Off On Dualscroll
Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.
Uimhir 25 de 1929.
ACHT CÓIPCHIRT (BUANÚ), 1929.
Cóipchirt roimh an gConnra do bhuanú.
1.—Gach cóipcheart a bhí ar marthain, ar an 5adh lá de Mhí na Nodlag, 1921, i Ríocht Aontuithe na Breataine Móire agus na hÉireann do bhí ann le déanaí, fén Copyright Act, 1911, no dá bhua, no fé aon Ordú no de bhua aon Ordú a dineadh fén Acht san, beidh sé (in ainneoin éinní atá san Acht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927 (Uimh. 16 de 1927), ach fé réir forálacha an Achta so) ar marthain agus tuigfar go raibh sé riamh ar marthain i Saorstát Éireann chó hiomlán ar gach slí, pe'ca maidir le faid, le feidhm, le héifeacht, le teorainn, le holbliogáid no le héinní eile in aon chor, agus bheadh sé ar marthain amhlaidh dá mbeadh riamh agus anois agus dá leanfadh ina dhiaidh seo lán-fheidhm agus lán éifeacht i Saorstát Éireann ag an Copyright Act, 1911, agus ag gach Ordú a dineadh fé agus a bhí i bhfeidhm an 5adh lá de Mhí na Nodlag, 1921.
Cóipchirt roimh an gConnra d'aistriú agus do thuitim chun duine eile.
2.—Gach cóipcheart adeir an tAcht so atá ar marthain no go dtuigfar do réir an Achta so go raibh sé ar marthain i Saorstát Éireann is féidir agus tuigfar gurbh fhéidir riamh, o bunuíodh Saorstát Éireann, é d'aistriú no deighleáil leis ar shlí eile tré ghníomh inter vivos no tré uacht agus é do thuitim no do theacht ar shlí eile tré ghníomh dlí chun duine eile (pe'ca roimh rith an Achta so no dá éis sin é) chó hiomlán ar gach slí agus dob fhéidir é d'aistriú no deighleáil leis ar shlí eile agus é do thuitim no do theacht ar shlí eile chun duine eile amhlaidh dá mbeadh riamh agus anois agus dá leanadh in a dhiaidh seo lán-fheidhm agus lánéifeacht i Saorstát Éireann ag an Copyright Act, 1911, agus ag gach Ordú a dineadh fé agus a bhí i bhfeidhm an 5adh lá de Mhí na Nodlag, 1921.
Oibriú an Copyright Act, 1911, agus Orduithe a dineadh fé.
3.—Sa mhéid gur gá é chun go mairfadh i Saorstát Éireann, fén Acht so agus dá réir, na cóipchirt adeir an tAcht so atá ar marthain no go dtuigfar do réir an Achta so go rabhadar ar marthain i Saorstát Éireann agus chun go mba fhéidir, fén Acht so agus dá réir, iad d'aistriú no deighleáil leo ar shlí eile agus iad do thuitim no do theacht ar shlí eile chun duine eile, agus ní chun aon chríche eile agus ní níos sia ná san ná ar aon tslí eile, tuigfar (in ainneoin éinní atá san Acht Maoine Tionnscail agus Tráchtála (Cosaint), 1927) go raibh riamh agus go bhfuil anois agus go leanfidh ina dhiaidh seo lán-fheidhm agus lán-éifeacht i Saorstát Éireann ag an Copyright Act, 1911, agus ag gach Ordú a dineadh fé agus a bhí i bhfeidhm an 5adh lá de Mhí na Nodlag, 1921.
Toirmeasc ar leighiseanna ar sháruithe atá déanta cheana.
4.—In ainneoin éinní atá san Acht so ní féadfar aon leigheas ná faoiseamh, pe'ca i bhfuirm damáiste, coise, costaisí, caiteachais ná eile, do bhaint amach ná do dheona i dtaobh ná ar scór sárú a dineadh i Saorstát Éireann, roimh rith an Achta so, ar chóipcheart adeir an Acht so atá ar marthain no go dtuigfar do réir an Achta so go raibh sé ar marthain i Saorstát Éireann.
Gearr-theideal.
5.—Féadfar an tAcht Cóipchirt (Buanú), 1929, do ghairm den Acht so.
Number 25 of 1929.
COPYRIGHT (PRESERVATION) ACT, 1929.
ARRANGEMENT OF SECTIONS
Section | |
Operation of the Copyright Act, 1911, and Orders thereunder. | |
Act Referred to | |
No. 16 of 1927 |
Number 25 of 1929.
COPYRIGHT (PRESERVATION) ACT, 1929.
Preservation of pre-Treaty copyrights.
1.—Every copyright which was subsisting in the late United Kingdom of Great Britain and Ireland on the 5th day of December, 1921, under or by virtue of the Copyright Act, 1911, or any Order made under that Act, shall (notwithstanding anything contained in the Industrial and Commercial Property (Protection) Act, 1927 (No. 16 of 1927), but subject to the provisions of this Act), subsist and be deemed always to have subsisted in Saorstát Eireann as fully in all respects, whether as to duration, force, effect, limitation, obligation, or otherwise howsoever, as the same would have so subsisted if the Copyright Act, 1911, and every Order made thereunder and in force on the 5th day of December, 1921, had always been, now were, and hereafter continued to be in full force and effect in Saorstát Eireann.
Transfer and devolution of pre-Treaty copyrights.
2.—Every copyright by this Act declared to subsist or deemed to have subsisted in Saorstát Eireann shall be and be deemed always to have been since the establishment of Saorstát Eireann capable of being transferred or otherwise dealt with by act inter vivos or testamentary disposition and of devolving or otherwise passing by act in the law (whether before or after the passing of this Act) as fully in all respects as the same would have been capable of being so transferred or otherwise dealt with and of so devolving or otherwise passing if the Copyright Act, 1911, and every Order made thereunder and in force on the 5th day of December, 1921, had always been, now were, and hereafter continued to be in full force and effect in Saorstát Eireann.
Operation of the Copyright Act, 1911, and Orders thereunder.
3.—So far as may be necessary for the subsistence in Saorstát Eireann under and in accordance with this Act of the copyrights by this Act declared to subsist or deemed to have subsisted in Saorstát Eireann and for their capability under and in accordance with this Act of being transferred or otherwise dealt with and of devolving or otherwise passing and for no other purpose and no further or otherwise, the Copyright Act, 1911, and every Order made thereunder and in force on the 5th day of December, 1921, shall (notwithstanding anything contained in the Industrial and Commercial Property (Protection) Act, 1927) be deemed always to have had, now to have, and hereafter to continue to have full force and effect in Saorstát Eireann.
Prohibition of remedies for past infringements.
4.—Notwithstanding anything contained in this Act, no remedy or relief, whether by way of damages, injunction, costs, expenses, or otherwise, shall be recoverable or granted in respect or by reason of an infringement in Saorstát Eireann before the passing of this Act of a copyright by this Act declared to subsist or deemed to have subsisted in Saorstát Eireann.
Short title.
5.—This Act may be cited as the Copyright (Preservation) Act, 1929.