Uimhir 4 de 1940.
ACHT UM CHONGNAMH DHÍOMHAOINTIS (LEASÚ), 1940.
[An tiontódh oifigeamhail.]
[20adh Márta, 1940.]
Mínithe.
1.—San Acht so—
cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933 (Uimh. 46 de 1933);
foluíonn an focal “ionoighreachtaí” gach talamh, tionóntachán, foirgint, agus maoin eile, corpartha no nea-chorpartha, is gá do réir na nAchtanna Luachála do luacháil fé sna hAchtanna san, agus foluíonn freisin cuid d'aon mhaoin den tsórt san ar n-a luacháil ar leith fé sna hAchtanna san.
(2) Gach focal agus abairt a húsáidtear san Acht so agus dá dtugtar brí áirithe leis an bPríomh-Acht chun crícheanna an Achta san, tá leis san Acht so an bhrí tugtar dó amhlaidh.
Alt 26 den Phríomh-Acht do leasú agus do léiriú.
2.—Chun deireadh do chur le hamhrais maidir le brí agus léiriú ceart ailt 26 den Phríomh-Acht, achtuítear leis seo mar leanas, sé sin le rá:—
(a) leasuítear leis seo fo-alt (1) den alt san 26, amhail o dháta an Phríomh-Achta do rith, tré sna focail “méid ráta” do scriosadh amach san áit ina bhfuilid i mír (a) den fho-alt san agus fós san áit ina bhfuilid i mír (b) den fho-alt san;
(b) fé réir na bhforálacha san den alt so bhaineann le haon chontae-bhuirg áirithe no le buirg Dhún Laoghaire, cialluíonn an abairt “luach ionrátuithe” agus chialluigh sí riamh, san áit ina bhfuil sí i bhfo-alt (1) den alt san 26 agus maidir le haon bhaile-líomatáiste áirithe, méid iomlán luachálanna (fé sna hAchtanna Luachála) na n-ionoighreacht uile sa bhaile-líomatáiste sin gur iníoctha ráta ar bith ina dtaobh no, i gcás ionoighreachta nea-shealbhuithe, gurbh iníoctha é ina taobh dá mbeadh an ionoighreacht san sealbhuithe, is cuma an ráta san do bheith iníoctha le bárdas no comhairle an bhaile-líomatáiste sin no é bheith iníoctha le húdarás éigin eile go gcomhacht tré reacht chun rátaí do bhualadh agus do ghearradh, agus fós, i gcás aon ionoighreachta áirithe, an ráta san do bheith iníoctha ar luacháil na hionoighreachta san fé sna hAchtanna san no ar chodán den luacháil sin no é bheith iníoctha ar chíos no ar chodán de chíos ar n-a theacht as an ionoighreacht san, is cuma an cíos san do bheith iníoctha in aghaidh iomláine bliana airgeadais áitiúla no gan é bheith iníoctha ach in aghaidh coda dhi sin;
(c) i gcás contac-bhuirge Bhaile Atha Cliath agus i gcás buirge Dhún Laoghaire, cialluíonn an abairt “luach ionrátuithe” agus chialluigh sí riamh, san áit ina bhfuil sí i mír (a) d'fho-alt (1) den alt san 26, méid is có-mhéid le hocht nóchad per cent. den mhéid gurbh é luach ionrátuithe na contae-bhuirge sin no na buirge sin (do réir mar a bheidh) é fén mír dheiridh sin roimhe seo den alt so dá mba ná hachtófaí an mhír seo;
(d) i gcás contae-bhuirge Luimnigh, cialluíonn an abairt “luach ionrátuithe” agus chialluigh sí riamh, san áit ina bhfuil sí i mír (a) d'fho-alt (1) den alt san 26 agus maidir le luach ionrátuithe na contae-bhuirge sin i dtosach bliana airgeadais ag tosnú an 1adh lá d'Abrán, 1934, no ina dhiaidh sin (roimh an Acht so do rith no dá éis sin), méid is có-mhéid le hocht nóchad per cent. den mhéid gurbh é luach ionrátuithe na contae-bhuirge sin i dtosach na bliana airgeadais sin é fé mhír (b) den alt so dá mba ná hachtófaí an mhír seo;
(e) i gcás contae-bhuirge Phortláirge, ciallóidh an abairt “luach ionrátuithe”, san áit ina bhfuil sí i mír (a) d'fho-alt (1) den alt san 26 agus maidir le luach ionrátuithe na contae-bhuirge sin i dtosach bliana airgeadais ag tosnú an 1adh lá d'Abrán, 1939, no ina dhiaidh sin, méid is có-mhéid le hocht nóchad per cent. den mhéid gurbh é luach ionrátuithe na contae-bhuirge sin i dtosach na bliana airgeadais sin é fé mhír (b) den alt so dá mba ná hachtófaí an mhír seo;
(f) i gcás contae-bhuirge Chorcaighe, má hachtuítear forálacha tré n-a ndéanfar na rátaí is inghearrtha ag Ard-Mhéara, Seanóirí, agus Buirgéisigh Chorcaighe do chó-dhlúthú in aon ráta chathardha amháin (pe'ca bhéarfar an ainm sin air no bhéarfar aon ainm eile air), ciallóidh an abairt “luach ionrátuithe”, san áit ina bhfuil sí i mír (a) d'fho-alt (1) den alt san 26 agus maidir le luach ionrátuithe na contae-bhuirge sin i dtosach na bliana airgeadais díreach roimh an gcéad bhliain airgeadais a bheidh na forálacha san i ngníomh no i dtosach aon bhliana airgeadais ina dhiaidh sin, méid is có-mhéid le hocht nóchad per cent. den mhéid gurbh é luach ionrátuithe na contae-bhuirge sin i dtosach na bliana airgeadais sin é fé mhír (b) den alt so dá mba ná hachtófaí an mhír seo;
(g) pé uair a bheidh luach ionrátuithe baile-líomatáiste i dtosach bliana airgeadais á áireamh chun crícheanna an ailt sin 26, bhéarfar áird ar gach athchomharc fé sna hAchtanna Luachála ar a dtabharfar breith an 30adh lá de Mheitheamh sa bhliain airgeadais ina dhiaidh sin, no roimh an lá san, agus ní tabharfar aon áird ar athchomharc ar bith den tsórt san ar a dtabharfar breith i ndiaidh an dáta san.
Airgead is iníoctha ag bárdais chontaebhuirgí do chruinniú.
3.—D'ainneoin éinní atá i bhfo-alt (3) d'alt 26 den Phríomh-Acht, an t-airgead go léir dob iníoctha roimh an Acht so do rith no is iníoctha dá éis sin fé alt 26 den Phríomh-Acht, fé mar a leasuíonn an tAcht so é no fé mar a dheineann sé deifir dó ar shlí eile, leis an Aire ag bárdas chontae-bhuirge Chorcaighe no ag bárdas chontae-bhuirge Luimnigh no ag bárdas chontae-bhuirge Phortláirge, tar éis na rátaí is inghearrtha ag an mbárdas san do bheith có-dhlúite no tar éis iad do chó-dhlúthú in aon ráta chathardha amháin, cruinneoidh an bárdas san é tríd an ráta cathardha san ach mar ítim ar leithligh den ráta san.
Comhairlí d'íoc easnaimh in íocaíochtaí in aghaidh blianta atá caithte.
4.—(1) Pé uair, in aon bhliain airgeadais do thosnuigh roimh an Acht so do rith, a bheidh comhairle ar bith, dhligheann airgead d'íoc leis an Aire fé alt 26 den Phríomh-Acht, tar éis íoc do dhéanamh leis an Aire, in ainm bheith ag cólíonadh an ailt sin, i méid iomlán (dá ngairmtear san alt so an íocaíocht achtúil) is lugha ná an méid iomlán (dá ngairmtear san alt so an íocaíocht cheart) do bheadh, dá mbeadh an tAcht so ina dhlí roimh thosach na bliana san, iníoctha an bhliain sin leis an Aire ag an gcomhairle sin fén alt san 26 ar n-a leasú leis an Acht so, déanfaidh an chomhairle sin suim is có-mhéid leis an méid do bhí an íocaíocht achtúil fé bhun na híocaíochta cirte d'íoc leis an Aire.
(2) Chun a chinneadh cadé an tsuim is iníoctha fén bhfo-alt san roimhe seo den alt so ag comhairle leis an Aire, féadfaidh an tAire, maidir leis an méid a bheidh an íocaíocht achtúil ón gcomhairle sin aon bhliain airgeadais áirithe fé bhun na híocaíochta cirte ón gcomhairle sin an bhliain sin, an bhreis a bheidh ag an íocaíocht achtúil ón gcomhairle sin aon bhliain airgeadais roimhe sin no ina dhiaidh sin ar an íocaíocht cheart ón gcomhairle sin an bhliain sin do chreidiúnú don chomhairle sin i gcoinnibh an mhéide sin.
(3) Déanfaidh gach comhairle ag á mbeidh airgead iníoctha leis an Aire fén alt so an t-airgead san d'íoc leis an Aire sa tráth-chuid no sna tráth-choda san, agus an t-am no na hamanna san, agus sa tslí sin, ordóidh an tAire go generálta no i dtaobh na comhairle sin go sonnrách.
(4) Aon airgead is iníoctha ag comhairle leis an Aire fén alt so cruinneoidh an chomhairle sin é fé mar is gá, do réir ailt 26 den Phríomh-Acht no do réir an Achta so, airgead is iníoctha an bhliain airgeadais chéanna leis an Aire ag an gcomhairle sin fén alt san 26, ar n-a leasú leis an Acht so, do chruinniú.
(5) I gcás aon airgead do bheith iníoctha ag comhairle leis an Aire fén alt so, féadfar, mara n-íocfaidh an chomhairle sin an t-airgead san, méid an airgid sin do bhaint de shuimeanna is iníoctha go díreach no go nea-dhíreach leis an gcomhairle sin amach as Cuntas an Chánachais Áitiúil (Éirinn), agus an méid sin d'íoc leis an Aire i nglanadh an airgid sin.
Deimhniú on gCoimisinéir Luachála.
5.—(1) Bhéarfaidh an Coimisinéir Luachála don Aire, pé uair iarrfaidh an tAire san air, deimhniú ina ndéarfar, ag féachaint go cuibhe d'fhorálacha an Achta so, cadé an méid a bhí no bheidh, i dtosach aon bhliana airgeadais áirithe (ar n-a tosnú roimh an Acht so do rith na dá éis sin) a luadhfar san iarratas san, ina luach ionrátuithe, chun crícheanna ailt 26 den Phríomh-Acht, d'aon bhaile-líomatáiste áirithe luadhfar amhlaidh.
(2) Beidh deimhniú bhéarfaidh an Coimisinéir Luachála don Aire de bhun an ailt seo ina fhianaise dho-chlaoidhte, chun crícheanna an Phríomh-Achta agus an Achta so, ar luach ionrátuithe (i dtosach na bliana airgeadais a luadhfar chuige sin sa deimhniú san) an bhaile-líomatáiste le n-a mbainfidh an deimhniú san.
Fostú ar feadh tréimhse ina mbíonn cuid de dhá lá.
6.—(1) Féadfaidh an tAire, le rialacháin ar n-a ndéanamh aige fén bPríomh-Acht, a ordú, go generálta no maidir le haon aicme no aicmí áirithe daoine no le haon cheanntar no ceanntair áirithe, nach tuigthe, chun crícheanna na nAchtanna um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933 go 1938, agus an Achta so, duine bheidh fostuithe chun oibriú go leanúnach o thráth áirithe lá amháin go dtí tráth áirithe an lá ina dhiaidh sin do bheith, de bhuadh an fhostuithe sin, ag obair ach an lá san, de sna laetheanta san, a hordófar leis na rialacháin sin.
(2) Tá leis an bhfocal “lá” san alt so an bhrí tugtar dó le halt 2 den Acht um Chongnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1935 (Uimh. 38 de 1935), chun crícheanna an Phríomh-Achta agus an Achta san.
Alt 15 den Phríomh-Acht do leasú.
7.—(1) Léireofar an Príomh-Acht agus beidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí an mhír seo leanas isteach i bhfo-alt (1) d'alt 15 de in ionad míre (e) atá anois ann (eadhon, an mhír do cuireadh isteach ann le fo-alt (2) d'alt 8 den Acht um Chongnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1935 (Uimh. 38 de 1935)), sé sin le rá:—
“(e) i gcás duine bheidh ina chomhnaí i mbaile-líomatáiste d'iarraidh congnaimh dhíomhaointis, gur duine é—
(i) do bhí, tráth ar bith roimh an iarratas san do dhéanamh, ina ghnáth-chomhnaí sa bhaile-líomatáiste sin ar feadh tréimhse de chúig bliana, no ar feadh uimhir de thréimhsí go ndeineann a n-iomlán cúig bliana, no
(ii) do bhí ina ghnáth-chomhnaí sa bhaile-líomatáiste sin ar feadh bliana ar a laighead díreach roimh dháta an iarratais sin, no
(iii) do bhí ag obair ar feadh trí mhí ar a laighead sa bhaile-líomatáiste sin laistigh den bhliain díreach roimh dháta an iarratais sin.”
(2) Déanfar na tagairtí d'fho-alt (2) den alt san 8 den Acht um Chongnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1935, atá i bhfo-ailt (3) agus (4) den alt san, do léiriú agus beidh éifeacht acu mar thagairtí don fho-alt deiridh sin roimhe seo den alt so.
Athghairm.
8.—(1) Athghairmtear leis seo fo-alt (5) d'alt 26 den Phríomh-Acht amhail o dháta an Achta san do rith.
(2) Athghairmtear leis seo alt 7 den Acht um Chongnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1938 (Uimh. 2 de 1938), amhail o dháta an Achta san do rith.
Gearr-theideal, luadh, agus léiriú.
9.—(1) Féadfar an tAcht um Chongnamh Dhíomhaointis (Leasú), 1940, do ghairm den Acht so.
(2) Féadfar na hAchtanna um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933 go 1940, do ghairm de sna hAchtanna um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933 go 1938, agus den Acht so le chéile.
(3) Déanfar na hAchtanna um Chongnamh Dhíomhaointis, 1933 go 1938, agus an tAcht so do léiriú le chéile mar aon Acht amháin.