Uimhir 8 de 1976
AN tACHT UM CHÁIN FHÁLTAS CAIPITIÚIL, 1976
[An tiontú oifigiúil]
CUID I
Réamhráiteach
Gearrtheideal.
1.—Féadfar an tAcht um Cháin Fháltas Caipitiúil, 1976, a ghairm den Acht seo.
Léiriú.
1882, c. 38.
2.—(1) San Acht seo, mura n-eilíonn an comhthéacs a mhalairt—
folaíonn “leas iomlán”, i ndáil le maoin, leas duine a bhfuil cumhacht cheapacháin ghinearálta ar an maoin aige;
ciallaíonn “duine cuntasach” duine atá cuntasach i gcáin a íoc de bhua alt 35;
folaíonn “sochar” aon eastát, leas, ioncam nó ceart;
folaíonn “leanbh”—
(a) leasleanbh;
(b) leanbh a uchtaíodh—
(i) faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1974; nó
(ii) faoi dhlí uchtála, seachas na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1974, is uchtáil a bhfuil léi, san áit a bhfuil feidhm ag an dlí, an éifeacht chéanna go substaintiúil i ndáil le cearta maoine (lena n-áirítear an dlí comharbais) atá le huchtáil faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1974, sa Stát i ndáil leis na cearta sin;
ciallaíonn “na Coimisinéirí” na Coimisinéirí Ioncaim;
ciallaíonn “dáta na diúscartha”—
(a) i gcás uachta, dáta báis an tiomnóra;
(b) i gcás díthiomnachta nó páirt-díthiomnachta, dáta báis an díthiomnóra;
(c) i gcás sochair faoi Chuid IX nó faoi alt 56 den Acht Comharbais, 1965, dáta báis an tiomnóra iomchuí nó an éagaigh iomchuí eile, agus go comhréireach i gcás sochair chomhchineáil faoi dhlí críche eile;
(d) i gcás diúscartha ar mainneachtain í ceart nó cumhacht a fheidhmiú, dáta an trátha ba dhéanaí a d'fhéadfadh an diúscróir an ceart nó an chumhacht a fheidhmiú dá mbeadh sé sui juris agus gan aon mhíchumas coirp air; agus
(e) in aon chás eile, an dáta a rinne an diúscróir an gníomh (nó, má bhíonn níos mó ná gníomh amháin san áireamh, an gníomh deiridh) trínar sholáthraigh sé, nó trínar cheangail sé air féin go soláthródh sé, an mhaoin a bhí ar áireamh sa diúscairt;
ciallaíonn “dáta an bhronntanais” dáta an teagmhais ar a dtagann an deontaí, nó aon duine le ceart an deontaí nó thar a cheann, chun teideal tairbhiúil seilbhe chun an tsochair a bheith aige, agus déanfar tagairt don tráth a glacadh bronntanas a fhorléiriú mar thagairt do dháta an bhronntanais;
ciallaíonn “dáta na hoidhreachta”—
(a) i gcás ina dtagann an comharba, nó aon duine le ceart an chomharba nó thar a cheann, chun teideal tairbhiúil seilbhe chun an tsochair a bheith aige ar aon teagmhas dá dtagraítear in alt 3 (2) tarlú, dáta an teagmhais;
(b) i gcás bronntanas a ndéanann oidhreacht de mar gheall ar é a ghlacadh faoi dhiúscairt más dáta laistigh de dhá bhliain roimh dháta báis an diúscróra dáta na diúscartha, an dáta arbh é dáta an bhronntanais é dá mba bhronntanas an teideal; agus
(c) in aon chás eile, dáta an bháis is déanaí a chaithfeadh tarlú le go bhféadfadh an comharba, nó aon duine le ceart an chomharba nó thar a cheann, teacht chun teideal tairbhiúil seilbhe chun an tsochair a bheith aige,
agus déanfar tagairt do thráth na hoidhreachta a ghlacadh a fhorléiriú mar thagairt do dháta na hoidhreachta;
ciallaíonn “iontaobhas lánroghnach” aon diúscairt a ndéantar dá bíthin, dá bua nó dá droim maoin a theachtadh ar iontaobhas le ioncam nó caipiteal nó le cuid d'ioncam nó de chaipiteal na maoine a chur chun sochair, nó le cumhacht sin a chur chun sochair, d'aon duine nó daoine nó d'aon duine amháin nó níos mó de líon nó d'aicme daoine cibé acu de rogha na n-iontaobhaithe nó aon duine eile é agus d'ainneoin cumhacht a bheith ann an t-ioncam go léir nó aon chuid den ioncam a charnadh;
ciallaíonn “diúscróir”, i ndáil le diúscairt, an duine a rinne an mhaoin a bhí ar áireamh sa diúscairt a sholáthar, go díreach nó go hindíreach, chun críche na diúscartha, agus in aon chás inar uimhir daoine, agus nach duine amháin, a sholáthraigh an mhaoin, measfar gurb é an diúscróir gach duine acu a mhéid a sholáthraigh sé amhlaidh an mhaoin; agus chun críocha an mhínithe seo—
(a) is é an tiomnóir an diúscróir i gcás diúscairt dá dtagraítear i mír (k) den mhíniú ar “diúscairt”;
(b) is é an díthiomnóir an diúscróir i gcás diúscairt dá dtagraítear i mír (l) den mhíniú sin;
(c) is é an t-éagach dá dtagraítear i mír (m) den mhíniú sin an diúscróir i gcás diúscairt dá dtagraítear sa mhír sin; agus
(d) duine a rinne comhshocraíocht chómhalartach le duine eile trínar sholáthraigh an duine eile sin maoin a bhí ar áireamh sa diúscairt measfar gurb é a sholáthraigh an mhaoin sin;
folaíonn “diúscairt”—
(a) aon ghníomh nó neamhghníomh ag duine ar toradh air luach a eastáit, díreach tar éis an ghnímh nó an neamhghnímh sin, a bheith níos lú ná mar bheadh sé mura mbeadh an gníomh nó an neamhghníomh sin;
(b) aon iontaobhas, cúnant, comhaontú nó comhshocraíocht, arna dhéanamh de ghníomhaíocht amháin nó de chomhghníomhaíochtaí;
(c) fiach nó ceart eile a bhunú is infheidhmithe in aghaidh an diúscróra féin nó in aghaidh aon eastáit nó leasa dá chuid i maoin;
(d) airgead a íoc;
(e) scaireanna i gcuideachta a leithroinnt;
(f) aon sochar a dheonú nó a bhunú;
(g) aon léas, morgáiste, muirear, ceadúnas, rogha, cumhacht, comhpháirtíocht nó nasc-thionóntacht nó eastát eile nó leas eile i maoin nó thar mhaoin a dheonú nó a bhunú;
(h) aon fhiach nó sochar eile a scaoileadh, a fhorghéilleadh, a ghéilleadh nó a thréigean, nó a mhainniú ceart a fheidhmiú; agus, chun críche na míre seo, measfar fiach nó sochar a bheith scaoilte ar theacht dó chun bheith neamh-infheidhmithe trí chaingean mar gheall ar am a bheith caite (ach amháin a mhéid a ghnóthófar é tar éis dó teacht chun bheith neamh-infheidhmithe amhlaidh);
(i) cumhacht cheapacháin ghinearálta a fheidhmiú i bhfabhar aon duine seachas sealbhóir na cumhachta;
(j) donatio mortis causa;
(k) uacht nó diúscairt tiomnach eile;
(l) díthiomnacht, iomlán nó páirteach;
(m) scair a íoc mar cheart dlíthiúil faoi Chuid IX den Acht Comharbais, 1965, le céile éagaigh, nó soláthar a dhéanamh do bhaintreach éagaigh, nó do leanbh le héagach, faoi alt 56 nó faoi alt 117 den Acht Comharbais, 1965, nó scair nó soláthar comhchineáil a íoc nó a dhéanamh, ar éagach d'fháil bháis, le haon duine nó chun sochair d'aon duine faoi dhlí críche eile; agus
(n) rún a rith cuideachta agus a meastar le fo-alt (3) gur diúscairt é;
ciallaíonn “deontaí” duine a ghlacann bronntanas;
ciallaíonn “teideal seilbhe” ceart láithreach chun sealúchais mhaoine i gcodarsna cheart den sórt sin san am le teacht, agus gan dochar do ghinearáltacht a bhfuil anseo roimhe seo measfar freisin, chun críocha an Achta seo, teideal seilbhe a bheith ag duine chun leasa nó scaire i gcomhpháirtíocht, i gcomhthionóntacht nó in eastát duine éagtha inar comhpháirtí, comhthionónta nó tairbhí, de réir mar a bheidh, é, ach ní mheasfar teideal seilbhe a bheith aige chun leasa fheifigh go dtí go dtarlóidh teagmhas trína scoireann an leas sin de bheith ina leas feifeach;
folaíonn “cumhacht cheapacháin ghinearálta” gach cumhacht, ceart, nó údarás, cibé acu le huacht agus ar an modh sin amháin nó ar shlí eile is infheidhmithe an céanna, a chumasódh dá shealbhóir cibé duine is oiriúnach leis a cheapadh nó maoin a dhiúscairt chuige nó an chumhacht, an ceart nó an t-údarás sin a fháil, ach gan aon chumhacht a áireamh is infheidhmithe go heisiatach i gcáil mhuiníneach faoi dhiúscairt nach diúscairt aige féin, nó is infheidhmithe ag tionónta saoil faoin Settled Land Act, 1882, nó mar mhorgáistí;
ciallaíonn “bronntanas” bronntanas a meastar leis an Acht seo duine dá ghlacadh;
ciallaíonn “oidhreacht” oidhreacht a meastar leis an Acht seo duine dá glacadh;
folaíonn “leas feifeach” eastát i bhfuíoll nó i bhfrithdhílse agus gach leas todhchaí eile, dílsithe nó teagmhasach, ach ní fholaíonn sé frithdhlíse atá feifeach ar fhoirceannadh léasa;
ciallaíonn “leas teoranta”—
(a) leas (seachas leas léasach) ar feadh saoil nó saol nó ar feadh tréimhse cinnte; nó
(b) aon leas eile nach leas iomlán;
tá le “údarás áitiúil” an bhrí a shanntar dó le halt 2 (2) den Acht Rialtais Áitiúil, 1941 agus folaíonn sé comhlacht arna bhunú faoin Acht um Sheirbhísí Rialtais Áitiúil (Comhlachtaí Corpraithe), 1971;
ciallaíonn margadhluach, i ndáil le maoin, margadhluach na maoine sin arna fhionnadh de réir ailt 15, 16 agus 17;
ciallaíonn “leanbh mionaoiseach” leanbh nach bhfuil 21 bliain d'aois slán aige;
ciallaíonn “maoin phearsanta” aon mhaoin seachas maoin réadach;
ciallaíonn “ionadaí pearsanta” seiceadóir nó riarthóir duine éagtha de thuras na huaire agus folaíonn sé aon duine a ghlacann seilbh ar mhaoin duine éagtha nó a idirláimhsíonn an mhaoin sin agus folaíonn sé freisin aon duine a bhfuil aige, i ndáil leis an duine éagtha, faoi dhlí tíre eile, aon fheidhmeanna ar comhréir le feidhmeanna seiceadóra nó riarthóra chun críocha riaracháin faoi dhlí an Stáit;
folaíonn “maoin” cearta agus leasanna d'aon chineál;
ciallaíonn “maoin réadach” maoin réadach agus maoin airnéise réadaí;
ciallaíonn “rialacháin” rialacháin faoi alt 71;
ciallaíonn “gaol” gaol de réir brí fho-alt (4);
ciallaíonn “tuairisceán” tuairisceán den sórt dá dtagraítear in alt 36;
folaíonn “scair”, i ndáil le cuideachta, aon leas d'aon sórt sa chuideachta ar comhchineál le scair sa chuideachta, agus forléireofar “scairshealbhóir” dá réir sin;
ciallaíonn “cumhacht cheapacháin speisialta” cumhacht cheapacháin nach cumhacht cheapacháin ghinearálta;
ciallaíonn “comharba” duine a ghlacann oidhreacht;
ciallaíonn “cáin” aon cháin is inmhuirearaithe faoin Acht seo;
tá le “dáta luachála” an bhrí a shanntar dó le halt 21.
(2) Chun críche an mhínithe ar “cumhacht cheapacháin ghinearálta” atá i bhfo-alt (1), measfar cumhacht cheapacháin ghinearálta a bheith ag duine—
(a) d'ainneoin nach bhfuil sé sui juris nó go bhfuil míchumas coirp air;
(b) ar airgead atá de chumhacht ghinearálta aige a mhuirearú ar mhaoin; agus
(c) ar mhaoin ar tionónta sainoidhreach seilbhe uirthi é.
(3) Chun críche an mhínithe ar “diúscairt” atá i bhfo-alt (1), measfar, maidir le rún a rith ag cuideachta dá dtiocfaidh, go díreach nó go hindíreach, trí na cearta a bheidh ag gabháil le haon scair sa chuideachta a mhúchadh nó a athrú, go méadóidh luach eastáit aon scairshealbhóra sa chuideachta ar chostas eastát aon scairshealbhóra eile, gur diúscairt é a rinne an scairshealbhóir eile sin dá bhféadfadh sé rith an rúin a chosc trí vótáil ina aghaidh nó ar mhodh eile; agus san fho-alt seo, folaíonn “scair” bintiúr agus stoc iasachta agus folaíonn “scairshealbhóir” sealbhóir bintiúir agus sealbhóir stoic iasachta.
(4) Chun críocha an Achta seo, is gaolta do dhuine na daoine seo a leanas agus ní gaol dó aon duine eile, is é sin le rá—
(a) céile an duine chéadluaite;
(b) athair agus máthair an duine chéadluaite agus aon leanbh. uncail nó aintín dó;
(c) aon leanbh (seachas an duine chéadluaithe), agus aon leanbh linbh le haon duine is gaol, de bhua mhír (a) nó (b), don duine chéadluaite; agus
(d) céile duine is gaol, de bhua mhír (b) nó (c), don duine chéadluaite;
(e) seanathair nó seanmháthair don duine chéadluaite.
(5) Chun críocha an Achta seo—
(a) an gaol idir leanbh, a uchtaíodh sa tslí dá dtagraítear i mír (b) den mhíniú ar “leanbh” atá i bhfo-alt (1), agus aon duine eile, nó idir daoine eile, a bheadh ann dá mba don uchtóir nó do na huchtóirí de phósadh dleathach a rugadh an leanbh sin, measfar é a bheith idir an leanbh sin agus an duine eile sin nó idir na daoine eile sin, agus measfar deireadh a bheith leis an ngaol a bhí idir aon leanbh den sórt sin agus aon duine sular uchtaíodh amhlaidh é; agus
(b) leanbh neamhdhlisteanach nach bhfuil—
(i) dlisteanaithe; nó
(ii) uchtaithe—
(I) faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1974; nó
(II) faoi dhlí uchtála seachas na hAchtanna Uchtála, 1952 go 1974, lena bhfuil an éifeacht dá dtagraítear i mír (b) (ii) den mhíniú ar “leanbh” atá i bhfo-alt (1),
is leanbh dá mháthair é.
(6) San Acht seo, déanfar tagairtí d'aon achtachán a fhorléiriú, mura n-éilíonn an comhthéacs a mhalairt, mar thagairtí don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán ina dhiaidh sin.
(7) San Acht seo, is tagairt d'alt den Acht seo nó do Sceideal a ghabhann leis an Acht seo aon tagairt d'alt nó do Sceideal mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile atá beartaithe.
(8) San Acht seo, aon tagairt d'fho-alt, do mhír nó d'fhomhír is tagairt í don fho-alt, don mhír nó don fhomhír den fhoráil (lena n-áirítear Sceideal) ina bhfuil an tagairt, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'fhoráil éigin eile atá beartaithe.
Brí “ar bhás”.
3.—(1) San Acht seo, ciallaíonn “ar bhás”, i ndáil le duine a thagann chun teideal tairbhiúil seilbhe a bheith aige—
(a) ar bhás duine nó tráth nach indéanta amach ach amháin faoi threoir báis duine;
(b) faoi dhiúscairt i gcás inarb é dáta báis an diúscróra dáta na diúscartha;
(c) faoi dhiúscairt arb é an 1ú lá d'Aibreán, 1975, nó dáta dá éis sin agus ar dáta laistigh de dhá bhliain roimh dháta báis an diúscróra dáta na diúscartha; nó
(d) ar aon teagmhas den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (2) tarlú tar éis deireadh a theacht le leas saoil idirghabhálach.
(2) Is iad na teagmhais dá dtagraítear i bhfo-alt 1 (d) aon teagmhas acu seo a leanas—
(a) aon mhuirear, eastát, leas nó iontaobhas foirceannadh nó loiceadh;
(b) cumhacht cheapacháin speisialta a fheidhmiú;
(c) i gcás inar tugadh sochar faoi dhiúscairt i dtéarmaí de shórt nach bhféadfaí méid nó luach an tsochair a dhéanamh amach ó am go ham ach amháin trí mhaoin a íoc nó a chur chun feidhme iarbhír chun éifeacht a thabhairt don sochar, aon íocaíocht a íoc nó an mhaoin a chur chun feidhme; nó
(d) aon teagmhas eile a dhéanann, faoi dhiúscairt, difear don cheart chun maoine, nó do shealúchas maoine.
CUID II
Cáin Bhronntanais
Cáin bhronntanais a mhuirearú.
4.—Déanfar, faoi réir an Achta seo agus na rialachán faoin Acht seo, cáin fháltas caipitiúil, dá ngairfear cáin bhronntanais agus a ríomhfar mar a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar luach inchánach gach bronntanais inchánach a ghlacfaidh deontaí, i gcás inarb é an 28ú lá d'Fheabhra, 1974, nó dáta dá éis sin dáta an bhronntanais.
Measfar bronntanas a bheith glactha.
5.—(1) Chun críocha an Achta seo, i gcás ina dtiocfaidh duine, faoi réim nó de dhroim aon diúscartha, chun teideal tairbhiúil seilbhe a bheith aige, seachas ar bhás, chun aon sochair (cibé acu a bheidh nó nach mbeidh aon leas cheana féin sa mhaoin ina nglacfaidh sé an sochar sin ag an duine a thiocfaidh chun an teideal sin a bheith aige), seachas ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid a d'íoc sé, measfar gur ghlac sé bronntanas.
(2) Measfar maidir le bronntanas—
(a) é a bheith comhdhéanta d'iomlán na maoine, nó, de réir mar a bheidh, den chuid iomchuí den mhaoin, ina nglacfaidh an deontaí sochar, nó ar a mbeidh an sochar muirearaithe nó urraithe nó a mbeidh an deontaí i dteideal a chur faoi deara é a mhuirearú nó a urrú; agus
(b) más é sochar é blianacht nó íocaíocht thréimhsiúil eile nach bhfuil muirearaithe ar aon mhaoin ná urraithe le haon mhaoin agus nach bhfuil an deontaí i dteideal a chur faoi deara í a mhuirearú nó a urrú amhlaidh, gurb ionann é agus suim a mbeadh, dá ndéanfaí í a infheistiú ar dháta an bhronntanais san urrús leis an Rialtas is déanaí a eisíodh roimh an dáta sin le suibscríobh sa Stát agus is infhuascailte tráth nach luaithe ná 10 mbliana tar éis dáta a eisithe, ioncam bliantúil, ar fhoras an toraidh reatha ar an urrús, ar cóimhéid le luach bliantúil na blianachta nó na híocaíochta tréimhsiúla eile is infhaighte ag an deontaí de thoradh uirthi.
(3) Chun críocha alt 6 (1) (c), measfar nach sa Stát ar dháta an bhronntanais don tsuim dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (b).
(4) I gcás ina ndéanfaidh duine diúscairt faoina dtiocfaidh gaol don duine chun teideal tairbhiúil seilbhe a bheith aige chun aon sochair, ní áireofar chun críocha an ailt seo mar chomaoin i leith an sochar sin nó aon chuid de a dheonú blianacht nó leas eile, a bheidh teoranta chun foirceannadh ar an duine d'fháil bháis, nó tráth nach infhionnta ach amháin faoi threoir a bháis, a bhunú nó a dhiúscairt i bhfabhar an duine sin.
(5) Chun críocha an Achta seo, ciallaíonn “an chuid iomchuí”, i ndáil le maoin dá dtagraítear i bhfo-alt (2), an chuid sin den mhaoin uile ina bhfuil an sochar, nó ar a bhfuil an sochar muirearaithe nó urraithe, nó a bhfuil an deontaí i dteideal a chur faoi deara é a mhuirearú nó a urrú amhlaidh air, a bhfuil an coibhneas céanna idir é agus an mhaoin uile atá idir luach bliantúil comhiomlán an tsochair agus luach bliantúil comhiomlán na maoine uile, agus measfar an bronntanas a bheith comhdhéanta den chuid iomchuí de gach uile mhír riamh maoine atá sa mhaoin uile.
(6) (a) I gcás ina ndearnadh conradh nó comhaontú, roimh an 28ú lá d'Fheabhra, 1974, a bhfuair duine, faoi nó dá dhroim, de cheart, ar shlí seachas ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid, go n-aistreofaí sochar chuige, nó chuig duine eile lena cheart nó thar a cheann, agus i gcás gníomh nó gníomhartha a dhéanamh, ar an dáta sin nó dá éis, de bhun, do chomhlíonadh nó do shásamh an chonartha nó an chomhaontaithe sin, go hiomlán nó go páirteach, ansin, measfar nach é an tráth a fuarthas an ceart mar a dúradh a ghlac an duine sin, nó a glacadh lena cheart nó thar a cheann, an bronntanas nó an oidhreacht, cibé acu é, ach
(i) an tráth a aistríodh an sochar chuige nó chuig duine eile lena cheart nó thar a cheann; nó
(ii) an tráth a tháinig sé féin nó duine eile lena cheart nó thar a cheann chun teideal tairbhiúil seilbhe a bheith aige chun an tsochair,
cibé tráth acu ba dhéanaí.
(b) San fho-alt seo, ní fholaíonn tagairt do chonradh nó do chomhaontú tagairt do chonradh nó do chomhaontú—
(i) is deontas, aistriú, sannadh nó tíolacas comhlán; nó
(ii) ab inchurtha i bhfeidhm trí chaingeann roimh an 28ú lá d'Fheabhra, 1974.
Bronntanas inchánach.
6.—(1) San Acht seo ciallaíonn “bronntanas inchánach”—
(a) i gcás bronntanais, seachas bronntanas a glacadh faoi iontaobhas lánroghnach—
(i) más sa Stát a bhí sainchónaí ar an diúscróir ar dháta na diúscartha faoinar ghlac an deontaí an bronntanas;
nó
(ii) má b'é dlí an Stáit, ar dháta na diúscartha, dlí cuí na diúscartha faoinar ghlac an deontaí an bronntanas,
iomlán an bhronntanais;
(b) i gcás bronntanas a glacadh faoi iontaobhas lánroghnach—
(i) más sa Stát a bhí sainchónaí ar an diúscróir ar dháta an bhronntanais nó (i gcás bronntanas a glacadh tar éis a bháis) más sa Stát a bhí sainchónaí air ar dháta a bháis; nó
(ii) má b'é dlí an Stáit, ar dháta an bhronntanais, dlí cuí an iontaobhais lánroghaigh,
iomlán an bhrontanais; agus
(c) in aon chás eile, an méid sin den mhaoin, arb í an bronntanas í, a bhí sa Stát ar dháta an bhronntanais.
(2) Chun críocha fho-alt (1) (c), measfar ceart chun an tsochair ó mhaoin a dhíol a bheith sa Stát a mhéid atá an mhaoin sin gan díol agus sa Stát.
(3) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (1), ní bronntanas inchánach aon chuid den mhaoin arb í an bronntanas í—
(a) má glacadh an bronntanas roimh an lú lá d'Aibreán, 1975; agus
(b) má fuair an diúscróir i ndáil leis an mbronntanas bás roimh an dáta sin.
Dliteanas cánach bronntanais i leith bronntanas a ghlacann nascthionóntaí.
7.—Is é an dliteanas cánach bronntanais díreach céanna a bheidh ar dhaoine i leith bronntanas a ghlac siad mar nasc-thionontaí a bheadh orthu dá mba mar thionontaí i gcoiteannas agus ina scaireanna comhionanna a ghlacfaidís an bronntanas.
An diúscróir i ndiúscairtí comhcheangailte áirithe.
8.—(1) I gcás deontaí do ghlacadh bronntanais faoi dhiúscairt a rinne diúscróir (dá ngairtear an diúscróir bunaidh san alt seo) agus go ndéanfaidh an deontaí, laistigh den tréimhse dar tosach dáta trí bliana roimh dháta, agus dar críoch dáta trí bliana tar éis dáta, an bhronntanais sin, diúscairt faoina nglacfaidh an dara deontaí bronntanas, agus cibé acu a dhéanfaidh nó nach ndéanfaidh an dara deontaí diúscairt sa tréimhse chéanna faoina nglacfaidh an tríú deontaí bronntanas, agus mar sin de, measfar gur ón diúscróir bunaidh (agus nach ón diúscróir is neasa ar faoina dhiúscairt a glacadh an bronntanas) a ghlac gach deontaí bronntanas; agus measfar gur oidhreacht (agus nach bronntanas) a ghlac an deontaí, mar chomharba, ón diúscróir bunaidh bronntannas a mheastar a glacadh amhlaidh más rud é—
(a) go bhfaighidh an diúscróir bunaidh bás laistigh de dhá bhliain tar éis dáta na diúscartha a rinne sé; agus
(b) gurb é an 1ú lá d'Aibreán, 1975, nó dáta dá éis sin dáta na diúscartha.
(2) Ní bheidh feidhm ag an alt seo i gcás aon diúscartha (dá ngairtear an diúscairt chéadluaite san fho-alt seo) a mhéid nach ndearnadh aon diúscairt eile, a raibh baint aici mar a thuairiscítear i bhfo-alt (1) leis an diúscairt chéadluaite sin, d'fhonn go bhféadfaí nó gurbh fhusa a d'fhéadfaí an diúscairt chéadluaite a dhéanamh nó a chostas a fháil ar ais in aon slí.
Bronntanais inchomhiomlánaithe.
9.—Aon bhronntanas a ghlac deontaí an 28ú lá d'Fheabhra, 1969, nó dá éis, agus roimh an 28ú lá d'Fheabhra, 1974, a mhéid is bronntanas inchánach é, déanfar, chun cáin a ríomh—
(a) ar aon bhronntanas inchánach a ghlac an deontaí sin ón diúscróir céanna an 28ú lá d'Fheabhra, 1974, nó dá éis; agus
(b) ar aon oidhreacht inchánach a ghlac an deontaí sin, mar chomharba, ón diúscróir céanna an 1ú lá d'Aibreán, 1975, nó dá éis,
é a chomhiomlánú, de réir forálacha an Dara Sceideal, leis an mbronntanas inchánach nó an oidhreacht inchánach sin is déanaí a luaitear.
CUID III
Cáin Oidhreachta
Cáin oidhreachta a mhuirearú.
10.—Déanfar, faoi réir an Achta seo agus na rialachán faoin Acht seo, cáin fháltas caipitiúil, dá ngairfear cáin oidhreachta agus a ríomhfar mar a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc ar luach inchánach gach oidhreachta inchánach a ghlacfaidh comharba, i gcás inarb é an lú lá d'Aibreán, 1975, nó dáta dá éis sin dáta na hoidhreachta.
Measfar oidhreacht a bheith glactha.
11.—(1) Chun críocha an Achta seo, i gcás ina dtiocfaidh duine, faoi réim nó de dhroim aon diúscartha, chun teideal tairbhiúil seilbhe a bheith aige ar bhás chun aon sochair (cibé acu a bheidh nó nach mbeidh aon leas cheana féin sa mhaoin ina nglacfaidh sé an sochar sin ag an duine a thiocfaidh chun an teideal sin a bheith aige), seachas ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid a d'íoc sé, measfar gur ghlac sé oidhreacht.
(2) Beidh feidhm ag fo-ailt (2), (4) agus (5) d'alt 5, modhnaithe mar is gá, i ndáil le hoidhreacht mar atá feidhm acu i ndáil le bronntanas.
(3) Chun críocha alt 12 (1) (b) measfar nach sa Stát ar dháta na hoidreachta don tsuim dá dtagraítear in alt 5 (2) (b).
Oidhreacht inchánach.
12.—(1) San Acht seo ciallaíonn “oidhreacht inchánach”—
(a) i gcás—
(i) ar sa Stát a bhí sainchónaí ar an diúscróir ar dháta na diúscartha faoinar ghlac an comharba an oidhreacht, nó
(ii) má b'é dlí an Stáit, ar dháta na diúscartha, dlí cuí na diúscartha faoinar ghlac an deontaí an oidhreacht,
iomlán na hoidhreachta; agus
(b) in aon chás, seachas an cás dá dtagraítear i mír (a), ar sa Stát, ar dháta na hoidhreachta, a bhí—
(i) iomlán na maoine—
(I) a bhí le leithreasú chun na hoidhreachta, nó
(II) as a raibh maoin le leithreasú chun na hoidhreachta,
iomlán na hoidhreachta;
(ii) cuid nó cion den mhaoin—
(I) a bhí le leithreasú chun na hoidhreachta, nó
(II) as a raibh maoin le leithreasú chun na hoidhreachta,
an chuid sin nó an cion sin den oidhreacht.
(2) Chun críocha fho-alt (1) (b)—
(a) ní fholóidh “maoin a bhí le leithreasú chun na hoidhreachta” ná “maoin as a raibh maoin le leithreasú chun na hoidhreachta” aon mhaoin nárbh inchurtha do shásamh na hoidhreachta; agus
(b) measfar ceart chun an tsochair ó mhaoin a dhíol a bheith sa Stát a mhéid atá an mhaoin sin gan díol agus sa Stát.
Séanadh.
13.—(1) Má dhéantar—
(a) (i) sochar faoi uacht nó faoi dhíthiomnacht, nó
(ii) teideal chun leasa i maoin shocraithe, a shéanadh;
(b) éileamh—
(i) faoi uacht airbheartaithe nár eisíodh deonú ionadaíochta (de réir brí an Achta Comharbais, 1965) ina leith; nó
(ii) faoi dhíthiomnacht líomhnaithe i gcás uacht a bheith ann ar eisíodh deonú den sórt sin ina leith,
a tharscaoileadh; nó
(c) ceart faoi Chuid IX den Acht Comharbais, 1965, nó aon cheart comhchineáil faoi dhlí críche eile, a thréigean nó a shéanadh, nó go roghnófar ina choinne nó go scaoilfidh sé,
beidh deireadh le haon dliteanas cánach i leith an tsochair, an teidil, an éilimh nó an chirt sin, de réir mar a bheidh, ionann is dá mba nárbh ann don sochar, don teideal, don éileamh nó don cheart sin.
(2) D'ainneoin aon ní dá bhfuil san Acht seo ní diúscairt—
(a) séanadh sochair faoi uacht nó faoi dhíthiomnacht ná séanadh teidil chun leasa i maoin shocraithe:
(b) tarscaoileadh éilimh—
(i) faoi uacht airbheartaithe nár eisíodh deonú ionadaíochta (de réir brí an Achta Comharbais, 1965) ina leith; nó
(ii) faoi dhíthiomnacht líomhnaithe i gcás uacht a bheith ann ar eisíodh deonú den sórt sin ina leith; ná
(c) i gcás ceart faoi Chuid IX den Acht Comharbais, 1965, nó aon cheart comhchineáil faoi dhlí críche eile,
(i) a thréigean nó a shéanadh;
(ii) roghnú a dhéanamh ina choinne; nó
(iii) é scaoileadh,
chun críocha an Achta seo.
(3) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) go feadh méid aon chomaoine in airgead nó i luach airgid a fuarthas ar éileamh a shéanadh, a thréigean nó a roghnú, ar éileamh scaoileadh nó ar éileamh a tharscaoileadh; agus measfar maidir le fáil na comaoine sin gur bronntanas nó oidhreacht í, de réir mar a bheidh, nár íoc an deontaí ná an comharba aon chomaoin ina leith agus a dhíorthaigh ón diúscróir a sholáthraigh an mhaoin arb i ndáil léi a tháinig an sochar, an teideal, an t-éileamh nó an ceart dá dtagraítear i bhfo-alt (1).
Measfar nascthionónta marthanach do ghlacadh oidhreachta, etc.
14.—(1) Ar dhuine de dhaoine leithleacha ag a bhfuil teideal tairbhiúil iomlán seilbhe mar nasc-thionótaí d'fháil bháis, measfar go nglacann an nasc-thionónta marthanach nó na nasc-thionóntaí marthanacha scair an nasc-thionónta éagtha d'oidhreacht, mar chomharba nó mar chomharbaí, ón nasc-thionónta éagtha mar dhiúscróir.
(2) Is é an dliteanas cánach oidhreachta díreach céanna a bheidh ar dhaoine i leith oidhreacht a ghlac siad mar nasc-thionóntaí a bheadh orthu dá mba mar thionóntaí i gcoiteannas ina scaireanna comhionanna a ghlacfaidís an oidhreacht.
CUID IV
Luach Maoine le haghaidh Cánach
Margadhluach maoine.
15.—(1) Faoi réir forálacha an Achta seo, measfar gurb é margadhluach aon mhaoine chun críocha an Achta seo an praghas a gheofaí, i dtuairim na gCoimisinéirí, ar an maoin sin dá ndíolfaí í ar an margadh oscailte ar an dáta a bheidh an mhaoin le luacháil ar cibé modh agus faoi réir cibé coinníollacha ba dhóigh, le réasún, a tharraingeodh an praghas ab fhearr ar an maoin don díoltóir.
(2) Ní dhéanfaidh na Coimisinéirí, le linn margadhluach aon mhaoine a bheith á mheas, aon laghdú ar an meastachán toisc go ndearnadh an meastachán ar an mbonn go gcuirfear an mhaoin go léir ar an margadh an tráth céanna.
(3) Déanfaidh na Coimisinéirí margadhluach aon mhaoine a fhionnadh ar cibé modh agus ar cibé slí inar cuí leo agus féadfaidh siad a údarú do dhuine aon mhaoin a iniúchadh agus luach an chéanna a thuairisciú dóibh chun críocha an Achta seo, agus tabharfaidh an duine a bheidh i gcúram nó i seilbh na maoine sin cead don duine a bheidh údaraithe amhlaidh í a iniúchadh cibé tráthanna réasúnacha is dóigh leis na Coimisinéirí is gá.
(4) I gcás ina gceanglóidh na Coimisinéirí go ndéanfaidh duine a ainmneoidh siad luacháil, íocfaidh na Coimisinéirí costais na luachála sin.
(5) Faoi réir forálacha an Achta seo, measfar, le linn an praghas a bheith á mheas a d'fhéadfaí bheith ag súil a gheofaí ar scaireanna neamhluaite nó urrúis neamhluaite dá ndíolfaí iad ar an margadh oscailte, toimhdeofar go bhfuil ar fáil ar an margadh sin d'aon duine a mbeadh beartaithe aige na scaireanna nó na hurrúis a cheannach an fhaisnéis go léir a theastódh le réasún ó dhuine stuama dá mbeadh beartaithe aige iad a cheannach ó dhíoltóir toilteanach trí chonradh príobháideach agus ar neamhthuilleamaí.
(6) I bhfo-alt (5), ciallaíonn “scaireanna neamhluaite nó urrúis neamhluaite” scaireanna nó urrúis nach ndéileáiltear iontu ar stocmhargadh.
Margadhluach scaireanna áirithe i gcuideachtaí trádála príobháideacha.
16.—(1) Déanfaidh na Coimisinéirí margadhluach gach scaire i gcuideachta thrádála phríobháideach ar cuideachta í (tar éis an bronntanas nó an oidhreacht a ghlacadh), ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta, faoi rialú an deontaí nó an chomharba, a fhionnadh, chun críocha cánach, ionann is dá mba chuid í de chnuasach scaireanna ar leor a líon le go mbeadh rialú ar an gcuideachta ag úinéir an chnuasaigh.
(2) San alt seo—
folaíonn “ainmní” duine ar féidir a cheangal air a chumhacht vótála a fheidhmiú ar orduithe ó dhuine eile nó a shealbhaíonn a scaireanna, go díreach nó go hindíreach, thar ceann duine eile;
ciallaíonn “cuideachta phríobháideach” comhlacht corpraithe (cibé áit a bhfuil sé corpraithe)—
(a) nach mó ná caoga líon na scairshealbhóirí ann (gan fostaithe nach stiúrthóirí ar an gcuideachta ná aon scairshealbhóir atá ina scairshealbhóir mar ainmní úinéir tairbhiúil scaireanna a áireamh);
(b) nach de thoradh cuireadh poiblí suibscríobh le haghaidh scaireanna a d'eisigh sé aon chuid dá scaireanna; agus
(c) atá faoi rialú ag cuid nach mó ná cúigear daoine;
ciallaíonn “cuideachta thrádála phríobháideach” cuideachta phríobháideach nach cuideachta neamhthrádála phríobháideach de réir brí alt 17.
(3) San alt seo, aon tagairt do chuideachta faoi rialú an deontaí nó an chomharba is tagairt í do chuideachta faoi rialú duine nó daoine acu seo a leanas, is é sin le rá, an deontaí nó an comharba, gaolta an deontaí nó an chomharba, ainmnithe de chuid an deontaí nó an chomharba, ainmnithe de chuid gaolta don deontaí nó don chomharba, agus iontaobhaithe socraíochta ar dá chuspóirí an deontaí nó an comharba nó gaolta don deontaí nó don chomharba; agus chun críocha an ailt seo measfar gur gaol don deontaí nó don chomharba cuideachta atá faoi rialú an deontaí nó an chomharba amhlaidh.
(4) Chun críocha an ailt seo—
(a) measfar cuideachta a bheith faoi rialú ag cuid nach mó ná cúigear daoine má fheidhmíonn aon chúigear daoine nó aon chuid is lú ná cúigear daoine, le chéile, rialú, nó má fhéadann siad rialú a fheidhmiú, nó má tá siad i dteideal rialú a fháil, go díreach nó go hindíreach, ar an gcuideachta; agus chun na críche sin—
(i) daoine is gaolta d'aon duine eile i dteannta an duine eile sin;
(ii) daoine is ainmnithe de chuid aon duine eile i dteannta an duine eile sin;
(iii) daoine i gcomhpháirtíocht; agus
(iv) daoine a bhfuil leas acu in aon scaireanna nó oibleagáidí de chuid na cuideachta atá faoi réir aon iontaobhais nó is cuid d'eastát duine éagtha,
measfar gur duine aonair gach duine díobh faoi seach; agus
(b) measfar rialú a bheith ag duine ar chuideachta tráth ar bith más rud é—
(i) go raibh aige an tráth sin rialú ar chumhachtaí vótála ar gach ceist nó ar aon cheist áirithe a bhain leis an gcuideachta i gcoitinne ar chumhachtaí iad a thabharfadh, dá bhfeidhmeofaí iad, tromlach na vótaí ab infheidhmithe ar an gceist, nó go bhféadfadh sé an tráth sin an rialú sin a fháil trí chumhacht a fheidhmiú an tráth sin ab infheidhmithe aige nó le hordú uaidh nó lena thoiliú;
(ii) go raibh de chumas aige an tráth sin, nó go bhféadfadh sé an tráth sin trí chumhacht a fheidhmiú ab infheidhmithe aige nó le hordú uaidh nó lena thoiliú an cumas a fháil, aon chumhacht acu seo a leanas a fheidhmiú nó a bhfeidhmiú a rialú, is é sin le rá—
(I) cumhachtaí bhord stiúrthóirí na cuideachta;
(II) cumhachtaí stiúrthóra ceannais ar an gcuideachta;
(III) cumhacht tromlach stiúrthóirí na cuideachta nó stiúrthóir ceannais ar an gcuideachta a ainmniú;
(IV) cumhacht urbhang a chur le ceapadh stiúrthóra ar an gcuideachta, nó
(V) cumhachtaí den chineál céanna;
(iii) go raibh ceart aige an tráth sin cuid is mó ná leath mhéid iomlán díbhinní na cuideachta a fháil, dearbhaithe nó gan dearbhú, nó go raibh sé á bhfáil, agus chun críocha na fomhíre seo measfar go bhfolaíonn “díbhinn” ús ar aon bhintiúir de chuid na cuideachta; nó
(iv) go raibh leas aige an tráth sin i scaireanna de chuid na cuideachta dar luach ainmniúil comhiomlán méid ab ionann agus leath nó níos mó ná leath luach ainmniúil comhiomlán scaireanna na cuideachta.
Margadhluach scaireanna áirithe i gcuideachtaí neamhthrádála príobháideacha.
17.—(1) Chun críocha an Achta seo, is é margadhluach gach scaire i gcuideachta neamhthrádála phríobháideach, ar cuideachta í (tar éis an bronntanas nó an oidhreacht a ghlacadh), ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta, faoi rialú an deontaí nó an chomharba, cibé suim ab iníoctha i leith na scaire le húinéir na scaire dá mbeadh an chuideachta arna foirceannadh go saorálach agus na sócmhainní go léir arna réadú ar an dáta ar a mbeidh an scair le luacháil.
(2) San alt seo—
ciallaíonn “ioncam infheistíochta”, i ndáil le cuideachta phríobháideach, ioncam nárbh ioncam tuillte é de réir brí alt 2 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, dá mba phearsa aonair an chuideachta:
tá le “cuideachta phríobháideach” agus le “cuideachta faoi rialú an deontaí nó an chomharba” na bríonna a shanntar dóibh le halt 16;
ciallaíonn “cuideachta neamhthrádála phríobháideach” cuideachta phríobháideach—
(a) ar ioncam infheistíochta go hiomlán nó go formhór a hioncam (má b'ann) sa dá mhí dhéag roimh an dáta ar a mbeidh scair inti le luacháil; agus
(b) ar mhaoin as ar tháinig ioncam infheistíochta a maoin go hiomlán nó go formhór ar an dáta dá dtagraítear i mír (a).
(3) I gcás ina n-áirítear ar shócmhainní chuideachta neamhthrádála phríobháideach den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1) scair i gcuideachta neamhthrádála phríobháideach eile den sórt sin (dá ngairtear an chuideachta dheiridh anseo ina dhiaidh seo), fionnfar margadhluach na scaire sin ar an bhforas go bhfuil an chuideachta dheiridh arna foirceannadh go saorálach agus a sócmhainní arna réadú ar an dáta a bheidh an scair le luacháil.
(4) Le linn margadhluach na scaire dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó (3) a bheith á chinneadh, ní chuirfear san áireamh costais aon chuideachta a fhoirceannadh ná costais a sócmhainní a réadú.
(5) Le linn an méid a bheadh de bharr sócmhainní cuideachta a réadú a bheith á fhionnadh chun críocha fho-alt (1) nó (3), measfar gurbh é an méid a bheadh de bharr na sócmhainní a réadú méid a margadhluacha amhail ar an dáta ar a mbeidh an scair dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó (3) le luacháil.
Luach inchánach bronntanais inchánach nó oidhreachta inchánach.
18.—(1) San alt seo, ciallaíonn “luach saor-ó-eire”, i ndáil le bronntanas inchánach nó le hoidhreacht inchánach, an luach arb éard é, ar an dáta luachála, margadhluach na maoine arb í an bronntanas inchánach nó an oidhreacht inchánach ar an dáta sin í, tar éis aon dliteanais, costais agus caiteachais a asbhaint is iníoctha go cuí as an mbronntanas inchánach nó as an oidhreacht inchánach.
(2) Faoi réir forálacha an ailt seo (ach amháin mar a fhoráiltear in alt 19), fionnfar luach inchánach bronntanais inchánach nó oidhreachta inchánach (i gcás nach leas teoranta an leas a ghlacann an deontaí nó an comharba) trí shuim a bhaint as luach saor-ó-eire an chéanna ar cóimhéid le margadhluach aon chomaoine bona fide, in airgead nó i luach airgid, a d'íoc an deontaí nó an comharba ar an mbronntanas nó ar an oidhreacht, lena n-áirítear—
(a) aon dliteanas de chuid an diúscróra a gheallann an deontaí nó an comharba a urscaoileadh mar dhliteanas pearsanta dá chuid féin; agus
(b) aon dliteanas eile a bhfuil an bronntanas nó an oidhreacht faoina réir de réir téarmaí na diúscartha faoina nglactar an céanna,
agus is é an méid a fhionnfar amhlaidh an luach inchánach:
Ar choinníoll nach ndéanfar aon asbhaint faoin bhfo-alt seo i leith aon dliteanas a bheidh le hasbhaint le linn an luach saor-ó-eire a bheith á fhionnadh.
(3) I gcás ina mbeidh dliteanas (seachas dliteanas de réir brí fho-alt (9)) ar féidir asbhaint a dhéanamh ina leith faoi fhorálacha fho-alt (1) nó (2) le hurscaoileadh tar éis an trátha a bheidh sé le cur i gcuntas mar asbhaint faoi cheachtar de na fo-ailt sin, is é luach a luachálfar dó chun asbhaint den sórt sin a dhéanamh a mhargadhluach reatha an tráth a bheidh sé le cur i gcuntas amhlaidh.
(4) Déanfar luach inchánach bronntanais inchánach nó oidhreachta inchánach, i gcás inar leas teoranta an leas a ghlacann an deontaí nó an comharba, a fhionnadh mar a leanas—
(a) fionnfar, de réir na Rialacha atá sa Chéad Sceideal, luach an leasa theoranta i suim chaipitiúil is cóimhéid leis an luach saor-ó-eire; agus
(b) bainfear as an luach a fhionnfar de réir mhír (a) suim i leith mhargadhluach aon chomaoine bona fide in airgead nó i luach airgid a d'íoc an deontaí nó an comharba ar an mbronntanas nó ar an oidhreacht agus is é an méid a bheidh fágtha tar éis na hasbhainte sin an luach inchánach:
Ar choinníoll nach ndéanfar aon asbhaint faoin mír seo i leith aon dliteanas a bheidh le hasbhaint le linn an luach saor-ó-eire a bheith á fhionnadh.
(5) Ní dhéanfar asbhaint faoi fhorálacha an ailt seo—
(a) i leith aon dliteanas a mbraitheann a íoc ar theagmhas éigin tarlú san am le teacht:
Ar choinníoll má tharlaíonn an teagmhas a mbeidh an dliteanas ag brath ar é tarlú agus go n-íocfar an dliteanas, ansin, ar éileamh ar fhaoiseamh a bheith déanta ar na Coimisinéirí agus faoi réir forálacha eile an ailt seo, go ndéanfar asbhaint i leith an dliteanais agus cibé coigeartú cánach is iomchuí; agus déanfar an coigeartú sin ar an bhforas gur ghlac an deontaí nó an comharba leas seilbhe sa mhéid a bheidh le hasbhaint i leith an dliteanais, ar feadh tréimhse cinnte a bhí comhfhad leis an tréimhse iarbhír a bhí íoc an dliteanais iarchurtha;
(b) i leith aon dliteanais, costas nó caiteachas a mhéid atá ceart aisíoca ó aon fhoinse ag an deontaí nó ag an gcomharba, mura rud é nach féidir an t-aisíoc sin a fháil;
(c) i leith aon dliteanas a bhunaigh an deontaí nó an comharba nó aon duine agus é ag éileamh le ceart an deontaí nó an chomharba nó thar a cheann;
(d) i leith cáin, ús nó pionóis is inmhuirearaithe faoin Acht seo i leith an bhronntanais nó na hoidhreachta, nó na gcostas, na gcaiteachas nó an úis a tabhaíodh ag cruinniú nó ag íoc an chéanna;
(e) i leith aon dliteanais a mhéid gurb éard an dliteanas sin eire ar mhaoin, nó gur bunaíodh nó gur tabhaíodh é ag fáil aon mhaoine, atá ar áireamh in aon bhronntanas nó oidhreacht agus atá díolmhaithe ó cháin faoi aon fhoráil den Acht seo nó ar shlí eile;
(f) i gcás aon bhronntanas nó oidhreacht dá dtagraítear in alt 6 (1) (c) nó in alt 12 (1) (b) i leith—
(i) aon dliteanas, costais nó caiteachais a bheidh dlite do dhuine a chónaíonn lasmuigh den Stát (ach amháin a mhéid a cheanglaíonn conradh gur sa Stát a d'íocfaí an dliteanas sin nó gur ar an maoin atá sa Stát agus atá ar áireamh sa bhronntanas nó san oidhreacht atá an dliteanas sin muirearaithe); nó
(ii) aon dliteanas, costais nó caiteachais a mhéid atá an céanna muirearaithe ar mhaoin, nó urraithe le maoin, atá ar áireamh sa bhronntanas nó san oidhreacht agus nach sa Stát di,
ach amháin a mhéid nach leor chun an dliteanas, na costais nó na caiteachais a íoc an mhaoin go léir atá lasmuigh den Stát agus atá ar áireamh sa bhronntanas nó san oidhreacht;
(g) i leith aon cháin a lamháiltear creidmheas ina leith faoi faoi fhorálacha alt 66 nó 67.
(6) I gcás bronntanas nó oidhreacht dá dtagraítear i bhfo-alt (5) (f), ní rachaidh aon asbhaint a dhéanfar faoi fho-alt (2) nó (4) (b) thar an gcion den chomaoin a mbeidh an coibhneas céanna idir é agus iomlán na comaoine a bheidh idir an bronntanas inchánach nó an oidhreacht inchánach agus iomlán an bhronntanais nó iomlán na hoidhreachta.
(7) Ná dhéanfar asbhaint faoi fhorálacha an ailt seo—
(a) níos minice ná uair amháin i leith an dliteanais chéanna, na gcostas céanna, na gcaiteachas céanna nó na comaoine céanna, i ndáil leis na bronntanais agus na hoidhreachtaí go léir a ghlac an deontaí nó an comharba ón diúscróir; ná
(b) i leith aon dliteanais, costas, caiteachas nó comaoine a mbeidh cion de le lamháil faoi fhorálacha alt 19 (2) (ii) nó (iii) in ndáil le bronntanas nó oidhreacht a ghlac an deontaí nó an comharba ón diúscróir.
(8) I gcás ina mbeidh bronntanas inchánach nó oidhreacht inchánach faoi réir dliteanais de réir brí fho-alt (9), is í asbhaint a dhéanfar i leith an chéanna faoin alt seo asbhaint ar cóimhéid le margadhluach iomlán na maoine, nó na coda iomchuí den mhaoin, cibé acu é, de réir brí alt 5 (5).
(9) Chun críche fho-alt (8), ciallaíonn “dliteanas”, i ndáil le bronntanas inchánach nó le hoidhreacht inchánach, dliteanas a bhaineann den deontaí nó den chomharba, go buan nó go sealadach, úsáid, teachtadh nó ioncam, iomlán nó páirteach, na maoine, nó aon choda den mhaoin, arb í an bronntanas inchánach nó an oidhreacht inchánach í.
(10) I gcás—
(a) comaoin bona fide in airgead nó i luach airgid a bheith íoctha ag duine le go ndeonófaí, trí dhiúscairt, leas feifeach i maoin dó; agus
(b) an duine sin, ar theacht dó i seilbh an leasa fheifigh, do ghlacadh na maoine sin de bhronntanas nó d'oidhreacht faoin diúscairt sin,
is í asbhaint a dhéanfar faoi fho-alt (2) nó (4) (b) i leith comaoin a d'íoc an duine sin suim ar cóimhéid leis an gcoibhneas céanna de luach inchánach an bhronntanais inchánach nó na hoidhreachta inchánach (ionann is nach mbeadh asbhaint déanta cheana féin i leith na comaoine sin) a bhí idir méid na comaoine a íocadh amhlaidh agus margadhluach an leasa fheifigh ar dháta na comaoine a íoc.
(11) Aon asbhaint a dhéanfar, faoi fhorálacha an ailt seo, i leith dliteanais is eire ar aon mhaoin is in aghaidh na maoine sin a dhéanfar í a mhéid is féidir sin.
Luach maoine talmhaíochta.
19.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “maoin talmhaíochta” talamh talmhaíochta, talamh féaraigh agus talamh coille sa Stát agus barraí, crainn agus casarnach ag fás ar thalamh den sórt sin agus folaíonn sé freisin cibé foirgnimh feirme, tithe feirme agus maintithe (mar aon leis na tailte a áitítear ina dteannta) is de ghné is iomchuí don mhaoin:
ciallaíonn “luach talmhaíochta” margadhluach maoine talmhaíochta arna laghdú de 50 faoin gcéad den luach sin, nó de shuim £100,000, cibé acu is lú;
ciallaíonn “feirmeoir”, i ndáil le deontaí nó comharba, pearsa aonair ar sa Stát atá sainchónaí agus gnáthchónaí air agus arb amhlaidh maidir leis gurb éard atá i gcuid nach lú ná 75 faoin gcéad de mhargadhluach na maoine a bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe aige chuici margadhluach mhaoin sa Stát ar maoin talmhaíochta, beostoc, stoc folaíochta agus innealra feirme í, agus, chun críocha an mhínithe seo, ní dhéanfar aon asbhaint as margadhluach maoine le haghaidh aon fhiacha nó eirí.
(2) Ach amháin mar a fhoráiltear i bhfo-alt (7), a mhéid is maoin talmhaíochta aon bhronntanas nó oidhreacht—
(a) ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta; agus
(b) ar an dáta luachála,
agus go nglacann deontaí nó comharba an céanna ar feirmeoir é ar an dáta luachála agus tar éis an bronntanas nó an oidhreacht a ghlacadh, beidh feidhm ag forálacha alt 18 (seachas fo-alt 7 (b) de) i ndáil le maoin talmhaíochta mar atá feidhm acu i ndáil le maoin eile faoi réir na modhnuithe seo a leanas—
(i) i bhfo-alt (1) den alt sin, forléireofar an tagairt do mhargadhluach mar thagairt do luach talmhaíochta;
(ii) i gcás ina mbeidh asbhaint le déanamh i leith aon dliteanais, costas nó caiteachas, de réir fho-alt (1) den alt sin, ní asbhainfear ach comhréir den dliteanas, de na costais nó de na caiteachais sin agus is í comhréir í sin an chomhréir idir luach talmhaíochta na maoine talmhaíochta agus margadhluach na maoine sin; agus
(iii) i gcás ina mbeidh asbhaint le déanamh i leith aon chomaoin faoi fho-alt (2) nó (4) (b) den alt sin, ní asbhainfear ach comhréir den chomaoin sin agus is í comhréir í sin an chomhréir a bheidh idir luach talmhaíochta na maoine talmhaíochta agus margadhluach na maoine sin.
(3) I gcás ina nglacfaidh deontaí nó comharba bronntanas inchánach nó oidhreacht inchánach faoi réir an choinníll go ndéanfar an céanna go léir nó cuid den chéanna a infheistiú i maoin talmhaíochta agus go gcomhlíonfar an coinníoll sin laistigh de dhá bhliain tar éis dáta an bhronntanais nó na hoidhreachta, ansin measfar, chun críocha an ailt seo, gurb é a bhí sa bhronntanas nó san oidhreacht—
(a) ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta; agus
(b) ar an dáta luachála,
maoin talmhaíochta a mhéid atá an bronntanas nó an oidhreacht faoi réir an choinníll sin agus infheistithe amhlaidh.
(4) I ndáil le 50 faoin gcéad de mhargadhluach maoine talmhaíochta nó £100,000, cibé acu is lú, a asbhaint i leith maoine talmhaíochta, ní rachaidh an méid iomlán is inasbhainte le linn an luach talmhaíochta a fhionnadh thar £100,000, i leith a gcomhiomlán seo a leanas—
(a) na bronntanais inchánach go léir a glacadh an 28ú lá d'Fheabhra, 1969, nó dá éis sin; agus
(b) na hoidhreachtaí inchánach go léir a glacadh an 1ú lá d'Aibreán, 1975, nó dá éis sin,
arb éard iad, go hiomlán nó go páirteach, maoin talmhaíochta, a ghlac an duine céanna, mar dheontaí nó mar chomharba, ón diúscróir céanna.
(5) (a) Scoirfidh an luach talmhaíochta de bheith infheidhmithe ar mhaoin réadach is maoin talmhaíochta má tharlaíonn agus a mhéid a tharlóidh maidir leis an maoin—
(i) go ndíolfar í nó go bhfaighfear go héigeantach í laistigh den tréimhse sé bliana tar éis dáta an bhronntanais nó dáta na hoidhreachta; agus
(ii) nach gcuirfear maoin talmhaíochta eile ina hionad laistigh de bhliain ó dháta a díola nó a fála go héigeantach,
agus beidh cáin inmhuirearaithe i leith an bhronntanais nó na hoidhreachta ionann is dá mba nár mhaoin talmhaíochta an mhaoin;
Ar choinníoll nach mbeidh éifeacht leis an mír seo i gcás ina n-éagfaidh an deontaí nó an comharba sula ndíolfar an mhaoin nó sula bhfaighfear go héigeantach í.
(b) Má dhéantar comhshocraíocht, le linn maoin faoi réir diúscartha a riaradh, le maoin a leithreasú do shásamh, nó mar chabhair do shásamh, sochair faoin diúscairt, measfar nach díol ná fáil éigeantach chun críocha mhír (a) an chomhshocraíocht sin.
(6) Chun críocha fho-alt (2), má dhéantar, le linn maoin faoi réir diúscartha a bheith á riaradh, maoin a leithreasú do shásamh, nó mar chabhair do shásamh, sochair a meastar duine do ghlacadh bronntanais nó oidhreachta ina leith faoin diúscairt, measfar an mhaoin a leithreasófar amhlaidh, má bhí sí faoi réir na diúscartha ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta, a bheith ar áireamh sa bhronntanas sin nó san oidhreacht sin ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta.
(7) Beidh éifeacht le forálacha fho-alt (2) i ndáil le maoin talmhaíochta ar crainn nó casarnach í ionann is dá bhfágfaí ar lár as na focail “agus go nglacann deontaí nó comharba an céanna ar feirmeoir é ar an dáta luachála agus tar éis an bronntanas nó an oidhreacht a ghlacadh,”.
(8) San alt seo, gan fo-alt (4) a áireamh, folóidh aon tagairt do dheontaí nó do chomharba tagairt don aistrí dá dtagraítear in alt 23 (1).
Teagmhais a dhéanann difear do bhronntanais nó d'oidhreachtaí.
20.—I gcás ina dtiocfaidh duine, faoi dhiúscairt, chun teideal tairbhiúil seilbhe a bheith aige chun aon sochair agus, faoi théarmaí na diúscartha, go bhféadfaidh an teideal, nó aon chuid den teideal, foirceannadh ar theagmhas tarlú (seachas cúlghairm an teidil ar an diúscróir d'fheidhmiú cumhacht de shórt dá dtagraítear in alt 30), déanfar luach inchánach aon bhronntanais inchánach nó aon oidhreachta inchánach a ghlac an duine sin ar theacht dó amhlaidh chun bheith i dteideal an tsochair sin a fhionnadh ionann is dá mba nach bhfoirceannfadh aon chuid den teideal amhlaidh; ach, má fhoirceannann agus a mhéid a fhoirceannfaidh an teideal amhlaidh, déanfar an cháin is iníoctha ag an duine sin a choigeartú an méid sin (dá mba lú an méid cánach ab iníoctha aige dá ndéanfaí sin) ar an bhforas gur ghlac sé leas seilbhe ar feadh tréimhse cinnte ba chomhfhad le ré iarbhír a theidil thairbhiúil seilbhe:
Ar choinníoll nach ndéanfaidh aon ní san alt seo aon mhuirear i leith cánach a dhochrú ar an duine sin do ghlacadh bronntanais nó oidhreachta ionaid ar theagmhas den sórt sin tarlú.
An dáta luachála chun críocha cánach.
21.—(1) Faoi réir forálacha fho-alt (7) is é dáta luachála bronntanais inchánach dáta an bhronntanais.
(2) Is é dáta luachála oidhreachta inchánach dáta báis an éagaigh ar ar bhás a fháil dó a ghlactar an oidhreacht má ghlacann an comharba nó aon duine le ceart an chomharba nó thar a cheann an oidhreacht—
(a) mar donatio mortis causa; nó
(b) mar gheall ar mhainneachtain cumhacht chúlghairme a fheidhmiú.
(3) Má dhéanann oidhreacht de bhronntanas mar gheall ar é a ghlacadh faoi dhiúscairt i gcás inar dáta laistigh de dhá bhliain roimh bhás an diúscróra dáta na diúscartha, cinnfear dáta luachála an chéanna ionann is dá mba bhronntanas é.
(4) Is é dáta luachála oidhreachta inchánach, seachas oidhreacht inchánach dá dtagraítear i bhfo-alt (2) nó (3), an dáta is luaithe acu seo a leanas—
(a) an dáta is luaithe ar a bhfuil ionadaí pearsanta nó iontaobhaí nó an comharba nó aon duine eile i dteideal ábhar na hoidhreachta a choinneáil chun sochair don chomharba nó d'aon duine eile le ceart an chomharba nó thar a cheann;
(b) an dáta ar a gcoinnítear amhlaidh ábhar na hoidhreachta; nó
(c) dáta ábhar na hoidhreachta a sheachadadh don chomharba, a íoc leis nó a shásamh nó a urscaoileadh ar shlí eile chun sochair dó nó a sheachadadh d'aon duine le ceart an chomharba nó thar a cheann, nó a íoc le haon duine nó thar a cheann nó a shásamh nó a urscaoileadh ar shlí eile chun sochair dó nó thar a cheann.
(5) Más féidir aon chuid d'oidhreacht inchánach dá dtagraítear i bhfo-alt (4) a choinneáil, nó má dhéantar aon chuid den sórt sin a choinneáil, a sheachadadh, a íoc nó a shásamh ar shlí eile, ar mhodh páirt-íocaíochta, airleacain, íocaíochta ar cuntas nó ar aon mhodh eile, roimh aon chuid nó codanna eile den oidhreacht sin, cinnfear an dáta luachála iomchuí do gach cuid den oidhreacht de réir an fho-ailt sin ionann is dá mba oidhreacht ar leith gach cuid den sórt sin faoi seach.
(6) Féadfaidh na Coimisinéirí fógra i scríbhinn a thabhairt do dhuine cuntasach ag insint an dáta a mbeidh cinnte acu gurb é an dáta luachála é i leith iomlán oidhreachta nó aon choda di, agus, faoi réir aon chinneadh ar achomharc de bhun fho-alt (9), measfar gurb é an dáta a bheidh cinnte amhlaidh an dáta luachála.
(7) Má dhéantar oidhreacht inchánach dá dtagraítear i bhfo-alt (4) nó (5) a dhiúscairt, má chríochnaíonn sí nó má thagann deireadh léi, roimh an dáta luachála dá dtagraítear sna fo-ailt sin in imthosca a thugann do bronntanas inchánach a bheith ann, is é an dáta céanna an dáta luachála i leith an bhronntanais inchánach sin agus dáta luachála na hoidhreachta inchánach.
(8) D'ainneoin aon ní san alt seo, féadfaidh na Coimisinéirí, má bhíonn amhras ann, le comhaontú i scríbhinn ón duine cuntasach nó óna ghníomhaire, dáta luachála aon oidhreachta inchánach go hiomlán nó aon choda di a chinneadh agus cuirfear an dáta luachála a chinnfear amhlaidh in ionad an dáta luachála ab infheidhmithe de bhun an ailt seo mura mbeadh sin.
(9) Beidh ábhar achomhairc ann in aghaidh aon chinneadh a dhéanfaidh na Coimisinéirí faoi fho-alt (6) agus beidh feidhm ag forálacha alt 52, modhnaithe mar is gá, i ndáil le hachomharc faoin bhfo-alt seo mar atá feidhm acu i ndáil le hachomharc in aghaidh measúnachta cánach.
CUID V
Forálacha a bhaineann le Bronntanais agus le hOidhreachtaí
Iontaobhais lánroghnacha.
22.—I gcás ina dtiocfaidh duine chun bheith i dteideal tairbhiúil seilbhe aon sochair—
(a) faoi iontaobhas lánroghnach, seachas iontaobhas lánroghnach dá dtagraítear i mír (b), ar shlí seachas ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid a d'íoc sé, measfar bronntanas a bheith glactha aige;
(b) faoi iontaobhas lánroghnach a bunaíodh—
(i) le huacht aon tráth;
(ii) le diúscairt, i gcás inarb é an lú lá d'Aibreán, 1975, nó dáta dá éis sin agus laistigh de dhá bhliain roimh bhás an diúscróra dáta na diúscartha; nó
(iii) le diúscairt inter vivos agus í teoranta le teacht i ngníomh ar bhás a tharla roimh an Acht seo a rith nó a tharlóidh dá éis sin,
ar shlí seachas ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid a d'íoc sé, measfar oidhreacht a bheith glactha aige.
Déileáil le leasanna todhchaí.
23.—(1) I gcás sochar, a mbeidh duine (dá ngairtear an fuíollaí san alt seo) ina theideal faoi dhiúscairt, cineachadh, nó ina ndiúscrófar é, go hiomlán nó go páirteach sular leas seilbhe é ionas gur duine (dá ngairtear an t-aistrí san alt seo) seachas an fuíollaí a raibh sé teorannaithe chuige leis an diúscairt a ghlacfaidh é, go hiomlán nó go páirteach, an tráth a thiocfaidh an sochar i seilbh, ansin beidh cáin iníoctha, i leith bronntanais nó oidhreachta, de réir mar a bheidh, de chuid an fhuíollaí ar gach slí ionann is dá mbeadh an fuíollaí tagtha, an tráth sin, chun teideal tairbhiúil seilbhe a bheith aige go feadh méid uile an leasa a bhí teorannaithe chuige faoin diúscairt, agus is é an t-aistrí an duine a bheidh cuntasach go príomha in íoc cánach go feadh an mhéid den sochar a ghlac sé.
(2) Ní dhochróidh forálacha fho-alt (1) aon mhuirear cánach i leith aon bhronntanas nó oidhreacht a dhéanann difear don mhaoin chéanna nó d'aon chuid di faoi aon diúscairt eile.
(3) I bhfo-alt (1), folaíonn “sochar” sochar dliteanas dá dtagraítear in alt 28 scor.
Leasanna teoranta a urscaoileadh, etc.
24.—(1) I gcás leas i maoin, a bheidh teorannaithe leis an diúscairt a bhunaigh í le foirceannadh ar theagmhas tarlú, a bheith tar éis críochnú (trí dhiúscairt eile, nó leasanna comhleanúnacha a ghlacadh in aon úinéireacht amháin, nó trí aon mheáin seachas teagmhas eile a raibh an leas a bhí teorannaithe leis an diúscairt chéadluaite le foirceannadh ar é tarlú) sular tharla an teagmhas sin, beidh cáin iníoctha faoin diúscairt chéadluaite ar gach slí ionann is dá dtarlódh an teagmhas, a raibh an leas teorannaithe le foirceannadh faoin diúscairt sin ar é tarlú, díreach roimh dheireadh teacht leis an leas.
(2) Ní dhochróidh forálacha fho-alt (1) aon mhuirear cánach i leith aon bhronntanas nó oidhreacht a dhéanann difear don mhaoin chéanna nó d'aon chuid di faoi aon diúscairt seachas an chéad diúscairt a luaitear i bhfo-alt (1).
(3) D'ainneoin aon ní i bhfo-alt (2)—
(a) má bhí leas i maoin a bhí teorannaithe le foirceannadh ar theagmhas tarlú teorannaithe chun an diúscróra leis an diúscairt a bhunaigh an leas sin; agus
(b) má bhíonn, ar dheireadh teacht leis an leas sin, éifeacht le forálacha fho-alt (1) i ndáil le bronntanas nó oidhreacht a ghlac deontaí nó comharba faoin diúscairt sin agus arb éard é nó í an mhaoin ina raibh an leas sin, ansin—
aon bhronntanas nó oidhreacht eile fós a ghlac an deontaí nó an comharba céanna faoi dhiúscairt eile a rinne an diúscróir céanna (arb í an diúscairt í dar tháinig deireadh a bheith leis an leas sin) ní bronntanas inchánach é ná ní oidhreacht inchánach í a mhéid gurb é nó gurb í iomlán na maoine céanna é nó í nó gur cuid é nó í den mhaoin chéanna.
(4) San alt seo, folaíonn “teagmhas”—
(a) bás; agus
(b) tréimhse shonraithe do dhul in éag.
Leas nach leas seilbhe a shocrú.
25.—(1) I gcás ina nglacfaidh aon deontaí nó comharba bronntanas nó oidhreacht faoi dhiúscairt a rinne sé féin ansin, má bhí sé, ar dháta na diúscartha sin, i dteideal na maoine a bhí ar áireamh sa diúscairt, go feifeach ar theagmhas tarlú, nó faoi réir dliteanais de réir brí alt 18 (9), agus go dtarlóidh an teagmhas sin nó go dtiocfaidh deireadh leis an dliteanas sin le linn ré na diúscartha, muirearófar cáin ar luach inchánach an bhronntanais inchánach nó na hoidhreachta inchánach a ghlacfadh sé ar an teagmhas sin tarlú, nó ar an dliteanas sin foirceannadh, dá mba nach ndéanfaí aon diúscairt den sórt sin.
(2) Ní dhochróidh forálacha fho-alt (1) aon mhuirear cánach i leith aon bhronntanas nó oidhreacht a dhéanann difear don mhaoin chéanna nó d'aon chuid di faoin diúscairt sin.
(3) San alt seo, tá le “teagmhas” an bhrí chéanna atá leis in alt 24.
Leasanna a mhéadú.
26.—(1) I gcás ina ndéanfaidh duine ag a mbeidh leas seilbhe teoranta i maoin (dá ngairtear san alt seo an leas céadluaite) leas eile fós (dá ngairtear san alt seo an dara leas a luaitear) a ghlacadh sa mhaoin chéanna, mar bhronntanas inchánach nó mar oidhreacht inchánach, a dtagann dó dá dhroim gurb é úinéir iomlán na maoine é, déanfar luach inchánach an bhronntanais inchánach nó na hoidhreachta inchánach, arb é nó arb í an dara leas a luaitear é nó í ar an dáta luachála, a laghdú an méid arb é, ar an dáta sin, luach an leasa chéadluaite é, agus á ghlacadh gurb é an luach sin, arna fhionnadh de réir na Rialacha atá sa Chéad Sceideal, luach leasa theoranta—
(a) is leas teoranta i suim chaipitiúil ar cóimhéid le luach na maoine;
(b) a thosaíonn ar an dáta sin; agus
(c) a mhairfidh ar feadh na coda gan chaitheamh de théarma an leasa chéadluaite.
(2) Chun críocha fho-alt (1) (a), ciallaíonn “luach” an méid arbh é an luach saor-ó-eire, de réir brí alt 18 (1), é, dá nglacfaí an leas teoranta, ar an dáta dá dtagraítear i bhfo-alt (1), mar bhronntanas inchánach nó mar oidhreacht inchánach.
(3) Ní bheidh éifeacht le forálacha an ailt seo i gcás inar faoin diúscairt faoinar bunaíodh an leas céadluaite a glacadh an dara leas a luaitear.
Diúscairtí lena mbaineann cumhachtaí ceapacháin.
27.—(1) I gcás duine teacht chun teideal tairbhiúil seilbhe chun aon sochair a bheith aige de bhua nó de dhroim aon duine, agus cumhacht cheapacháin ghinearálta aige, d'fheidhmiú nó do scaoileadh na cumhachta sin nó do mhainniú an chumhacht sin a fheidhmiú, ansin, chun críocha an Achta seo, is í an diúscairt, agus ní hí an diúscairt faoinar bunaíodh an chumhacht, feidhmiú nó scaoileadh na cumhachta nó an mhainneachtain an chumhacht a fheidhmiú, agus is é an duine a fheidhmeoidh nó a scaoilfidh an chumhacht nó a mhainneoidh an chumhacht a fheidhmiú an diúscróir.
(2) I gcás duine teacht chun teideal tairbhiúil seilbhe chun aon sochair a bheith aige de bhun nó de dhroim aon duine, agus cumhacht cheapacháin ghinearálta aige, d'fheidhmiú nó do scaoileadh na cumhachta sin nó do mhainniú an chumhacht sin a fheidhmiú, ansin. chun críocha an Achta seo, is í an diúscairt an diúscairt faoinar bunaíodh an chumhacht agus is é an duine a bhunaigh an chumhacht an diúscróir.
Deireadh le dliteanais.
28.—(1) Measfar gurb é an sochar ó dheireadh teacht—
(a) le dliteanas de réir brí alt 18 (9); nó
(b) le haon dliteanas is dliteanas de shamhail an dliteanais dá dtagraítear i mír (a) agus a raibh glacadh sochair ba bhronntanas nó oidhreacht faoina réir,
bronntanas nó oidhreacht, cibé acu é, a measfar—
(i) a mhéid a bheidh an dliteanas muirearaithe ar aon mhaoin, nó urraithe le haon mhaoin, tráth deireadh a bheith leis, gurb é iomlán na maoine sin nó gurb í an chuid iomchuí den mhaoin sin, cibé acu é, an céanna; agus
(ii) a mhéid nach mbeidh an dliteanas muirearaithe ar aon mhaoin, nó urraithe le haon mhaoin, tráth deireadh a theacht leis, gurb ionann an céanna agus cibé suim arb í, faoi fhorálacha alt 5 (2) (b), an tsuim í ar chomhionann an t-ioncam bliantúil uaithi agus luach bliantúil an dliteanais.
(2) San alt seo, tá le “cuid iomchuí” an bhrí a shanntar dó le halt 5 (5).
(3) Chun críocha ailt 6 (1) (c) agus 12 (1) (b), measfar nach sa Stát ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta don tsuim dá dtagraítear i bhfomhír (ii) d'fho-alt (1).
Diúscairt a mhéadaíonn luach maoine.
29.—(1) San alt seo, ní fholaíonn “maoin” aon mhaoin ar tháinig deontaí nó comharba chun teideal tairbhiúil seilbhe a bheith aige chuici roimh an 28ú lá d'Fheabhra, 1969.
(2) I gcás é a bheith d'éifeacht le haon duine do thógáil leasa thairbhiúil in aon mhaoin (dá ngairtear maoin bhreise anseo ina dhiaidh seo san alt seo) faoi aon diúscairt a rinne diúscróir luach aon mhaoine eile (dá ngairtear maoin bhunaidh anseo ina dhiaidh seo san alt seo) a mhéadú a bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe ag an duine sin chuici, agus a dhíorthaigh ón diúscróir céanna, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas—
(a) measfar gurb éard é an méadú luacha a tharla amhlaidh bronntanas nó oidhreacht, cibé acu é, a d'éirigh faoin diúscairt sin agus a ghlac an duine sin, mar dheontaí nó mar chomharba, ón diúscróir sin, an tráth a ghlac sé an leas tairbhiúil sa mhaoin bhreise;
(b) déileálfar leis an maoin bhunaidh ionann is gur mhó a luach dá mba mhó margadhluach na maoine sin an tráth dá dtagraítear i mír (a) dá mba chuid de chomhiomlán na maoine bunaidh agus na maoine breise agus nach mar mhír aonair maoine a dhíolfaí í, agus is é an méadú luacha chun críocha an ailt seo an méid ba mhó margadhluach na maoine bunaidh, dá ndíolfaí í an tráth sin mar chuid den chomhiomlán sin, ná méid margadhluach na maoine sin dá ndíolfaí í an tráth sin mar mhír aonair maoine;
(c) d'fhonn margadhluach na maoine breise a chinneadh, measfar gur cuid í de chomhiomlán na maoine bunaidh agus na maoine breise; agus
(d) is é an margadhluach a fhionnfar d'aon mhaoin a luachálfar mar chuid de chomhiomlán maoine an méid sin de mhargadhluach an chomhiomláin sin is féidir le réasún a chur i leith na coda sin.
(3) Chun críche an ailt seo, measfar teideal tairbhiúil seilbhe a bheith ag an deontaí nó ag an gcomharba chun aon mhaoine d'ainneoin go ndearna sé, laistigh de chúig bliana roimh dhiúscairt den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (2), an mhaoin sin, nó aon chuid di, a chur uaidh ar shlí seachas ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid nó í a dhiúscairt chun cuideachta a meastar í a bheith, aon tráth laistigh den tréimhse cúig bliana sin, faoina rialú de réir brí alt 16 (4) (b).
(4) I bhfo-alt (3), ciallaíonn “cuideachta” cuideachta phríobháideach de réir brí alt 16 (2).
Bronntanas faoi réir cumhachta cúlghairme.
30.—I gcás duine teacht, faoi aon diúscairt, chun teideal tairbhiúil seilbhe a bheith aige chun aon sochair agus an chumhacht an sochar a chúlghairm a bheith forcoimeádta, faoi théarmaí na diúscartha, ag an diúscróir dó féin, measfar, chun críocha an Achta seo, an duine sin a bheith gan teideal tairbhiúil seilbhe chun an tsochair a bheith aige mura ndéanfaidh agus go dtí go ndéanfaidh an diúscróir an chumhacht chúlghairme a scaoileadh nó mura scoirfidh agus go dtí go scoirfidh an chumhacht sin ar shlí eile de bheith infheidhmithe.
Usáid maoine in aisce, iasachtaí in aisce, etc.
31.—(1) Measfar bronntanas a bheith glactha ag duine gach tréimhse iomchuí a bheidh úsáid, áitiú nó teachtadh aon mhaoine (is maoin nach bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe aige chuici) ceadaithe dó ar a feadh nó ar feadh coda di ar shlí seachas ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid.
(2) I bhfo-ailt (1) agus (4), ciallaíonn “tréimhse iomchuí”, i ndáil le haon úsáid, áitiú nó teachtadh maoine, an tréimhse ón 28ú lá d'Fheabhra, 1974, go dtí an 31ú lá de Nollaig, 1974, agus dá éis sin an tréimhse dhá mhí dhéag dar críoch an 31ú lá de Nollaig gach bliain.
(3) Measfar gurb éard é bronntanas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) suim ar cóimhéid leis an difríocht idir méid aon chomaoine in airgead nó i luach airgid, a thug an duine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) i leith na húsáide, an áitithe nó an teachta sin, agus an praghas is fearr ab fhéidir a fháil ar an margadh oscailte ar an úsáid, ar an áitiú nó ar an teachtadh sin.
(4) Measfar gur i ndeireadh na tréimhse iomchuí a glacadh bronntanas dá dtagraítear i bhfo-alt (1) nó, más luaithe ná sin é, díreach roimh an tráth a chríochnaigh an úsáid, an t-áitiú nó an teachtadh dá dtagraítear i bhfo-alt (1).
(5) In aon chás a gceadaítear úsáid, áitiú nó teachtadh maoine do dhuine, agus gan teideal tairbhiúil seilbhe aige chun na maoine sin, faoi dhiúscairt—
(a) a rinneadh le huacht;
(b) i gcás inarb é an lú lá d'Aibreán, 1975, nó dáta dá éis sin, agus is dáta laistigh de dhá bhliain roimh bhás an diúscróra, dáta na diúscartha; nó
(c) is diúscairt inter vivos agus an úsáid, an t-áitiú nó an teachtadh a bheith ag an duine sin tar éis deireadh a bheith le leas saoil duine eile,
beidh éifeacht le fo-ailt (1), (3) agus (4) i ndáil leis an maoin sin ionann is dá gcuirfí tagairt d'oidhreacht in ionad na tagartha do bhronntanas cibé áit a bhfuil sí sna fo-ailt sin, agus chun críche an fho-ailt seo ciallaíonn “tréimhse iomchuí” i bhfo-ailt (1) agus (4), i ndáil le húsáid, áitiú nó teachtadh maoine, an tréimhse naoi mí dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1975, agus dá éis sin an tréimhse dhá mhí dhéag dar críoch an 31ú lá de Nollaig aon bhliain.
(6) Chun críocha ailt 6 (1) (c) agus 12 (1) (b), measfar nach sa Stát ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta don tsuim dá dtagraítear i bhfo-alt (3).
Nuair a dhéanann leas seilbhe de leas i bpolasaí árachais.
32.—(1) Chun críocha an Achta seo, measfar gurb é an tráth agus an t-aontráth a dhéanann leas seilbhe de leas i bpolasaí árachais ar shaol duine—
(a) an tráth a aibíonn an polasaí; nó
(b) an tráth, roimh aibiú don pholasaí, a ghéilltear an polasaí don árachóir ar chomaoin in airgead nó i luach airgid:
Ar choinníoll, má dhéanann an t-árachóir, le linn ré an pholasaí, íocaíocht airgid nó luach airgid d'urscaoileadh an pholasaí go hiomlán nó go páirteach, go measfar an leas a bheith tagtha i seilbh go feadh na híocaíochta sin.
(2) Beidh éifeacht leis an alt seo i ndáil le conradh i leith blianachta iarchurtha, agus chun críocha an ailt seo measfar go n-aibíonn conradh den sórt sin ar an dáta a bhíonn an chéad tráthchuid dlite.
Forálacha ag a mbeidh feidhm i gcás a mbíonn éifeacht le halt 98 den Acht Comharbais, 1965.
1837, c. 26.
33.—(1) Má tharlaíonn, ar thiomnóir d'fháil bháis agus de bhua forálacha alt 98 den Acht Comharbais, 1965, nó eile, go nglacfaidh diúscairt éifeacht ionann is dá mba bheo tar éis éag don tiomnóir do dhuine a d'éag roimh an tiomnóir, ní mheasfar gur oidhreacht an sochar a ghlac eastát an duine sin.
(2) I gcás inar beo do dhuine tar éis éag do thiomnóir, agus—
(a) an duine sin teacht chun teideal tairbhiúil a bheith aige, faoi dhiúscairt a rinne duine a d'éag roimh an tiomnóir, chun aon sochair i ndáil le haon mhaoin a réadthiomnaigh nó a thiomnaigh an tiomnóir; agus
(b) éifeacht a bheith, i ndáil leis an réadtiomnú nó leis an tiomnú, le halt 33 den Wills Act, 1837, nó le halt 98 den Acht Comharbais, 1965, nó le haon fhoráil chomhchineáil de dhlí críche eile,
measfar chun críocha cánach oidhreachta gur dhíorthaigh an duine sin an sochar ón tiomnóir, mar dhiúscróir.
Diúscairt ag cuideachta nó chun cuideachta.
34.—(1) Chun críocha an Achta seo—
(a) comaoin a d'íoc, nó diúscairt a rinne, cuideachta measfar gur comaoin, nó diúscairt, í, de réir mar a bheidh, a d'íoc nó a rinne; agus
(b) comaoin, nó bronntanas, nó oidhreacht a ghlac cuideachta measfar gur comaoin í, nó gur bronntanas é, nó gur oidhreacht í, de réir mar a bheidh, a ghlac
úinéirí tairbhiúla na scaireanna sa chuideachta agus úinéirí tairbhiúla na dteideal faoi aon dliteanas a thabhaigh an chuideachta (seachas chun críocha ghnó na cuideachta, go hiomlán, eisiatach) de réir na gcoibhneas céanna a bheadh idir na méideanna ab iníoctha leo dá ndeanfaí an chuideachta a fhoirceannadh go saorálach agus a sócmhainní a réadú ar dháta na híocaíochta, na diúscartha, an bhronntanais nó na hoidhreachta, de réir mar a bheidh, agus méid aon réadaithe a fhionnadh chun na críche sin de réir alt 17 ionann is dá mba é dáta na híocaíochta, na diúscartha, an bhronntanais nó na hoidhreachta dáta an réadaithe sin.
(2) San alt seo, ciallaíonn “cuideachta” cuideachta phríobháideach de réir alt 16 (2).
(3) Chun críocha fho-alt (1) measfar gur gníomhartha, mainneachtain agus fáltais de chuid úinéirí tairbhiúla na scaireanna agus na dteideal, dá dtagraítear i bhfo-alt (1), sa chuideachta, de réir na gcoibhneas a luaitear san fho-alt sin, gníomhartha, mainneachtain agus fáltais uile na cuideachta.
(4) I gcás maidir le húinéir tairbhiúil aon scaireanna i gcuideachta nó aon teidil den sórt dá dtagraítear i bhfo-alt (1), gur cuideachta é féin, measfar gurb iad úinéirí tairbhiúla na scaireanna agus na dteideal, dá dtagraítear i bhfo-alt (1), sa chuideachta is déanaí a luaitear, úinéirí tairbhiúla na scaireanna agus na dteideal atá ag an gcuideachta is déanaí a luaitear sa chuideachta chéadluaite, sna coibhneasa inar úinéirí tairbhiúla iad ar na scaireanna agus ar na teidil sa chuideachta is déanaí a luaitear.
(5) A mhéid a bheidh na scaireanna agus na teidil dá dtagraítear i bhfo-alt (1) ar teachtadh ar iontaobhas agus gan aon úinéirí tairbhiúla orthu is infhionnta, measfar gurb é an diúscróir, a rinne an diúscairt faoina dteachtar ar iontaobhas amhlaidh na scaireanna agus na teidil, a d'íoc comaoin nó a rinne diúscairt a d'íoc nó a rinne an chuideachta.
CUID VI
Tuairisceáin agus Measúnachtaí
Daoine cuntasacha.
35.—(1) Is é an duine a bheidh cuntasach go príomha in íoc cánach—
(a) ach amháin mar a fhoráiltear i mír (b), an deontaí nó an comharba, de réir mar a bheidh; agus
(b) sa chás dá dtagraítear in alt 23 (1), an t-aistrí dá dtagraítear san fho-alt sin a mhéid dá dtagraítear san fho-alt sin.
(2) Faoi réir fho-ailt (3) agus (4), beidh na daoine seo a leanas freisin cuntasach in íoc aon mhéid den cháin a ndéantar na daoine dá dtagraítear i bhfo-alt (1) cuntasach go príomha ann—
(a) i gcás bronntanais—
(i) an diúscróir; agus
(ii) gach iontaobhaí, caomhnóir, cúramaí, ionadaí pearsanta, gníomhaire nó duine eile ar cuireadh aon mhaoin atá ar áireamh sa bhronntanas nó san ioncam aisti faoina chúram ar dháta an bhronntanais nó aon tráth dá éis sin agus gach duine dá mbeidh an mhaoin dílsithe tar éis an dáta sin, seachas ceannaitheoir nó morgáistí bona fide ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid, nó duine a dhíorthaigh teideal ó cheannaitheoir nó morgáistí den sórt sin nó faoi;
(b) i gcás oidhreachta, gach iontaobhaí, caomhnóir, cúramaí, ionadaí pearsanta, gníomhaire nó duine eile ar cuireadh aon mhaoin atá ar áireamh san oidhreacht nó san ioncam aisti faoina chúram ar dháta na hoidhreachta nó aon tráth dá éis sin agus gach duine dá mbeidh an mhaoin dílsithe tar éis an dáta sin, seachas ceannaitheoir nó morgáistí bona fide ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid, nó duine a dhíorthaigh teideal ó cheannaitheoir nó morgáistí den sórt sin nó faoi;
Ar choinníoll nach mbeidh an diúscróir cuntasach amhlaidh mar dhiúscróir i gcás inar dháta roimh an 28ú lá d'Fheabhra, 1974, dáta na diúscartha.
(3) Ní bheidh aon duine dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (a) (ii) nó (b) (mura duine é atá cuntasach go príomha freisin faoi fho-alt (1)) faoi dhliteanas i leith cáin is inmhuirearaithe ar aon bhronntanas nó oidhreacht, go feadh méid is mó ná—
(a) margadhluach an mhéid sin den mhaoin arb é an bronntanas nó an oidhreacht é; agus
(b) an méid sin den ioncam ón maoin sin,
a bheidh faighte aige nó a bheadh faighte aige mura mbeadh a fhaillí nó a mhainneachtain féin nó a bhfuil teideal tairbhiúil seilbhe aige chuige.
(4) Ní bheidh duine a ghníomhaíonn go heisiatach i gcáil gníomhaire faoi dhliteanas i leith cáin is inmhuirearaithe ar bhronntanas nó ar oidhreacht go feadh méid is mó ná margadhluach an mhéid sin den mhaoin arb é an bronntanas nó an oidhreacht é agus den ioncam ón maoin sin a theacht sé, nó a tháinig ar a sheilbh, aon tráth tar éis an fógra dá dtagraítear i bhfo-alt (5) a sheirbheáil air.
(5) Féadfaidh na Coimisinéirí fógra i scríbhinn a sheirbheáil ar aon duine, a ghníomhaíonn go heisiatach i gcáil gníomhaire i ndáil le haon mhaoin atá ar áireamh i mbronntanas nó in oidhreacht, ag insint a dhliteanais faoin alt seo dó.
(6) Beidh an cháin inghnóthaithe ó aon duine nó daoine—
(a) de na daoine cuntasacha; agus
(b) d'ionadaithe pearsanta aon daoine cuntasacha atá éagtha,
ar a mbeidh fógra i scríbhinn i dtaobh measúnú cánach seirbheáilte ag na Coimisinéirí i bhfeidhmiú na cumhachta a thugtar dóibh le halt 39:
Ar choinníoll nach rachaidh dliteanas ionadaí phearsanta faoin bhfo-alt seo thar an méid a raibh an duine cuntasach, darb ionadaí pearsanta é, faoi dhliteanas ina leith.
(7) Aon duine dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (a) nó (b) nó i bhfo-alt (6) (b) atá údaraithe nó faoi cheangal aon cháin a íoc, agus a bheidh tar éis í a íoc, i leith aon mhaoin atá ar áireamh i mbronntanas nó in oidhreacht féadfaidh sé an méid a bheidh íoctha aige i leith cánach a ghnóthú ón duine a bheidh cuntasach go príomha sa cháin.
(8) Duine—
(a) atá cuntasach go príomha i gcáin a íoc; nó
(b) dá dtagraítear i bhfo-alt (2) (a) nó (b) nó i bhfo-alt (6) (b) atá údaraithe nó faoi cheangal cáin a íoc
i leith aon mhaoine beidh aige, chun an cháin a íoc, nó méid na cánach a chruinniú nuair a bheidh sé íoctha cheana féin, cumhacht, bíodh an mhaoin dílsithe dó nó ná bíodh, méid na cánach sin agus aon ús agus caiteachais a d'íoc nó a thabhaigh sé go cuí i leith an chéanna a chruinniú tríd an maoin sin nó aon chuid di a dhíol nó a mhorgáistiú nó trí mhuirear infhoirceannta ar an maoin sin nó ar aon chuid di.
(9) Má bhíonn duine atá cuntasach go príomha i gcáin a íoc i leith bronntanas nó oidhreacht (dá ngairtear an chéad bhronntanas nó an chéad oidhreacht san fho-alt seo agus i bhfo-alt (11)) a dhíorthaigh ó dhiúscróir gan an cháin a íoc ar an gcéad bhronntanas nó ar an gcéad oidhreacht, féadfaidh na Coimisinéirí fógra i scríbhinn a sheirbheáil de réir fho-alt (11) ar aon duine atá, de bhua mhír (a) (ii) nó (b) d'fho-alt (2), cuntasach i gcáin a íoc ar aon bhronntanas nó oidhreacht eile (dá ngairtear an dara bronntanas nó an dara hoidhreacht i bhfo-ailt (10) agus (11)) a ghlac an deontaí céanna nó an comharba céanna ón diúscróir céanna, agus, air sin, tiocfaidh an duine ar ar seirbheáladh an fógra chun bheith cuntasach i gcáin a íoc i leith an chéad bhronntanais nó na chéad oidhreachta.
(10) Beidh feidhm ag forálacha fho-ailt (3), (4), (5), (6), (7) agus (8) i ndáil le duine a ndéanfar cuntasach é faoi fho-alt (9) mar atá feidhm acu i ndáil le duine dá dtagraítear i mír (a) (ii) nó (b) d'fho-alt (2) agus, chun críocha an fho-ailt seo, déanfar—
(a) tagairtí i bhfo-ailt (3) agus (4) don mhaoin arb í an bronntanas nó an oidhreacht í; agus
(b) an dara tagairt agus an tríú tagairt do mhaoin i bhfo-alt (8),
a fhorléiriú mar thagairtí don mhaoin arb í an dara bronntanas nó an dara hoidhreacht í, a mhéid nach raibh an mhaoin sin is déanaí a luaitear íoctha amach go cuí ar dháta an fhógra faoi fho-alt (9) a sheirbheáil.
(11) Tagróidh fógra faoi fho-alt (9) go sainráiteach don chéad bhronntanas nó don chéad oidhreacht agus don dara bronntanas nó don dara hoidhreacht, agus inseoidh sé don duine ar a seirbheálfar é faoina chuntasacht i leith an chéad bhronntanais nó na chéad oidhreachta.
(12) Gach oifigeach poiblí a mbeidh ina choimeád aon rollaí, leabhair, taifid, páipéir, doiciméid, nó imeachtaí a dtiocfadh de iad a iniúchadh an cháin a fháil, nó aon chalaois nó mainneachtain i ndáil leis an gcáin a chruthú nó a fhionnadh, ceadóidh sé, gach tráth réasúnach, d'aon duine a bheidh údaraithe chuige sin ag na Coimisinéirí na rollaí, na leabhair, na taifid, na páipéir, na doiciméid agus na himeachtaí a iniúchadh agus nótaí agus sleachta a thógáil de réir mar a mheasfaidh sé is gá.
Tuairisceáin a sheachadadh.
36.—(1) San alt seo—
(a) d'ainneoin aon ní in ailt 6 agus 12—
(i) is tagairt do bhronntanas inchánach a glacadh an 28ú lá d'Fheabhra, 1974, nó dá éis, tagairt do bhronntanas inchánach;
(ii) is tagairt d'oidhreacht inchánach a glacadh an lú lá d'Aibreán, 1975, nó dá éis, tagairt d'oidhreacht inchánach; agus
(iii) folaíonn tagairt, seachas i bhfomhír (i), do bhronntanas nó do bhronntanas inchánach tagairt d'oidhreacht nó d'oidhreacht inchánach, de réir mar a bheidh; agus
(b) folaíonn tagairt do dheontaí tagairt do chomharba.
(2) Aon duine atá cuntasach go príomha i gcáin a íoc de bhua alt 35 (1), seachadfaidh sé do na Coimisinéirí, laistigh de thrí mhí tar éis an dáta iomchuí dá dtagraítear i bhfo-alt (5), tuairsceán iomlán fírinneach ina dtuairisceofar—
(a) gach bronntanas a bhfuil sé cuntasach go príomha amhlaidh ina leith agus lena mbaineann an fo-alt seo;
(b) an mhaoin go léir atá ar áireamh sa bhronntanas sin; agus
(c) meastachán ar mhargadhluach na maoine sin.
(3) Baineann fo-alt (2) le bronntanas—
(a) i gcás ar mó luach inchánach an bhronntanais inchánach a ghlac an deontaí ón diúscróir—
(i) (I) ná £120,000; agus
(II) arb é céile an diúscróra nó ar leanbh, nó leanbh mionaoiseach do leanbh éagtha, leis an diúscróir an deontaí;
(ii) (I) ná £12,000; agus
(II) ar dírshinsear nó dírshliochtach (seachas leanbh, nó leanbh mionaoiseach do leanbh éagtha) don diúscróir an deontaí;
(iii) (I) ná £8,000; agus
(II) arb é duine an deontaí—
(A) deartháir nó deirfiúr don diúscróir; nó
(B) leanbh do dheartháir nó do dheirfiúr leis an diúscróir; nó
(iv) (I) ná £4,000; agus
(II) nach bhfuil ag an deontaí leis an diúscróir gaol dá dtagraítear i mír (i) (II), (ii) (II) nó (iii) (II);
(b) i gcás ina méadaíonn luach inchánach bronntanais inchánach a ghlac deontaí ón diúscróir luach inchánach iomlán na mbronntanas inchánach go léir a ghlac an deontaí ón diúscróir ó mhéid ba lú ná méid, nó ba comhionann leis an méid, a shonraítear i mír (a) (i) (I), (a) (ii) (I), (a) (iii) (I) nó (a) (iv) (I), de réir mar a bheidh, go dtí méid is mó ná an méid a shonraítear amhlaidh;
(c) i gcás ar mó luach inchánach na mbronntanas inchánach go léir a ghlac an deontaí ón diúscróir ná an méid a shonraítear i mír (a) (i) (I), (a) (ii) (I), (a) (iii) (I) nó (a) (iv) (I), de réir mar a bheidh, agus go nglacfaidh an deontaí bronntanas inchánach eile fós ón diúscróir; nó
(d) i gcás na Coimisinéirí á cheangal trí fhógra i scríbhinn ar an deontaí tuairisceán a sheachadadh.
(4) Folaíonn aon tagairt i bhfo-alt (3) (b) nó (c) do luach inchánach iomlán na mbronntanas inchánach go léir tagairt do luach inchomhiomlánaithe iomlán na mbronntanas inchomhiomlánaithe go léir agus, chun críche an ailt seo, tá le “bronntanas inchomhiomlánaithe” agus le “luach inchomhiomlánaithe” na bríonna a shanntar dóibh le mír 1 de Chuid I den Dara Sceideal.
(5) Chun críocha an ailt seo, is é an data iomchuí—
(a) an dáta luachála nó trí mhí tar éis an tAcht seo a rith, cibé acu is déanaí; nó
(b) i gcás na Coimisinéirí á cheangal le fógra i scríbhinn tuairisceán a thabhairt, dáta an fhógra.
(6) Aon duine atá cuntasach i gcáin a íoc de bhua fho-alt (2) nó (9) d'alt 35 déanfaidh sé, má cheanglaíonn na Coimisinéirí air, trí fhógra i scríbhinn, sin a dhéanamh, tuairisceán a sheachadadh do na Coimisinéirí laistigh de cibé am, nach giorra ná 30 lá, a shonrófar san fhógra.
(7) Déanfaidh aon duine cuntasach, má cheanglaíonn na Coimisinéirí air é trí fhógra i scríbhinn, ráiteas ina mbeidh cibé sonraí. mar aon le cibé fianaise a iarrfaidh siad i dtaobh aon mhaoine, is iomchuí i ndáil le measúnú cánach i leith an bhronntanais, a sheachadadh agus a fhíorú dóibh laistigh de cibé am, nach giorra ná 30 lá, a shonrófar san fhógra,
(8) Féadfaidh na Coimisinéirí, trí fhógra i scríbhinn, a cheangal ar aon duine cuntasach tuairisceán breise a sheachadadh dóibh laistigh de cibé am, nach giorra ná 30 lá, a shonrófar san fhógra, más dealraitheach do na Coimisinéirí tuairisceán a thug an duine cuntasach sin a bheith lochtach i bponc ábhartha mar gheall ar aon ní ann nó nár cuireadh ann.
(9) I gcás fios a bheith ag aon duine cuntasach a sheachaid tuairisceán nó tuairisceán breise nó i gcás dó fios a fháil aon tráth go bhfuil an tuairisceán nó an tuairisceán breise lochtach i bponc ábhartha mar gheall ar aon ní ann nó nár cuireadh ann, déanfaidh sé, gan iarratas ó na Coimisinéirí agus laistigh de thrí mhí ó fhios a fháil amhlaidh, tuairisceán breise a sheachadadh dóibh.
Síniú tuairisceán, etc.
37.—(1) Ní foláir tuairisceán nó tuairisceán breise a cheanglaítear a sheachadadh faoin Acht seo a bheith sínithe ag an duine cuntasach a sheachadfaidh an tuairisceán nó an tuairisceán breise agus beidh dearbhú ann ón duine a shínigh é go bhfuil an tuairisceán nó an tuairisceán breise ceart iomlán de réir mar is fearr is eol dó, mar a cuireadh i bhfios dó agus mar a chreideann sé.
(2) Féadfaidh na Coimisinéirí a cheangal gur faoi mhionn a thabharfar tuairisceán nó tuairisceán breise.
(3) Féadfaidh na Coimisinéirí, más cuí leo é, tuairisceán nó tuairisceán breise faoin Acht seo nach mbeidh sínithe de réir an ailt seo a ghlacadh agus measfar an tuairisceán nó an tuairisceán breise sin a bheith seachadta go cuí do na Coimisinéirí faoin Acht seo.
(4) Is ar fhoirm a sholáthróidh na Coimisinéirí a thabharfar tuairisceán, tuairisceán breise, mionnscríbhinn, mionnscríbhinn bhreise, cuntas nó cuntas breise a sheachadfar faoin Acht seo.
(5) Aon mhionn a bheidh le tabhairt, nó aon mhionnscríbhinn a bheidh le déanamh, chun críocha an Achta seo, féadfar é a thabhairt nó í a dhéanamh—
(a) os comhair na gCoimisinéirí;
(b) os comhair aon oifigigh nó duine a bheidh údaraithe chuige sin ag na Coimisinéirí;
(c) os comhair aon Choimisinéara Mionn nó aon Fheidhmeannaigh Shíochána nó Nótaire Phoiblí sa Stát; nó
(d) in aon áit lasmuigh den Stát, os comhair aon duine a bheidh cuí-údaraithe daoine a chur faoi mhionn ansin.
Mionnscríbhinní agus cuntais.
1894, c. 30.
38.—(1) San alt seo, tá le “mionnscríbhinn Ioncaim Intíre” an bhrí a shanntar do “Inland Revenue affidavit” le halt 22 (1) (n) den Finance Act, 1894.
(2) An mhionnscribhinn Ioncaim Intíre is gá le haghaidh iarratais ar phrobháid nó ar litreacha riaracháin sroichfidh sí go dtí fíorú ráitis ina bhfuil na sonraí seo a leanas—
(a) sonraí na maoine go léir a mbeifear ag iarraidh deonú probháide nó riaracháin ina leith agus, i gcás éagaigh a d'éag agus sainchónaí sa Stát air, sonraí na maoine go léir, cibé áit a bhfuil sí, agus dá ndearna aon ní acu seo a leanas difear dá húinéireacht tairbhiúil ar éag dó—
(i) a uacht;
(ii) rialacha an dáilte ar dhíthiomnacht; nó
(iii) Cuid IX nó alt 56 den Acht Comharbais, 1965;
(b) sonraí aon mhaoine ab ábhar do dhiúscairt inter vivos a rinne an t-éagach i gcás ar dháta laistigh de dhá bhliain roimh éag dó dáta na diúscartha nó do donatio mortis causa;
(c) sonraí na n-oidhreachtaí a d'éirigh faoi uacht nó faoi dhíthiomnacht an éagaigh nó faoi Chuid IX nó faoi alt 56 den Acht Comharbais, 1965, nó faoi dhlí comhchineáil críche eile, mar aon le cóip d'aon uacht den sórt sin;
(d) sonraí na n-oidhreachtaí (lena n-áirítear an mhaoin a bhí iontu) seachas iad sin dá dtagraítear i míreanna (b) agus (c), a d'éirigh ar éag don éagach;
(e) ainm agus seoladh gach duine a ghlac oidhreacht ar éag don éagach agus a ghaol leis an diúscróir; agus
(f) cibé sonraí eile a iarrfaidh na Coimisinéirí chun críocha an Achta seo.
(3) I gcás inar leas teoranta leas an éagaigh agus gurbh é an lú lá d'Aibreán, 1975, nó dá éis sin a d'éag an duine sin, seachadfaidh iontaobhaí na maoine ina raibh an leas teoranta cuntas ina mbeidh na sonraí seo a leanas—
(a) sonraí gach oidhreachta a d'éirigh ar éag don éagach faoin diúscairt faoinar éirigh leas teoranta an éagaigh, lena n-áirítear ainm agus seoladh gach duine a ghlac oidhreacht den sórt sin agus a ghaol leis an diúscróir; agus
(b) cibé sonraí eile a iarrfaidh na Coimisinéirí chun críocha an Achta seo.
(4) Más dealraitheach aon tráth go ndearnadh aon earráid nó mainneachtain ábhartha i mionnscríbhinn nó i gcuntas dá dtagraítear san alt seo, beidh na daoine a dhligh mionnscríbhinn nó cuntas a sheachadadh faoi dhliteanas mionnscríbhinn bhreise nó cuntas breise a sheachadadh, ag ceartú na hearráide nó na mainneachtana.
Cáin a mheasúnú.
39.—(1) Is iad na Coimisinéirí a dhéanfaidh measúnachtaí cánach faoin Acht seo.
(2) Más dealraitheach aon tráth measúnacht a bheith mícheart ar aon chúis, féadfaidh na Coimisinéirí measúnacht cheartúcháin a dhéanamh a chuirfear in ionad na measúnachta céadluaite.
(3) Más dealraitheach aon tráth gur cáin ró-bheag a measúnaíodh ar aon chúis, féadfaidh na Coimisinéirí measúnacht bhreise a dhéanamh.
(4) Féadfaidh na Coimisinéirí fógra i scríbhinn faoi mheasúnacht cánach a sheirbheáil ar aon duine cuntasach, nó, ar iarratas ó dhuine cuntasach, ar a ghníomhaire, nó ar ionadaí pearsanta duine chuntasaigh má bhíonn an duine sin tar éis bháis.
(5) I gcás nach feasach do na Coimisinéirí áit chónaí an duine chuntasaigh nó áit chónaí a ionadaí phearsanta féadfaidh siad fógra faoin measúnacht a dhéanamh mar aon le cibé sonraí ina thaobh sin is cuí leo a fhoilsiú san Iris Oifigiúil agus ar an bhfógra a fhoilsiú san Iris Oifigiúil measfar go ndearnadh fógra faoin measúnacht a sheirbheáil, ar dháta an fhoilsithe sin, ar an duine cuntasach nó ar a ionadaí pearsanta, de réir mar a bheidh.
(6) Féadfaidh na Coimisinéirí aon mheasúnacht, measúnacht cheartúcháin nó measúnacht bhreise faoin alt seo a dhéanamh ó aon tuairisceán nó tuairisceán breise a sheachadfar faoi fhorálacha alt 36 nó ó aon eolas eile i seilbh na gCoimisinéirí nó aon fhoinse nó foinsí de na foinsí sin.
(7) Nuair a bheidh aon mheasúnacht, measúnacht cheartúcháin nó measúnacht bhreise á dhéanamh ag na Coimisinéirí ar shlí seachas ó thuairisceán nó ó thuairisceán breise lena mbeidh siad sásta, measúnóidh siad cibé méid cánach is cóir de réir mar is fearr is eol dóibh, mar a cuireadh i bhfios dóibh agus mar a chreideann siad, a mhuirearú, a thobhach agus a íoc.
Cáin a ríomh.
40.—Ríomhfar de réir forálacha an Dara Sceideal an méid cánach is iníoctha.
CUID VII
Cáin a Íoc agus a Ghnóthú
Cáin agus ús ar cháin a íoc.
41.—(1) Beidh cáin dlite agus iníoctha ar an dáta luachála.
(2) Beidh ús simplí de réir aon go leith faoin gcéad in aghaidh na míosa nó aon choda de mhí, gan cáin ioncam a asbhaint, iníoctha ar an gcáin ón dáta luachála go dtí an dáta a íocfar an cháin agus beidh sé inmhuirearaithe agus inghnóthaithe sa tslí chéanna is a bheadh dá mba chuid den cháin é.
(3) D'ainneoin forálacha fho-alt (2), ní bheidh ús iníoctha ar cháin a íocfar laistigh de thrí mhí ón dáta luachála, agus i gcás cáin agus ús, más ann, uirthi a bheith íoctha laistigh de thríocha lá ó dháta na cánach sin a mheasúnú, ní rithfidh ús ar an gcáin sin ar feadh na tréimhse tríocha lá ó dháta na measúnachta ná ar feadh aon choda den tréimhse sin.
(4) Cuirfear íocaíocht ar chuntas cánach chun feidhme—
(a) má bhíonn ús dlite ar an gcáin ar dháta an íoca, chun an t-ús a bheidh dlite amhlaidh a íoc, a mhéid is féidir sin; agus
(b) má bhíonn aon iarmhéid den íocaíocht sin fágtha, chun cóimhéid na hiarmhéide sin de cháin a íoc.
(5) Faoi réir forálacha fho-ailt (2), (3) agus (4), féadfar íocaíochtaí ar cuntas a íoc tráth ar bith, agus nuair a íocfar íocaíocht ar cuntas ní bheidh ús inmhuirearaithe i leith aon tréimhse i ndiaidh dáta na híocaíochta sin ar an méid sin den íocaíocht ar cuntas a bheidh le feidhmiú chun an cháin a íoc.
(6) Maidir le bronntanas a ndéanann oidhreacht de mar gheall ar é a ghlacadh faoi dhiúscairt i gcás inar dáta laistigh de dhá bhliain roimh dháta an diúscróra d'fháil bháis dáta na diúscartha, beidh éifeacht le forálacha an ailt seo ionann is dá mba thagairtí do dháta báis an diúscróra na tagairtí don dáta luachála i bhfo-ailt (1), (2) agus (3).
(7) I gcás bronntanas nó oidhreacht a glacadh roimh dháta an Achta seo a rith, beidh éifeacht le forálacha an ailt seo ionann is dá mba thagairtí do dháta an Achta seo a rith, nó don dáta luachála, cibé acu is déanaí, na tagairtí don dáta luachála i bhfo-ailt (1), (2) agus (3).
(8) I gcás ina mbeidh luach leasa theoranta le fionnadh de réir riail 8 den Chéad Sceideal ionann is dá mba shraith de leasanna iomlána é, beidh éifeacht leis an alt seo, i ndáil le gach ceann de na leasanna iomlána sin, ionann is dá mba thagairtí do dháta an leasa iomláin sin a ghlacadh na tagairtí don dáta luachála i bhfo-ailt (1), (2) agus (3).
(9) Is le hArd-Chuntasóir na gCoimisinéirí a íocfar na suimeanna go léir a bheidh dlite faoi fhorálacha an Achta seo.
Cáin bhronntanais a íocadh i leith oidhreachta a fhritháireamh.
42.—I gcás ina mbeidh suim íoctha i leith cáin bhronntanais (nó ús ar an gcáin sin) ar bhronntanas a dtarlóidh, mar gheall ar an diúscróir d'fháil bháis laistigh de dhá bhliain tar éis dáta na diúscartha faoinar glacadh an bronntanas, go ndéanfaidh oidhreacht de arb iníoctha cáin oidhreachta ina leith, déilealfar leis an tsuim a bheidh íoctha amhlaidh mar íocaíocht ar cuntas na cánach oidhreachta.
Cáin a íoc ina tráthchodanna.
43.—(1) Faoi réir ús a íoc de réir alt 41 agus ach amháin mar a fhoráiltear anseo ina dhiaidh seo, féadfar, más rogha leis an duine a sheachadfaidh an tuairisceán nó an tuairisceán breise é, an cháin a bheidh dlite agus iníoctha i leith bronntanais inchánach nó oidhreachta inchánach a íoc ina cúig thráthchuid chomhionanna bhliantúla, a mbeidh an chéad cheann acu dlite ar dhá mhí dhéag a bheith caite ón dáta ar ar tháinig an cháin chun bheith dlite agus iníoctha agus cuirfear an t-ús ar an gcáin a bheidh gan íoc le gach tráthchuid agus íocfar é an tráth céanna a íocfar an tráthchuid sin.
(2) Féadfar tráthchuid nach mbeidh dlite a íoc aon tráth sula mbeidh sí dlite.
(3) In aon chás a ndíolfar nó a bhfaighfear go héigeantach agus a mhéid a dhíolfar nó a gheofar go héigeantach, an mhaoin arb í an bronntanas inchánach nó an oidhreacht inchánach í, déanfar, mura leas teoranta leas an deontaí nó an chomharba, na tráthchodanna go léir a bheidh gan íoc a íoc ar an díol nó ar an bhfáil éigeantach a bheith críochnaithe, agus mura n-íocfar amhlaidh iad, is cáin i riaráiste iad.
(4) Ní bheidh feidhm ag an alt seo in aon chás más é atá, agus a mhéid gurb é atá, i mbronntanas inchánach nó in oidhreacht inchánach maoin phearsanta ina nglacann an deontaí nó an comharba, nó an t-aistrí dá dtagraítear in alt 23 (1), de réir mar a bheidh, leas iomlán.
(5) In aon chás inar leas teoranta a scoirfidh ar éag don deontai nó don chomharba an leas a ghlacfaidh deontaí nó comharba, agus go n-éagfaidh sé sula mbeidh na tráthchodanna uile den cháin i leith an bhronntanais inchánach nó na hoidhreachta inchánach dlite más ina tráthchodanna a bhí an cháin sin á híoc, scoirfidh aon tráthchuid den cháin sin de bheith iníoctha nach raibh dlite roimh éag don deontaí sin nó don chomharba sin, agus déileálfar, chun críocha alt 46, le híoc na tráthchoda sin is déanaí a luaitear, má íocadh í, mar ró-íoc cánach.
Iarchur, maitheamh agus imshocrú cánach.
44.—(1) I gcás inar deimhin leis na Coimisinéirí nach féidir, gan cruatan iomarcach, cáin is intobhaigh i leith aon bhronntanais nó oidhreachta a chruinniú láithreach, féadfaidh siad a cheadú a híoc a iarchur go ceann cibé tréimhse, go feadh cibé méid agus ar cibé téarmaí (lena n-áirítear ús a tharscaoileadh) is cuí leo.
(2) Má tharlaíonn, ar éag don tréimhse iomchuí díreach i ndiaidh an dáta a tháinig aon cháin chun bheith dlite agus iníoctha, go mbeidh an cháin nó aon chuid di gan íoc, féadfaidh na Coimisinéirí, más oiriúnach leo, íoc aon úis a d'fhaibhrigh, tar éis an éaga sin, ar an gcáin neamhíoctha a mhaitheamh; agus san fho-alt seo, ciallaíonn “tréimhse iomchuí” an tréimhse a mbeadh, ar dheireadh a bheith léi, an t-ús ar shuim ab iníoctha i leith cánach ar cóimhéid, de réir an ráta ab inmhuirearaithe ó am go ham i rith na tréimhse sin i leith úis ar cháin, le méid na cánach sin.
(3) Má bhíonn aon cháin nó aon chuid di gan íoc ar fiche bliain a bheith caite ón dáta a tháinig sí chun bheith dlite agus iníoctha, féadfaidh na Coimisinéirí, más oiriúnach leo, íoc na cánach sin nó aon choda di agus íoc an úis go léir, nó aon úis, ar an gcéanna a mhaitheamh.
(4) I gcás inar dóigh leis na Coimisinéirí na cúinsí a bhaineann le bronntanas nó oidhreacht nó lena luach nó le cáin a mheasúnú ar an gcéanna nó le cáin ar an gcéanna a ghnóthú a bheith chomh haimhréiteach sin gur ceart dóibh é a dhéanamh, féadfaidh siad an cháin is iníoctha ar an mbronntanas nó ar an oidhreacht a imshocrú ar cibé téarmaí is oiriúnach leo, agus féadfaidh siad urscaoileadh a thabhairt don duine nó do na daoine a bheidh cuntasach sa cháin ar an gcáin a íoc de réir na himshocraíochta sin.
Cáin oidhreachta a íoc trí urrúis a aistriú.
45.—Bainfidh forálacha alt 22 den Acht Airgeadais, 1954 (a bhaineann le dleachtanna báis a íoc trí urrúis a aistriú chuig an Aire Airgeadais) agus na rialachán a rinneadh faoin gcéanna, modhnaithe mar is gá, le cáin oidhreachta a íoc trí urrúis a aistriú chuig an Aire Airgeadais, mar a bhaineann siad le dleachtanna báis a íoc trí urrúis a aistriú chuig an Aire Airgeadais.
Ró-íoc cánach.
46.—I gcás ina ndéanfar iarratas chuig na Coimisinéirí ar fhaoiseamh faoin alt seo agus go gcruthófar chun a sástachta gur íocadh suim de bhreis ar an dliteanas i leith cánach nó i leith úis ar cháin, tabharfaidh siad faoiseamh tríd an mbreis a aisíoc nó ar mhodh réasúnach cóir eile; agus iompróidh aon aisíoc den sórt sin ús simplí (nach mó ná méid na breise sin), gan cáin ioncaim a asbhaint, ón dáta rinneadh an t-íoc, de réir an ráta chéanna a d'iompródh an cháin ús ó am go ham dá mbeadh sí dlite agus an t-íoc sin a bheith gan déanamh.
Cáin ina muirear.
47.—(1) Cáin a bheidh dlite agus iníoctha i leith bronntanais inchánach nó i leith oidhreachta inchánach beidh sí agus fanfaidh sí, faoi réir forálacha an ailt seo, ina muirear ar an maoin (seachas airgead nó ionstraimí soshannta) arb í an bronntanas inchánach nó an oidhreacht inchánach í ar an dáta luachála agus beidh tosaíocht ag an gcáin ar na muirir agus ar na leasanna uile a bheidh bunaithe ag an deontaí nó ag an gcomharba nó ag aon duine a bheidh ag éileamh le ceart an deontaí nó an chomharba nó thar a cheann:
Ar choinníoll, má bhíonn aon mhaoin shocraithe a bheidh ar áireamh in aon bhronntanas inchánach nó in aon oidhreacht inchánach faoi réir aon chumhacht díola, malartaithe, nó idir-roinnte, is infheidhmithe le toiliú an deontaí nó an chomharba, nó ag an deontaí nó ag an gcomharba le toiliú duine eile, nach mbeidh an deontaí nó an comharba eisiata ag an muirear cánach ar a bhronntanas inchánach nó a oidhreacht inchánach ó thoiliú le feidhmiú na cumhachta sin, nó ó aon chumhacht a fheidhmiú le toiliú cuí, de réir mar a bheidh; agus i gcás ina bhfeidhmeofar aon chumhacht den sórt sin, go muirearófar an cháin ar an maoin a fuarthas, in ionad í a mhuirearú ar an maoin a bhí roimhe sin ar áireamh sa bhronntanas nó san oidhreacht, agus ar an airgead go léir ó aon chumhacht den sórt sin a fheidhmiú, agus ar gach infheistíocht a bheidh déanta ar an airgead sin.
(2) Maoin a bheidh ar áireamh i maoin inchánach nó in oidhreacht inchánach ní leanfaidh sí, amhail in aghaidh ceannaitheoir nó morgáistí bona fide ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid, ná in aghaidh duine a fuair teideal ó cheannaitheoir nó ó mhorgáistí den sórt sin nó faoi, faoi mhuirear ná faoi dhliteanas cánach tar éis dhá bhliain déag a bheith caite ó dháta an bhronntanais nó ó dháta na hoidhreachta.
(3) Ní bheidh cáin ina muirear ar mhaoin faoi fho-alt (1) in aghaidh ceannaitheora nó morgáistí bona fide na maoine sin ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid gan fógra, ná in aghaidh duine a fuair teideal ó cheannaitheoir nó ó mhorgaistí den sórt sin nó faoi.
Admhálacha agus deimhnithe.
48.—(1) Nuair a íocfar aon mhéid i leith cánach, tabharfaidh na Coimisinéirí admháil ar an íocaíocht.
(2) Déanfaidh na Coimisinéirí, ar dhuine a d'íoc an cháin i leith aon mhaoin a bhí ar áireamh in aon bhronntanas inchánach nó in aon oidhreacht inchánach á iarraidh orthu, deimhniú, i cibé foirm is oiriúnach leo, a thabhairt don duine ar an méid cánach a d'íoc sé i leith na maoine sin.
(3) Déanfaidh na Coimisinéirí, ar dhuine is duine cuntasach i leith aon choda den mhaoin ar bronntanas inchánach nó oidhreacht inchánach í á iarraidh orthu, más deimhin leo gur íocadh nó go n-íocfar an cháin a muirearaíodh ar an maoin i leith an bhronntanais inchánach nó a hoidhreachta inchánach, nó nach bhfuil aon cháin muirearaithe amhlaidh, deimhniú sa chéill sin, i cibé foirm is oiriúnach leo, a thabhairt don duine, a urscaoilfidh an mhaoin ó dhliteanas cánach (más ann) i leith an bhronntanais nó na hoidhreachta, go feadh an mhéid a shonrófar sa deimhniú.
(4) Ní urscaoilfidh deimhniú dá dtagraítear i bhfo-alt (3) an mhaoin ó cháin i gcás calaoise nó i gcás loiceadh fíorais ábhartha a nochtadh agus, in aon chás, ní dhéanfaidh sé difear don cháin is iníoctha i leith aon mhaoine eile:
Ar choinníoll go saorfaidh deimhniú a airbheartaíonn gur urscaoileadh é ar an gcáin uile is iníoctha i leith aon mhaoine a bheidh ar áireamh sa deimhniú i leith bronntanais nó oidhreachta ó dhliteanas na cánach sin ceannaitheoir nó morgáistí bona fide ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid gan fógra ar an gcalaois nó ar an loiceadh sin agus duine a fuair teideal ó cheannaitheoir nó ó mhorgáistí den sórt sin nó faoi.
Cáin agus pionóis a gnóthú.
1890, c. 21.
49.—(1) Aon suim a bheidh dlite agus iníoctha i leith cánach nó i leith úis uirthi agus aon phionós a tabhaíodh i ndáil le cáin nó in ndáil le hús ar cháin measfar gur fiach iad atá dlite ón duine cuntasach nó, má tá sé marbh, atá dlite óna ionadaí pearsanta don Aire Airgeadais chun tairbhe don Phríomh-Chiste agus beidh siad iníoctha leis na Coimisinéirí agus féadfar (gan dochar d'aon mhodh gnóthaithe eile) agairt ina leith agus iad a ghnóthú trí chaingean, nó trí imeacht iomchuí eile, ar agra an Ard-Aighne nó an Aire Airgeadais nó na gCoimisinéirí in aon chúirt dlínse inniúla, d'ainneoin aon ní dá mhalairt san Inland Revenue Regulation Act, 1890.
(2) Aon duine a bheidh tar éis aon suim airgid a ghlacadh mar cháin, ús, nó pionós, nó le haghaidh cánach, úis nó pionóis, faoin Acht seo agus nach gcuirfidh an t-airgead d'íoc na cánach, an úis nó an phionóis go cuí, agus a choinneoidh siar, nó a choimeádfaidh, go míchuí, an céanna, beidh sé cuntasach sa cháin, san ús nó sa phionós a íoc go feadh an mhéid a ghlac sé amhlaidh agus beidh an céanna ina fhiach air ag an Aire Airgeadais chun tairbhe don Phríomh-Chiste agus beidh an céanna inghnóthaithe mar a ghnóthófaí fiach faoi fho-alt (1).
(3) Má dhlíonn aon duine cuntasach faoi alt 36 tuairisceán nó tuairisceán breise a sheachadadh do na Coimisinéirí agus go mainneoidh sé sin a dhéanamh, féadfaidh an tArd-Aighne nó an tAire Airgeadais nó na Coimisinéirí agairt trí chaingean nó trí imeacht iomchuí eile sa Chúirt Chuarda ar ordú á ordú don duine a mhainnigh amhlaidh an tuairisceán nó an tuairisceán breise sin a sheachadadh nó cúis dá mhalairt a shuíomh; agus féadfaidh an Chúirt Chuarda le hordú a ordú don duine cuntasach sin an tuairisceán nó an tuairisceán breise sin a sheachadadh laistigh de cibé am a shonrófar san ordú.
(4) Aon uair a bheidh maoin faoi réir muirir de bhua alt 47, féadfaidh an tArd-Aighne, an tAire Airgeadais nó na Coimisinéirí a agairt trí chaingean nó trí imeacht iomchuí eile in aon chúirt dlínse inniúla go ndéanfaí ordú, agus féadfaidh an chúirt ordú a dhéanamh, á ordú d'úinéir na maoine an cháin a bheidh de mhuirear ar an maoin a íoc.
Fianaise in imeachtaí chun cáin a ghnóthú.
50.—Beidh feidhm ag forálacha alt 39 den Acht Airgid, 1926, in aon imeachtaí sa Chúirt Chuarda nó sa Chúirt Dúiche leis an gcáin a ghnóthú nó i ndáil le gnóthú na cánach.
CUID VIII
Achomhairc
Achomhairc i ndáil le luach maoine réadaí.
1910, c. 8.
51.—Más ábhar éagóra le duine ar bith cinneadh ó na Coimisinéirí maidir le margadhluach aon mhaoine réadaí, féadfaidh sé achomharc a dhéanamh i gcoinne an chinnte ar an modh a fhorordaítear le halt 33 den Finance (1909-10) Act, 1910, agus beidh feidhm dá réir sin, modhnaithe mar is gá, leis na forálacha maidir le hachomhairc faoin alt sin den Acht sin.
Achomhairc i gcásanna eile.
52.—(1) San alt seo—
tá le “Coimisinéirí Achomhairc” an bhrí a shanntar dó le halt 156 den Acht Cánach Ioncaim, 1967;
ciallaíonn “achomharcóir” duine a dhéanann achomharc chun na gCoimisinéirí Achomhairc faoi fho-alt (2) den alt seo.
(2) Faoi réir na bhforálacha eile den Acht seo, duine a nglaofaidh na Coimisinéirí air measúnacht cánach a íoc i leith aon mhaoine agus arb ábhar éagóra leis an mheasúnacht féadfaidh sé, de réir forálacha an ailt seo, achomharc a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc i gcoinne na measúnachta agus éistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Achomhairc an t-achomharc agus is cinneadh críochnaitheach dochloíte a gcinneadh mura gceanglaítear an t-achomharc a athéisteacht ag breitheamh den Chúirt Chuarda nó mura gceanglaítear cás a shonrú i ndáil leis le tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phointe dlí.
(3) Ní bheidh ábhar achomhairc ann faoin alt seo i ndáil le margadhluach maoine réadaí.
(4) Duine a bheartaíonn achomharc a dhéanamh faoin alt seo i gcoinne measúnachta déanfaidh sé, laistigh de 30 lá tar éis dáta na measúnachta, fógra i scríbhinn a thabhairt do na Coimisinéirí go bhfuil sé chun achomharc a dhéanamh i gcoinne na measúnachta.
(5) (a) Faoi réir forálacha an ailt seo, beidh feidhm, maidir le hachomharc faoin alt seo, modhnaithe mar is gá, ag na forálacha de na hAchtanna Cánach Ioncaim a bhaineann leis na nithe seo a leanas—
(i) tráthanna agus ionaid a cheapadh le hachomhairc a éisteacht;
(ii) fógra a thabhairt do gach duine a thug fógra achomhairc i dtaobh an trátha agus an ionaid a bheidh ceaptha lena achomharc a éisteacht;
(iii) achomharc a chinneadh trí chomhaontú idir an t-achomharcóir agus oifigeach a bheidh ceaptha ag na Coimisinéirí chuige sin;
(iv) achomharc a chinneadh tríd an achomharcóir do thabhairt fógra go mbeartaíonn sé gan dul ar aghaidh leis an achomharc;
(v) achomharc a éisteacht agus a chinneadh ag na Coimisinéirí Achomhairc, lena n-áirítear achomharc a éisteacht agus a chinneadh ag Coimisinéir Achomhairc amháin;
(vi) achomharc a chinneadh trí dhuine a thug fógra achomhairc d'fhaillí nó do dhiúltú freastal os comhair na gCoimisinéirí Achomhairc an tráth agus san ionad a bheidh ceaptha;
(vii) fadú na tréimhse le fógra achomhairc a thabhairt agus na Coimisinéirí Achomhairc d'athghlacadh le hachomhairc agus na forálacha a mbeidh feidhm leo i gcás caingean ar mhodh imeachtaí cúirte a bheith tionscanta;
(viii) achomharc a athéisteacht ag breitheamh den Chúirt Chuarda agus cás a shonrú le tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phointe dlí;
(ix) cáin a íoc de réir chinneadh na gCoimisinéirí Achomhairc d'ainneoin go gceanglaítear achomharc a athéisteacht ag breitheamh den Chúirt Chuarda nó gur ceanglaíodh cás a shonrú le tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phointe dlí nó go bhfuil cás den sórt sin ar feitheamh;
(x) na nósanna imeachta le haghaidh achomhairc,
ionann is dá mba achomharc i gcoinne measúnachta i leith cánach ioncaim an t-achomharc.
(b) Beidh ag na Coimisinéirí, faoi réir iad do thabhairt fógra i scríbhinn chuige sin don achomharcóir laistigh de dheich lá tar éis do na Coimisinéirí Achomhairc achomharc a chinneadh, an ceart céanna leis an achomharcóir go n-athéistfidh breitheamh den Chúirt Chuarda an t-achomharc.
(c) An breitheamh den Chúirt Chuarda a athéistfidh achomharc faoin alt seo is breitheamh den Chúirt Chuarda é ar ina chuaird a chónaíonn an t-achomharcóir nó duine de na hachomharcóirí nó (i gcás comhlachta chorpraithe) a bhfuil a phríomh-áit ghnó aige:
Ar choinníoll—
(i) in aon chás nach bhfuil cónaí sa Stát ar aon achomharcóir nó (i gcás comhlachta chorpraithe) nach bhfuil áit ghnó sa Stát aige; nó
(ii) in aon chás ina bhfuil amhras nó díospóid ann maidir leis an gcuaird,
gur breitheamh den Chúirt Chuarda a bheidh sannta do Chuaird Bhaile Átha Cliath a athéistfidh an t-achomharc.
(6) (a) I gcás fógra nó doiciméad eile a cheanglaítear nó a údaraítear a sheirbheáil leis an alt seo a bheith le seirbheáil ar chomhlacht corpraithe, seirbheálfar an fógra sin ar rúnaí nó ar oifigeach eile de chuid an chomhlachta chorpraithe.
(b) Aon fhógra nó doicméad eile a cheanglaítear nó a údaraítear leis an alt seo a sheirbheáil ag na Coimisinéirí nó ag achomharcóir féadfar é a sheirbheáil leis an bpost agus i gcás fógra nó doiciméad eile a dhíreofar chun na gCoimisinéirí cuirfear é go dtí na Rúnaithe, na Coimisinéirí Ioncaim, Caisleán Bhaile Átha Cliath, Baile Átha Cliath 2.
(c) Aon fhógra nó doiciméad eile a cheanglaítear nó a údaraítear a sheirbheáil ag na Coimisinéirí ar achomharcóir faoin alt seo féadfar é a chur go dtí aturnae, go dtí cuntasóir nó go dtí gníomhaire eile de chuid an achomharcóra agus measfar fógra a seirbheáladh amhlaidh a bheith seirbheáilte ar an achomharcóir mura gcruthóidh an t-achomharcóir chun sástacht na gCoimisinéirí Achomhairc, nó na Cúirte Cuarda, de réir mar a bheidh, go ndearna sé, sular seirbheáladh an fógra nó an doiciméad eile, údarás an aturnae, an chuntasóra nó an ghníomhaire eile sin gníomhú thar a cheann a tharraingt siar.
(7) Féadfar fianaise prima facie i dtaobh aon fhógra a thug na Coimisinéirí nó oifigeach do na Coimisinéirí faoin alt seo a thabhairt in aon imeachtaí trí dhoiciméad a thabhairt ar aird a airbheartóidh gur cóip den fhógra é agus ní bheidh sé riachtanach cruthúnas a thabhairt ar phost oifigiúil an duine a n-airbheartófar gurb é a thug an fógra ná, má bhíonn sé sínithe, ar an síniú, ná go raibh ag an duine a shínigh agus a thug é údarás sin a dhéanamh.
(8) (a) Féadfaidh na Coimisinéirí fógra i scríbhinn, a mbeidh tagairt sainráite ann don fho-alt seo, a sheirbheáil ar aon duine a mbeidh cúis acu a chreidiúint go bhfuil sé cuntasach i gcáin a íoc ag insint faoi aon chinneadh a bheidh déanta acu agus a mbeidh baint aige leis an gcáin sin.
(b) Féadfaidh aon duine a n-inseofar dó faoi chinneadh de réir mhír (a) achomharc i gcoinne an chinnte a dhéanamh chun na gCoimisinéirí Achomhairc.
(c) Eistfidh agus cinnfidh na Coimisinéirí Achomhairc achomharc chucu faoin bhfo-alt seo ionann is dá mba achomharc chucu é i gcoinne measúnachta i leith cánach, agus beidh feidhm dá réir sin ag na forálacha den alt seo, modhnaithe mar is gá, a bhaineann le hachomharc nó le hathéisteacht achomhairc nó le cás a shonrú chun tuairim na hArd-Chúirte a fháil ar phointe dlí.
CUID IX
Díolúintí
Bronntanais bheaga a bheith díolmhaithe.
53.—(1) Beidh an chéad £250 de luach inchánach iomlán na mbronntanas inchánach go léir a bheidh glactha ag deontaí ó aon diúscróir áirithe amháin in aon tréimhse iomchuí díolmhaithe ó cháin agus ní chuirfear i gcuntas é le linn cáin a bheith á ríomh.
(2) I gcás bronntanas a ndéanann oidhreacht de de dhroim é a ghlacadh faoi dhiúscairt nuair is dáta laistigh de dhá bhliain roimh éag don diúscróir dáta na diúscartha, tabharfar an faoiseamh céanna ina leith faoi fho-alt (1) agus a thabharfaí dá mba bhronntanas é.
(3) Ní chuirfear i gcuntas, le linn cáin a bheith á ríomh, an chéad £250 de luach inchomhiomlánaithe iomlán na mbronntanas inchomhiomlánaithe go léir (de réir bhrí mhír 1 de Chuid I den Dara Sceideal) a bheidh glactha ag an deontaí ó aon diúscróir áirithe amháin in aon tréimhse iomchuí.
(4) San alt seo, ciallaíonn “tréimhse iomchuí” an tréimhse dar thosach an 28ú lá d'Feabhra, 1969, agus dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1969, agus dá éis sin an tréimhse dhá mhí dhéag dar críoch an 31ú lá de Nollaig gach bliain.
Forálacha a bhaineann le carthanais, etc.
54.—(1) Aon sochar a bheidh duine tar éis a ghlacadh chun críocha poiblí nó chun críocha carthanúla measfar, chun críocha ailt 5 (1) agus 11 (1), é a bheith glactha go sochrach ag duine is duine seachas deontaí nó comharba dá dtagraítear i dTábla I, II nó III de Chuid II den Dara Sceideal.
(2) Beidh bronntanas nó oidhreacht a bheidh glactha chun críocha poiblí nó chun críocha carthanúla díolmhaithe, a mhéid is deimhin leis na Coimisinéirí go bhfuil sé curtha, nó go gcuirfear é, chun feidhme chun críocha poiblí nó chun críocha carthanúla sa Stát nó i dTuaisceart Éireann, ó cháin agus ní chuirfear an céanna i gcuntas le linn cáin a bheith á ríomh.
(3) Ach amháin mar a fhoráiltear in alt 56 (4), beidh bronntanas nó oidhreacht a ghlacann duine ar theacht dó chun teideal a bheith aige chun aon sochair ar mhaoin (lena n-áirítear airgead a sholáthraigh an tOireachtas nó údarás áitiúil) a chur chun feidhme chun críocha poiblí nó chun críocha carthanúla is maoin a sealbhaíodh chun na gcríocha sin díolmhaithe ó cháin agus ní chuirfear i gcuntas é nó í le linn cáin a bheith á ríomh.
Airceadail dirithe a bheith áíolmhaithe.
55.—(1) Baineann an t-alt seo leis na hairceadail seo a leanas, is é sin le rá, aon phictiúir, priontaí, leabhair, lámhscríbhinní, saothair ealaíne, seodra, bailiúcháin eolaíochta nó nithe eile nach sealbhaítear chun críocha trádála—
(a) ar dealraitheach do na Coimisinéirí, ar éileamh a dhéanamh chucu, gur díol spéise iad ó thaobh náisiúntachta, eolaíochta, staire nó ealaíne;
(b) atá ar buanchoimeád sa Stát taobh amuigh de cibé aslaithreachtaí sealadacha lasmuigh den Stát a bheidh ceadaithe ag na Coimisinéirí; agus
(c) a bhfuil saoráidí réasúnacha ar fáil ina leith lena bhféadfaidh daoine den phobal nó comhlachtaí aitheanta nó comhlachais daoine breathnú orthu.
(2) (a) Aon airceadal lena mbaineann an t-alt seo agus a bhí, ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta, agus ar an dáta luachála, ar áireamh i mbronntanas nó in oidhreacht a ghlac duine beidh sé díolmhaithe ó cháin i ndáil leis an mbronntanas nó leis an oidhreacht sin, agus ní chuirfear a luach i gcuntas le linn cáin a bheith á ríomh ar aon bhronntanas nó oidhreacht a ghlac an duine sin ón diúscróir céanna mura scoirfidh an díolúine d'fheidhm a bheith aici faoi fhorálacha fho-alt (3) nó (4).
(b) Beidh feidhm ag forálacha alt 19 (6), chun críocha an fho-ailt seo, mar atá feidhm acu i ndáil le maoin talmhaíochta.
(3) Má dhéantar airceadal a bheidh díolmhaithe ó cháin de bhua fho-alt (2) a dhíol laistigh de shé bliana tar éis an dáta luachála agus sular chuid an t-airceadal sin den mhaoin a bheidh i mbronntanas nó in oidhreacht dá éis sin, scoirfidh an díolúine dá dtagraítear i bhfo-alt (2) de bhaint leis an airceadal sin:
Ar choinníoll, más díol trí chonradh príobháideach le Dánlann Náisiúnta na hÉireann, leis an Músaem Náisiúnta Eolaíochta agus Ealaíne nó le haon fhoras náisiúnta eile dá samhail sin, le haon ollscoil sa Stát, le húdarás áitiúil nó le Cairde Bailiúchán na hÉireann díol an airceadail sin, go leanfaidh an díolúine dá dtagraítear i bhfo-alt (2) d'fheidm a bheith aici.
(4) Scoirfidh an díolúine dá dtagraítear i bhfo-alt (2) d'fheidhm a bheith aici maidir le hairceadal, má tharlaíonn aon tráth tar éis an dáta luachála, agus sular cuid arís den mhaoin a bheidh ar áireamh i mbronntanas nó in oidhreacht an t-airceadal sin, go mbeidh sárú déanta ag an deontaí nó ag an gcomharba ar aon choinníoll a shonraítear i bhfo-alt (1) (b) nó (c).
Iocaíochtaí a bhaineann le scor, etc.
56.—(1) Faoi réir forálacha fho-alt (2), ní bronntanas ná oidhreacht aon íocaíocht a bheidh íoctha le fostaí nó le hathfhostaí ag a fhostóir nó ag aon duine eile nó as cistí a sholáthraigh a fhostóir nó aon duine eile, bona fide ar mhodh sochair scoir, íocaíocht iomarcaíochta nó pinsin.
(2) Ní bheidh éifeacht le fo-alt (1) i ndáil le híocaíocht dá dtagraítear san fho-alt sin, agus measfar gur bronntanas nó oidhreacht aon íocaíocht den sórt sin i gcás—
(a) (i) ar gaol don fhostóir nó don diúscróir eile an fostaí; nó
(ii) ar cuideachta phríobháideach de réir brí alt 16 (2) an fostóir, agus ar cuideachta phríobháideach í a meastar é a bheith faoina rialú de réir brí an ailt sin ag an bhfostaí;
(b) nach faoi scéim (a bhaineann le haoisliúntas, scor nó iomarcaíocht) a cheadaigh na Coimisinéirí faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim a rinneadh an íocaíocht; agus
(c) a gcinnfidh na Coimisinéirí gur íocaíocht iomarcach í in imthosca an cháis.
(3) Seirbheálfaidh na Coimisinéirí ar dhuine cuntasach fógra i scríbhinn faoin gcinneadh acu dá dtagraítear i bhfo-alt (2) agus féadfaidh an duine cuntasach lena mbainfidh achomharc a dhéanamh in aghaidh an chinnte sin agus beidh feidhm ag alt 52, modhnaithe mar is gá, i ndáil leis an achomharc sin mar atá feidhm aige i ndáil le hachomharc in aghaidh measúnachta cánach.
(4) Aon sochar a bheidh glactha ag duine seachas an duine ar i leith a sheirbhíse a tháinig an sochar, faoi fhorálacha aon chiste aoisliúntas, nó faoi aon scéim aoisliúntas, a bunaíodh go heisiatach nó go formhór do dhaoine ar fostú le gairm, le ceird, le gnóthas nó le fostaíocht, agus dá gcleithiúnaithe, measfar (cibé acu a bhí nó nach raibh ceart ab infheidhmithe le dlí chun an tsochair ag aon duine) gur bronntanas nó gur oidhreacht é, de réir mar a bheidh, a dhíorthaigh faoi dhiúscairt arbh é an duine, ar i leith a sheirbhíse a tháinig an sochar, agus nárbh aon duine eile, a rinne í.
(5) San alt seo—
ciallaíonn “scéim aoisliúntas” aon chomhshocraíocht i ndáil le fostaíocht chun sochar a sholáthar ar fhostaí, nó i ndáil le fostaí, scor nó éag;
folaíonn “fostaíocht” fostaíocht mar stiúrthóir ar chomhlacht corpraithe agus forléireofar focail ghaolmhara dá réir sin.
Urrúis áirithe a bheith díolmhaithe.
57.—(1) San alt seo—
ciallaíonn “urrús” aon urrús, stoc, scair, bintiúr, stoc bintiúir, deimhniú muirir nó aon sórt eile urrúis arna eisiúint roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin, agus atá, de bhua aon achtacháin nó de bhua aon chumhachta a thugann aon achtachán, díolmhaithe ó chánachas agus é ar úinéireacht tairbhiúil ag duine nach bhfuil sainchónaí ná gnáthchónaí air sa Stát;
ciallaíonn “scéim iontaobhais aonad” scéim iontaobhais aonad atá cláraithe sa chlár a bunaíodh leis an Acht um Iontaobhais Aonad, 1972, a gcuireann an gníomhas a bhfuil iontaobhais na scéime sainráite ann de shrian leis an maoin atá faoi réir na n-iontaobhas gur urrúis iad.
(2) Beidh aon urrús, nó aonaid (de réir brí an Achta um Iontaobhais Aonad, 1972) de chuid scéime iontaobhais aonad, a bheidh ar áireamh i mbronntanas nó in oidhreacht díolmhaithe ó cháin (agus ní chuirfear i gcuntas an céanna le linn cáin ar aon bhronntanas nó oidhreacht a ghlac an deontaí nó an comharba ón diúscróir céanna a bheith á ríomh) más rud é agus amháin más rud é—
(a) go raibh an t-urrús nó na haonaid ar áireamh sa bhronntanas nó san oidhreacht—
(i) ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta; agus
(ii) ar an dáta luachála; agus
(b) nach bhfuil sainchónaí ná gnáthchónaí sa Stát ar an deontaí nó ar an gcomharba ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta, agus beidh feidhm ag forálacha alt 19 (6), chun críocha an fho-ailt seo, mar atá feidhm acu i ndáil le maoin talmhaíochta:
Ar choinníoll, má dhéantar, laistigh de bhliain amháin tar éis an dáta luachála, urrús nó aonaid nó aon chuid den chéanna a bheidh ar áireamh—
(a) i mbronntanas; nó
(b) i mbronntanas a ndéanann oidhreacht de mar gur dháta laistigh de dhá bhliain roimh éag don diúscróir dáta na diúscartha,
a dhíol nó a mhalartú, nó a chomhshó (seachas in urrús nó in aonaid eile, faoi seach, nach ndíolfar ná nach malartófar i rith na tréimhse bliana sin), go measfar gur ghlac an deontaí nó an comharba ón diúscróir bronntanas nó oidhreacht, de réir mar a bheidh, arb éard é nó í suim ar cóimhéid leis an méid arbh é, ar an dáta luachála, margadhluach an urrúis nó na n-aonad nó na coda den chéanna a díoladh, a malartaíodh nó a comhshódh é.
(3) Chun críocha ailt 6 (1) (c) agus 12 (1) (b), measfar an tsuim dá dtagraítear sa choinníoll a ghabhann le fo-alt (2) a bheith sa Stát ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta, de réir mar a bheidh, más sa Stát agus nach in aon áit eile ar an dáta sin don urrús nó do na haonaid (nó don chuid den chéanna) a díoladh, a malartaíodh nó a comhshódh amhlaidh.
Fáltais áirithe a bheith díolmhaithe.
1857, c. 60.
58.—(1) Ní bronntanais ná oidreachtaí iad seo a leanas—
(a) aon suim a fuair duine bona fide ar mhodh cúitimh nó damáistí mar gheall ar aon éagóir nó díobháil a d'fhulaing sé ina phearsa, ina mhaoin, ina chlú nó ina shlí bheatha;
(b) aon suim a fuair duine bona fide ar mhodh cúitimh nó damáistí mar gheall ar aon éagóir nó díobháil ba thrúig bháis d'aon duine eile;
(c) aon suim a fuair duine bona fide ar mhodh buachan gealltóireachta (lena n-áirítear linn-ghealltóireacht) nó buachan ó chrannchur, scuabgheall nó cluiche lena ngabhann duaiseanna;
(d) aon sochar—
(i) as airgead a íoc leis an Sannaí Oifigiúil i bhFéimheacht a sholáthraigh cairde le féimheach nó is ionannas do mhaoin a sholáthraigh siad; nó
(ii) as creidiúnaithe féimhigh do loghadh nó do laghdú fiacha,
lena chumasú don fhéimheach tairiscint ar iomshocraíocht i ndiaidh féimheachta a chomalladh de réir forálacha alt 149 den Irish Bankrupt and Insolvent, Act, 1857; agus
(e) aon sochar—
(i) as airgead a íoc leis an Sannaí Oifigiúil i bhFéimheacht a sholáthraigh cairde le féichiúnaí imshocraíochta nó is ionannas do mhaoin a sholáthraigh siad; nó
(ii) as creidiúnaithe féichiúnaí do loghadh nó do laghdú fiacha,
lena chumasú don fhéichiúnaí déanamh de réir téarmaí togra a rinne sé faoi alt 345 den Irish Bankrupt and Insolvent Act, 1857, agus a mbeidh glactha leis ag a chreidiúnaithe agus a bheidh ceadaithe agus daingnithe ag an Ard-Chúirt.
(2) D'ainneoin aon ní san Acht seo, aon airgead nó luach airgid—
(a) a gheobhaidh—
(i) céile an diúscróra nó leanbh leis an diúscróir; nó
(ii) duine a bhfuil an diúscróir in loco parentis i ndáil leis,
le haghaidh cothaithe, cothabhála nó oideachais; nó
(b) a gheobhaidh duine is gaol cleithiúnach i ndáil leis an diúscróir faoi alt 142 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, le haghaidh cothaithe nó cothabhála,
le linn beo an diúscróra, ní bronntanas ná oidhreacht é, i gcás inarb amhlaidh don chothú, don chothabháil nó don oideachas sin a sholáthar, nó don chothú nó don chothabháil sin—
(i) gur chuid é de ghnáth-chaiteachas duine arb ionann dálaí dó agus don diúscróir; agus
(ii) gur soláthar réasúnach é ag féachaint do dhálaí air geadais an diúscróra.
Díolúine más deontaí nó comharba a rinne an diúscairt.
59.—(1) Ní bheidh cáin inmhuirearaithe ar bhronntanas ná ar oidhreacht a ghlacfaidh an deontaí nó an comharba faoi dhiúscairt a rinne sé féin.
(2) Má tharlaíonn, ar dháta an bhronntanais, go mbeidh dhá chuideachta i gcomhlachas le chéile mar a thuairiscítear i bhfo-alt (3), measfar gur bronntanas lena mbaineann fo-alt (1) bronntanas a ghlacfaidh ceann acu faoi dhiúscairt a rinne an ceann eile.
(3) Chun críocha fho-alt (2), measfar dhá chuideachta a bheith i gcomhlachas le chéile—
(a) dá mbeadh teideal tairbhiúil ag cuideachta amháin chun cuid nár lú ná 90 faoin gcéad d'aon sócmhainní de chuid na cuideachta eile a bheadh ar fáil le dáileadh ar úinéirí a scaireanna agus a teideal den chineál dá dtagraítear in alt 34 (1) ar fhoirceannadh; nó
(b) dá mbeadh teideal tairbhiúil ag tríú cuideachta chun cuid nár lú ná 90 faoin gcéad d'aon sócmhainní de chuid gach ceann acu a bheadh ar fáil mar a luaitear i mír (a).
(4) San alt seo, ciallaíonn “cuideachta” comhlacht corpraithe (cibé áit a bhfuil sé corpraithe) seachas cuideachta phríobháideach de réir brí alt 16 (2).
CUID X
Ilghnéitheach
Deimhnithe le haghaidh probháide.
1881, c. 12.
60.—(1) I gcás a mbeidh mionnscríbhinn Ioncaim Intíre seachadta do na Coimisinéirí agus gur deimhin leo—
(a) go bhfuil leor-íocaíocht ar cuntas cánach oidhreachta íoctha i leith na maoine a d'aistrigh faoi uacht nó díthiomnacht an éagaigh nó faoi Chuid IX nó faoi alt 56 den Acht Comharbais, 1965; nó
(b) gur féidir íoc cánach oidhreachta i leith na maoine sin a chur siar de thuras na huaire,
deimhneoidh siad i scríbhinn—
(i) gur seachadadh an mhionnscríbhinn Ioncaim Intíre dóibh; agus
(ii) (I) gur íocadh íocaíocht dá dtagraítear i mír (a); nó
(II) gur cuireadh siar de thuras na huaire an íocaíocht dá dtagraítear i mír (b),
de réir mar a bheidh.
(2) San alt seo tá le “mionnscríbhinn Ioncaim Intíre” an bhrí dá dtagraítear in alt 38 (1).
(3) Más dóigh leis na Coimisinéirí nach féidir íoc cánach oidhreachta i leith na maoine a d'aistrigh faoi uacht nó faoi dhíthiomnacht an éagaigh nó faoi Chuid IX nó faoi alt 56 den Acht Comharbais, 1965, a chur siar de thuras na huaire gan mór-chontúirt a bheith ann nach ngnóthófaí an cháin sin, féadfaidh siad diúltú an deimhniú dá dtagraítear i bhfo-alt (1) a eisiúint go dtí go mbeidh an cháin íoctha, nó go dtí go mbeidh íocaíocht dá dtagraítear i mír (a) den fho-alt sin íoctha.
(4) An deimhniú a gceanglaíonn alt 30 den Customs and Inland Revenue Act, 1881, go ndéanfaidh oifigeach cuí na cúirte é, ní dhéanfar é go dtí go ndéanfar deimhniú ó na Coimisinéirí a eisíodh faoi fho-alt (1) a thabhairt ar aird don oifigeach sin agus taispeánfaidh sé (in ionad a thaispeáint go bhfuil an mhionnscríbhinn, má dhlitear dleacht stampa a íoc uirthi, stampáilte go cuí) go bhfuil deimhniú faoi fho-alt (1) eisithe ag na Coimisinéirí agus inseofar ann brí an deimhnithe a bheidh eisithe amhlaidh ag na Coimisinéirí.
(5) Féadfar foirm an deimhnithe a gceanglaítear go dtabharfaidh oifigeach cuí na cúirte é faoi alt 30 den Customs and Inland Revenue Act, 1881, a fhorordú le riail chúirte i cibé slí is gá chun éifeacht a thabhairt don Acht seo.
(6) Ní bheidh feidhm ag an alt seo ach amháin i gcás arb ar an 1ú lá d'Aibreán, 1975, nó dáta éis sin a d'éag an t-éagach.
Airgead in ainmneacha beirt daoine nó níos mó a íoc.
61.—(1) I gcás suim airgid is mó ná £5,000 a lóisteáil nó a thaisceadh, ar shlí seachas i gcuntas reatha, roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin, sa Stát le baincéir, in ainmneacha beirt daoine nó níos mó i gcomhar, agus duine de na daoine sin (dá ngairtear an t-éagach san alt seo) d'fháil bháis an 1ú lá d'Aibreán, 1975, nó dá éis sin, ní íocfaidh an baincéir an t-airgead sin ná aon chuid de leis an marthanóir ná leis na marthanóirí go léir ná le haon duine nó daoine de mharthanóirí na ndaoine sin ná le haon duine eile, mura dtabharfar nó go dtí go dtabharfar don bhaincéir sin deimhniú ó na Coimisinéirí á dheimhniú nach bhfuil aon éileamh ar cháin oidhreachta i ndáil le bás an éagaigh maidir leis an airgead nó maidir le haon chuid de gan ghlanadh nó toiliú i scríbhinn ó na Coimisinéirí leis an íoc sin go dtí go bhfionnfaí agus go n-íocfaí an cháin sin.
(2) D'ainneoin aon ní san Acht seo, measfar chun críocha an ailt seo maidir le cáin is inmhuirearaithe ar éag don éagach gur tháinig sí chun bheith dlite an lá a d'éag an t-éagach.
(3) Baincéir a íocfaidh, tar éis dáta an Achta seo a rith, airgead contrártha don alt seo dlífear pionós £1,000 a chur air.
(4) I gcás ina n-éileofar pionós ar bhaincéir faoin alt seo, is ar an mbaincéir sin a bheidh de dhualgas a chruthú gur tugadh don bhaincéir sin sular íoc sé an t-airgead sin an deimhniú sin nó an toiliú sin a luaitear san alt seo.
(5) I gcás ina n-éileofar pionós ar bhaincéir faoin alt seo, is cosaint mhaith a chruthú go raibh cúis réasúnach ag an mbaincéir sin, an tráth a d'íoc sé an t-airgead sin, a chreidiúint nach raibh aon duine de na daoine a raibh an t-airgead sin lóisteáilte nó taiscthe ina n-ainmneacha i gcomhar éagtha.
(6) Ní bheidh éifeacht le halt 33 den Acht Airgid, 1935, in aon chás arb é an 1ú lá d'Aibreán, 1975, nó aon lá dá éis sin, a d'éag duine dá ngairtear an duine marbh san alt sin.
(7) San alt seo—
ciallaíonn “baincéir” duine a sheolann gnó baincéireachta sa Stát agus folaíonn sé cara-chumann, cumann tionscail agus coigiltis, cumann foirgníochta, Banc Taisc an Phoist, banc taisce iontaobhais, an Chuideachta Cairde Tionscail Teoranta, Corparáid an Chairde Thalmhaíochta Teoranta agus aon duine lena lóisteáiltear nó lena dtaisctear airgead;
folaíonn “íoc” aistriú i leabhair baincéara agus aon déileáil ar aon chor le hairgead a lóisteáladh nó a taisceadh in ainm duine a d'éag tar éis tráth na lóisteála nó an taiscthe agus aon duine nó daoine eile;
ciallaíonn “cuntas reatha” cuntas ar gnách oibriú air le seic nó le hordú baincéara;
tá le “gnó baincéireachta” an bhrí a shanntar dó le halt 2 d'Acht an Bhainc Ceannais, 1971;
folaíonn tagairtí d'airgead a lóisteáladh nó a taisceadh tagairtí do scaireanna le cumann foirgníochta, le cara-chumann nó le cumann tionscail agus coigiltis.
Cúirt do dhéanamh soláthair le cáin a íoc.
62.—I gcás ina mbeidh aon chaingean ar feitheamh in aon chúirt i ndáil le riaradh aon mhaoine ar arb inmhuirearaithe cáin faoin Acht seo, déanfaidh an chúirt sin soláthar, as aon mhaoin den sórt sin a bheidh i seilbh nó faoi rialú na cúirte, le haon chuid den cháin nó an t-ús ar an gcéanna a bheidh gan íoc a íoc leis na Coimisinéirí.
Pionóis.
63.—(1) (a) Aon duine a sháróidh nó a fhágfaidh, de mhainneachtain, gan chomlíonadh—
(i) aon cheanglas faoi alt 36 (6), (7) nó (8); nó
(ii) forálacha alt 36 (2) nó (9)
dlífear pionós £500 a chur air.
(b) I gcás ina leanfar den sárú nó den mhainneachtain dá dtagraítear i mír (a) tar éis don chúirt ar os a comhair a tionscnaíodh imeachtaí i leith an phionóis breithiúnas a thabhairt, dlífear pionós breise £25 in aghaidh gach lae a leanfar amhlaidh den sárú nó den mhainneachtain a chur ar an duine a bheidh i gceist.
(2) I gcás duine a bheith údaraithe, faoi réim nó chun críocha aon cheann d'fhorálacha an Achta seo, aon mhaoin a iniúchadh le margadhluach na maoine sin a thuairisciú do na Coimisinéirí agus go ndéanfaidh an duine a bheidh i bhfeighil nó i seilbh na maoine sin an t-iniúchadh sin a bhac nó an duine a bheidh údaraithe amhlaidh a chosc agus é ag feidhmiú a fheidhmeanna i ndáil leis an iniúchadh, dlífear pionós £500 a chur ar an duine a bheidh i bhfeighil nó i seilbh amhlaidh.
(3) I gcás ina ndéanfaidh duine cuntasach go calaoiseach nó go faillíoch mar a leanas—
(a) aon tuairisceán nó tuairisceán breise a bheidh mícheart a sheachadadh;
(b) aon ráiteas, dearbhú, fianaise nó luacháil a bheidh mícheart a dhéanamh nó a thabhairt i ndáil le haon mhaoin a áirítear in aon diúscairt;
(c) aon ráiteas, dearbhú, fianaise nó luacháil a bheidh mícheart a dhéanamh nó a thabhairt i ndáil le haon éileamh ar aon liúntas, asbhaint, díolúine nó faoiseamh; nó
(d) aon ráiteas, dearbhú, fianaise nó luacháil a bheidh mícheart a dhéanamh nó a thabhairt i ndáil le haon ní eile,
a moeadh an méid cánach ab inmheasúnaithe ar a fhoras i leith bronntanais inchánach nó oidhreachta inchánach níos lú ná mar a bheadh sé dá mbeadh an tuairisceán, an tuairisceán breise, an ráiteas, an dearbhú, an fhianaise nó an luacháil a seachadadh, a rinneadh nó a tugadh ceart, dlífear pionós mar a leanas a chur air—
(i) £1,000; agus
(ii) méid na difríochta, nó, i gcás calaoise, dhá oiread méid na difríochta, a shonraítear i bhfo-alt (5).
(4) I gcás nach go calaoiseach ná go faillíoch a sheachaid, a rinne nó a thug duine aon tuairisceán, tuairisceán breise, ráiteas, dearbhú, fianaise nó luacháil den sórt a luaitear i bhfo-alt (3) agus go dtiocfaidh sé ar a umhail go raibh sin mícheart, ansin, mura gceartófar an earráid gan mhoill mhíréasúnach, measfar, chun críocha an ailt seo, gur go faillíoch a rinne sé an rud sin.
(5) Is í an difríocht dá dtagraítear i bhfo-alt (3) an difríocht idir—
(a) an méid cánach is iníoctha i leith an bhronntanais inchánach nó na hoidhreachta inchánach lena mbaineann an tuairisceán, an tuairisceán breise, an ráiteas, an dearbhú, an fhianaise nó an luacháil; agus
(b) an méid arbh é an méid é ab iníoctha amhlaidh dá mbeadh an tuairisceán, an tuairisceán breise, an ráiteas, an dearbhú, an fhianaise nó an luacháil a rinne sé nó a chuir sé isteach ceart.
(6) Chun críche fho-alt (3), i gcás ina seachadfar, ina ndéanfar nó ina dtabharfar thar ceann duine aon rud dá dtagraítear san fho-alt sin, measfar gurb é an duine sin a sheachaid, a rinne nó a thug é mura gcruthóidh sé gur gan fhios dó nó gan toiliú uaidh a rinneadh sin.
(7) Aon duine a chabhróidh nó a aslóidh le haon tuairisceán, tuairisceán breise, ráiteas, dearbhú, fianaise nó luacháil is eol dó a bheith mícheart a sheachadadh, a dhéanamh nó a thabhairt chun aon chríocha de chuid na cánach, dlífear pionós £250 a chur air.
(8) Ní bheidh éifeacht le forálacha an ailt seo ar aon imeachtaí coiriúla.
(9) Faoi réir forálacha an ailt seo, beidh feidhm ag ailt 128 (4), 507, 508, 510, 511, 512, 517 agus 518 den Acht Cánach Ioncaim, 1967, modhnaithe mar is gá, maidir le pionós faoin alt seo ionann is dá mba phionós faoi na hAchtanna Cánach Ioncaim an pionós.
Dliteanas cánach i leith díolachán agus morgáistí áirithe.
64.—(1) San alt seo—
tá le “dleachtanna báis” an bhrí a shanntar dó le halt 30 den Acht Airgeadais, 1971; agus
folaíonn “ceannaitheoir nó morgáistí” duine a dhíorthaíonn teideal ó cheannaitheoir nó ó mhorgáistí nó faoi cheannaitheoir nó faoi mhorgáistí i gcás díolachán nó morgáiste den sórt dá dtagraítear san alt seo.
(2) I gcás ina ndearnadh leas feifeach a dhíol nó a mhorgáistiú bona fide, roimh an 1ú lá d'Aibreán, 1975, ar chomaoin iomlán in airgead nó i luach airgid agus an leas sin a theacht i seilbh ar bhás a tharla nó a tharlóidh ar an dáta sin nó dá éis, beidh éifeacht leis na forálacha seo a leanas, is é sin le rá—
(a) ní bheidh an ceannaitheoir nó an morgáistí faoi dhliteanas méid is mó ná an méid dá dtagraítear i mír (c) i leith cáin oidhreachta ar an oidhreacht dá dtagraítear i mír (b);
(b) an oidhreacht dá dtagraítear i mír (a) is oidhreacht maoine í ina bhfuil an leas a díoladh nó a morgáistíodh amhlaidh agus atá éirithe i leith leas an fhuíollaí dá dtagraítear in alt 23 teacht i seilbh amhlaidh;
(c) is é an méid dá dtagraítear i mír (a) an méid ab iníoctha an tráth sin ag an gceannaitheoir nó ag an morgáistí i leith dleachtanna báis ar an maoin ina bhfuil an leas mar mhaoin a d'aistrigh faoin diúscairt chéanna faoinar glacadh an oidhreacht sin, ionann is dá mbeadh, ar an maoin sin teacht i seilbh, dleachtanna báis inmhuirearaithe uirthi—
(i) faoin dlí a bhí i bhfeidhm; agus
(ii) de réir an ráta nó na rátaí lena raibh éifeacht,
ar dháta an díola nó an mhorgáistithe;
(d) i gcás ina mbeidh leas den sórt sin morgáistithe amhlaidh, aon mhéid cánach oidhreachta is iníoctha i leith na hoidhreachta dá dtagraítear i mír (b) agus a dtugtar faoiseamh don mhorgáistí faoin alt seo óna íoc, is muirear i ndiaidh an mhorgáiste é i ndáil le maoin faoi mhuirear na cánach sin faoin alt sin d'ainneoin na tosaíochta dá dtagraítear in alt 47 (1);
(e) ní bheidh aon duine, seachas an ceannaitheoir nó an morgáistí, a bheidh cuntasach in íoc an mhéid sin den cháin oidhreachta nach mbeidh de dhliteanas ar an gceannaitheoir nó ar an morgáistí de bhua an fhaoisimh a thugtar leis an alt seo, faoi dhliteanas aon mhéid aon mhéid a íoc i leith an chéanna de bhreis ar an méid a bheidh ar fáil aige le haghaidh an íoca sin de dhroim maoin eile, nó cothromas fuascailte, nó de dhroim maoin eile agus cothromas fuascailte, a bheith, tráth an leas a theacht i seilbh, faoi réir na n-iontaobhas céanna, faoin diúscairt dá dtagraítear i mír (c), a bhfuil an mhaoin ina bhfuil an leas feifeach faoina réir; agus
(f) ní fhorléireofar aon ní in alt 35 (7) nó (8) nó in alt 47 (1) mar ní a laghdaíonn ar an bhfaoiseamh a thugtar leis an alt seo do cheannaitheoir nó do mhorgáistí.
Tagairtí i ngníomhais agus in uachtanna, etc. do dhleachtanna báis.
65.—Sa mhéid go mbeidh tagairt (cibé téarmaí ina mbeidh sí) i socrú i ndoiciméad d'aon dleacht báis a d'éireodh ar aon bhás áirithe tarlú an 1ú lá d'Aibreán, 1975, nó dá éis, beidh éifeacht léi, a mhéid is féidir é, ionann is dá bhfolófaí tagairt do cháin oidhreachta sa tagairt—
(a) más roimh dháta an Achta seo a rith a forghníomhaíodh an doiciméad sin, agus gur tagairt do dhleacht leagáide agus do dhleacht comharbais nó do cheachtar acu an tagairt:
(b) má forghníomhaíodh amhlaidh an doiciméad sin, agus gur tagairt do dhleacht eastáit an tagairt, agus gur féidir le réasún a ghlacadh mar thátal ó na cúinsí uile (lena n-áirítear aon chosúlacht idir titim cánach oidhreachta agus titim dleachta eastáit) gur den cheart an tagairt do cháin oidhreachta a chur isteach; agus
(c) cibé acu is roimh dháta an Achta seo a rith nó dá éis sin a forghníomhaíodh an doiciméad, dá mba thagairt do dhleachtanna báis an tagairt, gan tagairt d'aon dleacht báis áirithe.
Comhshocraíochtaí maidir le faoiseamh ó chánachas dúbailte.
66.—(1) Má dhearbhaíonn an Rialtas le hordú go bhfuil comhshocraíochtaí a bheidh sonraithe san ordú déanta le rialtas aon chríche lasmuigh den Stát i ndáil le faoiseamh a thabhairt ó chánachas dúbailte i leith cáin bhronntanais nó cáin oidhreachta is iníoctha faoi dhlíthe an Stáit agus aon cháin den ghné chéanna a forchuireadh faoi dhlíthe na críche sin nó is inmhuirearaithe faoi threoir báis nó bronntanas inter vivos agus gur fóirsteanach go mbeadh feidhm dlí ag na comhshocraíochtaí sin, beidh feidhm dlí, d'ainneoin aon ní in aon achtachán, ag na comhshocraíochtaí.
(2) Féadfaidh forálacha le haghaidh faoisimh ó cháin a muirearaíodh sula ndearnadh na comhshocraíochtaí agus forálacha maidir le maoin nach bhfuil faoi réir cánach dúbailte í féin a bheith ar áireamh in aon chomhshocraíochtaí dá dtugtar feidhm dlí leis an alt seo, agus beidh éifeacht dá réir sin le forálacha an ailt seo.
(3) Chun críocha fho-alt (1), measfar maidir le comhshocraíochtaí a rinneadh le ceann stáit choigríche gur le rialtas an stáit sin a rinneadh iad.
(4) I gcás feidhm dlí a bheith ag aon chomhshocraíochtaí de bhua an ailt seo, ní bheidh an oibleagáid maidir le rúndacht a fhorchuirtear le haon achtachán ina bac ar na Coimisinéiri cibé eolas a cheanglaítear a nochtadh faoi na comhshocraíochtaí a nochtadh d'aon oifigeach údaraithe don rialtas lena ndearnadh na comhshocraíochtaí.
(5) (a) Féadfar aon ordú faoin alt seo a chúlghairm le hordú ina dhiaidh sin agus féadfaidh cibé forálacha idirlinne is dóigh leis an Rialtas a bheith riachtanach nó fóirsteannach a bheith in aon ordú cúlghairme den sórt sin.
(b) I gcás ina mbeartófar ordú a dhéanamh faoin alt seo, leagfar dréacht de faoi bhráid Dháil Éireann agus ní dhéanfar an t-ordú go dtí go mbeidh rún ag ceadú an dréachta rite ag Dáil Éireann.
Faoiseamh eile ó chánachas dúbailte.
67.—(1) (a) San alt seo—
ciallaíonn “cáin choigríche” aon cháin is inmhuirearaithe faoi dhlíthe aon chríche lasmuigh den Stát agus is d'aonghné le dleacht eastáit, cáin bhronntanais nó cáin oidhreachta;
ciallaíonn “teagmhas”—
(i) bás; nó
(ii) aon teagmhas eile,
ar faoina threoir a chinntear dáta an bhronntanais nó dáta na hoidhreachta.
(b) Chun críocha an ailt seo, aon tagairt do mhaoin i gcríoch lasmuigh den Stát is tagairt í do mhaoin sa chríoch sin ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta, cibé acu é, nó do mhaoin in ionannas na maoine sin.
(2) I gcás inar deimhin leis na Coimisinéirí bronntanas inchánach nó oidhreacht inchánach, a ghlac deontaí nó comharba faoi dhiúscairt ar aon teagmhas tarlú, a bheith laghdaithe trí cháin choigríche a íoc is inmhuirearaithe i ndáil leis an teagmhas céanna faoin diúscairt chéanna i leith maoin atá sa chríoch lasmuigh den Stát inarb inmhuirearaithe an cháin choigríche sin, lamhálfaidh siad creidmheas i leith na cánach coigríche sin i gcoinne na cánach bronntanais nó na cánach oidhreachta is iníoctha ag an deontaí sin nó ag an gcomharba sin ar an mbronntanas inchánach sin nó ar an oidhreacht inchánach sin; ach ní bheidh an creidmheas sin níos mó ná—
(a) méid na cánach bronntanais nó na cánach oidhreachta is iníoctha i leith na maoine céanna mar gheall ar an maoin sin a bheith ar áireamh in aon bhronntanas inchánach nó in aon oidhreacht inchánach a glacadh faoin diúscairt sin ar an teagmhas sin tarlú; nó
(b) méid na cánach coigríche sin,
cibé acu is lú.
(3) Beidh forálacha an ailt seo faoi réir aon chomhshocraíocht dá dtugtar éifeacht dlí faoi alt 66, agus, má bhíonn foráil in aon chomhshocraíocht den sórt sin le méid cánach is iníoctha i gcríoch lasmuigh den Stát a lamháil mar chreidmheas i gcoinne cánach bronntanais nó cánach oidhreachta, beidh feidhm ag forálacha na comhshocraíochta i ndáil leis an gcáin is iníoctha sa chríoch sin in ionad forálacha fho-alt (2).
(4) Más rud é gur lú an méid cánach ab iníoctha i leith bronntanais inchánach nó i leith oidhreachta inchánach dá n-asbhainfí (le linn luach inchánach an bhronntanais inchánach nó na hoidhreachta inchánach a bheith á fhionnadh) méid na cánach coigríche a bhfuil an bronntanas inchánach nó an oidhreacht inchánach faoina réir ná bheadh sé trí chreidmheas a lamháil—
(a) faoi fho-alt (2); nó
(b) faoi aon chomhshocraíocht dá dtugtar éifeacht dlí faoi alt 66,
déanfar an asbhaint sin d'ainneoin forálacha alt 18 (5) (b), agus ní lamhálfar aon chreidmheas den sórt sin.
(5) I gcás ina mbeidh sé ordaithe faoi théarmaí diúscartha an cháin choigríche i leith maoin atá ar áireamh i mbronntanas inchánach nó in oidhreacht inchánach a glacadh faoin diúscairt ar teagmhas tarlú a íoc as bronntanas inchánach nó as oidhreacht inchánach (a glacadh faoin diúscairt sin ar an teagmhas céanna tarlú) seachas an bronntanas inchánach nó an oidhreacht inchánach as a mbeadh sí iníoctha d'éagmais ordú den sórt sin, ansin, chun críocha fho-alt (2), déileálfar leis an mbronntanas inchánach nó leis an oidhreacht inchánach, as a mbeadh an cháin choigríche iníoctha d'éagmais ordú den sórt sin, amhail is dá mba gur laghdaíodh é nó í tríd an gcáin choigríche a íoc agus ní dhéileálfar amhlaidh le haon bhronntanas inchánach ná le haon oidhreacht inchánach eile.
Cáin, i ndáil le reachtaíocht áirithe.
68.—(1) Ní dleacht ná dleacht báis chun críocha alt 9 den Acht Comharbais, 1965, cáin oidhreachta, ach is dleacht báis í—
(a) chun críocha alt 34 (3) den Acht sin;
(b) chun críocha an mhínithe ar leagáid airgid in alt 3 (1) den Acht sin; agus
(c) chun críocha mhír 8 de Chuid II den Chéad Sceideal a ghabhann leis an Acht sin.
(2) Beidh feidhm ag alt 72 den Acht um Chlárú Teidil, 1964, ionann is dá mbeadh cáin bhronntanais agus cáin oidhreachta luaite ann mar aon le dleacht eastáit agus dleacht chomharbais.
Leathnú ar Achtanna áirithe.
69.—(1) Leasaítear leis seo alt 1 den Acht um Bhailiú Shealadach Cánach, 1927, trí “agus cáin bhronntanais agus cáin oidhreachta” a chur isteach roimh “ach ní fholuíonn sé aon cháin ná diúite eile”.
(2) Leasaítear leis seo alt 39 den Inland Revenue Regulation Act, 1890, trí “gift tax and inheritance tax,” a chur isteach roimh “stamp duties”.
Fógraí agus foirmeacha, etc. a sheachadadh agus a sheirbheáil agus fianaise orthu.
70.—(1) Féadfar aon fhógra a sheirbheáil leis an bpost a n-údaraítear nó a gceanglaítear faoin Acht seo go dtabharfadh na Coimisinéirí é.
(2) Féadfar fógra nó foirm a bheidh le seirbheáil ar dhuine a sheachadadh dó nó a fhágáil ag a ghnáth-áit chónaí nó ag an áit chónaí is déanaí is eol a bheith aige.
(3) Féadfar fianaise prima facie ar aon fhógra a bheidh tugtha faoin Acht seo ag na Coimisinéirí nó ag aon oifigeach de chuid na gCoimisinéirí a thabhairt in aon imeachtaí trí dhoiciméad a thabhairt ar aird a airbheartóidh gur cóip den fhógra é, agus ní gá cruthúnas a thabhairt ar phost oifigiúil an duine a n-airbheartaítear gurb é a thug an fógra ná, má bhíonn an fógra sínithe, ar an síniú, ná go raibh ag an duine a shínigh agus a thug é údarás sin a dhéanamh.
(4) In aon chás a mbeidh teorainn ama sonraithe leis an Acht seo nó faoi, seachas Cuid VIII de, le haon ghníomh a dhéanamh a cheanglaítear leis an Acht seo nó faoi, seachas Cuid VIII de, a dhéanamh ag aon duine seachas na Coimisinéirí, féadfaidh na Coimisinéirí, dá rogha féin, an teorainn ama sin a shíneadh.
Rialacháin.
71.—(1) Déanfaidh na Coimisinéirí cibé rialacháin is dóigh leo is gá le héifeacht a thabhairt don Acht seo agus lena chumasú dóibh a bhfeidhmeanna faoin Acht seo a chomhlíonadh.
(2) Gach rialachán a dhéanfar faoin alt seo leagfar é faoi bhráid Dháil Éireann a luaithe is féidir tar éis a dhéanta agus, má dhéanann Dáil Éireann laistigh den lá is fiche a shuífidh Dáil Éireann tar éis an rialachán a leagan faoina bráid rún a rith ag neamhniú an rialacháin beidh an rialachán ar neamhní dá réir sin, ach sin gan dochar do bhailíocht aon ní a rinneadh roimhe sin faoin rialachán.
Cúram agus bainistí.
72.—(1) Cuirtear cáin leis seo faoi chúram agus faoi bhainistí na gCoimisinéirí.
(2) Faoi réir threoir agus rialú na gCoimisinéirí, féadfaidh oifigeach do na Coimisinéirí aon chumhacht, feidhm nó dualgas a bhronntar nó a fhorchuirtear ar na Coimisinéirí leis an Acht seo a fheidhmiú nó a chomhlíonadh thar a gceann.
AN CHEAD SCEIDEAL
Luacháil Leasanna Teoranta
CUID I
Rialacha a bhaineann le luacháil leasanna teoranta agus Táblaí A agus B i gCuid II agus i gCuid III den Sceideal seo a úsáid
1. Is é luach leasa do shaol aonair i suim chaipitiúil an tsuim sin arna hiolrú ar an bhfactóir, atá i gcolún 3 nó 4 faoi seach de Thábla A, is iomchuí d'aois agus do ghnéas an duine ar i leith ré a shaoil a luachálfar an leas.
2. Is é luach leasa i suim chaipitiúil do chómharthanas dhá shaol luach leasa sa tsuim sin don saol is sine, arna fhionnadh de réir riail 1, arna iolrú ar an gcomhfhactóir i gcolún 2 de Thábla A is iomchuí don saol is óige.
3. Is é luach leasa i suim chaipitiúil do chómharthanas trí shaol nó níos mó luach leasa sa tsuim sin do chómharthanas an dá shaol is sine de na saolta sin, arna fhionnadh de réir riail 2, arna iolrú ar chomhfhactóir an tsaoil is óige de na saolta sin.
4. Déanfar luach leasa i suim chaipitiúil don saol is faide de dhá shaol a fhionnadh trí mhéid a bhaint as iomlán luachanna leasa sa tsuim sin do gach saol de na saolta sin, arna fhionnadh de réir riail 1, ar cóimhéid le luach leasa sa tsuim chaipitiúil do chómharthanas an dá shaol chéanna, arna fhionnadh de réir riail 2.
5. I gcás ina mbeidh leas tugtha don saol is faide de chuid is mó ná dhá shaol, luachálfar é, de réir riail 4, ionann is dá mba don saol is faide den dá shaol is óige de na saolta sin é.
6. Is é luach leasa i suim chaipitiúil ar feadh tréimhse cinnte comhiomlán—
(a) luach na suime caipitiúla, arna iolrú ar an bhfactóir i dTábla B is iomchuí don uimhir blianta iomlána sa tréimhse sin (nó nialas más giorra ná bliain iomlán an tréimhse sin); agus
(b) i gcás nach slán-uimhir blianta an tréimhse, codán (arb é a uimhreoir an uimhir de laethanta de bhreis ar an uimhir de bhlianta iomlána, más ann, sa tréimhse sin agus arb é a ainmneoir 365) den difríocht idir—
(i) luach leasa sa tsuim chaipitiúil ar feadh bliana níos faide ná an uimhir de bhlianta iomlána, más ann, sa tréimhse; agus
(ii) an luach arna fhionnadh faoi fhorálacha mhír (a) (nó nialas i gcás a bhforáiltear é sa mhír sin).
7. I gcás leasa theoranta más leas saoil nó leas saol é, ach é ráthaithe ar feadh tréimhse cinnte, is é an luach an luach is mó díobh seo a leanas—
(a) luach an leasa saoil nó an leasa saol sin, arna fhionnadh de réir na rialach iomchuí sa chuid seo den Sceideal seo; agus
(b) luach leasa ar feadh na tréimhse cinnte, arna fhionnadh de réir riail 6.
8. Déanfar luach leasa theoranta nach bhfuil modh lena luacháil sna Rialacha eile atá sa Chuid seo den Sceideal seo a fhionnadh ionann is dá mb'é an leas a glacadh sraith leasanna iomlána sa mhaoin a feidhmíodh do shásamh an leasa ó am go ham, a glacadh mar bhronntanais leithleacha nó mar oidhreachtaí leithleacha, cibé acu é.
CUID II
TABLA A
1 | 2 | 3 | 4 |
Blianta d'aois | Comhfhactóir | Luach leasa i gcaipiteal £1 do shaol fireannaigh darb aois mar atá i gcolún 1 | Luach leasa i gcaipiteal £1 do shaol baineannaigh darb aois mar atá i gcolún 1 |
0 | .99 | .9519 | .9624 |
1 | .99 | .9767 | .9817 |
2 | .99 | .9767 | .9819 |
3 | .99 | .9762 | .9817 |
4 | .99 | .9753 | .9811 |
5 | .99 | .9742 | .9805 |
6 | .99 | .9730 | .9797 |
7 | .99 | .9717 | .9787 |
8 | .99 | .9703 | .9777 |
9 | .99 | .9688 | .9765 |
10 | .99 | .9671 | .9753 |
11 | .98 | .9653 | .9740 |
12 | .98 | .9634 | .9726 |
13 | .98 | .9614 | .9710 |
14 | .98 | .9592 | .9693 |
15 | .98 | .9569 | .9676 |
16 | .98 | .9546 | .9657 |
17 | .98 | .9522 | .9638 |
18 | .98 | .9497 | .9617 |
19 | .98 | .9471 | .9596 |
20 | .97 | .9444 | .9572 |
21 | .97 | .9416 | .9547 |
22 | .97 | .9387 | .9521 |
23 | .97 | .9356 | .9493 |
24 | .97 | .9323 | .9464 |
25 | .97 | .9288 | .9432 |
16 | .97 | .9250 | .9399 |
27 | .97 | .9209 | .9364 |
28 | .97 | .9165 | .9328 |
29 | .97 | .9119 | .9289 |
30 | .96 | .9068 | .9248 |
31 | .96 | .9015 | .9205 |
32 | .96 | .8958 | .9159 |
33 | .96 | .8899 | .9111 |
34 | .96 | .8836 | .9059 |
35 | .96 | .8770 | .9005 |
36 | .96 | .8699 | .8947 |
37 | .96 | .8626 | .8886 |
38 | .95 | .8549 | .8821 |
39 | .95 | .8469 | .8753 |
40 | .95 | .8384 | .8683 |
41 | .95 | .8296 | .8610 |
42 | .95 | .8204 | .8534 |
43 | .95 | .8107 | .8454 |
44 | .94 | .8005 | .8370 |
45 | .94 | .7897 | .8283 |
46 | .94 | .7783 | .8192 |
47 | .94 | .7663 | .8096 |
48 | .93 | .7541 | .7997 |
49 | .93 | .7415 | .7896 |
50 | .92 | .7287 | .7791 |
51 | .91 | .7156 | .7683 |
52 | .90 | .7024 | .7572 |
53 | .89 | .6887 | .7456 |
54 | .89 | .6745 | .7335 |
55 | .88 | .6598 | .7206 |
56 | .88 | .6445 | .7069 |
57 | .88 | .6288 | .6926 |
58 | .87 | .6129 | .6778 |
59 | .86 | .5969 | .6628 |
60 | .86 | .5809 | .6475 |
61 | .86 | .5650 | .6320 |
62 | .86 | .5492 | .6162 |
63 | .85 | .5332 | .6000 |
64 | .85 | .5171 | .5830 |
65 | .85 | .5007 | .5650 |
66 | .85 | .4841 | .5462 |
67 | .84 | .4673 | .5266 |
68 | .84 | .4506 | .5070 |
69 | .84 | .4339 | .4873 |
70 | .83 | .4173 | .4679 |
71 | .83 | .4009 | .4488 |
72 | .82 | .3846 | .4301 |
73 | .82 | .3683 | .4114 |
74 | .81 | .3519 | .3928 |
75 | .80 | .3352 | .3743 |
76 | .79 | .3181 | .3559 |
77 | .78 | .3009 | .3377 |
78 | .76 | .2838 | .3198 |
79 | .74 | .2671 | .3023 |
80 | .72 | .2509 | .2855 |
81 | .71 | .2353 | .2693 |
82 | .70 | .2203 | .2538 |
83 | .69 | .2057 | .2387 |
84 | .68 | .1916 | .2242 |
85 | .67 | .1783 | .2104 |
86 | .66 | .1657 | .1973 |
87 | .65 | .1537 | .1849 |
88 | .64 | .1423 | .1730 |
89 | .62 | .1315 | .1616 |
90 | .60 | .1212 | .1509 |
91 | .58 | .1116 | .1407 |
92 | .56 | .1025 | .1310 |
93 | .54 | .0939 | .1218 |
94 | .52 | .0858 | .1132 |
95 | .50 | .0781 | .1050 |
96 | .49 | .0710 | .0972 |
97 | .48 | .0642 | .0898 |
98 | .47 | .0578 | .0828 |
99 | .45 | .0517 | .0762 |
100 nó os a chionn | .43 | .0458 | .0698 |
CUID III
TABLA B
(Taispeántar i gcolún 2 luach leasa i gcaipiteal £1 ar feadh na huimhreach blianta a thaispeántar i gcolún 1).
1 | 2 | 1 | 2 |
An uimhir blianta | An luach | An uimhir blianta | An luach |
1 | .0654 | 26 | .8263 |
2 | .1265 | 27 | .8375 |
3 | .1836 | 28 | .8480 |
4 | .2370 | 29 | .8578 |
5 | .2869 | 30 | .8669 |
6 | .3335 | 31 | .8754 |
7 | .3770 | 32 | .8834 |
8 | .4177 | 33 | .8908 |
9 | .4557 | 34 | .8978 |
10 | .4913 | 35 | .9043 |
11 | .5245 | 36 | .9100 |
12 | .5555 | 37 | .9165 |
13 | .5845 | 38 | .9230 |
14 | .6116 | 39 | .9295 |
15 | .6369 | 40 | .9360 |
16 | .6605 | 41 | .9425 |
17 | .6826 | 42 | .9490 |
18 | .7032 | 43 | .9555 |
19 | .7225 | 44 | .9620 |
20 | .7405 | 45 | .9685 |
21 | .7574 | 46 | .9750 |
22 | .7731 | 47 | .9815 |
23 | .7878 | 48 | .9880 |
24 | .8015 | 49 | .9945 |
25 | .8144 | 50 agus os a chionn | 1.0000 |
AN DARA SCEIDEAL
Cáin a Ríomh
CUID I
Réamhráiteach
1. Sa Sceideal seo—
ciallaíonn “bronntanas inchomhiomlánaithe” bronntanas a ghlac deontaí an 28ú lá d'Fheabhra, 1969, nó dá éis sin, agus roimh an 28ú lá d'Fheabhra, 1974, agus atá, a mhéid is bronntanas inchánach é, le comhiomlánú, de bhua alt 9, le haon bhronntanas inchánach nó oidhreacht inchánach dá éis sin chun na críche a luaitear san alt sin;
ciallaíonn “luach inchomhiomlánaithe” luach inchánach bronntanais inchomhiomlánaithe;
ciallaíonn “an Tábla iomchuí” i ndáil le deontaí nó comharba arb éard é, ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta, arb é an bronntanas é nó arb í an oidhreacht í ar ina leith atá an cháin á ríomh—
(a) céile an diúscróra nó leanbh, nó leanbh mionaoiseach do leanbh éagtha, leis an diúscróir, Tábla I;
(b) dírshinsear nó dírshliochtach (seachas leanbh, nó leanbh mionaoiseach do leanbh éagtha) leis an diúscróir, Tábla II;
(c) deartháir nó deirfiúr, nó leanbh do dheartháir nó do dheirfiúr, leis an diúscróir, Tábla III;
(d) deontaí nó comharba nach bhfuil aige leis an diúscróir gaol dá dtagraítear i bhfomhír (a), (b), nó (c), Tábla IV;
atá i gCuid II den Sceideal seo.
2. I ngach Tábla atá i gCuid II den Sceideal seo, ciallaíonn “luach”—
(a) sa chás dá dtagraítear i mír 3, an luach inchánach dá dtagraítear sa mhír sin;
(b) sa chás dá dtagraítear i mír 4, an comhiomlán dá dtagraítear sa mhír sin.
3. Faoi réir forálacha mhír 6, déanfar an cháin is inmhuirearaithe ar luach inchánach bronntanais inchánach nó oidhreachta inchánach, i gcás nach mbeidh aon bhronntanas inchánach eile nó aon oidhreacht inchánach eile ná aon bhronntanas inchomhiomlánaithe eile glactha ag an deontaí nó ag an gcomharba ón diúscróir céanna a ríomh de réir an ráta nó na rátaí cánach is infheidhmithe ar an luach inchánach sin faoin Tábla iomchuí.
4. Faoi réir forálacha mhír 6, déanfar an cháin is inmhuirearaithe ar luach inchánach bronntanais inchánach nó oidhreachta inchánach, i gcás a mbeidh an deontaí nó an comharba tar éis bronntanas inchánach amháin nó níos mó a ghlacadh an 28ú lá d'Fheabhra, 1974, nó dáta dá éis sin, nó tar éis oidhreachtaí inchánach a ghlacadh an 1ú lá d'Aibreán, 1975, nó dáta dá éis sin, nó tar éis bronntanais inchomhiomlánaithe a ghlacadh, cheana féin, ón diúscróir céanna, a ríomh de réir an ráta nó na rátaí cánach is infheidhmithe faoin Tábla iomchuí ar an gcuid sin de chomhiomlán—
(a) an luacha inchánach sin;
(b) luachanna inchánach na mbronntanas inchánach agus na n-oidhreachtaí inchánach uile den sórt sin roimhe sin (má b'ann); agus
(c) luachanna inchomhiomlánaithe na mbronntanas inchomhiomlánaithe uile (má b'ann),
arb í an chuid is airde í den chomhiomlán sin agus is comhionann leis an luach inchánach sin.
5. I ngach Tábla atá i gCuid II den Sceideal seo, aon ráta cánach a thaispeántar sa tríú colún is é an ráta é is infheidhmithe ar an gcuid sin den luach (de réir brí mhír 2) is mó ná an íosteorainn a thaispeántar sa chéad cholún ach nach mó ná an uasteorainn (más ann) a thaispeántar sa dara colún.
6. Is í an cháin is inmhuirearaithe ar luach inchánach bronntanais inchánach 75 faoin gcéad den mhéid cánach a ríomhfar de réir an Sceidil seo.
7. Chun críocha an Sceidil seo, comhairfear mar aon ní amháin na bronntanais agus na hoidhreachtaí go léir a bheidh deontaí nó comharba tar éis a ghlacadh an lá céanna ó dhiúscróir, agus chun an méid cánach a fhionnadh is iníoctha ar bhronntanas amháin, nó ar oidhreacht amháin. de bhronntanais leithleacha nó d'oidhreachtaí leithleacha a glacadh an lá céanna, déanfar an méid cánach a bheidh ríofa faoin Sceideal seo mar mhéid cánach is iníoctha ar na bronntanais agus na hoidhreachtaí a glacadh an lá sin a chionroinnt go rátúil de réir luachanna inchánach na mbronntanas inchánach agus na n-oidhreachtaí inchánach leithleacha a glacadh an lá céanna.
8. I gcás, maidir le haon deontaí nó comharba, gurb é, ar dháta an bhronntanais nó ar dháta na hoidhreachta, céile marthanach éagaigh ar ghaire a ghaol, tráth a bháis, ná gaol an deontaí nó an chomharba sin don diúscróir, ansin measfar, le linn an cháin is iníoctha ar an mbronntanas inchánach sin nó ar an oidhreacht inchánach sin a bheith á ríomh, gaol an éagaigh sin leis an diúscróir a bheith ag an deontaí sin nó ag an gcomharba sin leis.
9. In aon chás—
(a) inar nia nó neacht don diúscróir an deontaí nó an comharba, is nia nó neacht a d'oibrigh, go substainteach, ar fhoras lánaimsire, ar feadh na tréimhse 5 bliana dar chríoch dáta an bhronntanais nó dáta na hoidhreachta ag seoladh, nó ag cabhrú ag seoladh, trádáil, gnó nó gairm nó obair an diúscróra nó na trádála, an ghnó nó na gairme nó na hoibre a bhain le hoifig nó le fostaíocht an diúscróra; agus
(b) inarb éard an bronntanas nó an oidhreacht maoin a úsáideadh i ndáil leis an trádáil, leis an ngnó, leis an ngairm, leis an oifig nó leis an bhfostaíocht sin nó scaireanna i gcuideachta ar léi an mhaoin sin,
ansin, chun an cháin a ríomh is iníoctha ar an mbronntanas nó ar an oidhreacht, measfar gaol linbh a bheith ag an deontaí nó ag an gcomharba leis an diúscróir.
CUID II
TABLA I
Infheidhmithe i gcás inarb é céile an diúscróra nó inar leanbh, nó leanbh mionaoiseach do leanbh éagtha leis an diúscróir, an deontaí nó an comharba.
An chuid den luach | An ráta cánach | |
An Iosteorainn | An Uasteorainn | Faoin gcéad |
£ | £ | |
0 | 150,000 | Nialas |
150,000 | 200,000 | 25 |
200,000 | 250,000 | 30 |
250,000 | 300,000 | 35 |
300,000 | 350,000 | 40 |
350,000 | 400,000 | 45 |
400,000 | -- | 50 |
TABLA II
Infheidhmithe i gcás inar dírshinsear nó dírshliochtach (seachas leanbh, nó leanbh mionaoiseach do leanbh éagtha) leis an diúscróir an deontaí nó an comharba.
An chuid den luach | An ráta cánach | |
An Iosteorainn | An Uasteorainn | Faoin gcéad |
£ | £ | |
0 | 15,000 | Nialas |
15,000 | 18,000 | 5 |
18,000 | 23,000 | 7 |
23,000 | 33,000 | 10 |
33,000 | 43,000 | 13 |
43,000 | 53,000 | 16 |
53,000 | 63,000 | 19 |
63,000 | 73,000 | 22 |
73,000 | 88,000 | 25 |
88,000 | 103,000 | 28 |
103,000 | 118,000 | 31 |
118,000 | 133,000 | 34 |
133,000 | 148,000 | 37 |
148,000 | 163,000 | 40 |
163,000 | 178,000 | 43 |
178,000 | 193,000 | 46 |
193,000 | 208,000 | 49 |
208,000 | -- | 50 |
TABLA III
Infheidhmithe i gcás inar deartháir nó deirfiúr, nó leanbh do dheartháir nó do dheirfiúr, leis an diúscróir an deontaí nó an comharba.
An chuid den luach | An ráta cánach | |
An Iosteorainn | An Uasteorainn | Faoin gcéad |
£ | £ | |
0 | 10,000 | Nialas |
10,000 | 13,000 | 10 |
13,000 | 18,000 | 12 |
18,000 | 28,000 | 15 |
28,000 | 38,000 | 19 |
38,000 | 48,000 | 23 |
48,000 | 58,000 | 27 |
58,000 | 68,000 | 31 |
68,000 | 83,000 | 35 |
83,000 | 98,000 | 40 |
98,000 | 113,000 | 45 |
113,000 | -- | 50 |
TABLA IV
Infheidhmithe i gcás nach bhfuil ag an deontaí nó ag an gcomharba leis an diúscróir gaol dá dtagraítear i dTábla I, II nó III den Chuid seo den Sceideal seo.
An chuid den luach | An ráta cánach | |
An Iosteorainn | An Uasteorainn | Faoin gcéad |
£ | £ | |
0 | 5,000 | Nialas |
5,000 | 8,000 | 20 |
8,000 | 13,000 | 22 |
13,000 | 23,000 | 25 |
23,000 | 33,000 | 30 |
33,000 | 43,000 | 35 |
43,000 | 53,000 | 40 |
53,000 | 63,000 | 45 |
63,000 | 78,000 | 50 |
78,000 | 93,000 | 55 |
93,000 | -- | 60 |