Off On Dualscroll

Help

Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.

[GA]

harp.jpg


Number 26 of 1966.


[GA]

TRANSPORT ACT, 1966


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Definitions.

2.

Termination of train services on railway lines of Company.

3.

Abandonment of railway lines of Company.

4.

Sale of land under or adjoining abandoned railway lines.

5.

Determination of certain disputes, differences and appeals by Circuit Court.

6.

Short title.


Acts Referred to

Transport Act, 1950

1950, No. 12

Transport Act, 1958

1958, No. 19

Transport Act, 1955

1955, No. 25

Railways (Existing Officers and Servants) Act, 1926

1926, No. 25

Railways Act, 1924

1924, No. 29

Transport Act, 1944

1944, No. 21

harp.jpg


Number 26 of 1966.


TRANSPORT ACT, 1966


AN ACT TO MAKE FURTHER PROVISION IN RELATION TO TRANSPORT. [19th July, 1966.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS AS FOLLOWS:— [GA]

Definitions.

1.—In this Act—

[GA]

the Act of 1950” means the Transport Act, 1950;

[GA]

the Board” means Córas Iompair Éireann;

[GA]

the Company” means the Fishguard and Rosslare Railways and Harbours Company;

[GA]

railway line” includes a section of railway line.

[GA]

Termination of train services on railway lines of Company.

2.Section 19 of the Transport Act, 1958, which provides for the termination of train services, shall apply and have effect in relation to any service of trains for passengers and merchandise or either of them provided by the Board on a railway line of the Company.

[GA]

Abandonment of railway lines of Company.

3.—(1) Section 21 of the Act of 1950, which provides for the abandonment of railway lines, shall apply to a railway line of the Company over which all train services have been terminated by the Board.

[GA]

(2) The said section 21 shall, in its application to a railway line of the Company over which all train services have been terminated by the Board, be construed and have effect as if—

[GA]

(a) the following paragraph were substituted for paragraph (a) of subsection (2), that is to say:

[GA]

“(a) Where the Board has terminated all train services run over a specified railway line of the Fishguard and Rosslare Railways and Harbours Company, that Company may, subject to this subsection, by order (in this section referred to as an abandonment order) declare its intention of abandoning that railway line”, and

[GA]

(b) the references in subsections (2) (b) to (d), (3), (4), (5) and (7) to the Board were references to the Company.

[GA]

(3) Where, by virtue of the said section 21, as amended by this section, or section 7 of the Transport Act, 1955, a liability of the Company in relation to the maintenance of any works ceases, any corresponding liability of the Board shall also cease.

[GA]

(4) The Company shall be deemed to be a railway company for the purposes of any enactment relating to railways.

[GA]

Sale of land under or adjoining abandoned railway lines.

4.—(1) Notwithstanding anything to the contrary in section 21 of the Act of 1950 or in any other enactment, a railway company may sell, by private treaty, any land under or adjoining an abandoned railway line to any tenant of that land or to any tenant of adjoining land under or adjoining such line.

[GA]

(2) Subsection (1) of this section shall be deemed to have come into operation on the 9th day of July, 1963.

[GA]

Determination of certain disputes, differences and appeals by Circuit Court.

5.—(1) Subject to subsection (2) of this section, a dispute, difference or appeal which may be referred or made to the standing arbitrator appointed for the purposes of the Third Schedule to the Act of 1924, section 43 of the Act of 1944 or section 41 or 42 of the Act of 1950 shall, in lieu of being referred or made to such arbitrator, if a party thereto entitled under those provisions to refer or make it to such arbitrator applies to the Circuit Court by motion on notice served on the other party thereto not less than twenty-one days before the day upon which the application is intended to be made, be heard and decided by that Court and, subject to the provisions of this section, the provisions aforesaid shall, as respects any such application, be construed and have effect accordingly.

[GA]

(2) Where in respect of a dispute, difference or appeal referred or made to the standing arbitrator aforesaid under any of the provisions aforesaid before the passing of this Act a decision was not given before such passing and is not given during the period of three months immediately after such passing, the dispute difference or appeal shall, in lieu of being decided by the arbitrator, if a party thereto applies after the expiration of such period to the Circuit Court by motion on notice served on the other party thereto and on the said arbitrator not less than twenty-one days before the day upon which the application is intended to be made, be heard and decided by that Court and, subject to the provisions of this section, the provisions aforesaid shall, as respects any such application, be construed and have effect accordingly.

[GA]

(3) An application to the Circuit Court under this section shall, at the election of the person making the application, be made to a judge of the Dublin Circuit or to the judge of the circuit where such person resides or has his principal place of business.

[GA]

(4) Notwithstanding anything contained in the said Third Schedule, the said section 43 or the said section 41 or 42, an appeal to the High Court (whose decision shall be final) on a question of law may be brought from a decision of the Circuit Court under this section, but an appeal from such a decision on a question of fact may not be brought.

[GA]

(5) Section 8 of the Railways (Existing Officers and Servants) Act, 1926, section 43 (6) to (10) of the Act of 1944 and section 43 of the Act of 1950 shall not apply or have effect in relation to disputes, differences or appeals falling to be heard and decided by the Circuit Court under this section.

[GA]

(6) In this section—

[GA]

the Act of 1924” means the Railways Act, 1924;

[GA]

the Act of 1944” means the Transport Act, 1944.

[GA]

Short title.

6.—This Act may be cited as the Transport Act, 1966.

[EN]

Uimhir 26 de 1966.


[EN]

AN tACHT IOMPAIR, 1966

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO DHÉANAMH SOCRÚ BREISE MAIDIR LE hIOMPAR. [19 Iúil, 1966.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1950, Uimh. 12.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1950” an tAcht Iompair, 1950;

[EN]

ciallaíonn “an Bord” córas Iompair Éireann;

[EN]

ciallaíonn “an Chuideachta” an Fishguard and Rosslare Railways and Harbours Company;

[EN]

folaíonn “líne iarnróid” roinn de líne iarnróid.

[EN]

Seirbhísí traenach a fhoirceannadh ar línte iarnróid de chuid na Cuideachta.

1958, Uimh. 19.

2.—Beidh ag alt 19 den Acht Iompair, 1958, a dhéanann foráil chun seirbhísí traenach a fhoirceannadh, feidhm agus éifeacht maidir le haon seirbhís traenacha le haghaidh paisinéirí agus marsantais nó ceachtar acu atá curtha ar fáil ag an mBord ar líne iarnróid de chuid na cuideachta.

[EN]

Línte iarnróid de chuid na Cuideachta a thréigean.

1955, Uimh. 25.

3.—(1) Beidh ag alt 21 d'Acht 1950, a dhéanann foráil chun línte iarnróid a thréigean, feidhm maidir le líne iarnróid de chuid na Cuideachta ar a bhfuil gach uile sheirbhís traenach foirceannta ag an mBord.

[EN]

(2) Déanfar an t-alt sin 21, ina fheidhm maidir le líne iarnróid de chuid na Cuideachta ar a bhfuil gach uile sheirbhís traenach foirceannta ag an mBord a fhorléiriú agus beidh éifeacht aige ionann is dá mba rud é—

[EN]

(a) gur cuireadh an mhír seo a leanas in ionad mhír (a) d'fho-alt (2), is é sin le rá:

[EN]

“(a) I gcás an Bord a bheith tar éis gach uile sheirbhís traenach ar líne iarnróid shonraithe de chuid an Fishguard and Rosslare Railways and Harbours Company a fhoirceannadh, féadfaidh an Chuideachta sin, faoi réir an fho-ailt seo agus le hordú (dá ngairtear ordú tréigin san alt seo) a dhearbhú go bhfuil beartaithe aici an líne iarnróid sin a thréigean”, agus

[EN]

(b) gur thagairtí don Chuideachta na tagairtí don Bhord i bhfo-ailt (2) (b), go (d), (3), (4), (5) agus (7).

[EN]

(3) I gcás ina dtarlóidh de bhua an ailt sin 21 arna leasú leis an alt seo, nó de bhua alt 7 den Acht Iompair, 1955, go mbeidh deireadh le dliteanas na Cuideachta maidir le cothabháil aon oibreacha beidh deireadh freisin le haon dliteanas comhréire de chuid an Bhoird.

[EN]

(4) Measfar gur cuideachta iarnróid chun críocha aon achtacháin a bhaineann le hiarnróid an Chuideachta.

[EN]

An talamh faoi línte iarnróid tréigthe nó ag síneadh leo a dhíol.

4.—(1) D'ainneoin aon ní contrártha dó sin in alt 21 d'Acht 1950 nó in aon achtachán eile, féadfaidh cuideachta iarnróid talamh ar bith faoi líne iarnróid tréigthe nó ag síneadh léi a dhíol, trí chonradh príobháideach, le haon tionónta ar an talamh sin nó le haon tionónta ar thalamh ag síneadh leis faoin líne sin nó ag síneadh léi.

[EN]

(2) Measfar fo-alt (1) den alt seo a theacht i ngníomh an 9ú lá d'Iúil, 1963.

[EN]

An Chúirt Chuarda do chinneadh díospóidí, aighneas agus achomharc áirithe.

1926, Uimh. 25.

1924, Uimh. 29.

1944, Uimh. 21.

5.—(1) Faoi réir fho-alt (2) den alt seo, aon díospóid, aighneas nó achomharc a fhéadfar a tharchur nó a dhéanamh chun buaneadránaí arna cheapadh chun críocha an Tríú Sceideal a ghabhann le hAcht 1924, alt 43 d'Acht 1944 nó alt 41 nó 42 d'Acht 1950, ansin, in ionad é a tharchur nó a dhéanamh chun an eadránaí sin, éistfidh agus cinnfidh an Chúirt Chuarda é má dhéanann páirtí sa chéanna atá i dteideal faoi na forálacha sin é a tharchur nó a dhéanamh chun an eadránaí sin iarratas chun na Cúirte sin trí thairiscint ar fhógra a sheirbheálfar ar an bpáirtí eile sa chéanna tráth nach lú ná lá agus fiche roimh an lá ar a bhfuil sé beartaithe an t-iarratas a dhéanamh, agus, faoi réir forálacha an ailt seo, déanfar, i leith aon iarratais den sórt sin, na forálacha réamhráite sin a fhorléiriú agus beidh éifeacht acu dá réir sin.

[EN]

(2) Más rud é, maidir le díospóid, aighneas nó achomharc a tarchuireadh nó a rinneadh chun an bhuan-eadránaí réamhráite sin faoi aon cheann de na forálacha réamhráite roimh dháta an Achta seo a rith, nár tugadh cinneadh roimh an Acht seo a rith agus nach mbeidh sé tugtha sa tréimhse trí mhí díreach tar éis an tAcht seo a rith, ansin, in ionad an t-eadránaí á chinneadh, éistfidh agus cinnfidh an Chúirt Chuarda é má dhéanann páirtí sa chéanna iarratas tar éis deireadh na tréimhse sin chun na Cúirte Cuarda trí thairiscint ar fhógra a sheirbheálfar ar an bpáirtí eile sa chéanna agus ar an eadránaí sin lá nach lú ná lá agus fiche roimh an lá ar a bhfuil sé beartaithe an t-iarratas a dhéanamh, agus, faoi réir forálacha an ailt seo, déanfar, i leith aon iarratais den sórt sin, na forálacha réamhráite sin a fhorléiriú agus beidh éifeacht acu dá réir sin.

[EN]

(3) De rogha an duine a dhéanfaidh an t-iarratas, déanfar iarratas chun na Cúirte Cuarda faoin alt seo chun breithimh de Chuaird Bhaile Átha Cliath nó chun an bhreithimh den chuaird ina bhfuil cónaí ar an duine sin nó ina bhfuil a phríomh-áit ghnó aige.

[EN]

(4) D'ainneoin aon ní atá sa Tríú Sceideal sin, san alt sin 43 nó san alt sin 41 nó 42, féadfar achomharc chun na hArd-Chúirte (agus is breith chríochnaitheach a breith) ar cheist dlí a dhéanamh in aghaidh breith na Cúirte Cuarda faoin alt seo, ach ní fhéadfar achomharc a dhéanamh in aghaidh breithe den sórt sin ar cheist fíorais.

[EN]

(5) Ní bheidh feidhm ná éifeacht ag alt 8 den Acht Bóthair Iarainn (Sean-Oifigigh agus Seana-Sheirbhísigh), 1926, ag alt 43 (6) go (10) d'Acht 1944 nó ag alt 43 d'Acht 1950 maidir le díospóidí, aighnis nó achomhairc a bheidh le héisteacht agus le breithniú ag an gCúirt Chuarda faoin alt seo.

[EN]

(6) San alt seo—

[EN]

ciallaíonn “Acht 1924” Acht na mBóthar Iarainn, 1924;

[EN]

ciallaíonn “Acht 1944” an tAcht Iompair, 1944.

[EN]

Gearrtheideal.

6.—Féadfar an tAcht Iompair, 1966, a ghairm den Acht seo.