Uimhir 13 de 1959.
AN tACHT LEASA SHÓISIALAIGH, 1959.
[An tiontó oifigiúil.]
Méadú ar rátaí pinsean sean-aoise.
1.—Déantar leis seo gach ceann ar leith de na rátaí 25s. 0d., 20s. 0d., 15s. 0d., 10s. 0d., atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann le fo-alt (2) d'alt 77 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, de bhua ailt 1 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1957, a mhéadú 2s. 6d.
Méadú ar rátaí cúnaimh dhífhostaíochta.
2.—San Acht um Chúnamh Dhíomhaointis, 1933, déantar leis seo an méid seo a leanas a chur in ionad an Sceidil a cuireadh isteach mar Sceideal an Achta sin le fo-alt (1) d'alt 2 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1957:
“AN SCEIDEAL.
Na Rátaí Cúnaimh Dhífhostaíochta.
Na haicmí daoine lena mbaineann na rátaí cúnaimh dhífhostaíochta atá leagtha amach sa Sceideal seo. | An ráta cúnaimh dhífhostaíochta a bhaineann le daoine atá ina gcónaí in aon límistéar uirbeach. | An ráta cúnaimh dhífhostaíochta a bhaineann le daoine atá ina gcónaí in aon áit eile. | ||
sa tseachtain | sa tseachtain | |||
s. | d. | s. | d. | |
Duine gan cleithiúnaí .. .. | 19 | 0 | 13 | 0 |
Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe .. .. .. | 32 | 6 | 24 | 6 |
Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus aon leanbh cleithiúnach amháin .. | 38 | 6 | 29 | 6 |
Duine ag a bhfuil cleithiúnaí aosaithe agus beirt leanaí cleithiúnacha nó níos mó .. | 43 | 6 | 33 | 6 |
Duine ag a bhfuil aon leanbh cleithiúnach amháin .. | 25 | 0 | 18 | 0 |
Duine ag a bhfuil beirt leanaí cleithiúnacha nó níos mó .. | 30 | 0 | 22 | 0 |
Méadú ar rátaí pinsean (neamhranníocach) baintreach.
3.—I dTábla B a ghabhann le halt 20 den Acht um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaithe, 1935, is é sin, an t-alt a cuireadh isteach le halt 105 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, cuirtear, leis seo, na rátaí atá leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo in ionad na rátaí atá, de bhua fo-ailt (1) d'alt 3 den Acht Leasa Shóisialaigh, 1957, leagtha amach sa Tábla sin B.
AN TÁBLA. | |||||||
Rátaí Seachtainiúla Pinsean (Neamhranníocach) Baintreach. | |||||||
Rátaí Seachtainiúla | |||||||
Acmhainn na Baintrí | Baintreach, gan aon leanbh cáilithe. | Baintreach, leanbh cáilithe amháin. | Baintreach, beirt leanaí cáilithe nó níos mó. | ||||
(1) | (2) | (3) | (4) | ||||
s. | d. | s. | d. | s. | d. | ||
Má bhíonn acmhainn bhliantúil na baintrí arna ríomh go cuí— | |||||||
gan bheith níos mó ná £52 10s. 0d. | 26 | 0 | 34 | 0 | 41 | 0 | |
níos mó ná £52 10s. 0d. gan | |||||||
bheith níos mó ná £65 10s. 0d. | 21 | 0 | 29 | 0 | 36 | 0 | |
níos mó ná £65 10s. 0d. gan | |||||||
bheith níos mó ná £78 10s. 0d. | 16 | 0 | 24 | 0 | 31 | 0 | |
níos mó ná £78 10s. 0d. gan | |||||||
bheith níos mó ná £104 15s. 0d. | 11 | 0 | 19 | 0 | 26 | 0 | |
níos mó ná £104 15s. 0d. gan | |||||||
bheith níos mó ná £117 15s. 0d. | Neamhní | 8 | 0 | 15 | 0 | ||
níos mó ná £117 15s. 0d. gan | |||||||
bheith níos mó ná £130 15s. 0d. | Neamhní | Neamhní | 7 | 0 | |||
níos mó ná £130 15s. 0d. | .. | Neamhní | Neamhní | Neamhní |
Gearrtheideal, tosach feidhme agus comhlua.
4.—(1) Féadfar an tAcht Leasa Shóisialaigh, 1959, a ghairm den Acht seo.
(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh an lú lá de Lúnasa, 1959.
(3) Féadfar Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1959, a ghairm d'Achtanna na bPinsean Sean-Aoise, 1908 go 1957, agus d'alt 1 den Acht seo le chéile.
(4) Féadfar na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1959, a ghairm de na hAchtanna um Chúnamh Dífhostaíochta, 1933 go 1957, agus d'alt 2 den Acht seo le chéile.
(5) Féadfar na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1959, a ghairm do na hAchtanna um Pinsin do Bhaintreacha agus do Dhílleachtaí, 1935 go 1957, agus d'alt 3 den Acht seo le chéile.