Uimhir 18 de 1977
AN tACHT AIRGEADAIS, 1977
[An tiontú oifigiúil]
CUID I
Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide, Cáin Bhrabús Corparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil
Caibidil I
Cáin Ioncaim
Leasú ar alt 142 (gaolta cleithiúnacha) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
1.—Leasaítear leis seo alt 142 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, le héifeacht ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1976, trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1):
“(1) Má chruthaíonn an t-éilitheoir, maidir le haon bhliain mheasúnachta, go gcothabhálann sé ar a chostas féin duine ar bith—
(a) is gaol dó féin nó dá bhanchéile, agus atá éagumasaithe, mar gheall ar sheanaois nó éiglíocht, ar é féin a chothabháil, nó
(b) arb í a mháthair nó máthair a bhanchéile í agus í ina baintreach agus í éagumasaithe nó gan a bheith, nó
(c) is mac nó iníon dó a chónaíonn leis agus a bhfuil sé, mar gheall ar sheanaois nó éiglíocht, ag brath ar a sheirbhísí nó ar a seirbhísí,
agus is duine nach mó, nó nach mó de £95 nó thairis, a ioncam iomlán ó gach bunadh don bhliain mheasúnachta sin, ná suim ar cóimhéid leis an méid sonraithe, beidh sé i dteideal, maidir le gach duine den sórt sin a chothabhálann sé amhlaidh, asbhaint £95 arna laghdú, más mó ioncam iomlán an duine atá á chothabháil amhlaidh ná an méid sonraithe, méid na breise.
(1A) Chun críocha an ailt seo ciallaíonn ‘méid sonraithe’ comhiomlán na n-íocaíochtaí a bhfuil duine ina dteideal an bhliain mheasúnachta sin i leith pinsin seanaoise de réir an ráta uasta faoi Achtanna na bPinsean Seanaoise, 1908 go 1977, más rud é, i gcaitheamh na bliana measúnachta sin—
(a) go bhfuil sé gan phósadh agus go bhfuil sé gan aon leanaí cáilithe de réir brí na nAchtanna sin,
(b) go bhfuil sé os cionn 80 bliain d'aois (nó cibé aois eile atá sonraithe de thuras na huaire sna hAchtanna sin in ionad an 80 bliain sin d'aois), agus
(c) nach bhfuil sé cáilithe chun an mhéadaithe ar an bpinsean sin is iníoctha in imthosca áirithe in aghaidh aon tréimhse a bhfuil sé chomh héagumasaithe sin go dteastaíonn cúram agus aire lánaimsirc uaidh.”.
Leasú ar alt 236 (blianachtaí scoir— an saghas agus an méid faoisimh i leith préimheanna cáilitheacha) den Acht Cánach Ioncaim, 1967.
2.—(1) Leasaítear leis seo alt 236 den Acht Cánach Ioncaim, 1967—
(a) trí “£2,000” a chur in ionad “£1,500” gach áit a bhfuil sé i bhfo-ailt (1A) (a) and (1C) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1974), agus
(b) trí “£650” a chur in ionad “£500” gach áit a bhfuil sé i bhfo-alt (1B) (a) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1974) agus san fho-alt sin (1C),
agus tá na fo-ailt sin (1A) (a), (1B) (a) agus (1C), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
(2) Beidh éifeacht le Cuid I den Chéad Sceideal chun an t-alt seo a fhorlíonadh.
AN TABLA |
(1A) (a) ní bheidh sé níos mó má suim £2,000, agus (1B) (a) ní bheidh sé níos mó ná suim £650, agus (1C) I gcás inar i leith coda den bhliain a bheidh an coinníoll in alt 235 (1) (a) comhlíonta, ansin, cuirfear in ionad na suimeanna £2,000 agus £650 a luaitear i bhfo-ailt (1A) agus (1B) suimeanna a mbeidh idir iad faoi seach agus £2,000 agus £650 an chomhréir chéanna a bheidh idir an chuid sin agus an bhliain iomlán. |
Leasú ar alt 59 (cumhacht chun faisnéis a fháil) den Acht Airgeadais, 1974.
3.—Leasaítear leis seo alt 59 den Acht Airgeadais, 1974, amhail ar agus ón 31ú lá de Mhárta, 1976, trí “ar dlúthchuideachtaí iad de réir brí an Achta Cánach Corparáide, 1976, nó ar dhlúthchuideachtaí den sórt sin iad dá mbeadh cónaí orthu sa Stát” a chur sa mhír dheiridh d'fho-alt (3) in ionad “ar cuideachtaí iad de réir brí alt 530 (6) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó ar chuideachtaí den sórt sin iad dá mba sa Stát a corpraíodh iad”, agus tá an mhír sin, arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TABLA |
Na comhlachtaí corpraithe a luaitear sna forálacha sin roimhe seo den alt seo is comhlachtaí corpraithe iad a chónaíonn nó atá corpraithe lasmuigh den Stát ar dlúthchuideachtaí iad de réir brí an Achta Cánach Corparáide, 1976, nó ar dhlúthchuideachtaí den sórt sin iad dá mbeadh cónaí orthu sa Stát. |
Leasú ar na forálacha a bhaineann leis an am chun cáin a íoc.
4.—I ndáil le haon mheasúnacht chánach ioncaim don bhliain 1977-78 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, cuirfear “de Mheán Fómhair” in ionad “d'Iúil”—
(a) i bhfo-ailt (1) agus (2) (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976) d'alt 477 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, gach áit a bhfuil sé, agus
(b) in alt 6 (2) (b) den Acht Airgeadais, 1976,
agus tá na fo-ailt sin (1) agus (2) agus an t-alt sin 6 (2) (b), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TABLA |
477.—(1) Faoi réir forálacha an ailt seo, aon cháin a bheidh ar áireamh i measúnacht i leith aon bhliana beidh sí iníoctha an 1ú lá nó roimh an 1ú lá de Mheán Fómhair an bhliain sin, ach amháin go measfar, i gcás cánach a bheidh ar áireamh i measúnacht i leith aon bhliana a dhéanfar an 1ú lá nó tar éis an 1ú lá de Mheán Fómhair, go mbeidh an cháin sin dlite agus iníoctha an chéad lá tar éis an lae a dhéanfar an mheasúnacht. |
(2) Maidir leis an gcáin seo a leanas a mhuirearófar in aghaidh aon bhliana áirithe, is é sin le rá—
(a) cáin a mhuirearófar faoi Sceideal D ar aon phearsa aonair i leith brabúis nó gnóchain aon trádála nó gairme, agus
(b) faoi réir forálacha alt 126, cáin a mhuirearófar ar aon phearsa aonair i leith aon oifige nó fostaíochta.
in ionad í a bheith iníoctha an 1ú lá nó roimh an 1ú lá de Mheán Fómhair an bhliain sin nó cibé dáta eile a shonraítear i bhfo-alt (1), beidh sí iníoctha ina dhá tráthchuid chomhionanna, a n-íocfar an chéad tráthchuid díobh an 1ú lá nó roimh an 1ú lá de Mheán Fómhair an bhliain sin nó cibé lá eile mar a dúradh agus a n-íocfar an dara tráthchuid díobh an 1ú lá nó roimh an 1ú lá d'Eanáir dá éis sin, agus beidh feidhm ag na forálacha den Acht seo i dtaobh gnóthú cánach maidir le gach tráthchuid den cháin mar atá feidhm acu maidir le méid iomlán na cánach:
Ar choinníoll, i gcás nach ndéanfar an mheasúnacht go dtí dáta tar éis an 1ú lá d'Eanáir dá éis sin a dúradh, nach mbeidh éifeacht leis an bhfo-alt seo agus go mbeidh an cháin dlite agus iníoctha mar a fhoráiltear i bhfo-alt (1).
6. (2) (b) i ndáil le haon mheasúnacht don bhliain 1977-78 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, “de Mheán Fómhair” a chur in ionad “d'Eanáir”.
Cáin ioncaim a mhuirearú don bhliain 197778 agus do bhlianta dá éis sin.
5.—(1) I gcás ar pearsa aonair (seachas pearsa aonair ag gníomhú i gcáil mhuiníneach nó ionadaitheach) duine a muirearófar cáin ioncaim air don bhliain 1977-78 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, déanfar, d'ainneoin aon ní sna hAchtanna Cánach Ioncaim ach faoi réir alt 5 (3) den Acht Airgeadais, 1974, cáin a mhuirearú air i leith a ioncaim inchánach de réir na rátaí a shonraítear sa Tábla seo a leanas agus
(a) gach ceann de na chéad trí ráta sa Tábla sin, agus
(b) na rátaí eile sa Tábla sin,
is í an tuairisc a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin os coinne lua an ráta nó na rátaí, de réir mar a bheidh, i gcolún (2) den Tábla sin a thabharfar orthu, faoi seach.
AN TABLA | |||||
An chuid den ioncam inchánach | An ráta cánach | Tuairisc an ráta | |||
(1) | (2) | (3) | |||
An chéad £500 | .. | .. | .. | 20 faoin gcéad | an ráta tosaigh |
An chéad £1,000 eile | .. | .. | 25 faoin gcéad | an ráta laghdaithe | |
An chéad £3,000 eile | .. | .. | 35 faoin gcéad | an ráta caighdeánach | |
An chéad £1,500 eile | .. | .. | 45 faoin gcéad | ||
An chéad £1,000 eile | .. | .. | 50 faoin gcéad | na hard-rátaí | |
An fuílleach | .. | .. | .. | 60 faoin gcéad |
(2) Beidh éifeacht le Cuid II den Chéad Sceideal chun fo-alt (1) a fhorlíonadh.
Faoisimh phearsanta.
6.—(1) I gcás a mbeidh asbhaint le déanamh as ioncam iomlán pearsan aonair don bhliain 1977-78 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin i leith faoiseamh a mbeidh an phearsa aonair ina theideal faoin bhforáil a luaitear i gcolún (1) den Tábla a ghabhann leis an bhfo-alt seo agus gur mhéid a shonraítear i gcolún (2) den Tábla sin méid na hasbhainte mura mbeadh an t-alt seo, is é a bheidh i méid na hasbhainte, in ionad an mhéid a shonraítear sa cholún sin (2), an méid sin a shonraítear i gcolún (3) den Tábla sin os coinne lua an mhéid sa cholún sin (2).
AN TABLA | ||
An fhoráil reachtúil | An méid a bheidh le baint as an ioncam iomlán do 1976-77 | An méid a bheidh le baint as an ioncam iomlán do 1977-78 agus do bhlianta dá éis sin |
(1) | (2) | (3) |
£ | £ | |
alt 138 | ||
(fear pósta) | 1,010 | 1,100 |
(duine singil) | 620 | 665 |
(baintreach fir nó mná) | 685 | 735 |
(2) Beidh éifeacht le halt 10 den Acht Airgeadais, 1976, faoi réir forálacha an ailt seo.
(3) Beidh éifeacht le Cuid III den Chéad Sceideal chun fo-alt (1) a fhorlíonadh.
Díolúine aoise.
7.—(1) San alt seo ciallaíonn “an méid sonraithe”—
(a) i gcás fear pósta a bhfuil a bhanchéile in aontíos leis, £1,800,
(b) i gcás pearsan aonair ar bith eile, £1,000:
Ar choinníoll, in aon chás lena mbaineann alt 28 den Acht Airgeadais, 1974, go gciallaíonn “an méid sonraithe”, i ndáil le haon bhliain mheasúnachta, an méid a shonraítear i mír (a) nó (b), de réir mar is iomchuí, arna laghdú an méid a laghdófaí é de bhua an ailt sin 28 dá mba éard é an méid sonraithe méid comhiomlán na n-asbhaintí a bheadh le déanamh as ioncam iomlán na pearsan aonair áirithe i leith faoisimh phearsanta a d'éiligh sé don bhliain mheasúnachta sin.
(2) I gcás pearsa aonair atá i dteideal asbhainte faoi alt 8 den Acht Airgeadais, 1974, do dhéanamh éileamh chuige sin don bhliain 1977-78 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis sin, agus do chruthú nach mó a ioncam iomlán don bhliain sin ná an méid sonraithe, beidh sé i dteideal díolúine ó cháin ioncaim.
(3) I gcás a mbeadh pearsa aonair i dteideal díolúine ó cháin ioncaim faoi fho-alt (2) don bhliain 1977-78 nó d'aon bhliain mheasúnachta dá éis mura mbeadh gur mó a ioncam iomlán ná an méid sonraithe, beidh sé i dteideal go ndéanfar an méid cánach ioncaim is iníoctha i leith a ioncaim iomláin a laghdú go dtí cóimhéid leath an mhéid ar mó a ioncam iomlán ná an méid sonraithe:
Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo in aon chás ar mó ná £2,500 ioncam iomlán na pearsan aonair.
(4) Na forálacha sin go léir de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhfuil feidhm acu i ndáil leis na hasbhaintí a shonraítear in ailt 138 go 143 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, beidh feidhm acu i ndáil le díolúine ó cháin, nó aon laghdú ar cháin, faoin alt seo.
Muirearú cánach i leith dáiltí áirithe a meastar gur díolaíochtaí iad.
8.—Leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1974, tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 54—
“54.—(1) San alt seo—
tá le ‘comhlach’ an bhrí chéanna atá leis in alt 103 (3) den Acht Cánach Corparáide, 1976;
ciallaíonn ‘cuideachta’ aon chomhlacht corpraithe;
tá le ‘dáileadh’ an bhrí chéanna atá leis i gCuid IX den Acht Cánach Corparáide, 1976;
tá le ‘díolaíochtaí’ an bhrí chéanna atá leis in alt 111 (4) den Acht Cánach Ioncaim, 1967;
tá le ‘rannpháirtí’ an bhrí chéanna atá leis in alt 103 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976;
tá le ‘socraíocht’ agus ‘socraitheoir’ na bríonna céanna atá leo in alt 96 (3) (h) den Acht Cánach Ioncaim, 1967;
ciallaíonn ‘cuideachta cháinfhaoisimh’ cuideachta a d'éiligh agus atá i dteideal faoiseamh ó cháin faoi Chuid XXV den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó faoi Chuid IV nó V den Acht Cánach Corparáide, 1976.
(2) Chun críocha an ailt seo—
(a) déanfar aon cheist i dtaobh baint a bheith ag duine le duine eile a chinneadh de réir forálacha alt 16 den Acht Airgeadais (Forálacha Ilghnéitheacha), 1968;
(b) duine is rannpháirtí i gcuideachta ar rannpháirtí í i gcuideachta eile (an dara cuideachta) measfar gur rannpháirtí é sa dara cuideachta, agus i gcás ar rannpháirtí an dara cuideachta i dtríú cuideachta, measfar gur rannpháirtí sa tríú cuideachta an duine, agus mar sin de,
(3) (a) I gcás nach bhfaighidh duine (dá ngairtear ‘fostaí’ san alt seo) aon díolaíochtaí i leith seirbhís nó seirbhísí a rinne sé do chuideachta cháinfhaoisimh nó chun tairbhe do chuideachta cháinfhaoisimh nó d'aon duine nó chun tairbhe d'aon duine a bhfuil baint aige leis an gcuideachta sin nó i gcás a bhfaighidh sé díolaíochtaí i leith na seirbhíse nó na seirbhísí sin nach leor, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, mar chomaoin as an tseirbhís nó na seirbhísí sin a dhéanamh agus go ndéanfaidh an chuideachta cháinfhaoisimh dáileadh tráth ar bith—
(i) chuig an bhfostaí, nó
(ii) chuig comhlach don fhostaí, nó
(iii) chuig cuideachta inar rannpháirtí nó ina meastar gur rannpháirtí an fostaí nó comhlach don fhostaí, nó
(iv) chuig socraíocht ar socraitheoir nó tairbhí i ndáil léi an fostaí nó aon duine a bhfuil baint aige leis,
ansin, maidir leis an oiread sin de chomhiomlán an dáilte sin (dá ngairtear ‘an chuid iomchuí den dáileadh’ san alt seo) agus an méid den chreidmheas cánach is iomchuí ina leith ar comaoin é, i dtuairim na gCoimisinéirí Ioncaim, i leith na seirbhíse nó na seirbhísí a rinneadh—
(I) measfar gur íocadh é leis an bhfostaí faoi chonradh fostaíochta agus gur díolaíochtaí é,
(II) measfar nach ioncam é de chuid aon duine seachas an fostaí,
(III) measfar gur fhaibhrigh sé chun bheith dlite don fhostaí ó lá go lá in imeacht na tréimhse a rinneadh an tseirbhís nó na seirbhísí, agus
(IV) measfar, d'ainneoin aon fhoráil dá mhalairt, gur díolaíochtaí é ar tugadh fógra ina leith faoi alt 125 (b) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, agus beidh sé inchurtha faoi cháin faoi Sceideal E.
(b) Ní áireofar gur dáileadh chun críocha Sceideal F an chuid iomchuí d'aon dáileadh a meastar de bhua mhír (a) gur díolaíocht í.
(c) Chun críocha an fho-ailt seo is é an méid den chreidmheas cánach is iomchuí don chuid iomchuí den dáileadh an méid den chreidmheas cánach a mbeadh an duine dar tugadh an dáileadh ina theideal faoi fhorálacha ailt 64, 76, 81 nó 82 (2) den Acht Cánach Corparáide, 1976, i leith na coda iomchuí den dáileadh dá mba dháileadh ar leithligh a thug an chuideachta cháinfhaoisimh don duine sin an chuid sin.
(4) (a) Ní bheidh feidhm ag alt 66 ná ag fo-ailt (6) agus (7) d'alt 82 den Acht Cánach Corparáide, 1976, i ndáil leis an gcuid iomchuí den dáileadh ach lamhálfar mar chreidmheas in aghaidh na cánach is inmhuirearaithe d'aon bhliain mheasúnachta nó d'aon tréimhse chuntasaíochta a mbeidh an chuid iomchuí den dáileadh nó aon chuid de inchurtha faoi cháin ina haghaidh faoi fho-alt (3) méid a mbeidh idir é agus an creidmheas cánach, arna chinneadh de réir mhír (c) den fho-alt sin (3), an chomhréir chéanna atá idir an méid is inchurtha faoi cháin de bhua an ailt seo don bhliain mheasúnachta nó don tréimhse chuntasaíochta agus comhiomlán na coda iomchuí den dáileadh agus an chreidmheasa cánach is iomchuí ina leith.
(b) Faoi réir forálacha ailt 211 (2) agus 455 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, féadfar measúnachtaí faoi fho-alt (3) agus aon choigeartuithe iarmhartacha ar mheasúnachtaí faoi Sceideal F a dhéanamh tráth ar bith.
(5) Le linn bheith á bhreithniú chun críocha an ailt seo an leor nó nach leor mar chomaoin i leith seirbhís nó seirbhísí a rinneadh na díolaíochtaí a íocadh le haon duine, beidh aird ag na Coimisinéirí Ioncaim—
(a) ar chineál na seirbhíse nó na seirbhísí,
(b) ar na díolaíochtaí a íoctar as seirbhís nó seirbhísí den chineál céanna a dhéantar ar neamhthuilleamaí,
(c) ar na díolaíochtaí a bheifí ag súil le réasún a íocfaí as an tseirbhís nó na seirbhísí sin,
(d) ar aon íocaíocht, seachas díolaíochtaí nó dáiltí, a íocadh leis an duine i leith na seirbhíse nó na seirbhísí a rinneadh, agus
(e) ar aon fhianaise a tugadh i dtaobh dóthanacht na ndíolaíochtaí nó na híocaíochta áirithe.
(6) Le linn bheith á bhreithniú chun críocha an ailt seo an i gcomaoin seirbhís nó seirbhísí a dhéanamh a rinneadh dáileadh go hiomlán nó páirteach, beidh aird ag na Coimisinéirí Ioncaim—
(a) ar na haicmí uile scaireanna a d'eisigh an chuideachta áirithe,
(b) ar an aicme nó na haicmí scaireanna sa chuideachta sin i seilbh an duine a fuair an dáileadh, na scair eanna i seilbh amhlaidh, luach ainmniúil na scaireanna sin agus an méid a shuibscríobh sé ina leith,
(c) ar an ráta dáilte i leith na scaireanna de gach aicme,
(d) ar cibé acu atá scaireanna den aicme atá i seilbh an duine sin i seilbh aon duine eile, agus má tá, an líon scaireanna atá i seilbh amhlaidh, agus
(e) ar aon ábhar eile is dóigh leo a bheith iomchuí chun teacht ar thuairim faoin bhfo-alt seo.
(7) Beidh ábhar achomhairc chun na gCoimisinéirí Achomhairc ann maidir le haon tuairim de chuid na gCoimisinéirí Ioncaim faoin alt seo mar a bheadh ábhar achomhairc ann in aghaidh measúnachta cánach, agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann le hachomhairc.”.
Caibidil II
Cánachas ar Bhrabúis Feirmeoireachta
Leasú ar alt 15 (brabúis feirmeoireachta le muirearú faoi Sceideal D) den Acht Airgeadais, 1974.
9.—Leasaítear leis seo alt 15 den Acht Airgeadais, 1974, trí “£75” a chur in ionad “£100” i bhfo-alt (3), agus tá an fo-alt sin (3) (ar leith ón gcoinníoll), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TABLA |
(3) Ní bheidh feidhm ag fo-alt (1), maidir le haon bhliain mheasúnachta, i gcás pearsa aonair a shuífidh nár £75 nó níos mó luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta go léir a bhí ar áitiú aige aon tráth i rith na bliana measúnachta sin. |
Leasú ar alt 16 (feirmeoireacht ag daoine áirithe) den Acht Airgeadais, 1974.
10.—Leasaítear leis seo alt 16 den Acht Airgeadais, 1974, trí “(seachas pearsa aonair a shuífidh nár mhó ná £50 luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta go léir a bhí ar áitiú aige aon tráth an bhliain mheasúnachta sin)” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1975) a scriosadh as fo-alt (1), agus tá an chuid den fho-alt, arna leasú amhlaidh, roimh mhír (b) leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TABLA |
16.—(1) Sa Chaibidil seo ciallaíonn “pearsa aonair lena mbaineann alt 16” pearsa aonair a bhfuil feirmeoireacht á seoladh aige i mbliain mheasúnachta agus— (a) a bheidh, freisin, aon tráth an bhliain mheasúnachta sin, ag seoladh trádála nó gairme eile go haonraic nó i gcomhpháirtíocht, |
Teorainn leis an méid cánach a mhuirearófar ar bhrabúis feirmeoireachta áirithe.
11.—Cuirfear an t-alt seo a leanas in ionad alt 19 den Acht Airgeadais, 1974:
“19.—(1) I gcás pearsa aonair, seachas pearsa aonair lena mbaineann alt 16, a bheith inmhuirearaithe i leith cánach d'aon bhliain mheasúnachta i ndáil le brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht, ní bheidh méid na cánach is inmhuirearaithe amhlaidh don bhliain mheasúnachta sin níos mó—
(a) i gcás nach mó ná £75 luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a bhí ar áitiú aige an bhliain mheasúnachta sin, ná an deichiú cuid den cháin is iomchuí do na brabúis nó do na gnóchain ó fheirmeoireacht;
(b) i gcás inar mó ná £75 luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a bhí ar áitiú aige an bhliain mheasúnachta sin, ná an méid ar a dtiocfar tríd an gcáin is iomchuí do na brabúis nó do na gnóchain ó fheirmeoireacht a iolrú ar chodán ar deich is ainmneoir dó agus arb é is uimhreoir dó an uimhir is comhionann leis an méid atá de bhreis ar £74 ag luacháil inrátaithe na talún a bhí ar áitiú amhlaidh.
(2) Chun críocha an ailt seo, is é a bheidh sa cháin is iomchuí do na brabúis nó do na gnóchain ó fheirmeoireacht, maidir le pearsa aonair, an méid sin den cháin ab iníoctha, mura mbeadh forálacha an ailt seo, i leith ioncam iomlán na pearsan aonair a bhfuil idir é agus an cháin sin an chomhréir chéanna atá idir méid na mbrabús nó na ngnóchan ó fheirmeoireacht atá ar áireamh san ioncam iomlán sin agus an t-ioncam iomlán sin.
(3) Ní bheidh feidhm ag an alt seo in aon chás inar mó ná £84 luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a bhí ar áitiú ag an bpearsa aonair aon tráth sa bhliain mheasúnachta.”.
Brabúis feirmeoireachta a mheasúnú do 1977-78.
12.—Leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1974—
(a) trí na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-ailt (1), (2), (3) agus (4) d'alt 21:
“(1) I gcás pearsa aonair, seachas pearsa aonair lena mbaineann alt 16, a bheith, de bhua alt 15, inchurtha faoi cháin don bhliain 1977-78 i ndáil le brabúis nó gnóchain ó fheirmeoireacht, is de réir forálacha an ailt seo agus, faoi réir alt 21A, ní faoi threoir forálacha alt 58 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, a chuirfear faoi cháin é don bhliain sin.
(2) I gcás pearsa aonair a bheith le cur faoi cháin de réir forálacha an ailt seo, muirearófar é faoi Chás I de Sceideal D ar mhéid a chinnfear de réir na foirmle—
(V × 65)-R-W
i gcás
arb é V luacháil inrátaithe na talún feirmeoireachta a bhí ar áitiú aige don bhliain 1977-78,
arb é R méid na rátaí is iníoctha aige don bhliain sin i ndáil leis an talamh feirmeoireachta a bhí ar áitiú aige amhlaidh, agus
arb é W méid iomlán na ndíolaíochtaí is iníoctha aige don bhliain sin le daoine, a bhí fostaithe mar bhuanfhostaithe chun an talamh sin a oibriú, i leith na hoibre sin.
(3) Le linn brabúis nó gnóchain a bheith á muirearú de réir forálacha an ailt seo, ní dhéanfar aon asbhaint faoi aon cheann d'fhorálacha na nAchtanna Cánach Ioncaim as an méid a chinnfear faoi fho-alt (2).
(4) Chun críocha an ailt seo—
(a) measfar gur buanfhostaí de chuid pearsan aonair duine más rud é maidir leis an bpearsa aonair sin—
(i) go bhfuil sé cláraithe mar fhostóir faoi na Rialacháin Cánach Ioncaim (Fostaíochtaí), 1960 (I.R. Uimh. 28 de 1960),
(ii) go bhfuil, i ndáil leis na díolaíochtaí go léir a d'íoc sé sa bhliain 1977-78 leis an duine sin, forálacha na Rialachán sin comhlíonta aige, agus
(iii) go bhfuil ranníocaí fostaíochta (de réir brí an Achta Leasa Shóisialaigh, 1952) íoctha aige i leith an duine sin in aghaidh na tréimhse nó na dtréimhsí a bhí an duine sin ar fostú aige an bhliain sin, agus
(b) ní dhéanfar díolaíochtaí is iníoctha ag pearsa aonair le duine a bhfuil baint aige leis an bpearsa aonair sin a chur i gcuntas chun críche na foirmle i bhfo-alt (2) ach amháin sa mhéid gur in airgead a íoctar na díolaíochtaí leis an duine sin.”, agus
(b) tríd an alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh alt 21:
21A.—(1) Beidh pearsa aonair arb éagóir leis measúnacht a rinneadh air faoi alt 21 i dteideal achomharc a dhéanamh in aghaidh na measúnachta sin ar an bhforas gur rogha leis go muirearófaí cáin air don bhliain 1977-78 i leith na mbrabús nó na ngnóchan ó fheirmeoireacht ar mhéid—
(a) arna chinneadh de réir forálacha alt 58 (1) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó
(b) ar cóimhéid le méid iomlán na mbrabús nó na ngnóchan sin don bhliain sin:
Ar choinníoll, i gcás pearsa aonair a roghnóidh go muirearófaí cáin air de réir mhír (b) agus ar muirearaíodh cáin air don bhliain 1976-77 i leith a bhrabúis nó a ghnóchain ó fheirmeoireacht, nach mbeidh feidhm, maidir leis an mbliain 1977-78, ag alt 11 den Acht Airgeadais, 1967, ná ag alt 26 den Acht Airgeadais, 1971, i ndáil le haon innealra nó gléasra cáilitheach (de réir brí na n-alt sin) a soláthraíodh le húsáid chun críocha féirmeoireachta san eatramh idir an bhonn-tréimhse (de réir brí Chuid XV den Acht Cánach Ioncaim, 1967) don bhliain 1976-77 agus an bhonn-tréimhse (de réir na brí réamhráite) don bhliain 1977-78.
(2) I gcás a ndéanfaidh pearsa aonair achomharc agus rogha mar a fhoráiltear i bhfo-alt (1), déanfar na leasuithe sin go léir ar an meastachán a áiritheoidh gur de réir na rogha sin a mhuirearófar cáin air.”.
Feidhm alt 30 (achomhairc in aghaidh measúnachtaí agus íocaíochtaí ar cuntas) den Acht Airgeadais, 1976, ar mheasúnachtaí faoi alt 21 (bonn barúlach measúnachta) den Acht Airgeadais, 1974.
13.—Beidh éifeacht le halt 30 den Acht Airgeadais, 1976, i ndáil le measúnacht arna déanamh de bhua alt 21 den Acht Airgeadais, 1974, ionann is dá gcuirfí an coinníoll seo a leanas leis an míniú ar “an méid sonraithe cánach”—
“Ar choinníoll, agus d'aineoinn forálacha fho-alt (2), i gcás measúnacht i leith cánach ar cáin, í, nó a fholaíonn aon mhéid cánach, a bhaineann leis na brabúis nó na gnóchain ó fheirmeoireacht, arna muirearú de réir forálacha alt 21 den Acht Airgeadais, 1974, go gciallaíonn ‘an méid sonraithe cánach’, i ndáil le haon tráthchuid cánach is iníoctha ar dháta roimh an lú lá d'Eanáir, 1978, an cháin a measúnaíodh agus is iníoctha sa tráthchuid sin;”.
Méadú ar na liúntais maidir le caiteachas caipitiúil áirithe.
14.—(1) I gcás duine lena mbaineann alt 22 den Acht Airgeadais, 1974 (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976), do thabhú caiteachas caipitiúil lena mbaineann an t-alt seo, an 6ú lá d'Aibreán, 1977, nó dá éis, ar caiteachas é a bhfuil sé i dteideal liúntas a éileamh ina leith faoin alt sin, déanfar an liúntas a bheidh le tabhairt in aghaidh na tréimhse inmhuirearaithe lena mbaineann an caiteachas nó aon tréimhse inmhuirearaithe dá éis sin a mhéadú cibé méid a shonróidh an duine dá mbeidh an liúntas le tabhairt le linn an liúntas a bheith á éileamh aige, agus, i ndáil le cás ina raibh éifeacht leis an bhfo-alt seo, déanfar aon tagairt sna hAchtanna Cánach do liúntas foirgneamh feirme a tugadh faoin alt sin 22 a fhorléiriú mar thagairt don liúntas sin arna mhéadú faoin alt seo.
(2) Baineann an t-alt seo le caiteachas a tabhaíodh ag déanamh fálta, bóithre, clós gabhann nó draenacha nó ag aithinmheachan talún.
Caibidil III
Cáin Chorparáide
Cáin chorparáide a mhuirearú don bhliain airgeadais 1977 agus do bhlianta airgeadais dá éis sin.
15.—Beidh éifeacht le halt 1 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir leis an mbliain airgeadais 1977 agus gach bliain airgeadais dá éis sin ionann is dá gcuirfí “45 faoin gcéad” in ionad “50 faoin gcéad”.
Leasú ar ailt 13 agus 37 (gnóchain inmhuirearaithe cuideachtaí) den Acht Cánach Corparáide, 1976.
16.—(1) Beidh éifeacht le hailt 13 (1) agus 37 (3) (a) den Acht Cánach Corparáide, 1976, ionann is dá gcuirfí “a dó dhéag d'fhiche cúigithe” in ionad “48 faoin gcéad”.
(2) Leasaítear leis seo na hailt sin 13 (1) agus 37 (3) (a), arna leasú le fo-alt (1), maidir leis an mbliain airgeadais 1977 agus gach bliain airgeadais dá éis sin ionann is dá gcuirfí “a naoi déag de dhaichead cúigithe” in ionad “a dó dhéag d'fhiche cúigithe”.
(3) I gcás a mbeidh, faoin alt sin 13 (1), arna leasú leis na fo-ailt sin roimhe seo, codáin éagsúla i bhfeidhm i gcodanna éagsúla de thréimhse chuntasaíochta—
(a) déanfar méid na ngnóchan inmhuirearaithe don tréimhse chuntasaíochta (arna ríomh de réir an ailt sin 13 (1), ach gan an laghdú codánach a shonraítear ann a dhéanamh) a chionroinnt ar na codanna sin, agus
(b) déanfar an cion do gach cuid a laghdú faoin alt sin 13 (1) an codán a bheidh i bhfeidhm sa chuid sin.
Leasú ar alt 28 (dliteanas cuideachtaí beaga i leith cánach corparáide a laghdú) den Acht Cánach Corparáide, 1976.
17.—(1) Beidh éifeacht le halt 28 den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir leis an mbliain airgeadais 1977 agus gach bliain airgeadais dá éis sin ionann is dá ndéanfaí—
(a) “35 faoin gcéad” a chur in ionad “40 faoin gcéad” i bhfo alt (1),
(b) “20 faoin gcéad” a chur in ionad “10 faoin gcéad” i bhfo-alt (2), agus
(c) tagairt do £10,000 a chur in ionad gach tagartha do £5,000 agus tagairt do £15,000 a chur in ionad gach tagartha do £10,000 i bhfo-alt (3).
(2) I gcás éifeacht a bheith, de bhua fho-alt (1), leis an alt sin 28 fara uasmhéideanna iomchuí íochtaracha agus uachtaracha i ndáil le codanna éagsúla den tréimhse chuntasaíochta chéanna de chuid cuideachta, déileálfar, chun críocha an ailt sin, leis na codanna sin ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta leithleacha de chuid na cuideachta iad, agus déanfar brabúis agus ioncam (de réir brí an ailt sin 28 sa dá chás) na cuideachta don tréimhse chéadluaite a chionroinnt idir na codanna sin.
(3) (a) Leasaítear leis seo alt 28 (7) den Acht Cánach Corparáide, 1976, trí “, agus chun na críche sin déileálfar le cuideachta mar chomhalta de ghrúpa agus déileálfar le hioncam infheistíochta frainceáilte a fuair an chuideachta ó chuideachta eile mar ioncam infheistíochta frainceáilte a tháinig ó chuideachtaí sa ghrúpa i gcás, agus amháin i gcás, dá mba íocaíocht den sórt dá dtagraítear in alt 105 (1) an t-ioncam sin, go n-íocfaí é gan cáin ioncaim a asbhaint nó go n-íocfaí amhlaidh é dá mbeadh sin roghnaithe ag na cuideachtaí” a chur isteach i ndiaidh “ó chuideachtaí sa ghrúpa”, agus tá an fo-alt sin (7), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
(b) Beidh éifeacht leis an bhfo-alt seo maidir le hioncam infheistíochta frainceáilte a d'eascair sa bhliain 1976-77 nó a eascróidh i mblianta measúnachta dá éis sin.
AN TABLA |
(7) Chun críocha na bhfo-alt sin roimhe seo glacfar gurb iad brabúis cuideachta do thréimhse chuntasaíochta méid a brabús don tréimhse sin ar a mbeidh cáin chorparáide le híoc faoi dheoidh, mar aon le hioncam infheistíochta frainceáilte ar leith ó ioncam infheistíochta frainceáilte a fuair an chuideachta (más comhalta de ghrúpa í) ó chuideachtaí sa ghrúpa, agus chun na críche sin déileálfar le cuideachta mar chomhalta de ghrúpa agus déileálfar le hioncam infheistíochta frainceáilte a fuair an chuideachta ó chuideachta eile mar ioncam infheistíochta frainceáilte a tháinig ó chuideachtaí sa ghrúpa i gcás, agus amháin i gcás, dá mba íocaíocht den sórt dá dtagraítear in alt 105 (1) an t-ioncam sin, go n-íocfaí é gan cáin ioncaim a asbhaint nó go n-íocfaí amhlaidh é dá mbeadh sin roghnaithe ag na cuideachtaí. |
Leasú ar alt 79 (ráta laghdaithe cánach corparáide d'ioncam áirithe) den Acht Cánach Corparáide, 1976.
18.—Beidh éifeacht le halt 79 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir leis an mbliain airgeadais 1977 agus gach bliain airgeadais dá éis sin ionann is dá gcuirfí “30 faoin gcéad” in ionad “35 faoin gcéad”.
Feidhm ailt 182 agus 184 (faoiseamh maidir le caillteanais agus liúntais chaipitiúla áirithe) den Acht Cánach Corparáide, 1976.
19.—(1) I gcás ar sa bhliain airgeadais 1976 do chuid de thréimhse chuntasaíochta agus gur sa bhliain airgeadais 1977 do chuid eile di, déileálfar, chun críocha ailt 182 agus 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976, leis an dá chuid den tréimhse chuntasaíochta ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta leithleacha iad.
(2) I gcás a ndéileálfar, faoi fho-alt (1), le cuid de thréimhse chuntasaíochta mar thréimhse chuntasaíochta leithleach, glacfar, chun críocha an ailt sin 184, gurb í an cháin chorparáide a mhuirearófar i leith na coda lena ndéileálfar amhlaidh an cháin chorparáide a mhuirearófaí dá mba thréimhse chuntasaíochta leithleach an chuid sin.
(3) Beidh éifeacht le hailt 182 (3) agus 184 (3) den Acht sin maidir le haon tréimhse chuntasaíochta, nó le haon chuid de thréimhse chuntasaíochta a ndéileálfar léi faoi fho-alt (1) mar thréimhse chuntasaíochta leithleach, ar tar éis an 31ú lá de Nollaig, 1976, di go hiomlán, ionann is dá mba 30 faoin gcéad an ráta caighdeánach don bhliain mheasúnachta 1976-77 agus do gach bliain mheasúnachta dá éis sin.
Caibidil IV
Cáin Chorparáide i ndáil le Cuideachtaí Monaraíochta Airithe
Mínithe.
20.—Sa Chaibidil seo—
tá le “ranníocóir fostaithe” agus le “ranníocaí fostaíochta” na bríonna céanna atá leo san Acht Leasa Shóisialaigh, 1952;
ciallaíonn “tréimhse iomchuí” tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta ar sa tréimhse ón 1ú lá d'Eanáir, 1977, go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1979, di;
ciallaíonn “tréimhse de chuid 1977” tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta ar sa bhliain airgeadais 1977 di agus ciallaíonn aon abairt chomhréire ina bhfuil tagairt do 1978 nó do 1979 agus na focail “tréimhse de chuid” roimpi tréimhse chuntasaíochta nó cuid de thréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta ar sa bhliain 1978 nó 1979, cibé acu é, di;
ciallaíonn “trádáil shonraithe” trádáil arb í go hiomlán, i ngach tréimhse iomchuí a ndéanfar éileamh ina haghaidh faoin gCaibidil seo, monarú earraí sa Stát:
Ar choinníoll—
(a) go measfar gurb éard é trádáil go hiomlán monarú earraí sa Stát i dtréimhse iomchuí más rud é nach lú an méid ab infhaighte ag an duine a sheolann an trádáil as earraí a monaraíodh sa Stát i gcúrsa na trádála a dhíol sa tréimhse ná 90 faoin gcéad den méid iomlán ab infhaighte ag an duine as an díolachán go léir a rinneadh i gcúrsa na trádála sa tréimhse, agus
(b) i gcás—
(i) dhá chuideachta a bheith ann, a ndéanann ceann acu earraí a mhonarú sa Stát agus an ceann eile iad a dhíol i gcúrsa a trádála, agus
(ii) go sealbhaíonn ceann de na cuideachtaí breis agus 90 faoin gcéad de na gnáthscaireanna sa chuideachta eile nó go sealbhaíonn daoine a bhfuil leas rialaithe acu i gcuideachta amháin, go díreach nó go neamhdhíreach, breis agus 90 faoin gcéad de na gnáthscaireanna sa chuideachta eile,
ansin, maidir leis na hearraí a mhonaraigh ceann de na cuideachtaí sa Stát, go measfar, ar an gcuideachta eile dá ndíol i gcúrsa a trádála, gur mhonaraigh an chuideachta eile sin iad sa Stát.
Bliain chaighdeánach.
21.—Ciallaíonn an bhliain chaighdeánach i ndáil le trádáil shonraithe an bhliain airgeadais 1976, agus beidh an bhliain chaighdeánach infheidhmithe i ndáil leis an trádáil shonraithe cibé acu a bhí nó nach raibh an trádáil shonraithe á seoladh, ar feadh na bliana caighdeánaí go léir nó ar feadh coda di, ag duine seachas an chuideachta a sheolann í sa tréimhse iomchuí nó go raibh codanna leithleacha den trádáil shonraithe á seoladh ag daoine éagsúla.
Cionroinnt de dhroim cuid de thrádáil a aistriú.
22.—I gcás aon athrú tarlú, an lú lá d'Eanáir, 1976, nó dá éis, dá dtagann cuid de thrádáil a aistriú chun aon duine, déanfar—
(a) an méid is infhaighte as earraí a monaraíodh sa Stát a dhíol sa bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil shonraithe, agus
(b) an líon ranníocaí fostaíochta is iníoctha i leith na ranníocóirí fostaithe go léir a bhí fruilithe go díreach nó go neamhdhíreach ag monarú earraí sa Stát sa bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil shonraithe,
a chionroinnt, maidir le haon tréimhse iomchuí ar inti nó roimpi a tharla an t-athrú, chun críocha míreanna (c) agus (d) d'alt 24, agus déanfar gach cionroinnt den sórt sin i cibé slí a mheasfaidh na Coimisinéirí Ioncaim a bheith cóir, ag féachaint do na himthosca go léir.
An chuid chomhréire de bhliain chaighdeánach.
23.—I gcás ar giorra ná dhá mhí dhéag tréimhse de chuid 1977, is í an chuid chomhréire den bhliain chaighdeánach i ndáil le trádáil shonraithe an tréimhse dar tosach tráth dhá mhí dhéag roimh an dáta dar tosach an tréimhse de chuid 1977 a dúradh agus dar críoch tráth dhá mhí dhéag roimh an dáta dar críoch an tréimhse de chuid 1977 a dúradh.
An ráta cánach corparáide do chuideachtaí monaraíochta áirithe.
24.—I gcás cuideachta a bhí ag seoladh trádála an 31ú lá de Nollaig, 1976, d'éileamh agus do chruthú maidir le tréimhse de chuid 1977—
(a) go seolann sí trádáil shonraithe,
(b) nach lú a hioncam arna ríomh chun críocha cánach corparáide ón trádáil shonraithe don tréimhse chuntasaíochta atá comhthráthach leis an tréimhse de chuid 1977 nó ar cuid di an tréimhse sin ná 95 faoin gcéad de mhéid iomlán a hioncaim arna ríomh amhlaidh don tréimhse chuntasaíochta sin,
(c) nach lú iomlán an mhéid (is méid arna chinneadh de réir alt 25) as ar dhíol an chuideachta, sa tréimhse de chuid 1977, d'earraí a monaraíodh sa Stát, agus a díoladh, i gcúrsa na trádála sonraithe ná 105 faoin gcéad den méid is infhaighte as ar díoladh, sa bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil sin, nó, i gcás ar giorra ná dhá mhí dhéag an tréimhse de chuid 1977, sa chuid chomhréire den bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil sin, d'earraí a monaraíodh sa Stát i gcúrsa na trádála sin, agus
(d) nach lú an líon ranníocaí fostaíochta is iníoctha i leith na ranníocóirí fostaithe go léir a bhí fruilithe, go díreach nó go neamhdhíreach, ag monarú earraí sa Stát i gcúrsa thrádáil shonraithe na cuideachta sa tréimhse de chuid 1977 ná 103 faoin gcéad den líon ranníocaí fostaíochta is iníoctha i leith na ranníocóirí fostaithe go léir a bhí fruilithe, go díreach nó go neamhdhíreach, ag monarú earraí sa Stát i gcúrsa na trádála sin, sa bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil sin, nó, i gcás ar giorra ná dhá mhí dhéag an tréimhse de chuid 1977, sa chuid chomhréire den bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil sin,
déanfar an cháin chorparáide a mhuirearófar ar ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta atá comthráthach leis an tréimhse de chuid 1977 nó ar cuid den tréimhse sin í a ríomh, d'ainneoin forálacha ailt 1 agus 79 den Acht Cánach Corparáide, 1976, ionann is dá mba 25 faoin gcéad an ráta cánach corparáide don bhliain airgeadais 1977 agus chun na críche sin is é ioncam na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin a hioncam don tréimhse sin mar a shainítear in alt 28 den Acht Cánach Corparáide, 1976, chun críocha an ailt sin.
Iomlán díolacháin a chinneadh.
25.—Chun críocha alt 24 (c), is é an méid iomlán a dhíol an chuideachta sa tréimhse de chuid 1977 d'earraí a monaraíodh sa Stát, agus a díoladh, i gcúrsa thrádáil shonraithe a sheolann sí an méid ab infhaighte as na hearraí sin a dhíol dá mba pháirtithe neamhspleácha ag déileáil ar neamhthuilleamaí an chuideachta agus ceannaitheoir na n-earraí agus gur díoladh na hearraí ar mheánmhéid na bpraghsanna ar a bhféadfaí iad a dhíol i gcúrsa na trádála sin sa bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil sin, nó, i gcás ar giorra ná dhá mhí dhéag an tréimhse de chuid 1977, sa chuid chomhréire den bhliain chaighdeánach i ndáil leis an trádáil sin.
Comharbas trádála.
26.—I gcás cuideachta (dá ngairtear “an chuideachta chomharbais” dá éis seo san alt seo) nach raibh ag seoladh trádála an 31ú lá de Nollaig, 1976, teacht i gcomharbas ar thrádáil nó ar chuid de thrádáil a bhí á seoladh ag cuideachta eile ar an dáta sin, measfar, chun críocha na Caibidle seo, go raibh an chuideachta chomharbais ag seoladh trádála ar an dáta sin.
Dleachtanna agus cáin bhreisluacha a eisiamh.
27.—(1) Chun críocha na Caibidle seo, ach amháin mar a bhfuil feidhm ag fo-alt (2), is amhlaidh don méid is infhaighte ag duine as earraí a dhíol in aon tréimhse—
(a) go measfar é a bheith laghdaithe méid aon dleachta a bheidh íoctha nó iníoctha ag an duine i leith na n-earraí nó i leith na n-ábhar a úsáideadh á monarú, agus
(b) nach mbeidh ar áireamh ann aon mhéid i leith cháin bhreisluacha is inmhuirearaithe ar na hearraí a dhíol.
(2) Chun críocha alt 25 is amhlaidh do mheánmhéid na bpraghsanna ar a bhféadfadh cuideachta earraí a dhíol—
(a) gurb é meánmhéid na bpraghsanna sin é arna chinneadh tar éis aon mhéid a bhaint as na praghsanna atá ar áireamh sna praghsanna sin i leith aon dleachtanna a d'íoc an chuideachta, nó ab iníoctha aici, i leith na n-earraí nó i leith na n-ábhar a úsáideadh á monarú, agus
(b) nach mbeidh ar áireamh ann aon mhéid i leith cháin bhreisluacha ab inmhuirearaithe ar na hearraí a dhíol.
Idirbhearta idir daoine comhlachaithe.
28.—(1) I gcás cuideachta a dhéanfaidh éileamh faoin gCaibidil seo (dá ngairtear “an ceannaitheoir” dá éis seo san fho-alt seo) do cheannach earraí ó dhuine eile (dá ngairtear “an díoltóir” dá éis seo san fho-alt seo) agus—
(a) go bhfuil rialú ag an díoltóir ar an gceannaitheoir nó, i gcás ar comhlacht corpraithe nó comhpháirtíocht an díoltóir, go bhfuil rialú ag an gceannaitheoir ar an díoltóir nó go bhfuil rialú ag duine éigin eile ar an díoltóir agus ar an gceannaitheoir, agus
(b) gur díoladh na hearraí ar phraghas níos lú ná an praghas ba dhóigh a rachaidís dá mba pháirtithe neamhspleácha ag déileáil ar neamhthuilleamaí na páirtithe,
ansin déanfar ioncam nó caillteanas an cheannaitheora agus an díoltóra a ríomh, chun aon cheann de chríocha na nAchtanna Cánach, ionann is dá mba gur dhíol an díoltóir na hearraí leis an gceannaitheoir ar an bpraghas a rachaidís dá mba idirbheart idir daoine neamhspleácha ag déileáil mar a dúradh an t-idirbheart.
(2) I gcás cuideachta a dhéanfaidh éileamh faoin gCaibidil seo (dá ngairtear “an díoltóir” dá éis seo san fho-alt seo) do dhíol earraí le duine eile (dá ngairtear “an ceannaitheoir” dá éis seo san fho-alt seo) agus—
(a) go bhfuil rialú ag an gceannaitheoir ar an díoltóir nó, i gcás ar comhlacht corpraithe nó comhpháirtíocht an ceannaitheoir, go bhfuil rialú ag an díoltóir ar an gceannaitheoir nó go bhfuil rialú ag duine éigin eile ar an díoltóir agus ar an gceannaitheoir, agus
(b) gur díoladh na hearraí ar phraghas níos mó ná an praghas ba dhóigh a rachaidís dá mba pháirithe neamhspleácha ag déileáil ar neamhthuilleamaí na páirtithe san idirbheart.
ansin, chun aon cheann de chríocha na nAchtanna Cánach (lena n-áirítear an Chaibidil seo), déanfar aon mhéid is infhaighte as na hearraí a dhíol agus ioncam nó caillteanais an cheannaitheora agus an díoltóra a ríomh ionann is mba gur dhíol an díoltóir na hearraí leis an gceannaitheoir ar an bpraghas a rachaidís dá mba idirbheart idir daoine neamhspleácha ag déileáil mar a dúradh an t-idirbheart.
(3) San alt seo tá le “rialú” an bhrí a shanntar dó le halt 158 den Acht Cánach Corparáide, 1976.
(4) Féadfaidh an cigire, trí fógra i scríbhinn, a cheangal ar chuideachta a sheolann trádáil shonraithe cibé faisnéis nó sonraí a thabhairt dó is gá chun críocha an ailt seo, agus beidh éifeacht le halt 24 ionann is dá mbeadh na hábhair a gceanglaítear leis an bhfógra sin cruthúnas a thabhairt orthu ar áireamh na faisnéise nó na sonraí a bheidh sonraithe i bhfógra faoin alt seo.
Tréimhsí cuntasaíochta leithleacha do chuideachtaí beaga, etc.
29.—(1) Más rud é, maidir le tréimhse chuntasaíochta—
(a) go muirearófar cáin chorparáide de réir 25 faoin gcéad ar aon chuid d'ioncam cuideachta, agus
(b) gur sa bhliain airgeadais 1977 do chuid den tréimhse chuntasaíochta agus gur sa bhliain airgeadais 1978 don chuid eile di,
déileálfar, chun críocha ailt 28, 182 agus 184 den Acht Cánach Corparáide, 1976, leis an dá chuid den tréimhse chuntasaíochta ionann is dá mba thréimhsí cuntasaíochta leithleacha iad.
(2) I gcás a ndéileálfar, faoi fho-alt (1), le cuid de thréimhse chuntasaíochta mar thréimhse chuntasaíochta leithleach, glacfar, chun críocha an ailt sin 184, gurb í an cháin chorparáide a mhuirearófar i leith na coda lena ndéileálfar amhlaidh an cháin chorparáide a mhuirearófaí dá mba thréimhse chuntasaíochta leithleach an chuid sin.
(3) I gcás cáin chorparáide a mhuirearú, maidir le tréimhse chuntasaíochta, de réir 25 faoin gcéad ar ioncam iomlán cuideachta nó ar chuid dá hioncam—
(a) ní bheidh éifeacht le forálacha alt 28 den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir leis an tréimhse de chuid 1977 atá comhthráthach leis an tréimhse chuntasaíochta sin nó ar cuid den tréimhse sin í, agus
(b) beidh éifeacht le hailt 182 (3) agus 184 (3) den Acht sin maidir leis an tréimhse de chuid 1977 atá comhthráthach leis an tréimhse chuntasaíochta sin nó ar cuid den tréimhse sin í ionann is dá mba 25 faoin gcéad an ráta caighdeánach don bhliain 1976-77 agus don bhliain 1977-78.
Oibríochtaí mianadóireachta agus foirgníochta a eisiamh.
30.—Ní bheidh feidhm ag alt 24 i ndáil le cáin chorparáide a mhuirearófar ar ioncam de chuid cuideachta a sheolann trádáil arb éard í go hiomlán nó go páirteach—
(a) aon oibríochtaí mianadóireachta chun aon mhianra sceidealta, cumasc mianrúil nó substaint mhianrúil, de réir brí alt 2 den Acht Forbairte Minearál, 1940, a fháil trí oibriú faoi thalamh nó ar uachtar talún, nó
(b) aon oibríochtaí foirgníochta de réir brí alt 17 den Acht Airgeadais, 1970 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1976).
Feidhm alt 63 (doiciméid agus taifid a thabhairt ar aird) den Acht Cánach Corparáide, 1976.
31.—Beidh feidhm ag alt 63 den Acht Cánach Corparáide, 1976, modhnaithe mar is gá, chun críocha na Caibidle seo mar atá feidhm aige chun críocha Chuid IV den Acht sin.
Achomhairc.
32.—Beidh ábhar achomhairc chun na gCoimisinéirí Achomhairc ann maidir le haon cheist a éireoidh faoin gCaibidil seo mar a bheadh ábhar achomairc ann in aghaidh measúnachta cánach corparáide agus beidh feidhm agus éifeacht dá réir sin ag na forálacha de na hAchtanna Cánach a bhaineann le hachomhairc.
Caibidil V
Cánachas ar Ghnóchain Inmhuirearaithe
Leasú ar alt 3 (cánachas ar ghnóchain chaipitiúla agus an ráta muirir) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975.
33.—Déantar leis seo, le héifeacht amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1976, alt 3 (3) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, a leasú trí “ailt 6 agus 32” a chur in ionad “alt 6” agus tá an fo-alt sin (3), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TABLA |
(3) Faoi réir ailt 6 agus 32, 26 faoin gcéad an ráta cánach gnóchan caipitiúil. |
Leasú ar alt 31 (iontaobhais aonad) den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975.
34.—Déantar leis seo, le héifeacht amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1976, alt 31 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, a leasú—
(a) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (5)—
“(5A) Ní gnóchain inmhuirearaithe aon ghnóchain a fhaibhreoidh ar aonaid in iontaobhas aonad a dhiúscairt i gcás—
(a) cónaí agus gnáthchónaí sa Stát a bheith ar iontaobhaithe an iontaobhais aonad gach uile thráth (ach gan aon tráth roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1974, a chur i gcuntas), agus
(b) gurb é rud é an t-iontaobhas aonad scéim a bunaíodh agus é de chuspóir nó d'éifeacht aici, d'aontoisc nó go formhór, saoráidí a sholáthar chun an pobal a bheith rannpháirteach, mar thairbhithe, faoi iontaobhas, i mbrabúis nó in ioncam as urrúis nó aon mhaoin eile a fháil, a theachtadh, a bhainistí nó a dhiúscairt agus atá á riaradh ag sealbhóir ceadúnais faoin Acht Arachais, 1936, agus ar gá, chun bheith rannpháirteach inti, maidir le haonaid ar tar éis an 14ú lá de Mheitheamh, 1973, a eisíodh ar dtús iad, polasaí árachais ar shaol duine a chur i gcrích (ach sin ar dhóigh nach dtiocfaidh na haonaid chun bheith ina maoin de chuid úinéir an pholasaí mar shochair nó eile).”,
agus
(b) trí na focail “agus in alt 32” i bhfo-alt (6) go dtí deireadh an fho-ailt sin a scriosadh,
agus tá an fo-alt sin (6), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TABLA |
(6) San alt seo ciallaíonn “dáileadh caipitil” aon dáileadh as iontaobhas aonad, lena n-áirítear dáileadh i gcúrsa an t-iontaobhas aonad a fhoirceannadh, in airgead nó i luach airgid ach amháin dáileadh ar ioncam chun críocha cánach ioncaim é i lámha an fhaighteora. |
Iontaobhais aonad: faoiseamh i gcásanna áirithe.
35.—Déanfar, le héifeacht amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1976, an t-alt seo a leanas a chur in ionad alt 32 den Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975:
“32.—(1) Bainfidh an t-alt seo—
(a) le hiontaobhas aonad (dá ngairtear ‘iontaobhas aonad cáilitheach’ dá éis seo san alt seo)—
(i) ar scéim iontaobhais aonad chláraithe é de réir brí alt 3 den Acht um Iontaobhais Aonad, 1972.
(ii) ar sa Stát atá cónaí agus gnáthchónaí ar a iontaobhaithe,
(iii) a bhfoilsíonn na bainisteoirí go rialta praghsanna na n-aonad ann,
(iv) ar aonaid ar aon-luach a dtéann na cearta céanna leo na haonaid go léir ann, agus
(v) a chomhlíon, riamh ó cláraíodh é sa chlár a bunaíodh faoin Acht um Iontaobhais Aonad, 1972, ach faoi réir fho-alt (6), na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (5), agus
(b) le diúscairtí sócmhainní ar aonaid iad in iontaobhas aonad cáilitheach (dá ngairtear ‘aonaid cháilitheacha’ dá éis seo san alt seo).
(2) Beidh gnóchain inmhuirearaithe a fhaibhreoidh chuig iontaobhas aonad cáilitheach i 1976-77 nó aon bhliain mheasúnachta dá éis sin inmhuirearaithe i leith cánach gnóchan caipitiúil de réir leath an ráta a shonraítear in alt 3 (3).
(3) Maidir le 1976-77 nó le haon bhliain mheasúnachta dá éis sin—
(a) i gcás gur ó aonaid cháilitheacha a dhiúscairt a dhíorthaigh méid iomlán na ngnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig duine sa bhliain mheasúnachta, déanfar an cháin ghnóchan caipitiúil (más ann) a bheidh inmhuirearaithe ar an duine sin (ar leith ón alt seo) don bhliain a laghdú 50 faoin gcéad,
(b) i gcás a mbeidh ar áireamh an mhéid iomlán gnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig duine, sula ndéantar aon asbhaint faoi alt 5 (1), sa bhliain mheasúnachta—
(i) méid i leith na ngnóchan inmhuirearaithe sin ar aonaid cháilitheacha a dhiúscairt, agus
(ii) méid i leith na ngnóchan inmhuirearaithe sin ar shócmhainní seachas aonaid cháilitheacha a dhiúscairt.
déanfar an méid cánach gnóchan caipitiúil (más ann) is inmhuirearaithe ar an duine sin (ar leith ón alt seo) don bhliain a laghdú cibé méid a mbeidh idir é agus an méid sin cánach an chomhréir chéanna a bheidh idir leath an mhéid dá dtagraítear i bhfo-mhír (i) agus iomlán na méideanna dá dtagraítear i bhfomhíreanna (i) agus (ii).
(4) Maidir le haon tréimhse chuntasaíochta de chuid cuideachta, ar tréimhse chuntasaíochta í a bhfuil cáin chorparáide inmhuirearaithe ar an gcuideachta ina haghaidh i leith gnóchan inmhuirearaithe—
(a) i gcás gur ó aonaid cháilitheacha a dhiúscairt an méid iomlán gnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta, déanfar an méid a bheadh (ar leith ón alt seo) le háireamh i leith gnóchain inmhuirearaithe i mbrabúis iomlána na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta faoi alt 13 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976, a laghdú 50 faoin gcéad,
(b) i gcás a mbeidh ar áireamh an mhéid iomlán gnóchan inmhuirearaithe a d'fhaibhrigh chuig an gcuideachta don tréimhse chuntasaíochta, sula ndéantar aon asbhaint faoi alt 13 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976—
(i) méid i leith na ngnóchan inmhuirearaithe sin ar aonaid cháilitheacha a dhiúscairt, agus
(ii) méid i leith na ngnóchan inmhuirearaithe sin ar shócmhainní seachas aonaid cháilitheacha a dhiúscairt,
déanfar an méid a bheadh (ar leith ón alt seo) le háireamh i leith gnóchan inmhuirearaithe i mbrabúis iomlána na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta faoi alt 13 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976, a laghdú cibé méid a mbeidh idir é agus an méid a bheidh le háireamh amhlaidh an chomhréir chéanna a bheidh idir leath an mhéid dá dtagraítear i bhfomhír (i) agus iomlán na méideanna dá dtagraítear i bhfomhíreanna (i) agus (ii).
(5) Is iad na coinníollacha dá dtagraítear i bhfo-alt (1) (a) (v):
(a) go raibh 80 faoin gcéad ar a laghad de na haonaid ar teachtadh ag daoine a fuair iad de bhun tairiscint a tugadh don phobal i gcoitinne,
(b) nár lú ná 50 líon na sealbhóirí aonad agus nach raibh aon sealbhóir aonad ina úinéir tairbhiúil ar níos mó ná 5 faoin gcéad de na haonaid a bhí eisithe aon tráth agus, chun críocha na míre seo, measfar gur aon sealbhóir aonad amháin duine agus aon daoine eile lena bhfuil baint aige,
(c) nár lú luach na n-urrús luaite a bhí ar teachtadh ag na hiontaobhaithe thar ceann an iontaobhais aonad ná 80 faoin gcéad de réir luacha de na sócmhainní a bhí ar teachtadh amhlaidh ag na hiontaobhaithe, agus
(d) nár mhó na hurrúis a bhí ar teachtadh ag na hiontaobhaithe thar ceann an iontaobhais aonad in aon chuideachta áirithe ná 15 faoin gcéad de réir luacha de na hurrúis go léir a bhí ar teachtadh amhlaidh ag na hiontaobhaithe.
(6) Féadfaidh na Coimisinéirí Ioncaim déileáil le hiontaobhas aonad mar iontaobhas aonad cáilitheach chun críocha an ailt seo d'ainneoin ceann amháin nó níos mó de na coinníollacha a shonraítear i bhfo-alt (5) a bheith gan chomhlíonadh i ndáil leis an iontaobhas aonad—
(a) in imeacht na tréimhse dar críoch an 5ú lá d'Aibreán, 1978, i gcás ar cláraíodh an t-iontaobhas aonad sa chlár a bunaíodh faoin Acht um Iontaobhais Aonad, 1972, roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, agus
(b) in imeacht na tréimhse dar críoch dáta nár dhéanaí ná dhá bhliain tar éis an dáta a cláraíodh an t-iontaobhas aonad sa chlár sin i gcás an t-iontaobhas aonad a chlárú amhlaidh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis.
(7) San alt seo—
folaíonn ‘urrúis’ urrúis lena mbaineann alt 19 agus stoic, scaireanna, bannaí agus oibleagáidí le haon rialtas, bardas cathrach, cuideachta nó comhlacht corpraithe eile;
ciallaíonn ‘urrúis luaite’ urrúis a bhfuil nó a raibh margadhluachanna luaite orthu ar stocmhargadh sa Stát nó in áit éigin eile tráth ar bith a bheidh siad le cur i gcuntas chun críocha an ailt seo, nó tráth ar bith i rith na tréimhse sé bliana díreach roimh an tráth sin.”
Caibidil VI
Cáin Ioncaim, Cáin Chorparáide, Cáin Bhrabús Corparáide agus Cáin Ghnóchan Caipitiúil
Forléiriú ar thagairtí do leanbh, do mhac agus d'iníon sna hAchtanna Cánach agus san Acht um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975.
36.—Chun críocha na nAchtanna Cánach agus an Achta um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, mura léir a mhalairt d'intinn—
(a) folaíonn tagairtí in aon cheann de na hAchtanna sin do leanbh (lena n-áirítear tagairtí do mhac nó d'iníon) tagairtí—
(i) do leasleanbh, agus
(ii) do leanbh a uchtaíodh—
(I) faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976, nó
(II) faoi dhlí uchtála, seachas na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976, is uchtáil a bhfuil léi, san áit a bhfuil feidhm ag an dlí, an éifeacht chéanna go substaintiúil atá le huchtáil faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1976, sa Stát,
agus
(b) measfar an gaol idir leanbh dá dtagraítear i mír (a) (ii) agus aon duine eile, nó idir daoine eile, a bheadh ann dá mba leanbh é a rugadh don uchtóir nó do na huchtóirí de phósadh dleathach a bheith idir an leanbh sin agus an duine eile sin, nó idir na daoine eile sin, agus measfar deireadh a bheith le gaol aon linbh den sórt sin agus aon duine a bhí ann sular uchtaíodh amhlaidh é,
agus forléireofar “uchtleanbh” de réir an ailt seo.
Liúntais chaipitiúla áirithe a bhuanú don tréimhse go 1 Aibreán, 1979.
37.—Chun na liúntais chaipitiúla dá bhforáiltear leis na hailt a shonraítear sa Tábla a ghabhann leis an alt seo a bhuanú i leith na tréimhse ón lú lá d'Aibreán, 1977, go dtí an 1ú lá d'Aibreán, 1979, beidh éifeacht leis na hailt sin (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976) ionann is dá mba thagairt don 1ú lá d'Aibreán. 1979, gach tagairt iontu don 1ú lá d'Aibreán, 1977.
AN TABLA |
Alt 251, an tAcht Cánach Ioncaim, 1967 |
Alt 254, an tAcht Cánach Ioncaim, 1967 |
Alt 264, an tAcht Cánach Ioncaim, 1967 |
Alt 265, an tAcht Cánach Ioncaim, 1967 |
Alt 22, an tAcht Airgeadais, 1971 |
Alt 26, an tAcht Airgeadais, 1971. |
Leasú ar alt 8 (liúntas infheistíochta loingis a fhionraí) den Acht Airgeadais, 1973.
38.—Leasaítear leis seo alt 8 (1) den Acht Airgeadais, 1973, trí “an 1ú lá d'Aibreán, 1979” a chur in ionad “an 1ú lá d'Aibreán, 1977” (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1975), agus tá an t-alt sin 8 (1), arna leasú amhlaidh, leagtha amach sa Tábla a ghabhann leis an alt seo.
AN TABLA |
8.—(1) Ní bhainfidh alt 246 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, le haon chaiteachas arna thabhú an 24ú lá d'Iúil, 1973, nó dá éis, agus roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1979, ag ceannach loinge nua. |
Forálacha i ndáil leis an gCoinbhinsiún chun cánachas dúbailte ar ioncam agus ar ghnóchain chaipitiúla a sheachaint go comharaíoch sa Stát agus sa Ríocht Aontaithe.
39.—(1) (a) Faoi réir forálacha ailt 76 agus 77 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, arna modhnú le Cuid III de Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht sin, i gcás duine a bheith inmhuirearaithe i leith cánach ioncaim nó cánach corparáide faoi Chás III de Sceideal D ar ioncam is díbhinn a bhfuil an duine i dteideal creidmheasa cánach ina leith faoi Airteagal 11 (2) (b) den Choinbhinsiún, áireofar méid an chreidmheasa cánach san ioncam is inmhuirearaithe amhaidh.
(b) San fho-alt seo ciallaíonn “díbhinn” díbhinn de réir Airteagal 11 (4) den Choinbhinsiún a íocadh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis.
(2) (a) I gcás—
(i) duine a bheith inmhuirearaithe, don bhliain mheasúnachta 1976-77, i leith cánach ioncaim faoi Chás III de Sceideal D maidir le hioncam a d'eascair sa Ríocht Aontaithe (dá ngairtear “an t-ioncam sin” anseo feasta), agus
(ii) go ndéantar an cháin is inmhuirearaithe don bhliain mheasúnachta sin a ríomh ar mhéid iomlán an ioncaim sin a d'eascair an bhliain roimh an mbliain mheasúnachta, agus
(iii) é a bheith inmhuirearaithe i leith cháin ioncaim na Ríochta Aontaithe don bhliain mheasúnachta sin maidir leis an ioncaim sin arna ríomh ar mhéid iomlán an ioncaim sin a d'eascair an bhliain sin,
tabharfar, faoi réir forálacha mhír (b), faoiseamh ó cháin ioncaim a muirearaíodh sa mheasúnacht don bhliain 1976-77 maidir le cáin ioncaim sin na Ríochta Aontaithe.
(b) Beidh san fhaoiseamh a thabharfar faoi mhír (a) an méid céanna a bheadh ann, agus beidh sé faoi réir na dteorainneacha céanna a mbeadh sé faoina réir, ionann is dá mba chreidmheas é ab inlamhála faoi chomhshocraíochtaí ag a mbeadh feidhm dlí de bhua alt 361 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, i leith na cánach ioncaim de chuid na Ríochta Aontaithe ab inmhuirearaithe ar an ioncam sin agus a áireofaí sa mheasúnacht dá mba sa bhliain 1976-77 a d'eascair an t-ioncam sin:
Ar choinníoll nach mó an faoiseamh ná an méid cánach ioncaim de chuid na Ríochta Aontaithe dá dtagraítear i mír (a) (iii).
(c) Maidir le míreanna (a) agus (b)—
(i) beidh feidhm acu i ndáil le cáin ioncaim ar thuarastail, pá agus luach saothair eile den sórt sin lena mbaineann Airteagal 15 den Choinbhinsiún faoi réir an mhodhnaithe go bhforléireofar tagairtí do 1976-77 mar thagairtí do 1977-78, agus
(ii) ní bheidh feidhm acu i ndáil le luach saothair ná le pinsin lena mbaineann Airteagal 18 den Choinbhinsiún.
(3) Chun éifeacht a thabhairt don Choinbhinsiún beidh éifeacht leis na hAchtanna Cánach d'aon bhliain a bheidh an Coinbhinsiún i bhfeidhm faoi réir na modhnuithe atá leagtha amach i mír 1 de Chuid III de Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967.
(4) (a) Le linn alt 33 den Acht Cánach Corparáide, 1976, a bheith á chur chun feidhme i gcás cumann atá cláraithe faoi na hachtacháin atá i bhfeidhm de thuras na huaire sa Ríocht Aontaithe agus atá ar comhréir le hAchta na gCara-Chumann, 1896 go 1953, ní chuirfear i gcuntas ach amháin costais bhainistí is inchurtha i leith gnó saoil a bhaineann le conarthaí árachais a rinneadh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis.
(b) Le linn alt 43 (3) den Acht Cánach Corparáide, 1976, a bheith á chur chun feidhme i gcás cumann dá dtagraítear i mír (a), eisiafar ó na dliteanais, arb é B san alt sin 43 (3) a meánmhéid, aon dliteanais i leith sealbhóirí polasaithe a d'eascair ó chonarthaí a rinneadh roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976:
Ar choinníoll nach ndéanfaidh an mhír seo difear don chomhréir ar faoina treoir a dhéanfar faoiseamh faoi alt 33 den Acht Cánach Corparáide, 1976, i leith costais bhainistí a ríomh de bhua alt 47 (2) den Acht sin.
(c) Forléireofar an fo-alt seo agus Cuid III den Acht Cánach Corparáide, 1976, mar aon ní amháin.
(5) San alt seo agus in alt 54—
ciallaíonn “an Coinbhinsiún” an Coinbhinsiún idir Rialtas na hÉireann agus Rialtas na Ríochta Aontaithe chun cánachas dúbailte a sheachaint agus chun cosc a chur le himghabháil fioscach maidir le cánacha ar ioncam agus ar ghnóchain chaipitiúla, agus an Prótacal do leasú an Choinbhinsiúin, a bhfuil an dá cheann díobh leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Ordú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam agus ar Ghnóchain Chaipitiúla) (An Ríocht Aontaithe), 1976 (I.R. Uimh. 319 de 1976);
ciallaíonn “na sean-Chomhaontuithe” na Comhaontuithe atá leagtha amach—
(a) sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1949,
(b) i gCuid I de Sceideal 6 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967,
(c) sa Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1973, agus
(d) san Ordú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam) (An Ríocht Aontaithe), 1975 (I.R. Uimh. 143 de 1975),
agus an Prótacal atá leagtha amach sa Cheathrú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1973.
Feidhm alt 31 (cumainn fhoirgníochta) den Acht Cánach Corparáide, 1976, maidir le blianta measúnachta áirithe.
40.—(1) D'ainneoin an choinníll a ghabhann le halt 31 (1) den Acht Cánach Corparáide, 1976, aon chomhshocraíochtaí a rinne na Coimisinéirí Ioncaim agus aon chumann foirgníochta maidir leis an mbliain mheasúnachta 1975-76, a mhéid a fhorálann siad go n-íocfaí méid in ionannas cánach ioncaim arna ríomh go páirteach de réir an ráta chaighdeánaigh agus go páirteach de réir ráta laghdaithe, féadfar, fara aon mhodhnuithe is gá, iad a bhuanú go ceann an dá bhliain mheasúnachta díreach dá éis sin chun an méid in ionannas cánach ioncaim dá dtagraítear i mír (a) den alt sin 31 (1) a chinneadh i ndáil leis an gcumann foirgníochta sin, agus beidh éifeacht leis an alt sin i ndáil le haon chomhshocraíochtaí a bheidh buanaithe amhlaidh go ceann an dá bhliain sin.
(2) Déanfar an tagairt don ráta caighdeánach i mír (i) den choinníoll a ghabhann le fo-alt (3) den alt sin 31 a fhorléiriú, i ndáil leis an mbliain 1976-77, mar thagairt don ráta caighdeánach cánach arna mhéadú 10 faoin gcéad den ráta sin.
Leasú ar alt 171 (forléiriú ar thagairtí do cháin ioncaim arna híoc trí asbhaint agus do aisíoc) den Acht Cánach Corparáide, 1976.
41.—(1) Leasaítear leis seo alt 171 den Acht Cánach Corparáide, 1976, trí “(seachas in ailt 3, 8 agus 151)” a chur isteach i ndiaidh “sna hAchtanna Cánach”.
(2) Beidh éifeacht leis an alt seo agus measfar éifeacht a bheith leis amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1976.
Leasuithe ilghnéitheacha i ndáil le cáin chorparáide.
42.—Déantar leis seo, le héifeacht maidir le gach bliain airgeadais iomchuí ó thosach na bliana airgeadais 1974 amach—
(a) na hachtacháin a shonraítear i míreanna 1, 2 agus 5 de Chuid IV den Chéad Sceideal a leasú mar a shonraítear sa Chuid sin, agus
(b) na hachtacháin eile a shonraítear sa Chuid sin a leasú le haghaidh cánach corparáide mar a shonraítear amhlaidh,
agus bainfidh mír 50 de Chuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht Cánach Corparáide, 1976, leis na leasuithe a shonraítear amhlaidh mar a bhaineann sí leis na leasuithe dá dtagraítear sa mhír sin.
Leasú ar fhorálacha a bhaineann le faoiseamh i leith méadú ar stocluachanna.
43.—Beidh éifeacht le forálacha Chuid V den Chéad Sceideal chun ailt 31 agus 31A den Acht Airgeadais, 1975, agus an Tríú agus an Cúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht sin agus alt 12 den Acht Airgeadais, 1976, a leasú.
CUID II
Mál
Athrú ar an dleacht máil ar cheadúnais driogairí agus ar cheadúnais bríbhéirí.
44.—(1) D'ainneoin aon ní i Scála 1 den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Finance (1909-10) Act, 1910, muirearófar, toibheofar agus íocfar de réir £50 an dleacht a fhorchuirtear le halt 43 den Acht sin ar an gceadúnas a bhainfidh driogaire biotáille amach gach bliain.
(2) D'ainneoin aon ní i Scála 2 den Chéad Sceideal sin, muirearófar, toibheofar agus íocfar de réir £50 an dleacht a fhorchuirtear le halt 43 den Acht sin ar an gceadúnas a bhainfidh bríbhéir beorach chun a díola amach gach bliain.
(3) Ní bhainfidh forálacha 3 agus 4 de na forálacha dá dtagraítear sa Chéad Sceideal sin mar Fhorálacha a bhaineann le Ceadúnais Monaróirí, le ceadúnas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó (2) den alt seo.
(4) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le ceadúnais a dheonófar an lú lá de Dheireadh Fómhair, 1977, nó dá éis.
Laghdú ar an lacáiste ar bheoir a ghrúdófar as gránaigh bhailebhraichte.
45.—Beidh éifeacht le halt 41 den Acht Airgid, 1932, i ndáil le beoir a grúdaíodh an bhliain dar tosach an lú lá d'Iúil, 1977, ionann is dá mba thagairt do ráta aon phunt amháin an bairille caighdeánach an tagairt atá san alt sin (de bhua alt 6 den Acht Airgeadais, 1955) do ráta dhá phunt an bairille caighdeánach.
Aistarraingt ar bheoir.
46.—Déanfar, amhail ar an agus ón lú lá de Mheán Fómhair, 1977, an aistarraingt ar bheoir dá bhforáiltear i mír 7 (3) den Ordú d'Fhorchur Dleachtanna (Uimh. 221) (Dleachtanna Máil), 1975 (I.R. Uimh. 307 de 1975) a ríomh de réir saindlús bunaidh na beorach de réir £60.595 ar gach sé ghalún is tríocha beorach ar 1,055 chéim a saindlús bunaidh in ionad an ráta a luaitear in alt 36 (2) den Acht Airgeadais, 1976.
CUID III
Dleachtanna Stampa
Faoiseamh ó dhleacht stampa ar chonarthaí áirithe.
47.—(1) San alt seo ciallaíonn “conradh” conradh a bheidh déanta roimh an lú lá d'Eanáir, 1979, chun foirgneamh ar íocadh dleacht stampa go cuí ina leith faoi fhorálacha alt 50 den Acht Airgeadais, 1969, a fhoirgniú, a athrú nó a mhéadú.
(2) In aon chás ina suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim go ndearnadh an foirgniú, an t-athrú nó an méadú go léir lena mbaineanna conradh idir an 26ú lá d'Eanáir, 1977, agus an 31ú lá de Nollaig, 1978, aisíocfaidh siad méid iomlán na dleachta stampa sin a íocadh ar an ionstraim nó ar na hionstraimí ina bhfuil an conradh.
(3) In aon chás ina ndearnadh cuid den fhoirgniú, den athrú nó den mhéadú lena mbaineann conradh, ach nach ndearnadh é go léir, idir an 26ú lá d'Eanáir, 1977, agus an 31ú lá de Nollaig, 1978, aisíocfaidh na Coimisinéirí Ioncaim méid na dleachta stampa sin a íocadh ar an ionstraim nó ar na hionstraimí ina bhfuil an conradh ar a
dtiocfar tríd an gcodán | A | a fheidhmiú ar mhéid iomlán na dleachta |
__ | ||
B |
stampa a íocadh amhlaidh
i gcás—
arb é A an chuid den fhoirgniú, den athrú nó den mhéadú a suífear chun sástacht na gCoimisinéirí Ioncaim gur idir na dátaí réamhráite a rinneadh í, agus
arb é B méid iomlán an fhoirgnithe, an athraithe nó an mhéadaithe lena mbaineann an conradh.
(4) Déanfar éileamh ar aisíoc dleachta faoin alt seo i scríbhinn chun na gCoimisinéirí Ioncaim laistigh de 30 lá ó lá an chonartha a chríochnú nó ón 31ú lá de Nollaig, 1978, cibé lá acu is luaithe, agus déanfar an t-aisíoc, más ann, ar an ionstraim nó na hionstraimí agus iad stampáilte go cuí faoin alt sin 50 a thabhairt ar aird.
Ionstraimí áirithe a bheith díolmhaithe ó dhleacht stampa.
48.—Ní bheidh dleacht stampa inmhuirearaithe ná iníoctha maidir le haon tíolacadh, aistriú nó ligean a rinne Alfred Lane Beit agus Clementine Mabel Beit, nó ceachtar díobh, chuig the Alfred Beit Foundation (a corpraíodh faoi Acht na gCuideachtaí, 1963, an 23ú lá de Mhárta, 1976).
CUID IV
Cáin Rachmais
Leasú ar alt 1 (léiriú) den Acht Cánach Rachmais, 1975.
49.—Leasaítear leis seo alt 1 den Acht Cánach Rachmais, 1975, tríd an míniú seo a leanas a chur in ionad an mhínithe ar “iontaobhas lánroghnach” i bhfo-alt (1)—
“ciallaíonn ‘iontaobhas lánroghnach’ aon diúscairt a ndéantar dá bíthin, dá bua nó dá droim maoin a theachtadh ar iontaobhas chun ioncam nó cuid d'ioncam na maoine a charnadh nó aon diúscairt a ndéantar dá bíthin, dá bua nó dá droim maoin a theachtadh ar iontaobhas le hioncam nó caipiteal nó le cuid d'ioncam nó de chaipiteal na maoine a chur do shochar nó chun sochair, nó le cumhacht sin a chur do shochar nó chun sochair, d'aon duine nó daoine nó d'aon duine amháin nó níos mó de líon nó d'aicme daoine cibé acu de rogha na n-iontaobhaithe nó aon duine eile é agus d'ainneoin cumhacht a bheith ann an t-ioncam go léir nó aon chuid den ioncam a charnadh nó ioncam nó caipiteal nó cuid d'ioncam nó de chaipteal na maoine a bheith teoranta d'aon duine go ceann aon tréimhse ama seachas saol an duine sin agus chun críocha an mhínithe seo folaíonn ‘diúscairt’ aon diúscairt cibé acu trí ghníomhas nó trí uacht agus aon chúnant, comhaontú nó comhshocraíocht cibé acu le scríbhinn nó gan scríbhinn a rinneadh;”.
Leasú ar alt 6 (rachmas inchánach cuideachta neamhthrádála príobháidí) den Acht Cánach Rachmais, 1975.
50.—Leasaítear leis seo alt 6 den Acht Cánach Rachmais, 1975, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5)—
“(5) (a) Ní cuideachta neamhthrádála phríobháideach chun críocha an Achta seo comhlacht corpraithe lena mbaineann an fo-alt seo.
(b) Baineann an fo-alt seo le comhlacht corpraithe (dá ngairtear an chéad chomhlacht corpraithe sa mhír seo)—
(i) atá faoi rialú ag comhlacht corpraithe nach cuideachta neamhthrádála phríobháideach, nó
(ii) arb é, ar an dáta luachála, margadhluach na maoine a bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe aige chuici ar an dáta sin margadhluach arb ionannas dó, go feadh cuid nach lú ná 90 faoin gcéad de, margadhluach scaireanna nó bintiúir i gcomhlacht corpraithe nach cuideachta neamhthrádála phríobháideach agus atá faoi rialú ag an gcéad chomhlacht corpraithe.”.
Leasú ar alt 28 (comhaontuithe maidir le faoiseamh ó chánachas dúbailte) den Acht Cánach Rachmais, 1975.
51.—(1) Leasaítear leis seo alt 28 den Acht Cánach Rachmais, 1975, tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur leis—
“(6) (a) I gcás ar deimhin leis na Coimisinéirí gur íocadh cáin ar aon ghné le cáin rachmais i gcríoch lasmuigh den Stát i leith aon mhaoine (seachas maoin réadach sa Stát) faoi threoir aon dáta roimh dháta luachála ach laistigh de dhá mhí dhéag ón dáta sin, féadfaidh siad liúntas a thabhairt i modh creidmheasa in aghaidh na cánach rachmais a bheidh dlite agus iníoctha ar an dáta sin i leith na maoine sin nó díolúine a thabhairt i leith na maoine sin maidir leis an dáta luachála sin.
(b) Beidh éifeacht leis an bhfo-alt seo i leith cáin rachmais a bheidh dlite agus iníoctha ar dháta luachála ach ní bheidh éifeacht leis i ndáil le cáin choigríche a mbeidh ordú faoin alt seo ina leith i bhfeidhm de thuras na huaire ina mbeidh socrú le haghaidh faoiseamh ó chánachas dúbailte.”.
(2) Measfar gur tháinig fo-alt (1) den alt seo i ngníomh an 5ú lá d'Aibreán, 1975.
CUID V
Ilghnéitheach
An Cuntas Fuascailte Seirbhísí Caipitiúla.
52.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “an príomh-alt” alt 22 den Acht Airgeadais, 1950;
ciallaíonn “alt leasaitheach 1976” alt 80 den Acht Airgeadais, 1976;
ciallaíonn “an seachtú blianacht bhreise is fiche” an tsuim a mhuirearófar ar an bPríomh-Chiste faoi fho-alt (4) den alt seo;
tá le “an tAire”, “an Cuntas” agus “seirbhísí caipitiúla” na bríonna céanna faoi seach atá leo sa phríomh-alt.
(2) Maidir leis na naoi mbliana airgeadais is fiche comhleanúnacha dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1977, beidh éifeacht le fo-alt (4) d'alt leasaitheach 1976 ach “£8,033,711” a chur in ionad “£9,472,954”.
(3) Beidh éifeacht le fo-alt (6) d'alt leasaitheach 1976 ach “£5,071,333” a chur in ionad “£6,097,945”.
(4) Déanfar suim £10,985,618 chun fuascailt a dhéanamh ar iasachtaí, agus ús ar na hiasachtaí sin, i leith seirbhísí caipitiúla, a mhuirearú go bliantúil ar an bPríomh-Chiste nó a thoradh fáis sna tríocha bliain airgeadais comhleanúnach dar tosach an bhliain airgeadais dar críoch an 31ú lá de Nollaig, 1977.
(5) Déanfar an seachtú blianacht bhreise is fiche a íoc isteach sa Chuntas ar cibé modh agus cibé tráthanna sa bhliain airgeadais iomchuí a chinnfidh an tAire.
(6) Féadfar aon mhéid den seachtú blianacht bhreise is fiche nach mó ná £7,071,680 in aon bhliain airgeadais áirithe a úsáid chun an t-ús ar an bhfiach poiblí a íoc.
(7) Déanfar iarmhéid an seachtú blianacht bhreise is fiche a úsáid in aon cheann nó níos mó de na slite a shonraítear i bhfo-alt (6) den phríomh-alt.
Mar a dhéileálfar le cónaí daoine a thugann bronntanais don Stát.
53.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “na hAchtanna”—
(a) na hAchtanna Cánach,
(c) an tAcht Cánach Rachmais, 1975, agus
ciallaíonn “deontóir” pearsa aonair a thugann bronntanas don Stát;
ciallaíonn “bronntanas” bronntanas maoine don Stát, a thiocfaidh, ar an Rialtas do ghlacadh leis an mbronntanas de bhun an Achta Maoine Stáit, 1954, chun bheith dílsithe, de bhun an Achta sin, d'údarás Stáit de réir brí an Achta sin;
ciallaíonn “cáin Éireannach” aon cháin a fhorchuirtear leis na hAchtanna;
folaíonn “maoin” leasanna agus cearta d'aon chineál;
ciallaíonn “dáta iomchuí”, i ndáil le pearsa aonair (is deontóir nó céile deontóra), an dáta (is dáta nach luaithe ná an lú lá de Mheán Fómhair, 1974) a fhágann sé an Stát chun cónaí (seachas cónaí ócáideach) lasmuigh den Stát;
ciallaíonn “cáin sa tír sin” aon cháin a fhorchuirtear sa tír sin atá comhionann nó garchosúil le cáin Éireannach;
ciallaíonn “cuairteanna”—
(a) i ndáil le deontóir, cuairteanna aige ar an Stát tar éis an dáta iomchuí chun comhairle a thabhairt i dtaobh bainistí na maoine is ábhar don bhronntanas, ar cuairteanna iad is giorra san iomlán ná 182 lá in aon bhliain mheasúnachta ina ndéantar iad, agus
(b) i ndáil le céile deontóra, cuairteanna ag an gcéile sin i gcuideachta an deontóra ar cuairteanna iad den sórt dá dtagraítear i mír (a).
(2) I gcás duine (is deontóir nó céile deontóra) a bheith, i ndáil le haon bhliain mheasúnachta, ina chónaí i dtír lasmuigh den Stát chun críocha cánach sa tír sin agus é a bheith inchurtha faoin gcáin sin gan aon teorainn maidir le hinmhuirearacht, ansin, d'ainneoin aon ní dá mhalairt sna hAchtanna Cánach—
(a) maidir leis an mbliain mheasúnachta ar dáta inti an dáta iomchuí, ní mheasfar, amhail ón dáta iomchuí, gnáthchónaí a bheith ar an duine sin sa Stát chun críocha cánach Éireannaí, agus
(b) maidir le haon bhliain mheasúnachta dá éis sin, ní thabharfar, le linn bheith á chinneadh an bhfuil cónaí nó gnáthchónaí sa Stát ar an duine sin chun críocha cánach Éireannaí, aird ar chuairteanna.
Aisghairm.
54.—(1) (a) Déantar leis seo gach achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid I den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin agus déantar leis seo an tOrdú a luaitear sa cholún sin (2) a chúlghairm a mhéid a shonraítear sa cholún sin (3).
(b) Déantar leis seo an t-achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid II den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal sin.
(c) (i) Faoi réir cibé méid, agus gan dochar do cibé méid, den Choinbhinsiún (de réir brí alt 39 den Acht seo) a choimeádann aon cheann de na sean-Chomhaontaithe (de réir na brí sin) i bhfeidhm do bhlianta measúnachta dar chríoch an 5ú lá d'Aibreán, 1977, nó roimhe sin, measfar gur tháinig mír (a) den fho-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1976.
(ii) measfar gur tháinig mír (b) den fho-alt seo i ngníomh an 6ú lá d'Aibreán, 1977.
(2) Déantar leis seo an t-achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid III den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin.
(3) (a) Déantar leis seo an t-achtachán a luaitear i gcolún (2) de Chuid IV den Dara Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Chuid sin i ndáil le bronntanas nó oidhreacht arb é dáta an Achta seo a rith nó dáta dá éis sin dáta an bhronntanais nó dáta na hoidhreachta, cibé acu é.
(b) I mír (a), tá le “bronntanas”, “oidhreacht”, “dáta an bhronntanais” agus “dáta na hoidhreachta” na bríonna a shanntar dóibh le halt 2 den Acht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976.
Cúram agus bainistí cánacha agus dleachtanna.
55.—Déantar leis seo na cánacha agus na dleachtanna go léir a fhorchuirtear leis an Acht seo a chur faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí Ioncaim.
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.
56.—(1) Féadfar an tAcht Airgeadais, 1977, a ghairm den Acht seo.
(2) Déanfar Codanna I agus V den Acht seo (a mhéid a bhaineann le cáin ioncaim) a fhorléiriú i dteannta na nAchtanna Cánach Ioncaim agus (a mhéid a bhaineann le cáin bhrabús corparáide) a fhorléiriú i dteannta Chuid V den Finance Act, 1920, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú na Coda sin agus (a mhéid a bhaineann le cáin chorparáide) a fhorléiriú i dteannta an Achta Cánach Corparáide, 1976, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin agus (a mhéid a bhaineann le cáin ghnóchan caipitiúil) a fhorléiriú i dteannta an Achta um Cháin Ghnóchan Caipitiúil, 1975, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.
(3) Forléireofar Cuid II den Acht seo i dteannta na Reachtanna a bhaineann leis na dleachtanna máil agus le bainistí na ndleachtanna sin.
(4) Forléireofar Cuid III den Acht seo i dteannta an Stamp Act, 1891, agus na n-achtachán ag leasú nó ag leathnú an Achta sin.
(5) Forléireofar Cuid IV den Acht seo agus Cuid V den Acht seo (a mhéid a bhaineann le cáin rachmais) i dteannta an Achta Cánach Rachmais, 1975.
(6) Forléireofar Cuid V den Acht seo (a mhéid a bhaineann le cáin fháltas caipitiúil) i dteannta an Achta um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976.
(7) Measfar gur tháinig Cuid I den Acht seo i bhfeidhm, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite inti, agus glacfaidh sí éifeacht, amhail ar agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1977, agus measfar gur tháinig Cuid IV den Acht seo i bhfeidhm, ach amháin mar a fhoráiltear a mhalairt go sainráite inti, agus glacfaidh sí éifeacht, amhail ar agus ón 5ú lá d'Aibreán, 1977.
(8) Ach amháin i gcás ina n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, forléireofar aon tagairt san Acht seo d'aon achtachán eile mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi.
AN CHEAD SCEIDEAL
Leasú ar Achtacháin
CUID I
Leasuithe de dhroim Leasú ar Alt 236 den Acht Cánach Ioncaim, 1967
1. I míreanna 1 agus 4 (a cuireadh isteach leis an Acht Airgeadais, 1974) de Sceideal 5 a ghabhann leis an Acht Cánach Ioncaim, 1967, cuirfear “£2,000” in ionad “£1,500” gach áit a bhfuil sé.
2. Cuirfear an Tábla seo a leanas in ionad an Tábla a ghabhann leis an mír sin 4—
“
Bliain Bhreithe | An tSuim | An Céatadán |
£ | ||
1916 nó 1917 | 2,133 | 16 |
1914 nó 1915 | 2,266 | 17 |
1912 nó 1913 | 2,400 | 18 |
1910 nó 1911 | 2,533 | 19 |
1909 nó aon bhliain roimhe sin | 2,677 | 20 |
”
CUID II
Leasuithe de dhroim Athruithe ar Rátaí Cánach
1. I ndáil le cáin ioncaim don bhliain 1977-78 agus do bhlianta measúnachta dá éis sin, leasaítear leis seo an tAcht Cánach Ioncaim, 1967, de réir na bhforálacha seo a leanas den mhír seo:
(a) in alt 1 (1)—
(i) cuirfear an méid seo a leanas in ionad an mhínithe ar “ard-rátaí”,
“ciallaíonn ‘ard-rátaí’, i ndáil le cáin, na rátaí cánach, ar a dtugtar an tuairisc sin, dá bhforáiltear in alt 5 den Acht Airgeadais, 1977;”,
(ii) cuirfear an méid seo a leanas isteach i ndiaidh an mhínithe ar “duine éagumasaithe”:
“ciallaíonn ‘ráta tosaigh’, i ndáil le cáin, an ráta cánach, ar a dtugtar an tuairisc sin, dá bhforáiltear in alt 5 den Acht Airgeadais, 1977;”,
(iii) cuirfear an méid seo a leanas in ionad an mhínithe ar “ráta laghdaithe”:
“ciallaíonn ‘ráta laghdaithe’, i ndáil le cáin, an ráta cánach, ar a dtugtar an tuairisc sin, dá bhforáiltear in alt 5 den Acht Airgeadais, 1977;”,
(iv) cuirfear an méid seo a leanas in ionad an mhínithe ar “ráta caighdeánach”:
“ciallaíonn ‘ráta caighdeánach’, i ndáil le cáin, an ráta cánach, ar a dtugtar an tuairisc sin, dá bhforáiltear in alt 5 den Acht Airgeadais, 1977;”;
(b) in alt 153 (1), cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (dd)—
“(dd) ní beidh sé i dteideal shochar na forála atá in alt 5 den Acht Airgeadais, 1977, trína mbeidh cuid d'ioncam inchánaithe inmhuirearaithe, in imthosca áirithe, de réir ráta nó rátaí is lú ná an ráta caighdeánach agus, dá réir sin, muirearófar cáin air de réir an ráta chaighdeánaigh i leith na coda sin dá ioncam inchánaithe a ndéanfaí, mura mbeadh sin, cáin a mhuirearú air ina leith de réir ráta nó rátaí is lú ná an ráta caighdeánach.”;
(c) in alt 497, in ionad “an ráta laghdaithe”—
(i) sa chéad áit a bhfuil sé, cuirfear “an ráta tosaigh nó an ráta laghdaithe”, agus
(ii) sa dara háit a bhfuil sé, cuirfear “an ráta tosaigh nó an ráta laghdaithe, de réir mar is iomchuí”;
(d) in alt 525 (1), cuirfear an fhomhír seo a leanas in ionad fhomhír (i):
“(i) in aon mheasúnacht a dhéanfar ar an bpearsa aonair, déileálfar leis mar dhuine a d'íoc cáin—
(a) de réir an ráta tosaigh ar an oiread sin de is inmhuirearaithe de réir an ráta tosaigh,
(b) de réir an ráta laghdaithe ar an oiread sin de is inmhuirearaithe de réir an ráta laghdaithe, agus
(c) de réir an ráta chaighdeánaigh ar an oiread sin de is inmhuirearaithe de réir an ráta chaighdeánaigh nó na n-ard-rátaí;”.
2. I ndáil le dáiltí arna ndéanamh an 6ú lá d'Aibreán, 1977, nó dá éis, leasaítear leis seo an tAcht Cánach Corparáide, 1976, de réir na bhforálacha seo a leanas den mhír seo:
(a) in alt 66 (3) (b)—
(i) i bhfomhíreanna (i) agus (ii) cuirfear “de réir an ráta chaighdeánaigh nó na n-ard-rátaí” in ionad “de réir ráta nó rátaí ab airde ná an ráta laghdaithe”,
(ii) cuirfear an méid seo a leanas in ionad fhomhír (iii):
“(iii) i ndáil leis an oiread sin dá ioncam darb ionannas an dáileadh sin (nó comhiomlán na ndáiltí sin, de réir mar a bheidh) ar ar muirearaíodh cáin de réir ráta ab ísle ná an ráta caighdeánach, cáin de réir an íseal-ráta sin ar an méid a muirearaíodh de réir an íseal-ráta sin mar aon le cáin ar an méid céanna de réir ráta faoin gcéad ar cóimhéid le
D × E |
______ |
F |
i gcás—
arb é D an difríocht idir an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain mheasúnachta agus an t-íseal-ráta faoin gcéad ar dá réir a muirearaíodh an méid agus, chun na críche sin, ciallaíonn ‘an t-íseal-ráta faoin gcéad’ an ráta ar dá réir a muirearaíodh cáin ar an méid, is é sin, ráta is lú ná an ráta caighdeánach,
arb é E an ráta feidhme faoin gcéad don bhliain mheasúnachta, agus chun na críche sin ciallaíonn ‘an ráta feidhme faoin gcéad’ do bhliain mheasúnachta méid arna chinneadh de réir na foirmle
B × | 100 ___ |
A |
i gcás an bhrí chéanna a bheith le A agus le B atá leo i bhfo-alt (2), agus
arb é F an ráta caighdeánach faoin gcéad don bhliain mheasúnachta, agus”,
(b) in alt 82 (6), trí—
(i) “de réir ráta is ísle ná an ráta caighdeánach” a chur in ionad “de réir an ráta laghdaithe”, agus
(ii) “den íseal-ráta sin” a chur in ionad “den ráta laghdaithe”.
CUID III
Leasuithe de dhroim Athruithe ar Fhaoisimh Phearsanta
Leasaítear leis seo alt 138 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, de réir na bhforálacha seo a leanas:
(a) i bhfo-alt (1) cuirfear “£1,100” in ionad “£1,010” gach áit a bhfuil sé, cuirfear “£665” in ionad “£620” agus cuirfear “£1,215” in ionad “£1,125”, agus
(b) i bhfo-alt (2), cuirfear “£665” in ionad “£620” gach áit a bhfuil sé, agus cuirfear “£735” in ionad “£685”.
CUID IV
Leasuithe Ilghnéitheacha i ndáil le Cáin Chorparáide
1. Leasaítear leis seo an tAcht Cánach Corparáide, 1976, de réir na bhforálacha seo a leanas den mhír seo:
(a) in alt 58 (10), cuirfear “182 (faoiseamh i leith caillteanais neamhfhaoisimh agus liúntais chaipitiúla a tugadh ar aghaidh ón mbliain 1975-76),” isteach i ndiaidh “ailt”,
(b) in alt 109 (1) cuirfear “sa Chuid seo” in ionad “san alt sin”,
(c) in alt 176 (6) (a), scriosfar fomhír (iii),
(d) sa Chúigiú Sceideal, i mír 1 (6), cuirfear “mír” in ionad “alt”.
2. Leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1968, trí “33” a chur in ionad “33 (2)” (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976) in alt 37 (4).
3. Leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1972, trí “33” a chur in ionad “33 (2)” i bhfo-alt (4) (a cuireadh isteach le haghaidh cánach corparáide leis an Acht Cánach Corparáide, 1976) d'alt 16.
4. Leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1973, de réir na bhforálacha seo a leanas den mhír seo:
(a) i bhfo-alt (9) (a cuireadh isteach le haghaidh cánach corparáide leis an Acht Cánach Corparáide, 1976) d'alt 24, cuirfear “33” in ionad “33 (2)”,
(b) in alt 26, arna leasú le haghaidh cánach corparáide leis an Acht Cánach Corparáide, 1976,
(i) cuirfear “(c)” in ionad “(e)”, agus
(ii) cuirfear “33” in ionad “33 (2)”.
5. Leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1974, trí “33” a chur in ionad “15 nó 33 (2)” (a cuireadh isteach leis an Acht Cánach Corparáide, 1976) in alt 55 (4).
CUID V
Leasú ar Fhorálacha a Bhaineann le Faoiseamh i leith Méadú ar Stocluachanna
1. Leasaítear leis seo an tAcht Airgeadais, 1975, de réir na bhforálacha seo a leanas den mhír seo:
(a) in alt 31—
(i) cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (b) d'fho-alt (4):
“(b) Déanfar cibé measúnachtaí, measúnachtaí breise, laghduithe ar mheasúnachtaí nó aisíocaíochtaí cánach is gá in aon chás chun éifeacht a thabhairt don alt seo.”,
(ii) i ndáil le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1974, nó aon lá dá éis, cuirfear an fo-alt seo a leanas in ionad fho-alt (8) (a cuireadh isteach le halt 26 (1) (a) (iii) den Acht Airgeadais, 1976):
“(8) I gcás ar mó, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta cuideachta dar críoch dáta sa bhliain 1974-75 nó 1975-76, stocluach oscailte na cuideachta ná a stocluach dúnta, bainfear an bhreis (dá ngairtear ‘laghdú ar stocluach’ na cuideachta san alt seo) as méid an mhéadaithe ar stocluach na cuideachta sa chéad tréimhse chuntasaíochta chomhleanúnach eile a mbeidh méadú den sórt sin ann agus, chun críocha fho-alt (4) (a), is é an méid a bheidh fágtha tar éis na hasbhainte sin, an méadú ar stocluach na cuideachta sa tréimhse chuntasaíochta chomhleanúnach sin:
Ar choinníoll—
(a) i gcás ar mó méid an laghdaithe ar stocluach cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta ná an méadú ar stocluach na cuideachta sa chéad tréimhse chuntasaíochta chomhleanúnach eile a mbeidh méadú den sórt sin ann, go measfar, chun críocha an ailt seo, gur laghdú ar an stocluach sa chéad tréimhse chuntasaíochta chomhleanúnach eile sin an bhreis agus bainfear í as méid an mhéadaithe ar stocluach na cuideachta sa chéad tréimhse chuntasaíochta chomhleanúnach eile a mbeidh méadú den sórt sin ann, agus mar sin de;
(b) nach mbeidh feidhm ag forálacha an fho-ailt seo ar dhóigh a dhéanfadh difear do mhéid aon mheasúnachta don bhliain 1974-75;
(c) i gcás ar lú asbhaint (dá ngairtear an asbhaint is lú ' dá éis seo sa mhír seo) a bhfuil teideal ag cuideachta chuici faoin alt seo le linn a brabúis trádála do thréimhse chuntasaíochta dar críoch dáta sa bhliain 1975-76 a bheith á ríomh ná méid na hasbhainte (dá ngairtear ‘an asbhaint is mó’ dá éis seo sa mhír seo) a mbeadh, mura mbeadh na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo, teideal ag an gcuideachta chuici faoin alt seo le linn a brabúis trádála don tréimhse chuntasaíochta sin a bheith á ríomh, go bhféadfaidh an chuideachta a éileamh, tráth nach déanaí ná an 31ú lá de Nollaig, 1977, go ndéanfaí an asbhaint is mó le linn a brabúis trádála don tréimhse chuntasaíochta sin a bheith á ríomh, ach sa chás sin déileálfar, chun críocha na nAchtanna Cánach agus na n-achtachán a bhaineann le cáin bhrabús corparáide, seachas an t-alt seo, le luach a stoic thrádála i dtosach na tréimhse cuntais díreach tar éis na tréimhse cuntais ar comhthráthach dá deireadh agus do dheireadh na tréimhse cuntasaíochta sin nó a bheidh ar rith i ndeireadh na tréimhse cuntasaíochta sin, mar luach arna laghdú méid is ionann agus breis na hasbhainte is mó ar an asbhaint is lú, agus áireofar, chun críocha alt 31A (8) (a), an méid sin mar mhéid a baineadh as an méadú ar stocluach na cuideachta sa tréimhse chuntasaíochta sin.”,
(iii) cuirfear an fo-ait seo a leanas leis:
“(9) I gcás cuideachta a bheith, in aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1973, nó aon lá dá éis, ag seoladh trádála ar cuid di oibríochtaí trádála d'aon chineál dá luaitear sa mhíniú ar ‘trádáil’ i bhfo-alt (1) (dá ngairtear ‘oibríochtaí trádála cáilitheacha’ anseo ina dhiaidh seo) agus ar oibríochtaí trádála eile an chuid eile di, measfar an chuideachta a bheith ag seoladh trádála ar oibríochtaí trádála cáilitheacha í go hiomlán nó go formhór, más rud é, agus amháin más rud é, nach lú an méid iomlán is infhaighte ag an gcuideachta as díolacháin i gcúrsa na n-oibríochtaí trádála cáilitheacha sa tréimhse chuntasaíochta ná 75 faoin gcéad den méid iomlán is infhaighte ag an gcuideachta as na díolacháin go léir i gcúrsa a trádála sa tréimhse chuntasaíochta.”,
(b) in alt 31A (a cuireadh isteach le halt 26 den Acht Airgeadais, 1976)—
(i) sa mhíniú ar “tréimhse chuntasaíochta” i bhfo-alt (1), scriosfar “. dar críoch dáta sa tréimhse ón 6ú lá d'Aibreán, 1975, go dtí an 5ú lá d'Aibreán, 1976”,
(ii) cuirfear an coinníoll seo a leanas i ionad an choinníll a ghabhann le fo-alt (4) (a):
“Ar choinníoll—
(i) nach mbeidh, in aon chás, méid na hasbhainte arna ríomh amhlaidh níos mó ná—
(I) i gcás deireadh a bheith le tréimhse chuntasaíochta na cuideachta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, méid ioncam trádála na cuideachta don tréimhse sin, agus
(II) i gcás deireadh a bheith le tréimhse chuntasaíochta na cuideachta an 6ú lá d'Aibreán, 1976, nó dá éis, méid ioncam trádála na cuideachta don tréimhse sin tar éis gach uile laghdú ar ioncam don tréimhse sin a dhéanamh de bhua ailt 16 agus 18 den Acht Cánach Corparáide, 1976, agus tar éis gach uile asbhaint agus breisiú don tréimhse sin a dhéanamh de bhua alt 14 den Acht sin,
(ii) gurb é an t-ioncam trádála de chuid na cuideachta a bheidh le cur i gcuntas le linn asbhaint a bheith á ríomh an t-ioncam sin sula ndéanfar aon asbhaint faoin alt seo nó faoin gCúigiú Sceideal, agus
(iii) nach lamhálfar asbhaint faoi fhorálacha an ailt seo le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1977, nó aon lá dá éis sin.”,
(iii) cuirfear an mhír seo a leanas in ionad mhír (b) d'fho-alt (4):
“(b) Déanfar cibé measúnachtaí, measúnachtaí breise, laghduithe ar mheasúnachtaí nó aisíocaíochtaí cánach is gá in aon chás chun éifeacht a thabhairt don alt seo.”,
(iv) i ndáil le tréimhsí cuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1975, nó aon lá dá éis, cuirfear na fo-ailt seo a leanas in ionad fho-alt (7):
“(7) I gcás ar mó, i ndáil le tréimhse chuntasaíochta, stocluach oscailte cuideachta ná a stocluach dúnta, déanfar, más ar dháta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1977, do dheireadh na tréimhse cuntasaíochta, méid na breise (dá ngairtear ‘laghdú ar stocluach’ na cuideachta san alt seo) a áireamh, le linn ioncam trádála na cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide, mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin:
Ar choinníoll nach mó an méid a áireofar mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta d'aon tréimhse chuntasaíochta ná méid arna chinneadh de réir na foirmle
A + B - C
i gcás—
arb é A méid comhiomlán na n-asbhaintí a bhí an chuideachta i dteideal a dhéanamh, faoi fhorálacha an ailt seo, le linn a hioncam trádála do na tréimhsí cuntasaíochta roimhe sin a bheith á ríomh,
arb é B méid comhiomlán na n-asbhaintí a bhí an chuideachta i dteideal a dhéanamh, de bhua forálacha alt 26 (1) (a) (i) den Acht Airgeadais, 1976, le linn a hioncam trádála a bheith á ríomh chun críocha cánach ioncaim, agus
arb é C comhiomlán na méideanna a áiríodh, faoin bhfo-alt seo, mar fháltais trádála de chuid thrádáil na cuideachta do na tréimhsí cuntasaíochta roimhe sin.
(8) (a) Baineann an fo-alt seo—
(i) le haon mhéid a bheadh, faoi alt 31 (8), le baint as an méadú ar stocluach cuideachta ach nár asbhaineadh amhlaidh, agus
(ii) le haon mhéid nach n-áirítear, mar gheall ar an gcoinníoll a ghabhann le fo-alt (7), mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta.
(b) Déanfar méid lena mbaineann an fo-alt seo—
(i) más méid é dá dtagráitear i mír (a) (i), a bhaint as an méadú ar stocluach na cuideachta sa tréimhse chuntasaíochta is luaithe a tharlóidh an méadú sin, agus
(ii) más méid é dá dtagraítear i mír (a) (ii), a bhaint as an méadú ar stocluach na cuideachta sa chéad tréimhse chuntasaíochta chomhleanúnach eile a tharlóidh méadú den sórt sin,
agus is é, chun críocha fho-alt (4) (a), an méid a bheidh fágtha tar éis na hasbhainte sin an méadú ar stocluach na cuideachta sa tréimhse chuntasaíochta sin:
Ar choinníoll—
(I) i gcás ar mó aon mhéid lena mbaineann an fo-alt seo ná méid an mhéadaithe ar stocluach as a bhfuil sé le baint, go measfar gur laghdú ar stocluach sa tréimhse chuntasaíochta inar tharla an méadú sin an bhreis agus bainfear í as méid an mhéadaithe ar stocluach na cuideachta sa chéad tréimhse chuntasaíochta chomhleanúnach eile ina mbeidh méadú ar stocluach agus mar sin de;
(II) i gcás ar lú asbhaint (dá ngairtear ‘an asbhaint is lú’ dá éis seo sa mhír seo) a mbeidh teideal ag cuideachta chuici faoin alt seo le linn a hioncam trádála do thréimhse chuntasaíochta dar críoch dáta roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1976, a bheith á ríomh, ná méid na hasbhainte dá ngairtear ‘an asbhaint is mó’ dá éis seo sa mír seo) a mbeadh, mura mbeadh na forálacha sin roimhe seo den fho-alt seo, teideal ag an gcuideachta chuici faoin alt seo le linn a brabúis trádála don tréimhse chuntasaíochta sin a bheith á ríomh, go bhféadfaidh an chuideachta a éileamh, tráth nach déanaí ná an 31ú lá de Nollaig, 1977, go ndéanfaí an asbhaint is mó le linn a hioncam trádála don tréimhse chuntasaíochta sin a bheith á ríomh, ach sa chás sin déileálfar, chun críocha na nAchtanna Cánach, seachas an t-alt seo, le luach a stoic thrádála i dtosach na tréimhse cuntais díreach tar éis na tréimhse cuntais ar comhthráthach dá deireadh agus do dheireadh na tréimhse cuntasaíochta sin nó a beidh ar rith i ndeireadh na tréimhse cuntasaíochta sin mar luach arna laghdú méid is ionann agus breis na hasbhainte is mó ar an asbhaint is lú, agus áireofar, chun críocha mhír (b) den fho-alt seo, an méid sin mar mhéid a baineadh as an méadú ar stocluach na cuideachta sa tréimhse chuntasaíochta sin.
(9) Le linn ioncam trádála cuideachta a bheith á ríomh chun críocha cánach corparáide d'aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1977, nó aon lá dá éis, a mbeidh laghdú ar stocluach, áireofar mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C i gcás—
arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1977, nó aon lá dá éis,
arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach na cuideachta sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1977, nó aon lá dá éis, agus
arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar, faoin bhfo-alt seo, mar fháltais trádála de chuid thrádáil na cuideachta do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin:
Ar chionníoll nach mó an méid a áireofar, de bhua an fho-ailt seo, mar fháltas trádála de chuid thrádáil na cuideachta d'aon tréimhse chuntasaíochta ná méid arna chinneadh de réir na foirmle
D + E - F
i gcás—
arb é D méid comhiomlán na n-asbhaintí a bhí an chuideachta i dteideal, faoi fhorálacha an ailt seo, a dhéanamh le linn a hioncam trádála a bheith á ríomh,
arb é E méid comhiomlán na n-asbhaintí a bhí an chuideachta i dteideal, faoi fhorálacha alt 26 (1) (a) (i) den Acht Airgeadais, 1976, a dhéanamh le linn a hioncam trádála a bheith á ríomh chun críocha cánach ioncaim, agus
arb é F comhiomlán na méideanna a áiríodh, faoi fhorálacha an ailt seo, mar fháltais trádála de chuid na trádála do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin.
(10) I gcás a dtarlóidh, i dtréimhse chuntasaíochta, go scoirfidh cuideachta de thrádáil a sheoladh nó go scoirfidh sí de bheith ina cónaí sa Stát nó go scoirfidh sí de bheith laistigh de réim cánach faoi Chás I de Sceideal D i leith trádála, measfar, chun críocha fho-ailt (7) agus (9), gur nialas stocluach dúnta na cuideachta.
(11) I gcás cuideachta a bheith, in aon tréimhse chuntasaíochta dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1975, nó aon lá dá éis, ag seoladh trádála ar cuid di oibríochtaí trádála d'aon chineál dá luaitear sa mhíniú ar ‘trádáil’ i bhfo-alt (1) (dá ngairtear ‘oibríochtaí trádála cáilitheacha’ anseo ina dhiaidh seo) agus ar oibríochtaí trádála eile an chuid eile di, measfar an chuideachta a bheith ag seoladh trádála ar oibríochtaí trádála cáilitheacha í go hiomlán nó go formhór más rud é, agus amháin más rud é, nach lú an méid iomlán is infhaighte ag an gcuideachta as díolacháin i gcúrsa na n-oibríochtaí trádála cáilitheacha sa tréimhse chuntasaíochta ná 75 faoin gcéad den méid iomlán is infhaighte ag an gcuideachta as na díolacháin go léir i gcúrsa a trádála sa tréimhse chuntasaíochta.”,
(c) sa Tríú Sceideal—
(i) i mír 1 (1)—
(I) cuirfear “nó, de réir mar a bheidh, an laghdú ar stocluach na cuideachta” isteach i ndiaidh “an méadú ar stocluach na cuideachta”, agus
(II) cuirfear “nó, de réir mar a bheidh, fho-alt (8)” isteach i ndiaidh “fho-alt (2)”,
(ii) i mír 2—
(I) cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach i ndiaidh fho-mhír (1):
“(1A) In aon chás a mbaineann mír 1 (1) leis, déanfar an laghdú ar stocluach cuideachta sa tréimhse chuntasaíochta a chinneadh chun críocha alt 31 de réir na foirmle
A (O-C) |
_______ |
N |
i gcás—
na bríonna céanna a bheith le A, O, C agus N atá leo i bhfomhír (1):
Ar choinníoll, in aon chás a mbeidh an tréimhse chuntasaíochta a luaitear in alt 12 (8) den Acht Airgeadais, 1976, ar áireamh i dtreoirthréimhse na cuideachta, go gcinnfear an laghdú ar an stocluach in aon tréimhse chuntasaíochta atá ar áireamh sa treoirthréimhse sin ionann is dá mba é N (in ionad seasamh don uimhir míonna sa treoirthréimhse) an uimhir míonna sa tréimhse ó thosach na treoirthréimhse go dtí deireadh na tréimhse cuntasaíochta a luaitear amhlaidh.”, agus
(II) cuirfear “nó, de réir mar a bheidh, ina mbeidh laghdú ar stocluach cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta le cinneadh de réir fhomhír (1A)” i bhfomhír (2) i ndiaidh “de réir fhomhír (1),”,
(d) sa Chúigiú Sceideal a ghabhann leis an Acht Airgeadais, 1975 (a cuireadh isteach le halt 26 den Acht Airgeadais, 1976)—
(i) i mír 1 (1)—
(I) cuirfear “nó, de réir mar a bheidh, an laghdú ar stocluach na cuideachta” isteach i ndiaidh “an méadú ar stocluach na cuideachta”, agus
(II) cuirfear “nó, de réir mar a bheidh, fho-alt (7)” isteach i ndiaidh “fho-alt (2)”,
(ii) i mír 2—
(I) cuirfear an fhomhír seo a leanas isteach i ndiaidh fhomhír (1):
“(1A) In aon chás a mbaineann mír 1 (1) leis, déanfar an laghdú ar stocluach cuideachta sa tréimhse chuntasaíochta a chinneadh chun críocha alt 31A de réir na foirmle
A (O-C) |
_______ |
N |
i gcás—
na bríonna céanna a bheith le A, O, C agus N atá leo i bhfomhír (1):
Ar choinníoll, in aon chás a mbeidh an tréimhse chuntasaíochta a luaitear in alt 31A (10) ar áireamh i dtreoirthréimhse na cuideachta, go gcinnfear an laghdú ar an stocluach in aon tréimhse chuntasaíochta atá ar áireamh sa treoirthréimhse sin ionann is dá mba é N (in ionad seasamh don uimhir míonna sa treoirthréimhse) an uimhir míonna sa tréimhse ó thosach na treoirthréimhse go dtí deireadh na tréimhse cuntasaíochta a luaitear amhlaidh.”, agus
(II) cuirfear “nó, de réir mar a bheidh, ina mbeidh laghdú ar stocluach cuideachta i dtréimhse chuntasaíochta le cinneadh de réir fhomhír (1A)” i bhfomhír (2) i ndiaidh “de réir fhomhír (1),”.
2. Leasófar alt 12 den Acht Airgeadais, 1976, de réir na bhforálacha seo a leanas den mhír seo:
(a) i bhfo-alt (3) cuirfear “1977-78” in ionad “1976-77”,
(b) déanfar, le héifeacht amhail ar an agus ón 6ú lá d'Aibreán, 1976, na fo-ailt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (5)—
“(5) Le linn ioncam trádála duine a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch dáta sa bhliain 1976-77, áireofar méid an laghdaithe sin mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin:
Ar choinníoll nach mó an méid a áireofar amhlaidh ná méid comhiomlán na n-asbhaintí a bhí an duine i dteideal a dhéanamh faoin alt seo le linn a ioncam trádála do na tréimhsí cuntasaíochta dar chríoch dáta sa bhliain 1975-76 a bheith á ríomh.
(6) Le linn ioncam trádála duine a bheith á ríomh d'aon tréimhse chuntasaíochta ina mbeidh laghdú ar stocluach agus dar críoch an 6ú lá d'Aibreán, 1977, nó aon lá dá éis, áireofar mar fháltas trádála de chuid na trádála don tréimhse chuntasaíochta sin an méid (más ann) ar mó A ná comhiomlán B agus C
i gcás—
arb é A méid comhiomlán na laghduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1977, nó aon lá dá éis,
arb é B méid comhiomlán na méaduithe ar stocluach an duine sna tréimhsí cuntasaíochta go léir dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1977, nó aon lá dá éis, agus
arb é C comhiomlán na méideanna a áireofar mar fháltais trádála de chuid thrádáil an duine do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1977, nó aon lá dá éis:
Ar choinníoll nach mó an méid a áireofar, de bhua an fho-ailt seo, mar fháltas trádála de chuid thrádáil an duine d'aon tréimhse chuntasaíochta ná méid a chinnfear de réir na foirmle
D-E
i gcás—
arb é D méid comhiomlán na n-asbhaintí a bhí an duine i dteideal a dhéanamh faoi fhorálacha an ailt seo le linn a ioncam trádála a bheith á ríomh do thréimhsí cuntasaíochta dar chríoch an 6ú lá d'Aibreán, 1975, nó aon lá dá éis, agus
arb é E comhiomlán na méideanna a áiríodh faoi fhorálacha an ailt seo mar fháltais trádála de chuid na trádála do thréimhsí cuntasaíochta roimhe sin.
(7) I gcás éifeacht don bhliain 1977-78 a bheith le hasbhaint arna lamháil de bhua an ailt seo le linn brabúis trádála duine ó thrádáil a bheith á ríomh do thréimhse chuntasaíochta—
(a) ní bheidh an duine i dteideal faoiseamh faoi alt 309 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, don bhliain 1978-79 ná d'aon bhliain dá éis sin maidir le caillteanas a tabhaíodh sa trádáil roimh an 6ú lá d'Aibreán, 1977,
(b) ní bheidh an duine i dteideal faoiseamh faoi alt 311 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, don bhliain 1976-77 ná d'aon bhliain roimhe sin maidir le caillteanas a tabhaíodh sa trádáil, agus
(c) ní bheidh feidhm ag forálacha alt 241 (3) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, ná ag forálacha an ailt sin arna gcur chun feidhme le haon fhoráil eile de na hAchtanna Cánach Ioncaim, maidir le liúntas caipitiúil nó cuid de liúntas caipitiúil arb éard é, nó a meastar gurb éard é, liúntas caipitiúil, nó cuid de liúntas caipitiúil, don bhliain 1977-78 agus nár tugadh lánéifeacht dó an bhliain sin toisc nach raibh brabúis ná gnóchain inmhuirearaithe ann don bhliain sin nó toisc gan dóthain brabús nó gnóchan inmhuirearaithe a bheith ann don bhliain sin.
(8) I gcás a dtarlóidh, i dtréimhse chuntasaíochta, go scoirfidh duine de thrádáil a sheoladh nó go scoirfidh sé de bheith ina chónaí sa Stát nó go scoirfidh sé de bheith laistigh de réim cánach faoi Chás I de Sceideal D i leith trádála, measfar, chun críocha fho-ailt (5) agus (6), gur nialas stocluach dúnta an duine.
(9) Bainfidh na forálacha sin roimhe seo den alt seo le trádáil a sheolann comhpháirtíocht mar a bhaineann siad le trádáil a sheolann duine.”.
AN DARA SCEIDEAL
Achtacháin a Aisghairtear
CUID I
Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
(1) | (2) | (3) |
Alt 21 agus an Cúigiú Sceideal a mhéid nach bhfuil sé aisghairthe. | ||
Alt 22. | ||
Ailt 355, 357 agus 369 (2), Codanna I agus II agus míreanna 2, 3, 4 agus 5 de Chuid III de Sceideal 6 agus Sceideal 7. | ||
In alt 35 (2), na focail “(a) Tuaisceart Éireann agus an Bhreatain Mhór”. | ||
Ailt 32 agus 38 agus an Dara agus an Ceathrú Sceideal. | ||
An coinníol a ghabhann le halt 4 (2). | ||
Fo-ailt (6) agus (7) d'alt 42. | ||
I.R. Uimh. 143 de 1975 | An tOrdú um Fhaoiseamh ó Chánachas Dúbailte (Cánacha ar Ioncam) (an Ríocht Aontaithe), 1975. | An tOrdú go léir. |
CUID II
Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
(1) | (2) | (3) |
Alt 356. |
CUID III
Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
(1) | (2) | (3) |
Alt 17. |
CUID IV
Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na hAisghairme |
(1) | (2) | (3) |
Alt 67 (4). |
Na hAchtanna dá dTagraítear | |
Finance (1909-1910) Act, 1910 | 1910, c. 8. |
Finance Act, 1920 | 1920, c. 18. |
An tAcht Leasa Shóisialaigh, 1952 | |
Stamp Act, 1891 | 1891, c. 39. |