Off On Dualscroll

Help

Turn Dualscroll on to scroll both language versions together.

[EN]

Uimhir 8 de 1971


[EN]

AN tACHT UM IOMPAR AR BHÓITHRE, 1971

[An tiontú oifigiúil.]

ACHT DO LEASÚ AGUS DO LEATHNÚ AN ACHTA UM IOMPAR AR BHÓITHRE, 1933, AGUS DO DHÉANAMH SOCRÚ I dTAOBH NITHE EILE A BHAINEANN LEIS NA NITHE RÉAMHRÁITE. [7 Aibreán, 1971.] ACHTAÍTEAR AG AN OIREACHTAS MAR A LEANAS : [EN]

Mínithe.

1933, Uimh. 8.

1.—San Acht seo—

[EN]

ciallaíonn “an tAire” an tAire Iompair agus Cumhachta;

[EN]

ciallaíonn “an Príomh-Acht” an tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1933.

[EN]

Leasú ar alt 9 den Phríomh-Acht.

1944, Uimh. 21.

1934, Uimh. 17

2.—Leasaítear leis seo alt 9 den Phríomh-Acht—

[EN]

(i) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (1) :

[EN]

“(1) (a) Faoi réir mhír (b) den fho-alt seo agus fho-alt (5) den alt seo, ní dleathach, an lá ceaptha ná dá éis, do dhuine ar bith i gcúrsa gnó iompair marsantais de bhóthar a bheidh á sheoladh aige marsantas a iompar in aon limistéar sa Stát mura rud é—

[EN]

(i) gur sealbhóir an duine sin ar cheadúnas (dá ngairtear ceadúnas marsantais san Acht seo) a deonaíodh faoin gCuid seo den Acht seo á údarú dó gnó iompair marsantais de bhóthar a sheoladh sa limistéar sin agus gur faoi réim agus de réir an cheadúnais sin a sheoltar an gnó sin, nó

[EN]

(ii) gur limistéar díolmhaithe an limistéar sin agus nach n-iompraíonn an duine sin marsantas i gcúrsa an ghnó iompair marsantais de bhóthar sin ach amháin sa limistéar sin nó sa limistéar sin agus i limistéir dhíolmhaithe eile.

[EN]

(b) D'ainneoin mhír (a) den fho-alt seo agus alt 124 den Acht Iompair, 1944, féadfaidh sealbhóir ceadúnais marsantais gnó iompair marsantais de bhóthar a sheoladh—

[EN]

(i) i limistéar díolmhaithe le feithicil nach mbeidh pláta feithicle ina leith arna eisiúint chuige,

[EN]

(ii) i limistéar díolmhaithe fiú mura mbeidh an limistéar sin sonraithe sa cheadúnas,

[EN]

(iii) nuair a bheidh earraí á n-iompar is earraí nach mbeidh á n-iompar faoi réir aon srianadh nó teorainniú reachtúil faoin alt seo, cibé acu a mbeidh nó nach mbeidh pláta feithicle arna eisiúint chuige i leith na feithicle ina mbeidh siad á n-iompar.”, agus

[EN]

(ii) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (4) (a cuireadh isteach leis an Acht um Iompar ar Bhóithre, 1934) :

[EN]

“(5) Ní bheidh feidhm maidir le hiompar eallaigh, caorach nó muc ag na srianta ar iompar marsantais a fhorchuirtear leis an alt seo.”.

[EN]

Leasú ar alt 14 den Phríomh-Acht agus forálacha iarmartacha maidir le ceadúnais mharsantais.

3.—(1) Leasaítear leis seo alt 14 den Phríomh-Acht, a bhaineann le hoibriú ceadúnas marsantais—

[EN]

(a) tríd an mír seo a leanas a chur i bhfo-alt (1) in ionad mhír (a):

[EN]

“(a) oibreoidh sé i slí go n-údaróidh sé, agus déarfaidh sé go n-údaraíonn sé, don cheadúnaí faoin gceadúnas sin gnó iompair marsantais de bhóthar a sheoladh i leith an mharsantais (nó an chineál marsantais) a bheidh sonraithe san iarratas sa limistéar (nó sna limistéir) a bheidh sonraithe sa cheadúnas agus le cibé uimhir feithiclí a bheidh sonraithe sa cheadúnas (arb í an uimhir í a bheidh ríofa de réir fho-alt (4) den alt seo), ach sin faoi réir forálacha an Achta seo agus rialachán arna ndéanamh faoi agus faoi réir aon choinníollacha a bheidh sonraithe sa cheadúnas sin;”,

[EN]

(b) tríd an mír seo a leanas a chur i bhfo-alt (1) in ionad mhír (c) :

[EN]

“(c) más ceadúnas marsantais (iompróir láithreach) é, déarfaidh sé gur ceadúnas den sórt sin é.”,

[EN]

(c) tríd an bhfo-alt seo a leanas a chur in ionad fho-alt (2):

[EN]

“(2) D'ainneoin aon ní san alt seo, oibreoidh gach ceadúnas marsantais (iompróir láithreach) chun údarás a thabhairt, agus déarfaidh sé go n-údaraíonn sé, don cheadúnaí faoin gceadúnas sin gnó iompair marsantais de bhóthar a sheoladh ar fud an Stáit i leith aon mharsantais nó i leith aon chineál marsantais.”, agus

[EN]

(d) trí na fo-ailt seo a leanas a chur isteach i ndiaidh fho-alt (3):

[EN]

“(4) Is í an uimhir feithiclí a mbeidh teideal ag ceadúnaí faoi cheadúnas marsantais gnó iompair marsantais de bhóthar a sheoladh leo—

[EN]

(a) más ceadúnas marsantais (iompróir láithreach) an ceadúnas—

[EN]

(i) i gcás ina raibh, díreach roimh thosach feidhme an Achta um Iompar ar Bhóithre, 1971, údaraithe faoin gceadúnas don cheadúnaí gnó iompair marsantais de bhóthar a sheoladh ar fud an Stáit ach nach raibh sé údaraithe amhlaidh de bhua leathnú ar oibriú an cheadúnais a deonaíodh faoi alt 115 den Acht Iompair, 1944, d'aon-toisc chun beodhíle a iompar ar fud an Stáit— uimhir feithiclí ar cóimhéid leis an uimhir a shocraítear faoi fhomhír (ii), (iii), nó (iv) den mhír seo (de réir mar is cuí), móide ceann,

[EN]

(ii) i gcás ina raibh pláta feithicle amháin nó níos mó arna eisiúint nó arna n-eisiúint go dleathach chun an cheadúnaí an lú lá d'Eanáir, 1969, i leith feithiclí a bhí á n-oibriú aige faoi réim agus de réir an cheadúnais sin—uimhir feithiclí ar cóimhéid leis an uimhir plátaí feithicle sin,

[EN]

(iii) i gcás nach raibh pláta feithicle arna eisiúint chun an cheadúnaí an lú lá d'Eanáir, 1969, ach go raibh sé go dleathach arna eisiúint chuige lá ar bith sa tréimhse trí bliana dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1968—uimhir feithcilí ar cóimhéid leis an uimhir plátaí feithicle a bhí arna n-eisiúint chuige faoin gceadúnas sin an lá is déanaí sa tréimhse sin ar a raibh pláta feithicle arna eisiúint chuige amhlaidh,

[EN]

(iv) in aon chás eile—aon fheithicil amháin,

[EN]

(b) mura ceadúnas marsantais (iompróir láithreach) an ceadúnas, cibé uimhir feithiclí de cibé tuairisc a shonróidh an tAire ó am go ham ar an gceadúnas.

[EN]

(5) Chun críocha fho-alt (4) den alt seo—

[EN]

(a) i gcás ina ndearnadh pláta feithicle a eisiúint in aghaidh pláta feithicle a dúradh a cailleadh nó a díthíodh áireofar gur aon phláta feithicle amháin an dá phláta sin;

[EN]

(b) i gcás ina mbeidh duine, contrártha d'alt 32 den Acht seo, gan pláta feithicle a sheachadadh do chomhalta den Gharda Síochána, measfar nach bhfuil an pláta sin arna eisiúint chun an duine sin.”.

[EN]

(2) Ar thosach feidhme an Achta seo, deonóidh an tAire, de réir an Phríomh-Achta (arna leasú leis an Acht seo), ceadúnas marsantais in ionad gach ceadúnais mharsantais a bhí i bhfeidhm díreach roimh an tosach feidhme sin agus aon cheadúnas marsantais a dheonófar amhlaidh measfar é a bheith arna dheonú de bhun iarratais faoi alt 11 den Phríomh-Acht.

[EN]

(3) Gach ceadúnas a dheonófar de bhua fho-alt (2) den alt seo measfar é a bheith arna dheonú de bhun an iarratais faoin bPríomh-Acht ar an gceadúnas ar ina ionad a deonaíodh an ceadúnas céadluaite.

[EN]

(4) I gcás ina ndéanfar de bhua fho-alt (2) den alt seo ceadúnas a dheonú do dhuine in ionad ceadúnais, beidh an ceadúnas sin is déanaí a luaitear arna chúlghairm air sin.

[EN]

(5) Sa mhéid go mbaineann siad leis an uimhir feithiclí a fhéadfar a oibriú faoi cheadúnas marsantais, ní bheidh feidhm maidir le ceadúnas marsantais a bheidh arna eisiúint chun cuideachta údaraithe (iompar marsantais) ag fo-ailt (1) agus (4) d'alt 14 den Phríomh-Acht arna leasú leis an Acht seo.

[EN]

Foráil eatramhach maidir le ceadúnais mharsantais áirithe.

4.—(1) D'ainneoin aon ní atá in alt 14 (arna leasú leis an Acht seo) den Phríomh-Acht, aon uair is dóigh leis an Aire, maidir le ceadúnas marsantais (iompróir láithreach) áirithe nach n-insíonn an uimhir feithiclí a shonraítear ansin de bhun an ailt sin 14 (arna leasú amhlaidh) go cothram an gnáth-líon feithiclí a d'oibrigh an ceadúnaí go dleathach faoi réim agus de réir téarmaí an cheadúnais sa tréimhse trí bliana dar chríoch an 31ú lá de Nollaig, 1968 (arb í an uimhir feithiclí í a bhí á n-úsáid aige réasúnta leanúnach nó rialta), féadfaidh an tAire an ceadúnas a leasú tríd an uimhir feithiclí a n-údaraítear don cheadúnaí leis an gceadúnas sin gnó iompair marsantais de bhóthar a sheoladh leo a mhéadú go dtí cibé uimhir a mheasfaidh sé a bheith cóir agus réasúnach, agus beidh éifeacht ag an gceadúnas dá réir sin ar dháta an leasaithe agus dá éis.

[EN]

(2) Scoirfidh an chumhacht a thugtar don Aire leis an alt seo d'éifeacht a bheith aige ag deireadh na bliana dar tús tosach feidhme an Achta seo.

[EN]

Ré feidhme ceadúnas marsantais.

5.—(1) Gach ceadúnas marsantais a bhí i bhfeidhm an 30ú lá de Mheitheamh, 1970, agus nach ndeachaigh as feidhm nó nár cúlghaireadh ón dáta sin measfar, d'ainneoin aon ní in alt 19 nó 22 den Phríomh-Acht, é d'fhanúint i bhfeidhm go dtí tosach feidhme an Achta seo.

[EN]

(2) Gach ceadúnas marsantais a dheonófar ar thosach feidhme an Achta seo nó dá éis leanfaidh sé i bhfeidhm (mura gcúlghairtear é nó mura rachaidh sé as feidhm roimhe sin) go dtí an 30ú lá de Mheán Fómhair i ndiaidh an dáta a deonaíodh é agus rachaidh sé in éag ansin mura n-athnuaitear é faoin bPríomh-Acht.

[EN]

(3) Gach ceadúnas marsantais a athnuafar faoin bPríomh-Acht tar éis tosach feidhme an Achta seo leanfaidh sé i bhfeidhm go dtí an 30ú lá de Mheán Fómhair i ndiaidh an dáta is déanaí a athnuadh é agus rachaidh sé in éag ansin mura n-athnuafar arís é faoin bPríomh-Acht.

[EN]

Clár de cheadúnais mharsantais.

6.—(1) Cuirfidh an tAire faoi deara go mbunófar agus go gcoimeáfar clár de na ceadúnais mharsantais uile a dheonófar ar thosach feidhme an Achta seo nó dá éis, agus beidh an clár sin i cibé foirm agus beidh cibé sonraí ann a ordóidh an tAire ó am go ham.

[EN]

(2) Beidh an clár sin ar oscailt gach tráth réasúnach lena iniúchadh ag duine ar bith ar tháille a íoc a mbeidh cibé méid inti a fhorordóidh an tAire ó am go ham le ceadú an Aire Airgeadais.

[EN]

(3) Beidh duine ar bith i dteideal cóip a fháil ón Aire d'aon taifead sa chlár sin ar tháille a íoc a mbeidh cibé méid inti a fhorordóidh an tAire ó am go ham le ceadú an Aire Airgeadais.

[EN]

(4) Gach táille is iníoctha faoin alt seo baileofar agus cuirfear i gcuntas í i cibé slí a fhorordóidh an tAire le ceadú an Aire Airgeadais.

[EN]

(5) Gach doiciméad a airbheartóidh gur cóip é de thaifead sa chlár sin, agus a airbheartóidh é a bheith deimhnithe ag oifigeach don Aire gur cóip dhílis é den taifead sin glacfar, gan cruthú ar shíniú an duine a n-airbheartaítear é a bheith arna dheimhniú aige amhlaidh nó gurbh é an t-oifigeach sin é, i bhfianaise é in aon imeachtaí dlíthiúla agus measfar, go dtí go gcruthófar a mhalairt, gur cóip dhílis é den taifead sin agus gur fianaise é ar théarmaí an taifid sin.

[EN]

Ceadúnas á dheonú don Wexford Steamships Company Limited.

7.—D'ainneoin aon ní sa Phríomh-Acht, measfar gur ceadúnas marsantais (iompróir láithreach) an ceadúnas a dheonaigh an tAire Tionscail agus Tráchtála an 24ú lá de Mhárta, 1937, don Wexford Steamships Company Limited, agus a n-airbheartaítear gur deonaíodh é faoi Chuid II den Phríomh-Acht agus measfar gur ocht déag an uimhir feithiclí a raibh plátaí feithicle arna n-eisiúint go dleathach ina leith chun an Wexford Steamships Company Limited a dúradh an lú lá d'Eanáir, 1969, agus ní bheidh feidhm ag alt 4 den Acht seo maidir leis an gceadúnas sin.

[EN]

Tarlódh bóthair idirnáisiúnta a cheadúnú sa Stát.

1935, Uimh. 23.

1958, Uimh. 19.

8.—(1)  (a) D'ainneoin aon ní sa Phríomh-Acht nó san Acht um Iompar ar Bhóithre, 1935, féadfaidh an tAire, maidir le leoraí nó tarracóir a chomhlíonann na coinníollacha a shonraítear in alt 7 (1) den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1935, a dúradh (arna leasú le halt 29 den Acht Iompair, 1958) ceadúnas (ar a dtabharfar, agus dá ngairtear san Acht seo, ceadúnas fartha bóthair srianta) a dheonú do dhuine á údarú dó an fheithicil a allmhairiú agus í a úsáid chun críocha iompar marsantais de bhóthar sa Stát faoi réir aon choinníollacha is oiriúnach leis an Aire a fhorchur agus a shonróidh sé sa cheadúnas.

[EN]

(b) Ní fhorleíreofar aon ní san alt seo mar ní a cheadaíonn do dhuine feithicil, a bhfuil ceadúnas fartha bóthair srianta deonaithe ina leith, a úsáid chun earraí a luchtaíodh isteach ar an bhfeithicil sin sa Stát a sheachadadh sa Stát.

[EN]

(2) (a) Féadfaidh an tAire le hordú a dhearbhú go measfar gur ceadúnas fartha bóthair srianta ceadúnas nó aicme ceadúnas (mar a bheidh sonraithe san ordú) arna eisiúint de bhun comhaontú idirnáisiúnta iltaobhach nó dé-thaobhach ar páirtí ann an Stát ag údarás inniúil Stáit eile, ag eagras idirnáisiúnta nó ag duine nó comhlacht ag gníomhú thar ceann eagrais den sórt sin.

[EN]

(b) Féadfaidh an tAire, le hordú, ordú faoin alt seo a leasú nó a chúlghairm.

[EN]

(3) Ní bheidh feidhm ag ailt 9 (arna leasú leis an Acht seo) agus 34 den Phríomh-Acht maidir le duine is sealbhóir ar cheadúnas fartha bóthair srianta nó ar cheadúnas a meastar le hordú faoin alt seo gur ceadúnas fartha bóthair srianta é nuair a bheidh an duine sin ag gabháil d'iompar marsantais de bhóthar faoi réim agus de réir téarmaí an cheadúnais.

[EN]

(4) Beidh feidhm ag alt 7 (3) den Acht um Iompar ar Bhóithre, 1935, maidir le ceadúnas fartha bóthair srianta ionann agus dá mba cheadúnas é faoi alt 7 den Acht sin.

[EN]

(5) Féadfaidh an tAire dá rogha féin táille a bhaint amach a mbeidh cibé méid inti a chinnfidh sé maidir le ceadúnas fartha bóthair srianta nó maidir le ceadúnas a meastar le hordú faoin alt seo gur ceadúnas fartha bóthair srianta é.

[EN]

Aisghairm.

9.—Déantar leis seo gach achtachán a shonraítear i gcolún (2) den Sceideal a ghabhann leis an Acht seo a aisghairm a mhéid a shonraítear i gcolún (3) den Sceideal.

[EN]

Caiteachais.

10.—Déanfar na caiteachais a thabhóidh an tAire ag riaradh an Achta seo a íoc, a mhéid a cheadóidh an tAire Airgeadais, as airgead a sholáthróidh an tOireachtas.

[EN]

Tosach feidhme.

11.—Tiocfaidh an tAcht seo i ngníomh cibé lá a cheapfaidh an tAire le hordú.

[EN]

Gearrtheideal agus forléiriú.

12.—(1) Féadfar an tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1971, a ghairm den Acht seo.

[EN]

(2) Déanfar an Príomh-Acht agus an tAcht seo a fhorléiriú le chéile mar aon Acht amháin.

[EN]

AN SCEIDEAL

Aisghairm

Alt 9.

Uimhir agus Bliain

Gearrtheideal

Méid na hAisghairme

(1)

(2)

(3)

Uimh. 8 de 1933.

An tAcht um Iompar ar Bhóithre, 1933.

In alt 9 (3), na focail “alos saghais áirithe earraí ceannaíochta laistigh de líomatáiste áirithe,”; ailt 14 (3), 19, 22, 29, 31 (1) agus 31 (2).

Uimh. 21 de 1944.

An tAcht Iompair, 1944.

Alt 116; in alt 118, na focail “nach mó a meáchan gan ualach, más ceadúnas marsantais (iompróir láithreach) an ceadúnas, ná meáchan gan ualach na feithicle bunaidh agus,”.

[GA]

harp.jpg


Number 8 of 1971


[GA]

ROAD TRANSPORT ACT, 1971


ARRANGEMENT OF SECTIONS

Section

1.

Definitions.

2.

Amendment of section 9 of Principal Act.

3.

Amendment of section 14 of Principal Act, and consequential provisions relating to merchandise licences.

4.

Transitional provision relating to certain merchandise licences.

5.

Duration of merchandise licences.

6.

Register of merchandise licences.

7.

Licence granted to Wexford Steamships Company Limited.

8.

Licensing of international road haulage in the State.

9.

Repeals.

10.

Expenses.

11.

Commencement.

12.

Short title and construction.

SCHEDULE


Acts Referred to

Road Transport Act, 1933

1933, No. 8

Transport Act, 1944

1944, No. 21

Road Transport Act, 1934

1934, No. 17

Road Transport Act, 1935

1935, No. 23

Transport Act, 1958

1958, No. 19

harp.jpg


Number 8 of 1971


ROAD TRANSPORT ACT, 1971


AN ACT TO AMEND AND EXTEND THE ROAD TRANSPORT ACT, 1933, AND TO PROVIDE FOR OTHER MATTERS CONNECTED WITH THE MATTERS AFORESAID. [7th April, 1971.] BE IT ENACTED BY THE OIREACHTAS AS FOLLOWS: [GA]

Definitions.

1.—In this Act—

[GA]

the Minister” means the Minister for Transport and Power;

[GA]

the Principal Act” means the Road Transport Act, 1933.

[GA]

Amendment of section 9 of Principal Act.

2.—Section 9 of the Principal Act is hereby amended—

[GA]

(i) by the substitution for subsection (1) of the following subsection:

[GA]

“(1) (a) Subject to paragraph (b) of this subsection and to subsection (5) of this section, it shall not be lawful on or after the appointed day for any person in the course of a merchandise road transport business carried on by him to carry merchandise in any area in the State unless—

[GA]

(i) such person is the holder of a licence (in this Act referred to as a merchandise licence) granted under this Part of this Act authorising him to carry on a merchandise road transport business in that area and such business is carried on under and in accordance with such licence, or

[GA]

(ii) such area is an exempted area and merchandise is carried by such person in the course of such merchandise road transport business only in such area or such area and other exempted areas.

[GA]

(b) Notwithstanding paragraph (a) of this subsection and section 124 of the Transport Act, 1944, the holder of a merchandise licence may carry on a merchandise road transport business—

[GA]

(i) in an exempted area with a vehicle in respect of which a vehicle plate is not on issue to him,

[GA]

(ii) in an exempted area even though that area is not specified in the licence,

[GA]

(iii) when carrying commodities the carriage of which is not subject to any statutory restriction or limitation under this section, whether or not a vehicle plate is on issue to him in respect of the vehicle in which they are carried.”, and

[GA]

(ii) by the insertion after subsection (4) (inserted by the Road Transport Act, 1934) of the following subsection:

[GA]

“(5) The restrictions on the carriage of merchandise imposed by this section shall not apply to the carriage of cattle, sheep or pigs.”.

[GA]

Amendment of section 14 of Principal Act, and consequential provisions relating to merchandise licences.

3.—(1) Section 14 of the Principal Act, which relates to the operation of merchandise licences, is hereby amended—

[GA]

(a) by the substitution in subsection (1) of the following paragraph for paragraph (a):

[GA]

“(a) operate and be expressed to authorise the licensee under such licence to carry on a merchandise road transport business in respect of the merchandise (or type of merchandise) specified in the application in the area (or areas) specified in the application and with such number of vehicles as may be specified in the licence (being the number calculated in accordance with subsection (4) of this section), but subject to the provisions of this Act and regulations made thereunder and to any conditions specified in such licence;”,

[GA]

(b) by the substitution in subsection (1) of the following paragraph for paragraph (c):

[GA]

“(c) if it is a merchandise (existing carrier's) licence, be expressed to be such a licence.”,

[GA]

(c) by the substitution of the following subsection for subsection (2):

[GA]

“(2) Notwithstanding anything in this section, every merchandise (existing carrier's) licence shall operate and be expressed to authorise the licensee under such licence to carry on a merchandise road transport business throughout the State in respect of any merchandise or type of merchandise.”, and

[GA]

(d) by the insertion after subsection (3) of the following subsections:

[GA]

“(4) The number of vehicles with which a licensee under a merchandise licence shall be entitled to carry on a merchandise road transport business shall be—

[GA]

(a) if the licence is a merchandise (existing carrier's) licence—

[GA]

(i) in a case in which, immediately before the commencement of the Road Transport Act, 1971, the licensee was authorised by the licence to carry on a merchandise road transport business throughout the State but was not so authorised by virtue of an extension of the operation of the licence granted under section 115 of the Transport Act, 1944, solely to authorise the carriage of livestock throughout the State—a number of vehicles equal to the number provided under subparagraph (ii), (iii) or (iv) of this paragraph (as may be appropriate), increased by one,

[GA]

(ii) in a case in which one or more than one vehicle plate was lawfully on issue to the licensee on the 1st day of January, 1969, in respect of vehicles being operated by him under and in accordance with that licence—a number of vehicles equal to the number of such vehicle plates,

[GA]

(iii) in a case in which a vehicle plate was not on issue to the licensee on the 1st day of January, 1969, but was lawfully on issue to him on any day in the period of three years ending on the 31st day of December, 1968—a number of vehicles equal to the number of vehicle plates on issue to him under that licence on the latest day in that period on which a vehicle plate was so on issue to him,

[GA]

(iv) in any other case—one vehicle,

[GA]

(b) if the licence is not a merchandise (existing carrier's) licence, such number of vehicles of such description as the Minister may from time to time specify on the licence.

[GA]

(5) For the purposes of subsection (4) of this section—

[GA]

(a) where a vehicle plate has been issued in respect of a vehicle plate represented to have been lost or destroyed both such plates shall be reckoned as one vehicle plate;

[GA]

(b) where in contravention of section 32 of this Act a person has not delivered a vehicle plate to a member of the Garda Síochána, that plate shall be deemed not to be on issue to that person.”.

[GA]

(2) On the commencement of this Act, the Minister shall grant, in accordance with the Principal Act (as amended by this Act), a merchandise licence in substitution for every merchandise licence which was in force immediately before such commencement and a licence so granted shall be deemed to have been granted in pursuance of an application under section 11 of the Principal Act.

[GA]

(3) Every licence granted by virtue of subsection (2) of this section shall be deemed to have been granted in pursuance of the application under the Principal Act for the licence in substitution for which the first-mentioned licence is granted.

[GA]

(4) Where by virtue of subsection (2) of this section a licence is granted to a person in substitution for a licence, the last-mentioned licence shall thereupon stand revoked.

[GA]

(5) In so far as they relate to the number of vehicles which may be operated under a merchandise licence, subsections (1) and (4) of section 14 of the Principal Act as amended by this Act shall not apply in relation to a merchandise licence on issue to an authorised (merchandise carrying) company.

[GA]

Transitional provision relating to certain merchandise licences.

4.—(1) Notwithstanding anything in section 14 (as amended by this Act) of the Principal Act, whenever it appears to the Minister that, in relation to a particular merchandise (existing carrier's) licence, the number of vehicles therein specified pursuant to the said section 14 (as so amended) does not fairly represent the normal complement of vehicles lawfully operated by the licensee under and in accordance with the terms of the licence in the period of three years ending on the 31st day of December, 1968 (being the number of vehicles so used by him with reasonable continuity or regularity), the Minister may amend the licence by increasing to such number as he may consider fair and reasonable the number of vehicles with which the licensee is authorised by that licence to carry on a merchandise road transport business, and the licence shall have effect accordingly on and after the date of the amendment.

[GA]

(2) The power conferred on the Minister by this section shall cease to have effect at the end of one year commencing on the commencement of this Act.

[GA]

Duration of merchandise licences.

5.—(1) Notwithstanding anything in section 19 or 22 of the Principal Act, every merchandise licence in force on the 30th day of June, 1970, which has not lapsed or been revoked since that date, shall be deemed to remain in force until the commencement of this Act.

[GA]

(2) Every merchandise licence granted on or after the commencement of this Act shall (unless it is sooner revoked or lapses) continue in force until the 30th day of September following the date on which it was granted and shall then expire unless it is renewed under the Principal Act.

[GA]

(3) Every merchandise licence renewed under the Principal Act after the commencement of this Act shall continue in force until the 30th day of September following the date on which it was last renewed and shall then expire unless it is again renewed under the Principal Act.

[GA]

Register of merchandise licences.

6.—(1) The Minister shall cause to be established and kept a register of all merchandise licences granted on or after the commencement of this Act, and such register shall be in such form and contain such particulars as the Minister shall from time to time direct.

[GA]

(2) The said register shall at all reasonable times be open to inspection by any person on payment of a fee of such amount as shall from time to time be prescribed by the Minister with the sanction of the Minister for Finance.

[GA]

(3) Any person shall be entitled to obtain from the Minister a copy of any entry in the said register on payment therefor of a fee of such amount as shall from time to time be prescribed by the Minister with the sanction of the Minister for Finance.

[GA]

(4) Every fee payable under this section shall be collected and accounted for in such manner as shall be prescribed by the Minister with the sanction of the Minister for Finance.

[GA]

(5) Every document purporting to be a copy of an entry in the said register, and purporting to be certified by an officer of the Minister to be a true copy of such entry shall, without proof of the signature of the person purporting so to certify or that he was such officer, be received in evidence in any legal proceedings and shall, until the contrary is proved, be deemed to be a true copy of such entry and to be evidence of the terms of such entry.

[GA]

Licence granted to Wexford Steamships Company Limited.

7.—Notwithstanding anything in the Principal Act, the licence granted by the Minister for Industry and Commerce on the 24th day of March, 1937, to the Wexford Steamships Company Limited, and purporting to have been granted under Part II of the Principal Act, shall be deemed to be a merchandise (existing carrier's) licence, and the number of vehicles in respect of which vehicle plates were lawfully on issue to the said Wexford Steamships Company Limited on the 1st day of January, 1969, shall be deemed to be eighteen, and section 4 of this Act shall not apply to the said licence.

[GA]

Licensing of international road haulage in the State.

8.— (1) (a) Notwithstanding anything in the Principal Act or the Road Transport Act, 1935, the Minister may grant, in respect of a lorry or tractor which complies with the conditions specified in section 7 (1) of the said Road Transport Act, 1935 (as amended by section 29 of the Transport Act, 1958) a licence (which shall be known, and is in this Act referred to, as a restricted road freight licence) to a person authorising him to import the vehicle and to use it for the purposes of merchandise road transport in the State subject to any conditions which the Minister may see fit to impose and specifies in the licence.

[GA]

(b) Nothing in this section shall be construed as permitting a person to use a vehicle, in respect of which a restricted road freight licence has been granted, for the purpose of the delivery in the State of goods which have been loaded on to that vehicle in the State.

[GA]

(2) (a) The Minister may by order declare that a licence or class of licence (as specified in the order) issued in pursuance of an international multilateral or bilateral agreement to which the State is a party by the competent authority of another State, an international organisation or a person or body acting on behalf of such an organisation, shall be deemed to be a restricted road freight licence.

[GA]

(b) The Minister may by order amend or revoke an order under this section.

[GA]

(3) Sections 9 (as amended by this Act) and 34 of the Principal Act shall not apply to a person who is the holder of a restricted road freight licence or a licence deemed by order under this section to be a restricted road freight licence when that person is engaged in merchandise road transport under and in accordance with the terms of the licence.

[GA]

(4) Section 7 (3) of the Road Transport Act, 1935, shall apply to a restricted road freight licence as if it were a licence under section 7 of that Act.

[GA]

(5) The Minister may at his discretion charge a fee of such amount as he may determine in respect of a restricted road freight licence or a licence deemed by order under this section to be a restricted road freight licence.

[GA]

Repeals.

9.—Each enactment specified in column (2) of the Schedule to this Act is hereby repealed to the extent specified in column (3) of the Schedule.

[GA]

Expenses.

10.—The expenses incurred by the Minister in the administration of this Act shall, to such extent as may be sanctioned by the Minister for Finance, be paid out of moneys provided by the Oireachtas.

[GA]

Commencement.

11.—This Act shall come into operation on such day as the Minister shall appoint by order.

[GA]

Short title and construction.

12.—(1) This Act may be cited as the Road Transport Act, 1971.

[GA]

(2) The Principal Act and this Act shall be construed together as one Act.

[GA][GA]

SCHEDULE

Repeals

Section 9.

Number and Year

Short Title

Extent of Repeal

(1)

(2)

(3)

No. 8 of 1933.

Road Transport Act, 1933.

In section 9 (3), the words “in respect of a specified class of merchandise within a specified area,”; sections 14 (3), 19, 22, 29, 31 (1) and 31 (2).

No. 21 of 1944.

Transport Act, 1944.

Section 116; in section 118, the words “the unladen weight of which, if the licence is a merchandise (existing carrier's) licence, does not exceed the unladen weight of the original vehicle, and,”.