Off On Dualscroll

Help

Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.

[EN]

Uimhir 4 de 1947.


[EN]

AN tACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLA SEALADACHA), 1947.

[An tiontó oifigiúil.]

ACHT DO BHUANÚ, DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ NA nACHT FÓRSAÍ COSANTA (FORÁLA SEALADACHA), 1923 GO 1946. [18ú Márta, 1947.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe agus léiriú.

1.—(1) San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn an abairt “na hAchta” na hAchta Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 go 1946;

[EN]

ciallaíonn an abairt “an Príomh-Acht” an tAcht Fórsaí Cosanta (Forala Sealadacha), 1923 (Uimh. 30 de 1923), arna leasú le haon achtachán iardain;

[EN]

ciallaíonn an abairt “an tSeirbhís Chabhlaigh” an brainse de na Fórsaí Cosanta dá ngairmtear an tSeirbhís Chabhlaigh agus dá ngairmtí an tSeirbhís Mhuirí.

[EN]

(2) Déanfar na hAchta agus an tAcht seo a léamh agus a léiriú le chéile agus, dá réir sin, gach focal agus abairt a húsáidtear san Acht seo agus dá gceaptar brí áirithe leis na hAchta tá leo san Acht seo an bhrí a ceaptar dóibh amhlaidh.

[EN]

Na hAchta a bhuanú.

2.—Leanfaidh na hAchta, arna leasú agus arna leathnú leis an Acht seo, i bhfeidhm go dtí meán oíche an 31ú lá de Mhárta, 1948, agus raghaid in éag ansin.

[EN]

Céimeanna coimisiúnta sna Fórsaí Cosanta.

3.—(1) Is iad na céimeanna atá leagtha amach sa dara colún den Táible a ghabhas leis seo na grádanna de chéim míleata choimisiúnta sna Fórsaí Cosanta, agus aon ghrád de chéim míleata choimisiúnta atá leagtha amach sa dara colún sin roimh aon ghrád eile de chéim míleata choimisiúnta beidh sinsearacht aige ar an ngrád eile sin.

[EN]

(2) Is iad na céimeanna atá leagtha amach sa tríú colún den Táible a ghabhas leis seo na grádanna de chéim chabhlaigh choimisiúnta sna Fórsaí Cosanta, agus aon ghrád de chéim chabhlaigh choimisiúnta atá leagtha amach sa tríú colún sin roimh aon ghrád eile de chéim chabhlaigh choimisiúnta beidh sinsearacht aige ar an ngrád eile sin.

[EN]

(3) (a) Chun críocha aon achtacháin lena mbaineann an fo-alt seo nó aon scéime arna déanamh (roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin) faoi na hAchta Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 agus 1938, is tuigthe gach céim chabhlaigh choimisiúnta a luaitear sa tríú colún den Táible a ghabhas leis seo a bheith ina céim atá ar comhréir leis an gcéim míleata choimisiúnta faoi seach a luaitear os a coinne sa dara colún den Táible sin, agus déanfar tagairtí in aon achtachán nó scéim den tsórt sin do chéim míleata choimisiúnta atá ar comhréir le céim chabhlaigh choimisiúnta a léiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí don chéim chabhlaigh choimisiúnta sin.

[EN]

(b) Baineann an fo-alt seo le haon achtachán, arna rith roimh an Acht seo nó dá éis sin, lena n-áirítear an tAcht seo, is reacht de chuid Shaorstáit Éireann nó Acht ón Oireachtas.

[EN]

(4) Féadfaidh an tAire a ordú, maidir le hoifigeach de na Fórsaí Cosanta ag a mbeidh (de bhuaidh a cheaptha chuici nó de bhuaidh ordacháin faoi fho-alt (5) den alt seo) céim míleata choimisiúnta atá leagtha amach sa dara colún den Táible a ghabhas leis seo, go mbeidh aige, in ionad na céime míleata coimisiúnta sin, an chéim chabhlaigh choimisiúnta atá leagtha amach sa tríú colún den Táible sin os coinne lua na céime míleata coimisiúnta sin, agus beidh éifeacht ag aon ordachán den tsórt sin do réir a bhrí.

[EN]

(5) Féadfaidh an tAire a ordú, maidir le hoifigeach de na Fórsaí Cosanta ag a mbeidh (de bhuaidh a cheaptha chuici nó de bhuaidh ordacháin faoi fho-alt (4) den alt seo) céim chabhlaigh choimisiúnta áirithe, go mbeidh aige, in ionad na céime cabhlaigh coimisiúnta sin, an chéim míleata choimisiúnta atá ar comhréir leis an gcéim chabhlaigh choimisiúnta sin, agus beidh éifeacht ag aon ordachán den tsórt sin do réir a bhrí.

[EN]

AN TAIBLE DE CHEIMEANNA COIMISIUNTA.

Uimh. Thag.

Céimeanna Míleata

Céimeanna Cabhlaigh

(1)

(2)

(3)

1

Ginearál nó (i mBéarla) General

2

Lefteanant-Ghinearál nó (i mBéarla) Lieutenant-General.

3

Maor-Ghinearál nó (i mBéarla) Major-General.

Fo-Aimiréal nó (i mBéarla) Commodore.

4

Cornal nó (i mBéarla) Colonel

Captaen nó (i mBéarla) Captain.

5

Lefteanant-Chornal nó (i mBéarla) Lieutenant-Colonel.

Ceannasaí nó (i mBéarla) Commander.

6

Ceannphort nó (i mBéarla) Commandant.

Lefteanant-Cheannasaí nó (i mBéarla) Lieutenant-Commander.

7

Captaen nó (i mBéarla) Captain.

Lefteanant nó (i mBéarla) Lieutenant.

8

Lefteanant nó (i mBéarla) Lieutenant.

Fo-Lefteanant nó (i mBéarla) Sub-Lieutenant.

9

Dara-Lefteanant nó (i mBéarla) Second-Lieutenant.

Meirgire nó (i mBéarla) Ensign.

[EN]

Maoir láithreacha a bheith ina Lefteanant-Chornail agus forála iarmartacha.

4.—(1) Gach oifigeach ag a mbeidh, ar dháta an Achta seo a rith, céim choimisiúnta Mhaoir, beidh sé agus tiocfaidh sé chun bheith, ar an dáta sin, ina Lefteanant-Chornal.

[EN]

(2) Aon tagairtí in aon reacht de chuid Shaorstáit Éireann nó in aon Acht ón Oireachtas nó in aon rialacháin arna ndéanamh fúthu nó in aon Scéim arna déanamh faoi na hAchta Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 agus 1938, do chéim Mhaoir, déanfar, ar an Acht seo a rith agus dá éis sin, iad a léiriú mar thagairtí do chéim Lefteanant-Chornail.

[EN]

(3) Déanfar, chun críocha na nAcht agus aon rialachán arna ndéanamh fúthu agus chun críocha aon Scéime arna déanamh faoi na hAchta Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 agus 1938, seirbhís i gcéim Mhaoir a áireamh mar sheirbhís i gcéim Lefteanant-Chornail.

[EN]

Céimeanna agus aicmí neamhchoimisiúnta sna Fórsaí Cosanta.

5.—(1) Is iad na céimeanna atá leagtha amach sa dara colún den Táible a ghabhas leis seo na grádanna de chéim míleata neamhchoimisiúnta sna Fórsaí Cosanta, agus aon ghrád de chéim míleata neamhchoimisiúnta atá leagtha amach sa dara colún sin roimh aon ghrád eile de chéim míleata neamhchoimisiúnta, beidh sinsearacht aige ar an ngrád eile sin.

[EN]

(2) Is í an chéim atá leagtha amach sa tríú colún den Táible a ghabhas leis seo an grád de chéim chabhlaigh neamhchoimisiúnta sna Fórsaí Cosanta, agus beidh sinsearacht aici ar aon ghrád d'aicme chabhlaigh neamhchoimisiúnta dá bhfuil leagtha amach sa cheathrú colún den Táible sin.

[EN]

(3) Is iad na haicmí atá leagtha amach sa cheathrú colún den Táible a ghabhas leis seo na grádanna d'aicme chabhlaigh neamhchoimisiúnta sna Fórsaí Cosanta, agus aon ghrád d'aicme chabhlaigh neamhchoimisiúnta atá leagtha amach sa cheathrú colún sin roimh aon ghrád eile d'aicme chabhlaigh neamhchoimisiúnta, beidh sinsearacht aige ar an ngrád eile sin.

[EN]

(4) (a) Chun críocha aon achtacháin lena mbaineann an fo-alt seo nó aon scéime arna déanamh (roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin) faoi na hAchta Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 agus 1938,—

[EN]

(i) is tuigthe céim chabhlaigh Oifigigh Bharántais a bheith ina céim atá ar comhréir le céim míleata Maor-Sháirsint, agus déanfar tagairtí in aon achtachán nó scéim den tsórt sin do chéim Maor-Sháirsint a léiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí do chéim Oifigigh Bharántais;

[EN]

(ii) is tuigthe gach aicme chabhlaigh a luaitear sa cheathrú colún den Táible a ghabhas leis seo a bheith ina céim atá ar comhréir leis an gcéim míleata, faoi seach, a luaitear os a coinne sa dara colún den Táible sin, agus déanfar tagairtí in aon achtachán nó scéim den tsórt sin do ghrád de chéim míleata neamhchoimisiúnta atá ar comhréir le grád d'aicme chabhlaigh neamhchoimisiúnta a léiriú mar thagairtí a fholaíos tagairtí don ghrád sin d'aicme chabhlaigh neamhchoimisiúnta.

[EN]

(b) Baineann an fo-alt seo le haon achtachán, arna rith roimh an Acht seo nó dá éis sin, lena n-áirítear an tAcht seo, is reacht de chuid Shaorstáit Éireann nó Acht ón Oireachtas.

[EN]

(5) (a) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, a ordú, maidir le Cór nó Seirbhís nó cuid de Chór nó de Sheirbhís, go mbeidh ag sealbhóir céime míleata neamhchoimisiúnta ann, in ionad céim a sonraítear sa dara colún den Táible a ghabhas leis seo a bheith aige, pé céim ionannach eile a sonrófar sna rialacháin sin, agus, sa chás sin, déanfar tagairtí in aon achtachán lena mbaineann an fo-alt seo nó in aon scéim arna déanamh (roimh an Acht seo a rith nó dá éis sin) faoi na hAchta Fórsaí Cosanta (Pinsin), 1932 agus 1938, do chéim a sonraítear sa dara colún sin a léiriú, maidir leis an gCór nó an tSeirbhís sin nó leis an gcuid sin den Chór nó den tSeirbhís sin, mar thagairtí don chéim ionannach a sonrófar sna rialacháin sin.

[EN]

(b) Baineann an fo-alt seo le haon achtachán, arna rith roimh an Acht seo nó dá éis sin, lena n-áirítear an tAcht seo, is reacht de chuid Shaorstáit Éireann nó Acht ón Oireachtas.

[EN]

(6) Féadfaidh an tAire, le rialacháin, aon ghrád d'aicme chabhlaigh a luaitear sa cheathrú colún den Táible a ghabhas leis seo a roinnt i pé cineálacha agus i pé méid cineálacha is oiriúnach leis agus féadfaidh pé tuairisc shuaithnidh is cuí leis a shannadh do gach cineál faoi leith den tsórt sin.

[EN]

(7) Féadfaidh an tAire a ordú, maidir le comhalta de na Fórsaí Cosanta ag a mbeidh (de bhuaidh a cheaptha chuici nó de bhuaidh ordacháin faoi fho-alt (8) den alt seo) céim míleata Maor-Sháirsint, go mbeidh aige, in ionad na céime míleata sin, céim chabhlaigh Oifigigh Bharántais, agus beidh éifeacht ag aon ordachán den tsórt sin do réir a bhrí.

[EN]

(8) Féadfaidh an tAire a ordú, maidir le haon chomhalta de na Fórsaí Cosanta ag a mbeidh (de bhuaidh a cheaptha chuici nó de bhuaidh ordacháin faoi fho-alt (7) den alt seo) céim chabhlaigh Oifigigh Bharántais, go mbeidh aige, in ionad na céime cabhlaigh sin, céim míleata Maor-Sháirsint, agus beidh éifeacht ag aon ordachán den tsórt sin do réir a bhrí.

[EN]

(9) Féadfaidh an tAire a ordú, maidir le haon chomhalta de na Fórsaí Cosanta ag a mbeidh (de bhuaidh a liostála nó a cheaptha chuici nó de bhuaidh ordacháin faoi fho-alt (10) den alt seo) céim míleata neamhchoimisiúnta (seachas céim Maor-Sháirsint) atá leagtha amach sa dara colún den Táible a ghabhas leis seo, go mbeidh aige, in ionad na céime míleata neamhchoimsiúnta sin, an grád d'aicme chabhlaigh neamhchoimisiúnta atá leagtha amach sa cheatrú colún den Táible sin os coinne lua na céime míleata neamhchoimisiúnta sin, agus beidh éifeacht ag aon ordachán den tsórt sin do réir a bhrí.

[EN]

(10) Féadfaidh an tAire a ordú, maidir le haon chomhalta de na Fórsaí Cosanta ag a mbeidh (de bhuaidh a liostála nó a cheaptha chuici nó de bhuaidh ordacháin faoi fho-alt (9) den alt seo) grád d'aicme chabhlaigh neamhchoimisiúnta atá leagtha amach sa cheatrú colún den Táible a ghabhas leis seo, go mbeidh aige, in ionad an ghráid sin d'aicme chabhlaigh neamhchoimisiúnta, an chéim míleata neamhchoimisiúnta atá leagtha amach sa dara colún den Táible sin os coinne lua na haicme cabhlaigh neamhchoimisiúnta sin, agus beidh éifeacht ag aon ordachán den tsórt sin do réir a bhrí.

[EN]

AN TAIBLE DE CHEIMEANNA AGUS AICMI NEAMHCHOIMISIUNTA.

Uimh. Thag.

Céimeanna Míleata

Céimeanna Cabhlaigh

Aicmí Cabhlaigh

(1)

(2)

(3)

(4)

1

Maor-Sháirsint nó (i mBéarla) Sergeant-Major.

Oifigeach Barántais nó (i mBéarla) Warrant Officer.

2

Ceathrú-Sháirsint Cathláin nó (i mBéarla) Battalion Quartermaster-Sergeant.

3

Sáirsint Complachta nó (i mBéarla) Company-Sergeant.

Ard-Mhion Oifigeach nó (i mBéarla) Chief Petty Officer.

4

Ceathrú-Sháirsint Complachta nó (i mBéarla) Company Quartermaster Sergeant.

5

Sársint nó (i mBéarla) Sergeant.

Míon-Oifigeach nó (i mBéarla) Petty Officer.

6

Ceannaire nó (i mBéarla) Corporal.

Mairnéalach Ceannais nó (i mBéarla) Leading Seaman.

7

Saighdiúir Singil nó (i mBéarla) Private.

Mairnéalach nó (i mBéarla) Seaman.

[EN]

Míniú ar “oifigeach neamhchoimisiúnta”.

6.—Léireofar an abairt “oifigeach neamhchoimisiúnta”, gach áit a bhfuil sí sna hAchta nó in aon achtachán (lena n-áirítear an tAcht seo) a leasaíos na hAchta, mar abairt a chiallaíos comhalta de na Fórsaí Cosanta ag a bhfuil aon ghrád de chéim nó d'aicme atá leagtha amach ag aon uimhir thagartha (seachas uimhir thagartha 7) sa Táible a ghabhas le halt 5 den Acht seo.

[EN]

Tagairtí d'aicme mhuirí a oiriúnú.

7.—Déanfar tagairtí sna hAchta d'aicme mhuirí a léiriú mar thagairtí d'aicme chabhlaigh.

[EN]

Téarmaíocht na nAcht mar bhaineas leis an tSeirbhís Chabhlaigh a oiriúnú.

8.—(1) Chun téarmaíocht na nAcht, maidir lena bhfeidhm i leith na Seirbhíse Cabhlailgh, a oiriúnú do chleachtas cabhlaigh, ach gan dochar do sheasamh comhaltaí na Seirbhíse Cabhlaigh faoi na hAchta, beidh éifeacht ag na forála seo a leanas:—

[EN]

(a) sna hAchta (mar bhainid leis an tSeirbhís Chabhlaigh) agus in aon orduithe, rialacha agus rialacháin (mar bhainid leis an tSeirbhís Chabhlaigh) arna ndéanamh faoi na hAchta—

[EN]

(i) déanfar tagairtí (ach amháin in alt 208 den Phríomh-Acht) do dhuine faoi dhlí míleata mar oifigeach a léiriú mar thagairtí do dhuine faoi dhlí cabhlaigh mar oifigeach,

[EN]

(ii) déanfar tagairtí (ach amháin in alt 209 den Phríomh-Acht) do dhuine faoi dhlí míleata mar shaighdiúir a léiriú mar thagairtí do dhuine faoi dhlí cabhlaigh mar mharaí,

[EN]

(iii) déanfar tagairtí (ach amháin in ailt 208 agus 209 den Phríomh-Acht) do dhuine faoi dhlí míleata a léiriú mar thagairtí do dhuine faoi dhlí cabhlaigh,

[EN]

(iv) déanfar tagairtí (ach amháin in alt 209 den Phríomh-Acht) do shaighdiúir a léiriú mar thagairtí do mharaí,

[EN]

(v) déanfar tagairtí do smacht míleata a léiriú mar thagairtí do smacht cabhlaigh,

[EN]

(vi) déanfar tagairtí d'ísliú go dtí grád níos ísle nó céim níos ísle a léiriú,—

[EN]

(I) i gcás oifigigh bharántais, mar thagairtí d'ísliú go dtí grád d'aicme chabhlaigh, agus

[EN]

(II) i gcás duine ag a mbeidh grád d'aicme chabhlaigh, mar thagairtí d'ísliú go dtí grád níos ísle d'aicme chabhlaigh,

[EN]

(vii) déanfar tagairtí d'ísliú go dtí na ranganna a léiriú mar thagairtí d'ísliú go dtí aicme chabhlaigh mhairnéalaigh,

[EN]

(viii) déanfar tagairtí d'arm-sheirbhís a léiriú mar thagairtí do sheirbhís sa chabhlach,

[EN]

(ix) déanfar tagairtí do sheirbhís mhíleata a léiriú mar thagairtí do sheirbhís chabhlaigh,

[EN]

(x) déanfar tagairtí do cheannas míleata a léiriú mar thagairtí do cheannas cabhlaigh;

[EN]

(b) féadfaidh an Rialtas ó am go ham, le hordú, pé oiriúnuithe eile is cuí leo a dhéanamh ar na hAchta (mar bhainid leis an tSeirbhís Chabhlaigh).

[EN]

(2) Chun críocha na nAcht agus orduithe, rialacha agus rialachán fúthu, arna n-oiriúnú le fo-alt (1) den alt seo nó faoi—

[EN]

ciallaíonn an abairt “duine faoi dhlí cabhlaigh mar oifigeach” duine—

[EN]

(a) is oifigeach de na Fórsaí ag a bhfuil céim chabhlaigh, nó

[EN]

(b) is oifigeach den Chúltaca Oifigeach ag a bhfuil céim chabhlaigh, nuair a hordaítear é chun dualgais a dlítear de mar oifigeach den tsórt sin, nó

[EN]

(c) oifigeach den Chúltaca Oifigeach ag a bhfuil céim chabhlaigh, nuair a bhíos sé ag gabháil do thréineáil shaorálach nó á chóireáil in aon ospidéal faoi urlámhas an Aire nó nuair a bhíos sé in éide;

[EN]

ciallaíonn an abairt “duine faoi dhlí cabhlaigh mar mharaí” aon duine—

[EN]

(a) is comhalta de na Fórsaí ag a bhfuil céim chabhlaigh oifigigh bharántais nó is aicmeach cabhlaigh,

[EN]

(b) is fear (dá ngairmtear cúltacaire cabhlaigh sa mhíniú seo) den Chúltaca Fear ag a bhfuil céim chabhlaigh oifigigh bharántais nó is aicmeach cabhlaigh, nuair—

[EN]

(i) a gairmtear é chun tréineála nó freachnaimh, nó

[EN]

(ii) a gairmtear amach é chun dualgais de chabhair ar an gcumhacht shíbhialta, nó

[EN]

(iii) a gairmtear amach é chun buantseirbhíse, nó

[EN]

(iv) a bhíos sé ar fostú ar seirbhís faoi orduithe oifigigh de na Fórsaí, nó

[EN]

(c) is cúltacaire cabhlaigh nuair a bhíos sé ag gabháil do thréineáil shaorálach nó á choireáil in aon ospidéal faoi urlámhas an Aire nó nuair a bhíos sé in éide;

[EN]

ciallaíonn an abairt “duine faoi dhlí cabhlaigh” aon duine—

[EN]

(a) is duine faoi dhlí cabhlaigh mar oifigeach (mar mínítear sin sa bhfo-alt seo), nó

[EN]

(b) is duine faoi dhlí cabhlaigh mar mharaí (mar mínítear sin so bhfo-alt seo);

[EN]

ciallaíonn an focal “maraí” duine faoi dhlí cabhlaigh mar mharaí (mar minítear sin sa bhfo-alt seo) le linn é a bheith faoin dlí sin amhlaidh.

[EN]

Tagairtí d'Fhórsaí Cosanta míleata a léiriú.

9.—In aon reacht de chuid Shaorstáit Éireann nó aon Acht ón Oireachtas, léireofar tagairtí d'Fhórsaí Cosanta míleata mar thagairtí a fholaíos tagairtí don tSeirbhís Chabhlaigh.

[EN]

Athghairm.

10.—Déantar leis seo na hachtacháin atá leagtha amach sa chéad cholún den Sceideal a ghabhas leis an Acht seo a athghairm a mhéid a sonraítear sa tríú colún den Sceideal sin.

[EN]

Gearrtheideal agus comhlua.

11.—(1) Féadfar an tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1947, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Féadfar na hAchta Fórsaí Cosanta (Fórála Sealadacha), 1923 go 1947, a ghairm de na hAchta agus den Acht seo le chéile.

[EN]

AN SCEIDEAL.

ACHTACHAIN A hATHGHAIRMTEAR.

Alt 10.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAthghairme

Uimh. 30 de 1923.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923

I mír (3) d'alt 3 (arna leasú le halt 3 den Acht um an Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 (Buanú agus Leasú), 1924 (Uimh. 38 de 1924)), an focal “míleata”;

In alt 4 (arna leasú le halt 4 den Acht um an Acht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1923 (Buanú agus Leasú) 1924), an focal “míleata.”

Uimh. 11 de 1940.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), (Uimh. 2), 1940.

Ailt 17 agus 18.

Uimh. 3 de 1942.

An tAcht Fórsaí Cosanta (Forála Sealadacha), 1942.

Ailt 3, 7, 9 agus 10.

[GA]

harp.jpg


Number 4 of 1947.


[GA]

DEFENCE FORCES (TEMPORARY PROVISIONS) ACT, 1947.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Definitions and construction.

2.

Continuance of the Acts.

3.

Commissioned ranks in the Defence Forces.

4.

Existing Majors to be Lieutenant-Colonels and consequential provisions.

5.

Non-commissioned ranks and ratings in the Defence Forces.

6.

Definition of “non-commissioned officer”.

7.

Adaptation of references to marine rating.

8.

Adaptation of terminology of Acts as applicable to the Naval Service.

9.

Construction of references to military Defence Forces.

10.

Repeals.

11.

Short title and collective citation.

SCHEDULE.


Acts Referred to

Defence Forces (Temporary Provisions) Act, 1923

No. 30 of 1923

Defence Forces (Temporary Provisions) Act, 1923, (Continuance and Amendment) Act, 1924

No. 38 of 1924

Defence Forces (Temporary Provisions) (No. 2) Act, 1940

No. 11 of 1940

Defence Forces (Temporary Provisions) Act, 1942

No. 3 of 1942

harp.jpg


Number 4 of 1947.


DEFENCE FORCES (TEMPORARY PROVISIONS) ACT, 1947.


AN ACT TO CONTINUE, AMEND AND EXTEND THE DEFENCE FORCES (TEMPORARY PROVISIONS) ACTS, 1923 TO 1946. [18th March, 1947.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS AS FOLLOWS:— [GA]

Definitions and construction.

1.—(1) In this Act—

[GA]

the expression “the Acts” means the Defence Forces (Temporary Provisions) Acts, 1923 to 1946;

[GA]

the expression “the Principal Act” means the Defence Forces (Temporary Provisions) Act, 1923 (No. 30 of 1923), as amended by any subsequent enactment;

[GA]

the expression “the Naval Service” means the branch of the Defence Forces known as the Naval Service and formerly known as the Marine Service.

[GA]

(2) The Acts and this Act shall be read and construed together and accordingly every word and expression used in this Act to which a particular meaning is given by the Acts has in this Act the meaning so given.

[GA]

Continuance of the Acts.

2.—The Acts, as amended and extended by this Act, shall continue in force until midnight on the 31st day of March, 1948, and shall then expire.

[GA]

Commissioned ranks in the Defence Forces.

3.—(1) The ranks set out in the second column of the Table hereto shall be the grades of commissioned military rank in the Defence Forces, and any grade of commissioned military rank set out in the said second column before any other grade of commissioned military rank shall be senior to such other grade.

[GA]

(2) The ranks set out in the third column of the Table hereto shall be the grades of commissioned naval rank in the Defence Forces, and any grade of commissioned naval rank set out in the said third column before any other grade of commissioned naval rank shall be senior to such other grade.

[GA]

(3) (a) For the purposes of any enactment to which this subsection applies or any scheme made (whether before or after the passing of this Act) under the Defence Forces (Pensions) Acts, 1932 and 1938, every commissioned naval rank mentioned in the third column of the Table hereto shall be deemed to be a rank corresponding to the commissioned military rank respectively mentioned opposite thereto in the second column of the said Table, and references in any such enactment or scheme to a commissioned military rank corresponding to a commissioned naval rank shall be construed as including references to such commissioned naval rank.

[GA]

(b) This subsection applies to any enactment, whether passed before or after this Act, including this Act, which is a Saorstát Éireann statute or an Act of the Oireachtas.

[GA]

(4) The Minister may direct that an officer of the Defence Forces who holds (whether by virtue of his appointment thereto or a direction given under subsection (5) of this section) a commissioned military rank set out in the second column of the Table hereto shall, in lieu of that commissioned military rank, hold the commissioned naval rank set out in the third column of the said Table opposite the mention of such commissioned military rank, and any such direction shall have effect according to the tenor thereof.

[GA]

(5) The Minister may direct that an officer of the Defence Forces who holds (whether by virtue of his appointment thereto or a direction given under subsection (4) of this section) a particular commissioned naval rank shall, in lieu of that commissioned naval rank, hold the commissioned military rank corresponding to such commissioned naval rank, and any such direction shall have effect according to the tenor thereof.

[GA]

TABLE OF COMMISSIONED RANKS.

Ref. No.

Military Ranks

Naval Ranks

(1)

(2)

(3)

1

Ginearál or (in English) General.

2

Lefteanant-Ghinearál or (in English) Lieutenant-General.

3

Maor-Ghinearál or (in English) Major-General.

Fo-Aimiréal or (in English) Commodore.

4

Cornal or (in English) Colonel.

Captaen or (in English) Captain.

5

Lefteanant-Chornal or (in English) Lieutenant-Colonel.

Ceannasaí or (in English) Commander.

6

Ceannphort or (in English) Commandant.

Lefteanant-Cheannasaí or (in English) Lieutenant-Commander.

7

Captaen or (in English) Captain.

Lefteanant or (in English) Lieutenant.

8

Lefteanant or (in English) Lieutenant.

Fo-Lefteanant or (in English) Sub-Lieutenant.

9

Dara-Lefteanant or (in English) Second-Lieutenant.

Meirgire or (in English) Ensign.

[GA]

Existing Majors to be Lieutenant-Colonels and consequential provisions.

4.—(1) Every officer who on the date of the passing of this Act holds the commissioned rank of Major shall, on the said date, be and become a Lieutenant-Colonel.

[GA]

(2) References in any Saorstát Éireann statute or any Act of the Oireachtas or in any regulations made thereunder or in any Scheme made under the Defence Forces (Pensions) Acts, 1932 and 1938, to the rank of Major shall, on and after the passing of this Act, be construed as references to the rank of Lieutenant-Colonel.

[GA]

(3) Service in the rank of Major shall, for the purposes of the Acts and any regulations made thereunder and for the purposes of any Scheme made under the Defence Forces (Pensions) Acts, 1932 and 1938, be regarded as service in the rank of Lieutenant-Colonel.

[GA]

Non-commissioned ranks and ratings in the Defence Forces.

5.—(1) The ranks set out in the second column of the Table hereto shall be the grades of non-commissioned military rank in the Defence Forces, and any grade of non-commissioned military rank set out in the said second column before any other grade of non-commissioned military rank shall be senior to such other grade.

[GA]

(2) The rank set out in the third column of the Table hereto shall be the grade of non-commissioned naval rank in the Defence Forces, and shall be senior to any grade of non-commissioned naval rating set out in the fourth column of the said Table.

[GA]

(3) The ratings set out in the fourth column of the Table hereto shall be the grades of non-commissioned naval rating in the Defence Forces, and any grade of non-commissioned naval rating set out in the said fourth column before any other grade of non-commissioned naval rating shall be senior to such other grade.

[GA]

(4) (a) For the purposes of any enactment to which this subsection applies or any scheme made (whether before or after the passing of this Act) under the Defence Forces (Pensions) Acts, 1932 and 1938,—

[GA]

(i) the naval rank of Warrant Officer shall be deemed to be a rank corresponding to the military rank of Sergeant-Major, and references in any such enactment or scheme to the rank of Sergeant-Major shall be construed as including references to the rank of Warrant Officer;

[GA]

(ii) every naval rating mentioned in the fourth column of the Table hereto shall be deemed to be a rank corresponding to the military rank respectively mentioned opposite thereto in the second column of the said Table, and references in any such enactment or scheme to a grade of non-commissioned military rank corresponding to a grade of non-. commissioned naval rating shall be construed as including references to such grade of non-commissioned naval rating.

[GA]

(b) This subsection applies to any enactment, whether passed before or after this Act, including this Act, which is a Saorstát Éireann statute or an Act of the Oireachtas.

[GA]

(5) (a) The Minister may by regulations direct that in relation to any Corps or Service or part of a Corps or Service the holder of non-commissioned military rank therein shall, in lieu of holding a rank specified in the second column of the Table hereto, hold such other equivalent rank as may be specified in such regulations, and in such case references in any enactment to which this subsection applies or in any scheme made (whether before or after the passing of this Act) under the Defence Forces (Pensions) Acts, 1932 and 1938, to a rank specified in the said second column shall as respects such Corps or Service or part of such Corps or Service be construed as references to the equivalent rank specified in such regulations.

[GA]

(b) This subsection applies to any enactment, whether passed before or after this Act, including this Act, which is a Saorstát Éireann statute or an Act of the Oireachtas.

[GA]

(6) The Minister may by regulations divide any grade of naval rating mentioned in the fourth column of the Table hereto into such and so many classes as he thinks fit and may assign to each such class such distinctive description as he thinks proper.

[GA]

(7) The Minister may direct that a member of the Defence Forces who holds (whether by virtue of his appointment thereto or a direction given under subsection (8) of this section) the military rank of Sergeant-Major shall, in lieu of that military rank, hold the naval rank of Warrant Officer, and any such direction shall have effect according to the tenor thereof.

[GA]

(8) The Minister may direct that any member of the Defence Forces who holds (whether by virtue of his appointment thereto or a direction given under subsection (7) of this section) the naval rank of Warrant Officer shall, in lieu of that naval rank, hold the military rank of Sergeant-Major, and any such direction shall have effect according to the tenor thereof.

[GA]

(9) The Minister may direct that any member of the Defence Forces who holds (whether by virtue of his enlistment or appointment thereto or a direction given under subsection (10) of this section) a non-commissioned military rank (other than that of Sergeant-Major) set out in the second column of the Table hereto shall, in lieu of that non-commissioned military rank, hold the grade of non-commissioned naval rating set out in the fourth column of the said Table opposite the mention of such non-commissioned military rank, and any such direction shall have effect according to the tenor thereof.

[GA]

(10) The Minister may direct that any member of the Defence Forces who holds (whether by virtue of his enlistment or appointment thereto or a direction given under subsection (9) of this section) a grade of non-commissioned naval rating set out in the fourth column of the Table hereto shall, in lieu of that grade of non-commissioned naval rating, hold the non-commissioned military rank set out in the second column of the said Table opposite the mention of such non-commissioned naval rating, and any such direction shall have effect according to the tenor thereof.

[GA]

TABLE OF NON-COMMISSIONED RANKS AND RATINGS.

Ref. No.

Military Ranks

Naval Ranks

Naval Ratings

(1)

(2)

(3)

(4)

1

Maor-Sháirsint or (in English) Sergeant-Major.

Oifigeach Barántais or (in English) Warrant Officer.

2

Ceathrú-Sháirsint Cathláin or (in English) Battalion Quartermaster-Sergeant.

3

Sáirsint Complachta or (in English) Company-Sergeant.

Ard-Mhion-Oifigeach or (in English) Chief Petty Officer.

4

Ceathrú-Sháirsint Complachta or (in English) Company Quartermaster Sergeant.

5

Sáirsint or (in English) Sergeant.

Mion-Oifigeach or (in English) Petty Officer.

6

Ceannaire or (in English) Corporal.

Mairnéalach Ceannais or (in English) Leading Seaman.

7

Saighdiúir Singil or (in English) Private.

Mairnéalach or (in English) Seaman.

[GA]

Definition of “noncommissioned officer.

6.—The expression “non-commissioned officer” where it occurs in the Acts or in any enactment (including this Act) amending the Acts shall be construed as meaning a member of the Defence Forces holding any grade of rank or rating set out at any reference number (other than reference number 7) in the Table to section 5 of this Act.

[GA]

Adaptation of references to marine rating.

7.—References in the Acts to marine rating shall be construed as references to naval rating.

[GA]

Adaptation of terminology of Acts as applicable to the Naval Service.

8.—(1) For the purpose of adapting the terminology of the Acts, in their application to the Naval Service, to naval usage, but without prejudice to the status, under the Acts, of members of the Naval Service, the following provisions shall have effect:—

[GA]

(a) in the Acts (as applicable to the Naval Service) and in any orders, rules and regulations (as applicable to the Naval Service) made under the Acts—

[GA]

(i) references (except in section 208 of the Principal Act) to a person subject to military law as an officer shall be construed as references to a person subject to naval law as an officer,

[GA]

(ii) references (except in section 209 of the Principal Act) to a person subject to military law as a soldier shall be construed as references to a person subject to naval law as a sailor,

[GA]

(iii) references (except in sections 208 and 209 of the Principal Act) to a person subject to military law shall be construed as references to a person subject to naval law,

[GA]

(iv) references (except in section 209 of the Principal Act) to a soldier shall be construed as references to a sailor,

[GA]

(v) references to military discipline shall be construed as references to naval discipline,

[GA]

(vi) references to reduction to a lower grade or a lower rank, shall,—

[GA]

(I) in the case of a warrant officer, be construed as references to reduction to a grade of naval rating, and

[GA]

(II) in the case of a person holding a grade of naval rating, be construed as references to reduction to a lower grade of naval rating,

[GA]

(vii) references to reduction to the ranks shall be construed as references to reduction to the naval rating of seaman,

[GA]

(viii) references to army service shall be construed as references to navy service,

[GA]

(ix) references to military service shall be construed as references to naval service,

[GA]

(x) references to military command shall be construed as references to naval command;

[GA]

(b) the Government may from time to time by order make such other adaptations of the Acts (as applicable to the Naval Service) as they think fit.

[GA]

(2) For the purposes of the Acts and orders, rules and regulations made thereunder, as adapted by or under subsection (1) of this section—

[GA]

the expression “person subject to naval law as an officer” means a person being—

[GA]

(a) an officer of the Forces holding a naval rank, or

[GA]

(b) an officer of the Reserve of Officers holding a naval rank, when he is ordered on duty for which as such officer he is liable, or

[GA]

(c) an officer of the Reserve of Officers holding a naval rank, when engaged in voluntary training or when undergoing treatment in any hospital under the control of the Minister or when in uniform;

[GA]

the expression “person subject to naval law as a sailor” means any person being—

[GA]

(a) a member of the Forces who holds the naval rank of warrant officer or is a naval rating,

[GA]

(b) a man (in this definition referred to as a naval reservist) of the Reserve of Men who holds the naval rank of warrant officer or is a naval rating when—

[GA]

(i) called for training or exercise, or

[GA]

(ii) called out for duty in aid of the civil power, or

[GA]

(iii) called out on permanent service, or

[GA]

(iv) employed on service under the orders of an officer of the Forces, or

[GA]

(c) a naval reservist when engaged in voluntary training or when undergoing treatment in any hospital under the control of the Minister or when in uniform;

[GA]

the expression “person subject to naval law” means any person being—

[GA]

(a) a person subject to naval law as an officer (as defined in this subsection), or

[GA]

(b) a person subject to naval law as a sailor (as defined in this subsection);

[GA]

the word “sailor” means a person subject to naval law as a sailor (as defined in this subsection) while he is so subject.

[GA]

Construction of references to military Defence Forces.

9.—In any Saorstát Eireann statute or Act of the Oireachtas references to military Defence Forces shall be construed as including references to the Naval Service.

[GA]

Repeals.

10.—The enactments set out in the first column of the Schedule to this Act are hereby repealed to the extent specified in the third column of the said Schedule.

[GA]

Short title and collective citation.

11.—(1) This Act may be cited as the Defence Forces (Temporary Provisions) Act, 1947.

[GA]

(2) The Acts and this Act may be cited together as the Defence Forces (Temporary Provisions) Acts, 1923 to 1947.

[GA][GA]

SCHEDULE.

Enactments Repealed.

Section 10.

Number and Year

Short Title

Extent of Repeal

No. 30 of 1923

Defence Forces (Temporary Provisions) Act, 1923.

In paragraph (3) of section 3 (as amended by section 3 of the Defence Forces (Temporary Provisions) Act, 1923, (Continuance and Amendment) Act, 1924 (No. 38 of 1924)), the word “military”;

In section 4 (as amended by section 4 of the Defence Forces (Termporary Provisions) Act, 1923 (Continuance and Amendment) Act, 1924) the word “military

No. 11 of 1940

Defence Forces (Temporary Provisions) (No. 2) Act, 1940.

Sections 17 and 18.

No. 3 of 1942

Defence Forces (Temporary Provisions) Act, 1942.

Sections 3, 7, 9 and 10