Off On Dualscroll
Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.
Uimhir 18 de 1961.
ACHT NA nALTRAÍ, 1961.
[An tiontú oifigiúil.]
An Priomh-Act.
1.—San Acht seo ciallaíonn “an Príomh-Acht” Acht na nAltran, 1950.
Altraí a fhéadfaidh votail chun comhaltai an Bhoird a thoghadh.
2.—(1) Aon rialacha a dhéanfar chun críocha alt 13 den Phríomh-Acht, féadfaidh siad an aicme nó na haicmí altraí a shonrú a fhéadfaidh vótáil chun duine nó daoine a shonraítear in aon cheann de mhíreanna fho-alt (2) den alt sin a thoghadh.
(2) Rialacha na nAltraí, 1953, agus na toghcháin a seoladh de réir na Rialachán sin roimh dháta an Acht seo a rith, beidh siad, agus measfar iad a bheith ariamh, chomh bailí chun gach críche amhail is dá mbeadh fo-alt (1) den alt seo achtaithe sula ndearnadh na Rialacha sin.
Costais comhaltaí a chomhlíonann feidhmeanna thar ceann an Bhoird.
3.—I gcás ina gcomhlíonfaidh comhalta den Bhord nó den Choiste nó d'aon choiste eile den Bhord aon fheidhm thar ceann an Bhoird, féadfaidh an Bord a chostais taistil agus cothabhála a íoc leis agus is de réir scála a cheadóidh an tAire tar éis dó dul i gcomhairle leis an Aire Airgeadais a bheidh na híocaíochtaí.
Deontais bhliantúla i lei caiteachais an Bhoird.
4.—(1) Tabharfaidh an tAire deontais bhliantúla i leith caiteachais an Bhoird.
(2) Aon deontas faoin alt seo—
(a) is é méid a bheidh ann cibé méid a chinnfidh an tAire agus é i gcomhairle leis an Aire Airgeadais agus leis an mBord, agus
(b) íocfar é as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.
(3) Beidh feidhm ag forálacha alt 60 den Phríomh-Acht maidir le deontas faoin alt seo agus, chun na críche sin, forléireofar na tagairtí san alt sin d'iarmhéid faoi alt 59 den Phríomh-Acht mar thagairtí do dheontas faoin alt seo.
Fáltas ó tháillí.
5.—I gcás táillí dá dtagraítear in alt 24 den Phríomh-Acht a bheith inmhuirir, socróidh an Bord a méid ó am go ham le rialacha ar mhodh gur leor an fáltas uathu, bliain ar bhliain, chun íoc as caiteachas an Bhoird (seachas cibé cuid den chaiteachas a chinnfidh an tAire).
Eolas ón mBord.
6.—Tabharfaidh an Bord don Aire, cibé tráth agus i cibé foirm a iarrfaidh an tAire, cibé eolas, maidir le comhlíonadh a ndualgas, a iarrfaidh an tAire.
Ceapadh agus téarma oifige uachtarán an Bhoird.
7.—(1) A luaithe is féidir tar éis deireadh gach bliana toghcháin, ceapfaidh an tAire duine de chomhaltaí an Bhoird chun bheith ina uachtarán ar an mBord.
(2) Má tharlaíonn folúntas in oifig uachtarán an Bhoird ar shlí eile seachas deireadh a bheith le téarma oifige an uachtaráin, ceapfaidh an tAire duine de chomhaltaí an Bhoird chun bheith ina uachtarán ar an mBord.
(3) Murab éag, éirí as oifig mar uachtarán, nó scor de bheith ina uachtarán roimhe sin dó faoi fho-alt (5) den alt seo, sealbhóidh uachtarán an Bhoird a oifig mar uachtarán go dtí an chéad cheapachán eile faoi fho-alt (1) den alt seo tar éis a cheaptha mar uachtarán nó, i gcás duine a bheidh ina uachtarán de bhua fho-alt (6) den alt seo, tar éis dáta an Achta seo a rith.
(4) Féadfaidh uachtarán an Bhoird éirí as a oifig mar uachtarán tráth ar bith trí litir a chuirfear leis an bpost cláraithe chun an Bhoird, agus beidh éifeacht ag an éirí as ag tosach an chéad chruinniú eile den Bhord a chomórfar tar éis an litir a fháil mura ndéanfar an éirí as a tharraíngt siar i scríbhinn roimh an gcruinniú sin.
(5) Má scoireann uachtarán an Bhoird de bheith ina chomhalta den Bhord le linn a théarma oifige mar uachtarán, beidh sé dícháilithe chun bheith, agus scoirfidh sé láithreach de bheith, ina uachtarán ar an mBord.
(6) I gcás duine a bheith i seilbh oifig uachtarán an Bhoird díreach roimh dháta an Achta seo a rith, leanfaidh sé de bheith i seilbh na hoifige sin d'ainneoin alt 16 den Phríomh-Acht a aisghairm leis an Acht seo.
(7) I gcás oifig uachtarán an Bhoird a bheith folamh díreach roimh dháta an Achta seo a rith, ceapfaidh an tAire duine de chomhaltaí an Bhoird chun bheith ina uachtarán ar an mBord.
Aisghairm.
(8) Déantar leis seo na hachtacháin a luaitear sa Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.
Gearrtheideal, forléiriú agus comhlua.
9.—(1) Féadfar Acht na nAltraí, 1961, a ghairm den Acht seo.
(2) Forléireofar an Príomh-Acht agus an tAcht seo le chéile mar aon Acht amháin.
(3) Féadfar Achtanna na nAltraí, 1950 agus 1961, a ghairm den Phríomh-Acht agus den Acht seo le chéile.
AN SCEIDEAL.
Achtacháin a Aisghairtear.
Uimhir agus Bliain. | Gearrtheideal. | Méid na hAisghairme. |
(1) | (2) | (3) |
Alt 44. | ||
Ailt 16 agus 59. |
Number 18 of 1961.
NURSES ACT, 1961.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Expenses of members who perform functions on behalf of the Board. | |
Enactments Repealed.
Acts Referred to | |
No. 10 of 1944 | |
No. 27 of 1950 |
Number 18 of 1961.
NURSES ACT, 1961.
Principal Act.
1.—In this Act “the Principal Act” means the Nurses Act, 1950.
Nurses who may vote at elections of members of the Board.
2.—(1) Rules made for the purposes of section 13 of the Principal Act may specify the class or classes of nurses who may vote in the election of the person or persons specified in any of the paragraphs of subsection (2) of that section.
(2) The Nurses Rules, 1953, and the elections held before the passing of this Act in accordance with those Rules shall be, and shall be deemed always to have been, as valid for all purposes as if subsection (1) of this section had been enacted before those Rules were made.
Expenses of members who perform functions on behalf of the Board.
3.—Where a member of the Board or of the Committee or any other committee of the Board performs any function on behalf of the Board, the Board may pay to him his travelling and subsistence expenses and the payments shall be in accordance with a scale approved of by the Minister after consultation with the Minister for Finance.
Annual grants towards expenses of the Board.
4.—(1) The Minister shall make annual grants towards the expenses of the Board.
(2) A grant under this section—
(a) shall be of such amount as the Minister determines in consultation with the Minister for Finance and the Board, and
(b) shall be made out of moneys provided by the Oireachtas.
(3) The provisions of section 60 of the Principal Act shall apply to a grant under this section and, for that purpose, the references in that section to a balance under section 59 of the Principal Act shall be construed as references to a grant under this section.
Revenue from fees.
5.—Where fees referred to in section 24 of the Principal Act are chargeable, the Board shall from time to time by rules so fix their amount that, taking one year with another, the revenue from them is sufficient to meet the Board's expenditure (other than such part of that expenditure as may be determined by the Minister).
Information by the Board.
6.—The Board shall furnish to the Minister at such times and in such form as the Minister may request such information, with regard to the performance of their functions, as the Minister may require.
Appointment and term of office of president of the Board.
7.—(1) The Minister shall, as soon as may be after the expiration of every election year, appoint one of the members of the Board to be president thereof.
(2) Where the office of president of the Board becomes vacant, otherwise than by the termination of the term of office of a president, the Minister shall appoint one of the members of the Board to be president thereof.
(3) A president of the Board shall, unless he sooner dies, resigns the office of president, or ceases to be president under subsection (5) of this section, hold office as president until the next appointment under subsection (1) of this section after his appointment as president or, in the case of a person who is president by virtue of subsection (6) of this section, after the passing of this Act.
(4) The president of the Board may at any time resign his office as president by letter sent by registered post to the Board, and the resignation shall take effect at the commencement of the meeting of the Board held next after the receipt of the letter if the resignation is not withdrawn in writing before that meeting.
(5) Where the president of the Board ceases during his term of office as president to be a member of the Board, he shall be disqualified for being and shall forthwith cease to be such president.
(6) Where a person held the office of president of the Board immediately before the passing of this Act, he shall notwithstanding the repeal by this Act of section 16 of the Principal Act, continue to hold that office.
(7) Where the office of president of the Board was vacant immediately before the passing of this Act, the Minister shall appoint one of the members of the Board to be president thereof.
Repeals.
8.—The enactments mentioned in the Schedule to this Act are hereby repealed to the extent specified in the third column of that Schedule.
Short title, construction and collective citation.
9.—(1) This Act may be cited as the Nurses Act, 1961.
(2) The Principal Act and this Act shall be construed together as one Act.
(3) The Principal Act and this Act may be cited together as the Nurses Acts, 1950 and 1961.
SCHEDULE.
Enactments Repealed.
Number and Year. | Short title. | Extent of Repeal. |
(1) | (2) | (3) |
No. 10 of 1944. | ||
No. 27 of 1950. | Sections 16 and 59. |