Uimhir 25 de 1975
AN tACHT CÁNACH RACHMAIS, 1975
[An tiontú oifigiúil]
Léiriú.
1.—(1) San Acht seo ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt—
ciallaíonn “duine cuntasach” duine atá cuntasach i gcáin a íoc de bhua alt 14;
ciallaíonn “duine inmheasúnaithe” pearsa aonair, iontaobhas lánroghnach nó cuideachta neamhthrádála phríobháideach;
folaíonn “leanbh”—
(a) leasleanbh;
(b) leanbh a uchtaíodh—
(i) faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1974; nó
(ii) faoi dhlí uchtála, seachas na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1974, is uchtáil a bhfuil léi, san áit a bhfuil feidhm ag an dlí, an éifeacht chéanna go substaintiúil i ndáil le cearta maoine (lena n-áirítear an dlí comharbais) atá le huchtáil faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1974, sa Stát i ndáil leis na cearta sin;
agus measfar gur leanbh leis an uchtóir nó leis na huchtóirí, a rugadh dó nó dóibh de phósadh dleathach, agus nach leanbh le haon duine eile, an leanbh sin;
ciallaíonn “na Coimisinéirí” na Coimisinéirí Ioncaim;
ciallaíonn “iontaobhas lánroghnach” aon diúscairt a ndéantar dá bíthin, dá bua nó dá droim maoin a theachtadh ar iontaobhas le ioncam nó caipiteal nó le cuid d'ioncam nó de chaipiteal na maoine a chur chun sochair, nó le cumhacht sin a chur chun sochair, d'aon duine nó daoine nó d'aon duine amháin nó níos mó de líon nó d'aicme daoine cibé acu de rogha na n-iontaobhaithe nó aon duine eile é agus d'ainneoin cumhacht a bheith ann an t-ioncam go léir nó aon chuid den ioncam a charnadh agus chun críocha an mhínithe seo folaíonn “diúscairt” aon diúscairt cibé acu trí ghníomhas nó trí uacht agus aon chúnant, comhaontú nó comhshocraíocht cibé acu le scríbhinn nó gan scríbhinn a rinneadh;
ciallaíonn “teideal seilbhe” ceart láithreach chun sealúchais mhaoine i gcodarsna cheart den sórt sin san am le teacht, agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo measfar freisin, chun críocha an Achta seo, teideal seilbhe a bheith ag duine—
(a) chun maoin atá cuimsithe in ionstraim a fhéadann sé a chúlghairm, agus
(b) chun leasa nó scaire i gcomhpháirtíocht, i gcomhthionóntacht nó in eastát duine éagtha inar comhpháirtí, comhthionónta nó tairbhí, de réir mar a bheidh, é,
ach ní mheasfar teideal seilbhe a bheith aige chun leasa fheifigh go dtí go dtarlóidh teagmhas trína scoireann an leas sin de bheith ina leas feifeach agus chun críocha an mhínithe seo folaíonn “leas feifeach” eastát i bhfuíoll nó i bhfrithdhílse ach ní fholaíonn sé—
(i) fuíoll atá feifeach ar fhoirceannadh léasa,
(ii) frithdhílse atá feifeach ar fhoirceannadh leasa theoranta a bhunaigh an duine;
forléireofar “leas teoranta” de réir alt 3 (5) (b);
ciallaíonn “margadhluach”, i ndáil le maoin, margadhluach na maoine arna fhionnadh de réir alt 8 nó 9 de réir mar a bheidh;
ciallaíonn “leanbh mionaoiseach” leanbh nach bhfuil 21 bliain d'aois slánaithe aige ar an dáta luachála iomchuí agus nár phós ar an dáta sin nó roimhe;
ciallaíonn “margadhluach glan”, i ndáil le haon mhaoin, margadhluach glan na maoine sin arna fhionnadh de réir alt 10 nó 11, de réir mar a bheidh;
tá le “gnáthchónaí” an bhrí chéanna atá leis sna hAchtanna Cánach Ioncaim agus pearsa aonair a raibh gnáthchónaí air sa Stát ar feadh bliana dar chríoch dáta luachála measfar gnáthchónaí a bheith air sa Stát ar an dáta luachála sin;
ciallaíonn “maoin phearsanta” aon mhaoin seachas maoin réadach;
ciallaíonn “ionadaí pearsanta” seiceadóir nó riarthóir duine éagtha de thuras na huaire agus folaíonn sé aon duine a ghlacann seilbh ar mhaoin duine éagtha nó a idirláimhsíonn an mhaoin sin, agus folaíonn sé freisin aon duine a bhfuil aige, i ndáil leis an éagach, faoi dhlí tíre eile, aon fheidhmeanna ar comhréir le feidhmeanna seiceadóra nó riarthóra chun críocha riaracháin faoi dhlí an Stáit;
tá le “cuideachta neamhthrádála phríobháideach” an bhrí a shanntar dó le halt 6 (3);
folaíonn “maoin” leasanna agus cearta d'aon chineál;
ciallaíonn “maoin réadach” maoin réadach agus maoin airnéise réadaí agus folaíonn sé maoin réadach agus maoin airnéise réadaí atá faoi réir iontaobhais díola agus a bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe chuici ag pearsa aonair nó ag duine inmheasúnaithe eile nach bhfuil a mhaoin lasmuigh den Stát faoi dhliteanas cánach;
ciallaíonn “cáin” cáin rachmais is inmhuirearaithe de bhua an Achta seo;
ciallaíonn “dáta luachála”, i ndáil le haon bhliain, an 5ú lá d'Aibreán an bhliain sin.
(2) Chun críocha an Achta seo, measfar fearchéile agus banchéile a bheith in aontíos le chéile ar dháta luachála, mura rud é ar an dáta sin—
(a) go bhfuil siad scartha ó chéile faoi ordú ó chúirt dlínse inniúla nó le gníomhas idirscartha, nó
(b) go bhfuil siad scartha ó chéile iarbhír in imthosca a thugann gur dóigh gur buanscaradh é.
(3) San Acht seo—
(a) aon tagairt d'alt is tagairt í d'alt den Acht seo mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe;
(b) aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír, is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil ina bhfuil an tagairt mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe;
(c) aon tagairt d'aon achtachán eile déanfar, ach amháin a mhéid a éilíonn an comhthéacs a mhalairt, í a fhorléiriú mar thagairt don achtachán sin arna leasú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo, nó faoi.
Muirearú cánach rachmais.
2.—Faoi réir forálacha an Achta seo agus aon rialachán faoi, déanfar, le héifeacht amhail ar an agus ón 5ú lá d'Aibreán, 1975, cáin, dá ngairfear cáin rachmais, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc in aghaidh na bliana ar mhargadhluach glan na maoine inchánach a bheidh ar an dáta luachála gach bliain ag gach duine imheasúnaithe agus is é an ráta cánach aon faoin gcéad den mhargadhluach glan sin.
Rachmas inchánach pearsan aonair.
3.—(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, áireofar i rachmas inchánach pearsa aonair ar sa Stát atá sainchónaí agus gnáthchónaí air ar an dáta luachála an mhaoin go léir, cibé áit a bhfuil sí, a bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe aige chuici ar an dáta sin.
(2) Faoi réir forálacha an Achta seo, ní áireofar i rachmas inchánach pearsan aonair seachas pearsa aonair ar sa Stát atá sainchónaí agus gnáthchónaí air ar an dáta luachála ach an mhaoin sa Stát a bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe aige chuici ar an dáta sin.
(3) I gcás ina n-áirítear leas is leas teoranta i maoin a bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe chuici ag pearsa aonair, is maoin a bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe chuici ag an bpearsa aonair an mhaoin go léir nó an chuid iomchuí den mhaoin ina bhfuil an leas teoranta nó ar a bhfuil sé muirearaithe nó urraithe nó a bhfuil an phearsa aonair i dteideal go muirearófaí nó go n-urrófaí amhlaidh uirthi é; agus, más é atá i leas teoranta pearsa aonair ar sa Stát atá sainchónaí agus gnáthchónaí air blianacht nó íocaíocht thréimhsiúil eile nach bhfuil muirearaithe ná urraithe ar aon mhaoin, is maoin inchánach de chuid na pearsan aonair cibé suim a thabharfadh, da n-infheisteofaí í ar an dáta luachála san urrús Rialtais is deireanaí a eisíodh roimh an dáta sin le haghaidh suibscríobh sa Stát agus is infhuascailte tráth nach luaithe ná 10 mbliana tar éis an dáta eisiúna, ar bhonn an toraidh reatha ar an urrús, ioncam bliantúil ar cóimhéid leis an mblianacht nó leis na tsuim thréimhsiúil eile a fuarthas sa dá mhí dhéag roimh an dáta luachála:
Ar choinníoll, i gcás blianachta a ceannaíodh, go mbeidh de rogha ag an mblianachtóir—
(a) go ndéileálfar chun críocha an fho-ailt seo mar bhlianacht nach bhfuil muirearaithe ná urraithe ar aon mhaoin le cibé cuid den bhlianacht cheannaithe a meastar gur ioncam é chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim, agus
(b) ina theannta sin, go ndéileálfar mar chuid dá rachmas inchánach leis an gcion den chomaoin i leith an bhlianacht a cheannach is ionann agus an coibhneas idir iarmhéid na blianachta ceannaithe (tar éis an méid sin di dá dtagraítear mír (a) a asbhaint) agus an bhlianacht iomlán.
(4) Chun críocha an Achta seo, i gcás ina n-áirítear sa mhaoin a bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe ag pearsa aonair chuici frithdhílse atá feifeach ar fhoirceannadh leasa theoranta, measfar teideal seilbhe a bheith ag an bpearsa aonair féin chun an leasa theoranta sin agus beidh feidhm dá réir sin ag forálacha an ailt seo.
(5) Chun críocha an Achta seo—
(a) (i) pearsa aonair nach bhfuil sainchónaí air sa Stát ar dháta luachála agus nach bhfuil tar éis cónaí sa Stáit ar feadh tréimhse nach lú ná—
(I) 183 lá sa bhliain dar críoch an dáta sin, agus
(II) 183 lá i ngach ceann de shé bliana nó níos mó de na naoi mbliana díreach roimh an mbliain sin.
measfar sainchónaí agus gnáthchónaí a bheith air sa Stát ar an dáta luachála sin;
(ii) pearsa aonair a raibh sainchónaí agus gnáthchónaí air sa Stát ar dháta luachála, measfar, d'ainneoin é do scor de shainchónaí a bheith air sa Stát tar éis an dáta sin, sainchónaí a bheith air sa Stát ar na trí dháta luachála díreach i ndiaidh an dáta luachála sin:
Ar choinníoll nach mbainfidh an fhomhír seo le pearsa aonair lena mbaineann fomhír (i).
(b) measfar teideal a bheith ag pearsa aonair chun leasa is leas teoranta in aon chás inarb éigean—
(i) an t-ioncam, nó cuid den ioncam, más ann, nó blianacht nó íocaíocht thréimhsiúil eile as ioncam maoine nach bhfuil teideal iomlán aige chuici, nó
(ii) blianacht nó íocaíocht thréimhsiúil eile nach bhfuil muirearaithe ná urraithe ar aon mhaoin,
a íoc leis nó a chur chun tairbhe dó i rith aon tréimhse ama (lena n-áirítear tréimhse is inchinnte faoi threoir báis duine) dar tosach an dáta luachála iomchuí nó dáta roimhe sin agus dar críoch an dáta luachála iomchuí nó dáta dá éis sin (cibé acu is dáta nó nach dáta sa tréimhse sin an dáta sin) agus, chun críocha fhomhír (i) den mhír seo, measfar ioncam do theacht as maoin a bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe ach nach bhfuil teideal iomlán ag duine chuici agus measfar an t-ioncam a bheith iníoctha leis nó inchurtha chun tairbhe dó agus forléireofar “leas teoranta” dá réir sin.
(c) ciallaíonn “an chuid iomchuí”, i ndáil le maoin dá dtagraítear i bhfo-alt (3), an chuid sin den mhaoin a bhfuil idir í agus an mhaoin iomlán an coibhneas céanna atá idir ioncam comhiomlán an leasa theoranta dá dtagraítear i gcéaduair i bhfo-alt (3) agus ioncam comhiomlán na maoine iomláine, agus measfar an chuid iomchuí de gach uile mhír maoine dá bhfuil sa mhaoin chomhiomlán a bheith ar áireamh sa mhaoin a bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe ag an bpearsa aonair chuici.
Rachmas inchánach pearsana aonair áirithe a chomhshuimiú.
4.—(1) Chun críocha an Achta seo, folóidh an mhaoin a bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe ag pearsa aonair chuici ar dháta luachála an mhaoin go léir, freisin, a bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe chuici—
(a) ag banchéile na pearsan aonair, má bhíonn sí in aontíos leis ar an dáta luachála, agus
(b) ag leanaí mionaoiseacha (más ann) na pearsan aonair,
ar an dáta luachála;
Ar choinníoll i gcás inarb amhlaidh, ar dháta luachála, nach bhfuil banchéile in aontíos lena fearchéile, nó go bhfuil ceachtar acu marbh, go bhfolóidh an mhaoin a bhfuil teideal seilbhe chuici ag ceachtar acu nó ag an marthanóir an mhaoin a bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe chuici ag leanbh mionaoiseach leis na tuismitheoirí sin má bhíonn, agus amháin má bhíonn, coimeád an linbh ag an tuismitheoir sin ar an dáta sin.
(2) I gcás maoin duine eile a bheith ar áireamh i rachmas inchánach pearsan aonair de bhua fho-alt (1), déanfaidh na Coimisinéirí, ar iarratas ón bpearsa aonair nó thar a cheann nó ó dhuine eile nó thar a cheann, an méid cánach a measúnaíodh ar an bpearsa aonair a chionroinnt idir an phearsa aonair agus an duine eile sin agus is é an méid cánach is inchurtha i leith an duine eile sin an méid cánach a mbeidh idir é agus méid iomlán cánach na pearsan aonair an coibhneas céanna a bheidh idir margadhluach glan rachmas inchánach an duine sin agus margadhluach glan rachmas inchánach na pearsan aonair:
Ar choinníoll gurb é an phearsa aonair is inchuntais go príomha i gcónaí faoi alt 14 i gcáin a íoc ar an rachmas inchánach a chomhshuimeofar faoin alt seo d'ainneoin aon chionroinnt a bheidh déanta faoin bhfo-alt seo.
Rachmas inchánach iontaobhais lánroghnaigh.
5.—(1) (a) Aireofar i rachmas inchánach iontaobhais lánroghnaigh ar dháta luachála an mhaoin go léir sa Stát atá ar áireamh san iontaobhas ar an dáta luachála.
(b) Aireofar freisin i rachmas inchánach iontaobhais lánroghnaigh ar dháta luachála aon mhaoin lasmuigh den Stát atá ar áireamh san iontaobhas ar an dáta luachála in aon chás—
(i) inar sa Stát atá cónaí agus sainchónaí agus gnáthchónaí ar an socraitheoir ar an dáta sin.
(ii) inar sa Stát a bhí sainchónaí agus gnáthchónaí ar an socraitheoir nuair a bunaíodh an t-iontaobhas,
(iii) más le huacht a bunaíodh an t-iontaobhas, inar sa Stát a bhí sainchónaí ar an socraitheoir ar dháta a bháis, nó
(iv) inar sa Stát atá sainchónaí agus gnáthchónaí ar na príomh-chuspóirí faoin iontaobhas ar an dáta luachála sin.
(c) I gcás gan feidhm a bheith ag aon cheann de na fomhíreanna i mír (b), ní áireofar i rachmas inchánach iontaobhais lánroghnaigh (i dteannta na maoine go léir sa Stát atá ar áireamh san iontaobhas ar an dáta luachála) ach an cion sin (más aon chion é) den mhaoin lasmuigh den Stát atá ar áireamh san iontaobhas ar an dáta luachála atá comhionann leis an gcomhréir atá idir an líon de na príomh-chuspóirí faoin iontaobhas a bhfuil sainchónaí agus gnáthchónaí orthu sa Stát agus an líon iomlán príomhchuspóirí faoin iontaobhas.
(2) I gcás, áfach, inarb iad is príomh-chuspóirí faoi iontaobhas lánroghnach leanbh nó leanaí de phósadh i dteannta nó d'éagmais a thuismitheora nó a thuismitheoirí nó a dtuismitheora nó a dtuismitheoirí (nó marthanóirí nó marthanóra na ndaoine sin), agus go bhfuil leanbh mionaoiseach, is duine de na leanaí sin, beo ar an dáta luachála iomchuí, ansin, maidir leis an maoin atá ar áireamh san iontaobhas—
(a) más dáta i rith comhshaol na bpáirtithe sa phósadh an dáta luachála, measfar gur maoin í a bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe chuici ag an bhfearchéile:
Ar choinníoll, más dáta é nuair nach mbeidh an fearchéile agus an banchéile in aontíos le chéile agus nach cuspóir don iontaobhas an fearchéile, go measfar gur maoin a bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe chuici ag an mbanchéile an mhaoin atá ar áireamh san iontaobhas,
(b) más dáta i rith saol an pháirtí mharthanaigh sa phósadh an dáta luachála, measfar gur maoin í a bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe chuici ag an bpáirtí sin, agus
(c) más dáta an dáta luachála nach cuspóir don iontaobhas ceachtar páirtí sa phósadh nó más dáta é tar éis bhás an pháirtí mharthanaigh sa phósadh, measfar gur maoin í a bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe chuici i scaireanna comhionanna ag leanaí mionaoiseacha an phósta nó gur maoin í a bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe chuici ag leanbh mionaoiseach aonair an phósta, mura maireann ach leanbh amháin den sórt sin,
agus beidh feidhm ag alt 3, in ionad fho-alt (1), maidir leis an maoin sin.
(3) I gcás ina suífear chun sástacht na gCoimisinéirí iontaobhas lánroghnach a bheith ann ar dháta luachála chun tairbhe eisiatach—
(a) do pháirtí amháin nó don dá pháirtí i bpósadh, nó
(b) do phearsa aonair ainmnithe amháin nó níos mó, ar an gcúis go bhfuil an phearsa aonair sin nó na pearsana aonair sin go léir, mar gheall ar aois, éagumas nó míbharrainn neamhinniúil ar a ghnóthaí nó a ngnóthaí féin a riaradh, nó ar aon chúis eile den tsamhail chéanna is leor, i dtuairim na gCoimisinéirí, chun na sochair a thugtar leis an bhfo-alt seo a fhíréanú,
agus nár thairbhigh aon duine eile den iontaobhas sin, measfar, maidir leis an maoin atá ar áireamh san iontaobhas ar an dáta luachála sin, gur maoin í a bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe chuici ag an bpáirtí nó ag an bpearsa aonair réamhráite, nó, má bhíonn níos mó ná páirtí nó pearsa aonair amháin ann, a bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe chuici i scaireanna comhionanna ag na páirtithe nó ag na pearsana aonair sin agus beidh feidhm ag alt 3, in ionad fho-alt (1), maidir leis an maoin sin.
(4) San alt seo—
ciallaíonn “cuspóir”, i ndáil le hiontaobhas lánroghnach, duine a ndéantar, nó a bhféadfar, tráth ar bith, ioncam nó caipiteal, nó aon chuid d'ioncam nó de chaipiteal, mhaoin an iontaobhais a fheidhmiú chun tairbhe dó;
ciallaíonn “príomh-cuspóirí”, i ndáil le hiontaobhas lánroghnach, cibé cuspóirí de chuid an iontaobhais a mhaireann ar an dáta luachála iomchuí agus arb í an chéim chéanna de ghaol fola atá acu leis an socraitheoir (is céim de ghaol fola leis an socraitheoir is gaire ná a bhfuil ag aon duine eile de chuspóirí an iontaobhais a mhaireann ar an dáta sin) agus, mura bhfuil aon chuspóirí de chuid an iontaobhais ann ar an dáta sin a bhfuil an gaol sin acu leis an socraitheoir, ciallaíonn sé cuspóirí uile an iontaobhais a mhaireann ar an dáta sin, agus—
(a) i gcás inar cuspóir don iontaobhas nó ina n-áirítear ar chuspóirí an iontaobhais comhlacht daoine, measfar gur cuspóirí de chuid an iontaobhais comhaltaí an chomhlachta daoine sin, agus
(b) chun críocha an mhínithe seo—
(i) measfar an chéim chéanna de ghaol fola a bheith idir céile an tsocraitheora agus an socraitheoir atá ag leanaí an tsocraitheora leis agus measfar an chéim chéanna de ghaol fola a bheith idir céile duine agus an socraitheoir atá ag an duine leis,
(ii) ciallaíonn “comhlacht daoine” aon chomhlacht polaiteach, corpraithe nó coláisteach, agus aon chuideachta, comhpháirtíocht, bráithreachas, comhaltacht agus cumann daoine, corpraithe nó neamhchorpraithe;
folaíonn “socraitheoir”, i ndáil le hiontaobhas lánroghnach, duine a sholáthair maoin atá ar áireamh san iontaobhas agus measfar gur sholáthair duine an mhaoin atá ar áireamh san iontaobhas má sholáthair sé í go díreach nó go hindíreach agus go háirithe (ach gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo) má rinne sé nó má ghlac sé air féin maoin a sholáthar go díreach nó go hindíreach chun críocha an iontaobhais, nó má rinne sé socrú cómhalartach le haon duine eile go soláthródh an duine sin maoin chun críocha an iontaobhais agus, in aon chás ina mbeidh níos mó ná socraitheoir amháin ann, measfar gur socraitheoir gach duine acu a mhéid a sholáthair sé amhlaidh an mhaoin atá ar áireamh san iontaobhas agus measfar iontaobhas a bheith bunaithe de réir mar a bheidh agus nuair a bheidh agus a mhéid a bheidh maoin soláthraithe amhlaidh ag socraitheoir.
(5) Chun críocha an ailt seo, beidh feidhm ag alt 3 (3) agus ag míreanna (b) agus (c) d'alt 3 (5), fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le maoin atá ar áireamh in iontaobhas lánroghnach a fholaíonn leas ar leas teoranta é mar atá feidhm acu i ndáil le maoin a bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe chuici ag pearsa aonair agus a fholaíonn leas ar leas teoranta é.
Rachmas inchánach cuideachta neamhthrádála príobháidí.
6.—(1) (a) Aireofar i rachmas inchánach cuideachta neamhthrádála príobháidí ar dháta luachála an mhaoin go léir sa Stát a bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe chuici ag an gcuideachta ar an dáta luachála.
(b) Aireofar freisin i rachmas inchánach cuideachta neamhthrádála príobháidí ar dháta luachála aon mhaoin lasmuigh den Stát a bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe chuici ag an gcuideachta ar an dáta luachála in aon chás—
(i) ar sa Stát atá an chuideachta corpraithe,
(ii) ar sa Stát atá lárionad éifeachtach bainistíochta na cuideachta, nó
(iii) ina bhfuil rialú na cuideachta ag pearsa aonair ar sa Stát atá sainchónaí agus gnáthchónaí air nó ag iontaobhaí iontaobhais lánroghnaigh a bhfuil a mhaoin go léir, cibé áit a bhfuil sí, inmhuirearaithe i leith cánach faoi alt 5 nó ag cuideachta atá corpraithe sa Stát nó ar sa Stát atá a lárionad éifeachtach bainistíochta nó atá faoi rialú mar a dúradh.
(2) Chun críocha an ailt seo, beidh feidhm ag alt 3 (3) agus ag míreanna (b) agus (c) d'alt 3 (5), fara aon mhodhnuithe is gá, i ndáil le maoin a bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe chuici ag cuideachta neamhthrádála phríobháideach agus a bhfuil ar áireamh inti leas ar leas teoranta é mar atá feidhm acu i ndáil le maoin a bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe chuici ag pearsa aonair agus a bhfuil ar áireamh inti leas ar leas teoranta é.
(3) San alt seo—
ciallaíonn “cuideachta” comhlacht corpraithe (cibé áit a bhfuil sé corpraithe)—
(a) nach mó ná caoga líon na scairshealbhóirí ann (gan fostaithe nach stiúrthóirí ar an gcuideachta ná aon scairshealbhóir atá ina scairshealbhóir mar ainmní ag úinéir tairbhiúil scaireanna a áireamh),
(b) nach de thoradh cuireadh poiblí suibscríobh le haghaidh scaireanna a d'eisigh sé aon chuid dá scaireanna, agus
(c) atá faoi rialú ag cuid nach mó ná cúigear daoine,
ach ní fholaíonn sé—
(A) comhlacht corpraithe (seachas cuideachta de réir brí alt 2 d'Acht na gCuideachtaí, 1963) a bunaíodh le hAcht ón Oireachtas nó faoi, ná
(B) cuideachta de réir brí alt 2 d'Acht na gCuideachtaí, 1963, atá faoi rialú Aire Stáit,
agus chun críocha an ailt seo—
(i) measfar cuideachta a bheith faoi rialú ag cuid nach mó ná cúigear daoine má fheidhmíonn aon chúigear nó aon chuid is lú ná cúigear daoine, le chéile, rialú, nó má fhéadann siad rialú a fheidhmiú, nó má tá siad i dteideal rialú a fháil, go díreach nó go hindíreach, ar an gcuideachta; agus chun na críche sin áireofar faoi seach mar dhuine aonair daoine is gaolta dá chéile, daoine is ainmnithe de chuid aon duine eile i dteannta an duine eile sin, daoine i gcomhpháirtíocht agus daoine a bhfuil leas acu in aon scaireanna nó oibleagáidí de chuid na cuideachta atá faoi réir aon iontaobhais nó is cuid d'eastát duine éagtha, agus
(ii) measfar rialú a bheith ag duine ar chuideachta tráth ar bith más rud é—
(I) go raibh aige an tráth sin rialú ar chumhachtaí vótála ar gach ceist nó ar aon cheist áirithe a bhain leis an gcuideachta i gcoitinne ar chumhachtaí iad a thabharfadh, dá bhfeidhmeofaí iad, tromlach na vótaí ab infheidhmithe ar an gceist, nó go bhféadfadh sé an tráth sin an rialú sin a fháil trí chumhacht a fheidhmiú an tráth sin ab infheidhmithe aige nó le hordú uaidh nó lena thoiliú,
(II) go raibh de chumas aige an tráth sin, nó go bhféadfadh sé an tráth sin trí chumhacht a fheidhmiú ab infheidhmithe aige nó le hordú uaidh nó lena thoiliú an cumas a fháil, aon chumhacht acu seo a leanas a fheidhmiú nó a bhfeidhmiú a rialú, is é sin le rá, cumhachtaí bhord stiúrthóirí na cuideachta nó stiúrthóra ceannais ar an gcuideachta, cumhacht tromlach stiúrthóirí na cuideachta nó stiúrthóir ceannais ar an gcuideachta a ainmniú, cumhacht urbhang a chur le ceapadh stiúrthóra ar an gcuideachta, nó cumhachtaí den chineál céanna,
(III) go raibh ceart aige an tráth sin cuid is mó ná leath mhéid iomlán díbhinní na cuideachta a fháil, dearbhaithe nó gan dearbhú, nó go raibh sé á bhfáil, agus chun críocha na fomhíre seo measfar go bhfolaíonn “díbhinn” ús ar aon bhintiúir de chuid na cuideachta, nó
(IV) go raibh leas aige an tráth sin i scaireanna nó i mbintiúir, nó i scaireanna agus i mbintiúir, de chuid na cuideachta dar luach ainmniúil comhiomlán méid ab ionann agus leath nó níos mó ná leath luach ainmniúil comhiomlán scaireanna agus bintiúir na cuideachta;
ciallaíonn “cuideachta neamhthrádála phríobháideach” cuideachta ar ioncam infheistíochta go hiomlán nó go formhór a hioncam sa dá mhí dhéag roimh an dáta luachála, is é sin le rá, ioncam nárbh ioncam tuillte é de réir brí alt 2 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, dá mba phearsa aonair an chuideachta, agus ar mhaoin as ar tháinig an t-ioncam infheistíochta sin a maoin go hiomlán nó go formhór ar an dáta sin, agus, chun críocha an mhínithe seo, measfar, i gcás cuideachta nach cuideachta lena mbaineann fo-alt (1) (b), gur ioncam infheistíochta ioncam as maoin réadach sa Stát.
(4) (a) San alt seo—
folaíonn “ainmní” duine ar féidir a cheangal air a chumhacht vótála a fheidhmiú ar orduithe ó dhuine eile nó a shealbhaíonn a scaireanna, go díreach nó go hindíreach, thar ceann duine eile;
ciallaíonn “gaol”—
(i) fearchéile nó banchéile, nó
(ii) dírshinsear, dírshliochtach, uncail, aintín, deartháir, deirfiúr, sliochtach dearthár nó deirféar, nó banchéile nó fearchéile aon duine de na daoine sin;
folaíonn “scair”, i ndáil le cuideachta, aon leas i gcuideachta atá ar aon-chineál le scair sa chuideachta.
(b) Chun críocha an ailt seo measfar maidir le cuideachta atá faoi rialú aon duine amháin nó níos mó den phearsa aonair agus gaolta na pearsan aonair gur gaol don phearsa aonair í féin.
(5) Ní bhainfidh an t-alt seo le cuideachta neamhthrádála phríobháideach atá faoi rialú ag comhlacht corpraithe nach cuideachta neamhthrádála phríobháideach agus, chun críocha an fho-ailt seo, i gcás ina mbeidh ag comhlacht corpraithe (dá ngairtear an chéad chomhlacht corpraithe san fho-alt seo) rialú ar dhara comhlacht corpraithe agus go mbeidh rialú ag an dara comhlacht corpraithe ar chuideachta neamhthrádála phríobháideach, measfar rialú a bheith ag an gcéad chomhlacht corpraithe ar an gcuideachta neamhthrádála phríobháideach agus má bhíonn rialú ag tríú comhlacht corpraithe ar an gcéad chomhlacht corpraithe, measfar rialú a bheith ag an tríú comhlacht corpraithe ar an gcuideachta neamhthrádála phríobháideach, agus mar sin de.
Díolúine ag maoin áirithe.
7.—(1) Ní bheidh cáin iníoctha i leith na maoine seo a leanas ná ní rachmas inchánach an mhaoin sin—
(a) (i) teach cónaí, nó cuid de theach cónaí, a bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe chuige ag pearsa aonair ar an dáta luachála iomchuí agus atá á áitiú aige mar a aon-áit nó a phríomh-áit chónaí, agus
(ii) talamh atá ag an bpearsa aonair sin le haghaidh a áitíochta agus a shealúchais féin mar aon leis an áit chónaí sin, mar gharraí nó tailte leis an áit chónaí sin, suas go dtí acra amháin (gan láthair an tí cónaí a áireamh) ar méid:
Ar choinníoll—
(I) i gcás teach cónaí, nó cuid de theach cónaí, a bhfuil cuid de á úsáid go príomha chun críocha trádála, gnó, gairme nó slí beatha nó ligthe, nach mbainfidh an mhír seo leis an gcuid a úsáidtear chun na gcríocha sin nó atá ligthe amhlaidh, agus
(II) i gcás níos mó ná teach cónaí amháin a bheith le háireamh i rachmas inchánach pearsan aonair faoi alt 4, nach mbainfidh an mhír seo ach le haon teach cónaí amháin;
(b) troscán agus earraí tí, arb iad na nithe iad is gnách a bheith i dteach cónaí, nó i gcuid de theach cónaí, lena mbaineann mír (a);
(c) beostoc a bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe chuige ag duine is feirmeoir de réir brí alt 10;
(d) stoc folaíochta;
(e) an ceart chun aon sochar nó aon bhlianacht nó íocaíocht thréimhsiúil a fháil—
(i) faoi aon scéim chun sochair aoisliúntas a sholáthar ar scor a bunaíodh le haon achtachán nó faoi nó le haon ionstraim a rinneadh faoi aon achtachán nó fúithi;
(ii) faoi aon scéim aoisliúntas faoi choimirce de réir brí alt 235 (9) den Acht Cánach Ioncaim, 1967, nó faoi scéim iontaobhais nó faoi chuid de scéim iontaobhais a bheidh ceadaithe ag na Coimisinéirí faoi alt 235 nó 235A den Acht sin;
(iii) faoi na hAchtanna Leasa Shóisialaigh, 1952 go 1974;
(iv) faoi chonradh a bheidh ceadaithe ag na Coimisinéirí le faoiseamh a thabhairt chun críocha alt 236 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, maidir leis na préimheanna is iníoctha i leith an chonartha sin;
(v) dá ndéantar neamhshuim mar ioncam chun críocha na nAchtanna Cánach Ioncaim faoi fhorálacha alt 19 den Acht Airgeadais, 1973;
(f) maoin de chuid scéimeanna dá dtagraítear i bhfomhíreanna (i) agus (ii) de mhír (e);
(g) maoin atá ar áireamh in iontaobhas lánroghnach nó atá ar úinéireacht thairbhiúil ag cuideachta neamhthrádála phríobháideach, is iontaobhas nó cuideachta a bunaíodh nó a corpraíodh go heisiatach chun críocha carthanúla nó chun maoin a shealbhú is le scéim dá dtagraítear i bhfomhír (i) nó (ii) de mhír (e) nó maoin is ábhar d'iontaobhas a bunaíodh faoi scéim iontaobhais aonad chláraithe de réir brí an Achta um Iontaobhais Aonad, 1972, agus atá, ar an dáta luachála iomchuí, á sheoladh nó á seoladh go heisiatach chun na gcríocha sin nó chun na críche sin;
(h) aon urrús atá le háireamh i rachmas inchánach duine inmheasúnaithe ar an dáta luachála iomchuí i gcás nach mbeadh maoin ar bith de chuid an duine sin lasmuigh den Stát inmhuirearaithe i leith cánach ar an dáta sin; sa mhír seo ciallaíonn “urrús” aon urrús, stoc, bintiúr, stoc bintiúir, deimhniú muirir nó cineál eile urrúis a eisíodh, roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis, agus coinníoll leis go mbeidh sé díolmhaithe ó chánachas le linn dó bheith ar úinéireacht thairbhiúil seilbhe ag daoine nach bhfuil sainchónaí ná gnáthchónaí orthu sa Stát agus folaíonn sé aonaid de scéim iontaobhais aonad de réir brí alt 60 den Acht Airgeadais, 1973, agus aon stoc nó cineál eile urrúis lena mbaineann alt 92 den Acht sin;
(i) pictiúir, priontaí, leabhair, lámhscríbhinní, saothair ealaíne, seodra, bailiúcháin eolaíochta nó nithe eile nach sealbhaítear chun críocha trádála—
(i) ar dealraitheach do na Coimisinéirí, ar éileamh a dhéanamh chucu, gur díol spéise iad ó thaobh náisiúntachta, eolaíochta, staire nó ealaíne,
(ii) atá ar buanchoimeád sa Stát taobh amuigh de cibé asláithreachtaí sealadacha lasmuigh den Stát a bheidh ceadaithe ag na Coimisinéirí, agus
(iii) a bhfuil saoráidí réasúnacha ar fáil ina leith lena bhféadfaidh daoine den phobal nó comhlachtaí aitheanta nó comhlachais daoine breathnú orthu;
(j) garraithe sa Stát—
(i) ar dealraitheach do na Coimisinéirí, ar éileamh a dhéanamh chucu, gur díol spéise iad ó thaobh náisiúntachta, eolaíochta, staire nó ealaíne, agus
(ii) a bhfuil saoráidí réasúnacha ar fáil ina leith lena bhféadfaidh daoine den phobal nó comhlachtaí aitheanta nó comhlachais daoine breathnú orthu;
(k) crainn nó roschoill atá ag fás ar thalamh sa Stát agus atá ar an úinéireacht thairbhiúil chéanna leis an talamh;
(l) scaireanna i gcuideachta neamhthrádála phríobháideach i gcás ina bhfuil an mhaoin go léir, cibé áit a bhfuil sí, a bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe chuici ag an gcuideachta, ar áireamh, de réir alt 6, i rachmas inchánach na cuideachta sin ar an dáta luachála iomchuí nó ina mbeadh sí ar áireamh amhlaidh mura mbeadh forálacha an ailt seo.
(2) D'ainneoin aon ní dá bhfuil i bhfo-alt (1), tabharfar do na Coimisinéirí cibé sonraí agus cibé faisnéis i ndáil leis an maoin dá dtagraítear san fho-alt sin a mbeadh ceangal ann é a thabhairt dá mba chuid de rachmas inchánach an duine inmheasúnaithe an mhaoin sin.
Margadhluach maoine.
8.—(1) San Acht seo, faoi réir na bhforálacha eile de, measfar gurb é margadhluach aon mhaoine an praghas a gheofaí, i dtuairim na gCoimisinéirí, ar an maoin sin dá ndíolfaí ar an margadh oscailte í ar an dáta luachála ar cibé modh agus faoi réir cibé coinníollacha ba dhóigh, le réasún, a tharraingeodh an praghas ab fhearr ar an maoin don díoltóir.
(2) Le linn margadhluach aon mhaoine a bheith á mheas, socróidh na Coimisinéirí praghas na maoine de réir an mhargadhluacha ar an dáta luachála iomchuí agus ní dhéanfaidh siad aon laghdú ar an meastachán toisc go ndearnadh an meastachán ar an mbonn go gcuirfear an mhaoin go léir ar an margadh an tráth céanna.
(3) Déanfaidh na Coimisinéirí margadhluach aon mhaoine a fhionnadh ar cibé modh agus ar cibé slí inar cuí leo agus féadfaidh siad a údarú do dhuine aon mhaoin a iniúchadh agus luach an chéanna a thuairisciú dóibh chun críocha an Achta seo agus tabharfaidh an duine a bheidh i gcúram nó i seilbh na maoine sin cead don duine a bheidh údaraithe amhlaidh í a iniúchadh cibé tráthanna réasúnacha is dóigh leis na Coimisinéirí is gá.
(4) I gcás ina gceanglóidh na Coimisinéirí go ndéanfaidh duine a ainmneoidh siad luacháil, íocfaidh na Coimisinéirí costais na luachála sin.
Margadhluach scaireanna i gcuideachtaí trádála príobháideacha.
9.—(1) I gcás ina n-áireofar i rachmas inchánach duine inmheasúnaithe ar dháta luachála scaireanna i gcuideachta thrádála phríobháideach is cuideachta faoi rialú an duine inmheasúnaithe sin ar an dáta sin, déanfaidh na Coimisinéirí margadhluach gach scaire den sórt sin a fhionnadh chun críocha cánach ionann is dá mba chuid í de chnuasach scaireanna ar leor a líon le go mbeadh rialú ar an gcuideachta ag úinéir an chnuasaigh.
(2) (a) Tagairt san alt seo do chuideachta faoi rialú duine inmheasúnaithe is tagairt í do chuideachta atá—
(i) más pearsa aonair an duine, faoi rialú aon duine nó daoine acu seo a leanas, is é sin le rá, an phearsa aonair, gaolta na pearsan aonair, ainmnithe na pearsan aonair nó ainmnithe gaolta na pearsan aonair,
(ii) más iontaobhas lánroghnach an duine, faoi rialú aon duine nó daoine acu seo a leanas, is é sin le rá, iontaobhaithe an iontaobhais, príomhchuspóirí an iontaobhais de réir brí alt 5 (4), gaolta na gcuspóirí sin, ainmnithe na gcuspóirí sin nó ainmnithe gaolta na gcuspóirí sin,
(iii) más cuideachta neamhthrádála phríobháideach an duine, faoi rialú na cuideachta neamhthrádála príobháidí sin nó daoine ag a bhfuil rialú na cuideachta neamhthrádála príobháidí sin.
(b) Chun críocha an ailt seo measfar maidir le cuideachta atá faoi rialú aon duine amháin nó níos mó den phearsa aonair agus gaolta na pearsan aonair gur gaol don phearsa aonair í féin.
(c) (i) San alt seo—
tá le “cuideachta”, “ainmní” agus “scair” na bríonna a shanntar dóibh faoi seach le halt 6;
ciallaíonn “rialú” rialú chun críocha alt 6 agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin;
ciallaíonn “cuideachta thrádála phríobháideach” cuideachta de réir brí alt 6 nach cuideachta neamhthrádála phríobháideach.
(ii) Chun críocha fhomhír (i) forléireofar tagairtí san alt seo agus in alt 6 do ghaol mar thagairtí do dhuine is céile an duine nó leanbh mionaoiseach leis an duine ar i ndáil leis a úsáidtear an abairt.
(3) Chun críocha an ailt seo measfar, maidir le cuideachta, gur cuideachta í atá á rialú ag duine inmheasúnaithe ar dháta luachála más cuideachta í atá á rialú ag an duine sin ar an dáta sin nó má ba chuideachta í a bhí á rialú amhlaidh tráth ar bith sa tréimhse dhá mhí dhéag roimh an dáta sin agus a thiocfaidh, gan a bheith á rialú amhlaidh ar an dáta sin, chun a bheith á rialú amhlaidh arís tráth ar bith sa tréimhse dhá mhí dhéag tar éis an dáta sin.
Margadhluach glan maoine táirgiúla.
10.—(1) (a) Faoi réir fho-ailt (2) agus (3), déanfar margadhluach glan mhaoin lena mbaineann an fo-alt seo a fhionnadh—
(i) trí mhéid is ionann agus 50 faoin gcéad de mhargadhluach na maoine nó suim £100,000 cibé acu is lú a bhaint as margadhluach na maoine, agus
(ii) trí chion a bhaint, as an iarmhéid a bheidh fágtha ansin, d'aon fhiacha agus eirí a bheidh amuigh ar an dáta luachála iomchuí agus a tabhaíodh i ndáil leis an maoin sin agus leis an ngnó a bhí á sheoladh i ndáil léi, nó a tabhaíodh ag fáil na maoine sin, agus atá, le linn margadhluach glan maoine a bheith á fhionnadh faoi alt 11 (1), inbhainte as margadhluach na maoine, arb é an cion é is ionann agus an coibhneas idir an iarmhéid sin agus margadhluach na maoine.
(b) Baineann an fo-alt seo—
(i) le maoin talmhaíochta agus le hinnealra feirme atá ar áireamh i rachmas inchánach pearsan aonair ar feirmeoir é,
(ii) le báid iascaireachta atá ar áireamh i rachmas inchánach pearsan aonair, nó
(iii) le háitreabh óstáin atá ar áireamh i rachmas inchánach pearsan aonair.
(2) (a) I gcás, maidir le maoin talmhaíochta lena mbaineann fo-alt (1) agus atá i bhfoisceacht míle de limistéar uirbeach, ina suífear chun sástacht na gCoimisinéirí gur móide margadhluach na maoine sin a hard-acmhainn forbartha, déanfar a margadhluach, chun críche an fho-ailt sin, a fhionnadh trí 25 faoin gcéad a chur le luach talmhaíochta na maoine sin ar an dáta sin.
(b) Chun críocha an fho-ailt seo—
(i) measfar ard-acmhainn forbartha a bheith ag maoin talmhaíochta má shuitear chun sástacht na gCoimisinéirí gur dóigh go n-úsáidfear í le láithreacha a sholáthar le haghaidh tithe nó monarchana laistigh de chúig bliana ón dáta luachála iomchuí;
(ii) glacfar gurb é luach talmhaíochta aon mhaoine talmhaíochta a margadhluach dá mbeadh an mhaoin faoi réir conartha shuthain ag toirmeasc a húsáide seachas mar mhaoin talmhaíochta.
(c) San fho-alt seo ciallaíonn “limistéar uirbeach” limistéar is contae-bhuirg nó buirg eile, ceantar uirbeach, baile mór nó sráidbhaile.
(3) Déanfar margadhluach glan mhaoin sa Stát a úsáidtear go díreach ag cur fostaíochta ar fáil sa Stát (seachas maoin lena mbaineann fo-alt (1)) agus mhaoin arb éard í stoic nó scaireanna atá ar áireamh i rachmas inchánach duine inmheasúnaithe a fhionnadh—
(a) trí mhéid is ionann agus 20 faoin gcéad de mhargadhluach na maoine sin a bhaint as margadhluach na maoine sin, agus
(b) trí mhéid a bhaint as an iarmhéid a bheidh fágtha ansin is ionann agus 80 faoin gcéad de na fiacha agus de na heirí a bheidh amuigh ar an dáta luachála iomchuí agus a tabhaíodh i ndáil leis an maoin agus leis an ngnó, más ann, a bhí á sheoladh i ndáil léi nó a tabhaíodh ag fáil na maoine sin agus is inbhainte, le linn margadhluach glan maoine a bheith á fhionnadh faoi alt 11 (1), as margadhluach na maoine:
Ar choinníoll go mbainfidh an fo-alt seo le maoin lena mbaineann fo-alt (1) agus atá ar áireamh i rachmas inchánach pearsan aonair in aon chás inar lú margadhluach na maoine sin, dá bhfionnfaí de réir an fho-ailt seo é, ná an margadhluach glan arna fhionnadh de réir an fho-ailt sin:
Ar choinníoll freisin, i gcás maoin arb éard í stoc nó scaireanna i gcuideachta thrádála arb éard iad a sócmhainní ar fad nó go formhór ar an dáta luachála iomchuí áitreabh atá cláraithe sa chlár óstán a choimeádann Bord Fáilte faoi alt 24 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1939, agus sócmhainní an ghnó a sheoltar san áitreabh sin, go mbeidh éifeacht leis an bhfo-alt seo, maidir leis an dáta luachála sa bhliain 1975 agus leis an dá dháta luachála díreach i ndiaidh an dáta luachála sin, ionann is dá gcuirfí “30 faoin gcéad” in ionad “20 faoin gcéad” i mír (a) agus “70 faoin gcéad” in ionad “80 faoin gcéad” i mír (b).
(4) San alt seo—
ciallaíonn “maoin talmhaíochta” talamh talmhaíochta, talamh féaraigh agus talamh coille sa Stát agus folaíonn sé freisin cibé foirgnimh feirme, tithe feirme agus maintithe (mar aon leis na tailte a áitítear ina dteannta) is de ghné is iomchuí don mhaoin ach ní fholaíonn sé maoin nach bhfuil, de bhua alt 7 (1) (a), cáin iníoctha ina leith;
ciallaíonn “feirmeoir” pearsa aonair ar sa Stát atá sainchónaí agus gnáthchónaí air agus arb amhlaidh maidir lena rachmas inchánach gur maoin talmhaíochta, innealra feirme, beostoc agus stoc folaíochta ar an gcéanna 75 faoin gcéad ar a laghad de mhargadhluach na maoine atá ar áireamh inti ar an dáta luachála, agus, chun críocha an mhínithe seo—
(a) déileáfar le beostoc agus le stoc folaíochta mar rachmas inchánach d'ainneoin alt 7, agus
(b) ní dhéanfar aon asbhaint as margadhluach maoine le haghaidh aon fhiacha nó eirí;
ciallaíonn “bád iascaireachta” soitheach cibé méid í agus cibé slí ina dtiomáintear í atá fruilithe ar fad le hiascaireacht mhara thráchtála;
ciallaíonn “áitreabh ostáin” an méid sin d'áitreabh, atá cláraithe sa chlár óstán a choimeádann Bord Fáilte faoi alt 24 den Acht um Thrácht Cuartaíochta, 1939, arb éard é cóiríocht seomraí leapa;
ciallaíonn “cuideachta thrádála” cuideachta atá corpraithe faoi dhlíthe an Stáit, nó cuideachta a choinníonn clár comhaltaí sa Stát, agus nach cuideachta neamhthrádála phríobháideach.
Margadhluach glan maoine eile.
11.—(1) Déanfar margadhluach glan mhaoin (seachas maoin lena mbaineann alt 10) atá ar áireamh i rachmas inchánach duine inmheasúnaithe a fhionnadh trí aon fhiacha agus eirí a bheidh dlite den duine inmheasúnaithe agus a bheidh amuigh ar an dáta luachála a bhaint as margadhluach na maoine ach ní dhéanfar aon asbhaint—
(a) i leith fiacha a thabhaigh an duine ná i leith eirí a bhunaigh an duine mura rud é gur thabhaigh an duine sin na fiacha sin nó gur bhunaigh sé na heirí sin bona fide ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid;
(b) i leith fiacha a thabhaigh an duine ná i leith eirí a bhunaigh an duine ag fáil maoin nach iníoctha, de bhua alt 7, cáin ina leith:
Ar choinníoll nach mbainfidh an mhír seo le fiacha ná le heirí a tabhaíodh ag fáil scaireanna roimh an 5ú lá d'Aibreán, 1975, i gcuideachtaí neamhthrádála príobháideacha lena mbaineann alt 7 (1) (l);
(c) i leith fiacha ná eirí a bhfuil ceart ina leith ag an duine inmheasúnaithe cúiteamh a fháil ó aon fhoinse eile mura rud é nach féidir an cúiteamh sin a fháil;
(d) i leith fiacha ná eirí is iníoctha tráth éigin san am le teacht nó a bhfuil íocaíocht teagmhasach ina leith ar theagmhas éigin tarlú san am le teacht mura rud é gur tabhaíodh na fiacha sin nó gur bunaíodh na heirí sin bona fide ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid;
(e) i leith teagmhais a bhfuil éifeacht acu ar an maoin ná
(f) i leith fiacha ná eirí nach bhfuil a n-íoc ná a n-urscaoileadh inchurtha i bhfeidhm leis an dlí.
(2) I gcás duine inmheasúnaithe nach iníoctha cáin i leith maoin leis, más ann, lasmuigh den Stát, ní thabharfar lamháltas faoin alt seo i ndáil le fiacha ná eirí a bheidh dlite den duine inmheasúnaithe do dhuine nó do dhaoine a chónaíonn lasmuigh den Stát (mura gceanglaítear, le conradh, iad a íoc sa Stát nó mura muirearaítear iad ar rachmas inchánach an duine inmheasúnaithe sin sa Stát) ach amháin a mhéid a shuífear, chun sástacht na gCoimisinéirí, nach leor lena n-íoc an mhaoin go léir lasmuigh den Stát.
(3) I gcás maoin banchéile pearsan aonair nó maoin linbh mhionaoisigh leis a bheith, de bhua alt 4, ar áireamh i rachmas inchánach na pearsan aonair sin, ní thabharfar lamháltas faoin alt seo ach i leith cibé fiacha nó eirí de chuid an bhanchéile nó an linbh mhionaoisigh ab inlamhála dá mba dhuine inmheasúnaithe is pearsa aonair an banchéile nó an leanbh mionaoiseach sin.
(4) Ní dhéanfar asbhaint faoin alt seo le haghaidh aon fhéich ná aon eire ar asbhaineadh cuid de faoi alt 10.
Luachanna ar a gcomhaontófar nó a chinnfear.
12.—(1) I gcás inar thug duine cuntasach an t-eolas go léir ba ghá le go bhféadfadh na Coimisinéirí margadhluach mhaoin réadach nó scaireanna, nach ndéileáiltear leo ar stocmhargadh, atá ar áireamh i rachmas inchánach duine inmheasúnaithe ar dháta luachála a fhionnadh agus go gcomhaontófar, de bhun iarratais i scríbhinn chun na gCoimisinéirí chuige sin, idir an duine agus na Coimisinéirí ar mhargadhluach na maoine sin ar an dáta luachála sin, déileálfar chun críocha an Achta seo leis an luach ar a gcomhaontófar amhlaidh mar mhargadhluach na maoine sin i lámha an duine inmheasúnaithe sin ar an dáta luachála sin agus ar an dá dháta luachála díreach i ndiaidh an dáta luachála sin:
Ar choinníoll nach mbeidh an margadhluach ar a gcomhaontófar amhlaidh ina cheangal in aon chás ina mainneofar fíorais ábhartha a nochtadh maidir le haon chuid de rachmas inchánach an duine inmheasúnaithe ná tráth ar bith roimh an tríú ceann de na dátaí luachála—
(a) i gcás maoine réadaí, go mbeidh aon athrú ar an tionacht faoina sealbhaítear, nó faoina ligtear, an mhaoin, nó aon athrú ar bith, is cuma éifeacht a bheith aige ar an maoin sin nó ar aon mhaoin eile nó gan a bheith, is athrú a thabharfadh méadú nó laghdú ábhartha ar an margadhluach de bhreis ar aon mhéadú nó laghdú a bhféadfaí bheith ag súil leis de ghnáth dá mba nár tharla an t-athrú sin, nó
(b) i gcás scaireanna den sórt sin, go mbeidh aon athrú ar chaipiteal na cuideachta lena mbaineann nó ar úinéireacht an chaipitil sin nó ar chearta na scairshealbhóirí inter se nó go raibh athrú ábhartha ar shócmhainní na cuideachta nó ar mhargadhluach na sócmhainní sin de bhreis ar aon athrú den sórt sin a bhféadfaí bheith ag súil leis de ghnáth,
agus, sna cásanna sin, go bhféadfaidh na Coimisinéirí margadhluach na maoine réadaí nó na scaireanna sin a fhionnadh arís do gach ceann de na dátaí luachála iomchuí.
(2) I gcás inar thug duine cuntasach an t-eolas go léir ba ghá le go bhféadfadh na Coimisinéirí margadhluach aon mhaoine ar dháta luachála a fhionnadh agus inar íoc sé an cháin a bhí dlite ar an dáta sin i leith na maoine, féadfaidh an duine sin iarratas a dhéanamh chun na gCoimisinéirí tráth nach luaithe ná dhá bhliain tar éis dáta na measúnachta faoin Acht seo ar dá bun a rinneadh an íocaíocht sin á iarraidh go gcinnfí margadhluach na maoine sin nó aon choda di ar an dáta luachála sin agus air sin déanfaidh na Coimisinéirí, a luaithe is féidir, an luach sin a chinneadh agus, chun críocha uile an Achta seo, is é an margadhluach a chinnfear amhlaidh margadhluach na maoine iomchuí ar an dáta luachála sin agus, faoi réir forálacha alt 23 nó 24, is margadhluach críochnaitheach é.
(3) Ní bheidh aon chomhaontú ná cinneadh faoin alt seo i leith aon mhaoin atá ar áireamh i rachmas inchánach duine inmheasúnaithe ina cheangal ach ar an duine sin agus ar na daoine go léir is daoine cuntasacha i ndáil le cáin is iníoctha ag an duine inmheasúnaithe sin sa cháil sin.
Eisiamh ón margadhluach glan.
13.—Chun críocha measúnaithe cánach, eisiafar ó mhargadhluach glan na maoine a áirítear i rachmas inchánach pearsan aonair ar dháta luachála—
(a) i gcás pearsa aonair a bhfuil a bhanchéile in aontíos leis ar an dáta sin, suim £100,000,
(b) i gcás pearsa aonair is baintreach fir nó baintreach ar an dáta sin agus a raibh a chéile nó a céile in aontíos leis an bpearsa aonair sin díreach roimh bhás an chéile sin, suim £90,000, agus
(c) i gcás pearsa aonair seachas—
(i) pearsa aonair lena mbaineann mír (a) nó (b),
(ii) bean phósta atá in aontíos lena fearchéile, nó
(iii) leanbh mionaoiseach lena mbaineann an coinníoll a ghabhann leis an alt seo,
suim £70,000:
Ar choinníoll go n-eisiafar freisin suim £2,500 i leith gach linbh mhionaoisigh i gcás ina mbeidh maoin, más ann, an linbh mhionaoisigh sin le háireamh i rachmas inchánach na pearsan aonair sin faoi alt 4.
Daoine cuntasacha.
14.—(1) Beidh na daoine seo a leanas cuntasach go príomha i gcáin a íoc—
(a) más pearsa aonair (seachas duine lena mbaineann mír (b)) an duine inmheasúnaithe, an phearsa aonair nó a ionadaí pearsanta,
(b) más leanbh mionaoiseach nó duine mímheabhrach ag a bhfuil caomhnóir nó cúramaí an duine inmheasúnaithe, an caomhnóir nó an cúramaí, de réir mar a bheidh,
(c) más iontaobhas lánroghnach an duine inmheasúnaithe, iontaobhaí an iontaobhais sin,
(d) más cuideachta neamhthrádála phríobháideach an duine inmheasúnaithe, rúnaí na cuideachta nó an duine a dhéanann dualgais rúnaí.
(2) Beidh na daoine seo a leanas cuntasach freisin in aon mhéid cánach a íoc a ndearnadh na daoine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) cuntasach go príomha ann—
(a) más pearsa aonair an duine inmheasúnaithe, gach duine a n-áirítear a mhaoin le maoin na pearsan aonair faoi alt 4 agus gach iontaobhaí, caomhnóir, cúramaí, ionadaí pearsanta, gníomhaire nó duine eile a bhfuil aon mhaoin a áirítear i rachmas inchánach na pearsan aonair ar an dáta luachála iomchuí dílsithe dó nó a bhainistíonn an mhaoin nó a bhailíonn ioncam na maoine ar an dáta sin nó laistigh de bhliain dá éis sin agus gach duine a dtiocfaidh an mhaoin chun bheith dílsithe dó trí choimhthiú nó trí theideal díorthaíoch eile tar éis an dáta luachála sin, seachas trí dhíol ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid,
(b) más iontaobhas lánroghnach an duine inmheasúnaithe, aon duine a fuair go díreach nó go hindíreach caipiteal nó ioncam as an maoin a bhí ar áireamh san iontaobhas i rith na bliana roimh an dáta luachála iomchuí nó tráth ar bith dá éis sin agus gach iontaobhaí, caomhnóir, cúramaí, gníomhaire nó duine eile a bhfuil aon mhaoin a áirítear i rachmas inchánach an iontaobhais sin ar an dáta sin dílsithe dó nó a bhainistíonn an mhaoin nó a bhailíonn ioncam na maoine ar an dáta sin nó laistigh de bhliain dá éis sin agus gach duine a dtiocfaidh an mhaoin chun bheith dílsithe dó trí choimhthiú tar éis an dáta luachála sin seachas trí dhíol ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid,
(c) más cuideachta neamhthrádála phríobháideach an duine inmheasúnaithe, gach stiúrthóir nó scairshealbhóir agus gach iontaobhaí, caomhnóir, cúramaí, gníomhaire nó duine eile a bhfuil aon mhaoin a áirítear i rachmas inchánach na cuideachta ar an dáta luachála iomchuí dílsithe dó nó a bhainistíonn an mhaoin nó a bhailíonn ioncam na maoine ar an dáta sin nó laistigh de bhliain dá éis sin agus gach duine a dtiocfaidh an mhaoin chun bheith dílsithe dó trí choimhthiú tar éis an dáta luachála sin seachas trí dhíol ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid:
Ar choinníoll nach mbeidh aon duine de na daoine sin faoi dhliteanas cánach i méid is mó ná margadhluach na maoine, nó is mó ná an t-ioncam, de réir mar a bheidh, a bheidh dílsithe dó, a bhaileoidh sé nó a gheobhaidh sé nó a bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe aige chuige.
(3) Aon duine cuntasach dá dtagraítear i bhfo-alt (2) a n-údaraítear dó nó a gceanglaítear air cáin a íoc i leith aon mhaoin a áirítear i rachmas inchánach duine inmheasúnaithe beidh sé i dteideal aisíoc a fháil i cibé méid a d'íoc sé i leith cánach ón duine a bhí cuntasach go príomha sa mhéid sin agus beidh an duine a bhí cuntasach go príomha sa cháin i dteideal aisíoc a fháil é féin mar a leanas—
(a) más pearsa aonair é agus má áirítear ina rachmas inchánach, de bhua alt 4 (1), maoin le duine eile, ón duine sa chion den méid cánach is inchurtha i leith rachmas inchánach an duine arna fhionnadh de réir alt 4 (2);
(b) más ionadaí pearsanta, caomhnóir nó cúramaí pearsan aonair é, ó eastát nó ó shócmhainní na pearsan aonair sin;
(c) más iontaobhaí é ar iontaobhas lánroghnach nó más duine é a meastar, de bhua fho-alt (2) nó (3) d'alt 5, go bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe aige chun maoine, ó mhaoin an iontaobhais;
(d) más rúnaí cuideachta neamhthrádála príobháidí é nó más é an duine é a dhéanann dualgais rúnaí, ó shócmhainní na cuideachta.
(4) Aon duine cuntasach a n-údaraítear dó nó a gceanglaítear air cáin a íoc i leith leasa is leas teoranta beidh sé i dteideal aisíoc a fháil as an maoin ina bhfuil an leas teoranta nó ar a bhfuil sé muirearaithe nó urraithe nó a bhfuil teideal ann é a mhuirearú nó a urrú amhlaidh uirthi agus beidh aige, chun an cháin a íoc nó chun méid na cánach a chruinniú ar í a bheith íoctha cheana féin, cibé acu atá nó nach bhfuil an mhaoin dílsithe dó, cumhacht méid na cánach sin agus aon ús agus aon chaiteachais a d'íoc sé nó a thabhaigh sé go cuí ina leith sin a chruinniú tríd an maoin sin nó aon chuid di a dhíol nó a mhorgáistiú nó a chur faoi mhuirear infhoirceanta agus beidh ag aon duine cuntasach eile a bheidh i dteideal aisíoc a fháil faoi fho-alt (3) an chumhacht chéanna i ndáil le haon mhaoin a n-údaraítear dó nó a gceanglaítear air cáin a íoc ina leith.
(5) Beidh an cháin a measúnaíodh nó aon chuid di inghnóthaithe ó aon duine amháin nó níos mó de na daoine a bheidh cuntasach sa cháin a íoc.
(6) Duine cuntasach a mbeidh eolas aige maidir le rachmas inchánach duine inmheasúnaithe nochtfaidh sé do na Coimisinéirí nó do cibé oifigeach a cheapfaidh na Coimisinéirí cibé eolas a bheidh ina sheilbh nó faoina chumhacht a iarrfaidh siad i scríbhinn chun dliteanas i leith cánach a fhionnadh, nó chun cáin a bhailiú, agus déanfaidh sé an nochtadh sin laistigh de cibé am, nach lú ná 30 lá, a shonrófar sa cheanglas agus déanfaidh aon duine den sórt sin gach tráth réasúnach na leabhair, na cuntais, na doiciméid nó na taifid go léir a bheidh ina sheilbh nó faoina chumhacht agus ina mbeidh eolas a iarrfaidh na Coimisinéirí chun dliteanas i leith cánach a fhionnadh, nó chun cáin a bhailiú, a chur ar fáil lena n-iniúchadh ag na Coimisinéirí agus féadfaidh na Coimisinéirí cóipeanna a dhéanamh d'aon leabhair, cuntais, doiciméid nó taifid a bheidh curtha ar fáil lena n-iniúchadh nó sleachta a thógáil astu.
Tuairisceáin a sheachadadh.
15.—(1) Duine a bheidh cuntasach go príomha i gcáin a íoc de bhua alt 14 (1) déanfaidh sé, laistigh de thrí mhí tar éis gach dáta luachála, tuairisceán a sheachadadh do na Coimisinéirí, ar fhoirm a sholáthróidh siad, ar an maoin go léir a bheidh ar áireamh i rachmas inchánach an duine inmheasúnaithe ina n-inseofar margadhluach na maoine sin ar an dáta sin agus déanfaidh sé, má iarrann na Coimisinéirí é i scríbhinn, ráiteas ag fíorú na sonraí sin, mar aon le cibé fianaise, ráitis agus doiciméid a iarrfaidh siad i ndáil leis an maoin sin nó le haon mhaoin a mbeidh cúis acu lena chreidiúint gur cuid í de rachmas inchánach an duine inmheasúnaithe sin a sheachadadh dóibh laistigh de cibé am, nach lú ná 30 lá, a shonrófar sa cheanglas:
Ar choinníoll, in aon chás inar pearsa aonair an duine inmheasúnaithe, nach gá don duine a bheidh cuntasach go príomha, mura gceanglóidh na Coimisinéirí air i scríbhinn sin a dhéanamh, tuairisceán a sheachadadh mar a dúradh i gcás nach mó margadhluach glan na maoine atá ar áireamh ina rachmas inchánach ná 75 faoin gcéad de mhéid an eisiaimh a bhfuil teideal aige chuige faoi alt 13:
Ar choinníoll freisin go ndéanfar an tagairt san fho-alt seo do thrí mhí tar éis gach dáta luachála a fhorléiriú, i ndáil leis an dáta luachála sa bhliain 1975, mar thagairt don tréimhse dar críoch an 5ú lá de Dheireadh Fómhair, 1975.
(2) Duine a bheidh cuntasach i gcáin a íoc de bhua alt 14 (2) déanfaidh sé, má cheanglaíonn na Coimisinéirí air i scríbhinn sin a dhéanamh, tuairisceán a sheachadadh do na Coimisinéirí, ar fhoirm a sholáthróidh siad, laistigh de cibé am, nach lú ná 30 lá, a shonrófar sa cheanglas ar an maoin go léir a bhfuil sé cuntasach ina leith agus atá ar áireamh i rachmas inchánach an duine inmheasúnaithe iomchuí ina n-inseofar margadhluach na maoine sin ar an dáta sin agus déanfaidh sé, má cheanglaíonn na Coimisinéirí air é, ráiteas a sheachadadh dóibh amhlaidh ag fíorú na sonraí sin, mar aon le cibé fianaise, ráitis agus doiciméid a iarrfaidh siad in ndáil leis an maoin sin.
Measúnú cánach.
16.—(1) Féadfaidh na Coimisinéirí measúnacht a dhéanamh ar an gcáin is iníoctha ar mhargadhluach glan na maoine a bheidh ar áireamh i rachmas inchánach duine inmheasúnaithe ar an dáta luachála iomchuí ar bhonn an tuairisceáin a sheachadfar de bhun alt 15.
(2) Féadfaidh na Coimisinéirí measúnacht chánach a athbhreithniú tráth ar bith agus, i gcás inar gá aon leasú a dhéanamh ar an measúnacht de thoradh an athbhreithnithe, maidir leis an rachmas inchánach a measúnaíodh cheana féin i leith cánach nó maidir le haon rachmas inchánach breise, féadfaidh na Coimisinéirí—
(a) de réir mar is fearr is eol dóibh, mar a bheidh curtha i bhfios dóibh agus mar a chreidfidh siad, measúnacht leasaithe a dhéanamh ar an gcáin a bheidh dlite agus iníoctha ar mhargadhluach glan rachmas inchánach an duine inmheasúnaithe iomchuí, nó aon choda den chéanna, nó
(b) a cheangal ar aon duine cuntasach tuairisceán breise a sheachadadh dóibh, ar fhoirm a sholáthróidh na Coimisinéirí, laistigh de cibé am, nach lú ná 30 lá, a shonrófar sa cheanglas, ar an maoin go léir (nó ar aon chuid den mhaoin) a bheidh ar áireamh i rachmas inchánach an duine inmheasúnaithe mar aon le ráiteas ag fíorú na sonraí sin agus freisin cibé fianaise, ráitis agus doiciméid a iarrfaidh siad maidir le haon mhaoin sa rachmas sin, nó maidir le haon mhaoin a bhfuil cúis acu lena chreidiúint gur cuid í de rachmas inchánach an duine inmheasúnaithe, agus féadfaidh siad measúnacht leasaithe a dhéanamh ar an méid cánach a bheidh dlite agus iníoctha ar bhonn an tuairisceáin bhreise:
Ar choinníoll, i gcás inarb eol d'aon duine cuntasach a a sheachaid tuairisceán nó tuairisceán breise go bhfuil an tuairisceán nó an tuairisceán breise lochtach i bponc ábhartha mar gheall ar aon rud a bheidh ann nó a bheidh fágtha ar lár as nó go dtiocfaidh sé ar an eolas sin tráth ar bith, déanfaidh sé, gan iarratas ó na Coimisinéirí agus laistigh de thrí mhí tar éis dó teacht ar an eolas sin amhlaidh, tuairisceán breise a sheachadadh dóibh le go bhféadfar measúnacht leasaithe a dhéanamh.
(3) In aon chás—
(a) nach seachadfaidh duine cuntasach tuairisceán do na Coimisinéirí laistigh de thrí mhí tar éis an dáta luachála iomchuí,
(b) nach ndéanfar tuairisceán breise a cheanglaítear a sheachadadh le fo-alt (2) (b) nó faoi a sheachadadh laistigh den am iomchuí a shonraítear san fho-alt sin (2) (b), nó
(c) gur míshásúil leo tuairisceán nó tuairisceán breise,
beidh sé dleathach do na Coimisinéirí measúnacht chánach a dhéanamh a bheidh iníoctha ar mhargadhluach glan na maoine a bheidh ar áireamh sa rachmas inchánach nó in aon chuid den rachmas inchánach ar an dáta luachála iomchuí ina mbeidh cibé méid nó cibé méid breise is ceart, de réir mar is fearr is eol dóibh, mar a cuireadh i bhfios dóibh agus mar a chreideann siad, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc:
Ar choinníoll go bhféadfaidh na Coimisinéirí measúnacht a rinneadh faoin bhfo-alt seo a tharraingt siar agus measúnacht a dhéanamh ar an méid cánach is iníoctha ar bhonn tuairisceáin nó tuairisceáin bhreise arb é a dtuairim gur comhlíonadh réasúnach é ar a gceanglais agus a seachadadh do na Coimisinéirí laistigh de 30 lá tar éis dáta na measúnachta a bheidh déanta ag na Coimisinéirí de bhun an fho-ailt seo.
(4) Ní dhochróidh déanamh measúnachta leasaithe ceart na gCoimisinéirí tuilleadh measúnachtaí leasaithe a dhéanamh ar an méid cánach is iníoctha nó a cheangal ar an duine cuntasach lena mbaineann tuilleadh tuairisceán breise a sheachadadh, agus bainfidh forálacha an ailt seo leis na tuairisceáin sin.
(5) Ní dhochróidh aon ní a rinneadh nó a fulaingíodh de bhíthin nó de thoradh aon mheasúnachta faoin alt seo cinneadh aon saincheist a éireoidh i gcúrsa measúnachta breise nó measúnachtaí breise.
(6) Féadfaidh na Coimisinéirí, más deimhin leo gur gá sin a dhéanamh, fad a chur le haon teorainn ama a shonraítear in alt 14 nó 15 nó san alt seo.
(7) Aon mhéid cánach a mheasúnófar faoin alt seo beidh sé dlite do na Coimisinéirí agus iníoctha leo.
Tuairisceáin a shíniú.
17.—(1) Is é an duine a shíneoidh tuairisceán nó tuairisceán breise a cheanglaítear a sheachadadh faoin Acht seo—
(a) más pearsa aonair (seachas duine lena mbaineann mír (b)) an duine inmheasúnaithe, an phearsa aonair nó a ionadaí pearsanta,
(b) más leanbh mionaoiseach nó duine mímheabhrach ag a bhfuil caomhnóir nó cúramaí an duine inmheasúnaithe, an caomhnóir nó an cúramaí, de réir mar a bheidh,
(c) más iontaobhas lánroghnach an duine inmheasúnaithe, iontaobhaí an iontaobhais sin,
(d) más cuideachta neamhthrádála phríobháideach an duine inmheasúnaithe, rúnaí na cuideachta nó an duine a dhéanann dualgais rúnaí, nó
(e) más aon duine eile a sheachadfaidh é, an duine sin,
agus beidh dearbhú ann ón duine a shínigh é go bhfuil an tuairisceán nó an tuairisceán breise cruinn iomlán de réir mar is fearr is eol dó, mar a cuireadh i bhfios dó agus mar a chreideann sé.
(2) Féadfaidh na Coimisinéirí a cheangal gur faoi mhionn a dhéanfar an dearbhú réamhráite.
(3) Féadfaidh na Coimisinéirí, más cuí leo é, glacadh le tuairisceán nó le tuairisceán breise faoin Acht seo nár síníodh de réir an ailt seo agus measfar an tuairisceán sin nó an tuairisceán breise sin, má ghlactar leis amhlaidh, a bheith seachadta go cuí do na Coimisinéirí faoin Acht seo.
Cáin agus ús ar cháin a íoc.
18.—(1) Beidh cáin dlite agus iníoctha ar an dáta luachála.
(2) Beidh ús simplí de réir 1.5 faoin gcéad sa mhí nó sa chuid de mhí, gan aon asbhaint cánach ioncaim, iníoctha ar cháin ón dáta luachála ar a mbeidh sí dlite agus iníoctha go dtí dáta a híoca agus beidh sé inmhuirearaithe agus inghnóthaithe sa tslí chéanna is a bheadh dá mba chuid den cháin é:
Ar choinníoll nach mbeidh ús iníoctha mura mó ná £5 a mhéid iomlán.
(3) D'ainneoin a bhfuil anseo roimhe seo, ní bheidh ús iníoctha ar cháin a íocfar laistigh de thrí mhí ón dáta luachála ar a mbeidh sí dlite agus iníoctha agus, i gcás cáin agus ús uirthi (más ann) a bheith íoctha laistigh de 30 lá ón dáta a measúnaíodh an cháin, ní rithfidh ús in aghaidh na tréimhse ó dháta na measúnachta go dtí dáta an íoca:
Ar choinníoll nach mbeidh ús iníoctha ar cháin a íocfar roimh an 5ú lá de Nollaig, 1975.
(4) Déanfar íocaíocht ar chuntas cánach a chur chun feidhme—
(a) má bhíonn ús dlite ar cháin ar dháta an íoca, chun an t-ús a bheidh dlite amhlaidh a íoc, a mhéid is féidir sin; agus
(b) má bhíonn aon iarmhéid den íocaíocht sin fágtha, chun cibé méid cánach is ionann agus an t-iarmhéid sin a íoc.
(5) Faoi réir a bhfuil anseo roimhe seo, féadfar íocaíochtaí ar chuntas cánach a bheidh dlite ar dháta luachála a íoc tráth ar bith tar éis an dáta sin, agus air sin scoirfidh ús ar cibé cuid den íocaíocht ar chuntas is inchurtha i leith cánach de rith.
(6) Is leis an Ard-Chuntasóir, na Coimisinéirí Ioncaim, Baile Átha Cliath 2, a íocfar na suimeanna go léir a bheidh dlite faoi fhorálacha an Achta seo.
Cáin ina muirear ar mhaoin.
19.—(1) Cáin a bheidh dlite i leith rachmas inchánach duine inmheasúnaithe beidh sí agus fanfaidh sí, faoi réir forálacha an ailt seo, ina muirear ar aon mhaoin réadach a bheidh ar áireamh i rachmas inchánach an duine agus beidh sí ina muirear freisin ar an maoin phearsanta a bheidh ar áireamh i rachmas inchánach an duine fad a fhanfaidh an mhaoin phearsanta faoi úinéireacht nó faoi rialú an duine nó aon iontaobhaí nó aon duine eile thar a cheann.
(2) Maidir le maoin réadach a bheidh ar áireamh i rachmas inchánach duine inmheasúnaithe ní fhanfaidh sí, amhail i gcoinne ceannaitheora bona fide ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid nó i gcoinne morgáistí, faoi mhuirear ná faoi dhliteanas íocaíochta cánach de mhéid ar bith tar éis sé bliana a bheith caite ón dáta luachála a tháinig an méid sin cánach chun bheith dlite.
(3) D'ainneoin fho-alt (1), i gcás ina ndéanfar maoin réadach a áirítear i rachmas inchánach duine inmheasúnaithe a dhíol bona fide ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid nó a mhorgáistiú, ní fhanfaidh an mhaoin sin faoi mhuirear cánach amhail i gcoinne an cheannaitheora nó an mhorgáistí mura rud é gur mó ná £50,000 méid na comaoine nó an fhéich mhorgáiste nó gur mó san iomlán ná £50,000 méid na comaoine nó an fhéich mhorgáiste i dteannta méid na comaoine nó an fhéich mhorgáiste i leith aon díola nó morgáistithe eile den sórt sin a cuireadh i gcrích idir na páirtithe céanna laistigh de dhá bhliain roimh dháta an díola nó an mhorgáistithe sin.
Admhálacha agus deimhnithe.
20.—(1) Nuair a íocfar aon mhéid i leith cánach, tabharfaidh na Coimisinéirí admháil ar an íocaíocht.
(2) Déanfaidh na Coimisinéirí, ar dhuine a d'íoc cáin i leith aon mhaoin a áirítear in aon tuairisceán, tuairisceán breise nó measúnacht á iarraidh orthu, deimhniú a thabhairt don duine, i cibé foirm is cuí leo, ar an méid cánach a d'íoc sé i leith na maoine sin.
(3) Déanfaidh na Coimisinéirí, ar dhuine is duine cuntasach i leith aon mhaoin á iarraidh orthu, más deimhin leo gur íocadh nó go n-íocfar aon mhéid cánach a muirearaíodh ar an maoin sin agus is iníoctha ar aon dáta luachála (nó nach bhfuil aon mhéid cánach muirearaithe ar an maoin), deimhniú a thabhairt don duine, i cibé foirm is cuí leo, sa chéill sin agus urscaoilfidh an deimhniú an mhaoin ó dhliteanas i leith cáin (más ann) is iníoctha ar an dáta luachála sin, agus déanfaidh an deimhniú, i gcás ceannaitheoir a cheannaigh bona fide aon mhaoin réadach a áirítear sa mhaoin réamhráite ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid gan fógra, an mhaoin réadach a shaoradh ó dhliteanas i leith cáin (más ann) is iníoctha ar an dáta sin d'ainneoin aon cheilt nó míráiteas sa tuairisceán, sa tuairisceán breise nó sa mheasúnacht ar ar a bhonn a measúnaíodh an méid agus d'ainneoin aon neamhdhóthanacht sa mheasúnacht sin.
Faoiseamh i gcásanna áirithe.
21.—(1) In aon chás ina ndéanfaidh duine inmheasúnaithe, is pearsa aonair agus ar sa Stát atá sainchónaí agus gnáthchónaí air, a shuíomh, chun sástacht na gCoimisinéirí, gur mó comhiomlán an mhéid cánach a íocadh i leith a rachmais inchánach ar dháta luachála agus an mhéid a íocadh i leith a dhliteanais chánach ioncaim don bhliain dar chríoch an dáta luachála sin ná 80 faoin gcéad dá ioncam iomlán don bhliain sin, aisíocfaidh na Coimisinéirí leis an bpearsa aonair sin, lena ainmní nó lena ionadaí pearsanta an méid ar móide an comhiomlán ná an céatadán sin:
Ar choinníoll, áfach, nach rachaidh an méid cánach a aisíocfar thar 50 faoin gcéad den mhéid cánach a bheadh, mura mbeadh forálacha an ailt seo, iníoctha ag an duine inmheasúnaithe ar an dáta luachála sin.
(2) Ní íocfar cáin níos mó ná uair amháin ar an maoin chéanna ar an dáta luachála iomchuí ná ní áireofar an mhaoin chéanna níos mó ná uair amháin i rachmas inchánach ar an dáta sin.
(3) San alt seo—
ciallaíonn “ioncam iomlán” ioncam iomlán, de réir brí na nAchtanna Cánach Ioncaim, na pearsan aonair sin agus na ndaoine a bhfuil a maoin, más ann, le háireamh i rachmas inchánach na pearsan aonair sin faoi alt 4;
ciallaíonn “dliteanas cánach ioncaim” dliteanas an ioncaim iomláin i leith cánach ioncaim.
Ró-íoc cánach.
22.—(1) I gcás ina gcruthófar chun sástacht na gCoimisinéirí gur mó an méid cánach nó úis a íocadh i leith rachmas inchánach duine inmheasúnaithe ar dháta luachála ná an méid a dhligh an duine sin a íoc, aisíocfaidh siad an barrachas leis an duine a d'íoc an barrachas, lena ainmní nó lena ionadaí pearsanta nó, de rogha na gCoimisinéirí, féadfaidh siad an barrachas, nó cibé cuid de a bheidh ag teastáil chun na chríche sin, a choinneáil agus a fhritháireamh in aghaidh aon dliteanais de chuid an duine inmheasúnaithe i leith cáin nó ús a bheidh dlite agus iníoctha ag an duine a d'íoc an barrachas nuair a bheidh an t-aisíoc le déanamh, i leith racmhas inchánach an duine inmheasúnaithe ar aon dáta luachála eile.
(2) I gcás ina mbeidh, faoin alt seo, aon mhéid le haisíoc nó le coinneáil, cuirfear leis an méid sin ús simplí de réir 1.5 faoin gcéad den mhéid a bheidh le haisíoc nó le coinneáil in aghaidh gach míosa nó gach coda de mhí ón dáta a íocadh an barrachas is trúig leis an aisíoc nó ó dháta trí mhí tar éis an dáta luachála iomchuí, cibé acu is déanaí, go dtí dáta an aisíoca nó na coinneála de réir mar a bheidh:
Ar choinníoll go ndéanfar an tagairt san fho-alt seo do dháta trí mhí tar éis an dáta luachála iomchuí a fhorléiriú, i ndáil leis an dáta luachála sa bhliain 1975, mar thagairt don 5ú lá de Nollaig, 1975.
(3) Ní bhainfidh forálacha an ailt seo le haon mhéid is inaisíoctha faoi alt 21.
Achomhairc i ndáil le luach maoine réadaí.
1910, c. 8.
23.—(1) Más ábhar éagóra le duine ar bith cinneadh ó na Coimisinéirí maidir le margadhluach aon mhaoine réadaí, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnte ar an modh a fhorordaítear le halt 33 den Finance (1909-10) Act, 1910, agus beidh feidhm dá réir sin, fara aon mhodhnuithe is gá, leis na forálacha maidir le hachomhairc faoin alt sin.
(2) Beidh cinneadh de bhua an ailt sin 33, ar achomharc faoin alt seo, maidir le margadhluach aon mhaoine réadaí, nó maidir le margadhluach scair in aon mhaoin den sórt sin, ar dháta luachála, ina cheangal ar gach duine cuntasach chun críocha cánach i leith luach na maoine sin nó na scaire sin a bheidh ar áireamh i rachmas inchánach an duine inmheasúnaithe iomchuí ar an dáta sin.
Achomhairc i gcásanna eile.
24.—(1) San alt seo—
tá le “Coimisinéirí Achomhairc” an bhrí a shanntar dó le halt 156 den Acht Cánach Ioncaim, 1967;
ciallaíonn “achomharcóir” duine a dhéanann achomharc chun na gCoimisinéirí Achomhairc faoin alt seo.
(2) (a) Faoi réir forálacha an Achta seo, duine cuntasach a sheachaid tuairisceán nó tuairisceán breise do na Coimisinéirí chun críocha measúnachta cánach i leith aon mhaoine agus arb ábhar éagóra leis an mheasúnacht féadfaidh sé, de réir forálacha an ailt seo, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc i gcoinne na measúnachta agus éistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Achomhairc an t-achomharc agus is cinneadh críochnaitheach dochloíte a gcinneadh mura gceanglaítear an t-achomharc a athéisteacht ag breitheamh den Chúirt Chuarda nó mura gceanglaítear cás a shonrú i ndáil leis le tuairim na hArd-Chúirte a fháil.
(b) Ní bheidh ábhar achomhairc ann faoin alt seo i ndáil le margadhluach maoine réadaí.
(3) Duine a bheartaíonn achomharc a dhéanamh faoin alt seo i gcoinne measúnachta déanfaidh sé, laistigh de 30 lá tar éis dáta na measúnachta, fógra a thabhairt i scríbhinn do na Coimisinéirí go bhfuil sé chun achomharc a dhéanamh i gcoinne na measúnachta.
(4) Ní rachaidh na Coimisinéirí Achomhairc ar aghaidh le hachomharc faoin alt seo i gcoinne measúnachta ná ní thabharfaidh siad aird air mura n-íocfaidh an t-achomharcóir nó mura n-íocfar thar a cheann leis na Coimisinéirí méid is ionann agus 75 faoin gcéad de mhéid na measúnachta:
Ar choinníoll nach mbeidh feidhm ag an bhfo-alt seo i gcás inarb ábhar éagóra leis an achomharcóir an mheasúnacht ar an bhforas nach duine cuntasach é i leith cáin lena mbaineann an mheasúnacht.
(5) (a) Faoi réir forálacha an ailt seo, beidh feidhm maidir le hachomharc faoin alt seo, fara aon mhodhnuithe is gá, ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann leis na nithe seo a leanas—
(i) tráthanna agus ionaid a cheapadh le hachomhairc a éisteacht;
(ii) fógra a thabhairt do gach duine a thug fógra achomhairc i dtaobh an trátha agus an ionaid a bheidh ceaptha lena achomharc a éisteacht;
(iii) achomharc a chinneadh trí chomhaontú idir an t-achomharcóir agus oifigeach a bheidh ceaptha ag na Coimisinéirí chuige sin;
(iv) achomharc a chinneadh tríd an achomharcóir do thabhairt fógra go mbeartaíonn sé gan dul ar aghaidh leis an achomharc;
(v) achomharc a éisteacht agus a chinneadh ag na Coimisinéirí Achomhairc, lena n-áirítear achomharc a éisteacht agus a chinneadh ag Coimisinéir Achomhairc amháin;
(vi) achomharc a chinneadh trí dhuine a thug fógra achomhairc d'fhaillí nó do dhiúltú freastal os comhair na gCoimisinéirí Achomhairc an tráth agus san ionad a bheidh ceaptha;
(vii) fadú na tréimhse le fógra achomhairc a thabhairt agus na Coimisinéirí Achomhairc d'athghlacadh le hachomhairc agus na forálacha a mbeidh feidhm leo i gcás caingean ar mhodh imeachtaí cúirte a bheith tionscanta;
(viii) achomharc a athéisteacht ag breitheamh den Chúirt Chuarda agus cás a shonrú le tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phointe dlí;
(ix) cáin a íoc de réir chinneadh na gCoimisinéirí Achomhairc d'ainneoin go gceanglaítear achomharc a athéisteacht ag breitheamh den Chúirt Chuarda nó gur ceanglaíodh cás a shonrú le tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phointe dlí nó go bhfuil cás den sórt sin ar feitheamh;
(x) na nósanna imeachta le haghaidh achomhairc,
ionann is dá mba achomharc i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim an t-achomharc.
(b) Beidh ag na Coimisinéirí, faoi réir iad do thabhairt fógra i scríbhinn chuige sin don achomharcóir laistigh de 10 lá tar éis do na Coimisinéirí Achomhairc achomharc a chinneadh, an ceart céanna leis an achomharcóir go n-athéistfidh breitheamh den Chúirt Chuarda an t-achomharc.
(c) An breitheamh den Chúirt Chuarda a athéistfidh achomharc faoin alt seo is breitheamh den Chúirt Chuarda é ar ina chuaird a chónaíonn an t-achomharcóir nó duine de na hachomharcóirí nó (i gcás comhlachta chorpraithe) a bhfuil a phríomh-áit ghnó aige:
Ar choinníoll—
(i) in aon chás nach bhfuil cónaí sa Stát ar aon achomharcóir nó (i gcás comhlachta corpraithe) nach bhfuil áit ghnó sa Stát aige, nó
(ii) in aon chás ina bhfuil amhras nó díospóid ann maidir leis an gcuaird,
gur breitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh sannta do Chuaird Bhaile Átha Cliath a athéistfidh an t-achomharc.
(6) (a) I gcás fógra nó doiciméad eile a cheanglaítear nó a údaraítear a sheirbheáil leis an alt seo a bheith le seirbheáil ar chomhlacht corpraithe, seirbheálfar an fógra sin ar rúnaí nó ar oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe.
(b) Aon fhógra nó doiciméad eile a cheanglaítear nó a údaraítear leis an alt seo a sheirbheáil ag na Coimisinéirí nó ag achomharcóir féadfar é a sheirbheáil leis an bpost agus i gcás fógra nó doiciméad eile a dhíreofar chun na gCoimisinéirí cuirfear é go dtí na Rúnaithe, na Coimisinéirí Ioncaim, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2.
(c) Aon fhógra nó doiciméad eile a cheanglaítear nó a údaraítear a sheirbheáil ag na Coimisinéirí ar achomharcóir faoin alt seo féadfar é a chur go dtí aturnae, go dtí cuntasóir nó go dtí gníomhaire eile de chuid an achomharcóra agus measfar fógra a seirbheáladh amhlaidh a bheith seirbheáilte ar an achomharcóir mura gcruthóidh an t-achomharcóir chun sástacht na gCoimisinéirí Achomhairc nó na Cúirte Cuarda, de réir mar a bheidh, go ndearna sé, sular seirbheáladh an fógra nó an doiciméad eile, údarás an aturnae, an chuntasóra nó an ghníomhaire eile sin gníomhú thar a cheann a tharraingt siar.
(7) Féadfar fianaise prima facie i dtaobh aon fhógra a thug na Coimisinéirí nó oifigeach do na Coimisinéirí faoin alt seo a thabhairt in aon imeachtaí trí dhoiciméad a thabhairt ar aird a airbheartóidh gur cóip den fhógra é agus ní bheidh sé riachtanach cruthúnas a thabhairt ar phost oifigiúil an duine a n-airbheartófar gurb é a thug an fógra ná, má bhíonn sé sínithe, ar an síniú, ná go raibh ag an duine a shínigh agus a thug é údarás sin a dhéanamh.
(8) Gach duine a bheidh cuntasach in aon cháin a íoc ar rachmas inchánach duine inmheasúnaithe ar dháta luachála agus gach duine a bheidh i dteideal aisíoca maidir le híoc na cánach sin beidh sé faoi cheangal ag cinneadh ar achomharc faoin alt seo i gcoinne mheasúnacht cánach ar rachmas inchánach an duine sin ar an dáta sin.
(9) I gcás na gCoimisinéirí do dhéanamh measúnachta cánach faoi fho-ailt (2) (a) nó (3) d'alt 16, beidh ag an duine cuntasach a bhféachtar leis an méid a measúnaíodh amhlaidh a ghnóthú uaidh an ceart céanna achomhairc faoin alt seo a bheadh aige dá mba ar thuairisceán nó ar thuairisceán breise a sheachaid sé a rinneadh an mheasúnacht agus, in aon chás inar cuireadh an mheasúnacht go dtí a aturnae, go dtí a chuntasóir nó go dtí gníomhaire eile dá chuid, déanfar an tréimhse 30 lá dá dtagraítear i bhfo-alt (3) a fhadú má chruthaíonn an duine cuntasach chun sástacht na gCoimisinéirí go raibh údarás an aturnae, an chuntasóra nó an ghníomhaire eile sin gníomhú thar a cheann tarraingthe siar aige ar dháta na measúnachta.
Cáin a ghnóthú.
1890, c. 21.
25.—Gach suim a bheidh dlite do na Coimisinéirí i leith cánach nó i leith úis ar cháin agus freisin gach pionós a bheidh tabhaithe i ndáil le cáin nó le hús ar cháin measfar gur fiach í a bheidh dlite de dhuine cuntasach nó dá ionadaí pearsanta don Aire Airgeadais chun sochair don Phríomh-Chiste agus beidh sí iníoctha leis na Coimisinéirí agus féadfar (gan dochar d'aon mhodh eile chun í a ghnóthú) agairt ina leith agus í a ghnóthú trí chaingean, nó trí imeacht iomchuí eile, ar agra an Ard-Aighne, an Aire Airgeadais nó na gCoimisinéirí in aon chúirt dlínse inniúla, d'ainneoin aon ní contrártha dó sin san Inland Revenue Regulation Act, 1890.
Fianaise in imeachtaí le cáin a ghnóthú.
26.—Beidh feidhm ag forálacha alt 39 den Acht Airgid, 1926, in aon imeachtaí sa Chúirt Chuarda nó sa Chúirt Dúiche le cáin a ghnóthú nó i ndáil le gnóthú cánach.
Pionóis.
27.—(1) (a) Duine a sháróidh alt 14 (6) nó 15 nó a mhainneoidh ceanglas faoi alt 16 (2) (b) a chomhlíonadh dlífear pionós £1,000 a chur air.
(b) I gcás ina leanfar den sárú nó den mhainneachtain dá dtagraítear i mír (a) tar éis don chúirt ar os a comhair a tionscnaíodh imeachtaí i leith an phionóis breithiúnas a thabhairt, dlífear pionós breise £50 in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den sárú nó den mhainneachtain a chur ar an duine a bheidh i gceist.
(2) I gcás duine a bheith údaraithe, faoi réim nó chun críocha aon cheann d'fhorálacha an Achta seo, aon mhaoin a iniúchadh le margadhluach na maoine sin a thuairisciú do na Coimisinéirí agus go ndéanfaidh an duine a bheidh i bhfeighil nó i seilbh na maoine sin an t-iniúchadh sin a bhac nó an duine a bheidh údaraithe amhlaidh a chosc agus é ag feidhmiú a fheidhmeanna i ndáil leis an iniúchadh, dlífear pionós £1,000 a chur ar an duine a bheidh i bhfeighil nó i seilbh amhlaidh.
(3) I gcás ina ndéanfaidh duine cuntasach go calaoiseach nó go faillíoch mar a leanas—
(a) aon tuairisceán nó tuairisceán breise a bheidh mícheart a sheachadadh,
(b) aon ráiteas, dearbhú, fianaise nó luacháil a bheidh mícheart a dhéanamh nó a thabhairt i ndáil le haon mhaoin a áirítear i rachmas inchánach duine inmheasúnaithe,
(c) aon ráiteas, dearbhú, fianaise nó luacháil a bheidh mícheart a dhéanamh nó a thabhairt i ndáil le haon éileamh ar liúntas, asbhaint, díolúine nó faoiseamh, nó
(d) aon ráiteas, dearbhú, fianaise nó luacháil a bheidh mícheart a dhéanamh nó a thabhairt i ndáil le haon ní eile,
a fhágfaidh gur lú an méid cánach is iníoctha i leith rachmas inchánach duine inmheasúnaithe ná an méid ab iníoctha dá mbeadh an tuairisceán, an ráiteas, an dearbhú, an fhianaise nó an luacháil sin ceart, dlífear pionós mar a leanas a chur air—
(i) £2,000, agus
(ii) méid na difríochta, nó i gcás calaoise, dhá oiread méid na difríochta, a shonraítear i bhfo-alt (5).
(4) I gcás nach go calaoiseach ná go faillíoch a sheachaid, a rinne nó a thug duine aon tuairisceán, ráiteas, dearbhú, fianaise nó luacháil den sórt a luaitear i bhfo-alt (3) agus go dtiocfaidh sé ar a umhail go raibh sin mícheart, ansin, mura gceartófar an earráid gan mhoill mhíréasúnach, measfar, chun críocha an ailt seo, gur go faillíoch a rinne sé an rud sin.
(5) Is í an difríocht dá dtagraítear i bhfo-alt (3) an difríocht idir—
(a) an méid cánach is iníoctha i leith rachmas inchánach an duine inmheasúnaithe in aghaidh na ndátaí luachála lena mbaineann an tuairisceán, an tuairisceán breise, an ráiteas, an dearbhú, an fhianaise nó an luacháil, agus
(b) an méid arbh é an méid é ab iníoctha amhlaidh dá mbeadh an tuairisceán, an tuairisceán breise, an ráiteas, an dearbhú, an fhianaise nó an luacháil a rinne sé nó a chuir sé isteach ceart.
(6) Chun críocha fho-alt (3), i gcás ina seachadfar, ina ndéanfar nó ina dtabharfar thar ceann duine aon rud dá dtagraítear san fho-alt sin, measfar gurb é an duine sin a sheachaid, a rinne nó a thug é mura gcruthóidh sé gur gan fhios dó nó gan toiliú uaidh a rinneadh sin.
(7) Aon duine a chabhróidh nó a aslóidh le haon tuairisceán, tuairisceán breise, ráiteas, dearbhú, fianaise nó luacháil is eol dó a bheith mícheart a sheachadadh, a dhéanamh nó a thabhairt chun aon chríocha cánach, dlífear pionós £500 a chur air.
(8) Ní bheidh éifeacht le forálacha an ailt seo ar aon imeachtaí coiriúla.
(9) Faoi réir forálacha an ailt seo, beidh feidhm ag ailt 128 (4) 507, 508, 510, 511, 512, 517 agus 518 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, fara aon mhodhnuithe is gá, maidir le pionós faoin alt seo ionann is dá mba phionós faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim an pionós.
Comhaontuithe maidir le faoiseamh ó chánachas dúbailte.
28.—(1) Má dhearbhaíonn an Rialtas le hordú go bhfuil comhshocraíochtaí a bheidh sonraithe san ordú déanta le rialtas aon chríche lasmuigh den Stát i ndáil le faoiseamh a thabhairt ó chánachas dúbailte i leith cáin is iníoctha faoi dhlíthe an Stáit agus aon cháin den ghné chéanna a forchuireadh faoi dhlíthe na críche sin, agus gur fóirsteanach go mbeadh feidhm dlí ag na comhshocraíochtaí sin, beidh feidmh dlí, d'ainneoin aon ní in aon achtachán, ag na comhshocraíochtaí.
(2) Féadfaidh forálacha le haghaidh faoisimh ó cháin a muirearaíodh sula ndearnadh na comhshocraíochtaí agus forálacha maidir le maoin nach bhfuil faoi réir cánach dúbailte í féin a bheith ar áireamh in aon chomhshocraíochtaí dá dtugtar feidhm dlí leis an alt seo, agus beidh éifeacht dá réir sin le forálacha an ailt seo.
(3) Chun críocha fho-alt (1), measfar maidir le comhshocraíochtaí a rinneadh le ceann stáit choigríche gur le rialtas an stáit sin a rinneadh iad.
(4) I gcás feidhm dlí a bheith ag aon chomhshocraíochtaí de bhua an ailt seo, ní bheidh an oibleagáid maidir le rúndacht a fhorchuirtear le haon achtachán ina bac ar na Coimisinéirí cibé eolas a cheanglaítear a nochtadh faoi na comhshocraíochtaí a nochtadh d'aon oifigeach údaraithe don rialtas lena ndearnadh na comhshocraíochtaí.
(5) (a) Féadfar aon ordú faoin alt seo a chúlghairm le hordú ina dhiaidh sin agus féadfaidh cibé forálacha idirlinne is dóigh leis an Rialtas a bheith riachtanach nó fóirsteanach a bheith in aon ordú cúlghairme den sórt sin.
(b) I gcás ina mbeartófar ordú a dhéanamh faoin alt seo, leagfar dréacht de faoi bhráid Dháil Éireann agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag Dáil Éireann.
Doiciméid a chailleadh.
29.—I gcás inar cailleadh nó inar díothaíodh aon tuairisceán, tuairisceáin breise, measúnacht nó doiciméad eile a bhaineann le cáin nó ina ndearnadh é a aghlot nó a dhamáistiú oiread sin nach féidir é a léamh nó go bhfuil sé gan mhaith ar bhealach eile, féadfaidh na Coimisinéirí, d'ainneoin aon ní contrártha dó sin in aon achtachán, na gníomhartha agus na nithe go léir a dhéanamh a d'fhéadfaidís a dhéanamh, agus beidh na gníomhartha agus na nithe go léir a rinneadh faoi réim nó de bhun an ailt seo chomh bailí éifeachtúil chun gach críche agus a bheidís dá mba nach ndearnadh an mheasúnacht nó nár seachadadh nó nár tugadh an tuairisceán, an tuairisceán breise nó an doiciméad eile, nó nár ceanglaíodh a sheachadadh nó a thabhairt:
Ar choinníoll, i gcás aon duine cuntasach a muirearaítear cáin air de bhun nó de bhua aon ghníomh nó ní a rinneadh faoi réim nó de bhun an ailt seo do chruthú chun sástacht na gCoimisinéirí go bhfuil cáin íoctha cheana féin i leith an ábhair, go dtabharfar faoiseamh trí lacáiste ón muirear nó trí aisíoc, de réir mar is gá sa chás, a mhéid a bheidh dliteanas an duine chuntasaigh sin urscaoilte leis na híocaíochtaí a rinneadh amhlaidh.
Leathnú ar Achtanna áirithe.
30.—(1) Leasaítear leis seo alt 1 den Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927, trí “agus cáin rachmais” a chur isteach roimh “ach ní fholuíonn sé aon cháin ná diúite eile”.
(2) Leasaítear leis seo alt 39 den Inland Revenue Regulation Act, 1890, trí “wealth tax” a chur isteach roimh “stamp duties”.
Rialacháin.
31.—(1) Déanfaidh na Coimisinéirí cibé rialacháin is dóigh leo is gá le héifeacht a thabhairt don Acht seo agus lena chumasú dóibh a bhfeidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh.
(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus má dhéanann Dáil Éireann, laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid, rún a rith ag neamhniú an rialacháin, beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
Cúram agus bainistí.
32.—(1) Cuirtear cáin leis seo faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí.
(2) Féadfaidh na Coimisinéirí a údarú d'aon oifigigh dá gcuid aon ghníomh a dhéanamh agus aon feidhm a chomhlíonadh a údaraítear leis an Acht seo a dhéanamh nó a chomhlíonadh ag na Coimisinéirí.
Gearrtheideal.
33.—Féadfar an tAcht Cánach Rachmais, 1975, a ghairm den Acht seo.