[EN]

Uimhir 2 de 1956.


[EN]

AN tACHT UM CHEARRBHACHAS AGUS CRANNCHUIR, 1956.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEAS LE CEARRBHACHAS AGUS LE CRANNCHUIR. [14 Feabhra, 1956.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

CUID I.

Reamhráiteach agus Ginearálta.

[EN]

Gearrtheideal agus tosach feidhme.

1.—(1) Féadfear an tAcht um Chearrbhachas agus Crannchuir, 1956, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh pé lá a cheapfas an tAire le hordú.

[EN]

Mínithe.

2. San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “baincéir” maidir le cluiche an baincéir nó an duine eile a dhéanas bainistí ar an gcluiche, nó ar ina choinne a chuireas na himreoirí eile geall nó a dhéanaid imirt;

[EN]

ciallaíonn “cearrbhachas” imirt chluiche (pé acu cluiche stuaime nó cluiche cinniúna é nó cluiche atá go páirteach ina chluiche stuaime agus go páirteach ina chluiche cinniúna) le haghaidh geallta a chuireas na himreoirí i bhfiontar;

[EN]

ciallaíonn “gléas cearrbhachais” aon bhord nó gléas cearrbhachais agus aon phíosa airgid, cárta, comhartha nó earra eile a húsáidtear mar ghléas nó meán cearrbhachais;

[EN]

ciallaíonn “ceadúnas cearrbhachais” ceadúnas faoi alt 19;

[EN]

ciallaíonn “údarás áitiúil” comhlucht arb é atá ann comhairle chontae, bardas contae-bhuirge nó buirge eile, comhairle cheantair uirbigh nó coimisinéirí baile;

[EN]

folaíonn “crannchur” gach comórtas le haghaidh airgid nó luach airgid ina dtugtar cranna tomhais nó meastacháin ar theaghmhais atá le teacht nó ar theagmhais atá imithe agus nach bhfuil a dtorthaí fionnta fós ná ar eolas go coitianta fós;

[EN]

ciallaíonn “ceadúnas crannchuir” ceadúnas faoi alt 28;

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;

[EN]

ciallaíonn “áit phoiblí” aon áit a bhfuil sé de cheart nó de chead ag an bpobal dul ann ar íocaíocht a dhéanamh nó gan íocaíocht a dhéanamh;

[EN]

folaíonn “cumann” club, foras, eagras nó comhlachas eile daoine pé ainm a tugtar air;

[EN]

folaíonn “geall” aon íocaíocht as an gceart chun bheith páirteach i gcluiche agus aon chineál eile íocaíochta is gá a dhéanamh mar choinníoll chun bheith páirteach sa chluiche ach ní fholaíonn sé íocaíocht nach ndéantar ach le haghaidh saoráidí a cuirtear ar fáil chun an cluiche d'imirt;

[EN]

folaíonn “Ceannfort” Cigire a bheas ag gníomhú mar Cheannfort.

[EN]

Athghairm.

3.—Athghairmtear leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal.

[EN]

CUID II.

Cearrbhachas.

[EN]

Cearrbhachas neamhdhleathach.

4.—(1) Ní thionscnóidh duine ar bith aon chineál cearrbhachais ná ní chabhróidh lena thionscnamh ná ní sholáthróidh saoráidí le haghaidh aon chineál cearrbhachais—

[EN]

(a) nach dugtar ann, mar gheall ar an sórt cluiche a himrítear, an t-amhantar céanna do na himreoirí uile, lena n-áirítear an baincéir, nó

[EN]

(b) ina gcoinníonn an tionscantóir aon chuid de na geallta nó ina gcoinníonn an baincéir aon chuid díobh ar chuma seachas mar ghnóthachan de thoradh na himeartha, nó

[EN]

(c) trí aon scán-inneall nach dtoirmisctear le halt 10.

[EN]

(2) Tugtar cearrbhachas neamhdhleathach san Acht seo ar an gcearrbhachas sin.

[EN]

(3) Ní bheidh cearrbhachas ina chearrbhachas neamhdhleathach mura gcuirfidh na himreoirí aon gheall i bhfiontar leis an tionscantóir nó leis an mbaincéir ach amháin táille as an gceart chun bheith páirteach sa chluiche, ar choinníoll—

[EN]

(a) nach ngearrfar ach táille amháin den tsórt sin i leith an lae a himreofar an cluiche, agus

[EN]

(b) gurb í an táille chéanna a gearrfar ar gach duine de na himreoirí, agus

[EN]

(c) nach bhfaighidh an tionscantóir aon bhrabús pearsanta as an gcluiche a thionscnamh.

[EN]

Usaid ionad le haghaidh cearrbhachais neamhdhleathaigh.

5.—Ní dhéanfaidh ná ní cheadóidh duine ar bith aon foirgneamh ná seomra ná ionad, iata ná neamhiata, d'oscailt ná a choimeád ná d'úsáid le haghaidh cearrbhachais neamhdhleathaigh, ná ní ghlacfaidh sé páirt i gcúram agus i mbainistí, ná ní chabhróidh ar aon tslí i stíurú gnótha, aon fhorgnimh nó seomra nó ionaid a hosclófar nó a coimeádfar nó a húsáidfear amhlaidh.

[EN]

Cearrbhachas ag surcas nó ag seó taistil.

6.—(1) Ní cearrbhachas neamhdhleathach cearrbhachas a bheas ar siúl in ionad ar bith mar chuid de shurcas nó de sheó taistil eile, más rud é—

[EN]

(a) nach é an cearrbhachas an phríomh-ghníomhaíocht ag an seó, agus

[EN]

(b) nach mairfidh an cearrbhachas tréimhse is sia ná deich lá agus nach raibh sé ar siúl i rith na dtrí mhí roimhe sin mar chuid den seó le linn é a bheith ar siúl san ionad sin nó in aon bhall laistigh de thrí mhíle ón ionad sin, agus

[EN]

(c) nach mó ná sé pingne do gach imreoir faoi leith an geall i ngach cluiche faoi leith, agus

[EN]

(d) nach gceadófar d'aon duine faoi bhun sé bliana déag d'aois imirt, agus

[EN]

(e) nach bhféadfaidh aon imreoir níos mó ná luach deich scillinge a ghnóthú i ngach cluiche faoi leith, agus

[EN]

(f) nach dtabharfaidh páirtíocht i gcluiche, ná toradh cluiche, teideal don imreoir bheith páirteach in aon chluiche ná crannchur eile ná teideal ar chuma ar bith eile chun aon airgead ná luach airgid d'fháil ná chun bheith páirteach in iomaíocht lena aghaidh, agus

[EN]

(g) gur thug an tionscantóir roimh ré don tSáirsint i bhfeighil stáisiúin áitiúil an Gharda Shíochána fógra i scríbhinn i dtaobh na ndátaí a bheas cearrbhachas ar siúl ag an seó.

[EN]

(2) Chun críche míre (b) d'fho-alt (1) measfar gur ionann crannchur a thionscnamh agus cearrbhachas a chur ar siúl.

[EN]

Cearrbhachas ag carnabhail.

7.—(1) Ní cearrbhachas neamhdhleathach cearrbhachas a bheas ar siúl mar chuid de charnabhal, basár, spórt-chruinniú, féile áitiúil, taispeántas nó ócáid eile den tsórt sin, más rud é—

[EN]

(a) nach bhfaighidh na daoine a rinne socrú le haghaidh na hócáide aon bhrabús pearsanta as an ócáid ná as an gcluiche, agus

[EN]

(b) nach é an cearrbhachas an phríomh-ghníomhaíocht ag an ócáid, agus

[EN]

(c) nach mairfidh an cearrbhachas ag an ócáid tréimhse is sia ná mí, agus

[EN]

(d) nach mó ná sé pinge do gach imreoir faoi leith an geall i ngach cluiche faoi leith, agus

[EN]

(e) nach gceadófar d'aon duine faoi bhun sé bliana déag d'aois imirt, agus

[EN]

(f) nach bhféadfaidh aon imreoir níos mó ná luach deich scillinge a ghnóthú i ngach cluiche faoi leith, agus

[EN]

(g) nach dtabharfaidh páirtíocht i gcluiche, ná toradh cluiche, teideal don imreoir bheith páirteach in aon chluiche ná crannchur eile ná teideal ar chuma ar bith eile chun aon airgead ná luach airgid d'fháil ná chun bheith páirteach in iomaíocht lena aghaidh, agus

[EN]

(h) gur thug an tionscantóir roimh ré don tSáirsint i bhfeighil stáisiúin áitiúil an Gharda Shíochána fógra i scríbhinn i dtaobh na ndátaí a bheas cearrbhachas ar siúl ag an ócáid.

[EN]

(2) Chun críche míre (c) d'fho-alt (1) measfar gurb ionann crannchur a thionscnamh agus cearrbhachas a chur ar siúl.

[EN]

Cáilíochtaí maidir le háit chónaithe i gcás tionscantóirí cearrbhachais.

8.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “pearsa cháilithe” pearsa ar sa Stát a bhí a ghnátháit nó a phríomh-áit chónaithe aige i gcaitheamh na tréimhse dhá mhí dhéag roimh dháta áirithe;

[EN]

ciallaíonn “cuideachta cháilithe” comhlucht corpraithe ar pearsana cáilithe tromlach a chomhaltaí agus tromlach na ndaoine atá á rialú agus á bhainistí.

[EN]

(2) Ní thabharfaidh aon ní in alt 6 ná in alt 7 gur dleathach do dhuine cearrbhachas lena mbaineann alt 4 a thionscnamh nó cabhrú lena thionscnamh nó saoráidí a sholáthar lena aghaidh, mura rud é—

[EN]

(a) gur pearsa cháilithe nó cuideachta cháilithe an duine sin, agus

[EN]

(b) má tá an duine sin ag gníomhú thar ceann duine eile, gur pearsa cháilithe nó cuideachta cháilithe nó comhlucht neamhchorpraithe daoine, ar pearsa cháilithe gach comhalta dhe, an duine eile sin freisin.

[EN]

(3) Ní bhaineann an t-alt seo le pearsa nach bhfuil ach ag cabhrú le cearrbhachas a thionscnamh do réir conartha sheirbhíse.

[EN]

Cearrbhachas in áitreabh ceadúnaithe.

9.—(1) Ní cheadóidh ceadúnaí aitribh atá ceadúnaithe chun deocha meisciúla a dhíol cearrbhachas san áitreabh.

[EN]

(2) Ní thoirmiscfidh an t-alt seo ar an gceadúnaí ná ar a chairde príobháideacha cártaí d'imirt ar gheallta i gcuid den áitreabh seachas an chuid inar gnáth deocha meisciúla a dhíol más ar a chostas féin a bheas sé ag tabhairt aíochta do na cairde sin.

[EN]

(3) Ní bhaineann an t-alt seo le cluiche d'imirt nach gcuireann na himireoirí aon gheall i bhfiontar ann ach amháin táille as an gceart chun bheith páirteach sa chluiche, ar choinníoll—

[EN]

(a) nach ngearrfar ach táille amháin den tsórt sin i leith an lae a himreofar an cluiche, agus

[EN]

(b) gurb í an táille chéanna a gearrfar ar gach duine de na himreoirí, agus

[EN]

(c) nach bhfaighidh an tionscantóir (más ann) aon bhrabús pearsanta as an gcluiche a thioscnamh.

[EN]

(4) Déanfaidh an Chúirt, más cuí léi dá rogha féin é, ciontú i leith ciona faoin alt seo a thaifeadadh ar an gceadúnas.

[EN]

Scán-innill a thoirmeasc.

10.—(1) Ní oibreoidh duine ar bith, ná ní chuirfidh faoi deara ná ní cheadóidh go n-oibreofar, ná ní sholáthróidh saorá dí chun go n-oibreofar, aon scán-inneall a bheas ceaptha chun go dtabharfaidh sé, nuair a hoibreofar go rathúil é, duais airgid nó comhartha nó earra eile a ngeallann nó a dtoilíonn an tionscantóir nó aon duine ag gníomhú thar a cheann é a mhalairtiú ar airgead nó ar luach airgid nó is féidir d'úsáid chun an t-inneall d'oibriú arís.

[EN]

(2) Aon duine a bheas tar éis airgead nó luach airgid a thabhairt mar mhalairt ar chomhartha nó ar earra eile a scaoileadh amach as scán-inneall, measfar, murab é féin tionscantóir an innill, é a bheith ag gníomhú thar ceann an tionscantóra mura gcruthaítear a mhalairt.

[EN]

(3) Ní bhaineann an t-alt seo le hinneall a bheas ceaptha chun áineasa amháin agus nach scaoilfear as, ar é d'oibriú go rathúil, méid is mó ná méid an ghill agus a mbeidh fógra air á mhíniú gurb shin é an cineál innill atá ann.

[EN]

Falcaireacht.

11.—Gach duine a ghnóthós ó aon duine eile, trí aon chalaois nó falcaireacht ag tionscnamh nó ag oibriú aon chluiche nó ag cabhrú ina thionscnamh nó ina oibriú, nó ag soláthar saoráidí lena aghaidh, nó ag gníomhú mar bhaincéir do na daoine atá ag imirt, nó ag gabháil d'imirt, nó ag gealltóireacht ar thoradh, aon chluiche, spóirt, caithimh aimsire nó freachnaimh, nó a chuirfeas faoi deara nó a thabharfas amhlaidh go ngnóthóidh aon duine ó dhuine eile, rud ar bith is féidir a ghoid, measfar é a bheith ciontach sa rud sin d'fháil ón duine eile sin trí dhúmas bréige, le hintinn calaois a dhéanamh, do réir bhrí ailt 10 den Acht um Cheartas Coiriúil, 1951 (Uimh. 2 de 1951), agus ar é a chiontú pionósfar é dá réir.

CUID III.

Siamsalanna agus Aontaí Súgraidh a Cheadúnú.

[EN]

Feidhm na Coda seo.

12.—Ní bheidh éifeacht ag an gCuid seo in aon límistéir mura bhfuil i bhfeidhm de thuras na huaire rún faoi alt 13 ag glacadh léi don límistéir sin.

[EN]

Údarás áitiúil do ghlacadh leis an gCuid seo.

13.—(1) Féadfaidh údarás áitiúil, trí rún, glacadh leis an gCuid seo i leith iomláin a límistéire riaracháin nó i leith coda sonraithe di agus féadfaidh, trí rún, an glacadh sin a chealú.

[EN]

(2) Chun críche an ailt seo ní háireofar i límistéir riaracháin chomhairle contae aon bhuirg, ceantar uirbeach ná baile.

[EN]

(3) Ní bheidh éifeacht ag rún murar tugadh fógra míosa ar a laghad i scríbhinn do gach comhalta den údarás áitiúil go rabhthas ar intinn é a thairiscint agus murar foilsíodh sin trí fhógrán i dhá nuachtán ar a laghad a léitear sa límistéir lena mbaineann an tairiscint.

[EN]

(4) Nuair a bheas rún rite ag údarás áitiúil cuirfidh sé faoi deara go bhfoilseofar fógra á chur sin in iúl i dhá nuachtán ar a laghad a léitear sa límistéir lena mbaineann an rún agus, a luaithe is féidir, cuirfidh sé cóip den rún chun an Aire.

[EN]

(5) Féadfar fianaise gur ritheadh rún a thabhairt trí chóip den nuachtán ina raibh an fógra a thabhairt ar aird nó trí dheimhniú ina leith sin a thabhairt ar aird a airbheartós a bheith faoi shéala an údaráis áitiúil.

[EN]

Siamsalann cheadúnaithe agus aonach súgraidh ceadúnaithe.

14.—Ní cearrbhachas neamhdhleathach cearrbhachas a bheas ar siúl i siamsalann nó ag aonach súgraidh, más rud é—

[EN]

(a) gur do réir ceadúnais a bheas sé ar siúl, agus

[EN]

(b) nach mó ná sé pingne do gach imreoir faoi leith an geall i ngach cluiche faoi leith, agus

[EN]

(c) nach gceadófar d'aon duine faoi bhun sé bliana déag d'aois imirt, agus

[EN]

(d) nach bhféadfaidh aon imreoir níos mó ná luach deich scillinge a ghnóthú i ngach cluiche faoi leith, agus

[EN]

(e) nach dtabharfaidh páirtíocht i gcluiche, ná toradh cluiche, teideal don imreoir bheith páirteach in aon chluiche ná crannchur eile ná teideal ar chuma ar bith eile chun aon airgead ná luach airgid d'fháil ná chun bheith páirteach in iomaíocht lena aghaidh.

[EN]

Deimhniú le haghaidh ceadúnais chearrbhachais.

15.—(1) Féadfaidh an Chúirt Dúiche deimhniú a thabhairt á údarú ceadúnas d'eisiúint a cheadós cearrbhachas i siamsalann nó ag aonach súgraidh.

[EN]

(2) Ní tabharfar deimhniú mura soláthraítear siamsaí eile i dteannta an chearrbhachais.

[EN]

(3) Ní tabharfar deimhniú mura suífidh an t-iarratasóir nach bhfuil sé dícháilithe le halt 8 chun cearrbhachas a thionscnamh faoi alt 6 nó faoi alt 7.

[EN]

(4) Féadfaidh an Chúirt coinníollacha a chur leis an deimhniú a thórainneos na huaireanta le haghaidh cearrbhachais, a chuirfeas srian leis na cineálacha cearrbhachais agus lena mhéid is cead cineálacha áirithe cearrbhachais a bheith ar siúl, a thórainneos méid na ngeall agus na nduaiseanna agus a thoirmiscfeas nó a shrianfas cearrbhachas ag daoine faoi bhun aoiseanna sonraithe.

[EN]

(5) Sonróidh an deimhniú an tréimhse sa bhliain áirithe lena mbaineann sé a bhfuil an ceadúnas le heisiúint ina haghaidh.

[EN]

(6) Ní bheidh deimhniú faoin alt seo neamhbhailí toisc rún faoi alt 13 a chealú ina dhiaidh sin.

[EN]

Fógra i dtaobh iarratais ar dheimhniú.

16.—(1) (a) Bhéarfaidh an duine a bheas ar intinn deimhniú d'iarraidh fógra ocht lá fichead i scríbhinn go bhfuil sin ar intinn aige do gach údarás áitiúil a bhfuil an t-áitreabh lena mbaineann an t-iarratas laistigh dá límistéir riaracháin agus do Cheannfort Gharda Shíochána na háite.

[EN]

(b) Luafar sa bhfógra an méid agus na cineálacha cluichí atá le bheith ar siúl agus na saghsanna eile áineasa atá le soláthar.

[EN]

(2) Cuirfidh an t-iarratasóir faoi deara freisin fógra i dtaobh a intinne d'fhoilsiú, ceithre lá déag ar a laghad roimh éisteacht a iarratais, i nuachtán a léitear san áit.

[EN]

Eisteacht iarratais.

17.—(1) Nuair a bheas iarratas ar dheimhniú á bhreithniú ag an gCúirt bhéarfaidh sí aird—

[EN]

(a) ar charachtar an iarratasóra nó, i gcás comhluchta chorpraithe, na ndaoine atá á rialú agus á bhainistí,

[EN]

(b) ar an méid ceadúnas cearrbhachais atá i bhfeidhm cheana féin san áit,

[EN]

(c) ar oiriúnacht an áitribh nó an ionaid a beartaítear d'úsáid,

[EN]

(d) ar an gcineál daoine is dócha a bheas á thaithí agus, má bhí ceadúnas cearrbhachais ag an iarratasóir don áitreabh sin nó d'aon áitreabh nó ionad eile an bhliain roimhe sin, ar an gcuma inar stiúraigh sé é, agus

[EN]

(e) ar na cineálacha cearrbhachais atá le bheith ar siúl.

[EN]

(2) Féadfaidh an t-údarás áitiúil, Ceannfort an Gharda Shíochána agus aon duine eile ar dóigh leis an gCúirt leas a bheith aige ann, láithriú ag an éisteacht agus fianaise a thabhairt ar aird maidir leis an iarratas.

[EN]

Achomharc i leith iarratais ar dheimhniú.

18.—(1) Gan dochar d'aon cheart achomhairc a bheirtear le haon Acht eile, beidh ceart achomhairc chun na Cúirte Cuarda—

[EN]

(a) ag an iarratasóir ar dheimhniú—i gcoinne orduithe ón gCúirt Dúiche ag diúltú don iarratas,

[EN]

(b) ag an iarratasóir—i gcoinne aon choda áirithe d'ordú ón gCúirt Dúiche ag tabhairt deimhnithe, agus

[EN]

(c) ag aon duine a chuir i gcoinne an iarratais tráth a éisteachta—i gcoinne orduithe nó aon choda áirithe d'ordú ón gCúirt Dúiche ag tabhairt an deimhnithe.

[EN]

(2) Fanfaidh deimhniú a thug an Chúirt Dúiche i lán-fheidhm go dtí go n-athrófar nó go gcúlghairmfear é de thoradh achomhairc.

[EN]

(3) Más rud é, i gcás ina ndiúltóidh an Chúirt Dúiche deimhniú a thabhairt, gur sealbhóir ar cheadúnas atá fós i bhfeidhm an t-iarratasóir, leanfaidh an ceadúnas i bhfeidhm go dtí go gcinnfear achomharc i gcoinne an diúltuithe sin.

[EN]

Ceadúnas d'oisiúint.

19.—Déanfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, ar dhuine dar tugadh deimhniú i leith ceadúnais chearrbhachais dá iarraidh sin agus ar é d'íoc aon dleachta máil a foráltar le dlí, ceadúnas i pé foirm a ordóid d'eisiúint chun an iarratasóra agus beidh an ceadúnas sin, agus déarfar ann go mbeidh sé, faoi réir na gcoinníollacha a bheas ag gabháil leis an deimhniú.

[EN]

Fógra a bheith ar taispeáint ag an gceadúnaí.

20.—Cuirfidh ceadúnaí siamsalainne ceadúnaithe nó aonaigh shúgraidh ceadúnaithe faoi deara go dtaispeánfar i gcónaí, i suíomh feiceálach in aice leis an mbealach isteach, fógra ar a mbeidh ainm agus seoladh an cheadúnaí agus coinníollacha an cheadúnais.

[EN]

CUID IV.

Crannchuir.

[EN]

Crannchuir a thoirmeasc.

21.—(1) Ní thionscnóidh duine ar bith crannchur ná ní chabhróidh lena thionscnamh.

[EN]

(2) Ní dhéanfaidh duine ar bith aon ticéad, comhdhuille ná cúpón le haghaidh úsáide i gcrannchur, ná aon doiciméad ina mbeidh aon eolas maidir le crannchur, d'allmhuiriú, a chlóbhualadh, d'fhoilsiú, d'imdháil, a dhíol ná a thairiscint ná a thaispeáint chun a dhíolta, ná ní iarrfaidh tairiscint chun sin a cheannach ná ní bheidh sin ina sheilbh aige le díol ná le himdháil.

[EN]

(3) Má gheibhtear in aon ionad nó áitreabh a cuardófar de bhun barántais chuardaigh faoin Acht seo aon ticéad, comhdhuille nó cúpón le haghaidh úsáide i gcrannchur, beidh sin ina fhianaise go dtí go gcruthófar a mhalairt, in inchúiseamh faoi gur sáraíodh an t-alt seo go raibh sé ina sheilbh le díol nó le himdháil ag an duine ag a raibh urlamhás ar an ionad nó ar an áitreabh.

[EN]

(4) Ní bhaineann an t-alt seo le crannchur a ndearbhaítear le haon fhoráil den Chuid seo nach crannchur neamhdhleathach é.

[EN]

(5) Ní bhaineann an t-alt seo le clóbhualadh ticéad, comhdhuillí, cúpón nó doiciméad eile do thionscantóirí crannchuir a tionscnaítear agus a stiúraítear go hiomlán lasmuigh den Stát.

[EN]

Fógraíocht do chrannchuir.

22.—Ní dhéanfaidh duine ar bith aon fhógra ná scéala i dtaobh crannchuir (seachas scéala ag insint torthaí crannchuir a ndearbhaítear le haon fhoráil den Chuid seo nach crannchur neamhdhleathach é) a chlóbhualadh, d'fhoilsiú in aon nuachtán ná in aon fhoilseachán tréimhsiúil, a thaispeáint ar aon scáileán cineama ná a chraoladh ar an radio, ná ní chuirfidh faoi deara ná ní thabharfaidh chun críche go gclóbhuailfear, go bhfoilseofar, go dtaispeánfar nó go gcraolfar amhlaidh aon fhógra ná scéala den tsórt sin, ná ní leathfaidh, ná ní chuirfidh faoi deara ná ní thabharfaidh chun críche go leathfar, go feasach, aon nuachtán ná aon fhoilseachán tréimhsiúil ina mbeidh aon fhógra nó scéala den tsórt sin.

[EN]

Crannchuir phríobháideacha.

23.—Ní bheidh crannchur neamhdhleathach más rud é—

[EN]

(a) nach ndíolfar na hamhantair ach—

[EN]

(i) le comhaltaí an aon-chumainn a bunaíodh agus a stiúraítear chun críocha nach mbaineann le cearrbhachas, geallchur ná crannchuir, nó

[EN]

(ii) le daoine a n-oibríonn nó a gcónaíonn gach duine acu san áitreabh céanna, agus

[EN]

(b) nach dtabharfar aon fhógra ná scéala i scríbhinn maidir leis an gcrannchur ach amháin fógra in áitreabh an chumainn nó na ndaoine eile lena mbaineann nó fógra do chomhaltaí an chumainn.

[EN]

Crannchuir ag rincí agus ceolchoirmeacha.

24.—Ní bheidh crannchur neamhdhleathach más rud é—

[EN]

(a) gur mar chuid de rince, ceolchoirm nó ócáid eile dá samhail a tionscnaítear é agus nach bhfaigheann na daoine a rinne socrú le haghaidh na hócáide aon bhrabús pearsanta as an ócáid ná as an gcrannchur, agus

[EN]

(b) nach mó ná cúig puint fhichead luach iomlán na nduaiseanna sa chrannchur agus, má bhíonn níos mó ná crannchur amháin ann, nach mó ná cúig puint fhichead luach iomlán na nduaiseanna le haghaidh na hócáide.

[EN]

Crannchuir ag carnabhail agus ag ócáidí eile.

25.—Ní bheidh crannchur neamhdhleathach más rud é—

[EN]

(a)    (i) gur mar chuid de shurcas nó de sheó taistil eile, lá a bheas cearrbhachas ceadaithe faoi alt 6, a tionscnófar é, nó

[EN]

(ii) gur mar chuid de charnabhal, basár, spórtchruinniú, féile áitiúil, taispeántas nó ócáid eile dá samhail, lá a bheas cearrbhachas ceadaithe faoi alt 7, a tionscnófar é, agus nach bhfaighidh na daoine a rinne socrú le haghaidh na hócáide aon bhrabús pearsanta as an ócáid ná as an gcrannchur, nó

[EN]

(iii) gur ceadúnaí siamsalainne ceadúnaithe nó aonaigh shúgraidh cheadúnaithe a thionscnós é, mar chuid den tsiamsa ann, agus

[EN]

(b) nach ndíolfar na ticéid lasmuigh den ionad nó den áitreabh ina mbeidh an ócáid ar siúl, agus

[EN]

(c) nach ndíolfar iad ach an lá nó an oíche chéanna a déanfar an tarraingt agus a hinseofar na torthaí, agus

[EN]

(d) nach mó ná sé pingne praghas gach ticéid faoi leith, agus

[EN]

(e) nach bhféadfaidh aon duine níos mó ná luach deich scillinge a ghnóthú sa chrannchur, agus

[EN]

(f) nach dtabharfaidh páirtíocht sa chrannchur, ná toradh an chrannchuir teideal don rannpháirtí bheith páirteach in aon chrannchur ná cluiche eile ná teideal ar chuma ar bith eile chun aon airgead ná luach airgid d'fháil ná chun bheith páirteach in iomaíocht lena aghaidh.

[EN]

Crannchuir faoi chead nó faoi cheadúnas.

26.—(1) Ní bheidh crannchur neamhdhleathach más laistigh den Stát agus do réir ceada nó ceadúnais a tionscnófar agus a stiúrófar é go hiomlán.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ag alt 32 den Acht um Gheallchur, 1931 (Uimh. 27 de 1931) (a bhaineas le geallta a chur ar chluichí peile), maidir le crannchur lena mbaineann an t-alt seo.

[EN]

Ceada.

27.—(1) Féadfaidh Ceannfort den Gharda Síochána, ar iarratas aon duine a chónaíos ina cheantar, cead d'eisiúint chun crannchur a thionscnamh do réir an ailt seo.

[EN]

(2) Beidh na coinníollacha seo a leanas le comhlíonadh maidir leis an gcrannchur:—

[EN]

(a) ní bhfaighidh sealbhóir an cheada aon bhrabús pearsanta as an gcrannchur;

[EN]

(b) ní mó ná trí chéad punt luach iomlán na nduaiseanna;

[EN]

(c) luafar ar gach ticéad nó cúpón luach gach duaise faoi leith.

[EN]

(3) Ní tabharfar cead chun sochair d'aon tairbhí áirithe níos mó ná uair amháin sa sé mhí.

[EN]

(4) Más rud é, áfach, gur carnabhal, basár, spórt-chruinniú, féile áitiúil, taispeántas nó ócáid eile dá samhail a bheas á eagrú féadfaidh an cead a údarú go dtionscnófar níos mó ná aon chrannchur amháin i ndáil leis. Má bhíonn níos mó ná crannchur amháin ann in aon tseachtain, ní mó ná trí chéad punt luach iomlán na nduaiseanna don tseachtain sin.

[EN]

(5) Má dhiúltaíonn Ceannfort cead a thabhairt féadfar achomharc a dhéanamh chun na Cúirte Dúiche i gcoinne an diúltuithe. Is breith chríochnaitheach breith na Cúirte Dúiche.

[EN]

Ceadúnas crannchuir.

28.—(1) Féadfaidh an Chúirt Dúiche ceadúnas a thabhairt chun crannchuir thréimhsiúla a thionscnamh do réir an ailt seo i rith pé tréimhse, nach sia ná bliain, a sonrófar sa cheadúnas.

[EN]

(2) Beidh na coinníollacha seo a leanas le comhlíonadh maidir le gach sreath chrannchur:—

[EN]

(a) is chun críche nó críocha éigin carthanais nó daoncharadais a tionscnófar í;

[EN]

(b) ní bhfaighidh an ceadúnaí aon bhrabús pearsanta aisti;

[EN]

(c) ní mó ná cúig chéad punt luach iomlán na nduaiseanna aon tráth, agus, má bhíonn níos mó ná crannchur amháin ann in aon tseachtain, ní mó ná cúig chéad punt luach iomlán na nduaiseanna don tseachtain sin;

[EN]

(d) luafar ar gach ticéad nó cúpón luach gach duaise faoi leith;

[EN]

(e) ní húsáidfear níos mó ná ceathracha faoin gcéad den fháltas iomlán le haghaidh caiteachas a tionscanta, lena n-áirítear coimisiún, agus measfar gurb íocaíocht choimisiúin is ionann agus an méid is fiú í aon iontráil a bhéarfar in aisce le haghaidh an chrannchuir.

[EN]

Fógra i dtaobh iarratais ar cheadúnas.

29.—(1) Bhéarfaidh an duine a bheas ar intinn ceadúnas d'iarraidh fógra ocht lá fichead i scríbhinn go bhfuil sin ar intinn aige do Cheannfort an Gharda Shíochána sa cheantar ina bhfuil an crannchur le heagrú.

[EN]

(2) Luafar sa bhfógra an cineál crannchuir atá le cur ar siúl, cuspóir an chrannchuir, an méid nó an chionúireacht den fháltas a beartaítear a thabhairt mar luach saothair do ghníomhairí, díoltóirí ticéad agus daoine eile a fostófar i ndáil leis, agus luach na nduaiseanna.

[EN]

Ráitis bhréagacha mar thaca le hiarratas ar cheadúnas nó ar chead.

30.—Duine ar bith a dhéanfas, mar thaca le hiarratas ar cheadúnas nó ar chead, aon ráiteas nó uiríoll (i scríbhinn nó ó bhéal) is eol dó a bheith bréagach nó míthreorach in aon phonc ábhartha, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

[EN]

Eisteacht iarratais.

31.—(1) Nuair a bheas iarratas ar cheadúnas á bhreithniú ag an gcúirt bhéarfaidh sí aird—

[EN]

(a) ar charachtar an iarratasóra, agus

[EN]

(b) ar an méid crannchur tréimhsiúla atá ar siúl cheana san áit.

[EN]

(2) Nuair a bheas an t-iarratas á éisteacht féadfaidh Ceannfort an Gharda Shíochána, agus aon duine eile ar dóigh leis an gCúirt leas a bheith aige ann, láithriú agus fianaise a thabhairt ar aird maidir leis an iarratas.

[EN]

Achomharc i leith iarratais ar cheadúnas.

32.—Gan dochar d'aon cheart achomhairc a bheirtear le haon Acht eile, beidh ceart achomhairc chun na Cúirte Cuarda—

[EN]

(a) ag an iarratasóir ar cheadúnas—i gcoinne an orduithe ón gCúirt Dúiche ag diúltú don iarratas,

[EN]

(b) ag an iarratasóir—i gcoinne na coda den ordú ón gCúirt Dúiche a shonraíos tréimhse an cheadúnais, agus

[EN]

(c) ag aon duine a chuir i gcoinne an iarratais tráth a éisteachta—i gcoinne an orduithe ón gCúirt Dúiche ag tabhairt an cheadúnais nó i gcoinne na coda den ordú a shonraíos tréimhse an cheadúnais.

[EN]

Ticéid chrannchuir.

33.—Beidh ar gach ticéad, cúpón, comhdhuille agus fógra maidir le crannchur (seachas crannchur lena mbaineann alt 23, 24 nó 25) ainm agus seoladh sealbhóra an cheadúnais nó an cheada nó, má bhíonn an ceadúnas nó an cead in ainm níos mó ná duine amháin, ainm agus seoladh aon duine amháin acu, agus ainm agus seoladh an chlódóra agus an tairbhí nó an chuspóra, agus luafar ann cé acu faoi cheadúnas nó faoi chead atá sé ar siúl agus luafar an Chúirt nó an Ceannfort a thug an ceadúnas nó an cead.

[EN]

Toirmeasc ar airgead nó doiciméid a thabhairt amach nó a chur amach as an Stát.

34.—(1) Ní dhéanfaidh ná ní thriailfidh duine ar bith aon ticéad, comhdhuille ná cúpón le haghaidh úsáide i gcrannchur ná aon airgead chun ticéad nó amhantar a cheannach, ná aon airgead is ionann agus praghas ceannaigh ticéid nó amhantair, i gcrannchur ná duais a gnóthaíodh i gcrannchur, ná aon doiciméad a bhaineas le ceannach nó díol, nó a chuireas in iúl cé hé sealbhóir, aon ticéid nó amhantair den tsórt sin, a thabhairt amach ná a chur amach as an Stát.

[EN]

(2) Ní bhaineann an t-alt seo le honnmhuiriú ticéad, cúpón, comhdhuillí agus doiciméad eile a clóbhuailtear sa Stát do thionscantóirí crannchuir a tionscnaítear agus a stiúraítear go hiomlán lasmuigh den Stát.

[EN]

(3) I gcás crannchur a thionscnamh, do réir ceadúnais, do thairbhí lasmuigh den Stát, ní chuirfidh an t-alt seo toirmeasc ar dhoiciméid a bhaineas leis an gcrannchur a thabhairt amach nó a chur amach as an Stát chun duine atá ag gníomhú thar ceann an tairbhí nuair a beifear tar éis na duaiseoirí a chinneadh.

[EN]

Díolmhadh ó na hAchta um Gheallchur.

35.—Ní bheidh ar shealbhóir ceadúnais nó ceada crannchuir ceadúnas geallghlacadóra a bheith aige faoin Acht um Gheallchur, 1931 (Uimh. 27 de 1931), agus ní bheidh feidhm ag an Betting Act, 1853, maidir le húsáid áitribh i ndáil leis an gcrannchur.

CUID V.

Cur i bhFeidhm, Fianaise agus Pionóis.

[EN]

Conartha cearrbhachais agus geallchuir ar neamhní.

36.—(1) Is conradh ar neamhní gach conradh i modh cearrbhachais nó geallchuir.

[EN]

(2) Ní bheidh aon ábhar caingin ann chun aon airgead nó rud a ghnóthú a líomhantar a bheith buaite nó íoctha as geall nó a taisceadh ag feitheamh ar an teagmhas ar ar cuireadh geall.

[EN]

(3) Aon gheallúint, sainráite nó intuigthe, go n-íocfar le duine ar bith aon airgead d'íoc sé faoi chonradh nó i leith conartha lena mbaineann an t-alt seo nó go n-íocfar aon airgead i bhfoirm choimisiúin, táille, luaíochta nó eile i leith an chonartha nó i leith aon tseirbhísí i ndáil leis an gconradh, is geallúint ar neamhní í agus ní bheidh aon ábhar caingin ann chun aon airgead den tsórt sin a ghnóthú.

[EN]

(4) Ní bhaineann an t-alt seo le haon chomhaontú chun síntiús nó ranníoc a thabhairt i gcomhair aon phláta, duaise nó suime airgid a bheas le dámhadh do bhuaiteoir nó buaiteoirí aon chluiche, spóirt nó caithimh aimsire nach dtoirmisctear leis an Acht seo, ar choinníoll nach geall an síntiús nó an ranníoc.

[EN]

Gléasa cearrbhachais d'urghabháil.

37.—(1) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána aon ghléas cearrbhachais d'urghabháil, más scán-inneall é a toirmeasctar le halt 10 nó gléas cearrbhachais ar a bhfuil aon fheiste trínar féidir é d'oibriú go calaoiseach nó má tá cúis aige a chreidiúint go bhfuiltear á oibriú go calaoiseach nó á úsáid le haghaidh cearrbhachais neamhdhleathaigh.

[EN]

(2) Ní oibreoidh duine ar bith, ná ní cheadóidh sé go n-oibreofar, aon ghléas cearrbhachais, ná ní bheidh seilbh ná urlámhas aige ar aon ghléas cearrbhachais, ar a bhfuil aon fheiste den tsórt sin.

[EN]

Cumhacht ag an nGarda Síochána dul isteach i siamsalanna, etc.

38.—Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána dul isteach agus saor-chead isteach a bheith aige, gach tráth réasúnach, chuig aon tsiamsalann, aonach súgraidh, surcas, seó taistil, carnabhal, basár, spórt-chruinniú, féile áitiúil, taispeántas nó ócáid eile dá samhail a bhfuil, nó a gcreidtear go bhfuil, cearrbhachas nó crannchur ar siúl ann.

[EN]

Barántas cuardaigh

39.—(1) Más deimhin le Breitheamh den Chuirt Dúiche, ar chomhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná Cigire do thabhairt faisnéise faoi mhionn, go bhfuil cúis réasúnach ann chun a cheapadh go bhfuil cion in aghaidh an Achta seo déanta, á dhéanamh, nó ar tí a dhéanta, in aon ionad nó áitreabh, féadfaidh an Breitheamh barántas cuardaigh d'eisiúint faoin alt seo.

[EN]

(2) Udaróidh an barántas cuardaigh do chomhalta a hainmneofar den Gharda Síochána agus nach ísle céim ná Cigire, maraon le pé comhaltaí eile den Gharda Síochána is cuí leis an gcomhalta sin, dul isteach san ionad nó san áitreabh aon tráth laistigh d'ocht n-uaire ceathrachad a chloig tar éis an barántas d'eisiúint, go forneartach más gá sin, chun an t-ionad nó an t-áitreabh agus aon leabhair agus doiciméid a gheofar ann d'iniúchadh agus ainm agus seoladh aon duine a gheofar ann a thógaint, agus aon ghléas cearrbhachais agus aon leabhair agus doiciméid d'urghabháil a gheofar ann agus a dhealraíos a bheith ag baint le cearrbhachas nó crannchuir.

[EN]

Ciontóirí a ghabháil.

40.—(1) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána duine ar bith a ghabháil gan barántas a gheobhas sé ag stiúrú, nó ag cabhrú le stiúrú, aon tsóirt chearrbhachais in áit poiblí a bhfuil cúis aige a chreidiúint gur cearrbhachas é atá contrártha don Acht seo.

[EN]

(2) Féadfaidh comhalta den Gharda Síochána duine ar bith a ghabháil gan barántas más rud é, ar a ainm agus a sheoladh d'éileamh air faoin Acht seo, nach dtabharfaidh sé iad nó go dtabharfaidh sé ainm nó seoladh a bhfuil cúis ag an gcomhalta sin a chreidiúint go bhfuil sé bréagach nó míthreorach.

[EN]

Garda Síochána a chosc.

41.—Duine ar bith a choiscfeas nó a bhacfas comhalta den Gharda Síochána agus é ag feidhmiú a chumhacht faoin Acht seo nó, nuair a iarrfas an comhalta sin a ainm agus a sheoladh air, nach dtabharfaidh iad nó a bhéarfas ainm nó seoladh atá bréagach nó míthreorach, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná cúig puint fhichead a chur air.

[EN]

Fianaise i dtaobh ionad cearrbhachais neamhdhleathaigh a choimeád.

42.—Má coisctear nó má bactar comhalta den Gharda Síochána ar dhul isteach in aon ionad nó áitreabh, nó in aon chuid de, i bhfeidhmiú a chumhacht faoin Acht seo nó má gheibhtear ansin aon ghléas cearrbhachais, ar scán-inneall é a toirmisctear le halt 10 nó gléas cearrbhachais is féidir d'úsáid le haghaidh cearrbhachais neamhdhleathaigh, glacfar leis go dtí go gcruthófar a mhalairt go raibh nó go bhfuil an t-ionad nó an t-áitreabh sin á choimeád le haghaidh cearrbhachais neamhdhleathaigh.

[EN]

Fianaise i dtaobh cearrbhachais neamhdhleathaigh.

43.—Ní gá mar thaca le hinchúiseamh maidir le cearrbhachas neamhdhleathach a chruthú gur ar airgead nó geall ar bith a bhí aon duine ag imirt a fuarthas ag imirt aon chluiche.

[EN]

Cionta.

44.—Duine ar bith a shárós aon fhoráil den Acht seo nach bhforáltar pionós ina leith go sonrach, beidh sé ciontach i gcion agus ar a chiontú ann go hachomair dlífear fíneáil nach mó ná céad punt a chur air nó príosúntacht ar feadh téarma nach sia ná trí mhí nó an fhíneáil sin agus an phríosúntacht sin le chéile.

[EN]

Cionta maidir le comhluchta corpraithe agus comhluchta neamhchorpraithe.

45.—(1) Má dhéanann comhlucht corpraithe nó duine a airbheartaíos a bheith ag gníomhú thar ceann comhluchta chorpraithe nó comhlucht neamhchorpraithe daoine cion i gcoinne an Achta seo agus go gcruthófar go ndearnadh amhlaidh é le toiliú nó aontú, nó gur hurasaíodh a dhéanamh trí aon mhainneachtaint ar thaobh aon duine atá, i gcás comhluchta chorpraithe, ina stiúrthóir ar an gcomhlucht sin nó, i gcás comhluchta neamhchorpraithe, ina chomhalta de choiste bainistí nó d'údarás rialuithe eile an chomhluchta sin, beidh an duine sin freisin ciontach sa chion.

[EN]

(2) Aon toghairm nó doiciméad eile is gá a sheirbheáil, chun críche nó i gcúrsa imeacht faoin alt seo, ar chomhlucht corpraithe, féadfar é a sheirbheáil trína fhágaint ag oifig chláraithe an chomhluchta sin nó trína chur leis an bpost cláraithe go dtí an oifig sin nó, mura bhfuil aon oifig den tsórt sin sa Stát, trína fhágaint ag an gcomhlucht, nó trína chur leis an bpost cláraithe chuig an gcomhlucht, ag aon áit sa Stát ina mbíonn a ghnó á sheoladh aige.

[EN]

Ceadúnais agus ceada a chúlghairm.

46.—Má ciontaítear i gcion i gcoinne an Achta seo duine is sealbhóir ar cheadúnas cearrbhachais nó ar cheadúnas nó cead crannchuir, féadfaidh an Chúirt an ceadúnas nó an cead a chúlghairm.

[EN]

Gléasa cearrbhachais d'fhorghéilleadh.

47.—(1) Nuair a ciontófar duine i gcion i gcoinne an Achta seo féadfaidh an Chúirt a ordú go bhforghéillfear don Aire aon ghléas cearrbhachais a húsáideadh ag déanamh an chiona nó, i gcás ciontuithe faoi alt 5, aon ghléas cearrbhachais a fuarthas san áitreabh nó san ionad a bheas i gceist.

[EN]

(2) Féadfaidh an tAire déanamh nó déileáil mar is cuí leis le haon ní a forghéillfear amhlaidh.

[EN]

(3) Déanfar an fáltas glan as aon ní a dhíolfas an tAire de bhun an ailt seo d'íoc isteach sa Stát-Chiste nó a chur chun tairbhe don Stát-Chiste i pé slí a ordós an tAire Airgeadais.

[EN]

Doiciméid a dhíthiú.

48.—Nuair a ciontófar duine i gcion maidir le crannchur, féadfaidh an Chúirt a ordú go ndítheofar aon doiciméid a bhaineas leis an gcrannchur.

[EN]

Pacáidí poist ina bhfuil doiciméid neamhdhleathacha a cuireadh sa phost sa Stát.

49.—(1) Féadfaidh an tAire Poist agus Telegrafa aon phacáid phoist a choinneáil a cuireadh sa phost sa Stát agus a mbeifear in amhras go bhfuil aon doiciméad inti a bhaineas le crannchur neamhdhleathach agus cuirfidh sé ar aghaidh chuig comhalta den Gharda Síochána nach ísle céim ná Ceannfort gach pacáid phoist a coinneofar amhlaidh.

[EN]

(2) Féadfaidh an comhalta an phacáid d'oscailt agus a scrúdú ach, i gcás seoladh laistigh den Stát, ní dhéanfaidh sé sin ach amháin i láthair an duine chun ar seoladh an phacáid, mura rud é nach dtiocfaidh an duine sin i láthair tar éis fógra i scríbhinn d'fhágaint ag an seoladh ar an bpacáid, nó a chur leis an bpost chuig an seoladh sin, á iarraidh air teacht i láthair.

[EN]

(3) Má gheibheann an comhalta aon doiciméad den tsórt sin, féadfaidh sé an phacáid agus a bhfuil inti a choinneáil le haghaidh inchúisimh, agus mura bhfaighidh sé aon doiciméad den tsórt sin seachadfaidh sé an phacáid don duine chun ar seoladh í nó, má tá sé as láthair, cuirfidh sé chuige leis an bpost í.

[EN]

(4) Forléireofar mar aon ní amháin an t-alt seo agus na hAchta um Oifig an Phoist, 1908 go 1951.

[EN]

Taifid, cuntais agus tuairisceáin.

50.—(1) Féadfaidh Coimisinéir an Gharda Shíochána, le toiliú an Aire, rialacháin a dhéanamh á fhoráil go gcoimeádfar cuntais agus taifid eile maidir le crannchuir agus go dtabharfar tuairisceáin agus eolas ina dtaobh.

[EN]

(2) Gach duine ar a gcuirfear dualgas le haon rialachán den tsórt sin, comhlíonfaidh sé forála an rialacháin.

[EN]

Scuabghill na nOspidéal a dhíolmhadh.

51.—Ní bhaineann an tAcht seo le scuabgheall faoi Achta na nOspidéal Poiblí, 1933 go 1940.

AN SCEIDEAL.

CUID I.

Achtacháin a hAthghairmtear go hIomlán.

Alt 3

Siosón agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Teideal

10 Will. III, c. 23.

An Act for suppressing of Lotteries (1698).

6 Anne, c. 17 (Ir.).

An Act for suppressing Lotteries and Gaming-Tables (1707).

9 Anne, c. 6.

An Act for suppressing Lotteries (1710).

11 Anne, c. 5 (Ir.).

An Act for suppressing Lotteries (1712).

8 Geo. 1, c. 2.

Lotteries Act, 1721.

9 Geo. 1, c. 19.

Lotteries Act, 1722.

6 Geo. II, c. 35.

Lotteries Act, 1732.

12 Geo. II, c. 28.

Gaming Act, 1738.

13 Geo. II, c. 8 (Ir.).

An Act for the more effectual preventing of excessive and deceitful Gaming (1739).

19 & 20 Geo. III, c. 5 (Ir.).

An Act for establishing a Lottery ... (1779-80).

21 Geo. III, c. 14.

Lotteries (Ireland) Act, 1780.

33 Geo. III, c. 18 (Ir.).

An Act to prevent the Insurance of Lottery Tickets, to regulate the Drawing of Lotteries, and to amend the Laws respecting the same (1793).

42 Geo. III, c. 119.

Gaming Act, 1802.

46 Geo. III, c. 148.

Lotteries Act, 1806.

4 Geo. IV, c. 60.

Lotteries Act, 1823.

5 & 6 Will. IV, c. 41.

Gaming Act, 1835.

6 & 7 Will. IV, c. 66.

Lotteries Act, 1836.

8 & 9 Vic., c. 74.

Lotteries Act, 1845.

8 & 9 Vic., c. 109.

Gaming Act, 1845.

17 & 18 Vic., c. 38.

Gaming Houses Act, 1854.

55 & 56 Vic., c. 9.

Gaming Act, 1892.

Uimh. 50 de 1923.

An tAcht Cearrbhachais, 1923.

CUID II.

Achtacháin a hAthghairmtear go Páirteach.

Siosón agus Caibidil nó Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Meid na hAthghairme

35 & 36 Vic., c. 94.

Licensing Act, 1872.

Mír (1) d'alt 17.

Uimh. 7 de 1943.

An tAcht Deocha Meisciúla, 1943.

Alt 30.