Uimhir 27 de 1965.
AN tACHT COMHARBAIS, 1965
[An tiontú oifigiúil.]
CUID I
Réamhráiteach agus Ginearálta
Gearrtheideal.
1.—Féadfar an tAcht Comharbais, 1965, a ghairm den Acht seo.
Tosach feidhme.
2.—Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá, nach luaithe ná an lú lá d'Iúil, 1966, a cheapfaidh an tAire le hordú.
Léiriú.
3.—(1) San Acht seo, ach amháin mar a n-éilíonn an comhthéasc a mhalairt—
ciallaíonn “riarachán” maidir le heastát duine éagtha, litreacha riaracháin, cibé acu maille le huacht é nó nach ea, agus cibé acu chun críocha speisialta nó chun críocha teoranta a dheonaítear é;
ciallaíonn “riarthóir” duine dá ndeonaítear riarachán;
folaíonn “tíolacas” morgáiste, muirear, léas, aontú, aistriú, séanadh, scaoileadh agus gach forcinntiú eile maoine le haon ionstraim seachas uacht;
déanfar “an chúirt” a fhorléiriú de réir alt 6;
déanfar “eastát” a fhorléiriú de réir alt 14;
ciallaíonn “deontas” deontas ionadaíochta;
ciallaíonn “naíon” duine faoi bhun bliain is fiche d'aois;
ciallaíonn “díthiomnóir” duine nach bhfágann uacht ar bith nó a fhágann uacht ach a fhágann gan diúscairt leas tairbhiúil éigin ina eastát, agus forléireofar “díthiomnach” dá réir sin;
ciallaíonn “ceart dlíthiúil” ceart céile faoi alt 111 chun scair in eastát duine éagtha;
ciallaíonn “an tAire” an tAire Dlí agus Cirt;
folaionn “leagáid airgid” blianacht, leagáid ghinearálta, leagáid thaispeántach sa mhéid nach n-urscaoiltear í as an maoin sainainmnithe, agus aon treoir ghinearálta eile ó thiomnóir chun airgead a íoc, lena n-áirítear na dleachtanna báis uile a ndéantar aon réadtiomnú, tiomnacht, nó íocaíocht lena theacht in éifeacht saor uathu;
déanfar “per stirpes” a fhorléiriú de réir fho-alt (3);
ciallaíonn “ionadaí pearsanta” an seiceadóir nó an riarthóir de thuras na huaire do dhuine éagtha;
folaíonn “seilbh” fáil cíosanna agus brabús, más ann, nó an ceart chun iad a fháil;
ciallaíonn “probháid” probháid uachta;
folaíonn “maoin” maoin de gach sórt idir réadach agus phearsanta;
ciallaíonn “ceannaitheoir” deontaí, léasaí, sannaí, morgáistí, muirearóir nó duine eile a fhaigheann de mheon macánta eastát nó leas i maoin ar chomaoin luachmar;
tá le “eastát réadach” an bhrí a thugtar dó le halt 4;
ciallaíonn “ionadaíocht” probháid nó riarachán;
folaíonn “scair”, maidir le heastát duine éagtha, aon scair nó leas, cibé acu faoi uacht, faoi dhíthiomnacht nó mar cheart dlíthiúil a thig, agus folaíonn sé freisin an ceart chun an eastáit go léir;
tá le “corparáid iontaobhais” an bhrí a thugtar dó le fo-alt (4) d'alt 30;
ciallaíonn “comaoin luachmhar” comaoin in airgead nó i luach airgid;
folaíonn “uacht” codaisíl.
(2) Sliochtaigh agus gaolta duine éagtha a gineadh roimh a bhás ach a rugadh beo ina dhiaidh sin, áireofar iad, chun críocha an Achta seo, mar dhaoine a rugadh le linn saol an éagaigh agus a mhair ina dhiaidh.
(3) Má bhíonn eastát duine éagtha nó aon scair ann le dáileadh per stirpes ar a shliocht, ansin, aon sliocht is faide amach ná leanbh leis an éagach tógfaidh siad trí gach glún ghaoil, de réir a bpórstoic, i scaireanna comhionanna má bhíonn thar ceann amháin ann, an scair a thógfadh tuismitheoir an tsleachta sin dá mba bheo dó le linn bhás an éagaigh, agus ní thógfaidh aon sliocht de chuid an éagaigh más beo do thuismitheoir an tsleachta sin le linn bhás an éagaigh agus go bhfuil sé inniúil amhlaidh ar scair a thógáil.
(4) San Acht seo, aon tagairt a dhéantar d'aon achtachán is tagairt í don achtachán sin arna leasú nó arna leathnú le haon achtachán eile, lena n-áirítear an tAcht seo.
(5) San Acht seo, aon tagairt a dhéantar do Chuid, d'alt nó do Sceideal, is tagairt í do Chuid, d'alt nó de Sceideal san Acht seo, mura gcuirtear in iúl gur tagairt d'achtachán éigin eile í.
An bhrí atá le “eastát réadach” agus “eastát nó leas”.
[1959 (Uimh. 8) a. 2, 6]
4.—Chun críocha an Achta seo—
(a) folaíonn “eastát réadach” airnéisí réadacha, agus talamh i seilbh, i bhfuíoll nó i bhfrithdhílse, agus gach eastát nó leas i dtalamh nó thar talamh (lena n-áirítear eastát réadach ar teachtadh i modh morgáiste nó urrúis, ach gan airgead atá le teacht faoi iontaobhas chun talamh a dhíol, ná airgead a urraíodh nó a muirearaíodh ar thalamh, a áireamh);
(b) measfar eastát nó leas duine éagtha in eastát sainoidhrithe a bheith ina eastát nó ina leas a scoir ar a bhás, ach ní mheasfar gurb eastát nó leas a scoir amhlaidh aon eastát nó leas, breise nó eile, a bhí ag an duine éagtha i bhfuíoll nó i bhfrithdhílse agus ab fhéidir a dhiúscairt lena uacht;
(c) measfar eastát nó leas duine éagtha faoi nascthionóntacht, má mhaireann aon tionónta i ndiaidh an duine éagtha, a bheith ina eastát nó ina leas a scoir ar é d'fháil bháis;
(d) ar chorparáideach aonair d'fháil bháis measfar a eastát nó a leas in eastát réadach na corparáide a bheith ina eastát nó ina leas a scoir ar é d'fháil bháis;
(e) ní mheasfar eastát nó leas duine éagtha in eastát réadach a bheith ina eastát nó ina leas a scoir ar é d'fháil bháis de bhíthin amháin nár fhág sé, mar gheall ar neamhdhlisteanacht nó eile, neasghaol ar marthain ina dhiaidh.
Toimhde go bhfuarthas bás san am céanna i gcásanna éiginnteachta.
[Nua]
5.—Más rud é, tar éis tosach feidhme an Achta seo, go mbeidh beirt duine nó níos mó tar éis bás a fháil in imthosca a fhágfaidh éiginnte é cé acu a mhair i ndiaidh an duine nó na ndaoine eile, ansin, chun eastát aon duine acu a dháileadh, measfar iad go léir d'fháil bháis san am céanna.
Dlínse.
[1961 (Uimh. 39) a. 22 (1) agus an Tríú Sceideal ag uimh. thag. 16 agus 17]
6.—(1) Féadfaidh an Ard-Chúirt an dlínse a thugtar do chúirt leis an Acht seo a oibriú.
(2) Faoi réir fho-alt (3), beidh ag an gCúirt Chuarda, i gcomhréim leis an Ard-Chúirt, dlínse uile na hArd-Chúirte chun imeachtaí de na cineálacha seo a leanas a éisteacht agus a chinneadh:
(a) caingean i leith deontas ionadaíochta, nó cúlghairm ionadaíochta, eastáit duine éagtha i gcás cointinne ar bith ina leith;
(b) imeachtaí i leith riarachán eastáit duine éagtha nó i leith aon scaire ann;
(c) aon imeacht faoi alt 56, 115, 117 nó 121.
(3) Mura rud é go síneoidh na páirtithe riachtanacha sna himeachtaí i gcúis, roimh an éisteacht nó tráth ar bith lena linn, an fhoirm thoilithe a ordaítear le rialacha cúirte, ní bheidh dlínse ag an gCúirt Chuarda, de bhua fho-alt (2), i gcás eastát an duine éagtha—
(a) sa mhéid gurb eastát pearsanta é, a bheith tráth a bháis níos mó ná £5,000 ina mhéid nó ina luach, taobh amuigh d'aon ní chun a mbeadh teideal aige mar iontaobhaí gan a bheith aige go tairbhiúil, ach gan dada a bhaint as mar gheall ar fhiacha a bhí dlite ón duine éagtha agus gan íoc aige, agus
(b) sa mhéid gurb eastát réadach é a raibh sé, tráth a bháis, i bhfeo-úinéireacht air nó ina sheilbh go tairbhiúil, a bheith níos mó ná £100 ina luacháil inrátaithe.
(4) Is é an breitheamh don chuaird ina raibh áit chónaithe sheasta ag an éagach, tráth a bháis, a oibreoidh an dlínse a thugtar don Chúirt Chuarda leis an alt seo.
Caiteachas.
7.—Déanfar, sa mhéid go gceadóidh an tAire Airgeadais é, na caiteachais faoina rachaidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc as airgead a sholáthróidh an Oireachtas.
Aisghairm.
8.—Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Dara Sceideal a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún.
Cosaint.
[1959 (Uimh. 8) a. 8]
9.—(1) Ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear d'aon achtachán neamh-aisghairthe a ligeann probháid nó riarachán ar ceal i gcás eastáit phearsanta nach n-áirítear airnéisí réadacha ann.
(2) Faoi réir alt 118, ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo—
(a) difear d'aon dleacht is iníoctha i leith eastáit réadaigh ná aon dleacht a chur ar eastát réadach seachas an dleacht is iníoctha ina leith díreach roimh thosach feidhme an Achta seo, ná
(b) difear d'aon leigheas chun aon dleacht bháis a ghnóthú;
ar choinníoll, áfach, go mbeidh dleacht chomharbais iníoctha ag féachaint do na rialacha dáilte maoine atá san Acht seo.
(3) Ach amháin sa mhéid go bhforáiltear a mhalairt go sainráite le haon fhoráil den Acht seo, ní bhainfidh forálacha an Achta seo le heastát aon duine a gheobhaidh bás roimh thosach feidhme an Achta seo.
(4) Ní bhainfidh forálacha an Achta seo le huacht tiomnóra a gheobhaidh bás roimh thosach feidhme an Achta seo, ach bainfidh siad le huacht gach tiomnóra a gheobhaidh bás tar éis an tosach feidhme sin, cibé acu roimh an am sin nó ina dhiaidh a forghníomhaíodh an uacht.
(5) Ní dhéanfaidh aisghairm aon achtacháin leis an Acht seo, ach amháin mar is léir a mhalairt, difear d'aon dlínse, foirm nó cúrsa pléadála, cleachtas nó nós imeachta atá bunaithe agus a tháinig ón achtachán aisghairthe.
CUID II
Cineachadh Eastáit Réadaigh agus Phearsanta ar Bhás
Cineachadh eastáit réadaigh agus phearsanta.
[1881 (c. 41) a. 30; 1959 (Uimh. 8) a. 6, 7 (1), 15 (cuid)]
10.—(1) D'ainneoin aon diúscairt thiomnach, cineachfaidh eastát réadach agus pearsanta duine éagtha chun a ionadaithe pearsanta, agus dílseofar dóibh é, ar é d'fháil bháis.
(2) Meastar de réir dlí na hionadaithe pearsanta de thuras na huaire do dhuine éagtha a bheith ina n-oidhrí air agus ina sannaithe aige de réir bhrí gach iontaobhas agus cumhacht.
(3) Beidh na hionadaithe pearsanta ina n-ionadaithe don éagach maidir lena eastát réadach agus pearsanta agus beidh a eastát ar teachtadh acu mar iontaobhaithe do na daoine a mbeidh teideal acu chuige de réir dlí.
(4) Na tagairtí atá san alt seo d'eastát réadach agus pearsanta duine éagtha, is tagairtí iad do mhaoin a raibh teideal aige chuici le haghaidh eastáit nó leasa nár scoir ar a bhás, agus folaíonn siad maoin ar fheidhmigh sé le huacht cumhacht cheapacháin ghinearálta ina leith.
(5) Bainfidh an t-alt seo le maoin a dílsíodh ar iontaobhas ar bith do dhuine éagtha ina aonar, faoi mar a bhaineann sé lena eastát réadach agus pearsanta.
Deireadh leis na rialacha atá ann maidir le titim d'oidhreacht, le heiséatadh, etc.
[Nua]
11.—(1) Gan dochar do na forálacha ina dhiaidh seo den alt seo, déantar leis seo gach riail, modh agus canóin atá ar marthain maidir le titim d'oidhreacht agus le cineachadh trí áitíocht speisialta a chur ar ceal ach amháin sa mhéid go mbeadh feidhm acu maidir le heastát sainoidhrithe a thitim d'oidhreacht.
(2) Cuirtear ar ceal leis seo duar agus tionóntacht chórtais.
(3) Cuirtear ar ceal leis seo eiséatadh chun an Stáit agus eiséatadh chun meántiarna cheal oidhrí.
Tuilleadh comhshamhlaithe ar an dlí maidir le heastát réadach agus pearsanta daoine éagtha.
[1959 (Uimh. 8) a. 7 (2)]
12.—(1) Gach achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo) agus riail dlí a bhaineann—
(a) le héifeacht ionadaíochta i leith eastáit phearsanta,
(b) leis an déileáil le heastát pearsanta roimh ionadaíocht,
(c) le cumhachtaí, cearta, dualgais agus dliteanais ionadaithe pearsanta i leith eastáit phearsanta,
(d) le híoc costas riaracháin, agus
(e) le gach ní eile i leith riaracháin eastáit phearsanta,
beidh feidhm acu, sa mhéid gurb infheidhme iad, maidir le heastát réadach ionann is dá mba eastát pearsanta é; agus ní dhéanfaidh forálacha ina dhiaidh seo den alt seo dochar do ghinearáltacht an fho-ailt seo.
(2) An dlínse uile atá ag aon chúirt maidir le riarthóirí a cheapadh nó ar dhóigh eile maidir leis an deontas ionadáiochta i leith eastáit phearsanta, beidh réim aici, agus beidh sí inoibrithe, maidir le heastát réadach ionann is dá mba eastát pearsanta é, agus is ionann na cearta, maidir le gairmeacha chun imeachtaí a thabhairt faoi aird, a bheidh ag daoine le leas nó ag a mbeidh leas á éileamh in eastát réadach duine éagtha agus ag daoine le leas nó ag a mbeidh leas á éileamh in eastát pearsanta an duine éagtha sin.
(3) Beidh éifeacht ag deontas ionadaíochta, mura bhfuil cinnteacht ar a mhalairt sainráite ann, ar an eastát réadach chomh maith céanna leis an eastát pearsanta.
Dílsiú eastáit idir bás agus an deontas riaracháin.
[1959 (Uimh. 8) a. 13]
13.—I gcás duine d'fháil bháis ina dhíthiomnóir, nó é d'fháil bháis ina thiomnóir ach gan aon seiceadóir a bheith ar marthain ina dhiaidh, dílseoidh a eastát réadach agus pearsanta, go dtí go ndeonófar riarachán ina leith, d'Uachtarán na hArd-Chúirte agus, chun na críche sin, beidh seisean ina chorparáid aonair.
Forléiriú tagairtí d'eastáit daoine éagtha.
[Nua]
14.—Mura léir a mhalairt d'intinn, folóidh tagairtí sna forálacha ina dhiaidh seo den Acht seo, agus in aon achtachán ina dhiaidh seo, d'eastát duine éagtha tagairtí d'eastát réadach agus d'eastát pearsanta an duine éagtha sin.
Forléiriú tagairtí d'oidhrí.
[1891 (c. 66) a. 89]
15.—(1) I gcás ina n-úsáidtear an focal “oidhre” nó “oidhrí” mar fhocal cinnteachta in aon achtachán, gníomhas nó ionstraim arna rith nó arna fhorghníomhú roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin, is ionann éifeacht dó agus dá mba nár ritheadh an tAcht seo.
(2) I gcás ina n-úsáidtear an focal “oidhre” nó “oidhrí” mar fhocal ceannaigh in aon achtachán, gníomhas nó ionstraim arna rith nó arna fhorghníomhú roimh thosach feidhme an Achta seo, is ionann brí dó agus dá mba nár ritheadh an tAcht seo.
(3) I gcás ina n-úsáidtear an focal “oidhre” nó “oidhrí” mar fhocal ceannaigh in aon achtachán, gníomhas nó ionstraim arna rith nó arna fhorghníomhú tar éis tosach feidhme an Achta seo, déanfar, mura léir a mhalairt d'intinn, é a fhorléiriú mar fhocal a chiallaíonn an duine nó na daoine, seachas creidiúnaí, a mbeadh teideal tairbhiúil aige nó acu faoi Chuid VI chun eastát an tsinsearaigh dá mba ina dhíthiomnóir a fuair an sinsearach bás.
(4) Faoi réir a bhfuil ráite, déanfar tagairtí d'oidhrí aon duine in aon achtachán, gníomhas nó ionstraim arna rith nó arna fhorghníomhú roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin a fhorléiriú mar thagairtí d'ionadaithe pearsanta an duine sin.
CUID III
Seiceadóirí agus Riarthóirí
Toghairm ar sheiceadóir chun probháid a chruthú nó a thréigean.
[1537 (c. 18)]
16.—Beidh cumhacht ag an Ard-Chúirt toghairm a chur ar aon duine a bheidh ainmnithe mar sheiceadóir in uacht chun probháid a chruthú nó a thréigean.
Ceart seiceadóra maidir le cruthú a scor.
[1857 (c. 79) a. 84;
1859 (c. 31) a. 12]
17.—Más rud é i gcás duine a bheidh ceaptha ina sheiceadóir le huacht—
(a) go mairfidh sé i ndiaidh an tiomnóra ach go bhfaighidh sé bás gan probháid a bhaint amach, nó
(b) go gcuirfear gairm air probháid a bhaint amach agus nach láithreoidh sé ag freagairt na gairme, nó
(c) go dtréigfidh sé probháid,
scoirfidh go hiomlán dá chearta maidir leis an tseiceadóireacht, agus cineachfaidh, agus cuirfear faoi chúramaí, an ionadaíocht don tiomnóir agus riarachán a eastát ionann is dá mba nár ceapadh an duine sin ina sheiceadóir.
Tréigean a tharraingt siar.
[Nua]
18.—(1) I gcás seiceadóir a thug tréigean ar phrobháid d'fháil cead, cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin é, an tréigean a tharraingt siar agus an uacht a chruthú, beidh éifeacht ag an bprobháid agus measfar éifeacht a bheith aici riamh gan dochar do na gníomhartha agus na déileálacha a bheidh déanta roimhe sin ag aon ionadaí pearsanta eile a bhain ionadaíocht amach roimhe sin ná do na fógraí a bheidh tugtha don ionadaí pearsanta sin, agus déanfar meabhrán i leith na probháide ina dhiaidh sin a fhormhuiniú ar an deontas bunaidh.
(2) Beidh feidhm ag an alt seo cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin a fuair an tiomnóir bás.
Bás seiceadóra aonair nó an tseiceadóra is déanaí a mhairfidh.
[Nua]
19.—(1) I gcás seiceadóir aonair tiomnóra nó an seiceadóir dó is déanaí a mhairfidh d'fháil bháis tar éis tosach feidhme an Achta seo, ní bheidh seiceadóir an tseiceadóra sin ina sheiceadóir don tiomnóir sin.
(2) Beidh feidhm ag an alt seo cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó ina dhiaidh sin a fuair an tiomnóir bás.
Ceart seiceadóirí a bhain probháid amach chun cumhachtaí a fheidhmiú.
[cf. 1959 (Uimh. 8) a. 18 (2)]
20.—(1) I gcás probháid a dheonú do dhuine nó do roinnt daoine as beirt nó níos mó a ainmníodh mar sheiceadóirí, cibé acu a dhéantar nó nach ndéantar cumhacht a fhorcoimeád don duine nó do na daoine eile probháid a bhaint amach, féadfaidh an seiceadóir nó na seiceadóirí a bhain probháid amach, nó an marthanóir nó na marthanóirí díobh, na cumhachtaí uile a thugtar leis an Acht seo nó ar dhóigh eile le dlí don ionadaí pearsanta a fheidmiú, agus beidh an feidhmiú chomh héifeachtúil is dá mbeadh na daoine go léir a ainmníodh mar sheiceadóirí tar éis comhthoiliú leis.
(2) Beidh feidhm ag an alt seo cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó ina dhiaidh sin a fuair an tiomnóir bás.
Seiceadóir a bheith gan gníomhú le linn riarachán a bheith i bhfeidhm.
[1857 (c. 79) a. 80]
21.—I gcás riarachán a dheonú i leith eastát duine éagtha, nó aon chuid dá eastát, ní bheidh de chumhacht ag duine ar bith aon chaingean a thionscnamh ná gníomhú ar dhóigh eile mar sheiceadóir don duine éagtha i leith an eastáit a chuimsítear sa deontas nó lena mbaineann an deontas go dtí go mbeidh an deontas aisghairthe nó cúlghairthe nó dulta in éag.
Cosaint daoine a ghníomhóidh ar phrobháid nó ar riarachán.
[1857 (c. 79) a. 82, 83]
22.—(1) Gach duine a dhéanfaidh nó a cheadóidh aon íocaíocht nó diúscairt de mheon macánta faoi ionadaíocht, beidh sé slánaithe agus cosanta á dhéanamh sin, d'ainneoin locht nó imthoisc r bith a dhéanann difear do bhailíocht na hionadaíochta.
(2) I gcás ionadaíocht a chúlghairm, is urscaoileadh dleathach don duine a rinne iad gach íocaíocht le hionadaí pearsanta agus gach diúscairt chuige a rinneadh de mheon macánta faoin ionadaíocht sular cúlghaireadh í; agus aon íocaíochtaí nó diúscairtí a rinne sé agus a bhféadfadh an duine dá ndeonófar ionadaíocht ina dhiaidh sin iad a dhéanamh go cuí féadfaidh an t-ionadaí pearsanta a ghníomhaigh faoin ionadaíocht chúlghairthe iad a choinneáil agus é féin a chúiteamh ina leith.
Dliteanas duine a gheobhaidh nó a choinneoidh go calaoiseach eastát éagaigh.
[1634 (seis. 3. c. 10)]
23.—(1) Más rud é, chun calaoise ar chreidiúnaithe nó gan lánchomhaoin luachmar, go bhfaighidh nó go nglacfaidh nó go dteachtfaidh duine ar bith aon chuid d'eastát duine éagtha nó go gcuirfidh sé i gcrích fuascailt aon fhéich nó dliteanais a bheidh dlite d'eastát an éagaigh, cuirfear faoi mhuirear é mar sheiceadóir de son tort go feadh méid an eastáit a ghlac sé nó a tháinig ar a láimh, nó méid an fhéich nó an dliteanais a fuasclaíodh, tar éis iad seo a leanas a bhaint de—
(a) aon fhiach ar chomaoin luachmhar agus gan chalaois a hí dlite dó ón duine éagtha tráth a bháis; agus
(b) aon íocaíocht a rinne sé agus a bheadh indéanta go cuí ag ionadaí pearsanta.
(2) San alt seo ciallaíonn “lánchomaoin luachmhar” an chomaoin luachmhar atá comhionann nó geall le bheith comhionann le luach an ruda a dtugtar ina leith é.
Dliteanas eastát an ionadaí phearsanta.
[1695 (c. 6) a. 11]
24.—Má dhéanann duine, mar ionadaí pearsanta duine éagtha (lena n-áirítear seiceadóir de son tort), diomailt nó comhshó chun a úsáide féin ar aon chuid d'eastát an éagaigh, agus go bhfaighidh sé bás, beidh a ionadaí pearsanta, go feadh a mbeidh ar fáil de shócmhainní an mhainnitheora, faoi dhliteanas agus incurtha faoi mhuirear i leith na diomailte nó an chomhshóite sin ar an dóigh chéanna leis an mainnitheoir dá mba bheo don mhainnitheoir.
Bailíocht tíolacais d'ainneoin ionadaíocht a chúlghairm.
[Nua]
25.—(1) Gach tíolacas ar aon eastát de chuid duine éagtha nó ar aon leas ina eastát, a bheidh déanta roimh thosach feidhme an Achta seo nó ina dhiaidh sin chun ceannaitheora ag duine dar deonaíodh ionadaíocht, is tíolacas bailí é d'ainneoin aon chúlghairm nó athrú a dhéanamh ina dhiaidh sin, cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin é, ar an deontas.
(2) Beidh éifeacht ag an alt seo gan dochar d'aon ordú ón gcúirt a rinneadh roimh thosach feidhme an Achta seo, agus beidh feidhm aige cibé acu roimh an tosach feidhme sin nó ina dhiaidh a fuair an t-éagach bás.
CUID IV
Deontais Ionadaíochta
Deontais phrobháide.
[1857 (c. 79) a. 6]
26.—(1) Beidh de chumhacht ag an Ard-Chúirt probháid a dheonú do dhuine amháin nó níos mó de sheiceadóirí duine éagtha, agus féadfar deontas a theorannú ar aon dóigh is cuí leis an gCúirt.
(2) Beidh de chumhacht ag an Ard-Chúirt aon deontas probháide a chúlghairm, a chealú nó a aisghairm.
Deontais riaracháin.
[1357 (st. 1. c. 11);
1537 (c. 18);
1959 (Uimh. 8) a. 12]
[1857 (c. 79) a. 75, 76, 77]
27.—(1) Beidh de chumhacht ag an Ard-Chúirt riarachán (maille le huacht nó gan uacht maille leis) ar eastát duine éagtha a dheonú, agus féadfar deontas a theorannú ar aon dóigh is cuí leis an gCúirt.
(2) Beidh de chumhacht ag an Ard-Chúirt aon deontas riaracháin a chúlghairm, a chealú nó a aisghairm.
(3) Faoi réir fho-alt (4), déanfar an duine nó na daoine dá ndeonófar riarachán a chinneadh de réir rialacha na hArd-Chúirte.
(4) Más rud é, mar gheall ar aon imthosca speisialta, gur léir don Ard-Chúirt (nó, i gcás faoi dhlínse na Cúirte Cuarda, don Chúirt sin) gur gá nó gur fóirsteanach déanamh amhlaidh, féadfaidh an Chúirt a ordú go ndeónófar riarachán do cibé duine is cuí léi.
(5) Ar riarachán a dheonú, ní bheidh, ná ní thiocfaidh, duine ar bith i dteideal, gan deontas, aon eastát lena mbaineann an riarachán sin a riaradh.
(6) Gach duine dá ndeonófar riarachán beidh cearta aige agus dliteanais air, agus beidh sé intugtha chun cuntais, faoi réir aon teorainneacha a bheidh sa deontas, ionann is dá mba é seiceadóir an éagaigh é.
(7) Má bhíonn aon imeachtaí dlíthiúla ar feitheamh maidir le bailíocht uacht duine éagtha, nó chun aon deontas a fháil nó a aisghairm nó a chúlghairm, féadfaidh an Ard-Chúirt riarachán ar eastát an éagaigh a dheonú do riarthóir, ag a mbeidh cearta agus cumhachtaí uile riarthóra ghinearálta, ach amháin an ceart chun eastát an éagaigh a dháileadh agus gach duine dá ndeonófar an riarachán sin beidh sé faoi urláimh dhíreach na Cúirte agus gníomhóidh sé faoi stiúradh na Cúirte.
(8) Féadfaidh an Chúirt cibé luach saothair réasúnach is cuí leis an gCúirt a shannadh, as eastát an duine éagtha, do riarthóir a cheapfar faoi fho-alt (7).
(9) Beidh feidhm ag an alt seo cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin a fuair an t-éagach bás.
Ionadaíocht eastáit réadaigh agus phearsanta a dheonú ar leithligh ó chéile nó i dteannta a chéile.
[1959 (Uimh. 8) a. 15]
28.—(1) Féadfar ionadaíocht a dheonú i leith eastáit réadaigh agus i leith eastáit phearsanta ar leithligh ó chéile, nó i leith eastáit réadaigh agus eastáit phearsanta i dteannta a chéile, agus féadfar í a dheonú i leith eastáit réadaigh cé nach bhfuil aon eastát pearsanta ann, nó i leith eastáit phearsanta cé nach bhfuil aon eastát réadach ann.
(2) Más feasach eastát an duine éagtha a bheith dócmhainneach, ní théarbfar an deontas ach amháin maidir le heastát iontaobhais.
Cumhacht chun ionadaíocht a dheonú gan aon eastát a bheith ann.
[1959 (Uimh. 8) a. 16]
29.—Beidh dlínse ag an Ard-Chúirt chun deontas ionadaíochta a thabhairt i leith duine éagtha, d'ainneoin nár fhág an t-éagach aon eastát sa Stát, agus chun deontas de bonis non nó deontas i bhfoirm eile a thabhairt i leith eastáit neamhriartha, d'ainneoin gan aon eastát neamhriartha leis an éagach a bheith sa Stát.
Cumhacht chun ionadaíocht a dheonú do chorparáid iontaobhais.
[Nua. Cf. 1928 (Uimh. 9)]
30.—(1) Féadfaidh an Ard-Chúirt—
(a) i gcás corparáid iontaobhais a bheith ainmnithe in uacht mar sheiceadóir, cibé acu ina haonar nó i gcomhpháirt le duine eile é, probháid a dheonú don chorparáid ina haonar nó i gcomhpháirt le duine eile, de réir mar is gá sa chás, agus
(b) riarachán a dheonú do chorparáid iontaobhais, ina haonar nó i gcomhpháirt le duine eile,
agus féadfaidh an chorparáid gníomhú dá réir mar sheiceadóir nó riarthóir, cibé acu é.
(2) Ní dheonófar ionadaíocht do dhuine ar bith thar ceann corparáide iontaobhais.
(3) Féadfaidh aon oifigeach a bheidh údaraithe chuige sin ag corparáid iontaobhais, nó féadfaidh a stiúrthóirí nó a comhlacht ceannais, thar ceann na corparáide, mionnscríbhinní a mhionnú, urrús a thabhairt agus aon ghníomh nó ní eile a dhéanamh a theastóidh ón gCúirt d'fhonn ionadaíocht a dheonú don chorparáid, agus beidh gníomhartha oifigigh a bheidh údaraithe amhlaidh ina gceangal ar an gcorparáid.
(4) San Acht seo, ciallaíonn “corparáid iontaobhais”—
(a) corparáid a bheidh ceaptha ag an Ard-Chúirt in aon chás áirithe le bheith ina hiontaobhaí;
(b) corparáid dá gcumhachtaítear lena bunreacht gnó iontaobhais a ghabháil de láimh, agus ag a bhfuil áit ghnó sa Stát nó i dTuaisceart Éireann, agus arb éard í—
(i) cuideachta a bunaíodh le hAcht nó le cairt, nó
(ii) Banc Comhpháirteach faoi Acht an Bhainc Ceannais, 1942, nó
(iii) cuideachta (cibé acu le dliteanas teoranta nó gan dliteanas teoranta a cláraíodh í) de réir an mhínithe atá in Acht na gCuideachtaí, 1963, nó de réir bhrí an dlí chomhréire i dTuaisceart Éireann, ag a bhfuil caipiteal eisithe (ina stoc nó ina scaireanna) de thuras na huaire nach lú ná £250,000, agus £100,000 ar a laghad de íoctha in airgead, nó
(iv) cuideachta (a cláraíodh gan dliteanas teoranta) de réir an mhínithe in Acht na gCuideachtaí sin nó de réir bhrí an dlí sin i dTuaisceart Éireann, a bhfuil ceann dá comhaltaí ina chorparáid de bhrí aon fhorála acu sin roimhe seo den mhír seo; nó
(c) corparáid a shásóidh Uachtarán na hArd-Chúirte go ngabhann sí de láimh aon iontaobhas carthanúil, eaglaiseach nó poiblí a riaradh gan luach saothair, nó go bhfuil de cheangal uirthi de réir a bunreachta iomlán a glan-ioncaim a úsáid chun críocha carthanúla, eaglaiseacha nó poiblí, agus go bhfuil toirmeasc uirthi aon chuid de a dháileadh, go díreach nó go neamhdhíreach, mar bhrabhúis, agus a n-údaróidh Uachtarán na hArd-Chúirte di gníomhú mar chorparáid iontaobhais i leith na n-iontaobhas sin.
(5) I gcás comhlacht corpraithe, mar a mhínítear sin le halt 4 den Acht Cóluchtaí Corporáideacha (Seiceadúirí agus Riarthóirí) 1928, a bheith ainmnithe mar sheiceadóir in uacht a forghníomhaíodh roimh thosach feidhme an Achta seo, féadfar probháid a dheonú don chomhlacht corpraithe sin faoin alt seo, d'ainneoin nach corparáid iontaobhais í mar a mhínítear sin i bhfo-alt (4).
Riarachán speisialta a dheonú i gcás ionadaí pearsanta a bheith lasmuigh den dlínse.
[1857 (c. 79) a. 79;
1859 (c. 31) a. 14]
31.—(1) Más rud é, tar éis dhá mhí dhéag ó bhás duine, go mbeidh aon ionadaí pearsanta don duine éagtha, ar tugadh deontas dó, ina chónaí lasmuigh de dhlínse na hArd-Chúirte, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas ó aon chreidiúnaí nó duine ag a bhfuil leas in eastát an duine éagtha, riarachán speisialta ar eastát an duine éagtha a dheonú dó i cibé foirm is cuí leis an Ard-Chúirt.
(2) Féadfaidh an Ard-Chúirt, chun críche aon imeachtaí dlíthiúla a mbeidh an riarthóir faoin riarachán speisialta ina pháirtí iontu, a ordú go n-aistreofar isteach sa chúirt aon airgead nó urrúis is le heastát an duine éagtha, agus géillfidh gach uile dhuine d'aon ordú den sórt sin.
(3) I gcás an t-ionadaí pearsanta agus é inniúil ar ghníomhú sa cháil sin a fhilleadh ar dhlínse na hArd-Chúirte agus a bheith ina chónaí laistigh di le linn aon imeachtaí dlíthiúla a mbeidh riarthóir speisialta ina pháirtí iontu a bheith ar feitheamh, déanfar páirtí sna himeachtaí dlíthiúla den ionadaí pearsanta sin, agus déanfaidh an duine sin na costais a bhainfidh agus a ghabhfaidh leis an riarachán speisialta agus leis na himeachtaí dlíthiúla a íoc as cibé ciste a ordóidh an chúirt ina bhfuil na himeachtaí ar feitheamh.
Riarachán le linn seiceadóir a bheith ina naíon.
[1818 (c. 81);
1857 (c. 79) a. 79;
1859 (c. 31) a. 14]
32.—(1) Má bhíonn naíon ina sheiceadóir aonair uachta, déanfar riarachán maille leis an uacht a dheonú dá chaomhnóir, nó do cibé duine eile is cuí leis an Ard-Chúirt, go dtí go slánóidh an naíon bliain is fiche d'aois agus go n-iarrfaidh sé agus go bhfaighidh sé deontas probháide nó litreacha riaracháin maille leis an uacht, agus féadfar, ar an aois sin a shlánú dó, agus ní fhéadfar roimhe sin, probháid na huachta a dheonú dó.
(2) Má dhéanann tiomnóir lena uacht naíon a cheapadh ina sheiceadóir, ní oibreoidh an ceapachán chun aon leas i maoin an éagaigh a aistriú chun an naín ná chun ionadaí pearsanta a dhéanamh de chun críche ar bith mura ndéantar ná go dtí go ndéanfar probháid a dheonú dó faoin alt seo.
Leanúint d'imeachtaí dlíthiúla tar éis riarachán sealadach a chúlghairm.
[1857 (c. 79) a. 81]
33.—Más rud é, le linn aon imeachtaí dlíthiúla a bheith ar feitheamh in aon chúirt ag riarthóir, nó i gcoinne riarthóra, dar deonaíodh riarachán sealadach, go gcúlghairfear an riarachán sin, féadfaidh an chúirt sin a ordú go leanfaidh an t-ionadaí pearsanta nua de na himeachtaí, nó go leanfar díobh ina choinne, ionann is dá mba é a thionscain iad, nó gur ina choinne a tionscnaíodh iad, i gcéaduair, ach faoi réir cibé coinníollacha agus athruithe, más ann, a ordóidh an chúirt sin.
Bannaí riaracháin.
[1959 (Uimh. 8) a. 14]
[Nua]
[Nua]
34.—(1) Gach duine dá dtabharfar deontas riaracháin, tabharfaidh sé banna (dá ngairtear banna riaracháin san alt seo) d'Uachtarán na hArd-Chúirte a bheidh le dul i dtairbhe d'Uachtarán na hArd-Chúirte de thuras na huaire agus, má cheanglaíonn an Ard-Chúirt nó an tOifigeach Probháide nó (i gcás deontais ó chlárlann phrobháide cheantair) an cláraitheoir probháide ceantair air é, le hurra nó le hurraí faoi choinníoll go ndéanfar go cuí eastát an éagaigh a bhailiú, a chruinniú agus a riaradh.
(2) (a) Beidh banna riaracháin faoi bhrí pionóis is ionann agus dhá oiread na suime a mhionnófar i leith eastát an éagaigh, mura n-ordóidh an Ard-Chúirt nó an tOifigeach Probháide nó (i gcás deontais ó chlárlann phrobháide cheantair) an cláraitheoir probháide ceantair in aon chás áirithe é a laghdú, agus sa chás sin féadfaidh an Chúirt nó an tOifigeach Probháide nó an cláraitheoir probháide ceantair é sin a dhéanamh.
(b) Féadfaidh an Ard-Chúirt, an tOifigeach Probháide nó (i gcás deontais ó chlárlann phrobháide cheantair) an cláraitheoir probháide ceantair, a ordú freisin níos mó ná banna riaracháin amháin a thabhairt, ionas nach rachaidh dliteanas aon urra thar an méid is réasúnach leis an gCúirt, leis an Oifigeach Probháide nó leis an gcláraitheoir probháide ceantair, cibé acu é.
(3) Is san fhoirm a ordóidh Uachtarán na hArd-Chúirte, le rialacha, a bheidh banna riaracháin, agus beidh sa bhanna foráil go n-íocfar na dleachtanna báis uile is iníoctha i leith eastát an éagaigh agus a bhfuil an t-ionadaí pearsanta intugtha chun cuntais iontu agus foráil eile go n-íocfar an cháin ioncaim agus an fhorcháin uile is iníoctha as eastát an éagaigh.
(4) Más léir don Ard-Chúirt gur sáraíodh coinníoll banna riaracháin, féadfaidh an Ard-Chúirt, ar iarratas chuige sin, a ordú an banna a shannadh do cibé duine a shonrófar san ordú, agus beidh teideal ag an duine dá sannfar an banna de bhun an ordaithe agra a dhéanamh ina leith ina ainm féin ionann is dá mba dósan a tugadh é i gcéaduair in ionad é a thabhairt d'Uachtarán na hArd-Chúirte agus an méid iomlán is inghnóthaithe mar gheall ar shárú choinníoll an bhanna a ghnóthú ina leith mar iontaobhaí do gach duine leasmhar.
(5) Ní chuirfidh aon ní san alt seo de cheangal ar an bPríomh-Aturnae Stáit ná ar Aturnae an Ard-Aighne banna riaracháin a thabhairt agus iad ag iarraidh, nó ag fáil, riaracháin chun úsáide nó tairbhe an Stáit.
(6) Ní gá urraí le bannaí riaracháin i gcás an deontas a thabhairt do chorparáid iontaobhais.
(7) Beidh banna riaracháin arna eisiúint ag cumann ráthaíochta nó cuideachta árachais a bheidh formheasta ag Uachtarán na hArd-Chúirte inghlactha chun críocha an ailt seo cibé acu i bpearsa nó trí aturnae a iarrfar an deontas.
Iarratais ar dheontais agus cúlghairm.
[1857 (c. 79) a. 50, 63]
[R.U., O. 79, r. 3;
O. 80, r. 3]
35.—(1) Féadfar iarratas ar dheontas nó ar chúlghairm ionadaíochta a dhéanamh chun na hOifige Probháide nó chun na clárlainne probháide ceantair don cheantar ina raibh áit chónaithe sheasta ag an éagach tráth a bháis.
(2) Féadfar an t-iarratas a dhéanamh i bpearsa nó trí aturnae.
(3) Más rud é, in aon ábhar cointinneach a éireoidh as iarratas chun na hOifige Probháide, gur deimhin leis an Ard-Chúirt go bhfuil dlínse ag an gCúirt Chuarda san ábhar, féadfaidh an Ard-Chúirt an t-ábhar a tharchur chun breitheamh na cuarda ina raibh áit chónaithe sheasta ag an éagach tráth a bháis, agus rachaidh an breitheamh sin ar aghaidh san ábhar ionann is dá mba chun na Cúirte Cuarda a rinneadh an t-iarratas ar an gcéad ásc.
Deontais i gclárlanna probháide ceantair.
[1857 (c. 79) a. 50, 52, 54]
[1857 (c. 79) a. 53, 55, 56;
1859 (c. 31) a. 21, 22]
36.—(1) Féadfaidh cláraitheoir probháide ceantair deontas a thabhairt i bhfoirm choiteann in ainm na hArd-Chúirte agus faoi shéala na clárlainne mar a raibh áit chónaithe sheasta ag an éagach, tráth a bháis, laistigh den cheantar ina n-iarrfar an deontas.
(2) Ní thabharfaidh cláraitheoir probháide ceantair aon deontas in aon chás ina mbeidh cointinn go dtí go réiteofar an chointinn, ná in aon chás inar léir dó nach ceart deontas a thabhairt gan ordú na Cúirte.
(3) In aon chás ina mbeidh amhras ar chláraitheoir probháide ceantair cé acu is ceart nó nach ceart deontas a thabhairt, nó ina n-éireoidh aon cheist maidir le deontas, nó le hiarratas ar dheontas, cuirfidh an cláraitheoir probháide ceantair ráiteas ina thaobh go dtí an Oifig Probháide le haghaidh orduithe breithimh den Ard-Chúirt a mbeidh dlínse phrobháide á hoibriú aige de thuras na huaire, agus féadfaidh an breitheamh a ordú don chláraitheoir probháide ceantair dul ar aghaidh leis an ábhar de réir cibé treoracha is dóigh leis an mbreitheamh is gá, nó féadfaidh sé toirmeasc a chur ar a thuilleadh imeachtaí ag an gcláraitheoir probháide ceantair maidir leis an ábhar, á fhágáil faoin bpáirtí a d'iarr an deontas iarratas a dhéanamh chun na hArd-Chúirte tríd an Oifig Phrobháide nó, más cás é atá laistigh de dhlínse na Cúirte Cuarda, chun na cúirte sin.
(4) Cuirfidh cláraitheoir probháide ceantair go dtí an Oifig Phrobháide fógra san fhoirm fhorordaithe i dtaobh gach iarratas a dhéanfar sa chlárlann ag iarraidh deontais, a luaithe is féidir tar éis an t-iarratas a dhéanamh, agus ní thabharfaidh sé aon deontas go dtí go bhfaighidh sé ón Oifig sin deimhniú go ndealraíonn sé nach ndearnadh aon iarratas eile i leith eastát an éagaigh.
(5) Cuirfear an deimhniú ar aghaidh a luaithe is féidir go dtí an cláraitheoir probháide ceantair.
(6) Gach fógra a chuirfear amhlaidh go dtí an Oifig Phrobháide, comhdófar agus coimeádfar é san Oifig sin.
(7) Nuair a gheofar aon fhógra den sórt sin ó aon chlárlann phrobháide cheantair, scrúdóidh an tOifigeach Probháide gach fógra i dtaobh iarratas ar dheontas a fuarthas ó na clárlanna probháide ceantair eile agus gach iarratas ar dheontas a rinneadh san Oifig Phrobháide, chomh fada agus is gá sin chun a chinntiú an ndearnadh níos mó ná iarratas amháin ar dheontas i leith eastát an duine éagtha chéanna, agus cuirfidh sé scéala go dtí an cláraitheoir probháide ceantair ina thaobh faoi mar is gá.
(8) Cuirfidh cláraitheoir probháide ceantair ar aghaidh, dhá uair sa mhí, go dtí an Oifig Phrobháide, liosta san fhoirm fhorordaithe de na deontais a bheidh tugtha aige agus nár áiríodh i dtuairisceán roimhe sin, agus freisin cóipeanna de na huachtanna lena mbaineann na deontais, faoi dheimhniú uaidh gur cóipeanna cearta iad.
(9) Comhdóidh agus caomhnóidh cláraitheoir probháide ceantair gach uacht bhunaidh a ndeonóidh sé ina leith probháid nó riarachán maille leis an uacht, faoi réir cibé rialachán a dhéanfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte ó am go ham maidir le caomhnú agus scrúdú na n-uachtanna.
(10) Féadfaidh Uachtarán na hArd-Chúirte orduithe a thabhairt ó am go ham chun dísciú a dhéanamh, trína ndíothú nó ar dhóigh eile, ar cibé fógraí dá gcoimeádtar san Oifig Phrobháide de bhun an ailt seo is dóigh leis a bheith, mar gheall ar imeacht aimsire, gan fiúntas poiblí ar bith feasta.
An dara deontas agus deontais ina dhiaidh sin.
[1859 (c. 31) a. 16]
37.—Is san Oifig Phrobháide nó sa chlárlann phrobháide cheantair, cibé acu é, ónar eisíodh an deontas bunaidh a thabharfar an dara deontas agus aon deontas ina dhiaidh sin.
Caveat.
[1857 (c. 79) a. 57]
38.—(1) Féadfar caveat in aghaidh deontais a thaifeadadh san Oifig Phrobháide nó in aon chlárlann phrobháide cheantair.
(2) Nuair a thaifeadfar caveat i gclárlann phrobháide cheantair, déanfaidh an cláraitheoir probháide ceantair cóip de a chur ar aghaidh láithreach go dtí an Oifig Phrobháide lena taifeadadh i dteannta na gcaveat san Oifig sin.
Caileandair dheontas.
[1959 (Uimh. 8) a. 17]
39.—(1) Cuirfidh Uachtarán na hArd-Chúirte faoi deara ó am go ham go n-ullmhófar san Oifig Phrobháide caileandair de dheontais a tugadh san Oifig Phrobháide agus sna clárlanna probháide ceantair éagsúla in aghaidh cibé tréimhsí a ordóidh Uachtarán na hArd-Chúirte.
(2) I ngach caileandar acu sin beidh nóta maidir le gach probháid nó riarachán maille leis an uacht agus maidir le gach riarachán eile a deonaíodh sa tréimhse a shonrófar sa chaileandar, agus leagfar amach sa nóta sin—
(a) dáta an deontais;
(b) an áit (is é sin, an Oifig Phrobháide nó clárlann phrobháide cheantair) inar tugadh an deontas,
(c) ainm agus seoladh agus dáta báis an tiomnóra nó an díthiomnóra,
(d) ainmneacha agus tuairiscí na seiceadóirí nó na riarthóirí, agus
(e) luach an eastáit, má b'ann.
(3) Déanfar cóip de gach caileandar a ullmhófar amhlaidh a chur tríd an bpost nó ar dhóigh eile go dtí gach clárlann probháide cheantair, agus déanfar gach cóip a chuirfear ar aghaidh amhlaidh a choimeád sa chlárlann phrobháide cheantair chun a gcuirfear í.
(4) Féadfar caileandair agus cóipeanna a iniúchadh de réir orduithe Uachtarán na hArd-Chúirte.
Cóipeanna d'uachtanna, etc., a sheachadadh do na Coimisinéirí Ioncaim.
[1857 (c. 79) a. 100]
40.—Faoi réir aon chomhshocruithe a dhéanfar ó am go ham idir Uachtarán na hArd-Chúirte agus na Coimisinéirí Ioncaim, déanfaidh an Oifig Phrobháide agus gach clárlann phrobháide cheantair, laistigh de cibé tréimhse i ndiaidh deontais a ordóidh Uachtarán na hArd-Chúirte, na doiciméid seo a leanas a sheachadadh do na Coimisinéirí nó dá n-oifigeach cuí—
(a) i gcás probháide nó i gcás riaracháin maille le huacht, an mhionnscríbhinn Ioncaim Intíre agus cóip den uacht (má iarrtar í);
(b) i gcás riaracháin gan uacht maille leis, an mhionnscríbhinn Ioncaim Intíre;
(c) i ngach cás riaracháin, cóip den riarachán nó sliocht as;
(d) i ngach uile chás, cibé deimhniú nó nóta a theastóidh ó na Coimisinéirí i dtaobh an deontais.
Eisiúint deontas ionadaíochta i gcás foraithne ón gCúirt Chuarda.
[1857 (c. 79) a. 59]
41.—Ar fhoraithne a bheith déanta ag an gCúirt Chuarda chun ionadaíocht a dheonú nó a chúlghairm, déanfaidh an tOifigeach Probháide nó an cláraitheoir probháide ceantair, ar iarratas ó dhuine a bheidh ina theideal sin, ionadaíocht a dheonú de réir na foraithne nó, faoi mar is gá sa chás, aon ionadaíocht a deonaíodh cheana a chúlghairm nó a athrú, de réir éifeacht na foraithne.
Taisceadh agus íniúchadh uachtanna agus doiciméad eile.
[1857 (c. 79) a. 71]
1867, c. 70.
42.—(1) Déanfar na doiciméid seo a leanas—
(a) gach uacht bhunaidh a ndeonófar ionadaíocht ina leith san Oifig Phrobháide,
(b) cóipeanna de gach uacht a mbeidh a scríbhinn bhunaidh le caomhnú i gclárlanna probháide ceantair, agus
(c) cibé doiciméid eile a ordóidh Uachtarán na hArd-Chúirte,
a thaisceadh agus a chaomhnú san Oifig Phrobháide faoi urlámhas Uachtarán na hArd-Chúirte, agus féadfar iad a iniúchadh de réir a orduithe.
(2) Beidh éifeacht ag fo-alt (1) faoi réir na bhforálacha den Public Records (Ireland) Act, 1867, a fhorálann go ndéanfar i gceann aimsire taifid a aistriú go dtí an Oifig Irisí Poiblí lena gcoimeád slán.
Cóipeanna oifigiúla d'uachtanna agus de dheontais.
[1857 (c. 79) a. 74]
43.—(1) Féadfar cóip oifigiúil den iomlán nó d'aon chuid d'uacht, nó de dheontas ionadaíochta, a fháil ón Oifig Phrobháide nó ón gclárlann phrobháide cheantair i gcás inar cruthaíodh an uacht nó inar deonaíodh an ionadaíocht.
(2) Beidh cóip oifigiúil de dheontas ionadaíochta ina leorfhianaise gur deonaíodh an ionadaíocht. Beidh feidhm ag an bhfo-alt seo cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin a tugadh an deontas.
Triail ag giúiré ar cheisteanna fíorais.
[1857 (c. 79) a. 41]
44.—(1) Féadfaidh an chúirt aon cheist fíorais a éireoidh in aon imeachtaí faoin Acht seo a chur á triail ag giúiré, agus déanfar an cheist sin a thriail amhlaidh in aon chás ina dtabharfaidh na páirtithe go léir sna himeachtaí a gcomhthoiliú le hiarratas chun na cúirte ar ghiúiré.
(2) I gcás ina ndéanfaidh aon pháirtí iarratas ar ghiúiré gan comhthoiliú an pháirtí eile agus ina ndiúltóidh an chúirt an t-iarratas, beidh diúltú na cúirte faoi réir achomhairc.
CUID V
Riarachán Sócmhainní
Eastát éagaigh a bheith ina shócmhainní chun fiacha agus ceart dlíthiúil a íoc.
[1285 (c. 19);
1357 (st. 1. c. 11);
1695 (c. 12) a. 7, 8;
1833 (c. 104);
1869 (c. 46)]
45.—(1) Is sócmhainní chun na caiteachais adhlactha, thiomnacha agus riaracháin, na fiacha (faoi shéala nó faoi chonradh simplí) agus na dliteanais, agus aon cheart dlíthiúil a íoc, eastát duine éagtha, cibé acu dlíthiúil nó cothromasach é, go feadh a leasa thairbhiúil ann, agus an t-eastát a ndearna duine éagtha de bhun aon chumhachta ginearálta é a dhiúscairt lena uacht; agus aon diúscairt le huacht a bheidh ar neamhréir leis an alt seo beidh sí ar neamhní amhail i gcoinne na gcreidiúnaithe agus aon duine atá i dteideal cirt dhlíthiúil, agus déanfaidh an chúirt, más gá é, an mhaoin a riaradh chun na caiteachais, na fiacha agus na dliteanais agus aon cheart dlíthiúil a íoc.
(2) Beidh éifeacht ag an alt seo gan dochar do chearta eireadóirí.
Riarachán sócmhainní.
[Nua]
46.—(1) I gcás eastát duine éagtha a bheith dócmhainneach, riarfar é de réir na rialacha atá leagtha amach i gCuid I den Chéad Sceideal.
(2) (a) Féadfar ceart coinneála ionadaí phearsanta, agus a cheart chun tosaíocht a thabhairt do chreidiúnaithe, a fheidhmiú i leith sócmhainní uile an éagaigh, ach ní bhainfidh an ceart coinneála ach amháin le fiacha a bheidh dlite don ionadaí pearsanta as a cheart féin, cibé acu go haonarach nó i gcomhpháirt le duine eile é, agus ní bheidh sé infheidhmithe i gcás an t-eastát a bheith dócmhainneach.
(b) Faoi réir mhír (a), ní dhéanfaidh aon ní san Acht seo difear do cheart coinneála ionadaí phearsanta, ná dá cheart chun tosaíocht a thabhairt do chreidiúnaithe.
(3) I gcás eastát duine éagtha a bheith sócmhainneach, beidh sé, faoi réir rialacha cúirte agus na bhforálacha anseo ina dhiaidh seo maidir le muirir ar mhaoin an éagaigh, agus na bhforálacha, más ann, ina uacht, inúsáidte chun na caiteachais adhlactha, thiomnacha agus riaracháin, na fiacha agus na dliteanais agus aon cheart dlíthiúil a íoc san ord a luaitear i gCuid II den Chéad Sceideal.
(4) Ní dhéanfaidh aon ní i bhfo-alt (3) difear do chearta aon chreidiúnaí de chuid an éagaigh ná do cheart dlíthiúil céile.
(5) Má dhéanann creidiúnaí, duine a bheidh i dteideal cirt dhlíthiúil, nó ionadaí pearsanta, sócmhainn a úsáid as an ord a luaitear i gCuid II den Chéad Sceideal, beidh ag na daoine ag a bhfuil teideal faoin uacht nó faoi dhíthiomnacht ceart chun na sócmhainní a chogairsiú ionas go ngabhfaidh tairbhí ar úsáideadh a eastát nó a leas as a ord ionad an chreidiúnaí nó an duine sin pro tanto amhail i gcoinne aon mhaoine a bheidh, san ord sin, faoi dhliteanas i dtosach ar a eastát nó a leas féin.
(6) Beidh éileamh ar scair, mar cheart dlíthiúil nó faoi dhíthiomnacht, in eastát duine éagtha ina éileamh i gcoinne sócmhainní an eastáit go feadh suime is ionann agus luach na scaire sin.
Muirir ar mhaoin éagaigh a bheith le híoc go príomhúil as an maoin a muirearaíodh.
[1854 (c. 113),
1867 (c. 69) agus
1877 (c. 34) arna
leathnú chun
pearsantais]
47.—(1) I gcás duine d'fháil bháis agus é i seilbh, nó i dteideal, leasa i maoin, nó, faoi chumhacht cheapacháin ghinearálta, diúscairt déanta aige le huacht ar leas i maoin, a mbeidh, tráth a bháis, íoc airgid de mhuirear air, cibé acu i modh morgáiste nó muirir dhlíthiúil nó chothromasaigh nó ar dhóigh eile é (lena n-áirítear lian i leith airgid cheannaigh neamhíoctha), agus gan intinn chontrártha ná eile a bheith curtha in iúl ag an duine éagtha le huacht, le gníomhas ná le doiciméad eile, beidh an leas a bheidh faoi mhuirear amhlaidh, amhail idir na daoine éagsúla a bheidh ag éileamh tríd an duine éagtha, faoi dhliteanas go príomhúil chun an muirear a íoc; agus íocfar as gach cuid den leas sin, de réir a luacha, cuid chomhréireach den mhuirear ar iomlán an leasa.
(2) Ní mheasfar an intinn chontrártha ná eile sin a bheith curtha in iúl—
(a) le treoir ghinearálta chun fiacha de chuid an tiomnóra nó a fhiacha go léir a íoc as a eastát, nó as aon chuid de, ná
(b) le muirearú fiacha ar aon eastát den sórt sin,
mura gcuirtear an intinn sin in iúl fairis sin le focail a thagraíonn, go sainráite nó trína bheith intuigthe astu de riachtnas, don iomlán nó do chuid éigin den mhuirear.
(3) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear do cheart duine a bheidh i dteideal an mhuirir chun íocaíocht nó sásamh a fháil ina leith as sócmhainní eile an éagaigh nó ar dhóigh eile.
Cúiseanna caingne a mhaireann tar éis bás duine.
48.—Beidh agairt indéanta ag ionadaithe pearsanta duine éagtha agus orthu i leith gach cúis chaingne a leanfaidh, de bhua Chuid II den Acht um Dhliteanas Sibhialta, 1961, de bheith ar marthain chun tairbhe, nó i gcoinne, eastát an éagaigh, faoi réir forálacha an Achta sin agus na rialacha i dtaobh tréimhsí teorann faoi Reacht na dTréimhsí, 1957, nó eile.
Dáileadh sócmhainní tar éis fógra do chreidiúnaithe.
[1859 (c. 35) a. 29]
49.—(1) Nuair a bheidh na hionadaithe pearsanta tar éis fógraí a thabhairt do chreidiúnaithe agus do dhaoine eile a n-éilimh i gcoinne eastát an éagaigh a chur isteach mar a bheadh, i dtuairim na cúirte ina n-iarrtar na hionadaithe pearsanta a chur faoi mhuirear, tugtha ag an gcúirt in agra riaracháin, beidh de chead ag na hionadaithe pearsanta, ar chaitheamh na tréimhse a bheidh ainmnithe sna fógraí sin, nó sa cheann deiridh díobh, chun na héilimh sin a chur isteach, sócmhainní an éagaigh, nó aon chuid díobh, a dháileadh ar na páirtithe a bheidh ina dteideal, ag féachaint do na héilimh a mbeidh fógra ina dtaobh ag na hionadaithe pearsanta an uair sin.
(2) Ní bheidh na hionadaithe pearsanta faoi dhliteanas ag duine ar bith i leith na sócmhainní nó aon chuid díobh a dháilfear amhlaidh mura raibh fógra acu tráth an dáilte sin i dtaobh éileamh an duine sin.
(3) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo dochar do cheart aon chreidiúnaí nó éilitheora chun aon sócmhainní den sórt sin a leanúint isteach i láimh aon duine a mbeidís faighte aige.
(4) Beidh feidhm ag an alt seo cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin a fuair an t-éagach bás.
Cumhachtaí íonadaithe pearsanta chun eastát a dhíol agus chun gníomhú mar iontaobhaithe.
[1959 (Uimh. 8) a. 18]
50.—(1) Féadfaidh na hionadaithe pearsanta an t-iomlán nó aon chuid d'eastát duine éagtha a dhíol, ní amháin chun fiacha a íoc ach freisin (cibé acu atá fiacha ann nó nach bhfuil) chun an t-eastát a dháileadh ar na daoine a bhfuil teideal acu chuige, agus sula ndíolfaidh siad é chun a dháilte déanfaidh na hionadaithe pearsanta, chomh fada agus is féidir sin, éifeacht a thabhairt do mhianta na ndaoine lánaoise a bhfuil teideal acu chun na maoine a bheartaítear a dhíol nó, i gcás díospóide, do mhianta thromlach na ndaoine sin (de réir luach a leasa i dteannta a chéile), ar dhóigh, áfach,—
(a) nach de chúram ceannaitheora é féachaint chuige go ndearna na hionadaithe pearsanta de réir na mianta sin, agus
(b) nach gá d'aon duine a bhfuil teideal aige amhlaidh comhthoiliú le haon díol den sórt sin.
(2) Faoi réir alt 20, ní dleathach do roinnt daoine, ná do dhuine amháin, d'ionadaithe pearsanta éagsúla, gan cead na hArd-Chúirte, aon chumhacht a fheidhmiú dá dtugtar leis an alt seo nó le halt 60 chun aon talamh a dhiúscairt.
(3) Má shocraítear talamh le huacht agus gan aon iontaobhaithe i leith na socraíochta a bheith ann, measfar chun gach críche gurb iad na hionadaithe pearsanta a bhain probháid na huachta amach iontaobhaithe na socraíochta go dtí go gceapfar iontaobhaithe i leith na socraíochta, ach ní mheasfar gurb iontaobhaí chun críocha na Settled Land Acts, 1882 to 1890, ionadaí pearsanta aonair go dtí go gceapfar iontaobhaí amháin eile ar a laghad.
Cosaint do cheannaitheoirí.
[1959 (Uimh. 8) a. 19]
51.—(1) Duine a cheannóidh ó ionadaithe pearsanta duine éagtha aon mhaoin arb éard í an t-iomlán nó aon chuid d'eastát an éagaigh, beidh teideal aige an mhaoin sin a theachtadh saortha agus urscaoilte ó aon fhiacha nó dliteanais a bhí ar an éagach, ach amháin cinn a bheidh ina muirir uirthi ar dhóigh seachas faoi uacht an éagaigh, agus ó gach éileamh ag na daoine a bhfuil teideal acu chun aon scaire san eastát, agus ní bheidh de churam air féachaint chuige go gcuirfear an t-airgead ceannaigh chun feidhme.
(2) (a) Baineann an fo-alt seo le gach maoin seachas maoin a bhfuil a húinéireacht cláraithe faoin Acht um Chlárú Teidil, 1964.
(b) Duine a cheannóidh aon mhaoin lena mbaineann an fo-alt seo, arb éard í an t-iomlán nó aon chuid d'eastát duine éagtha, a bheidh tíolachta ag na hionadaithe pearsanta do dhuine ar bith, beidh sé i dteideal an mhaoin sin a theachtadh saortha agus urscaoilte ó éilimh chreidiúnaithe de chuid an éagaigh agus ó aon éilimh ag na daoine a bheidh i dteideal aon scaire san eastát.
(3) Beidh feidhm ag an alt seo cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin a fuair an t-éagach bás.
Forálacha ginearálta maidir le haontú nó aistriú ag ionadaithe pearsanta.
[1959 (Uimh. 8) a. 20]
52.—(1) San alt seo agus in alt 53—
(a) na tagairtí a dhéantar do thalamh duine éagtha is tagairtí iad do thalamh a raibh teideal aige chuige nó a ndearna sé cumhacht cheapacháin ghinearálta a fheidhmiú ina leith le huacht;
(b) folaíonn “duine i dteideal”, maidir le haon eastát nó leas i dtalamh—
(i) an duine nó na daoine (lena n-áirítear ionadaithe pearsanta an éagaigh nó aon duine acu) ag a mbeadh (cibé acu trí réadtiomnú, tiomnú, cineachadh nó eile é) teideal tairbhiúil chun an eastáit nó an leasa sin, agus
(ii) iontaobhaí nó iontaobhaithe nó ionadaí nó ionadaithe pearsanta aon duine nó daoine den sórt sin.
(2) Gan dochar d'aon chumhacht eile a thugtar leis an Acht seo d'ionadaithe pearsanta maidir le haon talamh de chuid duine éagtha, féadfaidh na hionadaithe pearsanta, tráth ar bith tar éis bhás an éagaigh, aontú a fhorghníomhú a dhílseoidh aon eastát nó leas in aon talamh den sórt sin don duine i dteideal an chéanna, nó féadfaidh siad aon eastát nó leas den sórt sin a aistriú chun an duine i dteideal an chéanna, agus féadfaidh siad an t-aontú nó an t-aistriú a dhéanamh faoi réir muirir, nó saor ó mhuirear, chun aon airgead a íoc a dhlífidh na hionadaithe pearsanta a íoc.
(3) I gcás ina ndéanfar aontú nó aistriú faoi fho-alt (2) faoi réir muirir i leith an airgid uile a dhlífidh na hionadaithe pearsanta a íoc, má dhlíonn, beidh deireadh le dliteanais uile na n-ionadaithe pearsanta i leith na talún, ach amháin maidir le haon gníomhartha nó conarthaí a rinne siad roimh an aontú nó an t-aistriú.
(4) Aon uair tar éis bliana ó bhás úinéara talún, má mhainnigh na hionadaithe pearsanta, tar éis a iarrtha ag an duine i dteideal, an talamh a aistriú, trí aontú nó ar dhóigh eile, chun an duine i dteideal, féadfaidh an chúirt, más cuí léi é, ar iarratas ón duine i dteideal agus tar éis fógra do na hionadaithe pearsanta, a ordú go ndéanfar an t-aistriú, agus, mura gcomhlíontar an t-ordú sin laistigh den tréimhse a shonróidh an chúirt ann, féadfaidh an chúirt ordú a dhéanamh ag dílsiú na talún don duine i dteideal chomh hiomlán éifeachtúil agus a dhéanfaí é dá n-aistreodh na hionadaithe pearsanta é.
(5) Ní bheidh aontú, murab aontú i scríbhinn é, éifeachtúil chun aon eastát nó leas i dtalamh a aistriú.
(6) Na cúnaint reachtúla is intuigthe i gcás é a bheith sainráite i ngníomhas go bhfuil duine ag tíolacadh mar ionadaí pearsanta, beidh siad intuigthe freisin in aon aontú arna shíniú ag ionadaí pearsanta mura bhforálann an t-aontú a mhalairt.
(7) Faoi réir alt 20, ní dleathach do roinnt daoine, ná do dhuine amháin, d'ionadaithe pearsanta éagsúla, gan cead na cúirte, aontú ná aistriú a dhéanamh faoin alt seo.
(8) Ní oibreoidh an t-alt seo chun aon dleacht stampa a fhorchur i leith aontú.
Forálacha speisialta maidir le talamh neamhchláraithe.
[1959 (Uimh. 8) a. 21]
1707, c. 2.
[Nua]
53.—(1) Aon aontú a dhéanfar le heastát nó leas i dtalamh neamhchláraithe duine éagtha a dhílsiú i bhfabhar an duine i dteideal chuige—
(a) is i scríbhinn a bheidh sé,
(b) beidh sé arna shíniú ag na hionadaithe pearsanta,
(c) measfar, chun críocha an Registration of Deeds Act, 1707, gur tíolacas i leith an eastáit nó an leasa sin é ó na bionadaithe pearsanta don duine i dteideal,
(d) oibreoidh sé, faoi réir forálacha an Registration of Deeds Act, 1707, maidir le tosaíochtaí, chun an t-eastát nó an leas sin a dhílsiú don duine i dteideal faoi réir cibé muirear agus eirí a shonrófar, má shonraítear, san aontú agus a dhéanfadh difear ar dhóigh eile don eastát nó don leas sin,
(e) faoi réir forálacha an Registration of Deeds Act, 1707, measfar (mura léir a mhalairt d'intinn ann), chun gach críche is gá le go suífear teideal an duine i dteideal chun cíosanna agus brabús idirlinne, é a ghabháil siar go dtí bás an éagaigh, ach ní oibreoidh aon ní sa mhír seo chun a chumasú do dhuine ar bith teideal ar neamhréir le huacht an éagaigh a shuíomh.
(2) Aon duine a ndéanfaidh ionadaithe pearsanta aontú nó tíolacas i leith aon talún neamhchláraithe ina fhabhar, féadfaidh sé, ar a chostas féin, a cheangal ar na hionadithe pearsanta an t-aontú nó an tíolacas sin a chlárú i gClárlann na nGníomhas de bhun an Registration of Deeds Act, 1707.
(3) Beidh aontú nó tíolacas ó ionadaí pearsanta i leith talún neamhchláraithe ina fhianaise dhochloíte, i bhfabhar ceannaitheora, gurb é an duine ar tugadh nó a ndearnadh an t-aontú nó an tíolacas ina fhabhar an duine a bhí i dteideal an t-eastát nó an leas a dhílsiú dó, ach ní shéanfaidh sé dochar ar aon dóigh eile d'éileamh aon duine a bhí i gcéaduair i dteideal an eastáit nó an leasa sin nó aon mhorgáiste nó eire air.
(4) Baineann an t-alt seo le haontuithe agus tíolacais a rinneadh roimh thosach feidhme an Achta seo cibé acu roimh an tosach feidhme sin nó dá éis a fuair an t-éagach bás.
Forálacha speisialta maidir le talamh cláraithe.
54.—(1) Is san fhoirm a fhoráiltear faoi alt 61 den Acht um Chlárú Teidil, 1964, a bheidh aontú nó aistriú a dhéanfaidh ionadaí pearsanta i leith talún cláraithe, agus beidh sé faoi réir forálacha an Achta sin.
(2) Déantar leis seo an tAcht um Chlárú Teidil, 1964, a leasú tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (3) d'alt 61:
“(3) (a) Aon iarratas ar chlárú a dhéanfaidh duine a bheidh á éileamh go bhfuil teideal aige de réir dlí chun talamh lán-úinéara chláraithe éagtha, lena ngabhfaidh aontú nó aistriú ón ionadaí pearsanta san fhoirm fhorordaithe, údaróidh sé don Chláraitheoir an duine sin a chlárú mar lán-úinéir nó úinéir teoranta na talún, cibé acu é.
(b) Ar fhoirceannadh eastát nó leas úinéara atá cláraithe mar úinéir teoranta talún de bhun aontú nó aistriú den sórt sin, tabharfaidh an t-aontú nó an t-aistriú, arna iarraidh sin san fhoirm fhorordaithe, údarás don Chláraitheoir an duine a ndearnadh an t-aontú nó an t-aistriú ina fhabhar, nó a chomharba i dteideal, de réir mar is iomchuí, a chlárú mar lán-úinéir nó úinéir teoranta, cibé acu é.
(c) Ní bheidh de dhualgas ar an gCláraitheoir, ná ní bheidh sé i dteideal, aon eolas a iarraidh faoin gcúis atá nó a bhí le haon aontú nó aistriú a dhéanamh, agus beidh de cheangal air a ghlacadh ina áirithe go bhfuil nó go raibh an t-ionadaí pearsanta ag gníomhú i gceart agus faoi réim a chumhachtaí maidir leis an iarratas nó leis an aontú leis an aistriú.”
Cumhachtaí ionadaithe pearsanta maidir le leithreasú.
[Nua]
55.—(1) Féadfaidh na hionadaithe pearsanta, faoi réir forálacha an ailt seo, aon chuid d'eastát duine éagtha a leithreasú, ina riocht nó ina staid infheistíochta iarbhír tráth an leithreasaithe, mar shásamh, nó i leith sásaimh, ar aon scair san eastát, bíodh sin socraithe nó ná bíodh, de réir cearta faoi seach na ndaoine a bhfuil leas acu san eastát.
(2) Ach amháin i gcás lena mbaineann alt 56, ní dhéanfar leithreasú faoin alt seo ar dhóigh ba dhochar d'aon réadtiomnú nó tiomnú sonrach.
(3) Ach amháin i gcás lena mbaineann alt 56, ní dhéanfar leithreasú faoin alt seo mura ndearnadh fógra faoin leithreasú beartaithe a sheirbheáil ar na páirtithe go léir atá i dteideal scaire san eastát (seachas daoine ab fhéidir a theacht chun bheith ann i ndiaidh thráth an leithreasaithe nó daoine nach féidir a fháil nó a chinntiú an tráth sin tar éis fiosrúcháin réasúnaigh) agus féadfaidh aon pháirtí acu sin, laistigh de shé sheachtain ó seirbheáladh an fógra sin air, a iarraidh ar an gcúirt an leithreasú a thoirmeasc.
(4) Ní dhéanfar leithreasú ar mhaoin, cibé acu is infheistíocht í atá údaraithe le dlí nó uacht, más ann, an éagaigh, nó nach ea, faoin alt seo (ach amháin mar a luaitear san alt seo) gan toiliú a fháil mar a leanas:
(a) más chun tairbhe do dhuine ag a bhfuil teideal iomlán tairbhiúil i seilbh a dhéantar é, toiliú an duine sin;
(b) más i leith aon scaire socraithe a dhéantar é, toiliú an iontaobhaí uirthi, más ann (agus nach é an t-ionadaí pearsanta é freisin), nó an duine a bheadh de thuras na huaire i dteideal an ioncaim.
(5) Más naíon nó duine mímheabhrach an duine ar gá a thoiliú amhlaidh, déanfaidh a thuismitheoirí nó a thuismitheoir, a chaomhnóir, a chúramaí nó a ghlacadóir, nó, mura bhfuil aon tuismitheoir nó caomhnóir den sórt sin ann i gcás naín, déanfaidh an chúirt, ar iarratas a neaschara, an toiliú a thabhairt thar a cheann.
(6) Ní gá aon toiliú (ach amháin toiliú ó iontaobhaí mar atá ráite) thar ceann duine ab fhéidir a theacht chun bheith ann i ndiaidh thráth an leithreasaithe, nó nach féidir a fháil nó a chinntiú an tráth sin tar éis fiosrúcháin réasúnaigh.
(7) Murar ceapadh aon chúramaí nó glacadóir do dhuine mímheabhrach, ansin, más leithreasú é ar infheistíocht atá údaraithe le dlí nó le huacht, más ann, an éagaigh, ní gá aon toiliú thar ceann an duine mhímheabhraigh.
(8) Más rud é, gan spleáchas do na hionadaithe pearsanta, nach bhfuil aon iontaobhaí ar scair shocraithe ann, agus nach bhfuil aon duine lánaoise agus inniúlachta i dteideal an ioncaim aisti, ní gá aon toiliú le leithreasú i leith na scaire sin ar choinníoll gurb leithreasú ar infheistíocht údaraithe mar atá ráite é.
(9) Aon mhaoin a leithreasófar go cuí faoi na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo, áireofar í ina dhiaidh sin mar infheistíocht údaraithe, agus féadfar í a choinneáil nó déileáil léi dá réir sin.
(10) Chun críocha an leithreasaithe sin, féadfaidh na hionadaithe pearsanta luachanna na gcodanna faoi seach d'eastát agus de dhliteanais an duine éagtha a fhionnadh agus a chinneadh mar is cuí leo, agus chun na críche sin féadfaidh siad luachálaí cuícháilithe a fhostú in aon chás inar gá sin; agus féadfaidh siad aon tíolacas a dhéanamh a bheidh riachtanach chun éifeacht a thabhairt don leithreasú.
(11) Mura rud é, ar iarratas a dhéanamh chuici faoi fho-alt (3), go n-ordóidh an chúirt a mhalairt, beidh leithreasú arna dhéanamh de bhun an ailt seo ina cheangal ar gach duine a mbeidh leas aige i maoin an éagaigh agus nach bhforáiltear leis seo a thoiliú a bheith riachtanach.
(12) Nuair a bheidh an leithreasú á dhéanamh ag na hionadaithe pearsanta, tabharfaidh siad aird ar chearta aon duine ab fhéidir a theacht chun bheith ann ina dhiaidh sin, nó nach féidir a fháil nó a chinntiú tráth an leithreasaithe tar éis fiosrúcháin réasúnaigh, agus ar chearta aon duine eile nach gá toiliú uaidh faoin alt seo.
(13) Ní dhéanann an t-alt seo dochar d'aon chumhacht eile leithreasaithe a thugtar le dlí nó le huacht, más ann, an éagaigh, agus beidh éifeacht aige i dteannta aon chumhachtaí leathnaithe a thugtar le huacht, más ann, an éagaigh, agus, i gcás leithreasú a dhéanamh faoin alt seo, i leith scaire socraithe, fanfaidh an mhaoin a leithreasófar faoi réir gach iontaobhas i gcóir díola agus gach cumhacht maidir le léasú, diúscairt agus bainistí nó athrú infheistíochtaí a bhainfeadh leis an maoin sin nó leis an scair a ndéantar an leithreasú ina leith, dá mba nach ndearnadh aon leithreasú den sórt sin.
(14) Más rud é, tar éis aon mhaoin a leithreasú i bhfeidhmiú airbheartaithe na gcumhachtaí a thugtar leis an alt seo, go ndéanfaidh an duine dar tíolacadh í an mhaoin nó aon leas inti a dhiúscairt, ansin, i bhfabhar ceannaitheora, measfar an leithreasú a bheith arna dhéanamh de réir cheanglais an ailt seo agus tar éis gach fógra agus toiliú ba ghá, má b'aon cheann é, a bheith tugtha.
(15) San alt seo, folaíonn scair shocraithe aon scair nach bhfuil teideal iomlán i seilbh chuici ag duine ar dháta an leithreasaithe agus fairis sin blianacht.
(16) Beidh feidhm ag an alt seo cibé acu ina dhíthiomnóir nó nach ea, agus cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin, a fuair an t-éagach bás, agus beidh réim aige ar mhaoin a bhfeidhmeoidh tiomnóir cumhacht cheapacháin ghinearálta ina leith, agus údaraíonn sé ciste a chur i leataobh chun freagairt do bhlianacht trí bhíthin an ioncaim as an gciste sin nó ar dhóigh eile.
(17) I gcás aon mhaoin a leithreasú faoi fhorálacha an ailt seo, ní bheidh tíolacas ina leith ag na hionadaithe pearsanta chun an duine dá leithreasófar í, de bhrí amháin go ndéanfaidh an duine dá dtíolacfar an mhaoin amhlaidh í a ghlacadh mar shásamh, nó i leith sásaimh, ar leagáid nó scair in eastát iarmharach, inchurtha faoi aon dleacht stampa is airde ná mar is iníoctha ar aistriú maoine pearsanta chun an críche céanna.
(18) Féadfaidh na hionadaithe pearsanta na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú ina bhfabhar féin.
Ceart an chéile mharthanaigh chun a cheangal go leithreasófar teaghais agus airnéisí tí.
[Nua]
[Cf. “teaghais” i 1960 (Uimh. 42) a. 2 (1)]
56.—(1) Más cuid d'eastát duine éagtha teaghais a raibh, an tráth a fuair an t-éagach bás, gnáthchónaí ann ar an gcéile marthanach, féadfaidh an céile marthanach, faoi réir fho-alt (5), a cheangal i scríbhinn ar na hionadaithe pearsanta an teaghais a leithreasú faoi alt 55 mar shásamh, nó i leith sásaimh, ar aon scair de chuid an chéile mharthanaigh.
(2) Féadfaidh an céile marthanach a cheangal freisin i scríbhinn ar na hionadaithe pearsanta aon airnéisí tí a leithreasú mar shásamh, nó i leith sásaimh, ar aon scair de chuid an chéile mharthanaigh.
(3) Mura leor scair chéile mharthanaigh chun go bhféadfaí leithreasú a dhéanamh faoi fho-alt (1) nó (2), cibé acu é, féadfar an ceart a thugtar leis an bhfo-alt iomchuí a fheidhmiú freisin maidir le scair aon naín arb iontaobhaí ina leith faoi alt 57 nó ar dhóigh eile an céile marthanach.
(4) Beidh de dhualgas ar na hionadaithe pearsanta fógra faoi na cearta a thugtar leis an alt seo a thabhairt i scríbhinn don chéile marthanach.
(5) Ní bheidh ceart a thugtar leis an alt seo infheidhmithe—
(a) tar éis sé mhí ó fuair an céile marthanach an fógra sin nó tar éis bliana ón gcéad uair a baineadh amach ionadaíocht eastát an éagaigh, cibé acu is déanaí, ná
(b) maidir le teaghais, in aon chás dá luaitear i bhfo-alt (6), mura rud é, ar iarratas a dhéanamh do na hionadaithe pearsanta nó don chéile marthanach, gur deimhin leis an gcúirt gurb éadóigh go dtabharfaidh feidhmiú an chirt sin laghdú ar luach sócmhainní an éagaigh, seachas an teaghais, nó gur deacraide iad a dhiúscairt i gcúrsa cuí riaracháin agus go n-údaróidh an chúirt í a fheidhmiú.
(6) Baineann mír (b) d'fho-alt (5) agus mír (d) d'fho-alt (10) leis na cásanna seo a leanas:
(a) más rud é gur cuid d'fhoirgneamh an teaghais, agus go bhfuil eastát nó leas san fhoirgneamh iomlán ina chuid den eastát;
(b) má tá an teaghais ar teachtadh maille le talamh talmhaíochta a bhfuil eastát nó leas ann ina chuid den eastát;
(c) má bhí an t-iomlán nó cuid den teaghais á úsáid, tráth an bháis, mar óstán, teach aíochta nó teach lóistín;
(d) má bhí cuid den teaghais á húsáid, tráth an bháis, chun críocha seachas críocha tís.
(7) Ní choiscfidh aon ní i bhfo-alt (12) d'alt 55 na hionadaithe pearsanta ó éifeacht a thabhairt do na cearta a thugtar leis an alt seo.
(8) (a) Fad a leanfaidh ceart a thugtar leis an alt seo de bheith infheidhmithe, ní dhéanfaidh nahionadaithe pearsanta, gan toiliú i scríbhinn ón gcéile marthanach nó gan cead na cúirte arna thabhairt tar éis iarratas faoi mhír (b) d'fho-alt (5) a dhiúltú, an teaghais ná na hairnéisí tí a dhíol ná a dhiúscairt ar dhóigh eile ach amháin i gcúrsa riaracháin mar gheall ar uireasa sócmhainní eile.
(b) Ní bheidh feidhm ag an bhfo-alt seo más ionadaí pearsanta an céile marthanach.
(c) Ní thabharfaidh aon ní san fho-alt seo aon cheart don chéile marthanach i gcoinne ceannaitheora ó na hionadaithe pearsanta.
(9) Na cearta a thugtar leis an alt seo do chéile marthanach, folaíonn siad ceart chun a cheangal go ndéanfar leithreasú go páirteach mar shásamh ar scair in eastát an éagaigh agus go páirteach i ndíol íocaíochta airgid ón gcéile marthanach thar ceann an chéile féin agus freisin thar ceann aon naín darb iontaobhaí faoi alt 57 nó ar dhóigh eile an céile.
(10) (a) I dteannta na gceart a thugtar leis an alt seo chun a cheangal go ndéanfar leithreasú, féadfaidh an céile marthanach, fad a leanfaidh ceart a thugtar leis an alt seo de bheith infheidhmithe, iarratas a dhéanamh chun na cúirte ar leithreasú thar ceann an chéile féin agus freisin thar ceann aon naín darb iontaobhaí faoi alt 57 nó ar dhóigh eile an céile.
(b) Más é tuairim na cúirte, ar aon iarratas den sórt sin a dhéanamh chuici, go mbeadh a athrach, in imthosca speisialta an cháis, ina ábhar cruatain don chéile marthanach, nó don chéile marthanach agus d'aon naíon den sórt sin, féadfaidh sí a ordú go ndéanfar leithreasú chun an chéile gan an íocaíocht airgid dá bhforáiltear i bhfo-alt (9) nó faoi réir íocaíochta de mhéid is réasúnach leis an gcúirt.
(c) Féadfaidh an chúirt cibé ordú eile a dhéanamh maidir le riaradh eastát an éagaigh is dóigh leis an gcúirt a bheith cóir cothromasach ag féachaint d'fhorálacha an Achta seo agus do na himthosca go léir.
(d) Ní dhéanfaidh an chúirt ordú faoin bhfo-alt seo maidir le teaghais in aon chás dá luaitear i bhfo-alt (6), mura deimhin leis an gcúirt gurb éadóigh go dtabharfadh an t-ordú laghdhú ar luach sócmhainní an éagaigh, seachas an teaghais, nó gur deacraide iad a dhiúscairt i gcúrsa cuí riaracháin.
(11) Is i ndlísheomraí a éistfear gach imeacht maidir leis an alt seo.
(12) Más duine dímheabhrach an céile marthanach agus má tá cúramaí ar eastát an chéile, féadfaidh an cúramaí, le cead na cúirte a cheap an cúramaí, ceanglas nó toiliú faoin alt seo a dhéanamh nó a thabhairt thar ceann an chéile, nó, mura bhfuil cúramaí ann, féadfaidh an Ard-Chúirt nó, i gcás atá faoi dhlínse na Cúirte Cuarda, féadfaidh an Chúirt sin, é a dhéanamh nó a thabhairt.
(13) Measfar chun críocha dleachta comharbais gur comharbas a gabhadh ón éagach leithreasú lena mbaineann an t-alt seo.
(14) San alt seo—
ciallaíonn “teaghais” eastát nó leas i bhfoirgneamh a áitítear mar theaghais ar leithligh nó cuid, a áitítear amhlaidh, d'aon fhoirgneamh, agus folaíonn sé aon ghairdín nó giodán talún a ghabhann leis an teaghais agus a áitítear maille léi de ghnáth nó is gá ar dhóigh eile le haghaidh taitneamhacht nó áisiúlacht na teaghaise;
ciallaíonn “airnéisí tí” troscán, línéadach, soithí poircealláin, gloine, leabhair agus airnéisí eile, a bhíonn á n-úsáid nó ina n-ornáidí de ghnáth i dteach, agus freisin stórais inchaite, earraí gairdín agus ainmhithe tí, ach ní fholaíonn sé aon áirnéisí a bhí á n-úsáid tráth báis an éagaigh chun críocha gnó nó críocha gairmiúla ná airgead ná urrús ar airgead.
Ceapadh iontaobhaithe ar mhaoin naín ag ionadaithe pearsanta.
[Nua]
57.—(1) Má bhíonn naíon i dteideal aon scaire in eastát duine éagtha agus nach mbeidh aon iontaobhaithe i leith na scaire sin ábalta agus toilteanach gníomhú, féadfaidh ionadaithe pearsanta an éagaigh corparáid iontaobhais nó aon bheirt duine nó níos mó (a bhféadfaidh na hionadaithe pearsanta nó aon duine acu nó corparáid iontaobhais a bheith orthu) a cheapadh le bheith ina n-iontaobhaithe i leith na scaire sin don naíon, agus féadfaidh siad cibé forcinntiú a fhorghníomhú nó cibé beart eile a dhéanamh is gá chun an scair a dhílsiú don iontaobhaí a cheapfar amhlaidh. Mura ndéantar ceapachán beidh na hionadaithe pearsanta ina n-iontaobhaithe chun críocha an ailt seo.
(2) Ar cheapachán den sórt sin a dhéanamh beidh na hionadaithe pearsanta, sa cháil sin dóibh, urscaoilte ó gach dliteanas feasta i leith na maoine a dhílseofar do na hiontaobhaithe a cheapfar amhlaidh.
Cumhachtaí iontaobhaithe maoine naín.
[Nua]
1881, c. 41.
58.—(1) Féadfar maoin a dhílseofar faoi alt 57 a choinneáil sa riocht nó sa staid infheistíochta ina bhfuil sí nó féadfar í a chomhshó in airgead agus í a infheistiú in aon urrús a n-údaraítear le dlí d'iontaobhaí airgead a infheistiú ann, le cumhacht, de rogha na n-iontaobhaithe, na hinfheistíochtaí sin a mhalartú ar infheistíochtaí eile a údaraítear amhlaidh.
(2) Má thagann naíon i dteideal aon eastáit nó leasa i dtalamh faoi dhíthiomnacht agus dá dhroim sin nach mbeidh aon ionstraim ann faoina dtig nó faoina bhfaightear eastát nó leas an naín, measfar an t-eastát nó an leas sin a bheith ina ábhar socraíochta chun críocha na Settled Land Acts, 1882 to 1890, agus measfar na daoine is iontaobhaithe faoi alt 57 a bheith ina n-iontaobhaithe i leith na socraíochta sin.
(3) Beidh duine is iontaobhaí aonair faoi alt 57 i dteideal airgead iontaobhais caipitil a fháil.
(4) Measfar daoine is iontaobhaithe faoi alt 57 a bheith ina n-iontaobhaithe chun críocha ailt 42 agus 43 den Conveyancing Act, 1881.
(5) Gan dochar d'aon chumhachtaí faoi na hailt sin 42 agus 43, féadfaidh daoine is iontaobhaithe faoi alt 57 caipiteal aon scaire san eastát chun a bhfuil teideal ag an naíon a íoc nó a úsáid, tráth nó tráthanna ar bith, le haghaidh réamhshocrú nó chun tairbhe an naín ar cibé dóigh is cuí leo, dá rogha féin go hiomlán, agus féadfaidh siad, go háirithe, aon ghnó a sheoladh a bhfuil an naíon i dteideal scaire ann.
(6) Féadfaidh an céile marthanach na cumhachtaí a thugtar le fo-alt (5) a fheidhmiú freisin mar iontaobhaí aon mhaoine de chuid naín a leithreasófar de réir alt 56.
Cumhacht chun maoin a leanúint.
[Athlua ar an dlí a bhaineann leis an gceart chun maoin a leanúint; maidir le heastát réadach, féach,
1830 (c. 47),
1839 (c. 60) agus
1848 (c. 87)]
59.—(1) Aon mhaoin a bheidh tíolactha ag ionadaithe pearsanta do dhuine ar bith (seachas ceannaitheoir), leanfaidh sí, fad a fhanfaidh sí dílsithe don duine sin, nó d'aon duine a bheidh ag éileamh faoi (nach ceannaitheoir é), de bheith faoi dhliteanas chun fiacha an éagaigh agus aon scair san eastát a fhreagairt sa mhéid go raibh sí faoi dhliteanas amhlaidh nuair a dílsíodh sna hionadaithe pearsanta í.
(2) I gcás an mhaoin a dhíol nó a mhorgáistiú ag duine (nach ceannaitheoir) dar tíolacadh í ó na hionadaithe pearsanta, nó ag aon duine a bheidh ag éileamh faoi (nach ceannaitheoir é), leanfaidh an díoltóir nó an morgáisteoir de bheith faoi dhliteanas pearsanta sna fiacha sin, agus in aon scair san eastát sa mhéid go raibh an mhaoin faoi dhliteanas amhlaidh nuair a dílsíodh sna hionadaithe pearsanta í.
(3) Beidh feidhm ag an alt seo cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin a fuair an t-éagach bás.
Cumhachtaí chun déileáil le heastát, etc.,
[Athlua agus soiléiriú ar an dlí a bhaineann le heastát pearsanta, agus eastát réadach a thabhairt faoina réim; maidir le heastát réadach, féach 1859 (c. 35) a. 14 go 18]
[1840 (c. 105) a. 61]
[1840 (c. 105) a. 62]
[Nua]
[Fairsingiú ar chumhachtaí a thugtar le 1893 (c. 53) a. 21]
60.—(1) Féadfaidh ionadaithe pearsanta úinéara éagtha talún, i dteannta aon chumhachtaí eile a thugtar dóibh leis an Acht seo—
(a) cibé léasanna ar an talamh a thabhairt is gá de réir réasúin le haghaidh riarachán cuí eastát an úinéara éagtha; nó
(b) le toiliú na dtairbhithe, nó le ceadú na cúirte, léasanna ar an talamh a thabhairt ar feadh cibé téarma agus ar cibé coinníollacha is cuí leis na hionadaithe pearsanta; nó
(c) fodheontas feofheirme i leith na talún, nó foléas air le frithdhílse ainmniúil, a thabhairt, ar cibé téarmaí agus coinníollacha is cuí leis na hionadaithe pearsanta, i gcás inarb ionann agus díol go bunúsach an fodheontas feofheirme nó an foléas sin agus inar dheimhnigh na hionadaithe pearsanta dóibh féin gurb é an modh is oiriúnaí é chun an talamh a dhiúscairt i gcúrsa riaracháin an eastáit;
agus, má dhéanann ionadaithe pearsanta aon talamh a dheonú nó a léasú de bhun aon chumhachta a thugtar dóibh leis an bhfo-alt seo, féadfaidh siad aon chíos a forcoimeádadh ar an deontas sin, nó aon fhrithdhílse a bheidh feifeach ar fhoirceannadh aon léasa den sórt sin, a dhíol.
(2) Beidh ceart na n-ionadaithe pearsanta chun seilbh a fháil ar aon áitreabh a d'fhorléas siad, de bhun na cumhachta a thugtar le mír (a) d'fho-alt (1), infheidhmithe d'ainneoin aon ní contrártha dó sin san Acht Srianta Cíosa, 1960.
(3) Féadfaidh ionadaithe pearsanta duine éagtha airgead a chruinniú ó am go ham trí mhorgáiste nó muirear chun íoc as caiteachais, fiacha agus dliteanais, agus as aon cheart dlíthiúil agus, le ceadú na dtairbhithe go léir atá sui juris nó na cúirte (agus ar an dóigh sin amháin), as tógáil, deisiú, feabhsú nó críochnú foirgneamh, nó feabhsú tailte is cuid d'eastát an éagaigh.
(4) Ní dhéanfaidh an t-alt seo dochar ná difear d'aon chumhacht ná dualgas de chuid ionadaithe pearsanta chun aon doiciméad a fhorghníomhú nó aon ghníomh nó ní eile a dhéanamh chun aon idirbheart a chríochnú a ndeachaigh duine éagtha ann roimh a bhás.
(5) Féadfaidh ionadaithe pearsanta duine éagtha tochsal a dhéanamh ar thalamh le haghaidh riaráistí cíosa a bhí dlite nó faibhrithe don éagach ar an dóigh chéanna ina bhféadfadh an t-éagach é a dhéanamh dá mba bheo dó.
(6) Féadfar tochsal a dhéanamh le haghaidh na riaráistí sin tar éis foirceannadh an léasa nó na tionóntachta ionann is nach mbeadh an téarma nó an leas foirceanta, má dhéantar an tochsal—
(a) laistigh de shé mhí tar éis foirceannadh an léasa nó na tionóntachta;
(b) le linn seilbh an léasaí nó an tionónta a raibh na riaráistí dlite uaidh a bheith ar leanúint.
Baineann na hachtacháin maidir le tochsal i leith cíosa le haon tochsal a dhéanfar de bhun an fho-ailt seo.
(7) Féadfaidh na hionadaithe pearsanta tochsal a dhéanamh le haghaidh riaráistí cíosmhuirir a bhí dlite nó faibhrithe don éagach le linn a bheo ar an talamh ar ar luigh sé nó ar ar muirearaíodh é, fad a fhanfaidh an talamh i seilbh an duine a dhlífidh an cíosmhuirear a íoc nó i seilbh na ndaoine a ghabhann teideal uaidh, agus ar an dóigh chéanna ina bhféadfadh an t-éagach é a dhéanamh dá mba bheo dó.
(8) Féadfaidh ionadaithe pearsanta duine éagtha—
(a) glacadh le haon mhaoin roimh an am a bheidh sí inaistrithe nó iníoctha;
(b) aon fhiach nó éileamh a íoc nó a cheadú ar aon fhianaise a mheasfaidh siad de réir réasúin a bheith leordhóthanach;
(c) glacadh le haon imshocrú nó urrús i leith aon fhéich nó maoine a éileofar;
(d) tréimhse a lamháil chun aon fhiach a íoc;
(e) aon fhiach, cuntas, díospóid, éileamh nó ní eile maidir le heastát an éagaigh a chomhréiteach, a imshocrú, a thréigean, a chur faoi eadráin, nó a shocrú ar dhóigh eile;
(f) téarmaí réasúnacha luach saothair a shocrú agus a cheapadh d'aon chorparáid iontaobhais a cheapfaidh siad faoi alt 57 chun gníomhú mar iontaobhaí i leith aon mhaoine agus a údarú don chorparáid iontaobhais sin an luach saothair sin a mhuirearú agus a choinneáil as an maoin sin,
agus chun aon chríche acu sin féadfaidh siad cibé comhaontuithe nó comhshocruithe a dhéanamh agus cibé doiciméid a fhorghníomhú is dóigh leo is fóirsteanach, gan bheith freagrach go pearsanta in aon chaillteanas a tharlóidh de dhroim aon ghnímh nó ní a dhéanfaidh siad amhlaidh de mheon macánta.
(9) Ní dhéanfaidh an t-alt seo dochar ná difear d'aon chumhachtaí a tugadh le huacht d'ionadaithe pearsanta, agus déanfar na cumhachtaí a thugtar leis an alt seo d'ionadaithe pearsanta duine éagtha a fuair bás ina thiomnóir a fheidhmiú faoi réir aon fhorálacha ina uacht maidir le diúscairt a eastáit.
(10) Beidh feidhm ag an alt seo cibé acu roimh thosach feidhme an Achta seo nó dá éis sin a fuair an t-éagach bás.
Ceannaitheoirí ó ionadaithe pearsanta.
[Athlua ar an dlí atá ann: maidir le heastát réadach, féach 1859 (c. 35) a. 17]
61.—Beidh ceannaitheoir ó ionadaithe pearsanta i dteideal a ghlacadh ina áirithe go bhfuil na hionadaithe pearsanta ag gníomhú i gceart agus faoi réim a gcumhachtaí.
An tréimhse don dáileadh.
[1695 (c. 6) a. 4]
62.—(1) Déanfaidh ionadaithe pearsanta duine éagtha a eastát a dháileadh chomh luath i ndiaidh a bháis agus is féidir de réir réasúin ag féachaint do nádúr an eastáit, don dóigh ina gceanglaítear é a dháileadh agus do na himthosca eile go léir is iomchuí, ach ní dhéanfar imeachtaí in aghaidh na n-ionadaithe pearsanta mar gheall ar a mainneachtain sa dáileadh a thionscnamh, gan cead na cúirte, sula mbeidh bliain caite ó dháta báis an éagaigh.
(2) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo dochar ná difear do chearta creidiúnaithe duine éagtha chun imeachtaí a thionscnamh in aghaidh a ionadaithe pearsanta sula mbeidh bliain caite ó dháta a bháis.
Réamhshocruithe do leanaí a thabhairt i gcuntas.
[Nua]
63.—(1) Aon réamhshocrú a dhéanfar do leanbh le duine éagtha le linn a bheo, measfar, faoi réir aon intinne contrártha dó sin a bheidh sainráite nó is léir ó imthosca an cháis, é a bheith arna dhéanamh amhlaidh mar shásamh, nó i leith sásaimh, ar scair an linbh sin in eastát an éagaigh nó ar an scair a thógfadh an leanbh sin dá mba bheo dó ar bhás an éagaigh, agus amhail idir na leanaí tabharfar chun cuntais é i ndáileadh an eastáit.
(2) Déanfar, chun críocha an ailt seo amháin, an réamhshocrú a áireamh mar chuid d'eastát an éagaigh agus a luach a ríomh amhail ar dháta an réamhshocraithe.
(3) Má tá an réamhshocrú comhionann leis an scair, nó níos mó ná an scair, atá an leanbh i dteideal a fháil faoin uacht nó faoi dhíthiomnacht, eisiafar an leanbh nó sliocht an linbh ó aon scair den sórt sin san eastát.
(4) Má tá an réamhshocrú níos lú ná an scair sin, ní bheidh an leanbh nó sliocht an linbh i dteideal a fháil mar shásamh ar an scair sin ach an méid den eastát a bheidh, ar é a chur leis an réamhshocrú, leordhóthanach, chomh gar dó agus is féidir a mheas, chun lánmhéid na scaire sin a dhéanamh suas.
(5) Is ar an duine a déarfaidh go ndearnadh réamhshocrú do leanbh a bheidh dualgas a chruthaithe sin, mura bhfuil an réamhshocrú sainráite i scríbhinn ag an éagach.
(6) Chun críocha an ailt seo, ciallaíonn “réamhshocrú” bronntanas le hintinn buansoláthar a dhéanamh do leanbh agus folaíonn sé réamhshocrú i modh clannchoda nó socraíochta, lena n-áirítear aon leas saoil nó leas is lú ná sin agus lena n-áirítear maoin ar cúnantaíodh í a íoc nó í a shocrú. Folaíonn sé freisin réamhshocrú nó clannchuid chun leanbh a bhunú i ngairm, i gceird nó i ngnó, coibhche agus íocaíochtaí a rinneadh chun oideachas a thabhairt do leanbh de chaighdeán is airde ná mar a sholáthraigh an t-éagach d'aon leanbh nó leanaí eile leis.
(7) Chun críocha un ailt seo, féadfaidh ionadaithe pearsanta luachálaí cuí-cháilithe a fhostú.
(8) Ní choiscfidh aon ní san alt seo ar leanbh an réamhshocrú a choinneáil agus a cheart chun scair faoin uacht nó faoi dhíthiomnacht a thréigean.
(9) Ní dhéanfaidh aon ní san alt seo difear d'aon riail dlí maidir le fiacha clannchoda a shásamh le leagáidí.
(10) San alt seo folaíonn “leanbh” duine a raibh an t-éagach in loco parentis dó.
Dualgas ionadaithe pearsanta maidir le fardal.
[1357 (st. 1. c. 11);
1587 (c. 18);
1695 (c. 6) a. 1]
64.—Arna iarraidh orthu go dleathach é sin a dhéanamh, tabhairfaidh ionadaithe pearsanta duine éagtba faoi mhionn sa chúirt fardal agus cuntas fíor iomlán ar eastát an éagaigh, agus beidh cumhacht ag an gcúirt a chur de cheangal ar ionadaithe pearsanta fardail a thabhairt isteach.
Riarachán thar ceann an Stáit.
[1884 (c. 71) a. 2, 3]
[Nua]
65.—(1) I gcás riarachán eastáit a dheonú chun úsáide nó tairbhe an Stáit (cibé acu don Phríomh-Aturnae Stáit, d'Aturnae an Ard-Aighne nó do dhuine ar bith eile é), beidh aon imeachtaí dlíthiúla ag an riarthóir nó ina choinne chun an t-eastát nó aon scair de a ghnóthú ina n-imeachtaí den chineál céanna, agus tionscnófar agus seolfar iad ar an dóigh chéanna, agus beidh siad faoi réir na rialacha céanna dlí agus cothromais go huile agus go hiomlán, agus dá mb'amhlaidh a tugadh an deontas don riarthóir mar dhuine a bhí i dteideal tairbhiúil chun scaire san eastát.
(2) Ní dhéanfar imeachtaí thar ceann ná i gcoinne an Stáit i leith eastáit duine éagtha nó aon scaire de nó aon éilimh air a thionscnamh ach amháin faoi réir na rialacha céanna dlí agus cothromais ina mbeadh agus faoina mbeadh imeachtaí chun na gcríocha céanna intionscanta ag pearsa phríobháideach nó ina choinne.
(3) I gcás ina mbeidh an Príomh-Aturnae Stáit de thuras na huaire ina riarthóir ar eastát chun úsáide nó tairbhe an Stáit, scoirfidh sé de bheith ina riarthóir ar é a scor de bheith i seilbh oifige agus tiocfaidh a chomharba oifige chun bheith ina riarthóir ina ionad gan athdheontas.
CUID VI
Dáileadh faoi Dhíthiomnacht
Rialacha an dáilte faoi dhíthiomnacht.
66.—Déanfar an t-eastát go léir a raibh teideal tairbhiúil chuige ag duine éagtha le haghaidh eastáit nó leasa nár scoir ar a bhás, agus is eastát a bhfaighidh sé bás ina dhíthiomnóir ina leith tar éis tosach feidhme an Acht seo, a dháileadh de réir an Achta seo tar éis na caiteachais, na fiacha agus na dliteanais uile agus aon cheart dlíthiúil ab iníoctha go cuí as a íoc.
Scaireanna chéile mharthanaigh agus an tsleachta.
[Nua. Féach 1695 (c. 6) a. 1, 2, 3]
67.—(1) Má fhaigheann díthiomnóir bás agus go bhfágfaidh sé céile ach nach bhfágfaidh sé aon sliocht, tógfaidh an céile an t-eastát go léir.
(2) Má fhaigheann díthiomnóir bás agus go bhfágfaidh sé céile agus sliocht—
(a) tógfaidh an céile dhá thrian den eastát, agus
(b) dáilfear an fuíoll ar an sliocht de réir fho-alt (4).
(3) Má fhaigheann díthiomnóir bás agus go bhfágfaidh sé sliocht ach nach bhfágfaidh sé aon chéile, dáilfear a eastát ar an sliocht de réir fho-alt (4).
(4) Más ionann an ghlúin ghaoil leis an éagach atá ag gach duine den sliocht, is ina scaireanna comhionanna a dhéanfar an dáileadh orthu; murb ionann, is per stirpes a dhéanfar é.
Scaireanna tuismitheoirí.
[Nua. Féach 1695 (c. 6) a. 3, 8]
68.—Má fhaigheann díthiomnóir bás gan céile ná sliocht a fhágáil, dáilfear a eastát ar a thuismitheoirí ina scaireanna comhionanna má mhaireann siad beirt i ndiaidh an díthiomnóra, ach, mura maireann ina dhiaidh ach tuismitheoir amháin, tógfaidh an tuismitheoir sin an t-eastát go léir.
Scaireanna deartháireacha agus deirféaracha agus a leanaí.
[Féach 1695 (c. 6) a. 2, 3]
69.—(1) Má fhaigheann díthiomnóir bás gan céile ná sliocht ná tuismitheoir a fhágáil, dáilfear a eastát ar a dheartháireacha agus a dheirfiúracha ina scaireanna comhionanna, agus, má bhíonn aon deartháir nó deirfiúr gan maireachtáil i ndiaidh an díthiomnóra, tógfaidh leanaí marthanacha an dearthár nó na deirféar éagtha, má mhaireann aon deartháir nó deirfiúr eile leis an éagach i ndiaidh an éagaigh, ina scaireanna comhionanna an scair a thógfadh a dtuismitheoir dá maireadh sé nó sí i ndiaidh an díthiomnóra.
(2) Má fhaigheann díthiomnóir bás gan céile ná sliocht ná tuismitheoir ná deartháir ná deirfiúr a fhágáil, dáilfear a eastát ina scaireanna comhionanna ar leanaí a dheartháireacha agus a dheirfiúracha.
Scaireanna neasghaolta.
[Féach 1695 (c. 6) a. 2, 3]
70.—(1) Má fhaigheann díthiomnóir bás gan céile ná sliocht ná tuismitheoir ná deartháir ná deirfiúr ná leanaí le haon deartháir nó deirfiúr éagtha a fhágáil, déanfar, faoi réir na bhforálacha ina dhiaidh seo den Chuid seo, a eastát a dháileadh ina scaireanna comhionanna ar a neasghaolta.
(2) Ní ghlacfar ionadaíocht neasghaolta i measc taobhghaolta ach amháin i gcás leanaí le deartháireacha agus deirfiúracha an díthiomnóra má mhaireann aon deartháir nó deirfiúr eile leis an díthiomnóir i ndiaidh an díthiomnóra.
Fionnadh neasghaolta.
[Nua]
71.—(1) Faoi réir na gceart ionadaíochta a luaitear i bhfo-alt (2) d'alt 70, measfar an duine nó na daoine is gaire gaol fola don díthiomnóir ar dháta a bháis a bheith ina neasghaol nó ina neasghaolta dó.
(2) Ríomhfar glúine gaoil fhola sinsearaigh réimdhírigh trí chomhaireamh siar ón díthiomnóir go dtí an sinsearach sin, agus cinnfear glúine gaoil fhola aon duine gaoil eile trí chomhaireamh siar ón díthiomnóir go dtí an comhshinsearach is gaire don díthiomnóir agus don duine gaoil sin, agus ansin anuas ón sinsearach sin go dtí an duine gaoil; ach má chinntear amhlaidh go bhfuil sinsearach réimdhíreach agus aon duine gaoil eile sa ghlúin chéanna ghaoil fhola leis an díthiomnóir, tabharfar tosaíocht don duine gaoil eile agus fágfar as áireamh an sinsearach réimdhíreach.
Leasghaolta.
[Nua maidir le heastát réadach]
72.—Áireofar leasghaolta mar lánghaolta sa ghlúin ghaoil chéanna, agus tiocfaidh siad i gcomharbas go comhionann leo.
An Stát mar chomharba ar deireadh thiar faoi dhíthiomnacht.
[Nua. Gabhann ionad an eiséata agus bona vacantia]
[Cf. 1954. (No. 25) s. 31]
73.—(1) D'éagmais aon duine a bheith ag tógáil eastát díthiomnóra, cibé acu faoin gCuid seo nó ar dhóigh eile é, tógfaidh an Stát an t-eastát mar chomharba ar deireadh thiar faoi dhíthiomnacht.
(2) Féadfaidh an tAire Airgeadais, más cuí leis é, ceart an Stáit faoin alt seo a tharscaoileadh, go hiomlán nó go páirteach, agus i bhfabhar cibé duine agus ar cibé téarmaí (agus íoc airgid a bheith nó gan a bheith ar na téarmaí sin) is cuí leis ag féachaint d'imthosca uile an cháis.
(3) Beidh réim ag alt 32 den Acht Maoine Stáit, 1954 (lena ndéantar foráil chun talamh áirithe a shéanadh a chineachfaidh chun an Stáit trí eiséatadh nó mar bona vacantia) maidir le leas an deontaí faoi dheontas feofheirme agus le leas an léasaí faoi léas, i gcás ceart chun an leasa sin a bheith ag an Stát mar chomharba ar deireadh thiar faoi dhíthiomnacht.
Páirtdíthiomnacht.
[1830 (c. 40)]
74.—Mura ndéanann uacht tiomnóra diúscairt éifeachtach ach ar chuid dá eastát, dáilfear an fuíoll ionann is dá mba ina dhíthiomnóir a fuair sé bás agus nár fhág sé aon eastát eile.
Forléiriú doiciméad.
[Nua]
75.—(1) Forléireofar mar thagairtí don Chuid seo tagairtí d'aon Reachtanna Dáilte in ionstraim inter vivos a dhéanfar, nó in uacht a thiocfaidh i ngníomh, tar éis tosach feidhme an Achta seo, mura léir a mhalairt uathu; agus déanfar tagairtí in ionstraim nó uacht den sórt sin do neasghaolta reachtúla a fhorléiriú, mura léir a mhalairt uathu, mar thagairtí do na daoine a thiocfadh i gcomharbas faoi dhíthiomnacht faoi na forálacha roimhe seo den Chuid seo.
(2) Aon iontaobhais a dhearbhófar faoi threoir aon Reachtanna Dáilte in ionstraim inter vivos a dhéanfar, nó in uacht a thiocfaidh i ngníomh, roimh thosach feidhme an Achta seo, forléireofar iad, mura léir a mhalairt uathu, mar thagairtí do na hachtacháin (seachas an tAcht an Eastáit Dí-thiomnóirí, 1954) maidir le dáileadh earraí díthiomnóirí a bhí i bhfeidhm díreach roimh thosach feidhme an Achta seo.
CUID VII
Uachtanna
Maoin a fhéadfar a dhiúscairt le huacht.
[1837 (c. 26) a. 3]
76.—Féadfaidh duine lena uacht, arna forghníomhú de réir an Achta seo, an mhaoin go léir a dhiúscairt a mbeidh teideal tairbhiúil aige chuici tráth a bháis agus a chineachfaidh chun a ionadaithe pearsanta ar bhás a fháil dó.
Inniúlacht ar uacht a dhéanamh.
[1837 (c. 26) a. 7 arna leasú]
[1964 (Uimh. 7) a. 7 (7)]
77.—(1) Chun uacht a bheith bailí ní foláir an té a dhéanfaidh í a bheith ina dhuine—
(a) a bhfuil ocht mbliana déag d'aois slán aige nó atá, nó a bhí, pósta, agus
(b) atá slánmheabhrach chun diúscartha.
(2) Duine atá i dteideal caomhnóir a cheapadh do naíon féadfaidh sé an ceapachán a dhéanamh le huacht d'ainneoin nach duine lena mbaineann mír (a) d'fho-alt (1) é.
Síniú agus fianú uachta.
[1837 (c. 26) a. 9 agus 1852 (c. 24) a. 1]
78.—Chun uacht a bheith bailí ní foláir í a bheith i scríbhinn agus í a fhorghníomhú de réir na rialacha seo a leanas:
1. Déanfaidh an tiomnóir, nó duine éigin ina láthair agus faoina threorú, í a shíniú ag a bun nó ag a deireadh.
2. Déanfaidh nó admhóidh an tiomnóir an síniú sin i láthair gach duine de bheirt fhinné nó níos mó, a bheidh i láthair san am céanna, agus déanfaidh gach finné síniú an tiomnóra a fhianú lena shíniú i láthair an tiomnóra, ach ní gá aon fhoirm fhianaithe ná ní gá do na finnéithe síniú i láthair a chéile.
3. Chomh fada is a bhaineann leis an ionad do shíniú an tiomnóra nó an duine a shíneoidh dó faoi riail l, is leor an síniú a chur ag deireadh na huachta, nó i ndiaidh, nó ar lorg, nó faoi bhun, nó le hais, nó os coinne dheireadh na huachta, ar dhóigh gur léir ar éadan na huachta go raibh sé d'intinn ag an tiomnóir éifeacht a thabhairt leis an síniú don scríbhinn a síníodh mar uacht aige.
4. Ní dhéanfaidh na himthosca seo a leanas difear d'aon uacht den sórt sin—
(a) nach bhfuil an síniú ar lorg, nó go díreach i ndiaidh, bhun nó dheireadh na huachta; nó
(b) go bhfuil spás folamh idir focal deireanach na huachta agus an síniú; nó
(c) go bhfuil an síniú curtha i measc focail chlásal an testimonium nó an chlásail fhianaithe, nó go dtagann sé ar lorg, nó go bhfuil sé i ndiaidh, nó faoi bhun, an chlásail fhianaithe, agus spás folamh a bheith eatarthu nó gan a bheith, nó go dtagann sé ar lorg, nó go bhfuil sé i ndiaidh, nó faoi bhun, nó le hais ainmneacha nó ceann d'ainmneacha na bhfinnéithe a d'fhianaigh í; nó
(d) go bhfuil an síniú ar thaobh nó ar leathanach nó ar chuid eile den pháipéar nó de na páipéir ina bhfuil an uacht atá gan aon chlásal ná mír ná cuid dhiúscarthach den uacht scríofa ann os cionn an tsínithe; nó
(e) gur léir dóthain spáis don síniú a bheith ar an taobh nó an leathanach nó an chuid eile, nó in íochtar an taoibh, nó an leathanaigh nó na coda eile, roimhe sin den pháipéar céanna ar a bhfuil an uacht scríofa;
agus ní chuirfidh ríomh na n-imthosca sin thuas srian le ginearáltacht riail 1.
5. Ní oibreoidh síniú chun éifeacht a thabhairt d'aon diúscairt nó treoir a chuirfear isteach tar éis an síniú a dhéanamh.
Ceapacháin le huacht.
[1837 (c. 26) a. 10]
79.—(1) Ní bheidh ceapachán a dhéanfar le huacht, i bhfeidhmiú cumhachta ar bith, bailí mura bhforghníomhaítear é de réir an Achta seo.
(2) Gach uacht a fhorghníomhófar amhlaidh, beidh sí, chomh fada is a bhaineann lena forghníomhú agus lena fianú, ina forghníomhú bailí ar chumhacht cheapacháin le huacht, d'ainneoin é a bheith ceangailte go sainráite go mbeidh uacht arna déanamh i bhfeidhmiú na cumachta sin le forghníomhú le foirm éigin bhreise nó eile fhorghníomhaithe nó shollúntachta.
Gan foilsiú uachta a bheith riachtanach.
[1837 (c. 26) a. 13]
80.—Gach uacht a fhorghníomhófar de réir an Achta seo, beidh sí bailí gan a thuilleadh foilsithe uirthi.
Gan uacht a bheith ar neamhní mar gheall ar neamhinniúlacht finné.
[1837 (c. 26) a. 14]
81.—Má bhíonn duine a fhianóidh forghníomhú uachta neamhinniúil, tráth an fhorghníomhaithe nó aon uair ina dhiaidh sin, lena ghlacadh mar fhinné chun an forghníomhú a chruthú, ní bheidh an uacht neamhbhailí dá bhíthin sin.
Bronntanais d'fhinné fianaithe, nó do chéile finné, a bheith ar neamhní.
[1837 (c. 26) a. 15]
82.—(1) Má fhianaíonn duine forghníomhú uachta, agus go dtabharfar nó go ndéanfar leis an uacht sin aon réadtiomnú, tiomnú, eastát, leas, bronntanas, nó ceapachán, ar aon mhaoin nó ag baint le haon mhaoin (seachas muirir agus treoracha chun aon fhiach nó fiacha a íoc) don duine sin nó do chéile an duine sin, beidh an réadtiomnú, an tiomnú, an t-eastát, an leas, an bronntanas, nó an ceapachán sin, chomh fada is a bhaineann leis an duine a d'fhianaigh forghníomhú na huachta, nó le céile an duine sin, nó le haon duine a bheidh ag éileamh faoin duine sin nó faoin gcéile sin, agus sa mhéid sin amháin, ar neamhní go huile agus go hiomlán.
(2) Glacfar leis an duine a rinne fianú amhlaidh mar fhinné chun forghníomhú na huachta a chruthú, nó chun a bailíocht nó a neamhbhailíocht a chruthú, d'ainneoin an réadtiomnaithe, an tiomnaithe, an eastáit, an leasa, an bhronntanais, nó an cheapacháin sin.
Creidiúnaí a d'fhianaigh uacht a chuir fiacha de mhuirear ar eastát a bheith inghlactha mar fhinné.
[1837 (c. 26) a. 16]
83.—Má dhéantar le huacht aon fhiach nó fiacha a mhuirearú ar aon eastát, agus go ndéanfaidh creidiúnaí, nó céile creidiúnaí, a muirearófar a fhiach amhlaidh, fianú ar fhorghníomhú na huachta, déanfar, d'ainneoin an mhuirearaithe sin, an creidiúnaí a ghlacadh ina fhinné chun forghníomhú na huachta a chruthú, nó chun a bailíocht nó a neamhbhailíocht a chruthú.
Seiceadóir inghlactha mar fhinné.
[1837 (c. 26) a. 17]
84.—Ní bheidh duine, de bhíthin amháin é a bheith ina sheiceadóir uachta, neamhinniúil lena ghlacadh ina fhinné chun forghníomhú na huachta a chruthú, nó ina fhinné chun a bailíocht nó a neamhbhailíocht a chruthú.
Cúlghairm uachta.
[Nua. Cf. 1837 (c. 26) a. 18]
[1837 (c. 26) a. 19, 20]
85.—(1) Cúlghairfear uacht trí phósadh an tiomnóra ina dhiaidh sin, ach amháin uacht a rinneadh agus an pósadh sin á bheartú, cibé acu a bhí sin sainráite san uacht nó nach raibh.
(2) Faoi réir fho-alt (1), ní chúlghairfear aon uacht, ná aon chuid di, ach amháin le huacht eile nó le codaisíl arna fhorghníomhú go cuí, nó le scríbhinn éigin a dhearbhaíonn intinn a cúlghairthe agus a forghníomhaíodh ar an dóigh a gceanglaítear uacht a fhorghníomhú, nó trína dó, trína stróiceadh, nó trína díothú ag an tiomnóir, nó ag duine éigin ina láthair agus faoi threorú uaidh, le hintinn í a chúlghairm.
Athruithe in uacht tar éis a forghníomhaithe.
[1837 (c. 26) a. 21]
86.—Má dhéantar scriosadh, idirlíniú, nó athrú eile in uacht tar éis a forghníomhaithe, ní bheidh sin bailí ná ní bheidh éifeacht ar bith leis, mura bhforghníomhaítear an t-athrú sin mar a cheanglaítear an uacht a fhorghníomhú; ach measfar an uacht, agus an t-athrú sin ina chuid di, a bheith forghníomhaithe go cuí má bhíonn síniú an tiomnóra agus síniú gach finné déanta ar imeall na huachta nó ar chuid éigin eile di os coinne nó in aice an athraithe sin, nó ag bun nó ag deireadh nó os coinne meabhráin a thagraíonn don athrú sin, agus a bheidh scríofa ag deireadh chuid éigin eile den uacht.
Gan uacht chúlghairthe a athbheochan ach amháin trína hathfhorghníomhú nó le codaisíl.
[1837 (c. 26) a. 22]
87.—Ní dhéanfar aon uacht ná aon chuid di, a bheidh cúlghairthe ar dhóigh ar bith, a athbheochan ach amháin trína hathfhorghníomhú nó le codaisíl arna forghníomhú go cuí a léireoidh intinn a hathbheoite; agus nuair a dhéanfar aon uacht nó codaisíl a bhí cúlghairthe go páirteach, agus a cúlghaireadh go hiomlán ina dhiaidh sin, a athbheochan, ní bheidh réim ag an athbheochan sin maidir leis an méid di a bhí cúlghairthe sular cúlghaireadh í go hiomlán, mura léirítear a mhalairt d'intinn.
Gan tíolacas nó gníomh eile ina dhiaidh sin a bheith ina chosc ar oibriú uachta.
[1837 (c. 26) a. 23]
88.—Más rud é, tar éis uacht a fhorghníomhú, go ndéanfar tíolacas nó gníomh eile maidir le haon eastát a bhí ar áireamh san uacht, ach amháin gníomh lena gcúlghairfear an uacht, ní chuirfidh an tíolacas nó an gníomh cosc le hoibriú na huachta maidir le haon eastát nó leas sa mhaoin a mbeidh cumhacht a dhiúscartha le huacht ag an tiomnóir tráth a bháis.
Uacht a labhairt ó bhás an tiomnóra.
[1837 (c. 26) a. 24 arna leathnú chun gabháil thar Wild's Case (1599) 6 Co. Rep. 16b]
89.—Déanfar gach uacht, maidir leis an eastát go léir a bheidh ar áireamh san uacht agus le gach réadtiomnú nó tiomnú inti, a fhorléiriú chun labhairt agus chun éifeacht a bheith aici ionann is dá mba díreach roimh bhás an tiomnóra a forghníomhaíodh í, mura léir a mhalairt d'intinn ón uacht.
Fianaise eistreach maidir le huacht.
[Nua]
90.—Beidh fianaise eistreach inghlachta chun intinn an tiomnóra a thaispeáint agus chun cabhrú i bhforléiriú uachta nó chun aon chontrárthacht in uacht a mhíniú.
Eastát a áirítear i mbronntanais scaoilte nó neamhnithe a áireamh i réadtiomnú nó tiomnú iarmharach.
[1837 (c. 26) a. 25]
91.—Mura léir a mhalairt d'intinn ón uacht, aon eastát a bheidh nó a raibh d'intinn é a bheith ar áireamh in aon réadtiomnú nó tiomnú san uacht agus a theipfidh nó a bheidh ar neamhní de bhrí nár mhair an réadtiomnaí nó an leagáidí i ndiadh an tiomnóra, nó de bhrí go bhfuil an réadtiomnú nó an tiomnú contrártha don dlí nó nach féidir ar chúis eile é a theacht in éifeacht, áireofar é in aon réadtiomnú nó tiomnú iarmharach, cibé acu é, a bheidh san uacht.
Léasacht agus ruíleas a áireamh i réadtiomnú ginearálta talún.
[1837 (c. 26) a. 26]
92.—Forléireofar réadtiomnú ginearálta talún mar ní a fholaíonn leasanna léasachta chomh maith le heastáit ruílse, mura léir a mhalairt d'intinn ón uacht.
Maoin ar a bhfuil cumhacht cheapacháin ghinearálta ag an tiomnóir a áireamh i mbronntanas ginearálta réadais nó pearsantais.
[1837 (c. 26) a. 27]
93.—Forléireofar réadtiomnú ginearálta talún mar ní a fholaíonn aon talamh a mbeadh cumhacht ag an tiomnóir ceapachán a dhéanamh ina leith mar ba chuí leis, agus oibreoidh sé mar fhorghníomhú ar an gcumhacht sin, mura léir a mhalairt d'intinn ón uacht; agus ar an gcuma chéanna forléireofar tiomnú ginearálta ar eastát pearsanta (seachas talamh) an tiomnóra mar ní a fholaíonn aon eastát den sórt sin a mbeadh cumhacht aige ceapachán a dhéanamh ina leith mar ba chuí leis, agus oibreoidh sé mar fhorghníomhú ar an gcumhacht sin, mura léir a mhalairt d'intinn ón uacht.
Réadtiomnú eastáit réadaigh gan focail chinnteachta a bheith ina aistriú ar an eastát iomlán.
[1837 (c. 26) a. 28, 30, 31]
94.—I gcás eastát réadach a réadtiomnú do dhuine (lena n-áirítear iontaobhaí nó seiceadóir) gan aon fhocail chinnteachta, forléireofar an réadtiomnú mar ní a aistríonn an t-eastát nó an leas iomlán a raibh cumhacht ag an tiomnóir é a dhiúscairt le huacht san eastát réadach, mura léir a mhalairt d'intinn ón uacht.
Bunú eastát sainoidhrithe
[Nua. Gabháil thar Wild's Case (1599) 6 Co. Rep. 16b]
95.—(1) Ní fhéadfar eastát sainoidhrithe (cibé acu go ginearálta, i sainoidhreacht fhireann, i sainoidhreacht bhaineann, nó go speisialta é) in eastát réadach a bhunú le huacht ach amháin trí úsáid na bhfocal cinnteachta céanna a bheadh le húsáid chun eastát sainoidhrithe dá shamhail a bhunú le gníomhas.
(2) Focail chinnteachta a bheidh in uacht i leith eastáit réadaigh agus gan éifeacht acu chun eastát i bhfeo simplí nó eastát sainoidhrithe a bhunú, beidh an éifeacht chéanna acu, chomh gar agus is féidir sin, le focail do samhail a d'úsáidfí i ngníomhas i leith maoine pearsanta.
An bhrí atá le “bás a fháil gan sliocht”.
[1837 (c. 36) a. 29]
96.—I réadtiomnú nó i dtiomnú eastáit réadaigh nó phearsanta, déanfar na focail “bás a fháil gan sliocht”, nó “bás a fháil gan sliocht a fhágáil”, nó “bheith gan sliocht”, nó aon fhocail eile a chuirfeadh i gcéill díth sleachta nó cliseadh sleachta ar dhuine ar bith le linn a bheo nó tráth a bháis, nó cliseadh éiginnte dá shliocht, a fhorléiriú mar fhocail a chiallaíonn díth nó cliseadh sleachta air le linn a bheo nó tráth a bháis, agus nach gciallaíonn cliseadh éiginnte dá shliocht, mura léir a mhalairt d'intinn ón uacht.
Gan réadtiomnú eastáit shainoidhrithe a scaoileadh má mhaireann sliocht a d'fhéadfadh teacht in oidhreacht.
[1837 (c. 26) a. 32]
97.—I gcás duine dá réadtiomnófar eastát réadach le haghaidh eastáit shainoidhrithe nó eastáit i samhail-sainoidhreacht d'fháil bháis le linn bheo an tiomnóra agus an duine sin d'fhágáil sleachta a d'fhéadfadh teacht in oidhreacht faoin sainoidhriú, agus aon sliocht den sórt sin a bheith beo tráth báis an tiomnóra, ní rachaidh scaoileadh ar an réadtiomnú, ach beidh éifeacht aige ionann is dá mba díreach tar éis bhás an tiomnóra a tharla bás an duine sin, mura léir a mhalairt d'intinn ón uacht.
Bronntanais do leanaí nó sliocht eile a fhágfaidh sliocht a bheidh beo ar bhás tiomnóra.
[1837 (c. 26) a. 33 arna leathnú chun go mbainfidh le ceapacháin faoi chumhachtaí speisialta agus bronntanais aicmeacha]
98.—I gcás duine, ar leanbh leis an tiomnóir nó sliocht eile air é a dtabharfar aon mhaoin dó (cibé acu trí réadtiomnú nó tiomnú é nó trí fheidhmiú le huacht ar aon chumhacht cheapacháin agus cibé acu mar bhronntanas don duine sin mar phearsa aonair nó mar chomhalta d'aicme é) le haghaidh aon eastáit nó leasa nach bhfuil infhoirceanta ar bhás, nó roimh bhás, an duine sin, d'fháil bháis le linn bheo an tiomnóra agus é d'fhágáil sleachta, agus aon sliocht den sórt sin ar an duine sin a bheith beo tráth báis an tiomnóra, ní rachaidh scaoileadh ar an mbronntanas, ach beidh éifeacht aige ionann is dá mba díreach tar éis bhás an tiomnóra a tharla bás an duine sin, mura léir a mhalairt d'intinn ón uacht.
Léiriú ar réadtiomnú nó tiomnú i gcás amhrais.
[Nua]
99.—Más féidir níos mó ná léiriú amháin a thabhairt ar airbheart aon réadtiomnaithe nó tiomnaithe, ansin, i gcás amhrais, is é an léiriú ar dá réir a bheidh an réadtiomnú nó an tiomnú inoibrithe a ghlacfar de rogha.
Srian le cinnteachtaí cinniúnacha.
[Féach 1882 (c. 39) a. 10]
100.—Má bhíonn teideal ag duine faoi uacht—
(a) chun talún le haghaidh eastáit i bhfeo simplí nó le haghaidh aon eastáit nó leasa is lú ná sin ach nach eastát sainoidhrithe, nó
(b) chun aon leasa i maoin eile,
le cinnteacht chinniúnach thairis de dhíth nó ar chliseadh aon sleachta air, cibé acu laistigh de thréimhse shonraithe é nó nach ea, beidh an chinnteacht chinniúnach sin, nó tiocfaidh sí chun bheith, ar neamhní agus ó chaoi a teachta in éifeacht, más beo agus a luaithe is beo d'aon sliocht den aicme ar dá dhíth nó ar chliseadh dó a bhí an chinnteacht thairis le teacht in éifeacht.
CUID VIII
Neamhréireacht Dlíthe maidir le Diúscairtí Tiomnacha
“Diúscairt thiomnach.”
101.—Sa Chuid seo, ciallaíonn “diúscairt thiomnach” aon uacht nó aon ionstraim thiomnach nó aon ghníomh tiomnach eile.
Bailíocht ó thaobh foirme.
[Coinbhinsúin an Hág, Airt. 1, 2. Maidir leis an dlí atá ann, féach 1861 (c. 114) a. 1, 2]
102.—(1) Beidh diúscairt thiomnach bailí ó thaobh foirme má chomhlíonann a foirm dlí intíre—
(a) na háite ina ndearna an tiomnóir í, nó
(b) náisiúntachta a bhí ag an tiomnóir, an tráth a rinne sé an diúscairt, nó tráth a bháis, nó
(c) áite ina raibh sainchónaí ar an tiomnóir an tráth a rinne sé an diúscairt, nó tráth a bháis, nó
(d) na háite ina raibh gnáthchónaí ar an tiomnóir an tráth a rinne sé an diúscairt, nó tráth a bháis, nó
(e) chomh fada is a bhaineann le hairnéisí dochorraithe, na háite a bhfuil suíomh orthu.
(2) Gan dochar d'fho-alt (1), beidh diúscairt thiomnach a chúlghaireann diúscairt thiomnach roimhe sin bailí freisin ó thaobh foirme má chomhlíonann sí aon cheann de na dlíthe a raibh an diúscairt thiomnach a chúlghairtear bailí de réir a théarmaí, faoin bhfo-alt sin.
(3) Chun críocha na Coda seo, más córas neamhaontaithe é dlí náisiúnta, déanfar an dlí a bheidh le cur chun feidhme a chinneadh de réir na rialacha atá i bhfeidhm sa chóras sin agus, cheal aon rialacha den sórt sin, de réir na cuinge is dlúithe a bhí ag an tiomnóir le haon cheann áirithe de na dlíthe éagsúla sa chóras sin.
(4) Nuair a bheifear á chinneadh cé acu a bhí nó nach raibh sainchónaí ar an tiomnóir in áit áirithe, beidh an cinneadh faoi réir dlí na háite sin.
Diúscairtí a rinneadh ar bord árthaigh nó acrárthaigh.
[Nua]
103.—Gan dochar d'alt 102, beidh diúscairt thiomnach a rinneadh ar bord árthaigh nó aerárthaigh bailí ó thaobh foirme freisin má chomhlíonann a foirm dlí intíre na háite arb inmheasta an chuing is dlúithe a bheith ag an árthach nó ag an aerárthach leis, ag féachaint dá clárú (más ann) agus d'aon imthosca iomchuí eile.
Feidhmiú cumhachta ceapacháin.
[Nua]
104.—(1) Gan dochar d'alt 102, beidh diúscairt thiomnach bailí ó thaobh foirme freisin sa mhéid go bhfeidhmíonn sí cumhacht cheapacháin, má chomhlíonann a foirm an dlí a bhaineann le bailíocht eisintiúil na cumhachta.
(2) Ní dhéanfar diúscairt thiomnach, sa mhéid go bhfeidhmíonn sí cumhacht cheapacháin, a áireamh mar dhiúscairt atá neamhbhailí ó thaobh foirme de bhíthin amháin nach bhfuil a foirm de réir aon cheanglas foirmiúil san ionstraim a bhunaigh an chumhacht.
Comhdhiúscairtí.
[Coinbhinsiún an Hág, Airt. 4]
105.—Bainfidh an Chuid seo freisin le foirm dhiúscairtí tiomnacha a dhéanfaidh beirt duine nó níos mó san aon doiciméad amháin.
Éifeacht sriantachtaí ar inniúlacht.
[Coinbhinsiún an Hág, Airt. 5]
106.—(1) Chun críocha na Coda seo, measfar baint le cúrsaí foirme a bheith ag aon fhoráil dlí a chuireann teorainn le foirmeacha ceadaithe diúscairtí tiomnacha faoi thagairt d'aois, do náisiúntacht nó do dhálaí pearsanta eile an tiomnóra.
(2) Bainfidh an riail chéanna leis na cáilíochtaí nach foláir a bheith ag finnéithe atá riachtanach chun diúscairt thiomnach a bheith bailí agus le forálacha alt 82.
Forléiriú ar dhiúscairt thiomnach,
[1861 (c. 114) a. 3]
[Nua]
107.—(1) Ní athrófar an forléiriú ar dhiúscairt thiomnach mar gheall ar aon athrú ar shainchónaí an tiomnóra tar éis an diúscairt a dhéanamh.
(2) Nuair a bheifear á chinneadh cé acu a chomhlíonann nó nach gcomhlíonann diúscairt thiomnach dlí áirithe, féachfar do cheanglais an dlí sin an tráth a rinneadh an diúscairt, ach ní chuirfidh sin cosc le haird a thabhairt ar athrú dlí a mbeidh éifeacht aige ar dhiúscairtí tiomnacha a rinneadh an tráth sin má thugann an t-athrú gur féidir an diúscairt a áireamh mar dhiúscairt bhailí.
An éifeacht a bheidh le diúscairt thiomnach faoi Chuid VII.
[Nua]
108.—Aon diúscairt thiomnach a bheidh, faoin gCuid seo, bailí ó thaobh foirme, is ionann éifeacht di agus da mba uacht í a forghníomhaíodh de réir Chuid VII.
CUID IX
Ceart Dlíthiúil Chéile an Tiomnóra agus Soláthar do Leanaí.
Feidhm Chuid IX.
[Nua]
109.—(1) I gcás ina bhfaighidh duine, tar éis tosach feidhme an Achta seo, bás ina thiomnóir go hiomlán nó go páirteach, agus go bhfágfaidh sé céile nó leanaí nó céile agus leanaí, beidh éifeacht ag forálacha na Coda seo.
(2) Sa Chuid seo, na tagairtí a dhéantar d'eastát an tiomnóra is tagairtí iad don eastát go léir a raibh teideal tairbhiúil aige chuige le haghaidh eastáit nó leasa nár scoir ar a bhás agus a bheidh fágtha tar éis gach caiteachas, fiach agus dliteanas (seachas dleacht eastáit) is iníoctha as go cuí a bheith íoctha.
Daoine dlisteanaithe, daoine neamhdhlisteanacha, agus daoine uchtaithe.
[Nua]
110.—Chun aon ghaol a dhéanamh amach chun críocha na Coda seo, beidh feidhm ag forálacha an Achta Dlisteanais, 1931, agus alt 26 den Acht Uchtála, 1952, faoi mar atá feidhm acu maidir le comharbas faoi dhíthiomnacht.
Ceart an chéile mharthanaigh.
[Nua]
111.—(1) Má fhágann an tiomnóir céile agus nach bhfágfaidh sé aon leanaí, beidh ceart ag an gcéile chun leath an eastáit.
(2) Má fhágann an tiomnóir céile agus leanaí, beidh ceart ag an gcéile chun trian den eastát.
Tosaiocht an chirt dhlíthiúil.
[Nua]
112.—Beidh tosach ag ceart céile faoi alt 111 (dá ngairfear ceart dlíthiúil) ar réadtiomnuithe, tiomnuithe agus scaireanna faoi dhíthiomnacht.
Tréigean cirt dhlíthiúil.
[Nua]
113.—Féadfar ceart dlíthiúil céile a thréigean i gconradh réamhphósta arna dhéanamh i scríbhinn idir na páirtithe i bpósadh beartaithe nó féadfaidh an céile é a thréigean i scríbhinn tar éis pósadh agus le linn bheo an tiomnóra.
An éifeacht a bheidh le réadtiomnú nó tiomnú don chéile.
[Nua]
114.—(1) I gcás maoin a réadtiomnú nó a thiomnú in uacht do chéile agus é a bheith sainráite san uacht gur réadtiomnú nó tiomnú é de bhreis ar scair an chéile mar cheart dlíthiúil, measfar go ndearna an tiomnóir leis an uacht bronntanas a thabhairt don chéile arb éard é—
(a) suim is ionann agus luach scair an chéile mar cheart dlíthiúil, agus
(b) an mhaoin a réadtiomnaíodh nó a tiomnaíodh amhlaidh.
(2) In aon chás eile, measfar réadtiomnú nó tiomnú in uacht do chéile a bheith déanta ag an tiomnóir le hintinn scair an chéile mar cheart dlíthiúil a shásamh.
Roghnú idir ceart dlíthiúil agus cearta faoi uacht nó faoi dhíthiomnacht pháirteach.
[Nua]
115.—(1) (a) Más rud é, faoi uacht duine éagtha a fuair bás ina thiomnóir go hiomlán, go ndéantar réadtiomnú nó tiomnú do chéile, féadfaidh an céile a roghnú an réadtiomnú nó an tiomnú sin nó an scair a bhfuil teideal aige chuige mar cheart dlíthiúil a thógáil.
(b) Mura ndéantar roghnú, beidh an céile i dteideal tógáil faoin uacht, agus ní bheidh sé i dteideal aon scair a thógáil mar cheart dlíthiúil.
(2) (a) I gcás duine d'fháil bháis ina thiomnóir go páirteach agus ina dhíthiomnóir go páirteach, féadfaidh céile a roghnú—
(i) a scair mar cheart dlíthiúil a thógáil, nó
(ii) a scair faoin díthiomnacht, maille le haon réadtiomnú nó tiomnú dó faoi uacht an éagaigh, a thógáil.
(b) Mura ndéantar roghnú, beidh an céile i dteideal a scair faoin díthiomnacht, maille le haon réadtiomnú nó tiomnú dó faoin uacht, a thógáil, agus ní bheidh sé i dteideal aon scair a thógáil mar cheart dlíthiúil.
(3) Nuair a bheidh céile á roghnú a scair mar cheart dlíthiúil a thógáil, féadfaidh sé a roghnú freisin aon réadtiomnú nó tiomnú dó is lú luach ná an scair a thógáil mar pháirt-sásamh ar an scair.
(4) Beidh de dhualgas ar na hionadaithe pearsanta fógra a thabhairt don chéile i scríbhinn faoin gceart roghnaithe a thugtar leis an alt seo. Ní bheidh an ceart infheidhmithe tar éis sé mhí ó fuair an céile an fógra sin nó tar éis bliana ó baineadh amach i gcéaduair ionadaíocht eastát an éagaigh, cibé acu sin is déanaí.
(5) Más rud é gur duine mímheabhrach an céile marthanach, ansin, má tá cúramaí ar eastát an chéile, féadfaidh an cúramaí, le cead na cúirte a cheap an cúramaí, an ceart roghnaithe a thugtar leis an alt seo a fheidhmiú thar ceann an chéile, nó, mura bhfuil aon chúramaí ann, féadfaidh an Ard-Chúirt nó, i gcás atá faoi dhlínse na Cúirte Cuarda, an Chúirt sin, é a fheidhmiú.
(6) San alt seo, ach sa mhéid amháin go bhfuil feidhm aige ar chás lena mbaineann fo-alt (1) d'alt 114, ciallaíonn “réadtiomnú nó tiomnú” bronntanas a mheastar faoin bhfo-alt sin a bheith déanta le huacht an tiomnóra.
Soláthar chun ceart dlíthiúil a shásamh.
116.—(1) I gcás ina ndearna tiomnóir, le linn a bheo, buansoláthar dá chéile, cibé acu faoi chonradh nó ar dhóigh eile é, measfar an mhaoin go léir is ábhar don soláthar sin (seachas íocaíochtaí tréimhsiúla a tugadh lena cothabhail le linn a bheo) a bheith tugtha mar shásamh, nó i leith sásaimh, ar scair an chéile mharthanaigh mar cheart dlíthiúil.
(2) Déanfar luach na maoine a áireamh amhail ar dháta an tsoláthair a dhéanamh.
(3) Má bhíonn luach na maoine comhionann le scair an chéile mar cheart dlíthiúil nó níos mó ná é, ní bheidh an céile i dteideal aon scair a thógáil mar cheart dlíthiúil.
(4) Má bhíonn luach na maoine níos lú ná scair an chéile mar cheart dlíthiúil, ní bheidh an céile i dteideal a fháil mar shásamh ar an scair sin ach an méid den eastát a bheidh, ar é a chur le luach na maoine, leordhóthanach, chomh gar dó agus is féidir a mheas, chun lánmhéid na scaire sin a dhéanamh suas.
(5) Ní bhainfidh an t-alt seo ach le soláthar a rinneadh roimh thosach feidhme an Achta seo.
Soláthar do leanaí.
[Nua]
117.—(1) Más rud é, ar iarratas ó leanbh le tiomnóir nó thar a cheann, gurb é tuairim na cúirte gur loic an tiomnóir ina dhualgas morálta soláthar cuí a dhéanamh don leanbh de réir a acmhainne, cibé acu lena uacht nó ar dhóigh eile é, féadfaidh an chúirt a ordú go ndéanfar cibé soláthar is cóir leis an gcúirt don leanbh as an eastát.
(2) Breithneoidh an chúirt an t-iarratas de réir dearcadh tuismitheora chríonna chóir, ag cur staid gach duine de leanaí an tiomnóra san áireamh maille le haon imthosca eile is dóigh leis an gcúirt ba chabhair chun teacht ar bhreith a thabharfaidh an cothrom is fearr is féidir don leanbh lena mbaineann an t-iarratas agus do na leanaí eile.
(3) Ní dhéanfaidh ordú faoin alt seo difear do cheart dlíthiúil céile mharthanaigh ná, más í máthair an linbh nó más é athair an linbh an céile marthanach, d'aon réadtiomnú nó tiomnú don chéile ná d'aon scair a mbeidh teideal chuici ag an gcéile faoi dhíthiomnacht.
(4) Déanfaidh rialacha cúirte foráil maidir le stiúradh imeachtaí faoin alt seo ar mhodh achomair.
(5) Beidh na costais sna himeachtaí faoi rogha na cúirte
(6) Ní dhéanfar ordú faoin alt seo ach amháin ar iarratas a dhéanamh laistigh de dhá mhí dhéag ó baineadh amach i gcéaduair ionadaíocht eastát an éagaigh.
Dleacht eastáit.
[Nua]
118.—Beidh maoin is ionann agus scair dhuine mar cheart dlíthiúil, agus maoin is ábhar d'ordú faoi alt 117, faoi mhuirear na gcionúireachtaí is cuí dóibh den dleacht eastáit is iníoctha ar eastát an éagaigh.
Imeachtaí a bheith i ndlísheomra.
119.—Is í ndlísheomra a éistfear na himeachtaí uile maidir leis an gCuid seo.
CUID X
Mífhiúntacht chun Teacht i gComharbas agus Dí-oidhriú
Eisiamh daoine ó chomharbas.
[Nua]
120.—(1) Duine slánmheabhrach a fuarthas ciontach i ndúnmharú nó in iarracht ar dhúnmharú nó i ndúnorgain duine eile, beidh sé ó chumas aon scair a thógáil in eastát an duine eile sin, ach amháin scair a thig faoi uacht a rinneadh i ndiaidh an ghnímh arbh é an cion é, agus ní bheidh sé i dteideal iarratas a dhéanamh faoi alt 117.
(2) Beidh céile a bhfuair an t-éagach foraithne idirscartha a mensa et thoro ina coinne, céile nár chomhlíon foraithne a fuair an t-éagach le haghaidh aiseag chearta an phósta, agus céile a bhí ciontach i dtréigean a lean anuas go dtí tráth an bháis ar feadh dhá bhliain nó níos mó, ó chumas aon scair a thógáil in eastát an éagaigh mar cheart dlíthiúil nó faoi dhíthiomnacht.
(3) Céile a bhí ciontach in iompar a thug go raibh leorchúis ag an éagach chun scaradh leis agus bheith ina cónaí ar leithligh uaidh, measfar í a bheith ciontach i dtréigean de réir bhrí fho-alt (2).
(4) Duine a fuarthas ciontach i gcion in aghaidh an éagaigh, nó in aghaidh chéile, nó aon linbh de chuid, an éagaigh (lena n-áirítear leanbh a uchtaíodh faoi na hAchtanna Uchtála, 1952 agus 1964, agus duine a raibh an t-éagach in loco parentis ina leith tráth an chiona), is inphionóis le príosúnacht ar feadh uastréimhse dhá bhliain ar a laghad nó le pionós is déine ná sin, beidh sé ó chumas aon scair san eastát a thógáil mar cheart dlíthiúil nó iarratas a dhéanamh faoi alt 117.
(5) Aon scair a gcuirtear duine ó chumas a tógtha faoi alt seo dáilfear í ionann is dá bhfaigheadh an duine sin bás roimh an éagach.
Diúscairtí chun céile nó leanaí a chur ó oidhreacht.
Nua]
121.—(1) Baineann an t-alt seo le diúscairt maoine (seachas diúscairt thiomnach nó diúscairt chun ceannaitheora) faoina dtagann úinéireacht thairbhiúil na maoine chun bheith dílsithe i seilbh don deontaí laistigh de thrí bliana roimh bhás an duine a rinne an diúscairt nó tráth a bháis nó ina dhiaidh sin.
(2) Más deimhin leis an gcúirt go ndearnadh diúscairt lena mbaineann an t-alt seo chun go gcloífí nó chun go laghdófaí go substaintiúil scair chéile an diúscróra, cibé acu mar cheart dlíthiúil nó faoi dhíthiomnacht é, nó scair dhíthiomnach aon linbh leis, nó chun go bhfágfaí aon leanbh leis gan soláthar leordhóthanach, ansin, cibé acu ina thiomnóir nó ina dhíthiomnóir a fuair an diúscróir bás, féadfaidh an chúirt a ordú go measfar an diúscairt, go hiomlán nó go páirteach, a bheith, chun críocha Chuid VI agus VII, ina réadtiomnú nó ina tiomnú a rinne sé le huacht, agus í a bheith ina cuid dá eastát, agus gan éifeacht ar bith eile a bheith léi.
(3) Sa mhéid go n-ordóidh an chúirt amhlaidh, measfar nach raibh éifeacht riamh leis an diúscairt mar dhiúscairt, agus beidh deontaí na maoine, nó aon duine is ionadaí dó nó a ghabhann teideal faoi, ina fhéichiúnaí ag an eastát i cibé méid a ordóidh an chúirt dá réir sin.
(4) Féadfaidh an chúirt cibé ordú eile a dhéanamh maidir leis an ábhar a fheicfear don chúirt a bheith cóir cothromasach ag féachaint d'fhorálacha agus do mheon an Achta seo agus do na himthosca uile.
(5) Faoi réir fho-ailt (6) agus (7), féadfar ordú a dhéanamh faoin alt seo—
(a) ar mhaithe leis an gcéile, ar iarratas ón gcéile nó ó ionadaí pearsanta an éagaigh, arna dhéanamh laistigh de bhliain ó baineadh ionadaíocht amach i gcéaduair,
(b) ar mhaithe le leanbh, ar iarratas faoi alt 117.
(6) I gcás diúscairt a rinneadh i bhfabhar chéile an diúscróra, ní dhéanfar ordú faoin alt seo ar iarratas ó leanbh, nó thar ceann linbh, leis an diúscróir is leanbh leis an gcéile chomh maith.
(7) Ní dhéanfar ordú faoin alt seo a bhainfidh le diúscairt a rinneadh i bhfabhar aon linbh leis an diúscróir, más rud é—
(a) go raibh céile an diúscróra marbh nuair a rinneadh an diúscairt, nó
(b) go raibh an céile beo nuair a rinneadh an diúscairt ach gur dhuine í a bheadh, dá bhfaigheadh an diúscróir bás an uair sin, ó chumas, faoi aon cheann d'fhorálacha alt 120, scair a thógáil ina eastát, nó
(c) go raibh an céile beo nuair a rinneadh an diúscairt agus gur thoiligh sí i scríbhinn leis an diúscairt.
(8) Má dhéanann an deontaí an mhaoin a dhiúscairt chun ceannaitheora, scoirfidh an t-alt seo d'fheidhm a bheith aige maidir leis an maoin agus ina ionad sin beidh feidhm aige maidir leis an gcomaoin a thug an ceannaitheoir.
(9) Measfar faibhriú de chionn marthanachta ar bhás a fháil do nascthionónta maoine a bheith, chun críocha an ailt seo, ina dhílsiú don mharthanóir ar úinéireacht thairbhiúil na maoine go léir.
(10) San alt seo folaíonn “diúscairt” donatio mortis causa.
Imeachtaí a bheith i ndlísheomra.
122.—Is i ndlísheomra a éistfear gach imeacht maidir leis an gCuid seo.
CUID XI.
Teorannú Cainge.
Gan ionadaí pearsanta, sa cháil sin dó, a bheith ina iontaobhaí faoi Reacht na dTréimhshí, 1957.
[1959 (Uimh. 8) a. 26]
123.—(1) Ní bheidh ionadaí pearsanta i gcáil ionadaí pearsanta dó, de bhíthin alt 10 agus dá bhíthin sin amháin, ina iontaobhaí chun críocha Reacht na dTréimhsí, 1957.
(2) Gabhann fo-alt (1) ionad mhír (d) d'fho-alt (2) d'alt 2 de Reacht na dTréimhsí, 1957, a aisghairtear leis an Acht seo.
Gan báille a fholú faoi “iontaobhaí” i Reacht na dTréimhsí, 1957.
[Nua. Gabhann thar Rice v. Begley [1920] 1 I.R. 243]
124.—D'ainneoin aon rialach dlí, ní fholóidh “iontaobhaí” i Reacht na dTréimhsí, 1957, duine a dtig a chomhbhaint mhuiníneach de bhíthin amháin é a bheith i seilbh maoine a áirítear in eastát duine éagtha i gcáil bháille do dhuine eile.
Daoine atá i dteideal scaireanna i dtalamh.
[Nua. Cf. Ward v. Ward (1871) L.R. 6 Ch. 789, Coyle v. Mc Fadden [1901] 1 I.R. 298, Smith v. Savage [1906] 1 I.R. 469]
125.—(1) I gcás gach duine de bheirt nó níos mó a bheith i dteideal aon scaire i dtalamh a áirítear in eastát duine éagtha, cibé acu is scaireanna comhionanna nó neamhionanna na scaireanna sin, agus go rachaidh aon duine nó gach duine díobh i seilbh na talún, ansin, d'ainneoin aon rialach dlí contrártha dó sin, measfar, chun críocha Reacht na dTréimhsí, 1957, na daoine a rachaidh i seilbh (amhail eatarthu féin agus idir iad féin agus na daoine (más ann) nach rachaidh i seilbh) a dhul i seilbh agus d'fháil teidil ó sheilbh mar nascthionóntaí (agus ní mar thionóntaí i gcoiteannas dóibh) maidir lena scaireanna féin faoi seach agus freisin maidir le scaireanna faoi seach na ndaoine (más ann) nach rachaidh i seilbh.
(2) Beidh feidhm ag fo-alt (1) cibé acu a chuaigh nó nach ndeachaigh aon duine den sórt sin i seilbh mar ionadaí pearsanta an éagaigh nó, ar dhul i seilbh dó, a deonaíodh nó nár deonaíodh ionadaíocht eastát an éagaigh dó ina dhiaidh sin.
Caingne i leith eastát daoine éagtha.
[Nua]
126.—Déantar leis seo Reacht na dTréimhsí, 1957, a leasú tríd an alt seo a leanas a chur in ionad alt 45:
“45. (1) Faoi réir alt 71, ní dhéanfar aon chaingean i leith aon éilimh ar eastát duine éagtha nó ar aon scair nó leas san eastát sin, cibé acu faoi uacht, faoi dhíthiomnacht nó faoi alt 111 den Acht Comharbais, 1965, é, a thionscnamh tar éis sé bliana ón dáta a d'fhaibhrigh an ceart chun an scair nó an leas a fháil.
(2) Ní dhéanfar aon chaingean chun go ngnóthófar riaráistí úis i leith aon leagáide, nó damáistí i leith na riaráistí sin, a thionscnamh tar éis trí bliana ón dáta a tháinig an t-ús chun bheith dlite.”
An tréimhse teorann i gcás míchumais.
[Nua]
127.—Beidh éifeacht maidir le caingean i leith éilimh ar eastát duine éagtha nó ar aon scair san eastát sin, cibé acu faoi uacht, faoi dhíthiomnacht nó mar cheart dlíthiúil é, ag alt 49 de Reacht na dTréimhsí, 1957, a fhadaíonn na tréimhsí teorann a shocraítear leis an Acht sin, má bhí an duine chun ar fhaibhrigh sé faoi mhíchumas, ionann is dá gcuirfí tréimhse trí bliana in ionad na tréimhse sé bliana a luaitear i bhfo-alt (1) den alt sin.
CUID XII.
Forálacha maidir leis an Oifig Phrobháide agus le Clárlanna Probháide Ceantair.
An tOifigeach Probháide Cúnta.
[1959 (Uimh. 8) a. 25]
128.—(1) San alt seo ciallaíonn “an tOifigeach Probháide Cúnta” an t-oifigeach atá ar fostú san Oifig Phrobháide agus is gaire i gcéim don Oifigeach Probháide agus atá cáilithe lena cheapadh ina Oifigeach Probháide.
(2) Féadfaidh an tOifigeach Probháide Cúnta, faoi réir aon sriantachtaí is cuí le hUachtarán na hArd-Chúirte a fhorchur, na cumhachtaí, na húdaráis, na dualgais agus na feidhmeanna is infheidhmithe nó is inchomhlíonta ag an Oifigeach Probháide a fheidhmiú nó a chomhlíonadh.
Clárlanna probháide ceantair.
[1857 (c. 79) a. 16, 17; 1926 (Uimh. 27) a. 56]
129.—(1) Beidh clárlanna probháide ceantair ann do cibé ceantair agus i cibé áiteanna a cheapfaidh an tAire le hordú.
(2) Féadfaidh an tAire, le hordú—
(a) an ceantar dá bhfónann clárlann phrobáide cheantair a athrú;
(b) an méid ceantar den sórt sin a bhreisiú nó a laghdú;
(c) a ordú gur i cibé áit laistigh den cheantar is cuí leis a bheidh aon chlárlann phrobháide cheantair;
(d) aon chlárlann phrobháide cheantair a dhúnadh.
(3) Aon uair a dhéanfaidh an tAire ordú ag dúnadh clárlann phrobháide cheantair, féadfaidh an tAire, leis an ordú sin, socrú a dhéanamh chun gur féidir iarratais ar ionadaíocht, i gcásanna ina raibh ag an éagach, tráth a bháis, áit chónaithe sheasta laistigh den cheantar dar fhónaigh an chlárlann sin roimhe sin, a thaisceadh leis an gcláraitheoir contae don limistéar ina raibh suíomh na háite cónaithe sin, agus chun go dtarchuirfidh an cláraitheoir contae na hiarratais go dtí an Oifig Phrobháide agus go dtarchuirfear na deontais (ar iad a eisiúint, má eisítear) ón Oifig Phrobháide go dtí an cláraitheoir contae sin lena seachadadh don duine atá ina dteideal.
(4) Go dtí go ndéanfar socrú dá mhalairt faoin alt seo, leanfaidh na clárlanna probháide ceantair a bheidh ann i dtosach feidhme an Achta seo de bheith ag feidhmiú do na ceantair agus sna háiteanna a bhí ceaptha go dtí sin le dlí.
Táillí a bheidh le glacadh i gclárlanna probháide ceantair.
[1959 (Uimh. 8) a. 24(1)]
I.R. Uimh. 251 de 1956.
130.—(1) San alt seo ciallaíonn “Acht 1936” an tAcht Cúirteanna Breithiúnais, 1936.
(2) Chun críocha alt 65 (a chumasaíonn don Aire táillí cúirte a ordú) d'Acht 1936, measfar gurb oifig a bunaíodh leis an Acht Oifigeach Cúirte, 1926, gach clárlann phrobháide cheantair.
(3) Leanfaidh Ordú na Cúirte Uachtaraí agus na hArd-Chúirte (Taillí), 1956, arna mhodhnú le halt 24 den Acht um Riaradh Eastát, 1959, d'ainneoin an tAcht sin a aisghairm leis an Acht seo, d'fheidhm a bheith aige maidir le gach clárlann phrobháide cheantair agus le gach cláraitheoir probháide ceantair.
Cláraitheoirí probháide ceantair gníomhacha.
[1959 (Uimh. 8) a. 24 (2)]
131.—I gcás ina mbeidh ceangailte ar dhuine (dá ngairtear an cláraitheoir probháide ceantair gníomhach san alt seo), agus údaraithe dó, de thuras na huaire, ag an Aire faoi alt 9 den Acht Oifigeach Cúirte, 1945, arna leasú le halt 5 den Acht Oifigeach Cúirte, 1951, dualgais chláraitheora probháide ceantair a chomhlíonadh don cheantar dá bhfónann clárlann phrobháide cheantair áirithe, féadfaidh an tAire a údarú d'oifigeach sonraithe atá ag fónamh sa chlárlann phrobháide cheantair sin, nó san oifig chúirte cuarda a fhónann don limistéar ina bhfuil an chlárlann phrobháide cheantair sin, oifig chláraitheora probháide ceantair don cheantar sin a chomhalladh le linn an cláraitheoir probháide ceantair gníomhach a bheith as láthair go sealadach nó faoi éagumas go sealadach de dheasca breoiteachta, agus má dhéanann an tAire amhlaidh, ansin, beidh ag an oifigeach sin agus feidhmeoidh sé, le linn aon neamhláithreachta go sealadach nó aon éagumais go sealadach dén sórt sin, cumhachtaí uile, agus comhlíonfaidh sé dualgais uile, an chláraitheora probháide ceantair don cheantar sin, mura n-ordóidh agus go dtí go n-ordóidh an tAire a mhalairt.
AN CHÉAD SCEIDEAL
Rialacha maidir le Sócmhainní a Chur chun Feidhme
Cuid I
Rialacha maidir le fiacha a ioc i gcás an t-eastát a bheith dócmhainneach
1. Tá tosaíocht ag na caiteachais adhlactha, thiomnacha agus riaracháin.
2. Faoi réir a bhfuil ráite, is ionann na rialacha a bheidh i réim agus le comhlíonadh maidir le cearta faoi seach creidiúnaithe urrúis agus creidiúnaithe gan urrús agus maidir le fiacha agus dliteanais is inchruthaithe agus maidir le luacháil blianachtaí agus dliteanais todhchaí agus teagmhasach, faoi seach, agus maidir le tosaíochtaí fiach agus dliteanas, agus na rialacha a bheidh i bhfeidhm de thuras na huaire faoi dhlí na féimheachta maidir le sócmhainní daoine a breithníodh ina bhféimhigh.
3. Nuair a bheidh na rialacha sin á gcur chun feidhme cuirfear an dáta báis in ionad dáta an bhreithnithe i bhféimheacht.
CUID II
An t-ord ina gcuirfear sócmhainní chun feidhme i gcás an t-eastát a bheith sócmhainneach
1. Maoin leis an éagach nár diúscraíodh le huacht, faoi réir ciste a choinneáil aisti a bheidh leordhóthanach faoi chomhair aon leagáidí airgid.
2. Maoin leis an éagach nár réadtiomnaíodh nó nár tiomnaíodh go sonrach ach a áiríodh (faoi thuairisc shonrach nó ghinearálta) i mbronntanas iarmharach, faoi réir ciste a choinneáil as an maoin sin a bheidh leordhóthanach faoi chomhair aon leagáidí airgid, sa mhéid nach ndearnadh soláthar dóibh mar atá ráite.
3. Maoin leis an éagach a leithreasaíodh nó a réadtiomnaíodh nó a tiomnaíodh go sonrach (faoi thuairisc shonrach nó ghinearálta) chun fiacha a íoc.
4. Maoin leis an éagach a muirearaíodh, nó a réadtiomnaíodh nó a tiomnaíodh (faoi thuairisc shonrach nó ghinearálta) faoi réir muirir, chun fiacha a íoc.
5. An ciste, más ann, a coinníodh faoi chomhair leagáidí airgid.
6. Maoin a réadtiomnaíodh nó a tiomnaíodh go sonrach, go rátúil de réir a luacha.
7. Maoin a ceapadh le huacht faoi chumhacht ghinearálta, go rátúil de réir a luacha.
8. Beidh feidhm freisin ag na forálacha seo a leanas—
(a) Féadfar an t-ord ina gcuirfear na sócmhainní chun feidhme a athrú le huacht an éagaigh.
(b) Ní dhéanann an Chuid seo den Sceideal seo difear do dhliteanas talún chun freagairt don dleacht báis a fhorchuirfear air do shaoradh sócmhainní eile.
AN DARA SCEIDEAL
Aisghairm
Cuid I
Reachtanna Sasanacha
Seisiún agus Caibidil | Gearrtheideal nó ábhar | Méid na haisghairme |
11 Hen. 3. | An tAcht Córtais, 1226. | An tAcht iomlán. |
20 Hen. 3: | ||
(Statutes of Merton) (1235) | ||
c. 1. | Eascaire duair. | An chaibidil iomlán. |
c. 2. | Ceart baintrí chun arbhar a thiomnú | An chaibidil iomlán. |
c. 9. | Bastardaíocht speisialta | An chaibidil iomlán. |
13. Edw. 1: | ||
c. 19. | An tAcht um Riaradh Eastát, 1285 | An tAcht iomlán. |
c. 34. | An tAcht Duair, 1285. | An tAcht iomlán. |
25 Edw. 1. c. 7. | An tAcht Duair, 1297. | An tAcht iomlán. |
31 Edw. 3. | ||
st. 1 c. 11. | An tAcht um Riaradh Eastát, 1357. | An tAcht iomlán. |
Cuid II
Reachtanna Éireannacha Réamh-Aontachta
Seisiún agus Caibidil | Gearrtheideal | Méid na haisghairme |
20 Hen. 8. c. 18. | An tAcht um Riaradh Eastát, 1537. | An tAcht iomlán. |
10 Chas. 1. | ||
seis 2. c. 1. | Reacht na nÚsáidí, 1634. | Ailt 5, 6 agus 8. |
10 Chas. 1. | ||
seis. 3. c. 10. | An tAcht um Riaradh Eastát, 1634. | An tAcht iomlán. |
7 Will. 3: | ||
c. 6. | Reacht an Dáilte, 1695. | An tAcht iomlán. |
c. 12. | Reacht na gCalaoisí, 1695. | In alt 7, ó “and if any cestuyque trust hereafter shall dye” go deireadh an ailt. Ailt 8, 19 agus 20. |
6 Anne c. 2. | An tAcht um Chlárú Gníomhas, 1707. | An tAcht iomlán sa mhéid go mbaineann sé le huachtanna agus le réadtiomnuithe. |
10 Geo. 1. c. 5. | An tAcht um Léasanna Mianadóireachta, 1723. | In alt 1, ó “and also to and for all and every person and persons” go “tenant in dower, or by the curtesie”. |
In alt 3, “tenants in dower, or by the curtesie”. | ||
In alt 9, “tenant in dower, or tenant by the curtesie”. |
Cuid III
Reachtanna Briotanacha
Seisiún agus Caibidil | Gearrtheideal | Méid na haisghairme |
38 Geo. 3. c. 87. | Administration of Estates Act, 1798. | An tAcht iomlán. |
58 Geo. 3. c. 81. | Infant Executors (Ireland) Act, 1818. | An tAcht iomlán. |
11 Geo. 4 & 1 Will. 4: | ||
c. 40. | Executors Act, 1830. | An tAcht iomlán. |
c. 47. | Debts Recovery Act, 1830. | An tAcht iomlán. |
3 & 4 Will. 4: | ||
c. 104. | Administration of Estates Act, 1833. | An tAcht iomlán. |
c. 105. | Dower Act, 1833. | An tAcht iomlán. |
c. 106. | Inheritance Act, 1833. | An tAcht iomlán, ach amháin sa mhéid go mbeadh baint aige le titim eastáit shainoidhrithe d'oidhreacht. |
4. & 5 Will. 4. | ||
c. 92. | Fines and Recoveries (Ireland) Act, 1834. | In alt 25, “no woman in respect of her dower, and”. |
5 & 6 Will. 4. | ||
c. 62. | Statutory Declarations Act, 1835. | Alt 16. |
7 Will. 4 & 1 Vict. | ||
c. 26. | Wills Act, 1837. | An tAcht iomlán. |
1 & 2 Vict. | ||
c. 109. | Tithe Rentcharge (Ireland) Act, 1838. | In alt 8, “and each tenant in dower or tenant by courtesy”. |
2 & 3 Vict. | ||
c. 60. | Debts Recovery Act, 1839. | An tAcht iomlán. |
3 & 4 Vict. | ||
c. 105. | Debtors (Ireland) Act, 1840. | Ailt 61 agus 62. |
5 & 6 Vict. | ||
c. 82. | Stamp Duties (Ireland) Act, 1842. | In alt 35, “personal”. |
11 & 12 Vict. | Debts Recovery Act, 1848. | An tAcht iomlán. |
c. 87 | ||
12 & 13 Vict. | ||
c. 105. | Renewable Leasehold Conversion Act, 1849. | In alt 9, ó “to give dower or curtesy” go “such conversion, or” In alt 35, “or as tenant in dower or by the curtesy”. |
14 & 15 Vict. | ||
c. 57. | Civil Bill Courts (Ireland) Act. 1851. | Ailt 49 go 57, 108. |
15 & 16 Vict. | ||
c. 24. | Wills Act Amendment Act, 1852. | An tAcht iomlán. |
16 & 17 Vict. | ||
c. 113. | Common Law Procedure Amendment Act (Ireland), 1853. | Alt 137. |
17 & 18 Vict. | ||
c. 113. | Real Estate Charges Act, 1854. | An tAcht iomlán. |
20 & 21 Vict. | ||
c. 79. | Probates and Letters of Administration Act (Ireland), 1857. | An tAcht iomlán. |
22 & 23 Vict: | ||
c. 31. | Court of Probate Act (Ireland), 1859. | An tAcht iomlán. |
c. 35. | Law of Property Amendment Act, 1859. | Ailt 14 go 18. Ailt 19 agus 20, ach amháin sa mhéid go mbeadh baint acu le titim eastáit shainoidhrithe d'oidhreacht. |
Alt 29. | ||
23 & 24 Vict. | ||
c. 154. | Landlord and Tenant Law Amendment Act, Ireland, 1860. | In alt 9, ó “and in case” go deireadh an ailt. |
24 & 25 Vict: | ||
c. 114. | Wills Act, 1861. | An tAcht iomlán. |
c. 121. | Domicile Act, 1861. | An tAcht iomlán. |
27 & 28 Vict. | ||
c. 99. | Civil Bill Courts Procedure Amendment Act (Ireland), 1864. | Alt 42. |
28 & 29 Vict. | ||
c. 72. | Navy and Marines (Wills) Act, 1865. | An tAcht iomlán. |
30 & 31 Vict. | ||
c. 69. | Real Estate Charges Act, 1867. | An tAcht iomlán. |
32 & 33 Vict. | ||
c. 46. | Administration of Estates Act, 1869. | An tAcht iomlán. |
33 & 34 Vict: | ||
c. 46. | Landlord and Tenant (Ireland) Act, 1870. | Alt 59. |
c. 71. | National Debt Act, 1870. | Alt 17. |
In alt 73, “receipt of dividends and” agus “and to receipt of dividends on stock standing in the names of infants or persons of unsound mind”. | ||
36 & 37 Vict. | ||
c. 52. | Intestates Act, 1873. | An tAcht iomlán. |
38 & 39 Vict. | ||
c. 27. | Intestates Act, 1875. | An tAcht iomlán. |
40 & 41 Vict: | ||
c. 18. | Settled Estates Act, 1877. | In alt 46, “either in his own right or in right of his wife” agus ó “and also for” go “wife who is seised in fee”. |
In alt 47, ó “and in the case of” go deireadh an ailt. | ||
c. 34. | Real Estate Charges Act, 1877. | An tAcht iomlán. |
c. 56. | County Officers and Courts (Ireland) Act, 1877. | Mír (a) d'alt 33. Mír (c) d'alt 40. Ailt 41, 46 agus 47. |
44 & 45 Vict: | ||
c. 12. | Customs and Inland Revenue Act, 1881. | Alt 33. |
c. 41. | Conveyancing Act, 1881. | Alt 30. |
45 & 46 Vict: | ||
c. 29. | County Court Amendment (Ireland) Act, 1882. | Mír (a) d'alt 10. |
c. 38. | Settled Land Act, 1882. | I bhfo-alt (1) d'alt 58, “(viii) A tenant by the curtesy”. |
c. 39. | Conveyancing Act, 1882. | Alt 10 sa mhéid go mbaineann sé le huachtanna. |
47 & 48 Vict: | ||
c. 18. | Settled Land Act, 1884. | Alt 8. |
c. 71. | Intestates Estates Act, 1884. | An tAcht iomlán. |
56 & 57 Vict. | ||
c. 53. | Trustee Act, 1893. | Alt 21 sa mhéid go mbaineann sé le hionadaithe pearsanta |
57 & 58 Vict. | ||
c. 30. | Finance Act, 1894. | Alt 16. |
10 Edw. 7 & 1 Geo. 5. | ||
c. 8. | Finance (1909-10) Act, 1910. | Fo-alt (2) d'alt 61. |
1 & 2 Geo. 5. | ||
c. 37. | Conveyancing Act, 1911. | Alt 12. |
5 & 6 Geo. 5. | ||
c. 17. | Navy and Marines (Wills) Act, 1914. | An tAcht iomlán. |
7 & 8 Geo. 5. | ||
c. 58. | Wills (Soldiers and Sailors) Act, 1918. | An tAcht iomlán. |
Cuid IV
Reachtanna Shaorstát Éireann agus an Oireachtais
Uimhir agus Bliain | Gearrtheideal | Méid na haisghairme |
Alt 56. | ||
An tAcht Cóluchtaí Corparáideacha (Seiceadúirí agus Riarthóirí), 1928. | An tAcht iomlán. | |
An tAcht um Eastáit Díthiomnóirí, 1954. | An tAcht iomlán. | |
Mír (d) d'fho-alt (2) d'alt 2; | ||
In alt 21 “chomhoidhrseacha”. | ||
Ailt 22, 45 agus 46. | ||
An tAcht iomlán. | ||
Alt 5. | ||
Sa Tríu Sceideal na taifid atá leagtha amach ag uimhreacha tagartha 16 agus 17. | ||
Fo-alt (7) d'alt 7. | ||
Fo-alt (3) d'alt 61. Cuid IV. |