Off On Dualscroll

Help

Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.

[EN]

Uimhir 44 de 1933.


[EN]

ACHT UM ÁRACHAS DÍOMHAOINTIS, 1933.


ACHT CHUN NA nACHTANNA UM ÁRACHAS DÍOMHAOINTIS, 1920 GO 1930, DO LEASÚ MAIDIR LE MÉID NA SÍNTIÚS IS INÍOCTHA FÉ SNA hACHTANNA SAN AGUS CHUN NA LEASÚ UILE IS GÁ DÁ DHRUIM SIN DO DHÉANAMH AR NA hACHTANNA SAN.

[16adh Mí na Samhna, 1933.]

ACHTUIGHEADH OIREACHTAS SHAORSTáIT ÉIREANN MAR LEANAS:— [EN]

Mínithe.

1.—San Acht so—

[EN]

cialluíonn an abairt “an Príomh-Acht” an Unemployment Insurance Act, 1920;

[EN]

cialluíonn an abairt “Acht 1930” an tAcht um Arachas Díomhaointis, 1930 (Uimh. 33 de 1930).

[EN]

Rátaí na síntiús d'atharú.

2.—(1) In ionad na síntiús is iníoctha fé sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1930, alos daoine fostuithe, ag na daoine sin agus á bhfostóirí fé seach do bheith do réir na rátaí socruítear le halt 2 d'Acht 1930 beidh na síntiúisí sin do réir na rátaí atá leagtha amach sa Sceideal a ghabhann leis an Acht so.

[EN]

(2) In ionad an tsíntiúis a bheidh le n'íoc, chun crícheanna ailt 5 den Phríomh-Acht, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas do bheith do réir an ráta socruítear le halt 2 d'Acht 1930 beidh an síntiús san do réir ráta is có-ionann le dhá sheachtú de mhéid iomlán na síntiús a bheidh íoctha, alos an duine fhostuithe, ag an duine sin féin agus ag á bhfostóir no bheidh íoctha, i gcás duine saor o íoc, ag fostóir an duine sin, agus beidh éifeacht ag fo-ailt (3) agus (7) den alt san 5 dá réir sin.

[EN]

Alt 12 den Phríomh-Acht do leasú.

3.—Athghairmtear leis seo alt 3 d'Acht 1930 agus ina ionad san achtuítear leis seo go ndéanfar an provísó ghabhann le fo-alt (3) d'alt 12 den Phríomh-Acht de léiriú agus go mbeidh éifeacht aige fé is dá gcuirtí isteach ann an focal “three-twentieths” in ionad an fhocail “one-tenth” atá anois ann.

[EN]

Roimh-íocanna ón Aire Airgid.

4.—(1) Féadfaidh an tAire Airgid aon tsuimeanna do roimh-íoc amach as an bPrímh-Chiste no as a thoradh fáis is gá chun glanta fiachaisí an Chiste Dhíomhaointis fé sna hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1930, fé mar a leasuítear iad leis an Acht so, agus fé aon Acht do ritheadh no rithfear roimh an 31adh lá de Mhárta, 1934, chun socruithe do dhéanamh chun fóirthne ar dhaoine díomhaoine agus chun na socruithe airgeadais agus eile is gá chuige sin do dhéanamh, agus féadfaidh an tAire Airgid, chun na suimeanna bheidh le roimh-íoc amhlaidh do chur ar fáil, airgead d'fháil ar iasacht ar pé slí is dóich leis is ceart.

[EN]

(2) Is ar an gCiste Díomhaointis a beidh muirear agus aisíoc aon tsuimeanna roimh-íocfar fén bhfo-alt san roimhe seo maraon le muirear agus aisíoc aon úis ortha san (más ann do) do réir pé ráta shocróidh an tAire Airgid.

[EN]

(3) Is ar an bPrímh-Chiste no ar a thoradh fáis a bheidh muirear colna agus úis aon urrúsanna bhéarfaidh an tAire Airgid amach chun iasachta d'fháil fén alt so agus fós muirear na gcostaisí fé n-a raghfar maidir leis na hurrúsanna san do thabhairt amach.

[EN]

Gearr-theideal, léiriú, luadh agus tosach feidhme.

5.—(1) Féadfar an tAcht um Arachas Díomhaointis, 1933, do ghairm den Acht so.

[EN]

(2) Léireofar an tAcht so mar éinní amháin leis na hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1930, agus féadfar na hAchtanna um Arachas Díomhaointis, 1920 go 1933, do ghairm de sna hAchtanna san agus den Acht so le chéile.

[EN]

(3) Tiocfaidh an tAcht so i bhfeidhm an 1adh lá d'Abrán, 1934.

[EN]

SCEIDEAL.

Ratai na Sintius o Dhaoine Fostuithe agus o Fhostoiri.

CUID I.

Gnath-Ratai.

1. On duine fostuithe, in aghaidh gach seachtaine—

i gcás fear

...

...

...

...

...

...

9d.

i gcás ban

...

...

...

...

...

...

7d.

2. On bhfostóir, in aghaidh gach seachtaine—

más fear an duine fostuithe

...

...

...

...

10d.

más bean an duine fostuithe

...

...

...

...

8d.

CUID II.

Ratai i gCas Daoine fe bhun Ocht mBliana Deag d'Aois.

1. On duine fostuithe, in aghaidh gach seachtaine—

i gcás buachaillí

...

...

...

...

...

4½d.

i gcás cailíní

...

...

...

...

...

...

4d.

2. On bhfostóir, in aghaidh gach seachtaine—

más buachaill an duine fostuithe

...

...

...

5d.

más cailín an duine fostuithe

...

...

...

...

4½d.

[GA]

harp.jpg


Number 44 of 1933.


[GA]

UNEMPLOYMENT INSURANCE ACT, 1933.


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Definitions.

2.

Alteration of rates of contribution.

3.

Amendment of section 12 of the Principal Act.

4.

Advances by Minister for Finance.

5.

Short title, construction, citation and commencement.

SCHEDULE.


Act Referred to

Unemployment Insurance Act, 1930

No. 33 of 1930

harp.jpg


Number 44 of 1933.


UNEMPLOYMENT INSURANCE ACT, 1933.


AN ACT TO AMEND THE UNEMPLOYMENT INSURANCE ACTS, 1920 TO 1930, WITH RESPECT TO THE AMOUNT OF THE CONTRIBUTIONS PAYABLE UNDER THOSE ACTS, AND TO MAKE ALL NECESSARY CONSEQUENTIAL AMENDMENTS OF THE SAID ACTS. [16th November, 1933.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS OF SAORSTÁT EIREANN AS FOLLOWS:— [GA]

Definitions.

1.—In this Act—

[GA]

the expression “the Principal Act” means the Unemployment Insurance Act, 1920;

[GA]

the expression “the Act of 1930” means the Unemployment Insurance Act, 1930 (No. 33 of 1930).

[GA]

Alteration of rates of contribution.

2.—(1) The contributions payable under the Unemployment Insurance Acts, 1920 to 1930, in respect of employed persons by those persons and their employers respectively shall, in lieu of the rates fixed by section 2 of the Act of 1930, be at the rates set out in the Schedule to this Act.

[GA]

(2) The contribution to be made for the purposes of section 5 of the Principal Act out of moneys provided by the Oireachtas shall, in lieu of the rate fixed by section 2 of the Act of 1930, be at a rate equal to two-sevenths of the aggregate amount of the contributions paid in respect of the employed person by himself and his employer or, in the case of an exempt person, paid by his employer, and sub-sections (3) and (7) of the said section 5 shall have effect accordingly.

[GA]

Amendment of section 12 of the Principal Act.

3.Section 3 of the Act of 1930 is hereby repealed and in lieu thereof it is hereby enacted that the proviso to sub-section (3) of section 12 of the Principal Act shall be construed and have effect as if for the word “one-tenth” now contained therein there were inserted the word “three-twentieths.”

[GA]

Advances by Minister for Finance.

4.—(1) The Minister for Finance may out of the Central Fund or the growing produce thereof advance any sums required for the purpose of discharging the liabilities of the Unemployment Fund under the Unemployment Insurance Acts, 1920 to 1930, as amended by this Act, and under any Act passed or to be passed before the 31st day of March, 1934 to provide for the relief of unemployed persons and to make such financial and other provisions as may be required for that purpose, and for the purpose of providing the sums to be so advanced the Minister for Finance may borrow money in such manner as he may think proper.

[GA]

(2) Any sums advanced under the foregoing sub-section together with any interest thereon (if any) at such rate as may be fixed by the Minister for Finance shall be charged on and be repayable out of the Unemployment Fund.

[GA]

(3) The principal and interest of any securities issued by the Minister for Finance for the purpose of borrowing under this section and the expenses incurred in connection with the issue of such securities shall be charged on the Central Fund or the growing produce thereof.

[GA]

Short title, construction, citation and commencement.

5.—(1) This Act may be cited as the Unemployment Insurance Act, 1933.

[GA]

(2) This Act shall be construed as one with the Unemployment Insurance Acts, 1920 to 1930, and those Acts and this Act may be cited together as the Unemployment Insurance Acts, 1920 to 1933.

[GA]

(3) This Act shall come into operation on the 1st day of April, 1934.

[GA][GA]

SCHEDULE.

Rates of Contribution by Employed Persons and Employers.

PART I.

Ordinary Rates.

1. From the employed person, for each week—

in the case of men

9d.

in the case of women

7d.

2. From the employer, for each week—

in the case of an employed person who is a man

10d.

in the case of an employed person who is a woman.

8d.

PART II.

Rates in the Case of Persons Under Eighteen Years Of Age.

1. From the employed person, for each week—

in the case of boys

4½d.

in the case of girls

4d.

2. From the employer, for each week—

in the case of an employed person who is a boy

5d.

in the case of an employed person who is a girl

4½d.