Off On Dualscroll

Help

Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.

[EN]

Uimhir 32 de 1932.


[EN]

ACHT LOINGIS CHEANNAÍOCHTA (ORDUITHE STIÚRACH), 1932.


ACHT CHUN ÉIFEACHTA DO THABHAIRT D'AIRTIOGAL 41 DE CHONVENSIÚN IDIRNÁISIÚNTA UM SHÁBHÁLTACHT DHAOINE AR FARAIGE, DO SIGHNÍODH I LUNDAIN AN 31adh LÁ DE BHEALTAINE, 1929, AGUS CHUN NA MERCHANT SHIPPING ACTS, 1894 TO 1921, DO LEASÚ SA MHÉID GUR GÁ É CHUN ÉIFEACHTA DO THABHAIRT DON AIRTIOGAL SAN 41.

[16adh Mí na Nodlag, 1932.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTÁIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht so cialluíonn an abairt “long o Shaorstát Éireann” aon long gur i Saorstát Éireann atá port a cláruithe.

[EN]

Atharú ar an modh chun orduithe stiúrach do thabhairt.

2.—(1) Ní bheidh sé dleathach, tar éis an Achta so do rith, d'éinne bheidh ar aon luing o Shaorstát Éireann, agus an long san ag dul chun tosaigh, ordú stiúrach do thabhairt uaidh ina mbeidh an focal “bord na scearaighe” no an focal “deiseal” no aon fhocal atá ar chóbhrí le ceachtar de sna focail sin mara mbeidh an duine sin ar aigne ceann na luinge sin do dhul deiseal ná ordú stiúrach do thabhairt uaidh ina mbeidh an focal “bord na heangaighe” no an focal “tuathal” no aon fhocal atá ar chó-bhrí le ceachtar de sna focail sin mara mbeidh an duine sin ar aigne ceann na luinge do dhul tuathal.

[EN]

(2) Gach duine dhéanfaidh aon ghníomh is sárú ar an alt so beidh sé ciontach i gcionta fén alt so agus ar a chiontú ann ar an slí achmair dlighfear fíneáil ná raghaidh thar caoga púnt do chur air.

[EN]

Na Merchant Shipping Acts, 1894 to 1921, do leasú.

3.—Gach foráil de sna Merchant Shipping Acts, 1894 to 1921, atá buiniscionn leis an alt san roimhe seo den Acht so ath-ghairmtear leis seo í sa mhéid go bhfuil sí buiniscionn amhlaidh agus sa mhéid sin amháin.

[EN]

Gearr-theideal agus léiriú.

4.—(1) Féadfar an tAcht Loingis Cheannaíochta (Orduithe Stiúrach), 1932, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na Merchant Shipping Acts, 1894 to 1921, agus féadfar na hAchtanna Loingis Cheannaíochta, 1894 go 1932, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.

[GA]

harp.jpg


Number 32 of 1932.


[GA]

MERCHANT SHIPPING (HELM ORDERS) ACT, 1932.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Definitions.

2.

Change in method of giving helm orders.

3.

Amendment of the Merchant Shipping Acts, 1894 to 1921.

4.

Short title and construction.

harp.jpg


Number 32 of 1932.


MERCHANT SHIPPING (HELM ORDERS) ACT, 1932.


AN ACT TO GIVE EFFECT TO ARTICLE 41 OF AN INTERNATIONAL CONVENTION FOR THE SAFETY OF LIFE AT SEA, SIGNED IN LONDON ON THE 31st DAY OF MAY, 1929, AND TO AMEND THE MERCHANT SHIPPING ACTS, 1894 TO 1921, IN SO FAR AS IS NECESSARY TO GIVE EFFECT TO THE SAID ARTICLE 41. [16th December, 1932.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS OF SAORSTÁT EIREANN AS FOLLOWS:— [GA]

Definitions.

1.—In this Act the expression “Saorstát Eireann ship” means any ship whose port of registry is situate in Saorstát Eireann.

[GA]

Change in method of giving helm orders.

2.—(1) After the passing of this Act it shall not be lawful for any person on any Saorstát Eireann ship, when such ship is going ahead, either to give a helm or steering order containing the word “starboard” or the word “right” or any equivalent of either of those words unless such person intends that the head of such ship shall move to the right, or to give a helm or steering order containing the word “port” or the word “left” or any equivalent of either of those words unless such person intends that the head of the ship shall move to the left.

[GA]

(2) Every person who does any act which is a contravention of this section shall be guilty of an offence under this section and shall be liable on summary conviction thereof to a fine not exceeding fifty pounds.

[GA]

Amendment of the Merchant Shipping Acts, 1894 to 1921.

3.—Every provision of the Merchant Shipping Acts, 1894 to 1921, which is inconsistent with or repugnant to the foregoing section of this Act is, to the extent of such inconsistency or repugnancy only, hereby repealed.

[GA]

Short title and construction.

4.—(1) This Act may be cited as the Merchant Shipping (Helm Orders) Act, 1932.

[GA]

(2) This Act shall be construed as one with the Merchant Shipping Acts, 1894 to 1921, and those Acts and this Act may be cited together as the Merchant Shipping Acts, 1894 to 1932.