[EN]

Uimhir 21 de 1978


[EN]

AN tACHT AIRGEADAIS, 1978

[An tiontú oifigiúil]

ACHT DO MHUIREARÚ AGUS D'FHORCHUR DLEACHTANNA ÁIRITHE CUSTAM AGUS IONCAIM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL), DO LEASÚ AN DLÍ A BHAINEANN LE CUSTAIM AGUS IONCAM INTÍRE (LENA nÁIRÍTEAR MÁL) AGUS DO DHÉANAMH TUILLEADH FORÁLACHA I dTAOBH AIRGEADAIS. [5 Iúil, 1978] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS: [EN]

CUID I

Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide

Caibidil I

Cáin Ioncaim

[EN]

Leasú ar alt 142 (gaolta cleithiúnacha) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

1.—Leasaítear leis seo alt 142 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, maidir leis an mbliain 1978-79 agus blianta measúnachta dá éis sin, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1A):

[EN]

“(1A) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn ‘an méid sonraithe’ £944.”.

[EN]

Leasú ar alt 143 (préimheanna ar árachais iar-1916 agus ar íocaíochtaí áirithe eile) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

2.—Leasaítear leis seo alt 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

[EN]

“(3)  (a) Is í an asbhaint a bhainfear as ioncam iomlán an éilitheora—

[EN]

(i) más tar éis an 21ú lá de Bhealtaine, 1953, agus roimh an 2ú lá d'Fheabhra, 1978, a rinneadh an t-árachas nó an conradh dá dtagraítear i bhfo-alt (2) agus sin le haon chuideachta árachais nó cara-chumann, is cuideachta nó cumann atá cláraithe sa Stát agus á bhainistí agus á rialú ann, méid is comhionann le dhá thrian den phréimh a d'íoc sé;

[EN]

(ii) in aon chás eile, méid is comhionann le leath na préimhe a d'íoc sé nó, de réir mar a bheidh, leath na suime a d'íoc sé nó a asbhaineadh as a thuarastal nó a stipinn.

[EN]

(b) I gcás a n-éileoidh pearsa aonair faoiseamh faoin alt seo maidir le—

[EN]

(i) árachas nó conradh dá dtagraítear i bhfo-alt (2) lena mbaineann mír (a) (ii) agus a rinneadh roimh an 2ú lá d'Fheabhra, 1978, nó

[EN]

(ii) suim (is suim dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (b)) ar dlíodh den phearsa aonair, roimh asbhaint as a stipinn nó a thuarastal roimh an 2ú lá d'Fheabhra, 1978, agus a ndlitear de fós, í a íoc nó í a bhaint as a stipinn nó a thuarastal,

[EN]

agus go mbeidh aon chuid dá ioncam inchánach inchurtha faoi cháin de réir ceann amháin nó níos mó de na hard-rátaí, beidh sé i dteideal go ndéanfar an méid cánach is iníoctha aige a laghdú sa dóigh nach mó é ná cóimhéid chomhiomlán an dá mhéid seo a leanas—

[EN]

(I) méid na cánach ab iníoctha aige dá mba ionann an asbhaint óna ioncam iomlán maidir leis an árachas nó leis an gconradh nó leis an tsuim sin agus dhá thrian den phréimh a d'íoc sé nó, cibé acu é, den tsuim sin, agus

[EN]

(II) méid is ionann agus cáin de réir an ráta chaighdeánaigh ar an séú cuid den phréimh a d'íoc sé maidir leis an árachas nó leis an gconradh nó, de réir mar a bheidh, den tsuim sin.”.

[EN]

Leasú ar alt 193 (faoisimh phearsanta ar rogha a fheidhmiú go ndéanfar measúnachtaí ar leithligh) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

3.—Leasaítear leis seo alt 193 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, maidir leis an mbliain 1978-79 agus blianta measúnachta dá éis sin—

[EN]

(a) trí na míreanna seo a leanas a chur in ionad míreanna (a), (aa) agus (f) i bhfo-alt (2):

[EN]

“(a) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi ailt 138 agus 141 (seachas fo-alt (2)), faoi alt 11 den Acht Airgeadais, 1971, agus faoi alt 8 den Acht Airgeadais, 1974, i gcomhréir leath má leath,

[EN]

(b) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi ailt 143, 145, 151 agus 152, chun an fhearchéile nó an bhanchéile de réir mar is eisean nó ise a rinne an íocaíocht ar dá barr an faoiseamh,

[EN]

(bb) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 12 den Acht Airgeadais, 1967, sa chomhréir inar íoc siad an caiteachas ar dá bharr an faoiseamh,” agus

[EN]

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (7):

[EN]

“(7) I gcás éifeacht a bheith le hiarratas faoi alt 197 maidir le bliain mheasúnachta, beidh éifeacht le halt 5 den Acht Airgeadais, 1977, maidir leis an mbliain sin, i ndáil le gach duine de na céilí lena mbaineann, ionann is dá mba éard é an chuid d'ioncam inchánach a shonraítear san alt sin atá le cur faoi cháin de réir aon cheann de na rátaí a shonraítear ann (seachas an ráta a deirtear is inmhuirearaithe ar an iarmhar ioncaim inchánach) leath na coda a shonraítear amhlaidh.

[EN]

(8) I gcás ar lú an chuid d'ioncam inchánach céile is inchurtha faoi cháin de réir fho-alt (7) de réir ráta áirithe a shonraítear in alt 5 den Acht Airgeadais, 1977, ná cuid an chéile eile agus gur lú ná an chuid (dá ngairtear ‘an chuid iomchuí’ anseo feasta) d'ioncam inchánach a bhfuil an céile chéadluaite, de bhua fho-alt (7), inchurtha faoi cháin ina leith de réir an ráta sin, déanfar méid ioncam inchánach an chéile eile, atá de réir fho-alt (7), le cur faoi cháin de réir an ráta sin, a mhéadú an méid ar lú ioncam inchánach an chéile chéadluaite is inchurtha faoi cháin de réir an ráta sin ná an chuid iomchuí.”.

[EN]

Leasú ar alt 236 (blianachtaí scoir —an saghas faoisimh do phréimheanna cáilitheacha agus a mhéid) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

4.—(1) Leasaítear leis seo alt 236 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

[EN]

(a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1A), (1B) agus (1C) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1974)—

[EN]

“(1A) Faoi réir forálacha an ailt seo agus Sceideal 5, ní mó an méid a fhéadfar a asbhaint nó a fhritháireamh aon bhliain mheasúnachta (cibé acu i leith préimhe cáilithí amháin nó níos mó agus cibé acu a áirítear nó nach n-áirítear préimheanna maidir le conradh a ceadaíodh faoi alt 235A) ná 15 faoin gcéad de ghlantuilleamh iomchuí na pearsan aonair don bhliain sin agus beidh ar áireamh, an oiread riamh is féidir é, ar an méid a asbhainfear préimheanna cáilitheacha i leith conarthaí a ceadaíodh faoi alt 235A.

[EN]

(1B) Faoi réir forálacha an ailt seo, ní mó an méid a fhéadfar a asbhaint nó a fhritháireamh in aon bhliain mheasúnachta maidir le préimheanna cáilitheacha arna n-íoc faoi chonradh a ceadaíodh faoi alt 235A (cibé acu i leith préimhe amháin den sórt sin nó níos mó) ná 5 faoin gcéad de ghlantuilleamh iomchuí na pearsan aonair don bhliain sin.”, agus

[EN]

(b) trí “(1B)” a chur in ionad “(1B) (b)” i mír (b) d'fho-alt 2),

[EN]

agus tá an mhír sin (b), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

[EN]

(2) Beidh éifeacht le Cuid I den Chéad Sceideal chun an t-alt seo a fhorlíonadh.

AN TABLA

(b) oibriú fho-alt (1B) (maidir le préimh cháilitheach arna híoc faoi chonradh a ceadaíodh faoi alt 235 A),

[EN]

Alt 23 (sochar comhchineáil: íosmhuirear cánach i leith úsáid feithicle) den Acht Airgeadais, 1976.

5.—Ní bheidh feidhm ná éifeacht le halt 23 den Acht Airgeadais, 1976, i ndáil leis an mbliain 1978-79 ná le haon bhliain mheasúnachta dá éis sin.

[EN]

Faoiseamh pearsanta.

6.—(1) I gcás a mbeidh asbhaint le déanamh as ioncam iomlán pearsan aonair don bhliain 1978-79 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin i leith faoiseamh a mbeidh an phearsa aonair ina theideal faoin bhforáil a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo agus gur mhéid a shonraítear i gcolún (2) den Tábla sin méid na hasbhainte mura mbeadh an t-alt seo, is é a bheidh i méid na hasbhainte, in ionad an mhéid a shonraítear sa cholún sin (2), an méid a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin os coinne lua an mhéid sin sa cholún sin (2).

AN TABLA

An fhoráil reachtúil

An méid a bheidh le baint as ioncam iomlán do 1977-78

An méid a bheidh le baint as ioncam iomlán do 1978-79 agus do bhlianta dá éis sin

(1)

(2)

(3)

£

£

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967:

alt 138

(fear pósta)

..

..

1,100

1,730

(duine singil)

..

..

665

865

(baintreach fir nó mná)

735

935

An tAcht Airgeadais, 1974: alt 8 (liúntas aoise)

(fear pósta)

..

..

145

180

(duine singil nó bain-

treach fir nó mná)

..

45

80

[EN]

(2) Beidh éifeacht le halt 6 den Acht Airgeadais, 1974, agus le halt 6 den Acht Airgeadais, 1977, faoi réir forálacha an ailt seo.

[EN]

(3) Beidh éifeacht le Cuid II den Chéad Sceideal chun fo-alt (1) a fhorlíonadh.

[EN]

Iocaíochtaí i leith leanaí tailidimíde.

7.—Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 19 den Acht Airgeadais, 1973:

[EN]

“19.—(1) Bainfidh an t-alt seo le haon íocaíocht ón Aire Sláinte nó ón bhforas dá ngairtear Hilfswerk für behinderte Kinder le haon phearsa aonair, nó i leith aon phearsa aonair, atá faoi chithréim i ngeall ar easláine is féidir a chur i mbaint le máthair na pearsan aonair do chaitheamh ullmhóidí ina raibh tailidimíd le linn di bheith torrthach.

[EN]

(2) Ioncam—

[EN]

(a) ar íocaíocht é lena mbaineann an t-alt seo, nó

[EN]

(b) a eascraíonn chuig duine dá dtugtar, nó a dtugtar ina leith, íocaíochtaí lena mbaineann an t-alt seo de bharr na híocaíochtaí sin nó an t-ioncam astu a infheistiú go hiomlán nó go páirteach, is ioncam ar díbhinní nó ioncam eile é a bheadh, mura mbeadh an t-alt seo, inchurtha faoi cháin faoi Sceideal C nó faoi Chás III, IV (de bhua alt 4 den Acht Airgeadais, 1974) nó V de Sceideal D nó faoi Sceideal F,

[EN]

beidh sé díolmhaithe ó cháin agus ní áireofar é le linn ioncam iomlán a bheith á ríomh chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim ach beidh feidhm ag forálacha na nAchtanna sin i ndáil le tuairisceáin a thabhairt ar ioncam iomlán ionann is dá mba nár achtaíodh an t-alt seo.

[EN]

(3) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le haon ioncam den chineál a shonraítear i bhfo-alt (2) cibé acu roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin a d'eascair sé nó a eascróidh sé.”.

[EN]

Faoiseamh do phearsana aonair i leith iasachtaí a caitheadh ag fáil leasa i gcuideachtaí.

8.—(1) D'ainneoin nach sásaíonn pearsa aonair ceann den dá choinníoll, nó an dá choinníoll, atá leagtha amach i míreanna (a) agus (b) d'fho-alt (2) d'alt 34 den Acht Airgeadais, 1974, beidh sé i dteideal faoiseamh a fháil faoin alt sin maidir le haon ús a íocadh i leith aon tréimhse dar tosach an 2ú lá d'Fheabhra, 1978, nó aon lá dá éis, ar aon iasacht a tugadh dó agus a caitheadh chun críche a shonraítear i bhfo-alt (1) den alt sin 34—

[EN]

(a) más amhlaidh don chuideachta a bhfuarthas cuid dá gnáthscairchaipiteal nó, de réir mar a bheidh, dar tugadh an t-airgead ar iasacht—

[EN]

(i) gur cuideachta í dá dtagraítear i bhfomhír (i) de mhír (a) den fho-alt sin (1) agus cuideachta a raibh an phearsa aonair ina fhostaí lánaimsire, ina fhostaí páirtaimsire, ina stiúrthóir lánaimsire nó ina stiúrthóir páirtaimsire i ndáil léi i gcaitheamh na tréimhse, arna tógáil san iomlán, ó caitheadh fáltais na hiasachta go dtí gur íocadh an t-ús, nó

[EN]

(ii) gur cuideachta í dá dtagraítear i bhfomhír (ii) den mhír sin (a) agus cuideachta phríobháideach a raibh an phearsa aonair, i gcaitheamh na tréimhse sin, ina stiúrthóir lánaimsire nó ina fhostaí lánaimsire i ndáil léi nó i ndáil le haon chuideachta a measfaí baint a bheith aici léi chun críocha an ailt sin 34,

[EN]

(b) más rud é nach ndearna an chuideachta ná aon duine a bhfuil baint aige léi, i rith na tréimhse a shonraítear i mír (a) (i), aon iasacht ná airleacan airgid a thabhairt don phearsa aonair nó do dhuine a bhfuil baint aige leis an bpearsa aonair seachas iasacht a tugadh nó airgead a airleacadh i ngnáthchúrsa gnó, ar chuid de airgead a thabhairt ar iasacht, a sheolann an chuideachta nó, de réir mar a bheidh, an duine a bhfuil baint aige leis an gcuideachta.

[EN]

(2) I ndáil le haon íocaíocht nó íocaíochtaí úis ar aon iasacht nó iasachtaí a caitheadh—

[EN]

(a) ag fáil aon choda de ghnáth-scairchaipiteal cuideachta seachas cuideachta phríobháideach, nó

[EN]

(b) ag tabhairt airgid ar iasacht do chuideachta den sórt sin, nó

[EN]

(c) ag aisíoc aon iasachta nó iasachtaí eile a caitheadh chun críche a shonraítear i míreanna (a) agus (b),

[EN]

ní thabharfar aon fhaoiseamh in aghaidh aon bhliana measúnachta de bhua an ailt seo ach amháin d'fhostaí lánaimsire nó do stiúrthóir lánaimsire de chuid na cuideachta ná ní thabharfar aon fhaoiseamh den sórt sin d'fhostaí ná do stiúrthóir den sórt sin ar an méid is mó an íocaíocht sin nó comhiomlán na n-íocaíochta sin, in aghaidh na bliana measúnachta sin, ná £2,000.

[EN]

(3) I gcás a dtabharfar faoiseamh de bhua an ailt seo do phearsa aonair agus, maidir le haon iasacht nó airleacan airgid a tugadh dó nó do dhuine a bhfuil baint aige leis, go measfar dá éis sin, de réir forálacha mhír (c) d'fho-alt (5) agus de bhua fhomhír (ii), (iii), (iv) nó (v) d'fho-alt (5) (c), nach i ngnáthchúrsa gnó a tugadh sin, déanfar aon fhaoiseamh a tugadh amhlaidh, nach dtabharfaí dá mba rud é, tráth an fhaoisimh a thabhairt, gur measadh amhlaidh maidir leis an iasacht nó leis an airleacan, a tharraingt siar agus déanfar cibé measúnachtaí nó measúnachtaí breise is gá chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an fho-ailt seo.

[EN]

(4) San alt seo—

[EN]

tá le “fochuideachta 90 faoin gcéad” an bhrí a shanntar dó le halt 156 den Acht Cánach Corparáide, 1976;

[EN]

ciallaíonn “fostaí lánaimsire” agus “stiúrthóir lánaimsire”, i ndáil le cuideachta, fostaí nó stiúrthóir, cibé acu é, a bhfuil ceangal air a chuid ama go léir go substainteach a chaitheamh le seirbhís na cuideachta;

[EN]

tá le “cuideachta shealbhaíochta” an bhrí a shanntar dó le halt 107 den Acht Cánach Corparáide, 1976;

[EN]

ciallaíonn “fostaí páirtaimsire” agus “stiúrthóir páirtaimsire”, i ndáil le cuideachta, fostaí nó stiúrthóir, cibé acu é, nach bhfuil ceangal air a chuid ama go léir go substainteach a chaitheamh le seirbhís na cuideachta;

[EN]

tá le “cuideachta phríobháideach” an bhrí a shanntar dó le halt 33 d'Acht na gCuideachtaí, 1963.

[EN]

(5) Chun críocha an ailt seo—

[EN]

(a) déanfar aon cheist i dtaobh baint a bheith ag duine le duine eile a chinneadh de réir forálacha alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968, agus mhír (b);

[EN]

(b) tá baint ag duine le haon duine eile dar thug sé, seachas i ngnáthchúrsa gnó a sheolann sé agus ar cuid de airgead a thabhairt ar iasacht, aon iasacht nó airleacan airgid, agus le haon duine dar thug an duine eile sin aon iasacht nó airleacan airgid amhlaidh, agus mar sin de;

[EN]

(c) ní mheasfar iasacht a bheith tugtha, ná ní mheasfar airgead a bheith tugtha ar airleacan, i ngnáthchúrsa gnó—

[EN]

(i) má tugadh an iasacht nó má airleacadh an t-airgead ar théarmaí nach téarmaí iad atá réasúnta inchomórtais leis na téarmaí a d'fheidhmeofaí maidir leis an iasacht nó maidir le hairleacan an airgid sin ar an bhforas gur ar neamhthuilleamaí a rinneadh an idirbheartaíocht le haghaidh na hiasachta nó airleacan an airgid,

[EN]

(ii) más rud é, an tráth a tugadh an iasacht nó a airleacadh an t-airgead, gurbh amhlaidh do na téarmaí go raibh fomhír (i) gan feidhm, go ndéanfar na téarmaí sin a athrú dá éis sin agus gurb amhlaidh do na téarmaí tar éis iad a athrú amhlaidh, i gcás feidhm a bheith acu an tráth a tugadh an iasacht nó a airleacadh an t-airgead, go mbeadh feidhm ag fomhír (i),

[EN]

(iii) má ligtear thar ceal aon ús is iníoctha ar an iasacht a tugadh nó ar an airgead a airleacadh,

[EN]

(iv) má bhíonn aon ús is iníoctha ar an iasacht a tugadh nó ar an airgead a airleacadh gan íoc laistigh de 12 mhí ón dáta a tháinig sé chun bheith iníoctha, nó

[EN]

(v) má bhíonn an iasacht nó an t-airgead a airleacadh nó aon chuid den iasacht nó den airleacan airgid sin gan aisíoc laistigh de 12 mhí ón dáta a thiocfaidh sé chun bheith inaisíoctha;

[EN]

(d) beidh ar na cásanna ina measfar iasacht a bheith tugtha ag duine do dhuine éigin eile cás—

[EN]

(i) ina ndeachaigh an duine eile sin i bhfiacha ag an duine sin, nó

[EN]

(ii) ina ndéanfar fiach a bheidh dlite den duine eile sin do thríú páirtí a shannadh don duine sin:

[EN]

Ar choinníoll nach mbainfidh fomhír (i) le fiach a tabhaíodh i ndáil leis an duine sin do sholáthar earraí nó seirbhísí i ngnáthchúrsa a thrádála nó a ghnó mura faide ná sé mhí an creidmheas a tugadh nó mura faide é ná an creidmheas a thugann an duine sin de ghnáth;

[EN]

(e) measfar gur cuideachta dá dtagraítear in alt 34 (1) (a) (i) den Acht Airgeadais, 1974, cuideachta, seachas cuideachta phríobháideach, más cuideachta shealbhaíochta í agus go bhfuil cónaí uirthi sa Stát, agus

[EN]

(f) measfar gur fostaí lánaimsire nó stiúrthóir lánaimsire de chuid cuideachta dá dtagraítear i mír (e) pearsa aonair más fostaí lánaimsire nó stiúrthóir lánaimsire é de chuid cuideachta is fochuideachta 90 faoin gcéad don chuideachta sin.

[EN]

Faoiseamh ó cháin do phearsana aonair áirithe a chónaíonn sa Stát agus atá fostaithe sa Ríocht Aontaithe agus lena mbaineann an Coinbhinsiún chun cánachas dúbailte ar ioncam agus ar ghnóchain chaipitiúla a sheachaint go comharaíoch sa Stát agus sa Ríocht Aontaithe.

9.—(1) San alt seo agus i gCuid III den Chéad Sceideal—

[EN]

tá le “liúntas caipitiúil” an bhrí chéanna atá leis in alt 33 den Acht Airgeadais, 1975;

[EN]

tá le “an Coinbhinsiún” an bhrí chéanna atá leis in alt 39 (5) den Acht Airgeadais, 1977;

[EN]

tá le “asbhaint i leith ranníocaí” agus “asbhaint i leith caiteachas” na bríonna céanna atá leo in alt 16 den Acht Airgeadais, 1976;

[EN]

ciallaíonn “díolaíochtaí”, i ndáil le haon bhliain, tuarastal, pá agus luach saothair eile dá sórt a fhaigheann pearsa aonair i leith fostaíocht a fheidhmítear sa Ríocht Aontaithe agus is inchurtha faoi cháin faoi Chás III de Sceideal D don bhliain sin agus a mbaineann nó a mbainfeadh Airteagal 15 (1) nó 15 (3) den Choinbhinsiún leo dá mba sa bhliain 1977-78 a gheobhaidh nó a fuair an phearsa aonair iad amhlaidh;

[EN]

tá le “na sean-Chomhaontuithe” an bhrí chéanna atá leis in alt 39(5) den Acht Airgeadais, 1977;

[EN]

ciallaíonn “glandíolaíochtaí” na díolaíochtaí dá ngairtear glandíolaíochtaí i gCuid III den Chéad Sceideal;

[EN]

ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim;

[EN]

ciallaíonn “cáin is iomchuí do na díolaíochtaí”, i ndáil le haon phearsa aonair, d'aon bhliain mheasúnachta, an méid cánach a chinnfear de réir na foirmle atá leagtha amach i gCuid III den Chéad Sceideal.

[EN]

(2) I gcás pearsa aonair a bheith inchurtha faoi cháin i leith díolaíochtaí don bhliain 1977-78, beidh sé i dteideal faoiseamh don bhliain 1976-77 arb é a mhéid (dá ngairtear “logha” anseo feasta) cóimhéid—

[EN]

(a) i gcás pearsa aonair a raibh cónaí air sa Stát agus nach raibh cónaí air sa Ríocht Aontaithe an bhliain 1976-77, leath na cánach is iomchuí do na díolaíochtaí don bhliain 1976-77, agus

[EN]

(b) i gcás pearsa aonair a raibh cónaí air sa Stát agus sa Ríocht Aontaithe an bhliain 1976-77, leath na cánach is iomchuí do na díolaíochtaí don bhliain 1976-77, arna laghdú méid in ionannas cáin ar an gceathrú cuid de na glandíolaíochtaí de réir an ráta cánach Éireannaí is iomchuí dó nó de réir an ráta cánach Ríochta Aontaithe is iomchuí dó, cibé acu is lú, arna ríomh de réir na sean-Chomhaontuithe:

[EN]

Ar choinníoll nach mó an logha ná an cháin is iomchuí do na díolaíochtaí don bhliain 1977-78.

[EN]

(3) I gcás ar i leith díolaíochtaí pearsan aonair agus i leith díolaíochtaí a bhanchéile a meastar gur ioncam dá chuid iad faoi fhorálacha alt 192 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, an logha, is é an logha i leith díolaíochtaí gach duine díobh méid a mbeidh idir é agus an logha an chomhréir chéanna a bheidh idir glandíolaíochtaí gach duine díobh agus A san fhoirmle dá dtagraítear i bhfo-alt (1):

[EN]

Ar choinníoll nach mó an logha i leith díolaíochtaí na pearsan aonair ná méid comhiomlán na cánach is iomchuí do dhíolaíochtaí na pearsan aonair don bhliain 1977-78 agus nach mó an logha i leith díolaíochtaí a bhanchéile ná méid comhiomlán na cánach is iomchuí do dhíolaíochtaí a bhanchéile don bhliain 1977-78.

[EN]

(4) I gcás díolaíochtaí mná a bheith inchurtha faoi cháin don bhliain 1977-78, beidh sí i dteideal an logha i leith na ndíolaíochtaí dá cuid, más ann, a bhfuil sí inchurtha faoi cháin ina leith don bhliain 1976-77 mar bhean neamhphósta nó mar bhaintreach.

[EN]

(5) Beidh seiceadóirí nó riarthóirí eastát phearsa aonair a fuair bás sa bhliain 1976-77 i dteideal, i leith díolaíochtaí a bhanchéile ar measadh gur ioncam dá chuid iad don bhliain 1976-77 de réir forálacha alt 192 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, an logha a fháil a mbeadh teideal aige chuige mura mbeadh go bhfuair sé bás.

[EN]

(6) An logha atá dlite do bhean i leith díolaíochtaí a bhfuil sí inchurtha faoi cháin ina leith don bhliain 1976-77 mar bhean neamhphósta nó mar bhaintreach tabharfar tosaíocht dó ar aon logha a bheidh dlite i leith na ndíolaíochtaí dá cuid, más ann, a meastar gur ioncam de chuid a fearchéile iad de réir forálacha alt 192 den Acht Cánach Ioncaim, 1967:

[EN]

Ar choinníoll nach mó méid comhiomlán an logha a bheidh dlite i leith na ndíolaíochtaí dá cuid a bhfuil sí inchurtha faoi cháin ina leith mar bhean neamhphósta nó mar bhaintreach agus i leith na ndíolaíochtaí dá cuid, más ann, a meastar gur ioncam de chuid a fearchéile iad de réir forálacha alt 192 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ná méid comhiomlán na cánach is iomchuí do dhíolaíochtaí na mná sin don bhliain 1977-78 (lena n-áirítear aon díolaíochtaí a meastar gur ioncam de chuid a fearchéile iad de réir forálacha alt 192 den Acht Cánach Ioncaim, 1967).

[EN]

(7) Déanfar gach uile oiriúnú nó aisíoc cánach is gá chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an ailt seo.

[EN]

(8) Leasaítear leis seo alt 193 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (dd) i bhfo-alt (2):

[EN]

“(ddd) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 9 den Acht Airgeadais, 1978, i gcomhréir leis na glandíolaíochtaí atá ar áireamh in A san fhoirmle dá dtagraítear i bhfo-alt (1) den alt sin,”.

[EN]

Faoiseamh ó cháin do phearsana aonair áirithe a d'aistrigh ó fhostaíocht Stáit go dtí fostaíocht le daoine sonraithe áirithe.

10.—Chun logha cánach (ar comhréir leis an logha dá bhforáiltear le halt 16 den Acht Airgeadais, 1976) a dheonú i gcás pearsa aonair a raibh aige féin nó ag a bhanchéile, i mbliain mheasúnachta roimh an mbliain 1976-77, post mar státseirbhíseach nó fostaíocht i slí bheatha sceidealta agus a ndearna duine a luaitear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo é féin nó a bhanchéile a fhostú dá éis sin, ach sin roimh an mbliain sin 1976-77, achtaítear leis seo mar a leanas:—

[EN]

(1) Baineann an t-alt seo le pearsa aonair arb amhlaidh dó féin, nó dá bhanchéile, sa tréimhse iomchuí—

[EN]

(a) go raibh aige nó aici post nó fostaíocht mar a dúradh (post nó fostaíocht dá ngairtear “an chéad fhostaíocht” anseo feasta),

[EN]

(b) gur scoir sé nó sí den chéad fhostaíocht a bheith aige nó aici, agus

[EN]

(c) gur thosaigh sé nó sí, díreach tar éis an scoir sin, d'fhostaíocht (dá ngairtear “an dara fostaíocht” anseo feasta) a bheith aige nó aici le duine a luaitear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

[EN]

(2) I gcás ina bhfuil feidhm ag an alt seo, tabharfar faoiseamh ó cháin arb é a mhéid (dá ngairtear “logha” anseo feasta) cóimhéid leath na cánach is iomchuí do dhíolaíochtaí na chéad fhostaíochta don bhliain mheasúnachta (dá ngairtear “an bhliain scoir” anseo feasta) ar scoir sé féin nó a bhanchéile, cibé acu é, den chéad fhostaíocht a bheith aige nó aici, nó, más mó iad, don bhliain mheasúnachta díreach roimh an mbliain sin:

[EN]

Ar choinníoll nach mó an logha ná méid comhiomlán na cánach is iomchuí do dhíolaíochtaí na chéad fhostaíochta agus an dara fostaíocht don bhliain scoir, nó, más mó, nach mó é ná an cháin is iomchuí do dhíolaíochtaí an dara fostaíocht don bhliain mheasúnachta díreach tar éis na bliana sin.

[EN]

(3) Déanfar an logha a thabharfar de bhua forálacha an ailt seo a lamháil sa bhliain scoir trína fhritháireamh in aghaidh na cánach is iomchuí do dhíolaíochtaí na chéad fhostaíochta:

[EN]

Ar choinníoll, i gcás arb ionann an logha agus leath na cánach is iomchuí do dhíolaíochtaí na chéad fhostaíochta don bhliain díreach roimh an mbliain scoir, go ndéanfar é a lamháil trína fhritháireamh in aghaidh na cánach is iomchuí do na díolaíochtaí sin.

[EN]

(4) Beidh feidhm ag alt 16 den Acht Airgeadais, 1976, modhnaithe mar is gá, chun méid an logha a bheidh le tabhairt faoin alt seo a chinneadh.

[EN]

(5) San alt seo—

[EN]

tá le “státseirbhíseach” an bhrí chéanna atá leis in Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956;

[EN]

ciallaíonn “an tréimhse iomchuí” an tréimhse dar thosach an 6ú lá d'Aibreán, 1969, agus dar chríoch an 5ú lá d'Aibreán, 1976;

[EN]

tá le “slí bheatha sceidealta” an bhrí chéanna atá leis in Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956.

[EN]

(6) Déanfar gach uile choigeartú nó aisíoc cánach is gá chun éifeacht a thabhairt d'fhorálacha an ailt seo.

[EN]

(7) Leasaítear leis seo alt 193 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, tríd an méid seo a leanas a chur in ionad mhír (dd) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976) d'fho-alt (2)—

[EN]

“(dd) sa mhéid gur ó fhaoiseamh dó faoi alt 16 den Acht Airgeadais, 1976, nó faoi alt 10 den Acht Airgeadais, 1978, i gcomhréir leis na glandíolaíochtaí atá ar áireamh in A san fhoirmle i bhfo-alt (1) (a) den alt sin 16 den Acht Airgeadais, 1976.”.

AN TABLA

Bord Sláinte an Oirthir

Aer Rianta Teoranta

[EN]

Teorainneacha ama i ndáil le measúnú ar ionadaithe pearsanta agus le himeachtaí ina n-aghaidh.

11.—(1) Leasaítear leis seo alt 211 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

[EN]

“(2) Ní dhéanfar aon mheasúnacht faoin alt seo tráth is déanaí ná trí bliana tar éis deireadh na bliana measúnachta a fuair an duine éagtha bás, i gcás arb í an bhliain sin a deonaíodh probháid nó litreacha riaracháin, agus ní dhéanfar aon mheasúnacht den sórt sin tráth is déanaí ná dhá bhliain tar éis deireadh na bliana measúnachta a rinneadh an deonú sin in aon chás eile, ach beidh éifeacht leis na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo faoi réir an choinníll—

[EN]

(a) i gcás a dtaiscfidh an seiceadóir nó an riarthóir mionnscríbhinn cheartúcháin chun dleacht eastáit a mheasúnú nó a seachadfaidh sé mionnscríbhinn bhreise faoi alt 38 den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, tar éis na bliana measúnachta a fuair an duine éagtha bás, nó

[EN]

(b) i gcás a ndlífidh an seiceadóir nó an riarthóir mionnscríbhinn bhreise a sheachadadh faoin alt sin 38, agus go mbeidh sin curtha in iúl dó ag na Coimisinéirí Ioncaim ach nár sheachaid sé an mhionnscríbhinn bhreise sin an bhliain mheasúnachta a fuair an duine éagtha bás,

[EN]

go bhféadfar an mheasúnacht sin a dhéanamh tráth ar bith sula mbeidh dhá bhliain caite tar éis deireadh na bliana measúnachta a taisceadh an mhionnscríbhinn cheartúcháin nó a seachadadh nó a seachadfar an mhionnscríbhinn bhreise.”.

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 504 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

[EN]

“(2) Ní fhéadfar imeachtaí a thionscnamh de bhua fho-alt (1) in aghaidh seiceadóir nó riarthóir duine tráth nach mbeidh, de bhua fho-alt (2) d'alt 211, an seiceadóir nó an riarthóir sin inmheasúnaithe agus inmhuirearaithe faoin alt sin i leith cáin ar bhrabúis nó gnóchain a d'eascair nó a d'fhaibhrigh chun an duine sin roimh a bhás.”.

Caibidil II

Cánachas ar Bhrabúis Feirmeoireachta

[EN]

Leasú ar alt 13 (mínithe (Caibidil II)) den Acht Airgeadais, 1974, agus sceideal breise a chur ag gabháil leis an Acht sin.

12.—(1) Leasaítear leis seo alt 13 den Acht Airgeadais, 1974, trí na mínithe seo a leanas a chur le fo-alt (1):

[EN]

“ciallaíonn ‘rátaí’, i ndáil le pearsa aonair, méid an ráta contae, an ráta bhardasaigh nó an ráta eile is iníoctha ag an bpearsa aonair nó ag a bhanchéile i leith talamh feirmeoireachta a áitíonn sé ach ní fholaíonn sé aon mhéid d'aon ráta den sórt sin i leith aon fhoirgneamh ar an talamh nó a bhfuil sé féin nó a bhanchéile, de bhua alt 81 (5) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, i dteideal asbhainte ina leith le linn brabúis nó gnóchain is inchurta faoi cháin faoi Chás V de Sceideal D a bheith á ríomh;

[EN]

tá le ‘cáin is iomchuí do na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht’ an bhrí a shanntar dó leis an Tríú Sceideal.”.

[EN]

(2) Déanfar an sceideal atá leagtha amach i gCuid IV den Chéad Sceideal a chur leis an Acht Airgeadais, 1974.

[EN]

Leasú ar alt 15 (brabúis feirmeoireachta le muirearú faoi Sceideal D) den Acht Airgeadais, 1974.

13.—Leasaítear leis seo alt 15 den Acht Airgeadais, 1974, trí “£60” a chur in ionad “£75” i bhfo-alt (3), agus tá an fo-alt sin (3) (ar leith ón gcoinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1), maidir le haon bhliain mheasúnachta, i gcás pearsa aonair a shuífidh nár £60 nó níos mó luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta go léir a bhí ar áitiú aige aon tráth i rith na bliana measúnachta sin.

[EN]

Leasú ar Caibidil II de Chuid I den Acht Airgeadais, 1974.

14.—Maidir le measúnachtaí don bhliain 1978-79 agus d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, leasaítear leis seo Caibidil II de Chuid I den Acht Airgeadais, 1974

[EN]

(a) trí na hailt seo a leanas a chur in ionad ailt 19 go 21A:

[EN]“Teorainn leis an méid cánach a mhuirearófar i gcásanna áirithe.

19.—(1) I gcás pearsa aonair, seachas pearsa aonair lena mbaineann alt 16, a bheith inmhuirearaithe i leith cánach d'aon bhliain mheasúnachta i leith brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht, ní bheidh méid na cánach is inmhuirearaithe amhlaidh don bhliain mheasúnachta sin níos mó ná an méid a chinnfear de réir na foirmle—

(T - R) ×

V

___

10

[EN]

i gcás—

[EN]

arb é T an cháin is iomchuí do na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht don bhliain sin,

[EN]

arb é R an méid a dhéanfaí an cháin is inmhuirearaithe don bhliain sin i leith na mbrabús nó na ngnóchan sin ó fheirmeoireacht a laghdú de bhua alt 21A, dá mba nár achtaíodh an t-alt seo,

[EN]

arb é V 1 nó, más mó ná sin é, an uimhir is ionann agus an méid ar mó luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a bhí ar áitiú aige an bhliain sin ná £59.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt seo in aon chás inar mó ná £69 luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a bhí ar áitiú ag an bpearsa aonair aon tráth sa bhliain mheasúnachta.

[EN]Bonn measúnachta.

20.—(1) I gcás measúnacht i leith brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht a bheith déanta, de réir forálacha alt 58 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ar phearsa aonair, seachas pearsa aonair lena mbaineann alt 16, d'aon bhliain mheasúnachta (arb í an bhliain 1978-79 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis sin í), beidh sé i dteideal, ar fhógra sa chéill sin a thabhairt i scríbhinn don chigire laistigh de 30 lá tar éis dáta an fhógra faoin measúnacht, a roghnú go muirearófar cáin air don bhliain sin i leith na mbrabús nó na ngnóchan sin ar mhéid a chinnfear de réir forálacha alt 21 agus beidh feidhm ag forálacha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim (lena n-áirítear, go háirithe, na forálacha a bhaineann le hachomhairc in aghaidh measúnachtaí agus íocaíochtaí ar cuntas) i ndáil leis an measúnacht sin ionann is dá mba fhógra achomhairc in aghaidh na measúnachta faoi alt 416 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, an fógra a tugadh don chigire, agus leasófar an mheasúnacht sin de réir mar is gá chun éifeacht a thabhairt don roghnú a rinne an phearsa aonair amhlaidh.

[EN]

(2)  (a) Ní bheidh pearsa aonair i dteideal roghnú a dhéanamh mar a fhoráiltear i bhfo-alt (1) d'aon bhliain mheasúnachta ar bliain mheasúnachta í díreach tar éis bliain mheasúnachta dar muirearaíodh cáin air i leith brabúis nó gnócháin ó fheirmeoireacht ar mhéid seachas méid a cinneadh de réir forálacha alt 21 mura rud é gur muirearaíodh amhlaidh é do gach ceann de na trí bliana measúnachta díreach roimh an mbliain mheasúnachta chéadluaite.

[EN]

(b) Chun críocha an fho-ailt seo, ní thabharfar aird ar an mbliain 1977-78 ná ar bhlianta measúnachta roimhe sin.

[EN]

(3) I gcás, maidir le bliain mheasúnachta, a ndéanfaidh pearsa aonair roghnú go cuí de réir fho-alt (1), muirearófar cáin air do gach ceann den dá bhliain mheasúnachta tar éis na bliana measúnachta sin de réir forálacha alt 21 mar atá feidhm acu i ndáil le muirearú cánach do gach ceann de na blianta sin faoi seach:

[EN]

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo d'aon bhliain mheasúnachta—

[EN]

(a) inar pearsa aonair lena mbaineann alt 16 an phearsa aonair, nó

[EN]

(b) nach bhfuil an phearsa aonair, de bhua alt 15 (3), inchurtha faoi cháin ar bhrabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht.

[EN]Bonn roghnach measúnachta.

20A.—(a) Más rud é, don bhliain 1978-79—

[EN]

(i) go bhfuil pearsa aonair, de bhua alt 15, inchurtha faoi cháin i leith brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht,

[EN]

(ii) nach mbeadh sé inchurtha faoi cháin amhlaidh mura mbeadh forálacha alt 13 den Acht Airgeadais, 1978, agus

[EN]

(iii) go ndéanfar measúnacht air don bhliain sin i leith na mbrabús nó na ngnóchan sin ar mhéid a chinnfear de réir forálacha alt 58 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967,

[EN]

beidh sé i dteideal, ar fhógra sa chéill sin a thabhairt i scríbhinn don chigire, laistigh de 30 lá tar éis dáta an fhógra faoin measúnacht, a roghnú go muirearófar cáin air don bhliain sin i leith na mbrabús nó na ngnóchan sin ar mhéid is ionann agus méid na mbrabús nó na ngnóchan sin de chuid cibé ceann de na tréimhsí—

[EN]

(I) an bhliain 1978-79,

[EN]

(II) an bhliain 1978,

[EN]

a shonróidh sé san fhógra sin don chigire.

[EN]

(b) I gcás a ndéanfaidh pearsa aonair roghnú go cuí de réir mhír (a)—

[EN]

(i) muirearófar cáin air don bhliain 1978-1979 ionann is dá mba chóimhéid lán-mhéid na mbrabús nó na ngnóchan ó fheirmeoireacht de chuid na bliana roimh an mbliain 1978-79 a dúradh agus lánmhéid na mbrabús nó na ngnóchan sin de chuid cibé ceann de na tréimhsí a luaitear i mír (a) a shonróidh an phearsa aonair san fhógra a thabharfaidh sé faoin mír sin, agus

[EN]

(ii) beidh feidhm ag forálacha uile na nAchtanna Cánach Ioncaim (lena n-áirítear, go háirithe, na forálacha a bhaineann le hachomhairc in aghaidh measúnachtaí agus íocaíochtaí ar cuntas) i ndáil leis an measúnacht ionann is dá mba fhógra achomhairc in aghaidh na measúnachta a tugadh faoi alt 416 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, an fógra sin, agus leasófar an mheasúnacht sin de réir mar is gá chun éifeacht a thabhairt don roghnú a rinne an phearsa aonair amhlaidh.

[EN]Bonn barúlach measúnachta.

21.—(1) Pearsa aonair a mbeidh cáin le muirearú air do bhliain mheasúnachta i leith brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht ar mhéid a chinnfear de réir an ailt seo muirearófar amhlaidh é faoi Chás I de Sceideal D ar mhéid a chinnfear de réir na foirmle—

(V×90)-W-C

[EN]

i gcás—

[EN]

arb V luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a áitíonn sé don bhliain mheasúnachta,

[EN]

arb é W méid iomlán na ndíolaíochtaí is iníoctha aige don bhliain mheasúnachta le daoine, a fhostaítear mar bhuanfhostaithe chun an talamh sin a oibriú, i leith na hoibre sin, agus

[EN]

arb é C méid iomlán na n-íocaíochtaí, seachas díolaíochtaí don bhliain mheasúnachta do chonraitheoirí talmhaíochta i leith obair thalmhaíochta a rinne siad ar an talamh sin.

[EN]

(2) Le linn luacháil inrátaithe talún feirmeoireachta a áitíonn pearsa aonair a bheith á cinneadh chun críocha an ailt seo do bhliain mheasúnachta, ní chuirfear san áireamh, d'ainneoin forálacha alt 17, i ndáil le haon talamh feirmeoireachta a áitíonn an phearsa aonair, nó a áitíonn a bhanchéile, i gcomhpháirtíocht le haon duine nó daoine eile, ach an chuid sin de luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a áitítear amhlaidh i gcomhpháirtíocht a mbeidh idir í agus an luacháil inrátaithe sin an chomhréir chéanna a bheidh idir a scairsean nó a scairse, de réir mar is iomchuí, de bhrabúis nó de chaillteanais na comhpháirtíochta arna goionroinnt de réir téarmaí an chomhaontaithe comhpháirtíochta i dtaobh páirtiú na mbrabús nó na gcaillteanas agus brabúis nó caillteanais sin na comhpháirtíochta:

[EN]

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo i ndáil le haon talamh feirmeoireachta a áitíonn an phearsa aonair. nó a áitíonn a bhanchéile, i gcomhpháirtíocht le haon duine nó daoine eile mura mbeidh an duine eile sin nó aon duine de na daoine eile sin inchurtha faoi cháin i leith na mbrabús nó na ngnóchan ó fheirmeoireacht.

[EN]

(3) Le linn brabúis nó gnóchain a bheith á muirearú de réir forálacha an ailt seo, ní dhéanfar aon asbhaint, faoi aon cheann d'fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim, as an méid a chinnfear faoi fho-alt (1).

[EN]

(4) (a) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn ‘conraitheoir talmhaíochta’ duine a dhéanann obair thalmhaíochta ar thalamh feirmeoireachta;

[EN]

ciallaíonn ‘obair thalmhaíochta’ obair is cuid dhílis de shaothrú talún feirmeoireachta nó de shábháil toradh na talún sin agus folaíonn sé earraí nó ainmhithe a iompar isteach ar an talamh sin nó amach as ach ní fholaíonn sé aon obair a bhfuil asbaint i leith a costais toirmiscthe de bhua forálacha alt 61 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, le linn brabúis nó gnóchain a bheith á ríomh;

[EN]

tá le ‘díolaíochtaí’ an bhrí chéanna atá leis in alt 110 den Acht Cánach Ioncaim, 1967.

[EN]

(b) Chun críocha an ailt seo—

[EN]

(i) measfar duine a bheith ina bhuanfhostaí de chuid pearsa aonair do bhliain mheasúnachta más rud é, maidir leis an bpearsa aonair sin—

[EN]

(I) go bhfuil sé cláraithe mar fhostóir faoi na Rialacháin Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí), 1960 (I.R. Uimh. 28 de 1960),

[EN]

(II) go bhfuil forálacha na Rialachán sin comhlíonta aige i ndáil leis na díolaíochtaí go léir a d'íoc sé i gcaitheamh na bliana sin leis an duine sin, agus

[EN]

(III) (A) go bhfuil ranníocaí fostaíochta (de réir brí an Achta Leasa Shóisialaigh, 1952) íoctha aige i leith an duine sin in aghaidh na tréimhse nó na dtréimhsí a raibh an duine sin ar fostú aige ar a feadh nó ar a bhfeadh an bhliain sin, nó

[EN]

(B) i gcás gan na ranníocaí fostaíochta sin a bheith iníoctha ag an bpearsa aonair i leith an duine sin toisc gur fostaíocht a shonraítear i rialacháin nó le rialacháin faoi Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht Leasa Shóisialaigh, 1952, fostaíocht an duine sin, go raibh an duine sin fostaithe aige ar bhonn lánaimsire ar feadh na bliana chun an talamh feirmeoireachta a áitíonn an phearsa aonair sin a oibriú, gur íoc sé pá leis an duine sin i leith na fostaíochta sin agus gur chomhlíon sé, i ndáil leis an duine sin, na horduithe rialaithe fostaíochta faoi na hAchtanna Caidrimh Thionscail, 1946 go 1976, a bhí i bhfeidhm an bhliain sin agus a mbeadh feidhm acu dá mba oibrí talmhaíochta (de réir brí an Achta Caidrimh Thionscail, 1976) an duine;

[EN]

agus

[EN]

(ii) ní dhéanfar díolaíochtaí is iníoctha ag pearsa aonair le duine a bhfuil baint aige leis an bpearsa aonair sin a chur i gcuntas chun críocha na foirmle i bhfo-alt (1) ach amháin sa mhéid gur in airgead a íoctar na díolaíochtaí leis an duine sin.

[EN]

(5) I gcás measúnacht i leith cánach arb éard í nó ar a n-áirítear cáin a bhaineann le brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht, a mhuirearaítear de réir forálacha an ailt seo, a bheith á dhéanamh ar phearsa aonair roimh dheireadh na bliana measúnachta lena mbaineann an mheasúnacht sin i leith cánach, déanfaidh an cigire—

[EN]

(a) le linn an mheasúnacht a bheith á dhéanamh aige, meastachán ar luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a áitíonn an phearsa aonair sin don bhliain mheasúnachta sin agus ar mhéid aon íocaíochta don bhliain sin a bheidh le cur i gcuntas chun críocha na foirmle i bhfo-alt (1), agus

[EN]

(b) le linn aon mheastachán den sórt sin a bheith á dhéanamh aige, aird chuí a thabhairt—

[EN]

(i) ar luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a bhí ar áitiú ag an bpearsa aonair aon tráth i rith na bliana measúnachta díreach roimhe sin, agus

[EN]

(ii) ar mhéid aon íocaíochtaí a chuirfí i gcuntas chun críocha W nó C san fhoirmle i bhfo-alt (1) dá mba é méid na n-íocaíochtaí sin a íocadh don bhliain mheasúnachta díreach roimhe sin an méid a bheidh le cur i gcuntas.

[EN]

(6) I gcás meastachán a bheith déanta faoi fho-alt (5) agus gan fógra achomhairc in aghaidh na measúnachta i leith cánach a bheith tugtha, ach go soláthróidh an phearsa aonair lena mbaineann, laistigh de 6 mhí ó dheireadh na bliana measúnachta, sonraí chun críocha V, W agus C san fhoirmle i bhfo-alt (1), déanfar aon choigeartuithe is gá sa mheasúnacht ag féachaint don difríocht idir méid ceart na mbrabús nó na ngnóchan ó fheirmeoireacht is inmhuirearaithe de réir forálacha an ailt seo agus méid na mbrabús nó na ngnóchan a muirearaíodh sa mheastachán, agus aisíocfar aon mhéid cánach a ró-íocadh.

[EN]

(7) I gcás pearsa aonair a bheith inchurtha faoi cháin faoi Chás V de Sceideal D don bhliain mheasúnachta sin i leith na mbrabús nó na ngnóchan ó aon chíos nó aon fháltas i leith aon éasúna i ndáil le haon chuid den talamh feirmeoireachta a bhí ar áitiú aige, beidh feidhm ag fo-alt (1) don bhliain mheasúnachta maidir leis an talamh feirmeoireachta a bhí ar áitiú amhlaidh ach gan an chuid sin a áireamh as ar eascair na brabúis nó na gnóchain sin is inmhuirearaithe faoi Chás V de Sceideal D:

[EN]

Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo i gcás ar lú an cíos nó an fáltas sin, ag féachaint do na luachanna a bheidh i réim san am, ná an méid a d'fhéadfaí a fháil ar an bhforas gur ar neamhthuilleamaí a rinneadh an idirbheartaíocht le haghaidh an léasa nó na héasúna.

[EN]

(8) Measfar, chun críocha an ailt seo, baint a bheith ag duine le pearsa aonair dá measfaí sin maidir leis an duine sin chun críocha alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha). 1968.

[EN]Creidmheas i leith rátaí.

21A.—(1) I gcás pearsa aonair a bheith inchurtha faoi cháin don bhliain 1978-79 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin i leith brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas—

[EN]

(a) déanfar an méid cánach is inmhuirearaithe amhlaidh don bhliain mheasúnachta sin a laghdú méid na rátaí ab iníoctha don bhliain airgeadais áitiúil díreach roimh an mbliain mheasúnachta sin;

[EN]

(b) le linn na brabúis nó na gnóchain don bhliain mheasúnachta sin a bheith á ríomh, ní asbhainfear aon suim i leith rátaí:

[EN]

Ar choinníoll nach mó an méid dá mbeidh an cháin is inmhuirearaithe d'aon bhliain mheasúnachta le laghdú faoin bhfo-alt seo ná an cháin is iomchuí do na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht don bhliain mheasúnachta sin.

[EN]

(2) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i gcás pearsa aonair lena mbaineann alt 16, agus (ar leith ó mhír (b) d'fho-alt (1)) ní bheidh feidhm aige in aon chás lena mbaineann alt 19.”,

[EN]

(b) trí “go muirearófar” a chur in ionad “go roghnóidh sé go muirearófaí” i mír (a) d'alt 22 (2B) (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976), agus

[EN]

(c) (i) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a) d'alt 25 (1):

[EN]

“(aa) gur de réir forálacha alt 58 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus ní i méid arna chinneadh faoi alt 21 a cuireadh na brabúis nó na gnóchain sin faoi cháin,”,

[EN]

agus

[EN]

(ii) tríd an mír seo a leanas a chur isteach i ndiaidh mhír (a) d'alt 25 (2):

[EN]

“(aa) ar cuireadh faoi cháin é ina leith ar mhéid arna chinneadh de réir forálacha alt 21,”,

[EN]

agus tá an mhír sin (a) d'alt 22 (2B), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(a) go muirearófar cáin air, i leith a bhrabúis nó a ghnóchain ó fheirmeoireacht, faoi threoir forálacha alt 21, nó

[EN]

Srian i leith caillteanas áirithe.

15.—(1) Ní thabharfar aon fhaoiseamh faoi alt 309 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, i leith caillteanas lena mbaineann an t-alt seo, tríd an gcaillteanas sin a bhaint as méid, nó trína fhritháireamh in aghaidh méid, na mbrabús nó na ngnóchan ó fheirmeoireacht arna measúnú don bhliain 1978-79 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin.

[EN]

(2) Baineann an t-alt seo le caillteanas a thabhaigh duine ag seoladh feirmeoireachta aon bhliain mheasúnachta ar bhliain í nach raibh sé, de bhua alt 15 (3) den Acht Airgeadais, 1974, inchurtha faoi cháin i leith a bhrabús nó a ghnóchan ó fheirmeoireacht.

[EN]

(3) San alt seo tá an bhrí chéanna le “feirmeoireacht” atá leis i gCaibidil II de Chuid I den Acht Airgeadais, 1974.

[EN]

Athrú ar an am le cáin a íoc ag feirmeoirí áirithe.

16.—(1) Leasaítear leis seo alt 477 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

[EN]

(a) trí “seachas cáin lena mbaineann fo-alt (2B)” a chur isteach i mír (a) d'fho-alt (2) i ndiaidh “gairme”, agus

[EN]

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (2A)—

[EN]

“(2B) (a) Baineann an fo-alt seo, maidir le measúnachtaí don bhliain 1978-79 agus blianta measúnachta dá éis sin, le cáin is iomchuí do na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht de réir brí Chaibidil II den Acht Airgeadais, 1974, a bheidh in aon mheasúnacht a dhéanfar ar phearsa aonair, seachas pearsa aonair lena mbaineann alt 16 den Acht Airgeadais, 1974.

[EN]

(b) Beidh cáin lena mbaineann an fo-alt seo iníoctha an lú lá d'Eanáir nó roimh an lá sin an bhliain mheasúnachta dá muirearófar í, ach amháin i gcás an cháin sin a bheith ar áireamh i measúnacht d'aon bhliain den sórt sin a dhéanfar an lú lá d'Eanáir nó dá éis, go measfar an cháin a bheith dlite agus iníoctha an lá díreach i ndiaidh an lae a dhéanfar an mheasúnacht.”,

[EN]

agus tá an mhír sin (a), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

[EN]

(2) I ndáil le haon mheasúnacht i leith cánach a dhéanfar ar phearsa aonair (seachas pearsa aonair lena mbaineann alt 16 den Acht Airgeadais, 1974) don bhliain 1978-79 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin i leith brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht, beidh éifeacht le halt 20 (2) den Acht Airgeadais, 1971, ionann is dá mba nár achtaíodh alt 6 (2) den Acht Airgeadais, 1976, ná alt 4 den Acht Airgeadais, 1977.

AN TABLA

(a) cáin a mhuirearófar faoi Sceideal D ar aon phearsa aonair i leith brabúis nó gnóchain aon trádála nó gairme seachas cáin lena mbaineann fo-alt (2B), agus

[EN]

Us i leith íocaíochtaí cánach áirithe a tharscaoileadh.

17.—(1) (a) Baineann an t-alt seo le haon mheasúnacht i leith cánach don bhliain 1977-78 a rinneadh ar phearsa aonair roimh an lú lá de Shamhain, 1977, agus arb éard í, nó ar cuid di, cáin is inchurtha i leith brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht arna muirearú de réir forálacha alt 21 den Acht Airgeadais, 1974, arna leasú le halt 12 den Acht Airgeadais, 1977.

[EN]

(b) San alt seo ciallaíonn “an tráthchuid iomchuí”, i ndáil le pearsa aonair, tráthchuid cánach arna muirearú in aon mheasúnacht i leith cánach lena mbaineann an t-alt seo agus a rinneadh air, ar tráthchuid cánach í ab iníoctha roimh an lú lá de Shamhain, 1977.

[EN]

(2) I gcás a ndéanfaidh nó a ndearna pearsa aonair achomharc in aghaidh measúnacht i leith cánach lena mbaineann an t-alt seo—

[EN]

(a) má íocadh an tráthchuid iomchuí roimh an lú lá d'Eanáir, 1978, measfar, chun críocha alt 550 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus alt 30 (5) den Acht Airgeadais, 1976, an tráthchuid iomchuí a bheith íoctha aige an dáta a tháinig sí chun bheith dlite agus iníoctha,

[EN]

(b) murar íocadh an tráthchuid iomchuí, nó méid iomlán na tráthchoda sin, roimh an lú lá d'Eanáir, 1978, ansin, ar an achomharc a chinneadh agus chun a chinneadh cé acu atá, agus, má tá, cá mhéid atá, ús le muirearú faoi alt 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, measfar maidir leis an bpearsa aonair—

[EN]

(i) go ndearna sé achomharc in aghaidh na measúnachta iomchuí laistigh de 30 lá tar éis dáta an fhógra faoin measúnacht sin,

[EN]

(ii) gur shonraigh sé, i ndáil leis an tráthchuid iomchuí, mar an méid a bheidh le sonrú de réir forálacha alt 30 den Acht Airgeadais, 1976

[EN]

(I) i gcás nár íocadh an tráthchuid iomchuí ná aon chuid di roimh an lú lá d'Eanáir, 1978, méid nialais,

[EN]

(II) i gcás ar íocadh cuid den tráthchuid iomchuí roimh an lú lá d'Eanáir, 1978, an méid a íocadh amhlaidh.

[EN]

agus

[EN]

(iii) i gcás lena mbaineann fomhír (ii) (II), gur íoc sé an chuid den tráthchuid iomchuí dá dtagraítear san fhomhír sin ar an dáta a tháinig sí chun bheith dlite agus iníoctha.

[EN]

(3) Le linn aon mhuirear úis faoi fho-alt (2) (b) a bheith á chinneadh, ní thabharfar aird ar an gcoinníoll a ghabhann le halt 30 den Acht Airgeadais, 1976 (a cuireadh isteach le halt 13 den Acht Airgeadais, 1977).

Caibidil III

Cáin Chorparáide

[EN]

Ní áireofar brabúis ná caillteanais is inchurtha i leith idirbhearta áirithe ag cumainn tionscail agus soláthair.

18.—(1) San alt seo agus i gCodanna I agus II den Dara Sceideal—

[EN]

ciallaíonn “cumann talmhaíochta” cumann—

[EN]

(a) a sásaítear an dá choinníoll seo a leanas ina leith:

[EN]

(i) nach lú ná caoga líon comhaltaí an chumainn,

[EN]

(ii) gur daoine atá ag gabháil go príomha d'fheirmeoireacht agus a fhaigheann an phríomh-chuid dá n-ioncam ó fheirmeoireacht comhaltaí uile an chumainn nó formhór na gcomhaltaí sin,

[EN]

[EN]

(b) lena mbaineann deimhniú faoi fho-alt (2) (a);

[EN]

ciallaíonn “idirbhearta díolmhaithe”—

[EN]

(a) i ndáil le cumann talmhaíochta, idirbhearta atá laistigh d'aon cheann de na haicmí idirbheart atá leagtha amach i gCuid I den Dara Sceideal, agus

[EN]

(b) i ndáil le cumann iascaigh, idirbhearta atá laistigh d'aon cheann de na haicmí idirbheart atá leagtha amach i gCuid II den Dara Sceideal,

[EN]

ach díolacháin leis an ngníomhaireacht idirghabhála a eisiamh agus, chun críocha an eisiata sin, measfar, maidir le cumann talmhaíochta nó cumann iascaigh do dhíol tráchtearra le duine seachas an ghníomhaireacht idirghabhála, gur díol é ag an gcumann talmhaíochta nó ag an gcumann iascaigh, cibé acu é, leis an ngníomhaireacht idirghabhála má dhíoltar an tráchtearra sin faoi dheoidh leis an ngníomhaireacht idirghabhála;

[EN]

ciallaíonn “cumann iascaigh” cumann—

[EN]

(a) a sásaítear an dá choinníoll seo a leanas ina leith:

[EN]

(i) nach lú ná fiche líon comhaltaí an chumainn,

[EN]

(ii) gur daoine atá ag gabháil go príomha d'iascaireacht agus a fhaigheann an phríomh-chuid dá n-ioncam ó iascaireacht comhaltaí uile an chumainn nó formhór na gcomhaltaí sin,

[EN]

[EN]

(b) lena mbaineann deimhniú faoi fho-alt (2) (b);

[EN]

ciallaíonn “gníomhaireacht idirghabhála” an tAire Talmhaíochta le linn dó bheith ag feidhmiú nó ag comhlíonadh aon chumhacht nó aon fheidhm a thugtar dó le Rialachán 3 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Comhbheartas Talmhaíochta) (Idirghabháil Mhargaidh), 1973 (I.R. Uimh. 24 de 1973), agus aon duine eile le linn dó bheith ag feidhmiú nó ag comhlíonadh aon chumhacht nó aon fheidhm den sórt céanna in aon Bhallstát de Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa;

[EN]

ciallaíonn “mórdhíol” earraí d'aon chineál a dhíol le duine a sheolann trádáil ag díol earraí den chineál sin nó a úsáideann earraí den chineál sin chun críocha trádáil a sheolann sé;

[EN]

ciallaíonn “cumann” cumann atá cláraithe faoi na hAchtanna um Chumainn Tionscail agus Soláthair, 1893 go 1971.

[EN]

(2) (a) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh ón Aire Talmhaíochta, deimhniú a thabhairt a chuirfidh i dteideal do chumann go ndéileálfar leis, chun críocha an ailt seo, mar chumann talmhaíochta d'ainneoin coinníoll amháin nó an dá choinníoll i mír (a) den mhíniú ar “cumann talmhaíochta” a bheith gan chomhlíonadh i ndáil leis an gcumann.

[EN]

(b) Féadfaidh an tAire Airgeadais, ar mholadh ón Aire Iascaigh, deimhniú a thabhairt a chuirfidh i dteideal do chumann go ndéileálfar leis, chun críocha an ailt seo, mar chumann iascaigh d'ainneoin coinníoll amháin nó an dá choinníoll i mír (a) den mhíniú ar “cumann iascaigh” a bheith gan chomhlíonadh i ndáil leis an gcumann.

[EN]

(c) Measfar gur deimhniú faoin bhfo-alt seo deimhniú faoi fho-alt (2) (a) nó (b) d'alt 70 den Acht Airgeadais, 1963, nó faoin bhfo-alt sin (2) (a) nó (b) agus faoi fho-alt (2) (a) nó (b) d'alt 220 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, mura mbeidh sé cúlghairthe.

[EN]

(d) Maidir le deimhniú faoi mhír (a) nó (b) den fho-alt seo—

[EN]

(i) beidh éifeacht leis amhail ó cibé dáta, roimh an dáta nó tar éis an dáta a thabharfar é, a bheidh luaite ann. agus

[EN]

(ii) foilseofar é san Iris Oifigiúil a luaithe is féidir tar éis é a thabhairt.

[EN]

(e) Féadfaidh an tAire Airgeadais deimhniú faoin bhfo-alt seo a chúlghairm tráth ar bith agus foilseofar fógra faoi aon chúlghairm den sórt sin a luaithe is féidir san Iris Oifigiúil.

[EN]

(3) Más rud é, i gcás trádáil a sheolann cumann, go mbeidh idirbhearta díolmhaithe ar áireamh na n-idirbheart in aon tréimhse chuntasaíochta de chuid an chumainn ar chumann talmhaíochta nó cumann iascaigh an cumann ar a feadh, ní thabharfar aird, chun críocha uile na nAchtanna Cánach, ar an oiread d'ioncam nó de chaillteanas trádála (cibé acu é) na tréimhse sin is inchurtha i leith idirbhearta díolmhaithe na tréimhse.

[EN]

(4) Chun críocha fho-ailt (3) agus (5), i ndáil le haon trádáil—

[EN]

(a) déanfar méid aon ioncaim nó caillteanais trádála d'aon tréimhse chuntasaíochta a ríomh de réir na bhforálacha, seachas an t-alt seo, is infheidhmithe maidir le Cás I de Sceideal D tar éis gach asbhaint agus breisiú don tréimhse sin de bhua alt 14 den Acht Cánach Corparáide, 1976, agus roimh aon fhritháireamh nó laghdú ioncaim de bhua alt 16 nó 18 den Acht sin, agus

[EN]

(b) measfar gurb é méid an ioncaim nó an chaillteanais trádála is inchurtha i leith idirbhearta díolmhaithe aon tréimhse chuntasaíochta an méid a mbeidh idir é agus méid iomlán an ioncaim nó an chaillteanais trádála (cibé acu é) don tréimhse an chomhréir chéanna a bheidh idir comhiomlán na méideanna is infhaighte ag an gcumann, de bhua na n-idirbheart sin, ó earraí a dhíol agus ó sheirbhísí a sholáthar agus comhiomlán na méideanna go léir is infhaighte ag an gcumann, de bhua idirbheart sa tréimhse, ó earraí a dhíol agus ó sheirbhísí a sholáthar.

[EN]

(5) Beidh éifeacht le halt 10 den Acht Cánach Corparáide, 1976, chun an cháin chorparáide is iníoctha d'aon tréimhse chuntasaíochta de chuid cumainn dar tosach an lú lá d'Aibreán, 1978, nó aon lá dá éis, a ríomh ionann is—

[EN]

(a) dá gcuirfí “an chuid iomchuí de” isteach i ndiaidh “déanfar” i bhfo-alt (1), agus

[EN]

(b) dá ndéanfaí an chuid iomchuí d'aon mhuirir ar ioncam a d'íoc an cumann a chinneadh de réir na foirmle—

A ×

B + D

_____

C + D

[EN]

i gcás—

[EN]

arb é A méid na muirear ar ioncam a d'íoc an chuideachta sa tréimhse chuntasaíochta,

[EN]

arb é B méid ioncam trádála an chumainn don tréimhse chuntasaíochta tar éis méid an ioncaim thrádála is inchurtha i leith idirbhearta díolmhaithe na tréimhse a bhaint as,

[EN]

arb é C méid ioncam trádála an chumainn don tréimhse, agus

[EN]

arb é D méid comhiomlán ioncam an chumainn (lena n-áirítear ioncam infheistíochta frainceáilte), seachas ioncam trádála, don tréimhse:

[EN]

Ar choinníoll, i ndáil le méid comhiomlán an úis a íocfar in aon tréimhse chuntasaíochta, nach mó ná £2,000, más tréimhse dhá mhí dhéag an tréimhse chuntasaíochta, agus nach mó ná cuid chomhréireach de £2,000, más tréimhse is giorra ná dhá mhí dhéag an tréimhse chuntasaíochta, an chuid iomchuí den ús sin.

[EN]

(6) Ní thabharfar aird chun críocha na Coda sin IV ar na méideanna go léir is infhaighte ag cumann talmhaíochta nó ag cumann iascaigh ó carraí a dhíol de réir brí Chuid IV den Acht Cánach Corparáide, 1976, ar méideanna iad is infhaighte amhlaidh de bhua idirbheart díolmhaithe.

[EN]

(7) Ní bhainfidh forálacha fho-alt (3) le tréimhse chuntasaíochta a chríochnaigh an 31ú lá de Mhárta, 1978, nó roimh an lá sin, agus i gcás cumann talmhaíochta nó cumann iascaigh a bheith laistigh de réim cánach corparáide i leith trádála ar an dáta sin, beidh deireadh, chun críocha cánach corparáide, le tréimhse chuntasaíochta de chuid an chumainn ar an dáta sin.

[EN]

(8) Más rud é, ar leith ó fhorálacha an ailt seo, go mbeadh aon chaillteanas (seachas an sainchaillteanas de réir brí fho-alt (9)) a tabhaíodh i dtrádáil a bhí á seoladh ag cumann i dtréimhse chuntasaíochta a chríochnaigh sa tréimhse ón 6ú lá d'Eanáir, 1976, go dtí an 31ú lá de Mhárta, 1978, le tabhairt ar aghaidh, ar éileamh chuige sin a dhéanamh faoi alt 16 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976, go dtí aon tréimhse chuntasaíochta de chuid an chumainn dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1978, nó aon lá dá éis, déanfar méid an chaillteanais sin a bhféadfar a éileamh amhlaidh go dtabharfar ar

aghaidh é a laghdú méid a fhionnfar tríd an gcodán

A

__

B

a fheidhmiú

[EN]

ar mhéid an chaillteanais sin

[EN]

i gcás—

[EN]

arb é A comhiomlán na méideanna is infhaighte ag an gcumann sa dá mhí dhéag dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1979, de bhua idirbhearta díolmhaithe, ó earraí a dhíol agus ó sheirbhísí a sholáthar, agus

[EN]

arb é B comhiomlán na meideanna go léir is infhaighte ag an gcumann, de bhua idirbhearta sa tréimhse dhá mhí dhéag sin ó earraí a dhíol agus ó sheirbhísí a sholáthar:

[EN]

Ar choinníoll, i ndáil le cás a ndéanfaidh an cumann rogha amhlaidh trí fhógra i scríbhinn a sheachadfar don chigire an 30ú lá de Mheán Fómhair, 1980, nó roimh an lá sin, go ndéanfar na tagairtí sna mínithe ar A agus B do thréimhse dhá mhí dhéag dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1979, a fhorléiriú mar thagairtí do thréimhse cheithre mhí is fiche dar críoch an 31ú lá de Mhárta, 1980.

[EN]

(9) Más rud é—

[EN]

(a) faoi fho-alt (4) d'alt 33 den Acht Airgeadais, 1976, gur tugadh liúntas ar cóimhéid leis an méid sonraithe (de réir brí fho-alt (5) den alt sin) le linn trádáil cumainn a bheith á cur faoi cháin don tréimhse chuntasaíochta de chuid an chumainn a thosaigh an 6ú lá d'Aibreán, 1976. agus

[EN]

(b) gur thabhaigh an cumann caillteanas ina thrádáil sa tréimhse chuntasaíochta sin (is caillteanas is inchomhairimh, nó ar inchomhairimh aon chuid de, le fritháireamh faoi alt 16 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976, in aghaidh ioncam trádála ón trádáil i dtréimhse chuntasaíochta dá éis sin) agus nach ndearnadh, nó a meastar faoi fhorálacha an fho-ailt seo nach ndearnadh, an caillteanas a fhritháireamh go hiomlán faoi fhorálacha an ailt sin 16 (1) in aghaidh an ioncaim thrádála ón trádáil i dtréimhse chuntasaíochta nó i dtréimhsí cuntasaíochta a chríochnaigh an 31ú lá de Mhárta, 1978, nó roimh an lá sin, beidh feidhm ag na forálacha seo a leanas—

[EN]

(i) is caillteanas (dá ngairtear “an sainchaillteanas” anseo feasta agus i bhfo-alt (8)) nach bhféadfaidh an cumann éileamh a dhéanamh ina leith faoin alt sin 16 (1) i leith aon tréimhse chuntasaíochta dar tosach an 1ú lá d'Aibreán, 1978, nó aon lá dá éis an caillteanas go léir nó aon chuid de (cibé acu é) nach n-eascródh mura mbeadh gur tugadh an liúntas dá dtagraítear i mír (a);

[EN]

(ii) aon fhritháireamh caillteanais a lamháladh faoi alt 16 (1) in aghaidh ioncam trádála an chumainn d'aon tréimhse chuntasaíochta dar thosach lá tar éis an 6ú lá d'Aibreán, 1976, agus dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1978, nó aon lá roimhe sin, measfar gur fritháireamh é a lamháladh i leith aon chaillteanais seachas an sainchailiteanas a thabhaigh an cumann ina thrádáil i dtosaíocht ar fhritháireamh a lamháladh i leith an tsainchaillteanais; agus

[EN]

(iii) déileálfar, i ndáil le haon éileamh faoi alt 182 nó 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976, le méid an tsainchaillteanais a fritháiríodh (nó, cibé acu é, a mheastar faoin bhfo-alt seo a fritháiríodh) faoin alt sin 16 (1) do thréimhse chuntasaíochta dar thosach an 1ú lá d'Aibreán, 1978, nó aon lá dá éis, mar mhéid ar lamháladh faoiseamh ina leith faoi na hailt sin don tréimhse chuntasaíochta dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1978.

(10) I gcás cumann d'éileamh faoiseamh ó cháin de bhua an ailt seo, féadfaidh an cigire trí fhógra i scríbhinn a cheangal ar an gcumann gach uile leabhar, taifead agus doiciméad ina mbeidh faisnéis i dtaobh a idirbhearta trádála don tréimhse chuntasaíochta áirithe (nó d'aon tréimhse eile is iomchuí chun críocha an fhaoisimh a éilítear) a chur ar fáil dó laistigh de cibé tréimhse ama a bheidh sonraithe san fhógra, lena scrúdú, agus mura ndéanfaidh an cumann de réir an fhógra sin, ní thabharfar aon fhaoiseamh faoin alt seo.

[EN]

Cumainn tionscail agus soláthair.

19.—Le héifeacht amhail ar an agus ón 1ú lá d'Aibreán, 1978, beidh an t-alt seo a leanas in ionad alt 30 den Acht Cánach Corparáide, 1976:

[EN]

“30.—(1) Beidh éifeacht le forálacha alt 218 (cumainn tionscail agus soláthair: léiriú) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, chun an t-alt seo a léiriú.

[EN]

(2) D'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach, aon ús scaire nó ús iasachta a íocfaidh cumann—

[EN]

(a) íocfar é gan cáin ioncaim a asbhaint agus muirearófar é faoi Chás III de Sceideal D, agus

[EN]

(b) ní áireofar gur dáileadh é:

[EN]

Ar choinníoll nach mbainfidh mír (a) le haon ús scaire nó ús iasachta is iníoctha le duine nach sa Stát atá a gnáth-áit chónaí.

[EN]

(3) Le linn an cháin chorparáide is iníoctha d'aon tréimhse chuntasaíochta de chuid cumainn a bheith á ríomh, beidh éifeacht le halt 10 (muirir ar ioncam a lamháil) faoi réir an focal ‘bliantúil’ a scriosadh as fo-alt (3) (a).

[EN]

(4) An 1ú lá de Bhealtaine nó roimh an lá sin gach bliain, seachadfaidh gach cumann tuairisceán don chigire i cibé foirm a fhorordóidh na Coimisinéirí Ioncaim a thaispeánfaidh—

[EN]

(a) ainm agus áit chónaí gach duine lenar íoc an cumann £70 nó níos mó d'ús scaire nó d'ús iasachta sa bhliain mheasúnachta a chríochnaigh díreach roimh an 1ú lá sin de Bhealtaine, agus

[EN]

(b) méid an úis scaire nó an úis iasachta a íocadh an bhliain sin le gach duine díobh sin,

[EN]

agus mura dtabharfar an tuairisceán sin go hiomlán maidir le haon bhliain mheasúnachta, ní bheidh an cumann i dteideal aon asbhainte faoi alt 81 (5) (e) (cánachas ar chíosanna faoi ghearrléasanna: ús iasachta a asbhaint) nó faoi alt 219 (1) (suimeanna áirithe a asbhaint mar chostais, etc.) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó faoi alt 10 (muirir ar ioncam a lamháil) i leith aon íocaíochtaí úis scaire nó úis iasachta a bhí de cheangal air a chur sa tuairisceán, agus déanfar gach measúnacht agus gach measúnacht bhreise is gá chun éifeacht a thabhairt don fho-alt seo.

[EN]

(5) (a) In alt 219 (suimeanna áirithe a asbhaint mar chostais, etc.) den Acht Cánach Ioncaim, 1967

[EN]

(i) i bhfo-alt (4) (b) in ionad ‘aon liúntas bliantúil’ cuirfear ‘aon liúntas síos-scríofa’ agus in ionad ‘d'aon bhliain mheasúnachta’ cuirfear ‘d'aon tréimhse inmhuirearaithe’, agus

[EN]

(ii) i bhfo-alt (4) (c) in ionad ‘aon bhliain mheasúnachta’ cuirfear ‘aon tréimhse inmhuirearaithe’.

[EN]

(b) Ní bheidh éifeacht leis na leasuithe a dhéantar le mír (a) den fho-alt seo i ndáil le cáin ioncaim don bhliain 1975-76 nó d'aon bhliain mheasúnachta roimhe sin.”.

[EN]

Leasú ar Chaibidil IV (cuideachtaí monaraíochta) de Chuid I den Acht Airgeadais, 1977.

20.—Leasaítear leis seo Caibidil IV de Chuid I den Acht Airgeadais, 1977

[EN]

(a) trí na hailt seo a leanas a chur in ionad ailt 21, 23, 24 agus 26:

[EN]“Bliain chaighdeánach.

21.—Chun críocha na Caibidle seo agus faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den Chaibidil seo, ciallaíonn an bhliain chaighdeánach i ndáil le trádáil shonraithe an bhliain airgeadais ina seoltar an trádáil den chéad uair, agus beidh an bhliain chaighdeánach infheidhmithe i ndáil leis an trádáil shonraithe cibé acu a bhí nó nach raibh an trádáil shonraithe á seoladh ar feadh na bliana caighdeánaí go léir nó ar feadh coda di ag duine seachas an chuideachta a sheolann í sa tréimhse iomchuí nó go raibh codanna leithleacha den trádáil shonraithe á seoladh ag daoine éagsúla:

[EN]

Ar choinníoll, i gcás trádáil a bheith á seoladh den chéad uair roimh an 1ú lá d'Eanáir. 1976, gurb í an bhliain airgeadais 1976 an bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil sin.

[EN]An chuid chomhréire de bhliain chaighdeánach.

23.—I gcás ar giorra ná dhá mhí dhéag tréimhse de chuid 1977, tréimhse de chuid 1978 nó tréimhse de chuid 1979, is í an chuid chomhréire den bhliain chaighdeánach i ndáil le trádáil shonraithe an chuid dar tosach tráth dhá mhí dhéag, ceithre mhí is fiche nó sé mhí is tríocha, de réir mar a bheidh, roimh an dáta dar tosach an tréimhse sin agus dar críoch tráth dhá mhí dhéag, ceithre mhí is fiche nó sé mhí is tríocha, de réir mar a bheidh, roimh an dáta dar críoch an tréimhse sin.

[EN]An ráta cánach corparáide do chuideachtaí monaraíochta áirithe a bhí ag seoladh trádála an 31 Nollaig, 1976.

24.—(1) Baineann an t-alt seo le cuideachta a bhí ag seoladh trádála an 31ú lá de Nollaig, 1976.

[EN]

(2) I gcás cuideachta lena mbaineann an t-alt seo d'éileamh agus do chruthú maidir le tréimhse de chuid 1977—

[EN]

(a) go seolann sí trádáil shonraithe,

[EN]

(b) nach lú a hioncam arna ríomh chun críocha cánach corparáide ón trádáil shonraithe don tréimhse chuntasaíochta atá comhthráthach leis an tréimhse de chuid 1977, nó a fholaíonn an tréimhse de chuid 1977, ná 95 faoin gcéad de mhéid iomlán a hioncaim arna ríomh amhlaidh don tréimhse chuntasaíochta sin,

[EN]

(c) (i) nach lú iomlán an mhéid (is méid arna chinneadh de réir alt 25) as ar dhíol an chuideachta sa tréimhse de chuid 1977 d'earraí a monaraíodh sa Stát, agus a díoladh, i gcúrsa na trádála sonraithe ná 105 faoin gcéad den méid is infhaighte as ar díoladh, sa bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil sin, nó, i gcás ar giorra ná dhá mhí dhéag an tréimhse de chuid 1977, sa chuid chomhréire den bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil sin, d'earraí a monaraíodh sa Stát i gcúrsa na trádála sin, nó

[EN]

(ii) nach lú an méid is infhaighte ag an gcuideachta as ar díoladh sa tréimhse de chuid 1977 d'earraí a monaraíodh sa Stát i gcúrsa na trádála sonraithe ná 119 faoin gcéad den méid is infhaighte as ar díoladh, sa bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil sin, nó, i gcás ar giorra ná dhá mhí dhéag an tréimhse de chuid 1977, sa chuid chomhréire den bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil sin, d'earraí a monaraíodh sa Stát i gcúrsa na trádála sin,

[EN]

agus

[EN]

(d) nach lú an líon ranníocaí fostaíochta is iníoctha i leith na ranníocóirí fostaithe go léir a bhí fruilithe, go díreach nó go neamhdhireach, ag monarú earraí sa Stát i gcúrsa thrádáil shonraithe na cuideachta sa tréimhse de chuid 1977 ná 103 faoin gcéad den líon ranníocaí fostaíochta is iníoctha i leith na ranníocóirí fostaithe go léir a bhí fruilithe, go díreach nó go neamhdhíreach, ag monarú earraí sa Stát i gcúrsa na trádála sin, sa bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil sin, nó, i gcás ar giorra ná dhá mhí dhéag an tréimhse de chuid 1977, sa chuid chomhréire den bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil sin,

[EN]

déanfar an cháin chorparáide a mhuirearófar ar ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta atá comhthráthach leis an tréimhse de chuid 1977, nó a fholaíonn an tréimhse de chuid 1977, a ríomh, d'ainneoin forálacha ailt 1 agus 79 den Acht Cánach Corparáide, 1976, ionann is dá mba 25 faoin gcéad an ráta cánach corparáide don bhliain airgeadais 1977 agus chun na críche sin is é ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin a hioncam don tréimhse sin mar a shainítear in alt 28 den Acht Cánach Corparáide, 1976, chun críocha an ailt sin.

[EN]

(3) Beidh feidhm ag forálacha fho-alt (2), ach amháin mír (c) de, faoi réir forálacha fho-ailt (4), (5) agus (6), i ndáil le tréimhse de chuid 1978 agus tréimhse de chuid 1979 mar atá feidhm acu i ndáil le tréimhse de chuid 1977.

[EN]

(4) (a) I ndáil le tréimhse de chuid 1978—

[EN]

(i) forléireofar gach tagairt i bhfo-alt (2) do 1977 mar thagairt do 1978, agus

[EN]

(ii) forléireofar an tagairt i bhfo-alt (2) (d) do 103 faoin gcéad mar thagairt do 106 faoin gcéad.

[EN]

(b) I ndáil le tréimhse de chuid 1979—

[EN]

(i) forléireofar gach tagairt i bhfo-alt (2) do 1977 mar thagairt do 1979, agus

[EN]

(ii) forléireofar an tagairt i bhfo-alt (2) (d) do 103 faoin gcéad mar thagairt do 109 faoin gcéad.

[EN]

(5) I ndáil le tréimhse de chuid 1978, féadfaidh cuideachta a roghnú go ndéileálfar leis an mbliain airgeadais 1977 mar an mbliain chaighdeánach chun críocha fho-alt (2) (d) i ndáil leis an trádáil shonraithe a sheolann sí agus, i gcás roghnú den sórt sin a dhéanamh, ní bhainfidh forálacha fho-alt (4) (a) (ii) leis an gcuideachta.

[EN]

(6) I ndáil le tréimhse de chuid 1979, féadfaidh cuideachta a roghnú—

[EN]

(a) go ndéileálfar leis an mbliain airgeadais 1977 mar an mbliain chaighdeánach chun críocha fho-alt (2) (d) i ndáil leis an trádáil shonraithe a sheolann sí, nó

[EN]

(b) go ndéileálfar leis an mbliain airgeadais 1978 mar an mbliain chaighdeánach chun críocha fho-alt (2) (d) i ndáil leis an trádáil shonraithe a sheolann sí, agus

[EN]

i gcás a ndéanfar an roghnú dá dtagraítear i mír (a), bainfidh forálacha fho-alt (4) (b) (ii) leis an gcuideachta ionann is dá mba thagairt do 106 faoin gcéad an tagairt do 109 faoin gcéad agus, i gcás a ndéanfar an roghnú dá dtagraítear i mír (b), ní bhainfidh forálacha fho-alt (4) (b) (ii) leis an gcuideachta.

[EN]An ráta cánach corparáide do chuideachtaí monaraíochta áirithe a thosóidh ag trádáil i 1977.

24A.—(1) Baineann an t-alt seo le cuideachta—

[EN]

(a) a thosóidh ag seoladh trádála sa bhliain airgeadais 1977, agus

[EN]

(b) nach cuideachta í lena mbaineann forálacha alt 24.

[EN]

(2) I ndáil le tréimhse de chuid 1978 de chuid cuideachta lena mbaineann an t-alt seo—

[EN]

(a) beidh feidhm ag forálacha alt 24 (2), ach amháin mír (c) de, mar atá feidhm acu i ndáil le tréimhse de chuid 1977 de chuid cuideachta lena mbaineann alt 24 ach sin fara na modhnuithe—

[EN]

(i) go bhforléireofar gach tagairt in alt 24 (2) do 1977 mar thagairt do 1978, agus

[EN]

(ii) go bhforléireofar an tagairt in alt 24 (2) (d) do 103 faoin gcéad mar thagairt do 106 faoin gcéad más í an bhliain airgeadais 1976 an bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil shonraithe a sheolann an chuideachta,

[EN]

agus

[EN]

(b) más rud é, mura mbeadh an mhír seo, gurbh í an bhliain airgeadais 1976 an bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil shonraithe a sheolann an chuideachta, féadfaidh an chuideachta a roghnú go ndéileálfar leis an mbliain 1977 mar an mbliain chaighdeánach chun críocha an ailt sin 24 (2) (d) i ndáil leis an trádáil sin.

[EN]

(3) I ndáil le tréimhse de chuid 1979 de chuid cuideachta lena mbaineann an t-alt seo—

[EN]

(a) beidh feidhm ag forálacha alt 24 (2), ach amháin mír (c) de, mar atá feidhm acu i ndáil le tréimhse de chuid 1977 de chuid cuideachta lena mbaineann alt 24 ach sin fara na modhuithe—

[EN]

(i) go bhforléireofar gach tagairt in alt 24 (2) do 1977 mar thagairt do 1979, agus

[EN]

(ii) go bhforléireofar an tagairt in alt 24 (2) (d) do 103 faoin gcéad mar thagairt do 109 faoin gcéad más í an bhliain airgeadais 1976 an bhliain chaighdeánach sin i ndáil leis an trádáil shonraithe a sheolann an chuideachta, agus go bhforléireofar í mar thagairt do 106 faoin gcéad más í an bhliain airgeadais 1977 an bhliain chaighdeánach sin i ndáil leis an trádáil sin.

[EN]

(b) más rud é, mura mbeadh an mhír seo, gurbh í an bhliain airgeadais 1976 an bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil shonraithe a sheolann an chuideachta, féadfaidh an chuideachta a roghnú go ndéileálfar leis an mbliain airgeadais 1977 nó leis an mbliain airgeadais 1978 mar an mbliain chaighdeánach chun críocha an ailt sin 24 (2) (d) i ndáil leis an trádáil sin, agus

[EN]

(c) más rud é, mura mbeadh an mhír seo, gurbh í an bhliain airgeadais 1977 an bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil shonraithe a sheolann an chuideachta, féadfaidh an chuideachta a roghnú go ndéileálfar leis an mbliain airgeadais 1978 mar an mbliain chaighdeánach chun críocha an ailt sin 24 (2) (d) i ndáil leis an trádáil sin.

[EN]An ráta cánach corparáide do chuideachtaí monaraíochta áirithe a thosóidh ag trádáil i 1978.

24B.—(1) Baineann an t-alt seo le cuideachta—

[EN]

(a) a thosóidh ag seoladh trádála sa bhliain airgeadais 1978, agus

[EN]

(b) nach cuideachta í lena mbaineann forálacha alt 24 nó 24A.

[EN]

(2) (a) Beidh feidhm ag forálacha alt 24 (2), ach amháin mír (c) de, i ndáil le tréimhse de chuid 1979 de chuid cuideachta lena mbaineann forálacha an ailt seo, mar atá feidhm acu i ndáil le tréimhse de chuid 1977 de chuid cuideachta lena mbaineann forálacha alt 24 ach sin fara na modhnuithe a shonraítear in alt 24A (3) (a).

[EN]

(b) Beidh feidhm ag míreanna (b) agus (c) d'alt 24A (3) chun críocha an ailt seo mar atá feidhm acu chun críocha an ailt sin.

[EN]Comharbas trádála.

26.—I gcás cuideachta teacht i gcomharbas ar thrádáil nó ar chuid de thrádáil a bhí á seoladh ag cuideachta eile, measfar, chun críocha na Caibidle seo, go raibh an chuideachta chéadluaite ag seoladh na trádála nó na coda den trádáil ón dáta a thosaigh an chuideachta eile ag seoladh na trádála.”,

[EN]

agus

[EN]

(b) in alt 29—

[EN]

(i) tríd an mír seo a leanas a chur in ionad mhír (b) d'fho-alt (1):

[EN]

“(b) gur go páirteach i mbliain airgeadais amháin agus go páirteach i mbliain airgeadais eile don tréimhse chuntasaíochta,”, agus

[EN]

(ii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3):

[EN]

“(3) I gcás cáin chorparáide a mhuirearú, maidir le tréimhse chuntasaíochta, de réir 25 faoin gcéad ar ioncam iomlán cuideachta nó ar chuid dá hioncam—

[EN]

(a) ní bheidh éifeacht le forálacha alt 28 den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir leis an tréimhse de chuid 1977, leis an tréimhse de chuid 1978 ná leis an tréimhse de chuid 1979 atá comhthráthach leis an tréimhse chuntasaíochta sin, nó a fholaíonn an tréimhse chuntasaíochta sin, agus

[EN]

(b) beidh éifeacht le hailt 182 (3) agus 184 (3) den Acht sin maidir leis an tréimhse de chuid 1977, leis an tréimhse de chuid 1978 nó leis an tréimhse de chuid 1979 atá comhthráthach leis an tréimhse chuntasaíochta sin, nó a fholaíonn an tréimhse chuntasaíochta sin, ionann is dá mba 25 faoin gcéad an ráta caighdeánach do gach ceann de na blianta 1976-77 go 1979-80.”.

[EN]

Leasú ar alt 28 (dliteanas cuideachtaí beaga i leith cánach corparáide a laghdú) den Acht Cánach Corparáide, 1976.

21.—Leasaítear leis seo alt 28 (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1977) den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir leis an mbliain airgeadais 1977 agus gach bliain airgeadais dá éis sin—

[EN]

(a) trí “25 faoin gcéad” a chur in ionad “20 faoin gcéad” i bhfo-alt (2), agus

[EN]

(b) i bhfo-alt (3)—

[EN]

(i) trí “£25,000” a chur in ionad “£10,000” gach áit a bhfuil sé, agus

[EN]

(ii) trí “£35,000” a chur in ionad “£15,000” gach áit a bhfuil sé,

[EN]

agus tá na fo-ailt sin (2) agus (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(2) I gcás ar mó, in aon tréimhse chuntasaíochta, brabúis aon chuideachta den sórt sin ná an t-uasmhéid iomchuí íochtarach ach nach mó iad ná an t-uasmhéid iomchuí uachtarach, féadfaidh an chuideachta a éileamh go ndéanfar an cháin chorparáide a mhuirearófar ar a hioncam don tréimhse sin a laghdú suim is ionann agus 25 faoin gcéad den méid seo a leanas—

(M - P) ×

I

__

P

[EN]

i gcás arb é M an t-uasmhéid iomchuí uachtarach, P méid na mbrabús agus I méid an ioncaim.

[EN]

(3) Déanfar na huasmhéideanna iomchuí, íochtarach agus uachtarach, a luaitear sna fo-ailt sin roimhe seo a chinneadh mar a leanas—

[EN]

(a) i gcás an chuideachta a bheith gan aon chuideachta chomhlachaithe sa tréimhse chuntasaíochta, is iad na méideanna sin £25,000 agus £35,000 faoi seach;

[EN]

(b) i gcás cuideachta chomhlachaithe amháin nó níos mó a bheith sa tréimhse chuntasaíochta ag an gcuideachta, is é an t-uasmhéid iomchuí íochtarach £25,000 arna roinnt ar aon móide líon na gcuideachtaí comhlachaithe sin, agus is é an t-uasmhéid iomchuí uachtarach £35,000 arna roinnt ar aon móide líon na gcuideachtaí comhlachaithe sin.

Caibidil IV

Cáin Ioncaim agus Cáin Chorparáide

[EN]

Leasú ar alt 26 (méadú ar liúntais caithimh agus cuimilte d'innealra agus do ghléasra áirithe) den Acht Airgeadais, 1971.

22.—Leasaítear leis seo alt 26 (1) (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976) den Acht Airgeadais, 1971, trí “agus roimh an lú d'Aibreán, 1979” a scriosadh agus tá an t-alt sin 26 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

26.—(1) San alt seo—

ciallaíonn “innealra nó gléasra cáilitheach” innealra nó gléasra (seachas feithiclí atá oiriúnach chun daoine nó earraí a iompar ar bóthar nó feithiclí eile a tharraingt ar bóthar) a sholáthrófar le húsáid an lú lá d'Aibreán, 1971, nó dá éis, in aon limistéar seachas limistéar ainmnithe chun críocha trádála nó gairme agus nach innealra nó gléasra úsáidte nó réchaite é tráth a sholáthair amhlaidh;

tá le “limistéar ainmnithe” an bhrí chéanna atá leis san Acht um Fhorbairt Tionscail, 1969.

[EN]

Leasú ar alt 8 (liúntas infheistíochta loingis a fhionraí) den Acht Airgeadais, 1973.

23.—Leasaítear leis seo alt 8 (1) (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1977) den Acht Airgeadais, 1973, trí “agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1979” a scriosadh agus tá an t-alt sin 8 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

8.—(1) Ní bhainfidh alt 246 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, le haon chaiteachas arna thabhú an 24ú lá d'Iúil, 1973, nó dá éis, ag ceannach loinge nua.

[EN]

Leasú ar alt 40 (feidhm alt 31 (cumainn fhoirgníochta) den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir le blianta measúnachta áirithe) den Acht Airgeadais, 1977.

24.—Leasaítear leis seo alt 40 den Acht Airgeadais, 1977, trí “na gceithre bliana measúnachta” a chur in ionad “an dá bhliain mheasúnachta” agus “na gceithre bliana sin” a chur in ionad “an dá bhliain sin” i bhfo-alt (1), agus tá an fo-alt sin (1), arna leasú amhlaidh leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

AN TABLA

(1) D'ainneoin an choinníll a ghabhann le halt 31 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976, aon chomhshocraíochtaí a rinne na Coimisinéirí Ioncaim agus aon chumann foirgníochta maidir leis an mbliain mheasúnachta 1975-76, a mhéid a fhorálann siad go n-íocfaí méid in ionannas cánach ioncaim arna ríomh go páirteach de réir an ráta chaighdeánaigh agus go páirteach de réir ráta laghdaithe, féadfar, fara aon mhodhnuithe is gá, iad a bhuanú go ceann na gceithre bliana measúnachta díreach dá éis sin chun an méid in ionannas cánach ioncaim dá dtagraítear i mír (a) den alt sin 31 (1) a chinneadh i ndáil leis an gcumann foirgníochta sin, agus beidh éifeacht leis an alt sin i ndáil le haon chomhshocraíochtaí a bheidh buanaithe amhlaidh go ceann na gceithre bliana sin.

[EN]

Méadú ar liúntais síos-scríofa d'fhoirgnimh thionscail áirithe.

25.—(1) San alt seo ciallaíonn “caiteachas cáilitheach” caiteachas arna thabhú an 2ú lá d'Fheabhra, 1978, nó dá éis, ag duine a mbeidh liúntas faoi alt 264 (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, le tabhairt dó ar fhoirgneamh nó déanmhas a fhoirgniú atá le bheith ina fhoirgneamh nó ina dhéanmhas tionscail ar áitiú ag an duine sin chun críche a shonraítear i mír (a), (b) nó (d) d'alt 255 (1) den Acht sin:

[EN]

Ar choinníoll más chun críocha thrádáil na hóstóireachta a thabhófar an caiteachas nach measfar gur caiteachas cáilitheach é mura dtabhófar é ag foirgniú áitreabh atá cláraithe i gclár a choimeádann Bord Fáilte Éireann faoi na hAchtanna um Thrácht Cuartaíochta, 1939 go 1975.

[EN]

(2) I gcás a mbeidh liúntas le tabhairt in aghaidh aon tréimhse inmhuirearaithe faoin alt sin 264 i leith caiteachais cháilithigh, déanfar, faoi réir fho-alt (4) den alt sin, an liúntas a mhéadú cibé méid a bheidh sonraithe ag an duine a mbeidh an liúntas le tabhairt dó agus, i ndáil le cás ina raibh éifeacht leis an bhfo-alt seo, forléireofar aon tagairt sna hAchtanna Cánach Ioncaim do liúntas arna thabhairt faoin alt sin 264 mar thagairt don liúntas sin arna mhéadú faoin alt seo.

[EN]

Liúntais maidir le ranníocaí áirithe i leith caiteachas caipitiúil údarás áitiúil.

26.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “scéim cheadaithe” scéim atá glactha ar láimh ag údarás áitiúil le ceadú an Aire Comhshaoil agus arb é a cuspóir nó ar cheann dá cuspóirí eisiltigh thrádála a chóireáil;

[EN]

ciallaíonn “eisiltigh thrádála” ábhar leachtach nó ábhar eile a scairdtear amach i séaraigh phoiblí as áitreabh a áitítear chun críocha trádála.

[EN]

(2) I gcás a ndéanfaidh duine, chun críocha trádáil a sheolann nó a sheolfaidh sé, suim chaipitiúil a ranníoc i leith caiteachas a thabhóidh údarás áitiúil ag soláthar sócmhainne atá le húsáid chun críocha scéime ceadaithe, a mhéid a bhaineann an scéim le heisiltigh thrádála a chóireáil, ansin, tabharfar cibé liúntais, más ann, don duine faoi fhorálacha Chuid XIII, Chuid XV, nó alt 264 (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a thabharfaí dó dá mba éard é an ranníoc caiteachas ag soláthar, chun críocha na trádála sin, sócmhainne den chineál céanna agus gur leanadh gach tráth ábhartha den tsócmhainn deiridh sin a úsáid chun críocha na trádála.

[EN]

(3) Beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas i ndáil le haistriú trádála nó coda de thrádáil a ndearnadh ranníoc dá dtagraítear i bhfo-alt (2) i leith a críocha:

[EN]

(a) i gcás an trádáil go léir a aistriú, tabharfar don aistrí, agus ní thabharfar don aistreoir, liúntais a bheadh, dá mba nár tharla an t-aistriú, le tabhairt don aistreoir faoin gCuid sin XIII nó faoin alt sin 264 in aghaidh tréimhsí inmhuirearaithe a chríochnóidh tar éis dáta an aistrithe,

[EN]

(b) i gcás gan ach cuid den trádáil a aistriú, beidh éifeacht le mír (a) maidir leis an oiread den liúntas is inchurtha go cuí i leith na coda den trádáil a aistríodh.

[EN]

Leasú ar fhorálacha i ndáil le faoiscamh i leith méadú ar stocluachanna.

27.—(1) Leasaítear leis seo alt 31A (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976) den Acht Airgeadais, 1975, trí “1978” a chur in ionad “1977”—

[EN]

(a) i mír (iii) den choinníoll (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977) a ghabhann le fo-alt (4) (a),

[EN]

(b) i bhfo-alt (7) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977), agus

[EN]

(c) i bhfo-alt (9) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977) gach áit a bhfuil sé,

[EN]

agus tá an mhír sin, an fo-alt sin (7) (seachas an coinníoll) agus an fo-alt sin (9) (seachas an coinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TABLA

(iii) nach lamhálfar asbhaint faoi fhorálacha an ailt seo le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó aon lá dá éis sin.

[EN]

(7) I gcás ar mó, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta, stocluach oscailte cuideachta ná a stocluach dúnta, déanfar, más ar dháta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1978, do dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, méid na breise (dá ngairtear “laghdú ar stocluach” na cuideachta san alt seo) a áireamh, le linn ioncam trádála na cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin:

[EN]

(9) Le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó aon lá dá éis, a mbeidh laghdú ar stocluach, áireofar mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C i gcás—

[EN]

arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó aon lá dá éis, agus

[EN]

arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó aon lá dá éis, agus

[EN]

arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar, faoin bhfo-alt seo, mar fháltais trádála de chuid thrádáil na cuideachta do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin:

[EN]

(2) Leasaítear leis seo alt 12 den Acht Airgeadais, 1976

[EN]

(a) trí “1978-79” a chur in ionad “1977-78” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977) i bhfo-alt (3),

[EN]

(b) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977)—

[EN]

“(5) Le linn ioncam trádála duine a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch dáta sa tréimhse ón 6ú lá d'Aibreán, 1976, go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1978, áireofar méid an laghdaithe sin mar fháltas trádála don tréimhse chuntasaíochta sin:

[EN]

Ar choinníoll nach mó an méid a áireofar amhlaidh d'aon tréimhse chuntasaíochta ná méid a chinnfear de réir na foirmle—

[EN]

A-C

[EN]

i gcás—

[EN]

arb é A méid comhiomlán na n-asbhaintí a bhí an duine i dteideal a dhéanamh, faoi fhorálacha an ailt seo, le linn a ioncam trádála a bheith á ríomh do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1975, nó aon lá dá éis, agus

[EN]

arb é C comhiomlán na méideanna a áiríodh, faoi fhorálacha an fho-ailt seo, mar fháltais trádála de chuid thrádáil an duine do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin.”,

[EN]

(c) trí “1978” a chur in ionad “1977” gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (6) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977), agus

[EN]

(d) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (7) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977)—

[EN]

“(7A) I gcás a mbeidh éifeacht don bhliain 1978-79 le hasbhaint arna lamháil de bhua an ailt seo le linn brabúis trádála duine ó thrádáil a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta, beidh feidhm ag forálacha míreanna (a), (b) agus (c) d'fho-alt (7) mar atá feidhm acu i gcás éifeacht don bhliain 1977-78 a bheith le hasbhaint arna lamháil de bhua an ailt seo ach sin fara na modhnuithe—

[EN]

(a) go bhforléireofar an tagairt do 1978-79 mar thagairt do 1979-80,

[EN]

(b) go bhforléireofar an tagairt do 1977 mar thagairt do 1978,

[EN]

(c) go bhforléireofar an tagairt do 1976-77 mar thagairt do 1977-78, agus

[EN]

(d) go bhforléireofar an tagairt do 1977-78 mar thagairt do 1978-79.”,

[EN]

agus tá an fo-alt sin (3) agus an fo-alt sin (6) (seachas an coinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TABLA

(3) Aon asbhaint a lamhálfar de bhua an ailt seo le linn brabúis trádála duine do thréimhse chuntasaíochta a bheith á ríomh ní bheidh éifeacht leis chun aon chríche de chuid na nAchtanna Cánach Ioncaim d'aon bhliain mheasúnachta roimh an mbliain 1974-75 nó tar éis na bliana 1978-79.

(6) Le linn ioncam trádála duine a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó aon lá dá éis, áireofar mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C

i gcás—

arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó aon lá dá éis,

arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó aon lá dá éis, agus

arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar mar fháltais trádála de chuid thrádáil an duine do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó aon lá dá éis:

[EN]

Creidmheas cánach i leith dáiltí.

28.—(1) I ndáil le dáiltí arna ndéanamh an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó dá éis, beidh éifeacht leis na forálacha den Acht Cánach Corparáide, 1976, a shonraítear i bhfo-alt (2) ionann is dá mba 30 faoin gcéad an ráta caighdeánach don bhliain 1978-79 agus do bhlianta measúnachta dá éis sin.

[EN]

(2) Is iad seo a leanas na forálacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1):

[EN]

(a) ailt 64 (2), 66 (2), 67, 82 (2), 82 (7), 83 (4), 88 (2), 167 (2) agus 178,

[EN]

(b) i bhfomhír (ii) (arna leasú leis an Acht Airgeadais, 1977) d'alt 66 (3) (b), an abairt “cáin ioncaim de réir an ráta chaighdeánaigh”.

[EN]

(c) i bhfomhír (iii) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1977) den alt sin 66 (3) (b), an abairt “an ráta caighdeánach faoin gcéad” gach áit a bhfuil sí, agus

[EN]

(d) in alt 79 (6), an míniú ar A i mír (b).

[EN]

(3) Leasaítear leis seo fo-alt (5) d'alt 45 den Acht Cánach Corparáide, 1976, trí na focail ó “ach beidh an tsriantacht” go dtí deireadh an fho-ailt a scriosadh agus an méid seo a leanas a chur ina n-ionad: “ach ní mó méid an chreidmheasa cánach a fhéadfar a fhritháireamh amhlaidh ná méid a chinnfear de réir na foirmle

30×(A - B)

_________

100

[EN]

i gcás—

[EN]

arb é A an chuid den ioncam ó infheistíochtaí is inchurtha faoi cháin chorparáide de bhua alt 43 (3), nó, de réir mar a bheidh, an chuid, arna cinneadh de réir fho-alt (4), den ioncam ó infheistíochtaí atá san áireamh le linn méid iomlán bhrabúis na cuideachta a eascraíonn óna ghnó blianachtaí ginearálta a bheith á ríomh, agus

[EN]

arb é B comhiomlán na n-íocaíochtaí, a bhfuil an chuideachta i dteideal an cháin ioncaim orthu, ag féachaint d'fho-alt (3) nó (4), de réir mar a bheidh, a fhritháireamh in aghaidh cánach corparáide de bhua éileamh faoi alt 8 (3).”,

[EN]

agus tá an fo-alt, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TABLA

(5) I gcás a bhfaighidh cuideachta árachais saoil thar lear dáileadh a mbeidh sé i dteideal creidmheas cánach a fháil ina leith, féadfaidh an chuideachta a éileamh go ndéanfar an creidmheas sin a fhritháireamh in aghaidh aon chánach corparáide a bheidh measúnaithe ar an gcuideachta faoi alt 43 nó 44 don tréimhse chuntasaíochta ina bhfuarthas an dáileadh, ach ní mó méid an chreidmheasa cánach a fhéadfar a fhritháireamh amhlaidh ná méid a chinnfear de réir na foirmle

30×(A - B)

_________

100

[EN]

i gcás—

[EN]

arb é A an chuid den ioncam ó infheistíochtaí is inchurtha faoi cháin chorparáide de bhua alt 43 (3), nó, de réir mar a bheidh, an chuid, arna cinneadh de réir fho-alt (4), den ioncam ó infheistíochtaí atá san áireamh le linn méid iomlán bhrabúis na cuideachta a eascraíonn óna gnó blianachtaí ginearálta a bheith á ríomh, agus

[EN]

arb é B comhiomlán na n-íocaíochtaí, a bhfuil an chuideachta i dteideal an cháin ioncaim orthu, ag féachaint d'fho-alt (3) nó (4), de réir mar a bheidh, a fhritháireamh in aghaidh cánach corparáide de bhua éileamh faoi alt 8 (3).

[EN]

(4) Leasaítear leis seo alt 64 (3) (c) (ii) den Acht Cánach Corparáide, 1976, tríd an gcoinníoll seo a leanas a chur leis:

[EN]

“Ar choinníoll nach mó an creidmheas cánach i leith dáileadh lena mbaineann fomhír (i) ná an méid arbh é méid an chreidmheasa cánach é i leith an dáilte dá ndéanfaí an creidmheas cánach sin a chinneadh de réir forálacha alt 88 (2).”.

[EN]

(5) Leasaítear leis seo alt 79 (6) den Acht Cánach Corparáide, 1976, trí “a mbeidh an cháin ioncaim air de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain sin comhionann le méid a chinnfear de réir na foirmle

A

______

100 - A

” a chur in ionad “a chinnfear de réir na foirmle

100

______

100-A

[EN]

agus tá an mhír sin (b), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TABLA

(b) i gcás a ndéanfaidh an chuideachta, an 27ú lá de Shamhain, 1975, nó dá éis, a sócmhainní a dháileadh ar a comhaltaí nó ar a dílseánaigh ar an gcuideachta a fhoirceannadh nó a dhíscaoileadh measúnófar cáin ioncaim ar an gcuideachta don bhliain mheasúnachta ina ndéanfar an foirceannadh nó an díscaoileadh de réir an ráta chaighdeánaigh faoi Chás IV le Sceideal D ar mhéid a mbeidh an cháin ioncaim air de réir an ráta chaighdeánaigh don bhliain sin comhionann le méid a chinnfear de réir na foirmle

A

______

100 - A

[EN]

i gcás—

[EN]

arb é A an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain mheasúnachta ina ndéanfar an foirceannadh nó an díscaoileadh, agus

[EN]

arb é D an méid a bheidh de bhreis ag luach iomlán na sócmhainní a dáileadh ar na comhaltaí nó ar na dílseánaigh ar an gcuideachta a fhoirceannadh nó a dhíscaoileadh ar mhéid scairchaipiteal láníoctha na cuideachta.

[EN]

(6) Leasaítear leis seo alt 178 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976, trí “mheasúnachta ina n-íoctar an díbhinn” a chur in ionad “1976-77” sa mhíniú ar A agus tá an míniú sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo.

AN TABLA

arb é A an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain mheasúnachta ina n-íoctar an díbhinn.

[EN]

(7) (a) Baineann an fo-alt seo le dáileadh a dhéanfaidh cuideachta an 6ú lá d'Aibreán, 1978, nó dá éis, agus a mbaineann alt 64 den Acht Cánach Corparáide, 1976, leis.

[EN]

(b) Déanfar an tagairt do chreidmheasaí cánach áirithe sa mhíniú ar B i bhfo-alt (2) den alt sin 64 a fhorléiriú, i ndáil le dáiltí lena mbaineann an t-alt sin 64 agus—

[EN]

(i) a fuair cuideachta a dhéanann dáileadh lena mbaineann an fo-alt seo, agus

[EN]

(ii) a rinneadh roimh an dáta réamhráite, mar thagairt do thríocha a naoi de dhaichead naoithe de na creidmheasaí cánach sin.

CUID II

Custaim agus Mál

[EN]

Forálacha i ndáil le custaim, dleachtanna custam agus tobhaigh CEE.

29.—(1) San alt seo ciallaíonn “tobhach” tobhach nó muirear d'aon chineál (nach dleacht custam ná dleacht máil) a fhorchuirtear, le gníomh a ghlac institiúid de chuid na gComhphobal Eorpach, le linn aon earraí a bheith á n-allmhairiú isteach sa Stát nó á n-onnmhairiú amach as an Stát agus—

[EN]

(a) ar tobhach é chun críocha chomhbheartas talmhaíochta na gComhphobal Eorpach, nó

[EN]

(b) ar tobhach é dá bhforáiltear faoi na sainshocruithe is infheidhme de bhun Airteagal 235 den Chonradh ag bunú Chomhphobal Eacnamaíochta na hEorpa, a síníodh sa Róimh an 25ú lá de Mhárta, 1957, i ndáil le hearraí áirithe a fhaightear trí tháirgí talmhaíochta a phróiseáil, nó

[EN]

(c) ar tobhach é a bheidh sonraithe le rialacháin arna ndéanamh ag an Aire Airgeadais mar thobhach chun críocha an ailt seo,

[EN]

agus forléireofar “tobhach allmhairí” agus “tobhach onnmhairí” dá réir sin.

[EN]

(2) Chun críocha an ailt seo bainfidh na hAchtanna Custam agus aon ionstraimí arna ndéanamh fúthu le tobhach ionann is dá mba dhleacht custam é agus beidh feidhm freisin maidir leis na hearraí dá dtagraítear i bhfo-alt (5) den alt seo ag na forálacha de na hAchtanna agus na hionstraimí sin a bhaineann le honnmhairiú earraí.

[EN]

(3) Chun críocha an ailt seo féadfaidh an tAire Airgeadais, le rialacháin, aon fhorálacha de chuid na nAchtanna Custam agus de chuid ionstraimí arna ndéanamh fúthu a bhaineann le hearraí a allmhairítear a chur i mbaint, fara cibé modhnuithe is dóigh leis is gá, le hearraí atá faoi réir tobhach onnmhairí.

[EN]

(4) Is ar na Coimisinéirí Ioncaim a bheidh cúram agus bainistí tobhaigh.

[EN]

(5) Beidh toirmeasc ar earraí atá faoi réir tobhach onnmhairí a onnmhairiú as an Stát mura ndéanfar, roimh an onnmhairiú agus faoi réir cibé coinníollacha a fhorchuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim, méid an tobhaigh a íoc leis na Coimisinéirí Ioncaim nó urrús is leor, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, lena íoc a thabhairt do na Coimisinéirí Ioncaim.

[EN]

(6) D'ainneoin aon fhoráil de chuid na nAchtanna Custam, i gcás tobhach onnmhairí a bheith iníoctha ar aon earraí, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leo a fhorchur (lena n-áirítear coinníollacha i ndáil le hurrús a thabhairt go n-íocfar an tobhach sin), cead a thabhairt íoc an tobhaigh sin a chur siar go ceann cibé tréimhse a chinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim.

[EN]

(7) D'ainneoin aon fhoráil de chuid na nAchtanna Custam, i gcás dleacht custam nó tobhach allmhairí a bheith iníoctha ar earraí a allmhairítear isteach sa Stát agus a dtaifeadtar gur le haghaidh úsáide baile iad, lena n-áirítear earraí arna n-imréiteach as stóras, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim, faoi réir cibé coinníollacha is cuí leo a fhorchur (lena n-áirítear coinníollacha i ndáil le hurrús a thabhairt go n-íocfar an dleacht nó an tobhach sin), cead a thabhairt íoc na dleachta nó an tobhaigh sin, cibé acu é, a chur siar go ceann cibé tréimhse a chinnfidh na Coimisinéirí Ioncaim.

[EN]

(8) Faoi réir cibé coinníollacha agus sriantachtaí a fhorchuirfidh na Coimisinéirí Ioncaim, bainfidh alt 12 den Customs Consolidation Act, 1876, a mhéid a bhaineann sé le hearraí a stórasú, a choinneáil agus a sheachadadh as stóras, le stórasú cibé earraí (ar earraí iad nach mbaineann an t-alt sin leo, ar leith ón alt seo) a cheadóidh na Coimisinéirí Ioncaim a stórasú lena n-onnmhairiú nó lena n-úsáid mar stóir.

[EN]

(9) Cúlghairtear leis seo Rialacháin 4 agus 7 de Rialacháin na gComhphobal Eorpach (Custaim), 1972 (I.R. Uimh. 334 de 1972).

[EN]

(10) Leagfar Rialacháin faoin alt seo faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a ndéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann laistigh den lá agus fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis na rialacháin a leagan faoina bráid rún a rith ag neamhniú na rialachán, beidh na rialacháin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacháin.

[EN]

(11) Tiocfaidh an t-alt seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire Airgeadais le hordú.

[EN]

Orduithe a dhaingniú agus foráil i ndáil leis an Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 229) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1977.

30.—(1) Daingnítear leis seo na hOrduithe a luaitear sa Tábla a ghabhann leis an Acht seo.

AN TABLA

I.R. Uimh. 112 de 1977

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 229) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1977.

I.R. Uimh. 241 de 1977

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 231) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1977.

I.R. Uimh. 279 de 1977

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 232) (Olaí Hidreacarbóin), 1977.

I.R. Uimh. 384 de 1977

An tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 233) (Rátaí Dleachta Máil ar Tháirgí Tobac), 1977.

[EN]

(2) Déanfar na haisíocaíochtaí is iomchuí ag féachaint d'fhorálacha an Ordaithe d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 229) (Dleachtanna Máil) (Feithiclí), 1977, de réir cibé ordacháin a thabharfaidh an tAire Comhshaoil.

CUID III

Dleachtanna Stampa

[EN]

Conarthaí áirithe chun díol leasanna léasacha a bheith le muirearú mar thíolacais díola.

31.—(1) Muirearófar ar chonradh nó ar chomhaontú chun aon leas léasach in aon mhaoin dhochorraithe a dhíol—

[EN]

(a) má ghlacann an ceannaitheoir seilbh ar an maoin sula mbeidh aistriú an leasa sin, agus é stampáilte go cuí, faighte aige, agus

[EN]

(b) mura mbeidh aistriú an leasa sin a dhéanfar de bhun an chonartha nó an chomhaontaithe stampáilte go cuí laistigh den tréimhse 9 mí ó dháta an chonartha nó an chomhaontaithe a fhorghníomhú den chéad uair nó de cibé tréimhse is faide ná sin a shonróidh na Coimisinéirí Ioncaim i scríbhinn, is tréimhse a mheasfaidh siad a bheith réasúnach in imthosca uile an cháis,

[EN]

an dleacht stampa ad valorem céanna, a bheidh le híoc ag an gceannaitheoir, a mhuirearófaí dá mba aistriú de dhroim díola é ar an leas léasach a conraíodh nó a comhaontaíodh a dhíol, agus i gcás an dleacht stampa ad valorem a muirearaíodh ar an gconradh nó ar an gcomhaontú a bheith íoctha go cuí de réir an fho-ailt seo—

[EN]

(i) ní bheidh aon dleacht inmhuirearaithe ar aistriú an leasa léasaigh a dúradh a rinneadh de bhun an chonartha nó an chomhaontaithe,

[EN]

(ii) sonróidh na Coimisinéirí Ioncaim, má iarrtar orthu é, gur íocadh an dleacht sin ar an aistriú, nó aistreoidh siad chuige é ar an gconradh nó ar an gcomhaontú, stampáilte go cuí, a thabhairt ar aird, agus

[EN]

(iii) tabharfar an dleacht sin ar ais má shuitear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go bhfuil an conradh nó an comhaontú cealaithe nó neamhnithe.

[EN]

(2) Ní bheidh éifeacht leis an alt seo maidir le haon ionstraim a forghníomhaíodh roimh dháta an Achta seo a rith.

[EN]

Leasú ar alt 74 (dleacht stampa ar bhronntanais inter vivos) den Finance (1909-10) Act, 1910.

32.—(1) Leasaítear leis seo alt 74 den Finance (1909-10) Act, 1910, trí “and it is shown to the satisfaction of the Revenue Commissioners that the conveyance or transfer is for the benefit of a party to the marriage or of a party to and issue of the marriage” a chur isteach i bhfo-alt (5) i ndiaidh “except where marriage is the consideration” agus tá an fo-alt sin (5), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.

[EN]

(2) Ní bheidh éifeacht leis an alt seo maidir le haon ionstraim a forghníomhaíodh roimh dháta an Achta seo a rith.

AN TABLA

(5) Any conveyance or transfer (not being a disposition made in favour of a purchaser or incumbrancer or other person in good faith and for valuable consideration) shall, for the purposes of this section, be deemed to be a conveyance or transfer operating as a voluntary disposition inter vivos, and (except where marriage is the consideration and it is shown to the satisfaction of the Revenue Commissioners that the conveyance or transfer is for the benefit of a party to the marriage or of a party to and issue of the marriage) the consideration for any conveyance or transfer shall not for this purpose be deemed to be valuable consideration where the Commissioners are of opinion that by reason of the inadequacy of the sum paid as consideration or other circumstances the conveyance or transfer confers a substantial benefit on the person to whom the property is conveyed or transferred.

[EN]

Ordú a chúlghairm.

33.—Cúlghairtear leis seo an tOrdú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 228) (Dleacht Stampa ar Ionstraimí Airithe), 1977, maidir le hionstraimí a fhorghníomhófar ar dháta an Achta seo a rith nó dá éis.

[EN]

Dleacht stampa ar thíolacais agus aistrithe áirithe.

34.—(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, aon ionstraim trína ndéantar maoin a thíolacadh nó a aistriú chuig aon duine in oirchill an mhaoin sin a dhíol déileálfar léi chun críocha an Stamp Act, 1891, mar thíolacas nó mar aistriú de dhroim an mhaoin sin a dhíol ar chomaoin ar cóimhéid le luach na maoine sin.

[EN]

(2) Más rud é, ar éileamh a dhéanfar chun na gCoimisinéirí Ioncaim tráth nach déanaí ná sé bliana tar éis ionstraim is inchurtha faoi dhleacht de réir fho-alt (1) den alt seo a dhéanamh nó a fheidhmiú, go suífear chun a sástachta—

[EN]

(a) nár tharla an díol ar ina oirchill a rinneadh nó a forghníomhaíodh an ionstraim, agus go ndearnadh an mhaoin a atíolacadh nó a athaistriú chuig an duine ónar tíolacadh nó ónar aistríodh í nó chuig duine ar aistríodh a chearta chuige de dhroim báis nó féimheachta, nó

[EN]

(b) gur tharla an díol ar chomaoin is lú ná an luach ar ina leith a íocadh an dleacht ar an ionstraim de bhua an ailt seo,

[EN]

aisíocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an dleacht a íocadh de bhua an ailt seo, i gcás faoi réim mhír (a) den fho-alt seo, a mhéid is mó é ná an dleacht stampa ab iníoctha ar leith ón alt seo agus, i gcás faoi réim mhír (b) den fho-alt seo, a mhéid is mó é ná an dleacht stampa ab iníoctha dá mbeadh an ionstraim stampáilte de réir fho-alt (1) den alt seo maidir le luach ar cóimhéid leis an gcomaoin a bheidh i gceist:

[EN]

Ar choinníoll, maidir le cás faoi réim mhír (b), nach mbeidh dleacht inaisíoctha más dealraitheach do na Coimisinéirí Ioncaim gurb amhlaidh do na himthosca go mbeadh tíolacas nó aistriú de dhroim an díola áirithe inchurtha faoi dhleacht faoi alt 74 den Finance (1909-10) Act, 1910, de bhua fho-alt (5) den alt sin (tíolacais agus aistrithe de dhroim díola is inmhuirearaithe mar dhiúscairtí saorálacha más ar chomaoin neamhleor iad).

[EN]

(3) Ní mheasfar aon ionstraim is inchurtha faoi dhleacht de réir fho-alt (1) den alt seo a bheith stampáilte go cuí mura mbeidh iarrtha ar na Coimisinéirí Ioncaim a dtuairim ina leith a chur in iúl faoi alt 12 den Stamp Act, 1891, agus go mbeidh a dtuairim ina leith curtha in iúl de réir an ailt sin.

[EN]

(4) Beidh feidhm ag na forálacha sin roimhe seo den alt seo cibé acu a dhéanfaidh nó nach ndéanfaidh ionstraim maoin eile a thíolacadh nó a aistriú i dteannta na maoine ar in oirchill a díola a rinneadh nó a forghníomhaíodh í, ach ní dhéanfaidh na forálacha sin difear don dleacht stampa is inmhuirearaithe ar an ionstraim i leith na maoine eile sin.

[EN]

(5) Chun críocha an ailt sin 74 agus fho-alt (1) den alt seo, déanfar luach maoin a thíolacfar nó a aistreofar le hionstraim is inchurtha faoi dhleacht de réir cheachtar de na forálacha sin a chinneadh ar neamhaird—

[EN]

(a) le haon chumhacht (cibé acu a bheidh nó nach mbeidh sí san ionstraim) a bhféadfar, ar í a fheidhmiú, an mhaoin, nó aon chuid den mhaoin nó aon leas inti, a athdhílsiú don duine ónar tíolacadh nó ónar aistríodh í nó d'aon duine thar a cheann, nó

[EN]

(b) le haon bhlianacht a forchoimeádadh as an maoin nó as aon chuid den mhaoin nó aon leas saoil nó leas eile a forchoimeádadh amhlaidh, ar leas é atá faoi réir a fhorghéillte,

[EN]

ach más rud é, ar éileamh a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Ioncaim tráth nach déanaí ná sé bliana tar éis an ionstraim a dhéanamh nó a fhorghníomhú, go suífear chun a sástachta go ndearnadh aon chumhacht den sórt a luaitear i mír (a) den fho-alt seo a fheidhmiú i ndáil leis an maoin agus go ndearnadh an mhaoin nó aon mhaoin in ionannas léi a atíolacadh nó a athaistriú go hiomlán nó go páirteach de dhroim an fheidhmithe sin, aisíocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim an dleacht stampa a íocadh de bhua an fho-ailt seo i gcás inar atíolacadh nó inar athaistríodh iomlán na maoine sin, a mhéid is mó é ná an dleacht stampa ab iníoctha ar leith ón bhfo-alt seo, agus, in aon chás eile, a mhéid is mó é ná an dleacht stampa ab iníoctha dá mba rud é nár oibrigh an ionstraim ach chun cibé maoin nár atíolacadh nó nár athaistríodh amhlaidh a thíolacadh nó a aistriú.

[EN]

Cealú na dleachta stampa ar chonarthaí chun foirgnimh oifige a fhoirgniú agus leasú ar alt 65 den Acht Airgeadais, 1973, agus ar alt 47 den Acht Airgeadais, 1977.

35.—(1) Ní bheidh feidhm, agus measfar nach raibh feidhm riamh, ag alt 50 (a fhorchuireann dleacht stampa ar chonarthaí chun foirgnimh a bheartaítear a úsáid mar oifigí a fhoirgniú, a athrú nó a mhéadú) den Acht Airgeadais, 1969, i ndáil le conarthaí arna ndéanamh an 14ú lá d'Aibreán, 1978, nó dá éis, lena mbaineann fo-alt (1) den alt sin.

[EN]

(2) Beidh éifeacht, agus measfar go raibh éifeacht riamh, le halt 65 den Acht Airgeadais, 1973, ionann is dá mba thagairt d'alt 50 den Acht Airgeadais, 1969, an tagaint d'alt 50 (2) den Acht Airgeadais, 1969, agus gur thagairt do “deich faoin gcéad” gach áit a bhfuil sí an tagairt do “deich faoin gcéad.”.

[EN]

(3) Leasaítear leis seo alt 47 den Acht Airgeadais, 1977, trí “an 31ú lá de Nollaig, 1979” a chur in ionad “an 31ú lá de Nollaig, 1978” gach áit a bhfuil sé.

CUID IV

Dleachtanna Báis

[EN]

Dliteanas ceannaitheoirí agus morgáistithe a theorannú.

36.—Ní fhanfaidh maoin réadach agus maoin léasach, amhail i gcoinne ceannaitheora ar chomaoin luachmhar nó morgáistí, faoi mhuirear aon suime ná faoi dhliteanas aon suim a íoc i leith dleachtanna báis tar éis sé bliana a bheith caite ón dáta a tharla an teagmhas ba bhun le héileamh láithreach ar dhleacht in aon chás a ndearnadh an ceannach nó ar bunaíodh an morgáiste an lú lá d'Aibreán, 1978, nó aon lá dá éis.

[EN]

Faoiseamh maidir le dleacht eastáit i gcásanna áirithe.

37.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “éagach” duine a d'éag an lú lá d'Aibreán, 1972, nó aon lá dá éis, agus roimh an lú lá d'Aibreán, 1975;

[EN]

ciallaíonn “saor-eastát”, i ndáil le héagach, eastát réadach agus eastát pearsanta an éagaigh a chineachaigh chun a ionadaí pearsanta agus a dílsíodh dá ionadaí pearsanta agus a raibh teideal ag an éagach ina leith go feadh eastát nó leas nach scoireann ar a bhás, ach ní fholaíonn sé maoin ar fheidhmigh sé cumhacht cheapacháin ina leith le huacht;

[EN]

ciallaíonn “infheistíochtaí” stoic, scaireanna nó urrúis a bhí, ar dháta bhás an éagaigh, luaite ar stocmhargadh agus sealbháin aonad (de réir brí an Achta um Iontaobhais Aonaid, 1972) i scéim iontaobhais aonad (de réir brí an Achta sin) ar foilsíodh a bpraghsanna go rialta agus folaíonn sé aon infheistíochtaí den sórt sin d'ainneoin gur tharla, i rith na tréimhse idir dáta an bháis sin agus an dáta nó na dátaí ar díoladh na hinfheistíochtaí, athruithe ar chineál na n-infheistíochtaí de bhíthin amháin idirbhearta a rinne an chuideachta iomchuí nó a scairshealbhóirí, nó bainisteoir nó iontaobhaí faoin scéim iomchuí, nó sealbhóirí aonad inti;

[EN]

ciallaíonn “ionadaí pearsanta” an duine is seiceadóir nó riarthóir éagaigh de thuras na huaire;

[EN]

ciallaíonn “iarmhar” an chuid sin den eastát pearsanta a bhí ar cuimsiú i saor-eastát an éagaigh agus a ndlitear di an dleacht eastáit a íoc is inmhuirearaithe ar an saor-eastát i ndáil le bás an éagaigh.

[EN]

(2) I gcás éileamh a dhéanamh go cuí, i ndáil le saor-eastát éagaigh, ar fhaoiseamh faoin alt seo, más rud é, agus amháin más rud é, gur deimhin leis na Coimisinéirí Ioncaim—

[EN]

(a) go ndearnadh infheistíochtaí, a bhí in ainm an éagaigh go heisiatach ar dháta a bháis agus a bhí ar cuimsiú in iarmhar a shaor-eastáit, a dhíol ar lánchomaoin in airgead nó i luach airgid laistigh de 18 mí ón dáta sin chun soláthar a dhéanamh le dleacht eastáit a íoc ab iníoctha go cuí i ndáil leis an mbás sin i leith an tsaor-eastáit sin, agus

[EN]

(b) nach raibh aon mhaoin, seachas infheistíochtaí, ar fáil chun soláthar a dhéanamh leis an dleacht sin a íoc,

[EN]

ansin, chun críocha—

[EN]

(i) méid an dleachta eastáit is iníoctha i leith an tsaoreastáit sin a mheasúnú agus a íoc, agus

[EN]

(ii) aon lamháltas in aghaidh dleachta eastáit faoi chomhair dleacht is iníoctha lasmuigh den Stát i leith an tsaor-eastáit sin,

[EN]

cuirfidh siad in ionad méid luach príomhshuime na n-infheistíochtaí sin an méid a fuarthas as iad a dhíol:

[EN]

Ar choinníoll gurb é an luach príomhshuime i gcónaí, chun gach críche eile dleachtanna báis, luach na maoine go léir (lena n-áirítear infheistíochtaí) a d'aistrigh nó a mheastar a d'aistrigh ar bhás an éagaigh:

[EN]

Ar choinníoll freisin nach mó aon laghdú ar an méid dleachta eastáit is iníoctha i leith an tsaor-eastáit réamhráite de bhua an ailt seo ná an méid dleachta eastáit a íocadh i leith an tsaor-eastáit agus, chun críche an choinníll seo, measfar aon chuid den méid sin a íocadh trí stoc nó urrúis a aistriú go dtí cuntas de chuid an Aire Airgeadais a bheith ar cóimhéid le luach iarbhír, agus ní le haghaidhluach ainmniúl, an stoic sin nó na n-urrús sin.

[EN]

(3) Chun críocha an ailt seo, ní dhéanfar an méid a gheofar as infheistíochtaí a dhíol a laghdú méid aon chaiteachas, ar mhodh coimisiúin nó ar mhodh eile, a ghabhfaidh leis an díol ach cuirfear i gcuntas ann caiteachais, más ann, a thabhaigh an t-ionadaí pearsanta áirithe i ndáil le hidirbhearta dá dtagraítear sa mhíniú ar “infheistíochtaí”.

[EN]

(4) Is i scríbhinn chun na gCoimisinéirí Ioncaim a dhéanfaidh an t-ionadaí pearsanta áirithe éileamh ar fhaoiseamh ó dhleacht eastáit faoin alt seo agus déanfar é tráth nach déanaí ná an 31ú lá de Nollaig, 1978.

CUID V

Cáin Rachmais

[EN]

Cáin rachmais a chealú agus leasú ar ailt 18 agus 22 (ús ar cháin) den Acht Cánach Rachmais, 1975.

38.—(1) Ní dhéanfar cáin rachmais a mhuirearú, a thobhach ná a íoc faoi fhorálacha an Achta faoi threoir aon dáta luachála a thitfidh an 5ú lá d'Aibreán, 1978, nó aon lá dá éis.

[EN]

(2) Ní fhanfaidh maoin réadach, de réir brí an Achta, amhail i gcoinne ceannaitheora bona fide ar lánchomaoin in airgead nó i luach airgid nó morgáistí, faoi mhuirear ná faoi dhliteanas cáin rachmais a íoc in aon chás a ndearnadh an ceannach nó a bunaíodh an morgáiste an 5ú lá d'Aibreán, 1978, nó aon lá dá éis.

[EN]

(3) Beidh éifeacht le hailt 18 agus 22 den Acht, ina bhfeidhm maidir le hús a fhaibhreoidh chun bheith dlite tar éis dáta an Achta seo a rith, ionann is dá gcuirfí “1.25 faoin gcéad” in ionad “1.5 faoin gcéad”.

[EN]

(4) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “an tAcht” an tAcht Cánach Rachmais, 1975;

[EN]

tá le “dáta luachála” an bhrí a shanntar dó leis an Acht.

CUID VI

Cáin Fháltas Caipitiúil

[EN]

Leathnú ar alt 55 (airceadail áirithe a bheith díolmhaithe) den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976.

39.—(1) Bainfidh alt 55 den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, mar a bhaineann sé leis na hairceadail a shonraítear san alt sin, le teach nó gairdín sa Stát nach sealbhaítear chun críocha trádála agus—

[EN]

(a) ar dealraitheach do na Coimisinéirí, ar éileamh a dhéanamh chucu, gur díol spéise iad ó thaobh náisiúntachta, eolaíochta, staire nó ealaíne,

[EN]

(b) a raibh saoráidí réasúnacha lena bhféadfadh daoine den phobal breathnú orthu ar fáil ina leith ó dháta an Achta seo a rith go dtí dáta an bhronntanais nó dáta na hoidhreachta, nó le linn na dtrí bliana díreach roimh dháta an bhronntanais nó dháta na hoidhreachta, agus

[EN]

(c) a bhfuil saoráidí réasúnacha ar fáil ina leith lena bhféadfaidh daoine den phobal breathnú orthu,

[EN]

faoi réir an mhodhnaithe go ndéanfar an tagairt i bhfo-alt (4) den alt sin d'fho-alt (1) (b) nó (c) den alt sin a fhorléiriú mar thagairt do mhír (c) den fho-alt seo agus faoi réir aon mhodhnuithe eile is gá.

[EN]

(2) Beidh feidhm ag an alt seo i gcás arb é dáta an Achta seo a rith nó dáta dá éis sin dáta an bhronntanais nó dáta na hoidhreachta.

[EN]

Leasú ar alt 57 (urrúis áirithe a bheith díolmhaithe) den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976.

40.—(1) Leasaítear leis seo alt 57 den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (2) agus (3):

[EN]

“(2) Beidh urrúis, nó aonaid (de réir brí an Achta um Iontaobhais Aonad, 1972) de chuid scéime iontaobhais aonad, a bheidh ar áireamh i mbronntanas nó in oidhreacht a glacadh an 14ú lá d'Aibreán, 1978, nó dá éis, díolmhaithe ó cháin (agus ní chuirfear an céanna i gcuntas le linn cáin ar aon bhronntanas nó oidhreacht a ghlac an deontaí nó an comharba ón diúscróir céanna a bheith á ríomh) más rud é, agus amháin más rud é, go suífear chun sástacht na gCoimisinéirí—

[EN]

(a) go raibh na hurrúis nó na haonaid ar áireamh sa diúscairt go leanúnach ar feadh tréimhse ón dáta réamhráite go dtí dáta an bhronntanais nó dáta na hoidreachta, nó go leanúnach ar feadh tréimhse trí bliana díreach roimh dháta an bhronntanais nó dháta na hoidhreachta, agus, chun críocha na míre seo, measfar, maidir le haon tréimhse díreach roimh dháta na diúscartha a raibh na hurrúis nó na haonaid ar úinéireacht thairbhiúil go leanúnach ag an diúscróir ar a feadh, gur tréimhse nó cuid de thréimhse í díreach roimh dháta an bhronntanais nó dháta na hoidhreachta a raibh siad ar áireamh go leanúnach sa diúscairt ar a feadh;

[EN]

(b) go raibh na hurrúis nó na haonaid ar áireamh sa bhronntanas nó san oidhreacht—

[EN]

(i) ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta; agus

[EN]

(ii) ar an dáta luachála; agus

[EN]

(c) nach bhfuil sainchónaí ná gnáthchónaí sa Stát ar an deontaí nó ar an gcomharba ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta,

[EN]

agus beidh feidhm, chun críocha an fho-ailt seo, ag forálacha alt 19 (6) mar atá feidhm acu i ndáil le maoin talmhaíochta.

[EN]

(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (2) (a) i gcás nach raibh sainchónaí ná gnáthchónaí sa Stát ar an diúscróir ar dháta na diúscartha nó ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta.”.

[EN]

(2) Ní bheidh éifeacht, agus measfar nach raibh éifeacht riamh, leis an alt seo ach amháin i ndáil le hurrúis nó aonaid ar áireamh i mbronntanas nó in oidhreacht i gcás arb é an 14ú lá d'Aibreán, 1978, nó aon lá dá éis sin dáta an bhronntanais nó dáta na hoidhreachta.

[EN]

Athrú ar na rátaí cánach.

41.—Leasaítear leis seo an Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, maidir le bronntanais inchánach agus oidhreachtáin inchánach arna nglacadh an lú lá d'Aibreán, 1978, nó dá éis, tríd an gCuid atá leagtha amach sa Tríú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a chur in ionad Chuid II.

[EN]

Leasú ar alt 36 (tuairisceáin a sheachadadh) den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976.

42.—(1) Leasaítear leis seo alt 36 den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3)—

[EN]

“(3) Baineann fo-alt (2) le bronntanas—

[EN]

(a) i gcás ar mó luach inchánach an bhronntanais sin, a mhéid is bronntanas inchánach é, ná méid is ionann agus 80 faoin gcéad den luach is ísle ar a mbeidh, ar dháta an bhronntanais sin, cáin inmhuirearaithe maidir le bronntanas a ghlac deontaí an bhronntanais sin ó dhiúscróir an bhronntanais,

[EN]

(b) I gcás a mbeidh luach inchánach an bhronntanais sin, a mhéid is bronntanas inchánach é, le comhiomlánú le bronntanais a ghlac deontaí an bhronntanais sin roimhe sin ó dhiúscróir an chéanna agus go méadaíonn sé tríd sin luach inchánach iomlán na mbronntanas inchánach go léir a ghlac an deontaí sin ón diúscróir sin ó mhéid is lú ná an méid, nó is comhionann leis an méid, a shonraítear i mír (a) go dtí méid is mó ná an méid a shonraítear amhlaidh,

[EN]

(c) i gcás a mbeidh luach inchánach an bhronntanais sin, a mhéid is bronntanas inchánach é, le comhiomlánú le bronntanais a ghlac deontaí an bhronntanais sin roimhe sin ó dhiúscróir an chéanna agus go méadaíonn sé tríd sin luach inchánach iomlán na mbronntanas go léir a ghlac an deontaí sin ón diúscróir sin ó mhéid is mó ná méid a shonraítear i mír (a), nó

[EN]

(d) i gcás na Coimisinéirí á cheangal trí fhógra i scríbhinn ar an deontaí tuairisceán a sheachadadh.”.

[EN]

(2) Measfar gur tháinig fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 31ú lá de Mhárta, 1976.

[EN]

Leasú ar alt 41 (cáin agus ús ar cháin a íoc) den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976.

43.—Beidh éifeacht le halt 41 (2) den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, ina fheidhm maidir le hús a fhaibhreoidh chun bheith dlite tar éis dáta an Achta seo a rith, ionann is dá gcuirfí “1.25 faoin gcéad” in ionad “aon go leith faoin gcéad”.

[EN]

Leasú ar alt 53 (bronntanais bheaga a bheith díolmhaithe) den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976.

44.—Beidh éifeacht le halt 53 (1) den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, maidir le tréimhsí iomchuí dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1978, nó aon lá dá éis, ionann is dá gcuirfí “£500” in ionad “£250”.

CUID VII

Ilghnéitheach

[EN]

An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.

45.—(1) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950;

[EN]

ciallaíonn “alt leasaitheach 1977” alt 52 den Acht Airgeadais. 1977;

[EN]

ciallaíonn “an t-ochtú blianacht bhreise is fiche” an tsuim a mhuirearaítear ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;

[EN]

tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúila” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.

[EN]

(2) Maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1978, beidh éifeacht le fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1977 ach “£10,069,854” a chur in ionad “£7,071,680”.

[EN]

(3) Beidh éifeacht le fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1977 ach “£6,356,614” a chur in ionad “£7,071,680”.

[EN]

(4) Déanfar suim £13,577,065 chun fuascailt a dhéanamh ar iasachtaí, agus ús ar na hiasachtaí sin, i leith seirbhísí caipitiúla, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais chomhleanúnach dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1978.

[EN]

(5) Déanfar an t-ochtú blianacht bhreise is fiche a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.

[EN]

(6) Féadfar aon mhéid den ochtú blianacht bhreise is fiche nach mó ná £8,739,850 in aon bhliain airgeadais áirithe a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.

[EN]

(7) Déanfar iarmhéid an ochtú blianacht bhreise is fiche a úsáid in aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.

[EN]

Us ar chánacha neamhíoctha.

46.—(1) Baineann an t-alt seo le hús is inmhuirearaithe faoi—

[EN]

(a) alt 14 den Acht Airgeadais, 1962,

[EN]

(b) ailt 129 agus 550 den Acht Cánach Ioncaim, 1967,

[EN]

(c) alt 17 (6A) den Acht Airgeadais, 1970,

[EN]

(d) alt 20 (2) agus 50 (2) den Acht Airgeadais, 1971,

[EN]

(e) alt 21 den Acht Cánach Breisluacha, 1972,

[EN]

(f) ailt 145 agus 152 den Acht Cánach Corparáide, 1976.

[EN]

(2) I gcás aon ús lena mbaineann an t-alt seo a bheith inmhuirearaithe d'aon mhí dar tosach dáta an Achta seo a rith, nó dáta dá éis sin, nó d'aon chuid de mhí den sórt sin, maidir le cáin a dhlitear a íoc nó a chur ar aghaidh ar an dáta sin nó roimhe nó dá éis, beidh an t-ús sin, d'ainneoin forálacha alt 28 den Acht Airgeadais, 1975, inmhuirearaithe de réir ráta 1.25 faoin gcéad do gach mí nó do gach cuid de mhí in ionad an ráta a shonraítear sna hailt sin agus beidh éifeacht leis na hailt sin ionann is dá gcuirfí an ráta réamhráite in ionad na rátaí a shonraítear sna hailt sin.

[EN]

(3) San alt seo ciallaíonn “cáin” cáin ioncaim, forcháin, cáin ghnóchan caipitiúil, cáin bhrabús corparáide, cáin chorparáide nó cáin bhreisluacha, de réir mar is iomchuí.

[EN]

Na Coimisinéirí Ioncaim do nochtadh faisnéise áirithe do dhaoine áirithe.

47.—(1) Baineann an t-alt seo le haon mhuirear a fhorchuirtear ar airgead poiblí, is muirear le haghaidh faoisimh faoi na hAchtanna um Rátaí ar Thalamh Talmhaíochta (Faoiseamh), 1939 go 1976.

[EN]

(2) I gcás muirear lena mbaineann an t-alt seo a bheith le déanamh, féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim nó aon oifigeach arna údarú acu chun na críche sin, i ndáil le teideal duine (dá ngairtear “an t-éilitheoir” anseo feasta) chun an fhaoisimh réamhráite a bhunú, d'ainneoin aon oibleagáid maidir le rúndacht a fhorchuirtear orthu faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim nó faoi aon achtachán eile, faisnéis den sórt a shonraítear i gcolún (2) den Tábla a ghabhann leis an alt seo a nochtadh d'aon duine a shonraítear i gcolún (1) den Tábla sin, is faisnéis i dtaobh an éilitheora a theastóidh ón duine sin nó ó na daoine sin le linn teideal an éilitheora chun an fhaoisimh a luaitear san alt seo a bheith á bhreithniú.

[EN]

(3) Sa Tábla a ghabhann leis an alt seo tá an bhrí chéanna le “áitiú” atá leis in alt 13 den Acht Airgeadais, 1974, agus tá an bhrí chéanna le “údarás rátúcháin” atá leis in alt 73 den Acht Airgeadais, 1974.

AN TABLA

An duine dá dtabharfar faisnéis

An fhaisnéis a thabharfar

(1)

(2)

An rúnaí nó an cléireach, nó duine ag gníomhú sa cháil sin, d'údarás rátúcháin nó aon oifigeach don Aire Comhshaoil a bheidh údaraithe aige chun críche an ailt seo.

Faisnéis a bhaineann leis an éilitheoir d'áitiú talún agus luacháil inrátaithe na talún sin.

[EN]

Céimniú féich a ráthaigh an Stát.

48.—Dearbhaítear leis seo, chun deireadh a chur le hamhras, go mbeidh, agus go measfar go raibh riamh, aon dliteanais de chuid an Aire Airgeadais, nó de chuid aon Aire Rialtais eile, maidir le ráthaíochtaí a thug an tAire Airgeadais, nó aon Aire Rialtais eile le toiliú an Aire Airgeadais, faoi Acht ón Oireachtas, go n-aisíocfar go cuí airgead a fuair daoine eile ar iasacht, ar chéim pari passu ar gach slí le dliteanais an Aire Airgeadais maidir le hurrúis a bunaíodh agus a eisíodh faoi alt 54 (1) den Acht Airgeadais, 1970.

[EN]

Leasú ar alt 54 (an tAire Airgeadais do bhunú agus d'eisiúint urrús) den Acht Airgeadais, 1970.

49.—Leasaítear leis seo alt 54 den Acht Airgeadais, 1970

[EN]

(a) trí “nó a eiseoidh an tAire Airgeadais faoi aon fhoráil eile d'Acht ón Oireachtas” a chur isteach i ndiaidh “faoin alt seo” i bhfo-alt (2), agus

[EN]

(b) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais (Uimh. 2), 1970):

[EN]

“(5) Féadfaidh an tAire Airgeadais, aon uair agus a mhinice is cuí leis, urrúis a bhunaigh agus a d'eisigh sé faoin alt seo nó faoi aon fhoráil eile d'Acht ón Oireachtas a cheannach ó Chiste Bhanc Taisce an Phoist agus a chealú.

[EN]

(6) Déanfaidh an tAire Airgeadais na praghsanna ar a bhféadfaidh sé urrúis a cheannach faoi fho-alt (5) den alt seo a shocrú ar leibhéil is ionann, dar leis, agus margadh-phraghas cóir ar na hurrúis sin na laethanta a dhéantar na díolacháin sin.”.

[EN]

An Ród-Chiste a fhoirceannadh.

50.—(1) (a) Aisghairtear leis seo ailt 2 agus 3 den Roads Act, 1920.

[EN]

(b) Measfar gur tháinig mír (a) den fho-alt seo i ngníomh an lú lá d'Eanáir, 1978, ach ní dhéanfaidh sí difear do ghníomhú fho-alt (5) den alt sin 3 a mhéid a bhaineann sé leis an mbliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1978.

[EN]

(2) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo, íocaíochtaí a bheadh le déanamh as an Ród-Chiste mura mbeadh fo-alt (1) den alt seo déanfar iad ar cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

(b) Aon aisíocaíochtaí a bheidh le déanamh ar aon mhéid a íocadh i leith na ndleachtanna a forchuireadh leis an Acht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952, déanfar iad as fáltais na ndleachtanna sin de réir mar a ordóidh an tAire Comhshaoil.

[EN]

(3) Coimeádfar sa Phríomh-Chiste airgead a bheadh, mura mbeadh fo-alt (1) den alt seo, le híoc isteach sa Ród-Chiste as an bPríomh-Chiste, agus íocfar isteach sa Phríomh-Chiste airgead eile a bheadh, mura mbeadh an fo-alt seo, le híoc isteach sa Ród-Chiste.

[EN]

(4) (a) Féadfaidh an tAire Comhshaoil, le rialacháin, aon oiriúnuithe nó modhnuithe a dhéanamh maidir le haon reacht nó le haon ionstraim faoi reacht a bheidh i bhfeidhm tráth an Achta seo a rith agus a bhainfidh le haon ábhar nó ní lena ndéileálann an t-alt seo nó dá ndéanann an t-alt seo difear is dealraitheach dó a bheith riachtanach le go bhféadfaidh an reacht nó an ionstraim sin éifeacht a bheith leis nó léi de réir an ailt seo.

[EN]

(b) Rialacháin a dhéanfar faoin alt seo leagfar iad faoi bhráid gach Tí den Oireachtas a luaithe is féidir tar éis a ndéanta agus, má dhéanann ceachtar Teach laistigh den lá is fiche a shuífidh an Teach sin tar éis na rialacháin a leagan faoina bhráid rún a rith ag neamhniú na rialachán, beidh na rialacháin ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoi na rialacháin.

[EN]

Conarthaí ráthaíochta agus conarthaí iasachta i ndáil le cúnamh do thíortha forásacha.

51.—(1) Féadfaidh an tAire Airgeadais, thar ceann an Stáit, conarthaí ráthaíochta agus conarthaí iasachta a dhéanamh i ndáil le bearta dar cuspóir cabhrú le tíortha agus críocha dá ngairtear tíortha agus críocha forásacha sa tuarascáil bhliantúil is deireanaí ó Chathaoirleach Choiste Cúnaimh Forbartha na hEagraíochta um Chomhar agus Forbairt Eacnamaíochta a foilsíodh roimh dháta an chonartha iomchuí.

[EN]

(2) Ní fheidhmeoidh an tAire Airgeadais na cumhachtaí a thugtar dó leis an alt seo sa dóigh gur mó ná £10,000,000 méid nó méid comhiomlán an airgid a dhlífidh sé a íoc aon tráth áirithe faoi chonarthaí ráthaíochta agus faoi chonarthaí iasachta, mar aon leis na méideanna (más ann) a d'íoc an tAire sin roimhe sin faoi chonarthaí ráthaíochta agus faoi chonarthaí iasachta agus nár aisíocadh leis.

[EN]

(3) Airleacfar as an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis an t-airgead nach foláir don Aire Airgeadais a íoc faoi chomhair suimeanna a bheidh le híoc aige faoi fho-alt (1) den alt seo.

[EN]

(4) I gcás nach mbeidh an t-airgead go léir nó aon chuid den airgead a airleacadh faoi fho-alt (3) den alt seo i leith conarthaí ráthaíochta aisíoctha leis an Aire Airgeadais laistigh de chúig bliana ó dháta an airleacain, aisíocfar leis an bPríomh-Chiste as airgead a sholáthróidh an tOireachtas an méid a bheidh fágtha gan aisíoc amhlaidh.

[EN]

(5) Déanfar airgead a gheobhaidh an tAire Airgeadais as conarthaí ráthaíochta agus as conarthaí iasachta a rinneadh de bhun fho-alt (1) den alt seo a íoc isteach sa Státchiste nó a chur chun tairbhe don Státchiste i cibé slí a ordóidh an tAire Airgeadais.

[EN]

(6) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “conarthaí ráthaíochta” conarthaí faoina mbeidh an Stát faoi dhliteanas maidir leis na hoibleagáidí airgeadais a thabhaigh lucht faighte iasachtaí faoi théarmaí na n-iasachtaí;

[EN]

ciallaíonn “conarthaí iasachta” conarthaí faoi chomhair iasachtaí faoina n-airleacann an Stát na hiasachtaí go léir nó cuid de na hiasachtaí, go díreach nó trí eagraíocht idirnáisiúnta ar comhalta di an Stát.

[EN]

Aisghairm.

52.—(1) (a) Déantar leis seo gach achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid I den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin, faoi réir na forála atá déanta i ndeireadh na Coda sin.

[EN]

(b) Measfar gur tháinig mír (a) i ngníomh an lú lá d'Aibreán, 1978.

[EN]

(2) Déantar leis seo an t-achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid II den Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin i ndáil le beoir a grúdaíodh nó a ghrúdófar an lú lá d'Iúil, 1978, nó dá éis.

[EN]

Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.

53.—Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna go léir a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.

[EN]

Gearrtheideal, forléiriú agus tosach feidhme.

54.—(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1978, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Déanfar Cuid I den Acht seo (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Corparáide.

[EN]

(3) Déanfar Cuid II den Acht seo, a mhéid a bhaineann sí le Custaim, a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Custam, agus déanfar an Chuid sin II, a mhéid a bhaineann sí le dleachtanna máil, a fhorléiriú i dteannta na reachtanna a bhaineann le dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.

[EN]

(4) Forléireofar Cuid III den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

[EN]

(5) Forléireofar Cuid IV den Acht seo i dteannta an Finance Act, 1894, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

[EN]

(6) Forléireofar Cuid V den Acht seo i dteannta an Achta Cánach Rachmais, 1975, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

[EN]

(7) Forléireofar Cuid VI den Acht seo i dteannta an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.

[EN]

(8) Measfar gur tháinig Cuid I den Acht seo i bhfeidhm, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite inti, agus glacfaidh sí éifeacht, amhail ar agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1978.

[EN]

(9) Ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi.

AN CHEAD SCEIDEAL

Leasú ar Achtacháin

Alt 4.

CUID I

Leasuithe de dhroim leasú ar alt 236 den Acht Cánach Ioncaim, 1967

Leasaítear leis seo Sceideal 5 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967, de réir na bhforálacha seo a leanas:

(a) scriosfar Cuid I,

(b) in ionad mhír 4 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1974) cuirfear an mhír seo a leanas:

“4. Faoi réir mhír 5, beidh éifeacht, i gcás pearsa aonair a rugadh am a shonraítear sa chéad cholún den Tábla atá leagtha amach thíos, ag alt 236 (1A), ach go gcuirfear in ionad na tagartha do 15 faoin gcéad tagairt don chéatadán sin a shonraítear dá chás sa dara colún den Tábla.

AN TABLA

Bliain Bhreithe

An Céatadán

1916 nó 1917

16

1914 nó 1915

17

1912 nó 1913

18

1910 nó 1911

19

1909 nó aon bhliain roimhe

20

CUID II

Leasuithe de dhroim Athruithe ar Fhaoisimh Phearsanta

Alt 6.

1. Leasaítear leis seo alt 138 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, de réir na bhforálacha seo a leanas:

(a) i bhfo-alt (1), cuirfear “£1,730” in ionad “£1,100” gach áit a bhfuil sé, cuirfear “£865” in ionad “£665” agus cuirfear “£1,845” in ionad “£1,215”, agus

(b) i bhfo-alt (2), cuirfear “£865” in ionad “£665” gach áit a bhfuil sé, agus cuirfear “£935” in ionad “£735”.

2. Leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1974, trí “£180” a chur in ionad “£145” agus “£80” a chur in ionad “£45” in alt 8.

CUID III

Foirmle chun cáin is iomchuí do dhíolaíochtaí pearsana aonair áirithe a chónaíonn sa Stát agus atá fostaithe sa Ríocht Aontaithe a chinneadh

Alt 9.

1. Is í an fhoirmle dá dtagraítear sa mhíniú in alt 9 (1) ar “cáin is iomchuí do na díolaíochtaí”, i ndáil le pearsa aonair do bhliain mheasúnachta—

A

_____

A + B

× C

i gcás—

arb é A méid díolaíochtaí (dá ngairtear “glandíolaíochtaí” anseo feasta) na pearsan aonair is inchuntha faoi cháin don bhliain mheasúnachta sin (lena n-áirítear, i gcás duine pósta, aon díolaíochtaí de chuid a bhanchéile a meastar gur ioncam dá chuid iad de réir forálacha alt 192 den Acht Cánach Ioncaim, 1967) tar éis an méid sin d'aon chaillteanas a bhaint astu a áirítear, faoi fhorálacha alt 307 (4) (b) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, mar asbhaint as na díolaíochtaí sin.

arb é B méid comhiomlán ioncam na pearsan aonair, seachas díolaíochtaí, don bhliain mheasúnachta sin ó gach bunadh (lena n-áirítear, i gcás duine pósta, aon ioncam, seachas díolaíochtaí, de chuid a bhanchéile a meastar gur ioncam dá chuid é de réir forálacha alt 192 den Acht Cánach Ioncaim, 1967) tar éis an méid sin d'aon cheann de na méideanna seo a leanas is inchurtha go díreach i leith gach bunaidh ar leithligh a bhaint as an ioncam ón mbunadh sin:

(i) aon asbhaint i leith caiteachas;

(ii) aon asbhaint i leith ranníocaí;

(iii) aon liúntas caipitiúil; agus

(iv) aon chaillteanas de réir brí alt 89 nó Chaibidil I de Chuid XIX den Acht Cánach Ioncaim, 1967,

arb é C an cháin is iníoctha ar ioncam iomlán na pearsan aonair don bhliain sin sula gcuirfear i gcuntas aon fhaoiseamh dá bhforáiltear le halt 9 agus aon fhaoiseamh dá bhforáiltear faoi alt 361 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, faoi na Comhaontuithe roimhe seo nó faoi alt 39 den Acht Airgeadais, 1977.

2. Más rud é, i ndáil le haon phearsa aonair, go bhfolóidh na díolaíochtaí a áirítear in A san fhoirmle i mír l díolaíochtaí de chuid na pearsan aonair agus díolaíochtaí de chuid a bhanchéile, déanfar an cháin is iomchuí do dhíolaíochtaí gach duine díobh a chinneadh ar leithligh agus is é a bheidh ann méid a mbeidh idir é agus an cháin is iomchuí do na díolaíochtaí an chomhréir chéanna atá idir glandíolaíochtaí gach duine díobh agus A réamhráite.

CUID IV

Sceideal le cur leis an Acht Airgeadais, 1974

Alt 12.

“AN TRIU SCEIDEAL

Cáin is iomchuí do na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht

1. Ciallaíonn ‘cáin is iomchuí do na brabúis nó do na gnóchain ó fheirmeoireacht’, i ndáil le pearsa aonair atá, de bhua forálacha alt 15, inchurtha faoi cháin do bhliain mheasúnachta i leith brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht, an méid cánach a chinnfear de réir na foirmle—

A

_____

A + B

× C

i gcás—

arb é A—

(a) i gcás an phearsa aonair a mhuirearú amhlaidh ar mhéid a chinnfear le halt 21, an méid a chinnfear amhlaidh,

(b) i gcás an phearsa aonair a mhuirearú amhlaidh faoi threoir forálacha alt 58 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, an méid a ríomhfar faoi threoir na bhforálacha sin, arna choigeartú faoi threoir forálacha mhír 2 agus aird á thabhairt ar fhorálacha alt 21A,

(c) i gcás an phearsa aonair a mhuirearú amhlaidh faoi threoir forálacha alt 20A, an méid a ríomhfar faoi threoir na bhforálacha sin, arna choigeartú faoi threoir forálacha mhír 2 agus aird á thabhairt ar fhorálacha alt 21A,

arb é B ioncam na pearsan aonair, seachas ioncam a áirítear in A, don bhliain sin ó gach bunadh (lena n-áirítear ioncam de chuid a bhanchéile a meastar gur ioncam dá chuid é de réir forálacha alt 192 den Acht Cánach Ioncaim, 1967) tar éis comhiomlán na méideanna a shonraítear i mír 3 a bhaint as an ioncam ó gach bunadh ar leithligh, agus

arb é C an méid cánach is inmhuirearaithe ar ioncam iomlán na pearsan aonair don bhliain sin sula gcuirtear i gcuntas aon fhaoiseamh dá bhforáiltear le halt 361 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó le halt 19 nó 21A.

2. Más rud é, le linn A i mír 1 a bheith á chinneadh, go mbeidh méid na mbrabús nó na ngnóchan ó fheirmeoireacht le coigeartú faoi threoir forálacha na míre seo, déanfar a gcomhiomlán seo a leanas de laghdú ar an méid sin—

(a) an oiread sin d'aon liúntas caipitiúil a bheidh le cur i gcuntas le linn na brabúis nó na gnóchain a bheith á muirearú i leith cánach, agus

(b) an oiread sin d'aon chaillteanas de réir brí Chaibidil I de Chuid XIX den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a bheidh le baint as na brabúis nó na gnóchain sin nó le fritháireamh ina gcoinne nó a mheastar a baineadh astu nó a fritháiríodh ina gcoinne.

3. Le linn B i mír 1 a bheith á chinneadh, is é an méid a bheidh le baint as an ioncam ó bhunadh áirithe, le linn an méid ioncaim ón mbunadh sin a bheidh le háireamh i B a bheith á ríomh comhiomlán na méideanna seo a leanas—

(a) an oiread sin de na méideanna seo a leanas atá le baint as an ioncam sin nó le fritháireamh ina aghaidh, nó atá le lamháil le linn an t-ioncam sin a bheith á chur faoi cháin—

(i) aon asbhaint i leith caiteachas;

(ii) aon asbhaint i leith ranníocaí, agus

(iii) aon liúntas caipitiúil; agus

(b) an oiread sin d'aon chaillteanas de réir brí Chaibidil I de Chuid XIX den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a bheidh le baint as an ioncam ón mbunadh sin nó le fritháireamh ina choinne nó a mheastar a baineadh as nó a fritháiríodh ina choinne.

4. Sa Sceideal seo tá le ‘liúntas caipitiúil’, ‘asbhaint i leith caiteachas’ agus ‘asbhaint i leith ranníocaí’ na bríonna céanna atá leo in alt 16 den Acht Airgeadais, 1976, agus tá le ‘feirmeoireacht’ an bhrí chéanna atá leis i gCaibidil II de Chuid I.”.

AN DARA SCEIDEAL

Idirbhearta Díolmhaithe i nDáil le Cumainn Talmhaíochta agus Cumainn Iascaigh

Alt 18.

CUID I

Cumainn talmhaíochta

1. (a) Na hearraí seo a leanas a mhórdhíol—

(i) bainne

uibheacha

mil

torthaí úra agus glasraí úra (lena n-áirítear prátaí úra)

grán

síolta

beostoc

éanlaith chlóis

olann

líon

bláthanna

i gcás, maidir leis an gcumann a dhíolann an tráchtearra—

(A) gurb é táirgeoir an tráchtearra é, nó

(B) go gceannaíonn sé an tráchtearra óna tháirgeoir nó ó chumann talmhaíochta a cheannaigh ón táirgeoir sin é;

(ii) im

uachtar

cáis

bainne lom

púdar bainne

meadhg

púdar meidhg

lachtós

im-ola

cáiséin

grabhróg sheacláide

torthaí próiseáilte agus glasraí próiseáilte (lena n-áirítear prátaí próiseáilte)

feoil

seithí

crúba

adharca

miodamas

i gcás ar cumann talmhaíochta táirgeoir an tráchtearra;

(iii) ábhair bheatha d'ainmhithe (ach gan grán, glasraí, bainne, bainne lom, púdar bainne, meadhg ná púdar meidhg a áireamh)

drugaí agus ábhair leighis d'ainmhithe

leasacháin

fiailnimheanna agus feithidnimheanna

ábhair leasaithe le sadhlas a dhéanamh

boscaí agus ábhair phacáistithe eile do tháirgí talmhaíochta

pár agus salann do tháirgeadh ime

saic agus sreangán ceanglóra

trealamh uachtarlainne agus déirí

trealamh triomaithe gráin

innealra feirme (lena n-áirítear comhpháirteanna agus boinn)

breosla d'innealra feirme

ábhair thógála agus fhálaithe lena n-úsáid d'aontoisc in oibreacha a mbíonn ceannaitheoirí na n-ábhar sin cáilithe chun deontais ina leith faoi Scéim Nuachóiriúcháin Feirmeacha atá á hoibriú ag an Roinn Talmhaíochta.

(b) I bhfomhír (a) ciallaíonn “táirgeoir”—

(i) i ndáil le bainne, an duine ar leis an t-ainmhí óna bhfaightear an bainne agus tá brí dá réir leis i ndáil le huibheacha, le mil agus le holann,

(ii) i ndáil le torthaí úra, an duine a fhásann na torthaí agus tá brí dá réir leis i ndáil le glasraí úra (lena n-áirítear prátaí úra), grán, síolta, líon agus bláthanna,

(iii) i ndáil le beostoc, an duine a phóraíonn nó a thógann an beostoc agus tá brí dá réir leis i ndáil le héanlaith chlóis,

(iv) i ndáil le him, an cumann a dhéanann an t-im agus tá brí dá réir leis i ndáil le táirgí eile bainne, agus

(v) i ndáil le torthaí próiseáilte, an cumann a phróiseálann na torthaí agus tá brí dá réir leis i ndáil le glasraí próiseáilte (lena n-áirítear prátaí próiseáilte), feoil, seithí, crúba, adharca agus miodamas.

2. Aon cheann de na seirbhísí seo a leanas a sholáthar—

curadóireacht nó fómhar a dhéanamh (lena n-áirítear sadhlas a dhéanamh) faoi chonradh

domhaintreabhadh

aoileach a leathadh

barraí a spréáil

móin a bhaint

barraí nó grán a thriomú, a mheilt nó a stóráil ar coimisiún

cumann talmhaíochta do phacáistiú nó do phróiseáil táirgí bainne ar coimisiún thar ceann cumainn eile den sórt céanna

leasacháin, grán, olann nó beostoc a dhíol ar coimisiún

torthaí nó glasraí a stóráil, a phacáil, a ghrádú nó a phróiseáil

cumann talmhaíochta do stóráil táirgí bainne thar ceann

cumainn eile den sórt céanna

táirgí feirme a iompar

beostoc a inseamhnú go saorga, a cheantáil nó a mheá

péarslaí a scriosadh

saic a fhruiliú

bolcthainceanna cuisnithe bainne a léasú

CUID II

Cumainn iascaigh

1. Aon cheann acu seo a leanas a mhórdhíol—

iasc úr

iasc próiseáilte

tráchtearraí nó cóngair a úsáidtear chun iasc a ghabháil.

2. Ceachtar de na seirbhísí seo a leanas a chur ar fáil—

iasc a cheantáil

iasc a iompar.

AN TRIU SCEIDEAL

Rátaí Cánach Fáltas Caipitiúil

Alt 41.

“CUID II

TABLA I

Infheidhmithe i gcás arb é céile an diúscróra, nó ar leanbh, nó leanbh mionaoiseach do leanbh éagtha, leis an diúscróir an deontaí nó an comharba.

An chuid den Luach

An Ráta cánach

An Iosteorainn

An Uasteorainn

Faoin gcéad

£

£

0

150,000

Nialas

150,000

200,000

25

200,000

250,000

30

250,000

300,000

35

300,000

350,000

40

350,000

400,000

45

400,000

50

TABLA II

Infheidhmithe i gcás ar dírshinsear nó dírshliochtach (seachas leanbh, nó leanbh mionaoiseach do leanbh éagtha) leis an diúscróir an deontaí nó an comharba.

An chuid den Luach

An Ráta cánach

An Iosteorainn

An Uasteorainn

Faoin gcéad

£

£

0

30,000

Nialas

30,000

33,000

5

33,000

38,000

7

38,000

48,000

10

48,000

58,000

13

58,000

68,000

16

68,000

78,000

19

78,000

88,000

22

88,000

103,000

25

103,000

118,000

28

118,000

133,000

31

133,000

148,000

34

148,000

163,000

37

163,000

178,000

40

178,000

193,000

43

193,000

208,000

46

208,000

223,000

49

223,000

50

TABLA III

Infheidhmithe i gcás ar deartháir nó deirfiúr, nó leanbh do dheartháir nó do dheirfiúr, leis an diúscróir an deontaí nó an comharba.

An chuid den Luach

An Ráta cánach

An Iosteorainn

An Uasteorainn

Faoin gcéad

£

£

0

20,000

Nialas

20,000

23,000

10

23,000

28,000

12

28,000

38,000

15

38,000

48,000

19

48,000

58,000

23

58,000

68,000

27

68,000

78,000

31

78,000

93,000

35

93,000

108,000

40

108,000

123,000

45

123,000

50

TABLA IV

Infheidhmithe i gcás nach bhfuil ag an deontaí nó ag an gcomharba leis an dúscróir gaol dá dtagraítear i dTábla I, II nó III den Chuid seo den Sceideal seo.

An chuid den Luach

An Ráta cánach

An Iosteorainn

An Uasteorainn

Faoin gcéad

£

£

0

10,000

Nialas

10,000

13,000

20

13,000

18,000

22

18,000

28,000

25

28,000

38,000

30

38,000

48,000

35

48,000

58,000

40

58,000

68,000

45

68,000

83,000

50

83,000

98,000

55

98,000

60

AN CEATHRU SCEIDEAL

Achtacháin a Aisghairtear

Alt 52.

CUID I

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 6 de 1967

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967.

Alt 220, a mhéid atá sé gan aisghairm.

Uimh. 16 de 1976

An tAcht Airgeadais, 1976.

Alt 33.

Ní dhéanfaidh na haisghairmeacha sa Chuid seo den Sceideal seo difear don dliteanas cánach ioncaim do bhlianta measúnachta dar chríoch an 5ú lá d'Aibreán, 1976, nó aon lá roimhe sin, ná don dliteanas cánach corparáide do thréimhsí cuntasaíochta dar chríoch an 31ú lá de Mhárta, 1978, nó aon lá roimhe sin, ná do mheasúnú, bailiú nó gnóthú cheachtar de na cánacha sin nó úis orthu ná d'imeachtaí a bhaineann leis na cánacha sin nó leis an ús sin.

CUID II

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 20 de 1932

An tAcht Airgid, 1932.

Alt 41.


Na hAchtanna dá dTagraítear

An tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976

1976, Uimh. 8

Acht Choimisinéirí na Stát-Sheirbhíse, 1956

1956, Uimh. 45

Acht Rialuithe na Stát-Sheirbhíse, 1956

1956, Uimh. 46

Acht na gCuideachtaí, 1963

1963, Uimh. 33

An tAcht Cánach Corparáide, 1976

1976, Uimh. 7

Customs Consolidation Act, 1876

1876, c. 36

Finance Act, 1894

1894, c. 30

Finance (1909-10) Act, 1910

1910, c. 8

An tAcht Airgid, 1932

1932, Uimh. 20

An tAcht Airgeadais, 1950

1950, Uimh. 18

An tAcht Airgeadais, 1962

1962, Uimh. 15

An tAcht Airgeadais, 1963

1963, Uimh. 23

An tAcht Airgeadais, 1967

1967, Uimh. 14

An tAcht Airgeadais, 1969

1969, Uimh. 21

An tAcht Airgeadais, 1970

1970, Uimh. 14

An tAcht Airgeadais (Uimh. 2), 1970

1970, Uimh. 25

An tAcht Airgeadais, 1971

1971, Uimh. 23

An tAcht Airgeadais, 1972

1972, Uimh. 19

An tAcht Airgeadais, 1973

1973, Uimh. 19

An tAcht Airgeadais, 1974

1974, Uimh. 27

An tAcht Airgeadais, 1975

1975, Uimh. 6

An tAcht Airgeadais, 1976

1976, Uimh. 16

An tAcht Airgeadais, 1977

1977, Uimh. 18

An tAcht Airgeadais (Dleachta Máil) (Feithiclí), 1952

1952, Uimh. 24

An tAcht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968

1968, Uimh. 7

An tAcht Cánach Ioncaim, 1967

1967, Uimh. 6

An tAcht um Fhorbairt Tionscail, 1969

1969, Uimh. 32

An tAcht Caidrimh Thionscail, 1976

1976, Uimh. 15

Roads Act, 1920

1920, c. 72

An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952

1952, Uimh. 11

Stamp Act, 1891

1891, c. 39

An tAcht um Iontaobhais Aonad, 1972

1972, Uimh. 17

An tAcht Cánach Breisluacha, 1972

1972, Uimh. 22

An tAcht Cánach Rachmais, 1975

1975, Uimh. 25