d. | 4 | 0 | |||||||
,, ,, ,, £26 5s. 0d. | ... | ... | ... | ... | ... | Neamhní |
Pinsin a íoc le daoine a chónaíonn i dTuaisceart Éireann.
6.—I gcás ina raibh duine, a rachaidh nó a chuaigh chun cónaithe i dTuaisceart Éireann, ag fáil pinsin, díreach sula ndeachaigh sé chun cónaithe ann, féadfar an pinsean a íoc d'ainneoin aon ní i mír (a) d'alt 5 d'Acht 1911 ach faoi réir mhír (b) den alt sin,—
(a) go ceann tréimhse cúig bliana ó thosach an chónaithe sin a bhí cónaí leanúnach ar an duine sin i dTuaisceart Éireann, nó
(b) go bhfaighidh an duine íocaíocht i modh pinsin sheanaoise nó cúnaimh phoiblí ón údarás iomchuí i dTuaisceart Éireann,
cibé acu is túisce a tharlóidh.
Síneadh ama le pinsean a íoc.
7.—D'ainneoin fhorálacha mhír (b) d'alt 5 d'Acht 1911, in aon chás a measfaidh an tAire, nó oifigeach arna údarú chuige sin le treoracha speisialta nó ginearálta ón Aire, gur cuí sin a dhéanamh agus go n-ordóidh sé amhlaidh, féadfar suim a íoc ar cuntas pinsin tráth ar bith laistigh de shé mhí ón dáta a tháinig sé chun bheith iníoctha.
Pinsin daoine i bhforais mheabhair-ghalar áirithe.
8.—(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, déanfar iomlán aon suimeanna is iníoctha de bhun pinsin le duine an fad a bheidh an duine sin ar coinneáil in ospidéal meabhair-ghalar ceantair nó i bhfo-ospidéal meabhair-ghalar de réir bhrí an Achta Cóireála Meabhair-Ghalar, 1945, nó an fad a bheidh sé ar coinneáil in aon áit mar othar inmhuirir, de réir bhrí an Achta sin, nó mar ghealt coiriúil, a leithreasú mar chabhair chun costais cothabhála an duine san áit ina mbeidh sé ar coinneáil.
(2) I gcás ina ndéanfar pinsean duine a leithreasú faoi fho-alt (1) den alt seo, féadfaidh an duine is feighilteoir, de réir bhrí an Achta réamhráite, ar an áit ina mbeidh an duine sin ar coinneáil, nó, má bhíonn an duine ar coinneáil sa Phríomh-Ghealtlann Choiriúil, Dún Droma, de réir bhrí an Achta réamhráite, féadfaidh Lia Cónaitheach agus Gobharnóir na Príomh-Ghealtlainne Coiriúla sin, as a chomhairle féin, cibé cuid (nach mó ná deich scilling sa tseachtain) den phinsean is iomchuí leis sna himthosca áirithe a íoc leis an duine chun a úsáide féin, más dóigh leis gur féidir leis an duine an chuid a íocfar leis amhlaidh a úsáid i gceart.
Fágfar codanna den mhéadú ar phinsin áirithe gan áireamh mar acmhainn chun críocha na nAchtanna.
9.—D'ainneoin aon ní atá sna rialacha atá sa Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952—
(a) má bhíonn pinsean i gcúrsa a íoctha le duine nó le céile an duine nó leis an mbeirt acu,
(b) má bhíonn pinsean nó liúntas a soláthraíodh le reacht nó faoi reacht (seachas na hAchtanna) nó is iníoctha as airgead a riarann rialtas eile (dá ngairtear an pinsean reachtúil san alt seo) i gcúrsa a íoctha leis an duine nó le céile an duine nó leis an mbeirt acu, agus
(c) go dtiocfaidh méadú ar an bpinsean reachtúil nó na pinsin reachtúla an lú lá de Lúnasa, 1960, nó dá éis,
ansin, nuair a bheidh acmhainn an duine nó acmhainn chéile an duine nó acmhainn na beirte acu á ríomh chun críocha na nAchtanna, ní áireofar mar acmhainn aon chuid den mhéadú ar an bpinsean reachtúil nó ar na pinsin reachtúla a dhéanfadh, dá n-áirítí mar acmhainn é, méid an phinsin nó na gcomhphinsean, de réir mar a bheidh, a laghdú de mhéid ba mhó ná an méadú.
Leasú ar alt 13 den Acht um Chúnamh Dhíomhaointis, 1933.
10.—Leasaítear leis seo alt 13 den Acht um Chúnamh Dhíomhaointis, 1933, trí na fo-mhíreanna seo a leanas a chur isteach i mír (b) d'fho-alt (1) i ndiaidh fho-mhír (vii) (a cuireadh isteach le hAcht 1952):
“(viii) aon ioncam ó bhónas faoi scéim a riarann Aire na Gaeltachta chun deontais speisialta a thabhairt do dhaoine a chónaíonn sa Ghaeltacht nó sa Bhreac-Ghaeltacht agus is tuistí nó caomhnóirí leanaí a fhreastalann bun-scoileanna,
(ix) méid aon liúntais, liúntais chleithiúnaí, pinsin mhíchumais nó pinsin chréachta faoi na hAchtanna Arm-Phinsean, 1923 go 1960, nó aon phinsin faoi Achtanna na bPinsean Seirbhíse Míleata, 1924 go 1960, nó aon phinsin faoi na hAchtanna um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 go 1960, nó méid aon liúntais den sórt sin nó aon phinsin den sórt sin i dteannta a chéile ach amháin an oiread is mó an méid sin ná £80 sa bhliain.”
Srian le halt 19 den Acht um Chúnamh Dhíomhaointis, 1933.
1933, Uimh 46.
11.—Ní bheidh feidhm ag mír (a) d'alt 19 den Acht um Chúnamh Dhíomhaointis, 1933, maidir le cúnamh dífhostaíochta a íoc le duine a scoir, an lá seachtaine deiridh roimh an lá ar ina aghaidh a dhéanfar iarratas ar chúnamh dífhostaíochta, de theideal a bheith aige chun sochair dhífhostaíochta—
(a) toisc a theideal chun an tsochair sin a bheith caite aige de bhun fho-alt (2) d'alt 16 d'Acht 1952, nó
(b) má bhíonn an duine os cionn seasca a cúig bliana d'aois, toisc gan an coinníoll ranníoca atá leagtha amach i bhfo-mhír (b) de mhír 1 den Cheathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 a bheith comhlíonta aige.
Leasú ar alt 5 den Acht um Chúnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1940.
12.—Leasaítear leis seo alt 5 den Acht um Chúnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1940, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2) :
“(3) I gcás inar deimhin leis an gCoimisinéir Luachála aon deimhniú a bheidh tugtha aige, cibé acu roimh thosach feidhme an Achta Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1960, nó dá éis sin é, faoin alt seo nó a bheidh leasaithe aige faoin bhfo-alt seo, a bheith earráideach toisc dearmad a bheith ann maidir le haon phointe dlí nó fíorais ar a dtug an Coimisinéir aird nuair a bhí an deimhniú á dhéanamh amach aige, nó mar is léir ó aon fhíoras a tháinig ar a aird ó thug sé an deimhniú, féadfaidh an Coimisinéir an deimhniú a leasú chun an earráid a bheidh ann a cheartú agus beidh éifeacht ag fo-alt (2) den alt seo maidir le deimhniú arna leasú faoin bhfo-alt seo ionann agus dá mba thagairtí do dheimhniú arna leasú faoin bhfo-alt seo na tagairtí atá ann do dheimhniú.”
Leasú ar an Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.
13.—Leasaítear leis seo an Seachtú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952—
(a) trí “agus aon ioncam i bhfoirm íocaíochtaí ar scór liúntais chothabhála faoi alt 50 den Acht Sláinte, 1953, leis an duine,” a chur isteach i bhfo-mhír (f) de mhír II de riail 1 i ndiaidh “leith”,
(b) trí “nó aon phinsin faoi na hAchtanna um na Connaught Rangers (Pinsin), 1936 go 1960,” a chur isteach i ndiaidh “1924 go 1949” i bhfo-mhír (g) den mhír sin (II) den riail sin 1, agus
(c) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-mhír (1) sa mhír sin (II) :
“(j) i gcás baintrí nach duine dall agus a bhfuil leanbh cáilithe nó leanaí cáilithe aici a chónaíonn go rialta léi, a tuilleamh go léir ó fhostaíocht is fostaíocht a shonraítear sa Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht seo ach amháin agus a mhéid a río>mhfar suim bhliantúil an tuillimh sin a bheith níos mó ná £39 i leith gach linbh den sórt sin”.
Leasú ar an gCéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.
1952, I.R. Uimh. 373.
14.—Leasaítear leis seo Cuid I den Chéad Sceideal a ghabhann le hAcht 1952—
(a) trí “nó i státseirbhís an Stáit” a chur isteach i ndiaidh “Rialtais” i bhfo-mhír (a) agus i bhfo-mhír (b) de mhír 3, agus
(b) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír 8 (a cuireadh isteach leis na Rialacháin Leasa Shóisialaigh (Aireamh agus Eisiamh i leith Arachais), 1952):
“9. Fostaíocht mar bhean chabhartha faoi oiliúint, bean chabhartha foghlama, bean chabhartha faoi theagasc, bean chabhartha ar promhadh, banaltra faoi oiliúint, banaltra foghlama, banaltra faoi theagasc, nó banaltra ar promhadh. Sa mhír seo folaíonn ‘banaltra’ banaltra naíolainne, nó banaltra leanaí.”
Leasú ar an gCeathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952.
15.—Leasaítear leis seo an Ceathrú Sceideal a ghabhann le hAcht 1952 trí “in aghaidh na tréimhse dar tosach tráth an t-éilitheoir dul faoi árachas agus dar críoch tráth díreach” a chur isteach i gclásal (i) d'fho-mhír (b) de mhír 3 i ndiaidh “éilitheora”.
Fógra i dtaobh méadú a theacht ar acmhainn daoine a bheidh ag éileamh nó ag fáil pinsean.
16.—(1) I gcás—
(a) pinsean a bheith á fháil ag duine nó éileamh ar phinsean nár cinneadh go críochnaitheach a bheith déanta aige, agus
(b) (i) ioncam an duine sin in airgead, nó
(ii) an méid maoine atá ag an duine sin nó a úsáideann nó a theachtann sé go pearsanta,
a bheith méadaithe ón dáta deiridh a rinne oifigeach leasa shóisialaigh fiosrú faoi nó, mura ndearnadh fiosrú ar bith den sórt sin, ón dáta a rinneadh an t-éileamh réamhráite, déanfaidh an duine, roimh dheireadh na tréimhse is déanaí de na tréimhsí seo a leanas, is é sin le rá:
(I) an tréimhse trí mhí dar tosach dáta tosach feidhme an Achta seo,
(II) an tréimhse trí mhí tar éis deireadh na míosa inar tharla an méadú réamhráite,
fógra i dtaobh an méadú a thabhairt, nó a chur faoi deara go dtabharfar é, d'oifigeach leasa shóisialaigh.
(2) Dlífidh duine a sháróidh fo-alt (1) den alt seo nó, má bhíonn sé marbh, a ionadaí pearsanta, mura gcruthófar don Aire nárbh eol don duine an méadú lenar bhain an sárú, agus d'ainneoin aon ní atá i bhfo-alt (3) d'alt 6 d'Acht 1911, go n-íocfaidh sé leis an Aire ar an Aire á éileamh sin—
(a) má bhí an duine sin, de dheasca an sárú sin, ag fáil pinsean am nach raibh sé i dteideal é a fháil, na suimeanna a íocadh leis ar scór an phinsin i rith an ama sin, agus
(b) má bhí an duine sin, de dheasca an sárú sin, ag fáil pinsean de mhéid ba mhó ná an méid a raibh teideal aige a fháil, na codanna sin de na suimeanna a íocadh leis ar scór an phinsin agus ar bhreis iad ar na suimeanna a bhí sé i dteideal a fháil.
(3) Aon suim is iníoctha ag duine leis an Aire faoin alt seo is fiach í a bheidh dlite den duine don Aire.
Daoine a bhfuil pinsean á fháil acu do thabhairt eolais d'oifigigh leasa shóisialaigh.
17.—(1) Aon duine a bheidh ag fáil pinsean déanfaidh sé, ar oifigeach leasa shóisialaigh dá iarraidh sin air i gcúrsa fiosrúcháin i dtaobh acmhainn an duine, agus laistigh de cibé tréimhse (nach giorra ná tríocha lá) a shonrófar san iarraidh—
(a) cibé eolas, leabhair agus doiciméid a bheidh ar urláimh nó i seilbh an duine nó ar fáil aige agus a iarrfaidh an t-oifigeach le réasún a thabhairt dó, a ligean dó sleachta a thógáil as na leabhair agus as na doiciméid agus cibé eolas a thabhairt dó a iarrfaidh sé le réasún maidir leis na sleachta sin, agus
(b) údarás a thabhairt don oifigeach aon taifid maidir le gnó an duine i leabhair aon bhainc (lena n-áirítear aon bhanc taisce) a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh de na taifid sin agus cibé eolas a thabhairt don oifigeach a bheidh ar urláimh nó i seilbh an duine nó ar fáil aige agus a iarrfaidh sé le réasún maidir leis na taifid sin.
(2) Má mhainníonn duine a bheidh ag fáil pinsean déanamh de réir iarrata faoi fho-alt (1) den alt seo, déanfaidh an tAire, nó oifigeach don Aire a bheidh údaraithe go cuí chuige sin ag an Aire, íoc an phinsin a fhionraí, agus
(a) mairfidh an fhionraí sin go dtí cibé tráth (más aon tráth é) a dhéanfar de réir na hiarrata nó is deimhin leis an Aire—
(i) nach bhfuil aon chuid den eolas nó aon cheann de na leabhair nó de na doiciméid lenar bhain an iarraidh ar urláimh ná i seilbh an duine nó nach fáil aige ar an gcéanna,
(ii) nach ndearna an duine aon cheann de na leabhair nó de na doiciméid sin a dhiúscairt, ó rinneadh an iarraidh, chun eolas i dtaobh a acmhainne a cheilt, agus
(iii) má iarradh an t-údarás dá dtagraítear i mír (b) d'fho-alt (1) den alt seo, gur tugadh an t-údarás sin,
(b) ní bheidh teideal ag an duine tráth ar bith aon íocaíocht a fháil ar scór an phinsin in aghaidh tréimhse fionraí an phinsin ach amháin, i gcás a n-atosófar faoi mhír (c) den fho-alt seo ar an bpinsean a íoc, cibé íocaíocht (más aon íocaíocht í) a dhéanfar leis faoin mír sin, agus
(c) cibé tráth (más aon tráth é) a dhéanfar de réir na hiarrata nó a bheidh an tAire deimhnitheach mar a dúradh, agus má bhíonn teideal ag an duine an tráth sin, ag féachaint dá acmhainn, chun an pinsean a fháil, atosófar ar an bpinsean a íoc, de réir cibé ráta is iomchuí an tráth sin ag féachaint dá acmhainn agus íocfar leis an duine cibé suim (más aon suim í) in aghaidh tréimhse fionraí an phinsin is cuí leis an Aire sna himthosca.
Ionadaithe pearsanta daoine a bhí ag fáil pinsean do thabhairt eolais d'oifigigh leasa shóisialaigh.
18.—(1) Déanfaidh ionadaí pearsanta duine a gheobhaidh bás tar éis tosach feidhme an Achta seo agus a bhí ag fáil pinsean tráth ar bith, déanfaidh sé, ar oifigeach leasa shóisialaigh á iarraidh sin air chun críocha fiosrúcháin agus tuarascála maidir leis an bpinsean, agus laistigh de cibé tréimhse (nach giorra ná tríocha lá) a shonrófar san iarraidh—
(a) cibé eolas, leabhair agus doiciméid maidir le gnó an duine a bheidh ar urláimh nó i seilbh an ionadaí phearsanta nó ar fáil aige agus a iarrfaidh an t-oifigeach le réasún a thabhairt dó agus a ligean don oifigeach sleachta a thógáil as na leabhair agus as na doiciméid, agus cibé eolas a thabhairt dó a iarrfaidh sé le réasún maidir leis na sleachta sin, agus
(b) údarás a thabhairt don oifigeach aon taifid maidir le gnó an duine i leabhair aon bhainc (lena n-áirítear aon bhanc taisce) a scrúdú agus cóipeanna a dhéanamh de na taifid sin agus cibé eolas a thabhairt don oifigeach a bheidh ar urláimh nó i seilbh an duine nó ar fáil aige agus a iarrfaidh sé le réasún maidir leis na taifid sin.
(2) Aon duine a mhainneoidh déanamh de réir iarrata faoi fho-alt (1) den alt seo beidh sé ciontach i gcion faoin alt seo agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná caoga punt a chur air nó, más rogha leis an gCúirt é, príosúnacht ar feadh aon téarma nach faide ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúnacht sin le chéile.
Forálacha mar chabhair chun ró-íocaíochtaí pinsin a aisghabháil as eastáit daoine éagtha.
19.—(1) Déanfaidh ionadaí pearsanta duine a éagfaidh tar éis tosach feidhme an Achta seo, agus a bhí tráth ar bith ag fáil pinsean déanfaidh sé, sula ndáile sé sócmhainní an duine, a chur in iúl don Aire, trí fhógra i scríbhinn a sheachadfar don Aire trí mhí ar a laghad sula dtosóidh an dáileadh, go bhfuil ar intinn aige na sócmhainní a dháileadh.
(2) Aon ionadaí pearsanta a sháróidh fo-alt (1) den alt seo agus a dháilfidh sócmhainní an duine arb é ionadaí a eastáit é gan aon suim a íoc a bheidh dlite don Aire i leith—
(a) íocaíochtaí pinsin a íocadh leis an duine nuair nach raibh teideal ag an duine an pinsean a fháil, nó
(b) íocaíochtaí pinsin a íocadh leis an duine de bhreis ar na méideanna a raibh teideal ag an duine iad a fháil,
dlífidh sé go pearsanta an méid sin a aisíoc leis an Aire is comhionann leis an méid (más aon mhéid é) a bheadh an tAire tar éis a fháil dá ndéantaí, agus eastát an duine á riaradh, an tsuim a dúradh a chur san áireamh go cuí agus a aisíoc leis an Aire a mhéid (más aon mhéid é) is iomchuí ag féachaint do shócmhainní an duine, agus beidh an méid sin ina fhiach a bheidh dlite den ionadaí pearsanta don Aire.
Forálacha ginearálta i dtaobh inchúiseamh faoi na hAchtanna.
20.—(1) Ní dhéanfar imeachtaí i leith ciona faoi na hAchtanna (lena n-áirítear an tAcht seo) nó faoi rialacháin faoi na hAchtanna a thionscnamh ach amháin ag an Aire nó le toiliú an Aire nó ag oifigeach a bheidh údaraithe chuige sin le horduithe speisialta nó ginearálta ón Aire.
(2) Féadfar inchúiseamh i leith ciona faoi na hAchtanna (lena n-áirítear an tAcht seo) nó faoi rialacháin faoi na hAchtanna a thionscnamh ar agra an Aire.
(3) D'ainneoin aon fhoráil in aon Acht ag sonrú na tréimhse ar laistigh di a fhéadfar imeachtaí achomaire a thionscnamh, féadfar imeachtaí i leith ciona faoi na hAchtanna (lena n-áirítear an tAcht seo) nó faoi rialacháin faoi na hAchtanna a thosú tráth ar bith laistigh den tréimhse trí mhí ón dáta a bhfaighidh an tAire fianaise is leor dar leis chun gur ceart inchúiseamh a dhéanamh i leith an chiona, nó laistigh den tréimhse dhá mhí déag ón tráth a rinneadh an cion, cibé tréimhse acu is déanaí a mbeidh deireadh léi.
(4) Chun críocha fho-alt (3) den alt seo, beidh deimhniú, a bheidh séalaithe le séala oifigiúil an Aire, i dtaobh an dáta a fuair sé fianaise mar a dúradh ina fhianaise dhochloíte air sin.
(5) Beidh éifeacht ag an alt seo maidir le himeachtaí i leith ciontaí a dhéanfar tar éis tosach feidhme an Achta seo.
Toimhde go bhfuarthas pinsin áirithe go cuí
21.—(1) Más rud é, in aon imeachtaí síbhialta in aon Chúirt, go gcruthófar don Chúirt gur lamháladh nó gur dámhadh pinsean de bhun éilimh ó dhuine nó thar ceann duine nó gur athraíodh méid an phinsin ab iníoctha le duine nó i leith duine agus go raibh an pinsean a lamháladh nó a dámhadh amhlaidh nó a athraíodh amhlaidh i gcúrsa a íoctha tráth ar bith leis an duine lenarbh iníoctha an pinsean, toimhdeofar, i ngach cás, mura gcruthaítear a mhalairt, go raibh an duine sin ag fáil pinsean den mhéid a lamháladh nó a dámhadh amhlaidh nó a athraíodh amhlaidh, de réir mar a bheidh, ón dáta a tháinig an pinsean den méid a lamháladh nó a dámhadh amhlaidh nó a athraíodh amhlaidh, de réir mar a bheidh, chun bheith iníoctha, go dtí an dáta más aon dáta é, a n-athrófar an pinsean nó a n-athrófar tuilleadh é, de réir mar a bheidh, nó an dáta a scoirfidh an pinsean de bheith iníoctha, cibé acu mar gheall ar bhás an duine nó cúis eile é, cibé dáta acu is túisce.
(2) San alt seo ciallaíonn “pinsean” pinsean faoi na hAchtanna nó pinsean faoi na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1959.
Leasú ar alt 9 d'Acht 1908.
22.—Leasaítear leis seo alt 9 d'Acht 1908 tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach in ionad fho-alt (1):
“(1) Every person who, after the commencement of the Social Welfare (Miscellaneous Provisions) Act, 1960—
(a) for the purpose of obtaining or continuing a pension, either for himself or for any other person, or for the purpose of obtaining or continuing a pension, either for himself or for any other person, which is of an amount in excess of the amount appropriate to the case, knowingly makes any statement or representation (whether written or oral) which is to his knowledge false or misleading in any material respect, or knowingly conceals any fact which is to his knowledge material, or
(b) knowingly obtains payment of, or continues to receive, a pension which he is not entitled to receive or which is of an amount in excess of the amount which he is entitled to receive,
shall be guilty of an offence under this section and shall be liable on summary conviction thereof to a fine not exceeding fifty pounds or, at the discretion of the Court, to imprisonment for any term not exceeding three months, or to both such fine and such imprisonment.”
Ró-íocaíochtaí pinsin a aisghabháil trí imeachtaí sibhialta.
23.—Aon fhiach a bheidh dlite don Stát nó don Aire faoi na hAchtanna nó faoin Acht seo i leith íocaíochtaí pinsin a íocadh le daoine tráthanna nach raibh teideal acu iad a fháil nó íocaíochtaí pinsin a íocadh le daoine de bhreis ar na méideanna a raibh teideal acu iad a fháil, féadfaidh an tAire, gan dochar d'aon leigheas eile, é a aisghabháil mar fhiach conartha shimplí in aon Chúirt dlínse inniúla.
Oifigigh leasa shóisialaigh.
24.—Na hoifigigh seo a leanas, is é sin le rá:
(a) oifigigh pinsin faoi na hAchtanna,
(b) oifigigh fiosrúcháin faoi na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1959, agus
(c) oifigigh fiosrúcháin faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh (Liúntais Leanaí), 1944 go 1957,
tabharfar oifigigh leasa shóisialaigh orthu, agus is mar sin a thagraítear dóibh san Acht seo, agus déanfar na tagairtí in aon reacht nó in aon ionstraim a rinneadh faoi reacht d'aon oifigigh acu sin a fhorléiriú mar thagairtí d'oifigigh leasa shóisialaigh.
Aisghairm.
25.—Aisghairtear leis seo mír (c) d'fho-alt (1) agus fo-alt (3) d'alt 3 d'Acht 1908 agus fo-alt (4) d'alt 7 d'Acht 1911.
Gearrtheideal, tosach feidhme, forléiriú agus comhlua.
26.—(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh (Forálacha Ilghnéitheacha), 1960, a ghairm den Acht seo.
(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an lú lá de Lúnasa, 1960.
(3) Déanfar an tAcht seo, a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna, agus na hAchtanna a fhorléiriú mar aon ní amháin agus folófar é sa chomhlua sin agus, a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1959, forléireofar é agus iad mar aon ní amháin, agus féadfar na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1960, a ghairm de agus díobh le chéile agus, a mhéid a leasaíonn agus a leathnaíonn sé na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1959, forléireofar é agus iad mar aon ní amháin agus féadfar na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1960, a ghairm de agus díobh le chéile agus, a mhéid a leasaíonn agus a leathaníonn sé na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1960, forléireofar é agus iad mar aon ní amháin agus folófar sa chomhlua sin é.